CELT document G100005E

Annals of the Four Masters

ANNALA RIOGHACHTA EIREANN

Annals of the Kingdom of Ireland by the Four Masters

Unknown author

Volume 5

Annals of the Four Masters

Index to each Annal

Annal M1501: AOIS CRIOST, 1501. Aois …

Annal M1502: AOIS CRIOST, 1502. Aoís …

Annal M1503: …

Annal M1503: AoiS CRiost, Mile, cuicc…

Annal M1504: AOIS CRIOST, 1504. Aois …

Annal M1505: AoiS CRioSt, Mile, cúicc…

Annal M1506: AOIS CRIOST, 1506. AoiS …

Annal M1507: AOIS CRIOST, 1507. AoiS …

Annal M1508: AOIS CRIOST, 1508. Aois …

Annal M1509: AOIS CRIOST, 1509. Aois …

Annal M1510: AOIS CRIOST, 1510. AOIS …

Annal M1511: AOIS CRIOST, 1511. Aois …

Annal M1512: AOIS CRIOST, 1512. Aois …

Annal M1513: Aois Criost, 1513. Aoís …

Annal M1514: AOIS CRIOST, 1514. Aois …

Annal M1515: AOIS CRIOST, 1515. Aois …

Annal M1516: AOIS CRIOST, 1516. Aois …

Annal M1517: AOIS CRIOST, 1517. Aois …

Annal M1518: AOIS CRIOST, 1518. Aois …

Annal M1519: AOIS CRIOST, 1519. Aois …

Annal M1520: AOIS CRIOST, 1520. Aois …

Annal M1521: AOIS CRIOST, 1521. Aois …

Annal M1522: AOIS CRIOST, 1522. Aois …

Annal M1523: AOIS CRIOST, 1523. AoiS …

Annal M1524: AOIS CRIOST, 1524. AOIS …

Annal M1525: AOIS CRIOST, 1525. Aois …

Annal M1526: AOIS CRIOST, 1526. Aoís …

Annal M1527: AOIS CRIOST, 1527. AoiS …

Annal M1528: AOIS CRIOST, 1528. Aois …

Annal M1529: AOIS CRIOST, 1529. Aois …

Annal M1530: AOIS CRIOST, 1530. Aoís …

Annal M1531: AOIS CRIOST, 1531. Aoís …

Annal M1532: AOIS CRIOST, 1532. Aois …

Annal M1533: AOIS CRIOST, 1533. Aois …

Annal M1534: AOIS CRIOST, 1534. Aoís …

Annal M1535: AOIS CRIOST, 1535. Aoís …

Annal M1536: AOIS CRIOST, 1536. Aois …

Annal M1537: AOIS CRIOST, 1537. Aois …

Annal M1538: AOIS CRIOST, 1538. Aoís …

Annal M1539: AOIS CRIOST, 1539. Aois …

Annal M1540: AOIS CRIOST, 1540. Aois …

Annal M1541: AOIS CRIOST, 1541. Aois …

Annal M1542: AOIS CRIOST, 1542. Aois …

Annal M1543: AOIS CRIOST, 1543. Aois …

Annal M1544: AOIS CRIOST, 1544. Aoís …

Annal M1545: AOIS CRIOST, 1545. Aois …

Annal M1546: AOIS CRIOST, 1546. Aois …

Annal M1547: AOIS CRIOST, 1547. Aois …

Annal M1548: AOIS CRIOST, 1548. Aois …

Annal M1549: AOIS CRIOST, 1549. Aoís …

Annal M1550: AOIS CRIOST, 1550. Aois …

Annal M1551: AOIS CRIOST, 1551. Aois …

Annal M1552: AOIS CRIOST, 1552. Aoís …

Annal M1553: AOIS CRIOST, 1553. Aois …

Annal M1554: AOIS CRIOST, 1554. Aois …

Annal M1555: AOIS CRIOST, 1555. Aoís …

Annal M1556: AOIS CRIOST, 1556. Aois …

Annal M1557: AOIS CRIOST, 1557. Aois …

Annal M1558: AOIS CRIOST, 1558. Aois …

Annal M1559: AOIS CRIOST, 1559. Aois …

Annal M1560: AOIS CRIOST, 1560. Aoís …

Annal M1561: AOIS CRIOST, 1561. Aois …

Annal M1562: AOIS CRIOST, 1562. Aois …

Annal M1563: AOIS CRIOST, 1563. Aois …

Annal M1564: AOIS CRIOST, 1564. Aois …

Annal M1565: AOIS CRIOST, 1565. Aois …

Annal M1566: AOIS CRIOST, 1566. Aoís …

Annal M1567: AOIS CRIOST, 1567. Aois …

Annal M1568: AOIS CRIOST, 1568. Aois …

Annal M1569: AOIS CRIOST, 1569. Aois …

Annal M1570: AOIS CRIOST, 1570. Aois …

Annal M1571: AOIS CRIOST, 1571. Aoís …

Annal M1572: AOIS CRIOST, 1572. Aois …

Annal M1573: AOIS CRIOST, 1573. Aois …

Annal M1574: AOIS CRIOST, 1574. Aoís …

Annal M1575: AOIS CRIOST, 1575. Aois …

Annal M1576: AOIS CRIOST, 1576. Aois …

Annal M1577: AOIS CRIOST, 1577. Aois …

Annal M1578: AOIS CRIOST, 1578. Aois …

Annal M1579: AOIS CRIOST, 1579. Aoís …

Annal M1580: AOIS CRIOST, 1580. Aois …

Annal M1581: AOIS CRIOST, 1581. Aois …

Annal M1582: AOIS CRIOST, 1582. Aois …

Annal M1583: AOIS CRIOST, 1583. Aois …

Annal M1584: AOIS CRIOST, 1584. Aois …

Annal M1585: AOIS CRIOST, 1585. Aois …

Annal M1586: AOIS CRIOST, 1586. Aois …

Annal M1587: AOIS CRIOST, 1587. Aois …

Annal M1588: AOIS CRIOST, 1588. Aois …

 p.1258
M1501
  1. AOIS CRIOST, 1501. Aois Criost, Mile, cúicc ced, a h-aon.

  2. SEAN mac Rosa mic Tomais Óicc Meg Uidhir baí 'na chanánach coradh h-i c-Clochar, na phearsún, ⁊ na airchinnech i n-Achadh Lurchair saoí eccnaidhe earccna i l-laidin, ⁊ i n-gaoidhilcc fęr ticche aoidheadh coitchind da gach aon nó ricceadh a leas, ⁊ a écc in Id Iún.

  3. Niall mac Airt mic Eoccain Uí Néill d'écc.

  4. Rúdhraighe mac Uí Chonchobhair Fhailgigh, .i. mac Cathaoír mic Cuinn mic An Chalbhaigh d'écc.

  5. Rudhraighe mac Meg Mathghamna, .i. Brian mac Remainn do mharbhadh lá cloinn Még Aengusa.

  6. Coccadh etir Oirghiallaibh fęin, .i. Sliocht Aodha Ruaidh, ⁊ Sliocht Remainn. Mág Mathghamhna (Rosa) do bręith a chaoraighechta leis for an Lucht Tighe, ⁊ Sliocht Remainn do chor as an tír amach i cęnn h-Ui Neill. Mág Mathghamhna d'ionnsaicchidh for Shliocht Remainn, ⁊ tęccmhail dá roile doibh acc Áth an Choileir.  p.1260 Toirrdhealbhach (.i. mac inghine an iarla) mac Cuinn mic Enri Uí Neill do bęith acc congnamh lá Sliocht Remainn. Toirrdhealbhach umorro, mac tighearna a aoísi fodhéin bá fęrr do Gaoidhealaibh mharbhadh lá Mág Mhathghamhna annsin ⁊ mac Mec Domhnaill Gallocclach (Eoin mac Colla) do mharbhadh co sochaidhibh ele.

  7. Mac Meg Uidhir Tomás mac Tomáis Oicc mic An Ghiolla Dhuibh (.i. Mag Uidhir) do mharbhadh ar Sliabh Bętha lá cloinn Briain mic Remainn Meg Mathgamna co n-ár a mhuintire ina fharradh. At iad na maithe ro marbhadh ann: Giolla Íosa mac Emainn, Tomás mac Duinn mic Emainn, ⁊ Corbmac mac Sęain mic Emainn Meg Uidhir, Ruaidhri Buidhe mac Emainn Óicc Meg Uidhir, ⁊ Emann, ⁊ Maghnus Eoghanach, da mhac Aodha mic Briain Mhég Uidhir, BrianDonnchadh da mhac Taidhcc mic Dabęid mic Giolla Bhuidhe Mic Maghnusa, ⁊ cóiccęr don chinidh chedna co sochaidhibh oile do marbhadh amaille friú.

  8. Caislén Sliccigh do ghabhail le dreimirib, ⁊ tocht fair anuas as a bharr lá cloinn Ruaidhri mic Toirrdhealbhaigh Charraigh Uí Concobhair, ⁊ lá cloinn Feidhlimidh mic Toirrdhealbhaigh Carraigh Ui Conchobhair. An Calbach Caoch mac Domhnaill mic Eoccain Uí Conchobhair do mharbhadh ann, ⁊ Sęan mac Ruaidhri mic Toirrdhealbhaigh Charraigh Uí Conchobhair do thuitim lás An c-Calbhach a f-frithghuin ar in lathair-sin.

  9. Aibhne mac Sęain Í Catháin do mharbhadh lá a dearbrathair fęissin Brian Fionn.

  10. Mac Domhnaill Cloinne Ceallaigh (Giolla na Naemh mac sidhe Corbmaic mic Airt) do mharbhadh la Feidhlimidh mac Donnchaidh mic Tomáis Még Uidhir.

  11. Emann mac Ricaird A Búrc do ghabháil lé Mac Uilliam Cloinni Riocaird ag tocht ó turus San Sem. Fuasccladh mór do bhęin as, ⁊ braighde maithe dia muintir imó mac.

  12.  p.1262
  13. Maoíleachlainn mac Uilliam Meg Raghnaill taoiseach Muintire h-Eólais d'écc iar c-cian aoís.

  14. Tadhg mac Toirrdhealbhaigh mic Féilim Finn do mharbhadh lá cloinn Ruaidhri Mec Diarmada.

  15. Brian mac Ruaidhri Mec Diarmata do mharbhadh a Caislén Tuillsce amach d'aon-urchor soighde, ⁊ ní ro h-admhadh cia ros-marbh.

  16. Creach la h-Ua c-Concobhair for Chonchobhar Mac Diarmata h-i c-Caisiul Bracáin Uí Brocain, ⁊ an baile do losccadh lais.

  17. Domhnall Ua h-Uiccinn oide sccol Ereann lé dán d'écc iar d'tocht ó turus San Sém.

  18. Donnchadh Ócc Mág Carthaigh mac Donnchaidh mic Corbmaic mic Donnchaidh mic Diarmata mic Corbmaic Fhinn mic Domhnaill Móir d'écc, ticcęrna Ealla eisidhe.

  19. Toirrdhealbhach O Briain ticcęrna Tuadhmumhan do losccadh Chonntae Luimnigh, ⁊ Choisi Máighi san n-gęimhrędh.

M1502
  1. AOIS CRIOST, 1502. Aoís Criost, Míle, cúicc céd, a dó.

  2. Semus mac Rúdhruighe Meg Mathghamhna comharba Cluana h-Eoais d'écc.

  3. Art Ua GallchubhairEóin Ó Loiste dias abbadh baí in imręsain fri aroile im abdhaine Easa Ruaidh, ⁊ a n-écc in aén-ló co n-oidhche.

  4. Mainistir na m-Brathar san c-Cabhan do ghnoucchadh la h-Ua Raghallaigh ón Róimh do na braithribh De obseruantia, i n-acchaidh na m-bráthar De comuni uita.

  5.  p.1264
  6. Tadhcc mac Cuinn mic Domhnaill Uí Neill, Domhnall mac Feilim Uí Neill, Eocchan Bocht mac Neill mic Enrí Uí Neill, ⁊ Domnall mac Pilip Meg Uidhir d'écc.

  7. Tadhcc mac Tomaltaigh an Einigh Mac Diarmata tanaisi Maighe Luircc do mharbhadh go h-aithęsach lá cloinn Ruaidri Meic Diarmada h-i c-Coilltibh Cléirigh.

  8. Maidhm na Tolcha Finne .i. i n-Glionn Eidhnighe do thabhairt la cloinn Toirrdhealbhaigh Óicc mic Toirrdhealbaigh mic Neill Ruaidh, ar Ó m-Baoighill dearbhrathair a n-athar .i. Niall Buidhe, dú in ro marbhadh Ó Baoighill, Niall cona dhias mac .i. RudhraigheDomhnall Ballach co n-druing ele, ⁊ ba h-e Ó Baoighill ro indill celcc for cloinn Toirrdhealbhaigh dia ro marbhadh é budhéin.

  9. Indsaicchidh lá h-Ua Raighilligh (Sęan mac Cathail) ar Pilip mac Toirrdelbhaigh Még Uidhir, ⁊ maighréidhe an tíre os cęnn Cloinne h-Amhlaoibh do shiubhal ⁊ do loscadh leó, ⁊ Emann mac Pilip Riabhaigh mic Amhlaoibh co n-druing oile do mharbhadh. Ro marbhadh on t-sluagh-sin Uí Raghallaigh, mac Uí Raghallaigh budhéin .i. Domhnall an Mhagha ⁊ mac Mic Maoil Martain Concobhar.

  10. Donnchadh mac Conchobhair mic Tomais Óicc Meg Uidhir d'écc do ghaibh cro na n-gon do radadh fair h-i maidhm Sleibhe Bętha.

  11. Art mac Enri mic Eoccain Uí Neill do mharbhadh lá h-Art mac Cuinn mic Enri mic Eoghain Uí Néill.

  12. Eoghan mac Aodha mic Airt Uí Neill do mharbhadh la h-Aodh mac Cuinn Uí Neill.

  13. Cathal mac Maoilechlainn Duibh Még Samhradhain do mharbhadh le cloinn Ui Raghallaigh ar tarraig mic Briain ⁊ a cloinne.

  14. Slóiccheadh la h-Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, ⁊ Mag Uidhir Sęan do dhol la mac Uí Dhomhnaill ar ionnsaicchidh i n-Dartraighe Choininnsi ar mac Sęain p.1266 Buidhe Még Mhathghamhna, ⁊ baile mhic Sęain Bhuidhe ⁊ an tir uile do lomloscadh leó. Creacha an tire do thęichęmh ręmpo. Oirghialla ó Abhainn na h-Eóghanacha asteach do bhręith forra, ⁊ Sliocht Feidhlimidh Uí Raghallaigh, ⁊ Sliocht Donnchaidh Meg Uidhir. Mac Uí DhomhnaillMag Uidhir do imtheacht co crodha cosccarach ar eiccin orra-sin uile, ⁊ marbhadh do dhenamh dhoibh ar an tóir im Fheilim mac Conchobhair mic Féilim Uí Raighailligh co sochaidhibh oile, ⁊ tocht slán dia t-tighibh.

  15. Donnchadh Ua Briain do écc. Mac sidhe Briain mic Conchobhair mic Mathghamhna mic Muirchęrtaigh mic Toirrdhelbhaigh mic Taidhg mic Conchobhair na Siúdaine mic Donnchaidh Cairprigh ⁊c. Topar sóidh ⁊ saidhbręsa Muman ar mędhón, tighearna ó Ath Dara go Luimneach, ⁊ on m-Baile Nua co Mainistir an Aonaigh. Tighearna ĘthorlachChoille Beithne an Donnchadh h-í-sin.

M1503
M1503
  1. AoiS CRiost, Mile, cuicc céd, a trí.

  2. Ua Beóllain comarba Cholaim Chille i n-Druim Chliabh d'écc.

  3. Mag Uidhir Sęan mac Pilip mic Tomais Mhoir (.i.An Giolla Dubh) én-rogha d'urradhaibh Ereann ina aimsir, an t-aon Ghaoidheal fá mó trócaire ⁊ daonnacht, ⁊ as fearr do chaomhain, ⁊ do chosain a thír, ⁊ a thalamh, dob' fhearr do chléth choccaidh i n-acchaidh ainfine, ⁊ coiccríoch, fá fearr smacht, recht, ⁊ riaghail h-i p.1268 c-cill ⁊ i t-tuaith d'ecc ina longport fęin i n-Inis Cęithlionn dia domhnaigh do shonnradh iar n-ęistęcht aifrinn, an sechtmadh callainn April, iar m-buaidh ongtha ⁊ aitricche, ⁊ a adhnacal i Mainistir na m-Brathar i n-Dún na n-Gall iar t-togha dhó innte.

  4. Mac Ui Dhomhnaill .i. Donnchadh na n-Ordócc do ghabháil lé cloinn Chuinn Uí Neill, ⁊ Albanaigh badar h-i f-farradh cloinne Cuinn dia bręith leó do shaicchidh Ui Dhomhnaill Aodh Ruadh, ⁊ Domhnall mac Uí Dhomhnaill do sccathadh Donnchaidh (.i. ocon abhainn dian h-ainm an Daol) ⁊ a écc de.

  5. Brian mac Aodha Még Uidhir d'écc.

  6. Emann mac Eoghain mic Aodha Mhég Uidhir cona mhac, mac Corbmaic mic Aodha Mheg Uidhir ⁊ mac Toirrdhealbhaigh Uí Mhaoile Dúin do mharbhadh i n-dibhęircc oidhche lá cloinn Bhriain mic Aodha Mhég Uidhir.

  7. Mac Uí Catháin (Risdęrd) do sccathadh lá a dearbhrathair fęin Domhnall Clęireách.

  8. Tebóid mac Uatéir A Búrc ticchęrna Conmaicne Cúile Tóladh cęnn daonnachta ⁊ dagh-oinigh Gall Connacht d'écc iar seandataidh.

  9. Toirrdhealbhach Occ Ua Concobhair (.i. Ua Conchobhair Donn) d' écc i m-Baile Tobair Brighde iar t-trebhloid fhada.

  10. Maidhm adbhal-mhór lá Mac Uilliam Cloinne Riocaird for Ua c-Ceallaigh, ⁊ for dhręim do Chonmaicnibh Cúile dú in ro marbhadh ermhor a n-gallóglach dibhlinibh do Cloinn n-Domhnaill, ⁊ do Chloinn t-Suibhne a t-timceall a c-consapal, ⁊ in ro marbhadh Uatér mac Sęain A Burc saoí chinn fhędhna esidhe.

  11. Tebóid mac Uateir A Búrc ticchęrna Musccraige Cuirc do mharbhadh la Donnchadh an Chuilinn mac Uí Cearbhaill ⁊ la Conchubhar Ua n-Duibhidhir.

  12.  p.1270
  13. Iarla Cille Dara do dhol h-i Saxaibh, ⁊ a teacht fo bhuaidh eiste ⁊ a mac baí hi laimh righ Saxan do thabhairt lęis.

  14. Sluaiccheadh lasan iarla c-cédna lá Gallaibh ⁊ la Gaoidhelaib Laighęn go Magh Line go Carraicc Fhęrccusa dia ro bhris caislén Bheóil Fersde, ⁊ dia n-dearna constábla h-i Carraicc Fhęrccusa do mhac an t-Santálaig.

  15. Sluaiccheadh adhbhal-mhór la Niall mac Cuinn mic Aodha Buidhe cona comhaontadh GallGaoidhel i t-Tír Eoghain dia ro imthigh Tír Eoghain co h-iomlán, ⁊ Uí Eachdach uile co rucc a lurcc iomlán dia thigh.

  16. Maidhm lá cloinn Bhriain mhic Neill Gallda in ro marbhadh ⁊ in ro gabhadh maithe Gall Chairrge Fęrccusa.

  17. Raghnall Mór mac Giolla Easpoig mac mic Domhnaill consapal Albanach Éreann, do écc i n-Duibhtrian Uladh.

  18. Aodh mac Conchobhair mic Uí Conchobhair Ruaidh, ⁊ Ruaidhri mac Donnchaidh Dhubhshuilighthanaisi thocchaidhe do mharbhadh a meabhail lá sliocht ócc Fheidhlimidh Fhinn Uí Chonchobhair.

  19. Feidhlimidh mac Maol Ruanaidh Meg Raghnaill dagh-adhbhar taoísicch for a dhuthaigh, ⁊ Dondchadh Baisileir mac Maoíl Tuile d'écc.

  20. Mag Carthaigh Mór .i. Tadhcc mac Domhnaill Óicc d' écc, cosnamhach a athardha, islightheóir a namhat, ardaightheóir a charat an Tadhg isin.

  21. Corbmac mac Donnchaidh mic Domhnaill Riabhaigh d'écc. Fęr ga raibhe tighearnaistánaisteacht O c-Cairpre do nęimhchęd dhęrbhrathar a athar .i. Diarmata an Dúnaidh.

  22. Ridire an Ghlęnda d'écc .i. Emann mac Tomais, mic Pilip mic Sęain mic an Ridire.

  23. Tadhcc Boirneach, Murchadh, ⁊ Mathghamhain, clann Mathgamhna Í Briain, Conchobhar mac Briain mic Muirchęrtaigh mic Briain Ruaidh, ⁊ mac Uí Lochlainn Conchobhar mac Ruaidhri mic Ana, ⁊ Muirchęrtach, mac Toirrdhealbhaigh, mic p.1272 Murchaidh mic Taidhcc do dhol la mac Uí Flaithbęrtaigh .i. Eoghan i n-Iarthar Connacht co sochhaidhe moir maille friú iar ná t-tarraing don Eoghan chédna i n-aghaidh a bhraithrech (Ruaidhri ÓccDomhnall an Bháid dá mhac Í Flaithbhertaigh). As ann bádar-sidhe ar a c-cionn a b-foslongport ag an c-Caolsháile Ruadh. Ro ionnsaigset Siol m-BriainEoghan an foslongport, ⁊ do-ronsat crecha ⁊ édala. Leanait clann Í Fhlaithbhęrtaigh ⁊ an tír a t-toraighecht iad go ro fighędh iorghal ętorra, go t-torchratar clann Mathgamhna Í Bhriain, ⁊ Eoghan Ó FlaithbhęrtaighMuintir Flaithbheartaigh don chur-sin.

M1504
  1. AOIS CRIOST, 1504. Aois Criost, Mile, cúicc céd, a cęthair.

  2. Giolla Patraicc Ó Con Dálaigh (.i. mac Enri) abb Cluana h-Eoais, iar n-gnoucchadh epscopoide Clochair dó d'écc.

  3. Pilip Ó Raghallaigh abb Cęnannsa, ⁊ a dhęrbhrathair Eoghan, cananach baoí isin m-baile cédna d'écc.

  4. Maghnas mac Briain mic Donnchaidh abb Mainistre na Trinóide for Loch Ce comhrair ⁊ ciste coimheda eccna ⁊ eolais, Connacht d'écc, h-i c-Cíll Duibh Dúin, ⁊ a adhnacal in Oilén na Trinoíde ar Loch Cé.

  5. Toirrdhealbach Mag Uidhir cananach coradh i Clochar, pęrsún Doire Mhaoláinprióir Locha Deircc do thuitim do sdaighre cloch i m-Baile Atha Buidhe im féil Patraic co ro écc de, ⁊ a adhnacal i Mainistir an Chabhain.

  6. Ruaidhri Mag Mathgamna biocaire Cluana h-Eoais d'écc.

  7.  p.1274
  8. Conchobhar mac Ruaidri mic Diarmatta tanaisi Shil Maol Ruanaidh, mac tigearna bá treisi tainicc dá dhúthaigh ré cian d'aimsir do mharbhadh la Mac Diarmata i m-Bealach na n-Urbróintędh.

  9. Art mac Cairpre mic Aedha Uí Neill cona mhac ⁊ cona dhęrbhrathair do marbhadh la Sliocht Rémainn Még Mathghamna.

  10. Brian mac Meg Uidhir (Sęan mac Pilip) ⁊ Mag Samhradhain Emann d'écc.

  11. Mac Diarmatta Moighe Luircc (Conchobhar mac Ruaidhri Mic Diarmatta) do mharbhadh lá Maol Ruanaidh mac Tomaltaigh Mic Diarmatta.

  12. Flaithbęrtach mac Failge mic Briain Mic Caba do mharbhadh lé Brian mac Alaxandair Oicc Mic Cába.

  13. O Cianáin Giolla Pattraicc mac Taidhcc, Maoilechlainn mac Athairne Uí Ęódhosa, O Caiside Cuile (.i. Piarus mac Tomais) ollamh leagha Mheg Uidhir, saoi dearbhtha i lęighionn, ⁊ h-i f-fisicceacht, fęr tighe aoidhędh coitchinn, ⁊ Aindrias Mag Craith mac comarba Tęrmoinn Da Bheócc biatach coitchęnn d'écc.

  14. Maidhm Bheoil Atha na n-Garbhán do thabhairt lá Sęan A Burc mac Uillicc mic mic Uillicc mic Riocaird tánaisi Cloinne Riocaird for Ua c-Ceallaigh du h-i t-torchair Uatér mac Sęain mic Tomais A Búrc adhbhur tigearna Conmaicne co sochaidhe móir amaille fris do Cloinn n-Domhnaill, ⁊ do Cloinn n-Dubhghaill.

  15. Tri caisléin lá h-Ua c-Ceallaigh do briseadh lé Mac Uilliam (.i. an tręs Uillęcc) .i. an Garbhdhoire, Muine an Mhędha, ⁊ Gallach conadh tręimhid-sidhe do chuaidh Ó Ceallaigh Maoilechlainn d' éccaoíne a imnidh ris an iustis dia ro cuireadh maidhm Cnuic Tuagh.

  16.  p.1276
  17. Slóicchędh adhbhal do thęcclamadh lasan iustis Gęroitt mac Tomais iarla Chille Dara. Do dheachattar céttus maithe Leithe Cuinn ina dhochumh .i. Ó Domhnaill Aodh Ruadh, ⁊ a mhac co maithibh Chenél Conaill, ⁊ drong dho Chonnachtaibh .i. Ua Conchobhair Ruadh, Aedh mac Feilim Fhinn, ⁊ Mac Diarmada tigęrna Maighe Luircc. Tangattar bheós maithe Uladh cenmotha Ó Néill isin tionol chedna .i. Art mac Aedha Uí Neill tanaisi Chenel Eoghain, Domhnall mac Mhécc Aénghusa, Mag Mathghamhna, ⁊ Ó h-Anluain. Tangattar dna Ó Raghallaigh, O Fęrghail .i. an t-epsop, Ó Conchobhair Failge, Siol c-Ceallaigh, ⁊ Clann Uilliam Burc, ⁊ Lęth Cuinn uile d'urmhór, ní ro ansat na sloigh lan-mhora h-ísin co rangatar co Cloinn Riocaird. Mac Uilliam Cloinne Riocaird dna, ro thionóil sidhe slóigh iomdha adhbhal-mhora ina n-aghaidh-sidhe .i. Toirrdhealbhach Ua Briain (.i. mac Taidhcc) tighearna Tuadhmumhan cona braithribh cona thionol, ⁊ go Síol Aodha arcęna, Maol Ruanaidh Ua Cęrbhaill .i. tighearna Ele cona thuathaibh ⁊ taoíseachaibh, ⁊ co maithibh Urmumhan, ⁊ Aradh. Do-ronadh comairle crodha andsin la Mac Uilliam, ⁊ lá h-Ua m-Briain cona sochraide .i. gan umhla na ęidirędha do thabhairt don lucht baí ar a c-cionn, acht a f-fręccra im cath h-i c-Cnoc Tuagh do shonnradh. Gnithęr cath crodha ętorra dana frith a ionnshamhail isna dęidhęnchoibh co clos co fada o na fędhnachaibh cathais na c-caith-mhileadh, fędhmanna na f-fęindedh, Ruathar na p.1278 ríoghlach, torann na t-triath, ⁊ brosccar na m-buidhęn aga m-baoghlucchadh, muirn ⁊ męnmanradh na macraidhe, tuinnsiomh na t-tręin-fhear aca t-trasccradh, ⁊ iomfhorcraidh na n-uasal ar na h-uirislibh. Maidheadh tra an cath fo dheóidh ar Mac Uilliam ar Ua m-Briain, ⁊ for Lęith Mogha, ⁊ ro ládh a n-ár im Murchadh mac Uí Briain Aradh co sochaidhe do shaor-clandaibh oile. Airm umorro i rabhatar na naoi c-coirighthe gallocclach ina c-cipe comhdhaingęn chatha ní tęrna dibh náma achtmadh aon-chorucchadh ęsbadhach. Ro marbhaitt, ⁊ ro mudhuighit dronga dirmhe do shochraide an iustis ger bhó ręmpa ro ba raén. Bá dícumhaincc áiręmh nó aisnęis in ro marbhadh do mharcshluagh ⁊ do throicchteachaibh isin cath-sin ar bá doimtheachta an maighęn fors m-bátar la h-aidhbhle ⁊ lá h-ioliomat na nécht n-ionnchomhartach ina b-faoínlighibh ar na b-fiarlędradh, na c-craoiseach arna c-coimhmbriseadh, na sciath arna scoltadh na c-cloidhęmh catha arna m-blodhadh na c-colann c-ciorrtha c-cros-bhuailte sínte sęchmharbh, ⁊ na n-giolladh n-ócc n-amhulchach co h-athéidigh arna n-oideadh. Iar sraoíneadh an madhma-sin lasan iustis ro comarleicc fri h-Ua n-Domhnaill dol fo chédoir go Gaillimh. IS ead at-bęrt Ua Domhnaill fris, ro marbhait, ⁊ ro mudhuigit ar se sochaidhe diar muintir ⁊ ata araill dibh co h-ęsraite inar n-eccmais. IS eadh is téchta ann airisęmh anocht isin maighin-so a n-ionnchomartha cosccair, ⁊ foslongport do dhenamh linn uair tiocfait ar f-fianlach, ⁊ ar n-anradh inar n-dochum la tabairt p.1280 aithne for ar meirgędhaibh, ⁊ for ar m-bratachaibh. Do-ronadh fair-siumh sin. Luidh an iustisO Domhnaill arabharach go Gaillimh, ⁊ da mhac Mic Uilliam, ⁊ a inghęn a laimh lásan iustis, ⁊ bátar adhaidh isin m-baile a f-fochair aroile co subhach soimhęnmnach iarsan c-cosccar rémhráite. Lodar iaramh co h-Áth na Ríogh, ⁊ fuairsęt an baile for a c-comus. Celebraidh Ua Domhnaill ⁊ na maithe archęna don iustis, ⁊ tęid cach uaidhibh dia t-tighibh.

  18. Fuabairt feille for Ua Neill (.i. Domhnall) la Tadhcc Ua n-Óccain cona chloinn h-i c-caislén Uí Neill fęin .i. Dun Gęnainn, ⁊ an caislén do ghabháil dóibh. Ro dióghail Dia an gniomh-sin forra fo chedóir uair ro bęnadh an baile diobh, ⁊ ro crochadh Tadcc ⁊ dias dia chloinn, ⁊ ro sccathadh an tręs mac do chloinn an Taidcc chedna.

  19. Finghin (.i. Mag Carthaigh Riabhach) mac Diarmada an Dúnaidh Még Carthaigh tighearna Ua c-Cairbre d'écc, ⁊ a bhrathair Diarmait mac Diarmata an Dúnaidh do ghabhail a ionaid.

  20. Uilliam Mac Dauid mic Emainn d'écc. Tomas a bhrathair ina ionad.

M1505
  1. AoiS CRioSt, Mile, cúicc céd, a cúicc.

  2. Donnchadh Ua Cathain abb Mainistre Mhaighe Cosccrain do crochadh la Diarmaitt mac Ruaidhri mic Maghnusa Uí Cathain, ⁊ Diarmaid fęin do sccathadh trias an n-gníomh-sin.

  3. Emann Dorcha (do sliocht an Ridire .i. an t-Simunaigh) prioir Fobhair d'écc.

  4. Labhras Ua Flannaccain prioir Daimhinsi d'écc.

  5. Domnall mac Airt mic Eoghain Uí Neill do mharbhadh la Brian mac Cuinn mic Enri mic Eocchain Uí Neill.

  6.  p.1282
  7. O Domhnaill Aodh Ruadh mac Néill Gairbh mic Toirrdhealbhaigh an Fhíona ticchęrna Tíre Conaill, Insi h-Eoghain, Cenél Moain, ⁊ Iochtair Chonnacht fęr dár ghiallattar Fir Manach, Oirghialla, Clann Aodha Buidhe, an RútaCathánaigh, Ro ghiallsat dna Goill, ⁊ Gaoidhil Connacht ó Mac Uilliam Cloinne Riocaird anuas dó, ⁊ gidh eisidhe ann do dhioghail Ó Domhnaill a anumhla fair a lęithre dol ina dhúthaigh dá aimhdheóin co meinic cona baí aen cęthraimhe fhęrainn ó Shuca anuas ⁊ o Sliabh O n-Aedha don taoíbh thiar nach raibhe fó chíoschain d' Ua Dhomhnaill. An t-Ua Domhnaill-si tra escca iomlan einigh ⁊ uaisle an Tuaisceirt, fęr bá mó gręnn, ⁊ gaiscceadh, fęr bá fęrr ionnsaicchidh ⁊ anadh, fęr rob fęrr smacht, reacht, ⁊ riaghail baí i n-Erinn ina aimsir do Gaoidhealaibh, ar ní déntaoí do choimhéd i t-Tir Chonaill ré a linn acht iadhadh dorais na gaoithe nama, fęr bá fęrr do chiond ecclaisi, ⁊ eiccsi, fęr ro thiodhlaic almsana aidhble i n-onóir an choimdhe na n-dul, fęr las ro turccbhadh ⁊ las ro cumhdaighędh caislén cétus i n-Dun na n-Gall fó daigh gomadh inneoin fhosaighthi dia clannmaicne ina dheadhaidh, ⁊ mainistir bhrathar De obseruantia i t-Tír Conaill .i. Mainistir Dhúin na n-Gall, fęr lasa n-dearnadh iliomat do chreach-sluaighędhaibh timchill fó Erinn, fęr dár dílęs August Iarthair Thuaisceirt Eorpa do rádh fris, d'fhaghail bháis iar m-buaidh ó dhomhan ⁊ o dhęmhan, iar n-ongadh, ⁊ iar n-aithrighe tocchaighe ina longport fęin i n-Dún na n-Gall dia h-aoíne do shonnradh isin cuíccidh íd Iulii, isin ochtmadh bliadhain sęchtmoghat a aoisi, ⁊ isin cęthramhadh bliadhain cęthrachat a fhlatha, ⁊ a adhnacal i Mainistir Dúin na n-Gall.

  8. Mag Cártaigh Cairbreach .i. Finghin mac Diarmata an Dúnaidh mic Domhnaill Riabhaigh d'écc, ⁊ a dęrbrathair Diarmait do ghabháil a ionaidh.

  9. Fęidhlimidh mac Neill mic Airt mic Eoccain Uí Neill do mharbhadh la cloind Toirrdhealbhaicch Uí Mhaoíle Dúin.

  10.  p.1284
  11. Mac Domhnaill Gallocclach (.i. Colla mac Colla) consapal Uí Neill do mharbhadh i n-Ard Macha la Giolla Easpuicc mac Somhairle Ruaidh Mic Domhnaill.

  12. CReach lá cloinn Giolla Patraicc mic Emann Meg Uidhir ar chloind óicc an Emainn cedna, Brian, ⁊ Eocchan, ⁊ Eocchan do mharbhadh lá cloinn Giolla Patraicc a t-toraigheacht na creiche, ⁊ Fęrgus Mor Mac Caba do mharbhadh o chloinn Giolla Patraicc don chur-sin.

  13. Mac Mheg Uidir (.i. Sęan mac Pilip) .i. Toirrdhealbhach, ⁊ mhac Taidhg Még Gafraidh, ⁊ Tadhcc Occ mac Emainn Mic Gaillgille, co n-ocht fęraibh décc amaille friu do bháthadh i c-coite for Loch Eirne.

  14. Mac Uí Fhlannaccain, Corbmac mac Corbmaic d'écc.

  15. Sluaiccheadh la mac Uí Dhomhnaill (Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh) h-i t-Tir n-Eocchain, ⁊ Baile i Neill (.i. Domhnaill) Dún n-Gęnainn do losccadh lęis, ⁊ baile Aodha mic Domhnaill Uí Néill, ⁊ o Abhainn Mhóir asteach d'imtheacht dó gan frithbheart fris. Suidhe fa Chaislén na Deircce dhó ar a iompúdh, an caislén do gabhail dó (.i. ar cloinn Neill mic Airt), ⁊ a uárda d'faccbháil ann. Dol dó as sin go Cill Mic n-Enáin, ⁊ tigearna do ghairm dhe fór Thír Conaill an dara lá d'August do thoil Dé ⁊ daoíne.

  16. Cairpre mac Briain Uí Uiccinn oide lé dán d'écc i n-Iarthar Midhe, ⁊ Brian Ócc mac Briain mic Domhnaill Chaim Uí Uiccinn d'écc.

  17. Sęan mac Riocaird A Búrc rogha Gall macaemh Ereann do marbhadh a meabhail h-i Mainistir Topair Patraicc lá cloinn Uillic A Búrc.

  18. Caislén Bhaile an Tobair do ghabhail la h-Ua Conchobhair n-Donn, ⁊ la Mac Diarmada for Shliocht Gráinne inghine Uí Cheallaigh. Sídh do dhénamh dhóibh ⁊ a n-duthaigh do thabhairt do Sliocht Grainne.

 p.1286
M1506
  1. AOIS CRIOST, 1506. AoiS CRiost, Mile, cuicc céd, a Sé.

  2. Tomas Buidhe Mac Cosccraigh, oirchinneach Cluana h-Eoais, ⁊ Sęan Ó Fiaich oirchinneach ar trian Airidh Bhrosccaigh d'écc.

  3. Mac Mhég Uidhir Aedh mac Emainn mic Tomais Óig Még Uidhir do mharbhadh a t-tóraigheacht creiche do-rinnędh lá cloinn Chuind mic Enri Uí Néill ar Cúil na n-Oiręr ⁊ ba h-e Pilip mac Emainn mac Giolla Pattraicc ro marbh eisiumh.

  4. Semus mac Pilip mic An Ghiolla Duibh Még Uidhir fęr connail cráibdeach eisidhe do écc ⁊ a adhnacal i n-Dún na n-Gall.

  5. Maghnas mac Gofradha Ruaidh Még Uidhir ⁊ mac Briain Theallaighe Ęchdhach (.i. Feilim) d'écc.

  6. Tomas mac Oiliuer Ploingced do mharbhadh la Sliocht Mathgamhna Uí Raghallaigh .i. las An c-Calbhach mac Fęidhlimidh, ⁊ lá a chloinn. Coccadh GallGaoidhel d'ęirge trít-sin.

  7. Mac Uí Cathain .i. Brian Fionn mac Sęain do mharbhadh la Domhnall mac Neill mic Enri mic Eoghain Uí Néill, ⁊ mac don Brian-sin do mharbhadh la Donnchadh Ua Catháin.

  8. Mac Uidhilín .i. Ualtar mac Corbmaic mic Sęinicin do mharbhadh la h-Ua c-Cathain .i. Tomas mac Aibhne, ⁊ ro marbhadh araon ris dá mac Tuathail Uí Domhnaill, dá mac Uí Ęghra, tri mic Uí Baoighellain, ⁊ dá mac Uí Chuind, ⁊ seacht fir dhécc do maithibh a thionóil isin Rúta do shonnradh.

  9. Aodh Ruadh mac Glaisne Még Mathgamna do mharbhadh la h-Ua Raghallaigh (Sęan mac Cathail) ⁊ la a chloinn.

  10. Domhnall Ua Craidhen, cęnnaighe craibhdech coccusach d'écc acc eisteacht aifrinn i n-Dun na n-Gall.

  11. Paidín Ua Maol Chonaire en-rogha Ereann ina aimsir lé sęnchus, ⁊ lé filidhecht d' écc.

  12.  p.1288
  13. Ath Truim do losccadh do tene doait.

  14. Mag Carthaigh Cairbreach .i. Diarmaid mac Diarmada an Dúnaidh mic Domhnaill Riabhaigh d'écc.

  15. O Cathain Tomás mac Aibhne, ⁊ clann t-Sęain mic Aibhne DonnchadhDomhnall Clereach do dhol tar Banna soir go t-tuccsat airghędha, ⁊ gręgha iomdha leó, ⁊ teacht go n-iolach ⁊ go n-aithęs for c-cúla.

  16. Caitilin inghęn iarla Dęsmhumhan .i. Tomas mac Semais baintighearna Ua c-Cairpre bęn dercach dęigheinigh d'écc, as lé do-rónadh an Bęnn Dubh, ⁊ Dún na m-Bęnd.

  17. Droichęt Phuirt Croisi for Sionainn do dhénamh la h-Ua m-Briain, Toirrdhealbhach mac Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh, ⁊ la Domhnall a dearbrathair, la h-epscop Chille Da Lua ⁊ la h-epscop Chille Fionnabhrach.

M1507
  1. AOIS CRIOST, 1507. AoiS CRiost, Mile, cuicc céd, a Seacht.

  2. Seon Pauint epscop na Midhe brathair presediurlesidhe, ⁊ Piarus Ua Maol Uidhir abb Clochair d'écc.

  3. Grainne inghęn Még Uidhir (.i. Emann) bęn Pilip mic Toirrdhealbhaigh, bęn dhércach dęigh-einigh, ⁊ Cataríona inghęn Chon Chonnacht mic Maghnusa Mhég Mathghamhna d'écc.

  4. O Flannaccain Tuaithe Ratha Muircheartach mac Muircheartaigh d'écc.

  5. Gręis oidhche lá Niall Ruadh mac Domhnaill mic Neill Gairbh.

  6.  p.1290
  7. Enri mac Aedha Uí Neill saoí chinn fhędhna duine bá fęrr aithne ar gach ealadhain d'écc.

  8. Feilim Mag Uinnsennáin oficel Tire Conaill bręithęmh tocchaidhe saoí chlérigh co c-crabhadh ⁊ co c-caoíngniomhaibh d'écc .12. Iulii.

  9. Siubhán inghęn Mhég Mathgamhna (.i. Aedh Ruadh) d'écc.

  10. Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill (Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh) i t-Tír Eoghain. Foslongport dó dhénamh dho im chaislén Uí Néill (Dún Gęnain) ⁊ sochaidhe do mharbhadh do lucht an bhaile im Mac Gilla Ruaidh .i. Brian, ⁊ Ó Néill do dhenamh síodha fris Ua n-Domhnaill. Ua Domhnaill do dhol asidhe h-i c-cęnn an iustis, ⁊ Cenel Moain do chreachadh la h-Ua Neill 'na dheadhaidh, ⁊ Brian mac Uí Gairmleadhaigh do mharbhadh lais.

  11. Niall mac Cuinn mic Aedha Buidhe mic Briain Bhallaigh Uí Neill do ghabhail lá muintir Cairrge Fęrghusa, a bęith ré h-athaidh h-i laimh, ⁊ a légeadh amach iar sin, ⁊ sé braighde décc do buain ass.

  12. Coccadh eter Ó Neill ⁊ clann Cuinn Uí Neill. Clann Airt do bęith do thaobh cloinne Cuinn, ⁊ tri creacha do dhénamh leó ar Chenel Fęradhaigh. Creacha mor do dhénamh la h-Ua Neill ar cloinn Airt fo dhéoidh.

  13. Aodh mac Toirrdhealbhaigh mic Pilip Még Uidhir do mharbhadh la mac Uí Ruairc, Tighęrnán Ócc mac Eocchain.

  14. Mac Meg Uidhir (Tadhcc mac Conchobhair mic Tomáis Óicc) do mharbhadh lá cloinn Donnchaidh Meg Uidhir ⁊ lá Remann Ócc Macc Mhathghamhna.

  15. Caislen mór Cairrge Fęrgusa, ⁊ mére an bhaile feissin do ghabháil lá Niall mac Cuinn (ro gabhadh leo-somh feacht riamh) ⁊ a braighdhe fęin do bhí san c-caislén do bhuain amach dhó.

  16. Teampall Achaidh Bęithe do losccadh, ⁊ ermhór maithęsa an tíre do losccadh ann.

  17. Emann mac Tomais Óicc mic Tomais Óicc d'ecc do thinneas aon-oidhche.

  18. Ua Dúnáin Dhomhnaigh Maighe Da Claoíne do mharbhadh do shadhadh do scín la a do bhrathair fęin Giolla Padraicc mac Pilip.

  19.  p.1292
  20. Brian mac Mheg Samhradháin (Domnall Bęrnach) do mharbhadh la Toirrdhealbhach mac Aedha mic Eocchain Meg Samhradháin.

  21. Mac Conmidhe (Solamh mac Sęain mic Solaimh) ollamh Uí Neill saoí i n-dán i f-foglaim, ⁊ h-i f-filidheacht, ⁊ fęr tighe aoidhędh coitchinn d'ecc .30. October.

  22. Mag Craith, Tomas (.i. mac Pilip mic Tomais mic Maol Muire Óig mic Maol Muiri Moir), Ua Cuill Cęnd Faoladh, O Dálaigh Fionn Gofraidh, O Dálaigh Cairpreach Aengus (.i. mac Aengusa Caoích) ⁊ Ó Gérain (Sęan .i. mac Concobair) d'écc.

  23. Mac an Bhaird Airghiall, Giolla Padraicc mac Aodha, ⁊ Tuathal Buidhe mac Adhaimh Gairbh Mic an Bhaird do mharbhadh araon lá Coin Uladh Uá Condalaigh ⁊ lá a braithribh.

  24. Caislén Droma Dá Ethiar, ⁊ Caislen na Dęircce do thuitim.

  25. An Barrach Ruadh Sémas mac Semais do dhol dia oilithre don Spáinn co maithibh a mhuinntire araon ris, ⁊ iar n-denamh a n-oilithre dóibh do chuatar h-i luing do shoadh ina f-frithing ⁊ ní fęs a m-bás nó a m-beatha ó shin alle. Domhnall mac Taidhcc mic Giolla Míchil Í Fhiaich sáith Ereann, ⁊ Alban d'oide lé sęnchus a t-tuiccsi laidne, ⁊ filidheachta do bhathadh h-i f-farradh An Bharraigh ar an oilithre-sin adubhramar.

  26. Sęan A Búrc, mac Uillicc, mic Uillicc, mic Riocaird Óicc tanaiste Cloinne Riocaird saor-clann Gall Ereann soidheach lán d'eineach, ⁊ d'fhirinne, tinne cruadha lé cotucchadh d'écc.

M1508
  1. AOIS CRIOST, 1508. Aois Criost, Mile, cuicc ced, a h-ocht.

  2. Maighi Mag Craith epscop Cluana Fęrta saoí rathmar riaghalta ceillidhi craibdeach, d'écc, ⁊ Dauidh mac Tomais A Búrc d'écc ar slicchidh na Rómha iarna oirdneadh ina ionadh isin epscopóide.

  3.  p.1294
  4. Tomas Ó Congaláin epscop Oilefinn, ⁊ Uater A Blác epscop Cluana Mic Nóis d'écc.

  5. Uilliam Ócc mac Airt Mic Cathmhaoíl dęganach Clochair d'écc, dearbrathair sidhe d'Eócchan d'epscop Clochair.

  6. O Maol Muaidh (Aodh Ócc) do mharbhadh ina chaislén fęisin lá a bhraithribh budhdhęin.

  7. Domhnall Ua Briain (.i. mac Thaidhcc mic Toirrdhealbhaigh) tanaisi Tuadmumhan, ⁊ Geroitt mac Aodha mic Cathail Uí Raghallaigh d'écc.

  8. Mac Mécc Mathghamhna, Remainn Ócc mac Remainn do mharbhadh i n-Domhnach Maighe Dhá Chlaoíneféle Patraicc lá mac Mhég Uidhir Pilip mac Emainn. Bá h-amhlaidh do-rónadh an gníomh h-isin Pilip do dhol i n-onoir Patraic d'éisteacht oiffrinn don bhaile, ⁊ amhail bátar occ an oiffrionn isin ecclais do-ruacht Rémann Ócc go m-buidhin móir ina fhochair imon tęmpall. Ro h-adhnait tęinte leo h-i c-cęithre h-airdibh an tęmpuill. Arna chluinsin sin do mac Meg Uidhir do ráidh nach leíccfeadh Tęmpall Patraicc do losccadh. Ro ghreis a mhuintir im chalma do dhenamh, ticc Pilip cona braithribh amach i n-anmaim Dé, ⁊ Patraic. Do-rala ętorra cor trascradh Remann dia eoch ⁊ ro marbhadh iaramh cona chomhalta amaille fris .i. mac Briain Ruaidh Mic Giolla Brighde ⁊ gabhthar bheós braighde ann co ro móradh ainm Dé ⁊ Patraic trít-sin.

  9. Corbmac Ó Cianáin saoí shęnchadhafhir dhánaDonnchadh mac Briain mic Pilip Még Uidhír d'écc.

  10. Muirchęrtach mac Aedha mic Fęrghail Óicc mic Fęrghail Ruaidh Meg Eochchaccáin do mharbhadh lá a bhraithribh féin.

  11.  p.1296
  12. Pilip mac Briain mic Fęidhlimidh Uí Raghallaigh cęnd fędhna, ⁊ fęr tighe aoidhędh, fęr lán d'aithne ar gach ealadhain d'écc iar m-buaidh ongtha ⁊ aithricche.

  13. Ticchęrnan Ócc mac Eoghain (.i. Ó Ruairc) Uí Ruairc do mharbhadh lá Sęan mac Tighęrnáin Fhinn Uí Ruairc.

  14. Niall mac Alaxandair Mic Cabba, ⁊ Enrí mac Briain Mic Caba d'écc.

  15. O Domhnaill Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh do thocht i n-ęthraibh for Loch Erne, ⁊ caislén Insi Cęithlionn d'faghail do ó Ruaidhri Mag Uidhir, ⁊ O Domhnaill do thabhairt an chaisléin do Philip mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir, ⁊ braighde an tíre d'fhaghail d'Ua Domhnaill. O Neill .i. Domhnall, ⁊ Mag Uidhir .i. Conchobhar do theacht co h-Inis Cęithlęnd do shaighidh Uí Dhomhnaill ⁊ a riarucchadh doibh, ⁊ sídh do dhenamh fris. Pilip mac Briain Még Uidhir do briseadh a caisléin fęin ar ęccla Uí Dhomhnaill, ⁊ clann Briain fęin d'fháccbáil an tíre .i. Ruaidhri do dhol h-i c-cęnn Uí Ruairc, ⁊ Pilip h-i c-cęnd Airt Óicc mic Cuinn Uí Néill.

  16. Mac Uí Catháin (Gofraidh mac Tomais) do marbhadh la Sliocht Maghnusa Uí Catháin.

  17. Eóin Mac Domhnaill Guirm do marbhadh lá Mac Uidhilín.

  18. Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill i n-Iochtar Chonnacht, ⁊ braighde Iochtair Chonnacht do thabhairt lais dia thigh.

  19. Brian mac Pilip mic Donnchaidh Meg Uidhir do ghabháil lá Mag Uidhir h-i t-Tęmpall Achaidh Lurchaire.

  20. Pilip Ócc Mac Amlaibh .i. mac Pilip Riabhaigh mic Briain mic Amhlaoibh mic Pilip mic Amhlaoibh mic Duinn Charraigh Meg Uidhir d'écc. Cęnn a aicme fęin ⁊ fęr tighe aoidhędh esidhe.

  21. Corbmac mac Neill mic An Ghiolla Duibh mic Aedha do mharbhadh la Teallach Eachdhach, ⁊ lá cloinn Pilip mic Briain Meg Uidhir ar greis oidhche.

  22. Emann mac Maghnusa Uí Gairmlędhaigh do mharbhadh lá Conn mac Néill p.1298 Bhęrnaigh mic Enrí mic Eoghain, ⁊ Conn fęin do mharbhadh la Brian mac Cuinn mic Enrí mic Eoghain isin mí cédna.

  23. Indsaicchidh lá cloinn Donnchaidh Meg Uidhir (Tomas, Pilip, Fęidhlimidh) ⁊ lá cloinn t-Sęain Buidhe Meg Mathghamhna ar Mhag Uidhir Conchobhar. Mag Uidhir d'ęirghe ina n-acchaidh ⁊ briseadh dó forra. Fęidhlimidh mac Donnchaidh do mharbhadh leis. Brian mac Sęain Buidhe Még Mathghamhna do bhualadh ⁊ do ghabhail lais, ⁊ Eóccan mac Tómais mic Airt Rúaidh Még Mathghamhna do gabhail bhéos.

  24. Creacha móra lá h-Art mac Cuinn Uí Néill ar Chenél Fearadhaigh. Eoghan mac Uí Neill, ⁊ clann Mec Cathmhaoil do bręith fair. Aenghus mac Somhairle Bhacaigh do mharbhadh ó ArtArt fęin d'imtheacht ar éiccin ⁊ na cręcha do bręith lais.

  25. Aibhilin inghęn Uí Chatháin (.i. Tomas), bęn Eoghain Rúaidh meic Uí Neill d'écc.

  26. Domhnall (.i. mac Ui Briain Ara) mac Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh mic Murchaidh na Raithinighe, saoí chinn fędhna bá caoín lé cairdibh, bá h-aindiuid lé h-easccairdibh d'écc iar c-caithęmh a n-gar do chéd bliadhain lé h-uaisle, ⁊ lé h-oirbhęrt.

  27. O h-Ęidirscceoil Mór Conchobar mac Fínghin mic Miccon d'écc. Fęr crodha cosantach, cara na n-órd, ⁊ na n-ęiccęs esidhe, ⁊ a mac Finghin d'óirdhneadh na ionadh iarná thabhairt amach, ar ro baoí h-i laimh h-i c-Corcaigh tuilleadh ar bliadhain.

  28. Mag Carthaigh Mór Domhnall mac Taidhcc mic Domhnaill Óicc fęr séghainn so-aghallmha aga raibhe aithni isna h-ealadhnaibh d'écc.

  29. Coccadh d'ęirghe eter Tadhg mac Domhnaill .i. mac don Mácc Cárthaigh-sin, ⁊ dęrbrathair Még Cárthaigh .i. Corbmac Ladhrach mac Taidhcc mic Domhnaill Óicc dia t-tainicc díth daoíne uair do thuit ocht fichit décc co tuilleadh ętorra.

  30. Mac Mic Piarais d'écc .i. Semus mac Emainn mic Semais mic Uilliam mic Mic Piarais Buitiler. ridire ar laim ⁊ laoch ar ghaiscceadh esidhe.

  31.  p.1300
  32. Mainistir Baile Uí Ruairc da n-goirthęr Carruicc Patruicc h-i c-Connachtaibh i n-epscopóidecht Ard Achaidh do thionnsgnadh lá h-Ua Ruairc Eóghan ⁊ lá a mnaoi Mairghrég inghęn Conchobhair Uí Briain.

M1509
  1. AOIS CRIOST, 1509. Aois Criost, Mile, cúicc céd, a naoí.

  2. Brian mac Taidhcc Mheg Uinnsennáin officel Clochair d'écc.

  3. Donnchadh Mag Ruaidhri airchinneach Machaire na Croise, fęr umhal iniseal ar sheirc n-Dé, ⁊ fęr congmhala aoidhędh d'écc.

  4. Mac Uí Neill Art mac Cuinn mic Enrí mic Eoghain do ghabháil a b-fhioll lé h-Art an Chaisléin mac Neill mic Art mic Eoghain Uí Néill iar m-bęith ina cháirdęs Criost aicce, ⁊ iarna thochuireadh chuicce dia chaislén fęin, ⁊ a mhac Niall Mac AirtFeilim Ua Maoíleachlainn do ghabhail amaille fris, ⁊ a t-tabairt h-i l-laimh Uí Domhnaill ⁊ buaidhrędh mór do theacht trésan n-gabháil-sin.

  5. Slóiccheadh lasan iustis iarla Cille Dara h-i t-Tir Eocchain ar tharraing cloinne Cuinn Uí Neill, ⁊ caislen Dhuine Gęnainn (.i. caislén Í Neill) d'fhaghail do cloinn Chuind riasiú tainic an iustís ina thimcell. An iustís do dhol as-sin im chaislén na h-Oghmuighe co ro gabadh lais. Ro gabadh lais ann Toirrdhealbhach mac Neill mic Airt Uí Neill, ⁊ Eocchan Ruadh Mac Suibhne. Ro briseadh an caislén lasan iustis, ⁊ do-choidh iarsin dia thicch.

  6. O Neill Domhnall mac Enri mic Eoccain tighearna Tire h-Eoghain, fęr as mó ro mhill ⁊ imor milleadh, ⁊ as mó do-róine do choccadh, ⁊ do chreachaibh acc p.1302 cosnamh ticchęrnais co ro ghabh é fo dheóidh, d'écc an seiseadh lá do mhí August, ⁊ Art mac Aodha mic Eoghain Uí Neill d'oirdneadh ina ionadh.

  7. Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Aodh Ócc mac Aodha Rúaidh ar Mac n-Diarmata co ro mhill móran h-i Maigh Luircc. Tomas mac Remainn mic Pilip Még Uidhir mac do mharbhadh ón t-sluagh, ⁊ Ó Domhnaill d'ionnpúdh tar a ais don turus-sin.

  8. O Baoighill (Emann Buidhe mac Neill) do marbhadh isin oidhche d'aon-urchor gae la Conchobhar Ócc Ua m-Baoighill h-i Luachros.

  9. Art Ó Neill do lécceadh as a bhraighdęnus, ⁊ braighde ele do dhol as .i. a mhac fęin, ⁊ a dhęrbrathair Brian.

  10. Pilip mac Briain mic Pilip Meg Uidhir, Maol Mórdha mac Failge mic Domhnaill Bháin Uí Raghallaigh, ⁊ Eoghan mac Cuinn mic Aodha Buidhe Uí Neill d'écc.

  11. Indsaicchidh lá Brian mac Cuinn Uí Neill ar Sliocht inghine Mec Murchaidh ar brú Locha Laoghaire. Enrí Ócc mac Enrí Óicc, Eoccan mac Neill Bhęrnaigh Uí Néill, Brian mac Neill Bhęrnaigh, ⁊ mac Aodha Bailbh Uí Neill do mharbhadh lais ⁊ cęithre h-eich ar tri fichtibh do bhuain díobh.

  12. Corbmac mac Sęain mic Conchobhair Óicc Meg Uidhir, Diarmait mac Floinn Mic an Bhaird, ⁊ Tadhg Ó Cianain d'écc.

  13. Mac Uilliam Cloinne Riocaird, Uillecc mac Uillicc mic Riocaird Óicc, fęr cęndais lé cáirdibh, eccęndais le h-ęsccairdibh d'écc.

  14. Mac an Filędh Giolla Crist mac Amhlaibh saoí fhir dána d'écc.

  15. An t-ochtmadh King Henry do rioghadh os Saxaibh .22. April.

 p.1304
M1510
  1. AOIS CRIOST, 1510. AOIS CRIOST, Mile, cúicc céd, a deich.

  2. Muirchęrtach mac Murchaidh mic Toirrdhealbhaigh epscop Chille Fionnabhrach d'écc.

  3. O Raghallaigh Sęan mac Cathail d'écc. AS laissidhe tuccadh cetus braithre De obseruantiae don Chabhán a h-ugdarras an phapa.

  4. Brian Ruadh mac Domhnaill mic Aodha Uí Neill d'écc.

  5. Brian mac Pilip Uí Raghallaigh do mharbhadh la cloinn Remainn mic Glaisne Még Mathgamhna a t-toraighecht creiche.

  6. Mág Caba Breifne .i. Feilim, ⁊ Mac Lochlainn .i. Uaithne d'écc.

  7. O Fialán Fęrgal oide dęrsccaighthe lé dán, ⁊ Eocchan mac Briain Uí Uiccinn oide Ereann d'écc.

  8. Mac an Bhaird Tíre Conaill Eoccan Ruadh d' écc i n-Inis Mic an Duirn.

  9. Sloiccheadh lá Gęróid iarla Chille Dara .i. an iustis) h-i c-cúiccedh Mumhan go maithibh GallGaoidheal Laighen lais dia ro cumdaigh caislén d'aimhdhéoin Gaoidheal Muman h-i c-Carraicc Cital. Leanais Ó Domhnaill é co n-uathadh sochaidhe triasan Midhe, ⁊ isin Mumhain siar co comhrainic fris annsin. Tiaghait i n-Ealla asidhéin, gabhait caislén Cinn Tuirc, ⁊ airccit an tír. Tiaghaitt iarsin n-Dęsmumain Móir, gabhait Caislén na Pailisi, ⁊ caislén ele ar brú Mainge p.1306 ⁊ tęccaitt slán tar a n-ais h-i c-conntae Luimnigh. Do-níad aith-tionól sluaigh iarsin, ⁊ cruinnighit Gearaltaigh na Mumhan im Shemus mac iarla Dęsmuman co n-Gallaibh Mumhan archęna, ⁊ Mácc Cárthaigh Riabhaigh, Domhnall mac Diarmada mic Finghin, Corbmac Ócc mac Corbmaic mac Taidhg, ⁊ GoillGaoidhil Midhe, ⁊ Laighęn, ⁊ tiaghait iaramh go Luimneach. Tionóilidh Toirrdhealbhach mac Taidhcc Uí Bhriain ticchęrna Tuadhmumhan go líon a sochraide, Mac Conmara Síol AodhaClann Riocaird slóigh lán-mhóra ele ina n-aghaidh. Ticc an t-iarla (.i. an iustis) cona shluagh tré Bhealach na Fadbaighe, ⁊ tré Bhealach na n-Gamhna co rainicc droichęt croinn (.i. droichęt Puirt Croisi) do-rónadh la h-Ua m-Briain for Sionainn, ⁊ brisidh-siomh an droichęt, ⁊ anais oidhche h-i f-foslongport isin tír. Gabhaidh Ó Briain foslongphort ina comhfoccus co c-cluineadh cach diobh guth ⁊ comhradh aroile in oidhche-sin. Iarna mharach ro ordaigh an iustis a shluagh ⁊ ro chuir GoillGaoidhil Muman ar tús, Goill Midhe, ⁊ Átha Cliath ar deirędh a shlóigh. Toirlingędh Ó Domhnaill an bęccán buidhne ro bhai, ⁊ anais ar deiredh a męscc Gall Átha CliathMidhe, ⁊ gabhait an athghoirit tré Moin na m-Brathar go Luimneach. Ro ionnsaighsiot sluagh Sil m-Briain an sluagh Gall, ⁊ marbhthar leó barún Cint, ⁊ Bęrnaualach Circustoum, ⁊ sochaidhe do deagh-dhaoínibh nach airimhthęr. Tiagait as an sluagh Gall a c-cóir madhma soait, sluag Sil m-Briain iar n-aithęs ⁊ iar n-édalaibh iomdha ⁊ ní bhaoí do Ghallaibh na do Ghaoidhealaibh ar an dá shluaigh-sin én-lamh bá mó clú cródhachta ⁊ gaisccidh in lá-sin iná Ó Domhnaill acc bręith dheirigh slóigh na n-Gall lais.

  10. Mac Muiris Ciarraighe, Emann, mac Tomais, mic Padraicín soidheach lán d'ęccna, ⁊ d'oineach d'écc.

  11. Diarmaid mac Domhnaill mic Domhnaill Mhég Carthaigh Cluasaigh d'écc.

  12.  p.1308
  13. O Domhnaill Aodh mac Aodha Rúaidh do dhol don Róimh dia oilithre, ⁊ an c-cęin do bhai amuicch battar a rann ⁊ a charaid i m-brón, i n-doghailsi, ⁊ i n-doimhęnmain ina dheadhaidh, ⁊ Maghnas Ó Domhnaill a mhac d'fhagbháil dó ag iomcosnamh an tíre an c-cęin no bhiadh ina féccmais.

M1511
  1. AOIS CRIOST, 1511. Aois Criost, Mile, cuicc céd, a h-aon décc.

  2. Art mac Cuinn Uí Neill (baoí h-i l-laimh acc Ua Domhnaill Occ imtheacht dó don Roimh) do léccadh as a braighdęnus la Maghnas mac Uí Domhnaill, gan cęd d'Ua Domhnaill, ⁊ a mhac .i. Niall Ócc do thecht ass i n-gioll lé comhall gach siothchána da n-dearnsat.

  3. Tomas mac Andriu Még Bhradaigh epscopairchinneach an dá Breifne fri ré triochat bliadhain, aoin-cęnn ro riaraighsiot Goill, ⁊ Gaoidhil, saoí i n-eacna ⁊ h-i c-crabhadh, lochrann solusta no soillsiccheadh tuatha ⁊ eccalsa tré foircętal ⁊ proicępt, aoghaire tairisi na h-ęgailsi iar n-oirdneadh saccart ⁊ aosa gacha graidh archęna dhó iar c-coisreccadh thęmpall ⁊ reilccędh n-iomdha, iar t-tiodhnacal seod ⁊ bíd do truaghaibh ⁊ trenaibh, ro faoidh a spirat docum nimhe an 4. Calainn do Mharta (no August) dia mairt do sonnradh i n-Druim Da Eithiar, iar t-tocht do choisreaccadh ęccailse isin m-Breifne iarsan seachtmadh bliadhain sęsccat a aoisi, ⁊ a adhnacal h-i Mainistir an Cabháin dia h-aoíne ar aoí laithe seachtmhaine.

  4. Corbmac Mácc Samhradháin dia ro goireadh epscop isin m-Bréifne d'écc ria Nottlaicc.

  5. Urmhór shęn-oibre thęmpaill Arda Macha do losccadh.

  6. O Conchobhair Failghe, Cathair mac Cuinn mic An Calbhaicch feichęmh coitchęnn d'éiccsibh, saoi chinn fhędhna fri Gallaibh, ⁊ Gaoidhelaibh do mharbhadh la druing dia chinędh fęin .i. clann Taidhcc Ui Concobhair, ⁊ clann t-Sęain Bhallaigh Uí Chonchobhair lá taobh Mhainistreach Feorais.

  7.  p.1310
  8. .i. O Ceallaigh Maoíl Seachlainn mac Taidhcc, mic Donnchaidh, mic Maoíleachlainn, mic Uilliam mic Donnchaidh Mhuimhnigh d'écc. Fęr cothaicchthe a chriche, a caratt, ⁊ a chlann-maicne. Feichęmh coitcęnd damh ⁊ deoraídh, fęr lása n-dearnadh caislen Gallaigh, an GarbhdhoireMuine an Mędha.

  9. Mac Murchadha, Murchadh Ballach mac Donnchaidh mic Airt d'écc.

  10. Tomás mac Glaisne mic Conchobhair Uí Raighilligh, ⁊ Emann mac Glaisne d'écc.

  11. Glaisne mac Conchobhair mic Sęain Uí Raighilligh do marbhadh lá lucht tighe Mhég Mathgamhna.

  12. Eoghan mac Briain Rúaidh mic Cathail Uí Raighilligh d'écc.

  13. O Dochartaigh Sęan mac Domhnaill mic Conchobhair d'écc, ⁊ Ó Dochartaigh do ghairm do Chonchobar Charrach.

  14. Mac Donnchaidh Tíre h-Oilella Sęan d'écc, ⁊ a dearbhrathair ele Fęrgal tanaiste Tíre h-Oilella do mharbhadh la Mac Diarmata.

  15. Art mac Cuinn mic Enri I Néill do gabháil tuarastail ó Aodh mac Domhnaill mic Enrí.

  16. Sean mac Emainn mic Tomáis Óig Mheg Uidhir do écc.

  17. An Diolmhaineach (.i. Semas) Machaire Cuircne d'écc.

  18. Aodh mac Feilim mic Maghnusa do mharbhadh lá Sémus mac Sęain, mic an epscoip Mheg Uidhir.

  19. Dubhthach mac Dubhthaigh Uí Duibgęnnáin saoí lé sęnchus, fęr sonasa, ⁊ saidbhręsa moír d'écc.

  20. Sloiccheadh lá h-Ua Néill Art mac Aodha h-i t-Tír Chonaill dár loiscc Gleann Finne, ⁊ ó Shuiligh anall, ⁊ bęnais braighde d'Ua Dochartaigh.

  21.  p.1312
  22. Cenel Fęradhaigh (.i. i Tir Eócchain) do léir-chreachadh la Maghnas Ua n-Dhomhnaill.

  23. O Neill Art mac Aodha do chruinniucchadh sluaigh do dhol h-i t-Tír Chonaill iar n-dol Í Domhnaill docum na Romha. Ro ghabh Maghnus Ó Domhnaill ⁊ na trí Męic Shuibhneard-taoisigh Ceneoil c-Conaill acc cosnamh, ⁊ acc iomchoimhętt na tíre amhail as deach ro fhédsat. Ar a aoi tra ro imtigh Ó Néill cona shluagh ó shliabh soir, ⁊ soasi dia thigh gan creich gan cath.

M1512
  1. AOIS CRIOST, 1512. Aois Criost, Míle, cúicc céd, a do décc.

  2. Aodh Ó Maol Mhocheirghe comharba Droma Lęthain do bhathaadh.

  3. Piaras Mac Craidin deccanach Cloinne h-Aodha d'écc.

  4. Niall mac Cuinn mic Aodha Buidhe mic Briain Bhallaigh Í Neill tighearna Trin Conghail, fęr einigh coitchinn, ⁊ medaighthe órd, ⁊ ecclas fęr aghmhar aitheasach na tucc cíos nó comha do Cloinn Neill no do Cloinn n-Dálaigh na d'fior ionaid Righ Saxon, fęr ba cian-fhoda sen ⁊ saoghal, fęr ęrccna eolach ar gach n-ealadhain etir shęnchus, dhan, ⁊ shęinm do écc .11. April.

  5. Art mac Cuinn mic Neill Ghairbh Í Dhomhnaill d'ecc (23. December) do thaom tinis h-i Múr na m-Brathar i n-Dun na n-Gall, ⁊ a adhnacal go h-onorach is an mainistir.

  6. Tuathal Ó Cleirigh (.i. Ó Cleiricch) mac Taidhcc Caim saoí h-i sęnchus ⁊ h-i n-dan, fęr tighe aoidhędh coitchinn do thrénaibh, ⁊ do thruaghaibh d'écc iar n-ongadh, ⁊ iar n-aithrighe .12.Nouember.

  7. O Domhnaill Aodh mac Aodha Ruaidh do thoidheacht ón Róimh iar f-forbadh a oilithre iar m-bęith sé sechtmhaine décc h-i Londain acc dol soir, ⁊ sé sechtmuine p.1314 décc ele acc teacht anoir. Fuair-siomh dna onoir ⁊ ó Righ Saxan King Hanri, táinic iaramh slán co h-Erinn, ⁊ baoí lé h-athaidh h-i f-fiabhrus san Midhe, ⁊ iar f-faghbháil sláinte dó táinicc dia thicch, bá subhach forbfaoiligh cealla ⁊ tuatha dia thoidhecht.

  8. Coccadh mór etir Ó n-DomhnaillÓ Neill Art mac Aodha. Coccadh ele bheós etir Ó n-DomhnaillMac William Burc .i. Emann mac Riocaird. Ro fhost Ua Domhnaill cúicc céd décc tuacch h-i t-Tír Chonaill h-i Fęraibh Manach, ⁊ h-i c-cúicceadh Connacht, ⁊ do-rad buannacht dóibh ar na h-ionadhaibh-sin, do-thaod-somh iaramh ⁊ Maghnas cona sochraide amaille friu ó Doire go rangadar Iochtar Chonnacht, as-sidhe i n-Gailęngaibh, ⁊ suidhit im chaislén Bheóil an Chláir, ⁊ ro gabadh an baile lais. Fágbais a bharda ann, lottar tar anais anuas tré Sliabh Gamh, h-i t-Tir Fhiachrach, battar ann-sidhe athaidh dá n-aimsir. O 'd-chuala Mac William Búrc an ni-sin táinicc go lion a shochraide a t-timcheall an chaisléin-sin Bheóil an Chláir in ro fháccaib Ó Domhnaill a bharda. O ro clos lá h-Ua n-Domhnaill Mac William do bęith imon m-baile, luidh go h-athlamh imésccaidh tar a ais suas tre Sliabh Gamh. O ro fhittir Mac William Ó Domhnaill do bęith dia shaighidh ro fháccaibh an baile conach rucc Ua Domhnaill fair, do-thaod Mac William h-i t-Tír Fhiachrach, ⁊ ro chuir lón ⁊ barda h-i c-caislén Eiscreach Abhann iarna bhęin do dhúthchasachaibh an baile fęin dia t-tard Ó Domhnaill é riasan tan-sin. O ro fhidir Ó Domhnaill gurab h-i t-Tír Fiachrach do gabh Mac William ro lęn go nęmhlęscc nęmhshadhal é tar a ais arís tarsna Slebhe Gamh. O 'd-chuala Mac William sin fágbhais a p.1316 mac ⁊ a oidhre, Uillęcc mac Emainn, mic Riocaird, ⁊ barda ele amaille ris isin c-caislén-sin Eisccreach Abhann, ⁊ do-luidh fęin roimhe amhail as déine con ráinic dochum Aird na Riagh. Ruccsat araill do marc-sluaigh Í Domhnaill radharc ar Mac Uilliam, ⁊ lęiccitt ina dheadhaidh iatt go ro chuirsęt a maidhm é fo shnámh na Muaidhe. Ro lęnadh tar Muaidh anonn é, ⁊ do bęnadh eich ⁊ daoíne iomdha de, ⁊ térna ar ęiccin uadhaibh. Sóais Ó Domhnaill cona sluagh, ⁊ suidhit fá caislén Eiscreach Abhann airm a m-baoí mac Mic Uilliam. Ro gabhadh an caislén leó fó chęnd cęithre lá iar mór-shaothar, ⁊ do-bęrt eineach ⁊ anacal don barda. Erghabhthar mac Mic Uilliam lais go m-baoí i n-giallus aige. Ro fhorchongair an caislén do chor ar uaithnędhaibh iar sin, ⁊ ro lęccadh go lár, do-chóidh iaramh dia thicch co m-buaidh ⁊ cosccar. Tanaicc tra Mac Uilliam ina diaidh iar sin go Dún na n-Gall, ⁊ do-bęrt a óghriar d'Ua Domhnaill, léigidh Ó Domhnaill a mhac la Mac Uilliam dia thigh.

  9. Slóicheadh lá h-Ua Domhnaill h-i t-Tír Eoghain go maithibh Iochtair ChonnachtFęr Manach, ⁊ co m-buandadhaibh iomdha, do shaighidh Í Neill Airt mhic Aodha. Milltear ⁊ loiscctear leó cédus Tír Eócchain ręmpa nó ga rangattar Dún n-Gęnainn. Battar sechtmain isin tír agá milleadh co t-taratt Ua Néill sídh dóibh, ⁊ co ro mhaith d'Ua Dhomhnaill gach accra do m-baoí ętir a sinnsęraibh .i. cíos Ceneoil Moain, Innsi h-Eoghain, ⁊ Fhęr Manach uile. Ticc Ua Domhnaill iarsin don Óghmaigh ⁊ cumhdaighis Caislén na h-Oghmaighe frí ré aoin-t-sechtmaine iarna bhriseadh la h-iarla Cille Dara fecht riamh ⁊ fágbhais Ua Domhnaill a bharda ann.

  10. Slóiccheadh la Gęróitt, iarla Cille Dara iustis na h-Ereann tar Áth Luain h-i c-Connachtaibh, creachais ⁊ loiscis Clann Chonnmaigh, gabhais Ros Comain ⁊ fáccbhais barda ann, Tęid iar sin h-i Maigh Luircc ⁊ gabhais caislén Baile na h-Uamha iar milleadh móráin don tír.

  11. Ticc Ua Domhnaill sluagh mór dia c-cois isin Coirrsliabh d'agallamh an iarla ⁊ do dhénamh a dhála ris. Ticc tar a ais an oidhche chédna co Bręicsliabh da fhoslongport fęin, ⁊ ro marbhadh bęccán dia p.1318 mhuintir acc teacht tar a ais isin m-Bealach m-Buidhe. Ro shuidh iaramh im chaislén Sliccigh, ⁊ ro milleadh lais dúthaigh Sleachta Briain Í Conchobhair uile, ⁊ ní rócht lais an baile do ghabháil don chur-sin.

  12. Slóicchead lá Gęróid iarla Cille Dara iustis na h-Ereann ar Trian Conghail dia ro gabh caislén Beoil Fęirste, ⁊ dia ro bhris caislén Mic Eoain na n-Glinne, ⁊ dar aircc na Glinne, ⁊ móran don tír, ⁊ tuc mac Neill mic Cuinn i m-braighdęnus lais.

  13. Indsaicchidh la Domhnall mac Briain mic Domhnaill mic Enrí Í Neill ar Ghiolla Phátraicc mac Pilip mic Toirrdhealbhaigh Meg Uidhir, báttar Sliocht Flaithbertaicch Mhég Uidir in f-farradh Domhnaill, dol dóibh ar Bhaile Bon Abhann, ⁊ creacha do glacadh leó, bristear iaramh forra, ⁊ ro bęnadh a c-creacha díbh. Ro marbhadh, ⁊ ro báidheadh drong dá muintir im mac Maghnassa mic Briain mic Concobair Óicc Még Uidir etir baile Bono Abhann, ⁊ Inis Móir, ⁊ Domhnall mac Briain fęin do ghabhail h-i t-Tamhnaigh an Ręta h-i f-Fęrann na h-Arda Muintire Luinínnaonbhar dá mhuintir do bhadhadh h-i c-Caraidh Muintire Banain an lá cédna.

  14. Pilip mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir cona chloinn, ⁊ clann Tomais mic Maghnasa Még Samhradháin do dhol ar ionnsaicchidh h-i t-Teallach Eachdhach, ⁊ creach do dhénamh doíbh ar Thoirrdhealbhach mac Aodha Mhég Samradhaín (tanaiste an tíre), ⁊ Toirrdhealbhach fęisin do mharbhadh h-i t-toraighecht na creiche h-ísin, lottar as-sidhe fó Crantóicc Még Samhradhaín ro gabhadh leó an Crannócc, ⁊ Mac Samhradháin fęin gé do baoí tinn, fácaibthear iaramh Mac Samhradháin dáigh nír p.1320 fhédatar a thabhairt leó. Rucc iaromh mac Uí Raighilligh .i. Emann Ruadh mac Aodha mic Cathail ar na Manchachaibh-sin ⁊ ar mac Maghnais. Bristęr lais orra, ⁊ Ro marbhadh Donnchadh mac Reamainn mic Pilip Mhég Uidhir, Pilip mac Eoghain mic Domhnaill Bhallaigh Még Uidhir, Aodh mac Eoghain mic Toirrdhealbhaigh Még Uidhir, Muirchęrtach Ruadh mac Murchaidh, ⁊ Sémas mac Mic Craith Mhég Uidhir co sochaidhib ele, ⁊ Ro beanadh beós eich iomdha dhiobh isin ló-sin.

  15. Mac Még Uidhir Brian mac Émainn mic Tomais d'écc.

  16. Mac Samhradháin Cathal mac Aedha mic Eocchain d'écc, ⁊ tighearna do ghairm do Tomás mac Maghnusa Még Samhradháin.

  17. Mac Tighearnáin (.i. William) Teallaigh Dunchadha d'écc.

  18. Failghe mac Mhaol Mhórdha Uí Raghallaigh do mharbhadh la cloinn t-Sęain mic Eoghain mic Domhnaill Bháin ⁊ la Semus mac Toirrdhealbhaigh mic Eocchain i n-Druim Lęthain.

  19. Tadhcc mac Domhnaill Uí Bhriain d'écc, ⁊ Brian mac Domhnaill Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh d'écc fó chęnd lęth-ráithe iaramh.

M1513
  1. Aois Criost, 1513. Aoís Críost, Mile, cúicc céd, a trí décc.

  2. Muiris Ó Fithceallaigh airdespoc Tuama maighistir diadachta ro ba mó clú cleircheachta ina aimsir féin d'écc.

  3. An t-oifficel Mag Congail d'écc.

  4. Rossa mac Maghnasa Mhég Mathgamhna ticchearna Oirghiall, ⁊ Tadhcc Maoilechlainn Uí Cheallaigh (.i. ticcęrna Ua Maine) d'écc.

  5. Foslongport do denamh d'Ua Dhomhnaill i t-timcell ó fhel Brighde co Cinctidis, ar a aoí ní ro gabh an baile fris a ré-sin, ⁊ ro marbhadh duine uasal do Mhuintir Uí Domhnaill don cur-sin .i. Niall mac Eremhóin do Chloinn t-Suibhne Fánatt.

  6.  p.1322
  7. Cathal Ócc mac Domhnaill mic Eocchain Uí Concobhair, mac ticchęrna ba fęrr einech ⁊ ęngnamh, gaoís ⁊ gliocus baí i n-Iochtar Connacht do mharbhadh la a dhęrbhrathair fęin .i. Eócchan mac Domhnaill h-i f-fiull la taobh Bhaile Uí Ghiollgáin, ⁊ teacht do bręithęmhnas direach Dé, Eóghan fęin do crochadh la h-Ua n-Domhnaill fo chęnn trí lá iarsan tan-sin.

  8. Eóghan Ua Máille do thecht lucht tri long go Cuan na c-Ceall m-Bęcc isin oidhce, ⁊ maithe an tíre an tan-sin ar éirghe amach i f-farradh Uí Domhnaill. Airccit, ⁊ loisccit an baile, ⁊ gabhait braighde iomdha ann. Rucc doinęnn forra gur bho h-ęiccęn dóibh anamhain i n-imeal an tíre. Do-níad tęinnte, ⁊ tęndála i n-imfoccus a long. Rucc macaęmh ócc aídędhach do Cloinn t-Suibne forra .i. Brian ⁊ clann Briain mic an Easpaic Uí Ghallcubhair, ⁊ buidhęn scolócc ⁊ bachlach, ⁊ ionnsaighitt iad co dęighmhęisnigh, ⁊ marbhthar leó Eoghan Ó Máillecuicc fhichit nó a se amaille fris, ⁊ bęntar luing diobh, ⁊ na braighde ro ghabhsat tré mhiorbhuilibh Dé ⁊ Caitęrióna isa baile ro sháraighsiot.

  9. O Domhnaill do dhol bęccán fędhna i n-Albain ar tóchuireadh righ Alban, iar c-cor litreach ⁊ teachtadh ar a chęnd, ⁊ iar n-dol soir do fuair onoir, ⁊ asccadha móra on Righ, ⁊ iar m-bęith ráithe dó ina fharradh, ⁊ iar c-caęmhcludh comhairle don Righ gan techt in Erinn amhail ro thriall, ticc Ó Domhnaill dia tigh iar f-faghail guasachta móir dó for muir.

  10. Mac Uilliam Búrc Emann, mac Riocaird, mic Emainn, mic Tomáis, fęr dár bho muintir na h-Uird, ⁊ na h-ollamhain do mharbhadh h-i f-fiull cloinn a dhęrbrathar .i. Tepóid Riabhach, ⁊ Emann Cíocarach dá mhac Uáteir mic Riocaird.

  11. Slóiccheadh lá h-Ua Neill .i. Art mac Aodha h-i t-Trian Conghail dia ro loiscc Magh Line, ⁊ dia ro chreach na Glinne. Rucc mac Neill mic Cuinn Mac Uidhilin ar chuid don t-sluaigh, ⁊ ro marbhadh Aodh mac Uí Néill don chur-sin. Teccmaid an sluagh ⁊ an tóir fri aroile arna mharach, ⁊ ro marbhadh Mac Uidhilin .i. p.1324 Risdęrd mac Rudhruidhe, ⁊ drong d'Albanchoibh lasan slogh, ⁊ ticc Ó Néill tar a ais iaramh.

  12. Caislen Dhúin Lis do ghabhail la h-Ua Domhnaill ar chloinn Gheroitt Mic Uidhilin, ⁊ a thabhairt do chloinn Ualtair Mhec Uidhilín.

  13. Art mac Néill mic Airt Uí Neill d'écc .6. August, ⁊ a adhnacal i n-Dun na n-Gall.

  14. Eoghan Ruadh Mac Suibhne do marbhadh la cloinn a dearbrathar fęin, ⁊ le Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh Uí Bhaoíghill.

  15. Indsaicchidh cille do thabhairt la Tadhcc na Lęmhna ar Chorbmac Ladhrach mac Taidhcc mic Domhnaill Óicc, ar n-gairm Mhég Cárthaigh da gach fęr díbh, ⁊ an tęgh i raibhe Corbmac do losccadh, ⁊ é fęin ⁊ a consapail do dhol amach as an tęgh, ⁊ consapal Taidcc do mharbhadh leo, ⁊ Corbmac cona mhuintir d'imthecht go h-aghmar aithęsach. Dęsmumha do roinn ar dó etir CorbmacTadhg co bas Taidcc.

  16. Mac Mathgamhna d'écc .i. Tadhcc, mac Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc mic Donnchaidh na Glaice.

  17. O Mathgamhna Concobhar Fionn mac Conchobhair mic Diarmata Uí Mathghamhna d'écc, fęr do-chuaidh tar lamhaibh sinnsęr ⁊ soisęr h-i c-cęndus a duithce an Concobhar h-isin.

 p.1326
M1514
  1. AOIS CRIOST, 1514. Aois Criost, mile, cúicc céd, a cęthair décc.

  2. Patraicc Ó Duibhlęcháin abb Cęnannsa, ⁊ Aodh mac Gilli Crist Í Fhiaich biocáiri Airidh Broscca d'écc.

  3. O Néill Art, mac Aodha, mic Eoghain, mic Neill Óicc d'écc. Fęr tuiccseach tothachtach, airbhęrtach, ealadhnach, crodha, cęndasach, eisidhe, ar rob annamh mac tánaiste na ticchęrna for Chenel Eoghain riamh roimhe. Art mac Cuinn mic Enri d'oirdneadh na ionadh.

  4. Donnchadh mac Concobhair Uí Bhriain do mharbhadh go naimhdęmhail míoghaolmhar la cloinn Toirrdhealbhaigh mic Murchaidh Í Bhriain .i. Murchadh, ⁊ Donnchadh. Togha fhęr n-Ereann do láimh ⁊ do thothacht, do chruas, ⁊ do chródhacht an tí torchair annsin.

  5. Tadhcc na Lęmhna, mac Domhnaill, mic Taidhcc Még Carthaigh d'écc ré h-adhart mar nar saoílidh, fęr as mó ro mhill, ⁊ i mór-milleadh da t-tainicc dia aicme le cuimhne cáich.

  6. Cęndus fędhna mór lá h-iarla Cille Dara, uair do imthigh tre coicceadh Uladh co Carraic Fhęrgusa, ⁊ an Mhumha go Pailís Még Cárthaigh. An t-iarla cédna do dhol im Lęim Í Bhanáin, ⁊ ní dob annamh lais gan an caislén do briseadh nó do ghabháil, ar ní ro fhéd ní dó. ⁊ tęid dia thigh do thionól slóigh ⁊ ordanais badh mó. AS eadh tainic de-sin dó-somh galar a écca dia ghabháil co n-érbhailt de. Ba ridire ar gart gaisccidh, ba rioghdha, riaghalta briathra ⁊ brętha an tí tęsta annsin .i. Geróitt iarla.

  7.  p.1328
  8. Slóiccheadh lá h-iarla Cille Dara Geroítt Ócc mac Geroitt, isin m-Breifne, ⁊ díth mór do dénumh dóibh innte don chur-sin .i. O Raighilligh Aodh mac Cathail do mharbhadh lais, Pilip a dhęrbhrathair, ⁊ mac do Philip, ⁊ Geroitt mac Emainn mic Tomáis Uí Raighilligh. Achtmadh en-ní do marbhadh cethre fir décc d'uaislibh ⁊ d'ardmhaithibh Muintire Raghailligh cenmo tá sochaidhe dia muintir. Ro gabhadh ann bęós Mág Caba .i. Maine mac Mathgamhna.

  9. Caislén Chúla Rathain do ghabháil, ⁊ do bhriseadh la h-Ua n-Domhnaill i n-éraic a shlána do briseadh do Dhomhnall Ua Chatháin.

  10. Creacha móra do dhénamh la h-Ua n-Domhnaill i n-Gailęngaibh dar loiscc ⁊ dár aircc an tír go Cruachan Gailęng, ⁊ marbhtar Ó Ruadhain lais ⁊ sochaidhe ele.

  11. Coccadh d'ęircce etir Ó n-Domhnaill (Aodh mac Aodha Rúaidh), ⁊ Ó Néll (Art mac Cuinn), ⁊ móran daoineadh d'fhostadh doibh ar gach taoibh, ⁊ a m-bęith a b-fad h-i f-foslongport i n-aghaidh aroile, ⁊ a thecht do ghrásaibh an Spirait Naęimh, ⁊ do chomhairle a n-dagh-dhaoineadh sídh chairdęmhail do dhénamh doibh re 'roile, ⁊ a n-dol h-i c-cęnd aroile ar droichęt Arda Sratha, ⁊ cairdęs Crist do dhénamh doibh le chéle, ⁊ cartacha nuaa (amaille le daingniucchadh na sęn-chartach) do thabhairt la h-Ua Neill d'Ua Dhomhnaill ar Chenel Moáin, ar Inis Eoghain, ⁊ ar Fhęraibh Manach, ⁊ Ó Domhnaill do thabhairt a mhęic mar aisccidh d'Ua Néll .i. Niall Ócc baí a f-fad riasan tan-sin i l-láimh aicce i n-gioll le tairiseacht.

  12. Cobhlach long f-fada, ⁊ bád do tharraing la h-Ua Domhnaill for Loch Erne, ⁊ a bęith ré fhoda na chomhnaidhe i n-Inis Cethlenn. Airccis ⁊ loisccis Oiléin Chúil na n-Oiręr, ⁊ do-ghní sídh re Fęraibh Manach iar c-cor a chumhacht forra.

  13. Mac an iarla móir .i. Henry mac Geróitt do ghabháil lasan iarla ócc .i. Geroitt Ócc.

  14. Indsaicchidh la h-Aodh mac Domhnaill Í Néll, ⁊ lá Conn mac Neill ar Shęan mac Cuinn go Cluain Dabhail, ⁊ Baile Shęain do losccadh leó. Creacha an tíre p.1330 do chor ręmpa dóibh. O Neill, ⁊ Mac Domhnaill do bręith orra tóir trom, na cręcha do bhęin díobh, ⁊ briseadh orra. Cúiccęr do Shliocht Airt Í Néll do mharbhadh ann .i. Toirrdhealbhach, mac Neill mic Airt, Failghe mac Nell, Ruaidhri mac Aodha mic Airt, Domhnall Ballach mac Airt an Chaisléin, ⁊ Aodh mac Emainn mic Airt Í Néill. Do marbhadh ó Aodh ann mhac Mhec A Ghiorr .i. Art ÓccBrian. Ro marbhadh ann bheós Félim Ócc Ó Meallain, ⁊ Conn Ó Concobhair, ⁊ ro bęnadh deich n-eich fichęt do Chonn don chur-sin.

