CELT document G100054

Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II)

Geoffrey Keating

Edited by David Comyn and Patrick S. Dinneen

Foras Feasa ar Éirinn

 p.2

0. An Díonbhrollach. Ón úghdar gus an léaghthóir.

1. I.

Cibé duine 'san mbioth chuireas roimhe Seanchus nó Sinnseardhacht críche ar bioth do leanmhain nó do lorgaireacht, is eadh dhligheas cinneadh ar an slíghe is soiléire nochtas fírinne stáide na críche, agus dáil na foirne áitigheas í, do chur go soléir síos: agus do bhrígh gur ghabhas rém' ais Foras Feasa ar Éirinn d'fhaisnéis, do mheasas ar dtús cuid d'á leathtrom agus d'á heugcómlann d'eugnach; agus go háirithe an t-eugcomhthrom atá ag a dhéanamh ar a háitigtheoiribh, mar atáid na Sean-Ghaill atá 'na seilbh tuilleadh agus ceithre chéad bliadhan ó ghabháltas Gall i leith, mar aon re Gaedhealaibh atá 'na seilbh (beagnach), re trí mhíle bliadhan. Óir ní fhuil stáraidhe ó shoin i leith d'á scríobhann uirre nach ag iarraidh lochta agus toibhéime do thabhairt do Shean-Ghallaibh agus do Ghaedealaibh bhíd.

Bíodh a fhiadhnaise sin ar an dteist do-bheir Cambrens,  p.4 Spenser, Stanihurst, Hanmer, Camden, Barclaí, Morison, Davis, Campion, agus gach Nua-Ghall eile d'á scríobhann uirre ó shoin amach, ionnus gur b'é nós, beagnach, an phroimpiolláin do-ghníd, ag scríobhadh ar Éireannchaibh. Is eadh, iomorro, is nós do'n phroimpiollán, an tan thógbhas a cheann i san samhradh, bheith ar foluamhain ag imtheacht, agus gan cromadh ar mhion-scoith d'á mbí 'san machaire, nó ar bhláth d'á mbí i lubhghort, gémadh rós nó líle uile iad, acht bheith ar fuaidreadh go dteagmhann bualtrach bó nó otrach capaill ris, go dtéid d'á unfairt féin ionnta. Mar sin do'n droing thuas; ní cromadh ar shubhailcibh nó ar shoibheusaibh na n-uasal do Shean-Ghallaibh agus do Ghaedhealaibh do bhí ag áitiughadh Éireann re n-a linn do rinneadar, mar atá scríobhadh ar a gcródhacht agus ar a gcrábhadh, ar ar' thógbhadar do mhainistreachaibh, agus ar a dtugadar d'fhearann agus d'fhódaibh re haltóir dhóibh; ar ar' bhronnadar do thearmannaibh d'ollamhnaibh Éireann agus ar gach cádhas d'á dtugsad do phearsannaibh agus do phreuláidibh eaglaise: ar gach comhall síotha d'á dtugdaois d'á n-ollamhnaibh, agus ar gach cothughadh d'á n-ollamhnaib, agus ar gach cothughadh d'á dtugdaois do bhochtaibh agus do dhílleachtaibh; ar gach bronntanas d'a dtugdaois d'éigsíbh agus do lucht iarratais, agus ar mhéid a n-einigh d'aoidheadhaibh, ionnus nach féadtar go fírinneach a rádh go raibhe lucht a s ruighthe i bhféile nó i n-eineach 'san Eoraip riamh do réir a gcumais féin i gcomhaimsir dhóibh. Bíodh a fhiadhnaise sin ar gach gairm scoile d'á dtugadar uatha (nós ná'r chlos ag aon droing eile 'san Eoraip), ionnus go raibhe an oiread soin d'éigean féile agus einigh i Sean-Ghallaibh agus i n-Gaedhealaibh Éireann ná'r lór leo nídh do thabhairt do gach aon d'á dtiocfadh d'iarraidh neith orra,  p.6 gan cuireadh coitcheann do thabhairt dóibh d'á dtoghairm re bronnadh seod agus maoine dhóibh. Gidheadh, ní haoin-nídh dhíobh so lorgairthear le croinicibh Nua-Ghall na haimsire seo, acht is eadh do-ghníd cromadh ar bheusaibh fodhaoine agus cailleach mbeag n-uiríseal, ar dtabhairt maith-ghníomh na n-uasal i ndearmad: agus an méid bheanas ris na Sean-Ghaedhealaibh do bhí ag áitiughadh an oiléin seo ria ngabháltas na Sean-Ghall, feuchtar an raibhe dream 'san Eoraip budh chródha ioná iad, re cathughadh re Rómhánchaibh fá iomchosnamh na Rómhánchaibh h-Alban: óir tugsad fo-deara ar Bhreatainibh cloidhe do dhéanamh idir Bhreatain agus Albain, do chaomhnadh na Breatan ar iomruagadh na n-Gaedheal; agus tar cheann go mbídís dá mhíle deug agus dá fhichid míle do shluagh Rómhánach, agus dá chéad ar marcuigheacht ag cornamh an chloidhe, agus trí mhíle fichead mar aon riu coislighthe, agus trí chéad deug marcach ag cosnamh crioslaigh agus cuan na críche (ar fhoirneart na Scot agus na b-Pict); thairis sin do lingdís Gaedhil tar an gcloidhe, agus do hairgthí an chríoch leó d'aimhdheoin na mór-shluagh soin, do réir Samuel Daniel 'na chroinic. Adeir fór Cormac mac Chuileann in i n-a Shaltair go dtáinig d'fhoirneart Gaedheal agus Cruithneach, ré' ráidhtear Picti, ar Bhreatain, go ndearnadar Breathnaigh feall trí huaire ar uachtar naibh na Rómhánach do bhí ós a gcionn, mar cheannach ar bheith do shíoth re Gaedhealaibh agus re Cruithneachaibh. Tuig fós an cumhgach i n-ar chuirsead Gaedhil Breathnaigh re linn Vortigern do bheith 'na rígh orra, d'á dtáinig é do thabhairt buannachta do Hengist go n-a shluagh Gearmáineach, amhail léaghtar ag  p.8 Monomotensis. Léaghtar ag Samuel Daniel go rabhadar ceithre dún-phoirt deug ag Rómhánchaibh re hucht na Scot agus na bPict, agus go rabhadar na Scuit agus na Pict ag combuaidhreadh na Breatan, d'aimhdheoin na Rómhánach ó aimsir Juil Caesair go haimsir an treas Valentinian Impir, frí ré cúig céad bliadhan; agus is eadh fá haois do'n Tighearna an tan do thréigsead Rómhánaigh ceannas na Breatan seacht mbliadhna ceathrachad ar cheithre chéad, agus is do'n leith istigh do'n aimsir sin do fhás easaonta idir Teodosius agus Maximus, go dtáinig de sin go rug Maximus foireann mhór do lucht na Breataine leis go h-Armorica na Fraince, ré' ráidhtear an Bhreatain bheag, agus iar ndíbirt na foirne do bhí rompa 'san tir tug ar an bhfoirinn do chuaidh leis an chríoch d'áitiughadh, go bhfuil drong d'á sliocht indiu innte.

2. II.

Atáid cuid do na sean-úghdaraibh chuireas neithe breugacha i leith na n-Éireannach; mar adeir Strabo, 'san g-ceathramhadh leabhar, gurab lucht feola daoine d'ithe na h-Éireannaigh. Mo fhreagradh ar Strabo, gurab breug dó a rádh gurab lucht feola daoine d'ithe na h-Éireannaigh; óir ní léaghtar i san Seanchus go raibhe neach i n-Éirinn riamh ler' cleachtadh feoil daoine d'ithe, acht Eithne Úathach inghean Chriomhthainn mic Eanna ChinnsiolaighLaighean, do bhí ar daltachas ag Déisibh Múmhan: agus do hoileadh riu ar fheoil naoidhean í, i ndóigh go mbadh luathaide do bhiadh ionnuachair é. Óir do tairrngireadh dhóibh féin fearann d'fhaghbháil ó'n bhfear le mbiadh sí pósda; agus is le  p.10 h-Aonghus mac Nadfraoich rí Múmhan do pósadh í, amhail adéaram d'á éir so i gcorp na stáire. Tuig, a léaghthóir, mar nach sochtaid na seanchadha an nídh déistineach so, do budh masla d'inghin rígh Laighean agus do mhnaoi rígh Múmhan, nach ceilfidísgan a nochtadh ar dhaoinibh budh lúgha ioná iad sin é, dá madh nós [do bhiadh] ar aithidhe i n-Éirinn é: mar sin gurab breugach do Strabo a rádh gurab nós d'Éireannchaibh feoil daoine d'ithe, agus nach déarnadh riamh an nós so aca acht leis an inghin reamhráidhte, agus sin féin re linn na págántachta. Mo fhreagradh fós ar San Ieróm, luaidheas an nídh ceudna so, ag scríobhadh i n-aghaidh Iobhinian, go bhfeudfadh ainteastach breug do reic ris, agus mar sin ná'r dhligh sí dul í bhfiachaibh ar Éireannchaibh.

Adeir Solinus, 'san aonmhadh caibidil fichead nach fuilid beich i n-Éirinn; agus adeir gurab do dhéis chlaidhimh fromhthar an chéid-mhír le gein mic i n-Éirinn. Adeir fós go ndéin an t-Éireannach a dhealbh d'ionnlat a fuil a námhad an tan marbhthar leis é. Is follus as an seanchus bhias i san stáir gach nídh dhíobh so do bheith breugach. Adeir Pomponius Mela i san treas leabhar ag labhairt ar Éireannchaibh na briathra so: ‘drong ainbhfiosach i sna huile subhailcibh {Omnium virtutum ignari}’ (): agus mar sin do mhórán do shean-úghdaraibh eile coigcríche do scríobh go meardhána mítheasta ar Éirinn, ar bhréig-sgeulaibh ainteastach d'á ná'r chóir creideamhain 'na shamhail so do nídh: agus is uime sin adeir Camden, ag cur teastais na muinntire seo síos ar Éirinn, na briathra so: ‘Ní fhuil, (ar sé), fiadhnaise inchreidte ar  p.12 na neithibh seo againn. {Horum quae commemoramus, dignos fide testes non habemus.}’ () Is follus gurab breug a rádh nach rabhadar beich i n-Éirinn, do réir an Chamden cheudna, mar a n-abair ag labhairt ar Éirinn: ‘Atá an oiread soin do bheachaibh innte, nach eadh amháin i mbeachlannaibh nó i gcorcógaibh, acht i gceapaibh crann agus i gcuasaibh talmhan dogheibhthear iad. {Apum est tanta multitudo, ut non solum in alveariis sed etiam in arborum truncis et terrae cavernis reperiantur.}’ ()

3. III.

Cuirfeam síos ann so beagán do bhreugaibh na Nua-Ghall do scríobh ar Éirinn ar lorg Chambrens; agus doghéan tosach ar bhreugnughadh Chambrens féin, mar a n-abair go raibhe cíoscháin ag an rígh Artúr ar Éirinn, agus gurab é am fa'r cheangail an cíos orra i g-Cathair Leon, an tan fá haois do'n Tighearna cúig céad agus naoidheug, mar chuireas Campion 'na chroinic i san dara caibidil do'n dara leabhar, mar a n-abair gurab é Giolla Már fá rí Éireann an tan soin. Gidheadh tar cheann go luaidheann Policronicon agus Monomotensis agus drong eile do Nua-Ghallaibh an Giolla Már so do bheith 'na rígh Éireann a shlán fá aon d'á lorgairidhibh go bhfuil laoidh nó litir a seanchus Éireann i n-a bhfuil luadh nó iomrádh ar Ghiolla Már do bheith 'na rígh Éireann riamh: acht munab do Mhuircheartach mór mac Earca fá rí Éireann agus fá fear comhaimsire do rígh Artúr ghairmid é; agus níor bh'fhéidir Muircheartach do bheith fá chíoscháin ag an rígh Artúr, do bhrígh go raibhe sé féin treun i n-Éirinn agus i n- Albain, agus gurab é do chuir a sheisear dearbhráthar i n- Albain, agus gur fear dhíobh fá  p.14 céid-rí do Chineadh Scoit ar Albain, mar atá Fearghus Mór mac Earca, agus fós gurab le Scotaibh agus le Pictibh do thuit Rí Artúr féin. An Fearghus so adubhart do b'é céid-rí Alban do Scotaibh é: óir tar cheann go n-áirmheann Hector Boetius i stáir na h-Alban naoi ríogha dheug agus fiche do bheith ar Albain roimhe an bh-Fearghus so, maiseadh ní raibhe aoin-rí de Chineadh Scoit do réir an tseanchusa ar Albain roimhe: agus mar a n-abair gurab é Fearghus mac FearchairÉireann fá céid rí do Chineadh Scoit ar Albain, ní fíor dó sin, óir 'ní raibhe aoin-rí ar Éirinn riamh d'ar bh'ainm Fearchar, agus mar sin ní raibhe Fearghus mac Fearchair 'na rígh Alban, amhail adeir Hector Boetius: agus má do bhí gur thoil le Muircheartach mór a dhearbhráthair Fearghus mac Earca do bheith 'na rígh Alban, maiseadh, is é ainm gairthear do Mhuircheartach féin i n-annálaibh Éireann “Rex Scotorum”, d'á chur i gcéill go raibhe árdchor aige ar na Scotaibh i n-Éirinn agus i n-Albain; agus ní hinmheasta an tí do bhí i sna cúmhachtaibh seo do bheith fá chíoscháin ag an rígh Artúr. Agus fós adeir Spíd 'na chroinic nach cíoscháin do bhí ag an rígh Artúr ar rígh Éireann acht comhar cáirdeasa cogaidh, ionnus cibé haca ar a mbiadh leathtrom námhad, go raibhe d'fhiachaibh ar an dara fear congnamh sluagh do thabhairt do'n tí díobh ar a mbiadh leathtrom: agus is é ainm ghaireas Spíd do'n chongnamh so ‘dligheadh cáirdeasa cogaidh, {Jus belli socialis}’ () amhail atá idir rí na Spáinne agus an t-Impir: óir cuiridh gach aon díobh congnamh re linn a riachtanais gus an tí eile, agus ní hiontuigthe as sin go bhfuil cíoscháin ag rígh na Spáinne ar an Impir, nó ag an Impir ar rígh na Spáinne. Mar an gceudna, má tharla  p.16 comhmbáidh cogaidh idir an rí Artúr agus Muircheartach mac Earca rí Éireann ionnus go gcleachtaoi leó a chéile d'fhortacht re linn leathtroim do bheith ar cheachtar díobh, ní hiontuighte as sin cíoscháin do bheith ag ceachtar díobh ar a chéile. Is móide is iontuigthe fírinne an neith seo an nídh adeir Nubrigiensis i san seiseadh caibidil fichead do'n dara leabhar d'á stáir, mar a labhrann ar Éirinn: ‘níor luidh Éire riamh fá chumhachtaibh coigcríche. {Hibernia nunquam subiacuit externae ditoni.}’ () Tig fós Cambrens féin leis an nídh seo, i san seiseadh caibidil fichead, mar a n-abair: ‘do bhí Éire saor ó thús ó iomruagadh an uile chinidh coigcríche. {Hibernia ab initio ab omni alienarum gentium incursu libera permansit.}’ () Ar na briathraibh seo is follus nach raibhe árdchor ag Artúr, nó ag árdfhlaith eile coigcríche ó thús riamh ar Éirinn go gabháltas Gall: agus fós ní hinmheasta go raibhe cor ag Breatainibh ar Éirinn, mar nach fuaradar Rómhánaigh ionnta féin lámh do chur innte, agus ní headh amháin gan cor do bheith ag Rómhánchaibh nó ag eachtrannaibh eile uirre, acht is í Éire fá cúl dídin do na críochaibh eile re n-a gcaomhnadh ar fhoirneart [na] Rómhánach agus eachtrann [eile].

Ag so mar thig Camden leis so 'san leabhar d'á ngairthear Britannia Camden i, mar a n-abair; ‘Ar mbeith do Rómhánchaibh ag foir-leathnughadh a bhflaithis, tangadar gan amhras an iomad ó'n Spáinn, ó'n bh-Frainc, agus ó'n m-Breatain annso (ag labhairt ar Éirinn), do réidheachadh a muineul féin ó chuing ró-urchóidigh na Rómhánach. {Cum suum Romani imperium undique propagassent, multi, procul dubio, ex Hispania, Gallia, et Britannia hic se receperunt, ut iniquuissimo Romanorum iugo, colla subducerunt.}’ () As so is iontuigthe nach eadh amháin gan Rómhánaigh do theacht i n-Éirinn, acht fós gurab innte do cumhduighthí lucht na  p.18 gcríoch eile ó Rómhánchaibh. Ag so fós mar adeir an Camden ceudna, ag breugnughadh na droinge adeir, do réir baramhla, go raibhe cor ag Rómhánchaibh ar Éirinn:— ‘Is ar éigin do chreidfinn i'm intinn go raibhe Éire riamh fá chumhacht na Rómhánach. {Ego animum vix inducere possum ut hanc regionem in Romanorum potestatem ullo tempore concessione credam.}’ ()

Adeir Cambrens i san naomhadh caibidil, go dtugdaois na fir i n-Éirinn na mná do bhíodh pósta ag a ndearbhráithribh i ndiaidh báis na ndearbhráithreadh soin: agus adeir nach díoltaoi an deachmhaidh i n-Éirinn, agus nach bíodh cion ar phósadh innte, go teacht an cháirdionáil Johannes Papiron; gidheadh, ní fíor dhó so, amhail chruthócham i gcorp na stáire, agus mar bhus follus as an díonbhrollach so féin go grod i n-ár ndiaidh. Adeir i san seachtmhadh caibidil, mar a dtráchtann ar iongantaibh na h-Éireann go bhfuil tobar 'san Múmhain, do-ghní duine liath do láthair an tan fhoilceas a fholt nó a fhionnfadh as, agus, mar an gceudna, go bhfuil tobar i n-Ultaibh do-ghní toirmeasg na léithe. Gidheadh, ní fhuilid samhail na dtobar so i n-Éirinn anois, agus ní shaoilim go raibhe i n-aimsir Chambrens, acht na hiongantais seo do chur síos mar dhathughadh ar a bhreugaibh.

Adeir Cambrens i san dara caibidil fichead, an tan bhíd daoine uaisle i n-Éirinn ag tabhairt daingin d'á chéile, do láthair easpoig, go bpógaid an tráth soin taise naoimh, agus go n-íbhid fuil a chéile, agus ann sin go mbíd ullamh re déanamh feille ar a chéile. Mo fhreagradh air ann so, nach fuil laoidh ná litir, seanchuis náid sein-scríbhne iris náid annálaigh ag teacht leis ar an mbréig seo: agus fós is follus go raibhe d'fhiachaibh ar na seanchadhaibh gan a shamhail seo do dhroch-nós do cheilt, agus fós a chur i gcairt  p.20 i bpéin a n-ollamhantachta do chaill, dá mbíodh sé ar gnáthughadh i n-Éirinn. Uime sin is follus gur breug do rinne Cambrens ann so. Adeir Cambrens, i san deachmhadh caibidil, gurab cineadh neimhfhial Gaedhil; ag so mar adeir: ‘Cineadh, iomorro, neimhfhial an cineadh so, (arsé) {Est autem gens haec, gens inhospita.}’ () Gidheadh, ní beag liom Stanihurst i n-a stáir ag freagradh dhó i san nídh seo, ag labhairt ar eineach na n-Éireannach; ag so mar adeir: ‘Go deimhin (ar sé), is daoine róifhiala iad, agus ní fhuil céim is mó i n-a b'fhéidir leat a mbuidheachas do thuilleamh ioná d'aithidhe do dhéanamh dod' dheoin agus dod' thoil d'á dtighthibh. {Sunt sane homines hospitalissimi, neque illis ulla in re magis gratificari potes, quam vel sponte ac voluntate eorum domos frequentare.}’ () As so is iontuigthe gurab daoine fiala fír-einigh fá bhiadh iad, gan cead do Chambrens. Adeir Cambrens mar a scríobhann ar Éirinn, gurab í bean rígh Mídhe do chuaidh ar eulódh le Diarmuid na n-Gall; gidheadh ní fíor dhó sin, acht fá hí bean Thighearnáin Uí Ruairc rí Breithfne í, agus fá hí inghean Mhurchadha mic Fhloinn mic Mhaoilseachlainn rí Mídhe í, agus Dearbhfhorgaill fá hainm di. Adeir fós gurab a Sliabh Bládhma fhásas Siuir agus Feoir agus Bearbha, gidheadh ní fíor dhó sin; óir is follus gurab a heudan Shléibhe Bládhma do'n leith thoir fhásas an Bhearbha, agus gurab a heudan Shléibhe Aildiuin ris a ráidhtear Sliabh an Bhearnáin i n-Uibh-Cairin fhásas Siuir agus Feoir.

Adeir arís i san gcúigeadh caibidil fichead do'n leabhar tuarasgbhála tug ar Éirinn, gurab amhlaidh do-ghníthí rí  p.22 Chinéil g-Conaill, eadhon Ua Domhnaill, cruinniughadh do chur ar lucht a thíre ar chnoc árd i n-a dhúthaigh, láir bhán do mharbhadh, a cur d'á bruith i gcoire mhór ar lár an mhachaire, agus iar n-a bruith, a bheith ag ól a hanbhruith amhail ghadhar nó choin le n-a bheul, agus bheith ag ithe na feola as a lámhaibh gan sgín gan arm d'á gearradh aige, agus go roinneadh an chuid eile do'n fheoil ar an gcomhdháil, agus go bhfothruigeadh é féin as an anbhruith. Is follus gur breugach an nídh seo adeir Cambrens, do réir seanchusa na h-Éireann; óir is amhlaidh fhoillsigheas gurab amhlaidh do gairthí Ua Domhnaill, i maille re suidhe dhó i measg uasal agus oireachta a chríche féin, agus taoiseach d'uaislibh a chríche féin do sheasamh i n-a fhiadhnaise, go slait ndírigh mb in i n-a láimh, agus an tan do dháileadh do rígh Chinéil g-Conaill í, is eadh adeireadh ris, ceannas a chríche féin do ghabháil, ceart agus comhthrom do chongbháil idir gach dá roinn d'á dhúthaigh; agus gurab uime do horduigheadh an tslat do bheith díreach bán, d'á chur i gcuimhne dhó, gurab eadh do dhlighfeadh bheith díreach i n-a bhreitheamhas, agus glan ionnraic i n-a ghníomhaibh. Is iongnadh liom Cambrens do luadh na bréige seo, agus measaim gurab le meabhail do chuir síos i n-a chroinic í. Óir is follus gur dhaoine cráibhtheacha caondúthrachtacha iad ó aimsir go haimsir, agus gur thréigeadar mórán díobh an saoghal, agus gur chríochnuighsead a mbeathaidh go rathmhar riaghalta, agus fós go dtáinig iomad do naomhaibh díobh, mar atá Columcille, Baoithín, agus Adhamnán, agus móran eile [do naomhaibh nach luaidhfeam ann so]. Ní hinchreidthe fós go dtiubhradaois uaisle Éireann fulang do rígh Chinéil g-Conaill an nós barbardha úd luaidheas Cambrens do bheith ar aithidhe aige;  p.24 agus an Creideamh Catoileaca ar marthain aca, ó aimsir Phádraig go gabháltas Gall: agus d'á réir sin, measaim gurab breug mheabhlach gan barántas do rinne Cambrens is ann so.

4. IV.

Adeir Spenser i n-a chroinic go raibhe cor ag Egfrid, rí Nortumbrorum, ar Éirinn, agus ag Eadgar rí na Breatan, amhail léaghtar 'san treas leathanach deug ar fhichid d'á stáir: gidheadh ní fíor dhó so, do bhrígh go bhfuil seanchus Éireann 'n-a aghaidh sin, agus fós atáid úghdair na Breatan féin ag a admháil ná'r fhágbhadar na Sacsanaigh sein-scríbhne ná seod-chomharthaidhe aca re' mbiadh fios dála na haimsire táinig rés na Sacsanchaibh aca. Óir adeir Gildas, sean-úghdar Breathnach, gur múchadh le Rómhánchaibh agus leis na Sacsanchaibh “monumenta” nó seod-chomharthaidhe na m-Breathnach, agus d'á réir sin a seanchus. Tig Samuel Daniel leis an úghdar so ar an nídh gceudna, 'san cheud roinn d'á chroinic, agus Rider 'san bhfoclóir Laidne ro scríobh, mar a dtráchtann ar an bhfocal so Britannia, agus fós adeir nach ó Bhrutus adeirthear Britannia re Breatain, agus dámadh eadh go mbadh BrutiaBrutica do gairfidhe dhí; agus do budh cosmhail dá madh ó Bhrutus do gairfidhe í, go luaidhfeadh Jul Caesar, Cornelius Tacitus, Diodorus Siculus, nó Béada, nó sean-úghdar éigin eile créad ó' bhfuil an focal so Britannia; agus mar nachar bh'fheas dóibh créad ó bhfuil ainm a gcríche féin, níor bh'iongnadh iad do bheith i n-ainbhfios i n-iomad do dhálaibh seanda na Breatan, agus mar sin, ní hiongnadh Spenser do bheith aineolach ionnta, mar an gceudna.

Is iongnadh an nídh do ghabh Spenser ré' ais, seanchus do  p.26 leanmhain ar chuid d'uaislibh na h-Éireann, agus a rádh gurab Gaill do réir a mbunadhais iad. Luaidhtear, iomorro, seacht sloinnte d'uaislibh Gaedheal leis, mar atá Mac Mathghamhna, Clann tSuibhne, Clann tSíthigh, Clann Mhic-Conmara, Caomhánaigh, Tuathalaigh, agus Branaigh. Adeir gurab ó Ursula, nó FitzUrsula, sloinneadh áta i Sacsaibh, táinig Mac Mathghamhna, agus gurab ionann “Ursula” agus “Beare,” agus gurab ionann “Beare” agus mucgamhain nó macgamhain, agus d'á réir sin gurab ó'n tigh thall táinig Mac Mathghamhna Uladh. Mo fhreagradh ar an “reusún” so, ná'r chóra Mac Mathghamhna Oirghiall do theacht ó'n tigh thall mar sin, do réir sanasáin an fhocail, ioná Mac Mathghamhna Tuath-Mhúmhan agus Ua Mathghamhna Cairbreach, agus mar nach ó thigh Fitz Ursula nó Beare i Sacsaibh cách, ní headh Mac Mathghamhna Uladh: acht go fírinneach is do shliocht Cholla Dá-chríoch mic Eachach Doimhléin, [mic Fhiachaidh Sraibhtheine] mic Chairbre Lifeachair do shíol Éireamhóin é. An dara cineadh, Clann tSuibhne, adeir gurab ó thigh i Sacsaibh d'á ngairtear “Suyn” tángadar; gidheadh, ní hionann “Suyn” agus Suibhne, agus d'á réir sin ní ó'n tigh thall táinig Mac Suibhne, acht go fírinneach is do Chlannaibh Néill é: óir is ar shliocht Aodha Athláimh mic Fhlaithbheartaigh an trostáin atá Mac Suibhne. Adeir fós gurab do Ghallaibh Clann tSíthigh; gidheadh ní fíor dhó sin, óir is follus gurab do shliocht Cholla Uais iad, agus gurab ó Shítheach mac Eachduinn mic Alasdair mic Dhómhnaill, ó' ráidhtear Clann nDómhnaill Éireann agus Alban, tángadar. Adeir arís gurab do  p.28 Ghallaibh Clann Mhic Conmara, agus gurab ó'n gcineadh do Ghallaibh ré' ráidhtear Mortimer tángadar; gidheadh ní fior sin, óir is ó dhuine d'ár bh'ainm Cúmara ráidhtear Clann Mhic Conmara riu: agus is é is sloinneadh cinnte dhóibh Síol Aodha, agus is ó Chaisin mac Chais, mic Chonaill Eachluaith do shíol Eibhir tángadar, amhail léaghtar i gcraoibhsgaoileadh Dhál g-Cais. Adeir, mar an gceudna, gurab ó'n m-Breatain Móir tángadar na trí sloinnte seo, mar atá Síol m-Brain, Tuathalaigh agus Caomhánaigh; agus ní fírinneach an suidheadh do-bheir ar an nídh seo, mar go n-abair gurab focail Bhriottáinisi na trí focail úd. Ar dtús adeir gurab ionann “brin” agus coillteach: [fágbham gurab ionann “brin” agus coillteach,] gideadh, ní ó'n bhfocal so “brin” adeirthear Branaigh, acht ó ainm óglaoigh d'árbh' ainm Bran Múit. An dara nídh adeir gurab ionann “tol” agus cnocach, [agus gurab uaidh sin adeirthear Tuathalaigh]: [fágbhaim gurab ionann “tol” agus cnocach]; gideadh ní cosmhail ré' raile “tol” agus Tuathalaigh, óir is ó ainm óglaoigh d'árbh' ainm Tuathal atá: uime sin is breugach baramhail Spenser. Adeir arís gurab ionann “caomhán” agus láidir, agus gurab uaidh adeirthear Caomhánaigh. Mo fhreagradh air, gurab ionann caomhán agus neach caomh nó áluinn, agus gurab uime gairthear Caomhánaigh do Chaomhánchaibh ó Dhómhnall Caomhánach, mac Dhiarmuda na n-Gall. Is uime do lean an forainm do Dhómhnall féin, a bheith ar n-a oileamhain i g-Cill Caomh in i n-íochtar Laighean; agus is do Chinnsiolachaibh do réir a sloinnte iad. Gidheadh, is follus do réir fírinne an tseanchusa,  p.30 [gurab do Ghaedhealaibh na trí cineadha soin, agus] gurab do shliocht Fhiachaidh Aiceadha mic Chathaoir mhóirÉireann na trí sloinnte seo, amhail léaghtar i gcraobhsgaoileadh Laighean. Is iongnadh liom cionnus fuair Spenser ann féin lámh do chur i sna neithibh seo do bhí 'na n-ainbhfios air, acht amháin munab ar sgáth bheith 'na fhilidh tug cead cumadóireachta dhó féin; mar fá gnáth leisean agus le n-a shamhail eile, iomad finnsgeul filidheachta do chumadh agus do chórughadh le briathraibh blasda, do bhreugadh an léaghthóra.

5. V.

Adeir Stanihurst gurab í an Mhídhe fá cuid ronna do Shláinghe mac Deala mic Lóich; gidheadh ní fíor dó sin. Óir do réir an Leabhair Gabhála, ní raibhe do Mhídhe ann i n-aimsir Shláinghe acht an aon-tuaith fearainn atá láimh re h-Uisneach, go haimsir Thuathail Theachtmhair: agus mar adeir gurab ó Shláinghe adeirthear baile Shláinghe, agus, d'á réir sin, gurab í an Mhídhe an mhír ronna ráinig ó n-a bhráithribh é, níor chóra a mheas gurab í ráinig mar roinn dó, ioná a mheas gurab í Cúigeadh Laighean ráinig mar roinn chuige, agus gurab uaidh ainmnighthear Innbhear Sláinghe, shnigheas tré lár Laighean go Loch-garman; agus fós gurab uaidh ainmnighthear Dúmha Shláinghe ré' ráidhtear Dionn-ríogh ar bhruach Bearbha, idir Cheatharlach agus Léithghlinn, do'n leith thiar do'n Bhearbha, agus gurab é fá longphort comhnuighthe dhó, agus gurab ann fuair bás.

 p.32

Ní hiongnadh gan fios an neith seo do bheith ag Stanihurst, agus nach faca seanchus Éireann riamh, as a mbiadh fios a dál aige; agus measaim nach mór an lorg do bhí aige orra, mar go bhfuil sé comh ainbhfiosach sin i ndálaibh Éireann go n-abair gurab i san Múmhain atá Ros-mic-Triuin, agus gurab cúigeadh nó “Proibhinnse” an Mhídhe i n-aghaidh Chambrens féin, nach áirmheann an Mhídhe mar chúigeadh, agus i n-aghaidh Leabhair Gabhála Éireann. Mar roinneas Stanihurst Éire, go ndéin leath d'Fhine Gall ar leith, agus an leath eile d'Éirinn ó sin amach idir Gall agus Gaedheal; agus fós mar adeir nachar bh'fiu leis an gcoilíneach is lúgha i bh-Fine Gall cleamhnas do dhéanamh leis an n-Gaedheal budh uaisle i nÉirinn, mar adeir 'na chroinic: ‘An tí is ísle do na coilínibh d'á n-áitigheann i san gcúigeadh Gallda, ní thiubhradh a inghean féin pósda do'n “phrionnsa” is mó d'Éireannchaibh. {Colonorum omnium ultimus qui in Anglica provincia habitat filiam suam vel nobilissimo Hibernorum principi in matrimonium non daret.}’ () Fiafraighim do Stanihurst cia budh honóraighe, budh huaisle, nó budh dísle do choróin na Sacsan, nó cia budh feárr do bharántaibh re cosnamh na h-Éireann do choróin na Sacsan, coilínighe Fhine Gall 'náid na hiarlaidhe uaisle atá i n-Éirinn do Ghallaibh, mar atá iarla Chille-dara, do rinne cleamhnas le Mac Cárrthaigh Riabhach, le h-Ua Néill, agus le droing eile d'uaislibh Gaedheal; iarla Ur-Mhúmhan le h-Ua Briain, le Mac Giolla-Phádraig, [agus le h-Ua Cearbhaill]; iarla Deas-Mhúmhan le Mac Cárrthaigh Mór; agus Iarla Chlainne Riocaird le h-Ua Ruairc. Ní áirmhim “uícoint” 'náid barúin do bhí comh uasal re haon-choilíneach d'á raibhe i  p.34 bh-Fine Gall riamh, ag ar' pósadh a n-ingheana go minic le huaislibh Gaedheal. Is follus fós gur mionca do chuir coróin na Sacsan cúram cosnaimh agus coiméid na h-Éireann ar iocht na n-iarladh do rinne cleamhnas le Gaedhealaibh ioná ar iocht a rabhadar do choilíneachaibh i bh-Fine Gall riamh. Mar sin ní mheasaim créad ar nach doghéanadaois cleamhnas le huaislibh Éireann acht munab do dhímheas ar a bhfoluigheacht féin, ná'r mheasadar gur bh'fhiu iad comh-uaisle Gaedheal do bheith i n-a gcleamhnas.

Measaim ar olcas an teastais do-bheir Stanihurst ar Éireannchaibh, gurab ionchuir ó theist é, do bhrígh gurab d'aon-toisg ar fhuráileamh droinge do bhí fuathmhar d'Éireannchaibh do scríobh go maslaightheach orra; agus saoilim gurab é fuath na n-Éireannach ceud-bhallán do tharraing iar ndul i Sacsaibh ar dtús do dhéanamh léighinn dó, agus go raibhe 'na thoirrcheas bronn aige nó gur sgeith le n-a scríbhinn é, ar dtoidheacht i n-Éirinn dó. Ní beag liom do chomhartha fuatha do bheith aige ar Éireannchaibh, mar dogheibh locht ar choilíneachaibh Fhine Gall tré n'ár dhíbirsiod an Ghaedhealg as an tír an tan do ruaigsiod an fhoireann do bhí ag áitiughadh na tíre rómpa. Adeir fós dá fheabhas do theangaidh an Ghaedhealg, an tí do bhlaisfeadh í, go mblaisfeadh maraon ria doibheusa na droinge d'ar theanga í. Créad is iontuigthe as so, acht go raibhe an oiread soin d'fhuath ag Stanihurst d'Éireannchaibh gurbh' olc leis gurab gabháltas Críost amhail do rinneadar Gaill ar Éirinn  p.36 agus ar Ghaedhealaibh, agus nach gabháltas pagánta. An tí, iomorro, do-ghní gabháltas Críostamhail, is lór leis umhlacht agus dísle d'fhaghbháil ó'n bhfoirinn claoidhtear leis, agus foireann nuadh eile do chur uaidh féin d'áitiughadh na tíre ar a dtéid a neart mar aon re lucht na críche sin. An tí fós do-ghní gabháltas pagánta, is eadh is nós dó, léirscrios do thabhairt ar an bhfoirinn claoidhtear leis, agus foireann uaidh féin do chur d'áitiughadh na críche ghabhas le neart. An tí trá do-ghní gabháltas Críostamhail, ní mhúchann an teanga bhíos roimhe i san gcrích chuireas fá n-a smacht: agus is mar sin do rinne William Concor ar na Sacsaibh. Níor mhúch teanga na Sacsanach, do bhrígh gur fhágaibh foireann na teangadh do choiméad i san gcrích, ionnus go dtáinig de sin an teanga do bheith ar bun ag Sacsanchaibh ó sin i leith. Gidheadh, is gabháltas pagánta do rinne Hengist taoiseach na Sacsanach ar na Breathnachaibh, mar gur scrios sé a hurlár na Breatan iad, agus gur chuir foireann uaidh féin i n-a n-áitibh; agus iar ndíbirt cháich go hiomlán dó, do dhíbir a dteanga leo. Agus an nós ceudna fá mian le Stanihurst do dhéanamh ar Éireannchaibh; óir ní féidir an teanga do dhíbirt, gan an lucht d'ár teanga í do dhíbirt: agus do bhrígh go raibhe mian na teangadh do dhíbirt air, do bhí, mar an gceudna, mian díbeartha na foirne d'ár theanga í air, agus, d'á réir sin, do bhí fuathmhar d'Éireannchaibh; agus mar sin, níor bh'ionghabhtha a theist ar Éireannchaibh.  p.38 Do-gheibh, mar an gceudna, Stanihurst locht ar bhreitheamhnaibh tuaithe na h-Éireann agus ar a leaghaibh: gidheadh is iongnadh liom mar fuair ann féin locht d'fhaghbháil ionnta, agus nachar thuig ceachtar díobh ná an teanga a raibhe ealadha gach aicme dhíobh, ar mbeith dhó féin aineolach ainbhfiosach i san n-Gaedheilg fá teanga dóibh-sean, agus i n-a raibhe an breitheamhnas tuaithe agus an leigheas scríobhtha. Óir ní raibhe ar cumas dó-san an breitheamhnas tuaithe nó an leigheas do léigheadh i san teangaidh i n-a rabhadar, agus dá léighthí dó iad, ní raibhe tuigse aige orra. Measaim, d'á réir sin, gurab ionann dáil dó ag díommoladh an dá ealadhan do luaidheamar, agus dáil an daill do dhíommolfadh dath eudaigh seach a chéile: óir mar nach féadann an dall breathnughadh do dhéanamh idir an dá dhath, do bhrígh nach faiceann ceachtar díobh, mar an gceudna, níor bh'féidir leisean, breitheamhnas do dhéanamh idir an dá ealadhain reamhráidhte, do bhrígh ná'r thuig riamh na leabhair i n-a rabhadar scríobhtha, agus fós ná'r thuig na hollamhain d'ár bh'ealadhain iad, do bhrígh gurbh' í an Ghaedhealg amháin fá teanga dhíleas dóibh, agus go raibhe seisean tríd agus tríd aineolach innte.

Dogheibh fós locht i n-aos seanma na gcláirseach i n-Éirinn, agus adeir nach raibhe ceol ionnta. Is cosmhail nachar bhreitheamh éisean ar cheol 'san mbioth, agus go háirithe ar an gceol n-Gaedhealach, ar mbeith aineolach i sna riaghlachaibh bheanas ris dó. Saoilim nachar thuig Stanihurst gurab amhlaidh do bhí Éire 'na ríoghacht ar leith léi féin, amhail domhan mbeag, agus na huaisle agus na  p.40 hollamhain do bhí innte i n-allód, gur chumadar breitheamhnas, leigheas, filidheacht agus ceol agus riaghlachaibh cinnte riu do bheith ar bun i n-Éirinn: agus mar sin níor chneasda dhó-san breitheamhnas meardhána do dhéanamh [nó do bhreith] ar cheol na h-Éireann d'á lochtughadh. Is iongnadh liom nachar léigh Cambrens i san naomhadh caibidil deug, mar a molann ceol na n-Éireannach, acht munab eadh do chuir roimhe céim do bhreith tar Chambrens ag cáineadh na n-Éireannach: óir ní fhuil nídh 'san mbioth is mó i n-a molann Cambrens Éireannaigh ioná i san gceol n-Gaedhealach. Ag so mar adeir i san gcaibidil cheudna: ‘I n-adhbhadhaibh ceoil amháin dogheibhim dícheall an chinidh seo somholta, mar a bhfuil tar an uile chineadh d'á bhfacamar cliste go doimheasta. {In musicis solum instrumentis commendabilem invenio gentis istius diligentiam, in quibus, prae omni natione quam vidimus incomparabiliter est instructa.}’ () Ag so mar adeir fós do réir na caibidile ceudna an tuarasgbháil do-bheir ar an gceol n-Gaedhealach, ag a mholadh: ‘Do-ghnidhthear a n-oirfide (ar sé) iomlán oireamhnach le luas taighiuir, le comhthrom eugcosmhail, agus le coimhtheacht ainfhreagarthach ré chéile. {Tam suavi velocitate, tam dispari paritate, tam discordi concordia, consona redditur et completur melodia.}’ () As so is iontuigthe, do theist Chambrens, gurab breugach do Stanihurst a rádh nach bí ceol i san oirfide Éireannaigh. Ní fíor dó, mar an gceudna, an nídh adeir gurab dall do bhídís urmhór aosa seanma na h-Éireann; óir is follus an tan ro scríobh seisean a stáir, gurab lia neach súileach do bhí re seinm i n-Éirinn ioná duine dall, agus mar sin ó sin i leith, agus anois, bíodh a fhiadhnaise sin ar ár lucht comhaimsire.

Tuig, a léaghthóir, go rabhadar trí heasbadha ar Stanihurst re scríobhadh stáire na h-Éireann as ná'r chóir cion stáraidhe do thabhairt air. Ar dtús, do bhí sé  p.42 ró-óg, ionnus nach raibhe uain aige ar chuartughadh do dhéanamh ar sheanchus na críche seo ar ar' ghabh do láimh scríobhadh. An dara heasbaidh, do bhí sé dall aineolach i dteangaidh na tíre i n-a raibhe seanchus agus seandála na críche, agus gach foirne d'ár áitigh innte; agus mar sin, níor bh'fhéidir dó a bhfios do bheith aige. An treas easbaidh, do bhí sé uaillmhianach, agus d'á réir sin, do bhí súil aige le meudughadh d'fhaghbháil ó'n droing lér' gríosadh é le scríobhadh go holc ar Éirinn: agus fós, re linn bheith 'na shagart 'na dhiaidh sin dó, do gheall gairm tar ais do dhéanamh ar mhórán do na neithibh maslaightheacha do scríobh ar Éirinn, agus dochluinim go bhfuil sé i gclódh anois re n-a thaisbéanadh i n-Éirinn.

Adeir Stanihurst an tan bhíd Éireannaigh ag comhrac, nó ag bualadh a chéile, go n-abraid mar chomhairc do ghuth árd, “Pharo, Pharo”, agus saoilidh seisean gurab ó'n bhfocal so “Pharao”, fá hainm do rígh Éigipte chleachtaid mar chomhairc é: gidheadh ní fíor dó sin, óir is ionann é agus “faire, faire ó”, nó “ó faire”, ag a rádh ris an rann eile bheith ar a gcoiméad, amhail adeir an Francach “garda, garda”, an tan dochí a chomharsa i nguais.

6. VI.

Cuiridh Doctor Hanmer i n-a chroinic, gurab é Bartolinus budh taoiseach ar Ghaedhealaibh ag teacht i n-Éirinn dóibh, agus is do Phartholón ghaireas Bartolinus ann so. Gidheadh, do réir seanchuis na h-Éireann do bhádar tuilleadh agus seacht gcéad bliadhan idir theacht Phartholóin  p.44 agus teacht Chlainne Mhílidh go h-Éirinn. Óir i gcionn trí chéad bliadhan iar ndílinn táinig Partholón, agus i gcionn míle ar cheithre fichid bliadhan i ndiaidh díleann, tángadar mic Mhílidh go h-Éirinn. Agus do bhreatnughadh Chamden is córa creideamhain do sheanchus Éireann i san nídh seo ioná do bhriathraibh Hanmer. Ag so mar adeir: ‘Tugthar a urraim féin do'n tseanchus i sna neithibh seo. {In his detur sua antiquitati venia.}’ ()(ar sé); agus má is iontugtha do sheanchus i san mbioth ar son bheith arsaidh, is díol urrama da ríribh seanchus Éireann do réir an Chamden cheudna, i san leabhar d'á ngairthear Britannia Camden i, mar a n-abair, ag labhairt ar Éirinn: ‘Ní héigcneasda a dubhradh le Plutarchus Ogigia, eadhon roarsaidh, ris an oiléan so. {Non immerito haec insula Ogygia, id est perantiqua, Plutarcho dicta fuit.}’ () ‘A cuimhne ró-dhuibheacánta seanchusa thairrngid a stáire féin (ag labhairt ar Éireannchaibh), ionnus nach fuil i n-uile sheanchus na n-uile chineadh eile acht nuaidheacht, nó (beagnach) naoidheantacht, {A profundissima enim antiquitatis memoria historias suas auspicantur, adeo ut prae illis omnis omnium gentium antiquitas sit novitas aut quodammodo infantia.}’ () láimh re seanchus na h-Éireann: agus uime sin, gur córa creideamhain dó ioná do dhoctúir Hanmer, nach faca seanchus Éireann riamh.

Adeir an t-úghdar ceudna gurab é rí Lochlonn, d'ár bh'ainm Froto fá rí Éireann an tan rugadh Críost; gidheadh, ní fíor dó sin, óir do réir an tseanchusa, is re linn Chriomhthainn Niadh Náir do bheith i bhflaitheas Éireann rugadh Críost; agus d'á réir sin ní hé Froto rí Lochlonn fá rí  p.46 Éireann an tan soin. Is iongnadh liom Hanmer, do bhí 'na Shacsanach nach faca agus nachar thuig seanchus Éireann riamh, cionnus do bhiadh a fhios aige cia an rí do bhí ar Éirinn re linn Chríost do bhreith, agus gan a fhios aige go cinnte cia an rí do bhí ar an m-Breatain mhóir féin. Óir atá Samuel Daniel, Gildas, Rider, agus Nennius , agus mórán d'úghdaraibh eile do scríobh stáir na Breatan Móire, ag a admháil gurab neamh-chruinn an seanchus atá aca féin ar dhálaibh seanda na Breatan, do bhrígh go rugadar Rómhánaigh agus Sacsanaigh a seanchus agus a sein-scríbhne uatha; ionnus nach bí aca acht amus nó baramhail do thabhairt do dh laibh seanda na Breatan rés na Sacsanaibh agus rés na Rómhánchaibh: agus, uime sin, adeir Camden foghlamtha féin nach feas dó créad ó'n abharthar Britannia re Breatain, acht a bharamhail do thabhairt mar gach fear. Adeir fós nach feas dó ca ham tángadar na Picti d'áitiughadh na taoibhe tuaithe do'n Bhreatain Mhóir; agus mar go rabhadar mórán do dhálaibh seanda na Breatan Móire i n-a bhfoilcheas air, níor bh'iongnadh a mbeith nídh budh mhó 'na bhfoilcheas ar Hanmer, agus foilcheas budh ro-mhó ioná sin do bheith air i sean-dálaibh Éireann: agus, d'á réir sin, ní baránta inchreidthe é fá rígh Lochlann do bheith 'na rígh Éireann re linn beirthe Chríost.

Adeir, mar an gceudna, nach é Pádraic , apstol na h-Éireann (lér' síoladh an Creideamh Catoileaca 'san gcrích ar dtús), fuair uaimh (purgadóra) Phádraic i n-oiléan na purgadóra, acht Pádraic eile, abb, do mhair an tan fá haois  p.48 do'n Tighearna, ocht gcéad ar chaogaid bliadhan. Gidheadh, ní fíor dó so do réir Caesarius naomhtha, do mhair leath istigh do sé céad bliadhan do Chríost, agus, d'á reir sin, do mhair dhá chéad go leith bliadhan sul do bhí an dara Pádraic so ann. Ag so mar adeir 'san ochtmhadh caibidil deug a's fiche do'n dara leabhar deug ro scríobh ré' ráidhtear Liber Dialogorum: ‘an tí chuireas contabhairt i b-Purgadóir, trialladh i n-Éirinn, téidheadh isteach i bpurgadóir Phádraic , agus ní bhiaidh contabhairt aige i bpianaibh purgadóra ó sin amach. {Qui de purgatorio dubitat, Scotiam pergat, purgatorium Sancti Patricii intret, et de purgatorii poenis amplius non dubitabit.}’ () As so is iontuigthe nach é an dara Pádraic úd, luaidheas Hanmer, fuair purgadóir Phádraic ar dtús, acht an ceud Phádraic. Óir cionnus budh fhéidir go mbadh é an dara Pádraic doghéabhadh ar dtús í, agus go raibhe dhá chéad go leith bliadhan ó'n am fa'r scríobh Caesarius ar phurgadóir Phádraic go haimsir an dara Pádraic do mharthain; agus fós atá seanchus agus beuloideas Éireann ag a admháil gur bh'é Pádraic apstol fuair purgadóir ar dtús i n-Éirinn. Uime sin, is follus gur breug meabhlach do rinne Hanmer ann so, i ndóigh go mbadh lughaide do bhiadh cádhas ag Éireannchaibh ar uaimh purgadóra é.

Nídh eile adeir i san gceathramhadh leathanach fichead gurab do Lochlonnaibh ó'n Dania Fionn mac Chúmhaill; gidheadh ní fíor dó so, do réir an tseanchusa, acht is do shliocht Nuadhat NeachtLaighean é, táinig ó Éireamhón mac Míleadh. Adeir fós i san gcúigeadh leathanach fichead, gurab mac do rígh Tuath-Mhúmhan an tí d'á ngairid na húghdair Giolla Már, rí Éireann; gidheadh is lór linn an breugnughadh tugamar ar an nídh seo cheana.  p.50 Saoilim gurab tré fhonómhad chuireas Hanmer Cath Fionntrágha síos ag fochuidmheadh go fallsa fá na seanchadhaibh, ionnus go gcuirfeadh i gcéill do'n léaghthóir nach fuil tabhacht i seanchus Éireann acht mar chath Fionntrágha. Gidheadh, is follus nach fuil agus nach raibhe meas stáire fírinnighe ag na seanchadhaibh ar chath Fionntrágha, acht gurab dearbh leo gurab finnsceul filidheachta do cumadh mar chaitheamh aimsire é. An freagradh ceudna do-bheirim ar gach sceul eile d'á gcuireann síos ar an bh-Féinn. Ní fíor dó fós mar adeir go raibhe Sláinghe mac Deala tríocha bliadhan i bhflaitheas Éireann, óir, do réir an tseanchusa, ní raibhe i bhflaitheas acht aon bhliadhain amháin.

Is neimhfhíor dó, mar an gceudna, a rádh go raibhe cor ó aimsir Augustín manach ag áirdeaspog Chaintearbuiridh ar chléir Éireann. Óir is dearbh nach raibhe cor ag áirdeaspog Chaintearbuiridh ar chléir Éireann go haimsir Williaim Concur, agus nach raibhe cor aca an tráth soin féin acht ar chléir Átha-cliath, Locha-garman, Phoirt-lairge, Chorcaige agus Luimnigh; agus is iad an chliar soin féin tré chomhmbáidh fialasa le lucht na Normandie, ar mbeith dhóibh féin d'iarmhar na Lochlonnach d'á ngairthí Normanni, agus fós tré neamhmbáidh re Gaedhealaibh, tugsad iad féin fá smacht áirdeaspoig Chaintearbuiridh; agus ní measaim go raibhe cor aige orra sin féin acht re linn trí n-áirdeaspog d'á raibhe i g-Caintearbuiridh, mar atá Radulf, Lanfranc agus Anselm. Mar sin is breugach dhó a rádh go raibhe cor  p.52 ag áirdeaspog Chaintearbuiridh ar chléir Éireann ó aimsir Augustín manach.

Is breugach adeir, mar an gceudna, go raibhe Murchadh mac Cochlain 'na rígh ar Éirinn an tan fá haois do'n Tighearna sé bliadhna ar thrí fhichid ar chéad ar mhíle, óir is dearbh gurab é Ruaidhrí Ua Conchubhair do bhí ag gabháil ceannais Éireann re a ais an tan soin, agus gurab cheithre bliadhna ria ngabháltas Gall an uair sin.

Adeir arís gurab i san m-Breatain Mhóir rugadh Comhghall , abb Bheannchair i n-Áird Uladh: gidheadh ní fíor dó sin, óir léaghtar i n-a bheathaidh gurab i n-Dál Aruidhe i dtuaisceart Uladh rugadh é, agus gurab do Chineadh Dhál n-Aruidhe dhó. Is uime do mheas Hanmer Breathnach do dhéanamh do Chomhghall, do bhrígh gurab é Comhghall do thógaibh Mainistir Bheannchair i n-Áird Uladh, fá máthair do mhainistreachaibh Eorpa uile, agus gur thógaibh mainistir eile i Sacsaibh, láimh re Westchester, d'á ngairthear Bangor: agus dá dteagmhadh do Hanmer a chur i gcéill do'n léaghthóir gur Bhreathnach Comhghall, go gcuirfeadh d'á réir sin i gcéill, gach oirdhearcas d'á bhfuil ar mhainistir Bheannchair Uladh do dhul i gclú do Bhreathnachaibh a los Chomhghaill do bheith dhíobh, nó gach clú d'ár thuill Beannchar Uladh go gcuirfidhe i leith na mainistreach atá i Sacsaibh darab ainm Bangor í.

Adeir Hanmer gur chlann bastáird do rígh Laighean Fursa, Faolán, agus Ultán; gidheadh go fírinneach is clann d'Aodh Beannáin rí Mhúmhan iad, do réir naomh-sheanchusa Éireann. Mar so, do mhórán eile do bhreugaibh Hanmer  p.54 ag scríobhadh ar Éirinn, agus léigim díom gan leanmhain orra níos faide, do bhrígh go mbadh liosta re a luadh uile iad.

