Unknown author
Volume 3
Annals of the Four Masters
Index to each Annal
Annal M1172: AOIS CHRIOSD 1172Aois Ch…
Annal M1173: AOIS CHRIOSD 1173.Aois C…
Annal M1174: AOIS CRIOSD 1174.Aois Cr…
Annal M1175: AOIS CRIOSD 1175Aois Cri…
Annal M1176: AOIS CRIOSD 1176Aois Cri…
Annal M1177: AOIS CRIOSD 1177Aois Cri…
Annal M1178: AOIS CRIOSD, 1178.Aois C…
Annal M1179: AOIS CRIOSD 1179.Aois Cr…
Annal M1180: AOIS CRIOSD 1180Aois Cri…
Annal M1181: AOIS CRIOSD, 1181.Aois C…
Annal M1182: AOIS CRIOSD, 1182Aois Cr…
Annal M1183: AOIS CRIOSD, 1183.Aois C…
Annal M1184: AOIS CRIOSD, 1184.Aois C…
Annal M1185: AOIS CRIOSD, 1185.Aois C…
Annal M1186: AOIS CRIOSD, 1186.Aois C…
Annal M1187: AOIS CRIOSD, 1187.Aois C…
Annal M1188: AOIS CRIOSD, 1188.Aois C…
Annal M1189: AOIS CRIOSD, 1189.Aois C…
Annal M1190: AOIS CRIOSD, 1190.Aois C…
Annal M1191: AOIS CRIOSD, 1191.Aois C…
Annal M1192: AOIS CRIOSD, 1192.Aois C…
Annal M1193: AOIS CRIOSD, 1193.Aois C…
Annal M1194: AOIS CRIOSD, 1194.Aois C…
Annal M1195: AOIS CRIOSD, 1195.Aois C…
Annal M1196: AOIS CRIOSD, 1196.Aois C…
Annal M1197: AOIS CRIOSD, 1197.Aois C…
Annal M1198: AOIS CRIOSD, 1198.Aois C…
Annal M1199: AOIS CRIOSD, 1199.Aois C…
Annal M1200: AOIS CRIOSD, 1200.Aois C…
Annal M1201: AOIS CRIOSD, 1201.Aois C…
Annal M1202: AOIS CRIOSD, 1202.Aois C…
Annal M1203: AOIS CRIOSD, 1203.Aois C…
Annal M1204: AOIS CRIOSD, 1204.Aois C…
Annal M1205: AOIS CRIOSD, 1205.Aois C…
Annal M1206: AOIS CRIOSD, 1206.Aois C…
Annal M1207: AOIS CRIOSD, 1207.Aois C…
Annal M1208: AOIS CRIOSD, 1208.Aois C…
Annal M1209: AOIS CRIOSD, 1209.Aois C…
Annal M1210: AOIS CRIOSD, 1210.Aois C…
Annal M1211: AOIS CRIOSD, 1211.Aois C…
Annal M1212: AOIS CRIOSD, 1212.Aois C…
Annal M1213: AOIS CRIOSD, 1213.Aois C…
Annal M1214: AOIS CRIOSD, 1214.Aois C…
Annal M1215: AOIS CRIOSD, 1215.Aois C…
Annal M1216: AOIS CRIOSD, 1216.Aois C…
Annal M1217: AOIS CRIOSD, 1217.Aois C…
Annal M1218: AOIS CRIOSD, 1218.Aois C…
Annal M1219: AOIS CRIOSD, 1219.Aois C…
Annal M1220: AOIS CRIOSD, 1220.Aois C…
Annal M1221: AOIS CRIOSD, 1221.Aois C…
Annal M1222: AOIS CRIOSD, 1222.Aois C…
Annal M1223: AOIS CRIOSD, 1223.Aois C…
Annal M1224: AOIS CRIOSD, 1224.Aois C…
Annal M1225: AOIS CRIOSD, 1225.Aois C…
Annal M1226: AOIS CRIOSD, 1226.Aois C…
Annal M1227: AOIS CRIOSD, 1227.Aois C…
Annal M1228: AOIS CRIOSD, 1228.Aois C…
Annal M1229: AOIS CRIOSD, 1229.Aois C…
Annal M1230: AOIS CRIOSD, 1230.Aois C…
Annal M1231: AOIS CRIOSD, 1231.Aois C…
Annal M1232: AOIS CRIOSD, 1232.Aois C…
Annal M1233: AOIS CRIOSD, 1233.Aois C…
Annal M1234: AOIS CRIOST, 1234.Aois C…
Annal M1235: AOIS CRIOST, 1235.Aois C…
Annal M1236: AOIS CRIOST, 1236.Aois C…
Annal M1237: AOIS CRIOSD, 1237.Aois C…
Annal M1238: AOIS CRIOST, 1238.Aois C…
Annal M1239: AOIS CRIOSD, 1239.Aois C…
Annal M1240: AOIS CRIOST, 1240.Aois C…
Annal M1241: AOIS CRIOST, 1241.Aois C…
Annal M1242: AOIS CRIOST, 1242.Aois C…
Annal M1243: AOIS CRIOST, 1243.Aois C…
Annal M1244: AOIS CRIOST, 1244.Aois C…
Annal M1245: AOIS CRIOST, 1245.Aois C…
Annal M1246: AOIS CRIOSD, 1246.Aois C…
Annal M1247: AOIS CRIOSD, 1247.Aois C…
Annal M1248: AOIS CRIOSD, 1248.Aois C…
Annal M1249: AOIS CRIOSD, 1249.Aois C…
Annal M1250: AOIS CRIOSD, 1250.Aois C…
Annal M1251: AOIS CRIOSD, 1251.Aois C…
Annal M1252: AOIS CRIOSD, 1252.Aois C…
Annal M1253: AOIS CRIOSD, 1253.Aois C…
Annal M1254: AOIS CRIOSD, 1254.Aois C…
Annal M1255: AOIS CRIOSD, 1255.Aois C…
Annal M1256: AOIS CRIOST, 1256.Aois C…
Annal M1257: AOIS CRIOSD, 1257.Aois C…
Annal M1258: AOIS CRIOST, 1258.Aois C…
Annal M1259: AOIS CRIOST, 1259.Aois C…
Annal M1260: AOIS CRIOSD, 1260.Aois C…
Annal M1261: AOIS CRIOSD, 1261.Aois C…
Annal M1262: AOIS CRIOST, 1262.Aois C…
Annal M1263: AOIS CRIOSD, 1263.Aois C…
Annal M1264: AOIS CRIOST, 1264.Aois C…
Annal M1265: AOIS CRIOST, 1265.Aois C…
Annal M1266: AOIS CRIOST, 1266.Aois C…
Annal M1267: AOIS CRIOST, 1267.Aois C…
Annal M1268: AOIS CRIOST, 1268.Aois C…
Annal M1269: AOIS CRIOST, 1269.Aois C…
Annal M1270: AOIS CRIOST, 1270.Aois C…
Annal M1271: AOIS CRIOST, 1271.Aois C…
Annal M1272: AOIS CRIOST, 1272.Aois C…
Annal M1273: AOIS CRIOST, 1273.Aois C…
Annal M1274: AOIS CRIOST, 1274.Aois C…
Annal M1275: AOIS CRIOST, 1275.Aois C…
Annal M1276: AOIS CRIOST, 1276Aois Cr…
Annal M1277: AOIS CRIOST, 1277.Aois C…
Annal M1278: AOIS CRIOSD, 1278.Aois C…
Annal M1279: AOIS CRIOSD, 1279.Aois C…
Annal M1280: AOIS CRIOSD, 1280.Aois C…
Annal M1281: AOIS CRIOSD, 1281.Aois C…
Annal M1282: AOIS CRIOSD, 1282.Aois C…
Annal M1283: AOIS CRIOSD, 1283.Aois C…
Annal M1284: AOIS CRIOST, 1284.Aois C…
Annal M1285: AOIS CRIOST, 1285.Aois C…
Annal M1286: AOIS CRIOST, 1286.Aois C…
Annal M1287: AOIS CRIOST, 1287.Aois C…
Annal M1288: AOIS CRIOST, 1288.Aois C…
Annal M1289: AOIS CRIOSD, 1289.Aois C…
Annal M1290: AOIS CRIOSD, 1290.Aois C…
Annal M1291: AOIS CRIOSD, 1291.Aois C…
Annal M1292: AOIS CRIOSD, 1292.Aois C…
Annal M1293: AOIS CRIOST, 1293Aois Cr…
Annal M1294: AOIS CRIOST, 1294.Aois C…
Annal M1295: AOIS CRIOST, 1295.Aois C…
Annal M1296: AOIS CRIOST, 1296.Aois C…
Annal M1297: AOIS CRIOST, 1297.Aois C…
Annal M1298: AOIS CRIOST, 1298.Aois C…
Annal M1299: AOIS CRIOST, 1299.Aois C…
Annal M1300: AOIS CRIOST, 1300.Aois C…
Annal M1301: AOIS CRIOST, 1301.Aois C…
Annal M1302: AOIS CRIOST, 1302.Aois C…
Annal M1303: AOIS CRIOST, 1303.Aois C…
Annal M1304: AOIS CRIOST, 1304.Aois C…
Annal M1305: AOIS CRIOST, 1305.Aois C…
Annal M1306: AOIS CRIOST, 1306.Aois C…
Annal M1307: AOIS CRIOST, 1307.Aois C…
Annal M1308: AOIS CRIOST, 1308.Aois C…
Annal M1309: AOIS CRIOST, 1309.Aois C…
Annal M1310: AOIS CRIOST, 1310.Aois C…
Annal M1311: AOIS CRIOST, 1311.Aois C…
Annal M1312: AOIS CRIOST, 1312.Aois C…
Annal M1313: AOIS CRIOST, 1313.Aois C…
Annal M1314: AOIS CRIOST, 1314.Aois C…
Annal M1315: AOIS CRIOST, 1315.Aois C…
Annal M1316: AOIS CRIOST, 1316.Aois C…
Annal M1317: AOIS CRIOST, 1317.Aois C…
Annal M1318: AOIS CRIOST, 1318.Aois C…
Annal M1319: AOIS CRIOST, 1319.Aois C…
Annal M1320: AOIS CRIOST, 1320.Aois C…
Annal M1321: AOIS CRIOST, 1321.Aois C…
Annal M1322: AOIS CRIOST, 1322.Aois C…
Annal M1323: AOIS CRIOST, 1323.Aois C…
Annal M1324: AOIS CRIOST, 1324.Aois C…
Annal M1325: AOIS CRIOST, 1325.Aois C…
Annal M1326: AOIS CRIOST, 1326.Aois C…
Annal M1327: AOIS CRIOST, 1327.Aois C…
Annal M1328: AOIS CRIOST, 1328.Aois C…
Annal M1329: AOIS CRIOST, 1329.Aois C…
Annal M1330: AOIS CRIOST, 1330.Aois C…
Annal M1331: AOIS CRIOST, 1331 .Aois …
Annal M1332: AOIS CRIOST, 1332.Aois C…
Annal M1333: AOIS CRIOST, 1333.Aois C…
Annal M1334: AOIS CRIOST, 1334.Aois C…
Annal M1335: AOIS CRIOST, 1335.Aois C…
Annal M1336: AOIS CRIOST, 1336.Aois C…
Annal M1337: AOIS CRIOST, 1337.Aois C…
Annal M1338: AOIS CRIOST, 1338.Aois C…
Annal M1339: AOIS CRIOST, 1339.Aois C…
Annal M1340: AOIS CRIOST, 1340.Aois C…
Annal M1341: AOIS CRIOST, 1341.Aois C…
Annal M1342: AOIS CRIOST, 1342.Aois C…
Annal M1343: AOIS CRIOST, 1343.Aois C…
Annal M1344: AOIS CRIOST, 1344.Aois C…
Annal M1345: AOIS CRIOST, 1345.Aois C…
Annal M1346: AOIS CRIOST, 1346.Aois C…
Annal M1347: AOIS CRIOST, 1347.Aois C…
Annal M1348: AOIS CRIOST, 1348.Aois C…
Annal M1349: AOIS CRIOST, 1349Aois Cr…
Annal M1350: AOIS CRIOST, 1350.Aois C…
Annal M1351: AOIS CRIOST, 1351.Aois C…
Annal M1352: AOIS CRIOST, 1352.Aois C…
Annal M1353: AOIS CRIOST, 1353.Aois C…
Annal M1354: AOIS CRIOST, 1354.Aoís C…
Annal M1355: AOIS CRIOST, 1355.Aois C…
Annal M1356: AOIS CRIOST, 1356.Aois C…
Annal M1357: AOIS CRIOST, 1357.Aois C…
Annal M1358: AOIS CRIOST, 1358.Aois C…
Annal M1359: AOIS CRIOST, 1359.Aois C…
Annal M1360: AOIS CRIOST, 1360.Aois C…
Annal M1361: AOIS CRIOST, 1361.Aois C…
Annal M1362: AOIS CRIOST, 1362.Aoís C…
Annal M1363: AOIS CRIOST, 1363.Aois C…
Annal M1364: AOIS CRIOST, 1364.Aois C…
Annal M1365: AOIS CRIOST, 1365.Aois C…
Annal M1366: AOIS CRIOST, 1366.Aoís C…
Annal M1367: AOIS CRIOST, 1367.Aois C…
Annal M1368: AOIS CRIOST, 1368.Aois C…
Annal M1369: AOIS CRIOST, 1369.Aois C…
Annal M1370: AOIS CRIOST, 1370.Aois C…
Annal M1371: AOIS CRIOST, 1371.Aois C…
Annal M1372: AOIS CRIOST, 1372.Aois C…
- p.2
- M1172
Aois Chriosd mile ced seachtmoghat a dó.
Brighdéin Ua Cathain comarba m'Aedóig do écc.
Giollu Aedha Ua Muidhin (do muintir Airidh Locha Con) epscop Corcaighe do écc fear lan do rath Dé eissidhe, tuir óighe agus ęgna a aimsire.
p.4Ticchęrnach Ua Maoil Eóin comhorba Ciaráin Cluana Mic Nóis do écc.
Ticchernan Ua Ruairc ticchęrna Bręifne agus Conmaicne agus fęr cumhachta móir fri re fhota do mharbhadh (.i. i Tlachtgha) la Hugó De Laci i fiull agus la Domhnall Mac Annadha Uí Ruairc dia chenél fesin boi imaille friu. Ro díchęnnadh é leó. Ruccsat a cęnn agus a chorp go dochraidh co h-Ath Cliath. Ro toccbadh an cęnn uas dorus an dúine ina scath dhearccthruagh do Ghaoidhealaibh. Ro crochadh bhéos an corp fria h-Ath Cliath atuáith agus a chossa suas.
p.6Domhnall O Feargail toiseach Conmaicne do mharbhadh la muinntir righ Saxan.
Maol Maire Mac Murchadha toiseach Muinntire Birn do mharbhadh la h-Aedh Mac Aenghusa agus la Cloinn Aęda do Uibh Eachdach Uladh.
Diarmaid Ua Caedhlaighi do ecc.
Maidhm for Chenél n-Eoghain ria f-Flaithbęrtac Ua Maol Doraidh agus ria c-Cenel c-Conaill. Do-bertsad ár adhbhal forra tria naemh miorbal De agus Naemh Patraicc agus Naemh Cholaim Cille isa cealla ro oirccsęd indsin.
Lán chuairt coiccidh Connacht an cęthramhadh feacht do tabhairt la Giollu Mac Liacc comhorba Patraicc agus Príomhaidh Erenn, co h-Ard Macha.
Mac Gill Epscoip taoiseach Cloinne Aeilabra rechtaire Chatha Monaigh do marbhadh la Donn Slebhe Uá n-Eochadha rí Uladh i fiull. Na slána batar ętorra .i. maithe Uladh do mharbhadh Duind Slebhe ind.
p.8Creach fhill la mac Anduidh Uí Ruairc, agus la Saxanachaibh ar muinntir na h-Annghaile, agus ar Muinntir Megiollgan co rugsat bú, agus broid iomdha. Sloigheadh leó doridhisi co h-Ard Achadh Epscoip Mél gur ro airgsęt an tír ar medhón, agus do-rochair leo Domhnall Ua Fearghail, taoiseach muinntire h-Anghaile don chur-sin.
Seanadh cléireach n-Erenn la coigeadh Connacht laechaibh cleirchibh occ Tuaim Da Ghuálann im Ruaidhri Ua Conchobhair agus im Chadhla Uá n-Dubthaigh Airdepscop Tuáma agus tri teampaill do choiseardhadh leo.
In this Annal
- M1173
Aois Chriosd mile, cętt, seachtmoghat, a trí.
Muirędhach Ua Cobhthaigh epscop Doire, agus Ratha Both, mac oighe, leacc loghmhor, gęm gloinidhe, Redla sholusta, cisde taisccędha na h-ęgna, craoph chnuasaigh na canóine, iar t-tiodhnacal bidh agus edaigh do bochtaibh agus do aidhilgneachaibh, iar n-oirdneadh Saccart agus deochon agus aesa gacha graidh, iar n-athnuadhughadh eacclus n-iomdha, iar c-coisreaccadh tempall agus relgeadh, iar n-dęnamh iolar mainisdreach agus recclés, agus gacha lubhra ecclustacda iar m-buaidh c-crabhaidh, oilithri agus aithricche, ro fhaoidh a spiorad docum nimhi i n-Duibhrecclęs Cholaim Chille i n-Doire an 10. lá do Febra. p.10 Do-ronadh miorbail mór isin oidhche at-bath .i. an oidhche dhorcha do shoillsiughadh othá iarmeirge co muichdędoil agus an dar leo an bá forrél do na comfocraibhe don domhan baoi sidhe for comhlasadh agus ionnamhail chaoire moire tenedh do eirgi ós an m-baile agus a tocht soirdhęs. Ro eirighsęd cach uile, uáir andar leó ro ba lá boí ann agus ro boi amhlaidh sin le muir anoir.
Conaing Ua h-Aénghusa cęnn canánachRosa Cré do écc.
Ettrú Ua Miadhachán, Epscop Cluana do écc i n-a, seandataidh iar n-decch-beathaidh.
Cionaedh Ua Ronáin Epscop Glinne Da Locha do écc.
Maoil Iosu Mac an Baird Epscop Chluana Fearta Bręnainn do écc.
Maol Mochta Ua Maoil Seachnaill, abb Cluana Mic Nóis, do écc.
Creach mór la h-Aedh Mac Aenghusa agus la Cloinn Aedha. Ro airccsęd p.12 Trian Mór Arda Macha. Ro marbhadh dan an fear íshin i c-cionn trí mís iarsan orccain-sin Arda Macha.
Domhnall Bręghach Ua Maoilechlainn Rí Midhe do marbhadh la mac a athar féin la h-Art Ua Maoilechlainn agus la Muintir Laeghacháin i n-Durmaigh Cholaim Cille.
Giollu Mac Liaccmac Ruaidhri comharba Patraicc Príomaidh Arda Macha agus Erenn uile mac oighe lán do ghloine croidhe fri Dia agus fri daoinibh do ecc go fechtnach iar sęndataidh tocchaidhe, 27, Marta Dia Cedaoin iar c-Caiscc isin sechtmadh bliadhain ochtmoghat a aoisi. Agus baoi sidhe se bliadhna décc i n-abdhaine Coluim Chille i n-Doire ria c-comarbus Patraicc.
In this Annal
- M1174
Aois Criosd mile, ced, seachtmoghatt, a ceathair.
Maoil Íosa Ua Connachtáin epscop Shil Muireadhaigh do écc.
Maol Pattraicc Ua Banáin, Epscop Condere ⁊ Dhal Araidhe fęr airmhidneach lán do naimhe, do chęnnsa ⁊ do gloine chroidhe do écc co feachtnach i nd-h-Í Cholaim Chille iar Seandataidh thoghaidhe.
Giollu Mo Chaidhbeo abb mainisdreach Pęttair ⁊ Póil i n-Ard Macha, Modh treabhor tairissi don Coimdheadh do écc an 31. do Mhárta Sechtmoghat bliadhain a aeis.
Flann (.i. Florent) Ua Gormáin airdfęr lecchinn Arda Macha, ⁊ Erenn uile, Saoi, eargna eolach isin eaccna dhiadha ⁊ domhanda, iar m-beith bliadain p.14 ar fhichit i f-Francaibh ⁊ i Saxaibh acc focchlaim, ⁊ fiche bliadhan ele ag friochnamh ⁊ ag follamhnacchadh Scol Erenn, at-bath co soinmheach isin Cęttaóin ria c-Caisg iarsan Seachtmoghad bliadhan a aoisi.
Muirghęs Ua Dubhthaigh abb mainistrech Átha Dá Laarc for Búill do écc.
Ruaidhri Ua Cearbhaill tighearna Ele do mharbhadh ar lár Innsi Clothrann.
Congalach Ua Coinfiacla tighearna Tęthbha do ecc.
Maol Ruanaidh Ua Ciardha tighearna Cairpri do mharbhadh i mebhail la Gallaibh Átha Cliath, .i. la Mac Turnin, ⁊ la mac Aodha Uí Fhearghail, ⁊ la Ceallach Ua Fiondalláin tighearna Delbna Moire.
Fairche Iarthair Midhe do chur le cathair Cluana Mic Nóis do réir cleireach Erenn.
Sluaiccheadh lasin iarla d'indradh Mumhan. Sluaiccheadh ele la Ruaidhri dia h-imdęghail forro. O 't-cualattar na Goill Ruaidhri do thocht isin Mumhain in airęs catha friu, ro thochuirsiot Goill Átha Cliath dia saighidh ⁊ ni p.16 ro h-airiseadh leo go rangattar go Dúrlas. Tanaic Domhnall Ua Briain, ⁊ Dál c-Cais, ⁊ cath Iarthair Connacht, ⁊ morchath Síl Muireadhaigh cenmotha dirim dęghshluaigh ro faccbhadh lasan righ Ruaidhri. Ro figheadh cath crodha eter Gallaibh, ⁊ Gaoidelaibh a n-du-sin, go ro sraoineadh fo deoidh tre nęrt iommbualta for na Gallaibh, ⁊ ro marbhadh secht c-céd décc do Gallaibh isin cath-sin, co nach tearna acht tioruairsi bęcc beo asin cath-sin do p.18 Gallaibh imon iarla. Taed sidhe fo méla dia tigh go Port Lairge. Soais Ua Briain dia tigh iar c-cosccur.
Mael Sechlainn Ó Donnagán tighearna Aradh do marbhadh la h-Ua c-Conaing.
In this Annal
- M1175
Aois Criosd mile, cętt, seachtmoghatt, a cúig.
An t-espoc Ua Briain,espoc Chille Dara do écc.
Maoil Iosa Mac an Chlerigh Chuirr epscop Uladh, do écc.
Giolla Domhnaill Mac Carmuic epscop Uladh do écc.
Flaithbęrtach Ua Brolchain comorba Cholaim Chille tuir eccna ⁊ enigh, fear dia t-tuccator cleirigh Eiręnn cathaoir epscoip ar a fheabhus ⁊ ar a eaccna ⁊ dia t-tarccus comhorbus Iae, do ecc co feachtnach iar t-treablaid toghaidhe i n-Duibhrecclés Cholaim Chille, ⁊ Giollu Mac Liacc Ua Branáin do oirdneadh i n-a ionadh isin abbdaine.
Maidhm for Cenel n-Ęnda ria n-Eachmarcach Ua c-Cathain, ⁊ ria Niall Ua n-Gairmleadhaigh ⁊ ár mór do cor forra.
Maghnus Ua Maoil Seachluinn ticchęrna Airthir Midhi do chrochadh la Gallaib iar f-fealladh fair i n-Áth Truim.
p.20Domhnall Caemhánach mac Diarmada Ri Laighęn do marbhadh la h-Ua Foirtchern ⁊ la h-Ua Nualláin i f-fioll.
Mac Domhnaill mic Donnchadha ticchęrna Ossraighi do mharbhadh i meabhail la Domhnall Ua m-Briáin.
Tadhg mac Fęrghail Uí Rúairc do mharbhadh.
Diarmaid mac Taidhg Ui Briain ⁊ Mathghamhain mac Toirdhealbhaigh Ui Bhriain do dhallad (.i. i n-a tigh budéin i c-caislén Uí Conaing) la Domhnall Ua m-Briain ⁊ Diarmaid do écc iar t-tain. Agus Mac an Leithdercc Ui Choncobhair .i. Mac Ui Concobhair Corc' Mo Dhruadh do mharbhadh bheos la Domhnall isin ló cedna.
p.22Sluaicchędh la Ruaidhri Ua c-Concobhair la Righ Ereann i Mumhain, ro ionnarb Domhnall Ua m-Briain a Tuadhmumhain ⁊ ro mhill an tír go mor don chur-sin.