  15. Piarus mac an Abbaidh Móir Még Uidhir, ⁊ Giolla Patraicc mac Felim Mic Maghnasa d' écc.

  16. O Dálaigh Corcu M' Ruadh Tadhg mac Donnchaidh, mic Taidhcc, mic Cęrbhaill, oide lé dán, fęr tighe aoidhędh coitchinn d'écc ina tigh fén h-i f-Fínaigh Bhęra, ⁊ a adhnacal i Mainistir Corcu M' Ruadh.

M1515
  1. AOIS CRIOST, 1515. Aois Criost, mile, cúicc céd, a cúicc décc.

  2. Męnma Mac Carmaic epscop Ratha Both d'écc.

  3. Eoghan mac Airt mic Eóin, mic Airt Mic Cathmaoil epscop Clochair d'écc.

  4. Giolla Patraicc Ó h-Ultachain pęrsún Achaidh Bęithi d' écc.

  5. Semus mac Tomáis Rúaidh mic an Abbaidh Még Uidhir ⁊ mac Rémainn mic an Perasúin Még Uidhir do mharbhadh lasan c-comharba Mag Uidhir h-i f-fearonn Claoín Innse.

  6.  p.1332
  7. Domhnall mac Aodha Rúaidh Í Dhomhnaill do mharbhadh le h-Aodh m-Buidhe Ó n-Domhnaill sa Tuaith Bladhaigh, 25. Nouember.

  8. An Giolla Dubh mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir d'écc.

  9. Tadhcc mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir d'écc tré bhithin ęsccair fuair.

  10. Tadhcc Ó h-Uiccinn, ⁊ Uater Bręthnach dias sacart do badhadh lá taobh Leasagabhail.

  11. Cathal mac Fęrghail mic Domhnaill Bháin Uí Raghallaigh d'écc.

  12. Cobhlach long f-fada lá h-Ua Domhnaill Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh for Loch Eirne, ⁊ an loch go Port na Cruma d'imtheacht ⁊ do shirędh lais d'aimhdheóin na tíre, marbhtha, ⁊ loisccthe ile do dhénamh lá a shlóghaibh for oílénaibh cloinne Emainn Mhég Uidhir.

  13. Slóiccheadh lá h-Ua Néill (Art) i n-Oirghiallaibh, ⁊ tęccmhail do druing don t-sluagh fri Muintir Meg Mathghamhna, ⁊ Art Balbh mac Még Mathghamhna saoí chinn fhędhna do mharbhadh lásan sluagh, ⁊ Ua Condalaigh .i. Emann.

M1516
  1. AOIS CRIOST, 1516. Aois Criost, mile, cúicc céd, a sé décc.

  2. Uilliam mac Donnchaidh Uí Fęrghail epscop na h-Angaile d' écc.

  3. An t-oircinneach Ó Muirgheasa .i. Niall d' écc.

  4. O Dochartaigh (Concobhar Carrach) d'écc.

  5. Mac Még Uidhir Brian mac Concobhair mic Tomais Óicc do mharbhadh lé Brian Ócc Mhág Mathagamhna, ⁊ lé cloinn Donnchaidh Még Uidhir.

  6. Mac Domhnaill Cloinne Ceallaigh .i. Colla do mharbhadh.

  7. Coccadh mór d'éirghe etir Ó n-DomhnaillÓ Néill, ⁊ fosdadh mór daoíne do dhénamh lá gach tighearna aca. Creacha móra do dhénamh lá Maghnus Ó n-Domhnaill ar Enrí m-Balbh Ó Néill, ⁊ urmhór an tíre uile ó shliabh asteach do losccadh lais. Creacha aidhbhle ele do dhenamh lá Brian Ó Néill h-i c-Cenel Moéin. p.1334 O Domhnaill iaramh do dhol h-i t-Tir Eócchain, ⁊ Cenel Fęradhaigh do losccadh lais, ⁊ an tír uile gus an abhainn dan h-ainm Úna, ⁊ tig slán dia tigh iaramh.

  8. Caislén Sliccigh do gabháil lá h-Ua Domhnaill Aodh Ócc mac Aodha Rúaidh iar m-bęith athaidh fada ina fhéccmais. As amhlaidh ar-rícht lais a ghabháil, ridire Francach do thocht dia oilithre co Purgattóir Patraicc for Loch Gercc, Ro ghabh do saighidh Í Domhnaill acc dol ⁊ acc teacht cco f-fuair onóir, ⁊ airmhidin t-iodhlaicthe, ⁊ tabhartais, ⁊ do-rónsat aontaidh ⁊ caradradh ré aroile, ⁊ Ro tingheall an ridire-sin long ar a m-biadh gonnadha móra do chor do shaghidh Uí Domhnaill iarna chlos dó go raibhe an caislén-sin Sliccigh accá iomchosnamh fris. Ro comhaill éiccin an ridire an ní-sin uair do-riacht an long co Cuan na c-Ceall m-Bęcc. Ro seóladh siar i gach n-díreach do saighidh Shliccigh, ⁊ Ó Domhnaill cona shochraide for tír co comhranccatar do muir, ⁊ do tír imon m-baile. Ro briseadh an baile leó riasiú fuairsiot h-é, ⁊ do-bęrt Ó Domhnaill maithęmh n-anacail don bhárda. Do-thaod Ua Domhnaill as-sin h-i t-Tír n-Oilella, ⁊ gabhais caislén Chúile Maoíle, caislén Locha Dęrccáin, ⁊ Dún na Móna an lá-sin. Fágbhais barda i c-cuid dibh, ⁊ tucc giallabraighde ón c-cuid ele. Ro marbhadh dna Mac Donnchaidh Bhaile an Mhóta, ⁊ mac mic Donnchaidh acc teacht h-i c-cęnd slóicch Uí Domhnaill le Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh í Bhaoighill. Ticc Ua Domhnaill slán dia thicch iar m-buaidh c-cosccair iarsin.

  9. Caislén Mic Suibhne Fhánatt .i. Ráith Maoláin do thuitim.

  10. O Domhnaill do dhol fo dhí for sluaigheadh h-i t-Tír n-Eocchain, ⁊ gan tachur nó tęgmháil ris innte, ná dioghbháil oirdearc do dhénamh air ná lais acht an tír d'imthecht ⁊ a h-urmhór do mhilleadh.

  11. Coccadh etir GearaltachaibhSemus mac Muiris .i. oidhre na h-iarlachta, do suidhe im Loch n-Gair. Rob iad airigh a shluaigh Mag Carthaigh Cairpreach p.1336 .i. Domhnall mac Finghin, Corbmac Óg mac Corbmaic mic Taidhcc, Corbmac mac Donnchaidh Óicc Még Carthaigh tighearna Ealla, an Ridire Fionn, Ridire an Ghlęnna, ⁊ an Ridire Ciarraigheach, Mac Muiris, ⁊ Ó Conchobair, ⁊ tuir iomfhulaing an t-sluaigh Mag Carthaigh Mór .i. Corbmac Ladhrach. Ticc Sęan mac an iarla d'eccaoíne a imne lé Dál c-Cais ar ro baí codach, ⁊ clęmhnas ętorra, uair bá h-í Mór inghęn Donnchaidh mic Briain Duibh bęn an t-Sęain-sin. Eirghis Ua Briain fri báidh ⁊ connalbhus, ⁊ tionoilis Tuadhmhuimhnigh, ⁊ ticc Piarus mac Semuis Buitilér, ⁊ araile da rann ina dhócom, ⁊ tiaghaid do saighidh an t-slóigh Ghęraltaigh. O 'd-connairc mac an iarla maithe mór-shluaigh Shíl m-Briain dá ionnsaighidh as í comairle do-rónsat gan teaccmháil ré 'roile, ⁊ fáccbháil an bhaile gan baoghlucchadh go ro sgarsat ré 'roile amhlaidh sin.

  12. Mag Carthaigh Mór .i. Corbmac Ludhrach mac Taidhcc tighearna Dęsmumhan an tí as fęrr fuair tighearnas, ⁊ as mó fuair do choccadh nó go raibhe 'na thighearna gan fręsabhra, an tí ba fęrr do chęnn deóraidh ⁊ deibhlén ba fęrr ręcht ⁊ riaghail do tighęrnadhaibh Lęithe Moccha d'écc.

  13. Caislén Baile Í Chęrbhaill .i. Lęim Í Bhánáin do ghabháil le h-iarla Cille Dara Gęróid mac Gęróid iar f-fęimdhędh a ghabhála dia athair, ⁊ as dęcmaic ma ro baí isin aimsir-sin caislén do badh cruaidhe cosnamh ⁊ congmháil inas go ro briseadh im chęnd a bhardadh h-é.

  14. Maidhm mór do thabhairt d'Emann mac Tomais Buitilér ar Piarus Buitilér, ⁊ ar mac Mic Piarais, ⁊ drong mhór dá muintir ⁊ dá m-buandadhaibh do bhuain díbh.

  15. Mac Conmidhe Brian Ócc mac Briain Ruaidh d' écc.

  16.  p.1338
  17. Toirrdhealbhach mac Briain Uaine Í Gallchubhair comharba na Cairrcce d'écc.

  18. Mac Briain Chaoích mic Taidhcc mic Eoghain Uí Choncobhair do mharbhadh h-i f-fioll la mac Taidhg na Tuaighe mic Feilim mic Eocchain, ⁊ do Sliocht An Chęrrbhaigh.

M1517
  1. AOIS CRIOST, 1517. Aois Criost, mile, cúicc céd, a secht décc.

  2. O Conchobhair Failghe Brian mac Taidhcc mic An Chalbhaicch d'écc, ⁊ An Calbhach mac Taidhcc d'oirdnędh 'na ionadh.

  3. Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh Uí Bhaoighill fęr a chumachta roba fęrr do dhuine uasal, as mó do-rinne do choccadh, ⁊ do ghuais-bęrtaibh dá t-táinicc dá chinidh fęin, do dhol lucht báid co Toraigh, ⁊ gaoth dia b-fuadach isin b-fairrge siar, ⁊ ní fo-rith aon-fhocal dia scélaibh ó shin.

  4. Sęan mac Cuinn mic Enrí mic Eocchain Í Neill, mac tighearna bá mó toice, ⁊ trom-chonach i n-Ultaibh ina ré d'écc.

  5. Pilip mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir saoí chinn fędhna d'écc.

  6. Pilip mac Sęain Bhuidhe Még Mhathgamna fęr fá maith caithęmh ⁊ cosnamh d'écc.

  7. Art mac Aodha mic Domhnaill Uí Néill do mharbhadh lé Niall mac Cuinn, mic Airt Uí Nell.

  8. O Tuathail .i. Art do mharbhadh lá a bhraithribh.

  9. An Giolla Dubh mac Donnchaidh mic Tomáis Még Uidhir d'écc.

  10. Tomas mac Uillicc, mic Uillicc A Burc do thabhairt creiche a h-Urmhumhain, toraighecht trom do bręith air h-i Port Omna, muintęr ⁊ marc-sluagh Thomais do chor do dhruim na c-creach lasan t-toraighecht, na creacha do bhuain díbh, ⁊ Tomás do mharbhadh, fęr a aoisi fa fęrr oirbhęrt tainic do Gallaibh Ereann ina aimsir, ar is leis do h-aircceadh ⁊ do fásaighędh Mainigh feacht riamh.

  11. Caislén An Locha do ghabháil ar cloinn Corbmaic Ladhraigh, ⁊ a c-cor fęin ar p.1340 dibirt h-i lęith Męic Muiris. Creacha móra lá Mac Muiris dár lér-aircc Magh Ó c-Coinchind ó cnocaibh aniar.

  12. Slóiccheadh lasan iustis ar tarraincc cloinne inghine an iarla h-i t-Tir Eocchain, ⁊ caislén Í Neill (.i. Art mac Cuinn) .i. Dun Gęnainn do briseadh lais don cur-sin.

  13. Creacha móra lá h-Ua c-Cęrbhaill (Maol Ruanaidh) i n-Delbhna.Caislén Cinn Coradh do ghabhail lais, ⁊ a arccain. Coccadh mór trid-sidhe etir Ó c-CęrbhaillDealbhna, O Maoíleachlainn, ⁊ iatt-somh do tharruing an iarla dia ro brisędh Caislén an Fothair Delbna (.i. Gardha an Caisléin).

M1518
  1. AOIS CRIOST, 1518. Aois Criost, mile, cúicc ced, a h-ocht décc.

  2. Mainistir na m-Brathar i n-Ard Macha do gnouccadh docum na m-Brathar De Obseruantia.

  3. Aedh mac Rosa mic Tomais Óicc Még Uidhir cananach coradh h-i c-Clochar, pęrsun i n-Achadh Urchoir, ⁊ pęrsún h-i c-Claoíninis for Loch Érne, fęr fial forbfaoíligh, ⁊ saoí cleirich d'écc.

  4. Mac Suibhne Fánatt .i. Ruaidhri mac Maol Muire, ail cothaighthe gacha comhlainn acc cosnamh a tighearna, fęr toirbęrta seód, ⁊ maoíne da gach aon nó riccędh a lęs do écc.

  5. O h-Eodhosa Cioth Ruaidh mac Athairne saoí fhir dhánafęr tighe aoidheadh coitchind do écc.

  6. Feilim mac Briain mic Conchobhair Óicc Még Uidhir d'écc iar t-tilleadh dó ó chathair San Sem tar ęis a thurais bliadain na n-gras, ⁊ a adhlacadh i Mainistir Mhuinęcháin.

  7. Clann Í Neill (.i. ConnAodh) .i. clann Domnaill mic Enrí mic Eoghain, ⁊ an comharba Mág Uidhir do dhol ar creich ar Brian mac Cuinn mic Enri, ⁊ Brian do p.1342 bręith forra ag Domhnach an Eich, ⁊ madmucchadh forra goro gabadh Aodh mac Domhnaill. Ro gonadh Mac Cathmhaoil Donnchadh mac Emainn, ⁊ ro marbhadh sochaidhe do Cenel Fearadhaigh, ad-bath Mac Cathmhaoil iaramh dia ghonaibh.

  8. Aodh Balbh mac Cuinn (.i. Ó Neill) Í Néill, do gabháil lá h-Énrí m-Balbh Ua Neill, ⁊ cúicc h-eocha décc do bhęin d'fuasccladh ass.

  9. Indsaicchidh la Pilip mac Émainn Még Uidhir h-í t-Tír Chęnnfhoda ar h-Enri m-Balbh Ó Neill, ⁊ oilén Clapaigh do ghabháil lais, ⁊ braighde battar acc Enri do bręith lais uadha .i. Aedh Balbh mac Cuinn Í Neill, ⁊ mac Aodha Mic Cafraidh baoí ó Pilip fęin oca, Ro marbhadh dna Cathal mac Duinn mic Emainn Még Uidhir ó Pilip don chur-sin.

  10. An t-Aodh Balbh mac Cuinn sin (.i. Ó Neill) adubramar d'écc i n-deireadh foghmhair.

  11. Mac Mic Magnasa Remann mac Cathail Óicc Mic Maghnasa fęr dearcach daonnachtach do écc.

  12. Mac Murchadha, Art Buidhe mac Domhnaill Riabhaigh mic Gerailt Caomhánaigh d'écc.

  13. Murchadh Ó Maoíleachlainn (.i. Ó Maoíleachlainn) saoí Ereann ar crodhacht ⁊ ar cęnnas fędhna do mharbhadh h-i Maigh Elle lá a dhearbrathair fęin Art, ar ro mharbh-somh a dhearbhrathair .i. Feilim riasan tan-sin conadh ina dhioghail-sidhe ro marbhadh-somh lá h-Art, ⁊ Toirrdhealbhach do gabhail a ionaidh.

M1519
  1. AOIS CRIOST, 1519. Aois Criost, mile, cuícc céd, a naoi décc.

  2. Semus mac Pilip mic Semais mic Rudhraighe Még Mhathgamhna epscop Doire d'écc.

  3. Emann (.i. Dubh) Ó Duibhidhir abb Eassa Ruaidh d'écc an céd lá do Nouember, p.1344 ⁊ adhnacal i n-Dún na n-Gall i n-aibit .S. Froinces iar t-treccean aibiti manaigh fuirre.

  4. Comarba Cluana Conmaicne cęnn einigh ⁊ aoidhędhcaire ceall Conmaicni d'écc.

  5. O Neill Art Ócc mac Cuinn saoí chinn fędhna fear daonnachtach dęgh-aithnęch do écc, ⁊ a dearbhrathair Conn Bacach mac Cuinn d'oirdneadh na ionadh.

  6. O Conchobhair Ruadh, Eoghan mac Féilim Fhinn d'écc.

  7. Mac Uilliam Cloinne Riocaird .i. Riocard Ócc do écc.

  8. Feidlim mac Magnusa mic Briain mic Domhnaill Uí Conchobhair tighearna Iochtair Connacht d'écc. Fęr dercach daonnachtach eisidhe.

  9. Tadhcc Ruadh mac Maoileachlainn Uí Cheallaigh tighearna an Chaladh d'écc.

  10. Donnchadh Caomhanach fear rathmhar ro-chonáigh do lán-maithibh Laighęn d'écc.

  11. Maoílin mac Torna Uí Mhaoil Chonaire ollamh Shil Muireadhaigh fear lán do rath ⁊ d'éicsi fęr do thoghattar Gearaltaigh, ⁊ Goill tar ollamhnaibh Ereann, fęr do-gheibheadh seóid, ⁊ maoíne ó gach aon for a c-cuinghędh do écc h-i Mainistir Dęircc h-i Tęthbha.

  12. Fęirchęirtne Ó Cuirnín fęr gradha Eoghain Uí Ruairc cęnd eiccsi an fhine dia m-baoí, ⁊ Domhnall Ó Cuirnin d'écc.

  13. Tadhcc mac Briain mic Tomaltaigh Í Birn tanaiste Ua m-Briúin d'écc.

  14. Indsaicchidh lá cloinn Í Néill (lá cloinn Domhnaill mic Enri) ar mac Í Neill .i. Brian mac Cuind. Creacha móra do ghabhail dóibh ar Sliabh Thíos, Robhad d'fhaghail do Brian ⁊ é do thionól a m-baí lais do dhaoínibh for a c-cionn, ⁊ a lęnmain a t-tóraighecht ⁊ briseadh dó ar cloinn Í Néill iar n-imtheacht a muintire uathaibh lasna crechaibh. Da mac Í Neill (AodhEocchan) do gabhail ann, p.1346 ⁊ mac Eocchain beós do marbhadh ⁊ Mac Cathmhaoíl Cú Uladh mac Emainn, Tomas mac Emainn, ⁊ Emand mac Giolla Pattraicc Mic Cathmhaoíl do mharbhadh.

  15. Da mac Ruaidhri mic Briain Meg Uidhir (.i. Rosa, ⁊ Tadhcc) do gabháil lasan c-Comarba Mag Uidhir. Ruaidhri fęin, ⁊ an chuid ele dá chloinn do chor as a n-duthaigh dó, ⁊ a c-caoraighecht do bhuain dibh, ⁊ an comharba do chor na caoraighechtabhuandadhaibh dó fęin co ro furáil Ua Domnaill ar an c-comarba a chaoraigheacht do tabhairt do Ruaidhri doridhisi.

  16. Coccadh mór i n-Dealbhna etir Sliocht Fęrghail Még CochláinSliocht Domhnaill dia ro marbhadh Semus Mag Cochláin prióir Gailinne, ⁊ ríoghdhamhna Dealbhna Ęthra d'urchor do pheilér as caislén Cluana Damhna.

M1520
  1. AOIS CRIOST, 1520. Aois Criost, mile, cuícc céd, fiche.

  2. Niclás mac Piarais Uí Flannaccáin pęrsún Daimhinnsi do thoccbhail as a ionadh co h-eccorach lé nęrt tuatadh, ⁊ a écc i m-Bothaibh.

  3. Mag Aonghusa Domhnall mac Aodha mic Airt d'écc, ⁊ Feilim an Einigh a dhearbhrathair d'oirdneadh 'na ionadh, a écc sin dna, ⁊ Mag Aonghusa do ghairm d'Emann Buidhe Mág Aéngusa.

  4. Muiris mac Tomais mic Tomais, iarla Dęsmumhan d'écc.

  5. Mac Uilliam Cloinne Riocaird .i. Uillęcc mac Uillicc d'écc.

  6. Mac Uilliam Búrc .i. Maoilir mac Tepoit do mharbhadh lá cloinn t-Sęóinín Móir męic Mic Seóinín.

  7. Mac Még Uidir (.i. Pilip mac Emainn) do dhol ar ionnsoighidh ar mac Pilip p.1348 Uí Raghallaigh i n-Íochtar Tire, creacha do glacadh dóibh, ⁊ tóir trom do bręith orra im Sliocht Briain Uí Raighilligh ⁊ im cloinn meic Cathail Í Ragilligh (.i. Fęrgal, ⁊ Maolmordha), ⁊ im Chloinn n-Domhnaill na Coininnsi, brisędh dóibh ar mac Még Uidhir, ⁊ ar mac Pilip mic Toirrdhealbhaigh Még Uidhir, ⁊ mac Meg Uidir (Pilip), cona mac Tomas do mharbhadh ann, ⁊ mac Pilip mic Toirrdhealbhaigh (Giolla Patraicc, ⁊ Emann) ⁊ Toirrdhealbhach mac Flaithbeartaigh mic Tomais Óicc Még Uidhir do mharbhadh and beós go sochaidhibh ele amaille friú.

  8. Ruaidhri mac Aodha Még Uidhir do gabháil a b-fioll lé Donn m-Buide mac Meg Uidhir .i. mac Concobhair mic Tomais Óicc, ⁊ a thoirbert do Giolla Patraic Ócc mic Giolla Patraicc mic Emainn Még Uidhir, ⁊ a marbhadh lais-sidhe.

  9. Cairpre, mac Concobhair, mic Cairpre, mic Corbmaic Í Birn consal ⁊ cęinnlitir Maicne Muirędhaigh do écc.

  10. Toirrdhealbhach mac Feilim Meg Cochláin tighearna Dealbhna Ethra saoí i n-ęcna ⁊ i n-eolas, fęr ratha ⁊ ro shaidhbhręsa, fęr lasa n-dęrnadh caislén An Fhędáin, ⁊ caislén Chinn Choradh do écc iar n-dęigh-bęthaidh.

  11. Pláigh mór san Machaire Stefanach dia ro éccsattar sochaidhe do dhagh-daoinibh.

  12. O Caiside Feilim mac Taidhcc ollamh lęgha Sleachta Pilip, ⁊ Rudhraighe mac Donnchaidh mic Aodha Még Uidhir d'écc.

  13. Muiris mac Tomáis, mic an iarla rogha Gall n-Gęraltoch do mharbhadh la Conn mac Maoíleachlainn Í Mhórdha co sochaidhe ele amaille fris.

 p.1350
M1521
  1. AOIS CRIOST, 1521. Aois Criost, mile, cúicc céd, fiche, a h-aon.

  2. Prióir Daimhinsi d'écc .i. Remann mac pęrsuin Innsi Maighe Samh, fear cléirchidhe coinnirchil dercach, daonnachtach eisidhe.

  3. Mag Mathgamhna d'écc .i. Remann mac Glaisne, mic Remainn, mic Rudhraighe, ⁊ Mácc Mathghamhna do ghairm da mac .i. Glaisne Ócc.

  4. O Catháin .i. Tomas mac Aibhne d'écc, ⁊ ro gabhadh é riasan tan-sa, ⁊ do bęnadh an tighearnas ar eiccin de lá Donnchadh Ua Catháin.

  5. Donnchadh mac Ruaidhri mic Briain Még Uidhir do marbhadh la macaibh Meg Samhradháin .i. Domhnall Ócc mac Domhnaill Bhęrnaigh, Uaithne mac Maghnusa Még Samhradháin, ⁊ ní bhaí dia chinidh fęr a aoísi bá fęrr iná an Donnchadh ishin.

  6. Grainne inghęn Tomáis Í Eoghain mathair an chomharba Mhég Uidhir, bęn bá mor sonas ⁊ saidbręs, dearlaccadh ⁊ deagh-eineach d'écc.

  7. Rudhraighe mac Éiccneacháin Í Domhnaill do marbhadh la Gallaibh ag Dún Dealgan, ⁊ é h-i f-farradh Í Neill .i. Chuinn mic Cuinn.

  8. Toirrdhealbhach mac Donnchaidh Mic Suibhne do écc.

  9. Tighearnus Dealbhna do roinn (lá h-Ua Maoileachlainn Toirrdhealbhach, ⁊ lá h-Ua c-Cearbhaill Maol Ruanaidh) etir An Fhior Dhorcha mhac Még Cochláin, Fínghin RuadhCorbmac.

  10. Síle inghęn Néill Ghairbh Uí Domhnaill d' écc an 14 August.

 p.1352
M1522
  1. AOIS CRIOST, 1522. Aois Criost, mile, cuícc céd, fiche, a dó.

  2. Remann Ruadh Mág Uidhir, prióir Lęsa Gabhail d'écc.

  3. Coccadh anbháil ar n-ęirghe etir Ua n-Domnaill, ⁊ Ó Neill, Mac Uilliam Cloinne Riocaird, GoillGaoidhil Connacht, Síol m-Briain, Siól c-CęnneittighSíol c-Cęrbhaill do denam comhaonta ⁊ coimchęngal lé h-Ua Neill i n-aghaidh I Domnaill docum an choccaidh-sin, At iat na maithi do cęngail ré 'roile ag techt ar an sluaigh aniar, Mac Uilliam Clainne Riocaird, Uillec mac Uillic an Fhíona, ⁊ drong do mhaithibh Síl m-Briain, Donnchadh, ⁊ Tadhcc, clann Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc I Briain, ⁊ an t-Epscop ócc Ó Brian, Ó Cęrbaill Maol Ruanaidh mac Sęain, ⁊ Síol c-Ceinneittigh, ⁊ ni h-iatt amháin act na daoíne for a raibhe a chíos-cháin do Connachtaibh, ⁊ do bhí umhal dó go sin, Ó Conchobhair Ruadh, Ó Conchobhair Donn, Mac Uilliam Búrc, Mac Diarmata Maighe Luircc, ⁊ gach a m-baoí ętorra-sin h-i c-Connachtaibh. Bátar sidhe uile i n-erlaimhe do thecht ar Ua Domhnaill ⁊ im fhéil Muire foghmair ro dhálsat fri h-Ua Néill h-i t-Tir Aodha.

  4. O Neill tra ro tionoil-sidhe Cenel n-Eocchain cétus, Clann Aenghusa, Oirghialla, Raighilligh, Fir Mhanach, ⁊ fecht adhbhal Albanach fa mac Mic Domnaill, Alastrann. Tangatar ann bheós slogh-bhuidhne iomdha do Gallaibh na Midhe, ⁊ do Gallocclaechaibh chuiccidh Laighean do Cloinn n-Domhnaill, ⁊ do Cloinn t-Sithigh ar báidh inghine iarla Cille Dara roba mathair d'Ua Neill.

  5. O Domhnaill dna ro thionóil-sidhe a sochraide m-bicc n-deirbh dilis budein h-i c-Cenél Conaill .i. Ó Baighill, Ó Dochartaigh, na tri Mic Suibhne, ⁊ Muintir Gallchubair imo mhac Maghnus co m-battar for an bęirn m-baoghail in ro ba doígh leó Ó Neill dia n-ionnsoicchidh .i. Port no t-Tri Namat, o ro clos la h-Ua Neill an ní p.1354 -sin as í conair do luidh tria Cenel n-Eocchain gan airiucchadh go riacht co Tęrmann Da Beócc as-sidhe go h-Ath Sęnaigh, baí mac Mic Suibhne Tire Bogaine, Brian an Cobhlaigh (Ro fagaibh Ua Domnaill acc iomcoimhéd caisléin Beoil Atha Sęnaigh) ag cosnam an bhaile fri h-Ua Néill amail as dęch for-caomhnaccair ara aoí tra ro gabhadh a baile fá deóidh lá h-Ua Néill, ⁊ ro marbhadh mac Mic Suibhne lais co n-druing móir dia muintir. Ro marbhadh ann dna dias d'ollamhnaibh I Domhnaill .i. Diarmait mac Taidhcc Caim I Chléirigh saoí shęnchadhafhir dhána, fęr tighe aoidhędh coitcinn do threnaibh ⁊ do thruaghaibh, ⁊ mac Mic An Bhaird (.i. Aodh mac Aedha), ⁊ araill ele cenmotád (.i. an 11 Iún). Ro gabhadh ⁊ ro loiscceadh Bun DrobaoisiBél Leice lá h-Ua Neill don cur-sin. Ag sóadh do dreim dia shluaghaibh ó Bhun Drobaoisi ro marbhadh Rudhraighe mac Gofradha Gallda I Domnaill, ⁊ mac Mic Ceallaigh na Breifne lá taoibh Sgairbhe Innsi an Fhraoích leo.

  6. Iarná cluinsin d'Ua Domhnaill na gniomha-sin do denam lá h-Ua Neill ro forchongair for Maghnus Ua n-Domhnaill co n-druing dia sluaigh dol do creach-losccadh Tíre h-Eoghain, ⁊ do-deachaidh fęin tar Bęrnus gusan líon tarustair ina fharradh i n-deadhaigh I Neill d'imdeaghail Tíre h-Aodha. Dála Maghnusa ro creach-loiscceadh lais ina m-baoí ina chomhfhochraibh do Cenél Eocchain. Ro marbhait ⁊ ro mudhaighit daoíne iomdha lais bheós, ⁊ soais go c-cosccar.

  7. O ro-fidir Ó Neill (Maghnas do dhol h-i t-Tir Eocchain) soais ina fhriting tar Finn, ⁊ ro mhill an tír roimhe go Cęnn Maghair, ⁊ do-bert creach a Cionn Maghair lais, ⁊ luidh co c-cosccar dia thír. p.1356

  8. Ro gabhadh iaramh longport lá h-Ua Néill ag Cnoc Buidhbh ag Loch Monann (fris a raitear a c-coitcinne Cnoc an Bogha) gusan socraide rémhraite cénmothá an slógh aniar amhail remhebertmar.

  9. Imthusa I Dhomhnaill ro shai tar Bęrnus iar rochtain Maghnusa gon-édálaibh iomdha dia shaighidh ó na tarraidh Ua Neill ag Ath Sęnaigh ⁊ o ná rucc fair iar n-denamh creiche Chinne Maghair, ro lęir-thęglamadh lais an conranagair do sochraide ger bó h-uathadh fri h-iolar dó-somh an tan-sin go rangatar go h-aon-mhaighin co Druim Lighęn. Ro sgrúdsat a c-comhairle dus cidh do déndaoís im na deacraibh dicuimhgibh baí for cind dóibh uair ro fhędatar ná biadh a n-athmhaoín lá h-Ua Néll cona sluagh ⁊ lasan sluagh c-Connachtach ro dáil cuca dia t-tír dia roiseadh leó rochtain a c-ceann aroile conadh í comairle ar-richt leó indsaicchidh I Neill ar as é bá neasa dóibh uair roba lainne leo a mudhucchadh do mhaighin oldas a m-bioth-fognamh do neoch isin m-bith. As fair dęisidh leó (o ro bháttar for líon sloigh ina n-acchaidh) amus longphuirt do thabhairt isin adhaidh for Ua Néill. Rainic rabhadh ⁊ ręimhfhios na comhairle-sin go h-Ua Neill go ro lá forairędha fri forchoimhéd gach conaire inar dóigh leó Cenél c-Conaill do rochtain dia saicchidh, ⁊ baí fęin cona shlógh h-i c-cathais iar na c-cúlaibh ina longport.

  10. Iar n-indeall, ⁊ iar n-orducchadh, iar n-gresacht ⁊ iar n-gér-laoidhędh a bhęcc slóicch d'Ua Dhomhnaill. Ro forcongair forra a n-eachra d'fágbháil, ar ní baí męnmarc aca a lathair iombuailte d'iomghabhail munbhadh ręmpa bá raén. Ro asccnattar trá an tucht-sin co ro dáilsiot h-i c-cęnd lochta in fhorchoimetta gan airiucchadh dóibh, ar a aoí trá ro gabsat a lucht fęithmhe agá erfhuaccra dia muintir co p.1358 m-bátar a m-biodhbadha dia soigidh. Do-chótar trá Cenél c-Conaill as a n-indeall lá a dhęine ⁊ lá a dhioghaire ro chingsęt ar a uamhan leó na forcoimédaighe do rochtain ręmpa do shaighidh I Néill gur bhó a n-aoínfhecht rangattar an longport. Ro láisęt gáire móra ós áird acc rochtain h-i c-cęnn aroile dóibh. Nir bhó meirbh ro freaccradh an conghair-sin lá h-anradhaibh I Néill ar ro gabhsat co calma cosantach acc imdidęn a f-flatha ⁊ a b-foslongpuirt. Baoí an sluagh cęchtardha acc comhmbualadh ⁊ acc comhmarbhadh aroile. Ro bhatar treóin accá t-traothadh, ⁊ laoích aga lędradh do cęchtar an da lęithe. Bátar fir aga f-fodhbhadh, machtadh ⁊ mídhiach for mearghasraidh isin maighin-sin. As suaill má ro fęs lá cęchtarna aca cidh fris a f-fęradh a comhlann ar nír bhó forreil dóibh aighthe aroile lá doirche na h-oidhche ⁊ ar a dhlúithe ro bháttar h-i t-trecumasc aroile. Ro raoíneadh tra fo dheóidh ar Ua Néill cona shlógh ⁊ ro fáccbadh an foslongport ag Ua Domhnaill. Bá h-adhbhal tra an t-ár tuccadh ar Ua Neill isin lathair-sin, ar ro h-áirmhędh lá lucht na c-ceall in ro h-adhnaicit dronga dhíbh, ⁊ lásna coibhnęsaibh báttar h-i c-comhfhochraibh dóibh tuilleadh ar naoí c-céd do thuitim do sochraide I Neill isin maidm-sin, go ro lęith ainm, ⁊ airdercus an madhma-sin fo Erinn uile. Batar iad bá h-oirdhęrca torchair isin maidhm-sin, Domhnall Ócc Mac Domhnaill go n-druing dírimh do gallócclachaibh Cloinne Domhnaill, Toirrdhealbhach Mac Síthigh co sochaidhe móir dia mhuintir, Eóin Biséd co n-urmhór na n-Albanach táinicc lais, Aodh mac Eocchain mic Uilliam Mécc Mathgamna co n-dreim dia muintir, Ruaidhrí Mag Uidhir ⁊ araill dia mhuintir amaille fris. Torcrattar ann bheós ile do Laighneachaibh ⁊ d'feraibh Midhe ar ní tháinicc cęnn slóigh na sochaidhe ó bhęcc co mór isin tionól-sin I Néill nár bhó h-eccaoíntech iad diar faccaibhsęt dia muintir isin maighin-sin cona do na h-áraibh daoíne as mó tuccadh etir ConallchoibhEóganchaibh an maidhm-sin Cnuic Buidhbh. Tarthadar trá Cenel c-Conaill eich, airm, ⁊ edeadh, lon bídh, ⁊ biotáille, ⁊ seóid somhaiseacha shainęmhla p.1360 etir esccraibh ⁊ blęidhędhaibh na slogh fors ro sraoineadh leó ⁊ ge ro bhattar muintir I Domhnaill gan eocha acc dol isin c-cathiorgail battar eich iomdha leó ón fhiallach ro airlighsęt isin ármhach ishin. Do-chodar araill do shlógaibh Uí Dhomhnaill lá a n-édalaibh dia t-ticchibh gan comairlęccadh dó. Ara aoi trá ro smacht-som forra toidhecht ina dhocom fó chédoir, ⁊ ro ascna amhail as déine con rainicc (iarna t-toghairm co h-aon-bhaile) tar Bęrnas Mór siar tar Eirne, tar Drobhaoís, tar Duibh, tré Iochtar Cairpri go ro gabh foslongport a c-Cęthramhain na Madadh don taoíbh tuaidh do Bęind Ghulban, uar tangattar an sluacch Connachtach do-ráidhsęm go m-batar i n-iomshuidhe im Shlicceach bail i m-báttar bárdadha I Dhomhnaill ar ní bhaí airisęmh forra gan teacht co Tír Chonaill acht co n-gabhdaoís an baile. An tan at-chualatar an dá Mac Uilliam, an dá Ua Conchobhair Mac Diarmata, Cland I Bhriain, Ó CęrbhaillSiól c-Cęinneittigh cona slócchaibh Ua Domhnaill do ghabháil fhoslongpuirt i n-iomfhoccus dóibh, ⁊ an maidhm-sin do shraoíneadh lais ar Ua Néill as í comhairle ro chinnsęt teachta do chor uatha d'aslach síodha ar Ua n-Domhnaill, ⁊ do rairccsęt do feibh at-beradh Maghnus Ó DomhnaillÓ Cęrbhaill etir Ua n-DomhnaillMac Uilliam im gach caingin ⁊ im gach ní baí ętorra. Batar iad ro faidhędh frisna tosccaibh-sin, Tadhcc mac Toirrdhealbhaigh I Bhriain, co n-dagh-dhaoinibh ele amaille fris. IN airęt tra batar na teachta acc aisnęis a n-aithiscc d'Ua Domhnaill as i comairle do-rónsat maithe na slógh-sin cona slóghaibh eludh gan fhios ón iomshuidhe h-i rabhatar, ⁊ ro chinnsęt for an c-comairle h-i-sin gér bhó h-iongnadh ⁊ gér bhó deacair ionnsamhail an t-slóicch baoí annsin ar líonmhaire a lér-thionóil ar uaisle a n-aireach, ⁊ ar aidhbhle a n-eccrait frisan tí baoí for a c-ciont do shódh fón samhail-sin co ro aithędh ⁊ co ro dioghladh cách díobh a ainninne for aroile. Ní ro h-anadh ⁊ ní ro h-airiseadh lasna slócchaibh-sin fri a t-techtaibh ná fri h-iomluadh n-aithiscc síodha no caoíncomraic co ruachtatar Coirrshliabh gur bó h-ann scarsat tighearnadhataoisigh na slogh-sin ré 'roile. p.1362

  11. O Domhnaill imorro ní fhitir sidhe na slóicch do dhol uadha fón ionnus-sin, ar dia f-fęsadh nó bhiadh ina lurc amhail as déine con-icfadh. Ro chuir tra Maghnus Ó Domhnaill iodhlacadh lasna teachtaibh .i. la Tadhcc mac Toirrdhealbhaigh I Briain conidh acc Corrsliabh rucc for a mhuintir. As suaill má ro bá mó do clú nó do cosccar d'Ua Domhnaill ar fhud Ereann an maidhm-sin Chnuic Buidhbh in ro farccbadh ár daoíne, ⁊ édála aidhbhle, iná an bán-maidhm-sin cen go ro fuiligheadh nó go ro fordhearccadh for neach ętorra.

  12. Domhnall (.i. Domhnall Cleireach) mac Sęain Uí Cathain saor-macaomh a chinidh fęin, ⁊ fear einigh coitchinn do mharbhadh lasan Rúta.

  13. Domhnall mac Domhnaill Uí Ruairc saoí ar uaisle ⁊ ar oirbhęrt do mharbhadh lá cloinn Feidhlimidh Uí Ruairc.

  14. Maighistir Feilim Ó Corcráin saoí dearsccaighthe i n-dlicchędh cánonta d'écc.

M1523
  1. AOIS CRIOST, 1523. AoiS CRioSt, Mile, cúicc céd, fiche, a trí.

  2. Sęan Ó Maonaigh baí 'na pęrsún i n-Géisill, ⁊ na chananach coradh h-i Cill Dara, an t-aon-cleireach bá mó ainm ⁊ oirdearcas do bhaoí i n-Uachtar Laighean do écc.

  3. O Catháin Donnchadh mac Sęain ceand dámh ⁊ deóradh bá fęrr ina aimsir dia chinidh fęin do écc.

  4. O Mórdha Cédac mac Laoighsicch d' écc.

  5. Máire inghęn I Mhaille bęn Mic Suibhne Fánat an aoin-bhęn consapail bá fęrr ina h-aimsir d'écc.

  6. O Maille Corbmac mac Eocchain féichęmh coitchęnn ar ęngnamh ⁊ ar eineach d'écc.

  7. Mac Tighęrnain Fęrghal mac Giolla Iosa Óicc, mic Giolla Iosa, mic Briain p.1364 tigearna Teallaigh Dúncadha fear dércach daonnachtach d'écc, ⁊ a dhearbhrathair do ghabhail a ionaidh.

  8. Brian mac Taidhcc An Chomhaid, mic Toirrdhealbhaigh mic Briain Catha an Aonaigh d'fagháil báis obainn h-i c-Cluain Ramhfhoda fhó fhéil Pattraicc.

  9. Mac Uí Bhriain Tuadhmumhan .i. Tadhcc mac Toirdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh mic Briain Catha an Aonaigh do mharbhadh d'urchor do pheiler i n-Ath an Chamais for SiúirBuitilerachaibh (.i. lasan iustis Piarus Ruadh Buitilér) fęr a aosa rér mó eaccla a ęsccarat an Tadhg-sin.

  10. Mac Gille Eain Lochlainn do mharbhadh.

  11. Mac Conmidhe Maoileachlainn d'écc.

  12. Aodh Buidhe mac Cuinn mic Neill mic Airt I Neill do mharbhadh lá Ruaidhri Carrach mac Corbmaic mic Aodha.

  13. Eogan mac Feilim mic Donnchaidh mic Tighęrnáin Óicc I Ruairc do bathadh ar Loch Glinde Éda.

  14. Rosa mac Ruaidhri, mic Briain mic Feilim Még Uidhir d'faghail bháis i m-braighdeanus acc an c-Comharba Mag Uidir .i. Cú Chonnacht.

  15. Aodh mac Airt I Thuathail fęr a aoisi bá mó clú einigh ⁊ uaisle dá fhine do mharbhadh lá Branachaibh.

  16. Coccadh etir Ó Neill .i. Conn, ⁊ Ó Domhnaill Aodh Dub mac Aodha Rúaidh. O Domnaill do bhęith h-i f-foslongport ré h-ędh an earraigh i n-Glionn Fhinne, ⁊ Maghnus Ó Domhnaill do dhol i n-Albain, ⁊ a toidhecht slán iar criochnucchadh a chuarta. O DomhnaillMaghnas do dhol h-i t-Tír Eocchain, ⁊ an tír uile ó Bhealach Choille na c-Cuirritín go Dún n-Gęnainn do mhilleadh ⁊ do losccadh leó. Baile Mic Domhnaill .i. Cnoc an Chluiche do losccadh lá h-Ua n-Domhnailllubgort sainęmhail p.1366 baí ann do ghęrradh ⁊ do theasccadh lasan sluagh, ⁊ a m-bęith adhaidh longpuirt h-i t-Tulaigh Ócc. An tír do mhilleadh, ⁊ do mhór-arccain ar gach taobh díbh, báttar dna adhaidh fhoslongpuirt la taobh Cairn t-Siaghail, Ro marbhadh, ⁊ ro buailędh buar iomdha, ⁊ airccthe aidhble, ⁊ tangattar slán iar n-ionnradh an tíre leó don chur-sin.

  17. Do-dheachaidh trá Ua Domhnaill doridhisi h-i t-Tir n-Eoghain. Ro h-oircceadh ⁊ ro millędh an tír lais co n-dearna Ua Neill sídh ris a n-dęirędh na bliadhna sa, ⁊ ní dearna écht oirdęirc ętorra amhlaidh-sin.

  18. Indsaicchidh lá h-Ua n-Domhnaill Aodh Ócc mac Aodha Rúaidh iar n-dénamh síodha lá h-Ua Néill iar t-teacclamadh a sochraide h-i t-tír ⁊ h-i c-coiccrích lais, dol dó co Bréifne Uí Ruairc. Creacha, ⁊ édála an tíre do chur la Fioru Breifne i n-diamraibh ⁊ i n-droibhelaibh an tíre dia n-iomchoimhéd ⁊ dia n-imdhídęn for Ua n-Domhnaill. Bátar clann Uí Ruairc gusan líon sluagh tarrustair ina b-farradh ag imdhęghail an tíre, ar a aoí trá do imthigh Ua Domhnaill an tír don turus-sin. Ro loiscceadh lais a foirccnęmha, ⁊ a h-arbhanna, co nár fháccaibh ní bá ionairmhe innte gan losccadh.

  19. Sluaiccheadh adhbhal-mhór la Gearóid iarla Chille Dara, ⁊ la Gallaibh Midhe, ⁊ lá h-Ua Néill Conn mac Cuinn, mic Enri, mic Eoghain ar Ua c-Conchobhair f-Failghe, ⁊ ar Chonall Ua Mhórdha ⁊ ar Ghaoidhealaibh Laighęn archęna. Na Gaoidhil-sin d'anamhain uile ar rádh I Néill, ⁊ ar a bhręithęmhnas ętorra, ⁊ an t-iarla, ⁊ Ó Néill ar n-dénamh síodha ętorra do tabairt giall, ⁊ braghatt na n-Gaoidheal-sin i in urlaimh an iarla a n-gioll lé gach accra dá raibhe aicce orra, ⁊ a sccaradh ré 'roile fo shídh amhlaidh-sin.

  20. Fęradhach Buidhe Ó Madaccáin tánaisi Síl n-Anamcadha do mharbhadh lá sluagh Uí Cearbhaill .i. Maol Ruanaidh.

 p.1368
M1524
  1. AOIS CRIOST, 1524. AOIS CRIOST, míle, cúicc céd, fiche, a ceathair.

  2. Dias mac I Dhomhnaill, Niall Garbh, ⁊ Eocchan clann Aodha Óicc mic Aodha Rúaidh do cęngal commbádha coccaidh ré 'roile, ⁊ a m-bęith lé h-athaidh acc buaidhreadh an tíre go ro cuireadh futhaibh féin dol i n-acchaidh a cele. Ro gabadh baile Néill Ghairbh .i. Crannócc Locha Bęthaigh lá h-Eoghan, iar m-bęith don bhaile for a iocht ⁊ for a ionchaibh féin. Fáccbhais Niall an tír, ⁊ tucc ionnsaicchidh fhada im-chian doridhisi ar an m-baile co m-baoí a c-ceilcc a c-comhfoccus dó. Ro fhidir Eoghan an ní-sin, ⁊ ro ionnsaigh go h-airm i m-baoí Niall. Ro gabhsat ag iommbualadh athaidh fhada re 'roile go ro marbadh Eoghan ar an lathar-sin. Ro tromloiteadh Niall co n-erbhailt dia ghonaibh iarsin. Ro ba mór an t-echt riasan tan-sin an dias torchair annsin.

  3. Diarmaitt mac An Ghiolla Dhuibh Ui Bhriain, fęr a thighearnais féin as fęrr nó riaradh lucht cuingęda nęith fair, fęr ro ba buaine eineach, ⁊ engnamh, fęr ro saoíleadh d'anmhain le h-inmhe ⁊ lé h-oireachus a dhúithche do écc iar n-ongadh ⁊ iar n-aithrighe.

  4. Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill h-i t-Tír n-Eocchain diar loiscceadh ⁊ diar h-aircceadh an tír lais, ⁊ teacht slán iaramh.

  5. Sloiccheadh lasan iustis .i. Gęróitt mac Gęróitt iarla Chille Dara d'fhoiridhin a bhrathar I Neill .i. Conn mac Cuinn h-i mędhón foghmhair do shonnradh do thocht for Ua n-Domhnaill d'aithe a áiniccne fair, ⁊ ní ro h-airiseadh leó co riachtattar Port na t-Tri Namhat, ar ba h-innill, ⁊ bá daingęn leó bęith isin maigin-sin ar uamhan I Dhomhnaill, ar ro bháttar domain-díogha talmhan ⁊ lęthan-clasa lán-daingne ina n-uirthimcheall ann do-ronadh lá Maghnus Ua n-Domhnaill fecht riamh. p.1370 Do-ronadh tionol trom slóigh lá h-Ua n-Domhnaill do chosnamh a críche fris an iustís, ⁊ fri h-Ua Neill. Báttar iad tangattar h-i sochraidhe I Dhomhnaill cenmotha a shochraide bunaidh budhdhéin, feacht adhbhal Albanach d'uaislibh Cloinne Domhnaill na h-AlbanMac Domhnaill fęin Alasdrann mac Eóin Cathanaigh, ⁊ fá Aengus mac Eóin Cathanaigh, fa Mac Domhnaill Gallócclach co sochaidhi do deagh-dhaoinibh ele a h-Albain amaille friu. Ní ro h-anadh leó-sidhe co rangattar co Druim Lighęn, ⁊ ro baí gęalladh immbualaidh ętorra arna mharach. Ro baí Maghnus Ó Domhnaill ag iarraidh an iustisÓ Néill d'ionnsaicchidh in adhaidh-sin ⁊ ní ro fhaomh Ó Domhnaill sin lá daingne an ionaidh ina rabhattar, ⁊ ar uamhan an ordanáis bátar lá muintir an iustís. Do-chóidh tra Maghnus gan comharlécchadh d'Ua Dhomhnaill h-i męscc na n-Gallócclach dia chois do chaithęmh ⁊ do mhęscc-bhuaidhreadh t-sluaigh an iústísI Neill ⁊ ro gabhsat for a n-diúbhraccadh do shaithibh saighitt conár lęiccsęt tathamh nó tionnabradh dóibh go ro marbhadh An Calbhach mac Uí Bhriain leo co sochaidhe ele amaille ris, ⁊ rob écht mór esidhe ina duthaigh fęin. As í comairle ro chinn an iustís, ⁊ Ó Neill ar abarach coinne síodha do chor go h-Ua n-Domhnaill, do-ronadh ón, ar ro naidhm an iustís sidh etir Ó n-DomhnaillUa Neill, ⁊ é fęin h-i slánaibh ętorra. Do-rónadh bheós cairdęs Críost mar an c-cédna etir an iústis, ⁊ Ó Domhnaill co ro scarsatt fó sidh, ⁊ fó chaoincomrac tre mhíorbhailibh Dé don dul-sin. Acc tionntudh don iustis, ⁊ d'Ua Neill fuarattar Aodh, mac Néill, mic Cuinn, mic Aodha Buidhe, mic Briain Bhallaigh sluacch mór acc milleadh Tíre h-Eocchain, ⁊ an tan do-chuala Aodh na slóigh-sin do bęith chuicce, Ro chuir urmhór a slóigh féin roimhe lá creachaibh ⁊ lá h-édalaibh an tíre. Ro airis fein co cian ina n-dędhaidh i n-uathadh slóigh co ruccsat tiucch an t-slóigh ele fair. Ro ionnsaighsiot é iarná faghbail i n-ęttarbaoghal co ro marbadh (6. October), ⁊ co ro mudhaighead leó h-e ar in lathair-sin. Bá trogh tra ⁊ bá doiligh an t-saor-clann shoichinélach d'oidheadh amhlaidh p.1372 -sin ar ní bhaoí a shamhail do Chenél Eoghain re cian d'aimsir ar uaisle, ar ęrghna ar eineach ar cródhacht, ar chomhnart, ar chosnamh conadh d'foraithmhęt a bháis ro ráidheadh:

    1. A cęthair fichęt fír soin,
      mile cúicc céd do bliadhnaibh,
      ó ghęin Dé co h-Aodh dh' oidhidh

      da m-be aon dá fhiarfoighidh.

  6. Mac Uidhilín Corbmac, ⁊ mac Sęain Duibh Mic Domnaill do lot ⁊ do ghabhail a h-aithle an marbtha-sin lá muintir I Neill.

  7. Gormlaidh inghęn Uí Dhomhnaill (Aodh Ruadh) bęn Aodha mic Neill mic Cuinn I Néill, bęn ro ba mo dęrlaccadh ⁊ deigh-eineach ⁊ ro ba mo cumaoín ar ordaibh ⁊ eccalsaibh, ar eiccsibh ⁊ ar ollamhnaibh (deithbhir ón ar baoí dęigh-fhęr a dhiongmala lé) d'écc iar m-bręith buadha ó doman, ⁊ dęman.

  8. Coccadh mór etir Cathanchaibh dár marbhadh Cu Maighe mac Briain Fhinn Uí Chatháin, ⁊ Fęr Dorcha mac Ruaidhri an Rúta, ⁊ ro marbhadh for an coccadh-sin Aodh Carrach mac Ui DhochartaighGofraidh mac Gofradha Uí Cathain, ⁊ drong dá muintir amaille ris iar n-dol dóibh do chongnam lá Sęan mac Tomáis I Chatháin.

  9. Cu Mhaighe Ballach mac Domhnaill I Chatáin saoí dhuine uasail ar a chumhactaibh do mharbhadh lá cuid don Rutta.

  10. Mac Donnchaidh Tire h-Oilella d'écc .i. Ruaidri mac Tomaltaigh mic Briain, ⁊ imreasain do bęith etir Cloinn n-Donchaidh fa tighearnus na tíre, ⁊ Mac Donnchaidh do gairm do Corbmac mac Taidhcc mic Briain.

  11. Mac Suibhne Tire Boghaine Niall Mór mac Eocchain consapal bá fęrr lámh ⁊ laochdhacht, ⁊ bá crúaidhe croidhe ⁊ comhairle, bá fęrr airisiomh, ⁊ ionnsaighidh, ⁊ bá fęrr enech ⁊ ęngnamh, bá mó muiręr ⁊ męrghasradh, ⁊ as lia las ro briseadh p.1374 do bęrnadhaibh baoghail dia chaomh-chenel fęin d'écc iar n-ongadh ⁊ iar n-aithrighe ina caislén fęin h-i Rathain .14. December.

  12. O Conchobhair Ciarraighe (Concobhar mac Concobhair) do dhol ar creich i n-Duthaigh EallaCorbmac Ócc mac Corbmaic mic Taidhcc do bręith fair, ⁊ raoineadh lais for Ua c-Concobair, ⁊ Ó Conchobair féin do lot ⁊ do gabhail. Conchobhar mac Diarmada mic An Giolla Dhuibh I Briain, ⁊ Diarmaid mac Corbmaic Uí Mháille do mharbhadh isin m-briseadh-sin lá Corbmac mac Taidhcc.

  13. Mag Carthaigh Riabhach (Domhnall mac Fíngin, mic Diarmada) do dhol ar siubhal creiche i n-Glionn Flęisce, ⁊ muintir na tíre ar m-bręith fair ag fágbhail an ghlęnna, é fęin do ghabháil ⁊ drong dia mhuintir do mharbhadh.

  14. Magg Raghnaill (Cathal Ócc mac Cathail) do mharbhadh a f-fioll ar faithche a bhaile fęin lé cloinn I Mhaoil Mhiadhaigh.

  15. Mor inghean I Briain (.i. Toirrdhealbhach mac Taidhcc) bean Donnchaidh mic Mathghamhna I Briain, bęn tighe aoidhędh coitchinn d'écc.

  16. Aibhilín inghęn Ridire an Ghleanna, bęn I Conchobhair Ciarraighe, dęigh-bhęn dércach daonnachtach d'écc.

  17. Toirrdhealbhach mac Feilim Buidhe Uí Chonchobhair do mharbhadh lá Toirrdhealbhach Ruadh mic Taidhcc Bhuidhe mic Cathail Ruaidh.

  18. Ruaidri mac Briain mic Pilip Meg Uidhir saoí chinn fhędhna d'écc.

  19. Mac Uí Raighilligh .i. Cathal mac Eocchain mic Cathail do ghabhail lá cloinn t-Sęain mic Cathail Uí Raighilligh, ⁊ milleadh na Bréifne uile do theacht trit-sin etir Ó Raighilligh ⁊ clann t-Sęain I Raighilligh, ⁊ Ó Néill (Conn mac Cuinn) do dhol sluagh fó dhí isin m-Breifne do milleadh coda cloinni t-Sęain don Breifne, ⁊ clann t-Sęain do mhilleadh coda Uí Raighilligh, ⁊ an Prioir ócc, mac Cathail, mic Feargail, mic Sęain do mharbhadh d'orchor do philér fá chaislén Tolcha Moain, Roba saoí chinn fhędhna eisidhe.

  20.  p.1376
  21. Mac Még Uidhir Concobhar mac Sęain mic Pilip do mharbhadh la Sliocht Airt I Néill.

  22. Ross mac Ruaidhri mic Tomais Óicc Meg Uidhir do bhathadh h-i port Claoininnsi iar t-tabairt creiche dó ó mhac Még Uidhir .i. Giolla Pattraicc mac Concobhair.

  23. Brian mac Giolla Patraicc mic Aodha Óicc Még Mathghamhna, Ardghal mac Aodha Óicc, ⁊ Eochaidh mac Aodha Óicc do theacht go baile Még Mathghamhna (.i. Glaisne mac Remainn, mic Glaisne Meg Mathghamhna) d'ernaidhm ⁊ do dhaingniucchadh a siodha ris, ⁊ iar n-dénamh a c-cuir ⁊ a c-cęngail, ⁊ a siodha dóib ris fá mhionnaibh ⁊ fá shlánaibh iomhdha, ro fháccaibhsiot an baile gan eaccla gan imuamhan. Ro cuireadh Brian na Moicheirghe Mag Mathghamhnalucht tighe Még Mathghamhna ina lęnmain, ⁊ ro marbhadh BrianArdgal leó tré thangnacht ⁊ meabhail, ⁊ bá h-iat sęin dias a c-comhaosa bá fęrr baí ina c-comhfochraibh.

  24. Sęan Buidhe mac Aindriasa Meg Craith fęr suim sochonáigh go n-iomat saidhbhręsa esen, ⁊ a écc.

  25. O Breislęin Eocchan Ócc, mac Eocchain, ollamh Mheg Uidhir lé bręithęmhnas d'écc.

  26. Mac Rithbęrtaigh (.i. Cu Connacht) ollamh Még Uidhir lé dán d'écc.

M1525
  1. AOIS CRIOST, 1525. Aois Críost, mile, cuicc céd, fiche, a cúicc.

  2. Gníomh urgranna adhuathmar do dhénamh an bhliadhain-si .i. epscop Lęithghlinne arna mharbhadh h-i meabhail lá Mac an Abbadh Mic Murchadha, ⁊ h-é ina chaoimhtheacht amaille lé gradh ⁊ lé carthanacht, ⁊ an drong ar a rucc iarla Chille Dara do p.1378 lucht dénmha an mhí-ghníomha-sin ro fhorchongair a m-bręith gusan maighin in ro mharbhsat an t-epscop, ⁊ h-i b-fęndadh beó ar tús, a n-abaighe ⁊ a n-ionathair do bhęin asda, ⁊ a losccadh ina b-fiadhnaisi.

  3. Toirrdhealbhach mac Mathghamhna, mic Toirrdhealbhaigh, mic Briain Catha in Aonaigh I Bhriain epscop Cille Da Lua do écc.

  4. An dęganach mac Briain Ruaidh Mic Con Midhe fear tighe aoidhędh coitchinn d'écc.

  5. Comhchruinniucchadh fhęr n-Éreann go h-aon-bhaile i n-Ath Cliath lasan iustis iarla Cille Dara (Gęróid Ócc mac Gęróit) dú h-i t-tangattar iarladhabarúin, ridireadha, ⁊ rodhaoíne, ⁊ urmhór GaoidhealGall Ereann archęna. Do-chuaidh tra Ó Neill Conn mac Cuinn, ⁊ Ó Domhnaill, Aodh mac Aodha Ruaidh do chęngal a c-cor ⁊ d'athdaingniuccadh a síodha h-i f-fiadhnaisi an iustís, iar t-taccra ⁊ iar n-aighnęs gacha caingne ro bhaí ętorra riamh go sin dóibh fęin ⁊ dá c-cairdibh GallGaoidheal ní ro cuimhgędh a síodhucchadh lásan iustis na lásna maithibh archęna go t-tangattar fo eissídh dia t-tighibh go ro fhás an coccadh cédna ętorra doridhise. Do-deachaidh tra Ua Domhnaill fo dhí h-i t-Tír Eoghain an bliadhain-si go ro loisceadh, ⁊ go ro léir-indradh gach aird in ro ghabh don tír uile lais, ⁊ ní fhuair tachar no teoccmháil ris acc dol nó acc teacht aoinfhecht dibh-sin. Do-ronath sídh iaramh ętorra a t-tús an fhoghmhair do shonnradh co ro thingheallsat airisęmh ar gach taoíbh feibh at-béradh an iustisMaghnus Ó Domhnaill.

  6. O Cathain .i. Sęan mac Tomais do mharbhadh lá dręim dia chinidh fęin .i. mac Ruaidri an Rúta Uí Catháin, ⁊ mac Gofradha Ui Cathain, ⁊ c.

  7. Catariona inghęn I Duibhgęnnáin d'écc, 9.Iun, ⁊ a h-adhnacal co h-onorach h-i Mainistir Dúin na n-Gall.

  8. Rois inghęn Meg Uidhir (Sęan) d'écc.

  9. Siubhán inghęn Mécc Mathghamhna (Brian) d'écc.

 p.1380
M1526
  1. AOIS CRIOST, 1526. Aoís Criost, míle, cúicc céd, fiche, a sé.

  2. Glaisne mac Aodha Még Aongusa abb manach an Iubhair príoir DúinSabhaill do mharbhadh lá cloinn Domhnaill Még Aongusa .i. lá Domhnall Ócc cona bhraithribh.

  3. O Raighilligh d'écc .i. Eóghan. Coccadh mór do fhás etir a chinędh imón tighearnas iarna ecc-somh co ro gaireadh Ua Raighilligh d'Fęrgal mac Sęain a comhairle an iustis ⁊ mhóráin do mhaithibh GallGaoidhel gé ro bhattar daoíne ba sine ina-somh acc cur chuicce.

  4. Mac Uí Ruairc .i. Tadhcc mac Eoccain do marbhadh i meabhail lá muintir a dearbhrathar fęin.

  5. O Neill .i. Cond, ⁊ Maghnas Ó Domhnaill do dhol do lathair an iustis do dhénamh síodha Conallach, ⁊ Eoghanach, ⁊ ar t-tionól mhoráin do mhaithibh GallGaoidhel dá soighidh dia siodhucchadh, ní ro fhédsat naidhm sioda nó cairdęsa ętorra o t-tangattar ar c-cúlaibh fo eissídh don chur-sin.

  6. Sluaiccheadh la h-Ua n-Domhnaill (iar t-toidhecht Maghnusa ó Áth Cliath) ⁊ lá Maghnus fęissin cona sochraide diblínibh h-i tús an earraigh do shonnradh h-i t-Tír Eogain. Creacha iomda ⁊ airccthe aidhble do dhénamh leó isin tír, ⁊ in init do dhénamh dhóibh forsna creachaibh- sin h-i c-Coill na Lon h-i Siol m-Baoighill, ⁊ tangattar slán dia t-tighibh iaromh co n-edálaibh iomhdaibh.

  7. Easaénta mhór ar n-ęirghe i n-Iochtar Connacht, ar ro cęnglattar a n-urmhór uile ré 'roile i n-aghaidh I Dhomhnaill. Bá h-iad do-róine an coimhchęngal-sin Brian mac Feilim Uí Choncobhair, mac Cathail Óicc Uí Chonchobhair (.i. Tadhcc) fá Sliocht p.1382 Corbmaic Mic Donnchaidh .i. Eocchan, ⁊ Muirchęrtach cona c-cloinn, ⁊ cona lucht lęnamhna, do-rónsat an lucht-sin creach a n-Iochtar Cairpri ar Sliocht Fheilim mic Eocchain Uí Conchobhair, ⁊ ruccsat na creacha leó h-i Maigh Luircc ar robdar síodhaigh riú ar dhol i n-acchaid Uí Dhomhnaill.

  8. O 'd-chuala Ó Domhnaill na creacha-sin do dhenamh, do-rónadh tionól sluaigh lais h-i c-cęnn aroile .i. cuid do maithibh Conallach, ⁊ Mag Uidhir, Cú Connacht co n-eirghe amach Fhęr Manach amaille fris, do-chuaidh fo chedóir h-i c-Cairpri. Ro brisędh Caislén na Grainsighe gan fhuireach lais .i. baile Sleachta Briain Uí Conchobhair, do-thaéd iaramh riasan sluagh-sin h-i Maigh Luircc ro milleadh ⁊ ro loiscceadh lais an tír, ⁊ do-chottar Sliocht Briain Uí Conchobhair for a iomghabhail don chur-sin, ⁊ tainic-siomh dia thigh. O 'd-chualattar an t-Síol c-Concobhair sin Ó Domhnaill do dhol tar a ais h-i t-Tír Chonaill tangattar fęin ⁊ an Chlann Donnchaidh remhráite co líon a t-tionoil a t-timcheall Sliccigh. Ro ghabhsat ag gęrradh gort ⁊ arbhann, ⁊ ro bhattar acc cur dochum an bhaile do ghabháil nó gur marbhadh duine maith dá muintir .i. Ruaidhri Ballach mac I Airt. Ro imthighsęt on m-baile an lá-sin, ⁊ cruinnighit doridhisi imon m-baile, ⁊ iar c-cluinsin na sccél-sin d'Ua Domhnaill tainic co nęmhlęscc nęmhshadhal gan fhuireach gan fhaillighe d'fóiridhin t-Sliccigh, ⁊ ní ro h-anadh fris ar rochtain dó, ar do-chóidhsiot Síol c-ConcobhairClann n-Donnchaidh go Bél an Droichit. Ro lęn Ó Domhnaill cona sluaigh iatt amail as déine conranccattar, ⁊ ro sraoíneadh fo chédóir for Shíol c-Conchobhair, ⁊ for Cloinn n-Donnchaidh, ⁊ ro marbhadh mac Mheic Donnchaidh .i. Maoíleachlainn mac Eoghain mic Donnchaidh co sochaidhe ele amaille fris. Ro cuireadh Brian mac Feilim mic Maghnusa Uí Conchobhair dia eoch, ⁊ bá h-é dlús ⁊ daingne na coilleadh tarla a t-timcheall Beóil an Droichit rucc as uaidhibh é, ⁊ ad-berat aroile nár bhó h-ógh-slán ón maidhm-sin alle co b-fuair bás iar t-trioll. Ro fháccaibh an sluacch Connachtach-sin édala móra each, airm, ⁊ p.1384 éideadh ag Cenel c-Conaill don cur-sin, uair ó do-rad Aodh Ruadh mac Neill Ghairbh maidhm an Chęidigh Dhroighnigh for Connachtaibh h-i t-torcratar ile díbh ní thardsat Cenél c-Conaill for Chonnachtaibh én-mhaidhm ro ba cosccraidhe dóibh do chur, ⁊ órbh aidhble a n-édala inás an maidhm-sin Bheóil an Droichit.

  9. O Néill do theacht do thoirmęscc caisléin do thionnsccain Maghnas Ó Domhnaill h-i Port na t-Tri Namhat, ⁊ Maghnus do thęgmháil ria t-tús an t-sluaigh, ⁊ Enri mac Sęain I Neill do ghabháil lais, ⁊ Ó Néill fęin d'imtheacht a c-cóir madhma.

  10. O Catháin .i. Gofraidh mac Gofradha do mharbhadh ag Bealach an Chamáin lá mac I Néill .i. Niall Ócc, ⁊ Niall fęin do ghabháil fo chęnd trill iarsin lá h-Ua Neill, ⁊ a bęith i m-braighdęnas frí ré fhoda.

  11. Mac I Chathain (Gofraidh) adhbhar tighearna a thíre feisin do dhol ar siubhal creiche i n-Glionn Con Cadhan a mí Ianuarii do sonnradh, ⁊ a écc-somh fri h-adhfhuaire na síne gęimhręta conach frith aon-focal dia scélaibh no go f-fríth a chorp a n-dęirędh an chorghais ar cind, ⁊ Enri mac Neill mic Briain tigherna Baile na Braghat do mharbhadh don chur-sin, ⁊ sochaidhi ele beós d'écc do fhuacht, ⁊ do mharbhadh amaille friú.

  12. Maidhm do thabhairt lá mac Mic Piarais ar chloinn Emainn mic Tomais Buitilér dú in ro marbhadh Conchobhar Ócc mac Conchobhair Chaoich UI Dhomhnaill baí na chonsapal gallócclach, ⁊ agá m-baí lámh mhaith co minic rias an tan-sin, ⁊ an lá-sin dáiridhe ar nír lęicc méd a mhęnman ⁊ feabhas a láimhe dhó anacal do ghabháil iarna thairccsin dó, ⁊ torchratar sochaidhe mór do dagh-dhaoínibh, do marc-sluagh, ⁊ do gallocclachaibh isin maidhm-sin ina fharradh.

  13. O Dochartaigh Eachmarcach tighearna Innsi h-Eocchain d'écc, ⁊ imręsain mór p.1386 ar n-ęirghe etir a chineadh féin fa tighearnas go ro goireadh tighearna do Gearalt mac Domhnaill mic Fęilim I Dhochartaigh.

  14. Sluaiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill h-i t-Tír Amalgaidh ar tarraing Slechta Riocaird A Búrc, Battar maithe Ceneóil c-Conaill ar an sluaiccheadh-sin, ⁊ Mág Uidhir Cú Connacht co n-éirghe amach Fhęr Manach amaille fris, ní ro h-anadh ⁊ ní ro h-airisędh lasna h-uaislibh-sin co rangattar co Slicceach cetús. Ro tairrngędh ⁊ ro tęglamadh arbhanna iomdha baoí acc Sliocht Briain h-I Chonchobhair h-i c-Cúil Iorra go Slicceach lasan sluagh-sin Uí Dhomhnaill ⁊ an ní ná ro tharraingsęt de ro mhillsęt co léir h-é. Tęid Ó Domhnaill cona shluagh h-i t-Tír n-Amhalgaidh, ⁊ ro gabhadh caislén CaorthannáinCros Maoiliona lais, ⁊ fuair braighde, ⁊ édala iomdha sna caislénaibh ísin. Ro leaccadh, ⁊ ro láin-brisędh lais iatt conar bhó h-ionaittreabha inntibh as a h-aithle. Do-rónadh lais iarsin síth, cadach, ⁊ comhaontadh etir Shliocht Riocaird A BúrcBairédaigh comdar córaigh fria 'roile. Ag sóadh d'Ua Domhnaill ro ghabh foslongport im Chul Maoile bai i n-éccraidęs ⁊ i n-anumhla ris an tan-sin. Ro milleadh ⁊ ro loiscceadh ina m-baoí d'arbhar ag Sliocht Corbmaic Mic Donnchaidh lais conadh iarná mhilleadh ⁊ iarna mí-imirt do-ronsat a breth fęin do shíth ris Ua n-Domhnaill, ⁊ tuccsat braighde dó fri comhall gach nęith ro gheallsat fris. Do-rónsat Sliocht Briain I Chonchobhair an cédna uair tuccsat a riar ⁊ a bręth fęin do shíth d'Ua Dhomhnaill iar m-brisędh caisléin na Gráinsighe, ⁊ iar milleadh a m-bairr, ⁊ a n-arbha uile, ⁊ do-radsat a c-caoraigheacht don tír iaramh, do-thaod Ó Domhnaill cona shlócch slán iar m-buaidh, ⁊ c-cosccar don chur-sin, ⁊ ędh bęcc ria samhain do-rónadh an sluaiccheadh-sin lá h-Ua n-Domhnaill.

  15. Breasal Ua Madagáin (.i. tighearna Síl n-Anmchadha), fęr caoín cródha, cęnnsa ceart-bręthach d'écc.

 p.1388
M1527
  1. AOIS CRIOST, 1527. AoiS CRiost, mile, cúicc céd, fiche a seacht.

  2. Labhras abb Lęsa Gabhail d'écc.

  3. Mag Uidir Concobhar d'écc, ⁊ Mag Uidir do ghairm ina ionadh don chomharba .i. do Choin Chonnacht, mac Con Chonnacht, mic Briain, lá h-Ua n-Domhnaill.

  4. Toirrdhealbhach mac Eiccneacháin I Domhnaill, ⁊ Feilim mac Gofradha mic Sęain Luircc I Domhnaill do écc.

  5. Mac Donnchaidh Tire h-Oilella .i. Corbmac mac Taidhcc mic Briain d'écc, ⁊ imreasain do bęith etir Cloinn n-Donnchaidh fan tighearnas nó gur goireadh Mac Donnchaid d'Eocchan mac Donnchaidh mic Murchaidh.

  6. Brian mac Feilim mic Maghnusa Uí Concobhair, ⁊ Domhnall mac Feilim mic Toirrdhealbhaigh Carraigh Uí Choncobhair d'écc.

  7. Flaithbhęrtach mac Rúaidhri mic Briain Még Uidhir do mharbhadh la Teallach Eachdhach i. lá h-Uaithne mac Maghnusa Még Samhradhain.

  8. Amhlaoibh Ócc Dubh Mag Amhalgaidh taoíseach Calraighe do thuitim lá Cloinn Cholmáin, ⁊ ro dhioghail-siomh é fein riana mharbhadh uair do marbhadh Fiacha Mhag Eochagáin lais ar an lathair-sin.

  9. O Cléirigh .i. An Giolla Riabhach mac Taidhcc Caim saoi lé h-ealadhain h-i sęnchus, i n-dán, ⁊ h-i lęighionn fęr suim, saidhbhir, sochonáigh, ⁊ cumhaing móir éisidhe, ⁊ a écc i n-aibítt San Fronseis an 8. la do Mharta.

  10. An doctuir Ua Duinn Sleibhe Donnchadh mac Eocchain, doctúir h-i lęigheassaoí i n-eadladhnaibh ele, fęr conaigh mhóir, ⁊ saidhbhręsa, ⁊ tighe n-aoidhędh coitchinn d'écc .30. September.

  11. Mac Maghnusa Még Uidhir .i. Tomás Ócc mac Cathail Óicc, mic Cathail Óicc biatach an t-Sęnaigh, officél Locha h-Éirne, fęr ęrccna eólach i n-ealadhnaibh, fęr ro bá lán do chlú ⁊ d'oirdhearcas in gach ionadh baí ina chómhfoccus, ⁊ a écc.

  12. Ruaidhri mac Murchaidh Mic Suibhne do mharbhadh lá a bhraithribh.

  13.  p.1390
  14. Uilliam mac Aindriasa Még Craith fear saidhbhreasa ⁊ sochonáigh d'écc.

  15. Caitilín inghęn Chuinn mic Domhnaill I Neill bęn craibhdheach dhegh-einigh ro bhaí ag dęgh-fhęraibh .i. ag Ua Raghallaigh ar tús, ⁊ acc Ua Ruairc iarsin d'écc iar n-ongadh ⁊ iar n-aithrighe.

  16. Sloiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Aodh mac Aodha Ruaidh do dhol h-i c-Connachtaibh, At iatt tangattar ina shochraitte, O Baoighill, O Dochartaigh, na tri Męic Suibhne, Mag Uidhir, Cu Connacht co n-eirghe amach Fhęr Manach, ⁊ maithe Iochtair Chonnacht cona n-ęirghe amach ⁊ ní ro h-airiseadh leó co riachtattar Magh Luircc. Ro milleadh an tír co lęir leó etir arbhar ⁊ foirccnęmh. As ędh lotar iaramh co Caislén Mór Mic Goisdealbhaigh dia ghabháil. Bá daingęn díothoghlaighi eisidhé ar ro bhádar an uile aidhme gabhála fri naimhdibh feibh is deach baoí i n-Erinn an tan-sin isin m-baile ísin etir bhiudh ⁊ ordanás ⁊ gach aidhme archęna, ara aoi tra ro ghabhsat na maithe-sin acc iomshuidhe imon m-baile, ⁊ ro sreathnaighsęt a slógha ina uirthimcheall conár lęiccsęt neach anonn nó anall dia shaicchidh go ro gabhadh an caislén leó fo dheóidh.

  17. Ro gabhadh leó don chur-sin caislén An Mhęndoda, caislén An Chalaidh, Baile na h-Uamha, ⁊ an Caislén Riabhach, ⁊ ro brisit na caisléin-sin uile leó iar na n-gabháil. Ro marbhadh beós Aodh Buidhe mac An Dubháltaigh Uí Ghallcubhair ar an sluaiccheadh-sin (ó Ua Domhnaill) i n-ucht an Bhealaigh Bhuidhe.

  18. Caislén Lęithbhir do chríochnucchadh lá Maghnus Ua n-Domhnaill etir obair cloiche, chroinn, ⁊ cláraigh, ⁊ Ua Neill a c-coccadh fair. As ann ro tionnsccnadh an obair-sin lá Maghnus an cédaoín iar f-féil Brenainn isin t-samhradh ⁊ ro criochnuiccheadh a c-cuid don t-samhradh cedna.

 p.1392
M1528
  1. AOIS CRIOST, 1528. Aois Criost, mile, cúicc ced, fiche, a h-ocht.

  2. O Ruairc Eócchan tighearna na Breifne ursa cothaighthe einigh, eangnamha, ⁊ uaisle Sleachta Aodha Finn d'écc i n-aibítt .S. Fronseis iar n-ongadh, ⁊ iar n-aithrighe.

  3. O Briain .i. Toirrdhealbhach mac Taidhcc an t-aon-mac Gaoidhil bá foide lé h-uaisle, ⁊ lé h-eineach do Lęith Mogha, oidhre diongmhala Briain Boroimhe ar chongmháil coccaidh ré Gallaibh d'écc iar n-onccadh, ⁊ iar n-aithrighe ⁊ a mac d'óirdneadh ina ionadh .i. Conchobhar mac Toirrdhealbhaigh.

  4. Fionnghuala inghean I Bhriain (.i. Conchobhair na Sróna mic Toirrdhealbhaigh mic Briain Catha an Aonaigh) bęn Uí Dhomhnaill Aodh Ruadh, an aoín-bhęn as mó do chosain clú ⁊ oirdhearcus dá m-baoí na comhaimsir a lęith fria curp ⁊ fria h-anmain iar c-caithęmh a h-aoisi ⁊ a h-inmhe lé déirc, ⁊ lé daonnacht ⁊ iar m-bęith da bhliadhain ar fichit i n-aibítt San Fronséis d'écc an céd lá don Corccas (.i. an. 5. Februarii), ⁊ a h-adhnacal i Mainistir Dúin na n-Gall do-rónadh ina h-aimsir budhéin.

  5. Conn mac Néill mic Airt I Néill saoí chinn fhędhna esidhe do mharbhadh (.i. an. 15. April) la mac Airt Óig I Neill (.i. Ó Neill), ⁊ lá cuid do Sliocht Aodha Meg Uidhir, ⁊ mac I Neill (.i. Art Occ) .i. Enri, ⁊ Corbmac baí i laimh ag Ua Neill (.i. Conn mac Cuinn) a f-fad riasan tan-sin do thabhairt (d'Ua Néill) do cloinn Chuinn mic Néill, ⁊ cland Chuinn do chrochadh na deisi-sin a n-dioghail a n-athar.

  6. Mac Diarmada Maighe Luircc (Corbmac mac Ruaidhri) feicheamh coitchęnt ar eineach ⁊ ar fhéile, mir cruadha Connacht ar coccadh ⁊ comhfhuachadh, fęr cosanta a chriche ar eachtair-cenélaibh d'écc iar n-ongadh ⁊ iar n-aithricche ⁊ a dearbhrathair Diarmait do ghabhail a ionait.

  7. Macc Carthaigh Riabhach Domhnall d'écc.

  8. Caislén Chúile Maoile do ghabháil ar Mac n-Donnchaidh lá a dearbhrathair fęin lá Muircheartach mac Donnchaidh mic Murchaidh, ⁊ Mac Donnchaidh féin ⁊ p.1394 a mac Murchadh do ghabháil go h-aithghearr iar sin lá h-Ua n-Dúbhda, ⁊ lasan Muircheartach c-cédna, ⁊ mac ele do Mac Donnchaidh .i. Donnchadh do mharbhadh léo an tan-sin.

  9. Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill (co n-druing móir d'Albanchaibh amaille fris im Alastrann mac Eóin Chathánaigh) h-i Maigh Luircc, ⁊ An Bealach Buidhe do ghearradh leó. Braighde, ⁊ cíos do fhaghbhail ó Mhac Diarmada, ⁊ toidhecht slán dia tír.

  10. O Maoil Mhiadhaigh taoiseach Teallaigh Cearbhalláin .i. Cathal mac Domhnaill mic Uaithne Buidhe d'écc.

  11. Gaoth mhór ar n-ęirghe an aoíne ria Nodlaicc go ro lá fiodh-ár mór fó Erinn go ro trascair chiodh araill do chumhdaighthibh cloch ⁊ crann. Ro bris bheos mur Mainistre Dúin na n-Gall. Ro fhuadaigh, ro bháidh, ⁊ ro bhris arthraighe iomdha.

M1529
  1. AOIS CRIOST, 1529. Aois Criost, míle, cúicc céd, fiche a naoí.

  2. Mac Suibhne Fánat Domhnall Ócc mac Domhnaill, mic Toirrdhealbhaigh Ruaidh tighearna Fánat fri h-aon-bliadhain décc do faghail bháis iar c-cor aibitte uird Muire uime.

  3. Emann mac Domhnaill Mic Suibhne, ⁊ Emann Ruadh a mhac do thuitim in aon-ló lá Toirrdhealbhach mac Ruaidhri, mic Maol Muire Mic Suibhne.

  4. Brian Ballach mac Néill mic Cuinn I Neill do mharbhadh lá Corbmac Mac Uidhelín (iar m-bęith don Corbmac-sin h-i f-farradh Briain fęin ⁊ fora mhuinterus) iar b-faccbháil Cairrge Feargusa dóibh.

  5. Cathal mac Eocchain mic Aodha Meg Uidhir d'écc.

  6. Brian Ruadh mac Sęain Mhég Uidhir do mharbhadh d'aon-urchor do shaighid acc ędarghaire etir mhuintir na Cúile, ⁊ muintir an Machaire.

  7.  p.1396
  8. Mac Męic Dubghaill na h-Alban do mharbhadh lá h-Aodh m-Buidhe Ua n-Domhnaill d'aon-bhuille do chloidhimh i n-dorus Cúile Mic an Treóin.

  9. Caislén Cúile Mic an Trein do ghabháil lá Maghnus Ua n-Domhnaill, ⁊ iar sccrúdadh a chomhairle as ędh do cinnędh lais an caislén do bhrisędh.

  10. An Cosnamhach mac Fęrghail mic Donnchaidh Duibh Mic Aedhaccáin saoí fá h-oirdearca h-i f-fęineachus, ⁊ h-i f-filidheacht, ⁊ h-i m-bręithęmhnus tuaite baí h-i t-tíribh Gaoidheal d'écc, ⁊ a adhnacal i n-Oilfinn.

  11. Mac Aedhaccain (.i. Urmuman) .i. Domhnall mac Aedha mic Domhnaill cęnn eiccęs Lęithe Mogha ar fhęineachusfhilidheacht d'écc.

  12. Eoghan mac Feilim Mic Maghnusa, ⁊ a bhean Grainne inghęn Chonchobhair Még Uidhir d'écc.

M1530
  1. AOIS CRIOST, 1530. Aoís Criost, mile, cúicc céd, triochat.

  2. Epscop Oilfinn .i. an t-epscop Gréccach d'écc.

  3. Caibidil na m-Brathar i n-Dún na n-Gall, ⁊ bá h-e Ua Domhnaill (.i. Aodh Ócc) do-rad dóibh gach ní rangattar a leas, ⁊ rób aidhilcc léo don chur-sin an c-cęin báttar h-i f-farradh aroile.

  4. Caitilin inghęn Mic Suibhne bęn I Dhochartaigh, ⁊ Róis inghęn I Catháin bęn Fheilim I Dochartaigh d'écc.

  5. Conchobhar Ócc O Baoícchill tanaisi Baoigheallach do mharbhadh lá cloind Uí Bhuighill (.i. Niall mac Toirrdhealbhaigh) ar an Leacach an .6. Ianuarii.

  6. Féilim mac Conchobhair Uí Bhuighill do mharbhadh lá cloinn Uí Bhaoighill.

  7. Maol Muire Mac Suibhne consapal Tíre Baghaine d'écc.

  8. Domhnall mac Briain mic Domhnaill I Neill do dhol ar cręich san Machaire p.1398 Steafánach, ⁊ cręch do glacadh lá a muintir. An tír do cruinniucchadh ⁊ a lęnmhain go Sliabh Bętha go rucsat fair, ⁊ Domhnall do thionntúdh frisan toraidh, ⁊ raoínędh forra go ro ládh a n-ár lais, dú inar gabhadh dá mac Eoghain Ruaidh I Neill in ro marbhadh triúr do cloinn Ruaidhri na Lęrgan, dias mac Maghnais Még Mhathgamhna, ⁊ mac Enri mic Briain, ⁊ Tomas na Cairrcce mac Émainn Még Uidhir.

  9. Giolla Pattraicc mac Corbmaic mic Airt Chúile Még Uidhir d'écc, ⁊ rob eisidhe fęr a inmhe bá fęrr tęgh n-aoidhędh ina aimsir h-i f-Fęraibh Manach.

  10. Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill h-i c-cúicceadh Connacht. As eadh no gabh céttus tria Choilltibh Conchobhair, estibh-sidhe triasan Tanaisteacht h-i Maigh Luircc do Coradh Droma Rúiscc tar Sionainn. Ro loiscceadh, ⁊ ro láin-mhilleadh Muintir Eolais lais. Ro marbhadh drong dia mhuintir im chaislén Liath Droma im Mhaghnus mac An Fhir Dhorcha Mic Suibhne ⁊ im mac Mic Coilín Toirrdhealbhach Dubh. Do-choidh iaramh as-sin tar Sionainn siar do Machaire Chonnacht, do droichęt Atha Mogha tar Suca. Ro croithędh, ⁊ ro creach-loiscceadh Clann Connmhaigh lais. Ro loiscc bhęos GlinnsceCill Cruain bailte Męic Dáuidh, ⁊ fuair édala aidhble sna tíribh-sin. Ro loiscceadh beós lais iaramh Baile an Tobair, ⁊ fuair a chios ó Ua c-Conchobhair Ruadh .i. se pinginne san c-cęthramhain dá dúthaigh, ⁊ ticc tar a ais tresan m-Bealach m-Buidhe gan díth do dhénamh dhó iar millędh Muighe Luircc. Tanaic iarttain don Bręifne ⁊ ro loiscceadh lá sluagh Uí Dhomhnaill an tęgh p.1400 crannghaile as deach baí in Eirinn .i. tęgh Mhęic Con Snamha ar Loch Aillinne. Ro milleadh, ⁊ ro dioláithriccheadh an Breifne uile ó shliabh siar leó don turus-sin.

  11. Creach mhór do dhénamh lá h-Aodh m-Buidhe Ua n-Domhnaill i n-Gailęngaibh.

  12. Slóiccheadh lá h Ua n-Domhnaill (h-i mí September do shonnradh) ar Mac Uilliam Búrc dia ro milleadh bladh mhór don tír. Ro h-ęrnaidhmeadh síth ętorra iarttain, ticc Ó Domhnaill slán dia thicch.

  13. Iarla Cille Dara Gęróid mac Gęróid (baí ré chian h-i láimh acc Saxan) do theacht i n-Erinn, ⁊ iustis Saxanach do thęcht lais, ⁊ a m-bęith araon acc milleadh mórain fa Gaoidhealaibh. Ro gabhadh leó dna Ó Raighilligh iar t-teacht ina c-cęnn ar a n-iocht fęin.

  14. Rudhraighe mac Eocchain mic Aodha Bailbh mic Sęain Uí Dochartaigh, écht mór ina thír fęin do écc.

  15. Inghęn Uí Bhaoíghill .i. Róis inghęn Toirrdhealbhaigh mic Néill Ruaidh bęn dércach deigh-einigh, ⁊ Síle Uí Fhallamhain bęn Cairpre mic an phriora bęn daonnachtach deigh-dealbhdha do écc.

  16. Aodh Ó Flannaccain mac pęrsúin Innsi Maighe Samh saoí i n-ęccna, i n-ealadhain, fęr suairc, séghainn, ⁊ fęr ro ba maith tęgh n-aoidhędh d'écc.

M1531
  1. AOIS CRIOST, 1531. Aoís Criost, míle, cuicc céd, triocha, a h-aon.

  2. Tuathal mac I Neill .i. mac Airt mic Cuinn do ghabháil lá h-Ua Néll .i. lé Conn mac Cuinn.

  3.  p.1402
  4. Mag Carthaigh Riabhach Domhnall mac Finghin mic Diarmata tighearna Ua c-Cairpre, fęr ro ba maith smacht, ⁊ riaghail, fęr ro ba maith oineach ⁊ ęngnamh, fęr tucc gairm einigh d'fęraibh Ereann do neoch baí ag cuingidh nęith dib, do écc.

  5. Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc Uí Bhriain tánaisi Tuadhmumhan fęr denmha einigh, ⁊ uaisle d'écc.

  6. Mac I Dochartaigh .i. Niall mac Conchobhair Charraigh d'écc.

  7. Conn mac Sęain Buidhe Még Mathghamhna do mharbhadh lá Mág Mathghamhna, ⁊ lá cloinn Bhriain Még Mathgamhna.

  8. Eocchan mac Giolla Pattraicc Óicc Még Uidhir do mharbhadh lá a dearbrathair (.i.Emann).

  9. Conchobhar mac Cathail mic Duinn Még Uidhir do marbhadh lá h-Iochtar Tíre.

  10. O Flannaccáin Tuaithe Rátha Maghnus mac Gillibert mic Corbmaic saoí lé h-uaisle, ⁊ congmhálaidh tighe aoidhędh d'écc (25. Februarii), ⁊ Ó Flannagáin do ghairm do Giolla Iosa mac Toirrdhealbhaigh.

  11. Muirchęrtach mac Conchobhair Meg Cochláin prióir Gailinne, biocaire Léth Mancháin do thuitim h-i f-fiull lá Toirrdhealbhach Ócc Ó Maoíleachlainn ⁊ lá Rudhraighe.

  12. Diarmaitt mac Sęain mic Aodha an tí do b-fęrr uaisle ⁊ daonnacht do Shliocht Aodha mic Maol Ruanaidh d'écc.

  13. Corbmac mac Cathail Óicc mic Cathail Mic Maghnusa fęr tighe aoidhędh oirdhearc d' écc.

  14. Tuathal mac I Dhomhnalláin Machaire Maonmaighe, ⁊ Giolla Pattraicc mac Adhaimh Mic An Baird d'écc.

  15. Indsaicchidh lé mac Mhég Uidhir Corbmaic h-i c-Cenel Fęradhaigh. Do-rónadh creach lais isin maighin-sin ar mac Briain I Neill, ⁊ ro marbadh mac Briain fęisin acc tóraigheacht a creiche, ⁊ do-rad mac Meg Uidhir an c-creich lais.