7. VII.

Adeir Seon Barclaí, ag scríobhadh ar Éirinn, na briathra so: ‘Lag-bhoth in tógbhaid (ar sé, ag labhairt ar Éireannchaibh), go n-áirde duine, mar a mbíd féin agus a spréidh i n-aoin-tigheas. {Fragiles domos ad altitudinem hominis exitant, sibi pecorique communes.}’ () Measaim ar an gcromadh do-ghní an fear so ar thuarasgbháil do thabhairt ar airdheanaibh agus ar árusaibh coilíneach agus fodhaoine mbeag ndearóil, nach éigcneasda a choimhmeas re proimpiollán, mar go gcromann ar a nós ar thuarasgbháil do thabhairt ar chróbhothaibh bochtán agus daoine ndearóil, agus nach gabhann ré' ais luadh ná iomrádh do dhéanamh ar phioláidibh palásda prionnsamhla na n-iarladh agus na n-uasal eile atá i n-Éirinn. Measaim fós nach cion stáraidhe dlighthear do thabhairt dó, ná do neach eile do leanfadh a lorg i san gcéim gceudna: agus mar sin, cuirim ó theist d'aon-fhocal Fines Morison, do scríobh go sgigeamhail ar Éirinn; óir, bíodh go raibhe a pheann cliste re scríobhadh i m-Beurla, ní shaoilim go raibhe an chiall do bhí aige ar chumas an phinn re fírinne do nochtadh, agus mar sin ní mheasaim gurab fiu é freagradh do thabhairt air. Óir, an stáraidhe chuireas roimhe tuarasgbháil foirne ar bioth d'á mbí i gcrích do chur síos, dleaghair dó a dteist féin go fírinneach do thabhairt orra, idir olc agus maith, agus do bhrígh gurab d'aon-toisg, tré olc agus tré an-chroidhe, (ar fhuráileamh daoine eile, ag a raibhe an rún ceudna d'Éireannchaibh), tug i ndearmad  p.56 gan maith na n-Éireannach do mhaoidheamh, do léig de gan an riaghail budh inleanta do stáraidhe do choiméad i n-a stáir, agus, mar sin, ní dleaghair cion stáire do thabhairt ar a scríbhinn. Is iad, iomorro, riaghlacha is ionchoiméadta re scríobhadh stáire, do réir Polidórus, 'san chéid leabhar ro scríobh de rerum inventoribus, mar a dtráchtann ar na riaghlachaibh is ionchoiméadta re scríobhadh stáire: ag so an chéid riaghail chuireas síos: ‘an chéid riaghail, nach lámhadh aoinnídh breugach do rádh. {Prima est, nequid falsi dicere audeat.}’ () An dara riaghail:— go nach lámhadh gan gach fírinne do chur síos: ag so briathra an úghdair: ‘ionnus (ar sé) nach biadh amhras cáirdeasa nó mío-cháirdeasa i san scríbhinn. {Deinde nequid veri dicere non audeat, neque suspitio gratiae sit in scribendo, neque simulatis.}’ () Adeir fós, i san áit cheudna, go ndleaghair do'n stáraidhe beusa agus beatha, comhairleacha, cúisi, briathra, gníomha, agus críochnughadh gach foirne d'á n-itigheann 'san gcrích ar a'r ghabh do láimh scríobhadh, idir maith agus olc do nochtadh: agus do bhrígh go dtug Fines Morison i ndearmad gan maith na n-Éireannach do chur síos, tug i ndearmad gan coiméad do dhéanamh ar na riaghlachaibh reamhráidhte, agus, d'á réir sin, ní cion stáire dleaghair do thabhairt ar a scríbhinn.

Cibé do chuirfeadh roimhe mion-chuartughadh do dhéanamh ar mhí-bheusaibh nó lorgaireacht ar lochtaibh fodhaoine, do b'urusa leabhar do líonadh dhíobh; óir ní bhí dúithche san mbioth gan daosgarshluagh. Feuchtar an-daoine na h-Alban, brusgarshluagh na Breatan Móire, fodhaoine Flondruis,  p.58 faingidhe na Fraince, spriosáin na Spáinne, aos anuasal na h-Iotáile, agus daor-aicme gacha dúithche ó sin amach, agus doghéabhthar iomad ndoibheus ndaorchlannda ionnta; gidheadh, ní hioncháinte an chrích go huilidhe ar a son. Mar an gceudna, má táid doibheusa i gcuid do dhaor-chlannaibh Éireann ní hioncháinte Éireannaigh uile ar a son; agus cibé doghéanadh, ní mheasaim go ndlighthear cion stáraidhe do thabhairt dó; agus ó's mar so do rinne Fines Morison ag scríobhadh ar Éireannchaibh, saoilim nach dleachtach cion stáraidhe do bheith air:—agus mar an gceudna adeirim re Campion.

Adeir Camden gurab nós i n-Éirinn na sagairt go n-a gclainn agus go n-a leannánaibh do bheith ag áitiughadh i sna teamplaibh, agus bheith ag ól agus ag fleadhughadh ionnta: agus fós gurab nós innte mac an easpuig, mac an abbadh, mac an phríora agus mac an tsagairt do ghairm do chlainn na gcléireach soin. Mo fhreagradh air ann so gurab é am fa'r thionnsgnadar cliar Éireann an droch-nós soin, i ndiaidh an t-ochtmhadh Henrí do mhalairt a chreidimh, agus, an tan soin féin agus ó sin i leith, ní chleachtadh an droch-nós soin acht an chuid díobh do lean d'á n-ainmianaib féin, agus do dhiult do na huachtaránaibh dlightheacha do bhí ós a gcionn. Tig Camden féin leis an bhfreagradh so, mar a n-abair ag labhairt ar Éirinn:‘Cibé drong díobh, (ar sé), do-bheir iad féin do riaghaltacht, congbhaid iad féin go míorbhaileach i ngné chruadhdála riaghalta, ag fuireachras, ag guidhe, agus ag trosgadh d'á seargadh féin. {Si qui religioni se consecrant, religiosa quadam austeritate ad miraculum usque se continent, vigilando, orando, et jejuniis se macerando.}’ () Ag so mar adeir Cambrens i san seachtmhadh caibidil fichead ag  p.60 labhairt ar chléir Éireann mar an gceudna:— ‘Atá (ar sé ag labhairt ar Éirinn) cliar na talmhan so somholta go lór i riaghaltacht, agus i measg gach subhailce eile d'á bhfuil ionnta, do sháruigh a ngeanmnaidheacht na huile shubhailce eile ionnta. {Est autem terrae illius clerus satis religione commendabilis, et inter varias quibus pollet virtutes, castitatis praerogativa praeeminet atque praecellit.}’ () As so is iontuigthe go raibhe an gheanmnaidheacht ar marthain ag cléir Éireann i n-aimsir Chambrens: agus fós is iontuigthe as so nach iad gach aon drong do chléir Éireann do chleachtadh an droch-nós úd, acht an drong ainmhianach do bhlódhadh a gcuing amháin, agus do theidheadh go siosmaiticeamhail i n-easumhla ar a n-uachtaránaibh eaglaise. Tig Stanihurst leis an nídh seo i san stáir ro scríobh ar Éirinn an tan fá haois do'n Tighearna ceithre bliadhna ar cheithre fichid ar chúig céad ar mhíle. Ag so mar adeir:— ‘bí roichion ag urmhór na n-Éireannach (ar sé), ar chrádhbhadh nó ar riaghaltacht, {Hibernici etiam magna ex parte sunt religionis summe colentes.}’ () As so is iontuigthe nach raibhe an droch-nós úd luaidheas Camden coitcheann i n-Éirinn, acht ag an gcléir do chlaon a gcuing amháin, [amhail adubhramar thuas].

Adeir Camden nach mór an coiméad do bhí ar phósadh i n-Éirinn ó bhailtibh móra amach: gidheadh ní fíor dó so, agus do-bheir masla mór d'fhíor-uaislibh Éireann do bhrígh gurab ar an tuaith áitighid a n-urmhór, idir Ghall agus Ghaedheal. Gidheadh, ní abraim nach bíd drong díobh ainmhianach, amhail bhíos i ngach uile chrích, nach bíd umhal d'á n-uachtaránaibh eaglaise; agus, d'á réir sin, níor dhlightheach do Chamden an choir nach raibhe coitcheann do chur i leith na n-Éireannach áitigheas i san tuaith mar oilbhéim dóibh. Óir, dá raibhe  p.62 duine nó dias nó beagán ainmhianach dhíobh, ní hioncháinte foireann na críche uile chuca-san: agus, d'á réir sin, ní cneasda do Chamden [an nídh] do rádh [gurab annamh bhíos cion ar phósadh ag Éireannchaibh, acht ag lucht bailte mór nó cathrach amháin]: agus an drong adeir go mbíodh an pósadh bliadhna ar gnáthughadh i n-Éirinn, is dearbh nachar cleachtadh riamháinnte é, acht le daoinibh ainmhianacha nach bíodh umhal d'uachtaránaibh eaglaise, agus, d'á réir sin, ní hiontugtha toibhéim choitcheann d'Éireannchaibh tré bheagán do dhaoinibh domhúinte díochoisge d'á ghnáthughadh.

Adeir Campion i san seiseadh caibidil do'n chéid leabhar d'á stáir, go mbíd Éireannaigh chomh soichreidmheach sin, ionnus cibé nídh adéaradh a n-uachtarán, dá doichreidte é, go measaid a bheith 'na fhírinne, [agus] do-bheir fuair-sceul fabhaill leis ag a shuidhiughadh so. Mar atá, go raibhe “préaláid” ainmhianach i n-Éirinn, do bhí ineamhail re gach nídh d'á n-aibeoradh do chur 'na luidhe ar a phobul, agus teirce airgid air: agus i ndóigh go bhfuighbheadh fóirithin uatha, nochtais dóibh, go raibhe Pádraic do leith istigh do bheagán bliadhan, agus Peadar ag imreasain ré' raile do thaoibh gallóglaigh Ghaedhealaigh do bhí ag Pádraic ag a chur isteach i bhflaitheas Dé, agus gur ghabh fearg Peadar, agus leis sin gur bhuail d'eochair flaithis Dé Pádraic 'na cheann, gur bhris a bhaitheas, agus adeir Campion go bhfuair an “préal id” cothughadh tré san sceul so. Mo fhreagradh air annso, gurab cosmhala é re cluithcheoir do bhiadh ag reic sceul sgigeamhail ar scafoll ioná re stáraidhe. Óir,  p.64 cionnus budh fhéidir go gcreidfeadh Críostaidhe ar bioth d'á raibhe i n-Éirinn go mbrisfidhe baitheas Phádraic, agus é iar bhfaghbháil báis tuilleadh agus míle bliadhan ó shoin: agus fós gurab dearbh leis gach aon gurab eochair úghdardh is do bhí ag Peadar, agus nach eochair iarainn lé' mbrisfidhe baitheas ar bioth. Uime sin, measaim gurab breug bhaothánta do rinne Campion i san nídh seo do chumadh ar Éireannchaibh; agus do bhrígh go n-admhann féin 'san 'epistil' scríobhas i dtús a leabhair, nachar chaith acht deich seachtmhaine re scríobhadh stáire na h-Éireann, measaim nach fiu é freagradh do thabhairt ar thuilleadh d'á bhreugaibh.

Ag so an teist do-bheir “Mr. Good”, sagart Sacsanach do bhí ag seoladh scoile i Luimneach, ar Éireannchaibh, an tan fá haois do'n Tighearna, míle, cúig céad, sé bliadhna a's trí fichid: ‘Cineadh so (ar sé), atá láidir i gcorp, agus atá lúthmhar, ag a mbí intinn fhoirtill árd, intleacht gheur, bhíos cogthamhail, neamhchoigealtach ar a bheathaidh, ag a mbí fulang saothair, fuachta, agus ocrais, ag a mbí claonadh re déanamh drúise, bhíos rói-cheannsa re haoidheadhaibh, buainseasmhach i ngrádh, doshásuighthe i bhfaltanas, bhíos soichreidmheach, bhíos fonnmhar ar chlú d'faghbháil, bhíos neamhfhoighidneach ar mhasla nó ar eugcóir d'fhulang. {Gens haec corpore valida et in primis agilis, animo forti et elato, ingenio acri, bellicosa, vitae prodiga, laboris, frigoris et inediae patiens, veneri indulgens, hospitibus perbenigna, amore constans, inimicis implacabilis, credulitate levis, gloriae avida, contumeliae et iniuria impatiens.}’ () Ag so fós an teist do-bheir Stanihurst orra: ‘dream ró-fhuilngtheach ar shaothraibh, tar an uile chinéal do dhaoinibh, agus is annamh bhíos tláith i nguasachtaibh. {In laboribus ex omni hominum genere patientissimi, in rerum angustiis raro fracti.}’ ()

Adeir Spenser gurab ó Éireannchaibh fuaradar na  p.66 Sacsanaigh aibghidir ar dtús, agus, d'á réir sin, ní raibhe fios liteardhachta ar bioth ag na Sacsanaighibh go bhfuaradar ó Éireannchaibh í.

8. VIII.

Dogheibh Seon Davis locht ar an mbreitheamhnas tuaithe, do bhrígh, dar leis féin, go bhfuilid trí droch-nóis ann. An ceud nós díobh, an tánaiste do theacht ar beulaibh mic tighearna an fhuinn. An dara nós, an roinn do bhí ar an bhfearann idir na comhmbráithribh, d'á ngairid Gaill “gabháil cinidh”, mar a ndéantaoi mion-roinn idir na comhmbáithribh ar an bhfearann. An treas nós, éiric do ghabháil a marbhadh duine. Mo fhreagradh ar an nídh so, nach fuil críoch 'san mbioth nach déantar malairt ar reachtaibh agus ar nósaibh innte, do réir mar théid malairt ar stáid na críche. Óir, ní rabhadar na nóis úd orduighthe i san mbreitheamhnas tuaithe, gur lingeadar Éireannaigh ar chogadh agus ar “choinbhliocht” do bheith idir gach dá chrích dhíobh, ionnus go mbídís ag marbhadh, ag argain, agus ag creachadh a chéile: agus mar do connarcas d'uaislibh Éireann, agus d'á n-ollamhnaibh, an dochar do bhí ag teacht do'n easaontaidh do bhíodh idir fhoirinn a gcríche an tan soin, do mheasadar gur bh'oircheas na trí nóis úd d'ordughadh.

Ar dtús do thuigeadar gur chneasta an tánaisteacht, ionnus go mbiadh caiptín infheadhma ag déanamh barántais ar shluagh gacha críche d'á raibhe i n-Éirinn, ag cosnamh a gcreach agus a maoine dóibh. Óir, dámadh é an mac i  p.68 n-áit an athar do bhiadh ann, dob' fhéidir ar uairibh an mac do bheith 'na mhionaois, agus, mar sin, nach biadh infheadhma re cosnamh a chríche féin, agus go dtiocfadh lot na dúithche as a los sin. Níor bh'fhéidir fós gan an dara nós do bheith ar marthain i n-Éirinn an tan soin, mar atá roinn chomhmbráithreach do bheith ar an bhfearann. Óir, níor bh'fhiu cíos na críche an tuarasdal do rachadh do'n líon buannadh do choiseonadh í: gidheadh, an tan do roinntí an chríoch idir na comhmbráithribh, do bhiadh an bráthair budh lúgha mír dhi coimhéasgaidh re n-a cosnamh fá n-a dhícheall, agus do bhiadh an ceann-feadhna do bhíodh aca. Níor bh'fhéidir, mar an gceudna, gan an éiric do bheith ar bun mu'n am so: Óir, dá marbhadh neach duine an tráth soin, doghéabhadh comairce i san gcrích ba foicsi dhó, agus do bhrígh nach bíodh ar chumas carad an tí do marbhthaoi, cúitiughadh ná eineaclann do bhuain do'n tí do-ghníodh an marbhadh, do agradaois a ghaol i san gcion, mar smachtughadh ar an marbhthóir; agus do bhrígh nach bíodh rún an mharbhtha ag an ngaol, níor dhlightheach a bhfuil do dhortadh, gidheadh, do cuirthí cáin orra, mar smachtughadh ar an tí do-ghníodh an marbhadh, agus dochím an nós so ar marthain ag Gallaibh anois, mar go leantar an cion; comhgais leó. Is ionann, iomorro, éiric agus cion comhgais; óir is ionann cion agus coir, agus is ionann comgas nó comhfhogus agus gaol, agus is é chialluigheas an cion comhgais, cáin nó díol do bhuain amach i n-éiric nó i n-eineaclainn an loit nó an dochair do-ghní neach (gémadh marbhadh nó  p.70 míghníomh eile é), d'á charaid nó d'á chineadh; agus dochím go bhfuilid Gaill anois ag coiméad an nóis sin, mar go leantar an cion comhgais leó. D'á bhrígh sin, níor chneasta do Sheon Davis locht d'fhaghbháil ar an mbreitheamhnas tuaithe thríd; agus an mhéid bheanas ris an dá nós eile, ní raibhe teacht 'na n-éagmais ag Éirinn an tan do horduigheadh iad, agus mar sin, níor bh'inbhéime an breitheamhnas tuaithe tríotha. Óir, gion go bhfuilid oireamhnach d'Éirinn anois, do bhádar éigeantach an tan do horduigheadh iad.

Adeir Camden gurab nós d'Éireannchaibh, breitheamhain, leagha, seanchadha, filidh, agus aos teud do bheith ag a n-uaislibh, agus tearmainn do bhronnadh dóibh, agus fós saoirse do bheith ag a bpearsannaibh, ag a bhfearann, agus ag a spréidh. Ag so mar adeir, ag labhairt orra:— ‘Atá (ar sé), ag na flathaibh seo a ndlightheoiridhe féin, d'á ngairid breitheamhain, a stáirtheoiridhe re scríobhadh a ngníomh, a leagha, a bhfilidh, d'á ngairid báird, agus a lucht seanma, agus fearann cinnte do gach aon díobh so, agus gach aon díobh ag áitiughadh i n-a fhearann féin, agus fós gach aon díobh do threibh chinnte fá seach; mar atáid na breitheamhain do threibh agus do shloinneadh d'áirithe, na seanchadha nó na stáirtheoiridhe do threibh agus do shloinneadh eile, agus mar sin do chách ó sin amach, do sheoladaois a gclann agus a ngaolta, gach aon díobh i n-a chéird féin, agus bíd lucht a leanta i sna healadhnaibh seo díobh féin do shíor. {Habent hi magnates suos iuridicos, quos vocant Brehonos, suos historicos, qui res gestas describunt, medicos, poetas, quos bardos vocant, et citharaedos, quibus singulis sua praedia assignata sunt, et singuli sunt in unoquoque territorio, et é certis et singulis familiis; scilicet, brehoni unius stirpis et nominis, historici alterius, et sic de coeteris, qui suos liberos sive cognatos in sua qualibet arte erudiunt, et semper successores habent.}’ ()

 p.72

As na briathraibh seo Chamden , is follus gurab maith an t-ordughadh do chuireadar Éireannaigh síos re coiméad na n-ealadhan so i n-Éirinn ó aimsir go haimsir. Óir tugadar fearann ollamhantachta do gach treibh díobh, ionnus go mbiadh cothughadh aca orra féin, le saothrughadh na n-ealadhan go nach cuirfeadh bochtacht d'á ndruim iad; agus fós is é an tí fá dearsgnaighthe do'n treibh sin, nó do'n treibh eile, dogheibheadh ollamhantacht na flaithe fearainn do bhíodh aige, agus tigeadh de sin gach aon díobh do [dhéanamh díchill ar] bheith rói-eolach i n-a n-ealadhain féin [i ndóigh] re greamughadh na hollamhantachta tar an gcuid eile d'á threibh: agus is mar sin do-ghníthear do'n leith thall d'fhairrge anois le mórán théid do bhuain cathaoireach amach a los a bhfóghluma. Is móide fós do féadadh na healadhna so do choiméad mar do orduigheadar uaisle Éireann tearmann agus comairce do bheith ag fearann, ag pearsannaibh, agus ag spréidh na n-ollamhan; óir, an tan do bhídís Gaedhil agus Gaill easaontadhach ré' chéile, nach cuirfidís buaidhreadh ná toirmeasg ar na hollamhnaibh ná ar na daltadhaibh fóghluma do bhíodh aca, d'á dtoirmeasg ó shaothrughadh na n-ealadhan. Léaghtar ag Jul Caesar, i san seiseadh leabhar d'á stáir, go raibhe an tearmann ceudna ag na draoithibh táinic ó iarthar Eorpa do sheoladh scol do'n Fhrainc, agus saoilim gurab a h-Éirinn rugadar an nós soin leó.

 p.74

9. IX.

Ní leanta dhúinn do bhreugnughadh na Nua-Ghall so nídhsa-mhó, bíodh gurab iomdha nídh chuirid síos i n-a stáiribh do féadfaidhe do bhreugnughadh; do bhrígh urmhór a scríobhaid go maslaightheach ar Éirinn, nach fuil d'úghdardhás aca re n-a scríobhadh acht innisin sceul ainteasdach do bhí fuathmhar d'Éirinn, agus aineolach i n-a seanchus: óir is dearbh, na saoithe do bhí re seanchus i n-Éirinn, ná'r fhóbradar solus do thabhairt dóibhsean ann, agus mar sin, ná'r bh'fhéidir dóibh eolas do bheith i seanchus nó i sean-dálaibh Éireann aca. Agus Cambrens, do ghabh ré' ais barántas do dhéanamh ar chách, is cosmhail ris gurab dall nó daoi tug frais-eolas fabhaill dó, mar gur fhágaibh gabháil Tuaithe Dé Danann gan luadh do dhéanamh uirre, agus go rabhadar trí bliadhna teasda do dhá chéad i gceannas Éireann, agus go rabhadar naoi ríogha díobh i bhflaitheas Éireann; agus é iar ngabháil ré' ais ceud ghabh la Éireann do chur síos, gémadh í gabháil Ceasrach í, agus nach gabhaid na seanchadha go cinnte mar ghabháil ria, tar cheann go luaidhtear leó i n-a leabhraibh í. Measaim go fírinneach nach raibhe seadh aige i seanchus Éireann do lorgaireacht, acht gurab é adhbhar fa'r ghabh do láimh scríobhadh uirre le mítheastaibh do thabhairt ar a foirinn re n-a linn féin, agus ar a sinnsearaibh rompa: agus fós is gearr an uain do bhí aige ar chuartughadh seanchusa Éireann, do bhrígh nachar chaith acht bliadhain go leith ris gan dul go Sacsaibh; agus ar mbeith d'á stáir gan  p.76 bheith críochnuighthe, do-fhágaibh cuid leith-bhliadhna teasda dhi ar chúram “compáin” dó féin, d'ar bh'ainm Bertram Verdon.

Uime sin, atá dóigh agam cibé léaghthóir comhthrom léighfeas gach breugrughadh d'á ndéinim ar Chambrens, agus ar na Nua-Ghallaibh seo leanas a lorg, gurab mó chreidfeas an breugnughadh do-ghním ar a mbreugaibh ioná do'n innisin sceul do-ghníd cách, óir atáim aosda, agus drong díobh-san óg; do chonnairc mé agus tuigim prímh-leabhair an tseanchusa, agus ní fhacadar-san iad, agus dá bhfaicdís, ní tuigfidhe leó iad. Ní ar fhuath ná ar ghrádh droinge ar bioth seach a chéile, ná ar fhuráileamh aonduine, ná do shúil re sochar d'fhaghbháil uaidh, chuirim rómham stáir na h-Éireann do scríobhadh, acht do bhrígh gur mheasas ná'r bh'oircheas comhonóraighe na h-Éireann do chrích, agus comh-uaisle gach foirne d'ár áitigh í, do dhul i mbáthadh, gan luadh ná iomrádh do bheith orra: agus measaim gurab córaide mo theist do ghabháil ar Éireannchaibh ar an tuarasgbháil do-bheirim, do bhrígh gurab ar Ghaedhealaibh is ro-mhó thráchtaim. Cibé lé n-ab mór a n-abraim riu, nach inmheasta go mbéarainn breath le báidh ag tabhairt iomad molta tar mar do thuilleadar orra, agus mé féin do Shean-Ghallaibh do réir bunadhasa.

Má atá, iomorro, go moltar an fonn leis gach stáraidhe d'á scríobhann ar Éirinn, díommoltar an fhoireann leis gach Nua-Ghall-stáraidhe d'á scríobhann uirre, agus is leis sin do gríosadh mise do chum na stáire seo do scríobhadh ar Éireannchaibh, ar mhéid na truaighe do ghabh mé fa'n eugcóir fhollusaigh do-ghníthear orra leó. Dá dtugadaois, trá, a bhfír-theist féin ar Éireannchaibh, ní fheadar creud as nach  p.78 cuirfidís i gcoimhmeas re haoin-chineadh 'san Eoraip iad i dtrí neithibh, mar atá, i ngaisgeamhlacht, i léigheantacht, agus i n-a mbeith daingean i san gcreideamh Catoileaca: agus an mhéid bheanas re naomhaibh Éireann, ní rachadh d'á mhaoidheamh créad a líonmhaire do bhádar, do bhrígh go bhfuilid úghdair coigcríche na h-Eorpa ag a admháil, agus go n-abraid gur líonmhaire Éire fá naomhaibh ioná aoin-chríoch i san Eoraip; agus fós go n-admhaid go raibhe árdfhlaitheas na fóghluma i n-Éirinn coimh-líonmhar [agus] sin gur bhrúcht sí foirne fóghlumtha uaithe do'n Fhrainc, do'n Iotáile, do'n Ghearmaine, go Flondrus, go Sacsain, agus go h Albain, mar is follus as an mbrollach atá ag an leabhar i n-ar' scríobhadh beatha Phádraic, Choluimcille, agus Bhríghde i m-Beurla: agus an mhéid bheanas *re seanchus Éireann, is inmheasta go raibhe barántamhail, do bhrígh go nglántaoi i bh-Feis Teamhrach gach treas bliadhain é, do láthair uaisle, eaglaise, agus ollamhan Éireann; agus ó do ghabhadar Éireannaigh creideamh, do cuireadh ar fhorlamhas préalaideadh eaglaise [é]. Bíodh a fhiadhnaise sin ar na prímh-leabhraibh seo síos, atá re a bhfaicsin fós, mar atá Leabhar Árda-Mácha; Saltair Chaisil, do scríobh Cormac naomhtha mac Chuileann in (rí dá chúigeadh Múmhan agus áirdeaspog Chaisil); Leabhar na hUachongmhála; Leabhar Chluana h-Eidhneach Fionntain i Laoighis; Saltair na Rann, ro scríobh Aonghus Céile Dé; Leabhar Ghlinne-dá-loch; Leabhar na g-Ceart, ro sgríobh Beinén naomhtha mac Seisgnéin; Uidhir Chiaráin, ro  p.80 scríobhadh i g-Cluain-mhic-nóis; Leabhar Buidhe Moling, agus Leabhar Dubh Molaga. Ag so síos suim na leabhar do bhí scríobhtha ionnta-san, mar atá, an Leabhar Gabhála, Leabhar na g-Cúigeadh, Réim Ríoghraidhe, Leabhar na n-Aos, Leabhar Comhaimseardhachta, Leabhar Dinnseanchuis, Leabhar Bainseanchuis, an leabhar d'á ngairthí Cóir anmann, an leabhar d'á ngairthí Uraicheapt, ro scríobh Ceannfaolaidh na fóghluma, agus an leabhar d'á ngairthear Amhra Choluimcille ro scríobh Dallán Forgaill go grod i ndiaidh báis Choluimcille. Atáid fós iomad do stáiribh eile ré a bhfaicsin i n-Éirinn, i n-éagmais na bprímh-leabhar do luaidheamar, mar a bhfuil mórán seanchusa ré a fhaisnéis, mar atá Cath Muighe Muccraimhe, Forbhais Droma Dámhghaire, Oidhidh na g-Curadh, Cath Chrionna, Cath Fionnchoradh, Cath Ruis na Ríogh, Cath Mhuighe Léana, Cath Mhuighe Rath, Cath Mhuighe Tualaing, agus mórán do stáiribh eile nach luaidhfeam ann so. Is móide fós is inmheasta seanchus Éireann do bheith barántamhail, mar do bhí ós cionn dá chéad ollamh re seanchus ag coiméad seanchusa na h-Éireann, agus cothughadh ó uaislibh Éireann ag gach aon díobh d'á chionn, agus fromhadh uaisle agus eaglaise Éireann orra ó aimsir go haimsir. Is móide, mar an gceudna, is inchreidte dhó an ársaidheacht atá ann, agus, fós, nach deachaidh béarnadh ná múchadh air le foirneart eachtrann. Óir, tar cheann go rabhadar Lochlonnaigh ag buaidhreadh Éireann seal, do bhí an oiread soin d'ollamhnaibh ag coiméad an tseanchusa, gur caomhnadh suim an tseanchusa leó, bíodh go ráinig iomad do leabhraibh na Lochlonnaigh. Gidheadh, ní mar sin do chríochaibh eile na  p.82 h-Eorpa, do bhrígh gur mhúchadar Rómhánaigh, Galli, Goti, Vandali, Sacsanaigh, Saraceni, Múraigh agus Lochlonnaigh a seanchus i ngach ruathar ríogh d'á dtugadar fútha: gidheadh, ní tháinig d'aon-droing díobh-san Éire d'argain, do réir Chambrens, 'san seiseadh caibidil a's dá fhichid, mar a n-abair, ag labhairt ar Éirinn: ‘ Do bhí Éire saor ó thús ó ruathar an uile chinidh choigcríche. {Hibernia, ab initio, ab omni alienarum gentium incursu libera permansit.}’ () As so is iontuigthe go raibhe Éire saor ó iomruathar námhad lé' múchfaidhe a seanchus agus a sean-dála; agus ní mar sin d'aoin-chrích eile 'san Eoraip. Uime sin measaim gurab córa creideamhain do sheanchus Éireann ioná do sheanchus aoin-chríche eile 'san Eoraip, agus fós mar do sgagadh le Pádraic, agus le naoimh-chléir Éireann é, ó aimsir go haimsir.

Gidheadh, tuig, a léaghthóir, go ndéarna mé malairt ar an áireamh bliadhan innistear do bheith i bhflaitheas beagáin do ríoghaibh págánta na h-Éireann seach mar cuirthear síos i san Réim Ríoghraidhe, agus i sna duantaibh atá cumtha orra é; agus is é is fáth dham chuige sin nach faghbhaim ag teacht le háireamh na n-aimsear ó Ádhamh go gein Chríost, do réir úghdair bharántamhail ar bioth coigcríche iad. Adhbhar eile fós atá agam, go bhfaicthear dham go dtugthar áireamh éigcneasda bliadhan do dhroing dhíobh, mar atá Síorna saoghlach, d'á dtugthar trí chaogaid bliadhan, agus go léaghtar linn i sein-leabhar Gabhála go raibhe Síorna céad  p.84 bliadhan sul do ghabh flaitheas Éireann, agus dá gcuirinn síos a bheith i bhflaitheas trí chaogaid bliadhan, ní creidfidhe mé. Uime sin, do-bheirim bliadhain agus fiche dhó, do réir an rainn atá 'n-a fhlaitheas, nach tugann do Shíorna acht bliadhain agus fiche, mar bhus follus do'n léaghthóir, do-bheirid caoga bliadhan do fhlaitheas do Chobhthach Caolmbreágh, gidheadh ní hiontugtha dhó acht tríocha: óir Moirriath inghean Scoirriath, rí Chorca Dhuibhne, tug grádh do Mhaon, d'á ngairthí Labhruidh Loingseach, ar mbeith ar deoraidheacht i dtigh a hathar dhó 'na ógán, agus íse 'na hainnir óig; agus ar dteacht ó n-a dheoraidheacht i n-Éirinn dó, agus iar marbhadh Chobhthaigh, is í do budh bainchéile dhó, agus do chuir sliocht air. Mar sin, dá dtugainn caoga bliadhan flaithis do Chobhthach, do bhiadh sise trí fichid bliadhan, an tan rug clann do Labhruidh Loingseach, agus ó nach féidir so do bheith fírinneach, níor bh'fhéidir Cobhthach do bheith i bhflaitheas caoga bliadhan. Mar sin, ar fháthaibh eile, do-ghním malairt ar áireamh bliadhan flaithis beag in do ríoghaibh Éireann ria gcreideamh: acht measaim nach tré ainbhfios na seanchadh táinig an mhalairt áirimh seo do dhéanamh, acht tré ainbhfios na droinge do scríobhadh 'na ndiaidh, do bhí gan ealadhain aca acht scríbhneoireacht amháin do dhéanamh: agus mar do thréigeadar Éireannaigh ó'n tráth fá ráinig forlamhas Éireann do Ghallaibh gan an fromhadh do cleachtaoi leó do dhéanamh gach treas bliadhain ar an seanchus, agus go dtugadar ollamhain an tseanchusa faill i n-a ghlanadh, iar gcaill an tearmainn agus an tsochair do cleachtaoi leó d'fhaghbháil ó Ghaedhealaibh a los an tseanchusa do chongbháil  p.86 ar bun; agus fós mar do bhíodh easaonta gnáthach idir Ghallaibh agus Ghaedhealaib i n-Éirinn, ré' gcuirthí míoshuaimhneas ar na hollamhnaibh d'á gcur ó fhromhadh, agus ó ghlanadh an tseanchusa ó aimsir go haimsir.

Agus dá gcuireadh aoinneach i n-iongantas an neimhtheacht ré' chéile atá ag cuid d'úghdaraibh an tseanchusa 'san áireamh aimsire atá ó Ádhamh go gein Chríost, is neimhiongnadh é, do bhrígh gur beag d'úghdaraibh barántamhla na h-Eorpa uile thig ré' chéile ar chomháireamh na haimsire ceudna. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an neimhtheacht ré' chéile do-ghníd na príomh-úghdair seo síos:— Ar dtús do na húghdaraibh Eabhruidheacha: —

Baalsederhelm, 3518: na Talmudisti, 3784: na Nuadh-Rabbidhe, 3760: Rabbi Nahsson, 3740: Rabbi Lébhi, 3786: Rabbi Maoise, 4058: Joséphus, 4192.

Do na húghdaraibh Greugacha: —

Metrodorus, 5000: Eusebius, 5190: Teophilus, 5476.

Do na húghdaraibh Laidianda: —

Sanctus Hieronimus, 3941: Sanctus Augustinus, 5351: Isidóir, 5270: Orosius, 5199: Béda, 3952: Alphonsus, 5984.

[Ag so áireamh an dá fhear dheug agus trí fichid ar na ceithre ceud aosaibh do'n domhan, maille ris an áireamh tugsad na daoine feasacha fóghlumtha do lean iad 'san lorg díreach, ar na haosaibh ó chruthughadh an domhain go gein Chríost, ar n-a roinn 'na gcúig rannaibh, .i. ó Ádhamh go dílinn, 2242, ó'n dílinn go h-Abraham 942, ó Abraham go Dabhidh, 940, ó Dabhidh go bruid na Babiolóin, 485, ó'n bhruid go gein Chríost [590]:— Summa 5199: is uime do chuireadar na daoine  p.88 úghdardha do lean an dá fhear seachtmhoghad an cúigeadh aimsir le n-a n-aimsir féin, do bhrígh gurab amhlaidh coimhlíontar an aimsir seo, 5199, ó chruthughadh Ádhaimh go gein Chríost: agus is do na húghdaraibh leanas an dá fhear seachtmhoghad i sna ceithre ceud aimsearaibh, eadhon, Eusebius áirmheas 'na chroinic ó chruthughadh an domhain go gein Chríost, 5199; Orosius, 'san cheud chaibidil d'á chéid leabhar, adeir go bhfuil ó Ádhamh go h-Abraham, 3184, agus ó Abraham go gein Chríost, 2015; agus is í a suim araon, 5199. Adubhairt S. Hieronimus i n-a epistil chum Tituis, ná'r coimhlíonadh sé míle bliadhan d'aois an domhain go gein Chríost. Adeir, (tráth), Augustinus naomhtha i san deachmhadh caibidil do'n dara leabhar deug de ciuitate Déi, nach áirmhthear sé míle bliadhan ó chruthughadh an domhain go gein Chríost. Cuirthear 'na leith sin araon, go dteagaid leis an lucht áirimh seo, i n-uimhir contais ó chruthughadh an domhain go gein Chríost naoi mbliadhna deug ar cheithre fichid ar chéad ar chúig mhíle. Dearbhadh eile ar an áireamh ceudna, an Martirologia Rómhánach, dheimhnigheas iomláine na n-aos so, ó chruthughadh Ádhaimh go gein Chríost, cúig míle, céad, nocha, agus a naoi.]

Agus mar nach tigid na príomh-úghdair seo le n-a chéile ar áireamh na haimsire atá ó Ádhamh go gein Chríost, ní hiongnadh neimhtheacht lé' chéile do bheith ag cuid do sheanchadhaibh na h-Éireann ar an áireamh gceudna. Gidheadh, ní fuaras eadorra áireamh is mó shaoilim do bheith fírinneach ioná an t-áireamh do-ghní drong díobh do-bheir ceithre míle, caoga, a's dá bhliadhain, do'n aimsir ó Ádhamh go gein Chríost; agus is eadh is mian liom an t-úghdar barántamhail is foigse thig do'n áireamh so do leanmhain i gcomhaimseardhacht na n-árdfhlaitheadh, na n-aos, na bpápadh, agus na  p.90 ngcomhairleadh gcoitcheann i ndeireadh an leabhair i n-a n-áitibh cinnte féin.

[Dá gcuireadh neach i n-iongantas orm, créad as a dtugaim iomad rann mar shuidheamh ar an stáir as an seanchus, mo fhreagradh air gurab é is fáth ris sin dam gur chumadar úghdair an tseanchusa suim iomlán an tseanchusa i nduantaibh, ionnus gurab lughaide doghéantaoi malairt ar an seanchus é, agus fós gurab amhlaidh is mó do cuirthí do mheamhair leis na*] macaibh fóghluma do bhíodh aca é: óir is tré bheith i méadardhach dána do gairthí Saltair na Teamhrach do'n phrímhleabhar do bhíodh ar fhorlamhas ollamhan ríogh Éireann féin, agus Saltair Chaisil do chroinic Chormaic mic Chuileannáin, agus Saltair na Rann do chroinic Aonghusa Céile Dé: óir, mar is ionann “salm” agus duan nó dán, is ionann saltair nó “psalterium” agus duanaire, i n-a mbiadh iomad do dhuantaibh nó do dhántaibh; agus do bhrígh gurab i nduantaibh atá cnáimh agus smior an tseanchusa, measaim gurab oircheas dam cinneadh mar úghdardhás air, ag tráchtadh ar an seanchus. Is uime adubhart go minic i gcoinne na n-úghdar do breugnuigheadh linn, go raibhe an seanchus 'na n-aghaidh, do bhrígh gur mheasas gur mhó d'úghdardhás an seanchus do bhí coitcheann, agus do fromhadh go minic, amhail adubhramar, ioná aon úghdar amháin go haonar nach d'á bhfuil 'san seanchus.

Cuirid drong i n-iongantas cionnus budh fhéidir seanchus aon duine do bhreith go h-Ádhamh. Mo fhreagradh air sin, gur  p.92 bh'urus do Ghaedhealaibh iad féin do choiméad go h-Ádamh, do bhrígh, ó aimsir Ghaedhil i leith, go mbídís draoithe aca do choiméadadh a nglúine geinealaigh, agus a ndála i ngach turus d'á dtárla dhóibh go rochtain Éireann, mar is iontuigthe as an stáir síos: agus fós do bhíodh báidh re healadhain aca, do bhrígh gurab i ngiall ar a fhoghluim fuair Niul athair Ghaedhil gach innmhe d'á bhfuair; agus fós a fhad atáid Gaedhil gan a malairt i seilbh aoin-chríche amháin, agus feabhas an orduighthe do chuirsiod síos re coiméad an t-seanchusa, amhail adubhramar. Ag so síos sompla ó úghdar Breathnach, mar a dtabhair geinealach rígh do bhí ar an m-Breatain go h-Ádhamh, as a measfaidh an léaghthóir gurab fhéidir do Ghaedhealaibh an nídh ceudna do dhéanamh; agus is é ainm an úghdair Asser: ag so ainm an rígh sin— Aelfred, mac Aetelmhuilf, mic Egbeirt, mic Etalmuind, mic Eafa, mic Eomhua, mic Ingild, mic Coenreid, mic Ceolbhaild, mic Cudaim, mic Cutbhuin, mic Cheaulin, mic Cinric, mic Creoda, mic Cerdic, mic Elesa, mic Gebhuis, mic Broind, mic Beild, mic Uodein, mic Fritilbhaild, mic Frealaf, mic Fritilmhuilf, mic Fingodmhuilf, mic Geada, mic Caetua, mic Beabhua, mic Sceldua, mic Eremoid, mic Itermoid, mic Atra, mic hUala, mic Beduig, mic Jafeit, mic Naoi, ⁊c., ⁊c.

* [Ag so díonbhrollach, nó brollach cosnaimh Forais Feasa ar Éirinn, mar a bhfuil suim seanchusa Éireann go cumair: atá ar n-a thiomsughadh agus ar n-a thionól a prímh-leabhraibh  p.94 seanchusa Éireann, agus a hiliomad d'úghdaraibh barántamhla coigcríche le Seathrún Céitinn, sagart agus doctúir diadhachta; mar a bhfuil suim chumair príomh-dhála Éireann ó Pharthalón go Gabháltas Gall: agus cibé thoigeoras scríobhadh go foirleathan líonmhar ar Éirinn d'á éis so, doghéabhaidh i sna sein-leabhraibh ceudna mórán do neithibh inscríobhtha uirre do fágbhadh amuigh d'aon-toisg ann so, d'eagla gurab lughaide do thiocfadh an tsuim seo do chum soluis, iad uile do chur i n-aon obair, ar a mhéid do dhuadh a gcur i n-aon-chairt.]

Atá an stáir rannta 'na dá leabhar: an ceud leabhar nochtas dála Éireann ó Ádhamh go teacht Phádraic i n-Éirinn; agus an dara leabhar ó theacht Phádraic go gabháltas Gall, nó gus an am so.

Saoilim nach fuil léagthóir comhthrom soshásuighthe lé' mbeanann fromhadh do dhéanamh ar sheanchus Éireann, acht neach bhus riarach ó n-a ndubhramar i san díonbhrollach so: agus dá dteagmhadh nach lór leis gach sásadh d'á dtugaim uaim, is tar mo dhícheall-sa do rachadh. Uinic sin, gabhaim cead aige, agus gabhadh agam, má thárla dham dul do'n tslighe i n-aoinnídh d'á n-abraim i san leabhar so, óir má atá aoinnídh inbhéime ann, ní ó mhailís acht ó aineolas atá.

Bhur mbocht-chara bithdhíleas go bhás, Seathrún Céitinn

 p.96

1. Foras Feasa ar Éirinn

Ag so do sheanchus Éireann, agus do gach ainm d'á dtugadh uirre, agus do gach roinn d'á ndéarnadh uirre, agus do gach gabháil d'á ndéarnadh uirre, agus do gach ndroing d'ár ghabh í, agus do gach gníomh tasgamhail d'á ndéarnadh innte re linn gach áirdrígh d'á raibhe ós a cionn, ó thús riamh gus an aimsir seo, an mhéid fuaras re a bhfaisnéis díobh.

An ceud leabhar

I. An ceud alt

Ar dtús, cuirfeam síos gach ainm d'á raibhe ar Éirinn riamh.

An ceud ainm tugadh ar Éirinn, Inis na bh-Fiodhbhadh, eadhon, oiléan na gcoillteadh; agus is é duine do ghair an t-ainm sin di, óglaoch do mhuinntir Nín mic Béil, táinig uaidh do bhraith na h-Éireann, agus iar dteacht innte dhó, fuair 'na haon doire coille í, acht Magh n-Ealta amháin. Trí huaire, iomorro, do bhí Éire 'na haon-choill, do réir an tsean-fhocail seo atá 'san seanchus: “Trí huaire do chuir Éire trí monga agus trí maola dhi.”

 p.98

An dara hainm, Críoch na bhfuineadhach, ó bheith i bhfuineadh, nó i gcrích na dtrí rann do'n domhan do bhí ar faghbháil an tan soin; ionann, iomorro, “fuin” agus críoch, ó'n bhfocal so Laidne “finis.”

An treas ainm, Inis Ealga, eadhon, oiléan uasal; óir is ionann inis agus oiléan, agus is ionann ealga agus uasal: agus is re linn Fear m-Bolg fá gnáth an t-ainm sin uirre.

An ceathramhadh hainm, Éire, agus adeirthear gurab uime gairthear sin di, do réir úghdair d' áirithe, ó'n bhfocal so Aeria, fá sean-ainm do'n oiléan d'á ngairthear CrétaCandia anois; agus is uime mheasas an t-úghdar soin sin, do bhrígh gur áitigheadar sliocht Ghaedhil ghlais i san oiléan sin seal aimsire i ndiaidh Shrú mic Easrú micmic Ghaedhil d'ionnarbadh as an Éigipt; agus do-bheirthear fós Aere d'ainm ar an Éigipt ó'r ghluaiseadar Gaedhil. Gidheadh, is í céadfaidh choitcheann na seanchadh gurab uime gairthear Éire dhi, ó ainm na bainríoghna do Thuathaibh Dé Danann, do bhí 'san gcrích re linn clainne Mhíleadh do theacht innte: Éire, inghean Dealbhaoith fá hainm di, agus is í fá bean do Mhac Gréine d'á ngairthí Ceathúr, fá rí Éireann an tan tángadar mic Mhíleadh innte.

An cúigeadh hainm, Fódhla, ó bhainríoghain do Thuathaibh Dé Danann, d'á ngairthí Fódhla: is í fá bean do Mhac Cécht d'ár bh'ainm díleas Teathúr.

An seiseadh hainm, Banbha, ó bhainríoghain do Thuathaibh Dé Danann,  p.100 do bhí 'san gcrích, d'á ngairthí Banbha: is í fá bean do Mhac Cuill d'ár bh'ainm díleas Eathúr. Na trí ríogha so do bhíodh i bhflaitheas Éireann gach ré mbliadhain; agus is é ainm mná gach fír díobh do bhíodh ar an oiléan an bhliadhain do bhíodh féin 'na rígh. Is uime gairthear Éire do'n oiléan nídh-sa-mhionca ioná FódhlaBanbha, do bhrígh gurab é fear na mná d'ár bh'ainm Éire, fá rí an bhliadhain tángadar mic Mhíleadh innte.

An seachtmhadh hainm, Inis Fáil, agus is iad Tuatha Dé Danann tug an t-ainm sin uirre, ó chloich tugsad leó innte, d'á ngairthí an Lia Fáil: agus “Saxum fatale”, eadhon, Cloch na Cinneamhna, gaireas Hector Boetius di, i stáir na h-Alban; agus fá cloch í ar a rabhadar geasa, óir do ghéiseadh sí fá an neach d'ár chóra flaitheas Éireann d' fhaghbháil re linn bhfear n-Éireann do bheith i mórdháil i d-Teamhraigh re togha rígh orra. Gidheadh, níor ghéis sí ó aimsir Chonchubhair i leith, óir do balbhuigheadh bréig-dhealbha an domhain an tan rugadh Críost;. Ag so rann deismireachta ag a shuidhiughadh gurab ó'n gcloich so gairthear Inis Fáil d'Éirinn [amhail adubhairt Cionaoth file]:—

  1. An chloch atá fóm' dhá sháil,
    uaithe ráidhtear Inis Fáil;
    Idir dhá thráigh thuile theinn,
    Magh Fáil uile for Éirinn.

An t-ochtmhadh hainm, Muicinis; agus is iad Clanna Mhíleadh tug an t-ainm sin uirre, sul rangadar i dtír innte. Mar tángadar, iomorro, go bun Innbheir Sláinghe, d'á ngairthear cuan Locha-garman indiu, tionólaid Tuatha Dé Danann go n-a ndraoithibh 'na gcoinne ann, agus imrid  p.102 draoidheacht orra, ionnus ná'r léir dhóibh an t-oiléan acht ar chosmhaileas muice, gonadh uime sin tugadar Muicinis for Éirinn.

An naomhadh hainm, Scotia; agus is iad mic Míleadh tug an t-ainm sin uirre, ó n-a máthair, d'ár bh'ainm Scota, inghean Pharao Nectonibus; nó is uime tugadar Scotia uirre, do bhrígh gurab iad féin Cineadh Scuit ó'n Scitia.

An deachmhadh hainm, Hibernia; agus is iad mic Míleadh tug an t-ainm sin uirre. Gidheadh, adeirthear gurab ó abhainn atá 'san Spáin d'á ngairthear Hiberus tugthar Hibernia uirre. Adeirthear fós gurab ó Éibhear mac Míleadh gairthear Hibernia dhi; acht cheana, adeir Cormac naomhtha mac Chuileannáin gurab uime adeirthear Hibernia ria, ó'n gcomhfhocal Greugach so “hiberoc”, .i. “occasus” i Laidin, agus “nyaon”, .i. “insula”; ionann sin re a rádh agus “insula occidentalis”, eadhon, oiléan iartharach.

An t-aonmhadh hainm deug, Iernia do réir Ptolomeus, nó Iuerna do réir Solínus, nó Ierna do réir Claudianus, nó Uernia, do réir Eustatius. Measaim nach fuil do chéill 'san deithbhir atá idir na húghdaraibh seo do thaoibh an fhocail seo Hibernia, acht ná'r thuigeadar créad ó dtáinig an focal féin; agus, d'á réir sin, go dtug gach aon fa leith dhíobh, amus uaidh féin air, ionnus gurab de sin táinig an mhalairt seo ar an bhfocal.

An dara hainm deug Irin, do réir Diodorus Siculus.

An treas ainm deug Irlanda; agus measaim gurab é fáth fa dtugadh an t-ainm sin uirre, do bhrígh gurab é  p.104 Ir mac Míleadh ceud duine do hadhnaiceadh fa úir Éireann do chlannaibh Míleadh, agus d'á réir sin do hainmnigheadh an t-oiléan uaidh: ionann, iomorro, Irlanda agus fearann Ir, óir is ionann “land” i m-Beurla, agus fonn nó fearann i n-Gaedheilg. Is móide is measta fírinne an neith seo, mar adeir Leabhar Árda Mácha gurab ainm do'n oiléan so, Ireo, eadhon, uaigh Ir, do bhrígh gurab ann atá feart nó uaigh Ir.

An ceathramhadh hainm deug Ogigia do réir Plutarcus: ionann, trá, Ogigia i n-Gréigis agus “Insula perantiqua”, eadhon, oiléan ró-ársaidh; agus is cneasta an t-ainm d'Éirinn sin, do bhrígh gurab cian ó do háitigheadh ar dtús í, agus gurab foirbhthe an fír-eolas atá ag a seanchadhaibh ar dhálaibh a sean ó thús na n-aimsear, diaidh i ndiaidh.

2. An dara halt

Ag so síos gach roinn d'á ndéarnadh ar Éirinn

An cheud roinn: is é Partholón do roinn í 'na ceithre míribh, idir a cheathrar mac, darbh' anmanna Er, Orba, Fearon, agus Feargna. Tug an chéidmhír d'Er, mar atá, a bhfuil ó Oileach Néid i dtuaisceart Uladh go h-Áthcliath Laighean. Tug an dara mír do Orba, eadhon, a bhfuil ó Áthcliath go h-Oiléan Árda Neimheadh, d'á ngairthear Oiléan mór an Bharraigh. Tug an treas mír d'Fhearon, ó'n Oiléan mór  p.106 go h-Áthcliath Meadhruidhe ag Gaillimh. Tug an ceathramhadh mír d'Fheargna, eadhon, ó Mheadhruidhe go h-Oileach Néid.

An dara roinn: eadhon, roinn Chlainne Neimheadh. Triur taoiseach do chlannaibh Neimheadh do roinn Éire eadorra i n-a trí míribh: — Beothach, Simeon, agus Briotán a n-anmanna. Gabhais Beothach ó Thóirinis go Bhoinn. Gabhais Simeon ó Bhoinn go Bealach Chonglais láimh re Corcaigh. Gabhais Briotán ó Bealach Chonglais go Tóirinis i dtuaisceart Chonnacht.

An treas roinn ann so: eadhon, roinn Fear m-Bolg. Cúig mic Deala, mic Loich, do rannsad Éire i n-a cúig míribh eadorra, agus is díobh sin gairthear na cúig cúigidh: agus is í sin roinn is buaine do rinneadh ar Éirinn riamh, amhail adéaram go grod d'á éis so. Tig Cambrens leis an roinn seo, 'san leabhar ro scríobh do thuarasgbháil na h-Éireann mar a n-abair: ‘I gcúig míribh, iomorro, beagnach comhthroma, (ar sé) do ronnadh an chríoch so i n-allód, mar atá, an dá Mhúmhain, Tuath-Mhúmha agus Deas-Múmha, Laighin, Ulaidh, agus Connachta. {In quinque enim portiones (inquit) fere aequales antiquitus haec regio divisa fuit; videlicet, in Momoniam duplicem, Borealem et Australem, Lageniam, Ultoniam, et Conaciam.}’ () Ag so na cúig taoisigh d'Fhearaibh Bolg do ghabh ceannas na gcúig gcúigeadh soin: Sláinghe, Seangann, Gann, Geanann, agus Rughruidhe. Do ghabh Sláinghe cúigeadh Laighean, ó Dhroichead Átha go Cumar na dtrí n-uisge; gabhais Gann cúigeadh Eachach Abhradhruaidh, ó Chumar na dtrí n-uisge go Bealach Chonglais; gabhais Seangann cúigeadh Chonraoi mic Dáire,  p.108 ó Bhealach Chonglais go Luimneach; gabhais Geanann cúigeadh Chonnacht ó Luimneach go Drobhaois; gabhais Rughruidhe cúigeadh Uladh ó Drobhaois go Droichead-Átha.

Má tá go n-abraid cuid do na seanchadhaibh gurab roinn tréanach do bhí ar Éirinn idir trí macaibh Chearmada Milbheoil do Thuathaibh Dé Danann, ní mheasaim gur ronnadar Éire eadorra, acht is í mo cheudfaidh gurab sealaidheacht flaithis gach ré mbliadhain do bhí eadorra, do réir mar adubhramar thuas ag a fhoillsiughadh créad as a dtugthar Éire ar an gcrích seo nídh-sa-mhionca ioná FódhlaBanbha.

An ceathramhadh roinn: eadhon, roinn Chlainne Míleadh. Is í ceudfaidh droinge re seanchus gurab amhlaidh dó ronnadh Éire idir Éibhear agus Éireamhón: — a bhfuil ó Áthcliath agus ó Ghaillimh budh dheas, agus Eisgir riadha do theorainn eadorra, ag Éibhear; agus a bhfuil as sin budh thuaidh, ag Éireamhón. Gidheadh, ní hí so roinn do rónadh eadorra, amhail chruthócham 'na dhiaidh seo; acht is amhlaidh do rannsad Éire:— dá chúigeadh Mhúmhan ag Éibhear; cúigeadh Chonnacht agus cúigeadh Laighean ag Éireamhón; agus cúigeadh Uladh ag Éibhear mac Ir, eadhon, mac a ndearbhráthar: agus drong do na huaislibh táinig leó, i bhfochair gach aoin díobh i n-a roinn féin do'n chrích.