Conchobhor Mac Concoille abb Recclésa Poil, ⁊ Pędair, ⁊ comorba Patraicc iar t-tain do écc h-i Roimh iar n-dol do accallaimh comhorba Pęttair.
Giolla Coluim Ua Maol Muaidh, ticcęrna Fęr c-Ceall do marbhadh la Ruaidhri mac Concobhair Még Cochláin tre meabhail.
In this Annal
- M1176
Aois Criosd, mile, céd, seachtmoghad, a sé.
Fabhar, ⁊ Ceanannus do fhasughadh do Ghallaibh ⁊ do Uibh Briuin.
Lughmhagh do fhasughadh do Saxaibh.
Niall mac Mhéc Lochlainn do mharbhadh la Muinntir Branáin (.i. Dál m-Buinne).
p.24Ingęn Ruaidhri Ui Concobhair (.i. ri Ereann), bęn Fhlaithbęrtaigh Ui Maoil Doraidh do mharbhadh la macaibh Ui Chairelláin.
Bęnmidhe inghęn Donnchadha Uí Chęrbhaill, bęn Chonmhaighe Ui Flainn, bainticchęrna Ua t-Tuirtre ⁊ Fhęr Lí do écc.
Cú Maighe Ua Flainn ticchęrna Ua t-Tuirtre, Fhęr Lí,⁊ Dal Araidhe do mharbhadh la Coin Midhe la a bhrathair fén ⁊ la Fęraibh Lí.(/PN>
Saxain do ionnarbhadh do Domhnall Ua Bhriain a Luimneach tria forbhaisi do dęnamh dhó forra.
Caisdiall Gall gá dhęnamh i mainistir c-Cęnannus.
An t-iarla Saxanach (.i. Riocard) do écc i n-Áth Cliath do bainne aillsi ro gabh ar a chois do miorbailiph Bricchde Cholaim Chille ⁊ na naomh archęna isa ceallu ro millead laiss. At-connairc-siumh féisin Brighit andarlais ag a mharbhadh.
p.26Caislęn Sláine i raibhe Riocard Flemeann co n-a sluagh, as ro bás oc milleadh Oirgiall ⁊ Ua m-Briúin ⁊ fhęr Midhe do orccain la Maoileachlainn mac Meclochlainn la ticchearna Cenel n-Eoghain ⁊ la Cenel n-Eoghain budhén ⁊ la h-Airgiallaibh. Ro marbhsat cúicc cętt no ní as uille do na Gallaibh la taebh ban, leanamh ⁊ each, co ná tęrna duine i m-bęthaidh asin c-caisdiall. Ro fasaighte tri caistteoill im Midhe ar n-a bharach ar uamhan Cenél n-Eoghain .i. caistiall Cęnannsa, caisslęn Calatroma ⁊ caislen Doire Pattraic. Riocard Flemenn fein do marbhadh don chur-sin.
Baile biataigh do iodhbairt la Ruaidhri Ua Concobhair Ri Ereann don Coimdhedh ⁊ do Naoimh Bearach go brath .i. Baile Tuama Achadh. Itiad Slana na h-ogh-dhilsi go brath. Cadhla Ua Dubhthaigh airdepscop Tuama Aireachtach Ua Roduibh, Flann Ua Fionnachta, Aodh Uá Floinn, Ruarc Ua Maoil Breanainn, Ignaidhe Uá Mannachain, Giollu an Coimdhedh Mac an Leastair, Ua h-Ainlighi, ⁊ Concobhar Mac Diarmada, a c-coraigheacht an baile-sin do bęith ag Dia ⁊ ag Bearach go brath ó Ua c-Conchobhair ⁊ o fhior a ionaid.
Domhnall mac Toirdealbhaigh Uí Concobhair ticchęrna thuaiscceirt Connacht, ordan, Smacht ⁊ dęghchomhairle na n-Gaoidheal do écc ⁊ a adhnacal i Maigh Eo na Saxan.
Domhnall mac Toirdhealbhaigh Uí Bhriain rioghdamhna Mumhan do écc.
p.28Domhnall Ua Máilli tighearna Umhaill do écc.
Diarmait mac Corbmaic Még Carthaigh ri Dęsmumhan do ghabháil la a mhac fęin Corbmac Liathanach ⁊ Corbmac do mharbhadh hi f-fiull la a mhuintir budhein ⁊ Diarmait do ghabháil a tighearnais iaram.
Domhnall Mac Giolla Patraicc tighearna Osraighe do écc.
Aodh mac Giolla Broidi Ui Ruairc do écc.
Domhnall mac Giolla Patraic tighearna Cairpre Ua c-Ciardha, do marbhadh i f-fiull d'Ua Maoilechlainn (.i. Art), ⁊ Art do aithrioghadh la fearaibh Midhe, ⁊ righe (no ticcearnus) do thabhairt do Dhonnchadh Ua Maoilechlainn agus Flann a mhac do mharbhadh la Cairpre Ua c-Ciardha.
In this Annal
- M1177
Aois Criosd mile, cétt seachtmoghat, a seacht.
Uiuianus cardinal do theacht i n-Erinn. Seanadh clęireach Erenn do bęith ettir epscopaib ⁊ abbaibh iman c-cardinal i n-Ath Cliath an cęd Domhnach don Corgus ⁊ ro chinnsęd deithide iomdha ná comhailtear.
Aedh O Nell .i. An Macaomh Tóinleascc ticchęrna Cenel n-Eoghain re h-eadh ⁊ Rioghdhamhna Ereann do mharbhadh la Maoileachlainn Ua Lochlainn ⁊ la h-Ardghal Ua Lachlainn ⁊ Ardghal feisin do chomhthuitim la h-Ua Nell ar an lathair-sin.
Sluaicchędh la Iohn Do Cuirt ⁊ lasna ridirdhibh i n-Dal Araidhe ⁊ co Dun p.30 Da Lęthghlass. Ro marbhsat Domhnall mac mic Cathasigh ticchęrna Dál Araidhe. Ro h-oircceadh ⁊ ro milleadh Dun Da Lęthghlass la Iohn ⁊ lasna p.32 ridiribh tainic i n-a shochraide. Do-ronadh dona caislen leó ann asa t-tugsad maidhm fo dhí ar Ultaibh ⁊ maidhm for Cenél Eoghain ⁊ for Airgiallaibh airm in ro marbhadh Conchobhor O Cairealláin toiseach Cloinne Diarmada ⁊ Giollu Mac Liacc Ua Donngaile toiseach Fhęr n-Droma. Ro gonadh ann bheos Domhnall Ua Flaithhbęrtaigh do shoighdibh gur ba marb é iaramh do na gonaibh-sin i recclés Póil i n-Árd Macha iar c-caithęmh cuirp Criosd ⁊ a fhola, iar n-ongadh ⁊ aithricche. Ro marbhadh dona maithe iomdha aile leó cenmothait-sidhe. Táinic Iohn Do Cúirt co n-a sochraidi an feacht cedna i n-Uibh Tuirtre ⁊ i f-Fęraibh Lí. Ro loiscc Cúmidhe Ua Flainn Airthear Mhaighe remhe. Ro loisccsęt dona Cul Rathain, ⁊ ceallu iomdha oile.
Niall Ua Gairmleadhaigh ticchęrna fhęr Maighe h-Ithe ⁊ Cenél Ęnda do marbadh p.34 la Donnchadh Ua c-Cairealláin ⁊ la Clionn Diarmada ar lár Dhoire Cholainn Chille ar ro loiscceadh teach fair cętus ⁊ tęrna niall amach ass ⁊ ro marbhadh i n-dorus an ticche iar t-tain. Da-roine doná Donnchadh Ua Cairelláin ogh-síth fri Dia fri Colaim Chille ⁊ fri muinntir Dhoire annsin tar a cęnn fén ⁊ tar chęnn a shleachta .i. a mhainchine fen, a mhec, a ua, ⁊ a iarmua tria bithe do Colaim Chille ⁊ do muinntri Dhoire. Ro iodhbair doná baile biataigh i f-farradh Domhnaigh Mhóir dhóibh. Do-rad dóibh bhéos Mac Riabhach .i. corn as fęrr boi i n-Erinn isin aimsir-sin i n-gioll tri fichit bó. Do-ronadh imorra teach don clęireach i n-ionad an tighe ro loiscceadh uadha for Ua n-Gairmleadhaigh. Ro h-iocadh uile friss gach ar loiscceadh imbe. Do-radsat Clann n-Diarmada uile lórgniomh tar a c-cęnn fen uatha.
Murchadh mac Ruaidhri Ui Concobhair do breith Mile Coca co n-a ridiribh lais go Ros Commain do milleadh Connacht ar ulca fri Ruaidhri. Ro loisccsęd doná Connachtaigh fo cędoir Tuaim Do Gualann ⁊ ceallu an tire ar chęna ar n-a h-airisdís Goill inntibh. Ro chuirsęt iar t-tain maidhm forsna Gallaibh ⁊ ró diochuirsęt ar éccin as an tír iatt. Ro dhall Ruaidhri a mac Murchadh i c-cionadh an turais-sin.
p.36Maidhm for Ua Maoil Doraidh ⁊ for Cenel c-Conaill ria c-Concobhor Ua c-Cairealláin áit in ro marbhadh ár Cenél Ęnda im mac Ui Searraigh ⁊ im maitib iomhdha archeana.
Domhnall Ua h-Eaghra ticcęrna Luighne do écc.
In this Annal
- M1178
Aois Criosd mile, céd, seachtmogat a h-ocht.
Bachall Choluim Mic Luighdheach do bhęith acc iomacallamh re n-a chleireach fęin co fiadhnach.
Domhnall Ua Foccarta epscop Osraighe do écc.
Giollu Criosd Ua h-Eothaidh epscop Conmaicne do écc.
Concobhar mac Conallaigh Ui Luinigh do gabháil toisigheachta Cenéil Moen ⁊ Domhnall mac Domhnaill Ui Gairmleadhaigh do ionnarbhadh a Maigh Ithe i n-Inis Eoghain dochum Donnchadha Uí Dhuibhdhiorma. Cenél Moién i c-cionn ráithe iaramh do chur Concobhair mic Conallaigh a toisigheacht, ⁊ a c-cęnnus do thabhairt do Dhomhnall mac Domhnaill Ui Gairmleadhaigh. Muinnter Domhnaill .i. mac Giollu Caech Uí Ederla ⁊ Uí Flannagáin do mharbhadh Concobhair mic Conallaigh i t-toigh Domhnaill fęisin i meabhail ar comairce aircinnigh na h-Ęrnaidhe boi i n-a farradh an tan-sin. Ro ionnarbsat iaramh Cenél Moáin Domhnall Ua Gairmleadhaigh p.38 a toisigheacht ⁊ tugsat Ruaidhri Ua Flaithbęrtaigh i c-cęnnus foraib. Meabhal do dhęnamh la tribh macaibh Ui Fhlaithbęrtaigh for Cenél Moáin. Domhnall mac Domhnaill Ui Ghairmleadhaigh do mharbhadh leo, ⁊ Ticchęrnan mac Raghnaill Mic Domhnaill ⁊ ochtar do mhaithibh Cenél Moáin immaille friu. Raghnall mac Eachmarcaigh Uí Chatháin do mharbhadh la Cenél Moáin a t-tosach an t-samhraidh-sin cona i n-a dhioghail-sidhe do-rochair Galach Ua Luinigh ⁊ Muircheartach Ua Peatain, ⁊ as na dioghail bheós do-ronadh in meabail remraite for Cenél Moáin.
Gaeth mor isin m-bliadhain-si. Ro lá fiodhá, ro trasccair railghe. Ro trasccair doná sé fichit crann i n-Doire Colaim Cille.
Iohn Do Cuirt co n-a allmurchaibh do theacht co Machaire Chonaille, do-ronsat oirccne ann. Badar oidhche longpuirt i n-Glionn Righe iaramh. Do bęrt p.40 Murchadh Ua Cęrbaillticchęrna Oirgiall ⁊ Cu Uladh Mac Duinn Slebhe .i. Rí Uladh fuabairt biodhbhadh forra gur ro marbadh ⁊ gur ro bádhadh ceithri céd co leith díobh. Torchratar céd do na Gaoidhealaibh i friothghuin an chatha im Uá n-Ainffeth tighearna Uá Méith Macha.
Tainic Iohn Do Cuirt iar t-trioll do orccain Dál Araide ⁊ Uibh Tuirtre. Tucc doná Cumidhe Ua Flainnticchęrna Ua t-Tuirtre ⁊ Fhęr Lí deabhaidh do-somh p.42 co n-a Ghallaibh isuidhe. Ro meabhaidh forra. Ro cuir a n-ár tria mhiorbhailibh Patraic, Coluim Cille ⁊ Brenainn. Ocus tearna Iohn fein ar eccin as co creachtnaighthe co rainic co h-Ath Cliath.
Constapla righ Saxan i n-Ath Cliath (.i. Hugo), ⁊ i n-Airthęr Midhe co n-a shochraide do thocht go Cluain Mic Nóis. Ro airgsęd an baile acht na tempaill ⁊ ticche an eapscoip. Do-roine Dia ⁊ Ciarán miorbaile foillsi forra, uair ni ro chumhaingsęd tathamh no tionabhradh do dhęnamh gur ro élaidhsęd a Cuirr Cluana ara bhárach.
Abann na Gaillme do tracchadh fri re laithe aicęnta. Na h-uile aidhme ro báidhid innte ó chen co n-a h-iascc do thionól la lucht an dúin ⁊ an tiri i c-coitcinne.
p.44Maidhm ria n-Art Ua Maoilechlainn, ⁊ ria n-Uibh Failghe, ⁊ ria n-Gallaibh, for Dhelbhna Eathra, ⁊ for Mhaoileachlainn m-Bęcc, ⁊ for dreim do fęraibh Tęthbha dú in ro marbhadh Muireadhach mac an t-Sionnaigh.
Aodh Ua Flaithbęrtaigh ticchęrna Iarthair Connacht do écc i n-Eanach Duin.
Amhalgaidh Mág Amhalgaidh do marbhadh la Siol n-Anmchadha.
Mael Sechlainn Bęcc Ua Maoilechlainn do gabháil tighe for Art Ua Maoileachlainn, ⁊ Art do téarnudh as, ⁊ Flann mac Még Amhalghaidh taoiseach Calraighe do marbhadh ann la Mael Sechlainn.
In this Annal
p.46- M1179
Aois Criosd mile, céd, seachtmoghat, a naoi.
Tuathal Ua Connachtaigh epscop Tíre Briuin Colmán Ua Scannláin aircinneach Cluana, Giollu Domhnaigh Ua Forannáin aircinneach Arda Sratha, ⁊ Mael Maire Mac Giollu Colmain Secnap Arda Sratha do ecc.
p.48Ard Macha do losccadh ettir templaibh ⁊ recclęsaibh acht recclęs Bricchde ⁊ Teampall na f-Fęrta)
Cealla Tire h-Eoghain o slébh buddęs do fholmughadh tre coccadh, ⁊ comhfhuachadh, terce, ⁊ dochmataid.
Ua Ruadhachánticchęrna Ua n-Eachdach do écc do ghalor tri n-oidhchi iar n-a ionnarbadh tré shárucchadh Canóine Patraicc dó gar roimhe.
Sídh do dhęnamh do Dhonnchadh Ua Cairealláin ⁊ do Cloinn n-Diarmada uile la Cenél Móen ⁊ la h-Ua n-Gairmleadhaigh, Amhlaibh mac Męnman dęrbhrathair-sidhe mná an Donnchaidh remraite. Ba h-ann ro naidhmsęd a sídh re aroile i teampall Arda Sratha fo mionnaibh na h-eaccailse ísin, Domhnaigh Móir ⁊ na h-Ęrnaidhe. Tainic doná Ua Gairmleadhaigh .i. Amhlaoibh ar n-a mharach do cuingeadh tuilleadh slána co teach Donnchaidh Ui Chairealláin. Ro marbhadh-somh fo cędóir ar lár an aireachta a n-dorus an tighe i f-fiadhnaisi a dęrbhsheathor .i. bęn Donnchadha. Ro marbhadh bheós triur dia muinntęr imaille friss .i. Cionaędh mac Airt Uí Bhracáin, ⁊ mac Giollu Criosd mec Corbmaic Mec Reodáin .i. dęrbh-chomhalta Donncaidh Ui Chairealláin.
Ard Sratha Domhnach Mor an Earnaidhe {⬌} do fholmhughadh la fęraibh Maighe h-Ithe.
p.50Cóicc tighe ar céd do losccadh h-i c-Cluain Mic Nois h-i f-foghail.
Cluain Fęrta Bręnainn co n-a tęmplaibh do losccadh.
Lothra, Ardfearta Brenainn, Caisiol, Tuaim Da Gualann , Dísęrt Ceallaigh, Ceall Mędhóin ⁊ Balla, iaid-sidhe do losccadh uile.
Mael Seachlainn Ua Maoil Miadhaigh taoiseach Muinntire h-Eolais do ecc.
Iomhar Ua Cathasaigh tighearna na Saithne do ecc.
Maoileachlainn Riabhach O Seachnasaigh ticchearna Leithe Chenel Aodha do marbhadh la mac Donnchaidh Í Chathail.
In this Annal
- M1180
Aois Criosd mile, céd, ochdmoghatt.
Lorcan Ua Tuathail .i. Labhras airdespoc Laighęn ⁊ legaitt na h-Ęreann do martradh h-i Saxain.
p.52Mac Raith Ua Daighre aircinneach Doire do ecc.
Raghnall Ua Cairealláin do mharbhadh la Cenél Moaín i n-eneach Cholaim Chille for lár Doire Colaim fadhęin.
p.54Donncadh Ua Cairealláin do mharbhadh la Cenél c-Conaill i n-díoghal a mheabhla ar Ua n-Gairmleadhaigh tre miorbailibh na naęmh isa h-eneach ro sharaigh.
Aindilęs Ua Dochartaigh do écc i n-Doire Cholaim Chille.
Cath na c-Conchobhor .i. Concobhor Maęnmhaighe mhac Ruaidhri Ui Chonchobhair ⁊ Concobhar Ua Ceallaigh (.i. tighearna Ua Maine) dú i t-torchair Concobhor Ua Ceallaigh, Tadhg a mhac, a dhęrbhrathair Diarmaid, ⁊ Maoil Seachlainn mac Diarmada Ui Cheallaigh, ⁊ mac Taidhg Ui Concobhair (.i. Tadhg).
Muirghęs Ua h-Edhin tighęrna Ua bh-Fiachrach Aidhne do mharbhadh la fęraibh Mumhan.
Carrghamhain Ua Giolla Ultáintaoiseach Muinntire Maoil t-Sionna do mharbhadh la h-Aedh Mac Carrgamhna i n-Inis Éndaimh for Morloch.
Domhnall mac Taidhg Uí Chinnéidigh tighearna Urmhumhan do éc.
p.56Maol Muire Mac Cuinn na m-Bocht primhshęnóir Ereann do écc.
Aodh Ua Caithniadh, tigearna Iorrais do marbhadh la h-Ua c-Ceallachain h-i f-fiull h-i c-Cill Chomáin.
Amhlaibh Ua Toghda taoiseach na Brédcha, do marbhadh la h-Ua n-Gaibhthecháin taoiseach Mhaighe h-Elęg .
Murchadh Ua Lachtna taoiseach an Dá Bhac do bhádhadh i l-Loch Con.
In this Annal
- M1181
Aois Criosd mile, ced, ochtmoghatt, a h-aęn.
Dungal Ua Caellaighi espoc Lęithhglinne do écc.
Maol Muire Ua Dunain abb Cnuic na Sęngan h-i Lughmagh do écc.
Maol Ciarain Ua Fiodhabhra comarba Ciarain do écc.
Cathraęnędh ria f-Flaithbhęrtach Ua Mael Doraidh ticchęrna Cenel c-Conaill for macaibh righ Connacht Satharn Cinctidhisi dú in ro marbhadh se meic décc do clannuibh ticchęrnadh ⁊ toiseach Connacht la Cenél c-Conaill co sochaidhip oile do shoęrclannaibh ⁊ doęrclannaibh immaille friú cenmotháid-sídhe. Ro chuirsętt Connachtaigh fo daoire dhóibh fri ré imcén iarsan cath-sin. Cath Criche Coirpre ainm in catha-sin.
p.58Iar n-araile liubar it iatt na męic riogh torcratur la Flaithbhęrtach isin cath remráite, Brian ⁊ Maghnus dá mhac Toirrdhealbhaigh Moir, {⬌} ⁊ Maol Ruanaigh, dá mac ele Aodha Í Chonchobhair. Do-rochair beos Aodh mac Conchobhair Ui Cellaigh, ⁊ Giolla Críst mac Meg Oireachtaigh Uí Rodhuibh, Eachmarcach Ua Muirędhaigh, Donnchadh mac Briain Luignigh Ui Concobhair, Cu Cuallachta mac Muirchęrtaigh Uí Concobhair, tri h-Uí Maoil Brenainn, dá Mac Giolla Buidhe, ⁊ Aodh mac mic Aodha mic Ruaidhri, ⁊ sochaidhe ele do shaęrclannaibh.
Sloicchędh la Domhnall mac Aędha Mhéc Lachlainn, ⁊ la Cenel n-Eoghain Telcha Óg i n-Ultoiph. Ro mheabhsatt for Ultoiph, for Uibh t-Tuirtre, ⁊ for Fhęraibh Lí im Ruaidri Mac Duinn Slebhe ⁊ im Choin Mhidhe Ua Flainn.
Sluacch la fęraibh Maighe h-Ithe im Ua c-Cathain Eachmarcach, ⁊ im Cenel m-Binigh Glinne co rangadar tar Tuaim. Ro airccsęd Fir Lí, ⁊ Ua t-Tuirtre uile. Ruccsat ilmile do buaibh.
Tomaltach Ua Conchobhair do oirdneadh i c-comhorbus Patraicc. Cuairt Chenél Eoghain do thabhairt laiss, do bęrt a ręir uaidhibh ⁊ ro fhaccaibh bęnnachtain.
In this Annal
p.60- M1182
Aois Criosd mile, ced, ochtmhoghatt, a dó.
Aodh Ua Caellaighi espoc Airghiall, ⁊ cęnd canánach Ereann do écc.
Domnall Ua h-Uallachain airdespoc Mumhan do écc.
Sluaicchędh la Domhnall mac Aędha Ui Lachlainn go Dún Bó i n-Dáil Riada. Do-rad-som cath do Ghallaibh isin dú-sin. Ro meabhaidh for Cenél n-Eoghain. Ro marbhadh ann dna Raghnall Ua Bręislén, Giolla Criosd Ó Catháin co sochaidhiph oile imaille friu. Ruccsat Soiscela Martain leó don chur-sin.
Brian mac Toirrdhealbhaigh Ui Bhriain do mharbhadh la Raghnall Mac Commara Bicc tre meabhail.
Aodh Mac Carrgamhna taoiseach Muinntire Maoil t-Sionna do marbhadh la Giolla Ultáin Mac Carrgamhna.
Murchadh mac Taichligh Uí Dubhda, do marbhadh la Maoil Seachlainn Ua Maolruanaidh.
Amhlaibh Ua Fęrghail do ghabhail taisighechta na h-Angaile ⁊ Aodh do innarbadh.
In this Annal
- M1183
Aois Criosd mile, ced, ochtmoghatt, a trí.
Ioseph Ua h-Aodha Epscop Ua c-Ceinnselaigh do écc.
Bec Ua h-Ęghra ticcęrna Luighne Connacht do marbhadh la Conchobhar ua Diarmata mic Ruaidhri, ar Loch Mic Fęradhaigh i n-a thigh fęin tre meabhail.
p.62Do-rala deabhaidh etter Ua Flaithbęrtaigh, an Giollu Riabhach, ⁊ Mac Ui Ghairmleadhaigh. Ro marbhadh Ua Flaithbęrtaigh isin iomaireacc-sin ⁊ drong mór do Cenél Moain.
Fęrghal mac Amhlaibh Ui Ruairc, do marbhadh la Lochlainn mac Domhnaill Ui Ruairc.
Giolla Ultáin Mac Carrghamhna taoiseach Muintire Maoil t-Sionna do marbhadh la macaibh Ui Bhraoin ⁊ la macaibh an t-Sionnaigh Ui Chatharnaigh go c-cuiccear ele amaille fris.
In this Annal
- M1184
Aois Criosd mile, ced, ochtmogatt, a cęthair.
Giolla Iosa Ua Maoilin Epscop ei-sidhe do écc.
Brian Breifnech mac Toirrdhelbhaigh Ui Conchobhair do écc.
Maoil Iosu Ua Cęrbhaill do oirdnedh i c-comhorbus Patraic ier n-a fhaccbháil do Thomaltach Ua Chonchobhair.