  16.  p.1404
  17. Slóiccheadh lasan iustis Saxanach, lé h-iarla Cille Dara, ⁊ lé maithibh Gaoidhel Ereann h-i t-Tír n-Eoccain ar tarraing I DomhnaillNeill Óicc I Neill, ⁊ Sleachta Aodha I Neill, ⁊ Tír Eoccain do losccadh leó ó Dhún Gál co h-Abhainn Mhóir. Caislén nua Puirt an Faillęccáin do bhrisędh, ⁊ duthaigh Briain na Moicheirghe do chręch-losccadh lasan sluacch íshin, ⁊ Muineacháin d'faccbháil folamh for a c-cionn. O DomhnaillNiall do dhol h-i c-cęnn an t-sluaicch Gallda-sin co Cinnard, ⁊ caislén Cinnaird do bhrisędh leó. O Nell imorra baí-sidhe sluagh díríme ré a n-ucht co nár lamhsat dol thairis-sin h-i t-Tír n-Eoccain co ro impáisiot na slóigh-sin dia t-tighibh lęth ar lęth gan síth gan osadh ag Ua Neill riú.

  18. Ruaidhri Gallda mac I Neill do ghabhail lá h-Ua Néill .i. lá Conn mac Cuinn.

  19. Aodh Ócc mac Tomais mic Tomais mic An Ghiolla Dhuibh Még Uidhir d'écc iar m-bręith buadha ó domhan ⁊ ó dhęmhan.

  20. Semus Ó Flannaccain mac pęrsúin Innsi, fęr ro ba mór ainm ⁊ oirdearcus ina thír fęin d'écc.

  21. Baile Uí Donnghaile d'ionnsaighidh lá Niall Ócc mac Airt mic Cuinn I Néll an baile do bhrisędh lais, ⁊ mac I Néill (dalta Uí Dhonngaile) do ghabhail ⁊ a bhręith lais co n-eachaibh, ⁊ co n-edalaibh an bhaile araon ris.

  22. Caislen Bheóil Leice do ghabháil le h-Aodh m-Buidhe Ua n-Domhnaill, ⁊ buaidhreadh Tire Conaill do theacht de-sin.

  23. Mag Uidhir do dhol sluagh h-i t-Tír Conaill ar tarraing Uí Domhnaill ar ro bháttar clann Uí Dhomhnaill i frithbheart fria 'roile ar omhan nech uadhaibh do p.1406 rochtain ria na 'roile i c-cęnnus iar n-écc a n-athar ar ro lęth ainm ⁊ eirdearcas Maghnusa Uí DomhnaillErinn uile, ní namá h-i c-Cenel c-Conaill acht isna tíribh aneachtair, ⁊ ro baí acc forrán for a bhraithribh sainnriudh. Bá h-imęccla lá h-Ua n-Domhnaill gail-fhine do dhénamh dhóibh for aroile ⁊ a dhol fęin i n-eineirte ass a los conadh aire ro thogairm Ua Domhnaill Mag Uidhir dia shaighidh dus an c-caomhsattís Maghnus do chuibhdiughadh fri tairisi ⁊ brathairsi fri a chomh-fhuilidhibh. Do-chóidh iaramh Mag UidhirAodh Buidhe Ua Domhnaill cona sochraide go rangattar co Finn go ro chręchsat ina m-baoí fó mhámus Mhaghnusa ó or co h-or. Bá h-ann baoí Maghnus an tan-sin for faithche Caisléin na Finne go líon a thionóil. Do-chuattar tra clann Maghnusa co n-druing dia muintir tar Sccairbh Beccoice ar ionchaibh an bhaile i n-airęs ⁊ i n-dóchum an t-slóigh baí dia saighidh. Sraoíntear forra lá Mag Uidhir ⁊ lá h-Aodh m-Buidhe go ro cuirit go h-aimdheónach fó dhidęn an caislęin. Do-bhęrt aon do Mhuintir Ghallchubhair do mharc-sluagh Maghnusa forgamh do ghae for Toirrdhealbhach mac Donnchaidh mic Briain mic Pilip Meg Uidhir, ⁊ do-erná beó-ghonta as, ⁊ brętha iaramh dia thigh co n-érbhailt ria c-cionn teóra n-oidhche iar m-buaidh n-aithrighe. Do-taot cách uaidhibh dia longport iaramh.

M1532
  1. AOIS CRIOST, 1532. Aois Criost, míle céd, triochat, a dó.

  2. Tomas mac Piarais Ruaidh (.i. iarla Urmumhan) do mharbhadh i n-OsraighibhDiarmaitt Mac Giolla Pattraicc, adhbhar tighearna Osraighe an Diarmaid-sin, ⁊ nír bhó cian iar sin go ro toirbhireadh Diarmaid lá a dearbrathair féin (lá Mac Giolla Pattraicc) don iarla, ⁊ ro cęngladh Diarmaitt iaramh lasan iarla a n-díoghail a mhic, ⁊ gach uilc ele da n-dearnadh lé Diarmaitt fris gó sin.

  3.  p.1408
  4. O Cęrbhaill (Maol Ruanaidh) an t-aon-fęr bá fęrr gart, gaisccead, agh ⁊ oirdearcas dia chinél fęisin, an tí dár bó buidheach dámh, ⁊ deóraidh eccalsa ⁊ éiccsi, ⁊ as mo do thionoil, ⁊ do thiodhlaic tainic dia bhunaidh-fhréimh, cuingidh congmhala cáich, sdiúir chęrt cobhsaidh a chinędh, buachail tęnn taisttil na t-treabh, mál ineadhrach mór-dhálach Muman, lęg lóghmhar, gęm charrmhogail, inneóin fhorais, ⁊ uaithne óir na n-Eileach d'écc (.i. la fhele Matha Suiscel) ina longport fęin, ⁊ a mhac Fęr Gan Ainm d'óirdnead ina ionadh. Maidhm an lá-sin féin ré n-écc Maol Ruanaidh lá a chloind ar iarla Urmuman, ⁊ ar cloinn t-Sęain I Cęrbhaill. Ro bęnadh daoíne ⁊ eich iomdha, ⁊ ordanas dá n-goirthi fabhcúin díbh, conidh de do lęn Bél Atha na f-Fabhcún don áth in ro sraoíneadh an maidhm ísin ⁊ ba h-é-sin cosccar déidhęnach Maol Ruanaidh. Ro gaireadh Ó Cęrbhaill (amhail adubhramar) d'Fhior Gan Ainm ar belaibh a shinnsior clann t-Sęain Uí Cęrbhaill. Tangattar uilc iomdha treimhit-sin isin tír ar ro ghabsat clann t-Sęain cetus caislén Biorra, ⁊ ro mhillsiot an tír as. Ro thuit mac an pęrsúin Uí Chearbhaill lá mac I Cearbhaill .i. lá Tadcc Caoch ar faithche Bhiorra. As a h-aithle-sin ro tarraing Ó Cęrbhaill (Fęr Gan Ainm) a chliamhain .i. iarla Cille Dara iustis na h-Ereann ar p.1410 cloinn t-Sęain gur gabhadh leó caislen Cille Iurin, caislén na h-Eccailsi, ⁊ caislén Baile an Dúnaidh. Ro shuidhsiod iaramh i t-timcheall Biorrae, baí deabhaidh ętorra ⁊ bárda an caislein go ro bhęn peilér ina thaobh don iarla as an c-caislén amach. Ro dícleith innsin go ro gabhadh an caislén. Luidh an t-iarla tar a ais, ⁊ baí an pelér inn, ⁊ bá isin earrach ar c-cinn tainicc as an taobh araill de. Bá d'foraithmęt bais Maol Ruanaidh Uí Cęrbhaill do ráidhędh,

    1. Míle bliadhain is cúicc céd,
      fiche ⁊ dá bliadhain décc,
      ó ghęin Criost do shlánaigh sinn,
      go foghmhar bháis Uí Chęrbhaill.

  5. Eocchan mac Tighearnáin mic Eoccain Uí Ruairc saoí dhuine uasail do mharbhadh lá h-Ua Maoíl Miadhaigh, ⁊ lá a braithribh i Mainistir Droma Dá Ethiar.

  6. Toirrdhealbhach mac Meg Flannchaidh do mharbhadh lá a dhias dearbrathar fęin i n-dorus baile Még Fhlannchaidh, ⁊ Brian Ó Ruairc do milleadh móráin i n-Dartraighe tresan marbhadh-sin.

  7. Máire inghęn Mic Suibhne Fhánat bean Uí Bhaoighill d'écc co h-oband iarna h-easccar dia h-eoch i n-dorus a baile féin, 21 April.

  8. Mac Uidhlín Ualtar mac Gęróitt do mharbhadh i n-ęcclais Dhúine Bó, ⁊ Conchobhar mac Uí Catháin, fęr toichtheacht trom-chonáigh do losccadh and ⁊ Mac Con Uladh .i. Semus mac Airt Mic Con Uladh do gabháil lá cloinn Domhnaill Chlérigh I Catháin.

  9.  p.1412
  10. Comharba Fhíodhnacha .i. Brian d'écc.

  11. Corbmac Ua h-Ultachain airchinneach Achaidh Bęithe d'écc.

  12. Mac Samhradháin .i. mac Maghnusa mic Tomáis taoíseach Theallaigh Eachdhach d'écc.

  13. Sęan mac Pilip mic Toirrdhealbhaigh, mic Pilip Meg Uidhir do mharbhadh lá Domhnall mac Mhég Uidhir .i. mac Con Chonnacht mic Briain mic Pilip d'aon-sathadh do scín.

  14. O Maol Chonaire Tórna d'écc, ⁊ Ó Maol Chonaire do ghairm ina ionadh do Chonchobhar mac Domhnaill Ruaidh, ⁊ a écc-sidhe go h-aithghęrr iar-sin.

  15. O Domhnaill, ⁊ Mag Uidhir ar n-dol h-i c-cęnn an iustis Shaxanaigh .i. Uilliam Sceimonton, ⁊ rann ⁊ cattach do chęngal dóibh ré 'roile, an iustis do theacht leó h-i t-Tír Eoghain, ⁊ Dún n-Gęnainn do briseadh, ⁊ an tír do milleadh.

  16. Iarla Cille Dara .i. Geroitt mac Geróitt do theacht i n-Erinn ina iustís on rígh.

  17. O Domhnaill do dhol h-i Maigh Luircc cona shloghaibh, ⁊ Mac Domhnaill lais .i. Alasdrann mac Eóin Cathanaigh. Ro creachadh, ⁊ ro losccadh Magh Luircc lá h-Ua n-Domhnaill do-ratt Mac Diarmata a riar dhó fo dheóidh gur bó síodhach fris.

  18. Clann Uí Néill .i. clann Airt Óicc, Domhnall, ⁊ Tuathal baí a b-fatt a m-braighdęnas acc Ua Neill do crochadh lais.

  19. Caislen Aird na Riagh do ghabháil lá cloinn I Dhubhda ar mac Sęain A Burc ⁊ coccadh d'ęirghe ętorra, ⁊ Sliocht Riocaird A Burc. Creacha ⁊ marbhtha a iomdha do dhénamh dóibh for aroile.

  20. Creacha aidhbhle ⁊ airccthe ainiarmartacha do dhénamh lá Niall Ócc Ó Neill ar Ruibilin Mac Domhnaill, ⁊ a m-bręith lais h-i f-Fęraibh Manach.

  21. Corbmac mac Meg Uidhir do ghabháil i f-fiull lá cloinn I Neill .i. lé Fęr Dorcha mac Cuinn mic Cuinn, ⁊ la Feilim Doibhlénaigh mac Airt Óicc mic Cuinn I Neill, ⁊ drong dá marc-sluagh do mharbhadh amaille fris im Uilliam mac Diarmata, p.1414 mic Corbmaic, mic Gafraidh ⁊ imón n-Giolla Bhallach mac Enri Bhuidhe mic Gofraidh go sochaidhib ele, ⁊ ro gabhadh cidh araill ann bheós. Cid iatt clann I Neill dna nír bhó h-iomlán lottar for c-cúlaibh ar do buaileadh ⁊ do loiteadh urmhór a muintire im Fheilim mac I Néill.

M1533
  1. AOIS CRIOST, 1533. Aois Criost, míle, cúicc céd triocha a trí.

  2. Mac Diarmatta Maighe Luircc Diarmaid mac Ruaidhri Mic Diarmata do mharbhadh a f-fiull lá cloinn Eoccain mic Taidhcc Mic Diarmatta, ⁊ Eocchan mac Taidhcc do gabháil tighearnais 'na deadhaidh.

  3. O Maol Muaidh Domhnall Caoch mac An Chosnamhaigh tighearna Fear c-Ceall do mharbhadh a f-fiull lá a dearbrathair féin (.i. Cu Choicriche), ⁊ lá mac a dearbhrathar .i. Art ar faithche Lainne h-Eala, ⁊ Ó Maol Muaidh do ghairm dá dearbrathair .i. Cathaoir.

  4. Feilim Bacach mac Neill mic Cuinn I Neill d'écc.

  5. Da mac Feilim mic Ruaidhri Bhacaigh I Neill do mharbhadh la Maghnus Ua n-Domhnaill.

  6. Emann mac Cuinn, mic Neill, mic Airt do mharbhadh lá cloinn Meg Uidhir.

  7. Caislén Sliccigh do gabhail lá Tadhcc Ócc mac Taidhcc, mic Aodha Uí Conchobhair ar ionnsaicchidh oidhche iar m-brath an bhaile, ⁊ iarna chur amach do bardaibh an caisléin fęin.

  8. Caislén Aird na Riagh do ghabháil mar an c-cédna san oidhche lá cloinn Tomais A Búrc ar chloinn I Dúbhda.

  9. Creach mhór a dhénamh lá h-Ua n-Domhnaill ar Ua n-Ęghra m-Buidhe etir dá abhainn tréna aimhręir do dhénamh d'Ua n-Ęghra.

  10. Niall mac Murchaidh Mic Suibhne do mharbhadh ar droichęt Sliccigh. Bá h-esidhe ócc-macaomh bá fęrr, ⁊ bá dęrscaighthe dia chinidh budhéin.

  11. Muircheartach mac Feilim, mic Toirrdhealbhaigh Carraigh Uí Conchobhair do p.1416 chrochadh lá h-Ua n-Domhnaill ar faithche chaisléin Eanaigh iar f-féimdeadh da cloinn, ⁊ dá braithribh an baile do thabhairt as.

  12. Iarla Chille Dara do theacht arís go h-Ele do chabhair Fhir Gan Ainm I Cearbhaill go Suidhe an Róin, ⁊ a bhęith a b-forbhaisi imon c-caislén, ⁊ consapal maith dia mhuintir do mharbhadh, ⁊ a iompudh iar n-gabháil an bhaile. O Cęrbhaill do gairm d'Uaithne Charrach mac Sęain in acchaidh Fhir Gan Ainm, ⁊ ęsaonta coccaidh d'éircce i n-Éle trít-sin.

  13. Corbmac Mac Cochláin tighearna Cloinne Conchobhair d'ecc.

  14. Cathaoír Mac Cochláin airchinneach Chluana Mic Nóis d'écc.

M1534
  1. AOIS CRIOST, 1534. Aoís Criost, mile, cuic ced, triocha, a ceathair.

  2. O Conchobhair Ruadh Tadhcc Buidhe mac Cathail Ruaidh d'écc, ⁊ Ó Conchobhair do ghairm dá mhac .i. Toirrdhealbhach Ruadh.

  3. Mac Diarmada Maighe Luircc (Eoccan) d'écc san c-Carraicc iar m-bęith bliadhain a t-tighearnas, ⁊ Macch Luircc do bheith easaontadhach cogthach re a linn. Mac Diarmatta do gairm d'abb na Búille .i. Aodh mac Corbmaic Mic Diarmatta. Clann Taidhcc Mic Diarmatta do ghabhail na Cairrcce fair, ⁊ nír bhó luccha a chách ęasaonta an tíre ré a linn.

  4. Eocchan mac Aodha mic Néill mic Cuinn, an t-aoín-fear ba fearr do Sliocht Aodha Bhuidhe do mharbhadh lá h-Albanchoibh d'urchor do shaighitt for Loch Cuan.

  5. Toirrdhealbhach Dubh Ó Diomasaicch do mharbhadh a f-fiull lá a brathair féin, la Muircheartach Ócc Ó n-Díomasaicch iar m-bęith dhó ar slánadh naoímh Éimhin, ⁊ Muircheartach Ócc budhdhéin do mharbhadh a t-traide iar-sin lá h-Ua Mórdha tre mhiorbhuilibh Dé, ⁊ Éimhin.

  6. O Gallchubhair .i. Emann mac Eóin mic Tuathail d'écc co h-obann.

  7. Corbmac mac Fęrghail Mic an Baird, saoí lé dán aon bá fęrr baoí ina aimsir dia chinędh a lęith fri deirc ⁊ frí daonnacht d'écc iar n-ongadh, ⁊ iar n-aithricche.

  8.  p.1418
  9. Maol Muire Mac Eochadha adhbhar ollamhan Laighean lé dán, fęr ęrccna iolldánach bá maith tęgh n-aoidhędh do mharbhadh go tęccmaiseach lá dęrbráthribh a mhathar lá cloinn I Thuathail.

  10. Maghnus Buidhe Ó Duibhghęnnáin do tachtadh dá mhnaoí fęin san oidhche.

  11. Eccnach, ⁊ iomchosaoíd mór do dhol ó maithibh Gall ⁊ ón comairle ar an iustis (iarla Cille Dara Gęroitt Ócc mac Gęróitt, mic Tomais forlamhaidh nęirt ⁊ cumhachta Ereann) gusan rígh an t-ochtmhadh Enri go Saxaibh, ⁊ an t-iarla do dhol do shaighidh an rígh do ghabhail a lęithscéil fris, ⁊ nír bo tarbha dó ar ro gabhadh é, ⁊ ro cuireadh isin Tor, ⁊ baoí ann fri h-ędh m-bliadhna, ⁊ ro bás acc imirt dligidh fair. Ro fháccaibh an t-iarla Gęróitt cloidhimh an righ aga mac Tomas ag dol dó go Saxaibh. At-bęrat aroile gur bó h-e Uilliam Scceimonton baoí ina iustis i n-ionadh Ghearóitt.

M1535
  1. AOIS CRIOST, 1535. Aoís Criost, mile, cuicc ced, triocha, a cúicc.

  2. Iarla Cille Dara (.i. iustis na h-Ereann) Gęróitt Ócc mac Gęróitt mic Tomais dearscaightheach GallGaoidheal Ereann ina aimsir, uair ní namá lęth a ainm ⁊ a erdearcus fo Erinn uile acht ro clos h-i criochaibh eitirchianaibh eachtair-cheneóil a alladh, ⁊ a ard-nós, do écc ina braighdęnus h-i Lonndain. Ro gabh iaramh mac an iarla .i. Tomas ag díoghail a athar ar Ghallaibh, ⁊ ar gach n-aén tucc fochann dia chor a h-Eirinn, ⁊ ro ath-chuir cloidhęmh an rígh uadha, ⁊ do-ghní uilc iomdha fri Gallaibh, ⁊ fo-gheibh aird-espoc Atha Cliath a oidheadh lais, ar p.1420 baoi-sidhe i n-acchaidh a athar ⁊ ro marbhadh beos daoíne ele amaille fris. Do-gabhadh lais Baile Atha Cliath on n-Gęta Nua amach, ⁊ do-radadh geill ⁊ braighde dhó ar a ómhan ón c-cuitt ele don bhaile. Ro léir-airccędh, ⁊ ro láin-mhilleadh Fine Ghall ó Shliabh Ruadh go Droichęt Atha gur bhó fód crithigh an Mhidhe uile la mac an iarla don cur-sin. Iarná fhios-sin don rígh do chuir fóiridhin go Gallaibh .i. Uilliam Scemonton ina iustis, ⁊ Linard Grai go c-cobhlach mór amaille friu ⁊ ro gabsatt-sidhe acc milleadh a m-baoí fó mhamus mic an iarla. Gabhthar leó iarttain baile Tomais .i. Magh Nuadhat ⁊ ro ionnarbsatt Tomas asan tír. Eirgitt beós coiccear dearbrathar a athar i n-aghaidh Tomais do congnamh lá Gallaibh (Semus Męrccęch, Oiliuér, Sęan, Uater, ⁊ Risdęrd) ar bá dóigh leó gomadh la h-aon aca an iarlacht dia c-cloíti inní Tomas. An tan na caomhnactar na Saxain rémhráite Tomas do ęrgabhail iar m-buain a bailtędh ⁊ a mhainer de, ⁊ iarná athcur i n-ucht Gaoidhel Dhęiscirt Ereann, ⁊ go sonnradhach Síol m-Briain, ⁊ Ó Conchobhair Failge, ⁊ iat-séin uile ina c-cleith chobsaidh comhnairt ina n-acchaidh ag coccadh friú bá h-é ní do sccrúdsat ina n-airle brécc-sídh do tairccsin dó, ⁊ cealcc do dhénamh chuicce go ro fhaoídhsęt Lord Linard h-i c-cęnn mic an iarla, ⁊ ro thingheall-sidhe pardún dó a h-ucht an rígh go ro bhrécc lais go Saxaibh é. Gabthar mac an iarla fo chédoir, ⁊ cuirthęr h-i t-Tor an righ é i m-braighdęnus ⁊ chimidheacht. Tanaic Lord Linard i n-Erinn tar a ais doridhisi, ⁊ ro écc an iustis baoí i n-Erinn .i. Uilliam Scemonton, ⁊ geibhidh-sium ionadh an iustis cuicce p.1422 ⁊ tucc dia shaicchidh clann iarla mhóir Cille Dara .i. clann Gęróitt mic Tomais, Semus Męirgęch, Oileuér, Sęan Uátér, ⁊ Risdeard ⁊ battar ina caoimhtheacht, ⁊ ina muintearas do gres. Ro gabhadh lais iatt fó dheóidh iar m-beith dóibh for a ionchaibh, ⁊ do chuir do shaighidh righ Saxan iad. Ro cuiritt-sidhe fó cédóir h-i t-tor an rígh airm i m-baoí oidhre na h-iarlachta .i. Tomas go m-battar ann ina sęisear.

  3. Eiccneachan mac Domhnaill I Domhnaill do mharbhadh lá cloinn Uí Baoighill.

  4. Inghęn I Neill Siubhan inghęn Chuinn mic Enrí mic Eocchain bęn Maghnusa Uí Domhnaill d'écc (.i. an. 21. August) a lár mędhón a h-aoís ⁊ a h-inmhe, bęn a h-aosa bá dęrsccaighthe crábhadh, ⁊ ęineach baí in aon-aimsir ria ar nír bó slán di acht .xlii. an tan ro fhaoídh a spirat, ⁊ a h-adhnacal go h-onorach h-i Mainistir .S. Froinseis h-i n-Dún na n-Gall.

  5. Mac Suibhne Tire Bóghaine Maol Muire Mór mac Neill Mic Suibhne do mharbhadh h-i f-fioll lá a dearbhrathair fęin .i. Niall ag dorus caislęin Mic Suibhne .i. Rathain a b-feil Pędair ⁊ Póil.

  6. Fęr Dorcha Mag Cochláin tighearna Dealbhna Ethra d'écc, ⁊ Felim mac Máoilir Meg Cochláin do gabhail a ionaidh.

  7. Fingin mac Connla Még Cochlain do mharbhadh lá Fęr Gan Ainm mac Fir Dorcha.

  8. Muircheartach Mac Donnchaidh, mic Murchaidh, ⁊ a dhias mac Sęan GlasFeargal do mharbhadh h-i Mhaigh Imleach lá h-Ua n-Eghra m-Buidhe iarna m-brath go meablach do neoch da muintir fęin.

  9. Maidhm mór do thabhairt lá Mac Amhlaoibh dú inar marbhadh tighearna Claonghlaisi, ⁊ Mac Giobúin, ⁊ córucchadh mór do Cloinn t-Sithigh, ro marbhadh ann fós a f-friothghuin Maol Muire mac Briain Mic Suibhne consapal Mic Amhlaoibh a t-tosach na h-iomghona.

  10.  p.1424
  11. Maoíleachlainn mac Cairpre I Bhirn do mharbhadh lá cloinn Cathail mic Meic Diarmata.

M1536
  1. AOIS CRIOST, 1536. Aois Criost, mile, cuicc céd, triocha, a se.

  2. Mainistir Droma Dhá Ethiar do losccadh go tęccmhaiseach san oidhche iar c-codladh do chách a c-coitchinne, ⁊ Eremhon Ó Domnaill brathair minur do losccadh innte, ⁊ morán maithęsa archęna do mhilleadh innte.

  3. Teadhmanna ⁊ galra ile isin m-bliadhain-si .i. pláigh coitchęnn, galar breac, flux, ⁊ fiabras dia ro éccsat sochaidhe.

  4. Corbmac Ócc mac Corbmaic mic Taidhcc Még Carthaigh, aon-rogha Gaoidheal Lęithe Mogha d'écc iar m-bręith buadha ó dhomhan, ⁊ o dhęman ⁊ a adhnacal h-i c-Cill Credhe.

  5. Mac Uilliam Cloinne Riocaird, Sęan mac Riocaird mic Emainn d'écc ⁊ coccadh mór d'ęirghe h-i Cloinn Riocaird fan tighearnas dia ro gairmędh da Mac Uilliam isin tír, Mac Uilliam do Risdeard Bacach mac Uillicc, ⁊ Mac Uilliam d'Uillęcc mac Riocaird Óicc, ⁊ Uillęcc na c-Cęnd do bhęith ag congnamh lá Risdeard m-Bacach.

  6. O Raghailligh Fęrgal mac Sęain mic Cathail tighearna Ua m-BriúinChonmaicne fęr, fial, fosaidh, firinneach, dearlaictheach dęigh-einigh d'écc iar c-comain ⁊ sacarfaic.

  7. Mag Flannchaidh taoíseach Dartraighe .i. Fęradhach mac Uilliam d'écc, ⁊ bá fęr dércach, daonnachtach eisidhe.

  8. Tomas Ó h-Uiccinn oide fęr n-Ereann, ⁊ Alban lé dán d'écc.

  9. Feilim mac Feilim I Ruairc d'écc i n-gęimhel ag Brian mac Eoccain mic Tighearnain I Ruairc.

  10. Cathal mac Sęoínín, mic Sęain Uí Maoil Moichęrghe fęr bioth-caithmhęch buan-chonáigh do écc.

  11.  p.1426
  12. Maithe Iochtair Connacht .i. Tadhcc Ócc mac Taidhcc mic Aodha, Tadhcc mac Cathail Óicc Uí Chonchobhair, Clann n-Donnchaidh, ⁊ clann I Dhúbhda do dhol ar Sliocht Riocaird A Búrc ar tarraing an espaig Bairéd, ⁊ creacha an tíre do tęichęmh ręmpa go Tęrmann Tighęrnain Oiridh ⁊ an t-ęspog dá tabhairt asan Tęrmann do shaighidh an t-sloigh, ⁊ gan na creacha d'aiseacc i n-onóir an naoímh.

  13. O Conchobhair do ghairm do Tadhcc Ócc mac Taidhcc mic Aodha mic Toirrdhealbhaigh Charraigh Uí Chonchobhair ⁊ bá h-esidhe céd-duine dar goireadh O Conchobhair i n-Iochtar Connacht do Sliocht Briain Luighnigh óir bá Mac Domhnaill mic Muircheartaigh ainm an tí nó biodh h-i c-cęnnas nó a c-cumhachta an t-sleachta-sin có sin, ⁊ bá ar daigh onóra ⁊ do dhearsccughadh dona tighęrnaibh tainic ręimhe do-róine-siumh an caomhclúdh anma-sin. An t-Ua Concobhair nua sin, ⁊ mac Cathail Óicc Uí Chonchobhair do dhol ar ionnsaighidh h-i c-Cloinn Goisdealbhaigh, ⁊ ní ruccsat ar chręich ⁊ ó ná fuairsiot edala ro gabsat foslongport a t-timcheall Cille Colmain .i. baile Mic Rudhraighe Mic Goisdealbhaig, ⁊ tainic féin h-i l-laimh go h-Ua c-Concobhair ar a bhaile do léccan saor dhó, ⁊ do-bęrt lúireach oirdearc do baí aicce .i. lúireach Mhic Feorais d'Ua Conchobhair ⁊ ticc Ua Conchobhair co Slicceach gusan m-braghaitt-sin lais a n-gioll lé a lán-fhuasccladh.

  14. Ro éirigh an tan-sin coccadh ⁊ ęsaonta etir Ua n-Domhnaillmaithe Iochtair Chonnacht uile cenmotha Brian mac Eoccain Uí Ruairc namá, an ní bhaoí-sidhe ag congnamh la cęchtarna dibh san ionam-sin. Ro tionoileadh de-sidhe slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill cona chloinn achtmadh Maghnus namá uair ní thainicc-sidhe h-i sochraide a athar don cur-sa ar dhaighin I Néill. Tainicc isin sochraide-sin I Dhomhnaill, Mag Uidhir Cú Chonnacht, mac Uí Neill Niall Ócc mac Airt, mac I Raigilligh .i. Aodh mac Maol Mhordha co n-ęirghe amach Uí Raighilligh. Tangattar p.1428 Siol Suibhne, ⁊ Baoigheallaigh isin tionól-sin I Domhnaill feibh bá grésach leó. Lodar na slóigh-sin ó Ath Sęnaigh deodh laoí co ro gabhsat sosadh ⁊ longport etir DuibhDrobhaoís. Iar t-tóchaithęmh a b-proinne ⁊ a t-tomhaltais dóibh ro chuirsęt lucht fęithmhe ⁊ fuiręcrais do choimhed na conaire baoí ętorra ⁊ Magh c-Cęitne ar bá h-omhan leó Siol c-Conchobhair cona t-tionól do thabhairt amais longpuirt forra dóigh ro bhattar-sidhe ina c-caoír bhodhbha arná léir-tionól ar a c-cionn h-i Slicceach, ⁊ iad acc tomhaithęmh tochair do thabhairt d'Ua Domhnaill cenco ro soiseadh leó rochtain aroile. Bá h-e cetus luidh isin f-foraire d'iomchoimhétt don t-slógh Ua Baoighill, Niall mac Toirrdhealbhaigh ar bá dóigh lais go b-fuigbędh a bhiodbhadha a c-cionn chomhair chuicce d'imirt a barainne foraibh. Do-chóidh dna Muintir Aodha Buidhe mic I Domhnaill d'fhorchoimhéd h-i c-conair n-aile gan ráthucchadh d'Ua m-Baoighill nach dia muintir, do ręccaimh etir na dibh buidnibh go ro gabhsat ac comhmbualadh aroile, ⁊ ní tarat drong dibh aithne for araill. Bá h-aindręnda ainiardha do-fighędh an imairęcc-sin lá h-Ua m-Baoighill i n-aghaidh a bhiodhbhadh (andar lais) go ro mudhaigheadh gan coiccill lais drong mhór don t-slógh an tan baí ag a f-forrach an tucht-sin do-rónsatt buaile bhódhbha ina uirthimcheall go b-fuair a oidhędh fá dheóidh lá a fhíor-cairdibh isin dara Calainn August ar aí laithe sechtmhuine {}. Bá doiligh mór do bhochtaibh ⁊ d'adhailccneachaibh, do chliaraibh ⁊ cęithęrnaibh an tí torchair annsin .i. an tí Niall mac Toirrdhealbhaigh. Gér bhó saoth lá h-Ua n-Domhnaill an móir-echt-sin, ní ro toirmiscc a eachtra, ⁊ luidh ręimhe go rainicc go Finn Fhir. Do-thaéd drong do marc-sluagh Cathail Óicc .i. do Muintir Airt go Bragaitt Chuillighe. Tiagait dręm do marc-sluagh I Dhomhnaill ina n-aghaidh go comhrainicc cách dibh fria 'roile i m-Bealach Duín Iarainn. Marbhthar marcach maith do Muintir Airt isin tachar-sin, ⁊ dędhlait re 'roile don cur-sin. Airisidh Ua Domhnaill ina fhoslongphort fęin in adhaidh-sin, ⁊ luidh roimhe isin maidin arna p.1430 mharach go Fęrsaitt Ręnna an Liaccáin do dhol tairis h-i c-Cuil Irrae. Baoí Ó Conchobhair h-i Slicceach ag orducchadh a muintire do dhol i n-airęs I Domhnaill gusan f-Fęrsaitt c-céttna acc toirmęscc a dhola tairsibh, an c-cęin bá lán an mhuir báttar na slóigh ag midheamhain ⁊ acc mór-dhécain aroile. Bá sí comhairle ro cinn Ua Conchobhair uair nat baoí coimhlíon slóigh lá h-Ua n-Domhnaill gan tachar fris isin maighin-sin ar ro ghabh grainn ⁊ adhuath ęissiumh cona shlógh ria h-Ua n-Domhnaill, ar n-inneall ⁊ ar n-orducchadh a mhuintire, ar suidhiucchadh a n-gonnadh ⁊ a n-aidmędhaigh archęna ar ur na feirsde go f-faghbhadh go nęmh-fhúirithe h-é h-i maighin n-aile. Téid Ó Domnaill tar an f-Fęrsait gan nach frioth-orgain iarna faccbháil gan cosnamh gan cothucchadh ar a chionn. Ro chuirsiot iaramh drong do mhaithibh Iochtair Chonnacht saighin iomruacctha for mhuintir I Domhnaill. Ro freastladh ⁊ ro freagradh iatt lasan sluagh n-aile go ro marbhadh echt mór do Cloinn n-Donnchaidh don cur-sin .i. Maeleachlainn mac Taidhcc mic Ruaidhri d'urchor peléir. Ro marbhadh dna marcach ele do muintir I Domhnaill lá fuasma do gae .i. Semus Ballach mac Néill mic Sęain. Ro deilighsiot iarsin fria 'roile. Do-cóidh iaramh Ó Domhnaill i n-dúthaigh Sleachta Briain I Chonchobhair, ⁊ baí tęora h-oidhche ag milleadh, ⁊ acc losccadh an tíre, ⁊ Ó Conchobhair ina comhfochraibh i m-Bél an Droichit h-i f-foslongport. As í conair do-dheachaidh iarttain tar Traigh siar h-i t-Tír Fiachrach Muaidhe. Ro móir-mhilleadh arbhanna ⁊ bailte iomhdha lasan sluagh óir baoí an tír ar a cumas fęin achtmadh cuid dá caislenaibh. Ruccsat na slóigh ar buar iomdha a t-timchell Slebhe Gamh. Tiaghaitt tar Muaidh siar ar tarraing Slechta Ricaird A Búrc h-i lęnmhain choda do chaoraigheacht chloinne I Dhúbhda. Tarrus leó don cur-sin inghęn Uátéir A Búrc bęn Eoccain p.1432 I Dhubhdha cona creich. Ro baoí d'aidhble creach ⁊ édala slóigh I Domhnaill go t-tabharthaoí dá mhart ar an m-bonn ina fhoslongport an tan-sin. Ticc Mac Diarmatta, ⁊ clann Taidcc Mic Diarmatta, ⁊ clann Mic Dauidh do congnamh lá h-Iochtar Connacht i n-acchaidh Uí Dhomhnaill. Triallaidh Ó Domhnaill soadh tar a ais iar n-dénamh a t-toscca h-i t-Tír Fhiachrach dhon dul-sin. Ro ba cinnte ⁊ rob urlamh lasna maithibh-sin Iochtair Chonnacht, ⁊ lá gach sochraide tangattar ina t-tionol go t-tiubradais tachar d'Ua Domhnaill acc teacht tar a ais, ⁊ ní thuccsat eiccin acht saighin iomruagtha ag Fęrsait Ręnda an Liaccáin (as aire adbearar Rinn Liagain ris an maighin-sin uair Liagan laoch-mhileadh d'Fhomhoiribh do-cear ann lá Lugh Lamhfada ag tocht dó saighidh catha Muighe Tuireadh cona uadha ainmnighthear). Bá for an iomruaccadh-sin ag dol tar an f-Fęrsaitt do slógh I Dhomhnaill ro marbhadh marcach do Muintir Cathail Óig I Conchobhair .i. Aodh Ballach mac Briain mic Aodha, ⁊ ro trom-loiteadh mac Mic Diarmata .i. Aodh mac Eocchain mic Taidhcc. Do-dheachaidh Ua Domhnaill dia tigh gan cíos gan cobhach gan umhla gan urraim d'faghail ó mhaithibh Iochtair Connacht don dul-sin amhail ro ba nęmhghnáth lais.

  15. Mac Donnchaidh do gairm do Donnchadh mac Taidhcc mic Ruaidhri mic Conchobhair mic Taidhcc mic Tomaltaigh mic Muirghęsa mic Donnchaidh, ⁊ gan Mac Donnchaidh fén d'écc .i. Eoghan mac Donnchaidh mic Murchaidh, ar a aoí baoí-sidhe i n-erra aoisi iarna dhallad. Ro eirigh coccadh etir cloinn EoghainMac Donnchaidh imon tighearnas acht ní ro milleadh ní suaithneadh ętorra.

  16. Slóiccheadh lá h-Ua c-Concobhair Sliccigh, ⁊ la Brian mac Uí Ruairc, ⁊ lá mac Cathail Óicc Uí Conchobhair ar tarraing Mic Diarmada, ⁊ cloinne Taidhcc Mic p.1434 Diarmatta ar Toirrdhealbhach Ruadh mac Taidhg Buidhe mic Cathail Ruaidh I Chonchobhair. Na Cluainte do mhilleadh leó etir chill ⁊ tuaith. Dol dóibh as-sin isna Tuathaibh, ⁊ Muintir Áinlighi do thabhairt giallbraghatt dóibh tar cęnn a t-tíre a n-dol as-sidhe go Maineachaibh, ⁊ gach aon bá cara d'Ua Chonchobhair Ruadh dibh do mhilleadh ⁊ do mhór-arccain leó acht an mhéid do ainic mac Uí Ruairc ar ní do mhilleadh nęith do-chuaidh acht do siodhucchadh etir Mac Diarmada cona bhraithribh, ⁊ Ó Conchobhair Ruadh cona comhbáidh coccaidh da gach leth. Gabhthar lásna slocchaibh íshin caislén An Turraiccbristęr leó h-e. Ticc Donnchadh mac Émainn Uí Cheallaigh cuca i n-géillsine ar omhan a thire do mhilleadh leó. Tiaghaitt an sluagh-sin tar anais iar c-cor a c-cuarta amhail bá lainn leó, ⁊ tuccsat na braighde-sin go Slicceach .i. mac Uí Cheallaigh, ⁊ mac Uí Ainlighi, tuccsat leó bheos comhla breac an caislein-sin ro gabadh leó dia cor fri doras caislén Sliccigh.

  17. Slóiccheadh lasan iustis Saxanach isin Mumain siar dia ro ghabh Carraic O Cainnell ⁊ dia ro bris droichęt Mhurchaidh I Briain ⁊ ad-bęratt aroile go m-baoí cuid do Dhonnchadh mac I Bhrian do tharraing an iustis don cur-sin.

  18. O Ruairc do ghairm do Brian mac Eoghain mic Tighęrnáin Uí Ruairccaislén An Chairthe do lęccadh lais.

  19. Domhnall mac Donnchaidh Uí Cheallaigh cęnn fędhna tocchaidhe, ⁊ tanaiste Ua Maine ó Charaidh go Gręin, ⁊ Eiccneachán mac Maoileachlainn mic Donnchaidh a dearbrathar do mharbhadh araon h-i f-fiull lá Maoileachlainn mac Uilliam mic Maoíleachlainn Uí Cheallaigh ag Fędhaibh Atha Luain tria fhorchongra cloinne dęrbhrathar Domhnaill budéin .i. clann Taidhcc mic Donnchaidh I Chellaigh.

  20. Clann Mic Uilliam Cloinne Riocaird Sęan Dubh, ⁊ Rémann Ruadh dias mac p.1436 Ricaird mic Uillicc do mharbhadh lé cloinn Mic Uilliam oile .i. clann Riocaird Óicc iar m-bręith forra a t-toraigheacht ⁊ iar t-tęcclamadh creach an tíre dóibh.

  21. Mac Goisdealbhaigh Sęan mac An Ghiolla Dhuibh, fęr dęrlaictheach, dęigh-einigh dęigh-cęnnais fędhna fri dénamh uaisle do mharbhadh tré thangnacht lá druing dia chinędh fęin.

  22. O Conchobhair Failghe, Brian mac Cathaoír d'ionnarbadh as a dhúthaigh, ⁊ a chaisléin uile do bhrisędh iar marbhadh sochaidhe dia mhuintir agá n-gabhail lasan iustis Saxanach .i. Lord Linard, ⁊ tria format, ⁊ tria imdeall dearbhráthar Uí Concobhair fęin .i. Cathal Ruadh do-rónadh innsin.

  23. Donnchadh Ua Cęrbhaill d'aithríocchadh Fhir Gan Ainm, ⁊ Uaithne Charraigh a dhęrbrathair fęin, ⁊ tighęrnas do bhęin díbh araon.

M1537
  1. AOIS CRIOST, 1537. Aois Criost, mile, cúicc céd, triochat, a seacht.

  2. Coccadh etir Aodh m-Buidhe Ó n-DomhnaillMaghnus Ó Domhnaill. Clann Uí Bhaoighill do bęith ag congnamh lá h-Aodh, ⁊ Aodh fęissin do bęith i c-caislen Dhúin na n-Gall. Ro eirigh commbuaidhreadh mór h-i c-Cenel c-Conaill tre ęsaonta cloinne I Domhnaill fria 'roile dia ro marbhadh drong do Shliocht an Espuicc Uí Ghallchubhair lá cloinn Uí Bhaoighill .i. mac Toirrdhealbhaigh Óicc mic Briain, ⁊ dias mac Eocchain Bhallaigh mic Briain ⁊ araill ele cenmothat.

  3. O Domhnaill Aodh mac Aodha Ruaidh mic Neill Ghairbh mic Toirrdealbhaigh an Fhíona tighęrna Tire Conaill Innsi h-Eocchain, Cenel Moain Fhęr Manach, ⁊ Iochtair Chonnacht, fęr gus a t-tangattar comhtha, ⁊ cíos-chana ó thiribh oile chuicce fors m-baoí a smacht ⁊ a chumhachta amhail atá Magh Luircc, Machaire Connacht, Clann Chonnmaigh, Goisdealbhaigh, Gailęngaigh, Tir Amhalgaidh, ⁊ Conmaicne Chúile don taobh p.1438 thiar, ⁊ don taobh thoir bheós, Oirecht I Catháin, An RútaClann Aodha Buidhe, ar ní bhaoí aon-tír díbh-sidhe nách t-tuccsat comhtha dó la taobh a chiosa cosanta d'íoc go h-umhal fris. Bá h-é an fęr-so tra ro thabhaigh cartacha nuaa ar Inis Eocchain ar Cenel Moain, ⁊ ar Fęraibh Manach (ar an c-cęthrar tighęrnadha bátar réna linn i t-Tir Eoccain) do dhaingniucchadh ar na sęn-chartachaibh baí accá shinnsearaibh ar na tíribh-sin ionnas co m-baoí a t-tighęrnas ⁊ a n-ęirge amach co socair siothchanta aicce. Nír bhó machtnadh son óir ní facus a bhuaidh 'gá biodhbhaibh, ⁊ ní thard troicch teichidh ré n-uathadh ná ré sochaidhe, fęr coisccthi dóighniomh ⁊ droch-bhés, fear mudhaighthi ⁊ malarta męirleach ⁊ m-bithbęnach, fęr dlúthaighthe rechta ⁊ riaghla iarna théchta, fęr aga rabhattar síona iarna c-cóir fria ręimhęs gur bhó toirtheach turchurthach muir ⁊ tír ina fhlaith, fęr las ro cuirędh gach aon ina thír for a dhuthaigh n-dilis budęisin coná baoí aincridhe neich dibh fria 'roile, fęr na ro leicc nęrt Gall ina thir budhęin uair ro chęngail sídh ⁊ caradradh lé righ Saxan, o 'd-chonnairc ná tárdsat Gaoidhil cęnnas d'aon uaidhibh budęin acht an t-aos cairdęsa, ⁊ coimhfhialasa a f-fríthbhęrt fria 'roile, fęr congmhala a nęimhtenachais iarna chóir d'urdaibh ⁊ d'eccalsaibh, d'filędhaibh, ⁊ d'ollamhnaibh. An t-Ua Domnaill rémraite (Aodh mac Aodha Ruaidh) d'écc .5. Iulii dia dardaoín do shonradh i Mainistir Dúin na n-Gall iar n-dol i n-aibítt San Froinséis, iar c-caoí a chionadh ⁊ a thurgabhal iar n-aithrighe ina phecthoibh ⁊ tairmteachtaibh, ⁊ a adhnacal isin mainistir chédna co n-onóir ⁊ co n-airmidin móir amhail ro ba dír. Maghnus Ó Domhnaill d'oirdneadh ina ionadh lá comharbaibh Choluim Chille do chęd ⁊ do comhairle maithe Cenél c-Conaill etir thuaith ⁊ ecclais.

  4.  p.1440
  5. Mag Uidhir Cú Chonnacht, mac Con Chonnacht mic Briain mic Pilip tighęrna Fhęr Manach, fęr dércach daonnachtach bá mó clú láimhe, ⁊ uaisle ⁊ einigh da t-tainicc do Shliocht na c-Colladh lé ré cian d'aimsir, ⁊ do chuir ó Cluain Eoais co Caol Uiscce fó a smacht, fęr coisccthi bithęnach, ⁊ aosa uilc, fęr accá m-baoí sonas ⁊ saidhbhrios re a linn do marbhadh (.8. October) ar Creachan (.i. Oilen na m-Brathar) for Loch Eirne a f-fiull lá Sliocht Tomais Meg Uidhir, ⁊ lá Sliocht Tomais Meg Uidhir, ⁊ lá Sliocht Toirrdhealbaicch (.i. Flaithbeartach mac Pilip mic Toirrdhealbaigh) Meg Uidir. A adhnacal i n-Daimhinis ar tús. Ro tóccbhadh a c-cęnn athaidh iar sin lasna braitribh minura, ⁊ tuccsat leó h-é co Mainistir Dhuin na n-Gall, ⁊ ro h-adhnaicędh é as a h-aithle lasna braithribh amhail ro ba dú.

  6. Slóiccheadh lá h-Ua Neill (Conn) h-i t-Trian Conghail co ro mhill, ⁊ co ro creach morán don tír ara aoí ro gabhadh mac I Neill ag Bél Fęirste ar dęiriędh t-sluaigh ⁊ ticc Ó Neill dia thigh iaramh.

  7. Niall Ócc mac Neill mic Cuinn I Neill tighearna Trin Conghail d'écc go h-obann an tan-sin. O Neill do shoadh doridhisi h-i t-Trian Conghail, ⁊ a mac baí h-i laimh d'faghbáil dó, ⁊ easaonta ⁊ imreasain do bęith i t-Trian Conghail fán tighęrnus.

  8. Niall mac Aodha mic Neill mic Cuinn mic Aodha Buidhe adhbhar tighęrna Trin Congail fęr lér cosmhail lęnmhain luircc a shinnsior ar uaisle ar eineach, ar dhíol damh ⁊ deoradh do mharbhadh lá h-Albanchoib.

  9. Mac Uí Raighilligh (Brian mac Fęrgail écht adhbhal ina dhúthaigh fęissin) do mharbhadh lá muintir an iustis Saxanaigh ar t-teacht doibh ar creich i c-Cloinn Mathghamhna.

  10. Mac Mhęic Suibhne (Maol Muire) do mharbhadh lá cloinn Murchaidh Mic Suibhne.

  11. Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Maghnus i n-Iochtar Chonnacht h-i mí September dia ro milleadh arbhar iomdha lais, diar loiscc, ⁊ diar imthicch Iochtar Chonnacht uile .i. Cairpre, Tír Fhiachrach, an dá Luicchne, An CorannTir Oilella. Ro gabhadh p.1442 lá h-Ua n-Domhnaill don chur-sin baile I Eghra Riabhaigh ⁊ do-rad eineach ⁊ maithęmh n-anacail d'Ua n-Eghra fęin iar m-bęith dho for a chumas, ⁊ do-bęrt lais i n-giallnus é dia thigh.

  12. O Gadhra Eoccan mac Diarmata, mic Eoccain tigearna Chúile Ó f-Finn d'écc.

  13. Tadhcc mac Aodha mic Aodha Mic Con Snamha taoíseach Muintire Cionaoith d'écc.

  14. Mac I Raighilligh (Cathaoír Modartha mac Sęain mic Cathail) do mharbhadh a t-toraighecht la Saxanchoibh.

  15. Mac Uí Dochartaigh .i. Niall Caoch mac Gęrailt mic Domhnaill mic Feilim do mharbhadh ar gręis oidhche lá Rudhruighe mac Feilim I Dhochartaigh i m-Baile na c-Canánach h-i t-Tęrmmann Doire.

  16. O Flannaccain Thuaithe Ratha Giolla Iosa, ⁊ a mac do mharbhadh lá a chinędh fęin ⁊ uilc iomdha do dhenamh i f-Fęraibh Manach etir losccadh ⁊ chreachadh iar m-bás Még Uidhir.

  17. Creacha ⁊ loisccthi do dhénamh las An c-Calbhach Ó n-Domhnaill h-i c-Cloinn Amhlaoibh, ⁊ creach ele do dhénamh lais ar Ó c-Catháin.

  18. O Conchobhair Failghe do gabhail nęirt a dhuithche doridhisi do nęmhthoil an iustis Shaxanaigh, ⁊ a bhraithreach fęin .i. clann Uí Chonchobhair ⁊ sochaidhe dá n-daoínibh do marbhadh lais.

  19. Mac Uí Mhaoileachlainn, Semus mac Murchadha do mharbhadh la mac I Chonchobhair Fhailghe fęr a chomhaosa bá mó clú, ⁊ caithręim dia chinidh fęin ęisidhe.

  20. Toirrdhealbhach Cléreach .i. Ó Maoíleachlainn do mharbhadh h-i c-Calraighe lá cloinn Fheilim .i. CédachConall, ⁊ Art Ó Maoíleachlainn do ghabhail ionaid I Mhaoíleachlainn.

  21. Tomas mac iarla Cille Dara mac as fęrr tainicc ina aimsir do Ghallaibh p.1444 Ereann, ⁊ cuiccęr dęrbhrathar a athar amhail remhebertmar (.i. Semus Męirccęch, Oiliuer, Sęan, Uatér, ⁊ Risdeard) do chor chum báis h-i Saxaibh .3. Nonas Februarii, ⁊ Gęraltaigh Laighęn uile d'athchur ⁊ d'ionnarbadh. Iarlacht Cille Dara do thóccbháil dochum an righ ⁊ gach duine ar a ruccadh do clereach no do thuata dá muintir do chur cum báis ⁊ bioth-oidhęda. Ba h-adhbhal na h-échta ⁊ na h-ęsbadha ar fhud Ereann iad-sén an tan-sin.

  22. Eithriticceacht, ⁊ sęchrán nua h-i Saxaibh tria dhiumas, ⁊ ionnoccbháil tria accobhar, ⁊ antoil, ⁊ tré iomatt ealadhan n-éccsamhail co n-deachattar Fir Saxan i n-acchaidh an Phapa ⁊ na Rómha acht atá ní chęna ro adhrattar do bharamhlaibh examhlaibh, ⁊ do shęn-reacht Maoísi ar aithris an cinidh Iudaighe, ⁊ ro ghairsiot aird-chęnn ęcclaisi Dé ina flaithęs fęin don righ. Do-rónadh lasan righ ⁊ lasan c-comhairle dlighthe ⁊ statuiti nuaidhe iarna t-toil fęin. Ro scriosadh leó na h-uird diar bó cędaighthech sealbh saoghalta do bęith occa .i. manaigh, cananaigh, cailleacha dubha, ⁊ braithri croisi, ⁊ na cęithre h-uird bhochta .i. an t-ord minúr, presidiur, carmuliti, ⁊ augustiniani. Ro toccbhadh a t-ticchęrnus ⁊ a m-bętha-so uile gusan rígh. Ro briseadh leó dna na mainistrecha. Re reacsat a c-cinn ⁊ a c-clucca cona baoí aon-mhainistir ó Arainn na Naomh co Muir n-Iocht gan briseadh, gan buan-rebadh achtmadh bęccan namá i n-Érinn ná tuccsat Goill p.1446 dia n-uídh nach dia n-aire. Ro loiscsęt bheos, ⁊ ro brissętt iomáighe oirdearca scrinetaisi naemh EreannShaxan. Ro loisccsiot mar an c-cédna iar sin dealbh Muire oirdearc baoí in Ath Truim do-ghniodh fęrta ⁊ miorbhala do slanaigędh doill, buidhir ⁊ bacaigh, ⁊ aos gacha tędhma archęna, ⁊ an Bhachall Iosa baoí p.1448 i n-Ath Cliath acc dénamh míorbhal bheos ó aimsir Patraicc gusan ré-sin, ⁊ baoí i l-láimh Criost dia m-baoí etir dhaoínibh. Do-rónadh leó tra airdepscoip, ⁊ suib-epscoip aca fęin, ⁊ ger mhor inghręim na n-impirędh Rómhanach i n-acchaidh na h-ęccailsi as suaill iná tainic a chomhmór-so on Róimh anoir riamh conách ęittir a tuaruscbháil, d'fhaisnęis nó d'innisin muna n-aisnęidędh an tí do chonnairc í.

M1538
  1. AOIS CRIOST, 1538. Aoís Criost, mile, cuicc ced, triocha, a h-ocht.

  2. Aodh Buidhe Ua Domhnaill mac Aodha mic Aodha Ruaidh adhbhar tighearna Thire Conaill, fęr ro ba maith aithne ⁊ eolus in gach ealadhain, bá fęrr dearlacadh ⁊ dęigh-eineach, bá fęrr ęngnamh i n-gurt gliadh, ⁊ i m-bęirn bhaoghail, ⁊ as mó ro saoíleadh do rochtain tighęrnais a thíre fęin do ręir fhoistine ⁊ airrdhęn do écc h-i c-Cill Ó t-Tomhrair iar c-comain, ⁊ shacramen .22. do Marti.

  3. Niall mac Cuinn mic Airt I Neill saoí tocchaidhe ar oirbeart ⁊ ar uaisle do mharbhadh ar gręis oidhche lé mac Néill I Néill h-i c-Caislén na h-Óghmhaighe iar m-brath an bhaile do dhręim da raibhe istigh isin c-caislénNiall Ó Neill do bhrisędh an chaisléin iar sin, ⁊ a bęith a n-diaidh an mharbhtha-sin for a mac féin.

  4. Mac Még Fhlannchaidh Cathaoir mac Fęradhaigh mic Uilliam adhbhar taoísigh Dartraighe d'écc in Dún c-Cairpre.

  5. Fęr Gan Ainm mac Fir Dorcha Méc Cochláin tanaisi Dealbhna Ethra do mharbhadh lá cloinn an priora Még Cochláin.

  6. Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Maghnus i n-Iochtar Connacht dia ro gabhadh lais caislén Sliccigh go h-aithęsach baí fó chongaibh maith bardadh ⁊ ordanais iar p.1450 m-bęith do athaidh ina fhéccmhais aga chosnamh co comhnart fri a athair cona caomhnacar a ghabhail gó sin, ⁊ ar n-gabhail an baile, ⁊ iar f-fáccbháil a barda ann do-thaod iaramh h-i Maigh Luircc, ⁊ ro milleadh an tír co léir lais. Ag toidheacht tar a ais do ro tadhaill gusan c-caislén dian h-ainm Magh Uí Ghadhra, ⁊ ro gabadh é lais. Ro marbhadh mac I Dhomhnaill, 11 December, (Niall Garbh mac Magnusa) go turbhadhach d'urchor do pheilér as an c-caislén an tan battar ag ionttsaicchidh an bhaile. Do-radadh maithęmh n-anacail lá h-Ua n-Domhnaill don tí do-roine an gniomh íshin ro go chuir slán é dia ionchaibh. Do-taod Ó Domhnaill cona shlógh slán (cenmotá an móir-écht-sin) iar milleadh Maighe LuirccMachaire Connacht, acht an mhéd ro ba riarach dó.

M1539
  1. AOIS CRIOST, 1539. Aois Criost, mile, cúicc céd, triocha, a naoí.

  2. O Briain Tuadhmumhan, Conchobhar mac Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc d'écc iar m-bęith athaidh i t-tighęrnus, ⁊ an tír do bęith co toictheach trom-conáigh ré a linn. Murchadh mac I Bhriain .i. mac Toirrdealbhaigh mic Taidhg d'óirdnędh na ionadh amhail do thuill a airillędh fęissin.

  3. Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill, Maghnus i n-Iochtar Connacht etir Nodlaiccfeil Bríghde dia ro bęn a láin-réir do chiós ⁊ do braighdibh díobh, ⁊ tainic slán dia thigh.

  4. O Néill .i. Conn do thocht go Dún na n-Gall im chaiscc do shaighidh Uí Dhomhnaill, ⁊ ro naidhmsiot síth, caradradh, ⁊ codach amhail as deach ⁊ as daingne ro fhédsat fri aroile.

  5. Mac Mhég Uidhir Corbmac, mac Con Chonnacht, mic Con Chonnacht, mic Briain, mic Pilip tanaisi Fhęr Manach dęigh-fhęr co n-uaisle ⁊ co n-ęineach do mharbhadh h-i meabhail lá muintir a dhearbhraithreach ina fhiadhnaise bádhéin.

  6.  p.1452
  7. Slóiccheadh lá h-Ua Néill Conn, ⁊ lá h-Ua n-Domhnaill, Maghnus d'aon-comhairle ⁊ d'aon-aonta gusan Midhe ⁊ an rob aimhriarach dóibh dona tíribh-sin do mhilleadh ⁊ do losccadh ręmpa go Tęmhraigh. Fó-ríth edala aidhbhle iomdha don turus-sin ar ní ro thionoilsiot Gaoidhil do shaighidh Gall isna h-aimsearaibh dęidhęnchoibh aon-sloighędh as mó lér milleadh do maithęs na Midhe inás an creach-shloigheadh íshin, dóigh rob iomdha édala óir ⁊ airccitt, umha, ⁊ iarainn, ionnmus, ⁊ iolmhaoine, ⁊ gacha maithęsa archęna tuccsat a Baile Atha Fhirdhiadh, ⁊ as a Nua-chongbháil iarna lom-arccain leó don turus-sin. Ag tionntudh dona slógaibh-sin ina f-frithing. Ro ghabh brigh, ⁊ borrfadh, uaill, ⁊ diomus iad ar aidhble a n-édala ona fuairsiot frithbęrt friú. An tan ro clos lasan iustis Saxanach Lord Linard na sccela-sin, do-rónadh lér-tionól a raibhe do Saxanchoibh i n-Erinn uile lais, ⁊ sochraide bailtędh mór na Midhe etir chill ⁊ tuaith, ⁊ a m-baoí do chobhlaighibh arna cuantaibh ina comhfhochraibh, ⁊ co h-airidhi cobhlach adhbhal baoí for cuan Cairlinne. Iar t-tocht na t-tóichęstal-sin uile go h-aon-bhaile gusan iustís ro lęn an sluagh Gaoidhealach go h-Oirghiallaibh, h-i f-Fęrnmhaigh airm attá Bél Atha h-Oa, ní ruacht lasan sluagh n-Gaoidhealach dol in inneall nó a n-orducchadh amhail ro ba dír dóibh, ⁊ ní mó ro urmaissiot comhairle a n-aireach do ghabháil do cosnamh nó do chothucchadh cath-laithreach acht ro imthighsiot go h-esraíte anordaighthe go ro fhagaibhsiot mór dia n-edalaibh fęin ⁊ d'edalaibh Gall isin maighin-sin aga m-biodhbadhaibh iar sraoínęd forra. Ro marbhadh drong dia n-daosgar-shluagh ⁊ ní ro marbhadh a bęcc dia n-uaislibh cénmota Maol Muire Męirgęch mac Eóin Ruaidh Mic Suibhne torchair ó Cenel Conaill ar an láthair-sin. Mag Aongusa Muircheartach do ghabhail lá dręim d'Oirghiallaibh, iarná fhaghbhail i n-uathadh iar p.1454 n-dędhail ré a mhuintir isin maidhm-sin Beóil Atha h-Oa, ⁊ a bhęith lé h-aithaidh i l-láimh go h-inchlęithe aca go ro mharbhsat i meabail é iar sin tré aslach druinge dia chinędh fęin, uair tucsat-sidhe comhtha uatha (don lucht aga m-baoí) ar a chor cum báis.

  8. Niall Ócc O Baoighill do mharbhadh lá Concobhar mac Uí Bhaoighill.

  9. Ó Maoíleachlainn Art, fęr aghmhar ionnsaightheach, ⁊ a mac Cathaoír O Maoíleachlainn deccanach Cluana do mharbhadh i f-Fornocht la cloinn Fheilim Uí Mhaoíleachlainn, ⁊ Féilim do ghabhail tighęrnais.

  10. Mag Cochláin Feilim mac Maoilir do mharbhadh i m-Bęndchor lá cloinn I Madagáin .i. Maoíleachlainn God, et cetri, a n-diaidh aifrinn dia domhnaigh an dara Nonas Iulii.

  11. Tighearnas Dealbhna do roinn lá h-Ua Maoileachlainn Feilim etir Art mac Corbmaic Még Cochláin, Domhnall mac Fir Dorcha, ⁊ Maoílechlainn mac Emainn.

M1540
  1. AOIS CRIOST, 1540. Aois Criost, mile, cuicc ced, cętrachat.

  2. Ruaidhri Ua Maoíl Eóin epscop Ardachaidh, ⁊ fęr ionaid epscoip Cluana Mhic Nóis fęr rathmhar ro-chonaigh eisidhe do écc.

  3. Mainistir Cluana Ramhfhada do thabhairt dona Braithribh De Obseruantia ar forcongra Uí Briain Mhurchaidh mic Toirrdhealbhaigh, ⁊ maithe Tuadhmumhan do chęt ⁊ d'aontaidh uachtarán da Ord .S. Froinseis.

  4. Saxanaigh do bhęith (in gach áit ar fud Ereann inar chuirsęt a c-cumhachta) ag ingreim ⁊ ag ionnarbhadh na n-ord, ⁊ go h-airidhe Mainstir Mhuineacháin do mhilleadh dhóibh, ⁊ gairdian na mainistre go n-druing dona braithribh do dhichęndadh leó.

  5. Dias mac Uí Bhaoighill Niall Ruadh, ⁊ Conchobhar do bęith i n-imręsain ⁊ i n-ęsaonta p.1456 ré 'roile, ⁊ Niall do dhol ar ionnsaicchidh ar Conchobhar co Luachras (ar ba h-ann bai airisiomh ⁊ comhnaidhe Conchobhair), ⁊ a bęith a c-ceilcc in adhaidh-sin i t-Tęmpall Sęncháin, ⁊ Concobhar do theacht arna 'bharach for an dromain lá taobh an tęmpaill. Niall cona mhuintir d'eirghe dó as an tęmpall. O 'd-chonnairc Conchobhar dia shaighidh iad luidh for a n-iomgabhail ó ná baí sochaidhe ina fharradh cénmothá uathadh namá nár bhó h-infhędhma. As ędh do-dheachaidh a aenar tar Traigh Luachrais síos. Lęnaidh Niall é feibh as dęine con-ránaic, ⁊ rucc uidhe riana muintir fęissin acc tograim Chonchobhair co t-tarraidh é co m-ba comhrainicc dóibh re 'roile co beodha barbardha gan foraithmhęt cairdęsa nó coimhfhialasa. Do-rad Conchobhar bęim do Niall ina chęnd-mhullach go ro trasccair go lár é ar an lathair-sin. Luidh Conchobhar os é crechtnaighthe as. Tangattar a mhuintir do shaighidh Néill, ⁊ at-bert friú Conchobhar do lęnmain, ⁊ ná baoí fęin i n-guais écca don chur-sin. Do-rónadh fair-siomh sin, ⁊ ruccsat Muintir Néill ar Choncobhar lá taobh locha baoí ina c-comhfhoccus, ⁊ ní ro lamhsat iombualadh fris go ro trasccairsiot é lasna clochaibh baoí i n-airęr in locha conadh iarná trascairt ro imirsęt arm fair, ⁊ ag soadh dóibh fo-gheibitt Niall marbh gan anmainn. Ni bhaoí dia c-cinędh fęin lé h-athaidh dias a c-comhaosa ro badh mó d'échtaibh ináid an dias-sin torchair ré aroile.

  6. Clann Uilliam mac an easpuicc Uí Ghallchubhair .i. Uilliam ÓccAodh Gruamdha do marbhadh lá cloinn Uí Baoighill .i. lá Domnall ⁊ lá Toirrdhealbhach a n-díghail marbhtha a n-athar.

  7. Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill, Maghnus h-i c-cóicceadh Chonnacht, ⁊ ní ro airis go rainicc Magh Luircc, as-sidhe h-i c-Cloinn Chonnmhaigh. Magh LuirccClann Chonnmaigh do léir-mhilleadh ⁊ do losccadh lais, do-róine iaramh cręcha an Choirrshléibhe, ⁊ tainicc slán iar sin iar m-buaidh, ⁊ cosccar.

  8. Slóiccheadh ele la h-Ua n-Domhnaill báttar iad tangadar ina sochraide, Niall mac Airt Óicc tánaise Tíre h-Eocchain, ⁊ mac Mic Domhnaill na h-Alban Colla mac Alasdrainn co n-Albancoihbh iomdha amaille friss, ⁊ Ó Domhnaill ⁊ an slógh-sin p.1458 do dhol cétus h-i f-Fęraibh Manach, ⁊ móran do mhillędh dóibh isin tír ar tus go b-fuairsiot iaramh cuir ⁊ slána lé na riar. Do-luidhsiot iaramh tre Bréifne Ui Ruairc as-sidhe co Coirrshliabhfoslongport do dhénamh dóibh isin Coirrshliabh, ⁊ an Bealach Buidhe do ghęrradh leó, ⁊ gach conair dodaing ele baoí for a c-cionn do reidhiucchadh dhóibh. Tangattar Clann Mhaol Ruanaidh uile chuca iar sin, ⁊ tucsat braighde d'Ua Domhnaill lé na bręith fęin ó sin amach, ⁊ tainic slán iaramh dia thicch.

  9. Cland I Domnaill (.i. Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh) Donnchadh Cairbreach, ⁊ Sęan Luircc do dhol i n-aghaidh I Dhomhnaill (Maghnus a n-dęrbrathair feisin), ⁊ a n-dol for crannóicc Locha Bęthaigh, ⁊ iad do bęith acc millędh an tíre eiste. O Domhnaill dá n-gabháil ina n-dís, ⁊ do gabháil Éiccneacháin Uí Domhnaill i m-Baile na Congbála. Sęan Luircc do crochadh lais, EiccneachanDonnchadh do chor i n-gęimhlibh, ⁊ crannócc Locha Bęthaigh do bhrisędh ⁊ do dhian-sgaoíleadh dhó.

  10. O Dochartaigh .i. Gęralt mac Domhnaill mic Feilim fear co n-uaisle ⁊ co n-ęineach d'écc iar c-cian-aoís iar m-bręith buadha ó dhomhan, ⁊ ó dhęmhan.

  11. O Baoighill do gairm do Domhnall mac Néill I Bhaoighill.

  12. Sęan mac Cuinn I Domhnaill do mharbhadh la cloinn Murchaidh Mic Suibne na t-Tuath.

  13. Caislén Liathdroma do dhénamh lá h-Ua Ruairc Brian mac Eocchain, ⁊ coccadh mór do bęith fair ar gach taobh .i. h-i Maigh Luircc, i Muintir Eolais, ⁊ i m-Bręifne Uí Raighilligh, ⁊ a mac fęin ⁊ drong d'fęraibh Breifne do bęith a c-coccadh ris mar an c-cédna, ⁊ do-rónadh an caislén lais-siomh lé h-aimsir aithghirr, ⁊ do mhill mórán h-i Maigh Luircc fana lucht coccaidh.

  14. Gairm einigh do thabhairt lá Ruaidhri mac Taidhcc Mic Diarmada, ⁊ lá a mhnaoí inghęn Mhęic Uilliam Cloinne Riocaird. Scola Ereann, ⁊ lucht cuingędha nęith do theacht chuca gusan c-Carraicc, ⁊ a riarucchadh uile lasan lánamhain-sin.

  15. Tadhcc mac Briain mic Maghnusa Mheic Diarmada Ruaidh do bhathadh for an m-Banna, ⁊ é for sluacch h-i f-farradh Uí Ruairc.

  16.  p.1460
  17. Semus Ócc mac an príora Még Cochláin do dhíchęnadh lá Cédach Ua Maoíleachlainn h-i f-fiull ina caislén fęin .i. caislén an Fhędáin, ⁊ díth mór do dhénamh don tír tríd-sidhe. Feilim Ó Maoíleachlainn do thabhairt Saxanach ⁊ an tręisineir leis go Delbhna, ⁊ ar a aoí ní ro gabhsat an Fędán, ⁊ ro impaidhsiot dia t-tighibh iar millędh móráin dóibh.

  18. Domhnall mac An Fhir Dhorcha Még Cochláin ceand a ghabhláin fęin d'écc ria marbhadh Semais Óicc mic an phrióra.

M1541
  1. AOIS CRIOST, 1541. Aois Criost, mile, cúic céd, cęthracha, a h-aon.

  2. Doinęnn dęrmhair, sioc, ⁊ snęchta a t-tús na bliadhna-so co ná ro léicc ar ná treabhadh iar c-coir do dhénamh i n-Erinn.

  3. O Cęrbhaill Fęr Gan Ainm mac Maol Ruanaidh do mharbhadh (h-i f-fiull ⁊ é dall díradhairc) la Tadhcc mac Donnchaidh mic Sęain Uí Cęrbhaill cona bhraithribh, ⁊ lá mac Uí Mhaoíl Muaidh Sęan mac Domhnaill Chaoích h-i c-caislén Cluan Liscc, ⁊ gé ro bhaoí Ó Cęrbhaill ina shęnóir cian-aosda do-roine ęngnamh ⁊ congnamh mór do-chóidh i n-ainm ⁊ i n-oirdearcus dó ar lucht a mharbhtha. Ro marbhadh dna dá fhęr dhécc dia mhuintir amaille fris.

  4. O Maol Muaidh .i. Cathaoír, fęr ro ba mór clú, ⁊ oirdearcus ina aimsir fęin d'écc.

  5. Teagh Sárain etir thighibh ⁊ tęmplaibh do losccadh ⁊ d'orccain isin corgus do shonnradh lá cloinn Uí Madagáin, Murchadh, Breasal, ⁊ Cathal. Feilim p.1462 Ua Maoíleachlainn do dhol co Cluain Fęrta iar sin, ⁊ tęmpall mór Cluana Fęrta ⁊ an mainistir do bhrisędh ⁊ d'orccain lais.

  6. Tuathal Balbh mac Sęain mic Ruaidhri Uí Ghallchubhair saoí duine baoí ar thęnd-maithibh oirechta Thíre Conaill d'écc (1 Februarii), fęr ba maith gal ⁊ gaiscceadh gen go marbhadh no co mudhaighędh daoíne ar ní deachaidh sidhe h-i t-troit nó i t-tachar nách biadh bráighe lais. Bá sędh fa deara dó-somh sin ar ro bhaoí araile aimsir ina aoídidh ag coitsęcht fri sęnmóir ⁊ fri procępt brathar sainrędhaigh do bhraithribh Dhúin na n-Gall, ⁊ at-chuala agá phriotchadh nár bhó maith do rochtain fochraice daoíne do mharbhadh na dortadh a f-fola, conadh aire-sin ro chinn eiccin ina mhęnmain gan guin duine, ⁊ ro chomhaill do grés insin an c-céin roba beó.

  7. Maidhm mór do thabhairt do Mhac Uidhilín .i. Rudhraighe mac Ualtair ar cloinn Aodha Uí Néill dú in ro marbhadh Aongus mac Donnchaidh mic Maol Muire Meic Suibhne, ⁊ drong do ghall-ócclachaibh Tire Conaill araon ris. Ro marbhadh ann córucchadh gall-occlach do Chloinn n-Domhnaill Gallócclach, ⁊ sochaidhe ele cenmothat. Mac Uidhilin do dhol sluagh doridhisi ar cloinn Aodha Uí Néill, ⁊ clann Aodha .i. Conn, ⁊ Domhnall do mharbhadh lais.

  8. O Domhnaill Maghnus do dol h-i cenn an iustis Shaxanaigh don Cabhán ⁊ an iustis dá gabháil chuicce lé h-onóir ⁊ le reuereus mór. Síth, cadach, ⁊ caradradh do chęngal dóibh ré 'roile don cur-sin.

  9. An chrannócc airtherach baoí ar Loch Glinne Dalláin do ghabháil lá cloinn p.1464 Domhnaill mic Donnchaidh Uí Ruairc ar Donnchadh mac Donnchaidh I Ruairc. A cęnn aimsire iar sin tucsat clann Donnchaidh Uí Ruairc (Domhnall, ⁊ Fęr Gan Ainm) ionnsaicchidh ar an c-crannóicc go ro chuirsęt tęine isin m-baile gan fhios. Ro ráthaighędh ⁊ ro mothaighędh in ní-sin, ⁊ lęntar iad isin loch, ⁊ bęirit clann Domhnaill orra, marbhthar ⁊ báitęr leó Fęr Gan Ainm mac Donnchaidh, Ro gabhadh annsin Domhnall, ⁊ ro crochadh iaramh lá cloinn Domhnaill mic Donnchaidh Uí Ruairc.

  10. Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Maghnus h-i c-coinne an iustís Shaxanaigh h-i t-Tír Eocchain, ⁊ an tír d'imtheacht ⁊ do mhilleadh leó don toiscc-sin. An iustís do thilleadh tar a ais isin Midhe, ⁊ Ó Domhnaill d'iompudh uadha tar a ais tré Thír Eoghain, ⁊ teacht slán gan tachar gan tęgmhail d'faghail dó acc dol nó acc teacht don turus-sin, ⁊ O Domhnaill do ghabhail don taobh thoir do loch i f-Fęraibh Manach. Cúil na n-Oiręr ⁊ ó loch soir do mhilleadh lais etir tír ⁊ oiléna uair báttar báidarthraicche aige ag milleadh ⁊ acc arccain na n-oilén, ⁊ a shluagh ag innradh na tíre go ro fháccaibh i n-easbaidh arbha iad an bhliadhain-sin.

  11. Slóiccheadh la h-Ua n-Domhnaill a c-cęnn athaidh iar sin h-i f-Fęraibh Manach don taobh thiar do loch, ⁊ ro chuir drong dia slóghaibh i n-arthraighibh ar fud an locha, ⁊ ro gabh fęin gusan líon slóicch tarrustair ina fharradh for tír go ro indirsiot an críoch uile a c-coinne a cheile do loch ⁊ do thír go rangadar go h-Inis Cęithlionn. Ro brisędh, ⁊ ro lęgadh leó caislén Innsi Cęithlionn, ⁊ tangattar slán iar c-cosccar don cur-sin.

  12. Domhnall mac Neill Ghairbh mic Aodha, mic Aodha Ruaidh do mharbhadh lá h-Ua m-Baoighill ar n-dol do Domhnall do chongnamh la Toirrdhealbhach mac Uí Baoighill i n-acchaidh a athar. Tuccsatt-samh ruaicc d'Ua m-Baoighill ar tus. Impaídhidh Ua Baoighill friu-somh, ⁊ maidhidh forra go ro marbadh an mac-sin Néill I Domhnaill lais.

  13. Conn mac Briain mic Eocchain Uí Ruairc do mharbhadh lá Cloinn Maghnusa Tire Tuathail.

  14. Mac An Bhaird Concobhar Ruadh mac Fęrghail ollamh Uí Dhomhnaill lé dán oide scolsaoí gan urdubhadh i f-foghlaim an dána ⁊ i n-ealadhnaibh oile, fęr tighe p.1466 aoidhędh coitcinn do chongmhail ⁊ d'fothucchadh d'écc iar n-ongadh, ⁊ iar n-aithrighe an 20 December.

M1542
  1. AOIS CRIOST, 1542. Aois Criost, mile, cuicc céd, cęthracha, a dó.

  2. Mac I Neill .i. Felim Caoch mac Cuinn mic Cuinn do mharbhadh la Mac Domhnaill Gallocclach d'aon-bhuille ga, ⁊ dias mac ele do chloinn I Neill d'ecc.

  3. Brian mac Neill mic Airt Óicc mic Cuinn I Neill damhna tighęrna Cenel n-Ęoghain, fęr roba mó clú uaisle, einigh, ⁊ ęngnamha táinicc do Chenél Eoghain mic Neill le cian d'aimsir d'écc isin t-sęn-chaislen.

  4. Mac Uí Bhriain Toirrdhealbhach mac Murchaidh mic Toirrdhealbhaigh d'écc le h-adhart i n-Innsi I Chuinn fęr a aęsa ba fęrr lamh, iomradh, ⁊ oirdhęrcus ina aimsir esidhe.

  5. Mac Con mac Con Męda mic Donnchaidh mic Ruaidhri mic Mic Con Chęnnmóir do mharbhadh go mioghaolmhar la Mac Con, mac Ruaidhri, mic Mic Con mic Ruaidhri mic Mic Con Chęnnmhóir.

  6. Corbmac mac Diarmata mic Taidcc Caim Uí Clérigh brathair minur toghaidhe do chonueint Dúin na n-Gall d'écc.

  7. Mac Con Midhe Brian Dorcha mac Solaimh saoí lé dán, ⁊ le foghlaim, fęr toichtheach, trom-conaigh, fęr tighe aoidhędh coitcinn do cách d'ecc im feil Colaim Chille, tre miorbhuilibh Dé ⁊ Colaim Chille, ⁊ tre easccaine Uí Robhartaigh, ar do-rad sár, ⁊ dimiccin don Crois Moir, ar ros-buail í riasan tan-sin.

  8. O Maoíleachlainn, Felim Ócc, mac Felim, mic Cuinn, mic Airt, mic Cuind mic Corbmaic Óicc, mic Corbmaic Ballaigh do mharbhadh i m-Baile Sccriccin isin oidhche la cloinn Mhég Eochagain, Connla, ⁊ Cedach Ruadh, ⁊ la h-Emann Ruadh p.1468 Diolmuin, fęr diar bó dú aireachus, ⁊ flaithęs a shinnsear esidhe. Conadh do cuimhniucchadh báis Uí Maoileachlainn do raidhędh:

    1. Mile bliadhan is cúicc céd,
      a dó cęthrachat gan bhéd
      o bręith Criost tre chion an chroinn,
      ecc Fheilim Uí Mhaoilechlainn.

  9. Siúbhal ⁊ iondsaicchidh do dhénamh la cloinn Uí Madagain fa chaislen an Fędain dia ra loisccsiot, ⁊ dia ro chręchsat an baile. Ro marbhsat Maoleachlainn Ó Raighne don chur-sin, do-dheachaidh an tír ina lęnmhain go Tigh Sarain, ⁊ ro sraoineadh ar an tóraidh. Ro marbhadh Maelechlainn mac Emainn Mic Cochláin, Dauid mac Felim mic Donnchaidh, ⁊ Toirrdhealbhach mac Fęrgail mic Concobhair co sochaidhibh ele amaille friú in 4. Nonas Octobris.

  10. Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Maghnus a n-Iochtar Chonnacht cona chloinn .i. An CalbhachAodh. An clann-sin ⁊ Ua Dochartaigh do dhol ar siubhal creiche riasan slógh go Baile an Mhotaigh, ⁊ Mac Donnchaidh do cręchadh dóibh, ⁊ na creacha do thabhairt go h-Ua n-Domhnaill. Maithe Iochtair Connacht do theacht ina chęnn, ⁊ Mac Donnchaidh Baile an Mhótaigh do shonnradh a n-diaidh a chręiche, ⁊ a chíos d'íoc ris Ó n-Domhnaill dóibh don dul-sin.

  11. O Conchobhair (.i. O Conchobhair Ruadh) Toirrdhealbhach Ruadh do ghabhail lá Ruaidhri mac Taidhcc mic Diarmatta ar Carraicc Locha Cé.

  12. An Calbhach Ó Domhnaill do dhol ar siubhal creiche ar Sliocht Aodha Ballaigh mic Domhnaill. Creacha ⁊ marbhtha do dhénamh lais forra ⁊ teacht slán don chur-sin iar c-cosccar.

  13. Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill, ⁊ las An c-Calbhach h-i samhradh na bliadna-so. Tanaicc O Ruairc Brian h-i sochraitte Uí Domhnaill. Tánaicc béos Ó Cathain Maghnus mac Donnchaidh isin toichęstal cédna iar t-tęcclamad dóibh as ędh ro p.1470 chinnsiot dol ar Mac Uidilín (.i. Rudhraighe mac Ualtair), ⁊ ní ro h-airisędh leó go rangattar gusan m-Banna. Ro rannadh an sluagh a t-trí leó do dhol tar fęrstibh na Banna ar ro coiscitt arthraighe na Banna forra fo dáigh baí Mac Uidhilín ⁊ sochaidhe mhór do Ghallaibh ina fharradh don taobh araill ag cosnamh na h-abhann friú coná léicceadh táirsi iatt ar a aoi do-dheachattar na slóicch dia n-aimhdheóin tarr Banna anonn ⁊ fuarattar baocchal báitti ⁊ guassacht adhbhal-mhór ag dol tairsi. Iar n-dol h-i t-tír dóibh do leiccsęt scceimhealta sccaoilte sgannraighthe ar fud an tíre uatha .i. sgeimhleadh soir go Cnoc Lea, ⁊ sccęimlędh ele lá taobh Banna suas, ⁊ ruccsat for chreachaibh troma toirthęmhla, ⁊ for aircctibh aidhblibh iolardaibh in gach maighin in ro ghabhsat. Acht chęna fo-rith lás An c-Calbhach Ó n-Domhnaill, la h-Ua Ruairc, ⁊ lá h-Ua c-Catháin cona shlócchaibh creacha battar moa ⁊ battar iolarda oldád na creacha tarthús lásan slógh aile. Ro ghabh gach slógh aca foslongport ar leith in oidhche-sin cona c-creachaibh ⁊ cona n-édalaibh. Ro fhorchongair Ó Domhnaill forra ar ná bhárach na creacha ⁊ na h-airgthi aidbhle sin do bhualadh, ⁊ do bheo-mharbhadh do combach ⁊ do chnáimh-gęrradh. Do-rónadh fair-siomh inn sin. Nír bhó h-urusa trá ríomh nó airęmh an chreach buailte do ranadh annsin cenmótá a t-tuccsatt fir BręifneCathanaigh gan marbhadh leó dia t-tiribh dibh. Tanaicc dna Mac Uidhilín h-i c-cęnd I Domhnaill iar sin ⁊ do-rad comhtha mora d'eachaibh ⁊ d'ęidędh, ⁊ shédaibh sainęmhlaibh dhó ⁊ do-róine sidh fris. Ticc Ó Domhnaill cona shlócchaibh slán don chur-sin dia t-tighibh iar c-cosccar.

  14. Mac Uidhilín .i. Rudhraighe mac Ualtair, ⁊ mac Mic Domnaill do dhol in Oireacht Uí Cathain, ⁊ creacha mora do dhénamh dhóibh. O Catháin .i. Maghnus mac Donnchaidh do dol a t-toraighecht na c-cręch ⁊ buannadha do Chloind t-Suibhne do bęith ina fharradh an tan-sin .i. mac Meic Suibhne Fhanat, ⁊ Sliocht Ruaidhri Mic Suibhne. Iar m-breith d'Ua Cathain ⁊ do Chloinn t-Suibhne ar Mhac Uidhilin cona creachaibh ro ficchędh iomairęcc aindręnta ętorra, ⁊ ro mheabhaidh for Mac Uidilin ⁊ for na h-Albanchoibh iomdha báttar ina fharradh co f-farccaibhsiot ár daoíne im mhac Alasdrainn Carraigh Mic Domhnaill, ⁊ im mac Mic Sęain go n-druing móir do shluagh Meic Uidilin. At-rulaidh Mac Uidhilín fęin ⁊ mac p.1472 Meic Domhnaill ar eiccin as, ⁊ ro baithędh sochaidhi mór dia muintir ar an m-Banna ag dol tairri dóibh.

  15. Slóiccheadh la Mac Uidhilin ar Ó c-Cathain doridhisi iar t-tarraing an treisiner Shaxanaigh ⁊ druinge móire do Ghallaibh amaille fris. Caislén Uí Chatháin .i. Lęim an Mhadaidh do gabhail leó ⁊ ina m-baoí do bhardaibh isin m-baile do mharbhadh ⁊ do mhudhucchadh, ⁊ Mac Uidilín d'imthecht slán iar c-cosccar don chur-sin. Mac Uidhilín umorro a c-cęnn athaidh iar-sin do thoghairm Cloinn Suibhne chuicce ar buannacht .i. Sliocht Ruaidhri Mic Suibhne, mac Donnchaidh mic Meic Suibhne na t-Tuath, mac Murchaidh Mic Suibhne, mac Meic Suibhne Baghanaigh co n-druing mhóir ele d'óccaibh Cloinne Suibhne amaille friú. Do-chodar-sén do shaighidh Meic Uidhilin, ⁊ báttar co miadhach muirneach ina fharradh ag cęngal a c-cuir ⁊ a c-connartha fris. Do-rónadh comairle meabhlach miorúnach lá mac Meic Domhnaill, ⁊ lá h-Albanchoibh, ⁊ lá muintir Mic Uidhilín beos .i. an t-saor-clann shoicenelach-sin Cloinne Suibhne d'ionnsaicchidh iar n-dol ina c-cęnn dóibh, ⁊ iar n-dénamh gach chęngail dá n-dearnsatt lé Mac Uidhilín. Ro chinnsęt for an c-comhairle íshin, ⁊ ro fhobairsiot iatt gan fhios gan airiucchadh iar b-fáccbail baile Meic Uidhilín go ro mharbhsat uile a n-urmhór. Ro marbhadh ann dna mac p.1474 Meic Suibhne Baghanaigh ⁊ mac Murchaidh Mic Suibhne, co nách mór tearna as i n-athfhégadh in ro marbadh díobh.

  16. Tanaic lucht luinge faide do denamh foghla ⁊ cęna a h-Iarthar Chonnacht h-i t-Tír Chonaill. Bá h-ann ro gabhsat h-i Reachrainn Muintire Birn h-i t-Tír Boghaine. Iarná fhios-sin do Thoirrdhealbhach mac Meic Suibhne Tíre Boghaine do-bęrt fóbairt fothaibh cona tearna fęr inniste sccel as dibh achtmadh an taireach ⁊ an codhnach boí forro .i. mac Uí Flaithbęrtaicch dia t-tartt Toirrdhealbhach maithęmh n-anacail, ⁊ ro chuir slán dia ionchaibh é co riacht Conmaicne Mara.

  17. Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Maghnus mac Aodha mic Aodha Ruaidh h-i c-Connachtoibh h-i f-foghmhar na bliadhna-so, ⁊ tangattar maithe Iochtair Connacht ina cęnn maille lé sith ⁊ le cairdęs, ⁊ ro iocsat a chíos ⁊ a tighęrnas go h-umhal fris, ⁊ do-choid uaidhibh dia thicch.

  18. Nír bhó cian iar sccaoíleadh don t-sluacch-sin I Domhnaill go t-tainic Mac Uilliam Cloinne Riocaird Uilleacc na c-Cęnn mac Riocaird, ⁊ Mac Uilliam Burc Dauidh mac Uillicc sluagh lán-mhór ele do dhol i n-Iochtar Connacht. Ro gabhadh leó baile Uí Flannaccáin Beóil Atha h-Uachtair ar tus, ⁊ tęccaitt fęin, Mac Diarmatta, ⁊ clann Taidhcc Mic Diarmada i n-Iochtar Connacht. Tangattar tra maithe Iochtair Chonnacht h-i c-cęnn Mic Uilliam, ⁊ ro gabhadh lais iatt ⁊ luidh for c-cúlaibh go Cloinn Riocaird go m-braighdibh ⁊ co n-ęidiribh. At iad eidirędha báttar occa, O Dubhda, Mac Donnchaidh an Chorainn ⁊ cuid do Chloinn t-Suibhne Chonnacht im Maol Muire mac Colla ⁊ a écc ina braighdęnas riasiú ro léiccędh, ⁊ braighde ele ó mac Cathail Óicc Uí Chonchobhair.

  19. Mac UI Domhnaill An Calbhach do dhol h-i cęnn an iustis Shaxanaigh ⁊ síth Uí Domhnaill, ⁊ a shídh fęin do chęngal ⁊ do shnadhmadh fris ⁊ teacht slán iaramh.

  20.  p.1476
  21. O Domhnaill Maghnas do thabhairt Tuaithe RathaLuircc do Mhág Uidhir, Sęan mac Con Chonnacht ar milleadh moráin fá Mhag Uidhir roimhe-sin lá h-Ua n-Domhnaill. Mág Uidhir dia thabhairt fęin, ⁊ do thabhairt a thíre ⁊ a thalmhan d'Ua Dhomhnaill ar a shon-sin, ⁊ go h-airidhe tucc Mag Uidhir eirge amach air fęin ⁊ ar a dhuthaigh dhó, nó cáin san eirghe amach nach f-fuighthi. Tucc bheos lęth érca marbhtha duine ar fud Fhęr Manach uile mar an c-cédna d'Ua Domhnaill.

  22. O Neill Conn mac Cuinn do dhol h-i c-cęnd rígh Saxan .i. an t-ochtmhadh h-Enri ⁊ an ri do ghairm iarla d'Ua Neill, ⁊ a fhorchongra fair gan Ó Neill do gairm dhe ní ba síre, ⁊ fuair Ó Neill onóir mhór ón righ don chur-sin.

  23. Mac Uilliam Cloinne Riocaird Uillęcc na c-Cęnn, ⁊ Ó Briain .i. Murchadh do dhol h-i Saxaibh, ⁊ iarla do ghairm dá gach aon aca, ⁊ tangattar tar a n-ais slán acht Mac Uilliam baoí h-i f-fiabhras ⁊ nír bo h-óghslán uadha.

  24. Maol Muire mac Eoghain Mic Suibhne do mharbhadh lá cloinn Maol Muire mic Colla Mic Suibhne a c-cęnd t-seachtmaine iar n-écc Maol Muiri mic Colla budhéin.

  25. Clann Maol Muire mic Colla d'ionnarbadh as an tir, ⁊ a m-bailte do briseadh, fęr díobh fęin ⁊ drong dá lucht lęnamhna do mharbhadh.

  26. Mag Uidhir Sęan, ⁊ clann Uí Domhnaill (.i. Aedh Ócc mac Aodha Ruaidh), Rudhraighe p.1478Neachtain do dhol ar siubhal creiche i n-Dartraighe, ⁊ scceimhlędh do sccaoileadh uatha ar fud an tíre, ⁊ mac Uí Domhnaill Neachtain do mharbhadh d'urchor do ghae.