An cúigeadh roinn: eadhon, roinn Chearmna agus Shobhairce. Do roinn, iomorro, Cearmna agus Sobhairce Éire i ndá leith eadorra, eadhon, ó Innbhear Cholptha ag Droichead-Átha go Luimneach Múmhan, agus an leath budh thuaith ag Sobhairce, agus do rinne dún ar a leith féin, eadhon, Dún Sobhairce.  p.110 Gabhais Cearmna an leath budh dheas, agus do rinne dún láimh re fairrge theas, eadhon, Dún Cearmna, ris a ráidhtear Dún mic Pádraic, i gcrích Cúirseach i ndiu.

An seiseadh roinn: eadhon, roinn Ugaine mhóir. Rannais Ugaine mór Éire i gcúig rannaibh fichead, idir an gcúigear ar fhichid do chlainn do bhí aige, amhail chuirfeam síos i san Réim ríoghruidhe.

An seachtmhadh roinn: eadhon, roinn Chuinn Chéadchathaigh agus Mógha Nuadhat. Do roinn Conn agus Mógh Nuadhat Éire leathach eadorra, mar atá, a bhfuil ó Ghaillimh agus ó Áthcliath budh thuaidh, agus Eisgir riadha do theorainn eadorra, ag Conn; agus is de sin táinig Leath Chuinn do thabhairt ar an taoibh budh thuaidh; agus Leath Mhógha ag Mógh Nuadhat; agus is de sin tugadh Leath Mhógha ar an leith budh dheas.

Tar cheann, cheana, gur chuireas na seacht ranna so do rónadh ar Éirinn síos i n-eagar, do réir uird na ngabháltas agus na n-aimsear, fíllfead ar an ngnáth-roinn atá ar Éirinn ó aimsir Fear m-Bolg i leith, ó's í is mó atá ar bun do shíor, eadhon, cúig cúigidh do dhéanamh dhi amhail adubhramar. Agus is ann bhíodh comhroinn na gcúig gcúigeadh so, ag liag atá i n-Uisneach, go dtáinig Tuathal Teachtmhar i bhflaitheas, agus gur bhean mír do gach cúigeadh mar fhearann buird do gach áirdrigh d'á mbiadh i n-Éirinn; gurab díobh sin do rinneadh an Mhídhe, amail foillseocham i bhflaitheas Thuathail.

 p.112

3. An treas alt

Do mhionroinn ar an Mídhe, agus ar na cúigeadhaibh ann so.

Doghéan anois mionroinn ar an Mídhe, agus ar na cúigeadhaibh ar cheana; agus dobhéar tosach na ronna so do'n Mhídhe, go bhfaisnéistear a fearainn, do bhrígh gurab í fearann buird rígh Éireann í, do réir na n-Gaedheal, agus go mbíodh saor gan dligheadh, gan smacht, gan cháin ó neach i n-Éirinn, acht ó rígh Éireann amháin. Ocht d-triocha deug líon a fearainn; triocha baile 'san triocha-chéad díobh; dá sheisrigh deug fearainn i san mbaile, do réir an tseanchusa, agus sé fichid acra 'san tseisrigh. Trí fichid agus trí céad seisreach fearainn i san triocha chéad amhlaidh sin. Ceithre fichid agus ceithre céad agus sé míle seisreach fearainn i san Mídhe uile, do réir an áirimh seo. Is uime gairthear Mídhe dhi, do bhrígh gurab do mhéidhe gach cúigidh do bhean Tuathal Teachtmhar í. Nó is uime gairthear Mídhe dhi, ó Mhídhe mac Bratha, mic Deaghfhatha, príomh-draoi clainne Neimheadh; agus is leis do fadoidheadh an chéid teine i n-Éirinn iar dteacht clainne Neimheadh, agus láimh re h-Uisneach do fhadoidh í. Do bhronnadar clanna Neimheadh an tuaith fearainn bí ann sin dó, agus ó'n draoi sin gairthear Mídhe dhi. Agus ní raibhe d'fhearann 'san Mídhe, mu'n am soin, acht an aon tuaith reamhráidhte, nó gur chuir Tuathal Teachtmhar méidhe nó muinéal gach cúigidh léi, amhail ro ráidhsiom.

 p.114

Do theorantacht na Mídhe ann so ris na cúigeadhaibh, amhail do orduigh Tuathal Teachtmhar; .i. mar théid ó'n Sionainn soir go h-Áthcliath, ó Áthcliath go habhainn Righe, ó abhainn Righe siar go Cluain Connrach, ó Chluain Connrach go h-Áth an Mhuilinn Fhrancaigh, agus go cumar Chluana h-Ioraird, as sin go Tóchar Cairbre, ó Thóchar Cairbre go Crannaigh Ghéisille, go Druim Cuilinn, go Biorra, gus an abhainn d'á ngairthear Abhainn Chara, gus an Sionainn budh thuaidh, go Loch Ríbh, agus na hoiléin uile is leis an Mídhe iad: agus an tSionann go Loch Bó Dearg, as sin go Maothail, as sin go h-Áth-luain, as sin go Sgairbh uachtaraigh, go Druim leathain, go soiche an Mágh, go cumar Chluana h-Eois, go Loch-dá-eun, go Mágh Cnoghbha, go Duibhir, go Linn-átha-an-Daill ar Sliabh Fuaid, go Mágh an Chosnamhaigh i g-Cill-tSléibhe, go Snámh Eugnachair, go Cumar, agus ó Chumar go Life, amhail adeir an seanchaidh:—

  1. Ó Loch Bó Dearg go Biorra,
    ó'n Sionainn soir go fairrge,
    Go cumar Chluana hIoraird,
    's go cumar Chluana hairde.
Trí thriocha deug i gcorp na Mídhe féin, agus cúig triocha i m-Breaghaibh, amhail adeirthear i sna rannaibh seo síos:—
  1. Trí triocha deug 'san Mídhe,
    mar adeir gach aoin-fhile;
    Cúig triocha i m-Breaghmhaigh maith—
    is meamhair é re heolchaibh;
    Críoch Mhídhe inneosad daoibh,
    agus críoch Breagh go mór-ghnaoi;
    Ó Shionainn na n-Garrdha nglan,
    go fairrge—do fheadamar;
    Fir Theathbha ar imeall budh thuaidh,
    agus Cairbre go nglan-bhuaidh;
    Go líon gach saoithe 's gach ndámh,
    fir bhreagh go nuige an Casán.

 p.116

Do ronnadh an Mhídhe d'á éis so, le h-Aodh Oirdnidhe, rí Éireann idir dhá mhac Donnchaidh mic Dómhnaill, (fá rí Éireann roimh Aodh Oirdnidhe); Conchubhar agus Oilioll a n-anmanna. Tug an leath iartharach d'fhior díobh, agus an leath oirthearach do'n fhior eile, ionnus gur lean an roinn sin di ó sin i leith; agus is innte atá an Ríoghphort, Teamhair.

Do roinn cúigidh Chonnacht ann so.

Cúigeadh Chonnacht ó Luimneach go Drobhaois: naoi gcéad baile biadhtaigh atá innte, agus deich dtriocha fichead sin; agus deich mbaile fichead 'san triocha-chéad díobh, agus dá sheisrigh deug fearainn san mbaile. Sé fichid acra san tseisrigh: ocht gcéad agus deich míle seisreach fearainn i g-Connachtaibh uile. Is uime gairthear Connachta dhi: iomarbhaidh draoidheachta tárla idir dhá draoi do Thuathaibh Dé Danann, Cithneallach agus Conn a n-anmanna. Do rad Conn sneachta mór timchioll an chúigidh tré draoidheacht, gonadh de ro hainmnigheadh Connachta, eadhon, sneachta Chuinn. Nó is uime gairthear Connachta, .i. Conn-iochta, eadhon, clanna Chuinn, óir is ionann iocht agus clann: agus do bhrígh gurab iad clanna Chuinn do áitigh an cúigeadh, mar atáid sliocht Eochach Moighmheadhóin, gairthear Connachta dhíobh. Rannais Eochaidh Feidhleach cúigeadh Chonnacht i n-a thrí cotchaibh idir  p.118 thriar. Tug d'Fhidheach mac Féigh, d'fhearaibh na craoibhe, ó Fhidhic go Luimneach. Tug d'Eochaidh Alath, Iorras Domhnann, ó Ghaillimh go Duibh agus go Drobhaois. Tug do Thinne mac Chonnrach, Magh Sainbh, agus sean-tuatha Taoidhean ó Fhidhic go Teamhair Brogha niadh: is í Cruachain a ríoghphort.

Do roinn cúigidh Uladh ann so

Cúigeadh Uladh ó Dhrobhaois go h-Innbhear Cholptha, cúig triocha deug ar fhichid; nó a sé deug ar fhichid atá ann. Naoi bhfichid agus naoi gcéad baile biadhtaigh ann. Trí fichid naoi gcéad agus dá mhíle deug seisreach fearainn i san gcúigeadh so uile. Is uime gairthear Ulaidh dhíobh, ó'n bhfocal so oll-shaith, .i. mór-ionnmhas, d'á chur i gcéill gur móirionnmhasach Ulaidh do thaoibh éisg agus spréidhe. Dearbhaidh an rann so gurab ionann saith agus ionnmhas:—

  1. Ceudaoin luidh Judas tar órd,
    ar lorg deamhan díoghalgharg;
    Ceudaoin ro ghabh saint um shaith;
    Ceudaoin ro bhraith Íosa árd.

Nó is uime ro gaireadh Ulaidh dhíobh, ó Ollamh Fódhla, mac Fiachaidh fionn-scothaigh, amhail dearbhas an rann so:—

  1. Ollamh Fódhla feochair-ghail,
    uaidh ro hainmnigheadh Ulaidh,
    Iar bhfír-fheis Teamhrach na dtreabh,
    is leis ar dtús ro hoirneadh.
Agus Eamhain Mácha agus Aileach Néid a ríoghphoirt.

Do roinn cúigidh Laighean ann so

Cúigeadh Laighean, ó thráigh Innbheir Cholptha go Cumar na dtrí n-Uisge, aoin-triocha deug ar fhichid ann. Deich mbaile  p.120 fichead agus naoi gcéad baile biadhtaigh sin: trí fichid agus céad agus aoin-mhíle deug seisreach i san gcúigeadh so uile. Is uime gairthear Laighin díobh ó na Laighnibh leathan-ghlasa tugsad DubhGhaill leó i n-Éirinn an tan tángadar le Labhraidh Loingseach; ionann, cheana, laighean agus sleagh. Agus do bhrígh go rabhadar na sleagha so go gceannaibh slinn-leathna orra, is uatha ro hainmnigheadh an cúigeadh. Iar marbhadh Chobhthaigh Chaoilmbreágh, rí Éireann i n-Dionnríogh, ro ghabhsad Laighin ainmniughadh. Is d'fhoillsiughadh gurab ó na sleaghaibh seo ro hainmnigheadh Laighin do rinneadh an rann so:—

  1. Dá céad ar fhichid céad Gall,
    go Laighnibh leathna leó anall;
    Ó na laighnibh sin, gan oil,
    díobh ro hainmnigheadh Laighin.

Dá phríomhlongphort do bhí i Laighnibh, i n-a gcleachtadaois a ríoghraidh bheith 'na gcomhnuidhe, eadhon, Dionnríogh agus Nás.

Do roinn cúigidh Eochaidh Abhradruaidh ann so

Cúigeadh Eochaidh Abhradruaidh, ó Chorcaigh agus ó Luimneach soir go Cumar na dtrí n-Uisge; cúig triocha deug ar fhichid ann. Deich mbaile seacht bhfichid agus naoi gcéad baile biadhtaigh atá innte. Sé céad agus dá mhíle deug seisreach fearainn atá 'san Múmhain thoir. Dá ríoghphort comhnuighthe do bhíodh ag ríoghaibh an chúigidh seo, eadhon, Dún g-Crot agus Dún Iasgaigh.

 p.122

Do roinn cúigidh Chonraoi mic Dáire ann so

Cúigeadh Chonraoi mic Dáire ó Bhealach Chonglais [ag Corcaigh] go Luimneach, agus ó Luimneach siar go hiarthar Éireann. Cúig triocha deug ar fhichid ann: a deich, seacht bhfichid, agus naoi gcéad baile biadhtaigh ann sin. Sé céad agus dhá mhíle deug seisreach fearainn atá 'san Múmhain thiar. Dá ríoghphort comhnuighthe do bhíodh ag ríoghaibh an chúigidh seo i n-allód, mar atá, Dún g-Cláire agus Dún Eochair Mháighe.

Dá shliocht do bhíodh i seilbh an dá chúigeadh so Múmhan, mar atá, sliocht Dáirfhine agus sliocht Deirgthine, go haimsir Oiliolla Óloim, do shliocht Deirgthine, do ghabh ceannas an dá chúigeadh, iar n-ionnarbadh Mic Con a h-Éirinn, do bhí do shliocht Dáirfhine. Agus do fhágaibh ceannas an dá chúigeadh ag a shliocht féin ó sin anall; i maille re sealaidheacht, gach re nglún, do bheith ag sliocht Eoghain Mhóir mic Oiliolla Óloim, agus ag sliocht Chorbmaic Cais, (an dara mac d'Oilioll Óloim), i bhflaitheas dá chúigeadh Múmhan.

Na ceithre ríoghphoirt reamhráidhte fá príomh-áruis comhnuighthe do ríoghaibh an dá chúigeadh seo, go haimsir Chuirc mic Luighdheach do bheith i bhflaitheas Múmhan. Óir is re n-a linn frith Caiseal ar dtús; agus is é fá hainm do'n áit re' ráidhtear Carraig Chaisil indiu, Siothdhruim. Do gairthí fós Leac na g-Céad agus Druim Fiodhbhuidhe do'n ionad ceudna, óir do bhádar iomad coillteadh timchioll an  p.124 droma soin i n-aimsir Chuirc. Tangadar, trá, dá mhucaidhe do bhiathadh a dtorc fa choilltibh an droma so mu'n am soin, mar atá mucaidhe rígh Éile, Ciolarn a ainm, agus mucaidhe rígh Mhusgraidhe-tíre, d'á ngairthear Urmhúmha, Duirdre a ainm-siomh, Do bhádar ag aithidhe na tulcha feadh ráithe, gur taisealbhadh dhóibh dealbh budh comhghlan ris an ngréin, agus budh binne ioná gach ceol d'á gcualadar riamh, agus í ag beannachadh na tulcha agus an bhaile, agus ag tairngire Pádraic do theacht ann. Agus is í dealbh do bhí ann, Uictor, aingeal Phádraic féin. Iar bhfilleadh tar a n-ais d'á dtighthibh do na mucaidhibh, nochtaid an nídh seo d'á dtighearnadhaibh féin. Iar rochtain na sceul so go Corc mac Luighdheach, tig gan fuireach go Síothdhruim, agus do rinne longphort ann, d'a ngairthí Lios na laochraidhe; agus ar mbeith 'na rígh Múmhan dó, is ar an gcarraig d'á ngairthear Carraig Phádraic anois do ghlacadh a chíos ríoghdha. Is aire gairthear Caiseal do'n charraig sin, óir is ionann Caiseal agus Cíosáil: áil, iomorro, ainm do charraig; gonadh aire sin gairthear Caiseal, eadhon, carraig an chíosa, do'n áit sin.

Ag so dearbhadh ar an nídh seo, as an duain darab tosach, Caiseal cathair clann Mhógha, do rinne Ua Dubhagáin:—

  1. Corc mac Luighdheach laochdha an fear,
    céid-fhear ro shuidh i g-Caiseal;
    Fa mhúich-chiach do bhí an baile,
    go bhfuair é an dá aodhaire.
    Muicidhe rígh Mhusgraidhe i n-óir,
    Duirdre a ainm 's ní heugcóir;
    'S Ciolarn tre réidhe ruibh,
    muicidhe rígh Éile oirdheirc.
    Is iad fuair fáth an bhaile
    ar dtús i n-Druim Fiodhbhuidhe.
    Druim Fiodhbhuidhe gan locht libh,
    ionmhaine le Corc Chaisil.

 p.126

Do mhionroinn Múmhan ann so

Iar rochtain, iomorro, dá chúigeadh Múmhan do shliocht Oiliolla Óloim, rannaid iad i n-a gcúig rannaibh, ar a dtugthar na Cúig Múmhain. An chéidmhír ar a dtugthar Tuadh-Mhúmha, is é a fad ó Léim Chongculainn go Slighe Dhála, .i. an Bealach mór i n-Osraidhe, agus a tarsna ó Shliabh Eichtghe go Sliabh Eibhlinne. [Agus tar cheann gurab do shean-roinn Chonnacht a bhfuil o Shliabh Eichtghe go Luimneach, maiseadh,] do rinne Lughaidh Meann, mac Aonghusa Tírigh, mic Fir Chuirb, mic Mogha Chuirb, mic Chorbmaic Cais, mic Oiliolla Óloim, fearann claidhimh d'á bhfuil ó Eichtghe go Luimneach agus ó Shionainn siar go Léim Chongculainn, gur chuir leis an Múmhain é: agus is é ainm do gairthí dhe, Gairbh-fhearann Luighdheach, agus do bhíodh sé saor ag Dál g-Cais gan cíos gan cánaigh ó ríoghaibh Éireann. An dara mír Ur-Mhúmha, is é a fad ó Ghabhran go Cnámhchoill ag Tiobruid Árann, agus a tarsna ó Bhéarnan Éile go h-Oiléan Uí Bhric. An treas mír, eadhon Meadhon Múmhan, is é a fad ó Chnámhchoill go Luachair Dheaghaidh, agus a tarsna ó Shliabh Eibhlinne go Sliabh Caoin. An ceathramhadh mír, Deas-Mhúmha, is é a fad ó Shliabh Caoin go fairrge budh dheas. An cúigeadh mír Iar-Mhúmha, is é a fad ó Luachair Dheaghaidh go fairrge siar, agus a tarsna ó Ghleann ua Ruachta go Sionainn.

 p.128

Do réir Bhreasail Uí Threasaigh, an tan do roinneadh an Mhúmha 'na cúig míribh, do bhíodh cúig aicme 'san mír, agus cúig buidhne 'san aicme, agus cúig céad fear infheadhma 'san mbuidhin. Agus dá meastaoi neart Éireann uile an tan soin, is éigcneasta baramhail na druinge do shaoil go bhféadfadh an Romhánach le “legion” nó le dá “legion”, Éire do chur fa ghion gai agus claidhimh [dó féin]; agus Éireannaigh do shíor 'na ndaoinibh gaisgeamhla.

Is uime gairthear Múmha do'n dá chúigeadh so Múmhan, .i. gurab mó, do bhrígh gurab mó í ioná aon chúigeadh eile d'Éirinn. Óir atáid cúig triocha deug agus fiche i ngach cúigeadh do'n dá chúigeadh so Múmhan, agus gan an oiread soin i n-aon chúigeadh eile i n-Éirinn. Óir, ar son go n-áirmhthear a sé deug agus fiche i gcúigeadh Uladh, ní raibhe acht a trí deug agus fiche innte go haimsir na gcúigeadhach. Óir is é Cairbre Nia Fear rí Laighean do léig trí triocha-chéad do Laighnibh, (mar atá ó Loch an Chóigidh go fairrge), le cúigeadh Uladh, i gcomaoin inghine Chonchubhair mic Neasa d'faghbháil 'na mnaoi dhó, amhail adéaram d'á éis so i gcorp na stáire.

Cúig triocha agus naoi bhfichid triocha céad i n-Éirinn uile: deich mbaile agus dá fhichid, cúig céad agus cúig míle baile biadhtaigh atá innte: sé céad, agus sé míle, agus trí fichid míle seisreach fearainn innte, do réir sean-ronna na nGaedheal. Tuig, a léaghthóir, gurab mó, fa dhó nó fa thrí, acra do thomhas na n-Gaedheal, ioná acra do roinn Gall anois.

 p.130

Do shuidhiughadh na h-Éireann ann so

Is é suidhiughadh atá ar Éirinn; an Spáin do'n leith thiar-theas di, an Fhrainc do'n leith thoir-theas di, an Bhreatain mhór do'n leith thoir di, Alba do'n leith thoir-thuaidh, agus an t-aigéan do'n leith thiar-thuaidh, agus do'n leith thiar di. Agus ar cuma uighe atá sí dealbhtha, a bonn re h-Albain, soir budh thuaidh, a ceann ris an Spáin, siar budh dheas; agus do réir Mhaginus, ag scríobhadh ar Ptolomeus, is ceithre céime go leith do'n chrios grianda, d'á ngairthear “Zodiacus”, atá i n-a leithead; agus adeir an fear ceudna gurab sé huaire deug agus trí ceathramhna bhíos ar fad 'san ló is faide 'san mbliadhain i san leith is ria budh dheas d'Éirinn, agus ocht n-uaire deug 'san ló is faide i san leith budh thuaidh. Fad na h-Éireann ó Charn Uí Néid go Cloich an Stocáin, agus a tarsna ó'n Innbhear mór go h-Iorrus Domhnann.

Tuig, a léaghthóir, nach tré dhearmad nach luaidhim ann so cuanta, náid cathracha, náid bailte móra Éireann; acht go dtabhair Camden agus na croinicidhe nuadha so a dtuarasgbháil síos go soiléir, agus nach é so áit a gcuirthe síos, acht i dtús gabháltais Gall, lér' horduigheadh iad.

 p.132

4. An ceathramhadh alt

Ag so do chruthughadh an cheud athar ór' fhásamar, eadhon, Ádhamh, agus d'á shliocht go Noe, agus ar sin go clainn clainne Noe, go dtugthar linn craobhsgaoileadh gach aicme d'ár ghabh sealbh Éireann go hiomlán go Noe, agus fós gaol gach druinge dhíobh féin ré' chéile.

Ar dtús do cruthuigheadh Ádhamh an seiseadh lá d'aois an domhain: an cúigeadh bliadhain deug do ré Ádhaimh rugadh Cáin agus a shiur Calmana: an deachmhadh bliadhain fichead do ré Ádhaimh rugadh Abel agus a shiur Delbora: i gcionn céid agus triochad bliadhan do ré Ádhaimh rugadh Séth, do réir na n-Eabhruidheach, amhail léaghtar ag Policronicon.

Ag so d'aois na n-aithreach ó Ádhamh go Noe, agus fad na haimsire ó Ádhamh go dílinn; agus geinealach Noe go h-Ádhamh.

Noe, mac Laimhiach, mic Matusalem, mic Enoch, mic Iareth, mic Malaleel, mic Cainan, mic Enos, mic Shéith, mic Ádhaimh: óir a maireann d'éis na dílinne is do shliocht Shéith iad uile, agus do báitheadh sliocht Cháin uile fa'n dílinn. Agus is é fad ó chruthughadh Ádhaimh go dílinn, do réir na n-Eabhruidheach, sé bliadhna deug a's dá fhichid ar shé céad ar mhíle; gonadh aire sin do ráidh an seanchaidhe an rann so:—

  1. Ceud aimsear an bheatha bhinn,
    ó tá Ádhamh go dílinn;
    Sé bliadhna caogad, rádh nglé,
    ar shé céadaibh ar mhíle.

Ag so mar thig seanchaidhe eile leis an áireamh gceudna:—

  1. Sé bliadhna agus caoga,
    agus sé céad, mar rímhim,
    A's míle, mar áirmhim,
    ó Ádhamh go dílinn.

 p.134

Tig fós úghdar eile re seanchus ar an gcomháireamh gceudna:—

  1. Deich gcéad bliadhan, sé-chéad cáin,
    ar chaogaid, go sé bliadhnaibh,
    Mar rímhim, is rús gan oil,
    ó dhílinn go tús domhain.

Ag so ré gach nduine ór' fhás Noe i san líne díreach:—Ádhamh, triocha ar naoi gcéad; bliadhan; Séth, dá bhliadhain deug ar naoi gcéad; Enós, cúig bliadhna ar naoi gcéad; Cainan, deich mbliadhna ar naoi gcéad; Malaleel, naoi gcéad acht cúig bliadhna d'á n-easbaidh; Iareth, dá bhliadhain, a's trí fichid ar naoi gcéad; Enoch, cúig bliadhna agus trí fichid ar thrí céad; Matusalem, naoi mbliadhna, trí fichid, ar naoi gcéad; Laimhiach, seacht mbliadhna deug, trí fichid, ar sheacht gcéad; Noe, deich mbliadhna, dá fhichid ar naoi gcéad.

Ag so dearbhadh an tseanchaidhe ar ré gach árdathar díobh, amhail léaghtar 'san duain darab tosach:—Athair cháich choimsigh neimhe, ⁊c.:—

  1. Triocha naoi gcéad bliadhan bán,
    Saoghal Ádhaimh re a iomrádh;
    Deich mbliadhna ris sin uile
    Saoghal a mhná mongbhuidhe:
  2. Saoghal Shéith is eol dam sin,
    A dhó-dheug ar naoi gcéadaibh;
    Cúig bliadhna naoi gcéad, ro clos,
    Nó go rug an t-eug Enós:
  3. Deich mbliadhna naoi gcéad, gan gráin,
    Aois mic Enóis, Caináin:
    Naoi gcéad acht a cúig, go mbloidh,
    Saoghal Mhalaleel mór-ghloin;
  4. Dá bhliadain seasgad naoi gcéad,
    Do Iareth ré ndul d'eug; p.136
    Trí céad, seasga, cúig, ro clos,
    D'Enoch ré ndul i bParrthas:
  5. Naoi mbliadhna seasgad, go mbloidh,
    Agus naoi gcéad do bhliadnaibh,
    Is é sin an saoghal, seang,
    Tugadh do Mhatusalem;
  6. Saoghal Láimhiach, luaidhtear leat,
    Seacht gcéad, seachtmhogha, 'sa seacht:
    Saoghal Nóe, niamhghlan a bhloidh,
    Caoga ar naoi gcéad bliadhan.

Mar do chonnairc Dia, 'iomorro, sliocht Shéith ag dul tar a thiomna féin, mar do aithin díobh gan cumasg ná cleamhnas do dhéanamh re sliocht Cháin cholaigh, agus ná'r choiméad siad an fógradh soin, do chuir dílinn do bháthadh na ndaoine uile, acht Noe agus a bhean d'arbh' ainm Coba, agus a thriar mac, Sem, Cham, agus Iafeth, agus a dtriar ban, Olla, Olibha, agus Olibhana: óir níor chumaisg Noe re sliocht Cháin, agus do bhí sé fíreunta. iar dtrághadh [na] dílinne, rannais Noe trí ranna an domhain idir a thrí macaibh, amhail adeir an seanchaidhe:—

  1. Sem ro ghabh i n-Asia n-áit;
    Cham go n-a chlainn 'san Afraic;
    Iafeth uasal agus a mhic,
    Is iad ro ghabh an Eoraip.

Do chraobhscaoileadh an triair mac soin ór' geineadh an dá chinéal deug agus trí fichid do bhí ag tógbháil an tuir.

Seacht mic fichead ag Sem, um Arfaxat, um Asur, um Persius; agus is d'á shíol sin na h-Eabhruidhe. Triocha mac ag Cam, agus is díobh sin Cus agus Canaan. A cúig-deug  p.138 ó Iafeth, agus is díobh sin Gomer agus Magog. Ag so rann ag dearbhadh na gcinéal úd, do chin ó thrí macaibh Noe:—

  1. Triocha mac mín, monor nglé,
    Cinsiod ó Cham mac Noe;
    A seacht fichead fil ó Shem,
    A cúig deug ó Iafeth.

Ó Iafeth do chinsiod mórán do lucht na h-Asia, agus lucht na h-Eorpa uile. Do shliocht Mhagog mic Iafeth lucht na Scíthia, agus go háirithe na treabha do ghabh Éire iar ndílinn ria macaibh Mhíleadh, amhail foillseocham i ngabhálaibh Éireann iar ndílinn. Gidheadh, cuirfeam síos ann so ar dtús, do ghabhálaibh Éireann ria ndílinn, do réir droinge re seanchus, sul luaidhfeam na fíor-ghabhála do rinneadh uirre d'éis dílinne.

5. An cúigeadh alt

Do ghabhálaibh Éireann ria ndílinn ann so síor

I. Adeirid drong gurab iad teora hingheana Cháin cholaigh do áitigh í ar dtús; gonadh d'á dhearbhadh sin do chuireas rann as an duain darab tosach fuaras i Saltair Chaisil ann so síos:—

  1. Trí hingheana Cháin chain,
    Maraon re Seth mac Ádhaimh,
    Adchonnairc an m-Banbha ar dtús:
    Is meamhair liom a n-iomthús.

 p.140

Adeir leabhar Droma Sneachta gur bh' Banbha ainm na céid inghine ro ghabh Éire ria ndílinn, agus gurab uaithe gairthear Banbha d'Éirinn. Trí chaoga ban tángadar ann, agus triar fear: Ladhra ainm fir díobh, agus is uaidh ainmnighthear Árd Ladhrann. Dá fhichid bliadhan dóibh 'san inis, go dtárla galar dóibh, gur eugsad uile re haoin-tseachtmhain. Dá chéad bliadhan iar sin Éire fás, folamh, gan aoinneach beo innte, gonadh iar sin táinig an díle.

II. Adeirid drong eile gurab triar iascaireadh do seoladh le hanfadh ngaoithe ó'n Easpáin, go haimhdheonach; agus mar do thaithin an t-oiléan riu gur fhillsiod ar cheann a mban do'n Easpáin; agus iar dteacht ar a n-ais dóibh go h-Éirinn arís, do fearadh an díle dóibh ag Tuaigh-Innbhir, gur báitheadh iad: Capa, Laighne, agus Luasad, a n-anmanna. Is dóibh ro canadh an rann:—

  1. Capa, Laighne is Luasad grinn,
    Bhádor bliadhain ria ndílinn,
    For inis Banbha na mbágh,
    Bhádor go calma comhlán.

III. Adeirthear, trá, gurab í Ceasair inghean Bheatha mic Noe, táinig innte ria ndílinn, gonadh dó do rónadh an rann:—

  1. Ceasair inghean Bheatha bhuain,
    Dalta Sabhaill mic Nionuaill,
    An chéid bheanchalma ro chinn
    D'inis Banbha ré ndílinn.

 p.142

Madh áil, iomorro, a fhios d'fhaghbháil creud tug go h-Éirinn í: Bioth do chuir teachta go Noe, d'fhios an bhfuighbheadh féin agus a inghean Cesair ionad i san áirc d'á gcaomhnadh ar dílinn; ráidhis Noe nach fuighbhidís. Fochtais Fionntain an gceudna, agus ro ráiadh Noe nach fuighbheadh. Téid Bioth, Fionntain, Ladhra agus an inghean Cesair i gcómhairle iaramh. “Déantar mo chómhairle-se libh,” ar Cesair. “Do-ghéantar,” ar siad. “Maiseadh,” ar síse, “tabhraidh láimhdhia chugaibh, agus adhraidh dhó, agus tréigidh Dia Noe.” Iar sin tugsad láimhdhia leo, agus adúbhairt [an láimhdhia] riu loingeas do dhéanamh, agus triall ar muir: gidheadh níor bh'fheas dó cá tráth do thiocfadh an díle. Do rinneadh long leo, as a haithle, agus téidhid ar muir. Is é líon do chuadar innte triar fear, eadhon, Bioth, Fionntain, agus Ladhra:— Cesair, Barrann, agus Balbha, agus caoga inghean i maille riu. Seacht mbliadhna agus ráithe dhóibh ar muir, gur ghabhsad cuan i n-Dún na mbárc i gcrích Chorca Dhuibhne, an cúigeadh lá deug d'eusga, amhail adeir an seanchaidhe:—

  1. Is ann do ghabhadar port
    Ag Dún na mbárc, an bantracht,
    I g-Cúil Cheasrach i g-Crích Chairn,
    An cúigeadh deug Dia Sathairn.
Agus dá fhichid lá ria ndílinn sin amhail adeirthear:—
  1. Dá fhichit lá ria ndílinn,
    Táinig Cesair i n-Éirinn,
    Fionntain, Bioth, is Ladhra luinn,
    Is caoga inghean áluinn.

 p.144

[Tig file eile leis an nidh gceudna mar a n-abair 'san rann so:—

  1. Do luidh a n-oir Cesair,
    Inghean Bheatha an bhean,
    Go n-a caogaid inghean,
    Agus go n-a triar fear.]

Lucht [aon] loinge do bhádar ar an eachtra soin go Dún na mbárc. Táinig Cesair, ⁊ líon na loinge sin i dtír ann sin [mar atá caoga ban ⁊ triar fear, .i. BiothFionntainLadhra, amhail a dubhramar]. Fá hé an Ladhra soin ro ráidhsiom ceud mharbh Éireann do réir na droinge adeir ná'r ghabhsad lucht ar bith Éire ria ndílinn acht Cesair agus a drong táinig lé; agus is uaidh ainmnighthear Árd Ladhrann. Ó Bhioth ainmnighthear Sliabh Beatha, ó Fhionntain ainmnighthear Feart Fionntain ós Tultuinne i n-Dúthaigh Aradh, láimh re Loch Deirgdheirc; ó Cheasair ainmnighthear Carn Ceasrach i g-Connachtaibh. Triallaid ar sin go Bun Suaimhne, eadhon, Cumar-na-dtrí-n-Uisge, áit a bhfuil suaineamh Siuire agus Feorach agus Bearbha. Rannaid ann sin a gcaoga inghean i dtrí rannaibh eatorra. Rug Fionntain Cesair leis, agus seacht mná deug i maille ria: rug Bioth Barran leis, agus seacht mná deug eile 'na farradh: agus rug Ladhra Balbha, go sé mnáibh deug mar an gceudna leis, go ráinig Árd Ladhrann, go bhfuair bás ann. Fillis Balbha agus a sé mná deug go Cesair arís. Cuiris Cesair sceula go Bioth. Tig Bioth d'fhios Fhionntain, gur roinnsiod na sé mná deug soin leathach eatorra. Rug Bioth a chuid féin díobh leis go Sliabh Beatha i dtuaisceart Éireann,  p.146 agus níor chian as a haithle gur eugastair ann. Dála na mban so Beatha, tigid d'fhios Fhionntain iar sin, gidheadh, teithis Fionntain rómpa i Laighnibh, tar Bun Suaimhne, tar Sliabh g-Cua, i g-Ceann Feabhrad Sléibhe Caoin, agus láimh chlé re Sionainn soir go Tultuinne, ós Loch Deirgdheirc. Téid Cesair go n-a bantracht go Cúil Ceasrach i g-Connachtaibh, gur bhris a croidhe tre bheith i n-iongnais a fhir, agus tré eug a hathar agus a bráthar; agus ní raibhe uaithe go dílinn ann sin acht sé láithe. Gonadh d'á dheimhniughadh sin do ráidheadh an rann so:—

  1. Is iad sin—iar n-uair bhfeachta—
    A n-oigheadha, a n-imtheachta;
    Ní raibhe acht seachtmhain namá,
    Uatha gus an gceathracha.

IV. Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, nach mor stáir fhírinnigh chuirim an gabháil seo síos, ná aon ghabháil d'ár luaidheamar go ró so; acht do bhrígh go bhfuaras scríobhtha i sein-leabhraibh iad. Agus fós ní thuigim cionnus fuaradar na seanchadha sceula na ndrong adeirid do theacht i n-Éirinn ria n-dílinn, acht munab iad na deamhain aerdha do bhíodh 'na leannánaibh sídhe aca re linn a mbeith págánta tug dóibh iad: nó munab i leacaibh cloch fuairsiod scríobhtha iad iar dtrághadh na dílinne, dámadh fíor an sceul; óir ní ionráidh gurab é an Fionntain úd do bhaoi rés an dílinn do mhairfeadh d'á héis, do bhrígh go bhfuil an Scrioptúir 'na aghaidh, mar a n-abair  p.148 nach deachaidh do'n droing daonna gan báthadh, acht ochtar na háirce amháin, agus is follus ná'r dhíobh sin éisean. Is neimhfhíor an suidhiughadh atá ag droing do seanchadhaibh ar Fhionntain do mharthain re linn dílinne, mar a n-abraid gur mhairsiod ceathrar i gceithre háirdibh an domhain re linn na dílinne, mar atá Fionntain, Fearón, Fors, agus Andóid. Gidheadh, a léaghthóir, ná meas gurab í so ceudfaidh na muinntire is úghdardha 'san seanchus. Uime sin, cuiridh úghdar d' áirithe an nidh so romhainn i laoidh, d'á fhoillsiughadh nach tig sé le fírinne an chreidimh a rádh go mairfeadh Fionntain nó ceachtar do'n triar eile iar ndortadh dílinne, agus roimpe. Ag so an laoidh:—

  1. Anmann ceathrair ceart ro chinn,
    Do fhágaibh Dia fo dhílinn
    Fionntain, Fearón, Fors caomh cóir,
    Agus Andóid mac Eathóir.
  2. Fors i n-oirthear thoir do dhligh;
    Fearón re huardha an éididh;
    Fionntain re fuineadh go beacht,
    Agus Andóid re deisceart.
  3. Gé áirmhid seanchadha sin,
    áirmheann Canóin cubhuidh,
    Acht Noe do bhí i n-áirc 's a chlann,
    'S a mná fuair caomhna a n-anman.

Is tuigthe as sin nach ceudfaidh choitcheann do na seanchadhaibh uile aon díobh so do mharthain d'éis dílinne: gidheadh, dá n-abradh aon tseanchaidhe, mar chaomhna ar chlaonadh an chreidimh, gur báitheadh Fionntain fear mar chách fó'n dílinn,  p.150 agus gur haithbheodhuigheadh é le Dia, d'á éis sin, do chaomhna agus do choiméad imtheachta na sean, go n-a sceulaibh, go haimsir Phádraic, agus iar sin go haimsir Fhinnéin Maighe Bile; ní thuigim cionnus budh féidir a choimh-iongantach so do nídh do ceilt ar feadh na h-Eorpa, agus a mhionca, re linn Fhinnéin, agus ó sin i leith, do chuadar dronga dearsgnuighthe do dhiadhairibh agus d'fheallsamhnaibh, agus mórán do dhaoinibh eolcha eagnuidhe eile a h-Éirinn fo chríochaibh oirrdhearca Eorpa do mhúnadh cléire agus coimhtonól, agus do theagasg scol gcoitcheann: agus a rádh nach biadh ar a lorg deisciobal éigin le' bhfúigfidhe laoidh nó litir i n-a mbiadh luadh nó iomradh ar Fhionntain, agus a mhionca do scríobhadar neithe eile atá re n-a bhfaicsin indiu; agus fós nach faicim iomradh air i bprímhleabhraibh barántamhla; agus saolim, d'á réir sin, nach fuil acht finnsceul filidheachta i san stáir d'fhaisnéidhfeadh Fionntain do mharthain ria ndílinn, agus 'na diaidh. Gidheadh, ní abraim nach raibhe duine críonna cianaosda ann ria dteacht Phádraic go h-Éirinn, agus gur mhair sé iomad do chéadaibh bliadhan, agus gach nídh budh cuimhneach leis gur fhaisnéid do Phádraic é; agus fós gach beuloideas d'á bhfuair ó n-a shinnsearaibh ar na haimsearaibh do chuaidh roimhe: agus measaim go raibhe a shamhail sin do sheanóir ann d'á ngairthí Tuan mac Cairill do réir droinge re seanchus, agus do réir droinge eile Roanus, eadhon Caoilte mac Rónáin, do mhair tuilleadh agus trí chéad bliadhan, agus do nocht mórán  p.152 seanchusa do Phádraic, amhail is follus i n-Agallaimh na Seanórach; agus is ar Chaoilte is cóir Roanus, nó Ronánus do thabhairt. Óir ní léaghtar i leabhar ar bioth do sheanchus Éireann, go ngairthí RoanusRonánus d'Fhionntain; acht gidh air do bheir Cambrens, mar gach bréig eile d'á chlaoinsheanchus, é: agus amhail do chuir-sean Roanus síos i n-a chroinic i n-áit Ronánus, scríobhaidh gach aon do na Nua-Ghallaibh scríobhas ar Éirinn Roanus ar lorg Chambrens mar ainm ar Fhionntain, do brígh gurab é, Cambrens, is tarbh tána dhóibh le scríobhadh saoibh-sheanchusa ar Éirinn, ar an adhbhar nach fuil a mhalairt do threoraidhe aca. Is córaide a mheas gurab ar Chaoilte do-bheirthear Ronánus, mar chuirid sean-úghdair síos idir oibreachaibh Phádraic gur scríobh sé Historia Hiberniae ex Roano seu Ronáno: is é, iomorro, sloinneadh an úghdair is gnáth do chur ós cionn gach oibre d'á scríobhann neach, mar is follus do gach léaghthóir chleachtas úghdair do léaghadh.

Agus ní fíor do Hanmer i n-a chroinic mar adeir gurab mór an meas atá ag Gaedhealaibh ar sceulaibh Fhionntain, d'á ngaireann seiseann Roanus, mar adeirid gur folchadh fa dhílinn é, agus gur mhair 'na diaidh tuilleadh agus dá mhíle bliadhan go rug ar Phádraic, agus gur ghabh baisdeadh uaidh, agus gur nocht iomad seanchusa dhó, agus go bhfuair bás i gcionn bliadhna iar dteacht Phádraic i n-Éirinn, agus gur hadhnaiceadh láimh re Loch Ríbh i n-Ur-Mhúmhain é, mar a bhfuil teampoll ar n-a ainmniughadh, nó ar n-a bheannughadh i n-a ainm, agus go bhfuil fós ar n-a ainmnuighadh i measg naomh Éireann. Gidheadh, is follus nach dubhairt seanchaidhe riamh, agus fós nachar fhágaibh scríobhtha an nídh seo adeir Dochtúir Hanmer. Óir atáid triar re a luadh ann so i riocht aon  p.154 duine, mar atá Fionntain, d'á ngaireann Cambrens Roanus, .i. Caoilte mac Rónáin do baisdeadh lé Phádraic agus tug iomad seanchusa dhó; agus Ruadhan, d'ár beannuigheadh Lothra i n-Ur-Mhúmhain, láimh re Loch Deirgdheirc, agus ní láimh re Loch Ríbh atá mar adeir Hanmer; agus Tuan mac Cairill. Ní leanfam nídh-sa-mhó do bhreugaibh Hanmer, nó an bharánta atá aige: agus fós measaim gurab i riocht an fhocail seo Ronánus do scríobh Cambrens Roanus ar dtús, agus gur fhágaibh gan leasughadh ag a lorgairidhibh ó sin i leith é.

6. An seiseadh alt.

I. Do'n cheud ghabháil do rinneadh ar Éirinn ann so

Do réir droinge do na seanchadhaibh táinig óglaoch do mhuinntir Nin mic Béil(d'ár bh'ainm Adhna mac Beatha) d'fhios na h-Éireann i dtimchioll seacht bhfichid bliadhan d'éis dílinne, gidheadh ní fada an cómhnuidhe do rinne innte. Luidh ar gcúl d'fhaisnéis an oiléin ad-chonnairc d'á choibhneasaibh, agus páirt nó méid éigin d'fheur na h-Éireann leis, amhail léaghtar i san duain darab tosach, Fuaras i Saltair Chaisil, ⁊c. [ag so mar adeir an duain]:—

  1. Adhna mac Beatha go gcéill,
    Laoch do mhuinntir Nin mic Béil,
    Táinig i n-Éirinn d'á fiss,
    Gur bhean fér i bh-Fidh-inis:
  2. Rug leis lán a dhuirn d'á fér,
    Téid for gcúl d'innisin sgél,
    Is í sin gabháil ghlan ghrinn,
    Is girre seal fuair Éirinn.

 p.156

Gidheadh, ní mheasaim go ndleaghair gabháil do thabhairt ar eachtra an fhir seo, do bhrígh nach déarna sé cómhnuidhe innte: agus uime sin gurab í gabháil Phartholóin ceud ghabháil is córa d'aireamh uirre d'éis dílinne.

II. Do'n chéid phríomh-ghabháil do rinneadh ar Éirinn d'éis dílinne, .i. gabháil Phartholóin ann so

Do bhí Éire, iomorro, fás trí chéad bliadhan d'éis dílinne, go dtáinig Partholón mac Sera mic Srú mic Easrú mic Fraimint mic Fáthachta mic Magóg mic Iafeth, d'á gabháil; do réir mar dogheibhthear i san duain darab tosach, Ádhamh athair sruith ár slógh, ⁊c. [amhail asbeart an file]:—

  1. Trí chéad bliadhan iar ndílinn,
    Is sgél fíre mar rímhim,
    Ba fás Éire uile ógh,
    Nó go dtáinig Partholón.

Measaim, d'á réir sin, gurab dá bhliadhain ar fhichid sul rugadh Abraham táinig Partholón i n-Éirinn, agus gurab eadh fá haois do'n domhan d'á réir sin mu'n am so, míle, naoi gcéad, agus trí fichid agus ocht mbliadhna deug; amhail adeir an rann so:—

  1. A hocht seachtmhoghad céim glan,
    Míle agus naoi gcéad bliadhan,
    Ó ré Ádhaimh chuanna, chain,
    Go gein Abráim ár n-Athair.

Gidheadh, ní fírinneach ceudfaidh na muinntire adeir gurab i gcionn dá bhliadhan ar mhíle d'éis dílinne táinig Partholón i n-Éirinn, agus iad ag a admháil gurab i n-aimsir Abraham táinig innte, agus gurab é Abraham an t-ochtmhadh glún  p.158 amháin ó Shem mac Noe; agus Sem féin d'áireamh. Óir ní cosmhail go gcaithfídhe tuilleadh agus míle bliadhan re linn seacht nglún d'éis na dílinne: uime sin measaim gurab fírinnighe an cheudfaidh thosaigh ioná an cheudfaidh dhéidheanach, agus, d'á réir sin, is inmheasta gurab i gcionn trí chéad bliadhan [d'éis na dílinne] táinig Partholón i n-Éirinn.

As an n-Gréig mheadhonaigh, .i. Migdonia, ro ghluais Partholón. Is é raon i n-ar' ghabh, tré mhuir dToirrian, do Shisilia, agus láimh dheas ris an Easpáin go ráinig Éire. Dá mhí go leith bhí ar fairrge, gur ghabh cuan i n-Innbhear Sgéine i n-iarthar Mhúmhan, an ceathramhadh lá deug i mís Mai. Is dó do ráidheadh an rann so; [amhail adeir an file]:—

  1. An ceathramhadh dég for Mháirt,
    Do chuireadar a saor-bháirc
    Isin phurt iath-ghlan ngorm nglé,
    I n-Innbhear sgiath-Ghlan Sgéine.

Ag so an bhuidhean táinig le Partholón go h-Éirinn, agus le n-a mhnaoi, Dealgnaid a hainm: a dtriar mac, .i. Rughruidhe, Slángha agus Laighlinne, go n-a mnáibh, agus míle do shluagh i maille riu, do réir Nennius, amhail leaghtar i Saltair Chaisil.

Is é ionad i n-ar' áitigh Partholón ar dtús i n-Éirinn, i n-Inis Saimhér láimh re h-Éirne. Is aire ro hainmnigheadh Inis Saimhér di; measchú nó coiléan con bhaoi ag Partholón d'ár bh'ainm Saimhér; agus ro marbhasdair í tré eud re n-a mhnaoi, do rinne míghníomh re n-a giolla féin Tódhga; agus  p.160 an tráth do choirigh Partholón í, ní taithleachas do rinne, acht adubhairt gur chóra aithbhior na hainbheirte sin do bheith air féin ioná uirrese; agus ro ráidh na briathra so:—“A Phartholóin,” ar sí, “an saoilir gurab fhéidir bean agus mil do bheith i gcómhghar d'á chéile, leamhnacht agus leanbh, biadh agus fial, feoil agus cat, arm nó oirnéis agus saor, nó fear agus bean i n-uaigneas, gan cumasg ar a chéile dhóibh”; agus ráidhis an rann:—

  1. Mil la mnaoi, leamhnacht la mac,
    Biadh la fial, carna la cat,
    Saor istigh agus faobhar,
    Aon la haon is ró-bhaoghal.

Iar gclos an fhreagartha sin do Phartholón, meuduighthear a eud de, gur bhuaileasdair an measchoin fa lár go ros marbh í; gonadh uaithe ainmnighthear an inis-se. Céid eud Éireann sin d'éis dílinne. Gonadh dó do ráidheadh an rann so:—

  1. Buailis an rí coin na mná,
    Dia bhois — níor bho béd go mba;
    Marbh an cú fri séidbéd seang,
    Ba hé sin céid éd Éireann.

An seachtmhadh bliadhain iar ngabháil Éireann do Phartholón, fuair an céid fhear d'á mhuinntir bás, .i. Feadha mac Tortan, ó ráidhtear Magh Feadha.

Is í cúis um a dtáinig Partholón i n-Éirinn, tré mar do mharbh sé a athair agus a mháthair, ag iarraidh ríghe d'á  p.162 bhráthair, go dtáinig ar teitheadh a fhionghaile, go ráinig Éire, gonadh aire sin do chuir Dia pláigh ar a shliocht lé'r marbhadh naoi míle re haoin-sheachtmhain díobh i m-Beinn Eadair.

Áirmhid cuid do na húghdaraibh gabháil eile ar Éirinn roimhe Partholón, mar atá gabháil Chíocail mic Nil mic Gairbh mic Ughmhóir a Sliabh Ughmhóir, agus Lot Luaimhneach a mháthair. Dá chéad bliadhan dóibh ar iasgach agus ar eunlaith go teacht Phartholóin i n-Éirinn, gur fearadh cath Mhaighe h-Iotha eatorra; i n-ar' thuit Cíocal, agus i n-ar' díothuigheadh Fomhóraigh le Partholón. I n-Innbhear Domhnann do ghabh Cíocal go n-a mhuinntir cuan i n-Éirinn: sé longa a líon; caoga fear agus caoga ban líon gacha loinge dhíobh. Is dóibh ro ráidhtear:—

  1. Seachtmhadh gabháil ro dus gabh
    Airior Éireann na n-árd-mhágh,
    Le Cíocal gcríonchosach gann
    Uas fhaithchibh Innbhir Domhnann:
  2. Trí chéad fear líon an tslóigh
    Táinig a hiathaibh Ughmhóir,
    Nó gur scaradh iad iar soin,
    Ar n-a sleachtadh re seachtmhain.

Seacht locha do bhrúcht i n-Éirinn i n-aimsir Phartholóin, eadhon, Loch Measg i g-Connachtaibh, tar Máigh Leargna do mhoidh: i gcionn trí mbliadhan d'éis catha do thabhairt do Chíocal, do bhrúcht Loch Con fá thír, agus Mágh Cró ainm an mháighe tar a dtáinig: Loch Deicheat i gcionn dá bhliadhan deug iar dteacht do Phartholón i n-Éirinn. Bliadhain iar sin fuair an ceathramhadh taoiseach d'á mhuinntir bás, .i.  p.164 Slángha, agus is ag Sliabh Slángha do hadhnaiceadh é. I gcionn bliadhna iar sin tomhaidhm Locha Laighlinne i n-Ua mac Uais Breagh, .i. Laighlinne mac Phartholóin: agus an tan do bhí a fheart ag a thógbháil, do mhoidh an loch [fa thír; is de sin goirthear Loch Laighlinne dhi]. I gcionn bliadhna iar sin, tomhaidhm Locha hEachtra idir Sliabh Modhairn agus Sliabh Fuaidh i n-Oirghiallaibh. Iar sin tomhaidhm Locha Rudhruighe i n-ar' báitheadh é féin: 'san bhliadhain cheudna tomhaidhm Locha Cuan.

Ní fuair Partholón ar a chionn i n-Éirinn acht trí locha agus naoi n-aibhne: anmanna na loch, Loch Luimnigh i n-Deas-Mhúmhain, Loch Foirdhreamhain ag Tráigh Lí ag Sliabh Mis 'san Mumhain, agus Fionnloch Ceara i n-Iorrus Domhnann i g-Connachtaibh. Is dóibh ro ráidheadh an rann so [amhail adeir an file]: —

  1. Trí locha aidhbhle ammais,
    Agus naoi n-aibhne n-iomhais;
    Loch Fordhreamhain, Loch Luimnigh,
    Fionnloch iar n-imlibh Iorrais.

Ag so na haibhne: — Buas, idir Dhál n-Áruidhe agus Dál Riada, eadhon an Rúta; Rurthach, .i. Abhann Life, idir Uibh Néill agus Laighnigh; Laoi, i Múmhain tré Mhuscraidhe go Corcaigh; Sligeach; Samhaoir; Muaidh i g-Connachtaibh re  p.166 h-Uibh bhFiachrach an tuaiscirt; Moghorn i d-Tír Eoghain; Fionn idir Chinéal Eoghain agus Tír Chonaill; agus Banna idir ; agus Eille: amhail adeirthear i san duain darab tosach, A chaomha Chláir Chuinn chaoimh-fhinn: —

  1. Muaidh, Sligeach, Samhaoir sloinne,
    Buas buinne a bladhaoibh beinde,
    Moghorn, Fionn go ngné ngalla,
    Banna idir agus Elle.
Nó fós i san duain darab tosach, Adhamh athair sruith ár slógh: ⁊c.—
  1. Laoi, Buas, Banna, Bearbha bhuan,
    Samhaoir, Sligeach, Moghorn, Muaidh,
    Is Life i Laighnibh maille,
    Ag sin iad na sean-aibhne.

I gcionn cheithre mbliadhan iar dtomhaidhm Murthola, fuair Partholón bás ar Sheanmháigh Ealta Eadair, agus is ann ro hadhnaiceadh é. Is uime gairthear Seanmhágh dhe nach fásadh coill riamh air; agus is uime gairthear Mágh n-Ealta dhe fós, gurab ann tigdís eunlaith Éireann d'á ngrianghoradh. I gcionn triochad bliadhan iar dteacht Phartholóin i n-Éirinn, do eug sé. Adeirid drong re seanchus gurab dá mhíle agus sé chéad agus ocht mbliadhna fichead aois domhain an tan fuair Partholón bás; gidheadh, is eadh mheasaim, do réir gach neith d'á ndúbhramar romhainn, gurab sé bliadhna agus ceithre fichid ar naoi gcéad ar mhíle ó thús  p.168 domhain go bás Phartholóin. Adeirid drong eile gurab fiche bliadhan agus cúig chéad ó bhás Phartholóin go támh a mhuinntire; gidheadh, atá ceudfaidh choitcheann na seanchadh 'na aghaidh sin, mar a n-abraid nach raibhe 'na fásach acht deich mbliadhna fichead bhaoi ó bhás muinntire Phartholóin go teacht Neimheadh innte; amhail adeir an [file 'san] rann so:—

  1. Ré triochad bliadhan beachta,
    Ba fás fri fianaibh feachta,
    Iar n-eug a sluaigh fri seachtmhain
    'Na n-ealtaibh ar Maigh n-Ealta.