Art Ua Maoileachlainn ticchęrna Iarthair Mhide do mharbhadh i meabhail la Diarmait Ua m-Briain .i. mac Toirrdhelbhaigh tria forcongra Ghall, ⁊ Maoil Seachlainn Beacc do ghabháil a ionaidh, ⁊ maidhm do sraoineadh lais a c-cionn trí lá forsan Diarmait cédna du in ro marbait ile im mac Mathghamhna Í Briain.
Caislén do cumhdach la Gallaibh i c-Cill Áir.
Caislén oile do orccain la Maoil Seachlainn ⁊ la Conchobhor Maęnmaighe Ua c-Conchobhair. Ro marbhadh drong mhór do Gallaibh ann.
Dech t-ticche fichęt do roighnibh cumhdaighthi Arda Macha do orgain la Gallaibh Midhe.
Mainistir Easa Ruaidh do edhbairt la Flaithbęrtach Ua Maol Doraidh ticcęrna Chinél c-Conaill do Dhia ⁊ do Naoimh Bęrnard do raith a anma.
p.64Cęnd Faoladh Ua Gráda comorba Cronáin Tuama Gréne do écc.
Niall mac An t-Siondaigh Ui Chatharnaigh do écc.
Amhlaibh mac Fęrghail Ui Ruairc ticcęrna Breifne do marbhadh a f-fiull la Mag Raghnaill.
Domhnall Ua Flannaccáin taoiseach Cloinne Cathail do écc h-i c-Conga Féichín.
Fęrghal Ua Raghallaigh do mharbhadh h-i f-fiull la Maeilechlainn Ua Ruairc.
In this Annal
- M1185
Aois Criosd mile ced ochtmoghadh a cúig.
Maoil Iosu Ua Muireadhaigh fęr lecchinn Doire Cholaim Chille do ecc iar Sęndataigh thoghaidhe.
Pilib Unserra co n-Gallaibh uime do bęith i n-Ard Macha co cęnn sé laithe co n-a n-oidhchibh i mędhon Corghais do shonnradh.
Giollu Criosd Mac Cathmaoil ard taoiseach Cenél Fearadhaigh ⁊ na c-Clann p.66 .i. Clantt Aengusa, Clann Duibhinnreacht Clann Fhógartaigh, Ui Cennfoda, ⁊ Clann Collu do Fearaibh Manach cęnn comhairle tuaiscirt Ereann do mharbhadh la h-Ua n-Éccnigh ⁊ la Muinntir Chaomháin, ⁊ a chęnn do bhręith leó go f-fríth uatha i c-cionn miosa iar t-tain.
Maoil Sęchlainn mac Muircheartaigh Uí Lachlainn do mharbhadh lá Gallaibh.
Maoil Iosa Ua Dálaigh ollamh Ereann, ⁊ Alban ard taoiseach Corca Raidhe ⁊ Corcadain, Saoi oirdherc ar dhán, ar eneach, ⁊ ar uaisle do écc i c-Cluain Ioraird oca oilithre.
Mac rígh Saxan, .i. Seon mac an dara Henri do theacht i n-Erinn lucht trí fichit long do ghabháil a righe. Ro gabh Ath Cliath, ⁊ Laigin. Do-roine caisdiall oc Tioprait Fhachtna, ⁊ occ Ard Fíonáin. Ro airg Mumha esdibh. Ro bhris tra p.68 Domhnall Ua Briain Maidhm ar Ghallaibh mic Righ Saxan. Ro chuir a n-ár. Do-dheachaidh dna mac righ Saxan tairis inunn iar t-tain do chosaoid Hugo De Latii re a athair uair as é Hugo ba forlamhaigh a h-ucht rígh Saxan ara chionn i n-Erinn, ⁊ nír léicc cíos na braighde chuige-siumh ó righraidh Ereann.
Comhthoccbháil coccadh do fhás i c-Connachtaibh edir na rioghdhamhnaibh .i. ettir Ruaidhri Ua Conchobhair ⁊ Conchobhar Maenmaighe, mac Ruaidhri, ⁊ Conchobhar Ua Diarmada, Cathal Carrach mac Conchobhair Maonmaighe, ⁊ Cathal Croibhdearg mac Toirrdhealbhaigh, ro marbhadh sochaidhe ętorra. Do-roine Ruaidhri ⁊ a mac sídh lasna h-uaislib ele iar t-tain.
Iarthar Connacht do losccadh taighibh, tęmplaibh la Domhnall Ua m-Briain, ⁊ la Gallaibh.
Cathal Carrach mac Conchobhair Maonmaighe mic Ruaidhri do losccadh Chille Dá Lua taighibh, templaibh tar a n-eisi, tucc a seótta ⁊ a maoine leis. Tuadhmhumha bheós do mhilleadh, ⁊ d'orccain lá Conchobhar Maonmaighe mac Ruaidri, ⁊ la Gallaibh. Na Goill feisne do theacht leis co Ross Commain, ⁊ mac Ruaidhri do thabhairt tri míle do bhuaibh dóibh i t-tuarastal.
Amhlaoibh Ua Muirędhaigh epscop Arda Macha, ⁊ Chenél Fęradhaigh lochrann solusta nó soillsiccheadh tuath ⁊ ecclas d'écc, ⁊ Foghartach Ua Cearbhalláin do oirdnędh i n-a ionadh.
Diarmaid Mag Carthaigh tighearna Dęsmumhan, do mharbhadh la Gallaibh Corcaighe.
Domhnall Mac Giolla Pattraicc tighearna Osraighe do écc.
In this Annal
- M1186
Aois Criosd, mile, céd, ochtmogad, a sé.
Maol Callann mac Adaim Mic Cleircein epscop Cluana Fearta Brenainn do écc.
Domhnall mac Aodha Uí Lachlainn do chor a flaithęs, ⁊ Ruaidhri Ua Flaithbheartaigh d'oirdneadh lá druing do Chénel Eoghain Thealcha Ócc.
p.70Conn Ua Bręisléin (.i. taoiseach Fánat) caindeal einigh, ⁊ ghaisccedh thuaiscirt Ereann do mharbhadh la mac Mic Lachlainn, ⁊ lá dréim do Chenél Eoghain, ⁊ Inis Eogain d'orccain fó a bhithin gion go raibhe cion doibh ann.
Giolla Pattraicc Mac An Ghiolla Chuirr toiseach Ua m-Branáin do mharbhadh lá Domhnall Ua Lachlainn tré erail Muintire Branáin fódhéin.
Ruaidhri Ua Conchobhair do ionnarbhadh i Mumhain la Conchobhar Maonmaighe lá a mhac bhúdéin. Connachtaigh do mhilleadh ętorra dibhlinibh, ⁊ tuccadh é dia thír doridhisi tre chomhairle Shil Muiredhaigh, ⁊ do-radatt triocha céd d'fęrann dó.
Hugo De Latii Malartach ⁊ díscaoilteach ceall n-iomdha ticchęrna Gall Mide, Bręifne, ⁊ Airghiall. As dó dna do-bęirthi cíos Connacht. As se ro gabh ęrmhor Eiręnn do Gallaibh. Ró ba lán Mídhe uile ó Shionainn go fairrgi do chaislenaibh Gall less. Iar t-tairccsin iaramh caislén Dęrmhaighe p.72 amach go t-triar Gall i n-a choimhideacht do dhéchsain an caislén. Tainic din aon ócclach Giolla Gan Ionathar ó Miadhaigh do fhęraibh Teathbha dia shoighidh ⁊ p.74 tuagh fo a choimm laiss. Do-bęrt buille do Hugo gur bhęn a cęnn de gur tuit ettir chęnn ⁊ cholainn i c-cladh an caislén i n-eneach Cholaim Chille. Agus do-cuaidh Giolla Gan Ionathar do thoradh a reatha ass, ó Ghallaibh ⁊ o Ghaoidhealaibh p.76 fo Choill an Cláir. Ráinicc iaramh i c-cęnn an t-Sionnaigh ⁊ Ui Braoin, uair as siad ro fhuráil air an t-iarla do marbhadh.
Murchadh mac Taidhg Ui Ceallaigh tighęrna Ua Máine do marbhadh la Conchobhar Maonmaighe.
O Bręislein taoiseach Fánat h-i c-Cenél c-Conaill do marbhadh la mac Mic Lachlainn.
In this Annal
- M1187
Aois Criosd mile, céd, ochtmoghat, a seacht.
Muirchęrtach Ua Maoil Uidhir espoc Cluana Fearta, ⁊ Cluana Mic Nois d'ecc.
Maoil Íosa Ua Cęrbhaill espucc Airghiall d' écc.
Ruaidhri Ua Flaithbhęrtaigh ticchęrna Cenél Eoghain do mharbhadh ar crech i t-Tir Conaill la h-Ua Maol Doraigh .i. Flaithbhęrtach.
Carracc Locha Cé do losccadh do thene doait. Ro baidhędh ⁊ ro loisceadh inghęn Ui Eidhin (.i. Duibheasa) bęn Choncobair Mic Diarmata (tighęrna Maighe Luircc) go seacht c-cédaibh (no cęthracha ar chéd), nó ní as uille eittir fhęraibh ⁊ mnaibh fri ré n-aon uaire innte.
Giolla Iosa mac Ailella Ui Bhraoin secnap Ua Maine sęnchaidhe, sccribhnighe, ⁊ fear dana d'ecc.
p.78Caislen Chille Áir do losccadh ⁊ do mhúradh for Ghallaibh la Conchobhar Maęnmaighe ⁊ lá Mael Sechlainn m-Becc co na terna sgeolanga uatha gan marbhadh, ⁊ mudhucchadh. Tuccsat a b-foidhb, a n-airm, a sceith, a l-lúireacha, ⁊ a n-eocha leó, ⁊ ro marbhaitt dís do rideribh leó.
Donnchadh Ua Ruairc do marbhadh la Muintir Eolais h-i f-fiull.
Druim Cliabh do orccain do mhac Mael Sheachlainn Uí Ruairc do tighearna Ua m-Briúin ⁊ Conmaicne, ⁊ do mhac Cathail h-Ui Ruairc, ⁊ Goill Midhe amaille friú. Do-roine Dia, ⁊ Coluim Cille fiort amhra innsin, uair ro marbhadh mac Maelechlainn Ui Ruairc ria c-cionn coicdhisi iar sin h-i c-Conmaicnibh, ⁊ ro dalladh mac Cathail h-Uí Ruairc la h-Ua Maol Doraidh .i. Flaithbęrtach i n-enech Cholaim Chille. Ro marbadh dna sé fichit d'aęs grádha mhęic Maoil Shechlainn ar fud Conmaicne, ⁊ Chairpre Dhroma Cliabh tré miorbhail Dé, ⁊ Choluim Chille.
Mac Diarmatta, Muirgęs mac Taidcc, tigęrna Muighe Luircc d'écc i n-a thigh fęin ar Claonloch h-i c-Cloinn Cuain.
Raghnall Mág Cochlain ticcęrna Dealbhna do écc.
Aodh mac Maoileachlainn Ui Ruairc tighearna Breifne do marbhadh la macaibh Cuinn Még Raghnaill.
Aireactach Mac Amhalgaidh taoiseach Calraighe do écc.
In this Annal
p.80- M1188
Aois Criosd mile, céd, ochtmoghat, a h-ocht.
Martain Ua Brolaigh aird-eccnaidh Gaoidheal ⁊ fęr lęighinn Arda Macha do écc.
Aedh Ua Bechan epscop Innsi Cathaigh do écc.
Amlaoibh Ua Daighre do tocht co h-Í dia oilithre, ⁊ a ecc ann iar n-aithrighe toccaidhe.
Ruaidhri Ua Canannain tighęrna Chinél c-Conaill fri h-ędh, ⁊ rioghdamhna Ereann bhęos do marbhadh la Flaithbęrtach Ua Maol Doraidh tre mebhail acc droichęt Sliccighe iar n-a bréccadh do lar Dhroma Cliabh amach, ⁊ brathair ele dó do marbhadh amaille fris, ⁊ dręm dia mhuinntir. Maghnas Ua Gairbh toiseach Fhęr n-Droma (ro imbis lámh ar Ua c-Canannáin) do mharbhadh la muinntir Eachmarcaigh Uí Dochartaigh i n-dioghail Uí Chanannáin.
Domhnall Ua Canannáin do lędradh a choisi dia thuaigh fęin i n-Doire acc bęin ascclainge connaidh, ⁊ a écc de tria easccaine samhtha Cholaim Cille.
Goill chaisteoil Mhaighe Cobha, ⁊ drong do Uibh Eachdhach Uladh do thocht ar creich i t-Tir Eoghain go t-torachtatar go Lęim Mic Neill, ro gabsat bú annsin. Do-dheachaidh Domhnall Ua Lachlainn co n-a thęcclach i n-a n-deadhaidh, rucc orra p.82 h-i c-Cabhan na c-Crann Árd, do-rattsat iomairecc dia 'roile, ro maidh for Ghallaibh, ro cuirędh a n-ár. Do-radadh eimh-sadadh do ghall-gha for Domhnall a aenar, ⁊ torchair innsin h-i friothguin tighęrna Ailigh, Domhnall mac Aodha h-Ui Lachlainn, rioghdhamhna Ereann ar cruth, ar chéill ⁊ ar threbhaire. Ruccadh an lá-sin fęin go h-Ard Macha. Ro h-adnaicędh co n-onoir, ⁊ co n-airmhidhin moir iaramh.
Edaoin inghęn Ui Chuinn baintigherna Mumhan bai aga h-oilithre i n-Doire d'ecc iar m-bręith buadha ó dhomhan ⁊ o dęmhan.
Sluaicceadh la Iohn Do Cuirt ⁊ la Gallaibh Ereann h-i c-Connachtaibh amaille le Concobhar Ua n-Diarmatta. Tionoilidh rí Connacht .i. Concobhar Maonmaighe maithe Connacht uile. Tainic Domhnall Ua Briain co n-druing do fhęraibh Mumhan i sochraitte righ Connacht. Loiscit na Goill araill do cheallaibh na tire ręmpa. Ni ro lęiccit sccaoileadh doibh co rangattar Eas Dara. Ba do theacht i t-Tir Conaill ón, uair na ro lęiccsiott Connachtaigh nias sia dia t-tír iad. Iar b-fios sccél do Ua Maol Doraidh do Fhlaithbertach, teaglomaidh-sídhe Cenel Conaill 'na c-coinne co Druim Chliabh. O 'd-cualadar na Goill sin ro loisccsęd Eas Dara co lęir. Soaid tar a n-aiss. Tiaghaid isin Coirrshliabh. Do-beartsad Connachtaigh ⁊ Fir Mumhan ammus forra. Marbhaid sochaidhe mhóir dhibh. Fáccbhaid na Goill an tir ar eccin, ⁊ ní ró mhillsęd a beacc don chur-sin.
p.84Creach la Gallaibh Uladh for Chenél n-Eoghain co rugustoir Domhnall mac Aodha Uí Lachloinn tighearne Cenel n-Eoghain forru, ⁊ ro chuirsęt ár for Ghallaibh, ⁊ at-rochair Domhnall i friothghuin an chatha-sin.
In this Annal
- M1189
Aois Criosd, mile, céd, ochtmoghad, a naoi.
Maol Cainnigh Ua Fęrcomais fer lechcinn Doire do bhathadh ettir Áird ⁊ Inis Eoghain.
Ard Macha do orccain la h-Iohn Do Cuirt ⁊ la Gallaibh Ereann i n-a fhochair.
Ard Macha do losccadh o Crossaibh Brighde co Recclęs Bricchdi ettir raith, ⁊ trian, ⁊ teampall.
Murcha Ua Cęrbhaill tigerna Oirghiall do écc isin Mainisdir Mhóir iar n-aithrichci toghaidhi.
Domhnall mac Muircheartaigh Méc Lochlainn do mharbhadh la Gallaibh Dal Araidhe aca fęin.
Echmilidh mac Mec Cana, sonas ⁊ sobharthan Tíre h-Eocchain uile do ecc.
Mac na h-Oidhce Ua Maol Ruanaidh tighearna Fęr Manach do chor as a thigearnas, ⁊ é do dhol dochum Ui Chęrbhaill. Tainicc sluagh Gall don tír iar t-tain, ⁊ do-rad Ua Cęrbhaill ⁊ Ua Maol Ruanaidh tachar doibh. Maidhidh for Ua c-Cęrbhaill, ⁊ marbhthar Ua Maol Ruanaidh.
Concobhar Maonmaighe (.i. mac Ruaidri) airdri Connacht eittir Gallaibh ⁊ Ghaoidealaibh, do mharbhadh la druing dia mhuintir fęin ⁊ dia oirecht .i. la p.86 Maghnus mac Floinn Ui Finachta (dia n-goirthi an Crosach Donn), ⁊ la h-Aodh mac Briain Breifnigh mic Toirrdhelbhaigh Ui Conchobhair, ⁊ la Muircertach mac Cathail mic Diarmata mic Taidhg, ⁊ la Giolla na Naomh mac Giolla Comain, mic Muirędhaigh Báin Ui Maoil Micil dona Tuathaibh. Mairg oireacht ro cogair adhbar airdrigh Ereann do mharbhadh, uair tuccsat urmhor Lęithe Mogha a c-cęnnus dó ria síu ro marbhadh. Dóigh tainicc Domhnall Ua Briain dia tigh go Dun Leoda, ⁊ boi sęchtmain i n-a fharradh, ⁊ tuc trí fichit bo gacha triocha céd h-i c-Connachtaibh dhó, ⁊ .x. seóid go n-ór, ⁊ ni rucc Ua Briain díbh-sin uile, acht corn Diarmata Ui Briain a shęnathar fęin, ⁊ do baí Ruaidhri Mac Duinn Slebhe ri Uladh i n-a thigh, ⁊ do bai Domhnall Mag Cárthaigh tighearna Dęsmumhan i n-a thigh ⁊ do-rad-somh tuarustal mór dó .i. cuicc eich gacha triochait cet h-i c-Connachtaibh. Bai Mael Seachlainn Bęg ri Tęmra ina thigh, ⁊ rucc tuarustal mor lęis, ⁊ bai Ua Ruairc i n-a tigh, ⁊ rucc tuarustal mor lęis.
Iar marbhadh Conchobhair Maonmaighi tangus ó Shiol Muireadhaigh ar cęnd Ruaidhri Ui Choncobhair ri Ereann do thabairt righe dó iar n-écc a mhic, ⁊ ó ránaic p.88 Ruaidhri go Magh Naoí ro gabh gialla Síl Muirędhaigh ⁊ Connacht, ar as ann ro bátar geill Conchobhair Maonmuighe i n-Inis Clothrann for Loch Ribh an tan-sin.
Flaithbeartach Ua Maol Doraidh tighearna Cenél c-Conaill co n-a toichestal do bęith i l-longport isin c-Corann, ⁊ Connachtaigh uile eitir Gall ⁊ Gaoidheal i n-a n-aghaidh don leith aile.
Concobhar Ua Diarmata do marbhadh la Cathal Carrach mac Concobhair Maonmhaighe a n-dioghail a athur.
An ced Risdęrd do ríoghadh os Saxaibh .6. Iulíí.
Sluaigheadh la h-Ua Maoil Doraidh (Flaithbęrtach) do ghabhail fri Connachtaibh gur ro ghab longport isin Corann. Tangatar Connachtaigh uile eitir Ghallaibh ⁊ Gaoidhealaibh i n-a aghaidh, ar a aoi ni ró chumhaingsęt ní dhó, ⁊ ro ętarscarsat fri aroile don chur-sin.
In this Annal
- M1190
Aois Criosd, mile, céd, nochat.
Diarmait Ua Rabhartaigh abb Dęrmaighe do ecc.
Mael Seachlainn Ua Neachtain ⁊ Giolla Bearaigh Ua Sluaghadaigh do marbhadh la Toirrdhealbhach mac Ruaidhri Ui Conchobhair.
Mor inghean Toirrdhealbhaigh Ui Concobhair, ⁊ Duibhęssa inghęn Diarmata Mic Taidhg do écc.
Coinne eitir Cathal Croibhdearcc ⁊ Cathal Carrach h-i c-Cluain Fearta Brenainn do dhenamh síodha ętorra. Tęccait Siol Muireadhaigh uile isin c-coinne cedna im chomarba Pátraicc, ⁊ im Concobhar Mac Diarmata, ⁊ im Aireachtach Ua Roduibh, ⁊ ní ro feadadh a sioducchadh re 'roile don chur-sin.
p.90Tanaicc Ua Concobhair ⁊ Siol Muiredhaigh go Cluain Mic Nois in adhaigh-sin, ⁊ ro eirigh an coblach go moch ar a bharach, ⁊ tangatar rompa ar fud na Sionna go rangatar go Loch Ribh. Ro eirigh anfadh anbhail doibh ar an loch go ro sccaoilsiot a n-artraighe ó aroile ⁊ ro thuaircc an t-anfadh an t-ętar i m-boí Ó Concobhair co nar lamhadh a luamhaireacht la méd an anfaidh, ⁊ ba isin arthrach i m-boí Ua Concobhair .i. Cathal Croibdercc, bai Aireachtach Ua Roduibh, ⁊ Concobhar mac Cathail. Do-cóidh an t-ęthar fo uiscce go ro baidhędh i m-boi innte cenmotá seisear tearna im Chatal Croibhdearg. Ro baidheadh Aireachtach Ua Roduibh, ⁊ Concobhar mac Cathail, Concobhar ⁊ Amhlaibh da mhac Aodha Még Oirechtaigh, Ua Maoil Brenainn, ⁊ mac Ui Mannachain co sochaidhe ele.
In this Annal
- M1191
Aois Criosd, mile, céd, nochat a h-aęn.
Ruaidhri Ua Concobhair do fhaccbháil Connacht ⁊ a dhol co Tir Conaill do saighidh Fhlaithbhęrtaigh Ui Maoil Doraidh, ⁊ i t-Tír n-Eoghain iar sin d'iarraidh sochraitte ar thuaisceart n-Ereann do ghabháil Ríghe Connacht doridhisi, ⁊ ni ro fhaęmsat Ullta fearonn d'faghail dó ó Chonnachtaibh, ⁊ do-choidh roimhe do shaighidh Gall na Midhe, ⁊ ní ro ęirghęttur-sidhe leis, ⁊ do-thaęd as-sin isin Mumhain, conid eisti-sin tuccsat Siol Muirędhaigh fęrann dó, .i. Tir Fiachrach, ⁊ Cenel Aodha na h-Echtge.
Aillęnn inghęn Riaccáin Ui Maíl Ruanaidh, bęn Aireachtaigh Ui Rodhuibh do écc.
In this Annal
p.92- M1192
Aois Criosd, mile, céd, nochat, a dó.
Dorus proinnticche an Duibrecclęsa Colaim Cille i n-Doire do dhęnamh la h-Ua c-Cathain na Craibhe, ⁊ la h-inghin Ui Innęirghe.
Taichleach Ua Dubda ticchęrna Ua n-Amhalgadha ⁊ Ua f-Fiachrach Muaidhi do mharbhadh la da mhac a mhec fén.
Aedh Ua Flainn toiseach Shil Maoile Ruain do écc.
Maidhm acc caraid Eacharadh ar Ghallaibh la Muinntir Maoil t-Shionna.
Caislén Atha an Urchair ⁊ caislen Chille Bisgi do dhęnamh isin m-bliadhain-si.
p.94Creach mór do dhenamh la Gallaibh Laighęn ar Dhomhnall Ua m-Briain, go rangattar tré chlár Chille Da Lua siar go Magh Ua t-Toirrdhealbhaigh, ⁊ ruccsatt Dál c-Cais orra go ro marbhsat sochaidhe diobh. Do-ronsat Goill caislen Chille Fiacal, ⁊ caislen Cnuic Raffonn don chur-sin.
Maidhm mor ria n-Domhnall Ua m-Briain for Ghallaibh Ossraighe go ro cuireadh a n-ár.
In this Annal
- M1193
Aois Criosd mile, ced, nochat, a trí.
Eochaidh Ua Baoighill do mharbhadh lá h-Uibh Fiachrach Arda Sratha.
Maol Pattraicc Ua Cobhthaigh do écc.
Cathal Mac Gaithéne do écc.
p.96Dęrforghaill (.i. bęn Tighernain Ui Ruairc) ingęn Murchadha Ui Maoileachlainn do ecc i mainisdir Droichit Atha isin cuiccędh bliadhan ochtmhoghat a h-aoisi.
Diarmaid mac Con Broghda Ui Dhiomusaigh taoiseach Cloinne Maoil Ughra, ⁊ ticchęrna Ua Failge fri ré fhoda do écc.
Cathal Odhar mac Még Carthaigh do mharbhadh la Domhnall Mág Cartaigh.
Muircęrtach mac Murchadha Mec Murchadha ticchęrna Ua c-Cennselaigh d' ég.
Aodh Ua Maoil Brenainn taoiseach Cloinne Concobhair do marbhadh la Gallaibh Atha Cliath.
p.98Ua Cęrbhaill ticcęrna Airghiall do ghabhail la Gallaibh, ⁊ a dalladh leo o thús, ⁊ a chrochadh iar t-tain.