  27. Felim Dubh mac Aodha Uí Néill do mharbhadh.

  28. Maire inghęn Meg Samhradháin, bęn Még Flannchaidh (Fęradhach) d'écc.

M1543
  1. AOIS CRIOST, 1543. Aois Criost, mile, cuícc ced, ceathracha, a tri.

  2. Emand mac Briain Uí Gallchubhair epscop Ratha Both d'ecc, 26 Februarii, iar f-faghbháil frithbęrta imon epscopoitte.

  3. Mac Meic Suibhne Fhanat Maol Muire mac Domhnaill Óicc adhbhar tighęrna Fánatt do mharbhadh lá cloinn Mheic Suibhne Fánatt .i. DonnchadhMaol Muire, clann Toirrdhealbhaigh, mic Ruaidhri, mic Maol Muire iad-sidhe. Gal, ⁊ gaiscceadh, ęngnamh ⁊ ursclaighi do dénamh dhó amhail ro ba gresach lais riana mharbhadh, uair ro mharbh An Dubaltach mac Fir Dhorcha Mic Suibhne an gerrat gaisccidh bá dearsccaighthe baoí ina acchaidh.

  4. Mac Mhec Suibhne Bhaghainigh, Eoin Modardha mac Neill Mhóir do écc a t-tús a aoísi ⁊ a oirbęrta.

  5. Mac Uí Baoighill, Brian mac Neill, mic Toirrdhealbhaigh do mharbhadh tre thangnacht lá cloinn Neill Óicc Uí Baoighill battar ina mhuintearus fęin, ⁊ ina fharradh ⁊ for a thuarastal.

  6. O Domhnaill Maghnus do dhol gusan c-comhairle mhoir co h-Áth Cliath cona braithribh maille fris ÉiccneachánDonnchadh battar i n-geimhlibh le h-athaidh occa, ⁊ a lęiccęn tré chomhairle an iustis, ⁊ mhaithe Ereann archęna iar n-dénamh siódha ⁊ caon-comhraic ętorra. Conn Ó Domhnaill (a dhęrbhrathair baoí lé h-aithaidh fhoda h-i Saxoibh) do siodhucchadh ris mar an c-cédna. Conn do dhol go Saxaibh doridhisi do saighidh an righ, ⁊ a bęith ina fhochair co n-onóir ⁊ co n-airmhidin.

  7. Caislen Lęithbir ro fhágaibh Ó Domhnaill ag Cathaoír mhac Tuathail Bailbh Uí Gallchubhair, ⁊ acc druing do Sliocht Aodha Uí Gallchubhair dia iomchoimhéd, ba p.1480 sędh do-rónadh leó-somh an caislén do chongmhail aca d'Aodh mac Uí Dhomhnaill ⁊ doibh badhéin, ⁊ ro athchuirsiott sainmhuintir Uí Domhnaill, ⁊ doirseóir an bhaile uadhaibh. Bá bairneach Ó Domhnaill,⁊ An Calbhach friú de-sidhe, ⁊ ro gabh An Calbhach sainraidh agá aithe forra a n-deirghensat co ro mudhaighędh araill do dhaoinibh ętorra cęchtar n-ae lá taobh cęthra, ⁊ innile do mhalairt, ⁊ do mhí-imirt. Ro marbhad la lucht an bhaile An Dubhaltach mac Colla Mic Suibhne gall-ócclach tocchaidhe ar aoi ghaisccidh ⁊ ęngnamha esidhe. Baoí tra Donnchadh mac Uí Domhnaill acc congnamh lá Sliocht Aodha í Gallcubhair, Rudhraidhe mac Uí Domhnaill, Fęr Dorcha mac Eóin mic Tuathail Uí Ghallcubhair cona chloinn, ⁊ mac Sęain Bhallaigh mic Eoin do ghabhail lá Donnchadh mac Uí Dhomhnaill, ⁊ lá Catháoir mac Tuathail Bhailbh Uí Gallchubhair.

  8. Mac Uí Dhochartaigh (Cathaoír mac Gęrailt mic Domhnaill, mic Feilim) do mharbhadh lá cloinn Uí Dhochartaigh, RudhraigheSęan, clann Fheilim mic Conchobair Charraigh. Ro mharbhsat bheos mac Aodha Gruamdha Uí Dhochartaigh, ⁊ O Domhnaill cona slógh do dol ar Ua n-Dochartaigh do dioghail na n-écht-sin fair, ⁊ ro gabh for milleadh arbhann an tíre go f-fuair braighde ó Ua n-Dochartaigh a n-gioll léna riar, ⁊ lena bręith fęin tré choll a smachta.

  9. Ro gabhadh iar sin Cathaoir mac Tuathail Bailbh la h-Ua n-Dochartaigh ⁊ do-rad d'Ua Dhomhnaill, ⁊ ro ghabh O Domhnaill feissin Toirrdhealbhach mac Feilim Fhinn Uí Gallchubhair, ⁊ do-bęrt na braighde-sin lais do shaighidh Lethbhir dus an f-fuighbhędh an baile ⁊ nochan fhuair idir don chur-sin.

  10. Sliocht Eocchain Mic SuibhneSliocht Corbmaic Mic Donnchaidh do dhol ar siubal creiche ar Ó n-Ęghra m-Buidhe, ⁊ Ó Conchobhair .i. Tadhcc Ócc mac Taidhcc mic Aoda, ⁊ O h-Ęghra do bręith forra ⁊ ro sraoínędh leó ar Chloinn t-Suibhne go ro marbhadh Ruaidhri mac Dubghaill, ⁊ clann Maol Muire mic Eoghain, ⁊ drong do Shliocht Corbmaic Mic Donnchaidh go sochaidhibh dia muintir amaille friu don chur-sin.

  11.  p.1482
  12. Mac Suibhne na t-Tuath, ⁊ a mhac Brian do gabháil lá cobhlach a h-Iarthar Connacht i n-Inis Mic an Duirn, ⁊ a m-bręith leó a m-braighdęnas.

  13. Eassaonta coccaidh ar n-eirghe etir Mag Uidhir, ⁊ Sliocht Toirrdhealbhaigh Még Uidhir. Sliocht Toirrdhealbhaigh do thecht h-i t-Tír Conaill go m-battar ag foghail ⁊ ag inghreim ar Fhęraibh Manach. Tanaic Mag Uidhir h-i c-cęnn Uí Domhnaill, ⁊ do-róine a shíth ⁊ a charattradh ris feibh do-róine feacht riamh.

  14. Muirghęs mac Paittín Uí Mhaoil Chonaire saoí lé seanchus, ⁊ lé filidheacht fęr co t-toice ⁊ co t-trom conach, sccribhnigh ęrcchna lasar sgriobhadh liubhair iomdha, ⁊ lasa n-dearnadh duana ⁊ dréchta, ⁊ lasa m-báttar sccola acc friochnamh ⁊ ag foghlaim, ⁊ no chongbhadh sochaidhe díbh ina thigh budhéin do grés, d'écc iar m-bręith buadha ó dhęmhan ⁊ ó dhomhan.

  15. Cédach Ó Maoileachlainn d'oirdneadh ar Cloinn Colmáin ar bélaibh Rudhraighe Uí Maoíleachlainn, ⁊ nír bó soinmheach ro bhattar Clann Colmáin re linn na deisi-sin i n-athfhégadh amhail ro bháttar h-i ré Fheidhlimidh ar ro bhaoí coccadh, ⁊ creach-losccadh, uacht, ⁊ gorta, gol-mhaircc ⁊ lamh-chomairt fri linn na dęisi-sin isin tír, ⁊ ro tóccbhadh cíos, ⁊ cobhach dá gach aon aca ar Magh Corráin, ⁊ do-rónadh ulca aidhbhle ętorra gér bo gęrr an ré fuairsiott. Indsaicchidh aidhche do thabhairt la Rudhraighe, ⁊ la a braithribh fa Mhagh Gailinne i n-Dealbhna dia ro loisccsęt, ⁊ dia ro chreachsat an magh. Maoileachlainn Balbh Ua Madagáin, ⁊ Art Mág Cochláin dia lęnmain co t-tuccsat tachar dóibh i n-Gailinne dú in ro marbhadh Corbmac Ua Maoilęchlainn dearbrathair Rúdhraighe co t-tribh fęraibh décc do maithibh muintire do mharbhadh ⁊ do bhathadh don chur-sin.

 p.1484
M1544
  1. AOIS CRIOST, 1544. Aoís chríost, mile, cuicc ced, cęthracha a ceathair.

  2. Iarla Cloinne Riocaird Uillęcc na c-Cęnd, aon-bharr áigh Gall Connacht d'écc, ⁊ bá sccél adhbhal ina thir budhéin eisidhe. Easaonta mor d'eirghe h-i c-Cloinn Riocaird fan tighęrnas, ⁊ Mac Uilliam do ghairm d'Uillęcc mac Riocaird Óicc, ⁊ sochaidhe i t-tír, ⁊ h-i c-coiccrich do bęith ina acchaidh lá mac Meic Uilliam Tomas mac Uillicc na c-Cęnd.

  3. Rudhraighe Ó Maoíleachlainn do mharbhadh h-i c-ClarthaRisderd Dalatún, ⁊ lá a bhraithribh ar amus oidhche, ⁊ as ar mhaith do Chédach Ua Maoíleachlainn do-rónsat an marbhadh íshin.

  4. Mac I Neill, Niall mac Airt Óicc tanaisi as mó do fhulaing do dhuadh ⁊ do dhochar coccaidh etir Cenel EocchainCenél Conaill tainic do Sliocht Eoghain mic Neill soidhtheach diongmhala do thighęrnas Tíre h-Eoghain da léiccthí chuicce h-é, fęr lán d'iúl ⁊ d'aithne ar gach n-ealadhain d'écc isin t-sęn-chaislén do galar oband.

  5. Mac Suibhne Fánat Toirrdhealbhach mac Ruaidhri mic Maol Muire, fęr bríoghach boirb-beódha ro fulaing mór do choccadh ⁊ do chomhfhuachadh ina thír feín lé h-athaidh có sin do mharbhadh lá cloinn Domhnaill Óicc Mic Suibhne a n-dioghail a n-dęrbrathar ro marbhadh lá a cloinn-siomh. Báttar iatt anmanna na cloinne-sin Domhnaill Óicc lasa n-dęrnadh an marbhadh .i. Ruaidhri CarrachDomhnall Gorm. Ro marbhadh beós Eóin mac Donnchaidh mic Maol Muire araon la Mac Suibhne, ⁊ gidh esidhe (.i. Eoin) ni tęrna uadh gan crechtnúcchadh go mór an tí las ro marbhadh .i. Domhnall Gorm. Mac Suibhne do ghairm do Ruaidhri Charrach mac Domhnaill Óicc iar sin.

  6.  p.1486
  7. Murchadh mac Meic Suibhne na t-Tuath saoí ar eineach, ar uaisle, ⁊ ar beodhacht, ⁊ Donnchadh a dhęrbhrathair d'écc ina n-dís.

  8. Mairgrég inghęn Meic Domhnaill (.i. inghęn Aongusa Iligh) bęn I Domhnaill .i. Maghnus, (iar Siubháin ingin I Neill) d'ecc, an. 19. December.

  9. Sile ingęn Magnusa I Domhnaill (bęn-sidhe Uí Bhaoighill Domhnall) d'écc an .14. Februarii.

  10. Mac I Domhnaill, An Calbhach do dhol h-i c-cęnn an iustis Shaxanaigh, ⁊ caiptíní Saxanacha do tabhairt lais h-i t-Tír Conaill do shaighidh I Dhomhnaill. O Domhnaill, An Calbhach, ⁊ iad-sidhe do dhol co n-ordanas ⁊ co n-aidhmibh gabhala baile leó d'ionnsaighidh Lethbhir dia ghabhail for Sliocht Aodha Uí Gallchubhair. Do-rad Ua Domhnaill braighde Sleachta Aodha baoí occa lé h-athaidh Cathaoír mac TuathailToirrdhealbhach mac Feilim Finn dona Saxanchaibh ag dol gusan m-baile dóibh do chor uathbhais ⁊ iomomhain ar lucht an baile. Ro fobairsiot an baile iaramh. Ro marbhadh aon dona Gallaibh fo cédóir, marbait na Saxain Cathaoir mac Tuathail ina glasaibh a n-dioghail an Ghoill. Do-rad Aodh mac I DomhnaillSliocht Aodha an chaisléin as mac Fhelim Fhinn, ⁊ as mac ele Tuathail Bhailbh battar i n-gęimhlibh, ⁊ fáccbhaitt fęin an tír iar sin. Ro léicc O Domhnaill na Saxain uadha dia t-ticch iar n-íoc a t-tuarustail friú.

  11. Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill ar An Rúta dia ro gabhadh lais Innsi an Lochain airm h-i raibhe caislén croinn, ⁊ daingęn dítoghlaighi ag Mac Uidhilín ⁊ iar n-gabháil an chaisléin lá h-Ua n-Domhnaill do-rad an baile d'Ua Chathain. Ro gabhadh dna don cur-sin caislén Baile an Lacha lá h-Ua n-Domhnaill, ⁊ fo-gheibh édala iomdha etir arm, ⁊ éittędh umha, ⁊ iarann, im, ⁊ biúdh isna bailtibh-sin. Ro gabhadh bheós iar sin inis Locha Burrann, ⁊ inis Locha Lęithinnsi lá h-Ua n-Domhnaill, ⁊ fuair édala iomdha on mudh c-cédna forra, ⁊ ro loiscceadh an tír co léir ina h-iomthacmong lais, ⁊ tainic slán iar c-cosccar.

  12.  p.1488
  13. Coccadh d'eirghe etir Ó n-Domhnaill, ⁊ Ó Neill. O Domhnaill ar n-dol h-i c-ceilcc h-i c-comhghar don t-sęn-chaislén, ⁊ araill do dhaoínibh do mharbhadh lais, ⁊ mac mheic Briain co m-braighdibh ele do ghabháil do don toiscc-sin.

  14. O Neill do dhenamh creiche lá taobh na h-abhann dianadh ainm Fionn.

  15. An Calbhach Ó Domhnaill do dénamh creiche h-i t-Tír Eocchain.

  16. O Domhnaill do denam creiche ele h-i t-Tír Eocchain.

  17. Cland Meic Domhnaill (Semus, ⁊ Colla) do teacht feacht Albanach ar tarraing Meic Uidhilín. Mac Uidhilín ⁊ iad-sęin do dol um Inis an Locháin, ⁊ ro gabhadh leó an baile ar bárdaibh Uí Chathain. Brian mac Donnchaidh Uí Catháin, ⁊ a raibhe araon ris i n-Innsi an Locháin do losccadh etir dhaoínibh ⁊ edail, arm, ⁊ éidędh. Creacha ⁊ dioghbhála móra do dhénamh lá Mac Uidhilín ar Óc-Cathain an tan-sin.

  18. O Cathain d'fosdadh gall-ócclach .i. Sliocht Ruaidhri Meic Suibhne, ⁊ aon do láibh dia t-táinicc Mac Uidhilin tar Banna co tarraidh creich, O Cathain, ⁊ a ghall-ócclaigh do bręith fair i t-toraigheacht go ro bhęnsatt an crech dhe. Ro mharbhsatt, ⁊ ro loitsiot drong mór dia mhuintir.

  19. Iarla Urmhumhan do dhol h-i c-Cloinn Riocaird do chongnamh lá a bhrathair .i. Uilliam Búrc mac Riocaird, ⁊ bręs-mhaidhm do thabhairt lá cloinn Riocaird Óicc air, ⁊ barún maith (.i. Mac Óda) dia mhuintir do mharbhadh, ⁊ ba moa oldás cęthracha torcrattar do shluagh an iarla i n-doras Baile Atha na Ríogh don chur-sin.

  20. Caislén Bęndchuir do aithdénamh lá h-Ua c-Cęrbhaill Tadhcc Caoch tar sarucchadh Cloinne Colmain, ⁊ Shíl Madagain, uair battar-sidhe i n-ęssaonta fria 'roile.

  21. Maoileachlainn mac Bręsail Uí Madagain (an dara tighęrna baoí for Shiol n-Anmchadha ⁊ nír bhó ró dho dia m-badh lain-tighearna ar a fhele ⁊ ar a oirbhęrt) do mharbhadh lá Maoíleachlainn Gott O Madagain a cęntt t-sechtmhuine iar t-tionnsgnadh Bęndchuir.

 p.1490
M1545
  1. AOIS CRIOST, 1545. Aois Criost, mile, cuicc céd, ceathrachtt, ac cúicc.

  2. Niall Conallach mac Airt, mic Cuinn I Neill d'écc.

  3. Mac Suibhne na t-Tuath (.i. Eocchan) d'écc i n-Umhall Uí Mhaille.

  4. Eiccneachan Ó Domhnaill do mharbhadh lá druing do mhuintir An Chalbhaigh Uí Dhomhnaill.

  5. O Conchobhair Sliccigh Tadhcc Ócc mac Taidhcc, mic Aodha do mharbhadh lá druing do Maigh Luirg.

  6. Maidhm Caille na c-Cuirrittin las An c-Calbhach Ó n-Domhnaill ar cloinn Uí Dhomhnaill Mhóir dú in ro marbhadh Donnchadh Cairpreach Ó Domhnaill.

  7. Blodh do Thęmpall Criost i n-Ath Cliath do bhrisędh lá h-aidhilcc éiccin, ⁊ tumba cloiche d'fhaghail ann ina raibhe corp espuicc cona chuladh epscoip uime. Deich f-fainne órdha ima dheich meraibh, ⁊ caileach aifrind órdha ina shęsamh lá taobh a mhuinil, ⁊ as amhlaidh baoí a chorp, ⁊ a dhíol fęin d'áit arná tochailt lé fonsura isin c-cloich dó ar a chuma fęin ⁊ do tóccbhadh é a lęnmhain dia 'roile, ⁊ do cuirędh ina shęsamh frisan altóir é, ⁊ do bhí ann mar sin athaidh, ⁊ nir críon ⁊ ni ro lobh aon-ní dia édach, ⁊ bá mór an comhardha naomhtachta innsin.

  8. Imręsain d'éirge etir iarla Urmumhan, ⁊ an iustis .i. an soinsilér ⁊ dol dóibh do lathair an righ imon c-coinntinn-sin, ⁊ tuccsat móid araon ná tiocfadh tar a ais acht fęr eiccin dibh. Ro fíoradh an ní h-íshin uair do écc an t-iarla h-i Saxaibh, ⁊ tainic an iustis i n-Erinn. Ro ba doiligh écc an ti at-bath annsin .i. Semus mac Piarais Ruaidh, mic Semais, mic Emainn Buitiler munbhadh ar mhill don ecclais tre chomhairle na n-ęitriticcędh.

  9.  p.1492
  10. Mac Meic Uilliam Cloinne Riocaird .i. Tomas Farranta mac Uillicc na c-Cęnn mic Riocaird, mic Uillicc Chnuic Tuagh do dhol ar ionnsaicchidh h-i Síol n-Anmchadha. Iarna airiucchadh isin tír lá Siol n-Anmchadha ro lęnadh é co Bealach Tíre Ithain co ro marbhad isin maighin-sin é lá Muintir Maoileachlainn Bhailbh, ⁊ fiche do roighnibh a muintire amaille fris.

  11. Dochmata mór isin m-bliadhain-si co t-tuccthaoí se pingine (.i. do shęn-airgętt) ar an m-bairgin h-i c-Connachtaibh, no pinginne bána isin Midhe.

  12. Coccadh etir O Ruaircc Brian Ballach mac Eocchain, ⁊ a dhęrbhrathair fęin do thaoibh a mhathar .i. Tadhcc mac Cathail Óicc Uí Conchobhair tighęrna Sliccigh. Dioghbhala móra do dhénamh ętorra ar gach taobh, ⁊ bá díbh-sén Toirrdhealbhach Ó Raighilligh cliamhain I Ruairc do mharbhadh d'urchor do phelér i n-doras Sliccigh lá mac Cathail Óicc.

  13. Mac Uí Bhriain Ara (Connla) do mharbhadh ina chaislén fęin lá braighdibh baí i láimh aige.

  14. Eoin mac An Giolla Duibh mic Concobhair mic Donnchaidh, mic Domhnaill na Madhmann Mic Suibhne do mharbhadh la Concobhar mac Murchaidh mic Conchobhair Mic Suibhne.

  15. Tadhcc mac Tomais mic Sgannláin mic Diarmada Me Gormain do mharbhadh go mí-ghaolmhar lá cloinn Mhuircęrtaigh Mhe Gormain.

  16. Piarus Ó Muirghęsa maigister sccol, ⁊ fęr lęighinn coitchinn fear n-Ereann fear denma dęirce ⁊ crabhaidh do écc.

  17. Domhnall mac an oifisteil móir Meg Congail d'écc.

 p.1494
M1546
  1. AOIS CRIOST, 1546. Aois Criost, míle, cúicc céd, cęthracha, a sé.

  2. Domhnall mac Aodha Duibh mic Aodha Ruaidh I Domhnaill do marbhadh (an .20. April) a f-fiull lá h-Ua n-Gallchubhair, Eoghan mac Emainn ⁊ lá a mhnaoi Onora ingęn Tuathail Bailbh Uí Gallchubhair iarna thóchuirędh dia saighidh go h-Inis Saimhér ar slanaibh Dé, ⁊ Mhęic An Baird Gofraidh, ⁊ Chon Choicriche mic Diarmata mic Taidcc Caim Uí Clęiricch. Bá liach oidhędh an tí torchair annsin, ar ní bhaoí fęr a aosa do chlannmhaicne Conaill mic Néill as ar mó saoílęchtain sochaidhe inás.

  3. Ro ęirgęttar díbęrccaigh iomdha do Gęraltachaibh i n-aghaidh na Saxanach do dhioghail a n-ionnarptha as a n-duthaigh forra .i. Uilliam mac Semais mac iarla Cille Dara, ⁊ Muiris an Fhędha mac Semais Mheirccigh mic an iarla ⁊ óccbhaidh ele amaille friú. Do-rónadh díoghbhála diaisnęisi leó. Ba dibh-sídhe creacha Bhaile Móir na n-Ustásach, creacha Ratha Bile, ⁊ a m-baoí ina chomhfhochraibh. Creachadh ⁊ losccadh Ratha Iomdháin co ruccsat an lucht cédna il-mhile bó ⁊ nuimhir nach roich rimh nó áiręmh leó don chur-sin.

  4. Indsaicchidh lá h-Ua c-Ceallaigh h-i Siól n-Amchadha, ⁊ la Sliocht Bręsail Uí Madagáin ar Mhaoíleachlainn Gott Ó Mattaccáin. Do-dhęchsat an tír ina n-dędhaidh, ⁊ do-bęrtsat fuabairt forra. Sóait-siumh friú co ro marbhsat ní bá moa oldas cęthrachat don tóraigh, ⁊ rob ęsbadhach an tír ⁊ Urmumhain ón caith-ghleo-sin.

  5. Arccain ⁊ losccadh cláir Cairprecaisléin Chairpre lásna dibęrccachaibh rémh-ráite, ⁊ lá mac Uí Conchobhair Fhailghe Donnchadh Ó Conchobhair. Ua Conchobhair fęin Brian, ⁊ Ua Mordha Giolla Patraicc d'ęirghe isin c-coccadh iar sin. An tan do-chuala an iustis Antóin Sentliger in ní-sin tainic i n-Uibh Failghe. Ro indir p.1496 ⁊ ro loiscc an tír co Tochar Cruachain, ⁊ airisidh dí oidhche innte, ⁊ soaidh gan cath gan riar. O Mórdha, ⁊ mac Uí Concobhair Rudhraighe do dhol fá bhaile Atha Aí, an baile ⁊ an mhainistir do losccadh dóibh, ⁊ ar mór do thabhairt leó (etir losccadh ⁊ marbhadh) for ShaxanchoibhErennchoibh don chur-sin.

  6. An iustis do thocht arís i n-Uibh Failghe gó m-baí fri ré cóicc lá n-décc isin tír agá h-indreadh, ⁊ accá milleadh acc losccadh tęmpallmainistreach ag diothucchadh ętha, ⁊ arbha. Ro fháccaibh barda isin m-baile lé h-acchaidh Uí Chonchobhair .i. céd marcach céd co n-gonadhaibh, céd co t-tuaghaibh ⁊ céd saighdiúir cona n-daosccar-sluagh amaille friú. Ro fháccaibh a f-furtain do bhiúdh ⁊ da gach n-aidhilcc aca, ⁊ luidh ass, ⁊ do-dheachaidh cona mhór-sochraide go Laoighis, ⁊ tainicc iarla Dęsmumhan sluaighędh lan-mhór ina coinne dia chomhmoradh. Battar cóicc lá décc ele acc indradh an tíre h-í-sin. Gabhthar leó caislén buí lá h-Ua Mórdha .i. Baile Adam, ⁊ fáccbaitt barda inn. Ro chuir an iustis iarsin litreacha ⁊ sccribenna co maithibh Ua f-Failge dia radh riú tocht don tír, ⁊ O Conchobhair do tréccean, ⁊ co t-tiobradh pardún dóibh. Tangadar trá ⁊ nír bhó cian dóibh iar sin an tan ro iompaisiot Goill don tír go ro fheallsat forra, ⁊ gor bhęnsat il-mhíle do bhuaibh dhíobh. Ro fuaccradh Ua Conchobhair, ⁊ Ua MórdhaErinn, ⁊ do tóccbhadh a n-duthaigh gusan righ, ⁊ do-thaéd Ua Conchobhair h-i Connachtaibh do chuinghidh sochraitte. Iompaíd Fir CheallMag Eochugáin (ar forcongra an íustis) ar muintir Uí Conchobhair go ro bhęnsat bú iomdha ⁊ p.1498 braighde ile díbh. Do-rónsat Clann ColmáinMuintir Tadhccáin an c-cédna as ing ma ro tęcclamadh a c-comhmhór-sin d'aircctibh ⁊ d'édalaibh isna dęidhęnchoibh conadh amhlaidh-sin ro h-athchuireadh occus ro h-ionnarbadh ceann sonusa ⁊ saidhbhręsa an lęithe i r-raibhe fein d' Erinn .i. Brian Ó Conchobhair, ⁊ ro fhuiridh-sidhe h-i c-Connachtaibh co Nodlaicc iar n-gairm trétura de lá Gallaibh.

  7. Mac Giolla Pattraicc .i. Brian do gabhail a mic fęin .i. Tadhcc (cęnn fędhna toghaidhe eissidhe), ⁊ a chur go h-Áth Cliath cona choirthibh fęn sccriobhtha araon ris, ⁊ Goill dia bhásucchadh ar foráilęmh a athar.

  8. Monadh nua do theacht i n-Erinn .i. copar, ⁊ rob ęiccęn d'fearaibh Ereann a gabhail mar airccętt. Bá mór ⁊ bá h-adhbhal nęrt Saxanaigh i n-Erinn an tan-sa co m-ba suaill má baoí aithghin na broide i m-báttar Lęth Mogha riamh rias an tan-soin.

  9. Tadhcc Ó Cobthaigh oide scol Ereann lé dán do ghabháil lá Gallaibh ⁊ a bhęith ráithe co lęith i l-laimh h-i c-caislen an rígh trena comhmbáidh lé Gaoidhealaibh co ro fobradh a oidhędh, ara aoí terna slán fá dheóidh.

  10. Na Saxain acc dénamh caisléin An Daingin, ⁊ tęmpall Cille O Duirrthi do briseadh leó, ⁊ a cor san obair, ⁊ pęrsún Cruachain do mhilleadh dhóibh.

  11. An sęisędh Eduard do rioghadh os Saxaibh .28. Ianuarii.

 p.1500
M1547
  1. AOIS CRIOST, 1547. Aois Criost, mile, cuícc céd, cęthrachat, a seacht.

  2. Mac Suibhne Baghainech, Niall Ócc do mharbhadh an .3. September la cloinn a dhearbhrathar .i. clann Maol Muire .i. Domhnall ÓccBrian Ócc. Bá h-ann ro marbhadh sidhe isin m-Badhbhdhún Nua, ⁊ h-é i m-braighdęnus a n-dioghail a n-athar ro marbhadh lá Niall fecht riamh, Maol Muire Męirgeach an dęrbrathair ele ní ro cuidigh-sidhe an marbhadh í-shin.

  3. Mór inghęn Uí Cęrbhaill bęn dęrsccaighthe dęigh-einigh d'écc.

  4. Cath-raoínędh mór forsna dibhęrccachaibh i m-Baile na t-Tri c-CaislénSaxanchoibh ⁊ lá Brian an Choccaidh mac Toirrdhealbhaigh Uí Tuathail dú in ro gabhadh dá mac Semais mic an iarla .i. Muiris an Fhędha ⁊ h-Anrai co c-cęithre fearaibh décc dia muintir. Ruccadh co h-Ath Cliath iatt iar sin, ⁊ do-ronadh cęthramhna díbh uile cenmotha Muiris, ⁊ ro cuireadh h-i c-caislén an rígh acc iomfhuirech lé comhairle cia bás do-berthaoí dho. Ro sccaoíleadh, ⁊ ro scanradh na foghladha ⁊ na dibhęrccaigh amhlaidh-sin ⁊ gér bhó gearr a ré .i. bliadhain, rob adhbhal a f-foghail.

  5. O ConchobhairÓ Mórdha do dhol tar Sionainn, ⁊ ar n-dol do dhruing dá c-cloinn ina c-coinne co h-Áth Cróich, ⁊ sochaidhe mór do thionol dóibh do dhol do dioghail a n-duithche ⁊ a f-fęroinn ar Shaxancoibh, ⁊ a n-dol iar sin i l-Laighnibh.

  6. Gaoth mhór d'éirghe an oidhche ria f-féil Bríghde gur bhó suaill má tainic a comhmór ó ghęin Criost alle go ro bris tęmpail, mainistrecaisléin ⁊ co h-airidhe ro bhris sí an dá uillinn iartharaigh do thęmpall Cluana Mic Nóis.

  7. Smacht ⁊ nęrt adhbhal acc Saxoibh cona lęiccędh an ęccla do neoch biadh ná caomhna do thabhairt d'Ua Conchobhair ná d'Ua Mórdha.

  8. An iustiseacht do bhuain to Antoin Sent Liger, ⁊ iustis nua do a ionaid .i. Eduard Bellingham.

  9. Muiris an Fhędha mac iarla Cille Dara do bhásucchadh i n-Áth Cliath.

  10.  p.1502
  11. Creacha móra (.i. cuicc céd bó) do denamh lá Maeleachlainn God Ó Madagáin ar Uíbh Domnalláin.

  12. Caislén Atha Luain do chorucchadh lá Gallaibh .i. lé h-Uilliam Brabasón tresinér an rígh i n-Erinn, ⁊ lá Gallaibh, ⁊ Gaoidhealaibh na Midhe (d'aimhdheóin Uí Cheallaigh) (Donnchadh mac Emainn) ⁊ Gaoidheal c-Connacht. Battar dna slóigh an iustis an tan-sin h-i l-Laighis acc dénamh dúnchluidh acc an m-Bádhún Riaganach, ⁊ ro fháccaibhsiod barda ann lé h-aghaidh Uí ChonchobhairUí Mordha.

  13. Cobhthach mac Maoileachlainn mic Bręsail Uí Madagáin macaomh a aosa (.i. bliadhain ar fhichit) rob fęrr dia chinędh badhein do mharbhadh lá Muintir Uí Chęrbhaill ⁊ lá Muintir Maoileachlainn Bhailbh Uí Madacain. Murchadh Riabhach mac Uí Madaccáin dęrbhrathair Maoileachlainn Bailbh baoí i n-gęimheal ag Cobhthach do chrochadh ina diogail la braithribh Cobhthaigh ⁊ lá a mhuintir conadh a n-aoín-fheacht ruccadh dia n-adhnacal iad.

  14. O ConchobhairCathaoir Ruadh cona braithribh do dhénamh cęngail go nua ré 'roile i n-acchaidh Gall, uair ro bhęnsat Goill a n-dúthaigh dibh-sidhe amhail ro bhęnsat d'Ua Conchobhair conadh aire-sin do-lottar a c-combáidh Uí Chonchobhair.

  15. Indsaicchidh do thabhairt lá h-Ua Mórdha ⁊ lá cloinn Chathaoir Uí Chonchobhair h-i contae Chille Dara go ro loiscceadh ⁊ go ro creachadh urmhór criche Iustasach leó. Ro ansatt iaramh isin tír go rucc an iustís forra. Ro sraoíneadh for na Gaoidhelaibh-sin, ⁊ ro marbadh dá céd troightech dibh lais don chur-sin.

  16. Maidhm do thabhairt ar Ua Maoileachlainn (Conn mac Airt) cona bhraithribh lá Niall mac Feilim Uí Mhaoíleachlainn, ⁊ lá muintir barúin Dealbhna ar Faithche Ciarain dú in ro marbhadh Ó Maoileachlainn Conn, ⁊ Corbmac a dhearbrathair tanaisi Cloinne Colmáin, ⁊ fiche nó dhó amaille friú.

  17. O Conchobhair Brian, ⁊ Ó Mórdha Giolla Pattraicc (iar ná t-tréccean do Gaoidhealaibh) do dhol h-i c-cęnn Ghall fá na m-bręith fęin ar comairce ghoill uasail .i. Leutenant ⁊ bá h-olc an comairce h-ishin.

  18.  p.1504
  19. Cu Coiccriche mac Emainn Még Cochláin cęnn a ghabhláin fęin do marbhadh h-i f-fiull lá Maoíleachlainn Ua Maoíleachlainn, ⁊ lá Murchadh mac Toirrdhealbhaigh.

  20. Mac Murchadha, Muirchęrtach mac Airt Buidhe d'écc.

M1548
  1. AOIS CRIOST, 1548. Aois Criost, mile, cuícc ced, cęthracha, a h-ocht.

  2. Maidhm mhór do thabhairt lá h-Ua n-Domhnaill Maghnus ar Srath Bó Fiaich ar a mac fęin .i. An Calbhach, ⁊ ar Ó c-Cathán .i. Maghnus mac Donnchaidh dú in ro marbhadh Ó Cathain fęissin co sochaidhibh ele an seachtmhadh lá do mhí Febru.

  3. Maire inghęn Meic Con Midhe do écc, an .4. April.

  4.  p.1506
  5. O ConcobhairÓ Mórdha do dhol h-i Saxaibh lasan Leutenant fá grásaibh an rígh ⁊ an do thabhairt a n-duithche .i. LaoighissUí Failghe don Leutenant, ⁊ dia bhrathair, ⁊ da chúirt mhóra do dhénamh leó sna tiribh-sin .i. An Campa h-i l-Laoighis, ⁊ An Daingęn i n-Uibh Failge, ⁊ ro ghabhsat acc tabhairt na b-fęronn-sin ar cíos do Shaxanchoibh ⁊ d'Eiręndchoibh amhail rob athardha dilęs dóibh fęin iad iar n-athchur ⁊ iar n-ionnarbhadha n-oidhreadh bunadh eistibh .i. O Conchobhair, ⁊ Ó Mórdha cona c-cinędh ⁊ cona c-clannmaicne archęna.

  6. O Maoileachlainn .i. Tadhcc Ruadh do thabhairt Emainn A Faii ⁊ sochraide Laighneach lęis go Dealbhna dia h-iondradh, ⁊ as amhlaidh tarla dóibh, Ro gabhadh Maoileachlainn mac Airt Uí Maoileachlainn lá h-Emann A Faii ar t-teacht dó le h-Emann fęin don tir ar forchongra chomhairle an righ, ⁊ ro cuir sé co h-Áth Cliath é. Ro gabhadh dna caislén Chinn Choradhmainistir Gailinne lá h-Ua Maoíleachlainn, ⁊ lá h-Emann. Do impa Ua Maoíleachlainn fó aithmhéla gan umhla gan eidire. Baí Emann A Faii ag gabháil Delbhna a h-ucht an righ ar bélaibh Uí Maoíleachlainn conadh amhlaidh-sin tucc Ó Maoíleachlainn slat lais dia ro buaileadh é fęin fria, uair ro athchuir ⁊ ro iondarb Emann A Faii é fęin cona chinędh uile ó Dhelbhna, ⁊ ro diochuir é eiste amhail diochuiręs an saithe nua an sęn-saithe. Ro ghair sé iaramh Macc Cochláin d'Art mac Corbmaic, ⁊ ro bhęn sé an chuid don tír do bí ag Corbmac mac An Fhir Dorcha de. Ro chreach, ro ionnarb, ⁊ ro dhibir é tar Sionainn siar h-i Mainechaibh, ⁊ iar n-diochar Corbmaic dho ro athnuadhaigh caislén Cille Comainn, ⁊ do chuir lón Sleachta Fęrgail ann, ⁊ barda uadha fęin. Sluaiccheadh lá Corbmac, .9.Maii, ⁊ lá Maineachaibh i n-Dealbhna. Ro loisccsęt, ⁊ ro chreachsat Lomcluain I Fhlaithile, ⁊ Cnoc Rátha Benain, ⁊ ro p.1508 marbhsat sęisear do dhaoínibh, ⁊ aon-mac Uí Shiaghail Muircheartach fęr a aosa bá fęrr lé lęighęs dá m-baoí ina comhfhochraibh. Do-rala dóibh iaramh go c-comairnic Mág Cochláin, an tír, ⁊ na buandadha Faiieachaa friú ag Bél Atha c-Caorach for Dubh-abhainn, ro sraoíneadh for Corbmac cona shluacch, ⁊ ro marbhadh tuilleadh ar fichit díbh im Mhaoileachlainn mac Sęain Uí Cheallaigh im mac Uí Fhollamhain Feilim ⁊ im mac Dubhghaill Mic Neachtain, ⁊ ba moa oldás fiche each amaille lé h-arm ⁊ lé h-ęidędh iomdha ro fháccaibhsiot, ⁊ ro báithędh araill ele díbh. Ro dichęndait iatt uile a h-aén-chomhairle an luan iar sin, ⁊ ruccadh a c-cinn go baile Emainn Faii (.i. Baile Mic Adam h-i c-Cenel Fearga i n-Ele I Cęrbhaill), ⁊ ro tóccbhadh for bior-chuaillibh i n-áirde iatt h-i c-comardha cosccair.

  7. Foslongphort lá h-Emann A Faii a t-timcheall chaisléin An Fhędáin fri re ocht lá, ⁊ Corbmac Mág Cochláin do bęith istigh isin c-caislén go ro bęnadh braighde de, ⁊ do-róine-siomh, ⁊ Emann cairdęs Criost fria 'roile.

  8. Coccadh mór etir Fhrangcachaibh, Saxancoibh, ⁊ Albanchoibh. Donnchadh mac Uí Conchobhair Fhailge, ⁊ clann Chathaoir Uí Conchobhair do dhol i t-tuarusdal an rígh, ⁊ a c-cur go Saxoibh do chongnamh coccaidh ⁊ dia n-díochur ó n-athardha co n-ęirghe amach móir amaille friú do cęithirn choíccidh Laighęn ⁊ na Midhe.

  9. An Calbhach Ó Cęrbhaill do dol co h-Áth Cliath d'ionnsaicchidh na cúirte móire, ⁊ a gabhail h-i f-fiull, ⁊ a chur h-i c-caislén an righ h-i l-laimh ⁊ gan fios a adhbhair nó a fhuaslaiccti do thabhairt do neoch.

  10. An Leutenont, ⁊ Emann A Faii do dhol fá dhó ar sluaicchędh i n-Elé ⁊ imeaccla mhór do ghabhail Uí Cearbhaill Tadhcc Lusc de-sidhe go ro eirigh coccadh ętorra de-sin. Nír bó cian iar sin go ro iarr Emann A Faii ar Mhág Cochláin ⁊ ar Dealbhna dol lais ar caoraigheacht i n-Éle. Ro ęimgęttar-sumh dna an ní-sin. Ro lonnaicchędh ⁊ ro fęrccaicchędh Emann tríd-sin go ro eirigh easaonta ętorra, ⁊ ro p.1510 díochuir Ó CęrbhaillMag Cochláin Emann uatha triana anffoltaibh ⁊ trena ansmact forra. Ro gabhadh leó caislén Cille Comaindcaislén Cinn Choradh fair conadh amhlaidh-sin do bęnadh Dealbhna de iar m-bęith lęith-bliadhain i n-daor-broid occa.

  11. Saighir Chiaráin, ⁊ Cill Corbmaic do losccadh, ⁊ do bhrisędh la Saxanchoibh ⁊ lá h-Ua c-Cęrbhaill.

  12. Sluaicchędh lasan Leutenont, ⁊ lá Gallaibh ar tarraing Émainn A Faii (a n-dioghail a ionnarbtha) go Delbhna go ro loisccędh, ⁊ co ro crechadh leó ó Bhealach an Fhothair go tochar (.i. Tochar Cind Mhona), ⁊ Baile Még Uallacháin h-i l-Lusmagh,⁊ báttar adhaidh foslongpuirt i m-Baile na Cloiche, ⁊ luidhsiot ar c-cúlaibh arnámharach go c-cręchaibh, ⁊ co n-édalaibh gan deabhaidh gan diubraccadh.

  13. Indradh Maighe Sláine lá h-Ua Maoíleachlainn Tadhcc Ruadh, ⁊ lá Gallaibh Atha Luain, ⁊ lá coblach An Chalaidh.

  14. Caislén Éle, ⁊ caislén Delbhna .i. Bęnnchor, caislén Maighi IsttęnClochan na c-Ceapach do bhrisędh ar eccla na n-Gall.

  15. Sluaicchędh lasan c-Caiptin Ruadh ar Ua c-Cęrbhaill go Carraicc an Comraic ⁊ do-rad Ua Cęrbhaill tachar dóibh go ro marbhadh dá fichit no a trí dibh lais. Do-rónadh sluaicchędh fó thrí i n-aon-raithe lasan c-Captín Ruadh co Carraicc an Chomhraic, ⁊ ní caemhnaccair ní don bhealach ná don chaislén, ⁊ térna gan riar iar f-faghail masla, ⁊ iar f-fágbháil druinge dia mhuintir.

  16. Cathaoír Ruadh Ua Concobhair do gabháil lá Riocard Saxanach A Burc, ⁊ a toirbert do Ghallaibh.

  17.  p.1512
  18. O Cęrbhaill do losccadh An Aénaigh ar an c-Caiptín Ruadh etir mainistir ⁊ bhaile o bhadbdhún amach. Ro loiscc bheos don chur-sin Mainistir Uaithne, ⁊ ro dhiochuir Saxanaigh este ⁊ do-rad męsc-bhuaidhreadh mór forra dia ro cloí araill dia niort, ⁊ dia c-calmatas go ro fhóccair as a thír iatt cénmótá uathadh bardadh baoí isin Aonach .i. h-i t-tor Mic Maghnusa nama.

  19. Cathaoir Ruadh Ó Conchobhair do bhasucchadh i n-Ath Cliath, ⁊ Maoilęchlainn Ua Maoíleachlainn do thernudh a gęimheal ó Ghallaibh.

  20. O Mórdha .i. Giolla Pattraicc d'écc h-i Saxaibh go h-opann, ⁊ ro ba mór an sgél eissidhe munbadh nęrt Gall.

  21. Indradh Maighe Corrain tighibh, tęmplaibh lá h-Ua c-Cęrbhaill Tadhcc Caoch, ⁊ lá Mag Cochláin (Art mac Corbmaic) a n-dioghail a n-anffolta ar Dhelbhna, ⁊ foslongport do denamh leó an oidhche-sin san Lęcach Amadláin.

  22. Sęan mac I Neill do dhol sluagh ar Chloinn Aodha Buidhe, ⁊ Brian Faghartach Ó Neill mac Neill Óicc, mic Neill, mic Cuinn, mic Aodha Buidhe fęr aghmhar ionnsaighteach, saoí dęrlaictheach, deigh-einigh, ⁊ rédla sholais na clannmaicne dia m-baoí do marbhadh lá Sęan Ua Neill don chur-sin.

 p.1514
M1549
  1. AOIS CRIOST, 1549. Aoís Criost, mile, cuícc céd, cęthrach, a naói.

  2. O Baoighill Domhnall mac Neill mic Toirrdhealbhaigh d'écc, an .4. August.

  3. Aibhilín inghęn I Domhnaill bęn Uí Baoighill Toirrdhealbhach d'écc.

  4. Maoíleachlainn Got Ua Madaccáin tanaisi Shil n-Anmchadha do mharbhadh lá Maoíleachlainn Modardha Ua Madagain, ⁊ lá a bhraithribh a n-diocchail a athar ⁊ a dhęrbrathar.

  5. Teach d'ionnsaicchidh i m-Baile an Chaisléin NuíNiall Ua Maoílęchlainn ar Ua Maoíleachlainn Tadhcc Ruadh, ⁊ ar a bhrathair Murchadh. Ro loiscceadh an tęgh forra. Ro marbhadh, ⁊ ro loiteadh tuilleadh ar fhichit ann, Ro marbhadh naonbhar do láthair dibh. Terna Ua Maoíleachlainn ⁊ a bhrathair Murchadh as, acht ro gonadh Murchadh don chur-sin.

  6.  p.1516
  7. An iustis Eduard Belligam do dhul h-i Saxoibh, ⁊ Uilliam Brabason .i. an tresinér ina ionad, ⁊ cúirt mhór lasan iustis sin h-i Luimneach. O Cęrbhaill do dhol gusan c-cúirt-sin ar comairce iarla Dęsmuman, ⁊ mérae Luimnigh, ⁊ maithe GallGaoidhel, baoí ar in c-cuírt, ⁊ a theacht slán for c-cúlaibh maille le síothcháin do fęin ⁊ dá rann do Ghaoidhealaibh .i. Mac Murchadha, Ó Ceallaigh, Ó Maoíleachlainn, ⁊ sochaidhe ele nach airimhther.

  8. Baile Mic Adam do bhuain d'Emann A Faii, ⁊ Síol c-Cęrbhaill do bęith and doridhisi, ⁊ ba mór luathghaire ⁊ gairdeacus Éle de-sin.

  9. Donnchadh Ua Fęrgail tanaisi Ua f-Fęrgail do mharbhadh lá a dhęrbrathair fęin tre mheabhail.

  10. O Suillebhán Diarmaitt, fear cęndais cairdęmhail niatta naimhdidhe do losccadh lá pudar ina chaislén fęin, ⁊ a dęrbhrathair Amhlaoíbh Ó Suillebháin do ghabhail a ionaidh, ⁊ Amhlaoibh fęissin do mharbhadh iaramh.

M1550
  1. AOIS CRIOST, 1550. Aois Criost, míle, cúicc céd, caocca.

  2. Rudhraighe mac Donnchaidh mic Aodha Ruaidh I Domnaill epscop Doire, ⁊ brathair ar aoi t-toile d'ecc an .8. October, ⁊ a adhnacal i n-Dún na n-Gall i n-aibítt, S. Froinses.

  3. An t-abb (.i. Ęsa Ruaidh Eoin a aimn-sidhe) mac Domhnaill Ruaidh I Gallchubhair d'écc, an .29. April.

  4.  p.1518
  5. Mac Suibhne Baghaineach Toirrdhealbhach Meircceach do mharbhadh i m-Baile Meic SuibhneCloinn Colin (.i. Uilliam, TadhgSeaan), ⁊ la Cloinn Choinneiccein, .8. Ianuarii.

  6. Ruaidhri Ballach mac Eoghain Ruaidh Mic Suibhne do bheith acc cuingidh tighearnais Tíre Boghaine for Ua n-Domhnaill, ⁊ ó ná fuair do-dheachaidh gusna Ceallaibh Bęga, ⁊ ro leir-indradh an baile lais, ⁊ ro marbhadh-somh iaramh la Maol Muire mac Aedha ria c-cind raithe .i. an .31. do Marta.

  7. Mac An Bhaird Thíre Conaill, Feargal mac Domhnaill Ruaidh saoí fhir dhana, ⁊ oide sccol, fęr ro ba mór ainm, ⁊ oirdhęrcus ar fud Ereann ina aimsir, congmhalaigh coitchęnn tighe n-aoidhędh d'écc.

  8. Antoni Sint Liger .i. an iustis, do bhí roimhe i n-Erinn do thecht i n-Erinn ina iustis, ⁊ drong mhór do mhaithibh Ereann do dhol ina dhochum gusan c-cuirt móir go h-Áth Cliath.

  9. Iarla do ghairm do Riocard Saxanach mac Uillicc na c-Cęnd.

M1551
  1. AOIS CRIOST, 1551. Aois Criost, mile, cuicc céd, cáocca, a h-aón.

  2. Airdęspocc Caisil Emann Buitiler mac Piarais .i. iarla Urmuman d'écc.

  3. Murchadh mac Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh Ui Briain iarla Tuadmuman a h-ucht Gall ⁊ an righ, O Briain é do ghnath Gaoidheal, fear aghmhar lé h-ionnsaicchidh, comhnart lé cothucchadh, suim, saidhbhir, co n-iol-mhaoínibh, ba h-esidhe ced-duine dia ro gairmędh iarla do Shiól m-Briain do écc, ⁊ mac a dearbhrathar Donnchadh mac Conchobhair d' oirdnęd ina ionadh.

  4.  p.1520
  5. Cathbharr mac Maghnusa mic Aodha Duibh mic Aodha Ruaidh, mac Uí Baoighill, ⁊ mac Meic Suibhne Bhaghainigh do mharbhadh (go lucht luinge faide amaille friú) la h-Albanchoibh i t-Toraigh an .16. do September.

  6. Grainne inghęn Maghnusa, mic Aodha, mic Aodha Ruaidh bęn Uí Ruairc Brian mac Eocchain do écc, an .29. April.

  7. An iustis Antoni Sint Liger do bręith soir, ⁊ iustis ele do chur ina ionadh co h-Erinn .i. Semus Croftes.

  8. Sluaiccheadh lasan iustis i n-Ulltoibh i t-tosach foghmhair, ⁊ ro chuirsiot lucht cęithre n-ęthar uathaibh co Reachrainn do chuingidh creach. Battar clann Meic Domhnaill na h-Alban isin oilén acc imdheaghail na criche .i. Semus, ⁊ Colla Maol Dubh. Feachar iomaireacc ętorra go raoímhidh for na Saxanchoibh co ná térna fęr aithriste sgél díbh cénmotá a t-taoíseach .i.leutenont ro gabhadh lasna h-Albanchoibh ⁊ baoí-sidhe i n-giallnus aca co f-fuairsiot a n-dearbhrathair ass .i. Somhairle Buidhe Mac Domhnaill baoí i n-gęimhel ag Gallaibh Atha Cliath ędh bliadhna riasan tan-sin, ⁊ fuasccladh mór ele amaille fris.

  9. Cúirt mhor i n-Ath Cliath iar n-iompúdh anall don iustis, ⁊ ro gabhadh Ó Néill Conn mac Cuinn iarla Tíre h-Eocchain an tan-sin tria ionnlach ⁊ ędarchosaoíd a mhęic fęin Fęr Dorcha .i. an barún, ⁊ coccadh mór do dhénamh do chloinn óicc I Néill fri Gallaibh ⁊ frisan m-bharún a n-díoghail gabhala a n-athar, ⁊ díoghbhála iomdha do denamh ętorra.

  10. Sluaicceadh lá Gallaibh doridhisi i n-Ultuibh do dhioghail a n-aincridhe for cloinn Męic Domhnaill, ⁊ for cloinn I Neill, ⁊ for mac Neill Óicc mic Neill mic Cuinn, mic Aodha Buidhe. Battar UlaidhAlbanaigh i n-erlaimhe ar a c-cionn. Ro fighędh cath-iorghal amhnus ainiardha ętorra iar rochtain h-i c-cęnn aroile dóibh co ro meabhaidh for Ghallaibh, ⁊ go ro marbhadh dá chéd do Shaxanchoibh ⁊ d'Ęiręnnchoibh p.1522 don chur-sin, ⁊ a t-terna as díbh tangattar ar c-cúlaibh fó athais, ⁊ fó diommbuaidh don dá thurus-sin.

  11. Cúirt mhor i n-Ath Luain, ⁊ Mag Cochláin do dhol gusan c-cúirt í-shin, ⁊ a phardún d'faghbháil dó, ⁊ patent ar a dhuthaigh, ⁊ Delbhna Ęthra do dhol fó chíos don righ.

  12. O Conchobhair Failghe .i. Brian do bęith i l-laimh i Saxaibh ó ruccadh soir é, ⁊ iarraidh do thabhairt dó for elúdh, ⁊ bręith fair. Fuair-siomh a anam doridhisi, ⁊ braighdęnus siorruidhe as a h-aithle.

  13. Domhnall Mág Congail d'écc.

M1552
  1. AOIS CRIOST, 1552. Aoís Criost, mile, cúícc céd, caocca, a dó.

  2. Innradh, ⁊ orccain Cluana Mic NóisGallaibh Atha Luain, ⁊ na cluicc móra do bręith as an c-cloicctheach, ní ro fáccbhadh fós clocc bęcc nó mór, iomhaigh ná p.1524 altóir ná leabhar ná gémadh fiú gloine h-i f-fuinneóicc ó bhalla na h-ęccailsi amach nach ruccadh eiste. Bá truagh tra an gniomh-sin indradh cathrach Ciaráin an naoimh-érlaimh.

  3. Tadhcc Ó Ruairc tanaisi Breifne do chrochadh lá a mhuintir féin. At-berat aroile ro baoí cuid do Bhrian Ó Ruairc (.i. dearbrathair a athar) a n-dénamh an riaghtha í-shin.

  4. Mac Suibhne Fánatt Ruaidhri, ⁊ Niall a bhrathair, ⁊ Brian mac Emainn do mharbhadh a b-fioll h-i mainistir{}.

  5. Mathghamhain mac Briain mic Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh I Bhrian do mharbhadh lá muintir Donnchaidh mic Conchobhair Uí Bhriain.

  6. Mac Uí Bhriain Tuadhmuman Diarmaitt mac Murchaidh mic Toirrdhealbhaigh d'écc oidhche Fhéile Bríghde, ⁊ a adhnacal i mainistir Innsi.

  7. Coccadh mór an bhliadhain-si etir Ghallaibh do leith, ⁊ Ulaidh (cenmothá uathadh) ⁊ Albanaigh don lęith araill, ⁊ uilc iomdha do dhénamh ętorra.

  8. Sluaiccheadh lasan iustis go h-Ulltaibh doridhisi do shaighidh meic Neill Óicc, (.i. Aodh Ó Neill) ⁊ na n-Albanach. Do-dheachaidh cétus drong do na SaxanchoibhMac An t-Sábhaoísigh sluagh ręmpa d'iarraidh creach. Do-rala mac Neill Óicc friu ag Bél Fęirste. Do-bęrt fuabairt fothaibh go ro mhuidh forra go ro marbhadh mac An t-Sábhaisigh lais, ⁊ da fhichit nó a tri amaille fris. Ar a aoí do-chótar na slóicch ele anonn, ⁊ ro ghabhsatt acc dénamh caisléin i m-Bél Fęirste. Acht chęna ní ruccsatt buaidh, ⁊ ní fhuairsiot braighde ná creacha, ⁊ ro maoladh mórán dá mędhair don chur-sin. Do-thaodh iaromh mac Uí Neill Fear Dorcha (.i. an barún) sluagh mór do chabhair an iustis ⁊ na n-Gall, ⁊ ní ranaicc lais rochtain ina cęnn in adhaidh-sin, ⁊ ro ghabh longport ina chomhfhochraibh. Ro lęn bhrathair Sęan Donngaileach Ó Neill é co sluacch ele amaille fris, ⁊ do-bęrt amus longphuirt isin oidhche ar sluagh an bhárúin, ⁊ ro mheabhaidh riamh forra co p.1526 torchrattar sochaidhe ile lais. Uilliam Prapasún tresinér an rígh i n-Erinn lé h-athaidh fhoda, ⁊ do bhaí tan ina iustis, ⁊ lásar cumhdaiccheadh cúirt i n-Áth Luain d'écc for an sluaigheadh rémhráite. Ruccadh a chorp i n-ęthar co h-Áth Cliath, ⁊ a chroidhe iarsin gusan rígh do dearbhadh a fhoghnamha ⁊ a fhirinne dhó.

  9. Ua Neill do bęith i l-laimh bheós, ⁊ a mac Sęan Donnghaileach, ⁊ mac Neill Óicc (Aodh) do bhęith acc dénamh coccaidh ar an m-barún, ⁊ ar Ghallaibh ina dhíoghail.

  10. Sluaiccheadh ele is in f-foghmhar lasan iustis i n-Ulltoibh, ⁊ ní tharraidh ní acht guirt do mhilleadh dó, ⁊ drong dia mhuintir do mharbhadh, ⁊ tanaic gan riar gan síth.

  11. Coccadh mor etir Ó Raghallaigh, ⁊ na Saxanaigh, ⁊ creacha iomda do dhénamh lá h-Ua Raighilligh forra.

  12. O Conchobhair Failghe do bhęith i Saxoibh, ⁊ gan súil cáich lé tocht ina fhrithing dó.

  13. Barún Dealbhna do dhol h-i Saxoibh, ⁊ a thecht tar ais ina friting iar c-críochnucchadh a thoscca amhail as deach for-caemhnaccair.

  14. An iustis Semus Craft do dhol h-i Saxoibh, ⁊ an soinsilér Tomas Ciomhsócc .i. Ciomhsoccach Baile Cúisin do bęith 'na iustis ina ionatt.

 p.1528
M1553
  1. AOIS CRIOST, 1553. Aois criost, míle, cúicc céd, caocca, a tri.

  2. Queene Mary do oirdneadh ós Saxaibh, an .6. Iuli.

  3. Ammas oidhche do thabhairt lá a bhraithribh fęin (DomhnallToirrdhealbhach clann Conchobhair Uí Bhriain) ar a n-dearbhrathair Donnchadh Mór mac Conchobhair (tighearna Tuadhmhumhan) go Cluain Ramhfhoda, an baile do losccadh, ⁊ d'arccain ⁊ daoíne do mharbhadh leó, ⁊ Ó Briain Donnchadh do dhol isin tor baí isin m-baile dia imdhídęn forra. A t-tús an corghais do shonradh innsin. Bá h-é fochann na h-ęsaonta-sin etir Shíol m-Briain uair ro ghnouigh Donnchadh on rígh cęrt oidhreachta dia mhac fęin go ro gairędh barún de ar bélaibh a shinnsior. Ro lonnaiccheadh na dearbraithri de-sin conadh aire do-rónsat an ionnsaicchidh remraite ⁊ ad-bęrdís aroile nár bhó machtnadh iatt do ghníomh ina n-dearnsatt. Ro éirigh easaonta h-i t-Tuadhmhumhain de-sidhe, ⁊ nír bhó cian báttar i n-imreasain fria 'roile uair ro écc Donnchadh Mór Ua Briain iarla Tuadhmuman satharn na páisi iar sin, ⁊ ro ghabh Domhnall a ionad.

  4. Siubhán inghęn Maghnusa Uí Domhnaill bęn Uí Chonchobhair Sliccigh d'écc an .16 Iún.

  5. Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh mic Murchaidh Uí Bhriain d'écc.

  6. Niall mac Feilim Uí Mhaoíleachlainn tanaisi Cloinne Colmáin fęr ághmar ionnsaightheach, ⁊ fęr a aosa bá fęrr dia mhaicne do mharbhadh a f-fiull lá h-Ua p.1530 Maoíleachlainn Tadhcc Ruadh ag Bél an Atha ag tęcht ó chuirt an Mhuilinn Chirr. Indradh Maighe Corrain, ⁊ gabháil a chaisléin .i. Cluain Lonain, ⁊ an Caislén Nua, ⁊ ionnarbadh I Mhaoileachlainnbarún Delbhna ⁊ lá Gallaibh Atha Luain a n-dioghail marbhtha Neill mic Féilim.

  7. Maidhm do thabhairt ar Mac Uilliam Búrc .i. Risdęrd an Iarainn lá cloind Tomais Bhacaigh A Búrc, ⁊ lá Gailęngachaibh dú in ro gabhadh Risdęrd fęin ⁊ in ro marbhadh céd co lęith dia shluacch.

  8. Slóiccheadh lá h-Ua m-Briain Domhnall h-i l-Laighnibh go n-dearna coinne lé Gallaibh h-i l-Laoighis isin b-port gur sccar rú amaille lé siothcháin. Rucc dna braighde ó Ua c-Cęrbhaill lais fri comhall siodha.

  9. Inghęn Uí Conchobair Failghe Mairghrécc do dol h-i Saccsoibh, a h-ucht a cairdęsa, ⁊ a gaoil thoir, ⁊ a h-ucht a bérla d'iarraidh a h-athar ar an m-banríoghain Queen Maria, ⁊ iar n-dol di fo na grasaibh fuair a h-athair ⁊ tucc lé i n-Erinn é, ⁊ do-radadh braighde ele ass don iustis, ⁊ don chomhairle .i. Rudhraighe Ó Conchobhair sinnsear a cloinne fęin go m-braighdibh ele amaille fris.

  10. Clann iarla Chille Dara Gęróitt Ócc, ⁊ Éduard do teacht go h-Erinn iar m-bęith for iondarbadh dóibh fri ré sé m-bliadhan décc isin Róimh isin Ęttaill, ⁊ isin b-Frainc, ⁊ fuarattar aiseacc a n-duithche, ⁊ a n-iarlachta ón m-banríoghain. Tainicc bheós mac iarla Osraighe Tomás mac Semais mic Piarais Buitilér ina iarla i n-ionadh a athar.

  11. Tanaic mar an c-cédna oidhre Meic Giolla Pattraicc, Brian Ócc mac Briain araon la cloinn iarla Chille Dara, ⁊ lá h-iarla Osraighe. Bá mór luathghaire urmhóir Lęithe Mogha dia t-toidheacht-sidhe, ⁊ ní ro shaoilsiot aoínneach ar Sliocht Iarlachta Cille Dara iná Ua Conchobhair do thoidheacht go bráth i n-Erinn.

  12. Sluaiccheadh lá barún Dealbhna i n-Dealbhna Ęthra ar tarraing Corbmaic ChaoíchShleachta Fęrghail Mécc Cochláin coictis i n-diaidh na samhna, ⁊ a bhęith  p.1532 oidhche h-i f-foslongphort isin tír co ro loiscceadh ⁊ co ro h-indradh lais ó Bhealach an Fhothair co Tochar Cinn Mhóna, ⁊ bá h-adhbhal in ro mhillsiot an sluagh-sin cenco n-dearnadh creacha nó marbhadh oirdearc lais.

  13. Coccadh dioghlach do eirghe etir Mag Cochláin, ⁊ Sliocht FęrghailÓ Maol Mhuaidh iarsin, ⁊ dioghbhála nách sodhaing d'faisnęis do dhénamh ętorra. Bá for an c-coccadh-sin do-rónadh gníomh iongnadh h-i c-Cluain Nóna .i. bachlach do mhuintir an bhaile fęin do dhénamh feille far bhardaibh an bhaile, ⁊ triúr dęrsccaigtheach dibh do mharbhadh la tuaigh connaigh, ⁊ bęn do bhaoí istigh do chęngal ⁊ an caislén do ghabhail lais, ⁊ ba dána an gníomh aen-moghaidh innsin.

  14. O Briain .i. Domhnall do chor iarla Cloinne Riocaird ón m-Bęinn Mhóir baoí i n-iomshuidhe ar Shęan A Búrc.

 p.1534
M1554
  1. AOIS CRIOST, 1554. Aois Criost, míle, cúicc céd, caocca, a cęthair.

  2. Cathaoír mac Airt mic Diarmatta Laimhdęircc Meic Murchadha saoí ághmhar ionnsaightheach, ⁊ díol Laighęn do thighearna munbhadh gabhaltas Gall d'écc.

  3. O Cęrbhaill An Calbhach (.i. mac Donnchaidh) do mharbhadh lá h-Uilliam Odhar, ⁊ lá Sliocht Maol Ruanaidh Uí Cęrbhaill, ⁊ lá Conall Ócc Ó Mórdha a n-dioghail na feille do-rinne-siumh ar Tadhcc Caoch riasan tan-sin, ⁊ bá maith ro h-aithędh an míghníomh-sin fair-siumh uair do-rochair fęin ⁊ Tadhcc Mac Donnchaidh a dearbrathair a c-cionaidh an mhígniomha-sin ria c-cionn m-bliadhna, ⁊ Ó Cearbhaill do gairm d'Uilliam Ó Cęrbhaill ina ionadh.

  4. Sluaiccheadh lá Domhnall Ua m-Briain tighearna Tuadhmhumhan go caislén Dhúin Míchil ar Chonchobhar Groibhleach mac Donnchaidh I Bhriain do ghabháil an bhaile fair. Iarla Urmhumhan cona sluagh do thocht do dhíochur Uí Bhriain ón c-caislén.

  5. Sluaiccheadh lá h-Ua m-Briain isin t-sechtmhain iar sin h-i c-Cloinn Riocaird go n-dearna creach mhór ar dhreim don tír. Dol as-sin dó go Dún Lathraigh, Sliocht Riocaird ÓiccSliocht Maoílir A Burc do tocht ina chęnd, ⁊ do ghabhail oilęmhna ⁊ tuarastail uadh.

  6. Maidhm Cinn Salach h-i c-Cloich Chinn Fhaolaidh do thabhairt etir Cloinn t-Suibhne na t-Tuathsamhna do shonnradh. Báttar iatt báttar do thaoibh don iomairęcc-sin Mac Suibhne Eocchain Ócc mac Eocchain, ⁊ a dearbhrathair Toirrdhealbhach CarrachNiall mac Maol Muire. Clann Donnchaidh Mic Suibhne don lęith ele .i. Aodh Buidhe, Emann, ⁊ ConcobharDomhnall. Ro marbhadh annsin Mac Suibhne cona dearbhrathair Toirrdhealbhach CarrachNiall mac Maol Muire, do-rochair p.1536 don taobh araill dias do cloinn Donnchaidh .i. EmannConchobhar do-rorchrattar dna sochaidhe do dęgh-dhaoínibh ętorra adiú ⁊ anall cenmothát-sidhe.

  7. Mórsluaiccheadh lá h-iarla Chille Dara, lá barún Dealbhna, ⁊ lá mór-sochraide Gaoidhel i n-Ultoibh ar Fheilim Ruadh mac Airt mic Aodha I Néill ar tharraing t-Sęain Dhonnghailigh mic I Neill. Do-rónadh creach mhór leó, ⁊ bá mó oldás caoca ro marbhadh dia muintir don chur-sin.

  8. Sluaiccheadh lá h-Ua Neill Conn mac Cuinn do dhol for Cloinn Aodha Buidhe, ⁊ iar n-dol dó is in tír ro thionóil Aodh mac Néill Óicc I Neill ⁊ cland Mic Domhnaill ina m-baoí do slócch aca for a chionn ima comhrainic dóibh co reimhidh for Ua Néill, ⁊ go ro ládh ár a mhuintire uair torchrattar tri chéd dia shlóghaibh.

  9. Bóraimhe mhór .i. dá fhichit, ⁊ tri chéd bó do roinn, ⁊ do thogbháil ar Dhealbhna Ęthra d'iarla Chille Dara a n-éraic a comhalta Robert Nugent ro marbhadh lá h-Art mac Corbmaic Még Cochláin.

  10. O Concobhair Failge .i. Brian do bęith i l-laimh ag Gallaibh.

  11. Aodh mac Anmchadha Uí Madagain tighearna Shíl n-Anmchadha d'écc, ⁊ Sęan mac Bręsail Uí Madaccáin do gabháil a ionaid.

  12. Tadhcc mac Aodha Uí Chobhthaigh priomh-oide Ereann, ⁊ Alban lé dán d'écc.

  13. Corbmac mac Fir Dorcha Meg Cochláin cęnn a ghabhláin fęin, ⁊ adhbhar tighearna Dealbhna Ęthra d'écc h-i c-Cluain Lonáin.

 p.1538
M1555
  1. AOIS CRIOST, 1555. Aoís Criost, mile, cúicc céd, caocca, a cúicc.

  2. Aodh mac Neill Óicc, mic Neill, mic Cuinn, mic Aodha Buidhe mic Briain Bhallaigh I Néill ticchęrna Cloinne Aodha Buidhe, fęr tóthachtach toirbhęrtach dearlaictheach deigh-einigh, rigdamhna ós ruireachaibh, tighearna ar thrén-chosnamh, fęr ná tucc umhla, ná urraim d'aoín-neach do Ghaoidhelaibh ⁊ ná ro léicc géillęidirędha uadha as a thír, ⁊ agá m-báttar géill, fęr do-rad bręs-mhadhmanna iomda ar Ghallaibh ⁊ ar Ghaoidhelaibh ag cosnamh a thíre friú do mharbhadh lá h-Albanchoibh d'urchor peiléir.

  3. Iustis nua do techt go h-Erinn .i. Tomas Susig, ⁊ Antoni Sent Liger .i. an sean-iustis do dhióchur soir. Sluaiccheadh lasan iustis-sin fó chédóir ar tarraing I Neill do dhíochur cloinne Meic Domhnaill, ⁊ na n-Albanach báttar ag dénamh gabhaltais is in Ruta, ⁊ h-i Cloinn Aodha Buidhe. Baoí an iustis cona shluagh lęth-ráithe acc indradh na n-Albanach, ⁊ do-róine crecha iomdha forra. Ro marbhadh céd no dhó do na h-Albanchoibh lais, ⁊ luidh cona shlógh for c-cúla gan riar gan braighdibh.

  4. Brian mac Cathaoír Ruaidh Uí Chonchobhair Fhailghe do mharbhadh lá Donnchadh mac Uí Concobhair (.i. Brian).

  5.  p.1540
  6. Iustis na h-Ereann do dhénamh shlóighidh do dhol don Mumain. Ua Briain do thionol shlóigh ele ina aghaidh-siumh, ⁊ dol dó h-i c-coinne an iustis go h-Uibh Riaccain. Sídh do dhénamh dóibh re 'roile, Gaoidhil ó Bhearbha go Sionainn ar sith Uí BhriainGoill Mumhan ar síth an iustís.

  7. Mac Uí Domhnaill .i. An Calbhach do dhol go h-Albain go n-uathadh dagh-dhaoíne ina caoímhtheacht, ⁊ fuair sochraide shlóigh ó Mac Cailín (.i. Giolla Espaig Donn) ⁊ maighistir Arsibél a t-toisigheacht forra. Tanaicc iaramh go f-feacht mór Albanach lais do mhilleadh ⁊ do mhí-imirt Tire Conuill. Bá don chur-sin do-bęrt lais gonna dia n-goirthí an Gonna Cam las ro brisędh Caislén Nua Innsi h-Eocchain, ⁊ caislén Eanaigh. Iar t-teacht dó cetus don tír, ro gabhadh lais Ua Domhnaill Maghnus a athair h-i r-Rosracha, ní ro lęicc uadha an fheacht Albanach-sin on t-samhfuin a t-tangattar go féil Brénainn ar c-cionn. Baoí tra Ua Domhnaill i l-láimh go a écc.

 p.1542
M1556
  1. AOIS CRIOST, 1556. Aois Criost, míle, cúicc céd, caocca, a sé.

  2. Giolla Colaim O Clapaicch comharba Pattraicc i n-Uarán Maighe h-Aoí, cęnd ęinigh, ⁊ saidhbhriosa comarbadh Connacht, fęichęmh coitchęnn do thruaghaibh, ⁊ do thrénaibh d'écc h-i c-Cloinn Riocaird iarná ionnarbadh a h-Uaran, ⁊ iar marbhadh a męic (Diarmait Ruadh O Clabaigh) lá Cloind Chonnmaigh.

  3. O Mórdha Conall Ócc do ergabháil lasan iustis.

  4. Caislén Lis Cluaine .i. i n-Dealbna do criochnucchadh lá Maoíleachlainn Ó n-Dálachain h-i f-féil Matha Suiscél.

  5. Cathraoínędh lá h-Ua m-Briain Domhnall for Thadhcc mac Murchaidh Uí Bhriain ag caislén An Dísirt dú in ro marbhadh triocha do dhaoínibh nó ní as uille.

  6. Donnchadh mac Uí Conchobhair Failge (.i. Brian) do erghabhail lasan iustis i n-Druim Dá Maighe ar ionchaibh, ⁊ ar eineach iarla Cille Dara. Ro chuir an iustis, ⁊ an t-iarla teachta uathaibh lęth ar lęth gusan m-bainrioghain go Saxaibh dus créd adéradh do dhénamh lasna braighdibh ísin uair baí Ó Concobhair, ⁊ Donnchadh go m-braighdibh ele i l-laimh ag an iustis an tan-sin. Ro léicceadh Ó Mórdha, ⁊ Donnchadh Ó Conchobhair fó dhaighin na comairce baoí aca .i. iarla Cille Dara, ⁊ iarla Urmumhan mar nár saoíleadh do dhenamh dhó.

  7. O Fęrgail Bán .i. Tadhcc mac Conmaic d'écc iar sęndataidh tocchaidhe.

  8. O Madagain (.i. Sęan mac Bręsail) tighęrna Sil n-Anmchadha do mharbhadh lá Bręsal Dubh Ó Madagáin ⁊ dá tighearna do ghairm ar Shíol n-Anmchadha .i. Bręsal Dubh, ⁊ Maoíleachlainn Modardha.

  9. Uaithne mac Uilliam Uí Cobhthaicch saoí Ereann lé dán do mharbhadh 'san oidhche a f-fiull i m-Baile an Luicc i Maigh Bachla, ⁊ ní feas cia ro mharbh.

  10. Feilim (.i. Ua Docartaigh) mac Conchobhair Charraigh Uí Dochartaigh do écc an .6. December.

 p.1544
M1557
  1. AOIS CRIOST, 1557. Aois Criost, míle, cuicc céd, caocca, a seacht.

  2. Indradh Arda Macha fo dhí i n-aon-mhí lasan iustis Tomas Suisig.

  3. Mac Murchadha .i. Murchadh mac Muiris Caomhánaicch do bhásucchadh h-i Lęithghlionn la Gallaibh, ar baí-sidhe acc triall ardaighthe, ⁊ ęsaonta friú co ro fheallsat fair istigh i t-ticch na comhairle.

  4. Caislén An Fhędáin i n-Delbhna Eathra do ghabhail lá braghaitt baoí i l-laimh ind, ⁊ a thabhairt do Mhág Cochláin, ⁊ Sliocht Fęrgail d'ionnarbadh, ⁊ a m-braighde do crochadh luan initte .i. an céd-lá do Mharta.

  5. Caislén Racra do bhrisędh lá h-Ua Maoíleachlainn ⁊ lá Gallaibh Atha Luain. Coccadh d'eirghe etir Mág CochláinÓ Maoileaclainn iarttain.

  6. Indradh Ua f-Failghe, ⁊ Síol c-Conchobhair d'ionnarbadh as an tír doridhisi ⁊ a m-braighde do congbhail lásan iustis. At iat na braighde O Conchobhair Failge, ⁊ mac a dearbhrathar .i. Rosa mac Murchaidh co sochaidhibh ele amaille friú. Ro basaighitt na braighde-sin uile lá Gallaibh acht Ó Conchobhair namá.

  7. O Mórdha Conall do gabháil lá Gallaibh, ⁊ a bhásucchadh leó h-i Lęithghlinn. Ba truagh tra lá Gaoidhelaibh an diach-sin do-brętha for a saor-clantaibh soichenelchaibh gion gur cuimhgęttar ní dóibh.

  8. Sluaiccheadh lasan iustis do dhíochur Shíl Conchobhair as Miliucc iarna p.1546 clostin dó a m-bęith ann, ⁊ gonnadha móra d'imfhędhain ⁊ do tharraing lais go h-Ath Luain, ⁊ as-sidhe, i n-arthraighibh go Miliucc, ⁊ a sluagh tré Bealach an Fothair ⁊ do Lurccain Lusmaighe, ⁊ é fęin ina f-farradh. Ro gabhadh iaramh MiliuccBręc Chluain lais, ro marbhadh Donnchadh mac Colla, ⁊ drong ele don bharda amaille fris. Ro croithędh ⁊ ro h-indradh an tír uile don chur-sin. Do h-ionnarbadh clann Mhaoileachlainn Bailbh as an tír gusna dibearccaibh amaille friú. Fáccbhais an iustis constabla Saxanach h-i Miliucc .i. maighistir Fransis, ⁊ rucc braighde on dá Ó Madagáin .i. Maoíleachlainn Modardha, ⁊ Bręsal, ⁊ braighde ele ó Mag Cochláin .i. a mac ⁊ araill ele conadh amhlaidh-sin ro gabhadh Síol n-Anmchadha, ⁊ ní h-urusa a ríomh nach a airiomh gach ar milleadh don turus-sin. Trí sęchtmaine ria Lughnasa do shonnradh innsin.

  9. O Fęrghail Bán Domhnall do marbhadh lá Fachtna mac Taidhcc Uí FęrghailFachtna feissin d'ionnarbadh triasan n-gníomh-sin lá Gallaibh.

  10. Domhnall mac Laoighsigh Uí Mhórdha tighearna Sleibhe Maircce do crochadh lá Gallaibh .i. lá maighistir Sili.

  11. Sluaiccheadh lasan iustis h-i f-Fęraibh Ceall do dhíochur na f-foghladh este ar ro chualaidh co m-battar for coilltibh Fhęr c-Ceall. Gabtar lais Tepóid Ó Maol Muaidh co m-braighdibh ele. Luidh as-sidhe go h-Éle go ro gabadh Lęim Ui Bhánáin lais, ⁊ bá h-é feabhas a eich rucc Ó Cęrbhaill ass uadha. Soais an iustis tar a ais iar t-tabhairt męscc-bhuaidhreadh for Ghaoidhelaibh na n-ionadh-sin. Tęid iaramh h-i Saxaibh, ⁊ fáccbais an treisinér ina ionadh. Sluaiccheadh ele lasan treisiner h-i f-Fearaibh Ceall dia dioghail ar Ua Maol Muaidh.i. Art bhęith ag caomhna na cęithirne coille, ⁊ na n-díbhęrccach. Ro h-iondradh an tír ó choill p.1548 soir, Ro loiscceadh Baile Mhic AbhainnLann Eala tighibh tęmplaibh, ⁊ ro marbhadh mac Uí Maol Muaidh .i. An Calbhach acc Bél Atha Glaisi lasan tresiner cona shlógh don chur-sin. Tainic-sidhe doridhisi, ⁊ ro losc an tír, ⁊ ro ghęrr a coillte, ⁊ ní tard sith nó ossadh d'Ua Maol Muaidh acht a athchor ⁊ a ionnarbadh, ⁊ trétúir do ghairm dhe, ⁊ tarccaidh tighęrnas do Thępóid Ó Maol Muaidh iar f-fágbháil a mhęic mar brághaitt aicce ina ionadh fęin.

  12. Coccadh adhbhal etir Ghallaibh ⁊ ina m-baoí amuigh ina n-acchaidh do Ghaoidhelaibh .i. Síol c-Conchobhair, Síol Mórdha, ⁊ Síol Maoíl MuaidhSíol c-Cęrbhaill co nach éidir a riomh an líon creach marbhtha, ⁊ foghla do-rónadh leó ó tá Sionainn go Sliabh Ruadh, ⁊ ó tá Bladhma go Cliodhna, ⁊ ó tá Eóir gusan c-Cliodhna c-cedna.

  13.  p.1550
  14. O Cęrbhaill (.i. Uilliam Odhar) do gabhail caisléin An Léime ar Ghallaibh iar b-faghbháil baoghail fair.

  15. Toirrdhealbhach mac Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc an Chomaid Uí Briain d'écc.

  16. Seaan Ó Neill .i. mac Cuinn, mic Cuinn do thęcclamadh, ⁊ do lér-tionol slóigh lán-mhóir do dhol i t-Tír Chonaill .i. na h-Airghialla uile, ⁊ ina m-baoí do Ghallaibh ⁊ do Gaoidhelaibh o Tráigh Bhaile Mic Buain go Finn. Tangattar-sidhe uile ina thionól, ⁊ ina thoicheastal, ⁊ ní ro h-airiseadh lasna sloghaibh í-shin go ro gabsat longport lęthan laoch-armach cetus acc An c-Carraicc Lęith etir dá abhainn .i. Fionn, ⁊ Modharn. Bá sóinmheach ro both i l-longport mic Uí Neill ar ro baoí cręic ⁊ cęnnaighecht mędha, ⁊ fíona, ⁊ édghadh n-uasal, ⁊ gach n-adhailcce archęna ann. Ránaicc sccéla go mac Uí Neill go ro chuirsęt Cenél c-Conaill a m-bú ⁊ a m-bó-tháinte i n-diamhraibh ⁊ i n-droibhélaibh an tíre iarná c-cúlaibh, att-bert-somh nat baoí bó díobh-siumh do-suidhe, ar cia nó tiostaoís i l-Laighnibh nó i Mumhain, nó biadh-somh ina lurcc conas-tuccadh go riaraighthe iatt fó a mhamus bádhéin, coná biadh acht aon-righ for Ultaibh do ghrés. Cenél c-Conaill dna as amhlaidh báttar-séin ⁊ Ua Domhnaill Maghnus i n-easláinte ⁊ i n-enęirte, ⁊ é i l-láimh accá mhac An Calbhach fri ré dá bliadhan raimhe-sin, ⁊ An Calbhach h-i c-cęndas na tíre. Baoí bheós a dhęrbrathair Aodh cona lucht lęnamhna h-i f-frithbęrt fris, ⁊ baoí-sidhe h-i f-farradh Shęain, a brathar an tan-sin. O ro chualaidh An Calbhach Sęan p.1552 cona shlóghaibh do ghabháil longphoirt i n-ur na tíre ro bhaoí agá sccrudadh ina mhęnmain dus cidh do-ghénadh frisan eiccęndáil móir ro baí acc tomhaithęmh fair, ⁊ ro chomhairléicc fria athair Maghnus cia h-airm-imirt do-ghénadh for cionn a bhiodhbhadh cecib tan tiostaois don tír. Bá sí comairle do-rad Ó Domhnaill a athair dhó ó ná baoí coimhlíon sloicch lá mac Uí Neill gan dol a n-airęs catha chuicce acht airisiomh acc imdheaghail a muintire cenco t-toirsędh don tír, ⁊ dia c-caomhsadh an tan-sin amus longpoirt do thabhairt fair dia mhęscc-bhuaidhreadh. Bá dóigh lais nó bhéradh cosccar. As fair deisidh aca innsin. Dála Shęain I Néill cona shlocchaibh ro tairmchęimnighsiot gan airisiomh on c-Carraicc Léth go rangattar tar Finn lá taobh Ratha Both trésan Laccán go ro gabsat sosadh ⁊ longport lá taobh Baile Aighidh Chaoín a c-comhfhoccus don t-sruith silęs as an topar dianidh ainm Cabharthach. Do-rónadh botha ⁊ bélsccalána lá a shlógaibh iar sin. An Calbhach imorro, as ann baoí-sidhe cona mac Conn an lá-sin i n-oireachtas h-i mullach Bęinnín co n-uathadh ina fharradh, ar ní bhaoí acht aon-triocha marcach, ⁊ dá chorughadh gall-ócclach do Chloinn t-Suibhne Fhanatt .i. Sliocht Ruaidhri im Ualtar mac Murchaidh, ⁊ Sliocht Domhnaill im Dhomhnall Ghorm Mac Suibhne, ⁊ o 'd-chualaidh An Calbhach Sęan cona shlocch do teacht in dú-sin, ro fhaoídh dias dia shainmhuintir do thaisccéladh for na slóghaibh ⁊ battar iad a n-anmanna Donnchad Ócc mac Donnchaidh Ruaidh Meg Uidhir, ⁊ Muiris Mac Ailín. Do-chodar-sidhe dni go m-battar gan rátucchadh i t-tréchumascc na slógh uair p.1554 baoí do líonmhaire, ⁊ do lérdhacht na slócch baí annsin nár bhó sodhaing dóibh badéin aithne for aroile gémadh lá nó bęith ann muna t-tabrattaoís aithne for a n-airęchaibh namá. Ro ghabhsat an dias remraite ag imtheacht ó gach tene gó aroile go rangattar gusan t-tene móir mędhonaigh boí i n-dorus puiple męic I Néill ⁊ suttrall adhbhal-mhór (ba ręimhithęr mędhón fir ęisidhe) baoí for buan-lasadh eadh ón tene co sęsccatt gall-ócclach gruamdha gniomh-aighmhéil go m-biailibh aithghéraibh ailtnighe i n-oirchill a n-imęrtha aca, ⁊ co sęsccat Albanach aindiud aindiarraidh cona c-cloidhmhibh troma taoibh-lęthna tort-bhuilleacha ina lámhaibh fri h-iombualadh ⁊ airisiomh ag foraire ⁊ ag forchoimhéd mheic I Néill. An tráth tháinicc ionam proinnighthe dona slóghaibh, ⁊ ro-both ag roinn ⁊ ag focchail forra ro righsęt an dias taiscelta ro raidh-siom a lamha gusan ronnaire a c-cuma cháich, ⁊ bá sędh do-rala cęinnbert cona lán mine co f-furthain na mine d'im. Luidhsęt for c-cúlaibh iaramh gus a n-ionncomhartha-sin leó do shaicchidh a muintire, ⁊ bá iarná thaisbenadh ro creideadh uatha na sccéla ro aisnęidhsiot. Ro forchongair An Calbhach for a muintir a n-ęidędh fó cedóir, do-rónadh fair-siumh gan fhuireach innsin, do-chóidhsiot an dá chórucchadh i n-en-chórucchadh, ⁊ Conn O Domhnaill dia chois etir UáltarDomhnall, ⁊ do-rad a each dia athair. Lottar ręmpa do shaighidh an longpoirt, ⁊ ní ro ansat go rangattar, gusna buidhnibh p.1556 mędhónchoibh báttar acc forchoimhéd mheic I Néill. Do-bęrtsatt uardhúsccadh námhat for lucht an longpoirt, ⁊ ro ghabhsatt for comhmarbhadh, ⁊ for comhmudhucchadh, acc airleach, ⁊ acc athchuma, ag ciorrbhadh, ⁊ ag coimhleadradh a chele dia m-biailibh bláithibh bith-faobrachaibh, ⁊ dia c-cloidhmhthibh cruaidh-geara curata go foirrgitt fir, ⁊ co ro leonait laoích lásan f-fianlach do-deachaidh andsin. O 'd-chualaidh Sęan torann an trom-slóicch, ⁊ brosccar na m-buidhęn bá dearbh lais báttar námhaitt tángattar don longport, ⁊ at-lái-sidhe tré iarthar a puiple gan ráthucchadh. Ro baí an adhaidh ag fęrthain a fros fíor-fhliuch, ⁊ a casarnach ciún-bhraon co ro thuilsiot aibhne, ⁊ inbhęra an tíre. Ro sraoíneadh for an sluagh-sin Chenél n-Eocchain fó dheóidh tré nęrt iomgona ⁊ iombualta co ro ládh a n-dęrcc-ár. Sęan imorra ní ro lęn cidh aoín-neach dia muintir é, achtmadh aon-dias do mhuintir Aodha mic Maghnusa I Domhnaill im Dhonnchadh mac Feilim Fhinn Uí Ghallchubhair, ⁊ luidh tré athghoiritt, ⁊ tré diamhair gacha conaire go rainicc tar Daoíl, tar Finn, ⁊ tar Dęircc, ⁊ bá for snámh na t-teóra n-abhann-sin do-dheachaidh cona dhias caoimhtheachtaidh, as-sidhe go Tęrmonn Uí Moain go ro chęndaigh each ó na Moain in adhaidh-sin, ⁊ ráinicc fá dheóidh lá dobhar-shoillsi na maidne go h-Airęccál Dá Ciarócc. Ro airis An Calbhach cona bheacc-shluagh (ina m-baoí roimhe don oidhche) isin longphort mędhrach mhóir-mhęnmnach baí lá Sęan Ua Neill a t-tus oidhche, ⁊ battar acc comhol fin-fhlędh na foirne-sin for ro sraoíneadh leó co madain arabharach. Do-radadh edala iomdha a t-taisbénadh leó isin ló ar c-cinn etir arm, erradh, edeadh, ⁊ eochaibh conadh cęithre fichit each p.1558 baoí do chomhrainn edala ag Conn mac An Chalbhaicch cenmotha each oirdhęirc mic I Neill dia n-goirthi Mac An Iolair. As ing má ro frith h-i maidhm Chnuic Buidhbh Dheircc ro brissędh lá h-Ua n-Domhnaill (Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh) ar Ua Neill samhail a f-fuairsiot Cenel c-Conaill d'édalaibh don chur-sin.

 p.1560
M1558
  1. AOIS CRIOST, 1558. Aois Criost, míle, cúicc céd, caocca, a h-ocht.

  2. Iarla Dęsmhumhan Semus, mac Sęain, mic Tomais, mic Semuis mic Gęróitt iarla d'écc. Bá doiligh dia dhúthaigh dith an dęigh-fhir-sin óir ní riccthí a lęs eallach d'ionnraitne, nó dorus do dhunadh ré a linn ó Dhún Caoín h-i c-Ciarraighe co Cummar Tri n-Uiscce n-imelglas h-i c-coiccrich Chóicceadh Eachdhach mic Luchta, ⁊ Laighęn, ⁊ a mhac Gęroitt d'óirdneadh ina ionadh.

  3.  p.1562
  4. O Briain Tuadhmhumhan Domhnall mac Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Briain Chatha an Aonaigh d'ionnarbadh as a athardha lá iustis na h-Ereann, ⁊ an iarlacht do bhuain de lasan iustis cedna .i. Tomas FitzUater, ⁊ lá mac a dhęrbhrathar Conchobhar mac Donnchaidh, mic Conchobhair Uí Bhriain. Cluain Ramhfoda, Bun Raite, ⁊ An Clár Mór puirt oireachais na tíre, ⁊ ní h-iatt amháin acht an tír uile etir fhasach ⁊ áitiucchadh d'fágbháil ar durn mhęic Donnchaidh Uí BhriainGallaibh ⁊ a oirdneadh mar iarla os cionn na criche-sin, ⁊ rob é-sin céd-iarla Cloinne Cais iar n-ainm gion gur bé iar n-óirdneadh. Ro fhás adhuath ⁊ ursccath, gráin, ⁊ gábhadh i n-Gaoidhelaibh glan-Bhanbha don gníomh-sin .i. tre dibirt Domhnaill Uí Bhriain, do criothnaighsiot beós Clanna CuinnCathaoír, Sliocht EirmhoinEimhir, ÍrIthe don claochludh-sin.

  5. An barun Ó Neill, Fęr Dorcha mac Cuinn Bhacaigh, mic Cuinn, mic Énrí mic Eocchain do mharbhadh go mio-ghaolmhar lá muintir a dhearbhrathar Sęan ⁊ dob é p.1564 adhbhar a oidhędha uair ro samhlaighędh airęchus a athardha ris damadh taoscca do éccfadh a athair inás.