Tig Cormac naomhtha mac Cuileannáin leis an nídh gceudna i Saltair Chaisil, mar a n-abair gurab trí chéad bliadhan bhaoi ó theacht Phartholóin i n-Éirinn go támh a mhuinntire. Tig an file Eochaidh Ua Floinn leis, mar an gceudna, do réir an rainn seo:—

  1. Trí céad bliadhan, cia ad féisidh,
    Ós déisibh diamhra duasaigh,
    Do'n ghasraidh ghléibhinn gnásaigh
    For Éirinn fhásaigh, uasail.

As gach nídh dhíobh so, ní hinchreidte an drong adeir go raibhe tuilleadh agus cúig chéad bliadhan ó bhás Phartholóin go támh a mhuinntire; agus ní hinmheasta go mbiadh Éire ar áitiughadh an comhfhad sin, agus gan do dhaoinibh innte acht cúig mhíle fear agus ceithre mhíle ban.

 p.170

III. Ag so an roinn do rónsad ceithre mic Phartholóin ar Éirinn; agus is í ceud-roinn Éireann í

Er, Orba, Fearón, agus Feargna, a n-anmanna; agus bhádar ceathrar a gcomhanmann so ag macaibh Mhíleadh, amhail chuirfeam síos i n-a ngabháltas féin.

Ó Aileach Néid thuaidh go h-Áthcliath Laighean, cuid Eir.

Ó'n Áthcliath ceudna go h-Oiléan Árda Neimheadh, d'á ngoirthear Oiléan Mór an Barraigh indiu, cuid Orba.

Ó'n Oiléan Mór go Meadhraidhe ag Gaillimh, roinn Fhearóin.

Ó Áthcliath Meadhraidhe go h-Aileach Néid, cuid Fheargna: — amhail adeir Eochaidh Ua Floinn 'sna rannaibh seo; agus fá hé árd-ollamh Éireann re filidheacht é i n-a aimsir:—

  1. Ceathrar mac ba gríobhdha glór,
    Do phríomh-chlainn ag Partholón;
    Do ghabh le' chéile fa sheol
    Treabha Éireann gan aithcheodh.
  2. Níor shoirbh do'n ríoghraidh a roinn,
    Inis Éireann 'na haon-choill,
    Cnuas gar i ngach lios re a linn;
    Fuair gach fear fios a chuibhrinn.
  3. Er a sinnsear ba saor sódh,
    Suairc a chuid, cian gan claochlódh;
    Ó Aileach Néid, iath gan feall,
    Go h-Áthcliath Laighean láin-teann.
  4. Ó Áthcliath Laighean, léim lir,
    Go h-Oiléan Árda Neimheadh,
    Gan doghra, níor thais a threoir,
    Cuid Orba, d'iath a chineoil.
  5.  p.172
  6. Ó'n áth a bhfuair Neimheadh níoth
    Go Meadhraidhe na móir-chríoch,
    Fáth deagh-shóidh gan aga ann,
    Cuid Fearóin, fada an fearann.
  7. Ó Mheadhraidhe, fada fós,
    Go h-Aileach Néid go ndeagh-nós;
    Tórainn da leanam 's gach eing,
    Fuair Feargna, fearann fairseing.
  8. I n-Éirinn féin, ní fáth fill,
    Rugadh na tréinfhir tuirbhim,
    Dream saor, fá bunata bládh,
    Ba caomh curata an ceathrar.

IV. Do Mhuinntir Phartholóin ann so.

Ag so anmanna na dtreabhthach do bhí aige, eadhon, Tóthacht, Trén, Iomhas, Aicheachbhél, Cúl, Dorcha, agus Damh. Anmanna na gceithre ndamh do bhí aca, .i. Liag, Leagmhagh, Iomaire, agus Eitrighe. Beoir ainm an fhir tug foighdhe nó aoidheacht uaidh ar dtús i n-Éirinn. Breagha, mac Seanbhotha, do rinne comhrac aoinfhir ar dtús i n-Éirinn. Samaliliath do rinne an ceud ól corma innte. Fios, Eolas, agus Fochmhorc a thriar druadh. Macha, Mearan, agus Muicneachán a trí tréinfhir. Biobhal agus Beabhal a dhá cheannaidhe. Bhádar deich n-ingheana agus deich gcleamhnaidhe ag Partholón.

7. An seachtmhadh alt.

Do'n dara gabháil do rinneadh ar Éirinn ann so, eadhon, gabháil clainne Neimheadh

Do bhí, iomorro, Éire fás triocha bliadhan d'éis táimh sleachta Phartholóin, go dtáinig Neimheadh mac Agnomain, mic Paimp, mic Tait, mic Seara, mic Srú, mic Easrú,  p.174 mic Fraimint, mic Fathachta, mic Magog, mic Iafeth, d'á háitiughadh. Óir is do chlainn Mhagog gach gabháil d'ár' ghabh Éire iar ndílinn. Ag Srú mac Easrú scaras Partholón agus Clanna Neimheadh re' raile; agus ag Seara scaraid Fir bolg, Tuatha Dé Danann, agus mic Míleadh. Agus is Scoitbheurla do bhí ag gach cineadh dhíobh. Is follus sin as an uair táinig Ioth mac Breogáin i n-Éirinn; óir is tré Scoitbheurla do labhair féin agus Tuatha Dé Danann re' raile, agus adubhradar gurab do shliocht Mhagog iad, leath ar leith. Adeir drong eile gurab do shliocht an mhic do fhágaibh Partholón thoir (Adhla a ainm) do Neimheadh. Is é raon i n-ar' ghabh Neimheadh ag teacht i n-Éirinn dó, ó'n Scitia ar an bhfairrge gcaoil atá ag teacht ó'n aigéan d'á ngairthear Mare Euxinum, is í is teora idir an leath thiar-thuaidh do'n Asia agus an leath thoir-thuaidh do'n Eoraip; agus ar an roinn thiar-thuaidh do'n Asia atáid Sléibhte Riffe, do réir Pomponius Mela, i gcomhroinn na caol-mhara do luaidheamar agus an aigéin tuaisceartaigh. Tug láimh ndeir do Shléibhte Riffe, go ndeachaidh 'san aigéan budh thuaidh; agus láimh chlí do'n Eoraip go ráinig i n-Éirinn. Ceithre longa deug agus fiche líon a chobhlaigh, agus deichneabhar agus fiche i ngach loing díobh.

Starn, Iarbhoinel Fáidh, Ainninn, agus Fearghus Leithdhearg, anmanna ceithre mac Neimheadh.

 p.176

Ceithre loch-mhadhmanna i n-Éirinn i n-aimsir Neimheadh, eadhon, Loch m-Breunainn ar Magh n-Asail i n-Uibh Nialláin, Loch Muinreamhair ar Magh Sola i Laighnibh: i gcionn deich mbliadhan iar rochtain Éireann do Neimheadh, ro ling Loch Dairbhreach agus Loch Ainninn ar Maigh Mór i Mídhe. Óir an tan do clasadh feart Ainninn, is ann do ling Loch Ainninn. Is do dhearbhadh gurab i n-aimsir Neimheadh ro mhuidhsiod na locha so, do rinneadh an rann so:—

  1. Ceithre locha fo linn lóir
    Do bhrucht tar Fhodhla bhfíor-mhóir:—
    Loch Dairbhreach, Loch m-Breunainn mbinn,
    Loch Muinreamhair, Loch n-Ainninn.

Is túsga do eug bean Neimheadh i n-Éirinn ioná Ainninn,— Mácha a hainm; agus an dara bliadhain deug iar dteacht i n-Éirinn dóibh, fuair an Mhácha so bás; agus fá híse ceudmharbh Éireann iar dteacht Neimheadh innte. Agus is uaithe ainmnighthear Árd Mácha, óir is ann do hadhnaiceadh í. Do tógbhadh dá ríoghráith le Neimheadh i n-Éirinn, eadhon Ráith Chinneich i n-Uibh Nialláin, agus Ráith Ciombaoth i Seimhne. Ceithre mic Mhadáin Mhuinreamhair d'Fhomhórchaibh do thógaibh Raith Chinneich i n-aon ló, Bog, Robhog, Ruibhne, agus Rodan a n-anmanna: agus do mharbh Neimheadh ar a bhárach iad i san maidin, i n-Daire Lighe, d'eagla go gcinnfidís ar thógháil na rátha arís; agus do hadhnaiceadh ann sin iad.

Ro sleachtadh dá mhaigh deug a coill le Neimheadh i n-Éirinn, eadhon, Magh Ceara, Magh Neara, Magh Cúile Toladh, Magh Luisg i g-Connachtaibh, Magh Tochair i d-Tír  p.178 Eoghain, Leacmhagh 'san Múmhain, Magh m-Breasa i Laighnibh, Magh Lughadh i n-Uibh Tuirtre, Magh Seiriodh i d-Teathbha, Magh Seimhne i n-Dál nÁruidhe, Magh Muirtheimhne i m-Breaghaibh, agus Magh Mácha i n-Oirghiallaibh.

Do bhris Neimheadh trí catha ar Fhomhórchaibh, eadhon, loingsigh do shliocht Chaim ro thriall ó'n Aifric; táinig ar teitheadh go hoiléanaibh iarthair Eorpa, agus do dhéanamh gabháltais dóibh féin, agus ar teitheadh ré sliocht Seim d'eagla go rachadh aca orra, a los na mallachta do fhágaibh Noe ag Cam ó' dtángadar, ionnus gur mheasadar, ó bheith i n-imchian uatha, iad féin do bheith innill ó smacht sleachta Seim: go dtángadar, uime sin, go h-Éirinn, gur briseadh na trí catha reamhráidhte orra; eadhon, cath Sléibhe Bádhna, cath Ruis Fraocháin i g-Connachtaibh, i n-ar' thuit Gann agus Geanann, dá thaoiseach na bh-Fomhórach, agus cath Murbhuilg i n-Dál Riada, eadhon, an Rúta, áit i n-ar' thuit Starn mac Neimheadh le Conaing mac Faobhair a Leitheadh Lachtmhaighe. Do chuir fós cath Cnámhrois i Laighnibh, mar ar' cuireadh ár bhfear Éireann um Artur mac Neimheadh, eadhon, mac rugadh i n-Éirinn dó; agus um Iobcán mac Stairn mic Neimheadh. Gidheadh, is le Neimheadh ro briseadh na trí catha so for Fhomhórchaibh, amhail dearbhaid na rainn seo síos:—

  1. Do bhris Neimheadh,—niamhdha a neart,—
    Ro sáitheadh a leacht, dar liom,
    Gann agus Geanann dia ghreis,
    Attrochair leis, ceann a gceann.
  2.  p.180
  3. Geanann re Neimheadh ba sgíth
    A leacht fríth, ga leacht is mó
    Le Starn mac Neimheadh anall
    Torchair Gann, agus ní gó.
  4. Cath Murbhuilg, é ró chuir,
    Go ro-dluigheadh, ro ba dúr;
    Do mhuidh re Neimheadh na n-arm,
    Gion go dtáinig Starn ar gcúl.
  5. Re cath Cnámhrois, do bhí an-all,
    Is mór ann do chíorbhadh cnis;
    Artúr, Iobcán torchair ann
    Acht gidh ann ar Gann do bhris.

Iar sin fuair Neimheadh bás do thámh i n-Oiléan Árda Neimheadh, i g-Crích Liatháin 'san Múmhain, d'á ngoirthear Oiléan Mór an Barraigh: agus dá mhíle do dhaoinibh i maille ris, idir fhear agus mnaoi.

Baoi daoirse agus dochraide mór as a haithle sin ar chlainn Neimheadh ag Fomhórchaibh, ag díoghailt na gcath do bhris Neimheadh orra. Morc, iomorro, mac Deileadh, agus Conaing mac Faobhair, ó' ngairthear Tor Conaing i n-imeal Éireann thuaidh, ag a raibhe loingeas, agus iad 'na gcómhnuidhe i d-Tor Conaing, d'á ngairthear Toirinis, ag tabhach cíosa ar chlannaibh Neimheadh: agus ba hé méid an chíosa soin dá dtrian clainne, eatha, agus bleachta fear n-Éireann do thiodhlacadh dóibh gacha bliadhna Oidhche Samhna go Magh g-Céidne idir Drobhaois agus Éirne. Is uime gairthear Magh gCéidne dhe, ar a mhionca do beirthí an cháin gus an Magh gceudna.

Do bhí tuilleadh daoirse ag Fomhórchaibh ar chlannaibh Neimheadh, eadhon, trí lán-sluaisde as gach aoin-teallach i  p.182 n-Éirinn, d'uachtar bainne, do mhin cruithneachta, agus d'im, do bhreith go Morc agus go Conaing go Toirinis; agus ban-mhaor d'á ngairthí Liagh, ag tabhach na cána soin seachnóin Éireann gonadh do'n cháin sin do ráidheadh an rann so:—

  1. An cháin sin ro cumadh ann,
    Trí liacha nocha lán-ghann;
    Liach uachtair bainne bleachta,
    Is liach mine cruithneachta,
    An treas fiach,—linne ba lonn,—
    Liach ime uaisde d'annlann.

Gabhais, tra, fearg agus loinne fir Éireann tré thruime an chiosa agus na cána soin, ionnus go ndeachsad do chathughadh ris na Fomhórchaibh. Is aire do gairthí Fomhóraigh dhíobh, eadhon, ó n-a mbeith ag déanamh fóghla ar muir: Fomhóraigh .i. fomhuiribh.

Bhadar, tra, trí deagh-laoich ag Clannaibh Neimheadh 'san ionbhuidh seo, eadhon, Beothach, mac Iarbhoineoil fháthaigh mic Neimheadh; Fearghus Leithdhearg mac Neimheadh; agus Earglan mac Beoáin mic Stairn mic Neimheadh, go n-a dhá bhráthair, eadhon, Manntán agus Iarthacht: agus ba hé a líon, triocha míle ar muir, agus an uimhir cheudna ar tír, amhail foillsigheas an rann so:—

  1. Trí fichid míle, —modh nglé,—
    Ar tír agus ar uisge;
    Is é líon lodor ó a dtoigh,
    Clanna Neimheadh do'n toghail.

Ro toghladh an tor ann sin, agus tuitis Conaing go n-a chlainn le clannaibh Neimheadh. Iar sin tug Morc mac Deileadh lucht trí bhfiche long ó'n Afraic go Toirinis, go  p.184 dtug cath do chlannaibh Neimheadh, gur comhthuitsiod leath ar leith, agus gur báitheadh gach aon ná'r marbhadh dhíobh, acht Morc agus beagán d'á bhuidhin do ghabh sealbh an oiléin; óir níor mhothuighsiod an fhairrge ag teacht fútha re dúire an chathuighthe, ionnus nach teurna do chlannaibh Neimheadh (an mhéid do bhí 'san gcathughadh so dhíobh) acht lucht aon-bháirce i n-a raibhe triocha tréin-fhear, um triar taoiseach, eadhon, Simeon Breac mac Stairn mic Neimheadh; Iobáth mac Beothaigh mic Iarbhoineoil Fáidh, mic Neimheadh, agus Briotán Maol, mac Fhearghusa Leithdheirg mic Neimheadh, amhail adeir an rann:—

  1. Acht aon-bhárc go n-a lucht lór,
    Ní theurna dhíobh, líon a slógh,
    Simeon, agus Iobáth bil,
    Is Briotán Maol, 'san loing sin.

Iar dteacht ó'n gcoinbhliocht sin dóibh, is í comhairle ar ar' chinnsiod, triall a h-Éirinn do theitheadh ré hanbhroid na bh-Fomhórach. Bhádar seacht mbliadhna ag a n-ullmhughadh re hucht na heachtra so, agus ullmhuighthear loingeas leis gach taoiseach dhíobh, agus téidhid foireann do'n droing táinig le Neimheadh i n-Éirinn, agus d'á shliocht, leis gach fear do na taoiseachaibh reamhráidhte; agus anaid drong díobh d'á n-éis i n-Éirinn, eadhon, deichneabhar laoch do fhágbhadar ag gabháil ceannais an iarmhoir do chlannaibh Neimheadh do fhágsad fa mhóghsaine na bh-Fomhórach ag a háitiughadh go haimsir Fear m-Bolg.

Téid taoiseach do'n triar thuas [go bhfoirinn leis], mar atá, Simeon Breac mac Stairn, do'n Ghréig, eadhon, go Tracia; is ann bhádar fo dhaoire, agus is uaidh tángadar Fir Bolg, amhail adéaram d'á éis so.

 p.186

Téid an dara taoiseach, eadhon, Iobáth mac Beothaigh, i gcríochaibh tuaiscirt na h-Eorpa; agus adeirid drong re seanchus gurab go “Boetia” do chuaidh: is uaidh do shíolsad Tuatha Dé Danann.

Téid an treas taoiseach, eadhon, Briotán Maol go bhfoirinn leis go Dobhar agus go h-Iardhobhar i dtuaisceart Alban, gur áitigh féin agus a shliocht 'na dhiaidh ann. Is é líon cobhlaigh bhádar na taoisigh seo clanna Neimheadh ar an eachtra so, idir loing, báirc, curachán, agus naomhóig, triocha ar chéad ar mhíle eathar.

Acht cheana, do bhí Briotán Maol, mac Fhearghusa Leithdheirg, mic Neimheadh, agus a lorg, ag áitiughadh tuaiscirt na h-Alban go ndeachadar Cruithnigh, eadhon Picti, a h-Éirinn d'áitiughadh Alban i n-aimsir Éireamhóin. Adeir Cormac naomhtha mac Cuileannáin i n-a Shaltair, gurab ó Bhriotán gairthear Britannia do'n oiléan d'á ngairthear Breatain Mhór indiu; agus atá seanchus Éireann teacht leis air sin, amhail adeir an duain darab tosach Adhamh athair sruith ár slógh, mar a n-abair:—

  1. Luidh Briotán tar muir, gan mheirg,
    Mac fial Fhearghusa leith-dheirg;
    Breathnaigh uile, buaidh go mbloidh,
    Uaidh, gan ghaoi, ro gheinsiodar.
Tig úghdar eile leis air sin mar a n-abair:—
  1. Briotán Maol, mac na flatha,
    Saor an sliocht-rámh tar sreatha,
    Mac an Leithdheirg do'n Leagmhoigh
    Ó' dtád Breathnaigh an bheatha.

 p.188

Is córaide a mheas sin do bheith fírinneach, nach inmheasta gurab ó Brutus gairthear í: óir dámadh uaidh, is cosmhail gurab “Brutania” do gairfidhe dhi; agus fós is mó do múchadh a hainm le clainn Brutus, do réir Monomotensis, mar go dtug Laegrus mac Brutus Laegria d'ainm ar an mír ráinig é féin do'n Bhreatain; Camber, an dara mac do Brutus tug Cambria mar ainm ar an mír ráinig é féin di; agus Albanactus an treas mac do Brutus tug Albania d'ainm ar a chuid féin do'n chrích cheudna.

Dála an iarmhair do chlannaibh Neimheadh, do fhuirigh ag áitiughadh Éireann d'éis na dtaoiseach soin; bhádar ag a gcomhmbuaidhreadh ag Fomhórchaibh ó aimsir go haimsir, go rochtain do shliocht Shimeoin Bric mic Stairn mic Neimheadh i n-Éirinn ó'n n-Gréig. Seacht mbliadhna deug ar dhá chéad ó theacht do Neimheadh i n-Éirinn go dteacht Fhear m-Bolg innte, amhail dearbhas an rann so:—

  1. Seacht mbliadhna deug is dá chéad
    Re a n-áireamh, ní hiomairbhrég,
    Ó tháinig Neimheadh a n-oir,
    Tar muir go n-a mhór-mhacaibh
    Go dtángadar clanna Stairn
    As an n-Gréig uathmhair, athghairbh.

8. An t-ochtmhadh alt.

Do ghabháil Fhear m-Bolg ann so

Iar mbeith do shliocht Simeoin Bric [mic Stairn mic Neimheadh] 'san n-Gréig, eadhon, Tracia, amhail adubhramar, ro fhásadar gur bho líonmhar an lucht do bhí ann díobh. Gidheadh,  p.190 do chuirsiod Greugaigh daoirse agus dochraide mhór orra, eadhon, a mbeith ag tochailt na talmhan, ag tógbháil úire, agus ag a hiomchar i mbolgaibh nó i sacaibh leathair re a gcur ar chreagaibh cloch, go beith 'na húir ionthorthaigh dhi. Ghabh atuirse mór agus miosgais re Greugaibh iad tre san mbroid a rabhadar aca: agus leis sin ro comhairligheadh aca an dochraide sin d'fágbháil. Gabhaid cúig míle le chéile dhíobh iar gcinneadh ar an gcomhairle sin dóibh, agus do-ghníd bárca do na bolgaibh, nó do na tiachaibh leathair a mbídís ag tarraing na húire: nó is iad loingeas rígh Greug do ghadsad amhail adeir Cin Droma Sneachta, go dtángadar ar a n-ais go h-Éirinn an sliocht so Simeoin Bhric mic Stairn i gcionn seacht mbliadhan ndeug ar dá chéad d'éis Neimheadh do ghabháil Éireann.

Ag so na taoisigh bhádar orra an tan soin, eadhon, Sláinghe, Rughruidhe, Gann, Geanann, agus Seanghann, eadhon, cúig mic Deala, mic Lóich, mic Teachta, mic Triobuait, mic Othoirb, mic Goistean, mic Oirtheachta, mic Simeoin, mic Argláin, mic Beoáin, mic Stairn, mic Neimheadh, mic Aghnamain, ⁊c. A gcúigear ban sin, Fuad, Eudar, Anust, Cnucha, agus Liobhra, a n-anmanna: agus is dóibh do ráidheadh:—

  1. Fuad, bean Shláinghe —ní cam libh
    Eadar, bean do Ghann go ngail,
    Anust, bean Sheangháin na sleagh,
    Cnucha, fa bean Gheanoinn ghloinn
    Liobhra bean Rughruidhe ar ród,

  2. ⁊c.

Cúig míle líon an tslóigh táinig leo; deich longa fichead ar chéad ar mhíle, idir loing, báirc, curachán, agus  p.192 naomhóig, áireamh a loingis, amhail foillsighid na rainn seanchusa so i n-ár ndiaidh:—

  1. Deich longa fichead ar chéad,
    Agus míle—nocha brég—
    Is é líon táinig a n-oir,
    Sláinghe maith go n-a slóghaibh
  2. Rob iomdha Fir Bolg, gan bréig,
    Ag toigheacht dóibh as an n-Gréig;
    Maith dream nachar malla amach,
    Nochar bho cranda an cobhlach.
  3. Dia ceudaoin do chuadar siar,
    Tar muir dtroimleathain d-Toirrian;
    Reimhios trí lá ar bhliadhain bháin,
    Go riachtadar go h-Easpáin:
  4. As sin dóibh go h-Éirinn áin,
    Seoladh iongar a h-Easpáin:
    Méte ann ó chách gan a chleith,
    Reimhios trí dtráth for a deich.
Rannaid an cúigear taoiseach so Éire i gcúig rannaibh eadarro, amhail adeir an rann so:—
  1. Cúig taoisigh i dtús an tsluaigh.
    Rannsad i gcúig Banbha mbuain;
    Geanann, Rughruidhe, réim glé,
    Gann, Seanghann, agus Sláinghe.

Do ghabh Sláinghe (ó ráidhtear Innbhear Sláinghe ag Lochgarman, sóisear na clainne) cúigeadh Laighean ó Innbhear Colptha ag Droicheadátha go Cumar na dtrí n-Uisge, agus míle líon a shluaigh. Gabhais Gann ó Chumar na dtrí n-Uisge go Bealach Chonglais, agus míle líon a shluaigh. Gabhais Seanghann ó Bealach Chonglais go Luimneach, agus míle líon a shluaigh. Gabhais Geanann cúigeadh Chonnacht, ó Luimneach go Drobhaois, agus míle líon a shluaigh. Gabhais Rughruidhe  p.194 cúigeadh Uladh, eadhon, ó Drobhaois go Droicheadátha, agus míle líon a shluaigh.

Is do na taoiseachaibh seo go n-a bhfoirnibh gairthear Fir Bolg, Fir Domhnann, agus Gaileoin. Fir Bolg, iomorro, ó na bolgaibh leathair do bhíodh aca 'san n-Gréig, ag iomchar úire d'á cur ar leacaibh loma go ndéandaois mágha míonscothacha fó bhláth dhíobh. Fir Domhnann ó na doimhne do thochlaidís i n-úir re n-a hiomchar d'Fhearaibh Bolg. Gaileoin, tra, ó na gáibh ro hainmnigheadh iad; do bhrígh gurab iad do bhíodh a n-arm ag cosnamh cháich an tan do bhídís ag déanamh a bhfeadhma; agus ó na gáibh nó ó na sleaghaibh fá hairm dhóibh ro hainmnigheadh iad.

Tuig, a léaghthóir, gurab aon ghabháil [do rinne an cúigear mac sin Deala], agus gurab i n-aoin sheachtmhain tángadar i n-Éirinn, [mar atá] Sláinghe Dia Sathairn i n-Innbhear Sláinghe, Gann agus Seanghann an Mháirt iar sin i n-Iorrus Domhnann, Geanann agus Rughruidhe an Aoine as a haithle, i d-Trácht Rughruidhe. Ar Shláinghe go n-a mhuinntir do beirthear Gaileoin. Ar Ghann agus ar Sheanghann go n-a muinntir do beirthear Fir Bolg; agus ar Gheanann agus ar Rughruidhe do beirthear Fir Domhnann. Agus adeirid cuid do na seanchadhaibh gurab i n-Innbhear Domhnann (i n-iarthuaidh re cúigeadh Chonnacht) tángadar an dias so i dtír go dtrian an tsluaigh, agus gurab uatha gairthear Innbhear Domhnann: gidheadh, gairthear Fir Bolg go coitcheann díobh uile. Sé bliadhna deug ar fhichid fad flaitheasa Fhear m-Bolg ar Éirinn; agus níor ghabh neach  p.196 d'ár' gaireadh ainm áirdrígh i n-inis rómpa; gonadh d'á dhearbhadh sin do rinneadh an rann so i n-ár ndiaidh:—

  1. Sé bliadhna dég is dá dheich,
    Fir Bolg ós Banbha d'éin-leith,
    Go toighiocht Tuatha Dé do'n dream,
    Gor ghabhsad uile Éirinn.

9. An naomhadh alt.

Do na céid ríoghaibh ro ghabh flaitheas Éireann; agus do gach righ 'na ndiaidh d'ár ghabh í, do réir oird na n-aimsear agus na ngabháltas, ann so síos.

Do ghabh Sláinghe mac Deala mic Lóich flaitheas Éireann bliadhain, go bhfuair bás i n-Dionn Righ, d'á ngairthear Dumha Sláinghe: agus dob' éisidhe céid rí Éireann riamh; agus fós ba hé ceud mharbh Éireann d'Fhearaibh Bolg é.

Do ghabh Rughruidhe mac Deala mic Lóich ríoghacht Éireann dá bhliadhain, gur thuit i san m-Brugh ós Bóinn.

Do ghabh Gann agus Geanann ríoghacht Éireann ceithre bliadhna, gur eugsad do thámh i bh-Fréamhainn Mídhe.

Do ghabh Seanghann an ríghe cúig bliadhna, gur thuit le Fiachaidh Ceinnfhionnán.

Do ghabh Fiachaidh Ceinnfhionnán mac Stairn mic Rughruidhe mic Deala mic Lóich an ríghe cúig bliadhna, gur thuit le Rionnal mac Geanainn mic Deala mic Lóich. Ceinn-fhionna do bhíodh ar fhearaibh Éireann re n-a linn: is aire ro hainmnigheadh Ceinnfhionnán de.

Do ghabh Rionnal ríoghacht Éireann sé bliadhna, gur thuit le Foidhbghein mac Seanghainn mic Deala mic Lóich.

 p.198

Do ghabh an Foidhbghein seo an ríghe ceithre bliadhna go dtorchair le h-Eochaidh mac Eirc i Maigh Muirtheimhne.

Do ghabh Eochaidh mac Eirc mic Rionnail mic Geanainn an ríghe deich mbliadhna. Ní raibhe fearthain ná doinionn re a linn, ná bliadhain gan meas agus toradh. Is i n-a aimsir do cuireadh eugcóir agus aindligheadh Éireann ar gcúl, agus do horduigheadh dlighthe dearbhtha dearsgnaighthe innte. Do thuit an t-Eochaidh seo le trí macaibh Neimheadh mic Badhraoi (Ceasarb, Luamh, agus Luachra a n-anmanna) i gcath Maighe Tuireadh. Is é an t-Eochaidh seo fá rí Fhear m-Bolg ré dteacht Tuaithe Dé Danann i n-Éirinn. Is í fá ríoghan dó, Taillte inghean MhadhmóirEaspáine, agus i d-Tailltinn do hadhnaiceadh í, gonadh uaithe ro hainmnigheadh Taillte. Nuadha Airgeadlámh fá rí an tan soin ar Thuathuaibh Dé Danann. Is imchian baoi an cath so Maighe Tuireadh ag a chur idir an dá rígh reamhráidhte. Gidheadh do briseadh ar Eochaidh agus ar Fhearaibh Bolg fa dheoidh, gur marbhadh Eochaidh agus go dtorchair céad míle d'á mhuinntir ó Mhaigh Tuireadh go Tráigh Eothuile. I san gcath so do beanadh a lámh do Nuadha Airgeadlámh, go raibhe ag a léigheas seacht mbliadhna, gur cuireadh lámh n-airgid air, gonadh de ro hainmnigheadh Nuadha Airgeadlámh dhe.

An beagán d'Fhearaibh Bolg teurna as an gcath so, do chuadar ar teitheadh ré Tuathaibh Dé Danann, gur háitigheadh riu Árainn, Íle, Reachrainn, Inse Gall, agus iomad oiléan ar cheana, agus do chomhnuigh siad ionnta go haimsir na gcúigeadhach do bheith i bhflaitheas Éireann gur dhíbirsiod na Cruithnigh, eadhon Picti, as na hoiléanaibh sin iad, go  p.200 dtángadar d'fhios Chairbre Niadh Fir, rí Laighean, go bhfuairsiod fearann ar ghabháltas uaidh. Gidheadh, baoi do throime a gcíosa go ná'r fhéadsad a fhulang. Tiaghaid as sin d'fhios Meadhbha agus Oiliolla, go dtugadar fearann dóibh, gonadh í sin imirce mac n-Ughmhóir. Aonghus mac Ughmhóir fá flaith orra thoir. Is uatha ainmnighthear na fearainn i n-ár' ghabhsad comhnuidhe i n-Éirinn, mar atá Loch Cime ó Chime Ceithircheann, Rinn Thamain i Meadhruidhe, Loch Cútra, Rinn m-Beara Molinn, Dún Aonghusa i n-Árainn, Carn Conaill, i g-crích Aidhne, Magh n-Aghar mic Ughmhóir an fhileadh, Druim n-Asail, Magh Maoin mic Ughmhoir, Loch UairUar] mic Ughmhóir. Agus do ghabhsad dúinte [agus inseadha] mar an gceudna i n-Éirinn, gur díbreadh re Coingculainn, re Conall Cearnach, agus re h-Ultaibh ar cheana iad. Ní háirimhthear rátha do thógbháil, locha do thomhaidhm, náid mágha do bhuain a coilltibh i bhflaitheas bh-Fear m-Bolg. Adeirid drong re seanchus gurab díobh na trí haicmeadha so fil i n-Éirinn nach do Gaedhealaibh, eadhon, Gabhraidhe Shuca i g-Connachtaibh, Uí Thairsidh i gcrích Ua bhFailghe, agus Gaileoin Laighean. Is iad sin imtheachta Fhear m-Bolg, do réir an tseanchaidhe, Thanuighe eolaigh Uí Mhaoilchonaire, i san duain darab tosach an rann so:

  1. Fir Bholg bhádar sonna seal,
    I n-Inis mhóir mac Míleadh;
    Cúig taoisigh tángadar ann,
    Atá liom iul a n-anmann.

 p.202

10. An deachmhadh alt.

Do ghabháil Thuaithe Dé Danann ann so

Ar shliocht an treas taoisigh do shliocht Neimheadh do chuaidh ar eachtra a h-Éirinn iar dtoghail Thuir Conaing, mar atá Iobáth mac Beothaigh, atáid Tuatha Dé Danann; agus is é áit i n-ar háitigheadh riu do réir droinge re seanchus i m-Boetia i dtuaisceart Eorpa. Adeirid drong eile gurab i gcrích Ateniensis, mar a bhfuil cathair na h-Aithne d'ááitigheadar. Tuig, a léaghthóir, gurab san gcrích do'n Ghréig ré' ráidhtear Achaia do réir Pomponius Mela atá Booetia agus cathair na h-Aithne; agus gurab ann d'fhoghluim siad a ndraoidheacht agus a gcéarda go beith cliste i ngach céird gheintlidhe dhóibh.

Tárla mu'n am soin go dtáinig cobhlach mór ó chrích na Siria, do dhéanamh cogaidh ar lucht críche Ateniensis go mbíadh cathughadh laitheamhail eadorra; agus an drong do marbhtaoi do na h-Ateniensis is iad bhíodh ar a bhárach ag cathughadh re lucht na Siria. Tré dhraoidheacht Tuaithe Dé Danann do-ghníthí an siabhradh soin: óir do chuiridís deamhna is na corpaibh ceudna d'á dtoghluasacht. Agus mar thugadar lucht na Siria sin d'á n-aire, téidhid do dhéanamh comhairle re n-a ndraoi féin. Ráidhis an draoi riu, faire do chur ar láthair nó ar ionad an ármhaigh, agus cuaille do bhior caorthainn do sháthadh tré mheidhe gach mairbh do bhíodh ag aitheirghe  p.204 chuca, agus má's deamhna do-ghníodh a gcoirp do thoghluasacht go gclaochluidhfithí i gcrumhaibh fo cheudóir de sin iad; agus damadh é a n-aithbheodhadh dá ríribh do-ghníthí, nach géabhdaois na coirp truailleadh ná claochlódh chuca. Tigid lucht na Siria do chur an chatha ar a bhárach, agus maoidhtear rompa, agus sáithid na cleatha caorthainn tré sna marbhaibh amhail ro ráidh an draoi riu, agus do rinneadh crumha dhíobh do láthair; agus lingid lucht na Siria fótha iar sin d'á n-óirleach.

Dála Thuaithe Dé Danann, mar do chonncadar lucht na Siria ag buadhughadh ar lucht na críche, triallaid ar a n-eagla d'aon bhuidhin as an gcrích sin, agus ní dhearnadar comhnuidhe go rángadar do chrích Lochlonn, eadhon, Fionn-Lochlonnaigh, mar atá lucht na Noruegia, mar a bhfuairsiod fáilte ó lucht na críche ar iomad a n-ealadhan agus a n-ilchéard. Is é fá taoiseach orra 'san am soin, Nuadha Airgeadlámh mac Euchtaigh mic Edarláimh do shliocht Neimheadh. Fuaradar, iomorro, ceithre cathracha re bheith ag múnadh aosa óig na críche sin ionnta. Anmanna na gcathrach ann so: Fáilias, Gorias, Finias, agus Murias. Cuirid Tuatha Dé Danann ceithre saoithe do theagasg na n-ealadhan agus na n-ilchéard baoi aca d'ógaibh na tíre i sna cathrachaibh sin: Semias i Murias, agus Arias i bh-Finias, agus Úrus i n-Gorias, agus Morias i bh-Fáilias. Iar mbeith sealad d'á n-aimsir dóibh i sna cathrachaibh seo, triallaid go tuaisceart Alban, go mbádar seacht mbliadhna ag Dobhor agus ag Iardobhor. Bhádar  p.206 ceithre seoid uaisle aca tugsad as na cathrachaibh sin, mar atá, cloch buadha ó Fháilias; is di gairthear an Lia Fáil: [Agus is í do ghéimeadh fa gach rígh Éireann re mbeith ag a thogha dóibh go haimsir Chonchubhair, agus is do'n chloich sin gairthear i Laidin Saxum fatale. Is uaithe fós gairthear Inis Fáil d'Éirinn; conadh uime sin do rinne seanchaidhe d' áirithe an rann so:—

  1. An chloch atá fám' dhá sháil,
    Uaithe ráidhtear Inis Fáil;
    Idir dhá thráigh thuile thinn,
    Mágh Fáil uile ar Éirinn.]
Ainm eile dhi Cloch na Cinneamhna; óir do bhí i gcinneadh do'n chloich seo, cibé háit i n-a mbeidheadh, gurab duine do Chineadh Scoit, eadhon, do shíol Mhíleadh Easpáine, do bheidheadh i bhflaitheas na críche sin, do réir mar léaghtar ag Hector Boetius i stáir na h-Alban. Ag so mar adeir:—
  1. Cineadh Scoit, saor an fine,
    Mun ba breug an fháisdine,
    Mar a bhfuighid an Lia Fáil,
    Dlighid flaitheas do ghabháil.

Iar n-a chlos do Chineadh Scoit an bhuaidh seo do bheith ar an gcloich, iar ngabháil neirt Alban d'Fhearghus mór mac Earca, agus iar n-a chur roimhe rí Alban do ghairm de féin, cuiris fios i ndáil a dhearbhráthar Muircheartach mac Earca (do shíol Eireamhóin) fá rí Éireann an tan soin, d'á iarraidh air an chloch so do chur chuige re suidhe uirre, re hucht “rí Alban” do ghairm de. Cuiris Muircheartach an chloch chuige, agus do gaireadh “rí Alban” de ar an gcloich gceudna, agus fá héisidhe céid rí Alban do Chineadh Scoit: agus bíodh go  p.208 dtugthaoi ríogha Alban ar chuid do Chruithneachaibh, eadhon, na Picti, sul do ríoghadh Fearghus, ní raibhe aon rí iomlán díobh, gan bheith fó chíos agus fó chánaigh ag ríoghaibh Éireann ó aimsir go haimsir: agus go háiridhe ó aimsir Éireamhóin mic Míleadh i leith, ler' cuireadh na Picti d' áitiughadh na h-Alban as Laighnibh (amhail adéaram i bhflaitheas Éireamhóin) go flaitheas an Fhearghusa so. Dála na cloiche, baoi aca amhlaidh sin sealad aimsire diaidh i ndiaidh go ráinig d'á éis sin go Sacsain, go bhfuil ann anois 'san gcathaoir i n-a ngairthear rí Sacsan, iar n-a tabhairt as Albain go haimhdheonach as mainistir Scón; agus an céid Eadbhard, rí Sacsan tug leis í, ionnus gur fíoradh tairrngire na cloiche sin i san rígh seo againn anois, eadon, an céid rí Séarlus, agus i n-a athair an rí Séamus (táinig do Chineadh Scoit, mar atá, do shliocht Mháine mic Chuirc mic Luighdheach, táinig ó Éibhear mac Míleadh Easpáine), d'ár' ghabhadar gairm ríogh na Sacsan ar an gcloich reamhráidhte.

An dara seod tugsad Tuatha Dé Danann i n-Éirinn an tan soin, eadhon, an claidheamh do chleachtadh Lúgh Lámhfhada, agus a Gorias tugadh é. An treas seod, eadhon, an tsleagh do bhíodh ag an Lúgh gceudna re haghaidh comhloinn, agus a Finias tugadh í. An ceathramhadh seod, coire an Dághdha: ní theidheadh dámh diomdhach uaidh, agus a Murias tugadh. Ag so laoidh as Leabhar Gabhála d' áirithe do shuidhiughadh ar na neithibh ceudna ['san duainse i n-ár ndiaidh]:—

  1. Tuatha Dé Danann na séd suim,
    Áit a bhfuaradar foghluim,
    Rángadar a saoidheacht slán, p.210
    A ndraoidheacht, a ndiabhaltán.
  2. Iarbhoinél fionn, fáidh go bhfeibh,
    Mac Neimheadh mic Agnomáin,
    D'ár' mhac baoth Beothach beartach,
    Fá laoch leothach láinfeartach;
  3. Clanna Beothaigh, beodha a mbládh,
    Rángadar sluagh niadh neartmhar,
    Iar sníomh is iar dtuirrsi dtroim,
    Líon a loingse go Lochlainn.
  4. Ceithre cathracha clú ceart,
    Gabhsad i léim go rói-neart,
    Do chuirdís comhlonn go cas
    Ar fhoghluim, ar fhinneolas.
  5. Fáilias agus Gorias glan,
    Finias, Murias na mór-ghal,
    Do mhaoidheamh madhmann amach,
    Anmanna na mór-chathrach.
  6. Morias agus Euras árd,
    Arias, Simias síor-gharg—
    A ngarmann is luadh leasa—
    Anmann suadh na saoir-leasa.
  7. Morias file Fáilias féin,
    Euras i n-Gorias, maith méin;
    Simias i Murias, dionn deas,
    Arias file fionn Finias.
  8. Ceithre haisgeadha leo anall,
    D'uaislibh Tuaithe Dé Danann:—
    Claidheamh, cloch, coire cumadh,
    Sleagh re haghaidh árd-churadh;
  9. Lia Fáil a Fáilias anall,
    Do gheiseadh fó rígh Éireann;
    Claidheamh lámha Lógha luidh
    A Gorias, rogha rochruidh;
  10. A Finias, tar fairrge i bhfad,
    Tugadh sleagh Lógha ná'r lag;
    A Murias, maoin adhbhal, oll,
    Coire an Daghdha na n-árd-ghlonn.
  11.  p.212
  12. Rí neimhe, Rí na bhfear bhfann,
    Rom' aince, Rí na ríghreann,
    Flaith, 'ga bhfuil fulang na bhfuath,
    Agus cumhong na gcaomh-thuath.

Iomthusa Thuaithe Dé Danann, iar gcaitheamh seacht mbliadhan dóibh i dtuaisceart Alban, tángadar i n-Éirinn; agus iar dteacht i dtír dóibh, Luan Béaltaine, i dtuaisceart Éireann loisgid a longa, gonadh, d'á dhearbhadh sin, do rinneadh an rann so:—

  1. Do loisg gach laoch dhíobh a loing
    Ó do riocht Éire adhmhoill:
    Do budh gleo trom ag a chor
    Ceo na long ag a losgadh.

D'á éis sin cuirid ceo draoidheachta i n-a dtimcheall feadh trí lá go ná'r léir d'aon duine d'Fhearaibh Bolg iad, go rángadar Sliabh an Iarainn. Cuirid as sin teachta uatha go h-Eochaidh mac Eirc agus go maithibh Fhear m-Bolg d'iarraidh ríoghachta Éireann nó catha tar a ceann. Comhmórthar uime sin cath Mhaighe Tuireadh theas idir Fhearaibh Bolg agus Tuatha Dé Danann, gur briseadh an cath ar Fhearaibh Bolg, agus gur marbhadh céad míle dhíobh do réir mar adubhramar thuas.

Deich mbliadhna fichead ó chath Mhaighe Tuireadh theas go cath Mhaighe Tuireadh thuaidh, mar adeir an rann:—

  1. Deich mbliadhna fichead, ro feas,
    Ó chath Mhoighe Tuireadh theas.
    Go cath Mhoighe Tuireadh thuaidh.
    I n-ar thuit Balar an mhór-shluaigh.

 p.214

Adeirid drong re seanchus gurab ó'n triar mac rug Danann, inghean Dealbhaoith, eadhon, Brian, Iuchar, agus Iucharbha, eadhon, triar do chlainn Dealbhaoith mic Ealathan mic Néid, mic Iondaoi, mic Allaoi, mic Tait, mic Tabhairn, mic Enna, mic Bathaigh, mic Iobaith, mic Beothaigh, mic Iarbhoineoil Fháidh, mic Neimheadh, gairthear Tuatha Dé Danann, do bhrígh go rabhadar an triar reamhráidhte coimh-dhearsgnaighthe a's sin i gcéardaibh geintlidhe, gur thoil leis na tuathaibh seo ag a rabhadar dée do ghairm díobh, agus iad féin d'ainmniughadh uatha. Ag so rann deismireachta ag a dheimhniughadh gurab iad an triar so na trí Dée Danann, amhail adeir an duain darab tosach Éistigh a eolcha gan on ⁊c.:—

  1. Brian, Iucharbha, is Iuchar ann,
    Trí dée Tuaithe Dé Danann;
    Marbh iad ag Mana os muir meann,
    Do láimh Lógha, mic Eithneann.

Is ó'n Danann, fá mháthair do'n triar so, gairthear dá chích Dhanann do'n dá chnoch bhfuil i Luachair Dheaghaidh i n-Deas Mhúmhain. Adeirid araile gurab uime gairthear Tuatha Dé Danann díobh, do bhrígh gurab i n-a dtrí ndrongaibh do bhádar ar an eachtra so da ndeachsad a h-Éirinn. An cheud drong díobh, d'á ngairthear Tuath, do bhíodh ar leisg uaisle agus ceannais féadhna: ionann, iomorro, “tuathach” agus “tighearna”, amhail is ionann “tuath” agus “tighearnas”. Is córaide sin do chreideamhain, mar do beirthear dá bhantuathaigh ar Bheuchuill  p.216 agus ar Dhanainn, do bhí 'na mbaintighearnaibh aca: gonadh d'á chur sin i gcéill atá an rann so:—

  1. Beuchuill agus Danann dil,
    Fá marbh an dá bhantuathaigh;
    Feasgor a ndraoidheacht fo dheoigh,
    Le deamhnaibh odhra aieoir.

An dara drong d'á ngairthí dée, mar atáid a ndraoithe, is uime sin adeirthí na trí Dée Danann ris an triar thuas. Is uime do gairthí dée dhíobh ar iongantas a ngníomh ndraoidheachta. An treas drong d'á ngairthí Danann, eadhon, an drong do bhíodh re dánaibh nó re céardaibh, óir is ionann dán agus céard.

11. An t-aonmhadh halt deug.

Do ghabhlughadh na droinge fá huaisle do Thuathaibh Dé Danann ann so síos

Eochaidh Ollathar, eadhon, an Daghdha, Oghma, Eallóid, Breas, agus Dealbhaoith, cúig mic Ealathain, mic Néid, mic Iondaoi, mic Allaoi, mic Tait, mic Tabhairn, mic Enna, mic Báthadh, mic Iobáth, mic Beothaigh, mic Iarbhuineoil Fháidh, mic Neimheadh, mic Aghnomoin.

Manannán mac Allóid, mic Ealathan, mic Dealbhaoith.

Sé mic Dealbhaoith mic Oghma, Fiachaidh, Ollamh, Iondaoi, Brian, Iuchar, agus Iucharbha.

Aonghus, Aodh, Cearmad, agus Mídhir, ceithre mic an Dághdha.

Lúgh mac Céin mic Dianchecht mic Easairg mic Néid mic Iondaoi.

 p.218

Goibhneann [an gabha], Creidhne [an céard], Dianchecht [an liaigh], Luchtaine [an saor], Coirbre an file mac Tara mic Tuirrill.

Beigreó mac Coirbre Chaitchinn mic Tabhairn.

Fiachaidh mac Dealbhaoith agus Ollamh mac Dealbhaoith.

Caichér agus Neachtain dá mhac Namhat mic Eochaidh ghairbh mic Duachdoill.

Siodhmall mac Cairbre chruim, mic Ealcmhair, mic Dealbhaoith.

Éire agus Fódhla agus Banbha, trí hingheana Fhiachach, mic Dealbhaoith, mic Oghma. [Eirnin inghean Eadarláimh, máthair na mban sin.]

Bádhbh, Mácha, agus Móirríoghan a dtrí baindée.

Danann agus Beuchuill an bhantuathaigh, agus Brighit bainfhile.

Ag na bantuathaibh seo bhádar an dá ríoghdhámh, eadhon agus Meann a n-anmanna: is uatha ainmnighthear Mágh Feimhin i san Mumhan. Is aca fós baoi Triath-rí-thorc ó ráidhtear Treitheirne Mumhan.

[Is Cridhinbhéal, Bruinne, agus Casmhaoil na trí cháinte.]

Is iad ro bhris cath Maighe Tuireadh thuaidh ar Fhomhórchaibh, agus [an] cath [roimhe sin i] Maighe Tuireadh theas ar Fhearaibh Bolg. I san gceud chath do beanadh a lámh do Nuadhait, agus a cheann i san gcath ndéidheanach.

 p.220

12. An dara halt deug.

Do ríoghaibh Tuaithe Dé Danann ann so, agus d'fhad a bhflaithis ar Éirinn

Do ghabh Nuadha Airgeadlámh mac Euchtaig, mic Edarláimh, mic Ordan, mic Allaoi, mic Tait, mic Tabhairn, mic Euna, mic Iobáth, mic Beothaigh, mic Iarbhuineoil Fháidh, mic Neimheadh, ríoghacht Éireann triocha bliadhan, gur thuit i gcath Mhaighe Tuireadh thuaidh.

Do ghabh Breas mac Ealathan, mic Néid, mic Iondaoi, mic Allaoi, mic Tait, an ríghe seacht mbliadhna.

Do ghabh Lúgh Lámhfada mac Céin, mic Diancecht, mic Easairg bhric, mic Néid, mic Iondaoi, mic Allaoi, ríoghacht Éireann ceathracha bliadhan. Is é an Lúgh so d'orduigh Aonach Taillteann ó thús, mar chuimhniughadh bliadhna ar Tailltinn inghin Madhmóir, eadhon, rí Easpáine, fá bean d'Eochaidh mac Eirc, rí déidheanach Fhear m-Bolg, agus fá bean iar sin d'Eochaidh Garbh mac Duaich Doill, taoiseach do Thuathaibh Dé Danann. Is leis an mnaoi seo do hoileadh, agus do leasuigheadh Lúgh Lámhfada go beith ionairm dó; agus is mar chuimhniughadh onóra uirre-se d'orduigh Lúgh cluitheadha Aonaigh Taillteann, cóigdhís ré Lúghnasadh, agus cóigdhís d'á héis, i gcosmhaileacht an chluithe d'á ngairthí “Olimpiades”; agus is ó'n gcuimhne sin do-ghníodh Lúgh, gairthear Lúghnasadh do'n cheud lá do challuin “August”, eadhon, násadh nó cuimhniughadh Lúgha,

 p.222

Do ghabh an Daghdha Mór mac Ealatha, mic Dealbhaoith, mic Néid ríoghacht Éireann deich mbliadhna ar thrí fhichid, .

Do ghabh Dealbhaoth mac Oghma Griain Éigis, mic Ealathan, mic Dealbhaoith, mic Néid an ríghe deich mbliadhna, gur thuit le Fiachaidh mac Dealbhaoith.

Do ghabh Fiachaidh mac Dealbhaoith, mic Ealathan an ríghe deich mbliadhna, gur thuit le h-Eoghan i n-Árd m-Bric.

Do ghabhsad trí mic Chearmada Milbheoil mic an Daghdha, eadhon, Mac Cuill, Mac Cécht, agus Mac Gréine a n-anmanna, ríoghacht Eireann triocha mbliadhan; agus adeirid drong re seanchus gurab roinn tréanach do rónsad ar Éirinn, amhail adeirthear i san rann so:—

  1. Gidh Éire iolar míle,
    Rannaid an tír a dtreidhe;
    Airigh uill na n-echt n-uaille,
    Mac Cuill, Mac Cécht, Mac Gréine.

Gidheadh, ní roinn tréanach do bhí eadorra, acht sealuidheacht flaithis, eadhon, gach re mbliadhan ag gach aon díobh ar uainibh, amhail adubhramar thuas i n-anmannaibh na críche seo, . Is uime do gaireadh na hanmanna so do'n triar ríogh soin, do bhrígh gurab Coll, Cécht, agus Grian fá déé adartha dhóibh. Coll, iomorro, fá dia do Mhac Cuill, agus Eathúr a ainm díleas, agus Banbha a bhean. Mac Cécht, tra, Cécht a dhia, Teathúr a ainm, agus Fódhla a bhean. Mac Gréine, iaramh, Grian a dhia, Ceathúr a ainm, agus Éire a bhean.

 p.224

Oirbsean ainm díleas Mhanannáin: is uaidh ráidhtear Loch n-Oirbsean. Óir an tan do tochladh a fheart, is ann do mhoidh an loch fó thír. Is d'fhoillsiughadh an neith seo, do rinneadh na roinn seo síos:—

  1. Eathúr árd fo fuair miodh, garg an fear,
    Coll a dhia, ua an Daghdha 'nar dubh, Banbha a bhean;
    Teathur teann, trén a throid, gér a ghreith,
    Fódhla a bhean mór-n-écht ro druidh, Cécht ro chreid;
    Ceathúr caomh, caomh a lí,fá saor é;
    Éire a bhean, bean fhial í, Grian a dhé.
    Mhanannáin mac Lir ó'n loch, ro sír sreath,
    Oirbsean a ainm, iar gcéd gcloth ég adbhath.

Do réir Saltrach Chaisil, is trí bliadhna teasta do dhá chéd, fad flaithis Tuaithe Dé Danann ar Éirinn. Tig an rann so leis sin:—

  1. Seacht mbliadhna nóchad is céd—
    An t-aireamh sin nocha brég,
    Do Thuaith Dé Danann go ngus
    Ar Éirinn i n-árdfhlaitheas.

13. An treas alt deug.

Do bhunadhas Chlainne Míleadh, d'á n-imtheachtaibh, agus d'á ndálaibh, d'á ngeinealaigh, agus do gach toisg d'á dtárla dhóibh ó Fhéinius Farsaidh anuas go gabháil Éireann dóibh, ann so síos.