Inis Clothrann do orgain la macaibh Oisdealb, ⁊ la macaibh Conchobhair Maonmaighe.
In this Annal
- M1194
Aois Criosd, mile, céd, nochat, a cęthair.
Constantin Ua Briain espoc Chille Da Lua do écc.
Domhnall mac Toirrdhealbhaigh Ui Bhriain Ri Mumhan, lochrann solusda síodha ⁊ coccadh Redla adhanta enigh ⁊ ęngnamha na Muimhneach, ⁊ Lęithe Mogha archęna do écc, ⁊ Muircęrtach a mhac do ghabhail a ionaidh.
Goill do thiachtain ar Iniss Ua f-Fionntain, ⁊ a c-cor ar eccin di.
Cúmidhe Ua Flainn do mharbhadh la Gallaibh.
Sloicchędh la Gillebert Mac Goisdealbhaigh co h-Eass Ruaidh, ⁊ a iompudh as-sidhen gan nach tarbha dia Sloighędh i t-tir.
p.100Maol Seachlainn mac Domhnaill ui Ghiolla Patraicc ticcęrna Osraighe do ecc.
Concobar mac Maghnasa mic Duinnsleibhe Ui Eochadha do marbhadh la h-Ua n-Annluain i meabhail.
Aedh Dall mac Toirrdhealbhaigh Ui Choncobhair do écc.
Sitriucc mac Floinn Ui Fhindachta taoiseach Chloinne Murchadha do ég.
Donnchadh mac Muircęrtaigh mic Toirrdhealbhaigh do marbhadh la Muircęrtach mac Domhnaill Ui Bhriain.
Murchadh mac Amlaoibh Uí Chindeidigh do mharbhadh la Lochlainn mac Mic Raith Uí Chinneittigh i fionghail.
In this Annal
- M1195
Aois Criosd, mile, ced, nochatt, a cúicc.
Domhnall Ua Conaing epscop Chille Da Lua do écc.
Florent mac Ríaccáin Ui Maoil Ruanaidhepscop Oile Find do écc.
Domhnall Ua Find comharba Cluana Fęrta Brénaind d'ecc.
Eachmharcach Uá Cathári do écc i recclés Póil.
Conchobhar Mag Fhachtna do écc i recclés Doire.
Sitriucc Ua Gairmledhaigh do mharbhadh do Mac Duinn Slebhe.
Slúaigheadh lá Iohn Do Cuirti, ⁊ la mac Hugo De Lati do gabháil nęirt ar Ghallaibh Laighęn, ⁊ Mumhan.
Sluaicchedh la Cathal c-Croibdęrcc Ua c-Concobhair, la Mac Goisdelbhaigh go n-dreim do Ghallaibh, ⁊ do Ghaoidhealaibh na Midhe imaille fris isin Mumhain go rangattar Imleach Iubhair, ⁊ Caisiol go ro loiscceadh cethre mor-chaislein leo ⁊ araile do mhion-chaislenaibh.
Cathal Mac Diarmada do tocht i c-Connachtaibh as in Mumhain, ⁊ ba cosgrach in gach maighin triasa tudhchaidh go rainig co Loch Męsg, ⁊ co h-Inis Rodhba, ⁊ ro gabhait longa Cathail Croibdeirg uile lais, ⁊ rug lais iat co p.102 Caislén na Caillige co n-dearna ulca iomdha as ar gach leith de co t-tainig Cathal Croibhdearg co n-dreim do Ghallaibh ⁊ do Cloinn Maoil Ruana, ⁊ do ronadh sídh fó dhéoidh re Mac Diarmada ger uo mór na h-uilc do-roine go sin.
In this Annal
- M1196
Aois Criosd, mile, céd, nochat, a sé.
Recclés Póil ⁊ Petair i n-Ard Macha co n-a tęmplaibh, ⁊ go m-bloidh mhoír don Ráith do losccadh.
Muirchęrtach mac Muirchęrtaigh Uí Lachlainn tighearna Chenél Eóghain Rioghdhamhna Ereann tuir ghaisccedh, ⁊ eangnamha Leithe Cuinn, díosgaoiltidh cathrach, ⁊ caislén Gall, turgbalaidh ceall, ⁊ caoimh-neimheadh, do marbhadh lá Donnchadh mac Blosgaidh Uí Catháin tré comairle Chenel n-Eoghain iar t-tabhairt na t-teora scríne, ⁊ Chánóine Patraig dhóibh im dilsi dhó. Rugadh a chorp iaromh go Doire Colaim Cille, ⁊ ro h-adhnacht h-isuidhe go n-onóir, ⁊ cátaidh.
Slóighead lá Ruáidhri Mac Duinn Slebhe co n-Gallaibh, ⁊ go macaibh toísech Connacht do shoighidh Chenél n-Eoghain, ⁊ na n-Airther. Tangattar dna Cenél Eóghain Telcha Ócc, ⁊ fioru Airthir co machaire Árda Macha i n-a n-aghaidh, ⁊ do-radsat cath dhóibh go raoimheadh for Mhac Duinn Slebhe ⁊ ro ládh dęrg-ár a mhuintire. p.104 Torcratar ann dna a dó dhécc do macaibh flatha, ⁊ toíseach Connacht go sochaidhibh oile do dhoęscurshluagh imaille friú. Ba dia maithibh Brian Buide Ua Flaithbhertaigh, mac Maoil Iosa Ui Concobhair a Connachtaibh, mac Ui Concobhair Failge, ⁊ mac Ui Faolain na n-Deise.
Mac Blosccaidh Uí Cuirin do argain Termainn Dá Beócc, ⁊ ro marbhadh é fén go n-dęrg-ár a mhuintire ria c-cind mhiosa tria fhiortaib Dé, ⁊ Dá Beóg.
Domhnall mac Diarmada Mhécc Carthaigh do bhriseadh catha ar Ghallaibh Luimnigh ⁊ Mumhan, ⁊ ro chuir a n-dearg-ár, ⁊ ro diocuir a Luimneach, ⁊ ro bris dhá mhaidhm oile forra cénmothá an maidhm-sin.
Conchubhar Mac Diarmada tighearna Maighe Luirg do dhol h-i n-urd i Mainistir na Búille, ⁊ ro ghabh Tomaltach tighearnus dia ési.
Aodh Uá Fearghail tighearna Muintire h-Anghaile do marbhadh i meabhail lá macaibh Sitrioga Uí Cuinn.
Maithe Muintire h-Eólais do mharbhadh la mac Cathail Ui Ruairc h-i meabhail.
Muirędhach Mhácc Ragnaill .i. an Giolla Ruadh taoiseach Muintire h-Eólais do marbhadh la mac Maghnusa Uí Conchobhair tré furáil mic Cathail Ui Ruáirc lás ro marbhadh na maithe rémráite.
Mathgamhain mac Conchobair Maonmaighe rioghdamhna Connacht do marbadh p.106 la h-Ua Mórdha Domhnall, ⁊ la Laighiss occ cosnamh na h-edala do-bhęrt o Ghallaibh friss, ⁊ Cathal Carrach do mharbhadh Uí Mórdha i n-a dioghail.
Conghalach mac Fęrghail Uí Ruairc do marbhadh la Luighnib ar Sliabh Da Én.
Iodnaidhe Uá Mannachain tighęrna Uá m-Briúin na Sionna do écc.
Cathal mac Aędha Uí Flaithbęrtaigh do mharbhadh la macaibh Muircęrtaigh Mhidhigh.
In this Annal
- M1197
Aois Criosd, míle, céd, nochatt, a seacht.
Sluaigheadh lá Iohn Do Cuirt co n-Gallaib Uladh co h-Ęss c-Craibhe, ⁊ do-rónsatt caislén Cille Sanctáin. Ró fásaigheadh ⁊ ro folmhaigedh triocha céd Cianachta leó. Ro fhágaibh Roitsel Phitún co sochraide moir immaille fris p.108 isin c-caistiall h-ísin, ⁊ ro ghabsat ag indradh, ⁊ occ argain tuath ⁊ ceall as. Tainig iaromh Roitsel Phitun ar creich co port Doire, ⁊ ro airg Cluain Í, Eanach, ⁊ Dęrg Bruach. Rug dna Flaithbeartach Ua Maoil Doraidh tighearna Conaill ⁊ Eóghain co n-uathadh do Chlandaibh Néill an tuaiscirt forra. Ro fighedh iomairęg eatarra for traigh na h-Uachongbhála, ⁊ ro cuireadh a n-ár im mac Ardgail Mhéc Lochlainn tria mhíorbhail Colaim Chille, Caindigh, ⁊ Breacain isa cealla ro airccseatt.
p.110Mac Etigh do Chianachtaibh do shlat altóra teampaill mhóir Doire Colaim Chille, ⁊ cęithre cuirn bad fearr ro bhaoi i n-Erind do breith eiste, .i. Mac Riabhach, Mac Solas, corn Uí Maoíl Doraidh, ⁊ Camm Coraind corn Uí Dhochartaigh. Ro brisitt imorra ⁊ do-all a n-ionnmhassa, ⁊ a lossa dhíbh. Frith imorra na seóid isin tręs ló iar n-á n-goid, ⁊ an t-í ro goid, ⁊ ro crochadh lá Flaithbheartach ag Croiss na Riagh i n-eneach Choluim Cille isa h-altóir ro sháraigh.
Flaithbęrtach Ua Maoil Doraidh tighearna Cenél c-Conaill, Eoghain, ⁊ Airghiall, cosnamhach Tęmhra, ⁊ rioghdhamhna Ereann uile, Conall ar láochdhacht e-sidhe, Cú Chulainn ar ghaiscceadh, Guaire ar eneach, Mac Lughach ar ócclachus d'écc (an dara la Februari) iar t-treablaid toghaidhe, i n-Inis Saimher isin triochatmadh bliadhain a fhlaithiusa, ⁊ isin nomhadh bliadhain ar chaogatt a aoise. Agus ro h-adhnacht i n-Druim Thuama co n-ónoir amhail ro badh díor.
Gabhais Eachmarcach Ua Dochartaigh (.i. an Giolla Sronmhaol) cęnnus Chenél c-Conaill fó chédóir, ⁊ i c-cionn coicthidhisi iaromh tainig Iohn Do Cuirt co sochraite mhóir imaille fris tar Tuaim h-i t-Tír Eógain, aissidhe co h-Ard Sratha iar sin timcheall go Doire Colaim Chille. Airisit cóicc h-aidhche ann. Tiaghaid iaramh co Cnoc Nascain dia n-iomarcar tairis. Teccait dna Cenél Conaill im Echmarcach Ua n-Dochartaigh dia saighidh, ferthar cath ętorra, ⁊ torcrator sochaidhe mor adiú ⁊ anall. Gidh iad Cenél Conaill ann ro díthighit iętt-sidhe uair torcratar p.112 dá céd diobh im Eachmarcach fessin, im Dhonnchadh Ua Tairceirt toiseach Cloinne Snedhgile cong einigh, ⁊ eangnamha, ceille, ⁊ comairle Cenél c-Conaill uile im Ghiolla m-Brighde Ua n-Dochartaigh, im Mhag n-Dubhain, im Mhág Fhęrghail, ⁊ im mhacaibh Ua m-Baoighill, ⁊ im shaorchlandaibh oile, ⁊ ro airccsęd Inis Eoghain ⁊ do-bheartsatt bóraimhe mhór leó este, ⁊ iompoidhitt iair sin.
Conchobhar Ua Catháin do écc.
Concobhar mac Taidhg tighearna Maighe Luirg ⁊ Mhaighe Aoí, tuir ordain, airechais, einigh, ⁊ comairce Connacht uile d'écc iar n-aithrighe thoghaidhe i Mainistir Atha Da Laarg.
Mac Raith Ua Laithbhertaigh tanaisi Tíre h-Eoghain ⁊ Maol Ruanaidh Ua Cairelláin toísech Cloinne Diarmada do mharbhadh.
Domhnall mac Raghnaill Méc Raghnaill do mharbhadh do mhacaibh Méc Duibhdara i fiull.
Ruaidhri Ua Flaithbęrtaigh tighearna Iarthair Connacht do gabhail lá Cathal Croibdearg lá righ Connacht.
In this Annal
- M1198
Aois Criosd, mile, céd, nochatt, a h-ocht.
Giolla Mac Liacc Ua Branáin do athchur a chomharbais uadha, ⁊ Giolla Crist Ua Cęrnaigh do oirdneadh i n-a ionadh in abbdhaine Colaim Cille do ręir togha laoch ⁊ cléireach tuaiscirt Ereann i c-coitchinne.
Ruaidhri Ua Conchobhair Rí Connacht ⁊ Ereann uile eittir Ghallaibh ⁊ Gaoidhelaibh p.114 d'écc h-i c-canánchaibh i c-Cunga iar n-aithrighe toghaidhe, ⁊ iar m-bręith buadha ó dhomhan, ⁊ o dheamhan, ⁊ ruccadh a chorp co Cluain Mic Nóis, ⁊ ro h-adhnaiceadh don taobh tuaidh d'altoir thęmpaill móir Cluana Mic Nóis.
Mac Briain Bréifnigh mic Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair do mharbhadh la Cathal Carrach mac Concobhair Maonmhaighe.
Cathalan Ua Maol Fhabhaill tighearna Cairrge Brachaighe do mharbhadh d'Ua Déráin, ⁊ Uá Déráin feisin do mharbhadh i n-a dhíoghail fó cédóir.
Sluáicceadh la Iohn De Cuirt h-i t-Tír Eóghain ar fud na c-ceall, ⁊ ro h-aircceadh, ⁊ ro milleadh Ard Sratha, ⁊ Rath Both lais. Rainic iaromh Doire Colaim Chille, ⁊ baoi ainn-sidhe di oidhche for sheachtmain ag milleadh Insi h-Eogain ⁊ an tíre archęna, ⁊ ní raghadh ass itir i n-eallmha muna toirseadh Aodh Ó Néll lucht cóicc long co Cill {⬌} i Latharnaibh, ⁊ ro loisc ní don bhaile, ⁊ ró mharbh ocht f-fir dhécc do Ghallaibh. Ro thionóilsęt Goill Maighi Line, ⁊ Dail Araidhe tri chéd do rochtain Aodha, ⁊ ní ro rathaigh Aodh nach ní co ro doirtsęt i n-a chęnn ag p.116 losccadh an bhaile. Ro fęradh iomaireacc eatorra iaromh, ⁊ ro mhuidh for Ghallaibh, ⁊ tuccadh cóicc madhmanna forra óthá sin co n-deachsat i n-a longaibh, ⁊ ní ro marbhadh do muintir Aodha acht coigear namá. Iar c-clos na sccél-sin do Iohn ro fhagaibh an baile i raibhe .i. Doire Colaim Cille.
Coccadh eitir Cenél Conaill ⁊ Eoghain, ⁊ Cenél Conaill do coimchęngal la h-Ua n-Eccnigh i n-acchaidh Cenél Eoghain, ⁊ ro boi coinne ętorra do naidhm a c-caradradh h-i t-Termann Dá Beócc. Tainic trá Aodh Ua Néill go c-Cenél Eoghain imme do thoirmeascc na coinne, ⁊ ro ionnsaigh Ua h-Éiccnigh, ⁊ ro mheabhaidh fair co b-farccaibh braicchde lá h-Ua Neill.
Do-deachaidh Aodh go c-Cenél Eoghain isin ló chędna, co n-dernsat creich for Cenél Conaill h-i machaire Maighe h-Íotha, ⁊ tucsat bóraimhe dírimhe iar marbhadh leó Uí Dhuibhdiorma for sceimhleadh marcsluaigh.
Sluaigheadh lá h-Aodh Ua Néll ⁊ lá Cenél n-Eoghain doridhisi go machaire Maighe h-Íotha do tabhairt chatha do Cenél c-Conaill, ⁊ ro fhágaibsęt Cenél c-Conaill a longport leó, ⁊ do-rónadh blodhadh sithe ⁊ cadach ętorra don chur sin.
Cathal Croibdearg Ua Concobhair do denamh siódha fri Cathal Carrach mac Concobhair Maonmaighe, ⁊ a thabhairt don tír, ⁊ fearann do thabhairt dó.
In this Annal
- M1199
Aois Criosd, mile, ced, nochatt, a naoi.
Maol Íosa mac Giolla Eráin, airchindeach Chille Moire Ua Nialláin, ⁊ adhbhar comharba Patraic d'écc.
Sanctus Mauritius Ua Baottáin d' écc i n-h-Í Colaimm Chille.
Do-rónsat Goill Uladh trí slóigh mhóra h-i Tír n-Eoghain, ⁊ an tres slóigh do-rónsat, ro ghabhsat longport ag Domhnach Mór Maighe Iomchláir, ⁊ do chuirsęt p.118 drong mhór dia muintir do mhilleadh ⁊ do chreachadh an tíre. Tainic dna Aodh Ó Néill i nd-oiręs an t-slóigh comá comhrainic dhó, ⁊ dona Gallaibh, ⁊ ro la a n-ár, ⁊ an do-ęrna uadha ro élaidhsęt 'san aidhche gan nach tairęseamh co n-deachatar tar Tuaim.
Sluaiccead la Ruaidhri Ua n-Duinn Slebhe co ní do Ghallaibh Midhe, ⁊ ro airccset Mainistir Phóil, ⁊ Peattair co nár fháccaibhsęt innte acht aon bhó.
Domhnall Ua Dochartaigh tighearna Cenél n-Énda ⁊ Árda Miodhair d'écc.
Donnchad Uaithneach mac Ruaidhri Ui Conchobhair do mharbhadh la Saxaibh Luimnigh.
Rodhubh Mac Roédig toisech Cenél Aongusa do mharbhadh lá Gallaibh ar crech i n-Ua n-Earca Chéin.
Cathal Croibhdearg Ua Conchobhair do ionnarbadh a righe Connacht, ⁊ Cathal Carrach do ghabháil a ionaidh.
Sluaiccheadh lá h-Aodh Ua Néill i fóirithin Cathail Croibhdeirg go b-fęraibh Maighe h-Íotha, ⁊ co n-Airghiallaibh gu rangattar Tęgh Baoithin Airtigh. Soisęt iaromh go p.120 rangadar Eas Dara, ⁊ rucc orra Cathal Carrach co maithibh Connacht, ⁊ Uilliam Burc go n-Gallaibh Luimnigh maille fris. Feachar iomaireacc eatorra, ⁊ ro sraoineadh for thuaiscert Ereann, ⁊ ro fágbhadh ann Ua h-Eccnigh tighearna Oirghiall, ⁊ sochaidhe cenmothá-somh.
Sluaigheadh lá Iohn Do Cuirt co n-Gallaibh Uladh, ⁊ lá mac Hugo De Lati co n-Gallaibh Midhe h-i foirithin Chathail Croibhdeirg go rangadar Cill Mic Duach. Tainicc iaromh Cathal Carrach co c-Connachtaibh imaille fris, ⁊ ro cathaighsęt fri aroile. Sraointear for Gallaibh Uladh ⁊ Midhe airm h-i rabattar cúicc catha, ni thérna acht dá chath dhíbh, ⁊ ro leanadh iad alláthair an chatha go Rinn Dúin for Loch Ribh, ⁊ ro gabhadh iomchumhang for Iohn ainn-sidhe, ⁊ ro marbhadh drong mór do Ghallaibh, ⁊ ro báidhid araill díobh ar ní fuarattar conair theichidh acht a n-deachaidh i n-eathraibh tar loch soir uatha.
Ruarc Ua Maoil Brénainn toisech Cloinne Conchobhair do écc.
Ri Saxan Iohn do rioghadh os Saxain .6. April.
Murchad Mac Cochláin tighearnaDealbhna Ęthra do écc.
In this Annal
p.122- M1200
Aois Criosd, mile, dá chéd.
Cadhla Ua Dubhthaigh airdepscop Tuama d'ecc iar sęndataidh.
Uairéirghe mac Maoil Mórdha mic Uairéirghe Uí Neachtain uasal sruith do sruithibh Cluana Mic Nóis, fęr lán do dhesherc, ⁊ dá gach sóalchidh archęna, ⁊ ceann Cele n-Dé Cluana d'écc an deachmadh lá do Mhartha.
Maol Eóin Ua Carmacáin comharba Commáin d'écc.
Aodh Ua Néill do aithrighadh lá Cenél n-Eóghain, ⁊ Conchobhar Ua Lochlainn do righadh i n-a ionadh, ⁊ do-rónadh creach lais h-i t-Tir n-Enda. Ro mharbh daoine, ⁊ rucc buar iomdha.
Do-dheachaidh tra Eccneachán Ua Domhnaill tigherna Cenél Conaill co loingęs Cenél Conaill ar muir lais, ⁊ co n-a slógh ar tír, ⁊ ro ghabhsat longport ag Gaoth an Chairrgín. Tangattar Clann Diarmada don leith oile go Port Rois do p.124 gabhail frisan loingęs. O 'd-chonncadar foirne na t-trí long n-décc baoi an cobhlach indsin, ro léccsęt fothaibh iatt gor raoimheadh for Cloinn n-Diarmada. Ticc Macc Lachloinn (.i. Conchobhar Becc Mac Muircęrtaigh), i n-a bh-fóirithin, ⁊ ro gonadh a each foo, ⁊ ro trasccradh-somh di. Torcair iaromh lá Cenél c-Conaill i n-eneach Colaim Chille, a chomharba, ⁊ a scrini ro dimhigneadh fecht riamh. As triasan dímiadh chédna ro marbhadh Murchadh Ua Cricháin tighearna Ua f-Fiachrach. Leanait muintir Éccneachain an maidhm iar t-tain gur ro chuirseat ár ar Eoghanchaibh ⁊ ar Cloinn n-Diarmada.
Sluaicceadh lá Melęr ⁊ lá Gallaibh Laighęn go Cluain Mic Nóis i c-coinne Cathail Charraigh. Ro bhatar dí oidhche i c-Cluain, ⁊ airccthęr leó an baile eitir crodh ⁊ biadh, ⁊ do-chóidhsead fo a thęmplaibh.
Cathal Croibhdearg do dol isin Mumhain do shaighidh mic Mec Carthaigh ⁊ Uilliam Burc.
Gerrmaide Ua Baoigelláin do mharbhadh la h-Ua n-Domhnaill .i. la h-Éccneachán.
Iomaireacc eidir Ua n-Domhnaill ⁊ Ua Ruairc, Ualgarcc, ⁊ Conchobhar na Glaisféne Ua Ruairc. Ro mhaidh for Uibh Briúin, ⁊ ro cuireadh dęrg-ár a muintire eidir bhádhadh, ⁊ mharbhadh, ⁊ ro báitheadh Concobhar fesin don chur-sin, occ Leic Uí Mhaoil Doraidh do shonnradh ro fighędh an iomarghoil-sin.
p.126Donnchadh Uaitneach mac Ruaidhri Uí Conchobhair do mharbhadh la Gallaibh Luimnigh.
Mathghamhain mac Giolla Phatraicc Uí Chiarrda do mharbhadh la Gallaibh Cluana Ioraird.
Cluain Ioraird do losccadh d'Ua Ciardha do fhoghail for na Gallaibh batar innte.
Creach la Cathal Croibhdearg i Mumhain gur ro loisg caislén Uí Chonaing, ⁊ margadh Luimnigh, ⁊ caislen Uilcín, ⁊ tuc Uilcín co n-a mhnaoi i l-laimh lais iar marbhadh di ridere dhécc, ⁊ iolar daoine cenmóthát.
Fiachra Ua Flainn taoiseach Shil Mhaoil Ruain do écc.
Cathal Carrach do ghabháil Rige Connacht, ⁊ Cathal Croibdearg do ionnarbadh do i n-Ultaibh go rainig co teagh Ui Eignigh tighearna Fear Manach, ⁊ aisidhe do shaighidh Iohn Do Cuirt gur ro naidhm a cura fris.
In this Annal
- M1201
Aois Criosd, mile, da chéd, a h-aon.
Tomaltach Ua Concobhair comhorba Pattraicc, ⁊ Príomhaidh na h-Ereann d'écc.
Conn Ua Meallaigh epscop Eanaigh Dúin, gęm gloinidhe ecclastacdha d' écc.
Iohannes De Monte Celion cardinál comhorba Peatair do thocht ó Roimh co h-Érind. Sęnadh mór do theaglamadh i n-a dháil co h-Áth Cliath eidir epscopaibh, p.128 ⁊ abbadhaibh, ⁊ gach gradh eccailsi, ⁊ sochaidhe do saorchlandaibh Ereann imaille friú. Ro ordaighsęd iaromh a c-caingne uile iar n-a c-cóir eittir ecclais ⁊ tuaith.