  6. Mac Uí Chonchobhair Fhailgigh .i. Donnchadh mac Briain mic Cathaoír mic Cuinn mic An Chalbhaicch do mharbhadh lá h-Ua n-Díomasaigh .i. Uaithne mac Aodha do fhaccaibh an bhás-sin Bęrbha fá bhrón, ⁊ Failgigh co fann, ⁊ Laighin h-i lén, ⁊ fá fhéil Patraicc do shonnradh do-rónadh an gniomh-sin.

  7. Maidhm mór la h-iarla Cloinne Riocaird ar Albanchoibh, ⁊ ro bé an t-iarla-sin Riocard mac Uillicc na c-Cęnn, mic Riocaird, mic Uillecc Cnuic Tuagh, mic an Uillicc Mędhonaicch mic Uillicc an Fhíona, ⁊ rob iad na h-Albanaigh for a t-tuccadh an maidhm-sin Domhnall mac Dubhghaill mic Giolla Espuicc Mic Ailin, ⁊ Dubghall mac Donnchadha mic Giolla Espuicc Mic Ailín, dá ócc-chonsapal urramhanta báttar acc reic a n-amhsaine athaidh fhada lé h-Ultoibh, ⁊ lé Cenél Conaill sęch cách. Do iomraidhęttar ętorra fęin lé borrfadh beódhachta ⁊ lé h-iomarcraidh árrachtais na h-oirir-sin d'fagbháil, ⁊ dol d'oirdhęrcucchadh a n-anmand ar fud p.1566 chóiccidh Connacht, ⁊ as ędh ro ghabhsat cetus co Crich Cairpre mic Neill tre Iochtar Ua n-Oilella, do crích Ghailęng (bhail in ro cobhsaigh Corbmac Gailęng mac Taidhcc, mic Cęin, mic Oilealla Oluim iar lot enigh a athar) ⁊ do Thír Amhalgaidh mic Fiachrach. Tánaicc Mac Uilliam ina c-coinne annsin .i. Risdeard an Iarainn mac Dauid, mic Emainn, mic Uillicc, ⁊ ro gheall a c-cotucchadh ar dháigh chreach lomtha a chomharsan ⁊ folmaighthe a easccaratt. O 'd-chualaidh iarla Cloinne Riocaird an coimhthionol coiccriche sin do theacht lé a thaobh do thionoil an lion as lia ro fhéd d'armáil éideadh, ⁊ ordanais, ⁊ ní ro airis gusan maighin a m-bádar na h-Albanaigh ag Muaidh, ⁊ rob fęirde dó a n-ionnsaicchidh uair do bhris for an f-fędhain allmardha, ⁊ for na foirnibh fraoch-duilghe sin, ⁊ ní ro cuimhnighsiot a fad ó n-athardha, ⁊ ó m-braithribh bunaidh uair ro fhulaingsiot dá n-ęsccairdibh a n-airleach ar én-lathair. Do marbhadh annsin DomhnallDubhgall, ⁊ bá fęrr buaidh a n-anacail oldás buaidh a n-gona uair do-gébhthaoi a c-comhthrom dá gach ęrnail ionnmasa estibh, ⁊ dob éttreinitte Albanaigh co cęnd athaidh dá n-aimsir h-i c-coicceadh Chonnacht an ionnsaicchidh-sin.

  8. Sraon-mhaidhm do thabhairt lá Saxanchoibh ar Uilliam Odhar (.i. Ó Cęrbhaill) mac Fir Gan Ainm mic Maol Ruanaidh mic Sęain Uí Chęrbhaill ar mhagh Chinn Corcaighe. Do h-ęsbhaighędh óicc, ⁊ do mudhaighędh mílidh ar an magh-sin, ⁊ do fáccbadh ann Murchadh Gęngcach mac Emainn, mic Murchaidh, mic Emainn Mic Suibhne do chonsaplaibh Dál c-Cais, ⁊ do Thír Bhoghaine iar n-dúthchas, ⁊ térna Ó Cearbhaill fęin as an f-foiréiccęn-sin.

  9.  p.1568
  10. Airchideochain Cille Dá Lua d'écc .i. Donnchadh Ócc mac Donnchaidh, mic Niocóil Uí Gráda, tighearna h-i c-cill ⁊ h-i t-tuaith an tí tęsta annsin.

  11. Queene Elizabeth do oirdneadh ós Saxaibh an .17. Nouember.

M1559
  1. AOIS CRIOST, 1559. Aois Criost, míle, cúicc céd, caocca, a naoí.

  2. O Neill Con Bacach, mac Cuinn, mic Enri, mic Eocchain d'écc iar c-caithęmh a aoisi ⁊ aimsire gan oilbęim gan imdhęrccadh, ⁊ ro ba doiligh do Chenél Eócchain a écc-sidhe munbhadh a shęndataidh ⁊ a shęnórdhacht, ⁊ a dhíol d'oidhre d'faccbháil ina ionadh .i. Sęan.

  3.  p.1570
  4. Emann Buitilér, mac Tomáis, mic Emainn, mic Tomais d'écc, tighęrna Tręna Cluana MealaChathrach Dúine Iasccaigh for Siúir,buabhall bláith bionn-foghrach maighre taoíbh-gheal tlacht-chorcra do thimdhibhe a t-tús a aoíse ⁊ a aimsire, ⁊ dearbhrathair a athar do ghabhail a ionaid .i. Piarus mac Emainn.

  5. Iarla Tuadhmhumhan, Conchobhar mac Donnchaidh mic Conchobhair Uí Bhriain ar suidhe ré h-acchaidh Innsi í Chuinn a mí Iún do shonnradh ar cloinn Murchaidh Uí Briain, ⁊ baoí mac do cloinn Murchaidh is in m-Baile .i. Donnchadh ⁊ do baí Tadhcc mac Murchaidh I Briain i m-bioth-ghnais ⁊ a m-buan-choimhitteacht iarla Dęsmumhan ó dibirt Domhnaill Uí Briain go n-uicce-sin ⁊ do eccaoín Tadhcc a anbforlann risan iarla, ⁊ a dubhairt gur bhaoghal lais a bęith gan baile gan brathair muna f-faghbhadh furtacht a b-foccus. Do ghabh an t-iarla an iomchosaoid-sin Taidhcc, ⁊ do chuir gairm ar a ghlan-sluaghaibh, ⁊ tionol ar a thuathaibh. Gidheadh nír an lé cruinniucchadh mar ba cóir acht do chęimnigh ar a chęrt-aghaidh go dédla dásachtach tré shruthrachaibh Sionna sriubh-gloine. O 'd-chualaidh iarla Tuadhmumhan an tionol-sin acc triall fona thuairim do éirigh ó Inis I Cuinn, ⁊ do fháccaibh an foslongport folamh, ⁊ do ataigh a fhíor-chara imá fhóiridhin .i. iarla Cloinne Riocaird, dob fęirde dó an t-atach-sin óir nír an le a aithiarraidh acht do ghluais fó chédóir, ⁊ ní ro airis gusan maighin h-i m-baoí iarla Tuadhmhumhan. Dala iarla Dęsmumhan ní ro h-anadh lais go n-deachaidh ar faithche Innsi Uíuinn, ⁊ ro fhill tar a ais go Baile I Aille an oidhche chédna. Nir bhó fada ó 'raile foslongpuirt na n-iarladh an oidhche-sin. Ro éirigh iarla Dęsmumhan a moch-dędhail na maidne arnabharach, ⁊ tuc corucchadh catha, ⁊ inneall iombualta ar a óccbaidh, óir bá dóigh lais nach t-tęrnaifędh gan troid on dá tighearna tarla p.1572 agá thoraigheacht. Bá fíor ón innsin óir do ghabhsat acc caithęmh ⁊ acc comhfuabairt aroile ó áitibh a longport go fosadh mullaigh Chnuic Fuarchoilli. As annsin do thoiligh an toice, ⁊ do chędaigh an chinnęmhain a c-cur ar aon-maighin, ⁊ do athraigh sén catha Cloinne Cais an lá-sin óir dob é a n-gnathucchadh co n-uicce-sin maidm do gnuisibh ar Ghęraltachaibh ręmpa in gach tulaigh a t-tacrattaoís, ⁊ gémadh é an lá-sin fęin baoí Tadhcc mac Murchaidh í Bhriain ag tabhairt na troda maille lé Gęroid. Do bhęn Gearóitt mac Semais, ⁊ Tadhcc Ó Briain teibędh na tęccmala, ⁊ coimheirghe an chnuic as na h-iarladhaibh uaisle ainmęra do shanntuigh a shárucchadh, ⁊ do fhobair a fhortamhlucchadh go ro fháccbhattar a n-óccbaidh fo armaibh a n-ęsccarat ⁊ fó bhręith a m-bíodhbhadh. Do fáccbhadh annsin Donnchadh Gobha mac Briain mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc mic Mathghamhna, ⁊ ro marbhadh ann drong do dęgh-dhaoínibh Shíl Aodha, ⁊ ro marbhadh and ardconsapal Cloinne Riocaird .i. Emann mac Ruaidhri Mhóir Mic Suibhne, Colla mac Murchaidh mic Ruaidhri Mhóir. Ro marbhadh dna triur mac Murchaidh, mic Donnchaidh mic Domhnaill na Madhmann Męic Suibhne .i. Conchobhar (consapal Tuadhmumhan) Eoghan, ⁊ Donnchadh. Ro fáccbadh ann clann Emainn mic Murchaidh mic Emainn Meic Suibhne .i. Maol Muire Buidhe, ⁊ Donnchadh. Ní biú dá n-airęmh ní bus siri acht térnó iarla Dęsmumhan iar m-buaidh c-cosccair, ⁊ c-comhmaoidhme tar a ais.

  6. Sluaiccheadh cęndais fędhna lá h-Ua c-Cęrbhaill Uillim Odhar mac Fir Gan Ainm mic Maol Ruanaidh, mic Sęain ar Mac Uí Briain Ara .i. Toirrdhealbhach mac Muircęrtaigh, mic Domhnaill, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Murchaidh na Raithnighe. Do lomadh, ⁊ do lér-scriosadh an tír go tinnęsnach lá h-Ua c-Cęrbhaill ó Bhél An Átha go Muileann Uí Óccáin. Do marbhadh lęis sa ló cédna dearbhrathair p.1574 Mhęic Uí Bhriain .i. Murchadh mac Muirchęrtaigh saoí cinn fhędhna as lúgha dob olc d'óccbaidh Sleachta Briain Ruaidh. Do chuir Mac Uí Bhriain cruinniucchadh ar a chairdibh as a h-aithle do dhol d'aithe a easonóra ar Ua c-Cęrbhaill, ⁊ ar t-tocht dá triath-buidhnibh 'na timchell do easccna ar a aghaidh, ⁊ as ędh choccair Uí Chairín do creach-lomadh don chuairt-sin, ⁊ as ann ro chinn an chinnęmhain d'Ua Chearbhaill bęith ar a chionn an oidhche-sin ar mullach cnuic i n-Uibh Cairin acc ęisteacht frisan tír ina thimcheall, ⁊ as ó bhun an chnuic ar ar chobhsaigh Ó Cęrbhaill do léicc Mac Uí Bhriain sccaoíleadh da scceimheltoibh d'arccain na n-oiręr. Ar n-imtheacht dá óccbaidh uadha do-chonnairc Ó Cęrbhaill chuicce a c-córucchadh catha, ⁊ i n-orducchadh iommbuailte, ni mo chion neach gan nęrt a fhulaing ná a iomgabhala tarla ar a ionchoibh annsin. Ro marbhadh don chur-sin gach aon rob in-échta do muintir Mhęic Uí Bhriain. Do mharbhadh ann a chonsapal .i. Eremhon mac An Giolla Duibh, mic Concobhair, mic Donnchaidh Meic Suibhne. Do ghabhadh ann Mac Uí Bhriain fęin, ⁊ baoí tarbha sa tęsarccain-sin óir nír imtigh gan a fhuasgladh.

  7. Tadhcc an t-Suasáin mac Domhnaill mic Conchobhair Uí Briain d'écc h-i f-Fęraibh Manach i n-dúthaigh Még Uidhir, ⁊ é acc cur a cuarta etir a chairdibh coicriche iarna ionnarbadh as a athardha araon la a athair an bliadhain roimhe-sin, fęr a aosa do b-fęrr luth ⁊ lán-tapadh milętacht ⁊ marcachas do Clandaibh Corbmaic Cais, ⁊ a adhnacal i n-Achadh Beithe.

  8. An Calbhach Ó Domhnaill do ghabháil lá h-Ua Néill Sęan an 14 do Maii. Bá h-amhlaidh arricht an ghabhail íshin. Cathbharr mac Maghnusa do bhęith a f-frithbęrt friss An c-Calbhach, ⁊ fria a mac Conn. Bá h-ann baoí ionattacht Chathbhairr for Crannóicc Locha Bęthaigh. Ro tionoileadh sluagh an tire im Chonn mac An Chalbhaigh co m-battar h-i f-forbaissi imon c-crannóicc. Bá h-ann baoí An Calbhach an tan-sin h-i c-Cill O t-Tomhrair go n-uathadh sochaidhe cenmothát mná ⁊ filędha. p.1576 Ro mhairnsęt drong do Chenel c-Conaill d'Ua Neill An Calbhach do bhęith fón ionnas-sin gan fhorchoimhéd gan iomchosnamh. Ní ro failliccheadh lá h-Ua Neill an ní-sin go riacht gusan líon slóigh ro ba data lais gan rabhadh gan rathucchadh go ro iadhsatt imon teghdhais i m-baoí An Calbhach isin mainistir co ro erghabhsat é féin ⁊ a bhęn .i. inghęn Mec Gilleain, ⁊ ruccsat leó iatt co Tír Eócchain. Do-radadh cimidheacht dochraidh di-choinirchil iaramh lá h-Ua Néill don Chalbhach ⁊ ro aontuigh-sidhe beós la h-inghin Mec Gilleaain co rucc cloinn n-dó, ⁊ munbadh an uain frith ar Cenel c-Conaill don chur-sin ní ba sodhaing do Ghaoidhealaibh bręith a f-flatha uatha an tucht-sin.

M1560
  1. AOIS CRIOST, 1560. Aoís Criost, mile, cúicc céd, seascca.

  2. Inghęn Meg Carthaigh .i. Aibhilín inghęn Domhnaill, mic Corbmaic Ladhraigh bęn iarla Dęsmumhan as a h-aoidędh .i. Sémus mac Sęain, mic Tomais, ⁊ bęn iarla Tuadhmumhan iarsin .i. Conchobhar mac Donnchaidh mic Conchobhair, bęn dércach daonnachtach connail chráibhdeach an contaois-sin d'écc ⁊ a h-adhnacal i n-otharlighe a sinnsear .i. i n-Oirbelach.

  3. Mág Mathghamhna .i. Art Maol mac Remainn, mic Glaisne do marbhadh ar sluagh I Neill d'ęsbaidh a iomcoimhéda lá h-Albanchaibh etir dá fhędain h-i Rúta Meic Uidhilin. Céid-rinn gacha catha, ⁊ coimhédaidh a choda don chóicceadh i n-acchaidh fęr m-Bręgh, ⁊ Midhe an tí torchair annsin, ⁊ mac a dhęrbrathar d'oirdneadh ina ionadh .i. Aodh mac Briain na Moirceirghe mic Remainn mic Glaisne.

  4. TadhccEocchan da mhac Uí Ruairc .i. Brian (.i. Brian Ballach) mac Eocchain Uí Ruairc d'imtheacht d'aoidheadhaibh anaibche. Eocchan cedamus as amne fuair aoidhędh, bhęith i m-braighdęnus agá brathair ag Tadhcc, ⁊ as é baile ina raibhe h-i laimh h-i Liathtruim, ⁊ tarla dó go b-fuair faill sa f-forchoimétt baoí fair, ⁊ p.1578 ro mharbh an fęr baoí aga iomchoimhéd ó Thadhcc, do-chóidh ar barr an bhaile, ⁊ ro fhuaccair go raibhe an caislén ar a chumas, ⁊ nár chóra don tír Tadhcc do thaobhadh ina eissiomh. O 'd-chualaidh gíomanach bhaoí amuigh do mhuintir Taidhcc in ní-sin do leacc a ghruaidh ar a ghonna, ⁊ do amais Eocchan go h-indell-dírech co n-dechaidh an pelér tréna imlinn gur fháccaibh gan anmain. Tadhcc dna do báthadh h-i f-foghmhar na bliadhna-so ag dol do codladh ar chrannóicc ísil iarccúlaigh h-i Muintir Eolais. Do badh coll nit nathrach, ⁊ dob arccain én n-gribhe, ⁊ do badh saicchidh lęptha ar leomhan a n-ionnsaicchidh dámadh d'ęin-lęith nó imerdais.

  5. Tadhcc Buidhe mac Cęin, mic Oilella Uí Ęghra do mharbhadh lé Cathal Ócc mac Taidhcc mic Cathail Óicc Uí Conchobhair, ⁊ nír chin ó chęin máir h-i c-Connachtaibh d'iarsma Corbmaic Gailęng, fęr badh fęrr ar fhęracht eich ⁊ ar aoidhędhcaire inás.

  6. Comhfhuabairt chatha ⁊ imghealladh iorghaile etir iarla n-Deasmumhan .i. Gęróid mac Semais, mic Sęain, ⁊ iarla Urmumhan .i. Tomás mac Sémais mic Piarais Ruaidh mic Semais, mic Emainn, ⁊ dob é adhbhar a n-imręsna fęrainn chois Siúire, ⁊ Eóganacht Caisil (dúthaigh Shleachta Eoghain Mhóir, ⁊ Chloinne Corbmaic Cais) gá roinn ré 'roile ag na h-iarladhaibh anduthchasacha sin, ⁊ ó nár fédadh síodhucchadh dona saor-clandaibh do aontaighęttar dol i n-aimsir airidhe i n-airęs catha ré 'roile ⁊ as í tulach tęgmhala do thoghattar An Bóthar Mór a c-comhghar Cnámhchoille, ⁊ Tioprat Arann. Do chruinnighęttar a c-comhfhoiccsi Gall, ⁊ Gaoidheal lęth ar lęth ó Bhealach Conglais mic Duinn Désa an fhéindędha i n-iarthar dá chuicceadh mín-aille Mumhan gusan m-Bęrbha m-bán-sccothaigh, ⁊ ó Loch Garman Glais mic Boma Lice co cuan Luimnigh lęthan-chubhraigh h-i c-coiccrich Ua f-Fidhgęinte, ⁊ na p.1580 Déisi BicceCaoille an Chosnamha. Ar t-teacht dona trom-shluacchaibh tul i t-tul, ⁊ aghaidh i n-acchaidh do chuir an t-aonn-Dia aingel na siothchana dá saighidh ionnas gur síodhaighędh etir na sochaidhibh ⁊ gur ghabhsatt céill imon c-cathucchadh gur sccarsat gan deabhaidh don dul-sin.

  7. Tomas, ⁊ Semus dá mac Muiris Duibh mic Sęain mic Tomais mic an iarla do dol ar siubhal sluaicch h-i c-Cairpreachaibh. Mac Mecc Carthaicch Riabhaicch d'éirghe fo na h-ęighmibh .i. Donnchadh mac Domhnaill mic Fínghin mic Domhnaill, ⁊ tarla ina fhochair an tan-sin Toirrdhealbhach mac Maol Muire, mic Donnchaidh mic Toirrdhealbhaigh Meic Suibhne do Shliocht Donnchaidh Móir a Tuathaibh Toraighe go c-cuideachtain n-glan toghtha n-gall-occlach, ⁊ do lęnattar na laoch-bhuidhne co bruach na Banndan, ⁊ do bris don fhędhain echtair-cheneóil ré h-ucht na h-abhann fó urcomhair Innsi h-Eoghanáin don taobh araill gach n-díreach. Do marbhadh, ⁊ do báidhędh da chéd nó a tri do glan-shluagh Gęraltach ⁊ gér bhiad Cairprigh fá cosccrach ro ba mór a n-díth ón deabhaidh-sin óir do bęnadh a chos, ⁊ a lamh do Thoirrdhealbhach Mhac Suibhne co nach raibhe acht cos chroinn agá iomfhulang ón uair-sin go a écc.

  8. Iarla Tuadhmhumhan do dhol i n-Iarthar Connacht ar Murchadh na t-Tuagh mac Taidhcc mic Murchaidh mic Ruaidhri Uí Fhlaithbęrtaigh. Do-cuas leis fo Crich p.1582 Sheóach, ⁊ fán Fuathaigh, ⁊ fa Bhun An Bhonnáin. Do-chuadar muintęr baile na Gaillmhe do chosnamh átha Tíre h-Oiléin air, ⁊ do-chuaidh tairsibh do thoil, ⁊ ar eiccin, ⁊ tré orlár Cloinne Riocaird ag tocht, ⁊ acc imtheacht ar an c-cor c-cédna.

  9. Mathghamhain mac Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Donnchaidh, mic Domhnaill mic Toirrdhealbhaigh Mhęith do dhol i n-Dęsmumhain lucht luinge, ⁊ arthraigh a h-Arainn. Braighde do ghabhail dó isin tír thęs, ⁊ at-bęrat aroile nár bhó maith a f-faghbháil ⁊ gurab ar tairisecht tangattar, ⁊ acc fillędh dhó tar a ais lé a édalaibh do fhás gairbhe 'san n-gaoíth, ⁊ fuasnadh san f-fiormament, ⁊ do dędhladh ré 'roile an long, ⁊ an t-arthrach, ⁊ acc dénamh don luing cona lucht i n-urthosach oidhche ar Árainn do fuadaiccheadh a seól a glacaibh fęr ⁊ fęindędh d'ionnaibh téd ⁊ tácladh ina chotchannaibh comhmblodhtha h-i f-fraighthibh na fiormamenti, ⁊ do buaileadh an loncc dá éisi-sin fá charraicc i m-beol Cuain an Fhir Mhóir i n-Iarthar Connacht, ⁊ ro báidhędh í cona foirinn cénmotá Mathgamhain, ⁊ aoín-triar oile, ⁊ do báidhędh tuilleadh ar chéd san chaladh-sin dibh im Tuathal Ua Maille stiurusmann chobhlaigh fhada bá fęrr ina aimsir.

  10. Tadhcc mac Murchaidh Uí Bhriain do ghabháil ar foráilęmh an iustis h-i Luimneach ⁊ a chur as-sin go h-Ath Cliath dá choimhéd, ⁊ ad-bęreadh cách co m-baoí cuid d'iarla Tuadhmumhan isin n-gabhháil-sin.

  11. O Gallchubhair, Eocchan mac Emainn, mic Eóin, én-mac duine oirechta as lugha dob olc i n-Ulltoibh d'écc.

 p.1584
M1561
  1. AOIS CRIOST, 1561. Aois Criost, mile, cúig céd, sęscca, a h-aon.

  2. Art mac Feilim Fhind Uí Gallcubhair epscop Ratha Both d'écc i c-Cęnd Maghair, 13. August. Sccél mór i t-Tír Conaill eisidhe.

  3. Maire inghęn An Chalbhaigh, mic Maghnusa, mic Aodha Duibh Uí Domhnaill bęn í Neill Shęain d'faghail bháis d'adhuath,⁊ d'urghrain, do thruaighe,⁊ do throm-nemhele na daoir-chimidhechta dochraidhe do-rad Ua Néll don Chalbhach dia h-athair ina fiadhnaisi.

  4. O Bęirn Tadhcc, mac Cairpre, mic Maoileachlainn, fęr ęrgna, ioldanach i l-laidin, ⁊ i n-gaoidheilcc, ⁊ isan dá dlighędh .i. ciuilcánóin, do écc, ⁊ a mhac ócc d'oirdneadh ina ionad.

  5. Uaithne, mac Fir Gan Ainm, mic Maol Ruanaidh mic Sęain Uí Chęrbhaill do mharbhadh i m-Baile Uí Chuirc i n-Urmumhain. Nir bo fiú a t-tárla ina timcheall a ghuin nó a ghabhail, ⁊ do ba díllechta duthaigh Éle dia éis an uair-sin óir do bhęnsat ceill da c-cabhair ⁊ da c-cosnamh ó do imtigh Uaithne.

  6. Nechtain, mac An Calbhaigh, mic Maghnusa Uí Domhnaill do mharbhadh go dęónaighthe d'urchor do ghae do caith se fęin, ⁊ an gae aga thelcceadh chuicce a frithisi.

  7. Ard-iustis na h-Ereann .i. Tomás FizUater do dhol i t-Tír Eoghain a n-dioghail ghabhala An Chalbhaigh Uí Domhnaill, ⁊ ar a fholtanas fęin frisan tir ⁊ foslonccport sluaigh-lionmhar do shuidhiucchadh dó i n-Ard Macha, ⁊ rátha ro-dhoimhne, ⁊ dúnchlaidh dío-thocchlaighi do thoccbail dó a t-timcell Tęmpaill Móir Arda Macha fo dáigh co f-fuicfędh bárda acca buan-coimhett. Iarna fhios-sin d'Ua Neill (Sęan) ro chuir drong dia shain-muintir, ⁊ dia aosa gradha lasan c-Calbach Ua n-Domhnaill dia iomghabhail ⁊ dia iomchoimhętt for an iustís ó gach inis ⁊ ó gach oilen go aroile i n-diamhraibh, ⁊ i n-droibhelaibh Tíre h-Eoghain go ro fháccbaidh p.1586 an iustis an tír. Ro fhaoídh tra an iustis on c-campa-sin Arda Macha cuidechta do chaptinibh go mile fęr etir troightheach ⁊ marcach do dhenamh creach ⁊ oirccne i n-Oirghialloibh, ⁊ fuair Ó Neill brath ⁊ taiscéladh ar na trom-shloghaibh-sin do dhol i n-Oirghiallaibh, ⁊ do tharraincc co taoí tostadhach dia saigidh, ⁊ fuair iatt iar c-cruinniucchadh a c-creach. Ro ficchędh iomairęcc ęttorra go ro marbhadh drechta diáirmhe dibh lęth ar lęth. Ro fáccbhadh na cręcha fo dęóidh aga n-daoínibh fęin don chur-sin.

  8. O Nell do bęith acc comhlot, ⁊ acc creachadh críche BręghMidhe an tan-so. Tir Conaill arna cęnnsucchadh ⁊ arna timcealladh lais iar n-gabhail An Chalbhaigh roimhe-sin, ⁊ iar m-bęith d'Ua Domhnaill h-i f-fochaidhe, ⁊ h-i f-fír-enirte, cona baoí aoín-neach acc follamhnucchadh flaithęsa i c-Cenel c-Conaill don chur-so. Ro ghabh Ua Neill (Sęan) nęrt coiccidh Uladh uile o Droichęt Atha go h-Erne, conar bo machtnadh coiccędhach os Ulltoibh do ghairm dhe an tan-so munbadh fritbęrt Gall fris.

  9. An Calbach Ua Domhnaill do léccadh a gemhel la h-Ua Neill iarna fhuaslaccadh la Cenel c-Conaill.

  10. An iustis cedna do thionol trom-sloicchędh doridhisi do dhol i t-Tír Eogain i f-foghmar na bliadhna-so ar tarraing An Chalbaigh Uí Domhnaill. Tanccattar ina thoichęstal na cuicc iarla battar i n-Erinn in ionbhaidh-sin .i. Gęróitt mac Gęroitt, mic Gęroitt, mic Sémais, mic Sęain, mic Tomáis iarla Cille Darae; Tomás, mac Semais, mic Piarais Ruaidh iarla Urmuman; Geróitt, mac Semais, mic Sęain, mic Tomáis iarla Dęsmuman; Concubhar, mac Donnchaidh, mic Concobhair, mic Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain iarla Tuadhmuman; ⁊ Riocard mac Uillicc na c-Cęnd, mic Riocaird, mic Uillicc Cnuic Tuagh, iarla Cloinne Riocaird. Ro imtigh tra an iustis ⁊ na h-iarladhae-sin cona sochraitte Tír Eoghain gan fręsabhra, gan frith-orccain friú go rangatar go Loch Feabhail. Acc sóadh tar a ais don iustis as í comhairle ro chinn, sidh do denamh le h-Ua Neill ⁊ a phardún do thabhairt dó, ⁊ a bharda do bręith a h-Ard Macha. As eadh do-choidh an iustis cona shocraitte iaramh i t-Tír Conuill Gulban go ro p.1588 fháccaibh cęndus longport, ⁊ caislén Tíre Conuill acc An c-Calbhach Ua n-Domhnaill. Luidh iaramh tar Éirne i c-Crich Coirpre do fhorbhaise for chaislen Sliccigh. Rathaighis An Calbach indsin conidh é airęcc ar rainicc a mhęircce budhęin do chor go h-inclethe gusin m-baile, ⁊ a nochtadh for taibhlibh an tuir combo fodhęrc do chach i c-coitcinne. Ro athcomhairc an iustis cia an m-bratach at-chonnairc. Friscart An Calbhach, ⁊ at-bert gur bó h-í a bratach budhęin, ⁊ gur bo lais fęin, ⁊ la a bunadh-cenél ó cęin mair an baile ishin, conadh iaramh do-rad an iustis eochradhae an bhaile don Chalbhach.

  11. O Nell do dhol i Sacsoibh i t-timcell na Samhna d'ionnsaighidh na bainrioghna,  p.1590 ⁊ fuair onoir, ⁊ airmittin mor uaithe, ⁊ tanaicc tar a ais i m-Beltene na bliadhna ar c-cionn.

  12. Eocchan mac Aodha Buidhe mic Aodha Duibh I Domhnaill fęr saor-chlannda soicheneoil earccna il-chęrdach d'écc.

  13. Tadhcc mac Toirrdhealbhaigh, mic Neill, mic Torrdhealbhaigh Uí Baoighill do mharbhadh i t-Tęrmonn Mécc Craith la Mac Alastrainn Ghallda.

M1562
  1. AOIS CRIOST, 1562. Aois Criost, mile, cuicc céd, sęsccat, a dó.

  2. O Ruairc Brian Ballach mac Eocchain sinnsear Shil f-FęrccnaCatha Aodha Finn, fęr dar lucht iomchair ⁊ oilęmhna, cęndaigh ⁊ comhadh a m-baoí ón c-Caladh h-i c-crich Ua Maine co Drobhaoís t-torcharthaigh t-tonn-mhaighrigh coiccrioch Chóiccidh oll-bladhach Uladh, ⁊ ó Granard Tęthba go Traigh Eothuile an t-saoír i t-Tír Ua f-Fiachrach Muaidhe, ag sin an tí fá tocchaidhe duanaire ⁊ duasa adhmolta baoí dia bhunadh-fhreimh do écc do bhithin bharr-tuisle do-rala dó, ⁊ a mhac Aodh Gallda do oirdneadh ina ionadh.

  3. Iarla Tuadhmumhan do dhol ar cuairt cęndais fędhna i n-duthaigh Uí Chonchobhair, ⁊ i n-Glęnd Corbraighe. Mac Uí Lochlainn do mharbhadh uadha d'aon-urchor p.1592 a Cloich Ghlęnda don chur-sin .i. Maoilechlainn mac Uaithne, mic Maoileachlainn, mic Rudhraighe, mic Ana, mic Donnchaidh an Chúil, mic Ana Bhacaigh.

  4. An t-iarla cedna do dhol corr-shluagh cęndais fędhna fa Chaénraige isin aimsir cedna ⁊ Dubhghall mac An Ghiolla Dhuibh mic Conchobhair Mic Shuibhne do marbhadh uadha don dul-sin.

  5. Mac Giolla Riabhaigh d'écc .i. Riocard mac Duinn, mic Conchobhair, mic Tomais, mic Domhnaill, ⁊ ad-bęirthi gur bo h-é-sin aoín-fhęr gradha bá fęrr ag iarla Tuadhmumhan ina aimsir. Concobhar mac Conchobhair mic Riocaird do gabhail a ionaidh.

  6. Domhnall mac Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc Uí Bhriain an tí baoí ina iarla Tuadhmumhan ria Conchobhar mac Donnchaidh, ⁊ dia n-goirdís Gaoidhil Ó Briain do tocht dia ionnarbadh dia dheoraigheacht ⁊ dia dhibirt a h-Ultoibh tar a ais dia athardha fęisin, ⁊ bá in aoín-t-seachtmain tainicc-siumh ⁊ Tadhcc mac Murchaidh mic Toirrdhealbhaigh iar n-eludh a h-Ath Cliath, ⁊ iar t-tocht dóibh i n-aoín-fhęcht dia t-tir, tuccsat a n-aighthe a n-aoín-fhecht ar iarla Tuadhmumhan. Ro chuir an t-iarla foslongport iomdha ré a n-acchaigh. Dob é céd-ruathar na c-comhmbraithreach-so ar aroile iondsaicchidh oidhche do-radsad dá mac Murchaidh Uí Bhriain ar fhoslongport Baile Meg Riagáin, do marbadh daoíne leó, ⁊ ro cruinnighsiot creacha, ⁊ tainic an tír ina t-toraigheacht. Is and do ghlan lá ar na laoch-bhuidhnibh lęth ar lęth ag Cathair Még Gormain i mędhón Ua f-Fęrmaic, ⁊ i n-Uachtar Dál c-Cais. Báttar an clann-sin Murchaidh Uí Bhriain (Tadhcc, ⁊ p.1594 Donnchadh) ag iomchar a n-anfforlainn go h-adhnaireach go Cnoc an Sccamhail os cęnd Ratha Blathmaic. Ro fillsęt ar an t-tóraidh, ⁊ ro mhuidh do mhuintir an iarla. Do marbadh dréchta dá n-dęgh-dhaoinibh, ⁊ dá n-daosccar-sluacch. Ro gabhadh Tadhcc Ócc mac Taidhcc, mic An Ghiolla Dhuibh, mic Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain. Do gabhadh ann dna Brian Dubh mac Donnchaidh mic Conchobhair na Srona Uí Bhriain, ⁊ nír imthig gan an t-Selcca d'faccbail acc Tadhcc mac Murchaidh Uí Bhriain ina fhuascladh.

  7. Donnchadh mac Con Connacht, mic Con Chonnacht, mic Briain, mic Pilip mic Tomais Meg Uidhir do écc, fęr a aoisi as luccha rob olc tęist do Gaoidhealaibh an tuaisceirt, fęr ná ro saoilędh do écc re h-adhart co ro écc an tan-so.

  8. Aodh mac Neill Óicc Mic Suibhne a Tír Boghaine do écc don ghalar breac.

  9. Mag Craith Tęrmainn Dá Bheocc do écc.

  10. Mag Mathgamhna, Aodh mac Briain na Moicheirge mic Remainn mic Glaisne do marbhadh la Fęraibh Fęrnmaighe.

M1563
  1. AOIS CRIOST, 1563. Aois Criost, míle, cúicc céd, seasca a trí.

  2. O Domhnaill Maghnas mac Aodha Duibh, mic Aodha Ruaidh, mic Neill Gairbh, mic Toirrdhealbhaigh an Fhiona, ticchęrna Chenél c-Conaill, Innsi h-Eocchain, Cenél Moain, Fhęr Manach, ⁊ Iochtair Connacht, fęr na ro lęicc a fhairbrígh na a iomarcraidh lasna tighearnadhaibh battar ina chomharsain, ⁊ ina chomhfochraibh co h-aimsir a fhochaidhe, ⁊ a eneirte, fęr aggarbh, ainmín, aindiúid amhnas fri naimhdibh, ⁊ biodhbadhaibh go t-tabhradh go fomamaighte dia ręir, fęr mín, muintęrdha, cęndais, cairdęmhail, dęrlaicthech, dęigh-einigh do dhámhaibh, do dhęoradhaibh, d'ęiccsibh, p.1596 ⁊ d'ollamhnaibh, d'urdaibh, ⁊ d'eccailsibh amhail as reil acc sęnaibh ⁊ acc sęnchaidhibh, fęr ęrgna, il-cęrdach co m-buaidh n-inntlecta, ⁊ n-aithne ar gach n-ealadhain archęna do écc .9. February ina longport fęissin i l-Lęithbęr isin m-baile do-ronadh lais-siumh cetus d'aimhdhęóin I Neill, ⁊ Chenel Eoghain, ⁊ a adhnacal i n-otharlighe a shęn ⁊ a shinnsior i n-Dún na n-Gall i Mainistir .S. Fronsés co n-onoir, ⁊ co n-airmittin móir iar m-bręith buadha ó dhomhan, ⁊ o dhęmhan.

  3. O Súillebhán Béirre Domhnall, mac Diarmata, mic Domhnaill, mic Domhnaill, mic Diarmata Bailbh do thuitim le droch-urradh .i. Mac Giolla Chuda, ⁊ gerb' adbclosach Diarmait a athair baoí a dhiol d'oidhre sa Domhnall-sin, ⁊ a brathair Eoghan Ó Suillebhain do ghabháil a ionaidh.

  4. Mairgrecc inghęn t-Semais, mic Sęain, mic Tomais, mic an iarla bęn Męic Muiris Chiarraighe do ecc, ⁊ ba h-adhbar eccaoine isidhe.

  5. Tomas mac Muiris Duibh, mic Sęain, mic an iarla d'écc.

  6. Tuadhmumha 'na tuinn coccadh, ⁊ 'na cleth chęnnairce ón Callainn go a chele an bliadhain-si.

  7. Baile Uí Ghalaigh do ghabhail ⁊ do bhriseadh ar chloinn Murchaidh Uí Bhriain lasan iarla iar t-tabairt ordanais ⁊ sochraitte ó Luimneach lais chuicce.

  8. Baile Uí Cárthaigh mar an c-céttna do ghabhail lasan iarla.

  9. Mac Bruaidędha ollamh O m-BracainO b-Fęrmaic d'écc .i. Diarmait, mac Concobhair mic Diarmata, mic Sęain, ⁊ a bhrathair Maoilin do ghabhail a ionaid.

M1564
  1. AOIS CRIOST, 1564. Aois Criost, mile, cuícc, céd, sęscca, a cętair.

  2. O Ruairc Aodh Galldha, mac Briain Ballaigh mic Eoghain do mharbhadh co misccnech mio-runach la a mhuintir fęin h-i Liathdruim Muintire h-Eolais, p.1598 an tír uile asa h-aithle-sin do iadhadh fa Brian mac Bhriain Ui Ruairc ⁊ at-bęirthi gurab dó do-rónadh an mí-gniomh mebhla-sin gion go raibhe cuid dó-samh ina dénamh. Aodh Buidhe mac Briain, mic Eoghain Uí Ruairc a m-brathair ele, sósar Aodha Gallda, ⁊ sinnsear Briain do ghairm Uí Ruairc de fęin a h-ucht Uí Neill.

  3. Ua Domhnaill An Calbhach, ⁊ Ua Baoighill Toirrdhealbhach do dhul co h-Ath Cliath do shoighidh an iustis do dhenamh a thoscca fris, ⁊ fuair O Domhnaill onoir ⁊ airmittin uadha, ⁊ soais Ua Domhnaill do thocht dia thigh go rainic go Fęraibh Manach, ⁊ airisidh ann, ⁊ ticc Ua Baoighill dia bhaile fęissin. Baí Conn mac An Chalbhaigh for a chionn h-i suidhe. Nír bo cian baoí Ua Baoighill isin m-baile an tan ro chuindigh Conn fair tocht lais go Dun na n-Gall dus an c-caęmsadh a ghabhail for Aodh, mac Aodha Óicc, mic Aodha Ruaidh baí ann an tan-sin. Ba h-ann baoí oirisiomh an Aodha h-ísin isin tor nua, ⁊ ro cuir EiccnechanConn dá mhac Aodha Buidhe mic Aodha Duibh clann a dhęrbhrathar isin t-sęn-chaislén, ⁊ bátar iad-sidhe baí acc taiscceladh an bhaile do Chonn. Tánaic tra ConnUa Baoighill do shaighidh an bhaile, ⁊ ba h-adhaidh ann an tan-sin. Ro lęiccsęt clann Aodha Buidhe Conn dia soighidh fo chęttoir ⁊ do raidhsiot na lęiccfittis Ua Baoighill cona muintir chuca inunn. At-bęrtsat muintir Ui Bhaoighill na lęiccfittis a t-ticchęrna uatha a aénar. Do-coidh iarttain Ua Baoighill go Mainistir na m-Brathar do denamh cuarta aca. Geibhidh Conn Ua Domhnaill, ⁊ clann Aodha Buidhe for toghail an tuir i m-baoí Aodh mac Aodha Duibh. Ní ro ráthaighsiot nach ní go ro dhoirt sruith-légen slóigh-lionmhair lan-mhóir ar fud an bhaile, ⁊ ina iomthacmong in gach aird. Ba h-iad báttar annsin Ua Néll Sęan, ⁊ Aodh mac Maghnusa Uí Domhnaill cona sochraitte, go lęr-sloigh lionmhair lan-moir ina f-farradh iar c-cluinsin Uí Domhnaill do bhęith for slighidh Atha Cliath ⁊ na c-comhmbrathar n-aile do bęith i n-aghaidh aroile. Ro gabhadh ainnsidhe Conn mac An Chalbhaigh an 14 May, ⁊ do-dhęchatar sirthe slóigh Uí Néill ar fud Tíre Bóghaine, ⁊ ro marbhadh leo mac Mhec p.1600 Suibhne .i. Maol Muire Męircceach, mac Maol Muire, mic Neill i n-Glionn Eidhnighe, ⁊ Aodh Męirccęch, mac Eoin Modardha Mhec Suibhne go sochaidhibh oile amaille friu.

  4. Siol m-Briain co h-imręsnach re aroile an bliadhain-si. Clann Concobhair mic Toirrdhealbhaigh Ui Bhriain DomhnallTadcc, ⁊ clann Murchaidh Ui Briain Tadhcc, ⁊ Donnchadh do dhol ar creich chois Abhann O c-Cęrnaigh i c-Cloinn Cuilein. As ann tarla an t-iarla an tan-sin sa Ros Ruadh. Do loiscceadh ⁊ do lom-aircceadh leo an baile-sin seach gach m-baile do shonnradh. Ruccsat an tir orra as gach aen taebh o Shleibh Oidhędha an Righ go Luchat, ⁊ o Rinn Ęnaigh co Scairbh. Fuaratar-som etim ar ghlaslaith an iarla co ro marbhadh a n-gar do ched dibh don dul-sin, ⁊ ni ro lamhsat a n-ionnsaicchidh iarsin co h-oidhche. Ternátar an t-Siol m-Briain-sin Uachtair Tuadhmumhan gan fuiliucchadh gan foirdęrccadh tar finn-lęrccaibh Forccais cona c-cręchaibh ⁊ cona n-gabhalaibh leó. Do tharraingsiot tra buannadha dęrmara ⁊ lucht tuarustal tar Sionainn do Chloinn t-Suibhne ⁊ do Chloinn t-Sithigh ⁊ baí siubhal na tire, a creacha, ⁊ a comhtha ar a c-cumus co t-tairnicc aimsir a m-buannadh. Acht cęna ní ro an da n-airnęis acc aittreabhtachaibh an tire luach ar lęiccędh este lasna h-amhsaibh-sin tar cęnn a n-amhsaine.

  5. Corcu M'ruadh cona cíos, ⁊ cona buannacht bhona, a sholathar fęrainn i t-tiribh Tuadhmumhan, ⁊ a bęthaighthe ecclaisi amaille ris-sin do thabhairt do p.1602 Dhomhnall Ua Bhriain do chomhaidh a ticchęrnas Tuadhmumhan, ⁊ tar cęnn siodha i n-gęimhreadh na bliadhna-so.

  6. Muiris Dubh mac Sęain mic an iarla do dhol ar cręich i Musccraighe. Clann Taidhcc, mic Corbmaic Óicc, mic Corbmaic, mic Taidhcc Még Carthaigh do bhręith fair .i. Diarmait, ⁊ Corbmac, Muiris do dhícęndadh leo, ⁊ ba fęrr tarbha a thęsairccthi inas ar buadhaighędh dia bás. Mír cruadha Gęraltach ar gurt gabhaidh, airccthęóir a easccarat, ⁊ básaightęóir a bhiodhbadh an tí torchair andsin.

M1565
  1. AOIS CRIOST, 1565. Aois Criost, mile, cúicc céd, sęscca, a cúicc.

  2. Siubhan inghęn t-Semais, mic Muiris, mic Tomais d'ecc. Ro ba do mhor-sccelaibh Lęithe Mogha isidhe i lęith fri dęirc ⁊ daonnacht.

  3. Cuairt da n-deachaidh iarla Dęsmuman .i. Gęroitt mac Semais mic Sęain i n-Déisibh Mumhan, do chuir Ticcęrna Dęiseach .i. Muiris mac Gearailt mic Sęain mic Gęroitt tarraing ceilcce ar iarla Urmumhan .i. Tomas mac Semais, mic Piarais Ruaidh, i n-oirchill iarla Dęsmumhan. Tánaicc dna an t-iarla don tír, ⁊ ní fhuair rabhadh go h-iadhadh uime ar gach taobh san maighin dianidh ainm Ath Mędháin. Ro luidh iomad anfforlainn fair go ro gabhadh ⁊ go ro gonadh é. Ro gabhadh ⁊ ro marbhadh drong mor dia muintir ina fhochair. Báttar subhach soimhęnmnach Buitiléraigh tria iomat a m-braighdędh ⁊ a n-édala an lá-sin. Bá p.1604 h-é críoch na gabala-sin an dá iarla do dhol co Saxoibh fó thoghairm na bainrioghan, ⁊ a m-bęith athaidh h-i Londainn, ⁊ teacht dóibh tar anais fó ghné siodha ⁊ cairdine.

  4. Mathghamhain, mac Toirrdhealbhaigh Mhanntaigh mic Donnchaidh, mic Domhnaill, mic Toirrdhealbhaigh Mhęith do marbhadh h-i f-fiull dia lucht coimhiteachta, ⁊ comhghaoil ina bhaile fęin 'san Aircin i n-Árainn. O 'd-chualattar maithe na Gaillmhe in ní-sin do-chuattar d'aithe a mí-gniomh for lucht na feille go ro furailsiot forra teicheadh ó a t-tighibh co n-deachattar i n-arthrach for muir ⁊ ba h-ann ro ghabhsat caladh h-i c-cuan Ruis h-i c-crich Corca Baiscind Iartharaighe. Iarna cluinsin-sin do Domnall mac Conchobhair Uí Bhriain, do-chóidh-sidhe dia saighidh amhail as déine con-ránaicc, ⁊ ro gabhadh lais a n-urmhór, ⁊ do-bhęrt lais i n-daoír-chęngal iad co Magh Glae i n-uachtar Corcu M' Dhruadh fo daigh gomadh móide a maoíth, ⁊ a t-toirsi radharc an ionaidh ina n-dearnsat an mí-gniomh-sin d'faicsin. Ro crochadh drong dibh lais, ⁊ ro loiscceadh araill feibh ro thuill a mi-bhésa dhóibh.

  5. Maidhm mór lá h-Ua Neill (Sęan, mac Cuinn mic Cuinn mic Enri) ar cloinn Mec Domhnaill na h-Alban .i. Semus, Aongus, ⁊ Somhairle. Ro marbhadh ann Aonghus. Ro gabhadh ⁊ ro gonadh Semus, ⁊ tainic a bhás a c-cionn bliadhna do ghaibh cro na gona h-íshin. Rob adhbhal an t-écht oidheadh an uasail do-chęr don chur-sin, saoí ar eineach ⁊ ar ęngnamh fęr caithmheach, congaireach, tiodhlaictheach, toirbhęrtach. Ní bhaoí do Chloinn n-Domhnaill i n-Erinn nách i n-Albain a ionnshamhail an tan-sin, ⁊ ní bá ró lá a dhaoínibh fęin a comhthrom d'ór do thabhairt as dá p.1606 madh fuasccladh dhó. Torchrattar tra sochaidhe ele nách áirimhthear san maidhm-sin Glinne Taisi.

  6. Murchadh mac Domhnaill mic Ruaidhri Uí Flaithbęrtaigh do bhathadh.

  7. O Cleirigh Tadhcc Cam mac Tuathail ollamh Uí Dhomhnaillsęnchus, saoí h-i f-filidheacht, ⁊ h-i c-croinic, port congmala tighe n-aoidhędh do dhámhaibh, ⁊ do dheoradhaibh, ⁊ do fhealmacaibh foghlama na c-crioch báttar comhfoccus dó do écc (.i. an 20 la d'October) iar sęndataidh toghaidhe iar m-bręith buadha o dęmhan ⁊ ó dhomhan, ⁊ a adhnacal i Mainistir .S. Fronseis i n-Dún na n-Gall co n-airmitin, ⁊ co n-onoir n-ádhbhal.

M1566
  1. AOIS CRIOST, 1566. Aoís Criost, mile, cuicc ced, sęscca, a se.

  2. O Domhnaill An Calbhach mac Maghnusa, mic Aodha Duibh, mic Aodha Ruaidh, mic Neill Ghairbh mic Toirrdhealbhaigh an Fhíona do thuitim dia eoch .i. h-i t-tus an ghęimhreadh .i. 26. Nouember, ar an c-conair c-coitchinn etir Baile Aghaidh Chaoín, ⁊ tęmpall Rátha i n-ęidirmędhon a marc-shluagh gan ansocracht gan oilbęim gan sgęinm gan sccath iar t-tocht dó ó Shacsoibh an bhliadhain-sin féin. Tighearna ar cheill ⁊ ar chruth An Calbhach-sin, gérrat ar ghail, ⁊ ar ghaiscceadh nęmhthais n-iata fri naimhdibh, connalbhach cairdeamhail fri cairdibh, gan machtnadh, gan móir-iongnadh h-i maith dá h-aidhble da n-dingénadh, neach ná ro saoíleadh écc an ionnass-sin acht co roiscceadh lais dioghail greisi a cheneóil. A dhearbhrathair, Aodh mac Maghnasa Uí Domhnaill do óirdneadh ina ionadh.

  3. Maire inghęn Mhaghnasa mic Aodha Duibh mic Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill bęn Mécc Aengasa d'écc an 8. d'October.

  4.  p.1608
  5. Róis inghęn Mhég Uidhir Cu Connacht .i. an comarba bęn Aodha Buidhe mic Aedha Duibh d'écc an 22. Iúl.

  6. Mag Uidhir Sęan mac Con Chonnacht, mic Con Chonnacht, mic Briain, mic Pilib mic Tomais Meg Uidhir d'écc .i. 29 September, ar sluagh an iustís iarná ionnarbadh d'Ua Néill as a thír. Tighearna tuiccseach tręidheach tiodhlaictheach eisidhe. Ní ba furail dó flaithęs dá mhéd dá b-fuíghbheadh ar iomat a dhamh, ⁊ a dheoradh, ar troma a dhuas, ⁊ a dheagh-toirbheart, ⁊ a bhrathair d'oirdneadh ina ionadh .i. Cú Connacht.

  7. O Ruairc Aodh Buidhe mac Briain Bhallaigh do mharbhadh i m-Baile an TóchairConallchoibh fo dáigh go madh la mac inghine Magnusa Ui Domhnaill (.i. Brian mac Briain mic Eocchain) tighearnas na Breifne.

  8. Mag Carthaigh Riabhach d'écc .i. Finghin, mac Domhnaill, mic Finghin, mic Domhnaill duine nár chuir suim isin saoghal, ⁊ la na baoí eolas ar a chruinniucchadh nó ar a choiccill.

  9. O Madagáin .i. Maoíleachlainn Modardha mac Maoileachluinn mic Breasail d'écc, léghthóir Laidne, ⁊ Gaoidhilcce as lugha bá h-olc d'uaislibh Ereann ina ré, cosnamhach a fęrainn, ⁊ a criche ar comharsanaibh, uaithne iomachair ban ⁊ bocht ⁊ aosa anffann anarrachta, ⁊ Domhnall mac Sęain Uí Madagáin do gabhail a ionaidh.

  10. Piarus Buitiler mac Emainn tighearna Tręna Cluana Meala d'écc, neach fuair inmhe ⁊ oidhreacht a dhuithche gan cath gan coccadh, duine nár shealbhaidh ⁊ nár sholathair én-phinginn do cuid ęglaisi Dé le cęrt papa no prionnsa, ⁊ a mac Tepóid ina ionadh.

  11. Cioth éiscc arna fhęrthain h-i t-Tír Chonaill an bliadhain-si.

  12.  p.1610
  13. Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Aodh mac Maghnusa h-i t-Tír Eócchain isin n-gęimhrędh do shonnradh, ⁊ do-rónadh creacha iomdha lais, ⁊ tainig slán dia thigh.

M1567
  1. AOIS CRIOST, 1567. Aois Criost, mile, cuicc céd, sęscca, a seacht.

  2. Sluaiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Aodh isin earrach do sonnradh. Is eadh do-dheachaidh tar Loch Feabhail go rainicc gusan Sliabh c-Carbatach go ro lom-airccędh ⁊ co ro lér-indradh lais ina m-baoí ina comhfhochraibh, ⁊ soais slán dia thigh.

  3. Slóiccheadh lán-mhór lér-thionoilte lá h-Ua Neill (Sęan mac Cuinn, mic Cuinn mic Enri, mic Eocchain) do dhol h-i c-Cenel c-Conaill for Ua n-Domhnaill (Aodh mac Maghnusa, mic Aodha Óicc, mic Aodha Ruaidh) do iondradh ⁊ do orccain na tíre feibh do-rónadh lais feacht riamh cidh an tan ná caomhnaccair Ua Domhnaill (Maghnus) follamhucchadh ná fír-imdheaghail a fhlatha nách a thíre ar a einęirte, ⁊ a easláinte, ⁊ tria fhrith-bheart ⁊ comh-fhuachtain a chloinne budhéin fria 'roile. Bá h-ann do-rala d'Ua Domhnaill (Aodh) a bęith go n-uathadh sochraite im Aodh mac Aodha Óicc mic Aodha Ruaidh cona chomhfhuilidhibh ag Ard an Gháire allatuaidh don inbhęr dianidh ainm Súileach, ⁊ iarná cloisteacht dó go ro dáil Ó Neill cona shlóghaibh don tír ro fhaoídh teachta do thochuireadh in ro bo comhfhoccus dó dia aireachaibh ⁊ baí fęisin agá n-ernaidhe an dú-sin, ar a aoí ní tangattar-somh ineallmha fó a toghairm. A m-battar ann iaramh i n-urthosach laoí ní ro ráthaighsiot ní conus-facattar ędh a radhairc uatha don taobh araill d'Fearsait Shúilidhi balc slán do shlócchaibh acc dian-asccnamh ina n-dóchum ina n-drongaibh ⁊ ina n-díormaibh, ní ro ansat dia ręimim co rangattar gan anadh gan airisiomh tar an f-Fęrsait ar bá h-aithbhe ann an tan-sin. Arna airiucchadh-sin d'Ua Domhnaill ro chuir a brodlom bęcc slóicch i n-inneall, ⁊ i n-orducchadh fó chédóir, ⁊ ro la p.1612 diorma marc-slóicch im mac Uí Dhomhnaill .i. Aędh mac Aędha do dheabhaidh fri tosach an t-slóigh ar dáigh co t-toirsędh a throightheacha iomlán lais tarsna redh-maighibh i t-tarrasair é go h-ionad innill ná caomhsatais a bhiodhbhadha a timchealladh, nách a tacmancc. Ima comranaicc etir marc-sluacch Uí Dhomhnaill ⁊ urthosach marc-slóigh Uí Néill do-rochair Niall mac Donnchaidh Cairbrigh mic Aodha Óicc, mic Aodha Ruaidh, ⁊ Domhnall Ulltach mac an doctuira ollamh Uí Domhnaill lé lęighęs, ⁊ Mag Rabhartaigh agá m-baoí iomcoimhéd Cathaighe Colaim Chille, lá sluagh Uí Neill. Acht cęna ad-bearad araile gurab lá a mhuintir budhéin do-chęr Niall Ó Domhnaill. Do-rochair bheós ó Cęnél n-Eocchain mac Mécc Mathghamhna co n-droing oile cenmotá-somh. O ro fhidir mac Ui Domhnaill (.i. Aedh mac Aodha) an forlíon baoí ina acchaidh, ⁊ a thighearna do rochtain ar daingęn, ro lęn-samh h-é conus-tarraidh acc airisiumh fri foiridhin a muintire do bręith fair. Ní cian tra baoí-siumh i n-udmaille moir męnman conus-faca dréchta dia shain-muintir ina dhóchum bá fo líth lais-siumh a rochtain chuicce. Tánaic ann cetus Mac Suibhne na t-Tuath, Murchadh Mall mac Eocchain Óicc mic Eoccain, clann Mec Suibhne Fanatt, Toirrdhealbhach ÓccAodh Buidhe, ⁊ Mac Suibhne Bóghaineach, Maol Muire mac Aodha, mic Neill, ⁊ iar rochtain go h-aon-mhaighin dóibh nir bhó h-adhbhal a sochraide ar ní rabhadar cenmothá ceithri chéd nama. Ro acaoín Ua Domhnaill a imnędh ⁊ a ettualang frisna maithibh-sin, ⁊ at-bęrt friú gur bhó lainne ⁊ gur bhó maisi lais a écc, ⁊ a oittheadh do maighin, riasiú no fho-daimhfędh an do-radsat Cenel Eoccain do thár ⁊ do tarcasal fair budhęin, fora dhęrbhfhine, ⁊ fora chomhfuilidhibh amhail ná ro fhulaing ⁊ ná ro fhodhaimh a bhunadh-chenél riamh roimhe, ⁊ go sonnradhach an dí-miadh ⁊ an dimhiccin ro imirsęt fair don chur-sin .i. a athchur ⁊ a ionnarbadh co foireicneach as a longport. Ro aontuighsiot na maithe-sin uile fri h-aithęscc an ard-fhlatha, ⁊ at-beartsat gur bhó fíor na forchanta ⁊ na fuighle ro chan conadh fair dęisith oca Ua Neill cona slócch d'ionnsaicchidh. Bá dána dochoiscc, aindiuid, ecceilligh an comhairle do-rónadh annsin .i. saicchidh an mhór-ghabhaidh ⁊ an mhór-guasachta ro bhaoí for cionn p.1614 dóibh. Ar a aoí bá mó ro fortamhluigh gradh a n-einigh, ⁊ a n-athardha ina c-cridhe oldás gradh a c-corp, ⁊ a c-caomh-anmann. Ro asccnáttar iaramh co h-aoín-mhęnmnach for c-cúla ina n-inneall cró-bęcc bodhbha, ⁊ ina n-aon-bhróin n-athardha for amus longpoirt Uí Néill. Amhail ad-chonnairc Ó Neill ina dhochom gach n-díreach iat, ro chęis a mheanma co mór orra co n-ebirt,“As machtnadh, ⁊ as iongnadh adhbhal lęm” ar sé “nárbh usa don lucht úd ar n-oighriar ⁊ ar m-brętha d'fhulang, inás tocht dia n-airleach ⁊ dia mudhucchadh fo chédóir diar saighidh”. Dia m-baoí forsna h-iomráitibh-sin ro dhóirtsiot damhraidh Cenel c-Conaill go diogháir dásachtach h-i c-cęnn slóigh Uí Néill, nir bhó feich optha lá h-anradhaibh I Néill an ní-sin uair báttar agá n-ęidędh amhail as déine con-rangattar ó do-ruachtatar-somh eadh a f-fairccsiona doibh. Bá fíochdha forgranna an féccadh for-niata for-gruamdha do-bęrt cach for aroile díbh d'ionnaibh a rosc rinn-radharcach, do-bęrtsat a n-gáire catha os aird gur bhó lór d'furail time ⁊ teichmhe for fhiallach anbfann anarrachta an comhgáiriucchadh do-rónsat ag rochtain h-i c-cęnn aroile dóibh. Ro gabhsat for tuargain ⁊ for trén-athchuma, for machtadh ⁊ for mudhucchadh aroile fri ré fhoda co ro farccbhadh fir h-i faoinlighe ⁊ curaidh crechtnaighthe, ⁊ óicc athghaoíte, ⁊ laoich lęidmeacha arna f-fiar-lędradh san armhach ar t-trioll. Acht chęna ro mheabhaidh for Chenel n-Eoghain tré nęrt iomghona ⁊ iombualta gur bhó h-ęiccęnn dóibh a lathair catha d'folmucchadh, ⁊ saighidh gusan c-conair forsa t-tudhchattar gion gur bhó sodhaing dóibh a rochtain an tan-sin ar ro líon an mhuir isin f-Fęrsait tarsa t-tangattar a t-tús laoí, co nár bhó sodhula tairsi idir, munbhadh tinnesnaighi na tograma, dedlacht ⁊ dúire na druinge báttar ina n-diuidh acc aithe a n-dímiadha, a n-anffaladh, ⁊ a n-aincridhe ag forcongra forra a h-ionnsaicchidh. Nír bhó h-ailsędhach ro cingsiot gusan rian-mhuir ar ni airisędh neach dibh fria commbrathair, ná fria chomhfhuilidhe gion gur bhó térnudh a gábhadh nó a guasacht dóibh rochtain gusan imbhear oiccen dubh-domhain baoí for a c-cionn. Nír bhó saighidh tęsa iar f-fuacht, na anacail iar n-ęiccęn an ionnsaicchidh-sin, ar ro báidheadh líon dírimhe for an lionn-mhuir lan n-domhain dibh gér bó lainn lá cách uadhaibh (andar leó) a legadh dia saighidh. Ro p.1616 faccbaitt sochaidhe iomdha etir mharbhadh ⁊ badhadh do sluagh Uí Neill isin maighin-sin. Báttar iad ba h-airęghda dib-sidhe Brian mac Enri mic Sęain I Neill cona dearbrathair, Mac Domhnaill Gallócclach consapal I Neill co n-druing moir do Cloinn n-Domhnaill amaille fris, An Dubhaltach Ua Donnghaile dearbh-comhalta I Néill (aoin-fhęr bá dile ⁊ bá tocha lais isin m-bith) co sochaidhe móir dia chineadh, ⁊ dréchta dearmhara do Muintir Choinne, ⁊ do Muintir Ágáin. Acht chęna as ędh a chumair, ro marbhadh, ⁊ ro báidhędh tri ced décc do shluacch I Neill isin c-caith-ghleó-sin. At-bearat araile liubhair gur bhó trí mhile fęr co t-tuilleadh easbhaidh shlóigh I Néill isin ló-sin. Dála I Néill tra térna-sidhe as an maidhm íshin, ⁊ bá fearr lais nách térnafęd óir ro saobhadh a chiall, ⁊ a chétfadha dia éis. At-laí go h-inchlęithe gan airiucchadh do neoch la taobh na h-abhann suas go rainicc tar Áth Thairsi h-i c-comhfochraibh don Sgairbh Sholais lá h-eolas druinge do Mhuintir Gallchubhair (d'oireacht ⁊ d'fíor Muintir Uí Domhnaill fęisin) ⁊ ní ro h-anadh lais go ruacht tré cliothar diamhair gacha conaire go Tír Eogain, Nír bhó h-iomdha dna tęgh no tęghdhais gan damhna dér ⁊ fotha fíor-chaoíneadh ó Chairlinn go Finn ⁊ go Feabhail. Bá h-adhbhal, ⁊ bá dirimh an ro fáccbhadh d'edalaibh etir eachaibh, arm, ⁊ edędh ag Cenel c-Conaill don chur-sin. An t-ochtmadh lá do mhí Máii do shonnradh do sraoíneadh an maidhm íshin.

  4. Iar n-dol d'Ua Neill i t-Tir n-Eocchain amhail remebertmar ní dearnadh socracht, nó sadhaile lais, ⁊ ní ro thuil a shuan-tathamh go ro chuir toghairm ⁊ tarraing ar cloinn t-Semais mic Alastraintt mic Eoin Cathanaigh mheic Mheic Domhnaill go h-Albain. Bá tuar t-imdibhi saoghail ⁊ bá h-adhbhar oidhędha dó-somh innsin .i. clann an fhir do thuit lais feacht riamh do thóchuireadh chuicce. Tangattar-sidhe co tinneasnach cobhlach mór muiridhe go ro gabsat port ag Bun Abhann Duine i p.1618 n-Ulltaibh. Ro suidhighędh longportsaidhbhir sraid-lionmhar leó annsin. O 'd-chualaidh Ó Neill an trom-dámh-sin do thocht fó a thuairim ni ro fhéch dia ęsccairdęs friu gan dol ar ionchaibh na dáimhe dorrdha dioghaltaighe íshin gan chor gan chomairce ar dáigh a ainchridhe ⁊ a aininne do dioghail ⁊ d'aithe for Cenél c-Conaill, ⁊ bá h-e fiadhucchadh fuair uatha iar m-bęith athaidh ina f-fochair (iar t-tubhadh dóibh-siumh a n-eccraitis ⁊ a n-anffolaidh fris) a lędradh go lán-athlamh ⁊ a choidhmhędh gan coiccill go f-farccaibhsiot marbh gan anmain.

  5.  p.1620
  6. Ba doiligh do Cenel Eocchain mic Neill oidędh an ti torchair annsin, ar bá h-é a c-Conchobhar ar cóiccędhachas, a Lugh Lamhfhada ar laochdacht, ⁊ a n-gręid gáidh ⁊ gaiscceadh an t-Ua Neill-sin .i. Sęan conadh d'foraithmęt a oidędha do raidhędh.

    1. Secht m-bliadhna sęsccatt cúicc céd,
      míle bliadhain is ní brécc,
      co bás t-Sęain mic mic Cuinn
      ó thoidhecht Criost h-i c-colainn.

  7.  p.1622
  8. O Neill do ghairm do Toirrdhealbhach Luineach mac Neill Conallaigh iar marbhadh Shęain.

  9. Iarla Dęsmhumhan do gabhail lasan iustis h-i c-Cill Mo Cheallócc ⁊ a bręith lais go Luimneach, as-sidhe go Gaillimh go h-Áth Luain ⁊ co h-Ath Cliath iaramh iar f-feil Pattraicc do-rónadh in gabháil-sin, ⁊ do-chuaidh a bhrathair Sęan mac Semais fo Shamhain ar c-ciontt h-i c-cęnn Gall d'fiosrucchadh an iarla, ⁊ ro gabhadh é fó cédóir. Ro cuireadh araon go Saxaibh iad iaramh.

  10. Mag Piarais d'écc .i. Emann mac Semais mic Emainn, fear einigh choitchinn, ⁊ thighe n-aoidhędh, fęr foghlamtha h-i t-tęngthoibh ⁊ i m-bearlaibh eisidhe, ⁊ a mhac Semus d'oirdneadh ina ionad.

  11. Sęan A Búrc, mac Sęain, mic Sęain na b-Fiacal, mic Uillicc Ruaidh do mharbhadh lá h-andaoinibh, ⁊ lá mogadhaibh misccneacha do mhuintir iarla Cloinne Riocaird.

  12. Mac Uí Bhriain Tuadhmumhan .i. Tadhcc, mac Donnchaidh, mic Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh; mac iarla Urmumhan .i. Semas Ócc mac Semais, mic Piarais p.1624 Ruaidh; ⁊ mac Még Carthaigh, Eoghan mac Corbmaic Óicc, mic Corbmaic, mic Taidhcc do écc an bliadhain-si.

  13. Maghnus mac Emainn, mic Maghnusa Mic Sithigh do mharbhadh lá Mac Muiris Ciarraighe .i. le Tomas mac Emainn mic Tomais, ⁊ ní bhaoí fear a aosa dia chineadh bá fęrr ęngnamh ⁊ eineach inás.

  14. Droichęt Atha Luain do dhénamh lá iustis na h-Ereann .i. Sir Henry Sidney.

M1568
  1. AOIS CRIOST, 1568. Aois Criost, mile, cuicc céd, sęscca, a h-ocht.

  2. Contaois Cloinne Riocaird .i. Mairgrecc inghęn Donnchaidh mic Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh, aon-lán beóil fęr n-Ereann, bęn cotaighthe a carat, ⁊ a comhghaoil d'écc.

  3. Mac Mathghamhna tighearna Chorca Baiscinn Airthearaighe .i. Brian Ócc mac Briain mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc d'écc, ⁊ Tadhcc mac Murchaidh mic Taidhcc Ruaidh mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc do ghabhail a ionaidh.

  4. Mac Suibhne Fanat Domhnall Gorm mac Domhnaill Óicc do mharbhadh h-i f-fiull lá dręim dia muintiri fęin .i. Muintir Sruithéin.

  5. Caitilín inghęn Mhég Uidhir (Cú Connacht) bęn Uí Bhaoighill (Toirrdhealbhach mac Neill mic Toirrdhealbhaigh) an aoin-bhęn toísigh bá fęrr i n-Ulltaibh d'écc an .5. Ianuarí.

  6. Sluaiccheadh la Semus mac Muiris mic Sęain mic an iarla (im Lughnasadh do shonnradh) ar Mac Muiris Ciarraighe .i. Tomas mac Emainn. Bá h-é an Semus-sin ro ba codhnach ar Gearaltachaibh a n-ionadh cloinne Semais mic Sęain baoí h-i l-laimh h-i l-Londainn le bliadhain roimhe-sin. Do h-iondradh ⁊ do h-aircceadh, do loiscceadh ⁊ do loim-chreachadh an tír go tinnęsnach le Semus cona shlócchaibh. Ro theichsiot urmhór an tíre, ⁊ rucsat an ro fhédsatt dia n-innilibh leó go Lic Shnámha. Baoí d'iomatt ⁊ do líonmhaire shlóigh Semais go ro suidhigheadh dá p.1626 longport líonmhara lán-aidhbhle lais ar gach taobh don bhaile. Ro chuir Ó Conchobhair Ciarraighe, ⁊ Clann t-Síthigh cona c-cóirighthibh, ⁊ urrann d'uaislibh ⁊ d'aireachaibh an t-slóigh amaille friú don taobh thoir don bhaile. Do chuaidh fęin gusan lucht bá męnmarc lais do bęith ina fhochair don taobh tiar don bhaile, ⁊ baoí Mac Muiris cona muintir h-i t-tęnnta mhóir ętorra. Ro baoí bheós ro bruth aeóir tęs, ⁊ tiormach adhbhal amhail ro ba dú isin aimsir-sin gur bó h-éigęn dá n-daoínibh, ⁊ dá n-airnęis męr-sháile na h-abhann d'ól lé truime an tarta ⁊ lá robharta a ro-iotan. As é bá consapal do Mac Muiris an tan-sin Emann mac An Ghiolla Dhuibh, mic Concobhair, mic Donnchaidh mic Domhnaill na Madhmann Mec Suibhne, ⁊ ní tharla ina fhochair acht bęcc bhuidhęn gallócclach dá lucht lęnamhna co nár bó suaill go m-baoí ina fharradh ghénmotha aon-chaoccat fęr namá ar c-caitęmh aimsire a n-amhsaine. Ar a aoi nír bó miadh leó imtheacht ó Mac Muiris iar m-bręith don foiręiccęn-sin fair, do baoí beós isin m-baile-sin Sęan na Seoltadh mac Domnaill Uí Mhaille lucht luinge faide do chairdibh coblaigh Mheic Muiris tanic do tadall cuarta ina cęnd gan cor gan cęnnach, ⁊ nír bó maisi a fhagbháil don chur-sin. Do-chuaidh Mac Muiris dá comhairliucchadh frisna maithibh-sin dia fhios créd do-ghénadh. Friscartsat dó, ⁊ at-bertsat fris d'aithęscc aoín-fhir gur bó tanaisi dia m-bás a m-bętha amhail ro battar, ⁊ nocha cabhair do-ghébham do dheóin an locht atáid inar n-acchaidh filęt i n-iomsuidhe foirn, ⁊ ó nách męnmarc lat-sa gialladh do mac Muiris mic an iarla as ędh as dénta duit do shén ⁊ do shobharthan do chor i n-ucht an toice ⁊ an chonáigh isin ló-so aniú, ⁊ gabh chugatt mar chuid d'Eirinn go h-oidhche ina m-bia fo bonnaibh do biodhbhadh, ⁊ ionnsaighęm Clann t-Sithigh uair is friú as mó ar f-fęrcc ⁊ ar f-fola. Iar c-cinnędh ar an c-comairle-sin dóibh do-rónsat eirghe athlamh aoín-fhir, ⁊ tucc Mac Muiris inneall ⁊ orducchadh catha ar an mogall do chrunnsluagh chairdęmhail tarla ina fharradh, ⁊ tuccadh tosach lé h-iombualadh do Cloinn t-Suibhne. Ni baoí inmhe nó ard-flaithęs (andar leó) rob fęrr lé Cloinn p.1628 t-Síthig ⁊ lé a t-tarla ina t-timcheall iná a f-faicsin dia n-ionnsaicchidh ar an orducchadh-sin uair rob fęrr leó a c-coscc díobh ar én-lathair inás bęith ag ithe grain glaiss désaicch, ⁊ acc ibhe fhuar-uiscce ré a n-acchaidh amhail ro bhattar. Imthusa Mhęic Muiris ⁊ a muintire ní ro ghabhsatt cor don chonair choithcinn go rangattar h-i c-cęnd Cloinne Sithigh, go ro féchadh leó fulang a f-faobhair slęgh, sędh a samhthach, coingheall a c-cloidhęmh, ⁊ cruaidh a c-cathbharr, lęth ar lęth, ⁊ iar c-caithęmh ree aimsire dóibh acc an c-comhthuarccain-sin ro sraoíneadh don ghlan-shluagh Gęraltach ⁊ tuccsat acchaidh ar imtheacht, ⁊ cúl ré comhfhosucchadh a c-cathlaithreach. Ro dian-tinnęsnaighędh ina n-dędhaigh lá muintir Meic Muiris Chiarraighe, ⁊ ro gabhsat aga sraoighlędh ⁊ acca síor-airleach co nár bhurasa ríomh nó áiręmh gach ar faccbadh do Gęraltachaibh, ⁊ do Cloinn t-Síthigh isin sraoíneadh h-í-sin. Ro marbhadh écht mór annsin .i. Ó Conchobhair Ciarraighe, Conchobhar mac Conchobhair, Bá do mhóir-échtaibh Cloinne Rudhraighe an tan-sin an tí torchair annsin, aoibheal beó a chineadh, ⁊ a chlannmaicne, sósar dia rainicc orlamhas a athardha ar bélaibh sinnsear, uaithne fulaing dámh, ⁊ deóradh, ⁊ dęgh-aosa gacha dána, post cothaighthe coccaidh,⁊ cęnnairrce fri comharsanaibh ⁊ coiccriochaibh. Ro fáccbadh ann dna, Emann Ócc mac Emainn Mic Síthigh ard-chonsapal Gęraltach, fęr toictheach trom-chonaigh go lán-ainm láimhe ⁊ tighe aoidhędh, ⁊ Murchadh Balbh mac Maghnusa, Mic Síthigh, Tadhcc Ruadh O Ceallachain, mac Uí Dhuibhidhir, mac An Ridire Fhinn, Fáltach Dhuine Maoilín, ⁊ Sęón mac Gearóid mic Gearailt oidhre Leice Bébhionn. Ro ghabhadh ann Ruaidhri mac Maghnusa Mic Síthigh, Ro marbhadh ⁊ ro gabhadh sochaidhe ele cenmothát-sidhe don chur-sin.

 p.1630
M1569
  1. AOIS CRIOST, 1569. Aois Criost, mile, cuicc ced, sęscca, a naoí.

  2. Espocc Cille Dá Lua .i. Toirrdhealbhach mac Mathghamhna mic Toirrdhealbhaigh Uí Briain d'écc.

  3. O Sęchnasaicch .i. An Giolla Dubh mac Diarmatta, mic Uilliam, mic Sęain Bhuidhe tulach toirlęnga do Ghallaibh ⁊ do Ghaoidhelaibh do neoch ticcędh dia shaighidh dhíbh, fęr gan bęith eólach h-i laidin nó h-i m-bérla roba mó cion ⁊ cáil h-i f-fiadhnaisi Gall an fęr í-shin, ⁊ a écc. A mhac Sęan do gabháil a ionaidh.

  4. Sláine inghęn Murchaidh mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain d'écc.

  5. Mór Phécach inghęn Bhriain, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Briain Catha an Aonaigh Uí Bhriain bęn Uí Seachnasaicch .i. Diarmaid mac Uilliam mic Sęain Buidhe bęn dearsccaighthe ar deilbh ⁊ ar dearlaccadh isidhe do écc.

  6. Semus mac Muiris mic an iarla do bęith 'na dhuine coccthach chonghairęch an bliadhain-si go ro chęngailsiot GoillGaoidhil na Mumhan ó Bearba co Carn Uí n-Nęid d'aon-rann ⁊ d'aonn-daingęn fris i n-aghaidh comhairle an rígh. Iarla Urmhumhan do bhęith i Saxoibh .i. Tomas mac Semais mic Piarais mic Semais, mic Emainn, ⁊ a dhias dearbhrathar .i. Emann an ChaladhÉduard do dol i n-én-rann lé Semus mac Muiris, do-chóttar an dias mac sin an iarlafeile Muire Mór fa aonach Innsi Corr, ⁊ bá dírimh do aisnéis ar glacsat d'eachaibh, ⁊ groighibh, d'ór, ⁊ d'airccętt, ⁊ d'earradhaibh allmardha ar an aonach-sin. An t-iarla dna do theacht in Erinn an bliadhain cedna ⁊ siodhucchadh dia braithribh frisan Státa.

  7.  p.1632
  8. Sluaiccheadh mór lá iustis na h-Ereann Sir Hanry Sidny h-i f-foghmhar na bliadhna-so do dhol ar Muimhneachaibh a n-diaidh na siodha ⁊ an daingnighthe do-rónsat, ⁊ as ędh do ghabh tre Laighnibh siar-dheas, ⁊ ní ro airis go rainicc go h-Uibh Mac Caille sa Mumhain, ⁊ ro suidhighędh longport sochraidh sluaigh-bęódha lais h-i t-timcheall Baile na Martra, ⁊ baí sęchtmain lé h-acchaidh an bhaile, ⁊ báttar Muimhnigh ag bagar gach laoí don t-seachtmhain-sin iomaireacc do thabhairt don iustis cona shluagh, ⁊ ní ro chomhaillsiot in ní-sin. Ro gabhadh an baile fa dheóidh lásan iustis, ⁊ ro fhaccaibh barda a h-ucht na banríoghna inn. Do-chuaidh as-sin tré duthaigh An Bharraigh, ⁊ tre Ghlęnn Maghair do dhol go Corcaigh. Báttar eirghe amach Muimhneach annsin ar a chionn in oirchill iommbuailte fris. Ar a aoí do léicceadh an chonair don iustis. Baoí an iustis lé h-athaidh h-i c-Corcaigh, ⁊ a rannta coccaidh ag deiliucchadh lé Sémas an airęt-sin acc teacht ar protex ⁊ ar pardún. Tanaic an iustis as sin go Luimneach, ⁊ ro brisędh bladh do bhailtibh na Mumhan lais etir ChorcaighLuimneach. Ro gabhadh Cluain DubháinBaile I Bęcháin h-i t-Tuadhmumhain don toiscc-sin lasan iustis, ⁊ do-chóidh iaramh go Gaillimh. Baí-sidhe fri h-ędh is in m-baile-sin ag cęnnsucchadh Dál c-CaisChloinne h-Uilliam, ⁊ Iarthair Chonnacht, ⁊ iar f-faccbháil na Gaillmhe dó ro gabhadh lais Dún Mór Mhec Fheorais, ⁊ Ros Chomain, Ro fhácchaibh presidens i m-baile Atha Luain os cęnn chóiccidh Chonnacht uile ó Drobhaoís go Luimneach agá f-follamhnucchadh ⁊ agá f-fír-chęnnsucchadh. Bá h-esidhe ced-phresident na tíre-sin riamh, Sir Eduard Pitun a ainm. Ro shuí an iustis tar a ais h-i f-Fine p.1634 Ghall, ⁊ go h-Áth Cliath iar m-buaidh c-cosccair i n-dęireadh an foghmhair-sin budhéin ⁊ ní dearna fear ionaid an rígh i n-Erinn riamh lá h-oiręt an t-slóigh ro baoí-siomh eachtra rob aitheasaighe inás an siubal-sin do-rónadh lais-siumh.

 p.1636
M1570
  1. AOIS CRIOST, 1570. Aois Criost, mile, cuicc ced, sęchtmoghat.

  2. Mac Suibne Fánat .i. Toirrdhealbhach Ócc, mac Toirrdhealbhaig, mic Maol Muire, ⁊ a bhrathair Aodh Buidhe Ruadh, ⁊ Mac Suibhne na t-Tuath, Murchadh Mall mac Eocchain Óicc do mharbhadh i n-Dún na Long h-i f-fiull h-i f-fiadhnaisi I Neill (Toirrdhealbhach Luineach) lá Cloinn n-Domhnaill Gallócclach ⁊ rob oilbhęim adhbal d'ęineach ⁊ d'ęngnamh, do threóir, ⁊ do thairptighthe do chosnamh, ⁊ do chothucchadh tuaisceirt Ereann tuitim an trír íshin, ⁊ rob echt mór fęr dibh-sin gér bhó maith an dias n-aile .i. Murchadh Mall cnú ós crobhaing, gris-bheó gan bhádhadh, err ghaisccidh Gaoidhel, rinn iomarbhagha fear n-Uladh i n-acchaidh fear n-Ereann, uaithne briste berne baoghail, fodhailteach séd ⁊ saor mhaoíneadh Síl Suibhne an Murchadh-sin. A bhrathair Eocchan Ócc do gabhail a ionaidh, ⁊ a bhrathair Domhnall d'óirdneadh i n-ionadh Mheic Suibhne Fánat.

  3. Eiccneachan mac Aodha Buidhe Uí Dhomhnaill do mharbhadh h-i f-fiull ag tionntudh ó sluagh Uí D omhnaillFęr Dorcha mac Uí Ghallchubhair cona mhuintir ⁊ lá druing ele do Shliocht Donnchaidh Uí Ghallchubhair.

  4. Mac Conmara, Sęan, mac Síoda, mic Meic Con, mic Síoda, mic Taidhcc mic Lochlainn tighearna an taoibhe thoir do Cloinn Choiléín do écc duine miadhach mór-dhalach p.1638 leandan ban, ⁊ inghęn ar shuarca, ⁊ ar shibhęnradh, ⁊ Domhnall Riabhach mac Con Mędha, mic Donnchaidh do gabhail a ionaidh.

  5. Fógra chúirte h-i Mainistir Innsi h-i t-Tuadhmumhain do chor lá presidens chóiccidh Chonnacht go Síol m-Briain, ⁊ go h-Uachtar Connacht, Tadhcc mac Murchaidh Uí Briain as é bá sirriam isin tír an tan-sin, ⁊ rob esidhe céd-shirriam Tuadhmumhan. Do-rónadh laisidhe urgnamh bídh, ⁊ biotaille fó chomhair an presidens h-i Mainistir Innsi. Ticc iaramh an presidens don bhaile a t-timchell na féle Brighde do sonnradh. Bá h-ann baoí iarla Tuadhmumhan Concobhar mac Donchaidh mic Conchobhair Uí Bhriain isin Clár in tan-sin. Ro chuir an presidens isin tręs lá gairm fair, ⁊ do-lodar drong do ghárda an phresidens do mhaithibh a mhuintire ⁊ a mharcshluaigh do thóchuireadh an iarla. Bá i n-aon-uair do ló do-chódar sidhe go dorus an bhaile ⁊ Domhnall mac Conchobhair Uí Bhriain acc tocht chuicce mar an c-cédna. Bá h-í comhairle ro cinneadh lasan iarla, Domhnall ⁊ a raibhe ó slabhradh na comhladh asteach do ghabháil, ⁊ drong dá raibhe amuigh díbh do mharbhadh. Ro imthigh an chuid ele dibh dho thoradh rętha ⁊ rionnluais a n-each h-i c-cęnn an phresidens go h-Inis. Ro imthigh an presidens arnámharach, ⁊ clann Murchaidh mic Toirrdhealbhaigh .i. TadhccDonnchadh dá threórucchadh as in tír, ⁊ acc dénamh eolais dó tre carcraibh cumhgaibh, ⁊ tré droibhélaibh diamra doieólais. Baoí an t-iarla agá t-toraighecht, ⁊ ag tabhairt amais forra go rangattar Gort Innsi Guaire in adhaigh-sin. Iar rochtain na sccél-sin gusan iustis ro gab fęrcc ⁊ lonnus é, ⁊ as ędh ro chinn fęin, ⁊ an chomhairle a fhorchongra ar iarla Urmhuman, Tomas mac Semais mic Piarais Ruaidh a h-ucht na banríoghna tocht do chęnnsucchadh iarla Tuadhmhumhan isin n-gniomh anuaibhreach do-rinne uair bá gar a n-gaol ⁊ a m-brathairsi dia 'roile. Tainicc iarla Urmumhan cona slógh h-i t-Tuadhmumhain fó cédóir, do-riacht an t-iarla Conchobhar i n-áit iomaccallmha fris, ⁊ do gheall go n-diongnadh a thoil-siumh ⁊ toil na p.1640 Comhairle. Do-rad a bhailte for láimh iarla Urmhumhan .i. Cluain Ramhfhada An Clár Mór, ⁊ Bunraite, ⁊ ro léicceadh Domhnall Ó Briain, ⁊ maithe, bhraighdędh Tuadhmumhan báttar h-i l-láimh ag an iarla amach, ⁊ braighde an presidens mar c-cedna. Ro ghabh iaramh aithreachus, ⁊ attuirsi an t-iarla fá na bailtibh, ⁊ fá na braighdibh do thabhairt uadha, uair ní raibhe dá longphortaibh aicce acht Magh ó m-Bracáin amháin, ⁊ ro fháccaibh bardadha buantairisi ann, ⁊ as í comhairle do-rinne gan dol fó dhlighędh ná fó ghrásaibh Comhairle na h-Ereann coidhche, ⁊ rucc do roghain gur bhó fęrr lais bęith ar faoindeal ⁊ ar fogra, ⁊ cúl do chur ré a dhúthaigh ⁊ ré a dhęgh-athardha inás dol dia saighidh. Baoí iaramh lé h-athaidh go h-inchlęithe h-i c-Cloinn Mhuiris, ⁊ do-chuaidh as-sin a t-timcheall na fele Eóin don Fhrainc, ⁊ bái ré h-ędh annsin, ⁊ ticc iaramh go Saxoibh, ⁊ fuair grasa, pardún, ⁊ onóir ó bhanrioghain t-Saxan, ⁊ do-rad litireacha lais d'ionnsaighidh comhairle na h-Ereann dia aithne diobh an t-iarla d'onorucchadh ⁊ tainicc i n-gęimhreadh na bliadhna cédna tar a ais go h-Érinn.

  6. An president cédna, ⁊ iarla Cloinne Riocaird .i. Riocart mac Uillicc na c-Cęnn mic Riocaird mic Uillicc Chnuic Tuagh do shuidhe lé h-acchaidh Sruthra h-i samhradh na bliadhna-so. Báttar for an sluaigheadh-sin h-i f-fochair an phresidens forgla toíseach, ⁊ trén-mhileadh láth gaile ⁊ gaisccidh Uachtair Chonnacht ó Magh Aoi go h-Echtge, ⁊ o Ghaillimh go h-Ath Luain. Báttar fós h-i f-foslongport an phresidens drong mhór do caiptinibh cona saighdiuiribh amaille friú, ⁊ dá chórucchadh nó a trí do gíománchoibh Gaoidhealchoibh. Baoí ann bheós An Calbhach mac Toirrdhealbhaigh, mic Eóin Charraigh, mic Mec Domhnaill cona dhias mac, ⁊ cona p.1642 sochraide, ⁊ dręm do Sliocht Domhnaill, mic Eóin, mic Eocchain na Lathaighe, Mic Suibhne .i. Aodh mac Eocchain mic Domhnaill Oicc, ⁊ Domhnall mac Murchaidh p.1644 mic Ruaidhri Mhóir go c-cóirighthibh glan toghtha gallocclách amaille friu, ⁊ córughadh gallóglach ele do Cloinn n-Dubhghaill, ordanás ⁊ eirghe amach on n-Gaillimh. Baoí ann bheos gasradh do mharc-shluagh męrdha tri chéd a líon sén go lúireachaibh, ⁊ go n-ęidędhaibh plát.

