CELT document G100027

Egerton Annals: Mionannala

Mionannala sunna. mar atá ó ríge do ghabáil do Shuibne Mhenn anuas go dtí bás Conghaile Chinn Mhagair .i. ó aois Chríost sé céd a cúig dég gusin m-bliadain secht gcéd a deich.

unknown

Edited by Standish Hayes O'Grady

Egerton Annals: Mionannala

 p.390 57
615
     615.0

    A.D. 615

     615.1

    {}lá dana do Shuibne Mhenn ina ghilla óg ina thig féin ro búi acá rád re a mhnái: “Is ingnad lem”, ol sé, “a laighet ro gab Cinél n-Eogain tigernas for chách innosa”. Is ed ro ráid in ben tré chinél fochuitbeda: “Cid duit-siu”, ar sí “cen chruas do dénum ocus dul rempu do chogud for cách ocus coscar do breith co meinic”. “Is amlaid sin bias”, ar eisium.

    Tánaic-sium ar sain immach ocus sé armtha sin matain arna márach. Ocus do-rála óclách do lucht in tíre do ocus sé armtha. Ocus do-róine comrac fris corro ghiall do rinn ghái do. Ocus is amlaid-sin ro thionóil sluag do ar éicin ocus ro gab Suibne ríge Eirenn

    Is rá ré-side ro búi cogad itir na dá Fhiachna .i. Fiachna mac Demain ocus Fiacha mac Baetáin. Is sí máthair in Fhiachna-sin p.391 ro ráid in tan tucad máthair í ac faicsin di in mic thíre ac dulu fó na caeirib ocus acá marbad: “Ro bud maith lium”, or sí, “mac do gheinemain uaim ocus uait-siu do-béradh in aradhain út for do chinedh-sa”. “Ní thí ar in saegal in mac-sin”, ar in t-athair. Cid edh tra rug sí Fiachna iartain ocus tucad for altrum.

    Tánic fecht n-aen ann do thig a athar ocus a máthar acht nír ba h-inmain risin n-athair é ar a dhúire ocus ar aicniud a máthar do beith aice. Beiridh iarum a máthair lé h-é i nn-aracul fó leith ocus fritháilter ann é ocus a aite. Tic in mac iar sin immach ocus a fhuigell feola ar biur ina láim do maccaemaib aile. Ocus iss ed thánaic dochum in taige rígda i r-raibe a athair. Mar a-chonnaic in t-athair é chuige ro oslaic do choin ghairc ro búi aice ocus ro ghrés fá a mhac é. Is isin uair chétna tánaic in seig chuige ar tí na feola. Ro fritháil-sium imorro in coin ocus in seig .i. do-rat buille don bhiur cona fheoil i craes in chon co ránaic i cride in chon. ocus ro gab din láim aile in seig. Ar faicsin imorro dá máthair in chon don dara leith dá mac ocus na seige din leith aile ro bíodc, ocus is é méit na bíodca co ná ro choimpert riam ina broinn ó shin illé.

    In cocad tra rómhór ro búi itir na dá Fiachna remráidte ba h-é Fiachna mac Baetáin ro beiredh coscar do ghrés. Ocus ní namá no beired coscar do Fhiachna mac Demain acht ro beired coscar do na h-uilib rígaib no thecmad ris. Mac don Fiachna mac Baetáin-sin in Mongán erdairc, cia at-berad gú-shenchaidi comad mac do Mhanannán é ocus co n-digsed i r-rechtaib imda ní creidte sin acht rob fer fesa mhóir in Mongán ocus ro ba gér gaeth glic a intlecht.

    Lá tra thánaic in Mongán-sin ocus a máthair ris ocus buidne móra immaille friu ar fut trága. At-chonnaic in máthair cloich n-álainn co n-dathaib imda 'sin tráig. Ocus ro thócaib in chloich ocus ro thaisilb don mac. “In chloch-sin at-chí-siu a máthair”, ar in mac, “ is di muirbfidter meise”. Ro bíodc in máthair co mór acá chloistecht-sin ocus do-rigne min uile don chloich. Iss ed ro ráid in mac: “Is dímáin in saethar- sin a máthair uair gé do-ghnéis luaithred di ocus cia chuiri fó thalmain is di muirbfidter do mac-sa”. Ro chuaid in máthair iar sin i l-luing ocus in chloch ina luaithred immedón ind bhréite  57b le edh radairc issin muir co ná faca tír ná talam uaithe. ocus ro chuir isin muir in brét cona luaithred inn.

 p.392
625
     625.0

    625

     625.1

    I ciunn bliadan imda iartain tra táinic coblach mor a Bretnaib corro aircset na fearannu comfochraibe dóib co tánaic Mongán co sluagaib immaille fris co tuc maidm forru. ocus ro cuirit ar éicin ina longaib iat. Ro gab imorro aen díob cloich assin tráig ocus do-rat urchor di co tarla i cenn Mongáin co torchair, ocus ba h-í cloch búi ann in chloch út arna cur do na tonnaib rempu conice in tráig ocus arna dénum don luaithred út ro búi issin bréit. Tucad iarum aithne ar in chloich ocus ba marb Mongán de sin .i. i n-aenmad bliadain déc Shuibne Minn ocus tuc in Mongán ria n-éc in chloich i l-láim a máthar ocus tuc in máthair aithne fuirri. Ro búi dono in fer ro marb eisium ocus lucht a luinge uile for cumus ocus ní ro léic Mongán duine díob do marbad acht a l-lécon as. Acht chena ciarbo mhór in coblach ní ránic díob uile gan marbad ocus gan bádad dar muir soir acht aen-duine namá.

    Adubairt dono Mongán ac éc ria máthair: “Biat-sa beo i ceirt-chiunn bhliadna im adnacul ocus oslaic-se in adnacol”. Ro mellad dana in máthair uair ní thuc aithne ar in m-bissex uair ba bhliadain bhissexa in bhliadain ocus ní issind ló chóir thánaic. In ló thánic imorro fuair tes i curp a meic ocus allus teg triana thaeb ocus fuil ac siledh dar a srónaib ocus sé ag fuabairt éirge (si verum est). Bliadain co fuillium iartain dá athair ina bethaid.

626
     626.0

    626

     626.1

    Fiachna mac Demain imorro arna foruaisliugud co meinic ó Fhiachna mac Baetáin ro fiarfaig de sochaide. Ocus ro fiarfaig dono co sunnradach do bráthair óc dó ro búi i n-daltus Chomgaill cid fodera a foruaisliugud in mheince seo ocus a mélachtnugud ó Fiachna mhac Bhaetáin. Iss ed ro fhrecair dalta Comgaill: “in fetar”, ar sé, “cia uaib as deithitnecha ar a n-dein Comgall érnaidhte .i. in dar muintir a athar do-gní in dúthrachtacha indás foirr-ne ocus sinn dá fhaemad co dúthrachtach chucainn”. “Is fíor sain”, ar in rí, “ocus ní léigfither do-sum in fad-sain”.

    Tánic ind fó chétóir co sluag mór maille ris do innsaigid Chomgaill. Ocus ro fhiarfaig do Chomgull “Cia uainn ris nat mó ghuidi in Coimdid a chléirig”, ol sé. “Guidim foraib maraen”, or Comgall, “.i. ar chiniud mo athar ocus ar chiniud ro fhaem mé co dúthrachtach”. “Cia uainn dana”, ar in , “ris nat mó do-beiri dúthracht do chride at érnaidhte”. “Re ciniud m' athar”, ar Comgall. “Truag truag sin, a dhuine náim”, ar sé: “Is sochaide d'ár saer-chlannaib-ne ro marbad ocus ro gabad trít sin. Meise féin imorro” ar sé, “Ro bad ferr p.393 mo beith marb indás a mheince tucad méla form. Ocus mása maith lat airchis co luath díom-sa ocus dom chiniud mhélachtnaighte nó beimít inár naimtib duit”. Iss ed ro ráid Comgall: “Fechtnaighte isin t-saegul-sa ifus iarrai nó in flaithes nime thall”. Iss ed ro ráid in : “Coscar”, ar sé, “do breith dam dom naimtib. Ocus a maithis ocus a faidb d' faicsin i m-brait agum. Ocus in , ruc mo choscar  58co meinic anallana a marbad lem. Ocus corob ceol oc fledaib innisin a n-áir ocus a marbtha a bélaib bard”.

    Ba tuirsech tra Comgall do'n sgeol-sin. Ocus ro gairmedh Fiachna mac Baetáin chuige ocus iss ed ro ráid ris: “cá rogha bheiri-siu”, ar sé: “In coscar do breith mar rucais anallana ocus nem thall do ghait fort. Nó do marbad i g-cath le mac n- Demain ocus do beith i flaithes nime tria bithu”. “Is ferr lium”, arsa Fiachna mac Baetáin, “saegal gairit acum i fus ocus beith i flaithius nime tria bithu”. Ro altaig Comgall a buide-sin re Dia. Ro bui dana druth Fiachna meic Baetáin oc cloistecht risin comrád-sin ocus a chluas risin tech. Ro altaig iartain Comgall comad in n-aen-fecht foghabad-som bás ocus a tigerna isin chath. Ocus amail búi i comaentaidh a tigerna ifus isin t-saegul co m-biadh immaille fris i flaithius nime. Ro ráid Comgall: “do-ghéna Dia amlaid. Ocus amail atái-siu ifus ac molad do thigerna bia- su co h-onórach ac cloistecht re ceol m-binn muinntire nime ac molad Mheic Mhuire”.