Senadh Condacht (immon cairdinal cédna) laochaibh, cléirchibh occ Ath Luain h-i cind coicthidhisi iaromh, ⁊ ro cindsęt a c-caingne febh roba techta.
Niall Ua Floinn do mharbhadh lá Gallaibh Uladh i meabhail.
Maghnus mac Diarmada Uí Lachlainn do mharbhadh lá Muircheartach Ua Néll, ⁊ Muircheartach do mharbhadh i n-a chionaidh.
Conchobhar mac Muirghęsa Uí Edhin d' écc.
Tadhg Ua Braoin tighearna Luighne Midhe d'écc.
Muireadhach mac Neill mic an t-Sionnaigh Ui Catharnaigh d' écc.
Murchadh Ua Madadháin leth toisech Sil n-Anmchadha do ghuin i n-a chęnn do shoighit ⁊ a écc tremhit.
Sluaigheadh lá Cathal Croibhdearg, ⁊ la h-Uilliam Búrc co n-a sochraide Gall ⁊ Gaoidheal h-i c-Connachtaibh otha Luimneach go Tuaim Dá Ualann, aissidhe go p.130 h-Uarán, go h-Oil Finn go Locha Cé, go mainistir Atha Da Loarg, ⁊ as iad tighe na mainistre robtar botha longpuirt dóibh.
Do-chóidh din Cathal Mac Diarmada for crech in Uibh Diarmada. Rucc Tadg mac Concobhair Maonmaighe fair. Ro figheadh eargal eatorra, ⁊ torchair Cathal.
Dala Cathail Carraigh righ Connacht tionolaidh-sidhe a sochraide, ⁊ tainic do shoighidh an t-slóigh go riacht Guirtin Cúil Luachra h-i c-comfhocraibh don mhainistir. Batar samhlaidh ucht ré h-ucht co cęnn sechtmhaine, ⁊ deabhaidh gach laoi ętorra. h-I forchęnn na ree h-isin do-dheachaidh Cathal Carrach do dhéccsin na deabhtha. Sraintear sruth-mhaidhm dia mhuintir i n-a chęnn, ⁊ tairtheas e-sęin i n-a t-trecommarcc, ⁊ ro marbhadh é, ba tria fiortaibh Dé ⁊ Ciaráin indsin. Ro marbhadh bheós An Collaidh mac Diarmada Uí Mhaoil Ruanaidh don deabhaidh-sin imaille re sochaidhibh ele. Luidh Cathal Croibdearg ⁊ Uilliam Búrc co n-a sloghaibh as a h-aithle i Muigh Luircc, i Muigh Naoi, aissidhe co h-Iarthar Connacht. Rangattar Conga Fheichin, ⁊ as innte do-rónsat an Chaiscc. Cidh tra, acht ro cogradh lá h-Uilliam Burc, ⁊ lá cloinn Ruaidhri Uí Flaithbęrtaigh feall do dhénamh for Cathal Croibhdearg, ⁊ ro shaor Dia é don chur-sin tria shlánadh na p.132 h-eaccailse baoi eatorra im dhílsi fri aroile. Tangadar muintir Uilliam Búrc iar d-tain do thobach a t-tuarasdail for Connachtaibh, lingit Connachtaigh forra-somh, ⁊ marbhait 700. dibh. Soais Uilliam co Luimneach iar sin ⁊ gabhaith Cathal Croibhdearg righe chóigidh Connacht.
Slóigheadh la h-Ualgharcc Ua Ruairc do dhul i c-Cenél c-Conaill, ⁊ ar rochtain dóibh isin c-crích Rugsat bú ⁊ gabhála. Rug Ua Domhnaill Éccneachán forra occ Leic Uí Maoil Doraidh. Feachar scaindear ętorra go raeimhedh for Uibh Briúin co n-a sochraide, ⁊ ro laadh a n-dearg-ár eitir mharbhadh ⁊ bhadhadh ba don chur-sin ro baidheadh Conchobhar na Glaisfhene.
Cenél n-Eoghain do thocht for creich n-aile i c-Cenél Conuill isin ló chętna. Do-rala ętarra ⁊ Ua Domhnaill gur ró sraoineadh for Cenél n-Eóghain ⁊ ro marbhadh Gearrmhaidi Ua Baoighealláin co sochaidhibh aile do Chenél n-Eóghain imaille fris.
Tighęrnán mac Domhnaill mic Cathail Ui Ruairc do mharbhadh la Mag Fiachrach ⁊ lá Cloinn Chathail, ⁊ an t-Eoghanach Mag Fiachrach do mharbhadh ar an láthair-sin.
In this Annal
- M1202
Aois Criosd, mile, da céd, a dó.
Muircęrtach Ua Carmacain epscop Cluana Fęrtu Brenainn do écc.
Maol Colaimm Ua Bronain aircindeach Toraighe d'écc.
Domhnall Ua Brolcháin prióir ⁊ uasal sheanóir, Saoí dearscaighthe ar chéill, ar chruth, ar dhelbh, ar mhíne, ar mhordhacht, ar chrabhadh ⁊ ar eagna, d'ég iar n-deighbhęthaidh an seachtmadh lá fichęt April.
p.134Maol Finnein Mac Colmáin seanóir toghaidhe ⁊ Conn Craibhdech Ua Flannagáin d'ég.
Domhnall Carrach Ua Dochartaigh (.i. riogh thaoiseach Árda Miodhair) do mharbadh lá muintir Baoighill iar n-argain ceall ⁊ tuath n-iomdha.
Conchobhar Ruadh mac Domhnaill Uí Bhriain do mharbhadh lá a dearbhrthair fęin ⁊ lá Muirchęrtach mac Domhnaill mic Toirrdhealbhaigh Uí Briain.
Toirrdhealbhach mac Ruaidhri Uí Chonchobhair do éludh a geimheal, ⁊ Cathal Croibhdearg dho dhenamh siodha fris, ⁊ ferann do tabairt dó. Toirrdhealbhach iaromh do ionnarbadh lá Cathal ⁊ sídh do denomh ris fo chédoir tria impidhe na n-Gall.
Domhnall mac Muirchęrtaigh Uí Maoileachlainn do écc.
Diarmaitt mac Airt Uí Maoileachloinn do mharbhadh la mac Lochlainn Uí Concobhair.
In this Annal
- M1203
Aois Criosd, mile, da ched, a trí.
An t-epscop mac Giolla Cheallaigh Í Ruaidhin epscop Cille Mic Duach do ecc.
Doire Colaim Chille do losccadh otha relecc Martain co tioprait Adhamhnain.
Mainistir do dhenamh lá Ceallach ar lár croi Ia gan nach dlighedh tar sárucchadh muintiri Ia fodhéin, ⁊ ro mhill an baile co mór. Cleirigh an Tuaiscirt do thionol co h-aoín ionadh do dhul go h-Í .i. Florent Ua Cęrbhallán epscop Thire h-Eoghain, Maoil Iosa Ua Dorigh epscop Thíre Conaill, ⁊ abb recclésa Póil ⁊ Peadair i n-Ard Macha, Amhalgaidh Ua Ferghail abb recclesa Doire, ⁊ Ainmire Ua Cobthaigh, ⁊ drong mhór do mhuintir Doire, ⁊ sochaidhe do cléircibh an tuaiscirt genmothait-sídhe. Tiagaid iaromh co h-Í, ⁊ scaoiltear leó an mhainistir p.136 rem-epertmar do réir dhlighedh na h-eccailsi, ⁊ ro h-óirdnedh an t-Amhalgaidh remhráite i n-abdhaine la tria thogha Gall ⁊ Gaoidheal.
Diarmaitt mac Muircertaigh Uí Lochlainn co n-druing do Ghallaibh do dhul ar crech h-i t-Tír n-Eoghain, ⁊ ro airgsęt Scrin Colaim Cille, ⁊ rugsat dream do Cenél Eoghain orra, ⁊ sraointer leó for Dhiarmaitt co n-a Ghallaibh, ⁊ ro marbhadh Diarmaid fęisin tria mhiorbhailibh na Scrine.
Slóigheadh la mac Hugo De Lati co n-druing do Ghallaibh Midhe i n-Ultaibh co ro díochuiredh Iohn Do Cuirt a h-Ultoibh iar c-cor chatha ęturra i n-Dun Da Lętglas, in ro marbhadh sochaidhe.
Muircertach Tethbhach mac Conchobhair Mhaonmhaighe mic Ruaidhri Uí Conchobhair do marbhadh la Diarmaid mac Ruaidhri ⁊ la h-Aodh mac Ruaidhri, .i. dá dearbráthair a athar fén ar faithce Chille Mic Duach.
Maidhm ria n-Domhnall mac Meg Carthaigh ⁊ ria n-Dęsmhumhain for Ghallaibh dú h-i t-torchrator seasccatt ar céd nó ní as uille.
Faolan Mac Faolain tighęrna Ua f-Faolain do ecc i mainistir Congalaigh.
p.138Cęnandus Ath Truim ⁊ an Droichętt Nua do losccadh.
Sitricc Teabthach Ua Ceallaigh Maine do écc.
In this Annal
- M1204
Aois Criosd, mile, dá chéd, a ceathair.
Sitriucc Ua Sruithén airchindeach na Congbhala, .i. cęnn Ua Murtele ⁊ toiseach Cloinne Snédhgile ar thotacht d'écc iar n-déigh-pęndainn, ⁊ a adhnacal isin tęmpall do-rónadh leis féin.
Iohn De Cuirt indrędhach ceall, ⁊ tuath do ionnarbadh lá mac Hugo De Lati p.140 h-i Tír Eoghain ar comairce Cenél n-Eoghain go rainicc go Carraicc Fęrghusa, ⁊ ro marbsat Goill Uladh sochaide dia mhuintir.
p.142Uilliam Búrc do indradh Connacht eitir chill ⁊ tuaith ⁊ ro dhioghail Dia ⁊ na naoimh indsin fair uair ro ég do ghalur iongnáth do badh adhnár d'aisnéis.
Muircęrtach Ua Flaithbęrtaigh tighearna iarthair Connacht do écc.
In this Annal
p.144- M1205
Aois Criosd, mile, dá chéd, a cúicc.
An t-Airdeaspoc Ua h-Einni do dhol i mainchini, ⁊ a écc fo chedóir.
Donait Ua Bęcdha epscop Ua n-Amhalgadha do écc.
p.146Saoirbhrethach Ua Doirédh oirchinneach Domhnaigh Móir, ⁊ Patraicc Ua Moghróin, d'écc.
Maghnus Ua Catháin mac tigherna Cianachta, ⁊ Fhęr na Craoibhe, tuir gaisccedh, ⁊ beodhachta an Tuaiscirt do ghuin do shoighit, ⁊ a ecc iaromh.
Mac Guillbhealaigh Uí Cherbhaill tigherna Éle do mharbhadh lá Gallaib.
Conchobhar Ua Braoin Breaghmaine do écc i n-a ailithre i c-Cluain Mic Nois.
Raghnall Mac Diarmata ticcęrna Cloinne Diarmata do écc.
Domhnall Mac Concoiccriche taoisech Muintire Sercacháin do écc.
Domhnall Ua Faoláin tighearna na n-Dęisi Mumhan do écc.
Tadhcc mac Cathail Croibhdercc do écc do ghalar en oidhche i c-Cluain Mic Nois.
Maelir mac Maelir do dul ar éccin ar Luimneach, ⁊ cogadh mór d'ęirgi p.148 eitir Ghallaibh na Midhe ⁊ Goill Maoilir trid-sin, ⁊ Cu Uladh mhac Con Mędha Uí Laeghachain taoiseach Síl Ronain do mharbhadh ar an c-coccadh-sin la Cenél Fiachach mic Néill.
In this Annal
- M1206
Aois Criosd, míle, dá chétt, a sé.
Domhnall Ua Muirędhaigh aird-fęrleighinn Doire do écc.
Maol Pęttair Ua Calmáin comharba Caindigh tuir crábhaidh ⁊ eccna tuaiscirt Ereann do écc.
Flaithbęrtach Ua Flaithbęrtaigh prióir Dhuine Gęimhin, ⁊ Giolla Patraicc Ua Falachtaigh airchindeach Dhúin Cruithne do écc.
Eiccnęchán Ua Domhnaill do dhénamh creach ⁊ marbtha i t-Tír Eoghain.
Comarba Patraicc do dhol i c-cęnd Righ Saxan do chuinghidh sochair cheall, ⁊ do chosaoid ar Ghallaibh Ereann.
p.150Tomaltach, mac Concobhair, mic Diarmata mic Taidhg tighearna Mhaighe Luircc ⁊ Airtigh, ⁊ na h-Aicidhechta en-branan Cloinne Maol Ruanaidh do écc.
Creach la h-Eccnechán Ua n-Domhnaill i n-Uibh Farannain, ⁊ h-i c-Cloinn Diarmata. Ro ghabhsat bú iomda, ⁊ ro marbhsatt daoine. Ruccsat Uí Diarmatta, Uí Fhorannáin ⁊ Uí Gairmlędhaigh orra. Ro marbhadh, ⁊ ro báidhędh sochaidhe ętorra, ⁊ ruccsat Cenél c-Conaill an c-creich fo dhęóidh iar mor-shaothar.
Ruaidhri Ua Gadhra ticcerna Slebhe Lugha do ecc.
Aodh mac Murchadha Uí Cheallaigh ticcęrna Ua Maine, ⁊ Caithniadh Ua Caithniadh tighearna Iorrais do écc.
Aodh Ua Goirmghiallaigh ticcęrna Partraighe Cęra do marbhadh lá fearaibh Cęra.
Ruaidhri Ua Toghda taoiseach na Bredcha la h-Ua n-Amhalgaidh do ecc.
Gillibert Ua Flannaccáin, ⁊ Iomhar Mac Murchaidh cách díobh dho marbhadh aroile i r-Ros Comáin.
p.152Muircęrtach Mac Carrghamhna taoisech Muintire Maoil t-Sionna do écc.
Sloiccheadh la mac Hugo De Lati co n-Gallaibh Midhe ⁊ Laighean i t-Telach n-Ócc. Ro loisccedh cealla, ⁊ arbhanna lais, ⁊ ni rucc geill náid ęidirędha Aodhae Uí Neill don chur-sin.
Sloiccheadh lasan lucht c-cedna i c-Ciannachtaib. Ro loisccsętt cealla Ciannachta uile, ⁊ ruccsat buar dirímhe.
In this Annal
- M1207
Aois Criosd, mile, da céd, a seacht.
Creach la h-Eiccnęchan Ua n-Domnaill a b-Fęraibh Manach go ro ghabhsat bú. Ruccsat Fir Manach foirlion forra, ⁊ ro marbsat Ua Domhnaill tighearna Tíre Conaill, tuir ęngnamha, ⁊ einigh an Chuiccidh i n-a ręimhęs, ⁊ torcrattar drong do shaorclannaibh ele imailli friss. Itiat na h-uaisle do-rochrattar ann, an Giolla Riabhach mac Ceallaigh Uí Baoighill, Donnchadh Conallach mac Concobhair Maonmaighi, ⁊ Mathgamhain mac Domhnaill Midhigh Uí Concobhair ⁊ laochraidh iomdha cenmothát.
Domhnall mac Fęrghail Uí Ruairc ticcęrna urmhóir Breifne do écc.
Muirędhach mac Ruaidri Uí Concobhair, ⁊ Amhlaibh Ua Ferghail taoisech muintire h-Anghaile do écc.
Diarmait Ua Madagáin tighearna Síl n-Anmchadha do écc.
Taissi Ruaidhri Ui Concobhair Rí Connacht do thabhairt a talmain, ⁊ a c-cur h-i sccrín chloiche.
p.154Cathal Croibhdhęrcc Ó Concobhair Rí Connacht do ionnarbadh Aodha Uí Fhlaithbheartaigh ⁊ a crioch do thabhairt dia mac fęin d'Aodh mac Cathail.
Coccadh mor eittir Ghallaibh Laighean fęin .i. eittir Maoilir ⁊ Seffraigh Mares, ⁊ Uilliam Marusccal gur milleadh Laighin, ⁊ fir Mumhan ętorra.
Coccadh mór fós eittir Hugo De Lati ⁊ Maoilir, go ro milleadh uile muintir Mhaoilir.
Cręch mor la Cathal Carrach mac Diarmata mic Taidhg, ar Chorbmac mac Tomaltaigh Mic Diarmata, ⁊ ar Ua f-Floinn Eassa, co ruccsat drem do Connachtaibh fair, .i. Diarmait mac Maghnusa mic Muircęrtaigh Uí Choncobhair, ⁊ Corbmac mac Tomaltaigh, Concobhar God O h-Eghra tighęrna Luighne, ⁊ Donnchadh Ua Dubhda tighearna Ua n-Amhalgadha, ⁊ Ua f-Fiachrach go ro chuirsiot cliathaidh go ro muidh for Cathal Charrach, ⁊ go ro gabhadh é fęin, ⁊ go ro dalladh, ⁊ ro marbhadh Muirghęs a mhac, ⁊ Mac Chonghránna Uí Fhlannaccáin co sochaidhibh ele.
Creach mhór la Maoilir Ócc, ⁊ la Muircęrtach Ua m-Briain, ⁊ lá Toirrdhealbhach p.156 mac Ruaidhri Uí Concobhair i t-Tír Fhiachrach Aidhne co ro airccsiot cúicc baile dhécc.
Cathal mac Ruaidhri mac an t-Siondaigh Uí Chatharnaigh tighearna Tęthba do écc.
Sluaiccheadh la macaibh Hugo De Lati ⁊ la Gallaibh Midhe go caislén Atha an Urchair go rabhattur sechtmain for mís acc forbhaisi fair go ro fháccbadh an caislén leó, ⁊ triocha chéd Fhęr c-Ceall, ⁊ go h-ionnarbadh Maoilir as in tír.
In this Annal
- M1208
Aois Criosd, mile, da céd, a h- ocht.
Dauid Brętnac epscop Puirt Lairge do mharbhadh la h-Uá b-Faoláin dona Deisibh.
p.158Creachsloiccheadh la h-Aodh Ua Neill i n-Inis Eoghain. Rucc Ua Domhnaill .i. Domhnall Mór co n-a sochraitte fair, Ro cuirędh caithiorgail ętorra in ro marbadh ár dírimhe ar gach leth. Torchair isin maidhm-sin Domhnall mac Murchadha, ⁊ ár adhbal do Chenél Eoghain imaille friss. Torcrattar i f-friothguin an mhadhma Cathbharr O Domhnaill, Fęrghal Ua Baoigill, Corbmac Ua Domhnaill, Dauid Ua Dochartaigh, ⁊ dręm do mhaithibh Chenel c-Conaill cenmothátt. Ro sraoineadh fo dęoidh tre nęrt iommbualta for Cenél n-Eoghain.
Sluaiccheadh la h-Ua n-Domhnaill (Domhnall Mór) for Chenél n-Eoghain, ⁊ for Aodh Ua Neill go rucc for cręchaibh ⁊ braighdibh an tire gur snadhmadh sídh eittir Ua n-Domhnaill ⁊ Ua Neill, ⁊ ro naidmsiot a c-carattradh fri aroile i n-acchaidh Gall ⁊ Gaoidheal no chuirfeadh i n-a n-aghaidh.
Duibhinnsi Mág Aęnghusa ticcęrna Cloinne h-Aodha Ua n-Eachdhach do mharbhadh la mac Duinn Sleibhe Uí Eochadha.
Finghin mac Diarmata mic Corbmaic Mhég Cárthaigh do mharbhadh la a braithribh fęisin.
Ualgharcc Ua Ruairc do chor a tigęrnas Fhęr m-Breifne, ⁊ Art mac Domhnaill mic Ferghail do ghabhail a ionaidh a h-ucht Gall.
Iohannes Episcopus Norbus do chor do Righ Saxan i n-Erinn dia bhęith i n-a Iustis innte, ⁊ Saxoin d' ęschoitchionnucchadh la comharba Pęttair fo daigh an epscoip do chor cum coccadh i n-Erinn, go m-báttar Saxain gan aiffrionn gan baisttędh gan ongadh, gan adhnacal inathéchta fri ré trí m-bliadhan.
p.160Muircęrtach mac Domhnaill Ui Bhriain ticcęrna Tuadmhumhan do ghabháil lá Gallaibh Luimnigh tor sarúchcadh trí n-epscop tre fhoráil Dhonnchaidh Chairbhrigh a dęrbrathar fęin.
Diarmaitt Ua Caomháin,/PS> taoisech o Tuaim Da Bhodhar go Gleóir do écc.
Amhlaibh Ua Rothláin taoisech Calraighe Chúile Cęrnatan do marbhadh la h-Ua Móráin.
In this Annal
- M1209
Aois Criosd, míle, da céd, a naoi.
Cele Ua Dubhthaigh epscop Maighe Eo na Saxan, Giolla Crist Ua Cearnaigh comhorba Condere, ⁊ Flaithbęrtach Ua Flainn comharba Da Chonna Easa Mic n-Eirc do écc.
p.162Art mac Domhnaill mic Fęrghail Ui Ruairc tighearna Breifne do marbhadh la Corbmac mac Airt Uí Maoilechlainn, ⁊ la Corbmac mac Airt Uí Ruairc, ⁊ Ualgarcc Ua Ruairc do ghabháil ticcęrnais i n-a dhiaidh.
Donnchadh Ua Fęrghail ticcęrna na h-Anghaile do ecc.
Ri Saxan do techt i n-Erinn seacht c-céd long. Is ann ro ghabhsat i n-Ath Cliath. Baoi athaidh ainnsein acc legadh sccisi an mara de iar t-torrachtain p.164 do, ⁊ tanaic o Ath Cliath go Tiopraitt Ulltain i Midhe. Do-coidh Cathal Croibhdęrcc Ó Concobhair i n-a tęch. Ro h-ionnarbadh Ualtra De Lati as in Midhe h-i Saxain. Do-choid iaramh an Ri ⁊ na maithe bai i n-a fharrad go Carraic Fęrghusa co ro dhiochuir Hugo De Lati a h-Ulltaibh h-i Saxain. Aodh Ó Néill do dhol fo thoghairm an Righ ⁊ a theacht for c-cúlaidh ghan gialladh. An Righ do bęith i bh-forbaisi for an c-Carraicc co ro faccbadh dó í, ⁊ tucc a mhuintir fęin innte. Tanaicc Ó Concobhair iaromh dia thigh budhdęin.
Do-coidh iaromh Ri Saxan go Raith n-Guaire, ⁊ tanaicc Ua Concobhair doridhisi dia soighidh, ⁊ ro bai an Ri acc iarraidh a mheic ar Ua c-Concobhair do ghiall fri comhall dó. Ni thárd Ua Concobhair a mhac uadha, acht do-rad cęthrar dia mhuintir dia chionn, .i. Concobhar God Ó h-Ęghra tighearna Luighne, ⁊ Diarmait mac Concobair Uí Maoil Ruanaidh tighearna Mhuighi Luircc, Fionn Ua Carmacáin, ⁊ Toirbheand mac righ Gall-Gaoidhel do aęs gradha Uí Concobhair, ⁊ do-chóidh an Ri go Saxain, ⁊ rucc na braighde-sin lais.
In this Annal
p.166- M1210
Aois Criosd, mile, da céd, a deich.
Goill do teacht co Caol Uiscce. Aodh Ó Néill, ⁊ Domhnall Ua Domhnaill do thionol chuca go ro marbhait leo na Goill im Henri m-Becc. Ro roinnsiot a n-ionnmhusa, ⁊ a n-édála for na sloghaibh.
Toirrdelbhach mac Ruaidhri Ui Concobhair do dhenamh creche i Muigh Luircc, ⁊ rucc lęis isin Seghais í do shaighidh Diarmatha a bhrathar. Luidh Aodh mac Cathail i n-a deadhaidh co n-deachaidh Toirrdelbhach isin Tuaisceart ar teichedh roimhe.
Braighde Connacht do thoidhecht i n-Erinn, Concobhar God O h-Ęghra tighearna Luighne, ⁊ Diarmait mac Concobhair Ui Maoil Ruanaidh, Fiond Ua Carmacáin, ⁊ Aireachtach Mac Donnchaidh.
Muircęrtach Muimhnech mac Toirrdealbhaigh Moir do ecc.
Coccadh mór do eirghe eitir Righ Saxan ⁊ Ri Brętan, teachta do thocht o Righ Saxan ar cęnd an Gaill-easpuicc, ⁊ maithe Ghall n-Ereann imon n-Gaill-epscop do dhol fo thoghairm Righ Saxan, ⁊ Riocard Diúid do fhaccbail i n-a iustis i n-Erinn, ⁊ an Iustis do thocht co h-Áth Luain ar dháigh go c-cuirfeadh a p.168 bhraithre co Luimnech, go Port Láirge, ⁊ co Loch Garman ⁊ co m-biadh fęin i n-Ath Cliath, ⁊ i n-Ath Luain. Do-rala dó gur ro thuitsęt clocha caislén Atha Luain i n-a chęnn gur bho marbh gan anmain Riocard Diuid co n-a shacart, ⁊ co n-dręim dia mhuintir immaille friss tria mhiorbhailibh Dé, Naoimh Pędair, ⁊ Naoimh Chiarain.