  7. O 'd-chualaidh Mac Uilliam Búrc Sęan mac Oiluerais, mic Sęain, an toichęstail slóigh lán-mhóir sin do bęith acc an president ⁊ ag an iarla a t-timchell Sruthra bá cradh croidhe, ⁊ bá męsccadh męnman lais an ní-sin, ⁊ ro thionoil chuicce fó chédóir Búrcaigh Iochtaracha, ⁊ Sliocht Maoilir A Búrc, Clann n-Domhnaill GallócclachMurchadh na t-Tuagh mac Taidhcc mic Murchaidh, mic Ruaidhri Uí Flaithbhęrtaigh. Tangattar-sidhe dna gusan líon as lia ro fhédsat d'faghbhail leó d'Albanchoibh, ⁊ d'Eiręnnchoibh d'amhsaibh ⁊ d' ócclachaibh, ⁊ ní ro h-anadh leó go ruachtattar ar cnoc baoí a f-foccas do longphort an phresident ⁊ an iarla, ⁊ battar accá chomhairliucchadh ętorra budhéin cionnus do-bherdaoís dluighe nó dian-sccaoíleadh ar na dęgh-shluacchaibh diocoiscce battar ag forrán forra ima t-tír ⁊ imá n-dúthaigh. Ro cindeadh leó cétus troighthigh do dénamh dá mharc-shluagh, ⁊ do-chóidhsiot iaramh i n-inneall ⁊ i n-orducchadh, ⁊ ro thingeallsat dia 'roile gan sccaoileadh no sccaindreadh asan innell-sin dia madh forra nó ręmpa ba raen. Ro h-erfhuagradh leo bheós dia marbhtha mac nó brathair neich dhiobh ar a bhelaibh gan anmhuin occa acht dol tairis fó cédóir amhail ba namha anaithnidh, ⁊ ro chinccsiot fón tóichim-sin do saighidh na slógh n-aile. Dála an phresidens ⁊ an iarla ro suidhighsiot a n-ordanas, a saighdiuiri, ⁊ a lucht halabard, ⁊ a lucht éideadh plata dia c-cois ar na bęrnadhaibh bél-chumhgaibh in ro ba dóigh leó an lucht ele dia saighidh, ⁊ ro chuirsiot lá a t-taoibh-sidhe Clann t-Suibhne, Clann n-Domhnaill, Clann n-Dubhghaill, ⁊ coisighthe an t-slóigh archęna. Do-chódar fęin ⁊ an mhęr-ghasradh marc-slóigh tarla ina f-farradh h-i lęth-ursain na troda don p.1646 taoíbh ele. Ro ba dáil lé docair, ⁊ dob aghaidh ar éttualang d'occbhaidh Iarthair ⁊ Iochtair Chonnacht cor dochum na conaire congháirighe sin. Ara aoi ro asccnasat for a n-aghaidh, ⁊ nír bhó cian do-chódar an tan fuarattar a t-taoibh do tholladh, ⁊ a c-cuirp do chréchtnucchadh lasan céd-fhrais do léicceadh fótha a gonnadhaibh grán-aoíbhleacha ⁊ a bodhadhaibh blaith-righne, ní sgęinm nó sccath, ní mertęn nó miodhlachus ro ghabhsat-somh riasna crécht-diubhraicthibh-sin acht dol gan choiccill for a c-cęrtacchaidh go ro fhéchsat sith-fulang a samhthach cruas a c-cloidhęmh, ⁊ troma a t-tuagh ar chloignibh, ⁊ ar chęnn-mullaighibh a c-celeadh comhlainn. Nír bó fada ro fuilngędh na fędhmanna-sin lasan f-foirinn tarla for a c-cionn an tan ro bhrúcht-bhris dian-mháidhm dásachtach dibh for c-culaibh go ro bhęn an trén-bhuidhęn tainicc dia saighidh iomlaoid ionaid ⁊ malairt áite díobh. Ro gabhsat-sidhe iaramh ag díothlaithriucchadh na druinge tarla ręmpo ag lęnmhain an luath-madhma ag tęndadh na toraigheachta, ag drutt ⁊ ag dinge i n-dęghaidh na n-drong-buidhęn ar fędh dá mhíle on f-foslongport. Ro sleachtadh, ⁊ ro sraoíghleadh sochaidhe díobh leó an airęd-sin. Iar n-dol do mhuintir Meic Uilliam Búrc tar an marc-sluagh baoí dia lęthtaobh, tuccsat na díormanna marc-sluagh amus for dheireadh na n-óccbaidh riasa m-baoí an boirb-briseadh co ro díthaighit dréchta dia n-drong-buidhnibh leó, ⁊ ro mudhaighfe ní ba mó munbadh dluithe ⁊ daingne a n-innill ⁊ a n-ordaighthe tuccsat forra a t-tús an laoi. Do-dheachatar iaramh for c-cúlaibh iar m-buaidh c-cosccair ⁊ c-comhmaoidhmhe ⁊ iar sraoíneadh for a m-biodhbhadhaibh, acht amháin bá sędh a n-dearnsat do dearmat conganta (o ro folmhaighędh an chath-lathair leó, iar m-briseadh for a m-biodhbhadhaibh) gan anmhain isin f-foslongphort in oidhche-sin, uair dá n-andaois ní bhiadh fręsabhra friú im ainm ⁊ im oirdhearcus an mhadhma do bęith forra. Dála an phresident, ⁊ iarla Cloinne Riocaird do ansat-sidhe, ⁊ Sliocht Domhnaill Mec Suibhne (ná ro fágaibhaid a m-bonn dá m-biodhbhadhaibh an lá-sin) ⁊ drong dia saighdiúiribh isin f-foslongphort in oidche-sin. Báttar iaramh ag aithne, ⁊ ag adhnacal a c-caomh ⁊ a c-carat, ⁊ ag fadhbhadh na f-fęr n-gonta seachnón an ár-mhaigh. Do-rónadh écht mór annsin ó Ghallaibh .i. Pattraiccin Ciumhsócc, Ro marbhadh ann bheós An Calbhach mac Toirrdhealbhaigh mic Eóin Charraigh, ⁊ sochaidhe p.1648 ele nách airimhthir. Ro fáccbadh ann don lęith ele Uáter mac Sęain mic Maoilir A Búrc dia n-goirthi Cluas le Doininn, ⁊ Raghnall mac Meic Domhnaill Gallócclaigh, ⁊ dá mac Eóin Eireannaighchonsapal do Chloinn n-Domhnaill na h-Alban. Do fáccbad ann líon dírímhe amaille riú-sin d'Erennchaibh d'Albanchoibh, do Cloinn n-Domhnaill, do Cloin t-Suibhne, ⁊ do lucht lęnamhna Búrcach. Andar lásan slógh síos lás ro sraoíneadh ina m-baoí ręmpa, ⁊ fris nár cothaiccheadh an cath-lathair as aca fęin baoí buaidh na tęccmhala, ⁊ dar lásna tighearnadhaibh ro an isin f-foslongphort in oidhche-sin as forra féin ro ba dir clú an mhadhma do bheith.

  8. Slóiccheadh lá h-iarla Urmhumhan h-i f-foghmhar na bliadhna-so .i. lá Tomas mac Semais mic Piarais Ruaidh tar Siúir siar do Chliú Máil mic Ucchghaine i n-Uibh Conaill Gabhra, ⁊ do Ciarraighe Luachra, ní ro airis gur ghabh ⁊ gur bhris Dún Lóich ós Lęmhain i n-dęiscceart chóiccidh Chon Raí mic Dáire. Fuair braighde ⁊ édala iomdha don turus-sin, ⁊ do fhill h-i frithing na conaire cédna gan troid gan tachar, ⁊ bá sędh fó deara dó-somh sin, clann iarla Deasmhumhan do bęith h-i l-láimh h-i l-Lonndain, ⁊ Semus Mac Muiris ina aon d'fhine i n-acchaidh GallGearaltach, ⁊ an tír uile ag cur ina aghaidh, ⁊ fáth ele as nach f-fuair an t-iarla tęccmháil ar baoí congnamh slóigh na banríoghna aicce ar an turus-sin.

 p.1650
M1571
  1. AOIS CRIOST, 1571. Aoís Criost, mile, cúicc céd, sechtmoghat, a h-aon.

  2. Mac Con Mara Tadhcc mac Con Meadha, mic Con Mara, mic Sęain, sódh a rainn ⁊ a charad do chothucchadh, ⁊ a namhad d'fholmhucchadh ⁊ d'fhásucchadh d'écc, ⁊ a mhac (Sęan) do ghabháil a ionaidh.

  3.  p.1652
  4. An Ciomhsóccach Tomas mac Sęain cęnd comhairle Gall Ereann fear ro bhaoí fo thrí ina fhior ionaid righ i n-Erinn d'écc.

  5. Mag Gormain Maoileachlainn mac Tomáis mic Maoíleachlainn Duibh tógbhálaigh trógh, ⁊ tighe n-aoídheadh d'écc.

  6. Semus Mac Muiris do ghabhail Chille Mo Ceallócc, ⁊ ní d'áilghęs a h-ionnmhais, nó a h-iolmhaoíne gér bhó h-iolardha a h-edála acht fó bíth bá h-ionadh oireachtais, ⁊ ba tulach turleime do Ghallaibh ⁊ do Ghęraltachaibh lé h-acchaidh Shemais do ghrés. Do-radadh uardhúsccadh námhat for an lucht báttar go sóinmheach suan chodaltach i n-urthosach oidhche lá męr-ghasradh Cloinne SuibhneCloinne Síthigh báttar h-i c-caoímhtheacht Semais Mic Muiris ria n-uair tęirte arabharach go m-báttar ag roinn óir, airgit ⁊ iolmhaoíne, ⁊ séd somhaoíneach, ná h-aidémhadh an t-athair dia eidhre, nó an mhathair dia h-inghin an lá riamh. Ro bás dna leó fri h-ędh trí lá ⁊ teora n-oidhche ag cor gach earnaile ionnmhusa ⁊ uasail-earradh, chuach, ⁊ chorn c-cumhdaighthe for gręghaibh, ⁊ eochaibh fó choilltibh ⁊ fó fhędhaibh Eatharlach, ⁊ araill ele go h-incleithe do shaicchidh a c-carat, ⁊ a c-coiccele. Do-bęrtsat iaramh troim-néll teineadh ⁊ dlúth-bhrat dobhardha duibh-chiach darsan m-baile iaramh iar m-brisędh ⁊ iar m-blaidh-rébadh a cumhdaighędh cloch ⁊ claradh p.1654 gur bó h-aitte ⁊ gur bhó h-adbha do chonaibh allta Cill Mo Cheallócc iar gach n-áinęs baoí innte gó sin.

  7. President Saxanach do theacht ós cęnd dá chóicceadh Mumhan i n-earrach na bliadhna-so, Sir Seon Parroit a ainm. Báttar lais iomat longlaoidhęng, céd, ⁊ caiptínędh. Ro ghabhsat urradha, ⁊ uasal-chodhnach, tighęrna, ⁊ toíseach an tíre fó cédóir lais, geibhitt dna amhais, ⁊ easurradha lucht tuillmhe, ⁊ tuarusdail an tire lá Semas gion go m-baoí dia dún-árasaibh aicce acht Caislén na Mainge namá. Ro fhóccair an president for feraibh Mumhan teacht go líonmhar lér-thionoilte ina dóchum cona lóintibh fęin leó lé h-aghaidh Caisléin na Mainge im fhéil Eóin ar c-cionn. Do-rónadh fair-siomh sin, ⁊ ro gabsat ag iomshuidhe an bhaile ó féil Eóin go mędhón foghamhair, ⁊ ní ro tharmnaigh ní dóibh ar ní ro ghabhsat an baile an bliadhain-sin. Téit an president co Corcaigh, ⁊ ro sgaoilsiot fir Mumhan dia t-tighibh.

  8. Ro fógradh cúirt fri h-ędh ocht lá n-déccpresident chúiccidh Connacht Sir Eduard Phitun h-i Mainistir Innsi do chęrtucchadh, ⁊ do chęndsucchadh Dál c-Cais, ⁊ Uachtair Chonnachtfhéil Patraicc na bliadhna-so. Tánaicc trá an president go marc-sluagh męrdha, go saighdiuiribh soineamhlaibh, uair ro ba cuimhneach lais an eiccęn-dail i m-baoí lá Dál c-Cais roimhe, ⁊ baoí gach laoí re h-ędh na n-ocht lá n-décc remhráite ag coiccęrt recht, ⁊ riaghla, ⁊ ag ionnarbadh éccora ⁊ indlicchidh. Do-beart iarla Tuadhmumhan Concobhar mac Donnchaidh Uí Bhriain a duthaigh ⁊ a thighearnas do president i n-íc an indlicchidh do-róine fair fecht riamh ⁊ ó na baoí occa ar a chomus dia bailtibh acht an Magh Ó m-Bręcáin do-rad dó é bheós go m-baoí an Magh, Bunraite, An Clár MórCluain Ramhada ar láimh an phresident ag fághbháil an tíre dhó, ⁊ rucc braighde gacha h-urraidh dá m-baoí h-i Tuadhmhumhain lais go h-Ath Luain. Níor bhó h-urusa p.1656 a ríomh a n-do-radadh dó do chédaibh bó ó Thuadhmhumhain ré h-ędh an dá bhliadhan baoí na president occa.

  9. Sęan mac An Ghiolla Dhuibh mic Diarmada baoí na Ua Seachnasaigh o bhás a athar gus an m-bliadhain-si, ro bęnadh an t-ainm-sin ⁊ Gort Innsi Guaire de la dearbhrathair a athar .i. Diarmaid Riabhach mac Diarmadha ar bá h-esidhe bá sinnsear ann iar f-fír.

M1572
  1. AOIS CRIOST, 1572. Aois Criost, mile, cúicc céd, seachtmoghatt, a dó.

  2. Airdepscop Tuama Criostoir Boidicin d'écc, ⁊ a adhlacadh i n-Gaillimh.

  3. Espucc Cille Fionnabhrach, Sęan Ócc mac Sęain mic Amhlaoíbh Uí Niallain fęr foircętail bręithre Dé d'écc, ⁊ a adhnacal h-i c-Cill Fhionnabhrach budein.

  4. Mairgreg inghęn Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc Uí Bhriain bęn lán d'féle d'ionnracus, do chonnla, do chrabhadh, do ghloine, ⁊ do gęnmnaighecht d'écc.

  5. Tighearna Déiseach .i. Muiris mac Gearailt, mic Sęain mic Gearoit mic Semuis mic Gearóid iarla d'écc, ⁊ a brathair .i. Semus d'oirdneadh ina ionadh.

  6. Sęan mac Tomais mic Riocaird Oicc, mic Uillicc Ruaidh, mic Uillicc an Fhíona do bhadhadh isin Suca.

  7. Henrí Ó Craidhen cęndaighe saidhbhir sochonaigh d'Iochtar Connacht d'ég.

  8. Eoghan Ruadh mac Fearghail mic Domhnaill Ruaidh Mic An Bhaird, Muiris Ballach mac Con Coiccriche mic Diarmada Uí Chléirigh, ⁊ mac Uí Mhóirin do chrochadh lá h-iarla Tuadhmumhan Concobhar mac Donnchaidh, ⁊ robdar saoite h-i sęnchus, ⁊ i n-dán an Muiris ⁊ an t-Eoghan remraite, ⁊ ro ba damhna aoire, ⁊ easccaoíne don iarla an feill-ghniomh íshin.

  9. Eoin mac Colla, mic Domhnaill, mic Eocchain Mic Domhnaill d'écc.

  10. Fóccra chuirte do thabhairt la president chúiccidh Chonnacht Sir Éduard Phitun im fhel Patraicc i n-Gaillimh dá raibhe fo chumhachtaibh na bainrioghna p.1658 ó Luimneach go Sligeach. Tangattar fon toghairm-sin iarla Cloinne Riocaird cona chloinn .i. UilleaccSęan go maithibh a muintire ⁊ Sliocht Riocaird Óicc A Búrc, ⁊ Mac Uilliam Iochtair .i. Sęan A Burc mac Oiluerais mic Sęain go m-Búrcachaibh Iochtarachaibh h-i maille fris ⁊ Dál c-Cais cona c-coimhtionol. Iar t-tocht dóibh i c-cęnd an phresident go Gaillimh, ad-chualattar dá mac iarla Cloinne Riocaird UillęccSęan fosccadh scceóill eiccin tres ro omhnuighsiot an president ⁊ ro élaidhsęt co h-inchlęthe as an m-baile. Amhail at-chualaidh an presidens an ní-sin ro gabhadh maithe Cloinne Riocaird lais, ⁊ ro fhaccaibh i l-laimh isin m-baile iad, ⁊ luidh fęin ⁊ an t-iarla (athair na cloinne-sin) fo rest lais go h-Áth Luain, ⁊ as-sidhe go h-Ath Cliath, ⁊ ro fháccaibh an t-iarla ann, ⁊ soais fein doridhisi go h-Ath Luain. O 'd-chualattar clann an iarla an ní-sin tuccattar esfhuaccra d'amhsaibh ⁊ d'aos tuarasdail na c-coiccríoch c-comhfhoccas tocht gan chairde ina n-dochum. Ro fregradh go nęimhlęscc lá Cloinn t-Suibhne Uachtair ⁊ Iochtair Chonnacht ⁊ la Cloinn n-Domhnaill Gallócclach (go n-il-chédaibh Albanach araon riú) an toghairm íshin riasiú ráinicc leó-sidhe tionol go h-aon-mhaighin. Rucc an president a dhiorma slóigh ⁊ saighdiúiridhe lais go Gaillimh, ⁊ rucc ordanás ⁊ eirghe amach na Gaillmhe lais go h-Achadh na n-Iubhar .i. baile cloinne Domhnaill Uí Flaithbęrtaigh, ⁊ bá h-e Murchadh na t-Tuagh mac Taidhcc Uí Fhlaithbhęrtaigh baoí agá tharraing ar an turus-sin. Ro fáccbadh dias do Sliocht Domhnaill Uí Fhlaithbęrtaigh i t-timcheall an bhaile, Ro lęith-brisędh ⁊ ro lán-gabhadh an baile lasan president iar sin, ⁊ ro fhágaibh an mhéid baoí slán de ar láimh Murchaidh na t-Tuagh Uí Fhlaithbęrtaigh. Do fhill an president tra go Gaillimh tré Cloinn Riocaird, ⁊ tre Uibh Maine gan troid gan tachar go rainicc co h-Áth Luain.

  11. Iar t-tionol na sochraide rémhraite do shaighidh cloinne an iarla as gach aird ro cęngailsiot, ⁊ ro dhaingnighsiot féin, ⁊ Mac Uilliam Búrc re 'roile .i. Sęan mac Oiluerais, ⁊ bá h-é céd ní do-rónsat iar sin a bęith acc brisędh tor t-taobh- gheal p.1660 , ⁊ caislén c-comdaingęn Cloinne Riocaird go ro brisid bailte an tire ó Shionainn go Boirinn leó genmotha uathadh. Ro h-aircceadh leó iar sin etir ShucaSionann ⁊ na Fędha, ⁊ gach aon agá m-baoí báidh no rann lé Gallaibh go dorus Atha Luain. As ead do-dheachattar iaramh laimh dhęs ré Sionainn soir gach n-díreach go Sliabh Baghna na t-Tuath, ⁊ anonn do Chaladh na h-Angaile go ro loisccsiot Áth Liacc. Ro gabhsat ag dódh ⁊ acc díoláithriucchadh ag iondradh, ⁊ acc orccain gacha baile go rangattar i n-Iarthar Midhe. Roba diobh-sidhe An Muilęnd Cęrr ⁊ as-sidhe go dorus Atha Luain go ro loisccsiot a m-baoí ó dhroichęt anonn don bhaile. As seadh lottar iaramh don taobh thall go Dealbhna Meg Cochláin, ⁊ tar a n-ais go Síol n-Anmchadha, ⁊ ní ro fháccaibhsiot toíseach tuaithe ó Eachtghe go Drobhaoís nar chuirsiot a n-aon-rann coccaidh friú don chur-sin. Ro briseadh leo balladha Baile Atha an Ríogh, ⁊ a thighe cloch, ⁊ a chaistiall ⁊ ro mhursat an baile co nár bhó h-urusa a aithdhénamh go h-aimsir imchęin dia n-ęis. Do-cuas leó fó dhí i n-Iarthar Chonnacht d'aimdheóin muintire na Gaillmhe, ⁊ na saighdiuiridhe Saxanach ro fháccaibh an President ag congnamh bardachta an bhaile, ⁊ ro marbhadh leó caiptin na saighdiúir Saxanach sin ag an doras iartharach don bhaile, ⁊ bá d'aimhdheoin Muintire Flaithbęrtaigh bheos do-dheachattar an dá uair-sin don tír ⁊ ní bhaoí conair aca acc dol ⁊ ag teacht acht tré Áth Tíre h-Oiléin namá, ⁊ do-rónsat creacha ⁊ oirccne aidhbhle ar Murchadh Ó Flaithbheartaigh gach uair aca-sin. Báttar tra clann an iarla amhlaidh-sin ó dheireadh earraigh go mędhon foghamair ag comhlot na c-cęndadhach, ⁊ ag milleadh gach nęith ro fhédsat im Ghallaibh, ⁊ imo ranntoibh GallGaoidheal archęna. As eadh ro chinnsiot comairle Atha Cliath, ⁊ maithe Gall an t-iarla do léccadh amach fó shídh, ⁊ chairdine ós cionn a criche ⁊ a fhęrainn, ⁊ do chęndsucchadh a chloinde, ⁊ táinicc dna dia thír h-i f-foghmhar na bliadhna-so ro chęndsaigh a chland, ⁊ ro léiccsiot scaoíleadh dá n-amhsaibh ar n-íc a t-tuillmhe ⁊ a t-tuarastail friú. Baí din Semus mac Muiris mic an iarla máraon lé cloinn iarla Cloinne Riocaird ar na h-imtheachtaibh-sin ag p.1662 iomfhuireach lé h-Albanchaibh do bręith lais i n-Gearaltachaibh, ⁊ as diaisnęídh a f-fuair an Sémus-sin do ghaibhthibh ⁊ do ghér-guasachtaibh d'easbaidh bídh ⁊ codalta ar uathadh sluaigh ⁊ ar bęg m-buidhne ó Gallaibh ⁊ ó Gaoidhealaibh dá cuiccidh Mumhan an bhliadhain-si.

  12. President dá chóiccidh Mumhan do suidhe lé h-aghaidh Caisléin na Mainge isin samhradh do shonnradh, ⁊ slóigh da chóiccidh Mumhan etir GallaibhGaoidhealaibh, ⁊ bailtibh móraibh, cona n-ordanas, cona b-púdar, ⁊ cona luaidhe. Báttar tra tionól Sleachta Eoghain Mhóir uile isin f-foslongport-sin. Baí ann Mac Muiris Ciarraighe .i. Tomas mac Emainn, battar ann dna BarraighRóisdigh, baoí an t-sochraide-sin uile ré h-ędh ráithe h-i f-forbais imon m-baile, ⁊ ro gabhadh leo h-é fo dheóidh do díth bídh, ⁊ nír bhó d'easbhaidh cosanta itir, ⁊ bá ar dáigh fóirithne Albanach do bręith gusan m-baile baí Semus h-i f-fochair cloinne an iarla amhail remhebertmar.

  13. Mortladh mhór ar dhaoinibh ⁊ ar cęthraibh an bliadhain si.

M1573
  1. AOIS CRIOST, 1573. Aois Criost, míle, cuicc céd, sechtmoghat, a trí.

  2. Domhnach initte, ⁊ fél Bríghde for aon-lo an bliadhain-si, sanais iar c-cáiscc ⁊ deasgabhail in earrach, ⁊ bá machtnadh mór lá cách inn sin.

  3. Mac Ailin .i. Giolla Epscoip mac Giolla Epscoip an t-aon-mac Gaoidhil as lugha dob olc i n-Albain d'écc.

  4. Mag Craith Uilliam mac Aenghais ollamh Dal c-Cais lé dán, saoí suadhamhail i n-ealadhain, ⁊ h-i m-brughachus d'écc.

  5. Donnchadh Riabhach mac Taidhcc Uí Cheallaigh do écc.

  6. Iarla Saxanach do theacht os cęnd chóiccidh Uladh h-i f-foghmhar na bliadhna so .i. iarla óf Esex a chomhainm, ⁊ a dhol do chomhnaidhe go Carraicc Feargusa, ⁊ p.1664 go Cloinn Aodha Buidhe. Brian mac Feilim Bacaigh I Neill 'na codhnach ar Trian Conghail, ⁊ ar Cloinn Aodha Buidhe an tan-sin. Creacha, ⁊ coinghlęca iomdha do thęccmhail etir Brian ⁊ an t-iarla go feil Pattraicc ar c-ciontt.

  7. Murchadh mac Diarmada mic Murchaidh Uí Bhriain do mharbhadh lá h-Uillecc A Búrc mac Riocaird mic Uillic na c-Cęnd, ⁊ lá h-Ua Seachnasaigh .i. Diarmaid Riabhach mac Diarmada mic Uilliam, mic Sęain Bhuidhe, ⁊ bá h-é Ua Seachnasaigh ro imir lamha fair. Gort Innsi Guaire do bhuain d'Ua SheacnasaicchSęan A Burc a n-dioghail mharbtha a dhearbhrathar.

  8. Semus Mac Muiris do bhęith acc coccadh ⁊ ag coinghleic fri Gallaibh an bhliádhain-si co ro snadhmadh sidh etir essiumh ⁊ president dá chúiccidh Mumhan san earrach do shonnradh, ⁊ tánaic do mhírbhuilibh Dé, ⁊ do bhithin t-Semais, iarla Dęsmumhan (Gearoid mac Semais mic Sęain, ⁊ a brathar .i. Sęan báttar i l-laimh i Lonndain bliadhna roimhe-sin) do léiccęn amach do chęd chomhairle Shaxan, ⁊ a theacht h-i c-cuan Atha Cliath. Ro gabhadh an t-iarla iaramh ⁊ ro congbadh fó riast isin m-baile h-é, ⁊ ro léicceadh Sęan d'fhéchain fhásaigh fhionn-Mumhan, ⁊ d'fhios a athardha, ⁊ na méide do mhair dá lucht lęnamhna.

  9. President dá cuiccidh Mumhan co dhol co Saxaibh h-i t-tós in fhoghmhair ar c-cind iar t-techtadh, ⁊ iar t-tęndghabhail an tíre, ⁊ iar b-fágbháil maor, comhaírleach, ⁊ caiptíneadh uadha fęin os cęnd a stiúrtha ⁊ a f-follamhnaighthe amhail ro ba mian lé a mhęnmain badhéin. Ro caoíneadh an ceileabhradh-sin an president acc bochtaibh, ag baintreabhthachaibh, ⁊ ag aos anffand anarrachta an tíre.

  10. Fuair iaramh iarla Deasmumhan elang ar eludh im fhéil Martain iar sin do nęmh-thoil na comhairle gan fhios gan airiucchadh dóibh go rainicc do siubhal tri n-oidhche ó Ath Cliath (go n-uathadh ina fhochair) go glé-mhędhon Gęraltach. Ro fáilticcheadh fris an t-torchar flatha tánaic annsin. As gar uair gur bó cédach conghaireach an tí tánaic ina uathadh don tír an tan-sin. Ro h-ionnarbadh p.1666 lais fó chęnd aon-mhiosa iaramh buannadha, ⁊ bardadha Saxanacha báttar i n-dúintibh ⁊ i n-daghbhailtibh fhęr Mumhan uair bá ag an president cona Saxanchoibh baoí Caonraighe cona c-caislénaibh, Baile na Martra, ⁊ Caislén na Mainge. Ro gabadh iad-suidhe co na m-bardaibh lasan iarla co nár fhágaibh urra aitighthe aon-baile fęrainn ó Chumar Tri n-Uiscce co Bealach Conglais, ⁊ ó Bhealach Conglais co Luimneach nár chęnnsaigh, ⁊ nár chuir fó bhręith a bhuannadh, ⁊ a mhaor fó chęnd na h-aon-mhiosa rémhraite. Ro fhócair a c-cadhas féin d'eacclais ⁊ d'ealadhain, ⁊ ro chuir na h-uird ina n-ionadhaibh fęin do ręir dliccheadh an phapa amhail ro ba dír.

  11. Coccadh etir Dal c-Cais badhéin. Ba h-iad báttar do thaobh don choccadh-sin .i. Domhnall mac Conchobhair Uí Bhriain, ⁊ Tadhcc mac Murchaidh Uí Bhriain. Clann Donnchaidh Uí Bhriain don leith ele .i. an t-iarlaToirrdhealbhach acht ní bhaoí an t-iarla fęin isin tír don chur-sin. Ro fhás imręsain etir Thadhcc mac Conchobhair, ⁊ Tadhcc mac Murchaidh baoí i n-aon-rann gó sin ag congnamh lá Domhnall mac Conchobhair i n-acchaid cloinne Donnchaidh go ro sgarsat fria 'roile, ⁊ bá fri Tadhcc mac Conchobhair do-ronadh fotha na h-imręsna, ⁊ do-chóidh i rann a easccaratt .i. clann Donnchaidh Uí Bhriain i n-aghaidh a dearbhrathar Dhomhnaill mic Conchobhair, ⁊ Taidhcc mic Murchaidh, ⁊ Uachtair Tuadhmhumhan. Ro tionóileadh iaramh lá Tadhcc mac Conchobhair (a n-dioghail a dhiomdha for Tadhcc mac Murchaidh) amhsa ⁊ díbhearccaigh do ghall-ócclachaibh Gęraltach tar Sionainn, ⁊ do-bęrt lais iad do chongnamh lá cloinn Donnchaidh Uí Bhriain go m-battar sochaidhe iomdha ina b-fhochair do Buitilerchaibh, ⁊ do Cloinn t-Suibhne an tíre fęin .i. Sliocht Domnaill mic Eóin Meic Suibhne go sochraide an iarla amaille le a dhęrbrathair lé Toirrdhealbhach mac Donnchaidh. As ann tangattar an t-sochraide-sin uile h-i cęnn p.1668 aroile acc Ard na c-Cabócc bail a t-tęid Forghus isin muir. Ro ghluaiseadar iaramh do dhioghail a n-anffoladh for Uachtar Tuadhmhumhan tre oirthear Ó c-Cormaic, ⁊ tré imlibh ó f-Fęrmaic. Bá h-é slad ⁊ sír-eighęmh ⁊ iachtadh na n-anffann boí ag cur rabhadh reampa in gach maighin in ro ghabhsat. Lottar iaramh tré cloch-ród Coradh Finne, ⁊ lá dorus Innsi I Chuinn, ⁊ do Bhóthar na Mac Ríogh, ⁊ ruccsat drong dia n-daoínibh faidhbh ⁊ édala a Cill Inghine Baoíth, ⁊ nír bhó h-airrdhe buadha nó cosccair do Dhál c-Cais sarucchadh na ban-naoimhe. As eadh do-chuattar iaramh siar-ttuaidh tré c-coiccrich Corca M' RuadhBóirne. Ro léiccsiott scceimhelta sccaoílte ar fud an tíre uatha go ro teacclamadh leó creacha an tíre uile ria n-adhaidh go h-aon-mhaighin. Ro ghabhsat longport iaramh, ⁊ nír bhó h-ionadh chumhsanta essidhe lá h-iachtadh ⁊ lá h-ęighmibh ban, ⁊ baintreabhthach ag accaoíne a n-imneadh a n-deadhaigh a n-díoghbhala. O 'd-chualaidh Domhnall mac Conchobhair Uí Bhriain, ⁊ Tadhcc mac Murchaidh an trom-sluagh-sin do thocht tairsibh ro thęcclaimsiot an líon as lia ro fhédsad do sluagh fo chedóir, ⁊ rangattar a c-comhdháil araile co Carn Mic Táil. At iad battar ina f-fochair ann sin p.1670 clann Emainn Mic Síthigh go n-glan-mhogal gall-ócclách tánaic trí h-oidhche riasan tan-sin tar Sionainn, ⁊ óccbhaidh Sleachta An Ghiolla Dhuibh mic Conchobhair mic Donnchaidh mic Domhnaill na Madhmann Mic Suibhne. Baí ann Uilleacc mic Riocaird Shaxanaigh mic Uillicc mic Riocaird A Búrc tánaic an lá roimhe-sin d'fiosrucchadh a bhráthar, Tadhcc mac Murchaidh Uí Bhriain. Ro chinnsiot ann-sin a h-aon-comhairle an slógh do lęnmhain, ⁊ ro ghabh Domhnall mac Conchobhair Uí Bhriain occa n-gręsacht im chalma do dhénamh, ⁊ as-bęrt friú, “A dhęgh-muintir” ar sé “Ro chualadhusa lá sęnaibh, lá sęnchadhaibh nách lé líon sluagh nó sochaidhe bęrar buaidh, ⁊ nách b-fuil bręithęmh as fíre as fíor re cathrae. Do-rónsat an lucht úd fairbricch, ⁊ iomarcradh foirn .i. ar n-ionnsaicchidh go' r c-crich n-dilis badhęin go ro chreachsat, ⁊ go ro oirccsęt ar muinteara. Ní fhuil isin lucht úd gidh líonmhar dhóibh acht cumasccach slóigh a h-ionadhaibh eccsamhlaibh, ní bá lainne leó tairisiomh oldás teicheamh diamadh deimhin leó rochtain a n-anmann as an maighin h-i c-coindrecfam”. Ro gabh greim tra an greasacht-sin do-bert Domhnall for a mhuintir, ⁊ ro thingheallsat dó gomadh báidh brathairsi nó bhiadh aca uile i n-aghaidh a namhat, ⁊ ro chinnsiot lucht bratha, ⁊ taisccéladh do chor uatha for an f-foslongport an oidhche-sin. Baoí Tadhcc mac Conchobhair Uí Bhriain, ⁊ Toirrdhealbhach mac Donnchaidh I Bhriain cona sochraide go feithmheach fuireachair lá taobh a longpuirt an oidhche-sin co solus trath eirghe do ló arnábharach. Ro asccnattar ręmpa lá h-ęirghe na gréine do Sliabh na n-Groighędh, ⁊ láimh clé lé Bél Atha an Ghobhann, ⁊ báttar slóigh an tíre ag maill-cheimniucchadh lá a t-taobh do theaccmhail friú, ro nochtsat a męirgeadha ęiteacha errleabhra lęth ar lęth, ar a aoi ro chinnsiot go céim dioghainn d'fhearsait Cille Mainchin do shaighidh Beóil an Chip gach n-díreach. Ro gabh Tadhcc mac Murchaidh, ⁊ an sluagh archęna ag grís imdhęrccadh Domnaill I Bhriain ar a fhod leó báttar gan ionnsaighidh an t-slóigh p.1672 n-aile uair báttar acc coimhimtheacht ard i n-aird fri aroile ó Bhaile Atha an Ghobhann go sin. Ráinicc Tadhcc mac ConchobhairToirrdhealbhach Ua Briain cona sochraide ar mullach chnuic Beoil an Chip ina n-inneall iombualta amhail ro ba lainn badéin. Báttar an sluagh n-aile ⁊ lucht na tíre agá t-tograim i n-acchaidh na leargan airde aggarbhe baí dia saighidh amhail as déine con-rangattar, ⁊ ria n-dol eadh diubhraicthe dóibh ro gabh sgeinm ⁊ sccáth éttroma ⁊ aerdhacht, claonadh, ⁊ corraidhe consapail TaidhccToirrdhealbhaigh gor ghabhsat ruaccadh fó chédóir chuca. Ro gabhadh ag a n-airleach, ⁊ ag á n-athchuma, ag a sleachtadh ⁊ acc á slaidhe na f-fictibh, ⁊ na t-triochtaibh, 'na n-dęisibh, ⁊ 'na t-triaraibh assin co Bęinn Formala. Nír bhó h-aon-chonair ro gabhsat na buidhne-sin uair do gabhsat an marc-sluagh láimh dhęs le fairrcce siar ⁊ na coisighthe soir-dheas gach n-díreach. Ar a aoí ro lęnadh go lán-urlamh gach drong dhíbh. Ro laccsat an marc-sluagh a n-aradhna dia n-eachaibh amhail as déine ro fhédsat, ⁊ do-dhechaidh Toirrdhealbach Ó Briain as dá marcach décc dia lucht lęnamhna do thoradh a n-ęisiomhail, ⁊ do luas a n-each go Cathair Ruis. Do gabhadh ⁊ do gonadh drong ele dá mhuintir. Ro gabhadh ann dna Tadhcc mac Conchobhair Uí Bhriain, ⁊ a mac Toirrdhealbhach uair do ansat-sidhe for an c-cnoc íshin uair bá dóigh leó go f-fosaighfeadh cách ina f-farradh. Ro gabhadh tra drong nár saoíleadh d'anacal d'fhíor mhuintir an iarla, ⁊ ro marbhadh dronga iomdha ele. Ro ba glórach badhbha, ⁊ brain-eóin, ⁊ eathaididhe aér, ⁊ faolchoin na fiodbhaidhi for sęthnachaibh saor-clann fó dháigh imaircc in aon-laoí-sin. Bá fęirde Uachtar Tuadhmhumhan go cęnn athaidh dia eisi an ro fáccbhadh do bhraighdibh, d'eachaibh, ⁊ d'éidędh d'arm, d'ordanas, ⁊ beós dia c-cęthraibh, dia n-innilibh fęin aca an lá-sin.

  12.  p.1674
  13. Muiris mac An Ghiolla Riabhaigh (.i. Ó Cléirigh) Uí Chléirigh, saoí h-i sęnchas, ⁊ h-i lęighionn, fęr soimm sochonáigh d'écc h-i Muintir Eolais, ⁊ a adhnacal i f-Fiodhnach Maighe Réin i n-ecclais Caillín.

M1574
  1. AOIS CRIOST, 1574. Aoís Criost, mile, cuicc ced, seachtmhoccat, a cęthair.

  2. Conn mac An Chalbhaigh, mic Maghnusa Uí Dhomhnaill do gabhail h-i fiull la h-iarla óu Esex h-i f-foslongport an iarla badéin, ⁊ a chor iaramh co h-Ath Cliath.

  3. Iarla Dęsmumhan do bhęith ag foghail, ⁊ ag inghręim a ęsccaratt i n-ęrrach na bliadhna-so, ⁊ briseadh dó ar Mág Carthaigh Mhór .i. Domhnall, mac Corbmaic Ladhraigh, ⁊ Mac Fingin (Donnchadh mac Domhnaill mic Fingin) do mharbhadh lá muintir an iarla, ⁊ ro ba damhna dobróin, i n-Dęsmumhain eisidhe. Ro marbhadh leó dna ócc consapal d'uaislibh Cloinne Suibhne .i. clann Donnchaidh Bacaigh mic Maol Muire mic Donnchaidh mic Toirrdhealbhaigh, mic Eocchain, mic Maol Muire, mic Donnchaidh go sochaidhibh do dagh-dhaoínibh oile genmothát.

  4. Tárraidh tra mac iarla Dęsmumhan (Sęan mac Semais) eitim n-gabala ar dhagh-bhaile daingęn do Trian Chluana Mheala diarbhó h-ainm Doire an Láir, ⁊ ro chuir bárda tairisi dia muintir d'iomcoimhéd an baile h-ísin. O 'd-chualaidh iustis na h-Ereann (Sir Uilliam Fitzuilliam) ⁊ iarla Urmumhan (Tomas mac Semais mic Piarais Ruaidh) an ní-sin ro athnuadhaigh gabhail an baile-sin a nua-fhola, ⁊ a sęn-fhola re cloinn iarla Dęsmhumhan, ⁊ ro fhógairsęt d'fęraibh Midhe, ⁊ Bręgh, do Buitlérachaibh, ⁊ d'Fine Ghall archęna dul do dhian-mhilleadh Lęthe Modha, ⁊ ní ro h-anadh leó gur ro saidhit a b-puiple ⁊ a b-pailliúin i t-timcheall Doire an Láir co ro gabhadh é leó fo dheóidh, ⁊ ro dícęndait an bharda uile lasan p.1676 iustis. Batar a dhaoíne, ⁊ a lucht conganta ag tréccadh iarla Dęsmumhan an oiręt-sin gur bó h-i comhairle ro chinn tocht h-i c-cęnd an iustis, ⁊ a bhęith dia óighréir, ⁊ rob ęiccęn dó Caislén na Mainge, Dun Garbháin, ⁊ Caonraighe do tabairt dó, ⁊ maithęmh ar gach ní ro milleadh eatorra ar gach taobh go sin.

  5. Sídh codach ⁊ caradradh do coimhcęngal eitir Bhrian mac Feilim Bacaigh Uí Neilliarla óu Esex, ⁊ turccnamh flęidhe do dhénamh iarttain la Brian ⁊ an iustis co maithibh a mhuintire do thochuireadh dia shaicchidh, ⁊ robtar subhach soimhęnmnach frí ré theóra n-oidhche cona láibh i f-farradh aroile. An tan bá h-áine dóibh occ ól ⁊ occ aoíbhnęs, h-i c-cęnn na rée h-í-sin ro gabhadh Brian cona brathair ⁊ cona mhnaoí lasan iarla, ⁊ ro cloidhmheadh gan choiccill a muintir uile, fiora, mná maca, ⁊ inghęna ina fhiadhnaisi badhéin. Ro cuireadh Brian iarttain, a bhęn, ⁊ a brathair go h-Áth Cliath, ⁊ do-rónadh cęthramhna comhroinnte díobh ann conadh amhlaidh-sin do-chuaidh críoch a c-cuireadh dhóibh. Ro ba lór d'fotha adhuatha, ⁊ urgráine d'Erennchoibh an oidheadh anabaidh, ⁊ an mídiach malarta, ⁊ mí-imberta-sin tuccadh for thighęrna Cloinne Aodha Buidhe Uí Néill, uachtarán, p.1678sinnsear Slechta Eoghain mic Neill NaoíghiallaighGhaoidheal Ereann d'urmhor cénmotha uathadh.

  6. Clann iarla Cloinne Riocaird .i. Uilliam, ⁊ Sęan do brisędh bręithre, ⁊ braithreasa for aroile, ⁊ amhsa mhór d'Albanchaibh ⁊ d'Éirennchaibh do fhosdadh lá Sęan A Búrc. Fuair iarla Urmumhan iáromh protexion dó, ⁊ do-rad braighde ré comhall don bhainríoghain ar laimh an iarla.

  7. Cioth cloich-shnęchta do f-fhearthain h-i Callainn Maii na bliadhna-so, bá h-examhail iongnath fearthain an chętha íshin, uair bátar dronga i n-Erinn na ro mhachtnaidh é acht amhail nach cioth n-aile, Batar drong n-aile ó ro tógbait tige trebar dhaingne, ⁊ o ro báidhit cęthra, ⁊ innile. Na guirt gęmhair ro bhaoí arna síoladh ráithe no lęith-bliadhain riasan tan-sin ro fháccaibh an cioth-sin ina lęrgaibh loma gan ioth gan fheór iad. Ro fhagbhaidh an cioth cédna bheós cudroma gach cloiche dá c-cuireadh do mhioll mhaoth-ghurm for na luirgnibh frisa m-bęnadh.

  8.  p.1680
  9. Mac Taidhcc mic Taidhcc Uí Ruairc do mharbhadh lá cuid do lucht lęnamhna na Breifne ar faithche Droma Da Ethiar.

M1575
  1. AOIS CRIOST, 1575. Aois Criost, mile, cuicc ced, sęchtmhoghatt, a cúicc.

  2. Rudhraighe mac Aodha (.i. Ua Domhnaill), mic Maghnusa, mhic Aodha Duibh Ui Domhnaill do mharbhadh i n-ędghaire i n-Dún na n-Gall la Cathaoir, mac Eóin, mic Tuathail Uí Ghallcubhair, ⁊ nochar laind lais-siumh ind sin.

  3. Robharta ro-thęsbaigh, ⁊ eallscoth aintiormaigh i samhradh na bliadhna-so coná fríth ędh aon-uaire do ló nó d'oidhche do fleochadh ó Bealtaine co Lughnasadh. Ro fhás ęsláinte urghranna ⁊ tęidhm turbróidh don tęsbach h-íshin .i. an pláigh. Baoí tra an tęidhm-sin co h-anffóill for Shaxanchaibh, ⁊ for Éireandachaibh i m-Baile Atha Cliath, i nd-Nás Laighęn, i m-Baile Atha Fhir Dhiadh, isin Muilęnn Cęrr, ⁊ i m-Baile Atha Buidhe. Rob iomdha dna ętorra sidhe, caislén gan choimhéd, innile gan aoghaire, ⁊ uasal-chorp gan adhnacal tria bithin an tędhma íshin.

  4. Iustis nua do thocht i n-Erinn .i. Sir Hénri Sidnei, isin f-foghmhar do shonnradh, ⁊ h-i c-cóicceadh Uladh ro gab port cetus, ⁊ bá h-amhlaidh baoí Ére for a chiontt na h-én-tuinn choccaidh ⁊ chęndairrce, ⁊ ro naidhm sidh, caradradh, ⁊ carthanacht etir Cenel c-ConaillEocchain, ⁊ coicceadh Uladh archęna fo bith bá h-aca táinicc h-i t-tír h-i t-tosach, ⁊ ro dhíochuir an iustís-sin co Saxaibh an t-iarla lé a n-dearnadh an gabhaltas for Ultoibh, ⁊ ro fheall for Chonn mac An Chalbhaigh, ⁊ for Bhrian mac Feilim Bacaigh .i. iarla ou Esex. Conn mac An Chalbhaigh Uí Dhomhnaill dna, ⁊ Conn mac Néill Óicc Uí Néill báttar i l-láimh i n-Áth Cliath do elúdh ré linn an iustis do thocht i nn-Erinn, ⁊ Conn Ua Domnaill do bhęith h-i foithribh ⁊ h-i fásaighibh a dhúithche badhéin gur chuir an iustis a phardún p.1682 chuicce. An iustis iaromh do dhul h-i t-tosach an ghęimreadh seachnon Mhaighe BreaghMidhe, ais-sidhe h-i Forthuathaibh Laighean, go ro shíodhaigh GoillGaoidhil Airtir MumhanMidhe, ⁊ Síol Rossa Failgi, ⁊ Clanna Conaill Cęrnaicch fri aroile. Luidh iarttain siar-dhęs gach n-díreach go Port Loairge, co h-Eochoill, ⁊ co Corcaigh im Notlaicc. Bá dírímh in ro mudhaigh do mheirleachaibh, ⁊ in ro díchęnd do drochdhaoínibh isna tíribh-sin triasa t-tudhchaidh gó sin.

  5. Coccadh eittir Shiol m-Briain an bliadhain-si. Clann Chonchobhair Uí Bhriain ⁊ clann Murchaidh Uí Briain do lęth don coccadh-sin. Clann Donnchaidh don lęith oile .i. an t-iarlaToirrdhealbhach. Ro creachadh ⁊ ro comhloiscceadh (d'fhoghail aon-oidhche) Tuath Ua m-BuilcTuath na Fęrna eitir indilibh, arbhar, ⁊ foirgneamh eitir thuaith ⁊ thearmann uile lásan iarla.

  6. Semus mac Muiris mic Sęain mic an iarla cona mhnaoí ⁊ cona cloinn do dhul d'ęgla Gall don Frainc isin earrach do shonnradh, iar n-denamh siothchana don iarla ⁊ do ShęanGallaibh.

  7. Aodh mac Baothghalaigh Mhég Flannchadha oide foircętail h-i f-fęineachus ⁊ h-i filidheacht, cęnnaighe fíona as luccha dob olc do bhręithęmhnaibh tuaithe i n-Erinn d'écc.

M1576
  1. AOIS CRIOST, 1576. Aois Criost, mile, cúicc céd, seachtmogatt, a sé.

  2. Mag Cartaigh Riabhach, Donnchadh mac Domhnaill mic Fínghin do écc adhbhar éccaoíne d'oireachaibh, ⁊ tóirsi do threabhthachaibh, ⁊ bróin do bhrughadhaibh a dhuithche badhéin, fęr do dęrsccaigh da shinnsear ⁊ dá nar dęrsccaigh a shoisęr, ⁊ a adhnacal i n-otharlighe a athar ⁊ a shęnathar i Tigh Mo Laga, ⁊ a bhrathair Eoghan Mág Carthaigh do d'oirdnędh ina ionadh.

  3. Uaithne mac Aodha Uí Dhiomasaigh do mharbhadh i fiull ina baile fęin i c-Cluain na n-Gamhan.

  4.  p.1684
  5. Colla, mac An Ghiolla Dhuibh, mic Conchobhair, mic Donnchaidh, mic Domhnaill na Madhmann, mic Eoghain, mic Eoin na Laithaighe Meic Suibhne, fęr go sén troda ⁊ tochair, ⁊ tighe n-aoidheadh consapal Dál c-Cais do écc.

  6. Baothghalach Ócc, mac Baothghalaigh, mic Muircheartaigh Mheg Flannchadha ollamh Dál c-Caisbręithęmhnas, ⁊ fęr tighe n-aoidhędh coithchinn do écc.

  7. Uilliam Ócc Mac An Baird, mac Corbmaic ollamh Uí Domhnaill lé dán, oide sccol, saoí dearsccaighthe h-i f-foghlaim ⁊ i n-aithne, post congbhala ⁊ cothaighthe d'aos foghlama ⁊ friochnamha do écc í n-Druim Mór an .22. Februari.

  8. Toirrdhealbach mac Tuathail Bailbh Uí Gallcubhair saoí duine oiręchta do mharbhadh la Connachtaibh an 16 do Nouember.

  9. Inghęn Uí Baoighill, Siubhan Ócc, inghęn Toirrdhealbaigh, mic Néill do bháthadh la .S. Sém ag foghlaim snamha ar abhainn an t-Sratha Buidhe.

  10. Eoin Modardha mac Meic Suibhne Bóghainigh do écc lá cáscc macaomh ócc aoidheadhach ro ba mó do sgél dia chineadh fęin an tan-sin.

  11. Conchobhar Ócc mac Donnchaidh Meg Uidhir, ⁊ drong d'uaislibh Fear Luircc do mharbhadh isin Triucha.

  12. Domhnall, mac Diarmada, mic Maoíleachlainn Mhé Gormain d'écc isin ęrrach, éin-fhęr gradha ro b'fhęrr tęist, ⁊ tuarasccbháil láimhe ⁊ einigh baoí dia chineadh ina comhaimsir.

  13. Mainistir mhór An Chabháin, ⁊ An Cabhán fęin uile ón chaislén mór anuas go h-abhainn do losccadh lé h-ingin Tomáis, mic an bharúin tre éd, ⁊ nir milleadh in én-bhaile etir Ghaoidhealaibh oiręd in ro millędh isin m-baile-sin.

  14. Creacha móra do dhénamh lá Brian Ua Ruairc isin Anghaile an bhliadhain-si.

  15. An iustis rémhraite Sir Henri Sidnei, ridire ar ainm, ar uaisle ar ghniomh, ar ghaiscceadh an iustis h-íshin, tocht dó im fhél Bríghde ó Chorcaigh co Luimnęch p.1686 maithe Mumhan eitir Ghallaibh, ⁊ Ghaoidhealaibh, ⁊ Dál c-Cais don lęith oile do thocht lais ina choimhtionól. Sídh da chóicceadh Mumhan do dhenamh dhó don chur-sin, sreith coinnmhędh, ⁊ ceithęrna, buannadha buna bairr do choscc, ⁊ do chor ar c-cúl lais. Ceileabhraidh do Mhuimhneachaibh iaromh, ⁊ rucc Síol m-Briain ina chaoímhtheacht lais go Gaillimh. Tangattar Uachtar Connacht ina dháil .i. iarla Cloinne Riocaird cona dhias mac, UillęcSęan, Mac Uilliam Iochtair, Sęan mac Oileurais mic Sęain, ⁊ Murchadh na t-Tuacch mac Taidhcc, mic Murchaidh, mic Ruaidhri Uí FlaithbhęrtaighSíol c-Ceallaigh cona c-coimhthionol. Ba h-é críoch na comdhala-sin na Gaillmhe, Dál c-Cais do chongmail i n-gioll ré comhall ⁊ ré h-aisecc do thabhairt uatha don lucht baoí occa n-agra, génmotha Domhnall Ó Briain namá ro thogh an iustis h-i serbís do fęin ós cionn conntaé An Chláir dá cęnnsucchadh ⁊ do-righne Domhnall ind sin, ar ro crochadh męirligh míbhésacha, ⁊ droch-dhaoíne, ⁊ díbhearccaigh lais. Ní rangas a lęs eallach d'ionnraithne, ná doras do dhruid an c-cęin baoí Domhnall i n-oificc. Do-chóidh an iustis iar síodhucchadh cáigh seachnoin Ereann (do neoch gusa rainicc) co h-Áth Cliath, ⁊ rucc clann iarla Cloinne Riocaird i n-gioll lér mhillsęt ó mhuintir na bainrioghna ag iarmóracht a n-athar riasan tan-sin. Iar n-dol go h-Áth Cliath don iustis gusna braighdibh-sin lais tainicc taom condailbhe ina cridhe go ro chędaigh do na braighdibh-sin lęth ar lęth .i. Siol m-Briain, ⁊ Búrcaigh (d'ettromucchadh dá n-aiccęntoibh) dul d'fiosrucchadh a c-caratt isna comhfhochraibh, acht namá na taidhledis tar tórainn ina t-tíribh bunaidh budhéin co ro chędaighędh-somh dhóibh doridhisi a tadhall nach tan n-aile. Ro gheallsat dó an ní-sin, ⁊ iar t-tocht co h-or a c-criche do chloinn iarla Cloinne Riocaird, ní ro comhaillsęt a n-gealladh, uair do-dheachatar dia n-dúthaigh, ⁊ at-bearatt foiręnn gur bhó do chęd a n-athar tangattar. Bá gar uair iaromh gur bhó h-aithreach dia thír an turus-sin óir tainicc an iustis fó chęnn chúicc p.1688 n-oídhche ina n-iarmhoireacht co h-Ath Luain, ⁊ rob éigęn dia n-athair .i. iarla Cloinne Riocaird baile Locha Riach, ⁊ a dhuthaigh uile eitir fhonn ⁊ fhęronn, cloich, ⁊ caislén do thairbęrt don iustis, ⁊ é fęin d'fogra mar brághaidh don bhainrioghain. Ruccadh an t-iarla iar sin co h-Ath Cliath, ⁊ ro cuireadh h-i c-carcair cumhang dia iomcoimhéd é bhail na cluinędh comradh carad na coiccéle. Ro fhágaibh an iustis drong do chaiptinibh h-i c-Cloinn Riocaird, ⁊ ro gabhsat-sidhe ⁊ clann an iarla occ lot, ⁊ occ láin-mhilleadh an tire ętorra co m-baoí an tír uile ina céide creach ⁊ comhruathair don chur-sin. Bá dírimh dna in ro mudhaidhędh do Ghallaibh ⁊ do Gaidhelaibh, ⁊ in ro malartnaigheadh d'almhaibh, d'étibh, ⁊ d'innilibh ętorra i f-foghmar, ⁊ h-i n-gęimhreadh na bliadhna-so. Diamhra, ⁊ droibheóil, ⁊ slebhte corrachae cęnt-gharbha, ⁊ cnoc-choillte comh-aimhréidhe bá sędh cuid cloinne an iarla dia n-dúthaigh an tan-sin. Ard-phuirt oireachais an tíre, ⁊ tolcha taobh-ghlana taithnęmhacha na criche badar iad Goill ro ba codhnaigh dóibh. Do-deachaidh bheós Emann mac Uilliam A Búrc ó Chaislén an Barraigh h-i rann chloinne an iarla, ⁊ bá sędh do-rala dhó asa loss, an iustis do ghabháil Caislein Barraigh fair, ⁊ é fęin do ionnarbadh cona mhnaoí, ⁊ cona chloinn h-i c-Clointt Riocaird.

  16. Iarla ou Esex do thocht os cęnn cóicchidh Uladh an bliadhain-si iarna ionnarbadh lásan iustis Sir Henri Sidnei an bliadhain roimhe, ⁊ a thocht h-i t-tír i n-Áth Cliath, ⁊ bá marbh ria c-cionn coicthidhisi é do thęidhm galair obaind ⁊ ro cuireadh a léne, ⁊ a chridhe gó a chairdibh i n-inncomhartha a oidheadha.

  17. Presidens nua do thocht ós cęnd dá chóicceadh Mumhan an bliadhain-si Uilliam Druri a ainm, ⁊ Tuadhmhumha do deadhail ré cóicceadh Connacht ⁊ a chur lásan Mumhain. An presidens cédna do bęith ag siubhal ar bailtibh móra na Mumhan do dhlúthughadh reachta ⁊ riaghla do mhilleadh męirleach ⁊ m-bithbheanach, ⁊ ro básaigheadh An Bároideach lais, ⁊ dá ócc-chonsabal uaisle urramhanta do Shliocht Mhaol Muire mic Donnchaidh mic Toirrdhealbhaigh .i. mac do Murchadh p.1690 mac Maol Muire, ⁊ mac do Dhomhnall, mac Maol Muire. Do-chóidh aisidhe co Luimneach, ⁊ ro crochadh lais drong d'uaislibh, ⁊ d'anuaislibh Shíl m-Briain co sochaidhibh oile cenmothát.

  18. Semus Mac Muiris do bęith isin f-Frainc an bliadhain-so.

  19. Rudhraighe Ócc mac Rudhraighe mic Conuill Uí Mhordha, ⁊ Conchobhar mac Corbmaic, męic Briain Uí Conchobhair do bęith h-i c-cęithęrnus coilleadh ar Ghallaibh an tan-so, ⁊ an ro bhaoí beó do Sliocht Rossa FailccighConaill Cearnaigh do ghabhail leó. Bá gar iaramh gur bhó cédach conghaireach an lucht h-ishin. Ro loiscceadh ⁊ ro léir-scriosadh leó dréchta dęrmhara do Laighnibh don Mhidhe ⁊ d'Fine Ghall.

M1577
  1. AOIS CRIOST, 1577. Aois Criost, mile, cuicc céd, seachtmoccat, a secht.

  2. Conn mac Briain mic Eocchain fęr rob ócc n-aoisi, ⁊ ro ba foirfe i n-eineach, ⁊ i n-eangnamh do écc.

  3.  p.1692
  4. O Catháin do bhathadh isin m-Banna .i. Aibhne mac Con Muighe mic Ruaidhri an RútaRuaidhri mac Maghnusa, mic Donnchaidh do oirdneadh ina ionadh.

  5. Meadhbh inghęn Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, bęn baoí ó thus ag Mac Gille Eoain i n-Albain, ⁊ ag Domhnall Cléreach Ó Catháin as a h-aithle, bęn fuair an saoghal go sona sénamhail sochonaigh, ⁊ ro ba mór ainm ⁊ ęrdęrcus clú einigh, ⁊ fhir-bhés, ⁊ ro chaith aimsir fhoda ag dénamh crabhaidh i n-Dún na n-Gall co b-fuair bás iar c-caoín-ghníomhaibh i c-cęnd sęcht m-bliadhan ar cęithre fichtibh.

  6. An Dubhaltach mac Néill Óicc Mic Suibhne do Cloinn t-Suibhne Tíre Bóghaine do mharbhadh occ an m-Badhún Maol la Domhnall Ócc mac Maol Muire fear dearsgaighthe deigh-dhelbhdha ro ba maith lamh ⁊ oineach An Dubhaltach íshin.

  7. Domhnall mac Somhairle Buidhe mic Alaxandair, mic Eóin Cathanaigh mic Mec Domhnaill do mharbhadh lá h-Ua Néill.

  8. Onora inghęn t-Sémais mic Muiris, mic Tómais, mic an iarla, bęn Piarais Buitiler mac Semais mic Emainn mecc Piarais do écc.

  9. Mac Briain Charraigh mic Corbmaic do mharbhadh lá sluagh Uí Néill.

  10. Toirrdhealbhach mac an abaidh Uí Dhuibhidhir fęr tréidheach tuiccseach, scél mór ina duthaigh fęin do écc.

  11. Mág Gormáin Tomás Ócc mac Tomáis mic Maoílęchloinn Duibh do écc, ⁊ a bhrathair Seóinín d' oirdneadh ina ionad.

  12. Alastrann, mac An Chalbhaicch, mic Toirrdhealbhaigh, mic Eoin Charraigh, do mharbhadh h-i c-comhrac la mac Teabóitt Buidhe Mhég Seóinin i n-doras na Gaillmhe, ⁊ nír bhó h-iomdha mac gall-óglaigh i n-Érinn in tan-sin ro ba mó faghaltas, ⁊ ro ba tiodhlaictighe toirbęrtaighe inás.

  13.  p.1694
  14. Tadhcc mac Murchaidh, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc Ui Bhriain do écc cén go ro saoíleadh a écc ré h-adhart amhlaidh-sin ar a mhence baoí i n-deabhthaibh duilghe, ⁊ i m-bearnadhaibh baoghail, géarrad ar ghaiscceadh, bęithir ar beódhacht ⁊ ar lonngaircce an laoich-mhilidh-sin.

  15. Uilliam mac Donnchaidh Riabhaigh mic Taidhcc Dhuibh Uí Cheallaigh do écc i n-Áth Cliath h-i c-caoímhtheacht Caiptín Maulbi, ⁊ ní thainic i t-Tír Maine ro ba mó do sccél inás.

  16. O Ceallacháin .i. Donnchadh mac Taidhcc Ruaidh mic Uaithne mic Cathaoír do écc ⁊ O Ceallacháin do ghairm do Cheallachán mac Conchobhair mic Donnchaidh.

  17. Feall urghranna adhuathmhar do dhénamh lá Gallaibh LaigheanMidhe ar an męid baoí ina rann fęin, ⁊ ro an for a n-ionchaibh do Uíbh Failghe ⁊ do Laoighis. Bá h-amhlaidh do-rónadh ind sin. Ro toghairmeadh iad uile dia t-taisbénadh gusan líon as lia nó caomhsadaoís do thabairt leó go ráith mhóir Mhullaigh Mhaistean ⁊ iar rochtain dóibh gusan maighin-sin, ro h-iadadh cęithri srętha ina n-uirtimceall p.1696 ima c-cuairt do shaighdiúiridhibh ⁊ do mharc-shluagh, ⁊ ro gabhadh occ á n-diubhraccadh gan dhicheall, occa mudhucchadh ⁊ occ á mór mharbhadh coná térna sceolanga, ná elaitheach ass a m-bęthaidh díobh.

  18. Sęan mac Semais, mic Sęain, mic an iarla do ghabhail lásan presidens .i. Uilliam Druri h-i c-Corcaigh, ⁊ a chor co h-Áth Cliath dia choimhéd airm a m-baoí Riocard A Búrc iarla Cloinne Riocaird, ⁊ ní ro h-aisneidheadh créd ro ba coir dhó. Clann an iarla-sin Cloinne Riocaird do bęith síodhach re Gallaibh, ⁊ eissiodhach ré Tuadhmhumhain.

  19. An presidens rémraite do thocht i t-Tuadhmhumhain coicthidis ria f-féil Eóin go sochraide mhóir do Ghallaibh, ⁊ go maithibh dá chóicceadh Mumhan, ⁊ a bęith ocht lá i n-Inis occ congmháil chúirte, ⁊ iarna fhęimdheadh do Dhál c-Cais dul fó chíos dá prionnsa, ro fháccaibh marasccál co b-fędhain mearda miothuiccsigh occa míniughadh. p.1698 Soais an presidens tar a ais co Luimneach iaromh, ⁊ do ghabh ag díchęndadh urradh ⁊ easurradh na c-cęndtar c-comhfoccus do Luimneach. Ro ba díbh-sidhe Murchadh mac Muirchęrtaigh, mic Mathghamhna, mic Donnchaidh, mic Briain Duibh Uí Briain, aoin-fhear bá fearr ainm ⁊ uaisle d'oighredhaibh Cairrge Ó c-CoinnellĘtharlach.

  20. Iarla Tuadhmumhan (Conchobhar mac Donchaidh, mic Conchobhair Uí Bhriain) do dhul h-i Saxaibh d'éccaoíne a imnigh ⁊ a anfforlainn frisan m-bainríoghain, ⁊ fuair paitent ar a dhuthaigh, ⁊ ar a bailtibh, ⁊ ar bhęthaidhibh urmhóir Tuadhmumhan, ⁊ bheós pardún coitchęnd dia dhaoínibh, ⁊ ticc iaromh tar ais im Notlaiccgo n-onóir ⁊ co n-airmidin móir d'faghbhail ona phrionnsa, ⁊ andar lęis féin fuair a dhuthaigh saor ar ainbhręthibh oifficceach o shin amach. Ar a aoi ro lá an marusccál daoíre dhíchumhaing forra-somh résiú táinic an t-iarla gur bhó h-ęigęn dóibh dul fá phinginn don prionnsa .i. deich b-ponnta isin m-barúntacht, ⁊ bá h-isin céd-phinginn Cloinne Cais.

  21. Coccadh eittir iarla Dęsmumhan (Gearóid mac Semais mic Sęain) ⁊ Mac Muiris Ciarraighe .i. Tomas mac Emainn mic Tomais, Baile Mic an Chaim do ghabháil lásan iarla for Mac Muiris. An t-abb ócc ó d-Tórna do dhul i rann an iarla, ⁊ a mharbhadh i n-dorus Leice Snámha d'urchar piléir iar n-dul don iarla imón m-baile, ⁊ muna dearntaoí d'ulc ętorra, acht oidheadh an abbaidh íshin ro badh lór a mhéd d'easbaidh. Ro marbhadh dna, ⁊ ro báitheadh sochaidhe do mhuintir Mic Muiris isin ló chédna. Bátar athaidh amhlaidh-sin h-i c-coccadh fri aroile p.1700 co n-dearnsat sídh fo dheóidh, ⁊ ro h-aisicceadh Baile Mic an Chaim, ⁊ a braighde do Mac Muiris, ⁊ nuimhir dírimhe do bhó-tháintibh ⁊ groighibh.

  22. Aodh Ócc mac Aodha mic Sęain Buidhe Még Mathghamhna do dhol ar siubhal ar mhuintir Mhég Mathgamhna, ⁊ Mag Mathghamhna fęin do bręith fair .i. Art mac Briain na Muicheirghe, mic Remainn, mic GlaisneAodh do mharbhadh lá Mág Mathgamhna, ⁊ lá a mhuintir, ⁊ as suaill ma ro bhaoí do Chlandaibh na c-Colladh ina ręimhęs a comhmór do écht ar a inmhe fęin ⁊ nír bhó cudroma a ainm ⁊ a iomradh, ⁊ ainm an tí lasa t-torchair.

  23. Rella iongnáth do artrughadh i n-oir-dhęs isin céid-mhí do ghęimhreadh, ⁊ crom-stuagh urcromh ionbhogha eiste amhail shaighnén sholusta, nó soillsighędh a dhealradh an talamh ina h-uirthimcheall, ⁊ an fhirmament etirbhuas, occus at-cęs an rélla h-íshin in gach ionadh i n-Iarthar Eorpa gur ro iongantaighsęt cách h-i c-coitchinne í.

  24. Sémus mac Muiris do bęith isin f-Frainc bheós an bhliadhain-si.

M1578
  1. AOIS CRIOST, 1578. Aois Criost, mile, cúicc cétt, sęchtmhoccat, a h-ocht.

  2. Mac Uí Néill .i. Enri mac Toirrdhealbhaigh Luinigh mic Neill Chonallaigh, mic Airt mic Cuinn do dhul sluacch h-i t-Tír Conaill ar mac Uí Ghallchubhair .i. Maol Cabha mac Cathaoír mic t-Toirdhealbhaigh Óig. Iar n-imthecht dá slócch uadha do cruinniucchadh creach, ⁊ do arccain an bhaile do-rala mac Uí Ghallchubhair alla imuigh don bhaile an tan-sin, ⁊ ro ionnsaigh an t-ócc-macaemh iarna fhaghbhail i n-uathadh sluagh, ⁊ ní tard anacal n-dó, acht a chloidhmheadh gan choiccill, ⁊ a airleach ar an lathair-sin. Bá fęrr d'Eoghanchaibh ná tiaghdaoís an turus-sin.

  3. Mácc Flannchaidh Dartraighe d'écc .i. Cathal Dubh mac Fęradhaigh, ⁊ a mac Cathal Ócc do ghabhail a ionaidh.

  4.  p.1702
  5. O Broin (Tadhcc Ócc) d'écc iar sęndataidh, ⁊ O Broin do ghairm do Dhúnlang mac Emainn Uí Bhroin.

  6.  p.1704
  7. O Duibhghęnnáin Cille Ronain (Dolbh mac Dubhthaigh) ollamh Ua n-Oilealla saoí sęnchaidh fęr tighe aoidhędh coitchinn congairighe, fęr suilbir, soingthe soagallmha d'écc, ⁊ a mhac Maol Muire do ghabhail a ionaidh.

  8.  p.1706
  9. Rudhraighe Ócc mac Rudhraighe Caoích, mic Conaill Uí Mhordha do thuitim lá Brian Óg mac Briain Meic Giolla Pattraicc. Bá h-é an Rudhraighe-sin cęnd foghladh, ⁊ díbęrccach fhęr n-Ereann ina ręimhęs, ⁊ nir bhó męnmarc lá neach aén-erchor do chaithęmh i n-acchaidh na corona go cęnn athaidh dia éisi.

  10. Piarus Buitilér mac Semais mic Emainn méc Piarais d'écc. Bá do theann-maithibh Gall Mumhan eisidhe.

  11. O Ceallacháin do bhathadh i n-Abhainn Mhóir .i. Ceallachán mac Conchobhair, mic Donnchaidh mic Taidhcc Ruaidh, ⁊ bá d'ainimh a dhaithe ro imtigh riasiú ro chaith bliadhain iomlán i n-aireachas a athardha etir bhás a shęnathar ⁊ a bháthadh fęin; mac an priora Uí Cheallacháin d'oirdneadh ina ionadh .i. Conchobhar na Cairrcce, mac Diarmata mic Taidhcc Ruaidh, mic Uaithne mic Cathaoír.

  12. Sláine inghean Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Briain Catha an Aonaigh d'écc. Bęn sidhe Bhriain mic Donnchaidh Bhacaigh, mic Murchaidh Chaoích mic Briain Méc Mathgamna, bęn do chaith a h-aimsir gan imdearccadh go b-fuair bás iar sęndataidh.

  13. Síoda mac Mhec Con, mic Síoda, mic Mec Con, mic Síoda, tanaiste an taoibhe thoir do Cloinn Cuiléin do mharbhadh ar Sliabh Eachtghe acc toraighecht ar fhuadan creiche ar cęithirn Cloinne Riocaird.

  14. O h-Eidhin Ruaidhri an Doire mac Floinn, mic Concobhair, mic Floinn do écc, fęr co m-buaidh n-einigh ⁊ n-ęngnamha ó thuisdin gó a thogairm, mac a dhearbhrathar d'oirdneadh ina ionadh .i. Eoghan Manntach mac Emainn.

  15. Maoílir mac Uateir, mic Sęain, mic Maoilir A Búrc, sirriam chonntae Maighe Eó do mharbhadh i c-Caislén na h-Elle ar iondsaighidh aidhche léna bhrathair p.1708 .i. lé h-Emann, mac Tomáis an Machaire, mic Maoílir tre iomfhormat fhocail oireachtais do-rala ętorra an lá riasan adhaidh-sin.

  16. Liathdruim Mhuintire h-Eolais do ghabháil lé caiptin Saxanach do mhuintir Niculais Maulbi ar Ua Ruairc i n-earrach na bliadhna-so, ⁊ Druim Da Ethiar do briseadh lá h-Ua Ruairc, Brian, mac Briain, mic Eoghain. Liathdruim iaromh d'fáccbháil lá Gallaibh ag cloinn Taidhcc Uí Ruairc, ⁊ an baile cedna do ghabháil lá h-Ua Ruairc gar bęcc iar sin do cęd Gall ⁊ do nęimh-chęt chloinne Taidhg.

  17. Ardiustis na h-Ereann .i. Sir Hanrii Sidnei do dhol go Saxoibh .i. fo Samhain, ⁊ Caiptin Maulbi do dhol lais, ⁊ Uilliam Druriie ina ionad .i. an president baoí os cęnd dá choícceadh Muman. Rucc trá an iustis iarla Cloinne Riocairtt lais .i. Riocard mac Uillicc, mic Riocaird mic Uillicc, ⁊ a mac Uilliam Búrc dia t-tabhairt ar cumas comhairle Saxan.

  18. Iarla Cille Dara, Gearoid, mac Gearoid (baí h-i Saxoibh frí ré a dó nó a trí do bhliadhnaibh roimhe-sin fo rest) do thęcht i n-ÉrinnNodlaicc Mór.

  19. Tomas, mac Pattraicc, mic Oiliuéir Ploingcéd tighearna Luchcmaigh do mharbhadh lá Mag Mathghamhna .i. lá h-Art mac Briain na Moichéirghe mic Remainn, mic Glaisne.

  20. Seineasccal na Conntae Riabhcha ar n-dénamh coinne cheilcce lé Fiacha mac Aodha, mic Remainn, mic Sęain, o Ghlęnn Maoil Ughra. Ro fęs lá Fiacha p.1710 imorro gurab dochum chelcce ro innill an Seinęsccal an choinne íshin, ⁊ ro innill-siumh celcc ele ina urchomhair-siumh go ro marbhadh céd do ghillibh ócca ⁊ d'urradhaibh na Conntae RiabhchaFiacha don chur-sin cénmothá daosccar-sluacch.

  21. Brian mac Cathaoír Chaomhánaicch, mic Airt, mic Diarmatta Laimhdercc do écc.

  22. Sęan mac Domhnaill, mic Tomais, mic Taidhcc Mécc Flannchadha ollamh iarla Dęsmumhan lé bręithęhnus d'écc. Ní bhaoí dna mac bręithęman tuaithe i n-Erinn an tan-sin rob fęrr treabhaire ⁊ tighędas inás.

  23. Iarla Cloinde Riocaird i l-laimh bheós i l-Londaind.

M1579
  1. AOIS CRIOST, 1579. Aoís Criost, mile, cuicc cett, sechtmoghatt, a naoi.

  2. Domhnall mac Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Briain Chatha an Aonaigh Uí Bhriain d'écc iar c-caithęmh cóicc m-bliadhan sęsccatt dia aoís iar sęsccatt dia aoís iar seircclighi fhoda, iar n-aithrighe ionmholta, iar m-buaidh ó dhomhan ⁊ ó dhaoínibh, ⁊ a adhnacal co n-onóir ⁊ co n-airmidin i Mainistir Innsi ⁊ a mac Toirrdhealbhach do oirdneadh ina ionadh. Conadh d'fhoraithmhęt a bháis at-rubradh

    1. Míle cúicc ced, ciallda an sdair,
      seacht n-deich, ocht m-bliadhna, is bliadhain
      ó bhás Domhnaill nar damh locht,
      gur thoirling mac Dé i n-daonnacht.

  3.  p.1712
  4. Onóra inghęn Donnchaidh, mic Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc Uí Bhriain d'écc. Sccél mór i l-Lęith Mogha isidhe.

  5. Sir Eduard Phitun tresener d'écc.

  6. Rolont Ustas mac Tomais, mic Risdęird d'écc.

  7. Aodh, mac Sęain, mic Rémainn, mic Sęain, mic Aodha, mic Domhnaill Ghlais d'écc. Bá h-esidhe sinnsear Gaibhle Raghnaill, ⁊ tighearna Ghlinne Maoíl Ughra cogthóir ⁊ creachthóir a comharsan Gall, ⁊ Gaoidhel.

  8. O Sęchnasaigh Diarmaitt Riabhach, mac Diarmatta, mic Uilliam, mic Sęain Bhuidhe ⁊ mac a dearbhrathar, Uilliam, mac An Giolla Duibh, mic Diarmata do chomhthuitim re 'roile i c-ceilcc do-rónadh lá h-Ua Seachnasaigh for cionn Uilliam h-i c-comhfochraibh Árda Maol Dubháin. Do-rochair Uilliam fó chédóir. Gidh é Ó Seachnasaigh ro créchtnaiccheadh esidhe, ⁊ ro écc gar uair iarsin.

  9. O Seachnasaigh do gairm iaromh do Sęan mhac An Ghiolla Dhuibh.

  10. Toirrdhealbhach na Coissi Croinn, mac Maol Muire, mic Donnchaidh, mic Toirrdhealbhaigh, mic Ruaidhri Mec Suibhne, do thuitim lá Brian Ballach, mac Maol Muire, mic Donnchaidh, mic Briain Mhec Suibhne i n-doras Corcaighe.

  11. Captín Malbí do thoidheacht i n-Érinn maille lé tiodhlaictibh móra ón b-Prionnsa.

  12. Brian na m-Barrócc, mac Maol Muire, mic Donnchaidh Mec Suibhne dearbhrathair don Toirrdhealbhach rémhráite d'écc.

  13. Semus, mac Muiris Duibh, mic Sęain, mic Tomais, mic an iarla do theacht asin f-Frainc, ⁊ ad-berthí a thocht loingęs ba líonmhaire iná mar tháinic. Bá h-ann p.1714 ro gabh port i n-Oilén in Óir lá taobh Daingin I Chúis i c-Ciarraighe. Baí iarla Dęsmhumhan i f-foslongport i c-Cuillęnn ó c-Cuanach acc tionnsccnatth caisléin do dhénamh, ⁊ do-chóidh fo thuarusccbháil an cobhlaigh-sin do-chualaidh do thocht i c-Ciarraighe. Táinicc bheós i c-comhdhail an coblaigh cedna ard-marusccál dá chóicceadh Mumhan, Artúr Carter a chomhainm, ⁊ maighistir Dáuid, ⁊ a m-baoí do mhuintir na banrioghna uile isin Mumhain. Tangatar ann dna braithre an iarla Dęsmumhan .i. dá mhac ócca Shémuis, mic Sęain, mic Tomáis .i. Sęan, ⁊ Sémus Ócc, ⁊ ro baí cuid dóibh-sidhe a t-tarraing Shémais mic Muiris, ⁊ tuccsat ionnsaicchidh oidhche ar an marusccál, ⁊ ar mhaighistir Dauid i t-Traigh Li, ⁊ ro dícęnnaitt leó iatt ar a c-coilcibh codalta, ⁊ ar a lęptoibh lighe. Tuccsat iaromh Semus i t-tír ⁊ do-chódar diblínibh fo choilltibh na Claonglaisi, ⁊ na Coilleadh Móire. Luidh Semus for a chéd-eachtra iar t-teacht i t-tír asna coilltibh-sin go líon a mharcach ⁊ a troightheach d'urlár Ó c-Conaill Ghabhra, ⁊ tré Chloinn Uilliam, ⁊ ro ghabhsatt acc orccain gach ionaid gus a rangattar. Ro gabhsat an tír acc tęcclamadh, ⁊ acc tionol ina n-iarmhóireacht. Táinic ann cédus clann Uilliam Búrc, mic Emainn .i. TepóittUillecc, ⁊ ro chuir Tepóitt teachta i t-Tuaith Aésa Gréine dá fhoccra do Mhac Uí Briain Ara, teacht do thofand an p.1716 trétura as an tír, ⁊ ro chuir Mac Uí Bhriain buidhęn ghall-ócclach, ⁊ gíomanach go Tępóitt. Ro lęnsat iaramh lorcc na laoch-bhuidhne conus-tárrattar Sémus iar m-bęith 'na chomhnaidhe for a c-cionn i c-coill chliothair diamhair. Ro fighędh iomairecc etir na cumascc-bhuidhnibh íshin, ⁊ ro h-aimsędh Semus go h-indell direach d'urchor do pheilér h-i f-forfholamh a chleibh ⁊ a compair gur bó damhna oidheadha dhó. Ar a aoí ro sraoíneadh lais ar triath-bhuidhnibh na toraigheachta. Do-rónadh echt mór ann-sin uair ro marbhadh Tepoitt A Búrc, ⁊ baoí saith iarla d'oidhre san óicc-mhilidh-sin, ar chrodhacht, ar chęndas fędhna ar foghlaim bérlabésccna. Ní cian ón cath-lathair do-chuaidh Semas mac Muiris an trath tainicc anffainne écca da ionnsaighidh, ⁊ do-róine a thiomna lé bęgán briathar, ⁊ ro aithin dia shain-mhuintir a díchęndadh ar na faghbhaittis a easccairde lé a aithne, nó ré a oirleach é.

  14. Bá h-ann baoí ard-iustis na h-Ereann Sir Uilliam Drurye in ionbhaidh-sin i c-Corcaigh Mhóir Mumhan. Iarla Chille Dara, ⁊ Sir Niculas Maulbi cona sochraite ina fharradh annsin. Tucsat-sidhe aghaidh ar chonntae Luimnicch co ro ghabhsat longport i c-comhfochraibh Cille Mo Cheallócc. Tánaic iarla Dęsmumhan ina c-cęnn annsin, ⁊ baoí acca chor h-i c-ceill coná baoí cuid dó féin a t-tarraincc Sémais mic Muiris, na bheós a mí-ghníomh dá n-dearnsatt a bhraithre, ⁊ do-rad a aon-mhac oidhreachta don iustis a n-gioll lé tairiseacht ⁊ lé comhall do choróin t-Saxan. Ro tinghelladh don iarla gan a thír do mhilleadh ní badh mó, ⁊ gé ro gealladh ní ro comhaillędh, óir do díolaithriccheadh a dhaoíne ⁊ a innile. Ro loiscceadh a arbhar ⁊ a fhoirccnęmh.

  15.  p.1718
  16. Ro fhaoídh iaromh an iústis on c-campa-sin Chille Mo Cheallócc, a trí nó a cęthair do chaptínibh co c-cęithribh cédaibh do shaighdiuiribh GalldaGaoidhelcha do chuartucchadh na Coillidh Móire dus an f-fuighbhittis drong éiccin dia ęsccairdibh. Do-rala ętorra ⁊ clann ócc iarla Dęsmumhan .i. SęanSemus Ócc, ag Gort na Tiobratt, ⁊ ro fighędh iorghal ainttreannda ętorra co ro sraoíneadh for mhuintir an iustis, ⁊ co ro marbhadh triúr dia c-caiptínibh .i. Captín Hoiribęrt, Captin Ústas, ⁊ Captín Spris go t-tríbh cédaibh, amaille friu, ⁊ térnattar scceólanga uatha gusan c-campa. Rucc an iustis a champa iaramh go Bél Atha na n-Déise i c-cęirtmędhón Cliú Mháil mic Ugaine, ⁊ ro ghabh galar a écca an iustis, ⁊ ro fháccaibh Captin Maulbi le h-acchaidh coccaidh Gearaltach, ⁊ ruccadh an iustis i c-carpatt co Port Lairge co f-fuair bás annsin, ⁊ bá h-é iustis do tocchadh ina ionat i c-cúirt Atha Cliath duine uasal do mhuintir na bainríoghna tainic anoir isin t-seachtmhain-sin féin .i. Sir Uilliam Pellham do coimhéd criche BręghMidheFhine Ghall ar Clandaibh Nell ⁊ ar Ghaoidhealaibh Lęithe Cuinn, ⁊ Laighęn an c-cęin nó biadh an iustis-sin ro écc, ⁊ Captín Maulbi acc míniucchadh Muimhneach. Tánaic tra iarla Urmumhan i n-Erinn isin t-sechtmain cedna, iar m-bęith trí bliadhna toir riasan tan-sin.

  17. Iomthusa Captin Maulbi, tanicc co Luimneach iar n-écc an iustis d'athnuadhucchadh a armala, ⁊ d'fhaghail bhídh dia bhuannadhaibh, ⁊ do-chóidh asidhe go h-Ęs Gebtene, ⁊ bá h-é an lái-shin tangattar clann ócc iarla Deasmumhan d'iarraidh gona nó gabhala i c-conntae Luimnigh, ⁊ tarla iatt ⁊ an captín tul i t-tul gé ro fhédsat a sheachna, ⁊ a iomghabhail. Ro figheadh ócaindęr crodha ętorra. Ro fręstladh, ⁊ a iomghabhail. Ro figheadh scaindęr crodha ętorra. Ro fręstladh, p.1720 ⁊ ro friothóileadh an sluagh Gaoidhealach lá muintir an captin go ro sraoíneadh forra fó dheóidh go ro marbhadh Tomas, mac Sęain Óicc, mic Sęain, mic Tomais, mic an iarla, ⁊ Eocchan mac Emainn Óicc mic Emainn, mic Toirrdhealbhaigh Mec Sithigh go n-druing móir do consaplaibh Cloinne Sithigh, ⁊ co sochaidhe do mhuintir cloinne an iarla amaille friú. Ro faccbhadh édala aidhble airm, ⁊ edeadh ag muintir an captín don chur-sin. Bá acc an Aonach m-Bęcc ro ficchędh an iorgal íshin. Baoí an captin iaramh a n-gar do seachtmain i n-Eas Gebhtine, ⁊ Gearaltaigh ar gach laé ag gealladh buailte do thabhairt dó, ⁊ ní ro chomhaillsiot ind sin. Ro briseadh mainistir an bhaile lasan c-captin, ⁊ tęid assin co h-Áth Dara, ⁊ baoí ann-saidhe acc cęnnsucchadh na c-comharsan co t-tánaic an iustis nua Uilliam Pellham, ⁊ iarla Cille Dara, ⁊ iarla Urmumhan dia nęrtadh, ⁊ ro gabsat uile longport i c-Conallcoibh. Ní táinicc iarla Dęsmumhan ina c-cęntt don chur-sin, uair ro dian-mhilleadh a dhuthaigh, ⁊ ro h-ádhbhail-sccriosadh a h-aittreabha iarná thinghealladh dó remhe-sin gan a milleadh idir. O do-deachaidh an t-iarla i m-báidh a bhráithreach as i comhairle ro chinnsiot Goill a m-bardadha d'fagbáil ina bailtibh .i. Loch Gair An Rath Mhó, Caislén Muirisin, Ath Dara, ⁊ Cill Mo Cheallócc, ⁊ iatt fęin do dhol dia t-tighibh iaromh. Ar a aoí-sin tra nír bhó sóinmheach don tír uile o tá Luachair Deadhaidh co Siuir, ⁊ o Chęnd Feabhratt co Sionainn, uair gach port, gach baile, gach arbhar gach aitiucchadh gusa rangattar p.1722 clann an iarla ętorra-sin ro ghabhsat gá m-blodhadh, gá m-brisędh, gá n-dódh, ⁊ gá n-dian-losccadh ar uamhan Gall dia n-aitrebhaibh. Gach tęgh, gach tęghdhais, gach síocc, gach staca gusa rangadar Goill do-radsat an midhiach cedna forra ar ulca le Gearaltachoibh. Ro fáccbadh an tír ętorra de-sidhe ina h-aon-chlár coimhręidh, gan ioth, gan fhoirccnęmh. Do-taod iaramh iarla Dęsmumhan cona braithribh, ⁊ gusan lion as lia ro fhédsat do chreach-losccadh RóisteachBarrach i n-Uibh Liatháin, ⁊ i n-Uíbh Mac Caille. Ro suidhiccheadh longport leó lé h-acchaidh Eochoille co ro gabhadh an baile leó fó dheóidh. Rob iomdha tra edala ⁊ iolmhaoíne an bhaile íshin. Ro croitheadh lá Gearaltachaibh ina f-fuairsiot do mhaithęs ann genmothá an ro chuirsiot cęndaighthebuirgęisigh an bhaile dia n-ór ⁊ dia n-airgęd i n-arthraighibh uatha ria n-gabháil an bhaile. Rob iomdha bocht dinnimh dęroil do-chóidh i somhaoín ⁊ i saidhbhręs lá h-édáil an bhaile íshin. Do-radadh múr tar grian an bhaile lá Gearaltachaibh, ⁊ ro brisit a chúirte, ⁊ a caisteóil, a chumhdaighthe cloch ⁊ cláradh, co nár bhó h-ionaittreabha é go cęnd ree iar sin. Bá im Nodlaicc Mór do shonnradh do-rónadh ind so.

  18. Sluaiccheadh cęndais fidhna lá h-iarla Urmumhan isin t-seachtmain cedna i n-Gearaltachaibh, ⁊ ráinicc gusan c-Caislén Nua co rucc lais gach ní ar a rucc d'innilibh ⁊ d' airnéis an tíre, ⁊ soais tara ais gan troid gan tachar, uair baoí an t-iarla cona braithribh i c-Ciarraighe an tan-sin.

  19. Conall Buidhe mac Giolla Pattraicc mic Piarais Uí Mhordha do mharbhadh i m-Biorra i n-dúthaigh Ele, ⁊ dob ferde a mharbhadh, uair as d'orccain an bhaile do-dheachaidh.

  20.  p.1724
  21. Oiluérus Ruadh, mac Sęain na Bęinne mic Sęain Ruaidh, mic Sęain na f-Fiacal d'écc.

  22. Iarla Cloinne Riocaird bheós h-i Saxoibh an bliadhain-si.

M1580
  1. AOIS CRIOST, 1580. Aois Criost, mile, cuicc ced, ochtmoghatt.

  2. Concobhar, mac Donnchaidh, mic Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain, iarla Tuadhmumhan rob eisidhe céd-mhac do Shiol Corbmaic Chais do shuidh i n-áit a athar ós cuid Shleachta Luighdhech Mind don Mumhain, sosar do tharraing, ⁊ do threóraigh orlamhus a athardha a lamhaibh sinnsear do réir riaghla ⁊ rechta ⁊ ordaighthe prionns Saxan, do écc i n-inmędhon a aoisi iar c-caithęmh lęith-bhliadhna, ⁊ chóicc m-bliadhan cęthrachatt ó a ghęin go a écc, dá bhliadhain ar fichith go lęith dibh-sidhe i n-airdchęndus a fhine ⁊ h-i c-codhnachus a chlannmaicne amhail dhearbhas an rann

    1. Fiche bliadhain do bhí so
      is cúicc lęith-bliadhna lána
      ina iarla ar fhonn Adhar
      grian-gha mar Chonn Conchobhar.

  3. An Conchobhar íshin d'adhnacal i Mainistir Innsi, ⁊ a mhac Donnchadh d'oirdneadh ina ionadh.

  4. Mac Uilliam Búrc Sęain, mac Oiluerais, mic Sęain, fęr toirbęrtach trom-conáigh lásan f-fearr síth iná so-choccadh, ⁊ nó chonccnadh do gnáth lásan b-prionnsa do écc ⁊ Risdeard an Iarainn, mac Emainn, mic Uillicc dia oirdneadh fęin gan ceatt don prionnsa i n-ionad Sęain.

  5. Mac Uí Dhomhnaill Cathbharr, mac Maghnusa, mic Aodha Duibh, mic Aodha Ruaidh tanaisi Cenél c-Conaill, saoí dearlaictheach duas-mhór deigh-einigh, lęndán deóradh, p.1726dámhsccol Tuaisceirt Ereann d'écc ina baile fęin .i. An Sgarbh Sholas an .15. d'October, ⁊ a adhnacal i n-Dún na n-Gall.

  6. O Bern Tadhcc Ócc, mac Taidhcc, mic Cairpri, mic Maoileachlainn, mac lęighintt lán-oirdhearc a ciuil ⁊ i c-canóin do écc, ⁊ a adhnacal i n-Oilfinn, ⁊ a dearbhrathair Cairpre do ghabhail a ionaidh.

  7. Mac Mhec Donnchaidh Tíre h-Oilella .i. Maol Ruanaidh, mac Cathail, mic Eoghain fiadhaighe fuileach forbfaoileach, niata lé namhait, connalbhaigh lé carait do écc.

  8. Tadhcc Riabhach, mac Eoghain, mic Conchobhair, mic Taidhcc Uí Dubhda do écc.

  9. Domhnall, mac Taidhcc, mic Conchobhair, Uí Bhriain d'écc, ⁊ a adhnacal i Mainistir Innsi.

  10. Eoghan mac Tuathail Bhailbh Uí Ghallchubair dęccanach Rátha Both do écc an .22. lá do mhi October.

  11. Mac Még Eochaccain Rossa, mac Conla, mic Conchobhair, mic Laighne do mharbhadh go míoghaolmhar lá a dearbrathair .i. lá Brian. Rob iongnadh laighętt Cheneóil Fhiachach d'fhinęchas, ⁊ nách raibhe Rossa acht 'na uasal, ⁊ urmhór fhęr n-Ereann accá eccaoíne. Ro gabhadh dna athair na cloinne-sin lásan iustis fo dháigh at-bęirthi co m-baoí cuitt dó-somh isin f-fingail-sin a chloinne.

  12. Semus Ócc, mac Semais, mic Sęain, mic Tomais iarla do dhol do dhruim a dibhęircce d'iarraidh cręiche i Musccraighe, ⁊ Corbmac, mac Taidhcc, mic Corbmaic Óicc, mic Corbmaic, mic Taidhcc Meg Carthaigh (tighearna an tire) do bhęith co líon a shochraide i n-aon-mhaighin ar a chionn an adhaidh-sin. Ro h-aisnęidheadh do-sidhe Semus do dhol tairis isin tír. Do-chóidh iaramh Corbmac i n-ionadh erdhalta in ro ba dóigh lais Semus dia shaighidh, ⁊ fó-gheibh Semus co creich p.1728 chuicce ⁊ ro ionnsaigh é co ro marbhadh ⁊ co ro mudhaigheadh urmhór a mhuintire, ⁊ ro gabhadh Semus budhéin, ⁊ ro cuireadh i l-laimh go Corcaigh. Baí a n-gar do mhí isin m-baile-sin, ⁊ ullmucchadh báis gach aen-lá ris an ré-sin aicce agá dhénamh air féin, ⁊ é ag dénamh aithrighe ina pheactoib, ⁊ acc iarraidh maithme ina mí-ghniomhaibh. Tainicc sccribęnd i c-cęnd na ree-sin on iustis ⁊ on c-comhairle ó Ath Cliath co Corcaigh dia fhorcongra for an mera an saér-mhachaemh do mhalartnucchadh, ⁊ cęthramhna comhroinnte do dhénamh de, ⁊ a fhodhail i n-iolphairtibh. Do-rónadh iaromh ind sin.