    Ro thinóilset tra leth for leth in dá Fiachna ó a n-uilib brígaib dochum in chatha. In Fiachna imorro no beiredh buada conice-so ro foruaisliged sin chath-so. Ocus in Fiachna ro cláitea ann is é ruc in coscar. Ocus ro marbad Fiacha mac Baetáin Ulad amlaid-sin la Fiachna mac nDemain. Nír bha chian imorro iartain saegal Fiachna meic Demain. Uair ro thinóil-sium tinól mór lais in Ultaib ocus ro marbad-som tria inntledhaib a námat. Innistir imorro co m-bíodh fer síde oc acallaim in Fiachna meic Demain sin. Acht chena ropo deman iar fíor in fer síde sin. Ro fiarfaig Fiachna dá deman in tan táncatar na námaid i gcomfochraib do: “Cate órd in t-sluaig-se ocus mo órd-sa” orse Fiachna. Iss ed ro ráid in deman: “cia de na dá fót shalcha-sa at-chí” ar in deman. “Beir rogha cá fót ar a d-tuitfi ár is ar nechtar díob fo-gabai bás amail ro airlestair th' airledh”. Conid de-sin atá in senfhocal airdirc .i. amail ro airlestair a deman Fiachna. Ro marbad iarum amlaid- sin Fiachna mac Demain.

628
     628.0

    628

     628.1

    Ro marbad tra amlaid Suibne Menn le Mael Coba mac p.394 Fiacha Ulad i g-ciunn cheithre m-bliadan déc (la Conghal Claen mac Scannláin ro-cher ocus ní la Mael Coba mac Fiachna).

    Domnall mac Aeda meic Ainmirech dono ro gab ríge n-Eirenn i n-degaid Shuibne. A scéla-saide imorro ocus a imthechta innister ar cath Maige Rath. In 636 ochtmad bliadain flatha Domnaill ro cuired cath Maige Rath.

643
     643.0

    643

     643.1

    Conall ocus Cellach dá mac Maeile Coba ro gabsat ríge n-Eirenn iartain. Diarmait ocus Blathmac dá mac Aeda Sláine ro gabsat Eirinn as a n-aithle-side. Is ina n-aimsir-side ro innarb Scandlán Mór Osraide Corca Laigde co comlán de chrích Osraide.

649
     649.0

    649

     649.1

    Is i nn-aimsir na ríg-so ro marbad Raigellach mac Fuatach Chonnacht .i. in sexto anno. Is amlaid imorro ro búi in Raigellach ocus sé sár-tholach meblach. Mac bráthar dono aice ocus cia ro ba h-áil do a marbad ní ruc fair co n- derna  58ba thruagugud féin tria nemchaithium bíd. Uair ní chaithed di biud acht mad luaba caerach ocus ro ráid is i n- galar ro búi. Ocus ane ba mór in galar i r-raibe-sium .i. in format .i. in pian as mó isin t-saegul ifus in format uair as é iráilios ar in m-bráthair in bráthair aile do marbad.

    Ro líon imorro re caeile in Raigellach amlaid-sin triasin format ocus triasin nemchaithium bíd cor ba chomfocus bás do. Ro chuir techtairi d' innsaigid a bráthar co tísedh dá acallaim amail bad ré n-éc. In bráthair imorro ní dechaid fó chétóir ind uair ro gairmedh uair rop aithnid do celga a shinnsir bráthar. Acht ro irnaidh re tinól sochaide leis. Ocus is amlaid tánaic istech i r-raibe Raigellach ocus a claidme nocht fó a coim acá shluag ocus siat immá g-cuairt i timchiull a tigerna.

    Raigellach imorro ciar ba h-imda do féin de sluag ní h-inntib ro thairisnig acht is ina chelgaib féin. Ocus iss ed ro ráid: “Uch uch tra”, ol sé, “is mór in t- olcus ocus in tróighe i b-fuilim-se in tan ná tabair mo bráthair ocus in tí dúthracur do ghabáil ríge im degaid ocus as mó grád lium do dháinib taeb frium nó go fuil sluag acá choimét. Amail tra at-lóchur-sa do Dia do beith-siu dom chiniud féin ocus do beith dingbála do gabáil mo flaithesa im degaid. Acht méit na h- aingidechta duit sluag lat dot choimét forum-sa ocus mé re bruinne báis ar n-dula as mo chuirp ocus ma cholna”. Ó ro chuala im bráthair óg na briathra-sin táinic a chride co mór fair ocus ro theilg frosa móra do déraib.

    Tánaic arna márach ní as uaithe dia fhius. Tánaic in tres lá co p.395 lán-uaithed. Ro scinnset imorro muinnter in Raigellaig fair-sium ann sin ocus ro marbsat é. Ro éirig Raigellach iarum amail bad i sláinte. Acht chena is ann sin nár ba shlán-som eitir ar marbad a bráthar. Ocus ro gab oc fledugud co subach forbfáilid.

    Mairenn dana ben Ragallaig ro fiarfaig dá druid uair ro ba reimfhisid ar todóchaide é: “In fhechtnaige mór,” or sí, “i fuil Ragallach ar tuitim a námat uile lais ocus ar m-beith a sainmige lánmóir innosa”. Ocus is aire ro fiarfaigsidi ar dáig for-fitir co fuigbedh Raigellach a aidhed ó námait éicin cen co fitir cia h-é. Ro fhrecair in fáith ocus iss ed ro ráid: “In ro marb a bráithre uile tiocfaidter ó a chlainn féin ris cen co sáilenn. Ocus tusa féin imorro tiocfaidter ret rath co l-luath ocus bid é torad do bhronn tiocfus riut.” Iss ed imorro adubairt Raigellach riasi in chlann do-béradh sí a marbad co díchelta arna breith fó chétóir co ná tíosadh in t-imnedh út dóib triana claind.

    Nír ba chian tra iartain co r-ruc Mairenn ingen. Ocus adubairt rá muicide a breith leis dá marbad. Ó 't-chonnaic in muicide gnúis na náiden tánaic a cride fuirri ocus ro chuir isin téig chétna arís í ocus ro idhnaic co dorus mná cráibdige ro búi i gcomfochraib do. Ocus ra fácaib ann sin í ar chrois i b-farrad na h-ecailse. Tánaic in fhedb chráibdech immach mochtráth. Ocus fuair in téig ar beinn na croise ocus ro fégh crét bhúi innti. Ó 't-chonnaic in náidin m-bic innti ro grádaig fó chétóir í ocus ro ail co h-eclasta  59í. Ocus ní raibe in n-Eirinn uile bud chaeime atás. Ránaic clú a socraidechta go cluasa Raigellaig. Ocus ro chuir Raigellach techta uada d' innsaigid mhuime na h- ingene do chuinchid na h-ingene uirri ocus ní thuc in mhuime do í. Rucad chuige-sium ar éicin iartain í as in neimiud i r-raibe. Ocus ó 't-chonnaic in í ro ró ghrádaig ocus ro búi a ingen féin co colach aice. Ro gab dana Mairenn ac a déitchiugud in ghníma-sin ocus acá ardarcugud. Ocus ro élaid d' innsaigid Dhiarmata Ruanada ríg Eirenn dar Sionainn ar snám co h- Ailech Muirinne. Ocus is ó' n Muirinn fuair in t-Ailech a ainm.

    Ránaic tra fó Eirinn clú ind uilc-siu. Ropo tochrád tra do naemaib Eirenn sin. Tánaic Féichín Fabhair d' innsaigid Raigellaig dia chairiugud. Ocus táncatar náim imda immaille ris co ro scaradh ocus ní derna forru uile a legun. Ocus ro throiscset fair. Uair is é-so mét in ghráda do- rat di dámad táisecha a carpat-si comad éicin di-si a h-agaid do impód fris-sium. Dámad túisecha a charpat-som p.396 no impád-som a agaid fuirri-si. Ar dáig imorro ná dernad nech aile in Eirinn a lethéite- sin.

643
     643.0

    643

     643.1

    Ro ghuidset na náim co faghbad-som bás 'siu bad Belltaine ocus comad ó dhroch-dáinib ocus comad do armaib delóirib ocus comad i g-cuithe shaluch ocus do-rála amlaid-sin uile. I nn-imorach Belltaine imorro do-rála agh allaid arna lot ocus sé ina rith ina chenn-som isin innse i m-búi Raigellach ocus sé ac coimét na h-innse. Mar at-chonnaic chuige ind agh n-allaid ro gab a ghái ocus tuc buille de isin agh ón t-slios co a chéile do. Ro-chuaid in t-ag ar snám uad. Ro-chuaid-sium i nn- ethar i n-degaid ind aighe. Ro-chuaid in t-ag sel fata ón loch co tárla é dochum bachlach ro bhátar oc buain mónadh ocus ro marbsat ind ag ocus ra rannsat eturru. Tánaic in dá n-innsaigid ocus do-róine bagar mór orra i r-roinn in aige allaid eturru. Ocus adubairt riu do chur uatha feola ind aige. Iss ed imorro ro chinnset na bachlaig acu marbad ind ríg Raigellaig riasiu do-bertáis dó in fheoil ar éicin ocus iss ed ón ro chomaillset. Ro ghabsat leit do na ruamaib bátar ina lámaib ina chenn co fargsat cen anmain é amail ro ghellsat na náim. Ba de ro chan Muirenn in bhen ro búi aice-sium .i. muime Diarmata:-

    1. Bái uile orba Briuin ba Rogellach
      co dé domnaig luide do aisnig
      cách dia comarbus
      iar m-breith ind ríg do baislic
    2. Nochon cechar do mac
      céin no m-beo etir laecha
      's iss ed laithi sinsiti
      bruinne ríg selge saetha

649
     649.0

    649

     649.1

    I sechtmad bliadain flatha in Diarmata-sa do-rónad tinól leo d' innsaigid Guaire Aidhne arna incháined co mór ó Shinig Chró ar m-breith a bó do Ghuaire Aidne. Ocus iss ed at-beiredh sí fri Diarmait Ruanaid ac tabairt imchosáite eturru ocus Guaire:-

    1. A Dhiarmait a mall-chobair
      uamain Guaire fon-fodair:
      ár it anmann cláite cath
      tair chucainn a dhuinebath.
    2.  59b
    3. Lec do Dhiarmait ná ráid fris
      in cath ní h-órd i r-radais:
      déna coirm dó mar atá
      fóidh chuga dotoidebá.
    4. Ruanaid as-berti co se
      fris-sium ar méit a áine:
      indiu is lobrán cen áille
      Diarmait mac Aeda Sláine
    5. Tríocha tinne tríocha
      fuirec Chiníl Fhergusó:
      icdai dartaid i g-ciunn gait
      inna forreith do Diarmait.
    6. Bet fir mhóir ar macáin bhic
      co tí ár cobair ó Ghrip:
      bud daim riata láig ár mbó
      co tí cobair Dhiarmató.