Clann Ruaidhri Uí Concobhair, ⁊ Tadg mac Concobhair Maonmhuighe do thocht tar Sionaind anair isna Tuathaibh, ⁊ dręm do muintir Anghaile imaille friu ⁊ ruccsat creich leo i n-ditreibh Chęineoil Dobhta. Do-thaęd Aodh mac Cathail, p.170 Croibhdeircc i n-a n-diaidh, ⁊ do-beartsat deabhaidh dia 'roile ⁊ ro mheabhaidh ar mhacaibh Ruaidhri gur ro cuireadh dar Sionainn sair doridhisi iatt iar f-faccbhail daoine ⁊ each.
In this Annal
- M1211
Aois Criosd, mile, dá ched, a h-aon n-décc.
Sitriocc Ua Laighenáin comharbha Comhgaill do ecc.
Caislen Cluana h-Eoais do dhénamh lá Gallaibh ⁊ lásan n-Gaill-espoc, ⁊ cręchshluaiccheadh do dhenamh leó i t-Tír Eoghain. Aodh Ó Néill do bhreith orra, ⁊ ro sraoineadh remhe for Gallaibh, ⁊ ro chuir a n-ár im Maoilir mac Robęrd.
Tomas Mac Uchtraigh go macaibh Raghnaill Mic Somhairlich do techt co Doire Choluim Chille foiręnn sé long seachtmoghat, ⁊ an baile do orgain ⁊ do milleadh leo. Lodar assidhe co h-Inis Eoghain, ⁊ ro mhillsęt in insi uile.
p.172Sloiccheadh la Connactaibh tria thoghairm an Ghaill-Ghaill-easpuic ⁊ Gillibeirt Mic Goisdelbhaig co h-Ęss Ruaidh, ⁊ do-ronsat caislen occ Caol Uiscce.
Ruaidhri, mac Ruaidhri, mic Toirrdealbhaigh Ui Concobhair, do marbhadh la Luighnibh Connacht.
Corbmac mac Airt Uí Maoileachloinn do buain Delbhna do na Gallaibh, ⁊ Maoileachlainn mac Airt do thabhairt madhma ar na Gallaibh do bhai ag coimhett Dealbhna, ⁊ a c-constabla Robeard Dhúncomair do marbhadh.
Cu Gaela Ua h-Eidhin do ecc.
Raghnailt ⁊ Caillech Dé dí inghin Ruaidhri Ui Concobhair do écc.
In this Annal
- M1212
Aois Criosd, mile, da céd, a do decc.
Druim Chaoin co n-a tęmpall do losccadh la Cenél n-Eoghain gan cęd d'Ua Néill.
Fęrghal Ua Catháin tighearna Ciannachta ⁊ Fhęr na Craoibhe do mharbhadh la Gallaibh.
Gillibert mac Goisdelbhaigh do mharbhadh i c-caislen Chaoil Uiscce, ⁊ an caislen fęissin do losccadh la h-Ua n-Eiccnigh.
Caislen Cluana h-Eoais do losccadh la h-Aodh Ua Neill, ⁊ la Tuaisceart Erenn.
Donnchadh Ua h-Ęidhin do dhalladh la h-Aodh mac Cathail Croibhdeirg gan cęd d'Ua Concobhair.
Maidhm Caille na c-Crann do thabairt la Corbmac mac Airt Ui Maoilęchlainn p.174 ⁊ la h-Aodh mac Concobhair Maonmaighe ar Ghallaibh dú in ro ládh a n-ár im Piarus Masan ⁊ im macaibh Sleimhne.
Donnchadh Mac Cana toisech Chenél Aonghusa do ecc.
Domhnall Ó Daimhín do mharbhadh la macaibh Még Lachlainn i n-dorus recles a Doire.
Cręch lasin n-Giolla Fiaclach Ua m-Baoighill co n-druing do Cenél c-Conaill amaille fris for araill do Chenel Eoghain baoi for comairce Uí Thairchęirt, .i. an Giolla Riabhach toiseach Cloinne Snęidhghile ⁊ Cloinne Fíngin. Rucc imorro Ó Taircęirt forra, ⁊ fęraidh deabhaidh friú ⁊ marbhthar é budhdęisin ag cosnamh a einigh.
Teach do ghabháil la Diarmait mac Ruaidhri Uí Concobair for Aodh mac Maghnusa Uí Concobhair h-i c-Cill Colmain Fhinn h-i c-Corann gur ro loisccit cuicc fir dhécc ar fhichit ann.
Maidm do thabairt do Dhomhnall mac Domhnaill Bręghaigh Í Maoilęchlainn for Chorbmac Ua Maoileachlainn dú in ro marbhadh Giolla Criosd Mac Colgan co sochaidhe ele amaille fris.
Domhnall mac Domhnaill Uí Maoileachlainn do mharbhadh ar cręich la muintir Maoilir.
Sluaiccheadh la Gallaibh Mumhan go Ros Cré go n-dearnsat caislén ann. p.176 Assaidhe go Cill Achaidh go rucc Muircęrtach mac Briain orra co n-a shloigh go t-tard deabhaid doibh. Ro loiteadh Maoileachlainn mac Cathail Charraigh gur bó marbh dia ghonaibh.
In this Annal
- M1213
Aois Criosd, mile, dá chétt, a trí decc.
Gilla na Naęmh Ua Ruadhan epscop Luighne, ⁊ Muiriccen Ua Muireccein epscop Cluana Mic Nois do écc.
Ainmire Ua Cobhtaigh abb Reclesa Doire Coluim Cille uasail clérech toghaidhe ar chrabhadh, ar chęnnsa, ar dhęirc, ar eccna, ⁊ ar gach maith archęna do ecc.
Tomás Mac Uchtraigh ⁊ Ruaidhri Mac Raghnaill do orccain Dhoire Choluim Cilli ⁊ do bhreith sheód mhuintire Doire, ⁊ tuaiscirt Ereann archęna a lár tęmpaill an Recclesa, ⁊ a m-bręith leo go Cúil Raithin.
p.178Ua Cathain, ⁊ Fir na Craoibhe do theacht go Doire do gabhail tighe ar mhacaibh Még Lachlainn. Ro marbhadh cellóir mór Recclesa Doire ętorra occa n-ęttargoire. Do-roine Dia ⁊ Coluim Cille miorbhail innsin uair ro marbhadh an fęr tionoil ⁊ toichęstail baí leo, .i. Mathghamhain Mhág Aithne i n-eneach Choluim Chille i n-dorus in duibhrecclésa.
Caislen Cuile Rathain do dhenamh la Tomas Mac Uchtraigh ⁊ la Gallaibh Uladh, ⁊ ro sccaoileadh relcce, ⁊ cumhdaighthe an bhaile uile dochum an chaislein-sin cenmothá an thęmpall.
Aodh Ua Neill do thabhairt madhma ar Ghallaibh ⁊ ro la a n-dęrcc-ár, ⁊ ro loiscceadh beós lais an Carrlongport isin ló cettna eittir dhaoinibh, ⁊ indilibh.
Donn Ó Bręisléin taoiseach Fánatt do mharbhadh da mhuintir fęin i meabhail.
Fiond Ua Brolcháin maor Í Dhomhnaill (.i. Domhnall Mor) do dhol i c-Connachtaibh do chuingidh chíosa Í Dhomhnaill. Asseadh do-choidh cettus co Cairpre Droma Cliabh. Ro tadhaill-sidhe co n-a chaoimhthectoibh do thigh an fhilidh Muiredhaigh Lęsa an Doill Uí Dálaigh, ⁊ ro ghabh for miochostadh mór frissan bh-fhilidh ar ba h-aitheach-somh a h-ucht tręóin (gion gur bo h-é a thiccęrna ro chomhairleicc do). Ro lonnaigheadh an fęr dána fris, ⁊ ro-n-gabh biail m-bithgéir i n-a laimh co t-taratt bęim n-dó go f-farccaibh marbh gan anmain. Tęitt fęisin iar sin ar iomghabhail Uí Dhomhnaill h-i c-Cloinn Riocaird. Iar na fhios-sin d'Ua Domhnaill do-ronadh léirthionol slóigh lais i n-a deadhaidh, ⁊ ní ro airis co rainicc p.180 Doire Í Domhnaill i c-Cloinn Riocaird, conadh uadh ro ghabh ainmniucchadh, ar a bheith adhaidh longpoirt ann. Ro ghabh for creachlosccadh an tíre gur bho riarach Mac Uilliam dó fó dhęoidh, ⁊ co ro dhiochuir Muirędhhach dia chomairge i t-Tuadhmhumhain. Do-thaed Ua Domhnaill i n-a dhiúidh, ⁊ geibhidh for indradh, ⁊ orccain na criche íshin co ros-athcuir Donnchadh Cairbrech Ua Briain Muirędhach uadha i n-ucht muintire Luimnigh. Ro lęn Ua Domhnaill é co dorus Luimnigh, ⁊ baí i f-forbaissi ⁊ h-i bh-foslongport ag Móin Uí Dhomhnaill conadh uadh ainmnigthęr. Ro dhiocuirsiot lucht Luimnigh Muiredhach uadhaibh for forchongra Ui Dhomhnaill co nach f-fuair a imdhidęn acht a thairbhirt ó láimh do láimh go riacht Ath Cliath Duibhlinne.
Soais Ó Domhnaill don chur-sin iar sirędh, ⁊ iar c-cor cuarta Connacht uile go h-iomlan. Do-ronadh Sloichceadh ele lais doridhise gan iomfhuireach gan fhosucchadh isin m-bliadhain céttna bhęos co h-Ath Cliath gur ba h-ęiccęn do lucht Atha Cliath Muirędhach do chor uadhaibh go h-Albain, ⁊ bai ann-saidhe co n-dęrna tęóra drechta adhmolta do chuinghidh siodha, ⁊ maithme n-anacail ar Ua n-Domhnaill, ⁊ ba h-é an treas dán dibh-sidhe, A Dhomhnaill deadhlamh fo sith, ⁊ c. Do-radadh sith dó-somh ar a adhmoltaibh, ⁊ gabhaidh O Domhnaill i n-a mhuintęras é iaromh, ⁊ do-rad forba, ⁊ fęrann do feib ro ba data lais.
Creach la Corbmac Ua Maoileachlainn for chaislen Chinn Clair go ro p.182 loiscc an badhbdun, ⁊ go raoimhidh for na Gallaibh co t-tuccadh eich ⁊ eitte iomdha uatha.
Morsluaigheadh la Gallaibh Ereann d'ionnsaicchidh Corbmaic mic Airt gur comraicsiot acc droichęt Tine. Feachar iomairęcc ętorra, ⁊ ro mheabhaidh for mhac Airt, ⁊ do-rochair Ruaidhri Ua Ciardha isin deabhaidh-sin, ⁊ ro díochuireadh mac Airt a Dealbhna, ⁊ ro h-airccędh a mhuintir. Do-chóidhsiot na Goill go h-Ath Luain, ⁊ do-ronadh caislen leó ann. Do-ronsat bęós caislen Chinneitigh, caislen Biorrae, ⁊ caislen Durmaighe.
Creach la Corbmac mac Airt i n-Dealbna co ro aircc Maoil Seachlainn Bęcc ⁊ go ro ionnarb asan tír. Ro marbh dná Uilliam Muilinn, ⁊ ro ghabh fęin tigęrnas Dealbhna.
In this Annal
p.184- M1214
Aois Criosd, mile, dá chéd, a ceathair decc.
An t-epscop Ó Ceallaigh .i. eapscop Ó f-Fiachrach do ecc.
Ardghar Ua Concobhair epscop Shíl Muirędhaigh do ecc.
Bęn Midhe inghęn Eccnigh bęn Aodha Uí Neill baintighearna Oiligh d'écc iar n-dęighbhęthaidh.
Creach do dhenamh la h-Aodh mac Maoil Seachlainn Ui Lachlainn for comorba Choluim Chille, ⁊ Aodh budhęisin do mharbhadh la Gallaibh ria c-cind bliadhna tria fhiortaibh Dé ⁊ Choluim Cille.
Cathal Mac Diarmatta mic Taidg ticcęrna Muighe Luircc, tuir ordain Connacht do écc.
Brian mac Ruaidhri Í Fhlaithbęrtaigh mac ticcęrna iarthair Connacht do ecc.
Creach criche Cairpre do dhenamh la h-Ualgarcc Ua Ruairc ar Philip Mac Goisdelbhaigh co rucc bú iomdha lais.
In this Annal
- M1215
Aois Criosd, mile, dá céd, a cuicc decc.
Dionisius Ua Longargáin airdespoc Caisil d'ecc h-i Roimh.
Conchobhar Ua h-Enne epscop Chille Dá Lua do écc ar slighidh occ tionntudh do iarsan c-cęthramhadh Comhairle Generailte bai in ecclais Lateranensis.
p.186Annudh Ua Muirędhaigh epscop Conmaicne, ⁊ Maol Póil Ua Muirędhaigh prioir Dhúine Gęimhin do ecc.
Trad Ua Maoil Fábhaill toisech Chenél Fhęrghusa co n-a bhraithribh, ⁊ co n-druing móir ele immaille friú do mharbhadh la Muireadhach mac Mormair Lęmhna.
Donnchadh Ua Duibhdhiorma toiseach na m-Brédcha do écc, i n-duibhreccles Doire.
Aongus Ua Cairelláin toiseach Cloinne Diarmata do mharbhadh la a braithribh fen.
Murchadh Mac Cathmaoil toisech Ceneoil Fhęradhaigh do écc.
Mag Cana toisech Chenél Aęnghusa do mharbhadh la a braithribh.
Ruaidhri Ua Floinn ticcęrna Dęrlais do ecc.
Gilla Cuitrigh mac Carrgamhna taoisech muintire Maoil t-Sionna d' ecc.
Giolla Caoimhgin Ua Ceallaigh Bręgh do ghabháil la Gallaibh i Mainistir Pęttair acc Ath Luain, ⁊ a crochadh leo i n-Ath Truim.
Tadhg Mac Eitigein taoiseach Cloinne Diarmata do ecc.
In this Annal
p.188- M1216
Aois Criosd, mile, da cett, a sé decc.
Mathghamain Ua Laithbęrtaigh tighearna Cloinne Domhnaill do écc.
Giolla Arnáin Ua Martain ollamh Erenn i m-breitęmhnus do écc.
Tomaltach mac Aodha mic Aireachtaigh Uí Rodhuibh do mharbhadh la Domhnall mac Aędha Mic Diarmatta.
Eachdhonn Mac Gilliuidhir comarba Patraicc, ⁊ priomhaidh na h-Ereann do écc h-i Roimh iar n-dęighbęthaidh.
Maoil Seachlainn mac Diarmata do mharbhadh d'Fearaibh Ceall, ⁊ do mhuintir Mhaoilir.
Murchadh mac Ruaidhri Uí Concobhair do écc.
p.190Caislén Chille Da Lua do dhénamh la Seafraigh Mares, ⁊ an Gaill-easpoc fós do dhénamh tighe innte ar eiccin.
An tręs Henry do rioghadh os Saxain 19. October.
In this Annal
- M1217
Aois Criosd, mile, da chéd, a secht décc.
Giolla Tighearnaigh Mac Giolla Ronain epscop Airghiall, ⁊ cęnn canánach Ereann do écc iar b-pęnnainn, ⁊ iar n-aithricche.
Diarmait mac Conchobhair Mic Diarmata tighearna Muighi Luircc do écc.
Mor inghęn Uí Bhriain, .i. Dhomhnaill bęn Cathail Croibhdhęircc do écc.
Domhnall Ua Gadhra do ecc.
Niall mac mic Lochlainn Uí Concobhair do écc.
Donnchadh Ua Maoil Brenainn taoiseach Cloinne Concobhair do écc.
Tadhg Ua Fęrghail do marbhadh la Murchadh Carrach Ua f-Fęrghail.
Giolla Patraicc Mac Acadhain taoiseach Cloinne Fęrmaighe do écc.
p.192Domhnall mac Murchadh Mhég Cochláin tighearna urmhóir Dealbhna do mharbhadh do mhacaibh Maoileachlainn Méag Cochlin i meabhail i Liathdruim.
Cathal Fionn Ó Lachtna taoiseach an Dá Bhac do marbhadh la h-Ua f-Floinn Mhaighe h-Eleocc i f-fiull i n-a tigh fęin.
Corbmac mac Tomaltaigh d'oirdnedh.
In this Annal
- M1218
Aois Criosd, mile, da chétt, a h-ocht décc.
Clemens epscop Luighne do écc.
Giolla na Naomh Ua Gormghaile Saccart Rátha Lúraigh do écc i n-a oilithre.
p.194Maoil Iosa Ua Daighre airchinneach Doire Choluim Chille do écc an t-ochtmhadh la do Dhecember iar m-bęith cęthrachat bliadhain i n-a airchindeach, ⁊ iar n-denamh gacha maithęsa for caomhnaccair do gniomh h-i c-cill ⁊ i t-tuaith.
Tęmpall Mainistre na Buille do choisreaccadh.
Muircęrtach Ua Floinn ticcęrna Ua t-Tuirtre do marbhadh la Gallaibh, ⁊ Conghalach Ua Cuinn taoiseach Maighe Lugad, ⁊ Shil c-Cathasaicch uile, tuir ghaisccedh, einigh, ⁊ oirdearcais tuaiscirt Ereann do mharbhadh la Gallaibh bheós isin ló cédna.
Ruaidhri, ⁊ Maoil Seachlainn da mhac Mhég Cochláin do écc i mainistir Chille Bęccain.
Lochlainn Ua Concobhair do écc i mainistir Cnuic Muaidhe.
p.196Creach do dhénamh la Gallaibh Midhe, ⁊ la Muircęrtach Carrach Ua f-Fęrghail ar Uibh Briúin na Sionna, ⁊ Diarmait mac Toirrdhealbhaigh mic Maoileachlainn, ⁊ dream do Chonnachtaibh do breith forra go raimhidh forsna Gallaibh go t-torcratar tuilleadh ar chéd eittir mharbhadh, ⁊ bhádhadh díobh. Do-rochair mac Uí Concobhair i f-friothguin na sgainnre go n-druing dia mhuintir amaille fris.
In this Annal
- M1219
Aois Criosd, mile, dá chéd, a naoi décc.
Aodh Ua Maoil Eóin epscop Cluana Mic Nois do bhathadh.
Fonachtán Ua Bronáin comorba Coluim Cille do ecc, ⁊ Flann Ua Brolcháin do oirdneadh i n-a ionadh isin comhorbus.
Maelęschlainn mac Concobair Maonmaighe do mharbhadh la Maghnus mac Toirrdhealbhaigh í Concobhair iar n-gabháil tighe fair i c-Cluain Tuaiscirt.
Sluaiccheadh la h-Ua n-Domhnaill .i. Domhnall Mor i n-Gairbhthrian Connacht da p.198 b-fuair braighde, ⁊ úmhla Uí Ruairc, ⁊ Ui Raighilligh, ⁊ catha Aodha Finn uile ⁊ gabhail dó iar sin tre Fhęraibh Manach go ro milleadh lais gach conair tresa t-tudhcaidh etir chill, ⁊ tuaith do neoch bai i f-fręsabhra friss.
Ualtra De Laty, ⁊ mac Uilliam Burc do theacht a Saxoibh.
Dubhdara mac Muirędhaigh Ui Maille do mharbhadh i n-gęimheal la Cathal Croibhdhęrcc i n-a longphort fęin tré n-a mhighníomhaibh.
Enda mac Danair Uí Mhaoil Chiaráin do écc.
In this Annal
- M1220
Aois Criosd, mile, da chéd, a fiche.
Iacobus do tocht i n-Erinn i n-a légaidech on b-Papa do ręidhiuccad, ⁊ d'orducchadh dal ecclastacda na h-Ereann, ⁊ a dol for c-culaibh doridhisi.
Diarmait mac Ruaidri (.i. mac Toirrdhealbhaigh Mhoir) Uí Concobhair do marbhadh la Tomás Mac Uchtraigh ag techt a h-Innsibh Gall, ar t-tionól coblaigh do Dhiarmait ag techt do ghabháil righe Connacht. Maol Ruanaidh Ua Dubhda do bhathadh ar an c-cobhlach c-cedna.
Maol Seachlainn, mac Maoil Sechlainn Bhicc do bathadh ar Loch Ribh.
Diarmait mac Briain Daill do marbhadh do mhac Mathghamhna Ui Bhriain tre mheabhail.
Sluaigheadh la Ualtra De Lacy, ⁊ laGallaibh Midhe go h-Ath Liacc go n-dęrnsat p.200 urmhór caisléin ann. Sluaigheadh ele la Cathal Croibhdęrcc tar Sionainn soir isin c-Caladh, gur gabh eccla na Goill go n-dearnsat sith le h-Ua c-Concobhair, ⁊ co ro sccaoilsiot Connachtaigh an caislén.
An Cairneach Riabhach Mhag Flannchadha, ⁊ Fęrghal Mag Samhradhain do marbhadh la h-Aodh Ua Ruairc .i. mac Domhnaill mic Fearghail, ⁊ la Cloinn Fhęrmaighe.
In this Annal
- M1221
Aois Criosd, míle, da chéd, fiche a h-áoin.
Sanct Dominic do ecc.
Corbmac ab Comair do mharbhadh.
Mac Hugo De Laci do thecht i n-Erinn do nęmhthoil Rígh Saxan, ⁊ táinig i m-báidh Aodha Uí Nell. Do-chóidhsiod ar aon i n-aghaidh Gall Ereann, ⁊ do-dheachattar p.202 cétus go Cúl Rathain, ⁊ ro scaoilsiot a caislén. Lottur iaramh i Mídhe, ⁊ i Laighnibh gur ro millsiot uile don cur-soin. Tionólaid trá Goill Ereann cęthre catha fichęt go Dealccain. Táinicc Aodh Ó Neill ⁊ mac Hugo cethre catha comhmóra i n-a n-aghaidh co t-tuccsat Goill annsinn a bhręth fęin d'Ua Nell.
In this Annal
- M1222
Aois Criosd, míle, dá chéd, fiche a dó.
An t-Epscop Mag Gelain epscop Chille Dara d'ecc.
Ailbin Ua Maol Mhuaidhepscop Fęrna d'écc.
Maoil Isa Ua Floinn prioir Easa Mic n-Erc d'écc.
Tadhg Ua Baoighill sonus ⁊ taccadh tuaiscirt Ereann, tiodhnaictheach séd, ⁊ maoine d'aos gacha dána d' écc.
Niall Ó Néll do shárucchadh Doire im inghin Uí Catháin. Ro dhíoghail Dia ⁊ Colum Cille innsin uair nír bó cian a saoghal-som dia és.
p.204Giolla Mo Choinni Ua Cathail tighearna Cheneoil Aodha thoir ⁊ thiar do marbhadh la Sęchnasach mac Giolla na Naomh Uí Sęchnasaigh iar n-a bhrath da mhuintir fén.
Mor inghean Ui Bhaoighill bęn Amhlaibh Uí Beolláin d'écc.
In this Annal
- M1223
Aois Criosd, míle, da céd, fiche, a trí.
Mail Iosa mac Toirrdhealbhaigh Uí Chonchobhair prioir Innsi Mędhoin d' ecc.
Dubhthach Ua Dubhthaigh abb Conga d'ecc.
Sloiccheadh la h-Ua n-Domhnaill (Domhnall Mór) co Cruachain Chonnacht, p.206 assaidhe h-i t-Tuathaibh Connacht, ⁊ tar Suca siar gur mhill ⁊ gur chręchloiscc gach tir gusa rainicc co f-fuair a m-braighde ⁊ a n-umhla.
Seachnusach mac Giolla na Naomh Uí Sheachnusaigh do mharbhadh do Chloinn Chiuléin, ⁊ sárucchadh na Bachla Mhoire Cholmáin Cille mic Duach uime.
Murchadh Carrach Ua Fęrghail do marbhadh d'aon urcor saighde, ag dénamh greissi ar Aodh mac Amlaoibh Uí Fhęrghuil.
In this Annal
- M1224
Aois Criosd, míle, da céd, a cęthair.
Mainistir S. Froinsiais i n-Ath Luain do thionnscnadh lá Cathal Croibhdearg Ua c-Concobhair la righ Connacht in espuccóideacht Cluana Mic Nóis ar brú na Sionna allanoir.
p.208Maol Muire Ó Connmaicespoc Ua b-Fiachrach ⁊ Cenél Aodha do écc.
Espoc Conmaicne, .i. an Gaill-espoc d'ecc.