Ionnus, iomorro, go dtiocfadh linn bunadhas cinidh Scoit do lorgaireacht go préimh, eadhon, go Iafeth: an dias mac is oirrdhearca do bhí ag Iafeth, mar atá, Gomer agus Magóg.  p.226 Cuiridh Maoise i san deachmhadh caibidil do Ghenesis, mar a ndéin craobhsgaoileadh ar shliocht Iafeth, eadhon, go rabhadar trí mic ag Gomer, mar atá, Ascenez, Riphat agus Togorma: gidheadh, ní ainmnigheann go cinnte clann Mhagóg do réir a n-anmann. Thairis sin, do bhrígh gurab ar sheanchadhaibh cinidh Scoit atá d'fhiachaibh craobhsgaoileadh cinnte na n-uasal do ghein ó Mhagóg do leanmhain, agus go háirithe sleachta Fhéiniusa Farsaidh, cuirfeam síos ann so craobhsgaoileadh sleachta Mhagóg, do réir an Leabhair Gabhála d'á ngairthear Cin Droma Sneachta, agus sul táinig Pádraic i n-Éirinn do bhí an t-úghdar soin ann. Is eadh adeir, go rabhadar triar mac ag Magóg, mar atá, Báath, Iobáth agus Fáthachta. Ó Bháath táinig Féinius Farsaidh, sinnsear sleachta Ghaedhil: ó Iobáth tángadar Amazones, Bactriani agus Parti: ó Fháthachta táinig Partholón , agus Neimheadh mac Agnomain, agus, d'á réir sin, Fir Bolg agus Tuatha Dé Danann Is ar shliocht an Fháthachta so táinig Attila mór, do chuir Pannonia fa n-a smacht, agus baoi cian d'aimsir ag coimhmeasgadh flaithis na Rómha, do scrios agus do dhíbir Aquileia, agus tug iomad ruathar fó'n n-Gearmáin. Is ó'n Scitia fós, do shliocht Mhagóg do réir a mbunadhasa, Zeliorbes, rí na Hunnorum do bhí i gcogadh ar Iustinian Impir. Is ó'n Scitia, trá, tángadar Langobardi, Hungari agus Goti uile. Is ó'n Scitia, mar an gceudna, Dauni ó ráidhtear Daunia 'san Iotáile, agus is é ainm na tíre sin indiu, Apulia. Is ó'n Scitia fós tángadar na Túrcaigh. Cá dtáim ris? adeir Bucananus, lorgaire seandachta  p.228 craobhsgaoilidh an domhain ar aithris Epiphanius gur ghabhadar lucht na Scitia árdfhlaitheas go grod i ndiaidh dílinne, agus go raibhe a bhflaitheas ar marthain go hanfhlaitheas na Babilóine. Adeirid na húghdair ceudna gurab ó'n Scitia dogheibhdís na críocha eile reachta agus dlighthe agus orduighthe, agus fós gurab iad céid chineadh do thionsgain bheith onórach d'éis dílinne iad. Adeir Joannes Boemus 'san naomhadh caibidil do'n dara leabhar ro scríobh do bheusaibh an uile chinidh, ná'r' clódh lucht na Scitia le hárdfhlaitheas ar bioth. Adeir Josephus gurab Magógai ghairid na Greugaigh do lucht na Scitia. Adeir Joannes Nauclerus go dtángadar daoine ar shliocht na Scitia lé' ndéarnadh gníomha rómhóra. Bíodh a fhiadhnaise sin ar Herodotus, 'san gceathramhadh leabhar, mar a n-abair gur dhíbreadar lucht na Scitia Darius rí na Persia as an Scitia go maslaightheach. Bíodh, mar an gceudna, a fhiadhnaise ar Justin i n-a stáir, mar a nochtann d'árrachtas na ngníomh do rónsad lucht na Scitia; ag so briathra an úghdair seo: ‘Do bhádar, (ar sé), do ghnáth lucht na Scitia gan cúmhacht coigcríoch do bhuain riu, ná do bhreith a mbuadh: do dhíbirsiod go maslaightheach Darius rí na Persia as an Scitia; do mharbhsad Círus go líon a shluaigh; do léirscriosadh leó Zopiron taoiseach sluaigh Alexander Mhóir go n-a shluagh; do chualadar neart na Rómhánach, agus níor mhothuigh siad riamh é. {Scythae ipsi perpetuo ab alieno imperio aut intacti aut invicti mansere: Darium regem Persarum turpi a Scythia submovere fuga; Cyrum cum omni exercitu trucidarunt; Alexandri magni ducem Zophyron a pari ratione cum copiis universis deleverunt; Romanorum audivere sed non sensere arma.}’ () As na briathraibh seo is iontuigthe gurab mór an chalmacht agus an chródhacht do bhí i bhfoirinn na Scitia go haimsir an úghdair seo.

Adeir Policronicon i san seachtmhadh caibidil deug ar fhichid do'n chéid leabhar gurab ó'n bhfocal so “Scitia” gairthear  p.230 Scoit do shliocht Ghaedhil Ghlais, agus go bhfios dam ní córa Gaill do thabhairt ar an droing atá ag áitiughadh i n-Éirinn anois, d'á ngairthear Gaill, , eadhon, ó'n bhFrainc do réir a mbunadhasa, ioná Scoit do thabhairt ar Ghaedhealaibh ó Scitia ó' dtángadar féin do réir a mbunadhasa: agus is uime sin gairthear Greugaigh Sciti do shliocht Fáthachta mic Magóg do ghabh flaitheas i n-Gotia, i d-Tracia agus i n-Achaia, , Neimheadh, mac Agnomain, ó' ráidhtear Clanna Neimheadh, Fir Bolg, agus Tuatha Dé Danann, do bhrígh gurab ó'n Scitia do réir a mbunadhasa iad uile: agus measaim gurab uime gairthear Scoit go cinnte do shliocht Ghaedhil mic Niuil mic Féiniusa Farsaidh d'á ráinig árdfhlaitheas na Scitia, agus d'á shliocht 'na dhiaidh, agus gurab é Niul mac tánaise Féiniusa, agus nach fuair comhroinn críche ar bioth, amhail fuaradar comhmbráithre Féiniusa críocha as ar' hainmnigheadh iad féin agus a sliocht. Uime sin d'orduigh Niul d'á shliocht, iad féin d'ainmniughadh as an Scitia, agus Scoit do thabhairt [d'ainm] orra do shior, do bhrigh nach raibhe fearann ar bith 'na sheilbh; agus ná'r fhágaibh a athair acht sochar na n-ealadhan agus na n-ilbheurla mar inmhe aige, iar bhfágbháil ríoghachta na Scitia gan roinn ag Neanual, an mac fá sine ioná Niul.

 p.232

14. An ceathramha dh halt deug.

Ag so síos fo leith go cinnte do'n fhíor-bhun ór' fhásadar aicme Ghaedhil, agus d'á n-imtheachtaib go teacht do Mhacaibh Míleadh i n-Éirinn.

Adeirid cuid do na húghdaraibh Laidne, gurab mac do Argus nó do Cecrops do ghabh flaitheas Argivorum Gaedheal; gidheadh, ní féidir sin do bheith fírinneach, do bhrígh go n-abair S. Augustin gur b' é am do thionnsgain flaitheas na droinge sin an tan rugadh Iacob, i gcionn dá bhliadhan deug agus fiche ar cheithre chéad d'éis dílinne; agus fós, do réir an úghdair cheudna, nach raibhe flaitheas a shleachta sin ar bun acht cúig bliadhna deug ar dhá chéad, agus d'á réir sin, gurab i gcionn seacht mbliadhan ar trí fichid ar sé céad d'éis dílinne do críochnuigheadh flaitheas na haicme sin. Acht cheana, ní féidir sin do bheith fírinneach agus a rádh gurab ó ArgusCecrops do thiocfadh Gaedheal, óir adeir Hector Boetius i stáir na h-Alban, agus fós Leabhair Gabhála Éireann uile gurab re linn Mhaoise do bheith 'san Éigipt i gceannas Clainne Israel do bhí Gaedheal 'san Éigipt. Adeirid, iomorro, na Leabhair Gabhála gurab fo'n am soin rug Scota, inghean Pharao Cincris Gaedheal do Niul mac Féiniusa Farsaidh mic Baath mic Magóg; agus is é am fa'r thionnsgain Maoise ceannas feadhna do dhéanamh ar Chlannaibh Israel 'san Éigipt, i gcionn seacht mbliadhan ndeug agus ceithre fichid ar seacht gcéad, ionnus do réir an áirimh aimsire sin go raibhe tuairim trí chéad bliadhan agus cúig bliadhna agus dá fhichid re a gcois, ó aimsir ArgusCecrops go rugadh Gaedheal, agus, d'á réir sin, níor bh'féidir a bheith 'na mhac ag Argus nó ag Cecrops dó.

 p.234

Cibé adéaradh gurab ó'n n-Gréig do ghluais Gaedheal do'n Éigipt, agus gurab uime adeirthear gurab ó'n Scitia do chuaidh do'n Éigipt, do bhrígh gurab ó thalamh Cetim (mar shaoileas úghdar d' áirithe) do thriall, agus, d'á réir sin, go n-abair gurab ionann Scitia agus iath na sceach: “iath”, iomorro, an tan tuigthear ar son an fhocail seo “fearonn” é, bídh 'th' nó 'dh' 'na dheireadh, mar atáid iath nó iadh, gidheadh, an tan scríobhthar an focal so, Scitia, ní bhí 'c' i n-a lár mar badh cóir 'na shamhail do chomhfhocal, agus fós, ní bhí 'th' nó 'dh' i n-a dheireadh: agus, d'á réir sin, ní fhuil acht baramhail gan barántas a mheas gurab ionann Scitia, do réir sanasáin Gaedhilge, agus talamh na sceach.

Is lag, mar an gceudna, an suidhiughadh ar Ghaedheal do theacht ó'n n-Gréig do réir a bhunadhasa, a rádh go mbíodh chosmhaileas ag sliocht Ghaedhil, i mbeusaibh, i nósaibh, agus i gcluithidhibh re Greugaibh, agus, uime sin, go n-aibeorthaoi gurab ó Ghreugaibh tángadar. Óir gach gabháltas táinig i n-Éirinn d'éis dílinne, acht Fine Gaedheal agus Clanna Neimheadh amháin, is ó'n n-Gréig tángadar, do réir mar d'fhoillsigheamar thuas i n-a ngabháltas fo seach ainm gach áite as ar' thriallsad i n-Gréig.

 p.236

Ar an adhbhar soin, gion go rabhadar na nóis nó na beusa úd na n-Greugach ag Fine Gaedheal ré dteacht i n-Éirinn dóibh, dob' fhéidir leó a bhfóghluim ó iarmhar Fhear m-Bolg agus Tuatha Dé Danann, do bhí rómpa i n-Éirinn; agus a bhfágbháil ar aithidhe ag a sliocht d'á n-éis, gion go rabhadar féin 'san n-Gréig riamh, ná Gaedheal, ná neach eile d'á dtáinig rómpa.

 2 p.2

1. Foras Feasa ar Éirinn

Liber primus (ar leanamhain).

15. XV.

Ag so síos do dhálaibh Féiniusa Farsaidh seanathair Ghaedhil go teacht tar a ais ó Mhaigh Seanáir dó agus go bhfuair bás.

Ar mbeith d'Fhéinius Farsaidh 'n-a rígh ar an Scitia do mheas bheith go rói-eolach sna hilbhéarlaibh tar éis an choimhmheasctha tarla cian roimhe sin ar na teangthaibh ag tor na Baibiolóine do bhí dá thógbháil tré uabhar ré ré dá fhichid bliadhan ag Nemroth go n-a ranntaibh. Óir sul táinig an coimhmheascadh soin ar na teangthaibh ag an tor, is aoin teanga amháin choitcheann do bhí ag na daoinibh uile do bhí ar marthain aca ó Ádhamh anuas. Agus is é ainm ghairmeas an Leabhar Gabhála dhi Goirtighern, amhail adeir an file:

  1. Gortighern ainm an bhéarla
    Do bhí ag mac deagheargna,
    Agus ag síol Ádhaimh uair,
    Ré gcumhdach an tuir Neamhruaidh.
Agus is é ainm ghairmid ughdair na Laidne dhi lingua humana .i. an teanga dhaonna. Gidheadh ar mbeith ag tógbháil an tuir do Nemroth go n-a bhráithribh mar tháinig coimhmheascadh ar a dteangthaibh da dtoirmeasc ó chríochnughadh an tuir do tionnscnadh leo tré uabhar, do beanadh an teanga dhaonna fuaradar ó Ádhamh dhíobh, an líon do bhádar ag tógbháil an tuir. Gidheadh do an sí ag Éibhear mac Sáile agus ag a threibh ionnus gur hainmnigheadh uaidh í; mar go dtugadar Eabhra uirre ó Éibhear. Ar n-a chlos iomorro d'Éibhear gurab é adhbhar fá rabhadar ag tógbháil an tuir ar tí iad féin do chaomhna ar an dara dílinn do bhí i  p.4 dtairrngire do theacht ar na daoinibh— do mheasadar nach biadh an dara dílinn ní-sa aoirde ioná an chéiddílinn agus do chuireadar rompa an tor do dhéanamh chomh hard soin go nach roichfeadh an dílinn go na hárusaibh uachtaracha do bhiadh ann, agus da réir sin go bhféadfadaois na huaisle do bhí orra bheith go hinnill ionnta gan baoghal na díleann— agus mar do chualaidh Éibhear gurab é sin fáth fá rabhadar ag tógbháil an tuir, adubhairt nach tiubhradh congnamh dhóibh agus nach raibhe acht díomhaoineas dóibh-sean gliocas d'iarraidh i n-agaidh toile do choimhlíonadh. Agus mar sin do dhealuigh riú gan chommaoin ar bith do thabhairt dóibh ré tógbháil an tuir; agus fós an tan táinig coimhmheascadh ar chách do fhágaibh Dia mar chomhartha buidheachais ar Éibhear an teanga dhaonna úd an tsinnsir go haonaránach aige féin is ag a threibh da éis.

Is é adhbhar iomorro is mó fá ndeachaidh Féinius Farsaidh go Maigh Seanáir mar aon ré n-a scoil mar cheannach ar bheith i bhfochair na druinge dar theanga dhíleas an Eabhra, ionnus go dtiocfadh dhe sin fíreolas forusta do bheith aige féin is ag a scoil san teangaidh Eabhra.

Dála Féiniusa, ar mbeith do rún aige bheith eolach sna hilbhéarlaibh, amhail a dubhramar, cuiris dá dheisciobal déag is trí fichid ar a chostas féin fá chríochaibh éagsamhla na dtrí rann-so don domhan do bhí ar áitiughadh an tan soin; agus tug orra anmhain amuigh seacht mbliadhna go bhfoghlamadh gach aon díobh teanga na críche 'n-a mbiadh féin an feadh soin. Agus i gcionn seacht mbliadhan tillid tar a n-ais go Féinius don Scitia; agus téid Féinius leo go Maigh Seanáir mar aon ré hiomad d'ógaibh na Scitia iar bhfágbháil an mhic fá sine aige .i. Neanúl i gceannas na Scitia, amhail adeir file d'áirithe san duain darab tosach, Canam bunadhas na n-Gaedheal:

  1. Do luidh Féinius as an Scitia
    For an sluaghadh;
    Fear oireadha eagnuidh eolach,
    Bruthmhar buadhach.
  2.  p.6
  3. Ba haoinbhéarla baoi san domhan
    Mar do ghabhsad;
    Dá bhéarla déag is trí fichid
    Tan ro scarsad.
  4. Scol mhór la Féinius ag foghluim
    As gach eargna;
    Fear adhamhra eagnuidh eolach
    I ngach béarla.
Agus adeirid cuid do na seanchaidhibh gurab trí fichid bliadhan do bhí ó dhéanamh an tuir go dtáinig Féinius go n-a scoil adtuaidh ón Scitia go Maigh Seanáir, amhail adeir file d'áirithe san rann-so:
  1. Trí fichid bliadhan go mblaidh,
    Is eadh adféd gach seanchaidh,
    Go dtáinig Féinius adtuaidh,
    Iar gcumhdach an tuir Neamhruaidh.

Cuiris Féinius scola 'n-a suidhe ré múnadh na n-ilbhéarladh ar Maigh Seanáir san gcathraigh da ngairmeann Cin Droma Sneachta Eathéna, amhail adeir an file san rann-so síos:

  1. I Maigh Seanáir, iars an dtor,
    Ro tionóileadh an chéadscol,
    I gcathair Eathéna,
    Do fhoghluim na n-ilbhéarla.
Agus tionóilid aos óg na gcríoch do b'fhoigse dhóibh d'fhoghluim na n-ilbhéarladh uatha; agus is iad trí saoithe do bhí i n-airdcheannas na scoile sin Féinius Farsaidh féin ón Scitia, is Gaedheal mac Eathóir do shliocht Gomer ón n-Gréig, is Caoi Caoinbhreathach ón Iudea, nó Iar mac Neama, amhail adeir an file:
  1. Ag so anmanna na suadh,
    Atbhéar-sa ribh go róluath;
    Gaedheal mac Eathóir go n-ius,
    Iar mac Neama is Féinius.
Ag so mar adeir file oile:
  1. Féinius an saoi sreathach,
    Gaedheal is Caoi Caoinbhreathach;
    Triar do threibh scríbhinn na scol,
    Do lean d'fhíreing na n-ughdor.
 p.8 Is iad an triar-so do scríobh i gcranntáibhlibh aibghitre na dtrí bprímhbhéarladh, mar atá Eabhra Gréigis is Laidean, do réir mar chuireas Ceannfaolaidh na foghluma síos é san Uraicheapt do scríobh sé i n-aimsir Choluim Chille. Adeir an t-ughdar céadna gurab é Nion mac Béil mic Nemroth fá hardfhlaith san domhan an tan soin. Adeir fós gurab fán am soin rugadh Niúl .i. mac tánaiste Féiniusa Farsaidh, is gur fhuirigh an Féinius céadna fiche bliadhan ós cionn na scoile mar cheannach ar an mac soin rugadh dó do bheith eolach sna hilbhéarlaibh.

Do bhrígh gurab i gcionn dá bhliadhan is dá fhichid do fhlaitheas Nion mic Béil adeirid drong ré seanchus do suidh eadh scol ar Maigh SeanáirFéinius Farsaidh, measaim gur chaith sé deich mbliadhna do fhlaitheas Nion mic Béil is deich mbliadhna da éis sin ar Maigh Seanáir sul do thill ón scoil don Scitia. Óir adeirid na seanchaidhe uile gurab fiche bliadhan do chaith ós cionn na scoile ré dteacht tar a ais dó. Measaim fós gurab i gcionn dá bhliadhan is dá fhichidh ar dhá chéad d'éis na díleann do suidheadh an scol lé Féinius ar Maigh Seanáir, do réir an áirimh aimsire do-ní Bellarminus 'n-a chroinic, mar a n-abair gurab é aos an domhain míle is ocht gcéad is sé bliadhna déag is dá fhichid an tan do thionnscain Nion mac Béil ardfhlaitheas do ghabháil.

Ionann sin do réir áirimh na n-Eabhraidheach leantar lé Bellarminus agus gurab dá chéad bliadhan d'éis díleann do thionnscain flaitheas Nion. Do bhrígh do réir na n-Eabhraidheach gurab míle is sé céad is sé bliadhna déag is dá fhichid do bhí ó thús domhain go dílinn; cuirthear leis sin dá bhliadhain is dá fhichid do fhlaitheas Nion do caitheadh sul do thionnscain Féinius an scol, ionnus da réir sin gurab i gcionn dá bhliadhan is dá fhichid ar dhá chéad d'éis na díleann do thionnscain í, agus gur chaith fiche bliadhan ós a cionn, mar atá na deich mbliadhna do bhí roimhe do fhlaitheas Nion is deich mbliadhna da éis.

 p.10

Acht cheana i gcionn fhichead bliadhan tig Féinius tar a ais don Scitia is cuiris scola 'n-a suidhe innte is do rinne taoiseach do Ghaedheal mac Eathóir ós a gcionn. Is ann sin tug Féinius fá deara ar Ghaedheal an Ghaedhealg do chur i n-eagar is i n-ordughadh do réir mar atá sí 'n-a cúig codchaibh, mar atá Béarla na Féine, Béarla na bhFileadh, Béarla an Eadarscartha, Béarla Teibidhe is Gnáithbhéarla; agus a hainmniughadh go cinnte uaidh féin, da réir sin gonadh ó Ghaedheal mac Eathóir ghairmthear Gaedhealg di agus nach ó Ghaedheal Ghlas, amhail adeirid drong oile; agus fós is tré bháidh ré Gaedheal mac Eathóir tug Niúl mac Féiniusa Farsaidh Gaedheal ar a mhac féin rug Scota inghean Pharao Cincris dó, amhail adeir Ceannfaolaidh na Foghluma san Uraicheapt.

Gidheadh is ceist ar ughdaraibh créad ó bhfuil an focal-so Gaedheal. Adeir Becanus gurab ón fhocal-so goedin .i. goethin .i. uasal, is ón fhocal-so all .i. uile adeirthear Gaedheal .i. uasal uile; nó ón fhocal Eabhraidheach gadhal .i. mór, do bhrígh go raibhe Gaedheal mac Eathóir ré ndubhradh Gaedheal ar dtús mór i bhfoghluim is i n-eagna is ann sna teangthaibh. Gidheadh adeirid na seanchaidhe gurab uime ghairthear Gaedheal de ón gcomhfhocal-so gaoith dhil .i. grádh uightheoir na heagna. Óir is ionann gaoith is eagnaidhe agus is ionann dil is grádhach, amhail adeir an Gréigeach philosophos .i. grádhuightheoir na heagna ré duine eagnaidhe.

Dála Féiniusa Farsaidh ní haithristear do chloinn do bheith aige acht dias mac, mar atá Neanúl is Niúl, amhail adeir an file san rann-so:

  1. Dá mhac ag Féinius, fíor dhamh,
    Neanúl is Niúl ba hághmhar;
    Rugadh Niúl ag an dtor thoir,
    Neanúl san Scitia sciathghloin.

Ar mbeith dá bhliadhain is fiche d'Fhéinius i bhflaitheas na Scitia, iar dtilleadh ó Mhaigh Seanáir dó, do thiomain, agus é  p.12 ré hucht bháis, flaitheas na Scitia do Neanúl an mac fá sine aige; is níor fhágaibh ag Niúl an mac fá hóige acht sochar na n-ealadhan is na n-ilbhéarladh do bhíodh aige 'ga seoladh do scolaibh coitcheanna na críche.

16. XVI.

Ag so síos do thriall Niuil don Éigipt ón Scitia agus da dhálaibh innte go bhfuair bás:

Sul laibheoram ar thriall Niuil ón Scitia don Éigipt, féach mar adeir Herodotus gurab ón m-Baibiolóin, táinig fios airde réaltann an taoibhe thuaidh is roinn na n-uaireann gus na Gréagaibh; agus adeir Solon nach raibhe fios seanchusa ag na Gréagaibh nó gur fhoghluimsiod ó lucht na Éigipte é. Adeir Iosephus san chéidleabhar da Sheanchus nach raibhe leitre ag na Gréagaibh go haimsir Homer. As na hughdaraibh-se is iontuigthe nach ón n-Gréig ré ráidhtear an Ghréig anois do chuaidh Isis ná neach oile do sheoladh na n-ealadhan do shliocht na Éigipte, acht Niúl mac Féiniusa Farsaidh do chuaidh ón Scitia do sheoladh na n-ealadhan ann. Agus cibé adéaradh nach túsca do bhí foghluim san Scitia, ór thriall Niúl, ioná san Éigipt, ní fíor dó é, do réir Polidorus san chéidleabhar ro scríobh De Rerum Inventoribus, mar a n-abair: ‘Is fada an t-imreasan do bhí idir lucht na Éigipte is lucht na Scitia, agus san ghleic sin do chonnarcas, ar mbeith claoidhte do lucht na Éigipte, gur cianaosta lucht na Scitia ioná iad. {Magna diu inter Aegyptios et Scythas contentio fuit in quo certamine superatis Aegyptis Scythae antiquiores visi sunt.}’ () As so is iontuigthe gurab túsca do bhí seoladh is foghluim ag lucht na Scitia ioná ag lucht na Éigipte agus do bhrígh, do réir na n-ughdar thuas, gurab túsca do bhí foghluim san Éigipt ioná san Ghréig, ní hé Isis ón n-Gréig ná neach oile da shamhail do chuaidh ón n-Gréig do sheoladh scol don Éigipt acht Niúl mac  p.14 Féiniusa Farsaidh ón Scitia rugadh ar Maigh Seanáir is tugadh suas i bhfoghluim ann san chéadscoil do suidheadh i gcrích na Baibiolóine, agus fá hí an chéadscol i ndiaidh choimhmheasctha na dteangtha san domhan, amhail adubhramar thuas.

Ar mbeith do Niúl aimsear imchian ag seoladh scol gcoitcheann san Scitia do chuaidh a chlú do leith eolasa is eagna fá na críochaibh i gcoitchinne, ionnus ar mhéid na tuarasgbhála do bhí air gur chuir Pharao CincrisÉigipte teachta 'n-a dháil 'ga iarraidh don Éigipt ré seoladh na n-ealadhan is na n-ilbhéarladh d'ógaibh na Éigipte. Do thriall Niúl don Éigipt mar sin, amhail adeir an file san rann-so do beanadh as an duain darab tosach, Canam bunadhas na n-Gaedheal:

  1. Rángadar scéala go Forann,
    Go méid ngreatha,
    Nél mac Féiniusa 'ga bhfuilid
    Béarla an bheatha.
Triallais iomorro Niúl lé teachtaibh Pharao don Éigipt, agus tug an rí fearann da ngairthear Capacyront (nó Campus Circit) láimh ré Muir Ruaidh dó; agus fós do phós a inghean féin ré ráidhtear ScotaNiúl, amhail adeir Giolla Caomháin san duain darab tosach: Gaedheal Glas ó dtáid Gaedhil:
  1. Do chuaidh san Éigipt iar soin,
    Go riacht Forann fortamhail;
    Go dtug Scota gan scéimh ngainn
    Inghean fhialghasta Fhorainn.

Iar bpósadh Scota do Niúl cuiris scola 'n-a suidhe ag Campus Circit do sheoladh na n-ealadhan is na n-ilbhéarladh d'ógaibh na Éigipte; agus is ann sin do rug Scota Gaedheal mac Niuil. Do féadfaidhe go gcuirfeadh neach éigin i n-iongantas cionnus budh éidir Niúl, an cúigeadh glún ó Iaphet, do bheith i gcomhaimsir ré Maoise ann, agus gurab seacht mbliadhna déag is cheithre fichid ar sheacht gcéad ó  p.16 dhílinn gus an am fár ghabh Maoise ceannas Chloinne Israel. Mo fhreagra ar sin, nach doichreidthe go mairfeadh Niúl iomad do chéadaibh bliadhan, óir do-gheibhdís na daoine ré fhada fán am soin; bíodh a fhiadhnaise sin ar Éibhear mac Sáile, an ceathramhadh glún ó Shéim anuas, do mhair cheithre bliadhna is trí fichid ar cheithre chéad, agus ar Shéim do mhair cúig céad bliadhan d'éis mar rugadh Arfaxad dó, amhail léaghthar san aonmhadh caibidil déag in Genesi; uime sin nach cuirthe i gconntabhairt go bhféadfadh Niúl marthain ón dara bliadhain is dá fhichid do fhlaitheas Nion mic Béil, amhail adubhramar, go haimsir Mhaoise. Agus fós is lughaide is ionchuirthe i n-iongantas an ré fuair Niúl agus go mbéaradh ar aimsir Mhaoise san Éigipt, ma's fíor an ní adeir Marianus Scotus mar go n-abair gurab i gcionn aoin bhliadhna déag ar fhichid ar thrí chéad d'éis díleann táinig coimhmheascadh na dteangthadh san Bhaibiolóin agus do réir mar adubhramar thuas gurab cian d'éis comhmbuaidheartha na Baibiolóine rughadh Niúl. Do réir a ndubhramar is inchreidthe ughdair seanchusa chinidh Scuit do leith aoise Niuil mic Féiniusa Farsaidh, agus go raibhe 'n-a fhior comhaimsire ag Maoise san Éigipt.

Dála Niuil ar mbeith ag áitiughadh ag Capacyront láimh lé Muir Ruaidh, agus ar mbeith do Ghaedheal ar n-a bhreith ó Scota, is ann sin do éalodar mic Israel ó Pharao is do thrialladar go bruach Mara Ruaidhe, go ndearnadar foslongphort láimh ré Capacyront mar a n-áitigheadh Niúl. Ar n-a chlos sin iomorro do Niúl, téid 'n-a ndáil da n-agallamh is da fhios cia do bhí ann. Tarla Aaron do leathtaoibh an tsluaigh air agus do innis scéala mac nIsrael is Mhaoise dhó agus na míorbhaile fiadhnaiseacha do imir Dia ar Pharao is ar a shluagh tré dhaoirse chloinne Israel. Do cheangail iomorro Niúl is Aaron cumann is caradradh ré chéile; agus do fhiafruigh Niúl do Aaron an rabhadar biadha náid lóinte aca; agus adubhairt fós an raibhe do chruithneacht is do mhaitheas aige féin go mbiadh uile ar a gcumas-san. Fá  p.18 buidheach Aaron de tríd sin. Táinig iomorro an oidhche iar soin, is téid Aaron go Maoise agus do innis dó na tairgsiona tug Niúl dó, agus fá buidheach Maoise is Aaron de tríd sin.

Iomthúsa Niuil ráinig go n-a mhuinntir féin iar sin, agus do innis dóibh mic Israel do bheith láimh riú; agus do innis gach ní do dhálaibh mac nIsrael dóibh. Agus an oidhche chéadna tarla nathair neimhe do Ghaedheal mac Niuil is é ag snámh, gur chréachtnuigh é, go raibhe i nguais bháis. Agus adeirid drong oile gurab ón bhfásach táinig da chréachnughadh 'n-a leabaidh. Adubhradar a mhuinntear ré Niúl an mac do bhreith i ndáil Mhaoise; agus beiris leis Gaedheal do láthair Mhaoise. Do rinne Maoise guidhe go Dia agus do tháith an slait do bhí 'n-a láimh ris an gcréacht gur shlánuigh mar sin é. Agus adubhairt Maoise an áit a mbiadh treabh bhunaidh an mhic sin, nach biadh brígh i nathair neimhe ann go bráth; agus atá sin follus ar Chreta, oiléan atá san n-Gréig mar a bhfuil cuid da shliocht, ní bhfuil nathair neimhe ann acht mar Éirinn. Agus tar ceann go rabhadar nathracha neimhe i n-Éirinn go teacht Phádraig, ní shaoilim go raibhe neimh ionnta; nó saoilim gurab do na deamhnaibh ghairmthear nathracha neimhe i m-Beathaidh Phádraig.

Adeirid cuid do na seanchaidhibh gur chuir Maoise glas ar an bhfleisc do bhí fá n-a láimh féin ar bhrághaid Ghaedhil, agus gurab uime sin ghairthear Gaedheal Glas de. Do bhíodh iomorro an tan soin fleasc fá láimh gacha taoisigh mar chomhartha ceannais feadhna, agus is uaidh sin adeirthear fleascach uasal ré ceann buidhne anois. Is da fhaisnéis gurab ó shnas na nathrach neimhe do lean do bhrághaid Ghaedhil ghairthear Gaedheal Glas de, is da fhoillsiughadh gurab é Maoise do fhóir é, atáid na rainn-se síos:

  1. Gaedheal Glas cionnus do rádh
    Ris in bhfear gcrithir gcomhlán?
    An ní ó bhfuil Gaedheal Glas,
    Is tearc ga bhfuil a sheanchas.
  2.  p.20
  3. Dar fhothruigh ar an dtuinn dtréin
    Gaedheal mac Niuil go ndeighmhéin;
    Gur iadh an nathair 'n-a chneas,
    Níor bh'furus é do leigheas.
  4. An tí ghlas ní dheachaidh de
    Nó gur fhóir go maith Maoise;
    Is eadh thuigid eolaigh as
    Gonadh de atá Gaedheal Glas.
Adeirid drong oile gurab uime ghairthear Gaedheal Glas de ó ghlaise a airm is a éididh. Gurab uime sin do rinne file éigin an rann-so:
  1. Rug Scota mac do Niúl nár
    Ór chin mór gcineadh gcomhlán;
    Gaedheal Glas ainm an fhir
    Ó ghlaise a airm 's a éididh.
Agus is ón n-Gaedheal soin ainmnighthear Gaedhil uile; gonadh uime sin do rinne an file an rann-so:
  1. Féine ó Fhéinius atbearta,
    Brígh gan dochta;
    Gaedhil ó Ghaedheal Ghlas gharta,
    Scuit ó Scota.
Gidheadh adeirid drong oile gurab uime tugadh Scota ar mháthair Ghaedhil, do bhrígh gurab do chine Scuit ón Scitia athair Ghaedhil, agus gur nós aca na mná do shloinneadh o n-a bhfearaibh. Tuig nach í so an Scota fá bean do Ghalamh da ngairthear Mílidh Easpáinne agus rug seisear mac dó. Óir inghean Pharao Cincris fá máthair do Ghaedheal agus is aige do bhádar mic Israel i ndaoirse. An Pharao chéana darbh inghean bean Mhíleadh, fá hé an cúigeadh Pharao déag 'n-a dhiaidh sin é. Pharao Nectonibus fá hainm dó.

Iomthúsa Niuil iomorro adubhairt ré Maoise go mbiadh fala Pharao Cincris ris féin tré fháilte do thabhairt dó. “Maseadh,” ar Maoise, “triall-sa linne, agus dá roicheam an tír do tharngair Dia dhúinn do-ghéabhair-se roinn di; nó madh maith leat, do-bhéaram loingeas Pharao ar  p.22 do chumas féin duit, agus éirigh ionnta ar muir go bhfeasair cionnus scarfam is Pharao ré chéile.” Is í sin iomorro comhairle ar ar chinn Niúl. Do cuireadh trá míle fear n-armach i ndáil na long leis agus tugadh dó iad ar a chumas féin, agus téid ionnta go bhfacaidh gníomhradh an laoi ar n-a mhárach, mar atá oscladh na mara ré g-cloinn Israel, is a dluidheadh 'n-a ndiaidh ar Pharao is ar a shluagh, da mbáthadh, amhail adeir an file san rann-so do beanadh as an duain darab tosach: A dhuine nach creid iar gcóir:

  1. Seascad míle dhíobh da gcois,
    Caogad míle marcachois;
    Anfa mara Romhair Ruaidh
    Ros foluigh uile i n-aonuair.
Trí fichid iomorro míle coisidhe is caogad míle marcach a líon. Seacht gcéad is seacht mbliadhna déag is cheithre fichid i ndiaidh na díleann do báthadh Pharao, amhail adubhramar thuas. Ód chonnairc iomorro Niúl Pharao go n-a shluagh do bháthadh, do an féin san bhfearann gcéadna, óir ní raibhe eagla air ó do báthadh Pharao, agus do fhás a chlann is a shíol go beith ionairm dhóibh. I gcionn aimsire da éis sin fuair Niúl bás, is do ghabh Gaedheal is a mháthair an fearann. Rugadh iaramh mac do Ghaedheal san Éigipt .i. Easrú mac Gaedhil, agus i gcionn tréimhse 'n-a dhiaidh sin rugadh mac dó sin arís, Srú mac Easrú mic Gaedhil, agus do ghabhadar sin an fearann céadna agus do áitigh siad ann.

Dála shluaigh na Éigipte, iomorro, gabhais da éis sin Pharao Intuir flaitheas na n-Éigipte d'éis Pharao Cincris do bháthadh. Do gairthí cheana Pharao da gach rígh ro ghabh an Éigipt ó Pharao Cincris do báthadh san Muir Ruaidh go Pharao Nectonibus an cúigeadh rí déag i ndiaidh Pharao Cincris.

17. XVII.

Ag so síos don ionnarbadh do rinne Pharao Intuir ar shliocht Ghaedhil as an Éigipt.

Iomthúsa Pharao Intuir iar sin agus shluaigh na h-Eigipte ar mbeith tréan san tír dhóibh do chuimhnigheadar an tseanfhala do chlannaibh Niuil is d'fhine Ghaedhil .i. an cáirdeas do rónsad ré clannaibh Israel agus loingeas Pharao Cincris do bhreith leis do Niúl, an tan do éalodar mic Israel. Do commóradh uime sin cogadh leo i gcoinne aicme Ghaedhil gur hionnarbadh go haimhdheonach a h-Éigipt iad. Tig Tomas Ualsingham leis an ní sin i n-Ipodigmate mar a n-abair: ‘Iar mbáthadh luchta na Éigipte, an drong don tír do mhair da n-éis do ruaigsiod duine uasal d'áirithe, Sciteadheach do bhí n-a chomhnuidhe eatorra, go nach géabhadh flaitheas ós a gcionn. Ar mbeith dó ar n-a dhíbirt go n-a threibh, táinig gus an Spáinn, mar ar áitigh sé iomad bliadhan agus mar a ndeachadar a shliocht i líonmhaireacht go mór, agus tángadar as sin go h-Éirinn. {Aegyptiis in Mari Rubro submersis, illi qui superfuerunt expulerunt a se quemdam nobilem Scyticum qui degebat apud eos ne dominium super eos invaderet; expulsus ille cum familia pervenit ad Hispaniam ubi et habitavit per annos multos et progenies ipsius familiae multae multiplicata est nimis et inde venerunt in Hiberniam.}’ ()

Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, gurab é Srú mac Easrú mic Gaedhil an duine uasal-so agus nach é Gaedheal féin, gan chead do Hector Boetius, is fós gan chead do bharamhlaibh na nuaGhall scríobhas ar Éirinn shaoileas gurab é Gaedheal féin táinig don Spáinn. Óir do réir fhírinne sheanchusa na h-Éireann, darab cóir creideamhain san ní-se, is ann san Éigipt rug Scota, inghean Pharao Cincris, Gaedhal agus is innte do chomhnuigh go bhfuair bás; agus ní hón n-Gréig, mar adeirid drong oile, táinig, acht a athair darbh ainm Niúl táinig ón Scitia. Agus tar ceann go n-abair an t-ughdar-so do haithléaghadh againn gurab don Spáinn  p.26 táinig an duine uasal do luaidheamar, ní headh, acht don Scitia do chuaidh, agus is é an cúigeadh glún déag uaidh anuas da ngairthí Brátha mac Deaghátha ráinig don Spáinn ar dtús. Ag so suidheamh an tseanchaidh air gurab é Srú mac Easrú fá taoiseach ag triall ón Éigipt ar an eachtra so, amhail adeir Giolla Caomháin san duain darab tosach, Gaedheal Glas ó dtáid Gaedhil:

  1. Srú mac Easrú mic Gaoidhil,
    Ar seanathair sluagh-fhaoilidh;
    É do luidh fá dtuaidh ó a thoigh
    Ar fud mhara Ruaidh Romhoir.
  2. Lucht cheithre long líon a shluaigh
    Ar fud mhara Romhair Ruaidh;
    Thall i ngach cláradhbha is cead
    Cheithre lánamhna fichead.

Tuig, amhail adubhramar, gurab é Srú mac Easrú fá taoiseach san eachtra soin go rángadar go hoiléan Creta, go bhfuair bás ann sin, gur ghabh a mhac Éibhear Scot ceannas feadhna cáich go rochtain don Scitia dhóibh. Gonadh uime sin adeir ughdar d'áirithe gurab é Éibhear Scot fá taoiseach orra san turas soin agus gurab ón fhorainm do bhí air .i. Scot ghairmthear cine Scuit do Ghaedhealaibh. Ionann iomorro Scot do réir ughdair d'áirithe is saighdeoir. Óir ní raibhe 'n-a chomhaimsir fear bogha do b' fhearr ioná é, agus ón bhforainm sin ráinig é do slonnadh an sliocht táinig uaidh; agus do cleachtadh leo bogha mar arm ar aithris na sean gus an aimsir ndéidheanaigh leath istigh dar gcuimhne féin. Gidheadh ní leanfam baramhail an ughdair-se do bhrígh gurab í céadfaidh choithcheann na seanchadh gurab uime ghairthear cine Scuit do shliocht Gaedhil tré bheith ar dteacht ón Scitia dhóibh do réir a mbunadhasa.

Tuig, a léaghthóir, gurbh fear comhaimsire do Mhaoise Gaedheal, agus da réir sin go raibhe cheithre fichid bliadhan d'aois an tan do báthadh Pharao, agus go raibhe an ceathramhadh glún uaidh féin síos ar n-a bhreith mar atá Éibhear  p.28 Scot mac Srú mic Easrú mic Gaedhil sul do thrialladar mic Israel trés an Muir Ruaidh agus Maoise i gceannas feadhna ós a gcionn. Measaid drong do na seanchaidhibh gurab cheithre céad is dá fhichid bliadhan ó bháthadh Pharao san Muir Ruaidh go tigheacht chloinne Míleadh i n-Éirinn, agus da dhearbhughadh sin ag so mar adeir ughdar dhíobh san rann-so:

  1. Ceathracha is cheithre chéad
    Do bhliadhnaibh, ní hiomairbhréag,
    Ó do luidh Tuaith Dé, dearbh dhuibh,
    Tar muincheann mhara Romhair.
    Gur ghabhsad sceinn don Mhuir Meann
    Mic Míleadh i dtír n-Éireann.

Acht cheana do réir an áirimh do-ní an Leabhar Gabhála ní fhuil acht seacht mbliadhna déag teasta do thrí chéad ón tráth fár ghabh Maoise ceannas chloinne Israel san Éigipt go teacht chloinne Míleadh i n-Éirinn. Óir i gcionn seacht gcéad is seacht mbliadhan déag ar cheithre fichid d'éis díleann do ghabh Maoise ceannas mac nIsrael san Éigipt, agus do réir na haimsire do-bheir seanchus Éireann do Ghabhálaibh Éireann, is i gcionn míle ar cheitre fichid bliadhan d'éis díleann do ghabhadar mic Mhíleadh sealbh Éireann. Ag so mar adeir an Leabhar Gabhála gurab i gcionn trí céad bliadhan iar ndílinn táinig Parthalón, agus gurab trí chéad bliadhan do bhádar a shliocht i seilbh Éireann, agus gurab deich mbliadhna fichead do bhí Éire 'n-a fásach go teacht chloinne Neimhidh innte, agus gurab seacht mbliadhna déag ar dhá chéad fad flaitheasa na cloinne sin ar Éirinn, agus sé bliadhna déag ar fhichid do bhádar Fir Bolg i bhflaitheas, agus Tuatha Dé Danann trí bliadhna teasta do dhá chéad; agus ré cur an áirimh-se uile i n-aontsuim is cheithre fichid ar mhíle bliadhan an nuimhir iomlán do-níd ó dhílinn go tigheacht mac Míleadh i n-Éirinn. Agus dá bhféachtar an t-áireamh-so ris na seacht mbliadhnaibh déag is cheithre fichid ar sheacht gcéad do bhí ó dhílinn go barántas Maoise ar chloinn Israel,  p.30 is follus nach fuil ón am soin go teacht chloinne Míleadh i n-Éirinn acht seacht mbliadhna déag teasta do thrí céad, agus da réir sin gurab bréagach an chéadfaidh thuas adeir gurab i gcionn dá fhichid ar cheithre céad bliadhan d'éis mac nIsrael do dhul trés an Muir Ruaidh rángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn.

Adeirid drong ré seanchus gurab é raon 'n-ar ghabh Srú mac Easrú go n-a fhuirinn ar an Muir Ruaidh agus soir budh dheas san aigéan, láimh dheas ré Taprobana, is láimh chlé ris an Asia soir, agus láimh chlé timcheall budh thuaidh dhi, agus as sin go rinn Sléibhe Rife san leith thiar thuaidh don Asia, agus san chaolmhuir ó dheas scaras an Eoruip is an Asia ré chéile, agus as sin don Scitia. Gidheadh ní hé sin raon do ghabh Srú ag triall ón Éigipt don Scitia go lucht cheithre long is tríochad i ngach luing díobh; acht a bun srotha Níl ar Muir dTorainn go Creta ris a ráidhtear Candia aniú, áit ar chomhnuigh sé sealad aimsire go bhfuair bás ann agus 'n-ar fhágaibh cuid da shliocht diaidh i ndiaidh; gonadh da bhithin sin do réir ughdar an tseanchusa nach bí nathair neimhe i g-Creta acht mar Éirinn; agus triallaid as sin don Scitia agus Éibhear Scot 'n-a thaoiseach orra; agus gibé adéaradh nar bh'éidir dul ón Éigipt don Scitia i luing nó i n-eathar do réir na ronna do bhí ar an Scitia an tan soin, ní fíor do é, do bhrígh gur follus as gach aonstaruidhe thráchtas ar thuarasgbháil na gcríoch go bhfuil an t-innbhear da ngoirthear Tanais ag snighe go Muir Lárthalmhan agus an mhuir sin ag snighe gus an Éigipt mar a bhfuil sruth Níl; agus do réir na ronna do bhí ar an Scitia an tan soin áirmhighthear sruth Tanais ar aibhnibh na Scitia do réir sheanughdair bharántamhail Herodotus san cheathramhadh leabhar mar a n-abair: ‘Sruth Tanais chomhroinneas an Asia ón Eoruip áirmhighthear é idir na srothaibh atá ag lucht na Scitia. {Tanais fluvius dividens Asiam ab Europa enumeratur inter flumina quae apud Scitas sunt.}’ () Agus ar rochtain don Scitia dhóibh tarla cogadh is coinbhliocht eatorra féin is a  p.32 gcomhmbráithre, mar atá sliocht Neanúil mic Féiniusa Farsaidh agus do bhí imreasan eatorra fá iomchosnamh na críche go dtarla d'Aghnón mac Táit, an cúigeadh glún ó Éibhear Scot anuas, a bhráthair féin, Reaflóir mac Rifill do shliocht Neanúil, do mharbhadh agus é 'n-a rígh ar an Scitia an tan soin, amhail adeir Giolla Caomháin san duain darab tosach: Gaedheal Glas ó dtáid Gaedhil:

  1. Reaflóir is Aghnón gan on,
    Seacht mbliadhna fá iomchosnomh;
    Go dtorchair Reaflóir go nglóir
    Do láimh áitheasaigh Aghnóin.

Don ionnarbadh do rinneadh ar sliocht Ghaedhil as an Scitia.

Iomthúsa chloinne Reaflóir mic Rifill, tarla dias mac aige, mar atá Neanúl is Rifill is tionóilid sluagh i gcoinne sleachta Gaedhil da n-ionnarbadh as an dtír uile; agus coimhthionóilid fine Ghaedhil is triallaid d'aonbhuidhin as an gcrích tré thír na g-Cíochloisceach da ngairthear Amazones go himeall mhara Caisp; is gabhaid loingeas ann sin go ndeachadar ar an muir amach gur ghabhadar tír i n-oiléan atá ar muir Chaisp áit ar comhnuighsiod feadh bliadhna; agus is iad fá taoisigh dóibh ar an eachtra soin Aghnón is Éibhear , dá mhac Táit mic Aghnamain mic Beodhamain mic Éibhir Scuit mic Srú mic Easrú mic Gaedhil.

Do bhádar triúr mac ag Aghnón ar an eachtra soin, mar atá Eallóit Láimhfhionn is Lámhghlas. Do bhádar dias mac ag Éibhear mac Táit, mar atá Caichér is Cing; agus fuair Aghnón bás san oiléan soin; agus triallaid cách i gcionn bliadhna as an oiléan soin lucht trí long, is trí fichid i ngach luing díobh, agus bean ag an treas fear díobh. Seisear taoiseach dhóibh ar an eachtra soin; go dtugadar ucht ar an gcaolmhuir atá ó mhuir Chaisp siar gus an bhfairrge gcaoil tig ón aigéan adtuaidh agus mar rángadar an mhuir sin  p.34 do éirigh anfadh orra gur seoladh i n-oiléan iad ré ráidhtear Caronia i Muir Phontic gur chomhnuighsiod bliadhain is ráithe ann; agus san oiléan soin fuair Éibhear mac Táit is Lámhghlas mac Aghnóin bás. Triallaid as soin, ceathrar taoiseach dóibh .i. Eallóit Láimhfhionn Cing is Caichér a n-anmanna, agus tarla murrdhúchainn ar an muir rompa is do chandaois ceol do na loingseachaibh do bhíodh ag triall tarsna go gcuirdís codladh orra is go lingdís féin orra da marbhadh; agus is é leigheas do rinne Caichér Draoi air sin, céir do leaghadh 'n-a gcluasaibh go nach gcluindís an ceol d'eagla codalta ris; mar sin dóibh gur ghabhadar cuan ag rinn Sléibhe Rife thuaidh; agus is ann sin do rinne Caichér fáistine dhóibh nar bh'ionadh comnuidhe dhóibh aonáit go rochtain Éireann dóibh, agus nach iad féin do roichfeadh í, acht a sliocht. Triallaid as sin go rángadar go Gotia agus tarla go raibhe mac oirdheirc ag Láimhfhionn da ngairthí Éibhear Glúinfhionn agus do chomhnuigheadar sliocht Gaedhil san tír sin deich mbliadhna fichead is do anadar lucht díobh ann ó shoin i le; gonadh da dhearbhadh sin adeir Giolla Caomháin an rann-so:

  1. Fine Ghaoidhil ghasta dhil,
    Triochad bliadhan san tir-sin;
    Anaid lucht díobh ann ó shain,
    Go dtí deireadh an domhain.

Measaid drong oile ré seanchus gurab caogad ar chéad bliadhan do chomhnuighsiod sliocht Gaedhil san Ghotia, agus is í sin céadfaidh is fírinnighe. Óir is follus gur chaitheadar aicme Ghaedhil ocht nglúine da ngeinealaigh san Ghotia mar atá ó Éibhear Ghlúinfhionn go Brátha. Ag so iomorro an geinealach ghlún sin: Brátha mac Deaghátha mic Earchadha mic Eallóit mic Nuadhat mic Neanúil mic Eibric mic Éibhir Ghlúinfhinn rugadh san Ghotia féin mic Láimhfhinn an céadtaoiseach táinig don chrích sin d'aicme Ghaedhil; agus do bhrígh nachar bh'éidir an oiread soin glún do theacht don leith istigh  p.36 do thríochad bliadhan is dearbh liom gurab í an chéadfaidh dhéidheanach atá fírinneach.

Adeirid drong oile ré seanchus gurab trí chéad bliadhan do chomhnuighsiod sliocht Gaedhil san Ghotia. Gidheadh ní héidir sin do bheith fírinneach, do bhrígh, do réir na ngabháltas, do réir mar adubhramar thuas, nach raibhe iomlán trí chéad bliadhan ón tráth fár báthadh Pharao san Muir Ruaidh go tigheacht mhac Míleadh i n-Éirinn. Uime sin ní héidir an chéadfaidh sin do bheith fírinneach, do bhrígh gurab don leith istigh don aimsir sin do rinneadar fine Ghaedhil gach turas da ndearnadar ón Éigipt go Creta, agus ó Creta don Scitia, is ón Scitia go Gotia, ón Ghotia gus an Spáinn, ón Spáinn don Scitia, is ón Scitia go h-Éigipt, is ón Éigipt go Tracia, ón Tracia go Gotia, is ón Ghotia go h-Easpáinn, is ón Easpáinn i n-Éirinn.

 p.38

18. XVIII.

Ag so síos do thriall fhine Ghaedhil as an n-Gotia go hEaspáinn.

Brátha iomorro mac Deaghátha an t-ochtmhadh glún ó Éibhear Ghlúinfhionn anuas, is é do thriall as an n-Gotia láimh ré Creta is ré Sicilia deiseal Eorpa go h-Easpáinn, go lucht cheithre long leis, amhail adeir Giolla Caomháin san rann-so:

  1. Brátha mac Deaghátha dil
    Táinig do Chreit do Shicil;
    Lucht cheithre long seolta slán
    Deiseal Eorpa go h-Easpán.
Ó Bhrátha ráidhtear Bragansa san Phoirtingéil mar atá diuice na Bragansa. Ag so na cheithre taoisigh táinig mar aon ré Brátha san turas soin don Easpáinn .i. Oige agus Uige dias mac Eallóit mic Neanúil, Manntán is Caichér. Ceithre lánamhna déag is seisear amhus i ngach luing díobh agus tugadar trí madhmanna ar lucht na críche iar dteacht i dtír dóibh .i. sliocht Tubal mic Iafet. Acht cheana, da éis sin táinig támh aonláithe go muinntir mhic Eallóit gur eagadar uile go deichneabhar. Táinig fás 'n-a dhiaidh sin orra, agus rugadh Breoghan mac Brátha.

Adeir croinic choitcheann na Spáinne do scríobhadh lé duine uasal Frangcach dar bh'ainm Lobhaois, do réir mar léaghthar ag Éadbhard Grimston san treas leathanach, gurab é céidrí do ghabh ceannas iomlán na Spáinne an tí da ngairthí Brigus lér tógbhadh iomad caisléan; agus is é sin an tí da ngoirthear san Leabhar Gabhála Breoghan, seanathair Mhíleadh Easpáinne, agus is uaidh ráidhtear Brigantes; agus is uaidh, do réir na croinice céadna, do gairthí Brigia i n-allod don chrích ré ráidhtear anois Castilia; agus is caislean fá suaitheantas 'n-a scéith, amhail atá aniú ag rígh na Spáinne.

 p.40

Is é fós an Breoghan soin do bhris iomad cath ar an Easpáinn, agus is é do chumhduigh nó do thógaibh Brigansia láimh ris an g-Cruinne, agus tor Breoghain san g-Cruinne féin; gonadh uime sin do rinne Giolla Caomháin an rann-so:

  1. Do bhris mór gcomhlann is gcath
    Ar shluagh Easpáinne uallach,
    Breoghan na ngleoghal 's na ngliadh,
    Lé n-a ndearnadh Brigansia.

Do bhádar deich mic ag an m-Breoghan soin .i. Breogha Fuad Muirtheimhne Cuailgne Cuala Bladh Eibhle Nár Íoth is Bile; gonadh aire sin do rinne an t-ughdar céadna an rann-so:

  1. Deich mic Breoghain gan meirbhe,
    Breogha Fuad is Muirtheimhne
    Cuailgne Cuala Bladh amne
    Eibhle Nár Íoth is Bile.
Mac iomorro don Bhile sin Galamh da ngairthí Mílidh Easpáinne; agus tar ceann gurab é Bile duine déidheanach áirmhighthear do chloinn Bhreoghain san rann thuas, maseadh adeirid ughdair an tseanchusa gurab é Bile mac fá sine ag Breoghan.