    Ro ic ní di-si in chosáit-sin. Ránaic Diarmaid Ruanaid cona p.397 shluagaib co Sinainn. Ro búi dana tinól mór ac Guaire Aidne ar a chiunn.

    Ro chuir dana Guaire Cuimín Fota mac Fiachna comarba Brénainn d' innsaigid Diarmata do chuinncid cháirde cheitre n-uair fichet fair cen tuidecht tar Sinainn siar, is ann imorro do-rála Diarmait do Chuimín ar in cleith oc leith na Sinna ocus ro ráid Cuimín a aithesc fris. Ro frecart dono Diarmait co subach forbfáilid ocus ro ráid: “Ní mór na cuingi. Ocus ciamad ní bud mó chuindigfitheá fo-gébthá. Más edh dana” ar Cuimín “impa conice in m-bruach alltarach”. “At-beirim-se mo bréithir ám a chinn ecna ocus crábaid Eirenn” ar Diarmait “ná rag for cúla nó co faghar síd nó cath”. “Tair dono” ar Cuimene “conice in m-bruach aile”. “Toingim do Dhia”, ar Diarmait, “dá tecmaigtheá-sa ní as faite sair dam ní ticfainn dar do shárugud fria ré na cáirde-sin chuingi”.

    Bátar a n-dís ann sin co matain in ocus in cléirech. Iss ed dana do ráid Cuimine fris-sium: “Is ingnad lem-sa a do choscraige-se i g-cathaib ocus i g-coimlengaib ocus uaitecht ocus éitche in t-sluaig-se at-chím acut. Uair cid imda in sluag-sa is rólia int sluaig fuil at agaid. Is áilne dono ocus is socraidhe co rómór”. “Nach fetradhais-se a chléirig,” or Diarmait, “nach ar líon na cruth brister cath acht amail as áil ra Dia. Ocus dono amail at-beiri-se ar sluaig-ne do beith dodelb nochan iat na crotha caema bhrisios cath acht na crideda cruaide. Ocus dana ní i n-dáinib namá sin acht i n-anmannaib aile uair cid in t-aen-mhac tíre marbaidh ocus taifnidh trét imda na caerach. Ocus ní namá acht taifnidh na táinte bó ocus marbaidh ilimda díob. In segh dana ocus in sebac taifnidh na h-eonu cidat mó ocus cidat áilne indát-som”. “A ”, ar Cuimín, “cia fáth ara n-debartais-se conid mar as áil ra Dia brister cath”. “Cid ón, a chléirig. Nach fíor conid in tí acá m- bí in fhírinne bhrisios ar fer na bréice nó na h-ainbfírinne uair Críost amail at-bertái-se is uaitedh ro búi in n-agaid diabail ocus na n-Iudaidedh ocus cidedh ar a ái is do-sum ro ba chalma uair as aice ro búi in fhírinne. Is lór dam-sa diu in sluag fuil acum in n-agaid Chonnacht uair as iat atá ar ainbfírinne”.

    Ro chomraicset tra Connacht im Ghuaire ocus Diarmait Ruanaid cona shluag ocus ro ferad cath cruaid feochair fíochda eturru ar a ái tra memaid in cath for Guaire ocus ro marbad ár Connacht ann ocus ár fer Muman im in dá Chuan tháncatar na sochraide. Tré bréithir Cháimín tra ro brisedh in cath-sin for p.398 Guaire uair ro búi Cáimín trí tráth ina throscud for Ghuaire. Dia n-debairt Cáimín: “mad cóir la Dia in tí fil ac comthairisium frium-sa  60ní ro thairissiu fria naimtiu.” Conid ann at-bert in t-aingel re Cáimín in so co n-debairt:-

    1. In cath a n-Inis Cheltra
      fiche lobar fa nerta:
      is é in lobar bus trén
      is é in trén bus techta.

    Tánaic dono Guaire ocus tuc a óighréir do Cháimín ocus do slécht do. “Ní fuil festa” ar Cáimin, “a chumang dam cen buaid do breith dot naimtib díot. Acht chena is comluath sin ocus do-bérat do réir féin duit”. Coníd an is-pert Cáimín:-

    1. A m-biat faebra fri faebra
      ocus indna fri h-indna
      bidat aithrech a Ghuaire
      cléirchen fristarlais tinne.
    2. Do-arbart mac Dé
      fri h-athlath uaire
      cride Guaire fó na triuna
      inna triuna fó Guaire.

    Ro teich dana Guaire Aidne as in chath remráidte iar cur áir a muinntire ocus tánaic a aenar co mainistir m-bic i r-raibe aen-bannscal cráibdech. Ocus ro búi in bannscal acá fhiarfaigid de cuich é. At-bert Guaire ro ba fer gráda do Ghuairiu é. “Is truag linn,” ar sí, “in as mó dérc ocus einech in n-Eirinn do beith i madhmaim ria naimtib ocus derg-ár a muinntire do chur”. Ocus ro-chuaid in bannscal conice in sruth comfochraib ar chenn uisce dar cosa inn aeighed thánaic dá h-innsaigid. At- chonnairc in m-bratán mór isinn uisce ocus nír fhét a marbad co táinic d' innsaigid inn aeiged bhúi aici. Táinic iarum Guaire immach ocus ro bris góilmech in bratáin co tric isinn uisce ocus tuc leis é istech ocus ro irlamaig é ocus ruc a bhuide ra Dia beith ar aen-bratán ind oidche-sin ocus co m-bátar deich mairt aice adaig eile. ocus do-róine in rann:-

    1. At-lóchur do Dia an étad
      anocht dom féis éin-écad:
      rom-búi-se adaig aile
      dom-bert deich m-bú Mac Maire.

    Ro airg dana Diarmait a h-aithle in madma Connachtu. Ocus do-rat íc a bó do'n chaillig ro aer é .i. do Shinich Chró conid aire-sin ro chan Sinech Chró:-

    1. Cach mac tigern timchraide
      tathat airle lim-sa de:
      do-thaet deisel in broga
      leis fuigell mo ruanoda.
    2. Ní for braigtib dam ná bó
      cláiter colg mo ruanadó:
      is for rígaib fo-cherfait
      indiu in duibgen lá Diarmait.
    3. Guaire mac Colmáin in
      ro chac for craeba Aidní:
      ro lá bualta mét chinn bhó
      ar uaman mo ruanadhó.
    4.  p.399
    5. O ro breca braenán cró
      léine dhenn-gorm Diarmató:
      errad fir chlóus catha
      ní coimthig cin ildatha
    6. O ro breca braenán cró
      bruinne gabra Diarmató:
      uisce asa n-eghar Grib
      ní lusta oc in sacairbic
    7. O léicither immásech
      cranna fianna for cach leth:
      ní bad ecmaing casal cró
      for crunn a durn Diarmató
    8. O ro sernathar gái bic
      i tosuch in imairic:
      is iat dias céta-ric
      a ghabar ocus Diairmit

    Do-rónad ann sin comairle ac Guaire ocus ac Connachta in cathugud beus do-géntáis nó in braigte do- bértáis do Diarmait ocus Guaire do giallad do rinn ghái do. Ocus iss í-side comairle do-rónsatar-som. Táinic iarum Guaire d' innsaigid Dhiarmata. Ro gab dono in chaillech na runnu remráidte i fiadnaise Ghuaire. Is ann ro ráid Guaire:-

    1. A tnúu ón atnúu
      dorís Sinech comlúu:
      nochus-fuigéba lá biu
      ata-biu comlúu

    Is ann is-pert sí:-

    1. A tnúu ón atnúu
      ní ric Sinech co crúu:
      ní fil occa cá imfochaid
      cid nach cidfiter núu

    Iar sin tra ro ghiall Guaire do chinn chloidim do Dhiarmait. Is é in giallad-sin .i. rinn in ghái  60bnó in chloidim do thabairt i m-bél itir i fhiaclaib in neich no ghiallus ann ocus sé faen.

    Ind uair bhúi Guaire amlaid-sin is-pert Diarmait: “ro fionnfam-ne innos” ar sé “in dar Dia nó in dar adbchlos chena do-gní Guaire in n-einech mór so”. Ro iráil ar druth dá muinntir ocus ar bhocht-chlam thruag ní d' iarraid ar Ghuaire. “Ní dam-sa” ar in clam. Do-beirt a delg óir do ár ní raibe innmus aile aice. Téit uad in bocht. Tic fer do muinntir Dhiarmata i n-degaid in boicht ocus beirid in delg uad ocus do-beir do Diarmait. Tic in bocht arís co Guaire co geránach ocus innisid do in delg do breith uad. Ocus tic cride Guaire fair ocus atn-aid a chrios co n-ór do'n bocht. Ocus imthigid in bocht. Tic fer do muinntir Dhiarmata ina degaid ocus beirid in crios uad ocus atn-aid do Diarmait. Tic in bocht doridise co Guaire ocus Guaire faen ocus rinn cloidim Dhiarmata itir a fhiaclaib. Ocus ó 't-chonnairc in m-bocht co tuirsech ro máid sruth mór dér dar a ghruadaib. Ro fiarfaig Diarmait de-sium: “In ar a thróige let beith fóm chumachtain-se chii”. “Do-beirim mo bréithir” ar Guaire “nach aire acht ar thróige lem in bocht út”. Is ann sin ro ráid Diarmait: “éirig” ar sé “ocus ní bia tu fóm chumachtaib-se uair atá tu fó smacht ríg as ferr indú-sa .i. fó smacht Ríg nime p.400 ocus talman ocus ní bia smacht uaim-siu fort. Acht chena ná h-airg dam muintir mo máthar”. Do-rónsat amlaid síd Diarmait ocus Guaire. Ocus adubairt Diarmait ris-sium: “Tair do aenuch Thaillten co tucar-sa mo thigernas duit i b-fiadnaise fher nEirenn.” Conad amlaid-sin ro comallad briathar Cáimín.