  13. Semus, mac Sęain Óicc, mic Sęain, mic Tomais iarla do mharbhadh san c-coccadh c-cédna lá tighęrna Popail Briain, ⁊ Chairrcce Ó c-Coinnell .i. Brian Dubh mac Matghamhna mic Donnchaidh, mic Briain Duibh Uí Briain, ⁊ ro baoí díol a athardha d'oidhre isin Semus-sin.

  14. Semus, mac Muiris, mic Gearoitt, mic Tomais iarla do mharbhadh ar an c-coccadh c-cédna d'erchor do pheiler i n-dorus Eóchaille.

  15. Emann, mac Maol Muire, mic Donnchaidh, mic Toirrdhealbhaigh, Mec Suibhne a Tuathaibh Toraighe do dhol do dhenamh creiche for druing dona díbhęrccachaibh go Glęnd Flęiscci. O Donnchadha ⁊ mac dearbrathar don Emann-sin .i. Goffraidh Carrach mac Donnchaidh Bacaigh do bręith for Emann, ⁊ a mharbhadh co misccneach míoghaolmhar, ⁊ ní bhaoí i n-Erinn an adhaidh-sin aon-mac gall-ócclaigh as mó do chęndaigh d'fhíon, ⁊ d'éiccsi iná an t-Émann-sin.

  16. Rolont, mac Remainn, mic Uillicc Cnuicc Tuagh epscop Cluana Fęrta d'écc, ⁊ rob adbhar eccaoine ina thír fęisin dith an dęigh-fhir-sin.

  17. O Suillebhain Mór d'écc .i. Domhnall mac Domnaill, ⁊ a mhac (Eocchan) d'oirdneadh ina ionadh.

  18. Donnchadh, mac Maoíleachlainn Mec Gormain mic Maoileachlainn Duibh do écc.

  19. An iustis Sir Uilliam Pellham do chor sccribeann i Saxoibh iar Nodlaicc Móir na bliadhna-so d'iarraidh an ambraelchoblaigh na bainríoghan go n-iomfhulancc lóin ⁊ ordanais móir do chor co h-Erinn fo daigh ghabhala ina m-baoí dá m-bailtibh fęin ag Gęraltachoibh. Báttar iatt-sidhe Eas Geibhtine, Baile Uí Gheileacain, p.1730Carracc an Phuill. Ro tionóilędh mór-sluaiccheadh fhęr Midhe, Fhine Ghall, ⁊ Laighęn, ⁊ bheós ina m-baoí fó dliccheadh ó Bhoinn co Comar Tri n-Uiscce lasan iustis, ⁊ lá h-iarla Urmumhan do dhol i n-Gęraltachoibh im fhéil Brighde do shonnradh. Bá h-adhbhal an t-socraitte slóigh tánaic iarla Urmumhan isin toichęstal-sin, ⁊ ní ro h-airiseadh lais-sidhe co rainic co Corcaigh. Luidh an iustis co líon a thionoil co Luimneach ⁊ ger bó síon adhuair, ęrrchaidhe ann an tan-sin, ní ro airis cenmothá an t-seachtmain acc athnuadhucchadh ainnala ⁊ bídh dia saighdiuiribh isin maighin-sin. Luid as-sidhe siar deas don Dęis Bicc, ⁊ don Máigh maighrigh go ro gab longport i c-Conallcoibh. Ro léicc scceimheltta sccaoilte uadha gusan c-Coill Mhóir go coilltibh Claonglaisi, ⁊ co droibhelaibh Delcce. Ní ro déchaidh trocaire do tren no do truagh gusa rangus annsin. Nir bhó machtadh gach aon ba inéchta do mharbhadh, acht ro marbhadh and doill, ⁊ daoíne dęroile, Ro marbhadh ann mná, meic, scceo inghęna, aos galair, eccuinn, ⁊ aos arsaidh. Ruccadh a c-crodh ⁊ a c-cręcha gusan c-campa do shaicchidh an iustís. Ro fáccbadh dronga dearmara do Shaxanchoibh lá lucht na c-creach-sin ina n-iarmhóirecht. As eadh ro chinn an iustis dol i c-Ciarraighe, ⁊ ro asccna co Tęmhair Luachra, ⁊ luidh iaromh co Traigh Lí, ⁊ do muincin Slebhe Mis inghine Muirędha mic Cairędha. Tánaic iarla Urmumhan ó Corcaigh co Ciarraighe i c-comhdháil an iustis. Bá p.1732 dírimh an ro fáccbadh d'eachaibh, ⁊ do dhaoínibh gan fhuiliucchadh, gan fordhęrccadh lá med a n-astair ⁊ n-imtechta, ⁊ lá tęirce bídh don chur-sin.

  20. Bá h-é-sin ionam tangattar coblach na bainrioghna ar cóstadhaibh na h-Ereann, ⁊ ní ro gabhsatt fós go rangattar co cuan Sionna sriobh-gloine, ⁊ ro lęiccsętt a n-angcaire amach for an aiccen fo urchomhair Chairrce an Phuill gach n-díreach. Tánaic an iustisiarla Urmumhan for tir do shaighidh an bhaile cedna co ro shuidhighędh da champa do mhuir ⁊ do thír ina thimchell. Do-chóidh din Sir Niclas Malbi co maithibh chóiccidh Chonnacht, ⁊ co n-druing dírime do Shaxanchoibh i t-Tuadhmumhain fó dáigh ná léiccfeadh anfforlann mara nó tíre do shaighidh an iustis an c-cęin nó biadh lé h-aghaidh glan-bailtędh Gearaltach. Dala an iustis ro fhorcongair-sidhe an t-ordanas mór sin tainicc chuicce do tharraing i t-tir ⁊ ro suidhighędh cóicc gonna mora fó chomhair na Cairge dia caitheamh gan choiccill. Ath-bęirthí gur bhó lęthchanóin an gonna ba luccha dibh. Ro gabhsatt acc diubhraccadh an bhaile iaromh. Ní bai tra ó Charn Bręissi mic Ealathan mic Nęid i n-iarthar dęisceirt Chóiccidh Cloinne Deircctine, go Cnoc Mędh Siúil i c-Connachtaibh, diamhair, na droibhel, fán, ná foithir-ghleant nach clos fuaim, ⁊ fothram an ordanais anaithnidh iongnaith sin. Ro lęccadh dna fo dheóidh an lęth siar do Carraicc an Phuill ó lár go lán mullach, ⁊ ro ba comhmbrúdh ⁊ comhthuitim do bharda ⁊ don bhaile na c-cęnd forra. Ro gabhadh an baile lasan iustis, ⁊ ro an fri ré chóicc n-oidhche isin c-Carraicc iarna gabháil. As eadh do-dheachaidh a c-cionn na rée-sin go h-Ęs Gebhtine. O 't-chualattar bharda Bhaile I Geilęchain, p.1734Ęssa Geibhtine allgotha adhuathmara an ordanáis anaithnidh nach clos leó a shamhail riamh gó sin, ro ghabhsat for brisędh a m-bailtędh, ⁊ rainicc leó brisędh Baile I Gheileachain, ⁊ ní ro cumhaingsiot Ęss Geibhtine do bhrisędh ⁊ ó nár fhédsat ní dó as sędh do-ronsat doirsi an bhaile d'faccbháil obhéla oslaicthe fó urchomhair an iustis. Do fóccradh an baile-sin a m-bit-dilsi don bainríoghain. Do-chóidh iaromh an iustis iar sin co Luimneach, ⁊ baoí dá fichęt la ann-saidhe acc cur a sccísi, ⁊ a męirtin dhe, báttar a gille ⁊ a eich for coinnmędh sęchnón Tuadhmumhan in arętt-sin. Soais tara ais co h-Ęs Gebhtene im cinctidhis ar c-cind co ro caith seal don t-samhradh isin m-baile-sin, ⁊ ní anadh do ghrés, acht acc inghręim ⁊ ag adhbal-sccrios Gearaltach do ló, ⁊ d'oidhche. Bá don chur-sin ro básaicchędh lais Fáltach Dúna Moilin .i. Uillęcc, mac Uillicc, mic Uillicc. Mac dall sidhe ó a gęin go a bhas an tan-sin. Ro marbhadh lais bheós Supélach Cille Mo Chua .i. Sęan, ⁊ nír bo h-ionmarbhtha sidhe idir ge ro baoi tuilleadh ar chéd bliadhain d'aoís. Bá dírim, ⁊ bá do-aisnęis an ro loitseat GoillGęraltaigh imo 'roile 'roile isan tan-sa. Do-chóidh an iustis cona shluagh i c-Ciarraighe, ⁊ ní ro airis co rainicc Daingęn I Chúis. Ro lomadh ⁊ ro lęir-sccriosadh lais bladh mhór do Ghearaltachaibh ⁊ do Chiarraighe don chur-sin. Tig as-saidhe fiar-tharsna na c-críoch go Corcaigh, ⁊ tar a ais co h-Ęs Geibhtine, ⁊ co Luimneach. Battar maithe Muimhneach (cenmotat Gearaltaigh) i n-giallnus occa don chur-sin .i. An Barrach Mór, bęn ⁊ mac Meg Carthaigh Móir, dias mac Męic Muiris Ciarraighe, O Suilleabhain Beirre, Mac Donnchadha, ⁊ mac Még Carthaigh Riabhaigh.

  21. Do chuirsiot comhairle Shaxan iustis nua i n-Erinn isin c-cęid-mí d'fhoghmar.i. Lord Graii (.i. Artur). Ro ba mo eissidhe d'ainm ⁊ d'onoir ina Sir Uilliam Pellham, ar a aoi ní thainic i n-Erinn riam ar oiręt aimsire fris aon-mhac p.1736 Saxanaigh ba luaimnighe láin-aisttrighe, ⁊ bá h-uaisle aithęsaighe, ⁊ as mó lér éirigh do shén sęrbhisi ina an Sir Uilliam-sin. Do-chuaidh-sidhe go h-Ath Cliath fo thuairim an iustis-sin tainicc a Saxoibh, ⁊ tucc an cloidhęmh for a cumas, ⁊ ro imthigh fęin soir iar m-bręith buadha dia bhiodhbadhaibh.

  22. Semus Ustas, mac Rolont, mic Tomais do bhriseadh a bhailteadh ar n-gábhail lais an c-cręittęmh c-catolica, ⁊ ar n-diúltadh dá prionnsa, co ro eirigh coccadh ⁊ cęndairrci le linn an iustis (Arthur Lord Graii) do theacht i n-Érinn. Tangattar Caomhanaigh, ⁊ Cęnnselaigh, Branaigh, ⁊ Tuathalaigh, Gabhal Raghnaill ⁊ an męid ná ro díobhait d'iarsma ó f-Failge, ⁊ do Laoighis i c-cobhair ⁊ i c-commbaidh Shemais Iustas, gur bhó h-aen-clár imręsna ⁊ ęsaonta ó Shláine co Sionainn, ⁊ ó Bhoinn co Comar Tri n-Uscce. Do-rónadh foslongphort lasna foghladhaibh rémhebertmar in iomfhochraibh an t-Slebhe RuaidhGlinne Maoil Ughra.

  23. Sluaiccheadh lasan iustis ⁊ la Captin Maulbi do dhol do sccaoíleadh ⁊ d'ęisręidhędh na f-foghladh f-foirniatta sin. O 'd-chualattar na dibęrccaigh dáil a n-anfforlainn dia n-ionnsaicchidh, ro sccaoilsiot ar a n-daingnightibh fo ghuaillibh garbh corra Ghlinne Mhaoil Ughra. Ro thogh an iustis an drong as mionca ro fécchadh ⁊ ro fromhadh do caiptínibh an t-sloigh, ⁊ do chuir leo a h-ocht, no a naoí do bhandaoíbh saighdiúiridhe do thúr ⁊ do thaisceladh Ghlinne Maoíl Ughra. Fuarattar a f-fręccra gan fhuireach lá fóirnibh forcoimhétta an ghleanna, co nach mór tęrna tar a n-ais don fhędhain-sin, gan mudhucchadh, gan mór-airleach lásan n-gasraidh n-Gaoidhelach. Ro marbhadh An Carrúnach .i. Piotur Carrun, p.1738maighistir Muar .i. Seon, ⁊ maighistir Frans. Ro marbhadh ann dno drong do dhaoinibh uaisle tainic anoir i n-gárda an iustis-sin. Ro fháccaibh an iustis a fhoslongport iar rochtain na sccel-sin dia saighidh.

  24. Tánaic coblach eadailleach do mhuintir an papa i mí mędhoin an fhoghmhair i c-Ciarraighe. Ro ba mó a n-ainm na a t-tóthacht uair baoi dia n-airdęirce cettus diamadh i l-Luimneach nó i n-Gaillimh, nó i c-Corcaigh tiastais co f-fuicfidhe na h-ard-bhailte-sin obela oslaicthe for a c-cionn. Ba h-ann ro gabsat port occ an oilén ro thionnsccain Semus mac Muiris do cumhdach an bliadhain roimhe .i. Dun an Óir. Ba sędh fo deara don chobhlach í shin tocht i n-Erinn do chongnamh p.1740Gearaltachaibh iarná cluinsin dóibh a m-bęith i n-ęiccęn anbhail acc cosnamh an chreidimh chatolicae. Do-rónadh tecclamadh slóigh lá h-iarla Urmumhan .i. Tomas mac Semais, mic Piarais Ruaidh ar a dhaigh fęin, ⁊ ar dhaigh a prionnsa do dhol do saighidh Dúin an Óir, ⁊ na n-Ędailleach, ⁊ ní ro h-anadh lais co rainicc co Ciarraighe. Battar glan-shluagh Gearaltach for a chionn annsin, ⁊ ní tard cęchtarnae aca amus for aroile. Ara a chęna ro lęicceadh an chonair don iarla co n-deachaidh for an c-cnoc os cęnn An Dúin, ⁊ ro dhéch uadha na ratha ro-doimhne, ⁊ na dún-chlaidh dithoghlaighi ro tóccaibhsiott na h-Ęttáilligh i t-timcheall an oiléin, ⁊ ro sgrúd ina mhęnmain nár bhó tarbha dhó tochar friú isin iomcumhang i m-bátar. Soais ina frithing i f-frithsét na conaire cedna, ⁊ fo-gheibh an iustis ina coinne i n-Uibh Conuill Ghabhra, ⁊ ní ro gabh toirmęscc on iarla gan dol d'féchain Dúin an Óir. Luidh reimhe ina uidhędhaibh imtheachta do Chloinn Mhuiris ⁊ do Chiarraighe co ráinic i c-chomhfhoccus an oiléin. Ar a aoi ní rucc a champa ina ghoire, no thęighędh drong-buidhęn dęgh-shluaigh gach laoí d'féchain an oiléin uadhoibh. Ro claechlaidhędh aithiscc iomdha ętorra a diú ⁊ anall ⁊ ro gealladh tairiseacht friú. Tangattar a c-caiptini h-i c-cęnd an iustis amhail badís siodhaigh fris. p.1742 Do-chodar muintir an iustis tairsibh don oilén, ⁊ ro gabhsat for marbhadh, ⁊ for mudhucchadh na n-Ędailleach coná tearna elaitheach dona seacht c-céd Edáilleach gan airleach ar an lathair-sin. Tárraidh éimh an iustis iomatt óir, ⁊ ionnmhais, ⁊ gach ęrnaile ele baoí lasna h-Eadailleachaibh. Ro múradh, ⁊ ro mór-chlaidheadh an t-oilén iar sin lásan iustis fo dháigh ná badh carracc cothaighthe, ⁊ ná budh inneoin fhorais do dhibęrccach é ní budh síri. A mí Nouember do-ronadh ind sin. Soais an iustis tar a ais co Luimneach ⁊ as-sidhe h-i f-Fine Gall.

  25. O Ruairc Brian, mac Briain, mic Eocchain do bhęith ęsumhal do Gallaibh a f-foghmar na bliadhna-so, ⁊ sluaiccheadh do dhenamh lá Sir Niclas Maulbi tar Sionainn soir do dhol Ua Ruairc. Cuiris Ua Ruairc a mhná, ⁊ a mhuinteara tar muinchinn Shlebhe an Iairn, ⁊ ro bhris Liathdruim ar cionn Sir Niclaus. Ro h-ath-cumdaigheadh an baile doridhisi la Sir Niclaus, ⁊ ro chuir biadh ⁊ barda ind asa h-aithle, ⁊ fillis fęin tar a ais gan creich gan écht ba ionairmhe do dhénamh dó. Ro gabh Ua Ruairc acc iomshuidhe imón m-baile co nár léicc aoínneach don bhárda tar doirsibh an baile amach iná isteach gur bhó h-ęiccęn do Sir Niclaus tęcht dia f-foiridhin go rucc lais iatt.

  26. Sluaiccheadh lá h-Ua Ruairc a mí Nouember etir SucaSionann co ro p.1744 loiscceadh ⁊ co ro h-airccędh lais na Fędha, ⁊ bladh mhor d'Uíbh Maine. Sluaigheadh lais doridhisi i n-Uibh Maine a mi December co ro lér-sccriosadh an tír co tinneasnach lais, ⁊ co ro marbhadh lęth-banda saighdeoiridhe lais do mhuintir Sir Niclais Maulbi acc Lios Dá Lon. Drong do Síol c-Conchobair do bęith i f-fochair Uí Ruairc isin c-commbáidh-sin.

  27. Clann iarla Cloinne Riocaird (UillęccSęan) do bęith eissiodhach ré aroile ⁊ iad araon siodhach fri Gallaibh. Báttar drong do dęgh-dhaoínibh Chloinne Riocaird i m-braighdęnus dochrach i n-orlaimh constábla baile Locha Riach maigistir Seons a ainm-sidhe, fęr-sin acca m-baoí orlamhas bhardachta an bhaile o ghabhail an iarla gusan tan-sin. Bá galar mor męnman lá Sęan A Búrc a bhaile ⁊ a bhraighde do dhol i rudhrachus i l-láimh Gall, go ro chinn ina męnmain amus oidhche do tabhairt ar bhaile Locha Riach. Do-rónadh lais-siumh ind sin. Ro gabhadh an baile lais, ⁊ ro marbhadh gach aén rob inechta dia m-baoí ann cenmothá an constápla dia t-tardsam maithęmh n-anacail, ⁊ ro sccaoíl dia braighdibh iaramh. Iarná dhenamh-sin lá Sęan ro chuir a ollamhain, ⁊ a aés tairisi d'accallaimh a bhrathar Uillęcc dia chuingidh fair Goill do thréccean, ⁊ co n-diongnadh-somh a oighréir amhail ro ba dír do shosar oíghręir a shinnsir do denamh ⁊ ro tingheall dó a mhac baoí i l-laimh aicce do léccadh dia saighidh. Ro gheall dó fris-sin Liathdruim, oilén Baile an Locha, ⁊ baile Locha Riach a c-comhardha sinnsireachta. Ro ghabh Uilleacc na h-asccadha-sin. Do-chóidh fęin ⁊ a brathair d'aon-aonta in acchaidh Gall, ⁊ bá h-é céd ní do-rónsat caisléin choimhgheala Chloinne Riocaird do rébadh, ⁊ do ro-bhrisędh. Ro brisędh leó cétus baile Locha Riach ard-port oiręchais an tire, ⁊ as suaill má ro faccbadh leó baile gan brisędh ó Cluain Fęrta Brénainn i n-Oirthear Ó n-Anmchadha co Cill Meic Duaich i t-tuaiscert Chenél Aodha na h-Eachtge, ⁊ ó Uarán co Cluain Dá Dhamh. Do-chóidh tra Donnchadh, mac Murchaidh, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc Uí Bhriain, ⁊ Mathgamain, p.1746 mac Toirrdhealbhaigh, mic Mathgamhna, mic an ęspuicc Uí Bhriain i c-comhbáidh choccaidh cloinne an iarla, ⁊ bá h-é Mathgamhain ro ba tuscca do eirigh isin c-coccadh ishin, ⁊ as eisidhe ro thoghairm aés díbhęircce na c-crioch c-comhfoccus, ⁊ ro gheall ó Bhoirintt go Luimneach do lot ⁊ do lér-sccrios. Acht cęna ro éirgęttar urmhór i m-boi i c-cóicceadh Connacht uile isin c-coccadh-sin cenmota iarla Tuadhmuman .i. Donnchadh mac Conchobhair, mic Donnchaidh, ⁊ Toirrdhealbhach mac Domhnaill, mic Conchobhair Uí Briain, ⁊ bá h-esidhe bai 'na shirriam i c-Conntae an Clair an ionbhaidh-sin.

  28. O Broin d'écc .i. Dúnlang mac Emainn. Battar a chinędh a n-dibhęircc ⁊ p.1748 acc foghail for Ghallaibh, ⁊ a t-tír ⁊ a n-dúthaigh ag Gallaibh bheós cona ro h-oirdnędh neach ina ionad.

  29. Sęan mac iarla Dęsmumhan do bęith 'na foghlaidh aisttreach ęssadhal an tan-sa ⁊ ger bhó h-oirdearc Sęan mac Cuinn I Neill, ⁊ Semus, mac Muiris, mic an iarla ar aoí a c-coccadh ⁊ a c-comhfuachadh fri Saxoibh ro baoí a n-díol d'oidhre 'san Sęan-so an tan-sin. Aon do ló dia n-deachaidh an Sęan remhraite for Coilltibh Ętharlach a mí Iul do shonnradh i n-uathadh sochaidhe leis nar dholta i n-imcęin uair ro badh lugha iná céd scciath comhairęmh a throighteach, ⁊ trí marcaigh dhécc. As sędh do-luidh deódh laoí laimh lé Sionainn sriobh-ghloin, seach Mhaigh Ailbhe, ⁊ do-róine creich i n-Duibhféth Ua Luighdheach isin madain muich arnámharach, ⁊ luidh cona chreich lais soir gach n-díreach do Chorca Theneadh, ⁊ co h-Uibh Cairin. Ro tionoilsiot tóicęsdal an tíre gach airm in ro gabh a t-toraigheacht fair .i. Éle Uí Fhogartaigh, Uí Luighdhech, Popail Droma, Popail Puirselach. Ro badh dóigh lásna h-oireachtaibh-sin gur bhó conách mór doibh Sęan d'fagbháil i n-uathadh slóigh amhlaidh-sin, ⁊ ro ionnsaighsiot é co dána dasachtach. Acht chęna ro sraoíneadh for lucht na toraigheachta co ro marbadh ocht f-fir décc dia n-uaislibh do chęndaibh popail ⁊ bailte is in m-bręisim-sin. Rucc Sęan a crech lais ar coilltibh cliothair diamhraibh Bhealaigh Mhóir Mhaighe Dala iar m-buaidh ⁊ cosccar. p.1750 Tainicc ina chęnn annsin clann Mec Giolla Phattraicc, ⁊ mac Uí Cęrbhaill co n-druing móir d'aos dénmha uilc ⁊ aidhmillte, ⁊ Ro asccnattar diblinibh co Sliabh Bladhma. Tánaic dia saighidh annsin an rob ionairmhe d' Uíbh Failge ⁊ do Laighis. Bá h-infhir fhoghla an ionnas fors m-baoi Sęan mac Semais sęchnóin an t-slebhe-sin, uair ní chodladh, acht for cęrcaillibh cloch no criadh, ibhędh acht fuair-srebha fior-glana a blęidhędhaibh bas no brócc. Robdar iatt a aighin urgnamha slata fada na fiodbhaidhi acc iomfhuine fheolmaigh a eassccaratt. Ro ghabh acc buaidhreadh Builtérach, ⁊ acc arccain Ossairghe as an męnnatt-sin. Do-chóidh iarttain i l-Laighis ro loiscc ⁊ ro lom-aircc Mainistir Laighisi ar mhac iarla Urmhuman .i. Piarus, mac Semais, mic Piarais Ruaidh. Ro h-aircceadh lais bheós Port Laoighisi iar marbhadh druinge do lucht iomcoimheda an bhaile. Rucc faidhb, eideadh, each, airm, ⁊ iolmhaoínibh uatha. Cidh fil ann tra acht do h-aircceadh seacht m-baile i l-Laoighis lais is in aén ló-sin. Ro asccná iaromh on c-crich go a chele go Glęnd Maoíl Ughra airm i m-baoí Sémus Ustas, ⁊ clann Aodha mic Sęain. Ro fiadhaigheadh-somh ó na fearaibh íshin. Tangattar ina dhochom annsin Caomhanaigh, Cennsealaigh, Branaigh, Tuathalaigh, ⁊ lucht foghla na criche a c-coitchinne. Ro badh eimhilt a aisnęis an ro mhillsiot, ⁊ an ro loitsiot im Ghallaibh LaighęnMidhe. Do-chóidh SęanSemus Ustas im fheil Míchil iar sin fó thuairim na n-Ętailleach tánaic dia thir dara ese uair bá dóigh lais co t-tairfeadh cobhair ⁊ comhfhurtacht uatha, ⁊ nír bhó h-amhlaidh do-rala dóibh acht a marbhadh, ⁊ a mudhucchadh lasan iustis ar en-lathair (amhail remhebertmar) riasiú rainic-siumh dia saicchidh.

 p.1752
M1581
  1. AOIS CRIOST, 1581. Aois Criost, Mile, cuicc céd, ochtmoghat, a h-aon.

  2. Toirrdhealbhach mac Donnchaidh, mic Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc Uí Bhriain baoí tuilleadh ar bliadhain i l-laimh ag Gallaibh do chrochadh an .26. do mí Maii.

  3. Mac iarla Chloinne Riocaird .i. Uilliam Búrc, mac Riocaird Saxanaigh mic Uillicc na c-Cęnt, mic Riocaird, mic Uillicc Chnuic Tuagh do chrochadh i n-Gaillimh an tręs lá iar c-crochadh Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain .i. Toirrdhealbhach dia dardaoín ⁊ Uilliam dia sathairn. As amhlaidh do-rala d'Uilliam a bhęith i c-combáigh choccaidh lá a bhraithribh an tan ro brissiot a m-bailte amhail remhebertmar, bá h-aithreach lais ind sin, ⁊ do-chóidh ar protex h-i c-cęnn Gall go Gaillimh an mhí riana bhásucchadh ⁊ ro dolbhadh sccél eiccin chuicce co ro gabhadh ⁊ co ro crochadh. Ro crochadh bheós ina n-deachaidh dia lucht lęnamhna ar an b-protexion-sin.

  4. Cuiccęr ⁊ dá fhichęt do chrochadh i n-Ath Cliath i c-coirthibh tretúrachta.

  5. An Barrach Mór, Semus mac Risdeird, mic Tomais, mic Emainn baí i l-láimh i n-Áth Cliath do écc. d'fír-fhréimh ghęinealaigh Bharrach Ruadh don t-Sémus-sin, fęr do fhulaing mór n-imnidh ⁊ n-anaoibhe asa thosach, ⁊ ag na baoí a shúil nó a shaoíleachtain ris an ainm as (Ruadh fęin) da rochtain. Acht ara aoí ro dearlaic Dia fęin dó-somh cęndus Bharrach MaolRuadh dibhlínibh, ⁊ ní h-ędh amháin acht ro h-oirdnędh os cęnd Bharrach Mór iar n-dílgęnd na n-dęgh-dhaoíne dar dhual an duthchas-sin d'follamhnucchadh co sin. An Barrach do ghairm da mhac iar sin (.i. do Dhauidh do Barra) la h-iarla Dęsmumhan, ⁊ mac ele dó do bęith fo dhlicchędh na thighearna ar Barrachaibh Ruadha.

  6. Mac Giolla Pattraicc, Brian Ócc mac Briain, mic Sęain, mic Fingin, mic Fingin, mic Fingin, mic Domhnaill baoí i l-laimh i n-Ath Cliath mar an c-cédna do écc, nęch eissidhe tuccadh suas i Saxoibh asa óicce, ⁊ baoí foghlamtha i c-caidhreabh p.1754 ⁊ i c-comhaonta na cúirte gur bhó h-iongnadh lá h-Eiręndchoibh uile a chongmail i n-gęimhel go ro écc, ⁊ a dearbrathair Finghin d'oirdneadh ina ionad, uair ní bhaoí clann aicce-siumh achtmadh aon-inghęn. Dias dearbhrathar don Bhrian Ócc-sin .i. dá mac ócca inghine Uí Conchobhair Fhailge (le Mac Giolla Patraicc .i. lé Brian mac Sęain) do mharbhadh lá Domhnall, mac Tepoitt Uí Mhaoíl Mhuaidh ar a ionchaibh féin.

  7. O Cęrbhaill .i. Ulliam Odhar mac Fir Gan Ainm mic Maol Ruanaidh, mic Sęain, baoí bheós i l-laimh i n-Ath Cliath do ręidhiucchadh lé Gallaibh, ⁊ leis an iustis, ⁊ triall dó tar ais dia athardha. Do-rala dó for an c-conair drong d'óccbaidh Shleachta Uí Chonchobhair Fhailghe. Ro charsat-sidhe a cloidhmeadh gan choiccill, ⁊ ro fhuathaighsiot a fhuasccladh ⁊ a anacal acht a mharbhadh go ro fhaccaibsiot a chorp fo chrobhaibh fiach, ⁊ faolchon. O Cęrbhaill do ghairm dia mhac .i. do Shęan an Fhásaigh mac Uilliam Uidhir.

  8. Ticchęrna Dęiseach Semus, mac Gearailt, mic Sęain, mic Gearóitt Mhóir na n-Dęisi mic Semais, mic Gearoitt iarla d'écc.

  9. Mág Donnchaidh Eogan mac Donnchaidh an Bhothair, mic Donnchaidh Még Donnchaidh d'écc i Luimneach i m-braighdęnas ag Gallaibh.

  10. Domhnall na Conntae mac Taidhg, mic Corbmaic Óicc, mic Cormaic, mic Taidhcc Mécc Carthaigh tanaiste Musccraighe, ⁊ a t-tuairccnidh catha d'écc.

  11. GoillGearaltaigh h-i c-coccadh ⁊ i c-coimhęsaonta fri aroile, co na baoí ossadh aon-oidhche nó cairdine aén-mhíosa ętorra ó tosach a c-coccaidh gusan tan-so, ⁊ ní roich ríomh, áiręmh, nó aisnęis ina n-dearnsat d'ulcaibh ré 'roile.

  12. Sluaiccheadh lá Sęan, mac Semais, mic Sęain a mí May tar Siúir soir co ro lér-scriosadh bailte oirir na Siúire lais .i. Ard Máille, ⁊ Mainistir Atha an Tuisil, ⁊ do-choidh tar Siúir siar co líon c-creach ⁊ n-gabhala, ⁊ rug tóir p.1756 trom, ⁊ iomarcradh anfforlainn ar an áirsidh, ro gabh-somh ag a n-iomchor go neimh-shniomhach an c-cęin for-caomhnacair, ⁊ ro shuidh friu as a h-aithle, ⁊ ro ba mó ina trí chéd an ro marbhadh ⁊ in ro baidhędh lais diobh. Rucc Sęan an c-creich lais iar c-cosccar gusna forbhaisibh fędha ina c-cleachtadh cumsanadh ar an c-Claonghlais ⁊ ar an c-Coill Mhóir.

  13. Sluaiccheadh ele la Sęan mac Semais i mi Iún ar Mag Cárthaigh Mhór, ⁊ baoí fri ré dá lá, no a tri ag creachadh ⁊ ag cuartucchadh na criche ó Musccraighe go h-Uibh Ráthach, ⁊ ticc tar a ais co n-airccthibh ⁊ co n-édalaibh iomdha go Magh c-Coinchinne. At-berdis lucht a f-fairccsiona nach f-facatar an oiręt-sin do crodh creach riamh an aon-maighin.

  14. Iarla Dęsmumhan do bęith i f-foslongport i n-Achadh Da Eó, ⁊ bá isin tan-sin do h-ordaicchędh captin Saxanach (.i. Captin Siuitse) on m-bainríoghain, ⁊ on iustis os cęnd DęsmumhanCiarraighe dia n-iomchoimhed. Ro ghluais an captin-sin (do shiubhal láoi ⁊ oidhche) co m-buidhin marc-shluagh amaille fris do thabhairt amais ar foslongport iarla Dęsmumhan ⁊ ba h-ann rainic lais dol fon f-foslongport ar madain dia domhnaigh. Baoí an t-iarla gusan líon do-rala ina fhochair an tan-sin ina t-toirchim suain ⁊ síor-chodalta iar f-faitchęs ⁊ iar f-forcoimhéd na h-oidhche gó sin. As sędh do-róine an captin ina f-fuair 'na shęsamh arna sráidibh do ghuin go grod-urlamh, ⁊ do mharbhadh gan dicheall, ⁊ ní ro airis fri h-iomaireacc ná deabhaidh co rainicc Caislén na Mainge. Bá don druing do shaor-chlandaibh torchair lasan c-captin i n-Achadh Da Eó an la-sin .i. én-mac Tomais mic Muiris Duibh mic an iarla .i. Tomas Ócc, Maol Muire mac Donnchaidh Bhacaigh mic Maol Muire mic Donnchaidh Mec Suibhne, ⁊ Tadhcc mac Diarmata mic Corbmaic ó Maigh Laithimh.

  15. Sluaiccheadh lá h-iarla Dęsmumhan i n-deireadh mís September gusna maighibh i moir-timcheall Chaisil Mhumhan, ⁊ go Caiseal fęisin. Ruccsat na slóigh-sin ile dá gach maithęs, eittir umha, ⁊ iarann, edach, ⁊ uradh, crodh, ⁊ cęthra go ro indirsęt na tíre-sin co léir. Rucc orra im na h-oirccnibh-sin drong buidhne dearmara a Trian Cluana Meala ⁊ as an Trian Mędhonach. Ruccsat orra dna p.1758 sloicch a comhfhochraibh Siúire, ⁊ ó Dhún Iasccaigh go Maigh Ailbhe. Ro forcongair an t-iarla ędarnaigh inchlęithe do fhágbail for an c-conair i n-oirchill na n-ócc báttar ina n-iarmhóireacht, ⁊ ro fhill féin friú iar rochtain don tóir tar an c-ceilcc. Ro gabhadh iaromh occ a n-oidheadh ⁊ occ á n-airleach dá gach leth reampa ⁊ ina n-diuidh gur bhó mo olttátt cęithre chéd a n-ęsbaidh ón iomargail-sin. Ticc iarla Deasmumhan iar m-buaidh c-cosccair, ⁊ c-comhmaoidhme co n-eachaibh, ⁊ co n-édalaibh iomdaibh lais tar a ais i n-Ętarlach.

  16. Feacht an tangattar drong-bhuidhęn dhána dhi-chonirchil do shoighdiuiribh Atha Dara iarna roinn i n-dó .i. drong ar sruth ⁊ drong ar tír do chuartucchadh Caonraighe ⁊ lá taobh Máighe d'iarraidh gona nó gabhala for dreim eiccin dona foghladhaibh. Iar n-dol don dá droing-sin i c-cęnd aroile i n-iomfhochraibh Bhaile Uí Cathláin, as ann do-rala chuca Dauidh Ócc, mac Dauidh an Locha, mic Tomais, mic Sęain, mic Tomáis, mic Pilip, mic an Ridire cona shochraide dia saighidh, ⁊ do-chóidh fúthaibh co ro gabh ag á t-tręghdadh ⁊ acca t-timchealladh, co f-fharccaibh iatt ina męidhędhaibh maoíl-dęrcca ⁊ ina t-tamhnaibh taoibh-ghęrrtha, conach mór tearna gan airleach ar an lathair-sin lá Dauidh cona mhuintir. Iar rochtain na sccél-sin co h-Áth Dara, cuiris captin Atha Dara tionol ar shaighdiuiribh Cille Mo Ceallócc, ⁊ do-deachaidh go f-fędhain męrdha mío-thuicsicch do chor cuarta i c-Caonraighe, dus an f-fuighbheadh duine, nó daoíne ar a n-dighéladh ar marbhadh dá mhuintir. Ráinicc co Baile Uí Cathláin, baile-sidhe do bailtibh an Puirsélaigh baí ag congnamh riamh lásan c-coróin ó chéd-choccadh GallGęraltach gusan tan-sin. Do marbhadh lasan c-captin dęichnebhar ⁊ seacht fichit do mhnáibh, do lęnbaibh, ⁊ da gach foirinn dá f-fuair istigh, ⁊ amuigh isin m-baile-sin. An Dáuidh p.1760 rémhraite lás ro marbhadh muintir an captin, fęr esidhe do fhulaing duadh ⁊ dochar i c-coccadh Gearaltach ar Gallaibh. Feacht diar luidh sidhe i mi Dhecember co sé fhęraibh décc ó chiomhsaibh Caonraighe i c-coite chaol chumhang go ro imirsęt tre chuan Sionna siar-tuaidh gach n-díreach. Ro gabh airisęmh ag Inis Cathaigh, ⁊ faoídhis innte an adhaidh-sin. O ro clos lá Toirrdhealbhach mac Taidhcc, mic Murchaidh, mic Taidhcc Ruaidh, mic Toirrdelbhaicch (mac Mhec Mathgamhna a crich Corca Baiscind Airthearaigh) Dauidh do dhol tairis, ro chuir arthrach (in urthosach oidhche) ar an Sionainn sriubh-uaine, ⁊ do-chóidh ann gusan líon tarla ina fharradh, ⁊ ní ro airis co rainicc Inis Cathaigh co ro gabh port i f-feorainn na finn-innsi. Tánaic iaromh gusan tęgh i m-baoí Dauidh, ⁊ ro chuirsiot tene isin tęgh dia losccadh go lán-urlamh. Ticc Dauidh disccir diairm cona mhuintir amach ar ionchaibh meic Mic Mathghamhna, ⁊ ro gabhadh é cona mhuintir lais fó cedóir. Do-thaod mac Mhec Mathgamhna cona braighdibh co Baile Mhec Colmáin tar a ais an adhaidh-sin. Do crochadh muintir Dáuidh frisna crannoibh bá comhfoicsi dóibh arnámharach, ⁊ do cuireadh an laoch-mhilidh go Luimneach airm ina f-fuair a oidheadh gan fhuireach.

  17. Ceall Fhiacal do gabhail lá Sęan mac an iarla an cęthramhadh lá don Nodlaig, ⁊ gach a f-fuair ina h-inmhędhón d'umha, ⁊ d'iarann, d'édach, d'ionnmas, ⁊ d'arbhar do chor eiste go h-Ętarlaigh fri ré dá lá, ⁊ brisis an baile iaromh.

  18. Resiber Gęraltach .i. Niclaus, mac Uilliam, mic Niclais do mharbhadh la saighdiúiribh Atha Dara.

  19. An Doctúir Sanduir d'écc ar coilltibh na Claonglaisi, post congmhala don p.1762 cręidęmh chatoilci, ⁊ cęnd áthcomhairc Gearaltach isin c-coccadh i m-batar esidhe. Nír bhó machtnadh ón ar as lá Sémus, mac Muiris táinic i n-Érinn.

  20. Mac Uí Suilleabháin Béirre (Domhnall, mac Domhnaill, mic Diarmata, mic Domhnaill mic Domhnaill mic Diarmata Bailbh) do thabhairt bhriste ar Chairbreachaibh a mí December do shonnradh. Bá h-amhlaidh do-rónadh inn sin, Captin Siuitsi do dhol o Chorcaigh tré Cairbreachoibh co mainistir Bhęnntraighe. Ro chuir clann Toirrdhealbhaigh mic Maol Muire, mic Donnchaidh Mec Suibhne, ⁊ mac Uí Dhonnabháin ⁊ drong do chęndaibh popal ⁊ do dhaoínibh uaisle Cairbreach uadha do denamh creach ar mhac Uí Suillebháin, fuairsiot na fędhnacha ro chuir an captin uadha creacha aidhble ⁊ iomad édala. Rob adhnar lá Domnall a oirccne do léccadh uadha ⁊ é fęin ina bęthaidh, ⁊ ro ionnsaigh an ghasradh Ghaoidhelach tarla i t-timcell na c-creach, ⁊ do dearbh an lá-sin nách lé líon sluaigh bristear cath uair torchrattar le Domhnall a f-foccus do trí chéd do Cairbreachaibh, ⁊ as bęg le lęith-chétt fęr fędhma baoí-siomh do shochraide acc tabhairt an tochair-sin.

  21.  p.1764
  22. PatriccínEmann dá mhac Mhec Muiris Ciarraighe (.i. Tomas mac Emainn, mic Tomáis, mic Emainn) do éludh a Cúirt an Rígh a Luimneach iarna chinnędh don chomhairle a c-cor docum báis. Acht chęna ní bhaí an Coimdhe isin c-comhairle-sin. Báttar trá an chlann-sin seal ar choilltibh Cloinne Cuiléin acca c-caomhna, ⁊ do-asccnattar iar sin go Cloinn Muiris, ⁊ bá gar uair gur bó cédach cęithęrnach an chuideachta-sin tainicc i n-uathadh buidhne as priosún Luimnigh act ro chaithsiot ina m-baoí ręmpa don bhliadhain-sin fri foghail ⁊ fri díbeirg.

  23. Comharba Sęnain d'écc .i. An Calbhach mac Siacais, mic Siacasa Mec Catháin.

  24. Sęan ÓccConn, da mac Sęain, mic Cuinn Bhacaigh, mic Cuinn, mic Enri, mic Eoghain Uí Neill do dol sluagh i m-Breifne Uí Raighilligh. Ro lomadh ⁊ ro lér-airccędh leo gach ionad in ro ghabhsat don Bhreifne. Rucc mac Uí Raighilligh .i. Pilip mac Aodha Conallaigh, mic Maol Mhórdha, mic Sęain ⁊ turchomhrac trom-slóigh an tíre i t-tóraigheacht im na h-airgthibh-sin orra. Nír bo fęirde Eóghanaigh co cęnd il-bliadhan amas an aen-laoí-sin, uair ruccsat Raghallaigh a c-creich ⁊ a c-cosccar. Ro gabhadh leó Conn mac Sęain Uí Neill, ⁊ cidh an tan nár damh Sęan Ócc a ghabháil lásna laoch-bhuidhnibh fuair a airleach gan airisiomh, ⁊ a oidhędh co h-eccobhsaidh. Bá doiligh an diach-sin tuccadh ar an deicch-fhęr óir ní bhaoí aoín-fhęr do Macaibh Míleadh ná baoí a dhíol d'oidhre isin t-Sęan ishin.

  25. Sluaiccheadh lá h-Ua Neill Toirrdhealbhach Luineach do thocht do dhioghail an ruathar-sin ar Raghailleachaibh. Ro rónadh foslongport laochdha lęthan-armach lá h-Ua Neill in ęidir-mędhon Breifne Uí Raighilligh, ⁊ ro ghabh acca móir-mhilleadh etir innilibh, arbhar ⁊ áitiucchadh. Do-róine O Raighilligh sidh fris, ⁊ ro léicceadh Conn amach gan fuaslaccadh, ⁊ bręithęmhnas d'Ua Neill a marbhadh Sęain ⁊ a mhuintire.

  26. Easaonta anbfóill do eirge etir Ua n-Domhnaill (Aodh mac Maghnusa mic Aodha Óicc mic Aodha Ruaidh) ⁊ mac a dearbrathar Conn mac An Chalbhaigh, mic Maghnusa, mic Aodha Óicc, ⁊ Conn do dhol i rand I Neill Toirrdhealbhach Luineach p.1766 mac Neill Conallaigh, mic Airt, do choccadh ar a bhrathair, ⁊ do-róine iondlach ⁊ ędarchosaoíd na sęn-ghomh do-rala fęcht n-aill etir Cenel c-ConaillEocchain go ro fhor-chongair for Ua Neill tionól slóigh lánmhóir do tocht for Ua n-Domhnaill do chongnamh lais. Baoí Conn sé fichit marcach co t-tribh cóirighthibh gall-ócclach do Sliocht Ruaidhri do Cloinn t-Suibhne Fhánat im Thoirrdhealbhach mac Murchaidh mic Eoin Ruaidh, im Niall, mac Eimhir, ⁊ im Brian mac Eimhir Mec Suibhne, ⁊ co n-Albanchoibh iomdhaibh, ⁊ Ua Neill gusan líon as lia for-caemhnaccair, ⁊ ní ro h-airisędh lásan lucht ishin go ro gabhsat foslongport oc Cill Tuathail lá taobh Ratha Both.i. baile eisidhe in ro bhęndaigh Colaim CilleAdhamhnán iaramh. O ro clos lá h-Ua n-Domhnaill innsin ro thionóil-sidhe i c-céttóir in ro chaémhnaccair do shocraide ge ro ba go h-anffúirighthe ainerlamh uair baí-sidhe fomhámaighthe do bainrioghain t-Saxan, ⁊ robdar cairdi a n-eccraitte friss gó sin co na baoí h-i foimhdin coccadh, no comhfuachadh. Ar a aoí bá forrán lais sluagh eachtair-cheneóil do thocht dia thír gan frithbęrt friú diamadh dęimhin lais a oidheadh fo chedóir.

  27. Conn Ua Domhnaill tra baoí do mhéd a mhęnman, ⁊ d'airde a aiccnidh-sidhe ge no bęith Ua Neill (Toirrdhealbhach), ⁊ Ua Domhnaill (Aodh) d'aoín-lęith go t-tochairfędh friú, conadh a mhęin ba forlann-somh ⁊ Ua Neill d'aén-aonta. Ro thairmcheimnigh Ua Domhnaill cona sochraide do shaighidh fhoslongpuirt Uí Neill go díoghair dásachtach gan anadh gan oirisiomh fri h-indell nó fri h-orducchadh itir. Ro gabh Ua Neill occa mi-dhemhain riasiú rangattar ina chęnd, ⁊ ro athcomhairc don Cloinn t-Suibhne (.i. do Thoirrdelbhach mac Ruaidhri do shonnradh) aoí ina fharradh, ⁊ do Chonn cia cédfadh baoí leó do eitirghleódh an laí íshin. Friscart aon dibh-sidhe (.i. Toirrdelbhach mac Ruaidhri) co n-debhairt:“dia t-tealccat an lucht úd a n-anala, ⁊ dia n-eabhatt uiscce, ⁊ dia n-deachatt i n-innell, ⁊ i n-órducchadh as dęimhin go sraoínfit foirn dia no bemis líon ba lia h-isuidhe. Madh ędh tiasat gan inneall gan oirisiomh, gan airdhibhadh a n-íotadh bidh ręmhad-sa ⁊ róinne mhuidhfius.” Bá imne tangattar lá borrfadh bríghe, ⁊ lasan m-brígh m-bicc do-ronsat p.1768 do Chenel Eóghain ar bá gresach lá Cenel c-Conaill cosnamh a c-córa friú in gach airm i c-coimrectais gó sin. Ba sędh do-rala dóibh an tan-soin iar rochtain dóibh i c-cęnd aroile go ro fighędh ęrghail amhnus ainiarmartach ętorra a diú ⁊ anall, ⁊ ro dearbhadh an dearbh-aruscc airdearc don chur sa (.i. beodha gach brathair fri aroile). Ro sraoíneadh for Ua n-Domhnaill cona shochraide, ⁊ ro marbhadh drong mhór dia muintir. Ro badh dibh-sidhe Mac Suibhne Baghaineach Maol Muire mac Aodha cona chloinn .i. Murchadh, ⁊ Toirrdealbhach Męircceach, ⁊ Niall Modardha mac Neill Óicc, Mec Suibhne. Acht chęna torcratar cúicc fir dhécc do Chloinn t-Suibhne Tíre Boghaine, ⁊ drong mhór dona Tuathaibh, d'Fhánaitt, ⁊ do Baoighellcoibh. Drong mhór beos do Mhuintir Ghallcubhair im Fhęrghal mac Toirrdhealbhaigh mic Tuathail Bailbh, ⁊ co n-druing cenmothátt. Ro gabhadh dna Mac Suibhne Fánatt isin c-caith-gleo íshin. Ro badh tria easccaine an epscoip Uí Fhirghil ro sraoíneadh an maidhm-sin uair ro sháraighsiot drong do Chenel c-Conaill Cill Mic n-Enáin an lá riasan maidhm ⁊ ro ghuidh an t-epscop dóibh co nar bhó sóinmheach a t-turas ittir. An 4 do mí Iul do sraoíneadh an maidhm-sin.

  28. An Calbhach mac Domhnaill, mic Taidhcc, mic Cathail Óicc, mic Domhnaill, mic Eoghain, mic Domhnaill, mec Muirchęrtaigh Uí Chonchobhair, aon-mac Uí Chonchobhair Shliccigh d'écc. Ro badh tromaide a thoirsi ar na tiribh nach raibhe acc an lánamhain soichęineoil ór síolaigh an saor-thamhan súil ná saoíleachtain lé h-aoín-ghęin chloinne d'faghbhail dia éisi. Baoí ó Mhaigh c-Cęidne co Cęis Chorainn, ⁊ ó Mhuaidh co tórainn Breifne ag á iodhnaidhe-siumh d'aon-oidhre ⁊ d'aen-chomharba dá maradh iar n-écc a athar.

  29. Cathal Ócc mac Taidhcc, mic Cathail Óicc Uí Chonchobhair, ⁊ Maol Mordha mac Maol Muire, mic EocchainFęr Gan Ęgla a bhrathair go n-druing móir do maithibh na tíre maraon rú do thuitim i n-Iochtar Chonnacht lá h-Albanchaibh do-rala oc imthecht an tíre a hucht Sir Nioclas Maulbi, ⁊ as é ro badh consabal dona h-Albanchaibh, Alastrann mac Domhnaill Bhallaigh, mic Mhec Dhomhnaill, ⁊ ní bhaoí p.1770 i n-Érinn gan rochtain h-i roinmhe dóibh dias ro ba orrdearca ainm duine uasail ⁊ consabail ina Cathal ÓccMaol Mordha. Ro gabhadh mac Uí Chonchobhair Duinn bheós an lá-sin lá h-Albanchaibh .i. Aodh mac Diarmata mic Cairpre, ⁊ ro éimighsęt a thabhairt don caiptin, ⁊ do-chóidhsęt lais iaromh i rann Uí Ruairc. Do ręidheadh dna Ó Ruairc Aodh ó na h-Albanachaibh go m-buí Ua Ruairc, ⁊ Aodh d'aon-rann as a h-aithle. An t-Alastrann remhraite d'fagbháil Uí Ruairc i f-foghmar na bliadhna-so, ⁊ a dhol do shaighidh Sir Niclaus, ⁊ ro ghabh-sidhe chuicce h-é co f-fáilte moir co m-baoí for coinnmędh fo Shamhain do shonnradh seachnoin Ua f-Fiachrach Muaidhe. Iar f-fios sccél d'Ua c-Conchobhair Shliccigh .i. Domhnall, mac Taidhcc, mic Cathail Oicc, ⁊ do mhuintir Sir Niclaus co m-battar amhlaidh-sin ro ionnsaighsiot iat for a leaptoibh luighe, ⁊ for a n-dérghadhaibh codalta co ro marbhadh Alastrann co n-druing dírimhe dia mhuintir amaille fris ⁊ ro dligh Ua Choncobhair an marbadh íshin in dioghail mharbhtha a dearbhrathar Chathail Óicc.

  30. Clann iarla Cloinne Riocaird do shiodhucchadh lé Saxanchoibh i samhradh na bliadhna-so iar m-brisędh a m-bailtędh, ⁊ iar c-crochadh a m-brathar, ⁊ bá h-amlaidh ro siodhaighsiott gan sręith, gan gęrradh, gan daoírsi, gan doladh do chor ar a n-duthaigh, nó ar a rann coccaidh an c-cęin do bęidís síodhach, act cíos na bainrioghna do dhíol fá dhó san m-bliadhain. Mathghamhain Ó Briain do bęith ar sídh cloinne an iarla. Dá bhanna do shaighdiuiribh do bęith ar ósda i t-Tuadhmumhain ag Captín Diring ó Shamhuin go féil Páttraicc.

M1582
  1. AOIS CRIOST, 1582. Aois Criost, mile, cuicc céd, ochtmoghat, a dó.

  2. Mairghrég inghęn Aodha Duibh, mic Aodha Ruaidh, mic Neill Gairbh, mic Toirrdelbhaigh an Fhiona Uí Dhomhnaill, bęn Uí Raighilligh (Maol Mórdha mac Sęain, mic Cathail) d'écc i n-ęrrach na bliadhna-so, ⁊ as ing má ro baoí beó i n-Érinn an tan-sin p.1772 do bhainsliocht Gaoidil Glais aoín-bhęn as mó ro dęrlaic ina an Mhairgreg-sin.

  3. Iarla Cloinne Riocaird, Riocard Saxanach mac Uillicc na c-Cęnd, mic Riocaird, mic Uillicc Chnuic Tuagh, mic Uillicc Mędhonaigh, mic Uillicc an Fhiona an tí do gabhadh lasan iustis Sir Hanrii Sidneii an bliadhain d'aoís Criost 1576, ⁊ baoí bliadhain i l-láimh iarna gabhail i n-Áth Cliath, ⁊ an seal ele i l-laimh i l-Lonndain gusan m-bliadhain-si. Ro gabh seircclighe sior-ghalair é i samhradh na bliadhna-so. At-bertsat a fhisigędha ⁊ a lęgha gomadh docha a dhul d'écc ina térnudh on tęidhm-sin, ⁊ dia m-bęith i n-aigneadh dhó a shláinte d'faghbail go madh ó fhégadh a athardha, ⁊ o féghadh aeoir a thire nó ghébhadh. Ro léicceadh an t-iarla i n-Erinn fó bithin a easláinte do chęd an phrionnsa ⁊ na comhairle, ⁊ tucc pardún do shaighidh a chloinne, ⁊ maithęmh ar ar mhillsęt. Bá h-ann ro ghabh port cétus i n-Ath Cliath, as-sidhe dhó iaromh co h-Ath Luain, ⁊ co baile na Gaillmhe. Rob adhbhal méd na forfáilti fuair isin m-baile íshin. Baí ann ag cur a sccís ⁊ a mhęrtin de, ⁊ tangadar a chairde ⁊ a chomhfhuilidhe, a rannta GallGaoidheal dia fhiosrucchadh. An tan rob áil lais dol i męscc a mhuintire, a criche, ⁊ a cloinne, as ann do fhortromaigh a threabhlaid, ⁊ a easlainte fair co ro écc fó dheóidh i mí August do shonnradh. Ro fęradh a chluithe caoínteach lá chairdibh cęndaighibh isin m-baile-sin, ⁊ ruccadh a chorp dia adhnacal co h-onorach i m-baile Locha Riach. Dála a chloinde robdar síodhaigh re aroile gó sin. Do-chódar-sidhe do freasabra ⁊ do chor i n-aghaidh aroile i c-cęnd Sir Niclas Maulbi baí ina ghobhernóir i c-cóigeadh Chonnacht. Do-chódar dibhlínibh co h-Áth Cliath h-i c-cionn na h-ard-chomhairle go ro síodhaigheadh ętorra don cur-sin amhlaidh so .i. Uillęcc ina thighearna ⁊ ina iarla i n-ionad a athar, ⁊ barúntacht Liathdroma do thabhairt do Shęan. Ro rannadh ętorra ó shoin amach a f-fęrainn, a m-bailte, ⁊ a m-bęthaighthe ecclaisi go m-báttar siodhach ós aird, ⁊ eissíodhach ó mhęnmain.

  4. Tadhcc, mac Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Briain Chatha an Aonaigh Uí Bhriain d'écc i mi August mar an c-cedna i n-aoín-t-seachtmain ris p.1774 an iarla. Curadh ar chalmacht, míleadh ar mhilętacht an tí tęsda annsin. Baoí-sidhe athaidh i t-tanaisteacht Tuadhmhumhan go ro h-ionnarbadh araon lá a dearbhrathair lá Domhnall. Do-chóidh iaromh don Spáinn, don Fhrainc, ⁊ eistibh-sidhe i Saxoibh go f-fuair a phardún, ⁊ a chuid tire, acht tánaisteacht namá co ro écc i n-iomláine a aoísi, ⁊ ro h-adhnaicędh i Mainistir Innsi.

  5. Donnchadh, mac Murchaidh, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Briain Chatha an Aonaigh Uí Bhriain do bhásucchadh d'oidhędh anuasail .i. a chrochadh i t-TuadhmhumhainCaptin Mortant baí ina mharasccal isin tír, ⁊ lasan siriam Sir Seoirsi mac Tomais Ciumhsocc, iar n-dol dó an bliadhain roimhe-sin i c-caradradh cloinne iarla Cloinne Riocaird, ⁊ ro fhill tar a ais maille le h-aithreachas ar phrotexion. Fuarttar-sidhe elang ⁊ uireasbaidh ar an b-protexion co ro gabhadh Donnchadh leó, ⁊ co ro crochadh amhail rémhepertmar an 29 September i n-dorus Luimnigh dia h-aoíne do shonnradh. Ruccadh a chorp có a domhgnas duthchasa go ro h-adhnaicędh é i n-Inis.

  6. Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh, mic Muircheartaigh mac Męic Uí Bhriain Ara (iar m-bęith d'aimhręir a athar le h-athaidh fhada, ⁊ riarach lé h-iarla Dęsmumhan) do theacht ar protexion, ⁊ a dhearbhrathair fęin .i. Toirrdhealbhach Carrach dia ionnsaicchidh go h-ęsccairdeamhail go ro marbhadh Dhonnchadh lais.

  7. O Cęrbhaill Sęan an Bhealaigh mac Uilliam Uidhir, mic Fir Gan Ainm, mic Maol Ruanaidh mic Sęain do mharbhadh i f-fioll adhuathmair éttarbhaidh lá Maol Ruanaidh, mac Taidhcc Chaoích, mic Fir Gan Ainm, ⁊ nír bhó cian-shaoghlach do-chuaidh an marbhadh-sin do Maol Ruanaidh uair torchair fęin fó cęnn ráithe iar sin d'oidhędh fhiongaile lásAn c-Calbhach mac Uilliam Uidhir, ⁊ An Calbhach fęisin d'óirdneadh in ionaidh a dhearbrathar.

  8. Cęthrar mac An Róistigh .i. clann Dauid, mic Muiris, mic Dauid, mic Muiris do mharbhadh lá tréatuiribh i mí April, ⁊ cidh aoín-dręm ro chuir a c-cosccar, ní i n-aon-ló ro h-ęsbaighit, uair torchair Remann, ⁊ Tępoitt, ⁊ drong mhór do mhaithibh a muintire, ⁊ dá c-cęndaibh consapal i t-toraigheacht creiche (an chinn don tír ina t-tárlattar ar thréatuiribh) lé senescal h-Ua Mac Caille, ⁊ lé Giolla Pattraicc p.1776 Conndún. As í bá bęn do Thępoit an tan-sin .i. Gráinne inghęn Toirrdhealbhaigh, mic Muircheartaigh, inghęn Męic I Bhriain Ara ⁊ an tan ad-chonnairc a fęr ina chotchoibh cnamhroinnte, ⁊ ina aighędhaibh ancomtha dia saighidh, ro iacht co h-ainsęrcc aichear go ro écc in adhaidh-sin h-i f-fochair a fhir chele conidh i n-aoín-fecht ro h-adhnaicit.

  9. Briseadh troda do thabhairt lás An m-Barrach .i. Dauid ar an mac bá sine ag An Róissteach .i. Muiris, ⁊ Muiris do tearnudh on troid-sin iar m-buain each ⁊ daoíne iomdha dé.

  10. An Sęinesccal remraite, ⁊ Patriccin Condún do thecht im Shamhain ar c-cind isin c-cęnd thiar do crích Róistigh. Dá mac ócca An Roistigh .i. Sęan, ⁊ Uilleacc, ⁊ an tír uile d'éirge fó na h-eighmhibh, ⁊ an céd-chumascc do clodh ar na tretuiribh. Ro gabhadh for a sír-lęnmhain tar tórainn na tíre amach a f-foccus dia n-daingnighthibh fędha, ⁊ coillędh, ro fhill na foghlaidhe ar dá mhac An Róistigh co ro marbhadh iad fęin, ⁊ a t-tárla ina t-timcheall, ⁊ gé nách gnáth ár gan élóidhtheach ní mór tearna dá t-táinicc isin toraigheacht, uair ro marbhadh aireacht, ⁊ aitreabhaigh, cinn phopal, ⁊ aes foghnamha ⁊ fędhma an tíre. Ro marbhadh ann bheós consapail Chloinne Suibhne co nach mó ina cęithri fir décc do mhair lé h-iomchar airm do lucht an tire iarsan tachar-sin gur bhó h-aittreabhaigh eachtair-cheneóil baoí An RóisteachMuiris do tharraing d'áitiucchadh na tire dia éis.

  11.  p.1778
  12. Mac Uí Mhaoíl Mhuaidh .i. Domhnall mac Tepóid do mharbhadh, ⁊ ro ba lughaide ro h-eccaoíneadh a oidheadh go ro thionnsccain sé dol ar bélaibh a athar, ⁊ a ionnarbadh, ⁊ é fęin do shuidhe ina ionadh.

  13. Mac iarla Dęsmumhan .i. Sęan, mac Sęmais, mic Sęain, mic Tómais iarla do thuitim i n-aisccid lá a easccairdibh, ⁊ as eadh-so a fhír amhail do-rala dhó, Sęan do dhol cęthrar marcach do coilltibh Ętharlach d'accallaimh An Bharraigh Mhóir baí i c-combáidh fhoghla fris. Dol dó tar Abhainn Mhóir bádhęs i midh-mędhón laoí dhobhardha dhuibh-chiach. Do-rala-somh ⁊ Captin Siuitsi cona chóirighthibh tul i t-tul ⁊ aghaidh i n-aghaidh, ⁊ gan aén aca acc iarraidh aroile. Ro gonadh ⁊ ro gabhadh Sęan ar an lathair-sin, ⁊ ní dheachaidh eadh aén-mhíle d'fearann an tan ró écc fó cedóir, ⁊ ro badh faoín-bhél fotharsna ro h-iomcradh ar a eoch é as-sidhe co Corcaigh, ⁊ ar rochtain dó don bhaile do-rónadh cęthramhna comhroinnte de. Ro cuireadh a chęnd a c-comhardha cosccair go h-Áth Cliath, ⁊ muna bęith gurab i n-aghaidh coróna Saxan baoí ro badh doiligh díth an deigh-fhir-sin ar a bhucca fri toirbert seód, ⁊ iolmhaoinibh, ⁊ ar a angbaigheacht i n-ionadh fędhma. Semus mac Sęain, mic Gęróit mic Tomáis iarla do gabhail in aoín-fhęcht lé Sęan mac an iarla ⁊ a chrochadh seal bęg tar a éisi, ⁊ a dhá mhac do chrochadh araon ris.

  14. Caitilin, inghęn Taidhg, mic Domhnaill, mic Corbmaic Ladhraigh Még Cárthaigh, bean Mec Muiris Ciarraighe d'écc, ⁊ as ann tangatar a tiugh-laithe ar Loch Léin Lín-fhiaclaigh, ⁊ í agá h-iomlochtadh on oilén co 'roile ar uamhan na f-foghladh, ⁊ a h-adhnacadh i Mainistir Airbhealaigh.

  15. Gaoth mhór, sir-fleochaidh, sraibhtine síon, ⁊ deartan dearmhair isin dá bhliadhain-si diadh i n-diadh.

  16.  p.1780
  17. Cnóimhęs mór isin m-bliadhain-si beós.

  18. Banda saighdiúir, ⁊ lęth-banna marc-sluaigh do mhuintir Chaptin Siuitsi do bęith i n-Ard Fęrta ó thús foghmhair na bliadhna seachmata go mí mędhoin foghmair na bliadhna freacnairce, ⁊ gé ro bhaoí iomatt bídh ⁊ stóruis aca on b-pronnsa nír ansat acht acc cnamh, ⁊ ag caithęmh na tire ina t-timcheall, ⁊ rob eiccęn mac gach cinn popail dá raibhe isin tír do chor i l-laimh chuca.

  19. Patricin, Emann, ⁊ Robęrd, clann Mheic Muiris d'ęin-lęith lé Gearaltachaibh i c-coccadh ó do fhágbhattar braighdęnus Luimnigh go sin. Aon d'oidchibh dia n-deachsat go h-Ard Fęrta, ⁊ ro ghlacsat creacha an baile arabharach ar madain. Ro éirigh captin an marc-sluaigh go h-obann dia saighidh .i. Captin Haitsim, ⁊ ní ro fhuirigh lá a shaighdiuiribh, ⁊ fuair a fhreaccra go ro-ullamh, ⁊ a chur dia chois don chéd-chumascc, ⁊ a chloidhmeadh gan choiccill. Ro fhillsęt clann Mec Muiris cona c-creich go ro gabhsat foslongport imon m-baile forna saighdiúiribh. Duine uasal do Chloinn t-Síthigh baoí i f-fochair chloinne Meic Muiris an tan-so .i. Muirchęrtach mac Emainn, mic Maghnusa, mic Emain, Mec Síthigh do mharbhadh i n-doras Mainistre ó t-Tórna lá cloinn an easpuicc Ciarraighi baí ag congnamh lá muintir na bainríoghna don chur-soin. Mac Muiris fęin, ⁊ urmhór a dhuithche do bhęith fó dhliccheadh gó sin. An tan at-chonnairc-sidhe a thír ag á trom-lot, ⁊ ó 'd-chualaidh an captín do mharbhadh lá a chloinn ro bris fo chédóir Lęc Snámha, Lios Tuathail, Biaille, ⁊ Baile an Bhuindénaigh. Do-chóidh i c-cęnd a chloinne iaromh. Ní dheachaidh lais isin mí-imirt-sin lucht Bhaile Mhec an Chaim, na Bhaile Uí ChaolaighiClann Phiarais. Do thóccaibh Mac Muiris a chlann on m-baile, ⁊ do-chóidhsiot díbhlínibh for culaibh a c-coilltibh, ⁊ ní mó ná imtheacht do-ruacht leó an p.1782 tan tainicc Captin Siuitsi don tír fó thascc marbhtha Captim Hatsim, ⁊ d'furtacht a muintire, ⁊ o na rucc forra-somh i t-timcheall an bhaile ro crochadh lais braighde baoíth-lęnb baoí ar laimh a mhuintire on tir. Tucc cuairt ar na coilltibh d'iarraidh Meic Muiris ⁊ a chloinne, fuair airccne, édala, ⁊ marbhtha iomdha ré a n-dénamh. Ro cuireadh lais a duthchasaigh féin (baí i f-fochair an caiptin ar an easaonta-sin) i l-Lęic Bhebhionn iarna fháccbháil folamh do Mac Muiris ⁊ dá mhuintir. Tairrngis Mac Muiris iarla Deasmumhan don tír i c-cionn aimsire iar-sin, ⁊ tuccsatt troitt do muintir Arda Fęrta, ⁊ do marbhadh leo a c-captin, a leutenant, a f-fęr brataighe, ⁊ drong mhór ele a maille friú. Ro bhęn a chuid don choccadh-sin lé Mac Muiris seach cách, óir do díolaitriccheadh a dhaoíne, do milleadh a ioth, a fhoirgnęmh, ⁊ a aittreabha. Nir dhion dia taiscceadhaibh, cuasa crann, na carracc, ná tuinigthe talmhan, ná fremha fidh acht amhail ba iatt a n-ęsccairde nó fuicfeadh isna h-ionataibh erdhalta sin iat.

  20. Captin Siuitsi do dhol h-i Saxoibh i mi August na bliadhna-so ⁊ captin ele d'faccbhail dó ina ghobhernóir ós cęnd Mhuimhneach, ⁊ an captin-sin do bhręith na męide ro mhair do saighdhiuiribh Árda Fearta lé a chois go Corcaigh. Ní bhaoí ón uair-sin banda, nó lęth-bannda do shaighdiúiribh acc siubhal a t-tíre, nó ag cumhgucchadh ar Gearaltachaibh go criochnucchadh na bliadhna-so.

  21. Captin Siuitsi do mharbhadh i c-comhrac h-i Saxaibh suil rainic lais teacht tar a ais i n-Erinn.

  22. Iarla Dęsmumhan do bęith o mí mhędhoin foghmair na bliadhna ręmhainn go dereadh na bliadhna-so etir Druim Fingin, Eatharlach, ⁊ Coill an Chuiccidh ⁊ gan do bhuain, nó do bhranar ar a uídh nó ar aire acht a bhęith ag buain Builtérach do ló, ⁊ d'oidhche i n-dioghail ina n-dearna iarla Urmhumhan gó sin ar Gearaltachoibh. p.1784 Rob usaide Buitileraigh do baoghluucchadh iarla Urmumhan do bęith i Saccsoibh an bliadhain-si go ro bhęn a droch-iarmairt don dúthaigh óir ní mór nat fáccbadh 'na h-én-tuinn fhiataile ⁊ fásaigh o Port Laircce co Lothra, ⁊ o Chnámhchoill co conntaé Cille Cainnigh. Nír bho machtnadh gér bhó fásach na fuinn-sin ar a mhęince do aircc an t-iarla an dá Urmumhain, Duthaigh Ara, Uí Cairin, Éle Dhęiscert, cona forthuathaibh, An Trian Mędhónach, ⁊ Trian Cluana Meala, ⁊ ar gach taoíbh do Shiúir go doras Puirt Laircce. Ní h-ęidir a innisin, nó a aisnęis lęth no trian ar iomcairsiot Gearaltaigh do dheabthaibh doilgibh do choinghlęcaibh cruaidhe, ⁊ d'ionnsaightibh éttuailngeachaibh an tan-sin, ⁊ bá isin aimsir-sin ad-bęrthaoi nach mór co m-baoí gęim bó no guth oiręmhan o Dhún Caoín co Caisiol Mumhan.

  23. Iarla Dęsmumhan do dhol i samhradh na bliadhna-so fa oirtear Mumhan ⁊ fa Iarthar Buitilerach. Tarla in tan-sin i f-Fiodhard ar a chiontt dá mac occa iarla Urmumhan .i. Emann an Chaladh, ⁊ Eduard, clann t-Semais mic Piarais Ruaidh, mic Sęmais, mic Emainn, da dearbrathair iad-sidhe don iarla Urmumhan baoi an tan-sin .i. Tómas, ⁊ bá h-iad ro fhaccaibh an t-iarla ós cęnd na criche dá coimhéd acc dol dó fęin h-i Saxoibh. Tarla ina t-timcheall-somh isin m-baile an tan-sin męr-ghasradh mharcach ⁊ coirighthe glan-toghtha gall-ócclach, ⁊ gíomanach. Ro eirgęttar-sidhe fó na h-ęimghibh go h-urmaisneach co n-deachattar ar aon-gort ris an iarla. Batar acc coimét for a chele gan cęchtar aca d'ionnsaicchidh aroile ó Fhiodhard go Cnoc Grafann. As annsin ro fhill an t-iarla ar na h-airsędhaibh, ⁊ do bhris for Buitilereachaibh. Ro fháccbhattar drong mhór dia mharc-sluagh, ⁊ a c-coisighte uile fó iocht a n-ęsccaratt, ⁊ fo bhręith a m-biodhbhadh gur bhó breac ó corpaibh daoíne an tulach for ar thachrattar ó Ghearaltachaibh isin n-gliaidh-sin. Do-rónadh écht mór is in maighin-sin .i. ard-chonsapal Buitilérach do mharbhadh .i. Colla mac Maol Muire mic Domhnaill Óicc Mec Suibhne. Nír p.1786 marbhadh don taoíbh thiar achtmadh Gearalt mac Sęain Óicc, mic Sęain, mic Tomais iarla ⁊ rob adhbhar éccaoíne esidhe ina thir badéin.

  24. Cuairt dá n-deachaidh iarla Dęsmumhan i c-Ciarraighe i f-foghmhar na bliadhna-so, ⁊ baoí i f-foccus do sheachtmhain i f-foslongport i m-bairr Chloinne Muiris. Tiaghait troighthigh an iarla ón maighin-sin do ghlacadh creiche i Popal Uí Chaoímh. Rucc orra Ó Caoímh, ⁊ 'na comhfhochraibh battar comhfoiccsi dóibh. Báttar ré h-ędh an laoí-sin tré learccaibh Luachra Deadhaidh acc lęnmain na fędhna co rangattar i c-chomhfhoccus d'foslongport an iarla. O 'd-chualaidh an t-iarla caismęrta na c-cęithirn, ⁊ foghar-thorann a n-ordanáis, ro eirigh co h-obann co ro sraoíneadh isin slighidh c-cédna for Ua c-Caoímh, ⁊ ní mór tánaicc san toraigheacht ná torchrattar uile. Ro gabhadh ann Ó Caoímh fęin .i. Art mac Domhnaill mic Airt. Ro gabhadh bheós a mhac .i. Art Ócc ⁊ do marbhadh mac ele dia cloinn .i. Aodh. Ro gabhadh ann mac An Bhiocara Uí Sccolaighe, ⁊ do crochadh é as a aithle.

  25. Dauidh an Chomhraic mac Sęain Óicc, mic Sęain tighearna na Coille Móire d'écc.

  26. SémusGęralt, clann an easpuicc Ciarraighe .i. clann t-Semuis mic Risdęird do mharbhadh lé cloinn Emainn Mec Sithigh i n-dioghail a n-dęrbrathar .i. Muirchęrtach ro marbsat clann ann easpuicc fęcht riamh.

  27. Tomas, Gearalt, ⁊ Sęan Ócc clann t-Sęain mic Emainn mic Tomais ón Claonglais d'imtheacht do rinn ⁊ d' éccaibh nadúrtha an bliadhain-si.

  28.  p.1788
  29. Eoghan mac Maol Muire, mic Donnchaidh, mic Toirrdhealbhaigh Mec Suibhne consapal Dęsmumhan, fęr ciúin cęndsaighthi i n-oil-tigh ⁊ i n-oireachtas, dur danardha docoiscc i n-deabhaidh ⁊ i n-ionadh fhędhma do ecc.

  30. Toirrdhealbhach Ócc mac Toirrdhealbhaigh, mic Maol Muire, mic Donnchaidh, mic Toirrdhealbhaigh Mec Suibhne d'écc. Nír chin a chomhaosa dia chinędh in aon-aimsir fris ar ar luccha éra aon-nduine inás.

  31. Sir Niclas Maulbi do dhol i Saxoibh in bliadhain-si, ⁊ a thilleadh tar a ais i n-gęimhreadh na bliadhna ar c-cind, ⁊ Captin Brabustun i n-goibhęrnóracht chóiccidh Chonnacht an airęt-sin, ⁊ an captín-sin do dhol i t-Tír Amhalgaidh i n-ęrrach na bliadhna-so. An tír uile do lot ⁊ do léir-sccrios dó on chúil go a chele, uair baoí acc siubhal on fhoslongport gó aroile ętorro. Nir dhíon ar an c-captin-sin, ná for a muintir, nęimhędh naoimh na filęd, fíodh, na foithir-ghlęnd, na baile, na babdhún no gur toghladh an tír uile lais.

  32. Mac Suibhne Baghainech, Maol Muire Óc, mac Maol Muire, mic Aodha, mic Neill, Mec Suibhne, ⁊ Domhnall mac Murchaidh, mic Ruaidhri Mhóir, mic Domhnaill na Madhmann, Mec Suibhne do mharbhadh an 4 la do mhí Iun ar brú Locha Feabhail, ⁊ iad acc iomluadh aithiscc ⁊ coinne etir Ó NellÓ Domhnaill báttar i n-díbh foslongportaibh lęthnaibh líonmharaibh imon loch. Bá h-amhlaidh do-rónadh na móir-échta-sin .i. drong d'Albanchoibh anaithęnta do thocht a foslongport Uí Neill i n-arthrach baoí le h-acchaidh iomlochtadh ar caol Locha Febhail, ⁊ do saoíleadh gurab lá toiscc eiccin ele do-dheachatar go ro ghabhsatt tracht im urthosach in arthraigh i m-battar na consapail shoicenelcha i n-uathadh buidhne co h-anfhuirighthe acc iomfhuireach le criochnucchadh a c-coinne co ro claidhmidhsiot iatt gan choiccill, ⁊ co n-dęchsatt fęin as gan fhuiliughadh gan fhoirdhearccadh forra.

  33. O Dochartaigh Sęan mac Feilim, mic Concobhair Charraigh, tighearna Innsi h-Eoghain d'écc, 26 Maii ⁊ ro badh braighe gill as a f-fuighbithe eich ⁊ airghędha (dia madh p.1790 fuasccladh nó bęith fair) an tí tęsda annsin, ⁊ a mhac Sęan Ócc d'oirdneadh ina ionadh ar bélaibh Chathaoir Uí Dhochartaigh. Tainic de-sidhe an tir do throm-lot, etir ioth, arbar, áitiucchadh, ⁊ indilibh.

  34. Maire inghęn Chuinn I Neill, bęn t-Somhairle Buidhe Mec Domhnaill d'ecc.

  35. Neachtain mac Chuinn, mic An Chalbhaigh do mharbhadh an .5. September.

  36. Mag Flannchaidh Dartraighe (.i. Cathal Ócc) do mharbhadh lá a bhrathair fęin Tadhcc Ócc.

  37. Clann Uatéir Fhada, mic Dauidh, mic Emainn, micc Uillicc A Búrc .i. Tępóitt, ⁊ Maoilir do dhol d'iarraidh gabhala i t-Tír Amhalgaidh a h-ucht Mhęic Uilliam dęrbrathair a n-athar .i. Risdęrd an Iarainn go ro gabhsat bú. Ricard A Búrc mac Emainn, mic Uillicc ó Caislén An Bharraigh d'éirghe fó na h-ęighmhibh co rucc forna buidhnibh, ⁊ ro fhęrsat gliaidh géar amhnais ré aroile co ro marbhadh Riocaird ⁊ forccla a t-tarla ina timcheall sa troid-sin. Ruccsat clann Uáteir Fhada a c-creich, ⁊ a c-cosccar.

  38. Mac Mhec Uillian Búrc .i. Riocard Ruadh mac Sęain mic Oiluerais mic Sęain do mharbhadh i n-gęimhreadh na bliadhna-so lá Tomas Uuideos duine uasal do mhuintir na bainrioghna, ⁊ at-bęirędh cách nár bó maith fríth an marbhadh-sin.

  39. An Dęccanach Ó Gráda d'écc .i. Donnchadh Ócc mac Donnchaidh mic Donnchaidh mic Nicoil, fęr cumhachta móir i c-cill ⁊ t-tuaith eisidhe.

  40. Mac Bruaidędha ollamh Uí Briain lé sęncas .i. Maoilin mac Conchobhair mic Diarmatta, mic Sęain d'écc, ⁊ a brathair Giolla Brighde d'oirdneadh ina ionadh.

  41. Diarmaitt Ulltach mac Sęain d'écc.

  42. Ma Con Midhe Brian Dorcha d'écc, 13 Iunii.

 p.1792
M1583
  1. AOIS CRIOST, 1583. Aois Criost, mile, cúicc cétt, ochtmoghatt, a trí.

  2. Cond mac An Calbhaicch, mic Maghnusa, mic Aodha Duibh, mic Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill do écc, .13. do Marta. Saoí dhęrsccaighthe, deigheinigh, fęr soithimh so-agallmha, post congmhala do cliaraibh, ⁊ do cęithearnaibh, fęr cęndaighthe duan, ⁊ drécht adhmolta ar a iolmhaoinibh fęisin, fęr as luccha rob olc clú ⁊ cétfaidh do Clandaibh Neill Naoíghiallaigh gur bhó samhail do chruit gan chęis, do luing gan luamhaire, ⁊ do ghort taobh le toll-airbhe amhail ro bhattar Cenel g-Conaill don chur-sin iar n-écc Cuind.

  3. Iarla Urmumhan .i. Tomas mac Semais, mic Piarais Ruaidh do bęith 'na gobhernoir ar dá chóicceadh Mumhan an bliadhain-si, ⁊ iarla Dęsmumhan ag daingniucchadh ina thrétúireacht, ⁊ ina dhibheircc, co ro gabh for aidhmilleadh na tíre ina chomhfochraibh i n-geimhreadh ⁊ i n-earrach na bliadhna-so ręmhainn, ar a aoí baoí d'adhuath, ⁊ d'uireaccla accá daoínibh riasan dliccheadh, ⁊ ria b-prionnsa Saxan go ro ghabhsat ag deiliucchadh fris etir mnaoí posta, cloinn, ⁊ chairdibh, coná baoí acht aon-cethrar nama dia réir ón c-cuas cairrcce, nó croinn gó aroile seachnón dá chóicceadh Mumhan i samhradh ⁊ i f-foghmhar na bliadhna-so. Iar m-bręith do chéd-tosach an geimhridh ⁊ don oidhche fada fair ro triallsatt eassurradha, ⁊ męirligh Mumhan iadhadh ina uirtimcheall, ⁊ adudh do chor i c-coiccill an choccaidh gur bhó mithidh lá Dia sccur críoch ⁊ foircęnd do chur for choccadh Gęraltach, ⁊ bá h-amhlaidh-so for-caomhnaccair .i. drong d'Uibh Muirchęrtaigh Buird Mhainge do Shliocht Aodha Bęndáin do faghbháil ędarbaoghail ar iarla Dęsmumhan p.1794 iar m-bęith dhó i f-fian-boith folachtae i c-cuas cairrgi i n-Glinn an Ginntigh. Battar an drong íshin ag taisccéladh, ⁊ ag timchealladh na téghdhaisi i m-baoí an t-iarla ó urthosach oidhche co h-adh-madain, co ro lingsiot an fhuar-bhoth fair i c-crepuscal na maidne muiche dia mairt ar aoi laithe sechtmuine, lá fele Martain do shondradh. Ro gonadh ⁊ ro gabhadh an t-iarla leó, uair ní bhaoí lucht trotta nó tachair ina fharrad acht aon-bhęn, ⁊ dias bhuachall, nír bhó cian ón coill do-dheachattar an tan ro dhíchęndsatt an t-iarla gan fhuireach, ⁊ muna bęith-sidhe for foghail, ⁊ for díbęircc (amhail ro baí) robadh do móir-sgélaibh Ereann don iarla Dęsmumhan sin .i. Gearóid mac Semais, mic Sęain, mic Tomais Droichit Atha, mic p.1796 Semais, mic Gearóid an Dana, mic Muiris (.i. an cęid-iarla Dęsmumhan) mic Tomais na n-Apadh, mic Seon Chaille, mic Tómais (agá c-comhraicit Gearaltaigh Chille Dara, ⁊ Dęsmumhan ré aroile) mic Muiris (.i. an brathair minúr) mic Gearailt, mic Muiris, mic Gearailt.

  4. Nirb' iongnadh dioghaltas Dé do dílghęnn Gearaltach fó dháigh chora i n-aghaidh a b-prionnsa dia t-tartatar dia sinnsearaibh mar thír duthchusa ó Dhún Caoín i c-Ciarraighe go Comar Tri n-Uiscce, ⁊ ó Oilen Móir Arda Neimidh i n-Uíbh Liathain, co Luimneach.

  5.  p.1798
  6. Murchadh Bacach, mac Emainn, mic Maghnusa, Mec Sithigh d'écc i n-Ard Fearta gar iar m-bás iarla Dęsmumhan, ⁊ ad-berat aroile gurab dia cumhaidh at-bath.

  7. Gofraidh Carrach, mac Donnchaidh Bhachaigh, mic Maol Muire, mic Donnchaidh, mic Toirrdhealbhaigh Mec Suibhne do mharbhadh la cęithęrnaibh Innsi Caoín do thánaisteacht ó c-Cairpre sęchtmhain ria m-bás iarla Dęsmumhan, ⁊ at-bęirthi gur bhó robhadh ria m-bás don iarla marbhadh Gofradha.

  8. Sęan Ócc mac Sęain, mic Tomais iarla d'écc iar c-cian aois, ⁊ é i l-laimh i l-Luimneach a c-cionaidh a chloinne do bęith i f-farradh iarla Dęsmumhan.

  9. An Róisteach .i. Dauidh mac Muiris, mic Dauidh, mic Muiris, ⁊ a bhęn Oilén ingęn t-Semais, mic Emainn Meg Piarais d'écc i n-aoín-mhí i n-ęrrach na bliadhna-so, ⁊ ní bhaí d'Fionn-Ghallaibh Ereann ar triochat ced do dhúthaigh lánamain rob oirdearca ináit-sidhe.

  10. O Maoíl Muaidh .i. Tepoitt d'écc.

  11. Corbmac mac Taidhcc, mic Corbmaic Óicc Még Carthaigh tighearna Múscraighe fęr dęigh-dhealbhdha dreach-sholais agar lia foirccnęmha fionn-aolta, ⁊ caislęin chumhdacht-ghlana, ⁊ cathaoire comhorbais do Chlannaibh Eoghain Mhóir d'écc. An tír do bęith imręsnach ré aroile iar n-ég Corbmaic. Drong dibh ag cur lé Ceallachan mac Taidhcc ro fhobair dol i seilbh na tire fó dáigh a shinsirechta. Drong p.1800 ele ag cur lá Corbmac mac Diarmatta mic Taidhcc baí ag iarraidh cęnnais an tíre a h-ucht phatent a athar, ⁊ an tręs drong ag cur lé cloinn óicc an Chorbmaic-sin, mic Taidhcc, mic Corbmaic Óicc, mic Corbmaic, mic Taidhcc Meg Carthaigh, ⁊ lána mhathair .i. Siubhan ingęn Piarais na Buile mic Semais, mic Emainn Még Piarais. Tar a chęnd-sin uile as le Corbmac mac Taidhcc, mic Diarmatta do buadhaighędh.

  12. An t-epscop Ciarraigheach d'écc .i. Semus mac Risdęird, mic Sęain soidheach lán d'eccna an t-epscop-sin. Do Chloinn Phiarais a bhunadhus .i. Sliocht Rémainn, mic Uilliam mic Gearailt, ⁊ dearbrathair don Mhuiris tainicc ar an c-céd-gabhaltas ó prionnsa Saxan i n-Erinn do chongnamh lá Diarmait mac Murchadha (la rígh Laighean) an t-Uilliam-sin mac Gearailt do-ráidsiom, ⁊ as dia shliocht urmór Gearaltach Cloinne Muiris.

  13. O Caoimh .i. Art mac Domhnaill, mic Airt, mic Eoghain, saoí duine eisidhe do mharbhadh, ⁊ a mhac .i. Art Ócc d'oirdneadh ina ionadh.

  14. Mac Mhec Amhlaoibh .i. Donnchadh Bán, mac Maoileachlainn, mic Diarmata, mic Maoileachlainn, ⁊ mac a dearbhrathar Tadhcc, mac Conchobhair, do comhthuitim ré aroile.

  15. Sęan Carrach mac Uilliam, mic Tępoitt A Búrc oidhre Coisi Siúire baí i t-trétuireacht gusan tan-sa do theacht isteach ar protexion. Dol dó iar m-bás iarla Dęsmhumhan d' iarraidh fhuadáin i n-Gearaltachaibh. Ní ro airis co h-Ath Dara, p.1802 ⁊ ro tionóileadh buar an bhaile lais. Eirgitt barda an bhaile fona h-ęighmibh. Fillis Sęan cona bhęcc-bhuidhin marcach ar in m-bárda, ⁊ ro h-aimsędh eissidhe go seóil-direach d'urchor do pheilér tré na chloccaitt ina chęntt go ro leaccadh é dia eoch, ⁊ ruccsatt a mhuintir an c-creich, ⁊ ro fháccaibhsiot Sęan. Ruccadh iaromh eisidhe co Luimneach co ro crochadh annsidhe h-é le comęssieoraibh Luimnigh.

  16. Mag Thaidhcc Urmumhan .i. Conchobhar an Chuain mac Taidhcc mic mic Mathghamhna Duinn Uí Cęinnittigh d'écc, fęr seólta sęsccar, ⁊ tighędhasach gan tathaoír ó a thuismędh gusan tan-sin. Mag Taidhcc do ghairm do Pilip mac Diarmata na Ropalaigh Uí Cęinnéittigh.

  17. Mac Még Cochláin, Gearoitt mac Sęain, mic Airt, mic Corbmaic macaemh cédfadhach ar c-cétt-gabháil ghaisccidh do mharbhadh lá mac Uí Cęinneittigh Fhinn .i. lá Murchadh mac Briain, mic Domhnaill.

  18. An chonntaoís Do Róisti .i. Aibilin inghean Muiris, mic Dauit Do Roste bęn iarla Tuadhmumhan (Donnchadh mac Conchobhair Uí Bhriain) d'écc i samhradh na bliadhna-so i c-Cluain Ramhfhoda, ⁊ a h-adhnacal i Mainistir Innsi.

  19. Onora ingęn Domhnaill, mic Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain an bhęn baí ag Ua c-Conchobhair Ciarraighe .i. Conchobhar d'écc, ⁊ a h-adhnacal i n-Inis Cathaigh.

  20. Sluaiccheadh lánmhor lá muintir Sir Niclas Maulbi, ⁊ lá cloinn iarla Cloinne Riocaird .i. Uilleacc, ⁊ Sęan i n-iochtar Tíre, ⁊ i n-Umhall Uí Mháille, ⁊ bá dírimh an ro cruinnighsiot do chrodh creach ar an sluaiccheadh-sin. Ro loiscceadh ⁊ ro lér-sccriosadh leó Cathair na Mart don cur-sin.

  21. Mac iarla Chloinne Riocaird Sęan A Búrc mac Riocairt Shaxanaigh mic Uillicc na c-Cęnd, mic Riocaird, mic Uillicc Cnuic Tuagh do mharbhadh go mio-ghaolmhar lá a dearbhrathair (Uilleacc A Búrc) ar ionnsaighidh oidhche. Monuar tra p.1804 ro ba maircc daerbrathair do dhuthraccair duine mharbhadh a dhęrbrathar n-aile im comhroinn criche ar is bith caich ar uair an bith-so. Ba doiligh mór ná ro sccrutt Uillęcc ina inntinn gur bó maol-guala gan brathair, ⁊ nách sluacch neach ina aonar. Ní h-ędh-sin do-bęrt dia uídh acht a corp do chnęs-tolladh ⁊ a thaobh do thręghdadh go b'farccaibhsiot marbh gan anmain é, ⁊ as ar éiccin fuair lucht a iomchair go Baile Atha an Ríogh airm in ro h-adhnaiceadh an t-áirsigh. Bá crádh cridhe lá a thír badhéin an fhir h-íshin, ar fhęphas a cheille, a chrotha, ⁊ a cheneóil, a einigh, a uaisle ⁊ a oirbhęrtae.

  22. Mac Uilliam Búrc .i. Risdęrd an Iarainn, mac Dauidh, mic Emainn, mic Uillicc fęr creachach conghalach, aisdręch ęssádhal, nó brisędh bęirn m-baoghail ar a biodhbhadhaibh, ⁊ for a m-bristí co minic do écc, ⁊ Risdeard mac Oiluerais, mic Sęain d'oirdneadh ina ionadh.