Ar bhfás iomorro do shliocht Breoghain agus ar ngabháil neirt urmhóir na Spáinne dhóibh, tarla mac arrachta oirbheartach ag Bile mac Breoghain da ngairthí Galamh, agus is ris ráidhtear Mílidh Easpáinne; agus do ghabh mian é dul líon cabhlaigh d' ógbhaidh na Spáinne don Scitia d' fhios a bhraithreach is do dhéanamh feadhma dhóibh. Agus iar gcinneadh ar an gcomhairle sin dó, cóirighthear tríochad long leis, is do chuir a bhforthainn laochruidhe ionnta agus téid ar Muir dToirrian, is do thriall go réimdhíreach soir budh thuaidh do Shicilia is do Chreta go ráinig an Scitia; agus ar rochtain i dtir ann sin dó do chuir scéala uaidh go Reaflóir mac Neomainn .i. an rí do bhí ar an Scitia an tan soin; agus fá do shliocht Reaflóir mic Rifill do luaidheamar thuas an Reaflóir-se mac Neomainn. Mar ráinig iomorro Mílidh  p.42 do láthair Reaflóir, fáiltighis roimhe; agus i gcionn athaidh da éis sin do rinne an rí taoiseach ar shluagh na Scitia dhe; agus do phós a inghean féin ris dar bh'ainm Seang inghean Reaflóir, agus rug sí dias mac dó mar atá Donn is Airioch Feabhruadh.

Iar gcaitheamh cheana sealad aimsire do Mhílidh san Scitia do éirigh iomad áithis leis i n-aghaidh díbhfeargach is luchta foghla do dhéanamh san gcrích, ionnus tríd sin gur ghrádhuigheadar lucht na críche go mór é. Agus mar do mhothuigh an rí Reaflóir sin do ghabh eagla é go dtiocfadh Mílidh 'n-a aghaidh ré buain ríoghachta na Scitia dhe; agus do chogair da bhíthin sin Mílidh do mharbhadh tar ceann go raibhe sé 'n-a chliamhain aige; agus mar do chualaidh Mílidh sin iarrais árach ar an rígh Reaflóir gur marbhadh leis é; agus leis sin cuiris cruinniughadh is coimhthionól ar a mhuinntir dílis féin, agus tig ar muir go líon trí bhfichid long agus do thriall go réimdhíreach ar Muir dToirrian go ráinig bun srotha Níl; agus ar dteacht i dtír ann sin dó, do chuir teachta go Pharao Nectonibus 'ga fhaisnéis dó é féin do theacht don tír; agus cuiris an rí teachta i gcoinne Míleadh, agus ar rochtain da láthair dó, fáiltighis roimhe, agus tug fearann dó féin is da mhuinntir ré áitiughadh san tír; gonadh ag faisnéis an turais sin Mhíleadh ón Scitia go h-Éigipt atá Giolla Caomháin san rann-so:

  1. Ro ghoin Mílidh fá maith clann
    Refelóir nochar bh'anbhfann;
    Ro scuch go cruaidh ón tír thall
    Go sruth Níl go bhfuair fearann.

Tuig, a léaghthóir, go rabhadar an dias mac rug Seang inghean Reaflóir do Mhílidh, mar atá Donn is Airioch Feabhruadh, mar aon ris ag teacht don Éigipt iar n-éag a máthar san Scitia.

Tarla fán am soin cogadh mór idir an rígh Pharao is rígh na Aetiopia. Do-ní Pharao taoiseach sluaigh do Mhílidh, iar meas a chródhachta is a chalmachta dó, i gcoinne shluaigh na  p.44 Aetiopia, agus tug féin is sluagh na Aetiopia iomad cath is coinbhliocht da chéile gur éirigh iomad áithis lé Mílidh is go ndeachaidh a chlú is a oirdhearcas fá na críochaibh; ionnus go dtáinig dhe sin go dtug Pharao a inghean féin 'n-a mnaoi dhó; agus Scota ghairthear di ar mbeith 'n-a mnaoi ag Mílidh do bhí do chine Scuit. Agus rug sí dias mac dó san Éigipt mar atá Éibhear Fionn is Aimhirgin; agus do láthair iar rochtain na Éigipte do Mhílidh do chuir dá fhear dhéag do na hógaibh do bhí 'n-a fhochair d' fhoghluim prímhcheard na Éigipte go beith da gach aon díobh cliste 'n-a cheird féin i gcionn na seacht mbliadhan do chomhnuigh sé san Éigipt.

Iomthúsa Míleadh do smuain 'n-a mheanmain gur thairrngir Caichér Draoi cian roimhe sin da shinnsear, do Láimhfhionn, gurab i n-Éirinn do-ghéabhdaois a shliocht flaitheas go bunadhasach, agus ollmhuighthear trí fichid long leis gur chuir forthainn sluagh ionnta, agus ceileabhrais do Pharao. Triallais iomorro leis sin ó bhun srotha Níl ar Muir dToirrian go ráinig i dtír i n-oiléan atá láimh ré Tracia, Irena ghoirthear dhe; agus is ann rugadh Ír mac Míleadh. Triallais as sin go hoiléan da ngairthear Gotia atá san bhfairrge chaoil téid san aigéan budh thuaidh, agus do rinne seal comhnuighthe ann sin, gonadh ann rug Scota mac dó da ngairthí Colpa an Chloidhimh. Triallaid as sin san gcaolmhuir budh thuaidh scaras an Asia is an Eoraip ré chéile, agus láimh chlé ris an Eoraip siar, go ráinig Cruitheantuaith ré ráidhtear Alba. Airgthear iomorro imeall na críche sin leo agus triallaid da éis sin láimh dheas ris an m-Breatain Mhóir, go rángadar bun srotha Réin, agus láimh chlé ris an b-Fraingc siar budh dheas, gur ghabhsad cuan da éis sin san Bhioscáin.

Ar rochtain iomorro san chrích sin dóibh, tigid a bhráithre d' fháiltiughadh ré Mílidh; agus nochtaid dó na Goti go  p.46 n-iomad eachtrann oile do bheith ag comhmbuaidhreamh na chríce sin is na h-Easpáinne uile. Ar na chlos sin iomorro do Mhílidh, do chuir tionól ar a ranntaibh féin feadh na h-Easpáinne; agus ar gcruinniughadh ar aonláthair dóibh, triallais leo agus lé líon an chabhlaigh do chuaidh ris féin san tír i n-aghaidh na n-Goti is na n-eachtrann, go dtug cheithre madhmanna déag is dá fhichid orra, gur thathfainn as an Easpáinn iad agus gur ghabh féin go n-a bhráithribh, mar atáid Clann Bhreoghain mic Brátha, urmhór na h-Easpáinne dhóibh féin. Do bhí iomorro fán am-so dá mhac dhéag is fiche ag Mílidh, amhail adeir an file:

  1. Tríochad mac agus dá mhac
    Ag Mílidh go ngile nglac;
    Ní ráinig dhíobh, deimhin linn,
    Acht aonochtar go h-Éirinn.
Do bhádar iomorro cheithre mic fichead díobh sin rugadh ar leannántacht dó, sul do thriall as an Spáinn don Scitia; agus an dias ban do bhí diaidh i ndiaidh aige pósta rug an t-ochtar oile dhó, mar atá Seang inghean Reaflóir flaith na Scitia rug dias díobh san Scitia, mar atá Donn is Airioch Feabhruadh , is Scota inghean Pharao Nechtonibus rug an seisear oile dhíobh, mar atá dias san Éigipt .i. Éibhear Fionn is Aimhirgin, Ír ar Muir Tracia, Colpa an Chloidhimh i n-Gotia, Arannán agus Éireamhón san Galisia, amhail adeir Conaing file san laoidh seanchusa-so síos:
  1. Ocht mic Ghalaimh na ngáire,
    Darbh ainm Mílidh Easpáine,
    Ro shleachtadar míle magh;
    Cidne tíre a ngeinsiodar?
  2. Airioch Feabhruadh 's Donn go ngliadh,
    Ro geineadh iad san Scitia;
    Rugadh san Éigipt aibhnigh
    Éibhear Fionn is Aimhirgin.
  3.  p.48
  4. Ír, ní raibhe laoch ba lia,
    Ro genair i dtaobh Tracia;
    Ro genair Colpa an Chlaidhimh
    I n-Glionn Colpa i n-Gaothlaidhibh.
  5. Ruga ag Tur Breoghain gan brón
    Arannán is Éireamhón ,
    Dá shóisear na laoch gan locht,
    Mac Dé ro thraoth a dtothocht.
  6. Ocht.

 p.50

19. XIX.

Ar bhfás don tsliocht-soin Breoghain mic Brátha do bhádar neartmhar daoineach san Easpáinn; agus ar mhéid a n-oirbheart, do chuireadar rompa tuilleadh flaithis do ghabháil do leith éigin oile. Adhbhar oile fós do bhí aca, mar tharla ré linn na haimsire sin teirce bídh san Easpáinn feadh sé mbliadhan bhfichead, tré iomad tiormaigh na haimsire an feadh soin, agus fós tré iomad coinbhliocht tarla eatorra is na Goti is gach drong oile eachtrann ré rabhadar ag gleic fá iomchosnamh na h-Easpáinne. Cinnid uime sin comhairle cia an chríoch ar a ndéandaois braith nó cia do cuirfidhe da braith. Is í comhairle ar ar chinnsiod, Íoth mac Breoghain mic Brátha do bhí 'n-a dhuine ghaisceamhail, is do bhí fós eagnaidhe eolach sna healadhnaibh, do thogha ré dul do bhraith oiléin na h-Éireann. Agus is é áit ar ar chinneadar ar an gcomhairle-se ag Tor Breoghain san Galisia.

Is mar sin tarla dhóibh Íoth do chur go h-Éirinn, agus ní mar adeirid drong oile gurab i néallaibh nimhe oidhche gheimhridh do chonnairc do mhullach Thuir Breoghain í. Óir do bhí caidreamh is roinn roimhe sin idir Éirinn is an Easpáinn, ón tráth fá dtug Eochaidh mac Eirc rí déidheanach Fhear m-Bolg Taillte inghean MhaghmhóirEaspáinne 'n-a mnaoi. Do chleachtdaois trá leath ar leath bheith ag ceannaidheacht is ag malairt a n-earradh is a seod ar gach taoibh ré chéile, ionnus go raibhe aithidhe na h-Éireann ag Easpáinneachaibh agus aithne na h-Easpáinne ag Éireannchaibh sul rugadh Íoth mac Breoghain; ionnus da réir sin nach ó amharc aonoidhche d'fhagháil do mhullach Thuir Breoghain fuair Íoth náid clann Breoghain eolas ar Éirinn, acht ó chaidreamh imchian aimsire roimhe sin do bheith idir an Easpáinn is Éirinn.

 p.52

Dála Íotha iomorro ollmhuighthear long leis is cuiris trí chaogad laoch toghtha innte, is triallais ar muir go rángadar don leith thuaidh d' Éirinn, gur ghabhadar cuan i m-Bréantrácht Mhaighe Íotha; agus mar ráinig Íoth i dtír ann do rinne iodhbairt do Neaptúin, dia na mara, is do rinneadar na deamhain drochthuar dhó. Leis sin tángadar drong do lucht na críche do labhairt ris i Scoitbhéarla .i. i n-Gaedhilg, is do fhreagair seisean san teangaidh chéadna iad, agus adubhairt gurab ó Mhagog táinig féin amhail tángadar-san; agus gurab Scoitbhéarla, fá teanga bhunadhasach dó féin amhail do b'eadh dhóibh sin. Atáid na seanchaidhe, ar lorg na háite-se san Leabhar Ghabhála, ag a rádh gurab é an Scoitbhéarla, ré ráidhtear Gaedhealg, fá teanga bhunadhasach do Neimhidh is da aicme, agus da réir sin ag Fearaibh Bolg is ag Tuathaibh Dé Danann. Óir is inchreidte sin as an ní adubhramar thuas gurab é Gaedheal mac Eathóir ar fhoráileamh Féiniusa Farsaidh rí na Scitia do chuir an Scoitbhéarla i n-eagar is i n-ordughadh; gonadh ón n-Gaedheal soin ráidhtear Gaedhealg ris an Scoitbhéarla, amhail adubhramar thuas.

Is túsca trá do bhí an Gaedheal-so ag múnadh scol gcoitcheann san Scitia ioná do thriall Neimhidh ar eachtra ón Scitia go h-Éirinn; agus ós é an Scoitbhéarla fa teanga choitcheann san Scitia an tráth do thriall Neimhidh aiste, do réir na seanchadh, is é an Scoitbhéarla fá teanga dhíleas do Neimhidh is da fhuirinn ag teacht i n-Éirinn dóibh; agus da réir sin ag gach gabháltas da dtáinig ar Éirinn uaidh nó da shliocht; ní áirmhim mic Mhíleadh dar teanga dhíleas an Scoitbhéarla ó do fhágaibh Niúl an Scitia gus an am-so. Tig Risteard Craobhach príomháidh Éireann leis an ní-se san leabhar do scríobh sé do bhunadhas na Gaedhilge is aicme Ghaedhil. Ag so mar adeir: ‘Atá (ar sé) an Ghaedhealg i ngnáthughadh i n-Éirinn ó theacht Neimhidh 630 mbliadhan iar ndílinn gus an ló aniú. {Gaelica locutio est in usu in Hibernia ab adventu Nemedii anno 630 a Diluvio in hunc usque diem.}’ () Do réir a ndubhramar ní díchreidthe  p.54 gurab i Scoitbhéarla do agaill Íoth is Tuatha Dé Danann a chéile.

Iomthúsa Íotha, do fhiafruigh da éis sin ainm na críche dhíobh agus cia do bhí i bhflaitheas uirre an tan soin. Nochtaid an fhuireann soin tarla air ar dtús gurab Inis Ealga fá hainm don chrích, is gurab iad trí mic Chearmada Milbheoil mic an Daghdha do bhí i bhflaitheas innte ar sealaidheacht gach ré mbliadhain, amhail adubhramar thuas, go dtarla an tráth soin iad i n-Oileach Néid i dtuaisceart Uladh, agus iad i n-imreasan fá sheodaibh a sean. Triallais iomorro Íoth ar n-a chlos sin mar aon ré dhá dtrian na foirne táinig 'n-a luing leis, agus is é líon do bhí 'n-a luing trí chaogad laoch. Agus mar tháinig do láthair chloinne Cearmada fáiltighid roimhe, is foillsighid fáth a n-imreasain dó. Nochtais seisean dóibh-sean don leith oile gurab tré mhearughadh mara táinig féin don chrích, is nach raibhe a bhara faoi comhnuidhe do dhéanamh innte, acht triall tar a ais da thír féin. Gidheadh mar do measadh leo-san Íoth do bheith foghlumtha, do thoghadar n-a bhreitheamh san imreasan do bhí eatorra é, agus is í breath rug, na seoide do roinn tréanach eatorra; agus leis sin do ghabh ag moladh na h-Éireann is adubhairt gurab éagcóir do bhí imreasan eatorra agus líonmhaire na hinse fá mhil is fá mheas, fá iasc is fá lacht, fá íoth is fá arbhar, agus measardhacht a haieoir ar theas is ar fhuacht. Adubhairt fós dá roinntí an tír tréanach eatorra go raibhe a bhforthainn uile innte. Ceileabhrais Íoth da éis sin dóibh agus triallais mar aon ré n-a chéad laoch d'fhios a luinge.

Dála chloinne Cearmada tugadar da n-aire méid an mholta thug Íoth ar Éirinn; agus is eadh do measadh leo dá roicheadh lais dul da chrích féin go dtiubhradh iomad sluagh leis do ghabháil na h-Éireann; agus is é ní ar ar chinneadar mac Cuill go líon trí chaogad laoch do chur 'n-a thóraidheacht; is rugadar air, is do ghabh Íoth féin deireadh ar a mhuinntir,  p.56 is rug leis iad go Maigh Íotha budh thuaidh, gur fearadh coimheascar eatorra, gur thuit Íoth ann; agus rugadar a mhuinntear leo é 'n-a luing, gur éag sé ar muir aca, agus gur hadhnaiceadh san Easpáinn é iar dtaispéanadh a chuirp do mhacaibh Míleadh da ngreannughadh ré teacht da dhíoghail go h-Éirinn ar chloinn Chearmada. Is céadfaidh do dhruing ré seanchus gurab ar Druim Lighean do marbhadh Íoth is gurab ar Maigh Íotha do hadhnaiceadh é. Gidheadh is cinnte agus is fírinnighe an chéadfaidh thuas.

Do ghabháil mhac míleadh ar Éirinn annso, agus da ndálaibh, agus cia an chríoch as a dtángadar go h-Éirinn.

Adeir Hector Boetius, san treas caibidil do stáir na h-Alban, gurab clann do Ghaedheal Éibhear is Éireamhón . Gidheadh ní héidir sin do bheith fírinneach, do bhrígh, do réir Chormaic mic Cuileannáin 'n-a chroinic, gur bh' fhear comhaimsire do Mhaoise Gaedheal; agus adeir mar an gcéadna do réir an Leabhair Ghabhála gurab i gcionn trí mbliadhan ar cheithre fichid ar dhá chéad iar mbáthadh Pharao tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn, agus da réir sin nar bh'éidir Gaedheal do bheith 'n-a athair ag Éibhear ná ag Éireamhón . Is sollus fós do réir Chormaic san áireamh glún do-ní ó Ghalamh da ngairthí Mílidh Easpáinne fá hathair d'Éibhear is d'Éireamhón , go Noe, nar bh'é Gaedheal fá hathair dóibh. Ag so, do réir Chormaic, an geinealach go Noe: Galamh mac Bile mic Breoghain mic Brátha mic Deaghátha mic Earchadha mic Eallóit mic Nuadhat mic Neanúil mic Eibric Ghlais mic Éibhir Ghlúinfhinn mic Láimhfhinn mic Aghnóin mic Táit mic Ogamain mic Beodhamain mic Éibhir Scuit mic Srú mic Easrú mic Gaedhil Ghlais mic Niuil mic Féiniusa Farsaidh mic Baath mic Magog mic Iafet mic Noe.

 p.58

Gibé do léaghfadh stair Hector Boetius do mheasfadh go saoileann sé gurab ó Ghaedheal éigin oile tángadar Gaedhil Alban seoch an Gaedheal ó dtángadar Éireannaigh. Gidheadh is leor liom ughdar barántamhail Albanach, da ngairthear Ioannes Maior, ag a rádh gurab ó Ghaedhealaibh Éireann tángadar Gaedhil Alban. Ag so mar adeir: ‘Adeirim ar an adhbhar soin (ar sé) gibé dream ó bhfuil bunadhas na n-Éireannach, gurab ón ndruing gcéadna tángadar Albanaigh. {Dico ergo a quibuscunque Hibernici originem duxere ab iisdem Scoti exordium capiunt.}’ () Tig Beda leis an ní-se i Stair Eaglaise na Sacsan mar a n-abair, (Historia Ecclesiastica Gentis Anglorum, libro primo, cap. primo,)‘I gcionn sealad aimsire do ghlac an Bhreatain, i ndiaidh na m-Breathnach is na b-Pict, an treas cine i gcuid nó i mír na b-Pict, cine do thriall a h-Éirinn mar aon ré na dtaoiseach Rhéada, do ghreamuigh i measc na b-Pict ionadh suidhe dóibh féin, lé cáirdeas nó lé harm, atá 'n-a seilbh gus an am so. {Procedente autem tempore Britannia post Britones et Pictos tertiam Scotorum nationem in Pictorum parte recepit qui duce Rheada de Hibernia egressi vel amicitia vel ferro sibimet inter eos sedes quas hactenus habent vindicarunt.}’

As so is iontuigthe do réir Bheda gurab a h-Éirinn do chuadar cine ScuitRhéada a dtaoiseach féin go h-Albain, agus go bhfuilid a sliocht ann ó shoin agus gurab díobh ghairmthear Scuit. Ag so mar adeir Humfredus, ughdar Breathnach, ‘Atá a dhearbh aca féin is ag cách gurab clann d'Éireannchaibh na Scuit is gurab aonainm amháin ghairmid lucht ar dtíre-ne (.i. na Breathnaigh ) dhíobh mar atá Gaedhil. {Scotos Hibernorum proles et ipsi et omnes optime norunt eodemque nomine a nostratibus scilicet Gaidhil appellantur.}’ () Atá fós Cambrens san seiseadh caibidil déag don treas distinct don leabhar do scríobh ar thuarasgbháil na h-Éireann, da fhoillsiughadh gurab ré linn Néill Naoighiallaigh do bheith i bhflaitheas Éireann do chuaidh seisear mac Mhuireadhaigh ríogh Uladh go h-Albain gur ghabhadar neart is arrachtas ann; agus gurab fán am soin tugadh Scotia d'ainm ar Albain ar dtús, agus gurab ón gcloinn sin ríogh Uladh ghairmthear cine Scuit d' Albanchaibh. Ag so mar adeir, ag labhairt ar  p.60 an gcloinn sin, ‘Agus as sin, (ar sé), is uatha do craobhscaoileadh is do gairmeadh go speisialta cine Scuit do Ghaedhealaibh Alban ón am soin gus aniú. {Unde et gens ab his propagata et specificato vocabulo Scotica vocata usque in hodiernum.}’ ()

Do réir a ndubhramar is bréagach an dá ní mheasas Hector Boetius i Stair na h-Alban: an chéadní dhíobh, mar saoileas gurab é Gaedheal fá hathair do chloinn Mhíleadh; agus an dara ní mar mheasas gurab ó Ghaedheal éigin ar leith tángadar fine Ghaedhil na h-Alban seoch an Gaedheal ó dtángadar mic Mhíleadh lér gabhadh Éire.

Adeir Buccananus ughdar Albanach san Stair ro scríobh ar Albain gurab ón bh-Fraingc tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn; agus do-bheir, dar leis féin, trí réasúin ris sin; an céidreasún díobh, mar a n-abair go raibhe an Fhraingc cómh daoineach soin go ndéineadh an chuid don Fhraingc ré ráidhtear Gallia Lugdunensis trí chéad míle fear infheadhma; agus uime sin gur chosmhail gur bhrúcht sí foirne uaithe d' áitiughadh críoch oile, agus da réir sin gur chuir sí fuireann d'áitiughadh na h-Éireann, mar atáid fine Ghaedhil. Mo fhreagra ar an réasún-so, nar bh'fheas don ughdar-so cá tráth tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn, agus mar sin nar bh'fheas dó ar dhaoineach nó ar bh'uaigneach don Fhraingc an tan tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn. Dá mbeith fós go mbiadh an Fhraingc comh líonmhar is adeir seisean a beith fá dhaoinibh an tan tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn, ní hiontuigthe go héigeantach as sin gurab ón bh-Fraingc tiocfadaois mic Mhíleadh. Óir ciodh fár chóra don Fhraingc bheith líonmhar fá dhaoinibh an tráth soin ioná don Spáinn ó dtángadar mic Mhíleadh? Dá bhrígh sin is iontuigthe gurab suarach an réasún-so chuireas Buccananus síos ag a chruthughadh gurab ón bh-Fraingc tángadar mic Mhíleadh do réir a mbunadhasa.

An dara baramhail baothánta do-bheir gurab ón bh-Fraingc tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn, do bhrígh go bhfuilid focail Fhraingcise is Ghaedhilge ionann, mar atá dris agus dún atá  p.62 ionann i bhFraingcis is i n-Gaedhilg, agus beagán oile da gcosmhaileas. Mo fhreagra ar an réasún-so go bhfuilid focail as gach aointeangaidh ar airleagadh san cheathramhadh mír don Ghaedhilg ré ráidhtear Béarla Teibidhe ó aimsir Féiniusa Farsaidh anuas; agus mar sin amhail atáid focail ón bhFraingcis innte atáid focail ón Spáinnis ón Eadáilis ón n-Gréigis ón Eabhra ón Laidin is ó gach prímhtheangaidh oile innte. Agus uime sin ní suidhiughadh ar Ghaedhealaibh do thigheacht ón bh-Fraingc go mbiadh beagán focal ionann i n-Gaedhilg is i bhFraingcis. Agus fós an beagán focal atá ionann eatorra, measaim gurab ó Éirinn rugadh don Fhraingc iad, agus is móide mheasaim sin mar adeir Caesar san seiseadh leabhar da Stair gurab ó oiléanaibh na Breatan do chuadar draoithe don Fhraingc do bhíodh 'n-a mbreitheamhnaibh aca, agus ag a mbíodh tearmann is saoirse is cádhas ó uaislibh na Fraingce.

20. XX.

Is inmheasta gurbh é oiléan na h-Éireann an t-oiléan soin as a thrialladar na draoithe don Fhrainc do bhrígh gur bh' í Éire tobar draoidheachta iarthair Eorpa an tan soin, agus gur bh' í an Ghaedhealg fá teanga do na draoithibh céadna. Nó ma's ón Mhanainn do thrialladar, is follus gurab í an Ghaedhealg fá teanga dhíleas ann sin, do réir Ortelius ag labairt ar Mhanainn, mar a n-abair: ‘Gnáthuighid (ar sé) teanga na Scot nó an Ghaedhealg atá ionann. {Lingua Scotica, seu Hibernica quae eadem est, utuntur.}’ ()

Da réir sin, ré linn bheith ag múnadh do na draoithibh san bh-Fraingc, is cosmhail gur thógbhadar aos óg na Fraingce, ó bheith i gcaidreamh na ndruadh, suim éigin d'fhoclaibh na Gaedhilge is go bhfuilid ar aithidhe i measc na Fraingcise ó shoin i le; agus fós go n-abair Camdenus, san leabhar da ngairthear Britannia Camdeni, gurab mó do theagascdaois na draoithe fán am soin ó theagasc beoil ioná ó scríbhinn da scolaibh.

Adhbhar oile fós as nar bh'iongnadh focail Ghaedhilge do bheith i measc na Fraingcise, ar mhéid an chaidrimh do bhí ag ÉireannchaibhFrangcaibh, óir adeir an Leabhar Gabhála gur bh' inghean do rígh Frangc fá bean d' Ughaine Mhór fá hairdrí ar Éirinn, agus do chuaidh an t-Ughaine-se do ghabháil neirt na Fraingce. Do chuaidh fós airdrí oile do bhí ar Éirinn .i. Niall Naoighiallach, aimsear imchian d'éis Ughaine, do ghabháil neirt na Fraingce, gur marbhadh ag sruth Loeir san bh-Fraingc é lé h-Eochaidh mac Éanna ChinnsealaighLaighean. Do chuaidh Criomhthann mac Fiodhaigh rí Éireann ria Niall don Fhraingc. Do chuaidh fós airdrí oile do bhí ar Éirinn, mar atá Dáthí mac Fiachrach d'iarraidh neirt do ghabháil ar an bh-Fraingc gur mharbh caor theintighe san leith thoir don Fhraingc láimh ré sliabh Alpa é. Adeir mar an gcéadna Cornelius Tacitus go raibhe roinn is caidreamh  p.66 ceannaidheachta idir Éirinn is an Fhraingc. Do réir a ndubhramar, ní hiongnadh airleagadh focal do bheith ón Ghaedhilg san bhFraingcis, is ón bhFraingcis i n-Gaedhilg. Gidheadh ní hiontuigthe as sin go héigeantach gurab ón bh-Fraingc do thrialladar fine Ghaedhil i n-Éirinn. Uime sin is suarach an dara baramhail do-bheir Buccananus.

Is bréagach fós an treas baramhail do bheir Buccananus, mar a n-abair gurab ionann nóis is béasa do Fhrangcaibh is d' Éireannchaibh. Cibé iomorro léighfeas Ioannes Bohemus san leabhar ro scríobh do bhéasaibh is do nósaibh an uile chinidh, do-ghéabha go follus ann nach ionann nóis náid béasa na bh-Frangcach is na n-Éireannach anois ná i n-allód. Da réir sin is bréagach an treas réasún do-bheir mar chruthughadh ar shliocht Gaedhil do thriall ar dtús ón bh-Fraingc i n-Éirinn.

Adeirid cuid do na nuaGhallaibh-se ag scríobhadh ar Éirinn gurab ón Bhreatain Mhóir tángadar mic Mhíleadh ar dtús; agus is é fáth fá saoilid sin, do bhrígh go bhfuilid iomad focal ionann i n-Gaedhilg is i m-Breathnais. Mo fhreagra ar an réasún-so nach suidhiughadh ar aicme Ghaedhil do thigheacht ón Bhreatain Mhóir é ar dtús. Dá adhbhar atá ris sin. An céadadhbhar dhíobh, do bhrígh gurab í an Ghaedhealg fá teanga dhíleas do Bhriotán mac Fearghusa Leithdheirg mic Neimhidh, agus gurab uaidh ráidhtear Britannia re Breatain do réir Chormaic mic Cuilleannáin is Leabhar n-Gabhála na h-Éireann; agus gurab i m-Breatain do áitigh sé féin is a shliocht da éis; gur chuir Éireamhón mac Míleadh Cruithnigh ré ráidhtear Picti ag comhroinn na h-Alban riú, agus go dtáinig Brutus mac Siluias, ma's fíor do chuid da gcroinicibh féin, isteach orra is Rómhánaigh 'n-a dhiaidh sin, agus Saxones da éis sin, agus Lochlonnaigh is fá dheireadh Uilliam Concúr is na Frangcaigh, ionnus go dtáinig an oiread soin d' anfhorlann eachtrann orra nar bh' iongnadh an Scoitbhéarla,  p.68 fá teanga do Briotán is da shliocht da éis, do dhul i mbáthadh. Gidheadh, an t-iarmhar beag atá ar marthain di gan múchadh uile, atá sí féin agus an Ghaedhealg ionann, an mhéid atá ó aimsir Bhriotáin gan malairt di.

An dara hadhbhar as nach iongnadh iomad focal do bheith ionann san Bhreathnais is san Ghaedhilg, gion gurab ón m-Breatain tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn, do bhrígh gur bh'í Éire fá cúil dídin do Bhreathnaibh ré linn gach leathtruim da luigheadh orra, do bhíthin na Rómhánach is na Sacsanach nó gach druinge oile da n-imreadh foirneart orra, ionnus go dtigdís foirne iomdha go n-a muirear is go n-a muinntearaibh is go n-a maoin ar teitheadh i n-Éirinn díobh, go dtugdaois uaisle na h-Éireann fearann ar feadh a gcuarta dhóibh; agus an sliocht tigeadh uatha ré linn a ndeoraidheachta, do fhoghlamthaoi an Ghaedhealg leo, agus go bhfuilid bailte i n-Éirinn ainmnighthear uatha mar atá Gráig na m-Breathnach is Baile na m-Breathnach is Dún na m-Breathnach ⁊c; agus iar dtilleadh don Bhreatain tar a n-ais dóibh do bíodh iomad focal don Ghaedhilg ar gnáthughadh aca is ag a sliocht da n-éis. Do réir a ndubhramar ní hinmheasta go héigeantach gurab ón m-Breatain tángadar mic Mhíleadh ar dtús, tar ceann go bhfuilid focail ionanna san Breathnais is i n-Gaedhilg. Gibé adéaradh fós gurab cosmhail na Breathnaigh is na Gaedhil 'n-a nósaibh is 'n-a mbéasaibh ré chéile, óir mar bhíos an Gaedheal neamhchomhuightheach fá bhiadh do thabhairt i n-aiscidh uaidh, is mar sin bhíos an Breathnach; mar bhíos fós cion ag an Éireannach ar na seanchaidhibh, ar an aos dána, ar na bardaibh, is ar aos seanma na gcláirseach, bí a shamhail sin do chion ag an m-Breathnach ar an druing céadna agus bíd mar sin cosmhail ré chéile i mórán do bhéasaibh oile; gidheadh ní suidhiughadh sin ar Ghaedhealaibh do thigheacht on m-Breatain acht is mó is suidhiughadh é ar aithidhe do bheith ag Breathnaibh i n-Éirinn, amhail adubhramar thuas; agus da réir sin ní hiontuigthe as na réasúnaibh réamhráidhte gurab ón m-Breatain Mhóir tángadar mic  p.70 Mhíleadh ar dtús. Gidheadh is éidir go fírinneach a rádh go ndeachadar drong do shliocht Bhreoghain a h-Éirinn d'áitiughadh na Breatan Móire, mar atá cuid do shliocht na dtaoiseach do chlannaibh Breoghain táinig lé macaibh Míleadh i n-Éirinn.

Ag so anmanna na mac soin Breoghain táinig i n-Éirinn lé macaibh Míleadh, mar atá Breagha Fuad Muirtheimhne Cuailgne Cuala Eibhle Bladh is Nár. Is da sliocht-so go cinnte do réir seanchusa na h-Éireann an dream ré ráidhtear Brigantes; agus is córaide sin do mheas 'n-a fhírinne mar adeir Tomasius san bhfoclóir Laidne ro scríobh gurab pobal ó Éirinn na Brigantes .i. clann Bhreoghain.

Adeir ughdar Spáinneach darab ainm Florianus del Campo, ag teacht lé seanchus na h-Éireann, gurab Spáinnigh do réir a mbunadhas na Brigantes agus gurab ón Spáinn tángadar i n-Éirinn agus ó Éirinn don m-Breatain.

Is móide is ionchreidthe gach ní da ndubhramar do leith chaidrimh na m-Breathnach lé h-Éireannchaibh; agus gur bh' í Éire fá cúil dídin dóibh, mar adeir Caradocus ughdar Breathnach 'n-a chroinic agus Albion 'n-a chroinic, agus iomad d'ughdaraibh oile na m-Breathnach, go dtigdís mórán do phrionnsaidhibh na Breatan agus da n-uaislibh go n-a muirear agus go n-a muinntir i n-Éirinn, mar a ngabhthaoi riú, agus mar a nglacthaoi go cineálta iad, agus mar a dtugthaoi fearann ré háitiughadh dhóibh, amhail adubhramar thuas. Do-ní fós Doctúir Hanmer 'n-a chroinic speisialtacht ar chuid díobh. Ar dtús, adeir gur díbreadh go h-ÉirinnEduin mac Athelfrid, rí do bhí ar an m-Breatain, dar bh'ainm Cadualin, an tan fá haois don Tighearna 635, agus go bhfuair gabháil ris go grádhach ann, agus fuair congnamh sluaigh lér bhain sé a fhlaitheas féin amach arís. Adeir fós gó dtángadar dá phrionnsa ó Bhreatain, mar atá Haralt agus Conan, go h-Éirinn, an tan fá haois don Tighearna 1050, agus go bhfuaradar a nglacadh agus fós caidreamh agus cumhdach ó Éireannchaibh. Adeir mar an gcéadna go dtáinig Allgor iarla Chester ón m-Breatain ar teitheadh  p.72 i n-Éirinn, agus gur chuireadar Éireannaigh sluagh leis lér bhain a thalamh féin amach arís, an tan fá haois don Tighearna 1054. Táinig arís prionnsa oile do Breathnaibh dar bh' ainm Bleithin ap Conan ar teitheadh i n-Éirinn an tan fá haois don Tighearna 1087; agus fuair congbháil ar feadh a chuarta innte. Mar sin dóibh i gcleamhnas is i gcaidreamh ó aimsir go haimsir.

Léaghthar iomorro i g-croinic Hanmer gur phós Arnulfus iarla Pembroc inghean Mhuircheartaigh Uí Bhriain ríogh Éireann, an tan fá haois don Tighearna 1101. Agus do pósadh an dara hinghean dó lé Maghnus mac Arailt, rí na nOiléan. I n-aimsir fós an chéad-Henrí i ríoghacht Shacsan, do bhí prionnsa ar an m-Breatain dar bh' ainm Griffin ap Conan do mhaoidheadh go minic gur bhean Éireannach fá máthair dó féin, agus fós fá seanmháthair, agus gurab i n-Éirinn rugadh agus do béasmhúineadh é. Do réir an ughdair chéadna, do bhí fós prionnsa oile ar an m-Breatain ré linn an dara Henrí, Biradus mac Guinethi fá hainm dó, agus fá bean Éireannach a mháthair. Mar sin do bhíodh iomad caidrimh cáirdeasa is cleamhnasa idir Ghaedhealaibh is na Breathnaigh, ionnus da réir sin nach ionchuir i n-iongantas iomad focal ionann do bheith 'n-a dteangthaibh leath ar leath agus cosmhaileas 'n-a mbéasaibh agus 'n-a nósaibh ré chéile, gion gurab ón m-Breatain tángadar Gaedhil riamh do réir a mbunadhasa.

Adeir Camden mar an gcéadna gur áitigheadar na Brigantes sna tíribh-se síos don Bhreatain Mhóir, mar atá críoch Yorke críoch Lancaster críoch Dhurham críoch Westmorland is críoch Chumberland; agus ní hiongnadh, do réir a ndubhramar, Breathnaigh is Éireannaigh do bheith cosmhail ré chéile 'n-a mbéasaibh is 'n-a nósaibh agus mórán focal ionann do bheith 'n-a dteangthaibh leath ar leath gion go dtángadar mic Mhíleadh do réir a mbunadhasa ó na Breathnaibh riamh, gan chead do Chamden adeir gurab ón m-Brittania tángadar áitightheoire ar dtús i n-Éirinn. Is córa  p.74 iomorro creideamhain do sheanchus Éireann, ar a bhfuil d'fhiachaibh fios is fíoreolas gach dála da dtarla d'Éirinn riamh do lorgaireacht is do choimhéad, ioná do bharamhail Chamden ris nar léig Seanchus Éireann a rún riamh as a mbeith fios dál na h-Éireann aige.

Adeir Cambrens, ag scríobhadh ar Éirinn, gurab ar fulong ríogh do bhí ar an m-Breatain Mhóir tángadar mic Mhíleadh ón m-Bioscáin; agus fós gurab ar a tharraing tángadar 'n-a dhiaidh go h-Orcades, agus gur chuir fuireann leo go h-Éirinn da háitiughadh, ar eacht go mbeidís féin is a sliocht umhal dó féin is do ríoghaibh na Breataine Móire do shíor; agus is é ainm ghairmeas Cambrens don rígh-se Gorguntius mac Beilín. Mo fhreagra mar an gcéadna ar Chambrens gurab follus a bheith bréagach. Cibé iomorro léighfeas Croinic Stoo do-ghéabhaidh go follus nach fuil acht beagán lé trí chéad bliadhan ó fhlaitheas an Ghorguntius soin ar an m-Breatain Mhóir go tigheacht Iulius Caesar da gabháil an t-ochtmhadh bliadhain do fhlaitheas Casibellanus ar an m-Breatain Mhóir; agus léaghthar ag an ughdar gcéadna nach raibhe acht tuairim dá bhliadhan déag is dá fhichid ó Iulius Caesar go breith Chríost, ionnus do réir áirimh Stoo, nach raibhe coimhlíonadh cheithre céad bliadhan ó aimsir Ghorguntius go gein Chríost. Gidheadh adeir Cormac mac Cuileannáin is Leabhair Ghabhála Éireann gurab tuairim trí chéad déag bliadhan roimh Chríost tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn. Agus atá Policronicon ag teacht leo ar an áireamh gcéadna, mar a dtráchtann ar Éirinn. Ag so mar adeir: ‘Atáid (ar sé) míle is ocht gcéad bliadhan ó thigheacht na n-Éireannach go bás Phádraig. {Ab adventu Ibernensium usque ad obitum Sancti Patricii sunt anni mille octigenti.}’ () Ionann soin ré a rádh is gurab tuairim trí chéad déag bliadhan sul rugadh Críost tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn. Óir, bean an dá bhliadhain déag is cheithre fichid ar cheithre chéad ó ghein Chríost go bás Phádraig do na hocht  p.76 gcéad déag bliadhan úd áirmheas Policronicon do bheith ó thigheacht mhac Mhíleadh i n-Éirinn go bás Phádraig, agus da réir sin atáid ocht mbliadhna ar thrí chéad déag ó thigheacht mhac Míleadh i n-Éirinn go gein Chríost, ionnus go dtig Policronicon is Cormac mac Cuileannáin is na Leabhair Ghabhála lé chéile ar áireamh na haimsire ó ghabháil mhac Míleadh go gein Chríost; agus dá bhfromhthar, do réir Chroinic Stoo, an t-áireamh aimsire atá ó Ghorguntius go gein Chríost, agus mar an gcéadna, an t-áireamh aimsire do-ní Policronicon is Cormac mac Cuileannáin is na Leabhair Ghabhála ar an áireamh aimsire atá ó thigheacht mhac Míleadh i n-Éirinn go gein Chríost do-ghéabhthar go follus go rabhadar mic Míleadh i n-Éirinn tuilleadh is naoi gcéad bliadhan sul do ghabh Gorguntius flaitheas na Breataine Móire. Do réir a ndubhramar, is follus gur bhréag gan bharántus do rinne Cambrens 'n-a chroinic mar a n-abair gurab é an Gorguntius thuas do dháil mic Míleadh 'n-a dhiaidh go h-Orcades, agus do chuir as sin go h-Éirinn iad. Óir cionnus budh éidir do Ghorguntius a gcur i n-Éirinn agus nach rugadh é féin, do réir gach ughdaráis da dtugamar síos annso, go ceann naoi gcéad bliadhan d'éis mhac Míleadh do thigheacht i n-Éirinn?

21. XXI.

Ag so síos do thigheacht mhac Míleadh i n-Éirinn:

Ar n-a chlos do mhacaibh Míleadh is do shliocht Breoghain uile go ndearnadar clann Chearmada feall ar Íoth mac Breoghain is ar a mhuinntir, agus ar bhfaicsin a chuirp créachtnuighthe marbh, do mheasadar teacht da dhíoghail i n-Éirinn ar chloinn Chearmada, agus tionóiltear sluagh leo ré teacht i n-Éirinn da gabháil ar Thuathaibh Dé Danann i ndíoghail na feilbheirte do rinneadar ar Íoth mac Breoghain is ar a mhuinntir. Adeirid cuid do na seanchaidhibh gurab ón m-Bioscáin do thrialladar mic Mhíleadh i n-Éirinn as an áit ré ráidhtear Mondaca láimh ré hInnbhear Uerindo; agus is uime mheasaid sin, do bhrígh go raibhe Mílidh 'n-a rígh ar an m-Bioscáin tar éis mar do ruagadh lé foirneart iomad eachtrann a ceartlár na Spáinne é don Bhioscáin, mar a rabhadar iomad coillteadh is cnoc is daingneach ré cosnamh na Bioscáine ar anfhorlann eachtrann. Gidheadh ní hí so céadfaidh choitcheann na seanchadh, acht is eadh adeirid gurab ó Thor Breoghain san Galisia do thrialladar i n-Éirinn; agus is í sin céadfaidh is mó mheasaim do bheith fírinneach. Óir léaghthar san Leabhar Gabhála gurab ag Thor Breoghain do chinneadar ar Íoth mac Breoghain do chur do bhraith na h-Éireann, agus gurab ann táinig Lughaidh mac Íotha iar dtilleadh a h-Éirinn dó lé corp a athar da thaispeánadh do chloinn Mhíleadh is do mhacaibh Breoghain; agus measaim da réir sin gurab as an áit chéadna do thrialladar i n-Éirinn iar n-éag do Mhílidh go grod roimhe sin, agus do bhíthin bháis Mhíleadh, táinig Scota mar aon ré n-a chloinn i n-Éirinn, ar mbeith don Spáinn an tráth soin 'n-a cnáimh choinghleaca idir an bhfuirinn do bhí san Spáinn féin agus iomad eachtrann táinig a tuaisceart na h-Eorpa do ghabháil neirt orra.

 p.80

Dála chloinne Míleadh, tionóiltear sluagh leo ré teacht i n-Éirinn do dhíoghail Íotha ar Thuathaibh Dé Danann is ar chloinn Chearmada, is do ghabháil na h-Éireann orra; agus is é líon taoiseach do bhí aca ré ceannas feadhna do dhéanamh, dá fhichid, do réir mar léaghthar san duain darab tosach: Tóisigh na luingse tar lear, do rinne Eochaidh Ó Floinn:

  1. Tóisigh na luingse tar lear
    'N-a dtángadar mic Mhíleadh;
    Budh meabhair liom-sa rém lá
    A n-anmann, a n-oidheadha.
  2. Eibhle Fuad Breagha Bladh binn
    Lughaidh Muirtheimhne ón muirlinn;
    Buas Breas Buaidhne na mbríogh mór,
    Donn Ír Éibhear Éireamhón .
  3. Aimhirgin Colpa gan chrádh
    Éibhear Airioch Arannán;
    Cuala Cuailgne Nár amne,
    Muimhne Luighne is Laighne,
  4. Fulmán Manntán Bile séimh
    Ér Orba Fearón Feirghéin;
    Én Ún Eatan Goistean gle
    Séadgha Sobhairce Suirghe.
  5. Palap mac Éireamhóin áin
    Agus Caichér mac Manntáin;
    Do dhíoghail Íotha na n-each
    Tríochad deichneabhar tóiseach.
  6. Tóisigh.

Tríochad long líon an chabhlaigh do bhí aca, agus tríochad laoch i ngach luing díobh, gan áireamh a mban ná a ndaoscarshluagh. Ag so a n-anmanna: Breagha mac Breoghain ó ráidhtear Magh Breagh i Midhe; Cuala mac Breoghain ó ráidhtear Sliabh Cuala; Cuailgne mac Breoghain ó ráidhtear Sliabh Cuailgne; Fuad mac Breoghain ó bhfuil Sliabh Fuaid; Muirtheimhne mac Breoghain ó ráidhtear Magh Muirtheimhne; Lughaidh mac Íotha táinig i n-Éirinn do dhíoghail a athar is  p.82 uaidh adeirthear Corca Laighe i n-deisceart Mumhan; Eibhlinne mac Breoghain ó bhfuil Sliabh nÉibhlinne san Mhumhain; Buas Breas is Buaidhne trí mic Tighearnbhaird mic Brighe; Nár ó ráidhtear Ros Náir i Sliabh Bladhma; Séadgha Fulmán Manntán Caichér is Suirghe mac Caichér; Ér Orba Fearón is Feargna cheithre mic Éibhir; Én Ún Eatan is Goistean; Sobhairce, ní feas dúinn a athair; Bile mac Brighe mic Breoghain; ocht mic Mhíleadh Easpáinne, mar atá Donn is Airioch Feabhruadh Éibhear Fionn is Aimhirgin Ír is Colpa an Chloidhimh Éireamhón is Arannán an sóisear agus cheithre mic Éireamhóin, mar atá Muimhne Luighne is Laighne is Palap, agus aonmhac Ír .i. Éibhear . Is iad soin iomorro an dá fhichid taoiseach tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn. Irial Fháidh mac Éireamhóin, cheana, i n-Éirinn féin rugadh é.

Dála chloinne Míleadh is a gcabhlaigh, ní haithristear aoinní da scéalaibh gur ghabhadar cuan ag Innbhear Sláinghe i n-íochtar Laighean, áit ris a ráidhtear Cuan Locha Garman aniú. Cruinnighid is coimhthionóilid Tuatha Dé Danann 'n-a dtimcheall gur chuireadar ceo draoidheachta ós a gcionn, ionnus gur taidhbhrigheadh dóibh gur dhruim muice an t-oiléan ar a gcionn, agus is de sin ráidhtear Muicinis ré h-Éirinn. Ruaigthear iomorro lé draoidheacht Thuatha Dé Danann mic Mhíleadh ón dtír amach, gur ghabhadar timcheall Éireann, agus do ghabhsad cuan i n-Innbhear Scéine i n-iarthar Mhumhan; agus ar dteacht i dtír dhóibh triallaid go Sliabh Mis go dtarla Banbha go n-a bantracht is go n-a draoithibh orra ann. Fiafruighis Aimhirgin a hainm dhi. “Banbha mh'ainm” ar sí “agus is uaim ráidhtear Inis Banbha ris an oiléan-so.” Triallaid as sin i Sliabh Eibhlinne go dtarla Fódla dhóibh ann, agus fiafruighis Aimhirgin a hainm dhi. “Fódla mh'ainm” ar sí “agus is uaim ráidhtear Fódla ris an  p.84 gcrích-se.” Triallaid as sin go h-Uisneach Midhe, go dtarla Éire dhóibh san áit sin agus fiafruighis an file a hainm dhi. “Éire mh'ainm” ar sí “agus is uaim ráidhtear Éire ris an oiléan-so.” Agus is ag faisnéis an neithe-se thuas atá an rann-so as an duain darab tosach: Canam bunadhas na n-Gaedheal:

  1. Banbha i Sliabh Mis go slóghaibh
    Séithreach tuisleach;
    Fódla i Sliabh Eibhlinne asnach,
    Éire i n-Uisneach.
Ag so thuas an triúr bainríoghan fá mná do thrí macaibh Cearmada; agus adeirid cuid dona seanchaidhibh nach roinn tréanach do bhí ar Éirinn ag cloinn Chearmada, acht sealaidheacht bliadhna ag gach fear díobh agus is é ainm mhná an té aca do bhíodh i bhflaitheas do bhíodh ar an gcrích ar feadh na bliadhna soin. Ag so deismireacht ar an sealaidheacht flaithis sin:
  1. Gach ré mbliadhain do bhíodh soin
    An ríghe ag na flathaibh,
    Éire Fódla is Banbha
    Triúr ban na laoch lánchalma.

Triallaid mic Mhíleadh as sin go Teamhair go dtarladar trí mic Chearmada .i. Eathúr Ceathúr Teathúr go n-a sluagh draoidheachta orra ann; agus iarraid mic Mhíleadh cath nó ceart um cheann na críche ar chloinn Chearmada, agus adubhradar-san go dtiubhradaois breath Aimhirgin a ndearbhráthar féin dhóibh agus dá mbeireadh breath éagcóir orra, go muirbhfidís tré dhraoidheacht é. Is í breath rug Aimhirgin ar chloinn Mhíleadh triall tar a n-ais go h-Innbhear Scéine, is iad féin go líon a sluagh do dhul 'n-a longaibh agus dul feadh naoi dtonn san muir amach, agus dá roicheadh leo teacht i dtír  p.86 d'aimhdheoin Tuatha Dé Danann ceart na críche do bheith aca. Agus do ba lór lé Tuathaibh Dé Danann sin, óir do mheasadar go dtiocfadh da ndraoidheacht féin gan a léigean tar a n-ais don chrích chéadna go bráth.

22. XXII.

Iomthúsa chloinne Míleadh triallaid tar a n-ais go i h-Innbhear Scéine, is téid siad 'n-a longaibh feadh naoi dtonn san muir amach, amhail do orduigh Aimhirgin dóibh. Mar do chonncadar draoithe Thuath Dé Danann iad-san ar an muir, do thógbhadar gaoth gháibhtheach gheintlidhe do chuir anfadh ar an muir; agus adubhairt Donn mac Míleadh gur ghaoth draoidheachta í. “Is eadh,” ar Aimhirgin. Leis sin téid Arannán sóisear chloinne Míleadh san seolchrann suas, agus lé sonnadh da dtug an ghaoth tuitis Arannán ar chláraibh na luinge, gur marbhadh amhlaidh sin é. Agus leis sin do dhealuigh luascadh na garbhghaoithe an long 'n-a raibhe Donn ré cách, agus go grod da éis sin do báthadh é féin is lucht na luinge mar aon ris, mar atá ceathrar ar fhichid do laochraidh agus cúigear taoiseach, mar atá Bile mac Brighe Airioch Feabhruadh Buan Breas is Buaidhne agus dá mhnaoi dhéag agus ceathrar amhus agus ochtar ré hiomramh, caogad macaomh ar daltachas; agus is é áit 'n-ar báthadh iad ag na Dumhachaibh ré ráidhtear Teach Duinn i n-iarthar Mhumhan. Agus is ó Dhonn mac Míleadh do báthadh ann ghairmthear Teach Duinn de. Gonadh ag faisnéis bháis Duinn is na n-uasal-so do báthadh mar aon ris atá Eochaidh Ó Floinn san duain darab tosach: Tóisigh na luingse tar lear. Ag so mar adeir:

  1. Donn is Bile Buan a bhean,
    Dil is Airioch mac Míleadh,
    Buas Breas Buaidhne go mbloidh,
    Do báthadh ag Dumhachaibh.
Ir mac Míleadh, iomorro, do scar an t-anfadh an long 'n-a raibhe ris an gcabhlach is do cuireadh i n-iarthar Dheasmhumhan  p.88 i dtír í; gur báthadh Ír ann agus gur hadhnaiceadh ag Sceilig Mhichíl é, amhail adeir an t-ughdar céadna:
  1. Aimhirgin file na bhfear
    Marbh i gcath Bhile Theineadh;
    Marbh Ír ag Sceilig na scál,
    'S is marbh san luing Arannán.
Gabhais Éireamhón , go gcuid don luingeas mar aon ris, lámh chlé ré h-Éirinn go ráinig bun Innbheir Cholpa ré ráidhtear Droichead Átha. Is uime trá ghairthear Innbhear Cholpa don abhainn sin, do bhrígh gurab innte do báthadh Colpa an Chloidhimh mac Míleadh ag teacht i dtír ann mar aon ré h-Éireamhón mac Míleadh. Is follus as sin gur báthadh cúigear do chloinn Mhíleadh sul do bheanadar sealbh Éireann do Thuathaibh Dé Danann; gonadh uime sin do rinne file éigin an rann-so:
  1. Do báthadh cóigear díobh sin
    Do chlannaibh meara Mílidh;
    I gcuantaibh Éireann na rann,
    Lé draoidheacht Thuath Dé Danann:
mar atá Donn is Ír, Airioch Feabhruadh, Arannán is Colpa an Cloidhimh, ionnus nach raibhe beo don chloinn chéadna ré linn na h-Éireann do bhuain do Thuathaibh Dé Danann acht triúr, mar atá Éibhear Éireamhón is Aimhirgin. Iomthúsa na druinge oile do mhacaibh Míleadh tángadar i dtír i n-Innbhear Scéine, mar atá Éibhear go n-a fhuirinn féin do chabhlach. Tarla Éire bean Mhic Gréine ar Sliabh Mis riú i gcionn trí lá iar dteacht i dtír dóibh, agus is ann sin tugadh Cath Sléibhe Mis idir iad féin is Tuatha Dé Danann, áit ar thuit Fás bean Úin mic Uige, agus is uaithe ráidhtear Gleann Fáis ris an ngleann atá ar Sliabh Mis da ngairthear aniú Gleann Fáis; gonadh da dhearbhughadh sin adeir an file an rann-so:
  1. Gleann Fáis 's é an forus fíor,
    Gan imreasan gan imshníomh;
    Fás ainm na mná luaidhtear linn,
    Do marbhadh isin mórghlinn.
 p.90 Is san chath chéadna do thuit Scota bean Mhíleadh, agus don leith thuaidh don ngleann soin atá sí adhlaicthe, láim ré muir; agus is do shuidhiughadh a báis is a fearta atáid an dá rann-so síos as an laoidh chéadna:
  1. Is san gcath soin fós, ní chél,
    Fuair Scota bás is bithég;
    Ó nach maireann i gclí chain
    Fuair a marbhadh san ghleann-sain.
  2. De sin atá san leith thuaidh
    Feart Scota san nglionn nglanfhuar;
    Idir an Sliabh láimh ré linn
    Ní cian do cháidh ón gcoimhling.
Fá hé sin an céadchath tugadh idir mhacaibh Míleadh is Thuatha Dé Danann, amhail adeir an laoidh chéadna:
  1. Céadchath mhac Míleadh go mblaidh,
    Ar dteacht a h-Easpáinn éachtaigh,
    Ag Sliabh Mis fá mana leoin,
    Is forus fis is fíreoil.
Is iad an dias ban úd do luaidheamar, mar atá Scota is Fás, agus an dá dhraoi ba dearscnaighthe aca, mar atá Uar is Éithiar, dream ba táscamhla d' fhine Ghaedhil dar thuit san chath soin. Acht cia do marbhadh trí chéad díobh, gidheadh do marbhadh leo-san deich gcéad do Thuathaibh Dé Danann agus cuirid i raon madhma amhail séin iad; agus gabhais Éire .i. bean Mhic Gréine deireadh orra agus triallais go Tailltean agus nochtais a dáil do chloinn Chearmada. Anaid iomorro mic Mhíleadh ar láithreach an chatha, ag adhnacal na druinge da muinntir do marbhadh, is go háirithe ag adhnacal an dá dhruadh; gonadh aire sin do rinne an file na roinn seanchusa-so síos:
  1. Fágbham san maidin Sliabh Mis,
    Fuaramar ágh is aithis;
    Ó chlannaibh an Daghdha duinn
    Do lannaibh calma comhluinn.
  2.  p.92
  3. Do chuirsiom cath go calma
    Ar shiabhraibh Inse Banbha;
    Dar thuit deich gcéad ceann i gceann
    linn do Thuathaibh Dé Danann.
  4. Sé caogad fear dar ndáimh-ne
    do shluagh adhbhal Easpáinne,
    Ag sin a dtorchair dar sluagh,
    Ré heasbhaidh an dá dheaghdhruadh:
  5. Uar agus Eithiar na n-each
    ionmhain dias dhána dheimhneach;
    leach ós a leachtaibh go lom,
    'N-a bhfeartaibh Féine fágbhom.