    Téit iarum Guaire do aenuch Thaillten ocus miach mór aircit lais dá fhodail do fheraib Eirenn. Tuc imorro Diarmait ar feraib Eirenn ná ro lámair truag ná trén díob ní do chuingid for Guaire issin aenach. Ro shuid iarum Guaire for laim Dhiarmata i farrad ríg Eirenn issinn aenach. Dá lá dó amlaid- sin. In tres lá is ann adubairt Guaire fri Diarmait: “Epscop chucum” ar sé “co ndernar m' fháisitin do ocus co r-rom-ongthar”. “Can ón” ar Diarmait. “Bás im chomfocus” ar Guaire. “can as tuici-se ón” ar Diarmait. “Ní annsa” ol Guaire: “Fir Eirenn i n-aen-inadh ocus cen truag díob dom atchuingid”. “Ní thairmescfaidter im chách a fecht-sa ní do chuingid fort-sa” or Diarmait: “Ac so miach arcait uaim-se duit”. “Ac” or Guaire: atá arcat co lór acum féin.

    At-rácht Guaire iartain ocus ro thairbir do chách as a dhíb lámaib. Ocus at-berat-som ro ba lethfota in dara lám dó acá síned ar amus na m-bocht óuair-sin. Ocus tuc Diarmait a chenn i nn-ucht Ghuaire ocus ro ghabsat fir Eirenn uile do aen-chiunn comairle Guaire ó shin immach.

    Ba rómór tra la Connachta einech Guaire ocus ba mór leo no thidnaicedh do chrud dar tír immach. Ro bátar acá rád ra Cáimin Innse Celtra tairmesc in tidnacail-sin imbe. At-bert Cáimín: “Ní thairmeisciub-sa imbe. Acht chena guidim-se in Coimde co tí dá shíol nech thinóilfios ó fheraib Eirenn immuig na tibra-sum immach”. Ocus iss ed ón ro comallad. Uair do-rat Mac Lonán ar a dhán ó fheraib Eirenn ní nach lugha iná a tuc Guaire immach.

    Is é in Guaire-sin ro búi lá i n-Inis Cheltra isind eclais ocus Cuimín Fota ocus Cáimín. Eclais mór ón do-rónad la Cáimín dar éise Choluim. “Crét dámad maith lat a l- lán acut 61 isind eclais-si a Ghuaire” ol Cuimín Fota. “Ní annsa” ol Guaire: “ro bud maith lium a l-lán óir ocus aircit acum. Ocus ní dá thaiscedh acht dá tidnacul ar m' anmain do bochtaib ocus adailcnechaib in Choimded. Ocus tusa a Chuimín ”ol Guaire: “Cid diamad maith lat a l-lán do beith acut”. “Ro bud maith lium ”ol Cuimín “a lán do lebraib do beith acum ocus a tuidecht do aes léighinn co ro for-chaintáis in cined daenda”. “Ocus tusa a Cháimín” ol iat-sum: “Cid diamad maith lat a p.401 lán ocut”. “Ní annsa. Ro bud maith lium a lán do shaeth ocus do ghalar fám churp” ol Cáimín “co ná digsedh cnáim re chéile i talmain díom”.

    Do-rigne Dia amlaid-sin .i. do-rat Dia in saegal co h-imda do Ghuaire ocus ba shái ecna ocus foirchetail Cuimín. Acht chena ní raibe rath foirchetail for Chuimín ó ro escain Mo Chúta Lis Móir é tria foirchetal a muintire féin ina fhiadnaise isin meithil co m-bátar ina test co n-debert Mo Chúta: “cid mór a saethar foirchetail Chuimín” ar sé “nírab lia indás bó mael odar i m-buaile na tibra trít foirchetal ó'n t- saegul”. Cáimín imorro ro gab teine buirr é ocus ní dechaid cnáim dia chnámaib rá chéile i talmain.

    Aena mac ú Laigse comarba Ciaráin is é rop anmchara do Ghuaire. Ro gabad mac baintrebthaige la Guaire Aidne ina lubghurt. Tic in baintrebthach d' innsaigid Aena d'accáine in imnid-sin ris. “Ní fuil acum-sa” ar Aena “ní aile duit acht geib in rann so dó”. Tánaic in chaillech reimpi co Guaire ocus ro ghab in rann do:-

    1. A Ghuaire in imráidi
      imghlasad iar n-imbáini:
      seis duit t' aenarán cin nech
      in n-úir Chille Meic Duach.
    2. A mendocán imráidim
      ocus dna cáin innláidim:
      cech aen darráinic a les
      ní dechaid cin domainches

    “Is é mo domainches-sa” ar sí “m' aen- mhacán”. “Fo-gaba-sa sin dana” or Guaire “ocus digéltair sin for Aena”. “Ba fíor són”. Ro marb bachlach do muinntir Chluana ech Aena ocá thafunn as a ghort. Ro gabad in bachlach oc Aena co r-ro naidmed cét m-bó ar in m-bachlach i n-íc in eich. Táinic in bachlach ar sin co Guaire dá faighde. “Gab in rann-sa do Aena” ar Guaire. Tánaic in bachlach reime co h-Aena ocus do gab in rann .i.

    1. Do mac Laigse ba mór gó
      in aen-chenn ar in cét m-bó:
      in mór do dul ar in m-bec
      in fubann in t-sacairbec

    “Is fuba imorro” ol Aena: “ní iarrub-sa fort-sa acht aen-bhó”. Ro búi dana a leithéite-sin co meinic itir Aena ocus Ghuaire.

665
     665.0

    665

     665.1

    Ba marba tra na ríg-se .i. Blathmac ocus Diarmait i n-dechmad bliadain a flatha .i. Blathmac do'n buidechair i Caladh Truim i m-Buaighnib. Ba marb dana Diarmait isin inud chétna ocus sé sínte re crois ina shesam. Ac faicsin Laigen dó chuice dá marbad do-chuaid a ainim as.

671
     671.0

    671

     671.1

    Sechnasach mac Blathmaic imorro as a n-aithle ro ghab ríge n-Eirenn. Ocus Dubh Dúin do Chairbrib ro marb i b-fill Sechnasach.

 p.402
675
     675.0

    675

     675.1

    Cenn Faela mac Crunnmaeil meic Blathmaic ina dhegaid-sin ceithre bliadna. Co r-ro marbad la Finnachta mac Dúnchada meic Aeda Sláine i n-Aircheltra i cath. Finnachta Fledach mac Dunchada ro gab iar sin fichit bliadan co torchair la Congalach ocus la h-Aed mac nDluthaig i n- Grellaig Dolluid.

    In Finnachta tra ba dhaidbir do chonáich ar tús é. Ocus ro búi ben aice  61bocus tegh. Ní raibe imorro do sheilb aice acht aen-damh ocus aen-bhó. Fecht n-aen do- rála b-Fer Rois for sechrán ocus merugud i comfochraib a boithe-sium. Ní raibe reimpi riam adaig ba mesum indás in adaig-sin de ghaillim ocus do shnechta ocus do dorchataid. Ocus in teg dar ba h-áil do'n ríg cona mhnái ocus cona muinntir dola ní raibe a chumang dóib ra méit na dorchatad ocus na doininne rochtain. Ocus ba hé a n-imráidte tairisem fó bunaib na crann. At-chuala dana Finnachta in t-imrádhad-sin uair nír bo chian uaidib a both Fhinnachta. Ocus tánaic ar a chiunn ar in sligid ocus iss ed ro ráid riu bad chóra dóib tuidecht dá tig boicht sium indás imtecht na h-oidche doirche ocus mét na doininne. Iss ed ro ráid in ocus a muinnter: “Is cóir na n-abra. Is maith linn a rád frinn”. Táncatar iarum lais dia thig ocus ro ba mó mét in tige indás a shaidbre. Do-rat imorro Finnachta buille i cenn a dhaim ocus in buille aile i cenn a bó. Ro irlamaigset imorro muinter in ríg féin co tric ocus co tinnesnach do biur ocus do choire. Ocus ro chaithset corbat sáithich. Ro chotlaigset ar sin co tánaic in maiten.

    Ro ráid Fer Rois rá mhnái féin sin maitin: “Ná fetar a bhen” or sé “ciarbo daidbir anallana in teg-sa gurab daidbre innosa ar marbad a aen-bhó dúinne”. “Is fíor tra sin” ar in ben “ocus is cóir a saidbriugud uaim-se do réir mo midemnais-se. Ocus cid mór laighet do-béra-sa do'n fhiur do-bér-sa in cutruma cétna do'n mnái”. “Is maith na n-abrai” ar flaith Fer Rois.

    Do-rat tra Fer Rois airge lán-mhóir do buaib ocus muca 61c imda ocus cáirig imda cona m- buachaillib do Fhinnachta. Do-rat dana a ben do mnái Fhinnachta in cétna do buaib ocus mucaib ocus cháirib. Ocus do-ratsat dana dóib étaige maithe ocus eich derscnaigte ocus capaill chalma ocus cach ní archena ráncatar a les di'n t-saegul.

    Nír ba chian tra iarum in uair thánaic in Finnachta marc-shluag mór do thaig shethar do arna chuired ó'n t- siair ocus frithaigid aici fair. Oc tuidecht dóib ina n-imrim is ann do- rála dóib Adamnán p.403 ina scolaide oc tuidecht ar fut na sliged cétna ocus ballán lán do lomaim ar a muin. Ocus oc teiched do riasin marc-shluag dí'n t-sligid do-rála a chos fri cloich ocus do-rochair corro thuit in ballán dá muin ocus co n-derna briosc-bhruar de. Ocus ciarbo luath do na h-echaib nír bo nemluaithe do Adamnán cona bhallán bhriste fair ocus sé dubach dobrónach.