Muirghius Canánach mac Ruaidhri Uí Chonchobhair aon bá dearscnaighthi do Ghaoidhelaibh i l-legionn, i c-canntaireacht, ⁊ a n-dénamh uérsa d'écc, ⁊ a adhnacal i c-Cunga.
Maol Caoimhgin Ua Scingin aircinneach Arda Carna d'écc.
Maoil Isu mac an Espuic Uí Mhaoil Fhaghmhair pearsún Ua b-Fiachrach ⁊ Ua n-Amhalgadha, ⁊ adhbhar espuic ar eccna, do marbhadh do mac Donnchadha Uí Dhubhda mar nar dhú dhó uair nochar mharbh neach d'Uíbh Dubhda riamh cleireach gó sin.
Cioth adhbhal adhuathmhar d'fearthain i c-cuid do Connachtaibh, .i. i t-Tir Maine i Sodain, ⁊ i n-Uibh Diarmata ⁊ c. diar fhás tedhm, ⁊ galar aidhbhsech do cęthraibh p.210 na c-críoch remraiti iar c-caitęmh an fheóir do fhliuch an cioth-sa dhóibh. Do-gniodh bheos lacht na n-inniledh-sin galraighthi inmheodhoncha go h-éxamhail do na daoinibh dho thoimledh é. Ba dethbhir na dearbairdhi-si do techt i c-Connachtaibh isin m-bliadhain-si uair ba mór an t-olc, ⁊ an t-imnedh do-rala dhóibh innte, .i. Cathal Croibdearg mac Toirrdhealbhaigh Mhóir Uí Chonchobhair, Rí Connacht, aon as p.212 mó do mhudaigh do merlechaibh, ⁊ d'easccairdibh Erenn ré h-aimsir imchęin, aon as mó ro shás do chlerchibh, bochtaibh, ⁊ aidhelgneachaibh, aon as uille inar dhoirteasdair Dia gac maith, ⁊ gach mór suailche dá t-táinic d'uaislibh Ereann a c-comfhoccus dia remhęs, óir as é ro congaibh é fén ar aon mnaoi phósda gan truailledh a ghęnmnaidheachta tar a h-éis có a bhás. As ré a linn beos as mó ro gabhadh deachmadh go dlighteach cétus i n-Erinn. An Rí fírén foircclidhi-si, ⁊ an caithmiledh condail craibtech ceirtbhręthach d'écc an t-ochtmadh lá ficęt do shamhradh (Dia Luain do shainnriudh) i n-aibíd Manaigh Léth i mainistir Cnuic p.214 Muaidhe iar n-a h-edhbairt dó budhén do Dia, ⁊ do na manchaibh roimhe-sin gu n-a fonn ⁊ fearonn, ⁊ a adhnacal innte co h-uasal onórach. A b-Purt Locha Mesca do geneadh Cathal Croibhdearcc, ⁊ a oilęmhain i n-Uibh Diarmata ag Tadhcc Ua Choin Cheanainn. Aodh Ó Concobhair a mac do gabháil righi Connacht tar a és gan cáirde uair bádar braighde Connacht ar a láimh ré n-écc a athar. As ré h-ucht gabhala righe don Aodh-sa tucc fó deara mac Ui Mannacháin do dhalladh tré éccęn mná do tabhairt, ⁊ a lámha ⁊ a chosa do bhén do neoch oile iar n-dénamh mérle dó. Do choimhéd smachta flatha innsin.
Aodh mac Conchobhair Maonmhoighi d'écc ag toidhecht ó Ierusalém, ⁊ ó Sruth Iordanén dó.
Dondchathaigh mac Airęchtaigh Uí Radhuibh toísech Cloinne Tomaltaigh d'écc i n-a oilithri acc Topur Pattraicc.
Maoil Seachlainn mac Taidhg Uí Cheallaigh tighearna Ó Maine do écc.
Giolla na Naomh Crom Ó Seachnusaigh tighearna lethe iartharaighe Cenél Aodha na h-Echtgi d'écc.
Domhnall Ó Ceallaigh tighearna Ó Maine d'écc.
Cú Cęnann Ua Coin Cęnainn d'écc.
Mathghamhain mac Cethęrnaigh Uí Cérin tighearna Ciarraighe Locha na n-Airneadh d'écc.
p.216An t-arbhar gan bhuain go Feil Brighde, ⁊ an treabhadh aga denamh do brigh an choccaidh, ⁊ na doininde.
Mainistir do thógbháil la Muiris Mac Gęrailt (ó t-tátt Gęraltaigh Cille Dara, ⁊ Gearaltaigh Dęsmumhan) i n-Eóchaill i n-eapscoboitteacht Cluana isin Mumhain do bhraithribh S. Froinsiais.
In this Annal
p.218- M1225
Aois Criosd, míle, dá céd, fiche a cúig.
Amhlaoibh Ua Beólláin aircinneach Droma Cliabh, Saoi eccna, ⁊ biattach coitchęnn d'écc.
Ua Maoil Bhrénainn ab Mainistre na Buille d'écc do bithin cuislinne do leicceadh dhó.
Maol Bríghde Ua Maiccin ab Topair Padraicc, mac oighe ⁊ eccnaidhe d'écc. As les ro tionnscnadh teampal Tobair Patraic, ⁊ ro forbaidh go n-a Shanctair, ⁊ crosaibh iar mor shaothar a n-ónóir Patraic, ⁊ Muire, Eóin, ⁊ na n-apstal.
Giolla an Choimhdhedh Mac Giolla Charraigh uasal shaccart ⁊ pearsún Tighe Baoithin d'eg.
Dionis Ó Maoil Chiarain airchinneach Arda Carna d'écc.
Giolla Coirpthe Ua Mughroin d'ecc, ⁊ a adhnacal i c-Conga Fhechín.
Coimhérghe mhór shluaigh do dhénamh lá h-Ua Néll i c-Connachtaibh do congnamh le cloinn Ruaidhri Uí Concobhair, .i. Toirrdhealbhach ⁊ Aodh tré forcongra Duinn Óig Mhécc Oireachtaigh ríogh-taoíseach Sil Muiredhaigh a n-dioghail a fearainn do bhén de d'Uu Concobhair (.i. Aodh). Acht chęna ó ro iompaidh Macc Oirechtaigh p.220 i n-aghaidh Aodha do-rónsat Síol Muirędhaigh ⁊ Iarthar Chonnacht im Aodh Ua Flaithbhęrtaigh tighearna Iartair Connacht, ⁊ Gaoidhil an chuiccidh d'ormhór coimhérgi i n-a aghaidh acht Mac Diarmata, .i. Corbmac mac Tomaltaigh. Dála Uí Néll nír h-airisseadh les go rainig lár Síl Muireadhaigh. Aisidhe go Feadha Atha Luain, go m-baoí dá oídhche ag Muilleann Guanach gur lomairccęstur Loch Nén go rucc seóid Uí Concobhair as. Teccaid aisídhe go Carn Fraich. Rioghthar Toirrdhealbhach mac Ruaidhri annsin, ⁊ téd Aodh Ua Nell co n-a muintir dia p.222 t-tighibh. (o roba tairisi lá Cloinn Ruaidhri a n-airechta budhén) acht madh aos gradha Aodha namá, .i. Mac Diarmada, ⁊ Dáuith Ua Floinn, ⁊ c.
Así comhairle ar ar cinneadh annsin le mac Cathail Croibhdeirg, dul i c-ceann Gall co cúirt Atha Luain, óir do-rala go sodhánach dó-samh maithe Gall Ereann do bhęith comhchruinn ainn-sidhe an ionbaidh-sin, ⁊ báttar caraid a n-urmór dó-samh alos a athar, ⁊ ar a shon fesin uair bá tuarustlach tiodhlaicthech iad ar aon dóibh. Fiadhaidhid Goill roimhe-simh go lúthgháirech ⁊ congbhaid ętorra é go lán gradhach athaidh iar sin. Tucc-samh an Iustís ⁊ inar lór lais do mhaithibh Gall ar chęna i n-a commbaidh annsin, Donnchadh Cairbrech Ua Briain, ⁊ Ua Maoil Seclainn go n-a sochraidibh.
Iar c-clos an comcruinnighthi-sin do lucht Moigi h-Aí, ⁊ do Thuathaibh Connacht, ro techsiod rompa i c-crich Luighne, ⁊ i t-Tír n-Amhalgaidh go n-a m-buar ⁊ innileadha, ⁊ ro faccaibhsiod meic Ruaidhri i n-uathadh socraidi. Teccaid clann Ruaidhri Uí Concobhair rompa iarom an líon báttur co Cill Cheallaigh ar cúl a m-bó ⁊ a m-buair. Imtusa Aodha go n-Gallaibh uime cuirid siortha siubhlacha uatha d'arccain aosa gráidh cloinne Ruaidhri, ⁊ congbaid trom a slóigh i n-a t-timchel re h-ionnsaigidh do tabairt orra budhén. Téd Aodh mac Ruaidhri mic Muirceartaigh, Domhnall Ua Flaithbęrtaigh, Tighearnán mac Cathail Miccárain, ⁊ mac Toirrdhealbhaigh mic Ruaidhri d'anacul coda dá n-aos graidh. Teccaid Goill im Aodh mac Cathail Croibhdheirg iar sin i t-timcheal Toirrdhealbhaigh. p.224 Iar na airiuchcadh-sin dó-samh cuiris a glasláith i rémhthús roimhe, Donn Ócc Mág Oireachtaigh go n-a anradhaibh, Flaithbheartach Ua Flannagáin, ⁊ uathadh d' amhsaibh Eoganach baoi i n-a fhochair, ordaighis iad dia n-imdídhęn i n-a n-deóidh go t-téarnadar samhlaidh ona m-biodhbadhaibh gan aon do thuitim díobh. Do-rala an lá-sin drong do siorthaibh Aodha Ui Chonchobhair i c-cęnn Eachmarcaigh Mic Branáin go n-deachaidh do chosnamh a bhóichreche orra go t-torchair Eachmarcach don anbforlann galccad baoí 'na agaidh. Leanais Aodh Ó Conchobhair go n-Gallaibh uime mac Ruaidhri an oidhche-sin go Mílecc go m-baoí teóra h-oidhche iar sin ag argain Luighne do gach leth. Bá h-iondochonaigh do-rala d'Ó Eaghra annsin. Sith do dhenamh iar ná argain tar cenn an tioruairsi do fáccbhadh da h-innilibh i l-Luighniu.
As ann báttar meic Ruaidhri mun am-sa a c-comhghar do Loch Mic Fearadhaigh i n-Glęnd na Mochart. Comairlighis Aodh ré na Gallaibh annsin na Tuatha d'ionnsaighidh dia n-argain, Síol Muireadhaigh, ⁊ Clann Tomaltaigh d'innradh mar an cedna ó do bháttar ar t-techędh roimhe. Iar c-cinneadh na comhairle-si lottar rompa i slighidh nach smuainfeadh Gall co bráth dul trempe .i. h-i b-Fiodh n-Gatlaigh go riachtsat Áth Tíghe in Messaigh gur airccsiod Cúil Cernadha iar n-dilgęnn a dhaoine dóibh. Gach ar gabh go Dubhchonga do lucht p.226 an techmhe ro báidhit a n-ormhór. As amhlaidh do-gebthi na cęscanna uas a c-cairribh lomlán do leanbhaibh iar n-a m-báthadh. Gach a t-tearna don toisc-sin díobh ó Ghallaibh, ⁊ on iombáthadh remráite lodar i t-Tír n-Amhalgaidh go n-deachaidh Ó Dúbhda fútha go nár fháccaibh aon bhó aca.
Madh iad clann Ruaidhri tra así comairle do-rónsat ag Loch Mic Fearadhaigh sgaoileadh ó aroile dóibh go sgerdís sochraide Gall ré h-Aodh. Donn Mag Oirechtaigh, ⁊ aroile dia maithibh do chor do saighidh Uí Flaitbaertaigh a f-fir comluighi ⁊ comhchodaigh. Meic Muirceartaigh Uí Concobhair, ⁊ Tighearnan mac Cathail do dul ar cúl a m-bó ⁊ a muintear, ⁊ Síth do dhénamh dóibh tar a c-cęnn go b-fágbhaidís Goill mac Cathail Croibhdeirg. As ann baoi Aodh 'mun am-soin i Moigh n-Eó, ⁊ tiaghaid meic Muirceartaigh Muimnigh i n-a chęnn ar Shlanaibh ⁊ chomaircibh.
Madh an taobh theas do Connachtaibh dana nír bó ciúin dóibh don dul-soin, uair tangadar Goill Laighęn ⁊ Mumhan im Muirceartach Ua Briain, Goill Dęsmumhan bheós, ⁊ Sirriam Corcaighe i n-a t-tréchomusc gur marbhsat a n-daoine do neoch ar a rucsat diobh, ⁊ gur ionnradar a m-bruigh ⁊ a m-bailte. Bá h-olc tra lá h-Aodh mac Cathail Croibhdheirg a t-tocht-somh don turus-sin uair ní h-é ro thóchuir iad, acht tnuth, ⁊ format dá n-gabháil fén ré gach maithęs dá c-cualadar d'fághail don iusdís go n-a Ghallaibh i c-Connachtaibh an tan-soin. As don ruathar-so do marbhaid cetre meic Méc Murchaidh ar én láthair.
Bá truacch tra an nemhshén do-dheonaigh Día don chuiccedh dob'fęrr baoi i nErinn an ionbhaidh-si, uair ní choiccleadh an mac occlaoich aroile acht gá creachadh ⁊ arccain fo n-a cumhang. Do-cuirid bheós mná, ⁊ lenimh, fainn, ⁊ fodhaoine, d'fuacht ⁊ ghorta don choccadh-sin.
p.228Iar n-dul tra do macaibh Muircęrtaigh Muimhnigh do lathair Aodha Ui Conchobhair do réir mar do ráidhęmar, do-chuaidh ar n-á bhárach go Cill Mędhóin. Comraicit trí slóigh na n-Gall annsin re 'roile, ⁊ as bęg nár bó lán an triocha céd i n-a m-battar lęth ar lęth edir Gallaibh ⁊ Gaoidhealaibh. Tainicc Aodh Ó Flaithbeartaicch ar choraibh ⁊ ar slánaibh maithe Gall, ⁊ Dhonnchadha Cairbrigh Uí Briain a cairdęsa Criosd h-i c-cęnn Aodha Uí Concobair, ⁊ an iusdís co n-dearna síth tar cęnn a bhuair, ⁊ a dhaoine ris, ar macaibh Ruaidhri d'athchor uaidh. Imtighis Aodh iar sin, ⁊ a Ghoill imaille ris co Tuaim Dá Ghualann, ⁊ leiccis Goill Laighean, ⁊ Dęsmumhan uaidh annsin. Iompaídhis fén ar c-cúla dochom Uí Flaithbęrtaigh óir níor bhó tairise lais e-sidhe, uair battar meic Ruaidhri roimhe-sin allaniar do loch aicce, ⁊ Donn Ócc Mág Oireachtaigh ar aon riú.
Annsin ro scar mac Magnusa ré cloinn Ruaidhri gur innsaigh h-i t-Tír n-Amhalgaidh ar cęnn a bhó, ⁊ a mhuintire go b-fuair iatt go sodhánach gan chreachadh gan arccain. Rucc leis iad iaramh fó dhídean Uí Ruairc, ⁊ é iar c-creachadh Pilip Meic Goisdelbhaigh.
Donnchadh Cairpreach Ua Briain daná do chuir sidhe drong dia mhuintir roimhe go n-édalaibh aidhblibh. Iar ná fios-sin d'Aodh mac Ruaidhri ⁊ d'Eoghan Ó Eidhin lodur rompa uathadh dęghdhaoine gur muidheadh for Muimhnechaibh, gor beanadh a n-edala dhíobh, ⁊ gur congbhadh braighde dá maithibh uatha. Iar na clos-sin do Donnchadh Cairbreach ticc do láthair Aodha mic Ruaidhri go n-dearna síth báitte coindel ris, ⁊ gur ghabh do laimh gan toidheacht na aghaidh doridhisi dia lécceadh p.230 a aos graidh cuige. Gidheadh ní ro chomhaill-siomh a coinghioll do mac Ruaidhri (iar b-faghail a mhuintire dhó uaidh) uair tainicc ar an céd sluaigheadh i n-a aghaidh la h-Aodh mac Cathail Croibhdheirg.
Téd Aodh ⁊ an iusdís go n-a Ghallaibh iar sin go caladh Innsi Cręmha gur béccin d'Ó Flaithbeartaicch Inis Cręmha, ⁊ Oilén na Circe go n-arthraighibh an locha do tabhairt ar laimh Aodha. Triallais an iusdís iar sin dia thigh. Ted Aodh Ó Concobhair dia iodhlacadh uidhe chian dá slíghidh gur fhágaibh an iúsdís uathadh do mhaithibh a muintire aicce imaille re h-iomad fénnedh, ⁊ fearóglaoch óir nior bhó tairisi lais Connachtaigh acht madh bęcc. Tucc-somh annsin maithe a oireachta i l-laimh Gall a n-gioll ré a t-tuarastlaibh, .i. Flaithbeartach Ó Flannaccain, Fęrgal Ua Taidhg, ⁊ aroile do maitibh Connacht, ⁊ as dóibh fén do béccin a b-fuaslaccadh.
As a h-aithle-sin iompaídhis Ua Flaithbeartaigh, meicc Muirceartaigh, ⁊ na h-uaisle archęna ar Aodh mac Cathail Croibdeirg iar n-imtecht troim-thionóil na n-Gall uaidh, ⁊ ro gabsat le macaibh Ruaidhri. Cuiris Aodh O Concobhair annsin techta ⁊ sgribhne do shaighidh an Iustís dia foillsiughadh sin dhó, ⁊ d'iarraidh fuilleadh sochraidi. Nir bhó h-aithesc fó lár dó-samh sin, uair do-freccradar p.232 Goill go soinnimh sairésccaidh é. Acht cęna ba tuillmheach dóibh-siomh an turus-sin óir fá mór a n-édala, ⁊ bá bęcc a n-imseargna. Cuirthear Goill Laighean cuigi-siomh annsin im Uilliam c-Cras, ⁊ im macaibh Griffín. Iar m-breth na sochraidi-sin air-siomh ionnsaighidh meic Ruaidhri tar Tóchar siar, ⁊ gabhais roimhe i n-Uibh Diarmata mar a c-cuala meic Ruaidhri do bhęith gan líon sochraide, uair ní rangattar a lucht combádha iad mun am-soin, ⁊ cuiris Fedhlimidh a bhrathair, ⁊ aroile do mhaithibh a mhuintire, ⁊ sochraide mór do glasláthaibh Gall d' ionnradh Eoghain Uí Edhin i n-Uibh b-Fiachrach Aidhne co m-bádar adhaigh longpuirt i n-Ard Rathain fa comair na tíre d'arccain a mucha na maidne ar c-cionn.
Foillsightear d'Ua Flaithbeartaigh, ⁊ do macaibh Muirceartaigh (badar ag ionnsaighidh mac Ruaidhri) Goill do dhul do creachadh a b-fir comluicche, Eoghan Ó h-Eidhin, ⁊ a m-beth a n-Ard Rathain, nír failliccheadh sin riu-somh oir do-lęnsat iatt d'én-toil ⁊ d'én-aontaidh go rangadar i c-comhfoccus dóibh. Do-ghníad comarle ré 'roile annsin, .i. Tuathal mac Muirceartaigh, ⁊ Taiclech Ua p.234 Dubhda go n-dirim amaille riú do chur do shoighidh an baile cetus Ua Flaithbeartaigh ⁊ mac Muirceartaigh iman m-baile sechtair gu n-a sochraidibh. Luidh Tuathal, ⁊ Taichleach go n-a b-fianlách go męnmnach meardhána i t-trecommusc Gall isin m-baile go t-tucsat tiugh fhuabairt bhiodhbaidh orro. Maidhtear for Ghallaibh soir ⁊ siar as a h-aithle. Lęnait-siomh aos na madhma soir. Loitis Tuathal constapla na n-Gall dá ced fhurgamh. Athghonais Taichleach é gur fagbhadh an consdapla gan anmain de sídhe. Dála na n-Gall ar ar muidheadh as an m-baile don taoibh araill ro eirigh Ua Flaithbeartaigh, ⁊ mac Muirceartaigh doibh. Gidheadh tarla dainshén daibh-sidhe gur bhriseattar Goill orra fó cedóir. As don toisc-sin do marbhadh Matghamhain mac Aodha mic Conchobhair Maonmaighe, Giolla Criosd Mac Diarmada, Niall mac Fearghail Ua Thaidhg, ⁊ c. Acht chęna ro marbhadh an fear ro mharbh Niall Ó Taidhg, .i. brathair Cholén Uí Dhíomusaigh.
Dala mac Ruaidhri conidrecaid ar a bharach re h-Ua f-Flaithbeartaigh, ⁊ risan c-cuid oile dá n-aos comtha go t-tangatar rompa a n-deas go Druim Cęnannáin. Luidh Aodh mac Cathail Croibhdeirg go n-a Ghallaibh i n-a n-diaidh. Comairlightear ag aireachtaibh cloinne Ruaidhri annsin gach aon diobh do saighidh a męnnata fesin, ⁊ do-gníat samhlaidh acht Donn Ócc Mag Oirechtaigh namá. Cidh tra acht iar f-fágbháil na ruireach, .i. cloinne Ruaidhri Uí Concobhair annsin i n-uathadh sochraide lodar do shaighid Aodha Uí Nell, ⁊ Donn Mág Oireachtaigh imaille riú.
Ionnsaighis Aodh mac Cathail Croibhdeirg Ua Flaithbeartaigh annsin go t-tuc gell, ⁊ edireadha uaidh. Tainic roimhe iaramh go Cill Meadhóin, ⁊ go Moigh n-Eó i n-diaidh mic Muirceartaigh, ⁊ Tighęrnáin mic Cathail Miccarain go n-dearnsat síth tar cęnn a m-buair ⁊ a muintire, ⁊ go n-deachsat do lathair p.236 Aodha Uí Conchabhair ar slánaidheacht Donnchadha Cairbrigh, ⁊ maithe na n-Gall. Ba cumhsanadh na ionam-sin uair ní raibhe cill na tuaith i c-Connachtaibh an tan-soin gan lot ⁊ láinmhilledh.
Tedhm diofhulaing do teccbháil i c-crích Chonnacht an ionbhaidh-si, .i. treabhlaid trom thęsaighthi gur folmaigheadh mór m-bailte dhi gan elaidhthech bętha d'fágbháil ionnta.
Flann mac Amhlaoibh Uí Fhallamain toisech Cloinne h-Uadach do mharbhadh d'Fedhlimidh mac Cathail Croibhdeirg don coccadh-sin. Tadhg Ua Fínnachta fear gráidh d'Aodh mac Ruaidhri do mharbhadh lá muintir Méc Aodhagáin isin coccadh cedna.
Amlaoibh mac Fearcair Uí Fhallamhain toisech a dúthchusa fén dob'fearr don cenel da m-boi do ecc.
Muireadhach Ua Fínnachta toísech Cloinni Murchadha d'écc i n-arthrach ar Loch Oirbsion, ⁊ é slán ag dol inn.
Teach do ghabháil for Concobhar mac Taidhg Uí Cheallaigh (tighęrna Ua Maine) ⁊ for Ardghal a bhrathair lá macaibh Taidhg Uí Cheallaigh, ⁊ a losccadh ann ar aon.
Duarcán Ó h-Ęghra, Tadhg Ó h-Ęghra, ⁊ E´daoín inghean Diarmata mic Domhnaill Uí Eghra d'écc.
p.238Muimhnigh ⁊ Goill do dhul fo Tearmann Caolainne, ár na n-Gall do cor don toisc-sin tre feartaibh Dé ⁊ Caolainne.
An t-arbhar gá bhuain a h-aithle na Féli Bríghde.
In this Annal
p.240- M1226
Aois Criosd, míle, da chéd fiche a sé.
Donum Deiepscop na Midhe do écc.
Connmach Ua Tarppa espoc Luighne do écc.
Aodh mac Duinn Uí Sochlacháin aircinneach Conga, Saoi channtaire, Sccribnigh, ⁊ cheard n-examhail e-sidhe do écc.
Matha Ua Maoil Moicherghe do ecc.
Tighearnán mac Cathail Miccarain mic Toirrdhealbhaigh Mhóir Ríoghdamhna bá mó eneach, ⁊ eangnamh, ⁊ as mó do-rinne do n-ęithibh suaithęnta sodáanacha tainic dá cinidh ré h-aimsir e-sidhe, do mharbhadh do Dhonnchadh Ó Dhubha ⁊ dá chloinn.
Nuala inghęn Ruaidhri Uí Conchobhair baintighearna Uladh d'écc i c-Conga Fechin, ⁊ a h-adhnacal go h-onórach i t-teampall canánach Conga.