  23. O Raghailligh Aodh Conallach mac Maoíl Mhórdha, mic Sęain, mic Cathail neach do chaith a ré gan fhręsabhra, ⁊ a tręimsi gan turbhródh, ⁊ ro chongaibh an Bręifne gan baoghlucchadh tar lamhaibh a chomharsan Gall, ⁊ Gaoidhel an c-céin do mhair do écc, ⁊ a adhnacal i mainistir An Cabháin, ⁊ a bhęn Isibél Bęrnauál d'écc in aon-aimsir p.1806 ris fęin. Mac an Uí Raighallaigh-sin .i. Sęan Ruadh do bhęith ag dol i c-cęndus an tíre a h-úghdarras Gall ar bélaibh Emainn mic Maoíl Mordha baí p.1808 ina shinnsęr do ręir gnathuighthe Gaoidheal, ⁊ táinicc de-sidhe an tír, ⁊ an tighearnas do roinn etir Sliocht Mhaoil Mórdha.

  24. Mac Uí Conchobhair Sliccigh Cathaoir mac Taidhcc Óicc, mic Taidhcc, mic Aedha do mharbhadh i f-fiull lá druing do Mhuintir Airt.

  25.  p.1810
  26. Mac Uí Concobhair Doinn .i. Toirrdhealbhach mac Diarmada, mic Cairbre, mic Eocchain Chaoích mic Feilim Gęngcaigh do écc.

  27. Tadhcc Ócc mac Taidhcc Uí Ruairc do écc i m-braighdęnas ag Ua Ruairc .i. Brian mac Briain mic Eocchain.

  28. Oilén na t-Tuath (.i. Port an Oiléin) do gabhail lá Mac Suibhne na t-Tuath .i. Eocchan Ócc mac Eocchain Óicc, mic Eocchain, mic Domhnaill ar cloinn Domhnaill mic Donnchaidh, ⁊ clantt Domhnaill do marbhadh and.

  29. Baile Uí Neill (.i. Toirrdhealbhach Luinech) .i. an Srath Bán do losccadh la h-Ua n-Domhnaill (Aodh mac Maghnasa) ⁊ dioghbhála móra do dhénamh d'Ua Neill, la taobh oirccne an bhaile oir ba don chur-sin do marbhadh la h-Ua n-Domhnaill Ua Coinne, ⁊ mac Mec Aodha go n-druing móir ele cenmothát.

  30. Donnchadh mac An Chalbhaigh Uí Domhnaill do mharbhadh lá cabhlach Albanach.

  31. Brian mac Donnchaidh, mic Con Chonnacht, mic Con Chonnacht Meg Uidhir fear go n-dęgh-ainm uaisle ⁊ einigh do écc.

  32. Creacha móra do denamh ar Shomharile m-Buidhe mhac Mec Domhnaill lá h-Aodh mac Feilim Bacaigh Uí Neill, lá Mac Uidhilín, ⁊ lá Saxancoibh. Somhairle Buidhe cona bhraithribh do dhol i t-tóraigheacht na c-creach, ⁊ brisędh dóibh for a m-baoí reampa, ⁊ na creacha do bęin díobh, ⁊ Aédh mac Feilim Bacaigh do mharbhadh don chur-sin, ⁊ banna nó dhó dona Saxanchoibh, ⁊ an chuid ele dhibh d' imtheacht gan chreich gan cosccar.

  33. Toirrdhealbhach, mac Domhnaill Uí Bhriain, ⁊ Sęan Ruadh, mac Aodha Conallaigh, mic Maoil Mórdha Uí Raighilligh do dhol i Saxoibh, ⁊ i n-oirdneadh i n-grádhaibh ridire i n-aon-ló i samhradh na bliadhna-so do lathair an Prionnsa Elisabeth.

  34. Donnchadh mac Ui Baoigill (.i. Toirrdealbhach) do mharbhadh lá Muintir Mhaille i n-Inis Caoíl.

  35.  p.1812
  36. Fęr Fędha, mac Toirrdhealbhaigh Mhęirgigh, Mec Suibhne d'écc i m-baile Mhec Suibhne Bhóghainigh.

  37. Ua Néill Toirrdhealbhach Luineach do bęith for an Srath m-Bán co n-druing móir do Shaxanachaibh ina fharradh, ⁊ bátar occ báigh, ⁊ acc baccar dul do indradh Tíre Conaill i n-díoghail loisccthe an t-Sratha Báin riasan tan-sin. O 't-cuala Ua Domhnaill Aodh mac Maghnusa an ní-sin, ro tionoileadh co tinnesnach a shochraitte dia shaighidh, ⁊ do-chóidh gan fhuireach go Druim Lighęn go ro ghabh longport h-isuidhe i mí Iún do shonnradh. No thicceadh diorma do mharc-sluagh Uí Neill do shaighidh ughra ⁊ iomruacctha for marc-sluagh Uí Domhnaill. Nir bo feich optha lá Muintir Uí Dhomhnaill ind sin go m-bátar daoíne occá n-dithiughadh ętorra gach laoí. Feacht ann tangatar an ro badh deach do mharc-shluagh Uí Néill go m-brigh, ⁊ go m-borrfadh go t-tár, ⁊ go t-tarcasal for Chenel c-Conaill, ⁊ ní ro ansat dia ręimim go rangatar tar Find, ⁊ tria Phort na t-Trí Namhat, ⁊ co h-iomfhochraibh longpuirt Uí Dhomhnaill. Roptar ainęrlamha Muintear Uí Domhnaill an tan-sin, ar a aoí ro ghabhsat a n-díorma fo cédóir ⁊ ro lingsęt forra. Fęchair iomairecc, ⁊ iomruaccadh aingidh éttrocar ętorra fri ré fhoda. Ro sraoíneadh fo dhęóidh for mharc-shluagh Uí Néill gusin f-Find tarsa t-tudhcatar, ⁊ ro bás occ a f-foirdhinge ina n-diúidh gan díchell, occá t-tacmang, ⁊ occ a t-timchelladh coná caomhnaccattar saighidh átha idir gur bo h-ęiccęn dóibh an abhann for a n-ionnchaibh d'ionnsaighidh airm in ro dhóirtsęt dia saighidh. Ro báidhit, ⁊ ro marbhait sochaidhe do Mhuintir Uí Néill im Ua n-Goirmshlęghaigh Corbmac, ⁊ im Mac Aodha, ⁊ im Maol Muire mac Diarmata mic Mathgamhna, mic Tuathail Uí Cleirigh, aon-bráighe gill Uí NeillCenél Eóghain don chur-sin, uair rob ionann mathair dia athair-siumh, ⁊ d'Ua Néill fęisin, ⁊ bá fora chumas buí iol-mhaoine Uí Neill ar aba a fhialusa fris, ⁊ nir bó ró lais a thęóra cudroma da gach ęrnail ionnmusa p.1814 do thabhairt ass, dia madh fuasccladh dó. Ro guinędh ⁊ ro báidhędh eisidhe lá muintir Uí Dhomhnaill, ⁊ ro badh slán a męnma, ⁊ roptar buidhigh dia thuitim leó.

M1584
  1. AOIS CRIOST, 1584. Aois Criost, mile, cúicc cett, ochtmhocchatt, a cęthair.

  2. Mac oidhreachta iarla Chille Dara .i. Gearoitt d'écc i Sacsoibh.

  3. Sir Niclas Maulbi gobernóir chóiccidh Connacht d'écc i n-Áth Luain fá initt, fęr foglamtha i m-bérlaibh ⁊ i t-tęngtoibh oilén Iarthair Eorpa esidhe, fear crodha cath-bhuadhach seachnon Ereann, Alban, ⁊ na Fraingce ag foghnamh dia phrionnsa, ⁊ ro badh sęirbhís co somhaoín dó-somh ind sin, uair fuair a dhiongmhala do dhęgh-thuarasdal on m-bainrioghain .i. constablacht baile Atha Luain, gobernoracht chóiccidh Chonnacht fri ré seacht m-bliadhan ria na bhás, síoruidheacht Rossa ComáinBeóil Atha na Sluaicchędh dó fęin ⁊ dá oidrędhaibh, ina dhędhaigh acht amháin gurab ó cloinn iarla Cloinne Riocaird ro chéd-sholathair sé Bél Atha na Sluaiccheadh. p.1816 Ionadh Sir Nioclás ag Captain Brabusún go teact Sir Risderd Bingam i n-Erinn i nd-árd-chomessoirecht chóiccidh Connacht i mí Iun an t-samhraidh ar c-cind.

  4. Toirrdhealbhach mac Uaithne mic Maoíleachlainn Uí Lochlainn do gabhail i t-tosach mís Marta na bliadhna-so i Muicinis, le Toirrdhealbhach mac Domhnaill Uí Bhriain, ⁊ a bhasucchadh iar sin lá Captain Brabusún ar session an t-samhraidh ar c-cintt i n-Inis.

  5. Mac Mhec Conmara an taoíbhe thiar do Chloinn Cuiléin d'écc .i. Donnchadh mac Taidhcc mic Con Mędha mic Con Mara mic Sęain, fęr rér mó eaccla a easccaratt i n-ionadh fędhma da m-baoí do Cloinn Cuiléin esidhe.

  6. Ruaidhri Carrach mac Maol Muire mic Donnchaidh, mic Toirrdhealbhaigh Mec Suibhne do bhásucchadh i c-Corcaicch.

  7. Sithcháin comhcoitcęnn do fhoccra fó Erinn uile, ⁊ fó dá choicceadh Mumhan do shonnradh iar n-dícęndadh iarla Dęsmumhan amhail adubhramar. Tánaicc do bithin na foccra-sin, co ro lingsiot aittreabhaigh na c-cęnntar c-comhfoccus d'áitiucchadh Chonallach, Chiarraighe ⁊ conntae Luimnigh. Ní bhaoí fęr iomchair airm do Shliocht Muiris Meic Gearailt i n-Erinn do neoch baoí for foghail no for díbęircc nách t-táinicc fó dhliccheadh, achtmadh Muiris mac Sęain Ócc, mic Sęain, mic Tomais iarla nama, ⁊ gidh essidhe tánaicc fó shith ar focal iarla Urmumhan, ⁊ ro sccar sidhe fri a dhaoínibh iar-sin uair ro éla ar chuire chúiccir tar Sionainn sriobh-glais bathuaidh tre Tuadhmumhain, ⁊ o gach crich gó aroile go ráinicc Rúta Mhec Uidhilín i c-cęnn Somhairle Buidhe mhec Mec Domhnaill, as-saidhe go h-Albain, ⁊ don Spáin iaromh go b-fuair bás innte iar t-trioll.

  8. Iustis nua do theacht in Erinn .i. Sir Iohn Parrot an 21 Iun ⁊ tainicc p.1818 imaille ris Sir Iohn Noris ina phresident os cęnd dá chóicceadh Mumhan, ⁊ Sir Risderd Biongam ina ghobernóir ós cęnd chóiccidh Connacht. Ní ro chaith an iustís mí co h-iomlán i n-Ath Cliath 'na chomhnaidhe an tan tainic co h-Ath Luain, ⁊ as-sidhe go Gaillimh. Tangattar maithe chóiccidh Chonnacht ina chomdhail gusan m-baile-sin dia fháiltiucchadh, ⁊ dia admháil mar fhollamhnaightheóir ⁊ mar chodhnach ós a c-cionn ón b-prionnsa. Iar m-bęith seal don iustis i n-Gaillimh ro triall do dhol co Luimneach. Baoi an chéd-adhaidh iar f-fáccbháil na Gaillmhe i c-Cill Mhec Duach. Tanic an dara h-oidhce go Cuinnche i c-Cloinn Cuiléin. Battar maithe chonntaé An Cláir ar a chionn annsin do neoch díbh ná deachaidh ina cęnd go Gaillimh. Baí bheós sirriam na conntae .i. An Crúiseach, tarla i l-láimh ag an t-sirriam an tan-sin, Donnchadh Beacc, mac Taidhcc, mic Donnchaidh Uí Briain ard-thrétuir, ⁊ uachtarán lochta aidhmillte chóiccidh Chonnacht ria-sin. Ro bhęn a droch-dhiach dhó oir fuair a righędh ar carr, ⁊ cnaimh-rédheadh coimmbriste do dhénamh dia chnamhaibh la cúl tuaighe truime tiugh-fhormnaidhe, ⁊ ro cuireadh a chorp láin-briste lęth-mharbh cęngailte fri cadhladhaibh cruaidh-ríghnibh cnáibe i m-bairr Cloccais Cuinnche fo chosaibh én, ⁊ ęthaide an aieoir ar dháigh gomadh ionncomhartha ⁊ eissiomláir do lucht denmha droich-ghniomh a fhaicsin amhlaidh-sin.

  9. Do-thaod an iustis arnamharach co Luimneach, ⁊ ro chinn aicce drong mhór do dhaoínibh uaisle ar gach lęth do Luimneach do mhilleadh ⁊ do mhio-chórucchadh co ruccsatt sccéla fair mur-coblach Albanach do tocht don lęith ba tuaith d'Erinn fó thoghairm Somairle Buidhe mic Mec Domhnaill, ⁊ co m-báttar ag iondradh ⁊ acc orccain na tire ina t-timcheall, ⁊ bá sędh fochand ima t-tangattar Somairle Buidhe (agá m-baoí An Rúta ré ré deich m-bliadhan fichęt roimhe-sin) do cloistin gur chuir comhairle Saxan d'eacht ⁊ d'forcongra ar an iustís nua sin An Rúta do thabhairt dá fondúiribh disle badein, ⁊ Somairle d'ionnarbadh go a athardha bunaidh go h-Albain, ⁊ ní h-ędh amháin acht gan gabhaltas eachtar-cenelaigh ar bith p.1820 do léccadh i n-Erinn an c-cęin nó bhiadh umhal don prionnsa. Dála an iustis ro fháccaibh Luimneach ina luaith-réim, ⁊ ro fhóccair dá raibhe d'fhearaibh infhędhma ó Bhóinn co Béirre a m-bęith ina choinne i c-cęnn cęithre lá ficęt ón lá-sin i n-Droicheat Átha. Ro fręccradh na fóccartha-sin lá fearaibh Mumhan, Midhe, ⁊ Laighean, uair tongattar co líonmar, lér-thionóilte gusan maighin-sin. Tuccsat iaromh uile aghaidh ar Ulltoibh. O 'd-chualaidh Somhairle dáil fęr n-Ereann dia shaighidh ro fhagaibh An Rúta, ⁊ rucc a chaoraigheacht, a mhna, ⁊ a mhuinteara go Gleann Chon Cadhan co nár fháccaibh aeghaireacht nó iomchoimhéd ar an tír, ná bárdacht ar bhaile isin Rúta, acht ar Dhún Lis amháin, ⁊ gidh é fá diginn daingin don chúicceadh ro gabhadh é lasan iustis fó chęnd da lá cona n-oidhchibh iar suidhe ina thimcheal, ⁊ ro chuir barda na bainríoghna ind. Iar m-bęith dęich lá don iustis isin Rúta, ro fhágaibh tri banna décc ar ósda i n-Ulltoibh lé h-aghaidh Somhairle do cęnnsucchadh, ⁊ ticc féin tar a ais co h-Ath Cliath, ⁊ ro sccaoílsiot fir Ereann dia t-tighibh.

  10. Eassaonta d'ęirghe i n-Iarthar Chonnacht etir Sliocht Eoghain Uí Flaithbhęrtaigh, ⁊ Sliocht Murchaidh mic Briain na n-Oinseach Uí Flaithbeartaigh. Rob é a ádhbhar-sin Sliocht Eoghain .i. Ó Flaithbęrtaigh Tadhg mac Taidhg na Buile mic Murchaidh, mic Eogain, ⁊ clann Domhnaill an Choccaidh mac An Ghiolla Dhuibh mic Murchaidh mic Eoghain do gabháil oiléin Bhaile na h-Innsi ar Thadhcc, mac Murchaidh na t-Tuagh mic Taidhcc, mic Murchaidh Uí Flaithbęrtaigh, uair báttar Sliocht Eoghain ag á radha gur bhó leó fęin ó chęrt an t-oilén-sin, ⁊ gurab tar a sárucchadh baí Tadhcc ag á thógbháil, ⁊ ag á cumhdach, ⁊ cecib cruth a m-baí a fhír do-chóidh Tadhcc forra-somh p.1822 a n-diaidh na gabhala co nár fháccaibh míl n-innile gusa rainicc ar a c-cuid do thír gan a marbhadh nó gan a t-tabhairt lais. Do-rónadh dioghbhala móra leó-somh do Tadhcc gion gurbh'ionann cumhang baoí aca.

  11. Feacht dá n-deachaidh an Tadhcc-sin mac Murchaidh lucht arthraigh ar ionnsaighidh oidhche i mi Iún i n-deadhaidh Sleachta Eoghain Uí Flaithbęrtaigh go h-Árainn, Rucc Tadhcc forra isin adh-madain co h-anullamh, etir chodladh ⁊ dúsccadh ar gach taobh do chuirr thossaigh na luinge, ⁊ bá h-ęsccáirdęmhail an taisbénadh tucc sé dóibh ar an tracht-sin, ⁊ nír f-fiú an t-oilén a n-dearnadh an lá-sin amháin ina timcheall, uair ro marbhadh annsin Murchadh mac Emainn Óicc mic Emainn Meg Aedha fęr Lęitreach Mealláin do-chóidh i c-commbáidh Sleachta Eoccain Uí Flaithbęrtaigh. Ro marbhadh ann dna mac senescáil Chloinne Muiris baí ina f-fochair ar in f-foghail cédna, ⁊ mac Uí Fhlaithbęrtaigh (.i. Tadhg)-sin fęin .i. Murchadh Salach. Ro marbadh bheós drong mhór do mhuintir Sleacht Eoghain Uí Flaithbęrtaigh cenmotátt na h-uaisle-sin. Báttar amhlaidh-sin acc coccadh fri aroile co ro shiodhaighsiot Goill ętorra íshin f-foghmhar ar c-cind, ⁊ do-radadh an t-oilén do Shliocht Eoghain Uí Fhlaithbhęrtaigh.

  12. Muircheartach Garbh mac Briain mic Taidhcc Uí Briain d'écc isin chéd-mhí d'foghmhar i c-Craicc Corcráin. Macaemh ceillidhe comhfhossaidh nach f-fuair tathaoír na toibhęim, ail, no athais ó a bhręith, gó a bhás, ⁊ a adhnacal i Mainistir Innsi.

  13. An Cosnamhach mac Con Coiccriche, mic Diarmada, mic Taidhcc Caim Uí Clęirigh fęr suim sochonáigh co f-febhus tighe n-aoidheadh seal i t-Tuadhmumhain, ⁊ seal oile h-i t-Tír Chonaill go ro écc ar an f-Fuarchosaigh i t-Tír Chonaill i c-corghas na bliadhna-so, ⁊ a adhnacal fó dhítęn Dé, ⁊ San Bęrnartt occ na manchoibh i Mainistir Easa Ruaidh.

 p.1824
M1585
  1. AOIS CRIOST, 1585. Aois Criost, mile, cuicc céd, ochmhoghat a cúicc.

  2. Iarla Cilli Dara d'écc i Saxaibh .i. Gęróid mac Gearóid, mic Gęróid mic Tomais, mic Sęain Chaim. Bai an t-iarla-sin cúicc bliadhna i modh resta aga congmhail ona thír dúthaighi co f-fuair bas an tan-sin. Henrii a mhac d'oirdneadh ina ionad lá comhairle Saxan, ⁊ a léccadh anoir do shaighidh a athardha.

  3. Mac Uilliam Burc, Risderd mac Oiluerais mic Sęain d' écc, ⁊ ní ro h-óirdneadh ina ionadh acht an t-ab caoch (dar lais fein) do bheith ina ionad d'aimdheóin Gall.

  4. Gormlaidh inghęn Uí Ruairc .i. inghęn Briain mic Eoghain bęn do chaith a h-aimsir ag á díol d'fearaibh posda, bęn shénamhail shochraidh nár thuill gríosadh ná gnúis-imdhęrccadh do taoibh ęcclaise na ealadhan, na tathaoir ele bheós do thaoíbh a h-oinigh na a h-anma do écc.

  5. Brian mac Taidhcc, mic Briain mic Eoghain Uí Ruairc do dol ar siubhal sluaigh in Dartraighe Meg Flannchaidh i f-fíor-thosach mís Ianuarii, ⁊ ro sccaoílsiot a scceimelta fó daingnibh Dartraighe do chruinniucchadh creach, ⁊ fuairsiot edala aidhble. Rug Mag Flannchaidh tóir throm d'Albanchoibh ⁊ d'Eirennchaibh air, ⁊ ro gabh Brian acc á n-iomchar ⁊ báttar ag caithęmh ⁊ ag comhfhuabairt a chéle go rangattar aird a n-áird fri 'roile acc Bęndaibh Bó san m-Breifne. O 'd-chualatar fir Breifne, ⁊ Muintir Uí Ruairc Brian do dhol i n Dartraighe ro chruinnighsiot for a chionn i n-ęnach iomchumhang erdhalta in ro badh dóigh leó a fhaghbhail dia saighidh. Fuarattar eissiumh chuca go maill-chęimneach mór-ualach, acc iomchar ettualaing a easccaratt, ⁊ gér bó h-é a chobhair ro ba dleacht dá p.1826 fhíor-lucht lęnamhna, ní h-amhlaidh-sin do-rónsatt acht a lá bágha do thabairt lá a bhiodhbhadhaibh go ro lingeadh an laoch-mhilidh dia díbh lęithibh. Ro gáirędh roimhe ⁊ ina dhiaidh don dęigh-fhęr. Ro h-iadhadh dá gach aen-taébh ina uirthimcheall co ná ro chumhaing cęim for a chulaibh iná for a aghaidh. Ro marbhadh daoíne iomdha ina thimcheall isin iomaireacc-sin. Ro diothaigheadh ann corucchadh gall-ócclach do Chloinn t-Síthigh d'iarsma ⁊ d'fuighell áir gall-ócclach n-Ghearaltach battar i f-farradh Bhriain an lá-sin, ⁊ ag ręic a n-amhsaine ó thír do thír iar n-diothlaithriucchadh na n-dagh-dhaoíneadh agá m-báttar feacht riamh, ⁊ níor bó lámh for airidhe a n-ionnsaighidh muna luigheadh líon lamh ⁊ iomarcraidh anfforlainn forra. Do-bertsat fir BreifneMuintir Uí Ruairc anacal do Bhrian isin m-bęirn baoghail sin ⁊ ruccsat leo h-e for a n-ionchaibh dia iomchoimhéd, ⁊ as í comhairle ar ar cinnsiot a c-cionn an treas laoí a mharbhadh go misccneach mio-rúnach iar m-bęith dhó for a n-iocht ⁊ for a n-eineach. Tuccadh droch-cuit d'Ua Ruairc don mhí-gniomh-sin.

  6. Emann Dorcha mac Domhnaill, mic Murchaidh, mic Ruaidhri Mhóir, ⁊ Toirrdhealbhach, mac Emainn Óicc, mic Emainn, mic Toirrdhealbhaigh Mec Sithigh do bhasucchadh ina n-dis i n-Áth Cliath.

  7. Iomatt fleachadh isin m-bliadhain-si co ro milleadh urmhór arbha Ereann.

  8. Diarmaitt, mac Domhnaill Meg Congail d'écc an 14 Iunii.

  9. Foccra Parlimenti do thabhairt d'fęraibh Ereann dia fhorcongra for a maithibh a bęith i m-Bealtaine do sonnradh i n-Ath Cliath uair battar urmhór fear n-Eręnn umhal dia b-prionnsa co t-tangattar uile gnúis do gnuis lasan f-forcongra íshin go h-Ath Cliath.

  10. Tangattar ann maithe c-Cenel c-ConaillEoghain .i. Ua Neill Toirrdhealbhach Luineach mac Neill Conallaigh, mic Airt, mic Cuinn, mic Enri, mic Eoghain, ⁊ p.1828 Aodh mac An Fhir Dhorcha, mic Cuinn Bhacaigh, mic Cuinn, mic Enri mic Eoghain .i. an barún ócc O Neill dia ro gairędh iarla Tire h-Eoghain ar an b-parliment-sin, ⁊ Ua Domhnaill Aedh mac Maghnusa, mic Aodha Duibh, mic Aedha Ruaidh mic Neill Ghairbh, mic Toirrdhealbhaigh an Fhiona. Magg Uidhir, Cú Chonnacht mac Con Connacht, mic Con Chonnacht mic Briain, mic Pilip, mic Tomais, O Dochartaigh Sęan Ócc, mac Sęain mic Feilim mic Conchobhair Charraigh, O Baoighill Toirrdhealbhach mac Neill mic Toirrdhealbhaigh Óicc, mic Toirrdhealbhaigh Mhóir, ⁊ O Gallchubhair Eoin mac Tuathail, mic Sęain, mic Ruaidhri mic Aodha.

  11. Do-chóidh isin choimheirghe-sin, Mag Mathghamna .i. Rossa mac Airt, mic Briain na Moicheirghe, mic Remainn mic Glaisne, O Catháin .i. Ruaidhri mac Maghnusa, mic Donnchaidh an Einigh, mic Sęain, mic Aibhne, Conn mac Néill Óicc p.1830 mic Neill, mic Cuinn, mic Aodha Buidhe do Clannaibh Neill Cloinne Aedha Buidhe. Mag Aengusa, Aedh, mac Domhnaill Óicc, mic Domhnaill Chęir.

  12. Do-chóidhsiot ann Gairbhtriann Connacht .i. O Ruairc Brian, mac Briain, mic Eocchain Uí Ruairc, O Raighilligh .i. Sęan Ruadh mac Aodha Conallaigh, mic Maoíl Mordha mic Sęain, mic Cathail, ⁊ dearbhrathair a athar .i. Emann mac Maoíl Mhórdha ⁊ iatt araon ag caithęmh i n-aghaidh aroile im thighearnas na tíre, ⁊ bhęos Síol f-Fęrghail do díbh lęithibh .i. Ó Fęrgail Bán Uilliam mac Domhnaill, mic Conmaic, O Fęrgail Buidhe Fachtna mac Briain mic Rudhraighe, mic Cathail.

  13. Do dheachattar ann Síol Muirędhaigh cona f-forthuathaibh .i. mac Uí Concobhair Duinn Aodh, mac Diarmatta, mic Cairpre, mic Eoghain Chaoích mic Feilim Gęngcaigh, O Concobhair Ruadh, Tadhcc Ócc mac Taidhg Bhuidhe mic Cathail Ruaidh, O Concobhair Sliccigh Domhnall, mac Taidhcc, mic Cathail Óicc mic Domhnaill, mic Eoghain, mic Domhnaill mic Muirchęrtaigh, ⁊ fęr ionait Mec Diarmatta Mhaighe p.1832 Luircc .i. Brian mac Ruaidhri, mic Taidhcc mic Ruaidhri Óicc, óir baí Mac Diarmatta fęin .i. Tadhcc mac Eocchain ina shęnóir chian-aosda. O Beirn Cairbre mac Taidhcc mic Cairpre mic Maoíleachlainn.

  14. Do-chóidh ann Tadhcc mac Uilliam mic Taidhcc Duibh Uí Cheallaigh, O Madagain .i. Domhnall mac Sęain, mic Bręsail.

  15. Do-chóidh and tra iarla Cloinne Riocairt Uillecc mac Riocaird mic Uillicc na c-Cęntt, ⁊ dias mac An Ghiolla Dhuibh Uí Sheachnasaigh Sęan, ⁊ Diarmait.

  16. Ní dheachaidh ann aon badh ionairmhe ó trian iartharach chóiccidh Chonnacht acht Murchadh na t-Tuagh mac Taidhcc mic Murchaidh mic Ruaidhri Uí Flaitbeartaigh.

  17. Do-chóidh ann tra iarla Tuadhmumhan .i. Donnchadh mac Conchobhair mic Donnchaidh mic Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc Uí Bhriain, ⁊ Sir Toirrdhealbhach mac Domhnaill mic Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc Uí Bhriain iarna togha mar ridire parlimenti a c-conntae An Cláir.

  18. Do-chuaid ann Toirrdhealbhach mac Taidhcc mic Concobhair Uí Bhriain, ⁊ tighearna an taoibhe thiar do Cloinn Chuiléin .i. Mac Conmara Sęan mac Taidhcc, ⁊ Baothghalach mac Aodha mic Baothgalaigh Meg Flannchadha an dara ridire parlimenti as an c-conntae cedna.

  19. Do-thaot ann mac Uí Lochlaind Boirne .i. Rossa mac Uaithne, mic Maoileachlainn mic Rudhraighe mic Ana. Mac Uí Bhriain Ara .i. Muircheartach (.i. espocc Cille Da Lua), mac Toirrdhealbhaigh mic Muirceartaigh mic Domnaill mic Taidhcc. O Cęrbhaill .i. An Calbhach mac Uilliam Uidhir mic Fir Gan Ainm mic Maol Ruanaidh mic Sęain. Mag Cochláin .i. Sęan mac Airt mic Corbmaic, O Duibhidhir Coille na Manach .i. Pilip mac Uaithne.

  20. Do-chóidh ann Mac Briain Ó c-Cuanach .i. Muircheartach mac Toirrdhealbhaigh, p.1836 mic Muircheartaigh, tighearna Cairrcce ó c-Coinnell, ⁊ Fásaigh Luimnigh .i. Brian Dubh, mac Donnchaidh, mic Mathghamhna, mic Donnchaidh, mic Briain Duibh Uí Bhriain. Conchobhar na Moinge, mac Uilliam Chaoích, mic Diarmata Uí Mhaoil Riain tighęrna Uaitne Uí Mhaoil Riain tighęrna Uaitne Uí Mháoil Riáin.

  21. Do-chóidh don parliment-sin drong do mhaithibh Sleachta Eoghain Mhóir cona f-forthuathaibh. Mag Cárthaigh Mór Domhnall mac Domhnaill, mic Corbmaic Ladhraigh, Mag Carthaigh Cairbreach Eoghan mac Domnaill mic Finghin, mic Domhnaill mic Diarmada an Dúnaidh, ⁊ clann a dheise dearbhrathar Domhnall mac Corbmaic na h-Aine, ⁊ Fíngin mac Donnchaidh.

  22. Do-chuaidh ann bheós an dias bai i c-cęndairrci re 'roile im thighearnas Dhuithche Ealla .i. Diarmait mac Eoccain mic Donnchaidh an Bhóthair mic Eóghain Mheg Donnchaidh, ⁊ Donnchadh mac Corbmaic Óicc, mic Corbmaic Mhég Donnchaidh.

  23. Do-chuaidh ann dna Ó Suillebháin Berre, Eocchan mac Diarmatta, mic Domnaill, mic Donnchaidh meic Diarmatta Bailbh, O Suillebhan Mór .i. Eocchan mac Domhnaill, mic Domhnaill na Sccrędaighe. O Mathghamhna an Fhuinn Iartharaigh p.1838 Conchobhar mac Conchobhair Fhinn Óicc, mic Concobhair Fhind mic Conchobhair Uí Mhathgamhna, ⁊ Ó h-Ęidirscceóil Mór Fínghin mac Conchobair mic Fínghin mic Concobhair.

  24. Do-chuaidh din Mac Giolla Pattraicc Osraighe Fínghin mac Briain mic Fínghin, Mág Eochagán Connla, mac Concobhair, mic Laighne. O Maol Muaidh .i. Conall mac Cathaoír.

  25. Ní h-áirimhthear aon do dhol gusan b-parliment-sin badh ionairmhe do Shliocht Laoíghsigh Lęndmhóir mic Conaill Chęrnaigh, do Shliocht Rossa Failgigh, mic Cathaoír Mhóir ó Uíbh Failge, ná bheós do Shíol Daire Bharraigh mic Cathaoír Móir do Chaomhanchoíbh, Branaigh, Tuathalaigh, Uí Dhuinn, Uí Dhíomasaigh ar an c-cor c-cédna p.1840 Acht cęna tainicc gusan b-parliment-sin sinnsear Ghaibhle Raghnaill Fiachaidh mac Aedha, mic Sęain mic Domhnaill Ghlais ó Ghlionn Mhaoíl Ughra.

  26. Iar t-tionól na n-uasal-sin uile co h-Ath Cliath, ⁊ iar m-bęith ré h-athaidh ann ní ro cuireadh crioch for an b-parliment an bliadhain-si, ⁊ ro sccaoílsiot iaromh dia t-tighibh.

  27. Tanaicc gobernoir chóiccidh Connacht co n-druing do dhaoínibh onorcha, ⁊ do chomhairle Baile Atha Cliath i c-cóiccidh Connacht, tangattar cétus do congmhail seission i Mainistir Innsi i c-conntae An Chláir. Do-rónadh ordaighthe ionggnatha aca annsin .i. deich sgillingi d'orducchadh don bhainrioghain in gach aén chethramhain chille ⁊ tuaithe dá m-baoí isin tír cénmotha liberti do aontaighsiot fęin do p.1842 thabhairt do dhaoínibh maithe an tíre, ⁊ cúicc scillingi acc tighearna Tuadhmumhan i lurcc chiosa na bainrioghna in gach aén-chethramhain tuaithe d'fearann t-saér ⁊ dhaor dia m-baoí isin tír uile, acht amhain liberti ⁊ fearainn ęglaisi. Ro deilighsiot dna triocha chéd Ceneoil f-Fęrmhaictighearna Tuadhmuman, ro bhaoí ina fhęrann cíosa agá shinnsearaibh riamh go sin, ⁊ tucsat tighearnas an triochait chéd-sin do bharún Innsi I Chuinn do Mhurchadh mac Murchadha mic Diarmada Uí Bhriain. Ro h-ordaiccheadh, ⁊ ro h-aontaigeadh mar an c-cédna cíos ⁊ cúirt Corcu M'ruadh do Thoirrdhealbhach mac Domhnaill mic Conchobhair Uí Bhriain ar lurcc a athar dia t-tuccadh an tír-sin ó thús (a tighearnas Tuadhmumhan) lá h-iarla Tuadhmumhan .i. Concobhar mac Donnchaidh Uí Bhriain. Ro dheilighsiot a chíos ⁊ a uaisle ré gach cęnd popail, ⁊ re gach tighearna triochait chétt baoí isin tír ó shin amach cenmotá Sęan Mac Conmara tighearna an taoibhe thiar do Cloinn Cuilein na ro chuir a lámh ar an composision shin do-rónsatt. Do-rónsatt an composision cedna i c-conntaé na Gaillmhe, i c-conntae Rossa Comain, i c-contae Maighe Eo, ⁊ i c-conntae Shliccigh.

M1586
  1. AOIS CRIOST, 1586. Aois Criost, mile, cuicc céd, ochtmogat, a sé.

  2. Seission do chongmáil lá Sir Risderd Bionggam, ⁊ la comhairle chúiccidh Chonnacht i n-Gaillimh i mí Ianuarii. Seachtmoghatt do mhnaibh, ⁊ d'fearaibh do p.1844 bhásucchadh ar an seision-sin. Ro badh dibh-sidhe Domhnall mac Muirceartaigh Ghairbh mic Briain mic Taidhcc Uí Briain, ⁊ mac Uí Ęghra Bhuidhe .i. Brian mac Céin mic Oilealla ó Ghailęngaibh Connacht co n-druing d'uaislibh cenmotat.

  3. An gobernoir cédna Sir Risderd do shuidhe re h-aghaidh Cluana Dubhain an céd lá do Mharta. Bá h-é baoí isin m-baile íshin Mathgamhain, mac Toirrdhealbhaigh mic Mathghamhna, mic Toirrdhealbhaigh, mic Mathgamhna Uí Briain o n-abarthar Sliocht Mathghamhna. Ro fáccbadh nuimhir éccinnte do mhuintir an gobernora fri ré trí sęchtmuine báttar acc iomshuidhe an bhaile. Isan dara lá fichęt p.1846 don mhí cédna ro gabhsat co díocra doifhręstail ag cur dochum an bhaile do ghabhail. Baí Mathgamhain for taibhlibh an chaisléin acc diubhraccadh cloch ⁊ carrac for an lucht báttar imó bhun ag cur sás, ⁊ sailghędh fris, ⁊ do-rala dhó go ro h-aimsędh go h-innell-direach d'urchor do pheilér é gur bo marbh gan anmain. Tuccsatt an barda an baile iaromh iar marbhadh Mathgamna, ⁊ gemadh lainn leó anacal d'faghbail nocha n-fhuairsiot idir. Ro lęgadh an lęth siar don bhaile ó mhullach go talmain. Rob oirdhęrcucchadh anma ⁊ onora do Sir Risderd Bionggam an toiscc-sin, uair ní bhaoí for tír tirim i n-Erinn baile badh daingne ⁊ ba dítoghlaighi ina Cluain Dubháin.

  4. Do-chuaidh an gobernoir iaramh re h-acchaidh Caisléin na Caillighi for Loch Męscca, ⁊ rob é an baile-sin digęnn daingin chóiccidh Connacht. Báttar iatt baoí acc á bhardacht an tan-sin Risderd A Búrc (dia n-goirthi Dęmhan an Chorrain) mac Riocaird, mic Risderd, mic Uilliam, mic Emainn, mic Riocairtt Uí Chuairscci, ⁊ Uáter, mac Emainn, mic Uillicc, mic Emainn mic Riocairtt Uí Cuairscci. Do-chuattar do seachna session, ⁊ o chaomhna a c-corp isin c-caislén-sin. Ro gabh an gobernoir acc iomsuidhe an bhaile, ⁊ do chuir lucht a cęthair, nó a cúicc d'arthraighibh do roighnibh a raibhe ar in c-campa i mędhon laí do ionnsaighidh an bhaile, ⁊ nír bo torba dóibh uair ro marbhadh drong da n-daoínibh, ⁊ ro fhágaibhsiot arthrach dá n-arthraighibh, ⁊ do-chóidhsiot an lucht ele fó iombáthadh gusan c-campa. Iar n-imthecht doibh-sidhe as sędh ro chinnsiod na Búrcaigh-sin gan bęith le bardacht baile ar bith i n-aghaidh phrionnsa Saxan. Do-chóidhsiot lucht da arthrach cona mnaibh, ⁊ cona leanbhaibh don lęith ele don loch ós comhair an champa. Do bhris an gobernoir an baile dia n-ęis iaramh, ⁊ bá isin c-campa-sin do crochadh leis mac Mhec Uilliam Búrc .i. Riocard Ócc (ar a t-tabharthai Fál Fá Erinn) mac Ricaird mic Sęain an Tearmainn iar marbhadh a dearbhrathar ele remhe-sin .i. Tomas Ruadh agáraighe Caislén na n-Enuighe ar Fionnloch Cęra i p.1848 c-Connachtaibh. Rob éiccęn an baile-sin do thabhairt don ghobernóir iar m-básucchadh RiocairdTómais, go ro briseadh las é amhail ro briseadh na bailte-sin ele. Bá isin tan cédna ro crochadh lásan n-gobearnoir dias mac Uatéir Fhada mic Dauidh mic Emainn mic Uillicc A Búrc, TeboitMaoilir a n-anmanna. Drong mhór do chóicceadh Chonnacht do gabhail lásna Búrcachaibh-sin, ⁊ a n-dol ina c-comhmbáidh trétuireachta iar f-féil Eóin na bliadhna-so. Ro badh dibh-sidhe Clann n-Domhnaill Gallocclach, ⁊ Seóaigh Iarthair Connacht. Do chuirsiot a n-imirgędha, a mná, ⁊ a muinteara i n-daingnibh, ⁊ i n-dithreabhaibh an tíre. Tánaicc an gobernoir re a n-aghaidh go Baile an Rodba, ⁊ ro leicc a seacht nó a h-ocht do bandadhaibh fó Iarthar Connacht i n-diaidh na n-díbęrccach, ⁊ ó na fuairsiott greim for na foghladhaibh ro airccsiot Muintir Murchaidh na t-Tuagh, ⁊ muintir Slechta Eocchain Uí Flaithbeartaigh ro bhuí (andar leó fein) fo dliccheadh an tan-sin. Ro marbadh dna leó-sidhe mná, ⁊ mion-daoíne, aittrebhaigh ⁊ aes anffann. Ro crochsat Tebóitt Ó Tuathail fęr togbala trógh ⁊ congmala tighe n-aoidhędh. Do gabhadh leó bheós Eoghan, mac Domhnaill an Choccaidh, mic An Ghiolla Dhuibh, mic Murchaidh mic Eoghain Uí Flaithbęrtaigh, ⁊ ro basaighsiot é iarna ghabhail. Fillit tar a n-ais iaramh i c-cęnn an ghobernora go c-creachaibh ⁊ co n-edalaibh iomdaibh.

  5. Coblach Albanach do theacht i t-tír i n-Inis Eocchain i n-dúthaigh Uí Dhochartaigh isin eing toir-tuaidh do Tir Chonaill. Robtar iat bá h-uaisle ⁊ bá cinn chonsapalar in c-cobhlach-sin da mac Shemais mic Alastrainn, mic Eóin Chathanaigh mhec Mec Domhnaill .i. Domhnall Gorm, ⁊ Alastrann, ⁊ Giolla Espuicc mac Dubhghaill mic Donchaidh Chaim mic Ghiolla Espuicc Mhéc Ailín co n-druing ele d' uaislibh cenmothát. Bá moa a n-ainm ⁊ a n-oirdearcus inas amhail tangattar. Do-rónadh p.1850 foslongporta feóil iomdha leó isin tír i t-tudhcattar, ⁊ báttar aés fęigh foruallach,⁊ lucht furáilmhe feil-gniomh,⁊ michuidighthe maithęsa na c-crioch c-comhfhoccus acc tocht dia saighidh an dú-sin co nár fhágaibhsiot ath-mhaoín dia n-ęis i n-Inis Eócchain d'arbhar nó d'airneis do chur-sin. Lottar iaromh láimh lé Finn ⁊ lé Modhairn do Tęrmann Még Craith, do Tuaith Luircc, ⁊ do Mhiodhbhulcc go rangattar go h-uir-imlibh Éirne. O 't-chualattar na Búrcaigh bátar forsan foghail, ⁊ forsan díbhęircc rémhráite .i. Risdęrd A Búrc mac Dęmhain an Chorráin, ⁊ clann Emainn A Búrc, ⁊ Clantt n-Domhnaill Gallocclach sccela na n-Albanach ro chuirsiott teachta co tinneasnach dia t-toghairm chuca, ⁊ ro raidhsiot co fuighbittís édala iomdha, ⁊ a n-diongmhala do dhuthaigh i c-cóigeadh Connacht dia tíosadh dhiobh fęin a cosnamh fri muintir an phrionnsa. Lotar na h-Albanaigh tar Éirne lásna h-aithęsccaibh-sin, ⁊ rangattar an cédna h-uidhe etir Dhaibh, ⁊ Dhrobhaoís co ro gabhsat ag milleadh Dartraighe, ⁊ Cairpre, tánaicc Risdęrd ⁊ clann Emainn ina c-cęnd annsin. Do-thaed an gobęrnoir ré a n-acchaidh go Slicceach. Fáccbhaid na h-Albanaigh an t-oiręr-sin,⁊ ro ghabhsat bá-dęs do Dhartraighe, ⁊ lá taobh Bęnna Bó isin m-Breifne. Báttar teóra h-oidhche i n-Druim Da Ethiar. Ro asccnáttar as-sin do Bhraidsliabh, ⁊ ní ro airisętar co Cill Rónain, p.1852 ro gabsatt an dú-sin i c-coiccrich na Breifne, Maighe Luircc, ⁊ Ua n-Oilella. Tánaicc an gobernoir don taobh tiar co Bél an Átha Fada i t-Tir Oilella. Báttar diblínibh co cęnd coictidhisi isna h-ionadaibh-sin gan neachtar diobh d'ionnsaighidh aroile. Ro gabsat na h-Albanaigh lámh for imthecht tosach oidhche flichthe fior-dhoirche, ⁊ ro gabhsat siar-tuaidh do Thír Oilella do dhol tar droichęt Chula Maoíle. Báttar trí bhanna do mhuintir an gobernora ag coimhéd an droichit in oidhche-sin. Do-rala na h-Albanaigh ina c-cęnd go ro fęradh gliaidh n-gairbh ętorra, ⁊ rob eiccęn do na h-Albanchaibh iomghabhail an droichit, ⁊ gabháil tar an ath alla tiar dhe. Do-chóidhsiot an oidhche-sin go Sliabh Gamh, ⁊ arnámharach go h-Ard na Riagh. Do-dheachaidh an gobernor uadhaibh a Bél an Atha Fada arnamharach amhail na biadh a aire fri a n-iarmhóireacht itir, ⁊ baí for fud Connacht co cęnd chóig lá n-décc acc tionol sochraide amhail for-caemhnacair, ⁊ baí bheós brath ⁊ taiscéladh uadha ar na h-Albanchoibh in airętt-sin. O rob erlamh lais an líon ráinicc a lęs, luidh o Mhainistir Bhęndfhoda i Luighnibh Connacht tosach oidhche fíor-dhoirche foghmair, ⁊ ní ro airis do ló no d'oidhche co ráinicc i mędhón laoi arnamharach go h-Ard na Riagh gan rabhadh, gan rathucchadh dona h-Albanchoibh. As amne battar-sidhe for a chionn ina c-codailtighibh gan fhaitcęs gan fhuiręchrus, acht amhail bidh leó fęin gan frithbheart an tír eachtair-cheneoil ina t-tangattar. Bá sé céid-ní lér będgattar as a m-buan-toirrchim gair a n-giollanraidhe ag á n-guin ag muintir an ghobernora sechnón an bhaile. Ro éirgheadar na h-Albanaigh as a h-aithle co h-athlamh,⁊ do-chóidhsiot i n-innell ⁊ i n-orduccadh amhail as deach p.1854 ro fhédsat do thochar fri muintir an ghobernora. Nír bhó torbha dóibh innsin uair ní mó ná an cédna-saithe dia saighdibh ro diubhraicsiot an tan ro sraoíneadh forra go dian dásachtach do shaighidh na h-abhann tarla for a c-cionn .i. an Muaigh maighreach mhęr-ghlórach. Ro fháccbaid fir i f-faenlighe uadhaibh cęin báttar ag ionnsaighidh na h-abhann, ⁊ iar rochtain dóibh dia saighidh ní h-airisiomh fri a h-ucht do-ronsat, acht dol ina h-iomdhomhain gan anadh uair ro badh fęrr leó a m-báthadh inás a marbhadh do mhuintir an gobernóra. Acht chęna as seadh a cumair ro marbhadh a n-gar do dá mhile dibh an tan-sin. Ní rabhattar clann Emainn A Búrc isin m-bręisim-sin óir do-chóidhset co t-tríbh cédaibh fęr an lá riasan maidhm-sin d'iarraidh creach gusna h-Albanchaibh,⁊ iar c-cloisteacht na scél-sin dóibh ro scaoílsiot ó 'roile, ⁊ ro ansat clann Emainn A Búrc i n-daingnighthibh a n-duithche féin. Ro thriallsat ina m-baoí d'Ultachaibh ⁊ d'Albanchaibh ina f-fochair aghaidh do thabhairt ar dhol a n-Ulltoibh, ⁊ gidh iad-sidhe fuarattar a c-crochadh ⁊ a marbhadh d'urmhór in gach tír trésa t-tudhchattar riasiú tangadar tar Eirne. Athair na cloinne rémhráiti .i. Emann mac Uillicc mic Emainn, mic Riocaird Ui Chuairscce do chrochadh lásan n-gobernoir iarsan maidhm-sin. Ba h-amhlaidh boí sidhe, ⁊ sé arsaidh arach-liath gan lúth gan lán-tapadh gur bó h-éiccęn a iomchar i n-árach agá breith gusan c-croicch.

  6. Aodh mac Eocchainn, mic Domhnaill, mic Eocchain, mic Domhnaill na Madhmantt ardchonsapal Cloinne Riocaird do écc, mílidh ar mhéd, ⁊ curadh ar calmatas an tí tęsda annsin sin.

  7. Alasdrann mac Somhairle Buidhe, mic Alastrainn, mic Eóin Chathánaigh mac Mec Domhnaill na h-Alban do marbadh le Caiptin Meryman, ⁊ le h-Aodh mac An Deccánaigh Uí Ghallchubhair a mi May do shonnradh.

  8. Session do chongmháil i n-Ghaillimh i mí December na bliadhna-so in ro básaiccheadh iomatt ban ⁊ fęr, ⁊ ro básaigheadh ann Emann Ócc mac Emainn mic Maghnusa Mec Sithigh, ⁊ ochtar diolmhaineach do Gearaltachaibh ina fhochair iar f-faghail a fheasa forra go m-battar araon lasna h-Albanchoibh-sin ro marbhadh i n-Ard na Riagh.

  9. Conn mac Airt Óicc, mic Neill, mic Airt, mic Cuinn, mic Enri, mic Eoghain p.1856 do dhol ar siubhal creiche i n-duthaigh Meg Uidhir o loch (.i. Loch Eirne) soir. Mac Meg Uidhir .i. Aodh mac Con Chonnacht mic Con Connacht do bręith go m-buidhin m-bicc marc-sluagh for Chonn co ro fighędh sccainnear chródha ętorra i m-beól átha sainrędhaigh, ⁊ Conn do mharbhadh lá mac Mhég Uidhir go n-urmhór a muintire amaille ris, ⁊ an chręch do shodhadh tar ais gusna muintęraibh ó ruccaitt.

  10. Feilim Dubh mac Airt mic Cuinn Uí Neill duine dearsccaighthe do dhúthaigh Shleachta Airt, ⁊ a mhac do mharbhadh lá h-Aodh mac Mhég Uidhir.

  11. Mac Suibhne Bághaineach Brian Ócc mac Maol Muire do marbhadh 18 Maii la Niall Męirgeach mac Maol Muire mic Aodha.

  12. Aimsęr fhliuch, arbhar ettoirtheach, ⁊ iomat cnói-mhęsa an bliadhain-si.

  13. Parliment Atha Cliath do criochnucchadh an bliadhain-si, ⁊ tar gach ní dá n-dearnadh and do cęngladh oidhreacht iarla Deasmhumhancoroin t-Saxan.

  14. Eoghan Ulltach (mac Donnchaidh .i. an doctúir) ⁊ ro ba doctúir ar aoí f-foghlama an t-Eoghan íshin, uair ro dearsccnaigh-sidhe do doctuiribh leighis na h-Ereann isin aimsir-sin i m-baoí do écc.

  15. An t-oficel Mag Conghail .i. Eoghan Ballach d'écc lá fhéle Brighde do sonnradh.

  16. Corbmac mac Domhnaill Meg Congail d'écc 17 do Mharta.

  17. Cúicc céd Eiręndach do dol a h-Erinn do chongnamh lá bainrioghain Shaxan i c-coccadh Flondrais, ⁊ gé ro diothaighit a n-urmhór isin tír-sin do-dheachaidh a n-ainm ⁊ a n-oirdearcus fón Eóraip ar aoí n-geiraitteachta ⁊ n-gaisccidh.

 p.1858
M1587
  1. AOIS CRIOST, 1587. Aois Criost, mile, chuicc céd, ochtmoghatt, a seacht.

  2. Mac Uí Dhomhnaill Aodh Ruadh mac Aodha mic Maghnusa do ghabhail lá Gallaibh. Bá h-amhlaidh-so cetus ro tionnsccnadh an erghabháil h-isin. Ro gabhsat Goill imon iustis Sir Iohn Parrot, ⁊ imon c-comhairle archęna mio-thoimhdin mhóir don iarla Ua Neill Aodh mac An Fhir Dhorcha (ger bhó riarach friu é) tria ionnlach ⁊ ęttar-chosaoíd Uí Néill Toirrdhealbhach Luineach mac Neill Chonallaigh baí h-i frithbeart do gres fris, ⁊ ar dáigh Siobhaine inghine Uí Domhnaill .i. Aodh mac Maghnusa ro badh commaim do iarla Tire h-Eoghain. Araill ele bheós ro lęth p.1860 ainm ⁊ erdearcus an mhacaoímh rémhraite Aodh Ruadh mac Aodhachóicc cóiccędhaibh Ereann cidh riasiú rainicc co h-aoís fhęrdhata ar aoí n-gaoisi,⁊ n-gliocais, infhais, ⁊ oirbeartais. At-berdís dna cách i c-coitchinne gur bhó tairrngęrtach idir é, ⁊ madh dia léccthí co h-aoís infędhma c-co t-tiocfadh buaidhreadh innsi Ereann uile tremhit, ⁊ tria iarla Thíre h-Eóghain diamadh d'aoín-leith nó imerdaoís, ⁊ nó bhérdaoís a m-báire o robtar caradradh fri aroile amhail remhebertmar. Conidh ar na fothaibh-sin ro crúidheadh a c-comhairle lasan iustis ⁊ lá Gallaibh Duibhlinne cisi h-airmimbirt do-ghéndais imon ní-sin ro omhnaighsiot, conidh fair deisidh leó long cona foirinn co b-fión ⁊ co c-cormaim do erlumhadh oca in Ath Cliath Duibhlinne, ⁊ a fhaoídheadh laimh chle fri h-Erinn soir-tuaidh, amhail bidh fri cęndaighecht do-dheachadh go ro ghabhadh caladh i c-cuan éiccin do oirearaibh Tire Conaill. Rainicc iaromh an luing lá tinfędh na gaoíthe aniar gan anadh gan oirisęmh go ro ghabh foss h-i sęn-chuan Súilighi fo erchomhair Ratha Maoláin, baile-sin con-rodacht for ur an mhara lá Mac Suibhne Fanat fecht riamh, aon eisidhe do thuaircnibh catha tighearna Ó c-Conaill ó chęin mhair. Iar m-bęith don bhairc-sin fora h-angcuiribh iomfosdaigh in dú-sin tangattar drong don fhoirinn in ęthar-bhátt bhiucc i t-tír i n-éccoscc cęndaigheadh fó gné síodha ⁊ chaon-comhraic, ⁊ gabhaitt for brath ⁊ taisccéladh for creic, ⁊ connradh frisan c-cách do-chuiręttar for a c-ciond, ⁊ ro aisnęidhsiot co m-buí fíon ⁊ cormaim leó ina luing. O 'd-chuala Mac Suibhne cona mhuintir an ní-sin ro ghabhsat ag cęndach ⁊ comhól an fhiona combtar męscca. Iar f-fios scel na luinge h-ísin do lucht na criche ina comhfhoccus báttar acc tionol as gach aird dia saighidh. Bá h-and do-rala don Aodh Ruadh rémhraite a bęith (for a baoth-réim baoísi, ⁊ for a chuairt macdachta ⁊ reabhraidh) ina n-ath-foccus in ionbhaidh-sin, ⁊ ro fhurailsiot an p.1862 t-aos féigh for-uallach baoí ina fharradh fair tocht id dú-sin. Bá sodhaing ón a thógaothadh-somh in ionbhaidh-sin uair nír bhó comhlán a chóicc bliadhna décc dó in tan-sin, ⁊ ní bhaoí aon dia dęgh-chomhairlighibh dia oidędhaibh, na dia ollamhnaibh ina chaoimhtheacht dia reimhiomtus ná do shéducchadh comhairle dhó. An tan ro clos la lucht an taiscélaidh eisiomh do thocht don bhaile im-soat for cula as fo chédóir dochum a luinge. Ro fiadhaighędh-somh la Mac Suibhne, ⁊ lasna maithibh arcęna, ⁊ faidhit dailęmhain ⁊ deoghmhairędha uatha gusan luing do cuingidh fíona don aoidhidh dus-fainicc. At-bertsat na cęndaighthe na baoí leó dia f-fíon níba mó amh oldás diol na fairne, ⁊ na leiccfittis uadhaibh for tír do soighidh nach aoín, acht namá dia t-tiosadh uathadh dagh-dhaoíne ina n-dóchum dia luing fo-gébhtaoís ina m-baoí do fhíon ⁊ cormaim ina c-cumhang. O ro h-aisnęidheadh an t-aithęscc do Mac Suibhne bá h-adhnáir lais indsin, conidh í comhairle ar-richt lais Aodh do thóchuireadh lais isin luing, ⁊ iar c-cindeadh for an c-comhairle-sin dóibh do-chóidhsiot i n-ęthar bhęcc baoi for ur na tragha, ⁊ im-raisęt é co n-deachatar inunn isin luing. Ro fáiltigheadh friú, ⁊ do-brętha h-i cubhachail iniochtaraigh i n-inmędhón na luinge iad gan fhuireach gan ęssnadhadh, ⁊ ro both occa f-fręstal ⁊ occa f-friothaileamh combtar subhaigh simhęnmnaagh. An tan bá h-aínemh dóibh isuidhe ro h-iadhadh comhla an haiste tar a n-éis, ⁊ ro gata a n-airm forra, ⁊ ro gabhadh an t-ócc-mac Aodh Ruadh don chur-sin. Do-dheachaidh sccéla an gabhala-sin fon c-crich i c-coitchinne, ⁊ ro tionoilsęt as gach airm do shaighidh an chaladh-puirt, dus an c-caomhsattaoís ęttarbhaoghal éiccin for aos na ceilcce. Ní bhaoí bá do sodhain, ar ro báttar i n-iomdhomhain an chuain iar sręng-tharraing an angcaire cuca, ⁊ ní rabhattar longa náit laoidhęnga aca dia t-tograim nach dia t-tarrachtain. Tánaicc Mac Suibhne na t-Tuath a c-cuma cháigh gusan c-caladh, ⁊ ba h-oide-sidhe don Aodh h-íshin, ⁊ baoí-sidhe occ ęrail giallaittire oile dara a éise. Nír bhó torbha do-somh ón ar ní baoí i c-cóicceadh Uladh giall nó ghebhtais ass. Dala na luinge ⁊ na foirne baí innte ó do-bhęrtsat in ro badh toisgide leó do aitiribh an tíre, lotar lá tręthan an t-srotha go rangatar an mhuir, ⁊ friothrosc na conaire reme-deochatar go ro gabhsat cuan an Ath p.1864 Cliath. At-clos fo chedóir isin c-cathraigh uile a thoidhecht-somh samhlaidh, ⁊ bá faoílidh lasan iustis, ⁊ lasan c-comhairle a rochtain chuca gen gur bhó for a shęirc ittir ⁊ ro fhor-congairsiot a thabhairt dia saighidh. Do-rattadh eiccin co m-báttar acc a accallamh ⁊ acc áthcomharc scél n-dó occ ámídhemhain, ⁊ occa increachadh do thaisccéladh for a airdhibh fri ré foda. Fó dheóidh tra ro fhorchongairsiot a chor i c-caistiall comhdhaingęn clochdha baoí isin c-cathraigh airm i m-báttar dronga dearmara do shaorchlandaibh Mac Míleadh i c-cuimreach ⁊ h-i c-cimidhecht, ⁊ araill d'Fionn-Ghallaibh. Ba sędh rob ainęs ⁊ rob airecc tuile dóibh do lo ⁊ d'adhaigh ag eccaoíne a n-ettualaing ⁊ a n-imnigh fri aroile, ⁊ ag coitsecht frisna h-ainbręthaibh nó h-imbęrtha for shaor-clandaibh so-cenélcha Ereann archęna.

  3. Mac Mheic Conmara an taoíbhe thiar do Cloinn Chuiléin .i. Cu Mhędha mac Sęain, mic Taidhg, mic Con Mędha, mic Con Mara, mic Sęain d'écc. Bęn an Con Mędha-sin inghean Emainn mic Semais Mec Piarais d'écc.

M1588
  1. AOIS CRIOST, 1588. Aois Criost, mile, cuicc céd, ochtmhoghatt, a h-ocht.

  2. Mac Suibhne Baghaineach Niall Męircceach mac Maol Muire, mic Aodha mic Neill do mharbhadh lá Donnchadh mac Maol Muire Męirccigh, mic Maol Muire, mic Neill i n-Doirinis im fhel Brighde do shonradh. Bá h-amhlaidh do-rónadh ind sin iar marbadh Bhriain Óicc amhail rémhebertmar lá Niall Męirgeach, ro h-ionnarbadh Donnchadh cona lucht lęnamhna i c-ConnachtaibhNiall bheós, ⁊ ro bhaoí seal i f-farradh Gall, ⁊ athaidh oile araon lá h-Ua Neill, ⁊ do-róine iondsaighidh fhoda imchian for Niall Męircceach amhail ná ro shaoíl Niall, uair bá dóigh lais ná tiocfadh Donnchadh don tír an c-cęin nó mharadh-somh innte. Iar m-bęith do Dhonnchadh p.1866 teora h-oidhche i n-diamhraibh ⁊ i n-droibhélaibh an tíre, fuair a fhios co m-baoí Mac Suibhne i t-Trian Iochtair Baoighellach, ⁊ ro chuir lucht bratha do thaiscéladh fair, ⁊ ruccsat sccéla do shaicchidh Donnchaidh go t-tiocfadh-somh tar traigh aníos arabharach. Baoí-siomh co líon a chumaing erlamh do tęgmhail fris conidh ann con-rangattar acc an t-Doirinis Rémhráite go ro fighędh sccainnęr crodha ętorra go ro marbhadh Mac Suibhne annsin co n-druing mhóir dia lucht lęnamhna, ⁊ do Cloinn t-Suibhne na Mumhan. Ro dichęndadh Mac Suibhne dna, ⁊ ro cuireadh a chęnd go h-Áth Cliath. Mac Suibhne do ghairm do Dhonnchadh iaromh.

  3. Eoin Modardha mac Aodha, mic Neill Óicc Mhec Suibhne do mharbhadh la druing do lucht lęnamhna Mec Suibhne Dondchadh.

  4. Aodh mac Néill mic Toirrdhealbhaigh Bęrnaigh Uí Bhaoighill tanaiste Baoigheallach) d'écc.

  5. Domhnall mac Néill Ruaidh mic Neill Uí Bhaoighill cona mhac do mharbhadh lá Tadhcc Ócc mac Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh Uí Baoighill ar traigh sainrędhaigh san Trian Iochtair isin f-foghmhar do shonradh.

  6. An Calbhach Ócc mac Cuinn mic An Chalbhaigh Uí Domhnaill do mharbhadh lá druing do mhuintir Domhnaill (.i. lá Maghnus Óg ó Sraithén), mic Aedha mic Maghnusa I Domhnaill i c-cois Finne.

  7. Maol Muire mac Emainn, mic Maol Muire, mic Donnchaidh Mec Suibhne do mharbhadh lá Niall Garbh mac Cuinn mic An Calbhaigh Uí Domhnaill.

  8. Iarla Tire h-Eoghain, Aodh mac Fir Dorcha, mic Cuinn Bacaigh mic Cuinn do thionol slóigh lán-mhóir do thocht for Ua Néill Toirrdhealbhach Luineach. Ní ro h-anadh lasan iarla go riacht cona shlógh tar Modhairn tar Deircc go ro ghabh airisęmh ag an c-Carraicc Léth. Ro dháil Ua Domhnaill Aodh mac Maghnusa i c-comhdháil an iarla a chlęmhna go líon a sochraide acht chęna ní thainicc ineallmha. O NeillToirrdhealbhach baoí-sidhe co sochraide mhóir d'aon-rantt ⁊ d'aon-aonta i n-aghaidh an iarlaUí Domnaill. Robtar iad baoí i f-farradh Uí Neill .i. Art Ócc a mhac co m-buandadhaib iomdha (.i. captin) Uilliam Musstęn mac Roibęird go m-banna saighdiuiridhe, ⁊ drong do Chloinn t-Suibhne na Mumhan im Murchadh na p.1868 Mart mac Maol Muire mic Donnchaidh co sochaidhe ele cenmothát. NiaIl Garbh, ⁊ Aodh mhac An Dęnaigh Uí Gallchubhair (dia n-goirthi an tan-sin Aodh mac An Calbhaigh Uí Domhnaill) do bęith go Sliocht An Chalbhaigh uile, ⁊ cona lucht lęnamhna d'aon-rann, ⁊ d'aon-aonta lá h-Ua Néill, ⁊ bá h-ann battar-sidhe i c-Caislén na Finne. Báttar drong dia mhuintir ag aslach Aodha im ionnsaighidh oidhche do thabhairt ar an iarla uair baoí an t-iarla ag creachadh ⁊ acc orccain na tire etir na h-aibhnibh-sin .i. Fionn, ⁊ Modharn. Nír bó miadh lais-siomh ind sin lá h-uaill ⁊ ionnoccbháil, ⁊ at-bert ná h-ionnsaighfeadh iarla i n-dorcha oidhche itir, acht ro badh i soillsi laoí lán-sholais nó fearfadh iomairęg n-ughra fris. Ro comhaill-siomh ind sin uair ro ionnsaigh an t-iarla arabharach, ⁊ ro meabhaidh riamh, ⁊ ro fhágaibh an t-iarla daoíne iomdha immaille ré h-eachaibh, ⁊ ré h-édalaibh iolardha archęna, an ced lá May innsin

  9. Mág Eochagáin tighearna Chenél Fiachach .i. Connla mhac Conchobhair mhic Laighne mic Connla mic Aodha d'écc, ⁊ ní bhaoí ó chęin mháir inall do Chenél Fiachach mic Néill fęr ro badh mó d'adhbhar eccaoíne inas, ⁊ a mac Brian, ⁊ Niall mac Rosa do bęith i nd-ęsaonta fri aroile im tighearnas an tíre.

  10. Eoghan Manntach mac Emainn, mic Floinn, mic Conchobhair Uí Edhin tighearna Ua f-Fiachrach Aidhne d'écc, ⁊ a mhac Aodh Buidhe do oirdneadh ina ionadh. Tanaisde an tire cédna do écc .i. Toirrdhealbhach mac Ruaidhri an Doire Uí Eidhin.

  11. Cobhlach mór .i. ocht f-fichit long do thocht ó rígh na Spáinne for fairrge isin m-bliadhain-so, ⁊ ad-berad aroile gur bhó h-ędh ro ba męnmarc leo cuan ⁊ caladh p.1870 do ghabhail h-i c-criochaibh Saxan dia c-caomhsataoís ętarbhaoghal d'foghbhail fuirre. Nír bhó h-amhlaidh do-rala dóibh, uair do eccaimh cobhlach na bainrioghna friú for an f-fairrge, ⁊ ro gabhsat cęithri longa dibh, ⁊ ro sgaoíl ⁊ ro ęisręidh an chuid ele don chobhlach fo airęraibh na c-crioch c-comhfoccus .i. don taobh thoir do Shaxaibh, ⁊ don taobh thoir tuaidh do Albain, ⁊ don taoibh thiar tuaidh d'Éirinn. Ro báidhędh dronga móra dona Spainneachaibh isna h-oiręraibh-sin iar láin-bhrisędh a long, ⁊ terna an chuid ro ba lugha dibh tara n-ais don Spáinn, ⁊ at-berat aroile go ro fáccbadh naoí míle dibh don chur-sin.

  12. Ard-iustis na h-Ereann .i.Sir Iohn Parrot do dhol i Sacsoibh, ⁊ Sir Uilliam FitzUUilliam do thecht i n-Erinn ina iustis ina ionad.

  13. O Deadhadh Mathghamhain mac Lochlainn, mic Ruaidhri, mic Muireadhaigh mic Mathghamhna Buidhe tighearna Cheneóil f-Fęrmaic d'écc.

  14. Uilliam mac Domhnaill (.i. an doctuir) mic Amlaoibh mic Donnchaidh Uí Niallain do marbhadh i n-dorus Mainistre Innsi lá cloinn Uí Ghríobhtha .i. clann t-Sęain mic Sęain, mic Taidhcc, mic Lochlainn.

  15. Sloiccheadh mór lá iustis na h-Éreann Sir Uilliam FitzUUilliam,⁊ la gobernó chóiccidh Connacht Sir Risdeard Bionggam, ⁊ le President dá chóiccedh Mumhan .i. Sir Tomas Noris, ⁊ lá forgla fhęr n-Ereann cenmotá cóicceadh Uladh do dhol for Ua Ruairc, ⁊ for Mac Suibhne na t-Tuath do-róine codach ⁊ comh-aonta lá cuid don chobhlach Spáinneach sin ro rémhráidhsiom. Ro mhillsiot na slóigh-sin p.1872 gach ní gusa rangattar dá m-baoí ręmpa ó mhuintir na bainrioghna o tá Suca go Drobhaoís, ⁊ ó Drobhaoís co Finn, ar a aoí ní ro ghabhsat gręim nó gabháil d'Ua Ruairc ná do Mac Suibhne don chur-sin. Bá don chuairt-sin trá do gabhadh Ó Dochartaigh Sęan Ócc mac Sęain, mic Feilim, mic Conchobhair Carraigh, ⁊ Ó Gallchubhair Sir Eóin mac Tuathail Bhailbh, ⁊ do-chuaidh an iustis go h-Ath Cliath, ⁊ ro sccaoilsiot fir Ereann dia t-tighibh.

  16. Aodh mac An Dęccánaigh Uí Ghallchubhair (dia n-goirthi Aodh mac An Chalbhaigh Uí Domhnaill) do mharbhadh lasan Inghin Duibh ingęn t-Semais Mhec Domhnaill bęn Uí Domhnaill Aodh mac Maghnusa. Ba h-amhlaidh-so ar-richt lé an marbhadh-sin do ghniomh. Aodh do bęith do ghrés i rann Sleachta dílis An Chalbhaigh Uí Domhnaill, ⁊ a m-bęith uile d'aoín-lęith i r-rann Uí Neill Thoirrdhealbhaigh Luinigh baoí ag coccadh do ghrés ré h-Ua n-Domhnaill ⁊ ré a cliamhain an t-iarla Ó Neill .i. Aodh mac An Fhir Dhorcha. Araill ele bheós ro marbhadh a bráthair dil dearbhthairis Alastrann lá h-Aodh mac an Dęccanaigh amhail remhebertmar. Ro bhatar bheós fotha ile eccraittis aice fris cenmotat-sidhe. Bá galar cridhe ⁊ bá tocradh męnman lé gan dioghail a uabhair ⁊ a diumasa fair. Ro eccaoín a h-imneadh, ⁊ a h-éttualang frisan amhsaidh Albanaigh baoí for a t-tuillmhe ⁊ for a t-tuarustal do ghrés, ⁊ ina comaitecht in gach maighin go ro tingheallsat-sidhe fria gomdis ellma for a for-congrai-ssi d'aithe a n-eccraittis for a m-bíodhbaibh cecib tan do tochradh chuca. Do-rala din don Aodh h-ísin tocht (lá borrfadh bríghe ⁊ lá h-ionnoccbháil męnman cęn foraithmęt a fhaladh nó a eccraittis) go h-airm i m-baoí sí i Magh Gaibhlín. Iar t-tocht dó-somh don bhaile ro aiccill si a sain-muintir .i. na h-Albanaigh, ⁊ ro ráidh friú ⁊ ro aslaigh iad im chomhalladh in ro geallsat. Do-rónadh fuirre-si sin, uair ro ionnsaighsiot an t-aireccal i m-baoí Aodh, ⁊ ro gabhsat ag á dhiúbhracadh do shaighdibh ⁊ do pheiléraibh go f-farccaibhsiot marbh gan anmain, ⁊ ro marbhadh bheós amaille fris an ro badh tairisi lais dia shain-muintir.

  17. Mac Mec Conmara an taoibhe toir do Cloinn Cuilein .i. Tadhcc mac p.1874 Domhnaill Riabhaigh mic Con Mędha, mic Donnchaidh, mic Ruaidhri do crochadh i n-Gaillimh.

  18. Mac Uí Conchobhair Ruaidh .i. mac Taidhcc Óicc mic Taidhcc Buidhe, mic Cathail Ruaidh do crochadh i n-Gaillimh bheós.

  19. O Cęinnéittigh Fionn .i. Brian mac Domhnaill mic Donnchaidh d'écc, Uaithne mac Donnchaidh Óicc mic Aodha, mic Amhlaoíbh, ⁊ An Giolla Dubh mac Diarmada mic Aodha mic Ruaidhri Uí Ceinneidigh i n-easaontadh ⁊ i n-imręsain ré 'roile imon tighearnas gurab amhlaidh do shíodhaighsiot an tighearnas do roinn ętorra ar dhó, an t-ainm ar Uaithne.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Annals of the Four Masters

Title (supplementary): Volume 5

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Mavis Cournane and Donnchadh Ó Corráin

Funded by: University College, CorkProfessor Marianne McDonald via the CURIA Project and Seoirse Ó Luasa, An Caifé Liteartha, An Daingean, who donated a copy of the Annals of the Four Masters to the CELT Project.

Edition statement

2. Second draft, revised and corrected.

Responsibility statement

Proof corrections by: Mavis Cournane and Donnchadh Ó Corráin

Extent: 78 720 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland

Date: 2001

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G100005E

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Notes statement

The precise relationship between MSS 1–4 (below) is a matter for scholarly debate. Two views have been put forward, that of Walsh and Mooney (for bibliographical details of their publications, see below). According to Walsh, MSS 1 and 4 are what remains of the set presented to the patron, Ferghal Ó Gadhra; MSS 2 and 3 are the copies forwarded to Louvain for possible printing. According to Mooney, MSS 1 and 3 are the set presented to the patron, Ferghal Ó Gadhra; MSS 2 and 4 are what remains of the set forwarded to Louvain. It is more likely that Walsh's view is correct. For an excellent and fully documented discussion of the problem, see Nollaig Ó Muraíle, The autograph manuscripts of the Annals of the Four Masters, Celtica 19 (1987) 75–95.

Source description

Manuscript sources

  1. (i) Dublin, Royal Irish Academy, MS 1220 olim C iii 3; paper; s. xvii; five hands, including Míchél Ó Cléirigh and Cú Choigcríche Ó Cléirigh; 522 folios. Annals from AM 2242 to AD 1171. Used by Dubhaltach Mac Fir Bhisigh, who refers to it as belonging to Fearghal Ó Gadhra. For a description of the MS, see Kathleen Mulchrone & Elizabeth FitzPatrick, Catalogue of Irish manuscripts in the Royal Irish Academy fasc. 26 (Dublin 1943) 3276-82; ; Nollaig Ó Muraíle, 'The autograph manuscripts of the Annals of the Four Masters', Celtica 19 (1987) 75–95: 88–92.
  2. (ii) Dublin, University College L, OFM, A 13; paper; s. xvii; an autograph copy but scribal signatures are absent in the body of the text. The hands resemble those of Míchél Ó Cléirigh, but there are other hands including marginal notes by John Colgan. Annals from AM 2242 to AD 1169. For a description of the MS, see Myles Dillon, Canice Mooney, & Pádraig de Brún, Catalogue of Irish manuscripts in the Franciscan Library, Killiney (Dublin 1969) 24–27; Paul Walsh, 'Extracts from the Franciscan manuscripts of the 'Annals of the Four Masters'', Irisleabhar Muighe Nuadhad, 1916, 17-24; Ó Muraíle, op. cit. 94–95.
  3. (iii). Dublin, Royal Irish Academy, 687 and 688 olim 23 P 6 and 23 P 7; paper; s. xvii; the scribes are Míchél Ó Cléirigh, Cú Choigcríche Ó Cléirigh, and Conaire Ó Cléirigh, and two others. Annals from 1170 to 1616. For a description of the MSS, see Lilian Duncan, Catalogue of Irish manuscripts in the Royal Irish Academy fasc. 17 (1936) 2112–2114; Ó Muraíle, op. cit. 95; annals from 1170 to 1616); Paul Walsh, 'Manuscripts of the Four Masters (R.I.A. 23 P 6 and 7 [=MSS 687-8]) Ir Book Lover 24 (1936) 81-3; Ó Muraíle, op. cit. 95.
  4. (iv). Dublin, Trinity College Library, 1301 olim H. 2. 11; paper; s. xvii; the scribes are Conaire Ó Cléirigh; and two other Ó Cléirigh scribes. Annals from 1334 (beginning acephalous) to 1605 in 466 folios. For a description of the MS, see T. K. Abbott and E. J. Gwynn, Catalogue of Irish manuscripts in the library of Trinity College Dublin (Dublin 1921) 82–83; Ó Muraíle, op. cit. 92–94.
  5. (v) Dublin, Trinity College Library, 1300 olim H. 2. 9 and H. 2. 10; paper; s. xviii (1734-5) scribe: Hugh O'Mulloy (Aodh Ó Maolmhuaidh); a transcript of MS (i) made for John O'Fergus. For a description of the MS, see T. K. Abbott and E. J. Gwynn, Catalogue of Irish manuscripts in the library of Trinity College Dublin (Dublin 1921) 82).
  6. (vi) Dublin, Royal Irish Academy, 988 and 989 olim 23 F 2 and 23 F 3; paper; s. xviii; scribe not named; the text was transcribed in the house of Charles O'Conor of Belanagare, and apparently under his supervision. This is a transcript of MS (i). For a description of the MS, see Kathleen Mulchrone, Catalogue of Irish manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 22 (1940) 2829–30).

Editions and Translations.

  1. Charles O'Conor (ed.) Rerum Hibernicarum scriptores veteres iii: Quatuor Magistrorum Annales Hibernici usque ad annum M.CLXXII. ex ipso O'Clerii autographo in Biblioteca Stowense servato, nunc primum uersione donati ac notis illustrati (Buckingham, 1826) [O'Conor's edition, though based on MS (i) is seriously defective].
  2. John O'Donovan (ed. & trans.) Annala Rioghachta Eireann: Annals of the kingdom of Ireland by the Four Masters, from the earliest period to the year 1616. Edited from MSS in the Library of the Royal Irish Academy and of Trinity College Dublin with a translation and copious notes, 7 vols. (Dublin 1848-51; repr. Dublin, 1856; repr. Dublin, 1990.) [volumes i-ii: pp v-vi (dedicatory letter of the editor) + pp vii-liv (introductory remarks, including original documents) + pp lv-lxi (epistle dedicatory of Míchél Ó Cléirigh) + pp lxiii-lxxi (contemporary approbations of the work) + pp 2-1187 (text and translation) + pp 1189-93 (addenda and corrigenda); volumes iii-vi: pp 2-2375 (text and translation) + pp 2377-2494 (a genealogical appendix, including original documents) + 2494-8 (addenda et corrigenda); volume vii: pp 405 (indexes). There are three separate paginations: volumes i-ii, volumes iii-vi, and volume vii, each having separate pagination. The edition of volumes i-ii, AM 2242-AD 1171, is made from a corrected copy of Charles O'Conor's edition (Buckingham, 1826). This edition is based on MS (i) which was not available to O'Donovan. O'Donovan collated the text so derived with MS (v) and MS (vi) both eighteenth-century transcripts of MS (i). MS (ii) was not known to O'Conor or O'Donovan. The text of the remainder of the remainder of the Annals (volumes iii-vi) is edited from MS (iii) collated with MS (iv).]
  3. Owen Connellan, The Annals of Ireland, translated from the original Irish of the Four Masters (Dublin, 1846) [Annals from 1171 to 1616].
  4. Henri Lizeray, Le livre des quatre maîtres: Annales du royaume d'Irlande, depuis les origines jusqu'à; l'arrivée de saint Patrice (Leroux, 1882).

Literature

  1. George Petrie, 'Remarks on the history and authenticity of the Annals of the Four Masters', Trans Roy Ir Acad 16 (1831) 381-93 [repr. O'Donovan, op. cit. i, pp vii-xix].
  2. Sir John T. Gilbert, 'The Celtic records of Ireland', Ir Q Rev 1 (1852) 588-700 [notice of O'Donovan's edition].
  3. Eugene O'Curry, Lectures on the manuscript materials of ancient Irish history (Dublin, 1861; repr. Dublin, 1878) 141-61 [note O'Curry's translation of John Colgan's remarks about Míchél Ó Cléirigh (143-45) and his sardonic comments on the Stowe sale of Irish MSS and the attitude of Lords Macaulay and Ashburnham].
  4. P. Mac Suibhne, 'A great historical work: the Annals of the Four Masters', J Ivernian Soc 7 (1915) 66-93.
  5. Paul Walsh, 'Extracts from the Franciscan manuscripts of the 'Annals of the Four Masters'', Irisleabhar Muighe Nuadhad, 1916, 17-24.
  6. E. J. Gwynn, 'Miscellanea', Ériu 9 (1921-23) 27-30: 27-8 [verse fragments in Annals of the Four Masters].
  7. Paul Walsh, 'Extracts from the Franciscan manuscript of the Annals of the Four Masters', in Paul Walsh, Gleanings from Irish manuscripts, 2nd ed. (Dublin, 1933) 69-85.
  8. Paul Walsh, 'The Four Masters', Ir Book Lover 22 (1934) 128-31.
  9. Paul Walsh, 'The convent of Donegal, 1632-36', Ir Book Lover 23 (1935) 109-15.
  10. Brendan Jennings, Michael O Cleirigh, chief of the Four Masters, and his associates (Dublin, 1936) [an inadequate account of the MSS, otherwise very valuable].
  11. Paul Walsh, 'Manuscripts of the Four Masters (R.I.A. 23 P 6 and 7 [=Dublin, Royal Irish Academy, MSS 687-8])', Ir Book Lover 24 (1936) 81-3 [repr. for the most part in a chapter of his The Four Masters and their work].
  12. Paul Walsh, 'Slips in O'Donovan's Four Masters, vol. V', Ir Book Lover 25 (1937) 100-02.
  13. M. A. O'Brien, 'Miscellanea Hibernica, 5: a wrong entry in AU and FM [A.D. 603], Études Celtiques 3 (1939) 365.
  14. Paul Walsh, 'The dating of Irish annals', Ir Hist Stud 2, (1941) 355-75.
  15. Canice Mooney, 'Irish Franciscan libraries of the past', Ir Ecclesiast Rec, 5th ser., 60 (1942) 223-4.
  16. Colm Ó Lochlainn, 'John O Donovan and the Four Masters', Ir Book Lover 29 (1943-5) 4-8.
  17. Paul Walsh, The Four Masters and their work (Dublin, 1944).
  18. Michael Duignan [notice of Walsh's Four Masters and their work], Éigse 4 (1943-4) 312.
  19. Helena Concannon, 'John O'Donovan and the Annals of the Four Masters', Studies (Dublin) 37 (1948) 300-7.
  20. Colm Ó Lochlainn, 'Annals of the Four Masters', Ir Book Lover 31 (1949-51) 126-8.
  21. Alexander Boyle, 'Fergal Ó Gadhra and the Four Masters', Ir Ecclesiast Rec, 5th ser, 100 (1963) 100-14.
  22. Cathaldus Giblin, 'The Annals of the Four Masters', in Liam de Paor (ed.) Great books of Ireland (Dublin, 1967) 90-103, repr. in Benignus Millett & Anthony Lynch (ed.) Dún Mhuire, Killiney, 1945-95 (Dublin, 1995) 135-43.
  23. David Greene & Frank O'Connor, A golden treasury of Irish poetry (London, 1967; repr. Dingle, 1990) 107-9, 200-01 [edition of restored text and translation of four verse epigrams that occur s. aa. 606, 614, 1022, and 1088].
  24. Breandán Ó Buachalla, 'Annála ríoghachta Éireann is Foras feasa ar Éirinn: an comhthéacs comhaimseartha', Studia Hibernica, 22-3 (1982-3) 59-105.
  25. Nollaig Ó Muraíle, 'The autograph manuscripts of the Annals of the Four Masters', Celtica 19 (1987) 75-95.
  26. Donnchadh Ó Corráin, 'Vikings II: Ross Cam', Peritia 10 (1996) 236.
  27. Nollaig Ó Muraíle, The celebrated antiquary: Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c.1600-71): his lineage life and learning (Maynooth, 1996) 6-10, 100-101, 186-89.
  28. Nollaig Ó Muraíle, 'Cathal Ó Mac Maghnusa: his time, life and legacy', Clogher Rec 16/2 (1998) 45-64.
  29. Donnchadh Ó Corráin, 'Ad Annals of the Four Masters, 823-24', Peritia 13 (1999) 141.
  30. William O'Sullivan, 'The Slane manuscript of the Annals of the Four Masters'. Ríocht na Mídhe [Journal of the County Meath Historical Society] 10 (1999) 78-85.
  31. Pádraig A. Breatnach, 'Irish records of the Nine Years' War: a brief survey, with particular notice of the relationship between Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill and the Annals of the Four Masters'. In Ó Riain, Pádraig (ed.), Beatha Aodha Ruaidh: the life of Red Hugh O'Donnell. Historical and literary contexts (Irish Texts Society, subsidiary series 12) (London 2002) 124-147.
  32. Daniel P. Mc Carthy, on his website at http://www.cs.tcd.ie/Dan.McCarthy/chronology/synchronisms/annals-chron.htm offers comprehensive information on two traditions of dating used in the Irish Annals, together with two ancillary articles, 'Chronological synchronisation of the Irish annals', and 'Collation of the Irish regnal canon'.
  33. Daniel P. Mc Carthy, The Irish Annals: their genesis, evolution and history (Dublin 2008).

The edition used in the digital edition

O’Donovan, John, ed. (1848). Annala Rioghachta Eireann: Annals of the kingdom of Ireland by the Four Masters, from the earliest period to the year 1616. Edited from MSS in the Library of the Royal Irish Academy and of Trinity College Dublin with a translation and copious notes.‍ 1st ed. Seven volumes. Volumes i—ii: pp v—vi (dedicatory letter of the editor)+ pp vii—liv (introductory remarks, including original documents) + pp lv—lxi (epistle dedicatory of Mícheál Ó Cléirigh) + pp lxiii—lxxi (contemporary approbations of the work) + pp 2—1187 (text and translation) + pp 1189—93 (addenda and corrigenda); volumes iii—vi: pp 2—2375 (text and translation) + pp 2377—2494 (a genealogical appendix, including original documents) + 2494—98 (addenda et corrigenda); volume vii: pp 405 (indexes). There are three separate paginations: volumes i-ii, volumes iii—vi, and volume vii, each having separate pagination. The whole work extends to 4167 pp. Dublin: Hodges and Smith.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@book{G100005E,
  title 	 = {Annala Rioghachta Eireann: Annals of the kingdom of Ireland by the Four Masters, from the earliest period to the year 1616. Edited from MSS in the Library of the Royal Irish Academy and of Trinity College Dublin with a translation and copious notes.},
  editor 	 = {John O'Donovan },
  edition 	 = {1},
  note 	 = {Seven volumes. Volumes i—ii: pp v—vi (dedicatory letter of the editor)+ pp vii—liv (introductory remarks, including original documents) + pp lv—lxi (epistle dedicatory of Mícheál Ó Cléirigh) + pp lxiii—lxxi (contemporary approbations of the work) + pp 2—1187 (text and translation) + pp 1189—93 (addenda and corrigenda); volumes iii—vi: pp 2—2375 (text and translation) + pp 2377—2494 (a genealogical appendix, including original documents) + 2494—98 (addenda et corrigenda); volume vii: pp 405 (indexes). There are three separate paginations: volumes i-ii, volumes iii—vi, and volume vii, each having separate pagination. The whole work extends to 4167 pp.},
  publisher 	 = {Hodges and Smith},
  address 	 = {Dublin},
  date 	 = {1848-51}
}

 G100005E.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

The present text represents pages 1258-1874 of volume 5, being the years A. D. 1501 to A. D. 1588. All editorial introduction, translation, notes and indexes have been omitted. Editorial corrigenda are integrated into the electronic edition and tagged accordingly. Missing text supplied by the editor is tagged SUP.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked and proof-read four times. All corrections and supplied text are tagged. The Annals of the Four Masters is an extremely large and complex work. Any corrections of errors in the original text, as edited by O'Donovan, or in this digital edition are welcome. They will be credited to the scholars who make them.

Normalization: The electronic text represents the edited text. The editor's divisions of words have been silently changed to bring them into accord with CELT practice. All compound personal names are segmented in accordance with CELT practice.

Quotation: Quotation marks are rendered Q.

Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation: DIV0=the whole work; DIV1=the individual annals (i.e. the annalistic matter gathered under one year); DIV2=the annalistic entry; paragraphs are marked; verse texts that occur within annals are embedded as separate texts; stanzas are marked LG and metrical lines are marked L. Page-breaks are marked.

Standard values: Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd. The same applies to Roman Calendar dates and those derived from church feasts and saints's days.

Interpretation: Place names, personal names and group names are tagged. Names of monasteries, churches, cities and towns are tagged and identified. Female names are tagged and identified as such with the attribute “f”. Social roles (lord, bishop, dean, parson, abbot, poet, scholar, sage, historian, judge, doctor etc.) and technical terms are tagged. Meteorological and astronomical phenomena and major social disasters (epidemics, plagues, famines) are tagged. Content markup is complete, but subject to revision.

Reference declaration

A canonical reference to a location in this text should be made using “Annal” and “Event”, eg Annal M1501, Event M1501.0.

Profile description

Creation: These annalistic materials are drawn from the collections of Irish professional learned families in the form of regional chronicles (including a chronicle of the O'Briens, together with editorial additions and observations by the seventeenth-century compilers of the text. c.1501-1616, various and unknown

Language usage

  • More than 99% in Classical Modern Irish. (ga)
  • A few words are in Latin. (la)
  • A few words are in English, mostly titles. (en)

Keywords: histor; prose; annals; medieval; 16c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2008-09-25: Keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2005-08-25: Edited langUsage. (ed. Julianne Nyhan)
  3. 2005-08-04T15:12:08+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  4. 2005-04-13: Addition to bibliography, new wordcount. (ed. Beatrix Färber)
  5. 2005-03-11: Additions to bibliography made. (ed. Beatrix Färber)
  6. 2002-09-27: Updated bibliography integrated. (ed. Beatrix Färber)
  7. 2001-12-01: File reparsed using NSGMLS; HTML file created. (ed. Beatrix Färber)
  8. 2001-10-26: Division correspondence in Irish and English digital versions checked and minor corrections made. (ed. Benjamin Hazard)
  9. 1998-05-26: Adjustments to bibliography; text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  10. 1998-05-11: Header restructured; text parsed using NSGMLS; text normalized using SGMLNORM. (ed. Margaret Lantry)
  11. 1998-04-15/1998-05-05: Full revision of text; a further proofing of the whole text; revision of word-segmentation, especially in proper names; revision and extension of markup; and revision of this header. (ed. Donnchadh Ó Corráin.)
  12. 1996-10-14: Text parsing using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
  13. 1996-10-11: Markup and word segmentation checked and verified. (ed. Donnchadh Ó Corráin.)
  14. 1996-10-10: Full TEI Header constructed and added. (ed. Donnchadh Ó Corráin)
  15. 1996-03-01: First parsing of text, using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
  16. 1996-02-28: Checking and verification of markup. (ed. Donnchadh Ó Corráin)
  17. 1996-02-01: Structural and in-depth markup added, using Author/Editor. (ed. Mavis Cournane)
  18. 1996-01-14: Checking of files produced by OPTOPUS scanning, concatenation of files, checking text integrity, hard-copy and on-screen proofing. (ed. Mavis Cournane)
  19. 1993: Text capture using OPTOPUS OCR system. (data capture Gillian McIntosh Charles O'Hara Rachel Granville)

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Other languages

T100005E: Annals of the Four Masters (in English Translation)

Source document

G100005E.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top