    O 't-chonnairc Finnachta é ro máid a fháitfedh fair ocus ro búi cá rád: “Do-géna sin fáilid díot-sa arís ár isim comraithnech-sa fri cach n-imnedh ocus díchumang”. “Fogéba-sa a fhoglaintich” ar sé “coimdhídnad uaim-se”. Ocus ro búi dá rád re hAdamnán: “Ná bí co dubach”. Is ed ro ráid Adamnán: “A degduine” ar sé “atá a dhamna ocum. Uair trí meic léiginn maithe atát in n-aentaig ocus atám-ne trí gillai oco ocus iss ed bís gilla ar timchell ocainn oc iarair neich do'n chóiciur aile. Ocus dam-sa ránaic indiu. Ro chuaid dana in tirdhálta ro búi acum-sa dóib fó lár. Ocus ind ni is doilgiu in ballán iasachta do bhrised ocus cin a íoc acum.”  62 “Íocfat-sa in ballán” ar Finnachta. “Ocus tuc-sa lat in triur mac léiginn fuil ar do scáth anocht cin biad ocus in dá gilla conice in tech dá tiagam ocus fo-gébat biad ocus lionn ann.” Do-rigned samlaid-sin. Tuc leis Adamnán na cléirig ocus ro cóirged in tech lenna. A leth do chléirchib ann ocus ind leth aile do laechaib.

    Aite imorro Adamnáin ro líonad é ó rath in spirta náim ocus ó spirut fháistine ocus iss ed ro ráid: “bud airdrí Eirenn in fer dá tucad in fhled-sa innocht”. Ocus bud cenn crábaid ocus ecna Eirenn Adamnán. Ocus bud é anmchara Finnachta. Ocus biaid Finnachta i b-fechtnaige móir nó corro ailbéimnige sé do Adamnán.

    Nír bo chian d' aimsir iarum co tánaic Finnachta ocus Fer Rois a chara féin leis d' innsaigid bráthar a athar .i. Chinn Faelad d' iarraid fherainn fair. Do-rat dana Cenn Faelad ardmaeraigecht na Mide uile ó Shionainn co fairrce dó .i. ar ceithre tuathaib fichet. Ro búi Finnachta fri ré n-aimsire amlaid-sin ocus tánaic dá chomairle lá ann fria charait féin .i. fri ríg Fer Rois dá fhiarfaigid de créd do-génad uair nír bo lór lais beus beith immara bí. Do-rat-saide dna comairle cruaid cróda do ocus iss ed ro ráid fris: “Nach roinnenn Slige Asail” for sé, “Mide for dó? Déna-sa in dara leth do'n Mide combad tairise dúthrachtach duit í. Ocus mar bus tairise duit in leth-sin déna comdáil frisind leth aile ocus marb a n-degdáine ocus a suinn chathaigte”. Ocus ní namá bias ríge na Mide p.404 ocut acht biaid cid ríge na Temrach beus mad áil lat. Do-rigne iarum Finnachta in chomairle-sin ocus ro fuacair cath iartain for bráthair a athar .i. Cenn Faelad. Ó 't-chuala ben Chinn Faelad sin ro búi ac béim ar a fer immón maeraigecht do-rat do'n Finnachta. Is ann ro ráid in ben in rann:-

    1. Ro iadsat im Finnachta
      fianna iarthair in tíre:
      ro maelad mór a choire
      im Chenn Faelad a ríge.

675
     675.0

    675

     675.2

    Do-ratad cath co cróda iarum itir Fhinnachta ocus Chenn Faelad. Ocus ro marbad Cenn Faelad ann ocus sochaide immaille fris. Ro gab iarum Finnachta airdríge n-Eirenn ra ré fichet m-bliadan.

    Is é in Finnachta ro maith in borama do Mo l-Ling arna tobach la cethrachait ríg reme-sium anall .i. ó Thuathal Techtmar co Finnachta. Tánaic iarum Mo l- Ling ó Laignib uile do iarraid maithme na boraime ri lá ocus adaig. Ocus andar lá Finnachta ba h-aen-lá ocus aen-adaig. Ocus ní ba h-edh ac Mo l-Ling acht tria bithu. Do-rat iarum Finnachta in cáirde-sin imorro. Táinic Mo lLing reime immach ocus iss ed ro ráid: “Tucais cáirde impi tria bithu”. Ro thuic dana Finnachta corro mell Mo l-Ling é. Ocus at-rubairt fria muintir: “Éirgid co l-luath i n-degaid in duine náim ocus abraid fris ná tucas-sa cáirde acht aen-lá co n-aidche do”. “Uair dar lem” ar sé “Ro mell in duine naem mé. Ár ní fuil achtmad lá ocus adaig isin m-bith uile”. Ó ro fitir Mo l-Ling imorro co ticfaidthea ina degaid ro reth co tric tinnesnach co ránaic a tech ocus ní rucsat itir muinter in ríg fair. At-berat araile co ruc Mo l-Ling duan lais do'n ríg. Ocus is fíor sin imorro conid í so in duan .i. 62

    1. Finnachta for Úib Néill
      amail gréin i tracht:
      is é in barc uas tuinn
      is é in tonn uas tracht
    2. Is é in cath for tír
      ar ná lámat ríg a n- gres:
      is é Temra catiath
      is é in triath dá tic a l-les
    3. Is é in tuile glonn fri gail
      is é in tonn immaig 's immach:
      is é rí na Temrach tuaid
      is é in t-iarn cruaid résin cath
    4. Is é cride cerna Chuinn
      bile Temra tinn a tinn:
      is é in Finnachta nach fann
      is é in crann fíngharta finn
    5. At-chuala ria senaib sunn
      ferr molad iná cach mod:
      nach fitir Finnachta fial
      connach cian marus in crod
    6. Téit in crod a seilb cach áin
      ac síol Adaim im gharuar:
      baegal cach nech fó nim náir
      téit fá sech a saegal uad
    7. Coirpre is Cormac ocus Art
      Conn ria riched ríg-leptha:
      cia ro gabsat Temair tenn
      dar lem is ferr Fínnachta

    Ro maithed tra in borama cidb é mod do Mo l- Ling. Ocus ciarbo h-aithrech la Finnachta nír fhét a tobach arís ó Laignib.

     p.405

    At-berat araile dana is do chiunn nime ro maith Finnachta in borama et hoc verius est. Uair táinic Adamnán fó chétóir d' innsaigid Fhinnachta dar éis Mo l-Ling ocus ro chuir cléirech dia muintir ar chenn Fhinnachta co tísedh dia acallaim. Is ann búi Finnachta ac imbirt fhidchille. “Tair do acallaim Adamnáin” or in cléirech. “Ní rag” ol Finnachta “co tair in cluiche-se”. Tánaic in cléirech reime co dú i r-raibe Adamnán ocus ro innis dó frecra Finnachta. “Éirg-se chuice-sium”, ar Adamnán “ocus abair ris co n-gébat-sa caecait salm ind airet-sin. Ocus atá salm isin chaecait-sin ocus iarrfat-sa ar in g-Coimdid 'sin salm-sin connach géba mac ná ua dó-sum ná fer comanma ríge n-Eirenn co bráth. Ní tarat dana Finnachta do mod-sain acht ro imbir a fidchill co ruc in cluiche. “Tair do acallaim Adamnáin” or in cléirech. “Ní ragh” or Finnachta “co tair in cluiche-se”. Ro innis in cléirech do Adamnán, “Abair-siu fris-sium” ar Adamnán “Gébat-sa caecait aile sunn ocus atá salm isin chaecait-sin ocus iarfat-sa for in g-Coimdid isin t-sal-sin gairde shaegail do-sum”. Do innis in cléirech sin do Finnachta. “Ní tarat Finnachta dá úid acht ro imbir a chluiche co tarnacair do ar in fidchill”. “Tair do acallaim Adamnáin”or in cléirech. “Ní rag” ar Finnachta “co tair in cluiche-se”. Tánaic in cléirech d'innsaigid Adamnáin ocus ro innis do frecra Finnachta. “Éirg-siu”ar Adamnán “ar amus Finnachta, ocus abair fris gébat-sa in tres caecait ocus atá salm isin chaecait-sin ocus cuindech-sa ar in Coimdid cin flaithes nime do faghbáil dó-sum. Ro innis in cléirech sin do Finnachta. Mar at-chuala Finnachta sin ro chuir in fidchill uad co tric ocus táinic conice bail i r-raibe Adamnán. “Cid dot-uc innosa” ar Adamnán “ocus ná tánacais risin cét-techtairecht”. “Iss ed fodera” ar Finnachta: “In tómaithem do-rónais form .i. cin mac ná ua uaim ná fer mo chomanma do ghabáil ríge Eirenn ocus gairde shaegail do beith ocum. Étrom forum sin. Do gell Mo l-Ling nem dam. Ocus ro gellais-se innosa cin chennsa in Choimded d' faghbáil dam. Is uime thánac ocus ní fhuil a fhulang-saide acum-sa”.  63“In fíor” or Adamnán “in borama do maithem duit lá ocus adaig do Mo l- Ling”. “Is fíor” or Finnachta”. “Ro mellad tu” ar Adamnán, “uair is inann sin ocus a maithem tria bithu.” Ocus is amlaid ro búi oc tabairt achmasáin do. Ocus ro chan:-”