Domhnall mac Ruaidhri Uí Flaithbeartaigh do mharbhadh do mhacaibh Muircęrtaigh Uí Fhlaithbeartaigh iar n-gabháil tighe fair dóibh fęn, ⁊ d'Fedhlim mac Cathail Croibhdheirg.
Fearghal Ua Taidhg an Teaghlaigh, toisech teaghlaigh Cathail Croibhdheirg, ⁊ Aodh mac Cathail do mharbhadh lá Donn Slebhe Ó n-Gadhra.
Aodh mac Domhnaill Uí Ruairc do marbhadh do Cathal Ó Raghailligh ⁊ do Chonchobhar mac Corbmaic Uí Maoil Ruanaidh ar Loch Aillinne.
Muirghęs Mac Diarmata do mharbhadh.
p.242Caislén Cille Móire do leaccadh lá Cathal Ó Raighilligh.
Aodh mac Cathail Croibhdeirg do ghabháil Aodha Uí Fhlaithbęrtaigh, ⁊ a tabairt i láimh Ghall.
In this Annal
- M1227
Aois Criost, mile, dá céd fiche, a seacht.
Concobar mac Neill Uí Chatharnaigh do mharbhadh la h-amhsaibh Laighneach ro baoi i fochair Righ Connacht.
Enrí Ua Maoileachloinn ⁊ Muircęrtach Ua Maoileachloinn do mharbhadh la Galloibh.
Maol Seachlainn Ua Conchobhair Fhailghe do mharbhadh lá Cuilén Ua n-Díomusaigh.
Giolla Coluim Ua Maoil Muaidh do mharbhadh la h-Ua Mórdha.
Goill Ereann do comhcruinniucchadh go h-Áth Cliath. Aodh mac Cathail Croibdeirg Ri Connacht do thóchuireadh dóibh. Iar n-dul dó dá saighidh ro thionnscainsiod fealladh fair. Uilliam Marusccál a fhear caradraidh do thocht chuicce go n-a sochraide, ⁊ é da breth d'aimhdheoin Gall as lár na cúirte amach, ⁊ a iodhlacadh dhó go n-deachaidh i c-Connachtaibh.
Aodh mac Cathail Croibhdheirg do dhénamh coinne iar sin ag Lathaigh Caíchtuthbil ré h-Uilliam Mares mac Seafraidh .i. iustis Erenn, ⁊ ní dheachaidh-siomh tar p.244 Lathaigh anonn acht mhadh uathadh deaghdhaoine, .i. Corbmac mac Tomaltaigh, Diarmaid mac Maghnusa, Magnus mac Muircęrtaigh Uí Chonchobhair, Tadhg mac Mathghamhna Uí Cherin, ⁊ Ruaidhri Ua Maoil Bhrénainn. Uilliam Mares do theacht ochtar marcach i n-a comdhail. O do-chuimhnigh Ó Conchobhair an fheall rémraite erghis i c-coinne na n-Gall, gresis a muintir fótha ionnsaighidh fén Uilliam Mares gur ghabhastair é fó chédóir. Ciodh iad a mhuintir ann ro fhreaccairsiod greasacht Uí Concobhair ro lęiccsiod fo na Gallaibh iad gur moidhsiod orra, marbhaitt Constapla Atha Luain, gabhaid Maighisdir Slemhne ⁊ Hugo Airddin. Cuiris Aodh na Goill-sin i m-braighdęnus tar Lathaigh suas. Luidh roimhe go n-a shocraide as a h-aithle gur airgęsdair margadh Atha Luain, ⁊ gur loiscceastair an baile go h-iomlán. Bá gniomh sochair do Chonnachtaibh an gniomh-so, óir fuair-siomh a mac, a inghean, ⁊ braighde Connacht ar cheana battar ar lamhaibh Gall do comhfhuasgladh as na braighdhibh rémraite genmótá Síth d'fagail d'fearaibh Connacht.
Donn Slébhe Ó Gadhra tighearna Slébhe Lugha do mharbhadh don Ghiolla Ruadh mac a dearbrathar fén iar n-gabáil tighe i n-oidhche fair, ⁊ an Giolla Ruadh do mharbhadh inn iar sin tré imdeall Aodha Uí Conchobhair.
Aodh mac Ruaidhri Uí Concobhair, ⁊ mac Uilliam Búrc do thoidhecht slógh lanmór i t-Tuaisceart Connacht gur loiscsiot Inis Mędhóin gur airccsiod an críoch i t-tanigadar, ⁊ gur ghabhsat a braighde.
Sluaigeadh lá Seafraidh Mares ⁊ la Toirrdhealbhach mac Ruaidhri Uí Concobhair p.246 i Magh Aoí go n-dearnsat caislén i r-Rinn Dúin, ⁊ gur gabhsat braighdi Sil Muirędhaigh.
Aodh mac Cathail Croibhdeirg do dhul i t-Tir Conaill docum Uí Dhomhnaill, ⁊ a iompódh bu dheas doridisi, ⁊ a bęn do thabhairt les. Meic Toirrdhealbhaigh do teccbháil cuicce a c-comfoccus na Sęghsa, a bhęn ⁊ a eachraidh do bhén de, ⁊ an bęn do chor i l-laimh Gall.
Sluaiccheadh oile lá Toirrdhealbhach bheós, ⁊ lá Gallaibh Midhe i n-Iarthar Connacht co n-dearnsat creach mór ar Aodh mac Ruaidhri Ui Flaithbhęrtaigh. A n-dul aisídhe i c-crich Ceara, ⁊ braighde mac Muirceartaigh do gabháil doibh, ⁊ nuimhir do buaibh feolmaigh as cech triocha céd do Toirrdhealbhach uatha.
Cúmara O Domhnalláin do marbhadh i n-gemil la Ruaidhri Mac Duinn Shlebhe a n-diogail a athar.
Brian mac Concobhair Uí Diarmata do marbhadh.
Caislén Atha Liacc do dhénamh la Sefraidh Marés.
In this Annal
- M1228
Aois Criost, mile, da chéd, fiche a h-oct.
Aodh mac Cathail Croibdeirg Uí Choncobhair rí Connacht do mharbhadh h-i c-cuirt Seffraidh Máres tre meabhail ar aslach Gall iar n-á dhíochur do Chonnachtaibh.
p.248Coccadh mor do eirghe h-i c-Connachtaibh etir da mhac Ruaidhri Ui Conchobhair, .i. etir Aodh ⁊ Toirrdhealbhach, iar marbhadh an Aodha remraite, ar ní thucc an mac bá só umhla don mac ba sine gur millseat Connachta eatorra ⁊ ro fásaigheadh leó ó Eass Dara co h-abhainn Ua f-Fhiachrach fo dhęs acht madh beacc h-i Sleibh Luccha, ⁊ Lucht Airtigh nama.
Niall mac Congalaigh Uí Ruairc tighearna Dartraicche, ⁊ Cloinne Fęrmaighe do mharbhadh lá dá mhac Airt mic Domnaill Uí Ruairc, .i. Art ⁊ Amhlaoibh. Amhlaibh Gęrr mac Néill mic Conghalaigh do mharbhadh h-i fothraccadh lá h-Amhlaibh mac Airt cédna.
Fęrgal mac Sitriucca Uí Ruairc do mharbhadh la macaibh Néll mic Conghalaigh Uí Ruairc.
Muirchęrtach mac Flaithbeartaicch Uí Fhlannaccáin do mharbhadh la macaibh Taidhg Uí Gadhra.
Aodh mac Donnchaidh Uí Fearghail do mharbhadh lá h-Aodh mac Amhlaoibh Uí Feargail.
Dauid Ua Floinn taoiseach Shil Mhaoil Ruain, ⁊ Ruaidhri Ua Maoíl Bhrenainn d' écc.
Riocard mac Uilliam Burc do thecht ó Righ Saccsan i n-a iustís i n-Erinn.
Aodh mac Ruaidhri Uí Concobhair do gabhail righe Connacht do ręir thoccha an Iustís go maithibh Connacht ar bélaibh Toirrdhealbhaigh a bráthar fá sine inas.
p.250Maol Seachlainn mac Toirrdealbhaigh mic Ruaidhri Uí Choncobhair do mharbhadh lá h-Aodh ri Connacht.
Gorta diofhulaincc i c-Connachtaibh tri coccadh cloinne Ruaidhri. Ro h-airccitt cealla ⁊ tuatha. Ro dhiochuirit a clerigh ⁊ a h-ollamain h-i c-críochaibh cianaibh comhaightibh, ⁊ at-bath cidh araill dibh d'fuacht ⁊ do ghorta.
Dauid Ua Floind taoiseach Sil Mhaeil Ruain do ég.
Aédh mac Donnchaidh Uí Fęrghail do marbhadh la h-Aedh mac Amhlaoibh Uí Fhęrghail.
In this Annal
- M1229
Aois Criost, mile, da ched, fiche a naoí.
Maineistir S. Franseis h-i c-Corcaigh do thogbháil la Mag Carthaigh Mór, Diarmaitt.
Muirędhach Ua Garmghaile prióir Innsi Mic n-Érin saoi Chonnacht h-i c-crabhadh ⁊ i n-eccna d' ecc.
Diarmait Ua Fiaich abb recclesa Gilla Mo Laisi Uí Giollarain Thuaim d'écc, ⁊ a adhnacal i n-Ard Charna.
p.252Diarmait Mac Giolla Charraigh, airchinneach Tighe Baoithin, ⁊ uasal shacart d'écc. A adhlacadh i Mainistir na Trinoide iar n-á bhuain amach ó cheart do na cananchaibh, do mhanchaibh Mainistre na Buille, ⁊ boí sidhe trí h-oidhche gan adlacadh ar badar na manaigh ag á fhosdadh i n-a mainistir feisin.
Girard Ua Catháin cananach dob' eccnaidhe ro bhaoi don ord chananach d'écc.
Duibheasa ingean Ruaidhri bean Cathail Mic Diarmata do écc i n-a cailligh duibh.
Diarmaid Mag Carthaigh tighearna Dęsmumhan d'écc.
Dionis Ua Mórdha epscop Shíl Muiredhaigh do treccedh a espuccóide ar Dhia.
Lochlainn Ua Manncháin do mharbhadh lá dearbrathair a athar.
In this Annal
- M1230
Aois Criost, mile, dá chéd, triocha.
Florent Ua Cęrbhalláin epscop Tíre h-Eoghain, uasal shęnoir toccaidhe d'ecc iar se bliadhnoibh ochtmogat a aoisi.
Giolla Iosa Ua Cléirigh epscop Luighne, Ioseph Mac Techedainepscop Conmaicne, Mac Raith Mag Serraigh epscop Conmaicne, Rool Petit epscop na Midhe Riaglóir tocchaidhe, ⁊ milidh Criost, Giolla Coimdeadh Ua Duilennáin comharba Feichin, ⁊ ab reicclésa cananach Eassa Dara, Muirędhach Ua Gormghaile prióir Innsi Mic n-Erin, Maol Muire Ua Maol Eóin comarba Ciaráin Cluana Mic Nóis, Giolla Cartaigh Ua h-Eilgiusáin canánach ⁊ angcoire, Donn Slebhe Ua h-Ionmainen manach naomhtha ⁊ ard-maighistir saoir Mainistre na Buille d'écc.
p.254Maol Sechlainn Mac Fir Edind uasalsaccart ⁊ maighistir leighinn d'écc i n-a nouist mhanaigh i Mainistir na Buille.
Sloicceadh la h-Ua n-Domhnaill (Domhnall Mor) h-i c-cuicceadh Connacht i nd-aghaidh Aodha mic Ruaidhrí í Choncobhair baoi h-i f-frithbhęrt fris co ro mhill Magh Naoí, ⁊ morán don tír, acht ar a aoí ní ro ghiallsat clann Ruaidhri don dul-sin.
Sloiccheadh la mac Uilliam Búrc i c-Connachtaibh gur milleadh morán do Connachtaibh lais, ⁊ ro marbhadh Donn Óg Mag Oirechtaigh, ⁊ Eichtighearn mac an p.256 Bhręithęmain í Mhionachain ⁊ sochaidhe oile nách áirimhthęr, ⁊ ro h-ionnarbadh (tria anfforlann) Aodh mac Ruaidhri Rí Connacht lá mac Uilliam, ⁊ lá Gallaibh don chur-sin go h-Aodh Ua Néill tre iompúdh dhó ar Ghallaibh, ⁊ ro ríoghadh Feidhlim mac Cathail Croibdęircc lá mac Uilliam.
Aodh Ó Néill tighearna Tire h-Eogain ríogdamhna Ereann uile, cosnamhthach Lethe Cuinn ré Gallaibh Ereann, ⁊ ré Leth Mogha Nuadhat. Fęr ná tucc geill, eitęrędha, ná cíos do Ghall na do Ghaoidheal, fęr do-rad madhmann, a ⁊ ára móra mence for Ghallaibh. Airctheoir Gall ⁊ Gaoidheal. Fęr ro triall ionnsoighidh Ereann uile d'écc gen gur saoíleadh bás n-aile d'faghbháil dó acht a thuitim lá Gallaibh.
Art mac Airt Uí Ruairc do marbhadh lá Raghnall Ua f-Find i meabhail.
Maol Seachlainn Ua Mannacháin do mharbhadh la a bhraithribh.
In this Annal
p.258- M1231
Aois Criost, mile, da chéd triocha, a h-áon.
Dionis Ua Mordha epscop Ail Finn do criochnuccadh a bęthadh i n-Oilen na Trinóide ar Loch Cé an .15. do December ⁊ Donnchadh Ua Conchobhair d'oirdneadh 'na ionadh.
Flann Ua Connachtaigh epscop Ua m-Briuin Breifne d'écc.
Stefán Ua Braoin aircinnech Maighe Eó d'ecc.
Célechair Ua Dobhailénaircinnech Camcha fear dercach, craibdeach, eccnaidhe, ernaighthech d' ecc.
Fethfoilge inghęn Chonchobhair Mic Diarmata bęn Muirceartaigh Muimhnigh mic Toirrdhealbhaigh Mhóir d'ecc. Mathair-sidhe Maghnusa mic Muircertaigh, Chonchobhair Ruaidh, Thuathail, ⁊ Thoirrdhealbhaigh shaccairt, ⁊ prióir recclesa Peadair ⁊ Póil.
Dubh Cobhlaigh inghęn Conchobhair Mic Diarmata d'écc i Mainistir na Búille.
Flaithbęrtach Ua Flannaccáin taoiseach Cloinne Cathail Meic Muirędhaigh Muillęthain d'écc i n-a oilithre i Mainistir na Búille. Dubh Thęmhrach inghean Uí Chuinn bęn an Flaithbeartaigh hisin d'écc.
Ualgarcc Ua Ruairc tighearna Breifne d'écc i n-a ailithre ar slighidh an t-Srotha.
Giolla Iosa Mac Samhradhain tighearna Teallaigh Echdhach, ⁊ Duindín Ua Maol Conaire Ollamh Síl Muirędhaigh Muillętain d'écc.
p.260Conchobhar Gott Ua h-Ęghra tighearna Luighne d' écc.
Slóiccheadh lá Domhnall Ua n-Domhnaill tighearna Tíre Conaill, ⁊ lá h-Aongus Mac Gille Fhinnéin co sochraide Fhear Manach do shaighidh i Raighilligh Chathail. Ruccsat loinccęs leó for Loch Uachtair, ⁊ ro airccsęt Eó Inis. Tucsat ariar lá taobh seód maoíne ⁊ ionnmus an baile uile leó.
Feidhlimidh mac Cathail Croibhdeirg do ghabhail la mac Uilliam Búrc i Míliucc tar slánaibh maithe Gall Éreann.
In this Annal
- M1232
Aois Criost, míle, dá chéd, triocha, a dó.
Fachtna Ua h-Allgaith comhorba Droma Mucadha, ⁊ oificel Ua f-Fiacrach fęr tighe aoidhędh, lęighinn, ⁊ lubhra, ⁊ lęsaighthe truagh do écc.
Tempall Cille Móire i t-Tír Briúin na Sionna do choisreccadh lá Donnchadh p.262 Ua Conchobhair epscop Ailfinn, ⁊ canánaigh do dhénamh isin m-baile cedna lá Conn Ua Flannaccain baoí 'na príoir ann.
Tiopraitte Ua Braoin comhorba Commáin saoí cléircechta, sęncusa, ⁊ bręithęmhnassa d'écc i n-Inis Clothrann i n-a ailithre.
Aodh mac Amhlaoibh mic Domhnaill Uí Fearghail toiseach muintire h-Angaile do losccadh ar Inis Locha Cúile lá cloinn Aodha Ciabhaigh mic Murchadha Uí Ferghail iar c-caithęmh naoí m-bliadhan i t-toisighecht na h-Angaile d' ęis Murchaidh Carraigh í Fergail.
Maghnus mac Amhlaibh mic Taidhg Mic Maol Ruanaidh caindel einigh, eangnamha, ⁊ crabhaid d'écc.
Donnchadh mac Tomaltaigh Meic Diarmada saoí ar eineach, ⁊ ar ęngnam, lettroman Connacht do ecc isin Aicidecht.
Conchobhar mac Aodha mic Ruaidhri do éludh ó Gallaibh, ⁊ clanna toíseach Connacht do thionól i n-a thimcheall ⁊ a n-dol isna Tuathaibh ar ionnsaighidh. Ro marbhadh tra ei-siomh lasna Tuathaibh, ⁊ Giolla Ceallaigh Ua h-Ęidhin, Giolla Criost mac Donnchadha Mic Diarmada, ⁊ sochaidhe amaille friú. As é an lá-sin ro ghealsat na Tuatha na samhthacha uile, an tan at-rubhradh fear samthaighe gile do mharbhadh meic Aodha.
Righe do thabhairt d'Aodh mac Ruaidhri lá mac Uilliam Búrc doridhise, ⁊ sith do dénamh dhó ris iar n-gabháil Fęidhlim mic Cathail Croibhdeirg dó.
p.264Caislén Bona Gaillme do dhenamh lá Riocard De Burchc, ⁊ caislén Dúin Iomgáin do thindscęttal lá h-Adam Sdondún.
Giolla na Naomh Ua Dálaigh saoí ré dán, ⁊ lé tęgh aidheadh coitcęnn do congbáil do thruachcaibh ⁊ do thrénaibh d' écc.
Mael Eóin Bodhar Ua Maol Conaire do gabhail Cluana Bolcáin.
Fęidhlimidh mac Cathail Croibdeirg do léccadh amach lá Gallaibh.
Conchubhar mac Neill Uí Gairmlędhaigh toiseach Cenel Moain d' écc.
Sloigheadh lá Domhnall Ua Lachlainn tighearna Tíre h-Eoghain co n-Gallaibh, ⁊ co n-Gaoidhealaibh i t-Tír Chonaill dia ro mhill mór h-i f-Fánait, ⁊ tuc braighde Domhnaill Uí Bhaoighill, ⁊ Uí Tairceirt lęis.
Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill i t-Tír Eoghain co riacht Tulach n-ócc dia ro mharbh bú iomdha dia ro loisc arbhanna, ⁊ dia ro milleadh moran, ⁊ tainic ar cúla co cosccrach.
Midbech ⁊ Ęaghinis do orccain lá Cinél Eoghain uair do-rochtattar a p.266 loingęs an dú-sin, ⁊ do-rala dręm do Cenél Conuill im mac Neill Uí Domhnaill chuca, ro ladh ár na loingsi lais, ⁊ ro marbhadh-somh feisin h-i f-friothguin.
Giolla na Naęmh Ó Dálaigh saoi i n-dan d' écc.
In this Annal
- M1233
Aois Criost, míle, dá chéd, triocha, a trí.
Goffraigh Ua Daighre airchinnech Doire Colaim Cille d'ecc.
Maol Iosa Ua Maonaigh uasal shaccart nó ghabhadh a psaltair gach laoi acht Dia Domhnaigh namá do écc.
Donncathaigh airchinnech> Achaidh Fobhair fęr ręidhighthe gacha cúisi, ⁊ gacha caingne, fęr co n-airmidin, ⁊ co n-onóir d'ecc an .15. do Dhecember.
Slóighead lá Feidhlimidh mac Cathail Croibhdeirg i c-Connachtaibh, ⁊ do-dheachaidh Corbmac mac Tomaltaigh (tighearna Maighe Luirg) i n-a dhail, ⁊ tuc les i Maigh Luircc é. Do-rónadh longport leó occ Druim Gregraighe. Baoi Corbmac, Conchobhar a mhac, ⁊ na trí Tuatha, dá mhac Muirchęrtaigh Meic Diarmada, .i. Donnchadh, ⁊ Muircęrtach i n-a fharraidh annsin. Así comairle do-rónsat dol i n-diaidh Aodha (righ Connacht), ⁊ cloinne Ruaidhri ar chęna. Iar n-dol dóibh i n-a n-dóchum, ro sraoíneadh for Aodh mac Ruaidhri ro marbhadh é féin, ⁊ Aodh Muimhnech p.268 a dearbhrathair, ⁊ a mhac, ⁊ Donnchadh Mór mac Diarmada mic Ruaidhri, ⁊ ile oile cęnmhothát. Ro marbhadh ann dana Raghallach Ua Flannagáin, ⁊ Tomás Biris constapla na h-Ereann, Eoan a brathair, Eoan Guer, ⁊ Gaill iomdha ele bheós iar m-buain clog ⁊ bachall, iar n-denamh easccaoine ⁊ bathadh coindell do cleirchibh Connacht orra uair ro sharaigh ⁊ ro slatt Aodh Muimhneach Teagh Baoithin, ⁊ cealla iomda ar cęna gur ro thuitsęt féin i n-enech na naomh isa cealla ro sháraighsęt. Ro bęnadh ríghe, ⁊ cęndus Condacht do cloinn Ruaidhri mic Toirrdhealbhaith isin ló-sin. Gabaidh Fedhlimidh mac Cathail Croibdeirg righe Connacht iar t-tain, ⁊ na caisleín do-rónadh lá neart cloinne Ruaidhri Uí Conchobhair, ⁊ mic Uilliam Búrc do sgaoileadh lais iad, .i. Caislén Bona Gaillmhe, Caislen na Circe, Caislén na Caillighe, ⁊ Caislén Dúin Iomgain.
Slóiccheadh lá h-Uilliam mac Hugo De Lathi (ingęn Ruaidhri Uí Conchobhair a mathair-sidhe), ⁊ lá Gallaibh Midhe amaille fris isin m-Breifne i n-dócum Cathail Uí Raghallaigh co n-dearnsat creacha móra. Ruccsat imorro drong do muintir Ui Raghallaigh for Uilliam De Laci, ⁊ for mhaithibh an t-slóigh i n-deóidh na c-creach tuccsat tachar dia 'roile, marbhthar ann Uilliam Brit, ⁊ drong do maithibh Gall ar aon ris. Ro gonadh Uilliam De Laci co sochaidhibh oile. Soaitt as an tír gan giall gan eittere. Do-cear Uilliam De Laci ⁊ Serlus mac Cathail Gaill Uí Concobhair, Feórus Fionn mac na Gaill-rioghna, ⁊ Diarmaid Bearnach Ua Maoil Seclainn do na gonaibh do-radadh forra in iomairecc Móna p.270 Crann Chaoin. Niall Sionnach Ua Catharnaigh tighearna Fear Teathbha do ghuin isin amus cedna, ⁊ a écc i n-a tigh iar n-dénamh a thiomna, ⁊ iar n-a ongadh.
In this Annal
- M1234
Aois Criost, mile, dá céd, triocha, a cęthair.
Aongus Ua Maol Foghmhair epscop Ua f-Fiachrach, Giolla na Naomh mac Airt Uí Braoin aircinneach Rosa Commain, Maol Iosa mac Daniel Uí Gormgaile Prióir Innsi Mac n-Erin, Maol Peadair Ua Carmacáin maigistir Rosa Comáin, ⁊ Giolla Iosa Ua Gibellain manach ⁊ anchoire Oiléin na Trinoide d'écc.
Domhnall mac Aodha Í Néill tighearna Cenél Eoghain, adhbhar rígh Ereann do mharbhadh la Mag Laclainn .i. Domhnall ⁊ lá Cenél Eoghain fodhein, ⁊ Domhnall do gabháil tighearnais.
Aonghus Mac Gille Findein tighearna Locha h-Ęirne do iompudh ar Ua n-Domhnaill, ⁊ a dhol ar creich i t-Tír Conuill, ⁊ Ó Domhnaill, .i. Domhnall Mor, do bręith air, ⁊ a mharbhadh a n-dioghail Eiccneacháin.
Aodh Ua h-Ęghra tighearna Luighne do mharbhadh lá Donnchadh mac Duarcáin Í Eagra (iar losccadh tighe fair, ⁊ iar t-tęcht ass), a n-dioghail a dhearbhrathar, ⁊ cóicc
In this Annal