Ochtar iomorro do thaoiseachaibh an tsluaigh do thuit ar muir lé draoidheacht Thuaithe Dé Danann, amhail adubhramar thuas, mar atá Ír i Sceilig Mhichíl, Arannán as an seolchrann Donn go n-a chúigear taoiseach ar n-a mbáthadh ag Teach Duinn. Do thuiteadar fós ocht ríoghna ann .i. dias díobh mar aon ré Donn, mar atá Buan bean Bhile, is Dil inghean Mhíleadh Easpáinne, bean is siúr Dhuinn. Do báthadh iomorro Scéine bean Aimhirgin i n-Innbhear Scéine, gonadh uaithe ghairmthear Innbhear Scéine don abhainn atá i g-Ciarraidhe. Fuair Fial bean Lughaidh mic Íotha bás do náire ar bhfaicsin a nochta da céile ar dteacht ó shnámh dhi; gonadh uaithe ghairmthear Innbhear Féile don abhainn sin ó shoin i le; do marbhadh fós Scota is Fás i g-Cath Sléibhe Mis, amhail adubhramar thuas. Do éagadar fós dias eile dhíobh, mar atá bean Ír is bean Muirtheimhne mic Breoghain; gonadh iad sin na hocht ríoghna is na hocht dtaoisigh do cailleadh do shluagh chloinne Míleadh ó theacht i n-Éirinn dóibh go cur Chatha Tailltean. Ag so síos anmanna an mhóirsheisir sin ban is fearr táinig lé macaibh Míleadh i n-Éirinn do réir an Leabhair Ghabhála: Scota Tea Fial Fás Líobhra Odhbha agus Scéine. Ag so síos suidhiughadh an tseanchaidh air sin, agus  p.94 cia an fear do bhí ag gach mnaoi dhíobh ag ar mhair a fear ag teacht i n-Éirinn dóibh.

  1. Seacht mná is fearr táinig i le
    Lé macaibh Míleadh uile:
    Tea Fial Fás, feairrde dhe,
    Líobhra Odhbha Scot Scéine.
  2. Tea bean Éireamhóin na n-each,
    Is Fial fós fá bean Luighdheach;
    Fás bean Úin mic Oige iar sin,
    Agus Scéine bean Aimhirgin.
  3. Líobhra bean Fhuaid, caoin a bla,
    Scota an aontumha is Odhbha;
    Ag sin na mná nachar mhear
    Táinig lé macaibh Míleadh.
Iomthúsa chloinne Míleadh, an drong díobh táinig i dtír le h-Éibhear , lér cuireadh Cath Sléibhe Mis, triallaid i ndáil Éireamhóin go bun Innbhir Cholpa; agus mar rángadar a chéile ann sin do fhógradar cath ar thrí macaibh Cearmada is ar TuaithaibhDanann ar cheana. Is ann sin do cuireadh Cath Tailltean eatorra agus do chuaidh an briseadh ar chloinn Chearmada ag macaibh Míleadh áit ar thuit Mac Gréine lé h-Aimhirgin, Mac Cuill lé h-Éibhear , agus Mac CéachtÉireamhón , amhail adeir an seancha:
  1. Atrorchair Mac Gréine geal
    i d-Tailltean lé h-Aimhirgean;
    Mac Cuill lé h-Éibhear an óir,
    Mac Cécht do láimh Éireamhóin.
Do thuiteadar fós a dtrí ríoghna ann, mar atá Éire is Fódla is Banbha; gonadh uime sin is da dhearbhadh cia an dream lér thuiteadar, do rinne an seancha an rann-so:
  1. Fódla lé h-Eatan go n-uaill,
    Caichér Banbha go mbuaidh;
    Éire sonn lé Suighre iar sin:
    Is iad oidheadha an trír sin.
Tuitid iomorro urmhór shluagh Thuath Dé Dhanann ar cheana agus ar mbeith ag leanmhain na ruaige do shluagh mhac  p.96 Míleadh san aird budh thuaidh marbhthar san tóraidheacht soin dá thaoiseach do shluagh mhac Míleadh, mar atá Cuailgne mac Breoghain ar Sliabh Cuailgne agus Fuad mac Breoghain ar Sliabh Fuaid.

23. XXIII.

Tar éis iomorro Tuath Dé Danann do dhíbirt, is na h-Éireann do bheith ar a gcumas féin aca, roinnis Éibhear is Éireamhón Éire eatorra; agus do réir druinge ré seanchus, is í roinn do rinneadh eatorra, an leath thuaidh do bheith ag Éireamhón ó Bhóinn is ó Shruibh Broin budh thuaidh; is ón teorainn chéadna budh dheas go Tuinn Clíodhna ag Éibhear . Ag so mar adeir an seancha ar an roinn-se. Éireamhón is Éibhear ard, tosach na duaine:

  1. Ar an leith thuaidh, beart gan bhrón,
    Gabhais an fhlaith Éireamhón
    Ó Shruibh Broin, buadhach an roinn,
    Tar gach mbuidhin go Bóainn.
  2. Éibhear mac Míleadh go rath
    Do ghabh an leath theas deaghmhaith;
    Ó Bhóinn fuair, fá cródha an roinn,
    Go tuinn inghine Geanoinn.

Téid iomorro cúigear do phríomhthaoiseachaibh shluaigh mhac Míleadh lé h-Éireamhón ar a mhír féin don roinn, agus gabhaid fearann uaidh, agus do rinne gach neach díobh dúnphort 'n-a roinn féin don fhearann. Ag so an cúigear taoiseach do ghabh lé h-Éireamhón , mar atá Aimhirgin Goistean Séadgha Sobhairce is Suirghe. Ag so síos na ríoghrátha do tógbhadh lé h-Éireamhón is lé n-a chúigear taoiseach. Ar dtús do thógaibh sé féin Ráith Beitheach i n-Airgeadros ar bruach na Feoire i n-Osruighe. Do thógaibh fós Aimhirgin Turlach Innbhir Mhóir. Do tógbhadh lé Sobhairce Dún Sobhairce. Do tógbhadh lé Séadgha Dún Deilginse i gcrích Chualann. Do  p.98 tógbhadh lé Goistean Cathair Náir. Do tógbhadh lé Suirghe Dún Éadair. Ag so an cúigear do ghabh lé h-Éibhear , mar atá Caichér Manntán Én Oige is Fulmán. Do tógbhadh mar an gcéadna ráith leis gach n-aon díobh. Ar dtús do tógbhadh lé h-Éibhear féin Ráith Eoamhain i Laigheanmhaigh; lé Caichér Dún Inn i n-iarthar Éireann; lé Manntán Cumhdach Cairrge Bladhruidhe; lé h-Én mac Oige Ráith Airde Suird; lé Fulmán Ráith Chairrge Feadha.

Cúig glúine déag is fiche ó Éibhear go h-Ádamh, mar adeir an file:

  1. Cúig glúine déag ré a ndeaghoil,
    Is fiche glún geinealoigh,
    Tréad féinneadh gan cruas um chradh
    Suas ó Éibhear go h-Ádamh.

Is í céadfaidh dhruinge oile ré seanchus gurab í roinn do rinne Éibhear is Éireamhón ar Éirinn, da Chúigeadh Mumhan do bheith ag Éibhear; Cúigeadh Connacht is Cúigeadh Laighean do bheith ag Éireamhón; is Cúigeadh Uladh do bheith ag Éibhear mac Ír mic Míleadh agus ag cuid oile do na taoiseachaibh táinig lé macaibh Míleadh; is tríocha céad Chorca Laighdhe san Mhumhain teas tugadar do Lughaidh mac Íotha mac dearbhráthar a seanathar. Agus is móide mheasaim an chéadfaidh sin do bheith fírinneach gurab i Laighnibh do bhí príomhlongport Éireamhóin, mar atá Ráith Beitheach i n-Airgeadros, láimh ré Feoir, agus fós gurab san Mhumhain go bunadhasach do áithigheadar sliocht Éibhir agus sliocht Éireamhóin i g-Connachtaibh is i Laighnibh, agus sliocht Rudhruidhe mic Sithrighe táinig ó Éibhear mac Ír mic Míleadh i n-Ulltaibh. Ón Rudhruidhe sin iomorro ghairmthear Clanna Rudhruidhe do na fíor-Ulltachaibh agus gach drong do na sleachtaibh-se do chuaidh i gcúigeadhaibh a chéile do dhéanamh fearainn is gabháltais, mar atá teacht chloinne Rudhruidhe go Laighnibh .i. sliocht Conaill  p.100 Chearnaigh i Laoighis agus sliocht Fearghusa mic Róigh i g-Conmhaicne Chonnacht is i g-Corca Moruadh is i g-Ciarraidhe Mumhan, agus muinntear Dhuibhidhir do shliocht Cairbre Chluitheachair mic Conchorb do shliocht Labhraidh Loingsigh, agus muinntear Riain do shliocht Cathaoir Mhóir, ó Laighnibh tángadar don Mhumhain. Is cian d'éis na ronna-so do rinne Éibhear is Éireamhón ar Éirinn rángadar na foirne sin as a gcríochaibh féin i dtíribh oile i n-Éirinn. Is follus fós gurab ré linn Mhuireadhaigh Tírigh do chuadar na trí Cholla go n-a mbráithribh ó Chonnachtaibh do dhéanamh gabháltais ar Ulltaibh, gur bheanadar roinn mhór do Chúigeadh Uladh dhíobh ar éigin, mar atá Modhairn Uí mac Uais is Uí Chriomhthainn go bhfuilid drong mhór dhíobh da háitiughadh aniú, mar atá Raghnall mac Samhairle Iarla Antruim nó nAondroma ó Cholla Uais; Mag Uidhir Mag Mathghamhna is Ó hAnnluain ó Cholla Dá Chríoch.

Is ré linn Chormaic mic Airt fós tángadar Déisigh .i. cine do shliocht Éireamhóin, don Mhumhain, gur ghabhadar fearann innte. Is ré linn iomorro Fhiachaidh Muilleathain mic Eoghain Mhóir mic Oiliolla Óluim do bheith i ríoghacht Mumhan táinig Cairbre Músc, duine uasal do shliocht Éireamhóin, ré dán go Fiachaidh, go bhfuair a bhfuil d' fhearann ó Shlighe Dhála .i. Bealach Mór Osruighe go Cnoc Áine Cliach i nduais a dhána, amhail léaghthar i Leabhar Ard Macha, agus is ón g-Cairbre Músc-so ghairthear Múscruidhe Tíre don dá Urmhumhain. Agus go grod da éis sin rángadar cuid do shíol Éibhir mar atá sliocht Cormaic Gaileang i g-Connachtaibh, mar atáid Gaileanga is Luighne, agus is da sliocht Ó hEadhra is Ó Gadhra san leith thuaidh. Agus mar sin da gach aicme is da gach cinéal oile ráinig i dtír oile i n-Éirinn, ní do bhíthin na ronna do rinne Éibhear is Éireamhón do chuadar ionnta;  p.102 agus da réir sin measaim an chéadfaidh dhéidheanach do bheith fírinneach; óir ní hinmheasta gurab san mír ráinig Éibhear 'n-a bhfuil Airgeadros do thóigeobhadh Éireamhón a chéadphríomhráith, mar atá Ráith Beitheach i n-Airgeadros. Uime sin measaim gurab 'n-a mhír féin do rinne í, agus da réir sin gurab do roinn Éireamhóin Cúigeadh Laighean, amhail adeir an chéadfaidh dhéidheanach.

Tarla file foghlumtha is cruitire ceoilbhinn .i. Cir mac Cis an file, agus Ónaoi an cruitire, ar an druing táinig lé macaibh Míleadh i n-Éirinn; agus adubhairt Éibhear gurab aige féin do bheidís; adubhairt Éireamhón cheana gurab aige féin do bheidís. Acht cheana is é ordughadh do chuaidh eatorra a roinn ré chéile tré chrannchur do chur ortha; agus tuitis crann Éibhir ar an oirfideach agus crann Éireamhóin ar an bhfile; gonadh ag faisnéis an imreasain-se atáid na roinn-se síos a Psaltair Chaisil:

  1. Do chuirsiod crannchor go cóir
    Ar an dias ndána ndíomhóir;
    Go ráinig don fhior a ndeas
    An cruitire cóir coimhdheas.
  2. Ráinig fós don fhior a dtuaidh
    An t-ollamh gus an ollbhuaidh;
    Gonadh de sin ráinig smacht
    Ordan agus ollamhnacht,
  3. Téidbhinneas ciuil caoine dreann
    I ndeas i ndeisceart Éireann;
    Is amhlaidh bhias go bráth mbras,
    Amhail atá san seanchas.

Tángadar cheithre moghaidh fichead lé macaibh Míleadh i n-Éirinn, agus do bheanadar cheithre maighe fichead a coill iar dteacht i n-Éirinn dóibh, agus is uatha féin ainmnighthear na maighe sin. Ag so anmanna na bhfear soin: Aidhne Ai Asal Méidhe Morbha Midhe Cuibh Cliú Ceara Réir Slán Léighe Lithfe Line Lighean Trea Dula Adhar Airiu Déise  p.104 Deala Fea Feimhean agus Seara; agus atáid na hanmanna soin go cinnte ar na maighibh céadna i n-Éirinn aniú.

Tug fós Tea inghean Luighdheach mic Íotha .i. bean Éireamhóin fá deara múr do thógbhail di féin i Liathdruim ré ráidhtear Teamhair aniú; agus is ó Thea inghin Luighdheach ghoirthear Teamhair don tulaigh sin .i. múr Tea.

Do bhádar mic Mhíleadh i gcomhfhlaitheas Éireann feadh bliadhna go dtarla imreasan eatorra fá sheilbh na dtrí ndromonn is fearr do bhí i n-Éirinn .i. Druim Clasaigh i gcrích Mhaine is Druim Beitheach i Maonmhaigh is Druim Finghin i g-Connachtaibh. Is ann sin iomorro tugadh cath idir Éibhear is Éireamhón i n-Uibh Fáilghe ag Brú Bhriodáin ag tóchar idir dá mhagh i dtuaith Ghéisille. Do briseadh d'Éibhear san chath soin; is do marbhadh é féin is triar taoiseach da mhuinntir ann mar atá Suirghe Sobhairce is Goistean. Ag so mar adeir an file ar an ní-se ag faisnéis adhbhair an imreasain:

  1. Do roinnsiod Banbha gan brón
    Éibhear agus Éireamhón ,
    Go dtáinig uabhar a mban,
    Bliadhain gan chreich gan chogadh,
  2. Do ráidh bean Éibhir na gcath
    Mun budh lé Druim caoin Clasach,
    Druim Beitheach, Druim Finghin finn,
    Nach beith aonoidhche i n-Éirinn.
  3. Torchair Éibhear , anba an fear,
    Lé h-Éireamhón mac Míleadh ;
    Fuair i dtuath Géisille a ghoin,
    San maidin ar Maigh Smearthoin.
Ag so mar adeir an file Tanuidhe ag teacht leis an ní gcéadna:
  1. A éigse Banbha go mblaidh,
    An feas daoibh nó an bhfeadbhair,
    Créad fár cuireadh an cath mór
    Ar Éibhear lé h-Éireamhón?
  2.  p.106
  3. Inneosad uaim daoibh-se sain—
    An fáth fá ndearna an fhionghail,
    Um thrí dromannaibh gan dreim
    Is fearr do bhí i n-Éireinn:
  4. Druim Finghin Druim Clasaigh cain,
    Druim Beitheach i g-Connachtaibh;
    'Ga gcosnamh sin ní rádh glé.
    Tugadh an t-ár-so, a éigse.

24. XXIV.

Do ríoghaibh chloinne Míleadh ria g-Créideamh annso, agus fad a bhflaitheasa i n-Éirinn.

Do ghabh Éireamhón , iar mbeith i gcomhfhlaitheas Éireann ré h-Éibhear feadh bliadhna, flaitheas iomlán Éireann cheithre bliadhna déag d' éis mharbhtha Éibhir i g-Cath Airgeadrois, do réir dhruinge ré seanchus, amhail adeir an rann-so:

  1. Cheithre bliadhna déag rodfeas
    D'Éireamhón i n-ardfhlaitheas;
    Iar g-Cath Airgeadrois go n-ágh
    Mar ar thuit Éibhear iomlán.
Gidheadh is í céadfaidh choithcheann na seanchadh nach i g-Cath Airgeadrois do marbhadh Éibhear acht i g-Cath Géisille, amhail adubhramar thuas. Is ré linn Éireamhóin do rinneadh na gníomha-so síos, mar atá Cath Cúile Caichéir i gcionn bliadhna d'éis mharbhtha Éibhir; agus is ann sin do thuit Caichér .i. taoiseach do mhuinntir Éibhir, lé h-Aimhirgin mac Míleadh. I gcionn bliadhna da éis sin, do thuit Aimhirgin lé h-Éireamhón i gcath Bile Theineadh i g-Cúlaibh Breagh; agus is ann san mbliadhain sin do lingeadar naoi m-Brosnacha Éile is trí h-Uinnsionna Ua nOiliolla fá thír i n-Éirinn. An treas bliadhain da éis sin do thuit Fulmán agus Manntán .i. dias taoiseach do mhuinntir Éibhir, lé h-Éireamhón i gCath Breoghain i bh-Fréamhainn. Do lingeadar ocht locha fó thír i n-Éirinn i  p.108 bhflaitheas Éireamhóin, mar atá Loch Cime, agus Magh Sreing ainm an mhachaire tar ar ling an loch; Loch Buadhaigh Loch Bágha Loch Réin Loch Fionnmhaighe Loch Gréine Loch Riach, agus Magh Maoin ainm an mhachaire tar a dtáinig sí; Loch Dá Chaoch i Laighnibh agus Loch Laogh i n-Ulltaibh. An ceathramhadh bliadhain da éis sin do marbhadh Ún Én is Eatan i gcath Comhruire i Midhe lé h-Éireamhón , agus do tógbhadh a bhfearta ann. An bhliadhain chéadna do lingeadar na trí Suca fá thír i g-Connachtaibh.

Adeirid drong ré seanchus gurab é Éireamhón do roinn cúig cúigeadha Éireann d' éis bháis Éibhir ar chuid do na taoiseachaibh do bhí aige. Tug ar dtús Cúigeadh Laighean do Criomhthann Sciathbhéal do Dhomhnannchaibh, duine uasal d' iarmhar bh-Fear m-Bolg. Tug fós dá Chúigeadh Mumhan do cheithre macaibh Éibhir, mar atá Ér Orba Fearón is Feargna. Tug arís Cúigeadh Connacht d' Ún mac Oige agus do Eatan, dias taoiseach da dtáinig leis ón Easpáinn. Mar an gcéadna do fhágaibh Cúigeadh Uladh ag Éibhear mac Ír .i. mac a dhearbhráthar féin.

Is i bhflaitheas Éireamhóin iomorro tángadar Cruithnigh .i. Picti, sluagh do thriall ón Tracia, go h-Éirinn; agus do réir Chormaic mic Cuileannáin 'n-a Psaltair is é fáth fár fhágbhadar an Tracia tré mar do thogair Policornus, rí na Tracia, inghean álainn aontumha do bhí ag Gud ardtaoiseach na g-Cruithneach d' éigniughadh, agus iad féin i seilbh bhuannachta na críche. Ar n-a bhraith cheana do Ghud agus da Chruithneachaibh go raibhe an rí ar tí na hinghine d' éigniughadh, marbhthar leo é, agus tréigid an tír uime sin, agus triallaid ó chrích go crích go rochtain na Fraingce dhóibh mar a bhfuaradar congbháil buannachta agus fearann ó rígh Frangc áit ar thógbhadar cathair ris a ráidhtear Pictauium ó na Pictibh .i. Cruithnigh lér tógbhadh í. Agus mar do chualaidh rí Frangc teist scéimhe na hinghne do thogair a beith 'n-a leannan leaptha  p.110 aige féin. Ar n-a chlos sin do Ghud triallais go líon a mhuinntire ar teitheadh leis an inghin go h-Éirinn, agus ar mbeith ar muir dhóibh, éagais an inghean aca; agus gabhaid féin da éis sin cuan i n-Innbhear Sláinghe. Tig Beda leis an ní-se san chéadchaibidil don chéidleabhar do Stair Eagailse na Sacsan, acht amháin go n-abair gurab san taobh thuaidh d' Éirinn tángadar i dtír, mar a n-abair: ‘Tarla do chine na b-Pict teacht ón Scitia, amhail adeirthear, i mbeagan do luingeas fhada san oigian lé seoladh nó lé séideadh na ngaoth, tigheacht leath amuigh do uile-theorannaibh na Breataine, teacht i n-Éirinn, agus ar bhfagháil chinidh na Scot rompa do iarradar ionadh comhnuidhthe dhóibh féin ann sin, agus ní bhfuaradar. {Contigit gentem Pictorum de Scythia (ut perhibent) longis navibus non multis oceanum ingressam, circumagente flatu ventorum, extra fines omnes Britanniae Hiberniam pervenisse, eiusque septemtrionales oras intrasse, atque inventa ibi gente Scotorum sibi quoque in partibus illius sedes petiisse nec impetrare potuisse.}’ () Gidheadh ní i dtuaisceart Éireann tángadar i dtír, acht ag bun Innbhir Sláinghe i gcuan Locha Garman, amhail adubhramar. Agus táinig Criomhthann Sciathbhéal, do bhí i gceannas Laighean ó Éireamhón an uair sin, 'n-a ndáil ann sin agus do rinne cáirdeas riú.

Is iad fá taoisigh don chabhlach soin Gud agus a mhac Cathluan; agus is uime do cheangail Criomhthann cáirdeas riú, do bhrígh go rabhadar dronga d' uaislibh na Breataine da ngairthí Tuatha Fiodhgha ag gabháil neirt i bh-Fothartaibh do gach leith do bhun na Sláinghe. Is amhlaidh do bhádar an drong soin agus neimh ar arm gach aoin aca, ionnus madh beag nó mór an chréacht do-níthí leo ní ghabhadh leigheas ar bith greim don othar go bhfaghadh bás. Agus do chualaidh Criomhthann go raibhe draoi deigheolach da ngairthí Trostán i bhfochair na g-Cruithneach do-bhéaradh leigheas dó féin agus da mhuinntir i gcoinne na neimhe do bhíodh ar armaibh Tuaithe Fiodhgha; agus do fhiafruigh do Throstán créad an leigheas do dhéanadh i n-aghaidh neimhe arm na druinge úd do luaidheamar. “Cuirthear leat,” ar Trostán, “trí caogad bó mhaol fhionn da gcrúdh is cuirthear an lacht do géabhthar uatha i log ar  p.112 lár an mhachaire 'n-a gcleachtar libh bheith ag comhrac riú, agus fógair cath orra ar an machaire gcéadna; agus gach aon dod mhuinntir loitfidhear leo, téidheadh don log da fhothrugadh, agus budh slán ó ghoimh na neimhe é”. Do rinneadh lé Criomhthann a ndubhairt an draoi, agus fógrais Cath Arda Leamhnachta ar Tuathaibh Fiodhgha, agus brisis díobh go dtug a ndeargár ann. Is ón ngníomh agus ón gcath ghairthear Cath Arda Leamhnachta don chath soin ó shoin i le; gonadh ag dearbhadh an sceoil do rinne an file an laoidh seanchusa-so síos:

  1. Ard Leamhnachta san tír theas,
    Fionnadh gach án is éigeas;
    Créad ó ngairthear ainm an fhuinn
    Do ghabh ó aimsir Chriomhthuinn;
  2. Criomhthann Sciaithbhéal é ro ghabh,
    Do shaoradh ár a churadh;
    Da ndídean ar ghéirneimh arm
    Na n-athach n-uathmhar n-athgharbh.
  3. Seisear Cruithneach, ro chinn Dia,
    Tángadar a tír Thracia;
    Soilen Ulpia Neachtain nár
    Aonghus Leathan is Trostán.
  4. Ro thiodhnuic Dia dhóibh tré ghus
    Da n-íoc ar ghéarghoimh othrus,
    'S da ndídean ar ghéirneimh arm
    Na n-athach reachtmhar rógharg.
  5. Is é fíreolas fuair dóibh
    Draoi na g-Cruithneach, fá chéadóir
    Trí chaogad bó mhaol don mhaigh
    Do bhleodhan i n-aon chuthaigh.
  6. Do cuireadh an cath go cacht
    Mu'n log a raibhe an leamhnacht;
    Do mhuidh an cath go calma
    Ar athachaibh Ardbhanbha.

Dála na g-Cruithneach ann sin, mar atá Gud is Cathluan a mhac, cuirid rompa neart Laighean do ghabháil; agus mar  p.114 do chualaidh Éireamhón sin, tionóilis sluagh líonmhar agus tig da n-ionnsuighe; agus mar do chonncadar na Cruithnigh gan iad féin líon cathuighthe ris, ceanglaid síoth is cáirdeas ré h-Éireamhón . Nochtais Éireamhón dóibh go raibhe dúthaigh don leith thoir thuaidh d'Éirinn agus adubhairt riú dul da háitiughadh. Is ann sin do iarradar na Cruitnigh ar Éireamhón cuid do na mnáibh uaisle do bhí i n-aontumha aige féin, do mhnáibh na dtaoiseach táinig leis on Easpáinn ag ar marbhadh a bhfir, do thabhairt dóibh féin, do reir Beda san chéadchaibidil don chéadleabhar do Stair na Sacsan; agus do cheangladar rátha gréine agus éasca orra féin gurab mó do bhiadh ríoghacht Cruitheantuaithe, ris a ráidhtear Alba aniú, aga sealbhughadh ó bharántas sleachta na mban ioná ó bharántas sleachta na bhfear, go crích an bheatha. Agus tug Éireamhón ar na heachtaibh sin triúr ban dóibh, mar atá bean Bhreise, bean Bhuais is bean Bhuaidhne; agus gabhais Cathluan fá hardtaoiseach dhóibh bean díobh dó féin; agus triallaid ainn séin go Cruitheantuath, is do ghabh Cathluan neart na críche agus fá hé céidrí Alban do Chruithneachaibh é. Do bhádar deich rígh is trí fichid do Cruitneachaibh .i. na Picti i bhflaitheas na h-Alban da éis, amhail léaghthar i Psaltair Chaisil, san duain darab tosach: A eolcha Alban uile. Ag so mar adeir ar an ní-se:

  1. Cruithnigh do ghabhsad iardtain
    Ar dtigheacht a h-Éireannmhaigh;
    Deich rígh is seascad ríoghrán
    Do ghabh díobh an Cruitheanchlár.
  2. Cathluan an céidrí dhíobh sain,
    Inneosad daoibh go cumair;
    Ro b'é an rí déidheanach díobh
    An cur calma Constaintín.

Acht cheana anais Trostán Draoi is an cúigear Cruithneach oile luaidhtear san laoidh thuas i n-Éirinn d'éis Chathluain,  p.116 go bhfuaradar fearann i m-Breaghmhaigh i Midhe ó Éireamhón . An ceathramhadh bliadhain déag d'éis bháis Éibhir fuair Éireamhón bás i n-Airgeadros i Ráith Beitheach láimh ré Feoir, agus is ann do hadhnaiceadh é. San bhliadhain chéadna do ling an abhainn darab ainm an Eithne fá thír i n-Uibh Néill; is do ling an abhainn da ngairthear Freaghobhal fá thír idir Dhál nAruidhe is Dhál Riada.

25. XXV.

Do ghabhsad trí mic Éireamhóin da éis féin ríoghacht Éireann trí bliadhna, mar atá Muimhne Luighne is Laighne. Trí bliadhna dhóibh i gcomhfhlaitheas go bás Mhuimhne i Maigh Cruachan agus gur marbhadh Luighne is Laighne lé macaibh Éibhir i g-Cath Arda Ladhrann.

Do ghabhadar cheithre mic Éibhir, Ér Orba Fearón is Feargna ríoghacht Éireann bladh do bhliadhain, gur mharbh Írial Fáidh mac Éireamhóin iad i ndíoghail a dhá bhráthar .i. Luighne is Laighne.

Do ghabh Írial Fáidh mac Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna, óir ní raibhe sliocht ar an dtriúr dearbhráthar do bhí aige do ba sine ioná é féin. Taire sin an tan ráinig Irial san ríoghacht is do ghabh oirbheart is arrachtas ré a ais, do marbhadh cheithre mic Éibhir leis, mar atá Ér Orba Fearón Feargna, i ndíoghail a dhá bhráthar do marbhadh leo-san.

Do réidheadh sé maighe déag a coill i n-Éirinn i bhflaitheas Íriail. Ag so síos a n-anmanna: Magh Reichead i Laoighis; Magh Neiliu i Laighnibh; Magh Comair, Magh Seiliu i n-Uibh Néill; Magh Sanais i g-Connachtaibh; Magh nInis i n-Ulltaibh; Magh Midhe, Magh Luinge i g-Ciannachta; Magh Téacht i n-Uibh mac Uais; Magh Fearnmhuighe i n-Oirghiallaibh; Magh Foithin sna h-Iartharaibh; Magh Cobha i n-Uibh Eachach; Magh Cuma  p.118 i n-Uibh Néill; Magh Cúile Feadha, Magh Riada, Magh nAirbhrioch i bh-Fothartaibh Airbhrioch i Laighnibh. Do thógaibh Írial Fáidh mac Éireamhóin seacht ríoghrátha i n-Éirinn 'n-a aimsir féin mar atá Ráith Ciombaoith i n-Eamhain; Ráith Croichne i Maigh Inis; Ráith Bachaill i Lotharnaibh; Ráith Coincheadha i Seimhne; Ráith Mothaigh i n-Deaghcharbad; Ráith Búireach i Sleachtaibh; Ráith Lochaid i n-Glascharn.

An bhliadhain da éis sin do lingeadar na trí haibhne da ngoirthear na trí Fionna fá thír i n-Ulltaibh. An bhliadhain 'n-a dhiaidh sin do bhris Írial cheithre catha. An céadchath, Cath Arda Ionmhaith i d-Teathbha, mar ar thuit Stirne mac Duibh mic Fomhóir; an dara cath, Cath Teannmhaighe tug Írial d'Fhomhórchaibh, áit ar thuit rí Fomhórach dar bh'ainm Echtghe Ethcheann; an treas cath, Cath Lochmhaighe, i n-ar thuit Lughroth mac Mogha Feibhis; an ceathramhadh cath, Cath Cúile Márta mar ar bhris do cheithre macaibh Éibhir. Gonadh uime sin agus ag faisnéis na ngníomh soin, atá an duain darab tosach an rann-so síos:

  1. Irial sóisear na clainne,
    Mac ríogh Fódla foltchaime,
    Sléibhe Mis, rí Macha,
    Do bhris cheithre cruadhchatha.
An dara bliadhain da éis sin fuair Írial Fáidh mac Éireamhóin bás i Maigh Muaidhe, agus do hadhnaiceadh ann é.

Do ghabh Eithrial mac Íriail Fháidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhan. Is ré linn an Eithriail-se do beanadh seacht machaire a coill i n-Éirinn, mar atá Teannmhagh i g-Connachtaibh; Magh Lioghat agus Magh m-Bealaigh i n-Uibh Tuirtre; Magh Géisille i n-Uibh Fáilghe; Magh Ochtair i Laighnibh; Lochmhagh i g-Connachtaibh; Magh Rath i n-Uibh Eachach; agus iar gcaitheamh fichid bliadhan i bhflaitheas Éireann dó do marbhadh lé Conmhaol mac Éibhir é i g-Cath Raoireann i Laighnibh.  p.120 Do ghabh Conmhaol mac Éibhir ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead; agus fá hé céidrí Éireann do shíol Éibhir é. Do bhris iomorro an Conmhaol-so cúig catha is fiche ar shliocht Éireamhóin. Ag so síos naoi gcatha dhíobh mar atá Cath Ucha; Cath Cnucha; Cath Éile; Cath Sléibhe Beatha; is Cath Géisille mar ar thuit Palap mac Éireamhóin; Cath Sléibhe Modhairn mar ar thuit Samhra mac Ionbhotha; Cath Locha Léin mar ar thuit Mughroth; Cath Béirre; is Cath Aonaigh Macha mar ar thuit Conmhaol féin lé h-Éibhear mac Tighearnmhais do shíol Éireamhóin. Agus do hadhnaiceadh don taoibh theas d'Aonach Macha é san áit da ngairthear Feart Conmhaoil aniú.

Do ghabh Tighearnmhas mac Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna is dá fhichidh, nó do réir dhruinge oile seascad bliadhan; agus do bhris an Tighearnmhas-so seacht gcatha fichead ar shliocht Éibhir, mar atá Cath Éille 'n-ar thuit Rochorb mac Golláin; agus Cath Cumair; Cath Maighe Téacht; Cath Lochmhaighe i n-ar thuit Deighiarna mac Guill mic Golláin; Cath Cúile hAird i Maigh Inis; Cath Cúile Fraocháin; Cath Athghuirt i Seimhne; Cath Arda Niadh i g-Connachtaibh; agus Cath Cairn Fhearadhaigh mar ar thuit Fearadhach mac Rochuirb mic Golláin; Cath Cluana Cuasa i d-Teathbha; Cath Comhnuidhe i d-Tuaith Eibhe; Cath Cluana Muirisc i dtuaisceart Bréithfne; agus Cath Cúile Fabhair ar Earbhus; agus seacht gcatha i Lughlachta ar Loch Lughdhach i n-aonló; agus dá Chath Cúile i n-Airgeadros, agus Cath Reibh mar ar marbhadh urmhór shleachta ÉibhirTighearnmhas.

An bhliadhain da éis sin do bhrúchtadar naoi locha fá thír i n-Éirinn, mar atá Loch Cé, tar Magh Sulchair do ling; agus Loch n-Aillinne i g-Connachtaibh; Loch n-Iairn; Loch  p.122 nUair; Loch Saighlionn; Loch Gabhair i Midhe agus i m-Breaghaibh; Loch Feabhail i d-Tír Eoghain, tar Feabhal mic Lodáin do mhuid sí, agus Magh Fuinnsighe ainm an Mhaighe tar a dtáinig an loch; Dubhloch Arda Ciannachta is Loch Dá Bhaill i n-Oirghiallaibh, agus trí dubhaibhne Éireann, mar atá Fobhna Toronn is Callonn.

Is é an Tighearnmhas céadna fuair mianach óir ar dtús i n-Éirinn, agus Uchadán ainm an chearda do bhíodh ag bruithneadh an óir dó. I bh-Fothartaibh oirthir Lithfe do bhíodh ag a bhearbhadh. Is ré linn Tighearnmhais do cuireadh corcair is gorm is uaine ar éadaighibh ar dtús i n-Éirinn. Is ré n-a linn fós do cuireadh gréasa is corthaire is cumhdaighthe ar bhrataibh ar dtús i n-Éirinn. Is é mar an gcéadna do chuir mar nós i n-Éirinn aondath i n-éadach moghaidh, dá dhath i n-éadach an aithigh; a trí i n-éadach an amhais nó óigthighearna, a ceathair i n-éadach bhrughaidh, a cúig i n-éadach flaithe tuaithe, a sé i n-éadach ollamhan is i n-éadaighibh ríogh is bainríoghan. Agus is é áit i n-a bhfuair Tighearnmhas féin bás ar Maigh Sléacht agus trí ceathramhna d'fhearaibh Éireann mar aon ris oidhche Shamhna agus iad ag adhradh do Chrom Chruaidh ríghiodhal Éireann. Óir is é an Tighearnmhas-so thionnscain iodhaladhradh do dhéanamh ar dtús do Chrom Chruaidh (amhail do rinne Zoroastres san n-Gréig) timcheall chéad bliadhan iar dteacht i n-Éirinn dóibh; agus is ó na sléachtaibh do-nídís fir Éireann don iodhal ráidhtear Magh Sléacht ris an machaire gcéadna soin atá san m-Bréithfne. Adeirid drong ré seanchus go raibhe Éiré seacht mbliadhna gan rígh uirre d'éis bháis Thighearnmhais i mórdháil Mhaighe Sléacht, agus gurab é Eochaidh Faobharghlas mac Conmhaoil do ghabh ríoghacht Éireann da éis. Gidheadh ní fíor dhóibh é; óir adeir an Réim Ríoghruidhe gurab é Eochaidh Éadghothach do shliocht Luighdheach mic Íotha do ghabh í.  p.124 Do ghabh Eochaidh Éadghothach mac Dáire mic Conghail mic Éadhamain mic Máil mic Luighdheach mic Íotha mic Breoghain mic Brátha ríoghacht Eireann cheithre bliadhna, gur thuit lé Cearmna mac Éibric.

Do ghabh Cearmna is Sobhairce dá mhac Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann dá fhichid bliadhan, agus fá hiad céidríogha Éireann do Ulltaibh iad; agus do roinneadar ríoghacht Éireann eatorra; agus is í teora do bhí san roinn sin, ó Innbhear Colpa ag Droichead Átha go Luimneach Mumhan, agus an leath budh thuaidh ag Sobhairce; agus do rinne dún ar a leith féin .i. Dún Sobhairce. Do ghabh Cearmna an leath budh dheas, agus do rinne dún láimh ré fairrge theas .i. Dún Cearmna agus is ris ráidhtear Dún Mic Pádraig i gcrích Chúirseach aniú. Do thuit Sobhairce lé h-Eochaidh Meann mac ríogh Fomhóire. Do thuit Cearmna lé h-Eochaidh Faobharghlas mac Conmhaoil i g-Cath Dúin Cearmna.

Do ghabh Eochaidh Faobharghlas mac Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann fiche bliadhan; agus is uime do gairthí Eochaidh Faobharghlas de, óir fá glas géarfhaobhrach a dhá shleigh. Agus is é do chuir na catha-so romhainn ar shíol Éireamhóin, mar atá Cath Luachra Deaghaidh i n-Deasmhumhain; Cath Fosaidh Dá Ghort; Cath Cumair na dTrí n-Uisce; Cath Tuama Dreagain i m-Bréithfne; is Cath Droma Liatháin. Do réidhigheadh seacht maighe a coill i n-Éirinn leis, mar atá Magh Smeathrach i n-Uibh Fáilghe; Magh Laighne agus Magh Luirg i g-Connachtaibh; Magh Leamhna, Magh nIonair, Magh Fubhna is Magh Dá Ghabhal i n-Oirghiallaibh. Agus do thuit an t-Eochaidh-se lé Fiachaidh Labhruinne mac Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearmhais i g-Cath Carman.

Do ghabh Fiachaidh Labhruinne mac Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearmhais mic Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh  p.126 mic Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile seacht mbliadhna déag ar fhichid; agus is uime ghairthear Fiachaidh Labhruinne dhe, mar is 'n-a aimsir do ling Innbhear Labhruinne fá thír i n-Éirinn; agus is 'n-a ré do lingeadar na trí haibhne-se síos, mar atá Innbhear Fleisce Innbhear Mainge agus Innbhear Labhruinne ó ráidhtear Fiachaidh Labhruinne ris. Is ré n-a linn fós do bhrúcht Loch Éirne fá thír, agus Magh Geanainn ainm an mhachaire tar a dtáinig sí.

Is é mac an Fhiachach-so .i. Aonghus Ollbhuadhach do bhris iomad cath ar na Cruithneachaibh is ar na seanBhreathnaibh do bhí i n-Albain, agus do chuir Alba fá smacht iomlán na n-Gaedheal ar dtús, tar ceann ó aimsir Éireamhóin mic Míleadh go raibhe cíoscháin ag Gaedhealaibh orra. Tuairim dá chéad go leith bliadhan d'éis mhac Míleadh do theacht i n-Éirinn do cuireadh Alba fá smacht is fá chíos lé h-Aonghus Ollbhuadhach mac Fiachach Labhruinne; agus is é an Fiachaidh Labhruinne-se tug cheithre catha ar shíol Éibhir, mar atá Cath Fairrge, Cath Gallaigh, Cath Sléibhe Feimhion, is Cath Sléibhe Bealgadáin mar ar thuit sé féin lé h-Eochaidh Mumhó mac Mo Feibhis.

Do ghabh Eochaidh Mumhó mac Mo Feibhis mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann bliadhain is fiche, gur thuit lé h-Aonghus Olmucaidh i g-Cath Cliach.

 p.128

26. XXVI.

Do ghabh Aonghus Olmucaidh mac Fiachach Labhruinne mic Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearnmhais mic Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann ocht mbliadhna déag, agus do réir dhruinge oile bliadhain is fiche. Is uime ghairthear Aonghus Olmucaidh dhe ón fhocal-so oll .i. mór agus muca, do bhrígh gurab aige do bhádar na muca fá mó i n-Éirinn 'n-a ré; agus is leis do cuireadh na catha-so síos, mar atá Cath Cléire, Cath Sléibhe Cailge mar ar thuit Baiscionn, agus Cath Maighe Éinsciath i g-Connachtaibh, agus Cath Glaise Fraocháin mar ar thuit Fraochán Fáidh, agus caogad cath ar Chruithneachaibh is ar Fhearaibh Bolg agus ar lucht Orcades. Tomhaidhm trí loch 'n-a ré: Loch Éinbheithe i n-Oirghiallaibh, Loch Sailgheadáin agus Loch n-Gasáin i Maigh Luirg. Is 'n-a aimsir do réidhigheadh na maighe-se síos a coill, mar atá Magh Glinne Dearcon i g-Cinéal Chonaill; Magh nÉinsciath i Laighnibh; Magh Cúile Caol i m-Boghaine; Aolmhagh i g-Callruidhe; Magh Mucruimhe i g-Connachtaibh; Magh Luachra Deaghaidh is Magh Archaill i g-Ciarraidhe Luachra. Agus i g-Cath Sléibhe Cua do marbhadh Aonghus Olmucaidh féin lé h-Éanna mac Neachtain do Mhuimhneachaibh; agus adeirid cuid oile aca gurab é Éanna Airgthioch do mharbh é i g-Cath Carman; agus is í an chéadfaidh dhéidheanach is fírinnighe do réir na duaine darab tosach, Aonghus Olmucaidh atbath. Agus fós tig an Réim Ríoghruidhe leis an gcéadfaidh gcéadna.

Do ghabh Éanna Airgthioch mac Eochach Mumhó mic Mo Feibhis mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann seacht mbliadhna fichead; agus is é do rinne scéith airgid i n-Airgeadros ar dtús i n-Éirinn agus do bhronn d'fhearaibh Éireann iad; agus  p.130 do thuit sé i gcath RaighneRoitheachtaigh mac Maoin mic Aonghusa Olmucaidh. Do ghabh Roitheachtaigh mac Maoin mic Aonghusa Olmucaidh mic Fiachach Labhruinne mic Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearnmhais mic Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann cúig bliadhna fichead; agus do thuit an Roitheachtaigh-se lé Séadna mac Airt mic Airtre i Ráith Cruachan.

Do ghabh Séadna mac Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír ríoghacht Éireann cúig bliadhna, gur marbhadh lé n-a mhac féin é ar dteacht “dubhloingis” go Cruachain.

Do ghabh Fiachaidh Fíonscothach mac Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann fiche bliadhan. Agus is uime do gairthí Fiachaidh Fíonscothach de .i. scotha fíona do bhíodh ré n-a linn i n-Éirinn go bhfáiscthí i gcornaibh iad; agus do marbhadh an Fiachaidh-se lé Muineamhón mac Cais Chlothaigh.

Do ghabh Muineamhón mac Cais Chlothaigh mic Fir Arda mic Roitheachtaigh mic Rossa mic Glais mic Nuadhat mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn ríoghacht Éireann cúig bliadhna; agus is é an Muineamhón-so do orduigh muinceadha nó slabhradha óir fá bhráighdibh na n-uasal ar dtús i n-Éirinn; agus do éag sé do thámh i Maigh Aidhne.

Do ghabh Ailldeargóid mac Muineamhóin mic Cais Chlothaigh mic Fir Arda mic Roitheachtaigh mic Rossa mic Glais mic Nuadhat Deaghláimh mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh ríoghacht Éireann seacht mbliadhna; agus is ré n-a linn do cuireadh fáinneadha óir ar ghlacaibh na n-uasal ar dtús i n-Éirinn agus do marbhadh lé h-Ollamh Fódla é i g-Cath Teamhrach.

Do ghabh Ollamh Fódla mac Fiachach Fíonscothaigh mic  p.132 Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead agus a éag 'n-a mhúr. Is uime ghairthear Ollamh Fódla dé, do bhrígh go raibhe 'n-a ollamh i n-eagna agus i n-eolus ré reachtaibh is ré dlighthibh d'ordughadh i n-Éirinn 'n-a ré, agus is leis do rinneadh Feis Teamhrach ar dtús i n-Éirinn, amhail adeir an file:

  1. Ollamh Fódla feochair gal
    Do rinne múr na n-ollmhan;
    An céidrí rán, réim go rath,
    Lé n-a ndearnadh Feis Teamhrach.

Ionann iomorro Feis Teamhrach is ríoghdháil choitcheann, amhail pharlaimeint, mar a dtigeadh coimhthionól uasal is ollamhan Éireann go Teamhair gacha treas bliadhain um Shamhain, mar a gcleachtaoi leo reachta is dlighthe d'ordughadh is d'athnuadhadh, is fromhadh do dhéanamh ar annálaibh is ar sheanchus Éireann. Is ann fós do horduighthí ionadh suidhe da gach aon d'uaislibh na h-Éireann do réir a chéime is a gharma féin, agus fós is ann do horduighthí ionadh suidhe da gach ceann feadhna da mbíodh ós cionn na laochraidhe do bhíodh ar buannacht ag ríoghaibh is ag tighearnaibh Éireann. Do bhíodh fós do nós i bh-Feis Teamhrach cibé do-dhéanadh éigean nó goid, do bhuaileadh neach nó d'imreadh arm air, bás do thabhairt dó, agus gan neart ag an rígh féin ná ag aon oile maithmheachas do thabhairt dó san ghníomh soin. Do cleachtaoi leo fós bheith ar feadh sé lá ag comhól sul do shuidheadh an ríoghdháil, mar atá trí lá roimh Shamhain is trí lá da héis, ag snadhmadh síothchána is ag ceangal cáirdeasa ré chéile. Gonadh ag faisnéis na nós do bhíodh i bh-Feis Teamhrach, atá Eochaidh Eolach san laoidh seanchusa-so síos:

  1. Feis Teamhrach gach treas bliadhna
    Do chomhall reachta is riaghla,
    Do-níthí an tan soin go teann
    Ag ríoghaibh ána Éireann.
  2.  p.134
  3. Do rinne Cathaoir cleamhnach
    Feis ró-chaomh na rígh-Theamhrach;
    Tángadar leis, feirrde dhe,
    Fir Éireann go haon bhaile.
  4. Trí lá ré Samhain do ghrés,
    Trí lá 'n-a diaidh fá deighbhés;
    Don tsluagh ro ba díomhór doigh
    Ag síoról ris an seachtmhoin.
  5. Gan ghoid is gan ghoin duine
    Aca an oiread soin uile;
    Gan imirt airm gan áladh
    Gan acradha d'iomrádhadh.
  6. Cibé do-níodh ní dhíobh sin
    Fá bíodhbha troch go dtromnimh:
    Ní gabhtha ór arann uaidh
    Acht a anam ré haonuair.

Do ghabh Fionnachta mac Ollamhan Fódla mic Fiachach Fionscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann fiche bliadhan; agus is uime ghairthear Fionnachta dhe .i. Fínshneachta, do bhrígh gur fearadh fíon sneachta 'n-a fhlaitheas; agus fuair sé bhás i Maigh Inis.

Do ghabh Slánoll mac Ollamhan Fódla mic Fiachach Fíonscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtire mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann cúig bliadhna déag. Agus is uime ghairthear Slánoll de, ionann oll is mór .i. sláinte mhór do bhí ag gach aon feadh a fhlaitheasa, óir ní raibhe támh ná galar ar aonduine d' fhearaibh Éireann 'n-a fhlaitheas. Agus i d-Tigh Miodhchuarda i d-Teamhraigh fuair sé bás; agus adeirid drong oile nach feas cá galar rug é.

Do ghabh Geidhe Ollghothach mac Ollamhan Fódla mic Fiachach Fíonscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann seacht mbliadhna déag; agus is uime ghairthear Ollghothach dhe .i. fá mór guth  p.136 gach aonduine i n-Éirinn 'n-a fhlaitheas. Agus is lé Fiachaidh mac Fionnachta do marbhadh é.

Do ghabh Fiachaidh mac Fionnachta mic Ollamhan Fódla mic Fiachach Fíonscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead; gur thuit lé Bearnghal mac Geidhe Ollghothaigh.

Do ghabh Bearnghal mac Geidhe Ollghothaigh mic Ollamhan Fódla mic Fiachach Fíonscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann dhá bhliadhain déag, gur thuit lé h-Oilill mic Slánuill.

Do ghabh Oilill mac Slánuill mic Ollamhan Fódla mic Fiachach Fionscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann sé bliadhna déag gur thuit lé Siorna mac Déin.

Do ghabh Siorna Saoghlach mac Déin mic Roitheachtaigh mic Maoin mic Aonghusa Olmucaidh mic Fiachach Labhruinne mic Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearnmhais mic Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann bliadhain ar fhichid; agus is uime ghairthear Siorna Saoghlach dhe, ar fhad na ré fuair tar a lucht comhaimsire; gur thuit lé Roitheachtaigh mac Roáin i n-Aillinn, amhail adeir an duain darab tosach, Éire ard inis na ríogh:

  1. Ro chaith Siorna go srianaibh
    Ré trí sheacht do shaoirbhliadhnaibh:
    Oidhidh Shiorna go sleachtaibh
    I n-AillinnRoitheachtaigh.

Do ghabh Roitheachtaigh mac Roáin mic Failbhe mic Cais Chéadchaingnigh mic Ailldeargóid mic Muineamhóin mic Cais Clothaigh mic Fir Arda mic Roitheachtaigh mic Rossa mic Glais  p.138 mic Nuadhat Deaghláimh mic Eochach Fhaobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann seacht mbliadhna, gur loisc teine ghealáin é i n-Dún Sobhairce.

Do ghabh Éilim mac Roitheachtaigh mic Roáin mic Failbhe mic Cais Chéadchaingnigh mic Ailldeargóid mic Muineamhóin mic Cais Chlothaigh mic Fir Arda mic Roitheachtaigh mic Rossa mic Glais mic Nuadhat Deaghláimh mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh ríoghacht Éireann aoinbhliadhain amháin, gur thuit lé Giallchadh mac Oiliolla Ólchaoin.

Do ghabh Giallchaidh mac Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh mic Déin mic Roitheachtaigh mic Maoin mic Aonghusa Olmucaidh mic Fiachach Labhruinne mic Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearnmhais mic Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann naoi mbliadhna, gur thuit i Maigh Muaidhe lé h-Art Imleach.

Do ghabh Art Imleach mac Éilim mic Roitheachtaigh mic Roáin mic Failbhe mic Cais Chéadchaingnigh mic Ailldeargóid mic Muineamhóin mic Cais Chlothaigh mic Fir Arda mic Roitheachtaigh mic Rossa mic Glais mic Nuadhat Deaghláimh mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh ríoghacht Éireann dá bhliadhain is fiche, gur thuit lé Nuadha Fionn Fáil.

Do ghabh Nuadha Fionn Fáil mac Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhan, nó do réir druinge oile trí fichid bliadhan, gur thuit lé Breisrígh mac Airt Imligh.

Do ghabh Breisrígh mac Airt Imligh mic Éilim mic Roitheachtaigh mic Roáin mic Failbhe mic Cais Chéadchaingnigh mic Ailldeargóid mic Muineamhóin do shíol Éibhir ríoghacht Éireann  p.140 naoi mbliadhna; agus do bhris iomad cath ar Fhomhórchaibh fris an ré sin; agus do thuit féin fá dheireadh lé h-Eochaidh Apthach i g-Carn Connluain.

Do ghabh Eochaidh Apthach mac Finn mic Oiliolla mic Floinn Ruaidh mic Rothláin mic Mairtine mic Sithchinn mic Riaghláin mic Eoinbhric mic Luighdheach mic Íotha mic Breoghain ríoghacht Éireann aoinbhliadhain amháin; agus is uime ghairthear Eochaidh Apthach dhe, ar a liacht do-gheibheadh bás i n-Éirinn ré n-a linn. Do lingeadh iomorro támh nó galar gacha míosa ar fhearaibh Éireann lé marbhthaoi iomad díobh, gonadh uime sin do lean Eochaidh Apthach dhe; ionann cheana apthach is marbhthach; gur thuit féin lé Fionn mac Brátha.