    1. Indiu cia chenglaid cuaca
      in crín-liath cin déta:
      in buar do maith do Mo Ling
      deithbir do'n ching nisn-éta
    2. Dámad meise Finnachta
      is comad mé flaith Temra:
      co bráth nocha tibérainn
      's ní dingénainn 'na n-derna
    3.  p.406
    4. Cach nach maithenn a chíos
      is fata bít a scéla:
      mairc do-rat in dáil do-rat
      in tí as lag is dó as méla
    5. Do-arnacair do ghaesa
      is ar baesa co m-bine:
      mairc rí ro maith in cíos-sa
      a Iossa nemda nime
    6. Sochla cach nech ó threbus
      is mairc lenus do liatha:
      fata in dál-sa mad caide
      is faite comad fiacha
    7. Dámsam ríse ruadus crú
      ro tairnfinn mo bídbada:
      ro thóicébainn mo diongna
      ropsat iomda m' írgala
    8. Roptís imda m' írgala
      mo bretha niptís guacha:
      roptís fíora mo dála
      roptís lána mo tuatha
    9. Roptís imfaicse m' airde
      roptís diangne mo chaingne:
      in dál-sa ciamad tecmaing
      nocha lecfainn re Laigne
    10. Guidim-se itche for Dia
      nachom-tair bás ná baegal:
      co ro térna indiu Mo l-Ling
      ní taeth do rinn ná d' faebar
    11. Mac Failléin fer dar múra
      ní chláidfiter dar cúla:
      ro fhitir rúna Meic Dé
      ro fhitir Mac Dé a rúna
    12. Trí caecait salm cach dia
      iss ed ghaibius ar Dia:
      trí caecait bocht seol soirthe
      iss ed biathus cach n-oidche
    13. In bile buada bisig
      in fisid cosna fesaib:
      long lerda fo-fuair fáilte
      tonn Berba báirce Bresail
    14. Ind long óir is án inne
      in clár óir ós na clanna:
      éicne Dubghlaise duinne
      fuaim tuinne tonn fri h-alla

695
     695.0

    695

     695.1

    Ro thairn tra Finnachta a chenn in n-ucht Adamnáin ocus do-rigne aithirge i fiadnaise Adamnáin. Ocus ní ro ghat Adamnán fair in ní ro gell Mo l-Ling do ar maithem na boraime .i. flaithes nime. Ind uair tra ro búi Finnachta ocus a mac Bresal ina pupaill is ann táncatar a bráithre adbart n-aigthe do .i. Aed mac Dluthaig ocus Congalach cin airiugud isin phupaill. Ocus ro marbsat Finnachta ocus a mac ocus ro ghatsat a cinn ar in cléith díob. Loingsech mac Aengusa ro ghab ríge n-Eirenn i n-degaid Fhinnachta ra ocht m- bliadnaib.

697
     697.0

    697

     697.1

    Ec Mo l-Ling i cét-bliadain ríge Loingsich. Issin bliadain chétna Cáin AdamnáinEirinn.

699
     699.0

    699

     699.1

    In cethramad bliadain a flaithesa at-ches na trí sciatha ocus siat ac cathugud anair siar amal bud tonna mara cenn i cenn, sciath glégel ocus sciath co n-dath tinedh ocus sciath co n-dath fola. Iss ed ro tuicedh as sain na h-uilc tháncatar iartain .i. innile Eirenn uile d' éc  63bacht bec. Ocus ane ní i n-Eirinn namá sin acht issind Eoraip uile.

700
     700.0

    700

     700.1

    Issin bliadain ba nesa dana .i. i cóicedh bliadain flatha Loingsich ba marba ermór dáine Eirenn. Ocus gorta dírecra co n-ithdís na dáine ní nach adha d' innisin.

702
     702.0

    702

     702.1

    I sechtmad bliadain flatha Loingsich do-rála itir Irgalach p.407 mac Conaing ocus Adamnán ar sárugud Adamnáin do Irgalach im marbad Néill a bráthar ar chomairce Adamnáin. Iss ed do-gníodh Adamnán troscad cach n-oidche ocus cin chotlud ocus bad i nn-uiscib uaraib do thimdibe shaegail Irgalaig. Iss ed imorro do-gníodh in coraidh esein .i. Irgalach a fhiarfaigid do Adamnán: “Crét do-géna-su innocht a chléirig.” Ní ba h-áil do Adamnán bréc do ráda. Ro innisedh dó co m-biadh i troscad cin chotlud i nn-uisce fhuar co maitin. Do-gníodh in tIrgalach na cétna .i. dá shaerad ar escaine Adamnáin. Iss ed chena ro mell Adamnán eisium .i. ro búi Adamnán cá rád re cléirech dá mhuintir: “Bí-siu innocht im riocht-sa ocus m' étach- sa immut”. Ocus dá tí Irgalach dá fhiarfaigid díot crét do-géna innocht abair-siu bad fledugud ocus cotlad do-géna ar dáig co n- derna-som na cétna uair asa re h-Adamnán bréc do rádha dia fiur muintire indás do féin.

    Tánaic iarum Irgalach d' innsaigid in chléirig-sin ocus indar leis ba h-é Adamnán búi ann. Ro fiarfaig de: “crét do-génu innocht a chléirig” ar Irgalach. “Fledugud ocus cotlad” ar in cléirech. Do-róine dana Irgalach fledugud ocus cotlad ind adaig-sin. Do-róine dana Adamnán troscad ocus frithaire ocus beith issin abainn co matain.

    In tan imorro ro búi Irgalach ina chotlud iss ed at-chonnairc Adamnán do beith conice a brághait issinn uisce. Ocus ro bídg co mór tríd-sin intí Irgalach as a chotlud ocus ro innis dá mnái. In bhen imorro ba h-umal inísil í do'n Choimdid ocus do Adamnán uair ba torrach í ocus ba h- ecal lé a cland do lot tria escaine Adamnáin. Ocus ro bíodh co meinic ac guide Adamnáin cen a cland d' escaine. Ro éirig Irgalach iarum mochtráth arna márach ocus do-rála Adamnán ina agaid ocus iss ed ro ráid Adamnán fris: “A mic mallachtnaig” ar sé “ocus a dhuine as cródham ocus as mesam do-rigne Dia. Bíodh a fhios acut conid gairit corot-scérthar ri flaithes ocus raga dochum n-ifirn”. Ó 't-chuala ben Irgalaig sin tánaic ar amus Adamnáin ocus ro luig fó a chosaib ocus ad-rubairt: “Ná h-escain dam-sa in gen fil im broinn”. Iss ed ro ráid Adamnán: “Bad co deimin” ar sé “in gen fil it brú. Ocus bad briste a lethsúil innosa tria escaine a athar”. Ocus is amlaid-sin do-rála. Rucad in mac fó chétóir ocus is amlaid ro búi ocus sé leth- chaech.

702
     702.0

    702

     702.1

    Isin bliadain ba nesam .i. i sechtmad bliadain flatha Irgalaig ro marbad in t-Irgalach- sin. Ocus ro choinfec in adaig p.408 riana marbad amail ro marbad. Tánaic iarum in tIrgalach in lá ar faicsin ind aislingthe-sin ar charraic áird immach. At- chuala in guth árd .i. fó na ferannaib comfhoicse dáib ar sé ocus dóighid  64ocus loiscid ocus airgid iat. At-chonnairc as a aithle-sin na sluaig ocus na sochaide oc innred in ferainn. ocus tánaic-sium co h-áird i n-áird ocus Inis Mac Nesain. Ocus issind uair-sin do-rála coblach Bretnach do chur i purt ann ocus anfadh lánmór dóib. Ro chonnaic dana mílid Bretnach díob-sin aislinge ind adaig reime .i. trét do thorcaib do chrithugud imme ocus in torc ba móam ann do marbad dó d' aenbuille saighte. Ocus iss ed ón ro fíorad. Uair ba h-é Irgalach in torc mór sin ocus ba h-iat a sluag pecach mallachtach-som in trét. Ó'n milid-sin imorro ro marbad-som Irgalach ind uair-sin d'aen- buille saigte.

703
     703.0

    703

     703.1

    Inn ochtmad bliadain flatha in Loingsich remráidte do-rónad mórshluaiged leis i Connachtaib dá n-arccain ocus dá n-innriud. Ro bátar dana filid Loingsich ac aerad ríg Chonnacht .i. Chellaig mic Ragallaig. Ocus bítís cá rád nár ba chubaid do shen-ríg chriothánach mar Chellach comtócbáil nó commórtus ria ríg nEirenn. Ocus cia do-gnédh ro bud fair bud maidm.

    Acht chena ní h-amlaid-sin do-rála acht a chotarsna. Uair ó 't-chonnairc in Cellach Chonnacht a thír ocus a thalam 'cá l-lot ocus cá h-arcain ro ghairm chuice in dá nDúnchad .i. Dúnchad Muirisce ocus in Dúnchad aile. Ocus ro chinn reime aice combad iat ro biad i r-ríge Chonnacht dá éise féin. Ro búi féin imorro arna fothracad ocus ar cur ola ocus luibe imda fó a rígdae. Do-rat fer do'n dís remthechtaig .i. in dá Dúnchad dá leith deis ocus fer aile dá leith chlí. Ocus ro chóraig Connachtu imme dochum in chatha. Ro ling féin iarum .i. Cellach as a charput immach co fata ocus co tric. Ocus do-chuala cách brisclech a chnám in t-senórach ac léim as a charput. Ocus ro ráid ar sin ó ghuth mór ac léim dochum na cath co máidmech: “a Chonnachta” ar se “dítnid ocus coimétaid féin sáire uair ní sáire ocus ní beoda in cined fuil in bar n-agaid indáthái. Ocus ní mó do-rónsat do maith cus indiu.” Ocus is amlaid ro búi 'cá ráda-sin ocus a guth for crith ocus a shúile for lasair.

    Do-ratsat iarum Connachta dá n- úid sin. Ocus ro gab in criothánach sin rempaib i g-cenn ríg Eirenn. Ocus ro máidh rempu iartain ocus ro marbad Loingsech Eirenn ann ocus derg-ár a muintire imbe. Ocus a trí mic ocus dá mac Colgan. p.409 ocus Dub Díberg mac Dúnghaile ocus Eochaid Lemna ocus Fergus Forcraith ocus Conall Gabra. i quart íd iuil sexta hora diei sabbati ro cuiredh in cath-sa .i. cath Chorainn. Is triasna rannaib-se imorro ro cuired in cath. Conall menn cecinit:-

    1. Rom-ba-sa adaig i g-Corann
      ba-sa uacht ba-sa omann:
      manbad dagh-óca lasmbá
      i Corann mac n-Dúnchadá
    2. Dia tí Loingsech do'n Bhanna
      cona tríochait cét imme:
      giallfaidh cid lebar a biach
      Cellach liath Locha Cimme
    3. Tescaid Cellach ceirtle cruinn
      cró trí rinne
      Bodb moslinge
      la ríg láim-derg Locha Cimme.
    4. Ba uilg thuilg ón ba uilg thuilg
      matan romba oc Glais Chuilg:
      beo-sa Longsech ann do chailg
      airdríg Eirenn imme chuird.

     64b

    Ro-chuaid iar sin Cellach mac Ragallaig in n-aithrige do eclais ocus ro fácaib in dá Dúnchad issin ríge Ba marb i g-ciunn dá bliadain iartain in Cellach.

704
     704.0

    704

     704.1

    Fógartach mac Néill ro gab arís aen-bliadain ríge n-Eirenn .i. uair ro gab arís. Ocus tánic sluag i l-Laignib ocus do-ratsat Laigin cath do .i. cath Chlaenta. Ocus ro máid fair ocus ro cuired derg-ár a muinntire im Bodbchad mac nDiarmata Ruanaid lá féile Mártain.

    Issin bliadain-sin ro faemsat fir Eirenn aen-smacht ocus aen-riagail uile ó Adamnán. Uair fairenn i n-Eirinn ac aentaid re Colum Cille im chéilebrad na Cásc ar cethramain déc ésca Apriel ocus im berrad Símoin druad. Fairenn aile ac seichem Pátraic im chéilebrad na Cásc ar cethramain déc ésca Apriel ar domnach. In tres fairenn imorro ro lensat sligid eturru sin. Co ro buaidredh i n-Eirinn uile trít-sin re reimhes fata ocus co tarat Dia dígla móra for feraib Eirenn trít-sin. Co tánaic Adamnán arna innarbad a h-abdaine Ia ar n- gabáil do féin na riagla rómáinche i senab Chantabric. Uair is seichem Choluim Chille ro búi for tús aice. Béd innisis sin issin Stair Béid. Issin bliadain-sin ba marb Adamnán féin ix. kal. Dec..

705
     705.0

    705

     705.1

    Conghal Cennmagair mac FergusaFánat ua Domnaill mic Aeda mic Ainmirech ro gab ríge n-Eirenn iartain.

707
     707.0

    707

     707.1

    Do-rónad sluaiged issin bliadain tánaiste leis i Connachtaib corro losc ocus corro innrestair co Mág Muirisce. Do-rónad dana mór-sluaiged leis issin tres bliadain do dílárugud Laigen. Ro tinólad iarum sochraite lán-mór Leithe Chuinn lais co ráinic i nn-Úib Faeláin. Ocus ba h-é fa ríg Laigen in tan-sin Faelán. Ocus mar at-chuala-saide in scél-sin .i. Congal do gabáil longpuirt p.410 ina thír is í comairle do-rigne techta do chur dá innsaigid ocus innmus imda leo dá thabairt do Chongal dar cenn sída d' faghbáil uad. Ó 't-chuala imorro Congal .i. techta ríg Laigen chuice ocus a m-beith ar sligid dá innsaigid do-róine- sium innell celcach fair féin ocus for a bráthair ocus for a sluag. Uair is bés do na rígaib cia biadh do niurt sluaig aco foruaisliugud a námat celca ocus airdhe as a clóidet a námait do chumad ocus do chórugud. Uair is cuma leo cid tré niurt cid tré cheilc foruaisligid a námait. Amail do-róine Congal ceilc sunna .i. at-rubairt re maithib a shluaigid fácbáil in longpuirt co tráth éirge arna márach ocus can beith ar chiunn techta Laigen itir issin longpurt. Ocus aithig ocus dáine dodelba do beith ina n-inadaib ocus iat diétaig imme-sium sechnón in longpuirt. Ocus eisium diétaig feisin. Ocus ro chuir gilla a eich féin ar in t-sligid ar chiunn na techta 65 ocus ro ráid risin n-gilla: “deróilig mise amail as mó ro fhétfa. Ocus maslaig. Ocus abair ní mé féin ar imniud ocus ar tróige co tucat Laigin d' éislis sinn ocus co ná dernat ní dinn.” Ocus tánaic in gilla ocus do-rigne amail as-rubairt Congal fris.

    Congal féin imorro mar at-chuala na techta chuice ro gab étach deróil imme ocus ro shuid immesc na n-aithech amail bitis iat a deg-dáine-sium iat. Ocus tucad eirín ceirce chuice ar m-brissiud a coise. Ocus ro búi ac frithgnam mór ac cengal choise ind eirín. Mar at-chonncatar na techta sin .i. deróile shuidigte indríg ocus éitche in t-slóig iss ed ráidset eturru féin: “ní dénaim-ne ní di'n ríg-siu nach dá sluag. Mad ár n-innmus imorro nó ár n-aisceda do thabairt dó ní delb dúinn itir”. Rucait na techta ar n-acallaim Chongail i tech saluch ocus tucad muc ina fionna dóib do biud. Ocus táncatar rempaib arna márach d' innsaigid Laigen ocus Faeláin ocus ro innisetar a scéla. Ocus iss ed ro ráidset nár ba ní Congal ocus a sluag. ocus nár ba ocus nár thabarta bráigde ná tigernus dóib.

    Imthúsa Congail imorro. Ar n-imthecht na techta ro tinóiled a maithe chuice ocus do-rónsat a comairle. Ocus iss í comairle do-rónsat dul fó Laignib ocus a n-dógh ocus a l-loscad ocus a m-marbad. Ocus do-rónsat amlaid-sin .i. ro loiscset ocus ro aircset Mág Laigen uile ocus ro marbsat derg-ár dáine. Acht chena ní ro thócaib in cenn dóib. Uair ní tharat dá úidh itir iat acht is nemhní do-rigne díob. Ar dá fáth ón .i. ar scélaib na techta ocus ar in madmaim do-rat lá féile Mártain reime for Fogartach. p.411 Acht chena is mó ro chreit-sium do na loisctib at-chonnaic féin iná dá techtaib.

    Ro búi tra Congal fri ré leth- bliadna ac dógh ocus ac innriud Laigen amlaid-sin ocus ní tharat Faelán cath ná debaid dóib. Conid aire-sin chairig Congal co mór ríg Laigen. Co nn-ebairt:-

    1. Cid dás ón cid dás in ríg
      nad aig eochu as a tír:
      de ghregaib námat is lán
      Life Laigen la Faelán

    Ocus adubairt dana:-

    1. Céilebair dam a Life
      lór ron-anas-sa it ghnáis:
      álainn berrthán filed fort
      rob slán co folt a Dún Náis
    2. Ro berrad Life Laigen
      la Congal cantais suirisc:
      ba h-inann deimes dirruisc
      dia m-berrtha ocus Mág Muirisc

    Acht chena ro búi aen-laech lán-gharc lán- bheoda di Laignib in tan-sin .i. Cuan Fithise a ainm. Ocus no marbadh sé sochaide di mhuintir Chongail cach lái ocus don-gonadh sochaide ocus ticedh slán ó Leith Chuinn uile cen guin cen forgam ar luaithe a eich. Uair cid mór d'echaib maithe no léigthea fria ní beirtís fuirri.

    Lá n-aen ann tánaic Congal do acallaim Chuain Fithise ocus glenn eturru. Ocus ro ráid Congal fris: “cid fodera duit in ingreim ghaibi dom' shluag”. Iss ed ro ráid Cuan: “is fiarfaigid dar cubus ón sain” ar Cuan. “Uair ra fitir tu conid dúr in n-ingreim gheibi dom' shluag ám”. Iss ed ro ráid Cuan “conid ar in n-ingreim romóir do-gní-siu ar m' atharda-sa atú-sa acat ingreim-siu. Ocus dámad immar mise cách duit ní bud maith do thurus a l-Laignib”. “Is fíor ám sin” ar Congal. “Ocus ní braise duit a rád uair atát do ghníma mar atát t' focail. Cid tám cen charatrad do dénam  65bmeise ocus tusa” ar Congal. “Ocus ro bud charatrad tarbach dot' atharda sin. Acht is amlaid-sin do- génainn caratrad frit dá crechtá-sa in tech-sin frium-sa ar a dá luach”. “Ná h-abair-se sin itir a ” bar Cuan: “do-beirim mo bréithir ná bia in tech-sa ar maithius fó nech do Leith Chuinn ac ingreim Laigen ocus meise im bethaid”. “Ar do chubus diu frit a Chuain” ar Congal “Can a chinél ind eich-sin. Ocus can as a fuair sí in róluas út fil innti”. “Dar mo chubus ón” ar Cuan “is láir nach rómaith im chaistial-sa féin fos-ruc í. Ocus is ann ro h-ailed ocus ro lesaiged im ferann-sa.”

    Ro scarsat fói-sin .i. in ocus Cuan. Ocus ro ghairm in a deg-marcaig féin chuice ocus ro ráid friu: “lenaid Cuan indiu” ar sé “co dorus a chaisteoill féin ocus ní bia docair diu dáib” ar sé “breith p.412 ar ind ech ucut cona marcach itir a h-ingeilt ocus na h-eich itir ro h-ailedh í”. Ocus do-rignset marc-sluag Congail amail ad-rubairt friu ocus do lensat Cuan co ráncatar bail i m-bíodh in t-ech for ingeilt cach lái ocus bail i r-rucad í. Ocus ní raibe ech bud luaithe conice-sin andás. Ocus ro ba mór in fothram ocus in talamchumscugud ro búi oc echaib Leithe Chuinn ina degaid. Ocus ro búi a sliocht i clochaib ocus i talmain re ré cian re drecma na h-érma co raibe spunc áiblech teined in t-aer dar a n-éise. Cid tra acht rucad ar Chuan Fithise ann sin. Ocus ní ro damad fíor do feraib dó. Acht do-rónad guin galann de ocus ro marbad ocus ro díchennad ocus do-rónad a iolach commáidme. Ocus táncatar tar a n-ais co m-buaid ocus coscur ocus cenn Cuain leo ocus a ech conice longport in ríg Congaile. Ocus ro fersat in t-sluaig uile gáir commáidme im chenn Cuain Fhithise. Unde Congal cecinit:-

    1. Airpéite na hóca-sa
      iar n-innriud ind Lifi-se
      álainn fogar ina caithise
      im chenn Chuain Fhithise

    Imthúsa imorro Laigen. Ro thinóilset itir laechu ocus chléirig in n-én-inad. Ocus nír ba maith a menma ar milliud a tíre ocus ar marbad Chuain. Ocus ro bátar cá rád nár bud urusa dóib cath do thabairt do Chongal ar a chruas féin ocus ar imat a sluag. Ocus iss ed ro ráidset co tibérthai sáire a chloinne ocus a chiniuil ó rígaib Laigen co bráth do'n mhílid no muirbfedh Congal ocus co tibérthai nem ó na cléirchib do.

    Ro gab imorro mílid do Laignib dar cenn nime ó na cléirchib do ocus sáire dá chinél ó na rígaib tuidecht co longport Congaile do marbad Chongail. Ocus is amlaid tánaic ocus dá gái dímóra ina láim mar bud dá reic no biadh. Ind uair iarum do-riacht tiugh in t-sluaig do fiarfaig fer díob de: “A ócláig” ar sé “inn áil duit ga díob-sin do reic”. “Is áil” ar sé “amail mesfus ind cechtar de”. Táncatar rempa dar na buidne ocus dar na dóirseoireda conice bail i m-búi in ocus tuc in mílid buille do ghái dímór díob ina ucht do'n ríg. Ocus ba dímáin ón. Uair do búi d' amainse ind ríg co raibe clár cruaid-iubair comlethan 66 re a ucht co ro ben re a smeich ocus is annsaide do-rála in gái ocus a inar sróill dar in clár. Ocus iss ed ro ráid in mílid Laignech ac tabairt in buille issin ríg: “A rí” ar sé “mes dam in gái-se”. Iss ed ro ráid in ar tabairt in fhorgaim inn: “Fég lat” ar sé “in ferr é antás in clár fuil etrom ocus é”.

    Ro éirgetar imorro cúlchométaide ind ríg do marbad in míled. Co nn-debairt in : “suidid ná marbaid etir é”. acht ro fiarfaig p.413 de: “cá lóg” ar sé “ra gellsat Laigin duit ar thuidecht dom marbad-sa. Ro gellsat imorro a chléirich nem dam ocus ro gellsat a ríg sáire dom chinél co bráth”. “Bia-su” ar in rí “acom chúlchoimét-sa ocus bad éicin do Laignib na comada-sin do thabairt duit-siu”.

    Ocus is ann do-rála in ind uair-sin fó bun darach ocus snechta mór ann ocus mes abaidh fuirri ind am-sin. Ocus ar m- beith do'n laech Laignech ar in láthair ro gab format drong do na míledaib immón fedhmannus do-ratad dó. Co nnd- ebairt fer do mhuintir Chongail: “is ferr dam” ar sé “a dherbad in chúlchoimétaide tairise út ac ríg Eirenn. Diubraicfet ind aball-sa ar amus chinn ind ríg ocus dá tecmad in t-aball i cenn ind ríg seochu ní luga no tecmad cloch nó crann ina chenn.” Ro diubraic iarum ar amus chinn ind ríg ind aball. Ro fritháil imorro in cúlchoimétaide Laignech sin co ro roinn in n-aball ar dó do chlaidium co tarat buille do'n fhiur do diubraic ina chenn co ro marb. Ro impád in dá tig iar m-buaid choscair ocus iar n-dígail a senathar for Laignib.

710
     710.0

    710

     710.1

    Marb Congal iarum i ciunn secht m-bliadan do thámh. et cetera. Finit.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Egerton Annals: Mionannala

Author: unknown

Editor: Standish Hayes O'Grady

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Donnchadh Ó Corráin

Funded by: University College, Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Responsibility statement

Proof corrections by: Donnchadh Ó Corráin

Extent: 11815 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1996

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G100027

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Availability: The hard-copy text from which the electronic edition is made belongs in the public domain.

Source description

Manuscript source

  • London, British Library, Egerton 1782, folios 56–64, vellum, A. D. 1517 (see Robin Flower, Catalogue of Irish manuscripts in the British Library [formerly British Museum], ii (London 1926, repr. Dublin 1992) 258–98:283–85, section 42).

Edition

  • Standish Hayes O'Grady, Silva Gadelica, vol. 1 (London 1892, repr. Dublin: Stationery Office n.d., repr. New York: Lemma Publishing Corporation 1970) 390–413. This is the first and only edition.

Translation

  • under the title Fragmentary Annals, in Standish Hayes O'Grady, Silva Gadelica. vol. 2 (London 1892, repr. New York: Lemma Publishing Corporation 1970) 424–49.

Sources, comment on the text, and secondary literature

  1. Suibne Menn: cf. John O'Donovan (ed), Annals of Ireland: Three fragments (Dublin 1860) 18.
  2. Fiachna and Mongán, cf. Kuno Meyer (ed), The voyage of Bran i (London 1895) 42–90.
  3. Rogellach, cf. Keating, Forus feasa iii (London 1908) 130.
  4. Battle of Carn Conaill and tales about Guaire, cf. Whitley Stokes (ed), The battle of Carn Conaill, Zeitschrift für celtische Philologie 3 (1901) 203–19.
  5. Fínnechta and the Bórama, O'Donovan, op. cit. 70 and Whitley Stokes, The birth and life of Mo Ling, Revue Celtique 27 (1906) 257–312: 290–98.
  6. Vision of shields. O'Donovan, op. cit. 98.
  7. Írgalach and Adomnán, O'Donovan, op. cit. 100.
  8. Cellach and the battle of Corand, O'Donovan, op. cit. 104.
  9. Congal Cennmagair, O'Donovan, op. cit. 32 (passing reference). As Flower points out (ibid.) the annals of which the text edited by O'Donovan (re-edited J. A. Radner, Fragmentary Annals of Ireland (Dublin 1978)) is an extract and the Annals in Egerton 1782 are closely related and may derive, in part at least from the lost Annals of Clonenagh. There is another version of the story of Guaire and the widow (part of the entry for 649) in London, British Libary, Harleian 5280, 25b and in Dublin, Trinity College Library, H. 3. 18, p. 48b). The first (with variant readings from the second) is edited by Kuno Meyer, Neue Mitteilungen aus irischen Handschriften, in Whitley Stokes and Kuno Meyer (ed), Archiv fúr celtische Lexikographie iii (Halle a. S. 1907) 1–2.

The edition used in the digital edition

‘Mionannala sunna: mar atá ó ríge do ghabáil do Shuibne Mhenn anuas go dtí bás Conghaile Chinn Mhagair .i. ó aois Chríost sé céd a cúig dég gusin m-bliadain secht gcéd a deich’ (1892). In: Silva Gadelica‍. Ed. by Standish Hayes O’Grady. London: Williams & Norgate, pp. 390–413.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G100027,
  editor 	 = {Standish Hayes O'Grady},
  title 	 = {Mionannala sunna: mar atá ó ríge do ghabáil do Shuibne Mhenn anuas go dtí bás Conghaile Chinn Mhagair .i. ó aois Chríost sé céd a cúig dég gusin m-bliadain secht gcéd a deich},
  booktitle 	 = {Silva Gadelica},
  editor 	 = {Standish Hayes O'Grady},
  address 	 = {London},
  publisher 	 = {Williams \& Norgate},
  date 	 = {1892},
  pages 	 = {390–413}
}

 G100027.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All editorial introduction, translation, and commentary have been omitted. Otherwise, the electronic text represents the hard-copy edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been thoroughly checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The editor presents his text with manuscript punctuation and capitalisation: these have been regularised in accordance with modern scholarly conventions. Words and names have been segmented in accordance with CELT practice.

Quotation: There are no quotation marks in the printed edition. In the electronic edition, direct speech has been tagged q.

Hyphenation: Soft hyphens have been removed and have not been marked. Hyphenation marks the segmentation of words in accordance with CELT practice.

Segmentation: div0= the whole volume. div1= the annal; div2= the individual entry in a given annal. Each annal is given a unique identity number with the corpus of Irish annals. Passages in verse are marked as embedded text and metrical lines are marked.

Interpretation: Names of persons (given names), groups, and places are tagged. Roles (bard, bishop, bodyguard, coarb, druid, foster-father, foster-mother, historian, jester, king, poet, porter, prophet, sage, saint, scholar, steward, student, swineherd), institutions (abbacy, assembly), social events (cannibalism, mortality, plague,), military equipment (armour, castle, fortress), cultural artifacts (poetry, satire) are tagged.

Reference declaration

A canonical reference to a location in this text should be made using “Annal”, eg Annal 615.

Profile description

Creation: By unknown Irish monastic scholars. 1000–1150

Language usage

  • The text is in Middle Irish apart from 24 words in Latin. (ga)
  • 24 words in Latin, most are textual or chronological technical terms. (la)

Keywords: histor; prose; annals; medieval

Revision description

(Most recent first)

  1. 2010-04-01: Header updated; new wordcount made; file reparsed. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-09-27: Keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  4. 2005-08-04T15:26:24+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  5. 1997-09-15: Header modified; file parsed using SGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  6. 1997-08-27: Header re-structured; text parsed using SGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1996-04-04: Whole text and header re-parsed using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
  8. 1996-04-03: Header added. (ed. Donnchadh Ó Corráin)
  9. 1996-04-03: Text parsed using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
  10. 1996-03-01: In-depth mark-up extended and verified. (ed. Donnchadh Ó Corráin)
  11. 1995-08-17: Second proofing; in-depth tagging added. (ed. Tiarnán Ó Corráin)
  12. 1995-03-07: Structural mark-up and tagging verifed. (ed. Donnchadh Ó Corráin)
  13. 1995-03-07: Text proofed and structural mark-up added. (ed. Donnchadh Ó Corráin)
  14. 1991-12-01: Text captured by keyboarding. (data capture Donnchadh Ó Corráin)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G100027.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top