Do ghabh Fionn mac Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla mic Fiachach Fíonscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Iacute;r mic Míleadh ríoghacht Éireann fiche bliadhan, nó do réir dhruinge oile, tríochad bliadhan, gur thuit lé Séadna Ionnarraidh.

Do ghabh Séadna Ionnarraidh mac Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann fiche bliadhan: agus is uime ghairthear Séadna Ionnarraidh dhe .i. Séadna an Tuarastail, do bhrígh gurab é céidrí do dháil tuarastal d'amhusaibh ar dtús i n-Éirinn é: ionann iomorro Ionnarraidh is tuarastal. Agus do riadhadh a bhaill ó chéile lé Simeon Breac, go bhfuair bás amhlaidh sin.

Do ghabh Simeon Breac mac Aodháin Ghlais mic Nuadhat Fionn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann sé bliadhna gur thuit lé Duach Fionn i ndíoghail a athar agus a riadhadh do rinne.

Do ghabh Duach Fionn mac Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann cúig bliadhna; gur thuit lé Muireadhach Bolgrach.

Do ghabh Muireadhach Bolgrach mac Simeoin Brich mic  p.142 Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna; gur thuit lé h-Éanna Dearg mic Duach Fhinn.

Do gabh Éanna Dearg mac Duach Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann dhá bhliadhain déag. Is uime do gairthí Éanna Dearg dhe .i. dearg a oineach .i. a ghnúis. Is ré n-a linn do buaileadh airgead i n-Airgeadros ar dtús i n-Éirinn. Agus fuair sé bás do thámh ar Shliabh Mis go sochruide mhóir mar aon ris.

27. XXVII.

Do ghabh Lughaidh Iardhonn mac Éanna Deirg mic Duach Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann naoi mbliadhna. Is uime ghairthear Lughaidh Iardhonn dhe, ionann iardhonn is dubhdhonn; gonadh tré fholt dubhdhonn do bheith air, ráinig Lughaidh Iardhonn d'fhorainm air; gur marbhadh lé Síorlamh i Ráith Clochair é.

Do ghabh Síorlamh mac Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shíol Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann sé bliadhna déag. Is uime ghairthear Síorlaámh dhe, ionann síor is fada .i. lámha fada do bhí aige, óir do shoichdís a dhá láimh an talamh agus é 'n-a sheasamh; agus is lé h-Eochaidh Uaircheas do marbhadh é.

Do ghabh Eochaidh Uaircheas mac Luighdheach Iardhuinn mic Éanna Deirg mic Duach Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann dhá bhliadhain déag. Is uime ghairthear Eochaidh Uaircheas dhe .i. ceasa fuara do bhíodh aige mar loingeas; ionann iomorro ceasa is naomhóga nó coctaoi; agus do bhrígh go raibhe seisean dhá bhliadhain ar muir is é ar deoraidheacht a h-Éirinn  p.144 is amhlaidh do-níodh fuireann da mhuinntir do chur sna ceasaibh sin do chreachadh imill gacha críche tar a ngabhadh agus na héadála do thabhairt leis sna ceasaibh sin gus an luingeas; gonadh ó na ceasaibh sin do lean Eochaidh Uaircheas dhe; gur thuit lé h-Eochaidh Feadhmhuine is lé Conuing Beigeaglach.

Do ghabh Eochaidh Fiadhmhuine agus Conuing Beigeaglach dá mhac Duach Teamhrach mic Muireadhaigh Bholgraigh mic Simeoin Bhric mic Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann; cúig bliadhna i gcomhfhlaitheas dóibh. Is uime ghairthear Eochaidh Fiadhmhuine dhe do bhrígh go ngnáthuigheadh bheith ag seilg is ag fiadhach i muinidhibh nó i gcoilltibh; agus do thuit an t-Eochaidh-se lé Lughaidh Láimhdhearg mac Eochach Uaircheas.

Do gab Lughaidh Láimhdhearg mac Eochach Uaircheas mic Luighdheach Iardhuinn mic Éanna Deirg mic Duach Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann seacht mbliadhna. Is uime ghairthear Lughaidh Láimhdhearg dhe do bhrígh go raibhe tí nó ball dearg ar a láimh; gur thuit lé Conuing Beigeaglach.

Do ghabh Conuing Beigeaglach mac Duach Teamhrach mic Muireadhaigh Bholgraigh mic Simeoin Bric mic Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna. Is uime ghairthear Conuing Beigeaglach dhe do bhrígh nár ghabh taom eagla riamh é i gcath ná i gcomhrac, agus fós fá tréinfhear i n-iorghail é; gonadh uime sin do rinne an file an rann-so:

  1. Conuing na gcoinghleac gcleathghlan,
    Nachar uaimhnigh ré neach riamh;
    A deich ro chaith for gach leath
    Nó gur mharbh Art mac Luighdheach.

Do ghabh Art mac Luighdheach Laimhdheirg mic Eochach Uaircheas mic Luighdheach Iardhuinn mic Éanna Deirg mic Duach  p.146 Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann sé bliadhna; gur thuit lé Duach Laghrach mic Fiachach Tolgraigh agus lé Fiachaidh féin.

Do ghabh Fiachaidh Tolgrach mac Muireadhaigh Bolgraigh mic Simeon Bhric mic Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna; gur thuit lé h-Oilill Fionn.

Do ghabh Oilill Fionn mac Airt mic Luighdheach Láimhdheirg mic Eochach Uaircheas mic Luighdheach Iardhuinn mic Éanna Deirg mic Duach Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann naoi mbliadhna, gur thuit lé h-Airgeadmhár is lé Fiachaidh is lé Duach mac Fiachach.

Do ghabh Eochaidh mac Oiliolla Finn mic Airt mic Luighdheach Láimhdheirg mic Eochach Uaircheas do shíol Éibhir ríoghacht Éireann seacht mbliadhna; agus níor léig an ríghe d'Airgeadmhár, acht do rinne síoth ré Duach Laghrach, gur marbhadh lé Duach é ar aonach.

Do ghabh Airgeadmhár mac Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann trí bliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile ocht mbliadhna déag ar fhichid gur thuit lé Duach Lagrach is lé Lughaidh Laighdhe.

Do ghabh Duach Laghrach mac Fiachach Tolgraigh mic Muireadhaigh Bholgraigh mic Simeoin Bhric mic Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna. Is uime ghairthear Duach Lagrach dhe, ionann iomorro ladhgra is luathagra, óir ní thabhradh cairde do neach iar ndéanamh éagcóra gan é do agra ann do láthair; gonadh de sin ráinig an forainm Duach Laghrach air.

 p.148

Do ghabh Lughaidh Laighdhe mac Eochach mic Oiliolla Finn mic Airt mic Luighdheach Láimhdheirg mic Eochach Uaircheas do shíol Éibhir ríoghacht Éireann seacht mbliadhna gur thuit lé h-Aodh Ruadh mac Badhairn. Adeir an Chóir Anmann gurab do na cúig Luigheachaibh fá clann do Dháire Dhoimhtheach an Lughaidh Laighdhe sin. Is eadh iomorro nochtas an leabhar céadna gur fhaisnéis draoi d'áirithe tré fháistine do Dháire Dhoimhtheach go mbeith mac aige da ngairfidhe Lughaidh do-ghéabhadh flaitheas Éireann; agus rugadh da éis sin cúigear mac diaidh i ndiaidh dó, agus tug Lughaidh d'ainm ar gach aon díobh. Ar bhfás don chloinn téid Dáire d'fhios an draoi chéadna is fiafruighis de cia an Lughaidh don chúigear do-ghéabhadh flaitheas Éireann. “Triall amárach go Tailltin” ar an draoi “mar aon réd chúigear mac agus tiocfaidh amárach laogh álainn alla fán aonach agus lingfid cách is do chlann ar a lorg; agus cibé dod chloinn-se chinnfeas air is muirbhfios é budh rí Éireann é.” Ráinig an laogh ar n-a mhárach fán aonach is téid fir Éireann is clann Dáire 'n-a dhiaidh go rángadar Binn Éadair. Cuirthear ceo draoidheachta idir mhacaibh Dáire agus fir Éireann. Triallaid mic Dáire i ndiaidh an laoigh as sin go Dál Maschorb Laighean, agus táirthidhis Lughaidh Laighdhe an laogh agus marbhais é; gonadh ón laogh soin ghairthear Lughaidh Laighdhe .i. Lughaidh Laoghdha dhe.

Is ar an Lughaidh-se atá an finnscéal filidheachta mar a n-aithristear go dtarla agus é ag seilg i ndíthreibh é ré cailligh urghránna ar a raibhe cealltair dhraoidheachta, agus go ndeachaidh 'n-a leabaidh gur bhean a cealltair dhraoidheachta dhi, gur taidhbhrigheadh dhó a beith 'n-a hógmhnaoi álainn da éis; agus go fáthach is í Éire an chailleach-so lér luigh Laighdhe, mar go bhfuair duadh is doghruing fá a ceann ar dtús agus áineas is soirbheas da éis sin.

Tar ceann go n-abair an Chóir Anmann gur mhac do  p.150 Dháire Dhoimhtheach Lughaidh Laighdhe, ní mheasaim gurab é an Lughaidh Laighdhe-se luaidheas an Chóir Anmann fá rí ar Éirinn an Lughaidh úd, tar ceann gur tairrngireadh leis na draoithibh gomadh rí Éireann Lughaidh Laighdhe mac Dáire Dhoimhthigh.

Do ghabh Aodh Ruadh mac Badhairn mic Airgeadmháir mic Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann bliadhain is fiche; gur báthadh ag Eas Ruaidh é.

Do ghabh Díothorba mac Déamáin mic Airgeadmháir mic Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann bliadhain is fiche; gur thuit leis na Cuanaibh san Chorann .i. Cuan Mara Cuan Muighe is Cuan Sléibhe.

Do ghabh Ciombaoth mac Fionntain mic Airgeadmháir mic Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann fiche bliadhan, nó do réir dhruinge oile ocht mbliadhna fichead, gur thuit do thámh i n-Eamhain Mhacha.

 p.152

28. XXVIII.

Do ghabh Macha Mhongruadh inghean Aodha Ruaidh mic Badhairn mic Airgeadmháir mic Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla ríoghacht Éireann seacht mbliadhna, gur mharbh Reachtaidh Ríghdhearg í. Agus is ré n-a linn do tógbhadh Eamhain Mhacha. Ag so iomorro an fáth fá ráidhtear Eamhain Mhacha ria .i. trí rígh do bhí i bhflaitheas Éireann a h-Ulltaibh, mar atá Aodh Ruadh mac Badhairn ó ráidhtear Eas Ruaidh, agus Díothorba mac Déamáin a h-Uisneach Midhe agus Ciombaoth mac Fionntain a Fionnabhair. Agus is ag an g-Ciombaoth soin do hoileadh Ughaine Mór mac Eachach Bhuadhaigh. Agus seacht mbliadhna da gach rígh díobh fá seach ar timcheall, go dtángadar fá thrí i bhflaitheas Éireann; agus is é Aodh Ruadh fuair bás ar dtús díobh; agus níor fhágaibh do shliocht da éis acht aoininghean amháin, Macha a hainm. Iarrais Macha seal don ríoghacht iar n-éag a hathar; agus adubhairt Díothorba is a chlann nach fuighbheadh bean ríoghacht uatha féin; agus do fearadh cath eatorra féin is Macha, go rug Macha buaidh an chatha soin orra; agus do ghabh flaitheas Éireann seacht mbliadhna; agus fuair Díothorba bás agus do fhágaibh cúigear mac da éis, mar atá Baoth Bédach Bras Uallach is Borbchas. Do iarradar flaitheas Éireann dóibh féin amhail do bhí ag a sinsear rompa. Adubhairt Macha nach tiubhradh dóibh acht cath tar ceann na ríoghachta. Do fearadh cath eatorra agus rug Macha buaidh orra. Téid clann Díothorba da ndídean féin i gcoilltibh dorcha diamhaire; agus tug Macha Ciombaoth mac Fionntain mar chéile agus mar cheann feadhna ar a laochraidh, agus do chuaidh féin ar lorg chloinne Díothorba i riocht claimhsighe, iar gcuimilt taois seagail da deilbh, agus fuair iad-san i gcoill diamhair i m-Buirinn,  p.154 ag bruith thuirc allta. Fiafruighid clann Díothorba scéala dhi is tugadar mír don bhiadh dhi. Nochtais sise gach scéala da raibhe aice dhóibh.

Is ann sin adubhairt fear díobh gurab álainn an rosc do bhí ag an gclaimhsigh agus go raibhe mian ar féin luighe ria. Leis sin triallais féin is Macha i ndiamhair na coille, agus ceanglais Macha an fear soin, agus fágbhais ann sin é, agus tillis go cách arís. Agus fiafruighid di “C'áit ar fhágbhais an fear do chuaidh leat?” ar siad. “Ní fheadar,” ar sí, “acht saoilim gurab nár lais teacht da bhar láthair-se i ndiaidh aontuighthe ré claimh.” “Ní nár,” ar iad-san, “óir do-dhéanaimne an ní céadna.” Téid iomorro ris gach n-aon aca fá seach san gcoill; is do cheangail uile iad, ionnus go rug i n-aoncheangal do láthair fhear Uladh go h-Eamhain iad, agus fiafruighis do mhaithibh Uladh créad an díol do-dhéanadh dhíobh. Adubhradar uile d'aoinmhéin bás do thabhairt dóibh. “Ní hamhlaidh is cóir,” ar Macha, “óir do budh claonadh reachta sin; acht daorthar iad agus tugthar orra ráith do thógbháil damh-sa bhus príomhchathair don chúigeadh go bráth.” Leis sin beanais Macha an dealg óir do bhíodh san mbrat do bhíodh fá n-a brághaid amach, agus do thomhais leis fóir na rátha fá héigean do chloinn Díothorba do thógbháil. Eamhain iomorro ghairmthear don ráith. Eó, cheana, ainm do dhealg, agus muin, bráighe; gonadh de sin ráidhtear Eamhain .i. eo mhuin, ris an ráith. Nó is uime ghairthear Eamhain di ó Eamhain Mhacha .i. bean Chruinn mic Adhnamain; agus fá héigean don mhnaoi sin da haimhdheoin dul do chómhruith ré heachaibh Chonchubhair ríogh Uladh, gur sháruigh iad agus í torrach; agus i gceann na scríbe rug sí mac is inghean; agus tug a mallacht d'fhearaibh Uladh, gonadh de sin táinig an ceas naoidhean orra, agus do bhí an ceas soin orra ré ré naoi ríogh .i. ó Chonchubhar go flaitheas Máil mic Rochruidhe.  p.156 Eamhain, amhlaidh sin, .i. amhaon; amh, ag a dhiúltadh nach aon rug Macha mu'n am soin, acht dias; gonadh de ráidhtear Eamhain Mhacha iars an gcéadfaidh-se. Do marbhadh Macha Mhongruadh iar sin lé Reachtaidh Ríghdhearg.

Do ghabh Reachtaidh Ríghdhearg mac Luighdheach Laighdhe mic Eochach mic Oiliolla Finn mic Airt mic Luighdheach Láimhdhearg mic Eochach Uaircheas do shíol Éibhir ríoghacht Éireann fiche bliadhan. Is uime ghoirthear Reachtaidh Ríghdhearg de .i. rígh dhearg do bhí aige .i. bun ríghe deirg; agus is lé h-Ughaine Mór do marbhadh i ndíoghail a bhuimighe é.

Do ghabh Ughaine Mór mac Eachach Buadhaigh mic Duach Laghruigh mic Fiachach Tolgraigh mic Muireadhaigh Bholgraigh mic Simeoin Bhric mic Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile, dá fhichid bliadhan. Is uime ghairthear Ughaine Mór dhe, do bhrígh gur mhór a fhlaitheas, óir do bhí cur ar oiléanaibh iarthair Eorpa aige; agus do bhádar cúigear ar fhichid do chloinn ag an Ughaine sin, mar atá dias is fiche do chloinn mhac is triar inghean. Ar bhfás don chloinn sin do ghabh gach aon díobh fá leith buidhean 'n-a dhiaidh féin. Agus an tan do beirthí saorchuairt Éireann leo, mar a mbíodh mac dhíobh anocht, do bhíodh an mac oile amárach ann. Mar sin dóibh diaidh i ndiaidh ionnus gach taobh 'n-a dtugdaois aghaidh go gcaithtí leo a mbíodh do bhiadh is do lón ann. Agus mar thugadar fir Éireann sin da n-aire do chuadar do cheisneamh an dochair sin ris an rígh Ughaine. Agus is é ní ar ar chinneadar leath ar leath Éire do roinn i gcúig rannaibh fichead, agus a mhír féin do thabhairt da gach aon don chloinn sin di, agus gan ar breith do neach díobh caitheamh ar chuid a chéile; gonadh uime sin do rinne file éigin an rann-so:

  1. Ughaine uallach amhra,
    Diar bha brugh buadhach Banbha;
    Rannsad a chlanna go ceart
    Éire i gcóig ranna fichead.

 p.158

Agus is do réir na ronna soin do tógthaoi cíoschána is dualgais da gach rígh da raibhe ar Éirinn feadh trí céad bliadhan, mar atá ó aimsir Ughaine go haimsir na gcúigeadhach do mhair ré linn Eochach Feidhligh do bheith 'n-a rígh Éireann, amhail adeir an file san rann-so:

  1. Trí céad bliadhan, buan an oil,
    Go dtángadar cóigeadhaigh;
    Cóigear gan chreideamh i gcrí
    Ronnsad Éirinn Ughaini.

Is é Eochaidh Feidhlioch do roinn cúigeadha Éireann idir an druing-se síos. Tug Cúigeadh Uladh do Fhearghus mac Léide. Tug Cúigeadh Laighean do Rossa mac Fearghusa Fairrge. Tug dá Chúigeadh Mumhan do Tighearnach Téidbheannach mac Luchta is do Dheaghaidh mac Sin. Tug mar an gcéadna Cúigeadh Connacht do thriúr, mar atá d' Fhidhic mac Féig d' Eochaidh Allad is do Thinne mac Connrach, do réir mar chuirfeam síos da éis so an tan laibheoram ar fhlaitheas Eochach Feidhligh féin. Agus ní lughaide do bhí an roinn sin chloinne Ughaine ar Éirinn go ndeachadar clann Ughaine gan shliocht acht dias, mar atá Cobhthach Caol m-Breagh is Laoghaire Lorc ó dtáinig a maireann do shíol Éireamhóin. Agus is lé Badhbhchaidh mac Eachach Bhuadhaigh a dhearbhráthair féin do marbhadh Ughaine Mór i d-Tealaigh an Choscair; agus ní raibhe féin i ríghe n-Éireann acht lá go leith an tan do marbhadh lé Laoghaire Lorc é i ndíoghail a athar.

 p.160

29. XXIX.

Do ghabh Laoghaire Lorc mac Ughaine Mhóir mic Eachach Buadhaigh mic Duach Laghraigh mic Fiachach Tolgraigh mic Muireadhaigh Bholgruigh mic Simeoin Bhric mic Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dá bhliadhain. Ceasair Chruthach inghean ríogh Frangc bean Ughaine Mhóir máthair Laoghaire Luirc is Chobhthaigh Chaoil m-Breagh. Agus is uime ghairthear Laoghaire Lorc de, ionann lorc is fionghal agus do rinne Laoghaire feall ar Bhadhbhchaidh mac Eachach Bhuadhaigh gur de sin do lean an forainn dhe .i. Laoghaire Lorc . Is lé Cobhthach Caol m-Breagh a dhearbhráthair féin do marbhadh Laoghaire Lorc i n-Dionn Ríogh ar bruach na Bearbha.

Is amhlaidh iomorro do bhí Cobhthach Caol m-Breagh agus é ag seargadh tré fhormad ré Laoghaire Lorc fá ríoghacht Éireann do bheith aige; agus mar do chualaidh Laoghaire eisean do bheith éagcruaidh táinig buidhean armtha da ionnsuighe. An tan do chonnairc Cobhthach é, is eadh adubhairt gur thruagh da bhráthair an neimhiocht gnátach do bhíodh aige as féin do shíor is nach tigeadh da láthair gan sluaghbhuidhin. “Ní miste,” ar Laoghaire, “tiocfaidh mise go síodhach do láthair an céidfheacht arís gan bhuidhin armtha im fhochair.” Leis sin ceileabhrais Laoghaire do Chobhthach. Dála Chobhthaigh, do rinne comhairle ré draoi do bhí 'n-a fhochair cionnus do-ghéabhadh a bhráthair ré a mharbhadh. “Is eadh is indéanta,” ar an draoi, “bás bréige do léigean chugat agus dul i n-eiliotrom amhail mharbh agus scéala do chur go Laoghaire air sin, agus tiocfaidh ar bheagán buidhne dot fhios agus ar dteacht do láthair dhó luighfidh ar  p.162 do chorp dot chaoineadh agus tabhair scian i n-íochtar a bhronn agus marbhthar leat mar sin é.” Ar gcríochnughadh marbhtha Laoghaire amhlaidh sin lé Cobhthach do marbhadh Oilill Áine mac LaoghaireCobhthach, agus iar ndéanamh na ngníomh soin dó fuair a shláinte. Tug fós fá deara leanbh óg dar bh'ainm Maon fá mac d'Oilill Áine do thabhairt da láthair, agus tug air mír do chroidhe a athar is a sheanathar d'ithe is luchóg go n-a los do shlogadh, agus táinig don déistin do ghabh an leanbh gur beanadh a urlabhra dhe; agus ar mbeith balbh dhó scaoilis Cobhthach uaidh é. Triallais an leanbh go Corca Dhuibhne gur chomhnuigh seal i bhfochair Scoiriath fá rí ar an gcrích sin; agus triallais as sin don Fhraingc go naonbhar do chuideachtain mar aon ris; acht ce adeirid drong ré seanchus gurab go crích Armenia do chuaidh. Agus do nochtadar an bhuidhean do chuaidh lais gur bh'é damhna ríogh Éireann é; agus táinig de sin go ndearna rí Frangc taoiseach teaghlaigh ar a mhuinntir dhe, agus do éirigh iomad áithis leis, ionnus go dtáinig de sin go raibhe iomrádh mór is oirdhearcas adhbhal i n-Éirinn air; uime sin gur leanadar móran d'fhearaibh Éireann don Fhraingc é. Agus do fhuirigh ann seal fada da aimsir.

Do ghabh Cobhthach Caol m-Breagh mac Ughaine Mhóir mic Eachach Bhuadhaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile, caogad bliadhan. Ceasair Chruthach ingean ríogh Frangc fá máthair dhó. Is uime ghairthear Cobhthach Caol m-Breagh dhe .i. galar trom do ghabh é tré fhormad ré n-a dhearbhráthair Laoghaire Lorc fá rí Éireann roimhe féin, ionnus go ndeachaidh i seirglidhe is gur thréig a chuid fola is feola uile, gur chaol é; agus Magh Breagh ainm na háite 'n-a raibhe 'n-a luighe, go dtugadh Caol m-Breagh air uime sin; agus do marbhadh an Cobhthach-so lé Labhraidh Loingseach mac Oiliolla Áine i n-Dionn Ríogh oidhche Nodlag mór i ndíoghail a athar agus a sheanathar do  p.164 marbhad leis-sean; gonadh tríd sin do rinne file éigin an rann-so:

  1. Labhraidh Loingseach, lór a líon,
    Ro ort Cobhthach i n-Dionn Ríogh;
    Go sluagh laighneach tar linn lir,
    Díobh ro hainmnigheadh Laighin.

Do ghabh Labhraidh Loingseach mac Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Móir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna, gur thuit lé Meilge mac Cobhthaigh Chaoil m-Breagh. Agus is é ní da dtáinig a bhréagadh ón bh-Fraingc go h-Éirinn, grádh éagmaiseach tug Moiriath inghean Scoiriath ríogh críche bh-Fear Morc i n-iarthar Mumhan dó, ar méid na clú is na dteastas do bhí air. Ollmhuighthear lé Craiftine Cruitire, oirfideach do bhí fán am soin i n-Éirinn, ré dul 'n-a dhiaidh don Fhraingc agus iomad do ghréithibh geanamhla leis mar aon re laoidh chumainn n-ar nocht sí díoghainne a dioghraise do Mhaon; agus sinnis port síthbhinn ar a chruit ar rochtain na Fraingce do Chraiftine an tan ráinig mar a raibhe Maon; agus gabhais an laoidh chumainn do rinne Moiriath inghean Scoiriath do Mhaon. Gabhais an oiread soin lúthghára ré hoirfideadh Chraiftine é go ndubhairt gur bhinn leis an laoidh is an port; agus ar n-a chlos soin da mhuinntir is do Chraiftine, do ghuidheadar rí Frangc fá chongnamh sluagh do thabhairt dó fá theacht do bhuain a chríche féin amach; agus tug an rí líon cabhlaigh dó .i. dá chéad ar fhichid céad; agus triallaid ar muir; agus ní haithristear a bheag da scéalaibh gur ghabhadar cuan ag Loch Garman; agus ar dtigheacht i dtír dóibh fuaradar scéala Cobhthach Caol m-Breagh do bheith i n-Dionn Ríogh go n-iomad d'uaislibh Éireann 'n-a fhochair; agus leis sin triallaid do ló is d'oidhche go dtugadar amus longphuirt air gur mharbhadar Cobhthach mar aon ris na huaislibh sin. Is ann sin do fhiafruigh draoi do bhí san mbruidhin cia  p.166 do rinne an orgain sin. “An Loingseach” ar an fear amuigh. “An labhair an loingseach?” ar an draoi. “Labhraidh” ar an fear oile. Gonadh de sin do lean Labhraidh Loingseach mar fhorainm do Mhaon ó shoin i lé. Agus is leis do rónadh laighne leathanghlasa ar dtus i n-Éirinn; ionann iomorro Laighne is sleagha ar a mbídís cinn leathanghlasa iarainn; agus ó na laighnibh sin ghairmthear Laighin do lucht chúigidh Gailian ris a ráidtear Cúigeadh Laighean aniú. Gonadh da dhearbhadh sin agus d'fhaisnéis nuimhreach an tsluaigh táinig lé Labhraidh Loingseach ón bh-Fraingc atá an file san rann-so:

  1. Dá chéad ar fhichid céad Gall,
    Go laighnibh leathna leo anall;
    Ó na laighnibh sin gan oil
    Ghairmthear Laighin do Laighnibh.
Ar marbhadh iomorro Chobhthaigh Chaoil m-Breagh do Labhraidh Loingseach agus ar ndul i seilbh Éireann dó, téid féin is Craiftine d'ionnsuighe ar Mhoiriath inghin Scoiriath inghin rígh críche bh-Fear Morc, an leannán lér cuireadh Craiftine da fhios don Fhraingc. Do phós Labhraidh í, agus is í fá ríoghan aige an gcéin do mhair.

Is é fáth iomorro fá ndeachaidh Maon ré ráidhtear Labhraidh Loingseach don Fhraingc do bhíthin a ghaoil ré rígh Frangc; óir fá hí inghean ríogh Frangc, Ceasair Chruthach a hainm, fá bean d' Ughaine Mhór is fá máthair da chloinn, mar atá Laoghaire Lorc is Cobhthach Caol m-Breagh agus mac mic don Laoghaire Lorc soin Labhraidh Loingseach. Gonadh tré n-a ghaol ré Frangcaibh do chuaidh ar a gcomairce.

Adhbhar oile fós fá ndeachaidh don Fhraingc seoch dhula i dtír oile; do bhrígh go raibhe rann cinnte comhmbaidhe idir Laighnibh is Frangcaigh. Do bhíodh iomorro rann cinnte carad ag gach cúigeadh i n-Éirinn don leith thall d'fhairrge, mar atá idir chlannaibh Néill is Albanaigh, idir fhearaibh Mumhan is  p.168 Sacsain, idir Ulltaibh is Easpáinigh, idir Chonnachtaibh is Breathnaibh is idir Laighnibh is Frangcaigh, amhail adeir Seán mac Torna Uí Maoilchonaire ardoide Éireann ré seanchus sna rannaibh-se síos:

  1. Fríthe gach da chosmhaileas,
    Gion gurb ionann a mbunadh;
    Uí Néill agus Albanaigh;
    Sacsain agus fir Mhumhan;
  2. Ulaidh agus Easpáinnigh;
    coinnmhe cogaidh gach críche;
    Connachtaigh is Briotáinigh;
    LaighinFrangcaibh fríthe.

Táinig don chomhmbáid do bhí idir na cúigeadhaibh is na críocha réamhráidhte go raibhe cosmhaíleas 'n-a mbéasaibh eatorra leath ar leath do réir an cháirdeasa is an chumainn do bhí ré chéile aca.

Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, gurab ar lorg an Labhraidh Loingsigh-se atáid a maireann do na fíor-Laighnibh do shíol Éireamhóin acht Oacute; Nualláin táinig do shliocht Chobhthaigh Chaoíl m-Breagh. Ag so síos na príomhshloinnte táinig do Laighnibh, mar atá Ó Conchubhair Fáilghe go n-a ghabhlaibh geinealach Caomhánaigh Tuathalaigh Branaigh Mac Giolla Phádraig Ó Duinn Ó Díomasaigh Ó Duibhidhir muinntear Riain is gach géag dar ghabhluigh ó na sloinntibh sin. Ó Chathaoir Mhór tángadar urmhór Laighean; gidheadh ní uaidh táinig Mac Giolla Phádraig, óir do scar Mac Giolla Phádraig is é féin ré chéile ag Breasal Breac mac Fiachach Foibhric, an ceathramhadh glún déag ó Chathaoir suas. Dá mhac iomorro do bhí ag an m-Breasal-so mar atá Lughaidh Lóithfhionn is Connla; agus do roinneadh Cúigeadh Laighean idir an dias soin, mar atá ó Bearbha soir ag Lughaidh is ag a shliocht, agus ón Bearbha siar ag Connla is ag a shliocht. Gonadh ag  p.170 suidhiughadh na mac-so is na ronna atá an rann-so as an duain darab tosach, Naoimhsheanchus naomh Inse Fáil:

  1. Lughaidh is Connla gan chrádh,
    Dá mhac do Bhreasal Bhreac nár;
    Osruighe ó Chonnla na gcneadh,
    Lugaidh seanathair Laighean.

Ó Lughaidh fós tángadar muinntear Duibhidhir, agus an cúigeadh glún ó Chathaoir Mhór suas scaraid féin is Cathaoir ré chéile. Cathaoir Mór iomorro mac Feidhlimidh Fíorurghlais mic Cormaic Ghealta Gaoth mic Nia Corb mic Conchorb. Mac don Choinchorb-so Cairbre Cluithiochair ó bhfuil Ó Duibhidhir; agus ó Náthí mic Criomhthainn mic Éanna Cinnsealaigh an seachtmhadh glún ó Chathaoir Mhór anuas tángadar muinntear Riain.

An dara mac cheana d'Ughaine Mhór ar a dtáinig sliocht mar atá Cobhthach Caol m-Breagh, is ar a shliocht atáid síol g-Cuinn uile idir shliocht Fiachach Sraibhtheine is Eochaidh Doimhléin is gach craobh coibhneasa oile dar fhás ó Chonn, amhail chuirfeam síos da éis so i gcraobhscaoileadh mhac Míleadh.

 p.172

30. XXX.

Léaghthar ar Labhraidh Loingseach gurab cuma chluas gcapall do bhí ar a chluasaibh; agus uime sin gach aon do bhíodh ag bearradh a fhuilt, do mharbhadh do láthair é, d' fhaitchios go mbiadh fios na hainmhe sin aige ná ag aonduine eile. Fá gnáth leis iomorro é féin do bhearradh gacha bliadhna, mar atá a mbíodh ó n-a dhá chluais síos da ghruaig do theascadh dhe. Fá héigean crannchur do chur da fhios cia da roichfeadh an rí do bhearradh gacha bliadhna, do bhrígh go gcleachtadh bás do thabhairt da gach aon da mbearradh é. Acht cheana tuitis an crannchur ar aonmhac baintreabhthaighe do bhí i n-earr a haoise agus í ag áitiughadh láimh ré longphort an ríogh. Agus mar do chualaidh an crannchur do thuitim ar a mac táinig do ghuidhe an ríogh ag a iarraidh air gan a haonmhac do bhásughadh agus í taoibh ris do shliocht. Geallais an rí dhi gan an mac do mharbhadh da ndearnadh rún ar an ní do chífeadh is gan a nochtadh do neach go bás. Agus iar mbearradh an ríogh don mhacaomh do bhí tormach an rúin sin ag siadadh 'n-a chorp gur bh'éigean dó bheith i luighe othrais go nachar ghabh leigheas san bhith greim dhe. Ar mbeith i bhfad i gcróilidhe dhó tig draoi deigheolach da fhios agus innsis da mháthair gurab tormach sceoil rúnda fá hadhbhar tinnis dhó, agus nach biadh slán go nochtadh a rún do ní éigin; agus adubhairt ris ó do bhí d'fhiachaibh air gan a rún do nochtadh do dhuine dul i gcomhgar cheithre rian, agus tilleadh ar a láimh dheis agus an céadchrann do theigéamhadh dhó do agallmha, is a rún do léigean ris. Is é céadchrann tarla dhó, soileach mhór, gur léig a rún ria. Leis sin scéidhis an t-oircheas tinnis do bhí fá n-a bhroinn, go raibhe slán do láthair, ag tilleadh go teach a mháthar tar ais dó. Acht cheana go grod da éis sin tárla gur briseadh cruit Chraiftine agus téid d'iarraidh adhbhair cruite go dtarla an tsoileach chéadna rér léig mac na baintreabhthaighe a rún  p.174 dó, agus beanais adhbhar cruite aiste agus ar mbeith déanta don chruit is í gléasta, mar do shinn Craiftine uirre is eadh do saoiltí ris gach n-aon da gcluineadh í gurab eadh do chanadh an chruit: “Dá ó phill ar Labhraidh Lorc” .i. Labhraidh Loingseach .i. Dá chluais chapaill ar Labhraidh Lorc; agus gach a mhionca do sheinneadh ar an gcruit sin is é an ní céadna do tuigthí uaidh. Agus ar gclos an sceoil sin don rígh do ghabh aithmhéile é tré n-ar básuigheadh do dhaoinibh leis ag ceilt na hainmhe sin do bhí air, agus taispeánais a chluasa ós árd don teaghlach agus níor chuir ceilt orra ó shoin amach. Is mó saoilim an chuid-se don scéal do bheith 'n-a fhinnscéal fhilidheachta ioná 'n-a stair. Agus is lé Meilge mac Cobhthaigh Chaoil m-Breagh do thuit an Labhraidh-se.

Do ghabh Meilge Molbhthach mac Cobhthaigh Chaoil m-Breagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna gur thuit lé Mogh Corb mac Cobhthaigh Chaoimh.

Do ghabh Mogh Corb mac Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg mic Luighdheach Laighde mic Eochadha mic Oiliolla Finn mic Airt mic Luighdheach Láimhdheirg mic Eochach Uaircheas do shíol Éibhir ríoghacht Éireann seacht mbliadhna. Is uime ghairthear Mogh Corb dhe, ar mbeith da mhac i gcarbad lá n-aon, bristear ball don charbad agus cóirighthear lé Mogh Corb é. Gonadh trés an bhfeidhim sin do dhéanamh da mhac dar bh'ainm Corb gairthear Mogh Corb dhe; gur thuit lé h-Aonghus Ollamh.

Do ghabh Aonghus Ollamh mac Oiliolla mic Labhradha Loingsigh mic Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Móir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann ocht mbliadhna déag gur thuit le h-Iarainnghleo mac Meilge.

Do ghabh Iarainnghleo Fáthach mac Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil m-Breagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna; agus is uime ghairthear Iarainnghleo Fáthach dhe do bhrígh go raibhe seisean fáthamhail glic gaosmhar; agus fá dheireadh do thuit sé lé Fear Corb mac Mogha Cuirb.

 p.176

Do ghabh Fear Corb mac Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann aonbhliadhain déag gur thuit lé Connla mac Iarainnghleo Fháthaigh.

Do ghabh Connla Cruaidhchealgach mac Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil m-Breagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna, gur thuit i d-Teamhraigh.

Do ghabh Oilill Caisfhiaclach mac Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil m-Breagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cúig bliadhna fichead, gur thuit lé h-Adhamair Foltchaoin.

Do ghabh Adhamair Foltchaoin mac Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann cúig bliadhna, gur thuit lé h-Eochaidh Foiltleathan.

Do ghabh Eochaidh Foltleathan mac Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann aoinbhliadhain déag gur thuit lé Fearghus Fortamhail.

Do ghabh Fearghus Fortamhail mac Breasail Bhric mic Aonghusa Gailine mic Oiliolla Bhracáin mic Labhradha Loingsigh mic Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dá bhliadhain déag. Agus is uime ghairthear Fearghus Fortamhail de .i. ba laochta láidir foirtil é 'n-a aimsir féin; gur thuit lé h-Aonghus Tuirbheach.

Do ghabh Aonghus Tuirbheach mac Eochach Foiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Caoil m-Breagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile, trí fichid bliadhan; agus is uime ghairthear Aonghus Tuirbheach  p.178 dhe óir ba tuirbheach .i. ba nárach leis an mac do rinne ré n-a inghin féin tré mheisce .i. Fiachaidh Fear Mara ainm an mhic sin; agus is uime tugadh Fiachaidh Fear Mara air, do bhrígh gurb ar muir do cuireadh i gcurachán é mar dhísliughadh air go seoidibh uaisle 'n-a thimcheall budh inneamhail do mhac ríogh; go dtarladar iascaireadha ris go dtugadar i dtír é is gur chuireadar ar oileamhain é. Do bhí fós mac ré a mhnaoi phósta ag Aonghus Tuirbheach, Éanna Aighneach fá hainm dó, agus is uaidh tángadar síol g-Cuinn uile; is do marbhadh Aonghus Tuirbheach féin i d-Teamhraigh; gonadh ó n-a mharbhadh i d-Teamhraigh ghairthear Aonghus Tuirbheach Teamhrach dhe.

Do ghabh Conall Collamhrach mac Eidirsceoil Teamhrach mic Eochach Foiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil m-Breagh mic Ughaine Mhóir ríoghacht Éireann cúig bliadhna, gur thuit lé Nia Seaghamain.

Do ghabh Nia Seaghamain mac Adhamair Fholtchaoin mic Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Caoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann seacht mbliadhna; agus is uime ghairthear Nia Seaghamain de .i. seachmhaoineach, óir fá mór an bhreis mhaoine dó seoch cách, mar do thigdís na heillte allta do thabhairt lachta go ceannsa amhail gach boin oile 'n-a ré i n-Éirinn tré dhraoidheacht a mháthar dar bh'ainm Fliodhais; agus do thuit an Nia Seaghamain-se lé h-Éanna Aighneach.

Do ghabh Éanna Aighneach mac Aonghusa Thuirbhigh Teamhrach mic Eochach Fhoiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil m-Breagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann ocht mbliadhna fichead. Is uime ghairthear Éanna Aighneach dhe, ionann aighneach agus ógh eineach .i. oineach iomlán; óir do bhronnadh gach ní da  p.180 dteagmhadh 'n-a laímh; agus do thuit sé lé Criomhthann Coscrach.

Do ghabh Criomhthann Coscrach mac Feidhlimidh Foirthriuin mic Fearghusa Fortamhail mic Breasail Bhric mic Aonghusa Gailine mic Oiliolla Bhrácáin mic Labhradha Loingsigh mic Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna. Is uime ghairthear Criomhthann Coscrach dhe ar a mhionca do bheireadh buaidh coscair is comhlainn i ngach cath í dteagmhadh; gur thuit lé Rudhruighe mac Sithrighe.

Do ghabh Rudhruighe mac Sithrighe mic Duibh mic Fomhóir mic Airgeadmháir mic Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead nó do réir dhruinge oile deich mbliadhna is trí fichid; gur thuit do thámh i n-Airgeadros.

Do ghabh Ionnadmhár mac Nia Seaghamain mic Adhamair Fholtchaoin mic Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann trí bliadhna; gur thuit lé Breasal Bóidhíobhadh.

Do ghabh Breasal Bóidhíobhadh mac Rudhruighe mic Sithrighe mic Duibh mic Fomhóir mic Airgeadmháir mic Síorláimh do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann aoinbhliadhain déag. Is uime ghairthear Breasal Bóidhíobhadh dhe .i. bó-ár mór tarla i n-Éirinn ré n-a linn. Do thuit an Breasal-so lé Lughaidh Luaighne.

Do ghabh Lughaidh Luaighne mac Ionnadmháir mic Nia Seaghamain mic Adhamair Fholtchaoin mic Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann cúig bliadhna, gur thuit lé Conghal Cláiringneach.

Do ghabh Conghal Cláiringneach mac Rudhruighe mic Sithrighe  p.182 mic Duibh mic Fomhóir mic Airgeadmháir mic Síorláimh do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann cúig bliadhna déag; gur thuit lé Duach Dallta Deaghaidh.

31. XXXI.

Do ghabh Duach Dallta Deaghaidh mac Cairbre Luisc mic Luighdheach Luaighne mic Ionnadmháir mic Nia Seaghamain mic Adhamair Fholtchaoin mic Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann deich mbliadhna. Is uime ghairthear Duach Dallta Deaghaidh dhe, dá mhac do bhí ag Cairbre Luisc .i. Duach is Deaghaidh a n-anmanna, agus do bhí imreasan eatorra fá ríoghacht Éireann; óir ba hinneamhail mar adhbhar ríogh gach mac dhíobh ar dheilbh is ar dhéanamh ar ghníomh is ar ghaisceadh. Gidheadh do thogair Deaghaidh an mac do b'óige don dís teacht fá bhrághaid a dhearbhráthar do ba sine ioná é féin .i. Duach. An tan do chonnairc Duach an ní sin do chuir teachta uaidh ar cheann a dhearbhráthar .i. Deaghaidh. Táinig iomorro Deaghaidh go hairm a raibhe Duach agus mar ráinig do láthair gabhthar lé Duach é, gur bhean a dhá shúil as, go raibhe 'n-a dhall go dearbhtha; gonadh de sin do lean Duach Dallta Deaghaidh mar fhorainm air. Is ag faisnéis an ghníomha soin do rinne file éigin an rann-so:

  1. Do gabhadh Deaghaidh 'n-a thoigh
    Ag Duach, ag a dhearbhráthoir;
    Agus do dalladh go dian
    An Deaghaidh sin, gér dhroichchiall.
Do thuit an Duach-so lé Fachtna Fáthach mac Cais.

Do ghabh Fachtna Fáthach mac Cais mic Rudhruighe mic Sithrighe mic Duibh mic Fomhóir mic Airgeadmháir mic Síorláimh do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann sé bliadhna déag gur thuit lé h-Eochaidh Feidhlioch.

 p.184

Do ghabh Eochaidh Feidhlioch mac Finn mic Fionnlogha mic Roighnéin Ruaidh mic Easamain Eamhna mic Bláthachta mic Labhradha Luirc mic Éanna Aighnigh mic Aonghusa Thuirbhigh Teamhrach mic Eochach Fhoiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil m-Breagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dhá bhliadhain déag. Beinia inghean Chriomhthainn máthair Eochach Feidhligh. Is uime ghairthear Eochaidh Feidhlioch dhe do bhrígh go raibhe osna i bhfad ann. Ionann iomorro feidhil is fada; ionann fós uch is osna; uime sin, is ionann feidhlioch is feidhil uch .i. fadosna; óir níor dhealuigh osna ré n-a chroidhe ó do marbhadh a mhaca leis i gcath Droma Criaidh go bhfuair féin bás. Na trí Finneamhna do gairthí do na trí macaibh sin. Agus is uime do gairthí Eamhna dhíobh ón fhocal-so amhaon, da dhiúltadh nach 'n-a aonar rugadh neach aca, acht gurab i n-aoinfheacht rugadh iad; agus Cloithfhionn inghean Eochach Uichtleathain bean Eochach Feidhligh fá máthair dhóibh, agus d'aon toirbheart rug sí iad. Breas is Nár is Lothar a n-anmanna. Agus is é an t-Eochaidh Feidhlioch-so do roinn is do orduigh cúigeadhaigh ar Éirinn ar dtús. Óir do roinn sé Cúigeadh Connacht 'n-a trí míribh ar thriar .i. Fidheac mac Féig, Eochaidh Allad, Tinne mac Connrach. Tug do Fhidheac Fir na Craoibhe ó Fhidheac go Luimneach; tug d'Eochaidh Allad Iorrus Domhnann ón n-Gaillimh go Duibh agus go Drobhaois; tug do Thinne mac Connrach Magh Sainbh agus Seantuatha Taidhean ó Fhidheac go Teamhair Bhrogha Niadh; tug fós Cúigeadh Uladh d'Fearghus mac Léide; tug Cúigeadh Laighean do Rossa mac Fearghusa Fairrge; tug dá Chúigeadh Mumhan do Thighearnach Théadbhannach is do Dheaghaidh; ionnus gur chuir Éire fá n-a smacht is fá n-a ordughadh féin go hiomlán feadh a fhlaithis.

 p.186

Acht cheana téid Eochaidh iar sin i g-Connachtaibh; agus tigid na trí rígh sin is trí ranna Connacht 'n-a dháil. Do iarr Eochaidh ionadh longphuirt ríogh i g-Connachtaibh orra dhó féin. Adubhairt Eochaidh Allad is Fidheac nach tiubhradaois féin sin dó, is gur bh'fhearr leo a chíos is a dhualgas do chur chuige go Teamhair. Gidheadh do ba toil lé Tinne mac Connrach .i. an treas fear dhíobh ionadh longphuirt do bheith ag Eochaidh. Tug Eochaidh a inghean féin .i. Meadhbh 'n-a mnaoi do Thinne, agus do cheangladar cáirdeas ré chéile. Do fhiafruigh Eochaidh Feidhlioch da dhraoithibh c'áit a ndéanadh longphort; agus adubhradar ris a dhéanamh i n-Druim na nDruadh ris a ráidhtear Cruachain. Do tionnscnadh an ráith ann sin leis an n-Gamhanruidh ó Iorrus Domhnann agus do rinneadar cloidh na rátha soin Eochach i n-aonló, amhail adeir an file:

  1. Tug i n-aonló ar oireacht Domhnann
    Déanamh na diongna is a dheilbh;
    Ní thug rí Fáil go na fleadhaibh
    Dáil do na fearaibh mu'n bhfeidhm.
Do rinneadh foirghneamh iar sin innte; agus tug Eochaidh ríoghacht Chonnacht do Thinne mac Connrach, agus do phós a inghean féin .i. Meadhbh ris. Do mharbh Tinne Eochaidh Allad da éis sin agus tug ríghe Domhnannach d'Oilill Fhionn. Tug trá Meadhbh ceannas Rátha hEochach do Chróchain Chróidheirg máthair Mheidhbhe féin; agus is ón Chróchain sin ghairthear Cruachain do Ráith Cruachan aniú, amhail adeir an file san rann-so:
  1. Druim na nDruadh is Tulach Oichne,
    Ráith hEochach a hainm iar soin;
    Ráith Cruachan ó Chróchain Chróidheirg,
    Do luathuigh móirfheirg san moigh.
Do bhí Meadhbh 'n-a mnaoi i bhfad 'n-a dhiaidh sin ag Tinne mac Connrach, gur thuit sé i d-Teamhraigh do láimh Mhonuidhir  p.188 da ngairthí mac Céacht. Do bhí cheana Meadhbh deich mbliadhna i ríghe Connacht d'éis Tinne gan feis lé fear ar bith ós ard, acht gach fear ós íseal da sanntuigheadh féin do bheith aici. Tug Meadhbh Oilill Mór mac Rossa Ruaidh do Laighnibh mar chéile iar sin. Mada Muirisc bean Chonnachtach fá máthair dó; agus rug Meadhbh móirsheisear mac .i. na seacht Maine d'Oilill; agus is é Conall Cearnach ar mbeith 'n-a sheanóir i g-Cruachain do mharbh Oilill d'urchor do ghai: agus leanaid fir Chonnacht é féin is marbhaid 'n-a dhíol soin é.

Is fada iomorro do bhí cogadh is coinbhliocht idir Chonnachtaibh is Ulltaigh ré linn Mheidhbhe do bheith i gceannas Chonnacht agus Chonchubhair do bheith 'n-a rígh Uladh. Ionnus cheana go mbeith fios fátha na heasaonta tarla eatorra agat, a léaghthóir, cuirfead síos annso mar do marbhadh clann Uisneach tar slánadh nó tar chomairce Fhearghusa mic Róigh agus Chormaic Conluingios agus Dubhthaigh Daoil Uladh. Ag so síos go cumair éirim na heachtra.

 p.190

32. XXXII.

Lá n-aon iomorro da ndeachaidh Conchubhar rí Uladh do chaitheamh fleidhe go tigh Fheidhlimidh mic Daill, scéaluidhe Conchubhair, agus ré linn na fleidhe sin rug bean Fheidhlimidh inghean álainn, agus do rinne Cathbhadh draoi tarla san chomhdháil an tan soin tuar is tairrngire don inghin go dtiocfadh iomad dochair is díotha don chúigeadh da toisc. Ar n-a chlos sin don laochraidh do thogradar a marbhadh do láthair. “Ní déantar” ar Conchubhar “acht béaraidh mise liom í agus cuirfead da hoileamhain í go raibhe 'n-a haonmhnaoi agam féin.” Deirdre do ghairm an draoi Cathbhadh dhi. Do chuir Conchubhar i lios ar leith í agus oide is buimeach da hoileamháin; agus ní lámhadh neach don chúigeadh dul 'n-a láthair acht a hoide is a buimeach is bancháinteach Chonchubhair da ngairthí Leabharcham. Do bhí ar an ordughadh soin go beith ionnuachair dhi, agus gur chinn ar mhnáibh a comhaimisire i scéimh. Tarla iomorro da hoide laogh do mharbhadh ré proinn d'ollmhughadh dhisi lá sneachta; agus iar ndortadh fhola an laoigh san sneachta cromais fiach dubh da hól. Agus mar thug Deirdre sin da haire adubhairt ré Leabharchaim gomadh maith lé féin fear do bheith aice ar a mbeidís na trí datha adchonnairc mar atá; dath an fhéich ar a fholt, dath fola laoigh ar a ghruaidh, is dath an tsneachta ar a chneas. “Atá a shamhail sin d'fhior ré ráidhtear Naoise mac Uisneach, i bhfochair Chonchubhair san teaghlach.” “Maseadh, a Leabharcham,” ar sí, “guidhim-se thusa a chur dom agallmha gan fhios.” Agus nochtais Leabharcham an ní sin do Naoise. Leis sin táinig Naoise ós íseal i ndáil Deirdre, agus cuiris i suim méad a seirce dhó agus iarrais air í féin do bhreith ar éalódh ó Chonchubhar. Tug Naoise aonta leis sin, gér leasc leis d'eagla Chonchubhair é.

 p.192

Triallais féin is a dhá bhráthair .i. Ainle is Ardán agus Deirdre is trí caogad laoch mar aon riú, go h-Albain, áit i bhfuaradar congbháil buannachta ó rígh Alban go bhfuair tuarasgbháil scéimhe Deirdre is gur iarr 'n-a mnaoi dhó féin í. Gabhais fearg Naoise go n-a bhráithribh uime sin, agus triallaid a h-Albain i n-oiléan mhara ar teitheadh ré Deirdre, tar éis iomad coinbhliocht do thabhairt do mhuinntir an ríogh is dóibh féin da gach leith roimhe sin. Acht cheana ar n-a chlos i n-Ulltaibh go rabhadar mic Uisneach san éigcandáil sin adubhradar móran d'uaislibh an chúigidh ré Conchubhar gur thruaighe clann Uisneach do bheith ar deoraidheacht tré dhrochmhnaoi, agus gomadh cóir fios do chur orra is a dtabhairt don tír. Do-bheir Conchubhar aonta ris sin ar impidhe na n-uasal agus tug Fearghus mac Róigh is Dubhthach Daol Uladh is Cormac Conluingeas i slánadh air féin fá bheith díleas dóibh. Ar na heachtaibh sin cuiris Fearghus mac Róigh Fiachaidh a mhac féin i gcoinne chloinne hUisneach go dtug leis i n-Éirinn iad go n-a mbuidhin agus Deirdre mar aon riú; agus ní haithristear a bheag da scéalaibh go rochtain fhaithche na h-Eamhna dhóibh.

Tarla Eoghan mac Durrthachta flaith Fearnmhaighe orra ar an bhfaithche go sluagh líonmhar maille ris ré feall do dhéanamh ar chloinn Uisneach ar fhoráileamh Chonchubhair; is mar rángadar clann Uisneach do láthair téid Eoghan d'fháiltiughadh ré Naoise, agus ris an bhfáilte cuiris sáthadh sleighe thríd. Mar do chonnairc Fiachaidh mac Fearghusa sin lingeas idir Eoghan is Naoise go dtug Eoghan an dara sáthadh ar Fhiachaidh gur mharbh mar aon ré Naoise é; agus da éis sin lingis Eoghan is a shluagh ar chloinn Uisneach, gur marbhadh leo iad, agus go dtugadar deargár a muinntire.

Mar do chualaidh iomorro Fearghus is Dubhthach marbhadh chloinne hUisneach tar a slánadh féin triallaid d' ionnsuighe na h-Eamhna, agus tugadar féin is muinntear Chonchubhair coimheascar da chéile gur thuit Maine mac Conchubhair leo  p.194 agus trí chéad laoch da muinntir mar aon ris. Loiscthear is airgthear Eamhain is marbhthar bantracht Chonchubhair leo; agus cruinnighid a rannta da gach leith iad féin is Cormac Conluingeas; agus fá hé líon a sluagh an tan soin, trí mhíle laoch; agus triallaid as sin i g-Connachtaibh go Meidhbh is go h- Oilill mar a bhfuaradar fáilte is fastódh. Ar rochtain ann sin dóibh ní bhídís aonoidhche gan lucht foghla uatha ag argain is ag loscadh Uladh. Mar sin dóibh gur loisceadh críoch Chuailgne leo—gníomh da dtáinig iomad dochair is díbhfheirge idir an da chúigeadh; is do chaitheadar seacht mbliadna ar an ordughadh soin gan osadh aonuaire eatorra; agus is don leith istigh don ré sin do chumaisc Fearghus ar Mheidhbh, gur toircheadh leis í, go rug sí triúr mac d'aontoirbheart dó, mar atá Ciar is Corc is Conmhac, amhail adeir an file:

  1. Torrach Meadhbh i g-Cruachain chaoin
    Ó Fhearghus nar thuill tathaoir;
    Go rug triar gan locht nar lag
    Ciar is Corc is Conmhac.
Is ón g-Ciar-so ráidhtear Ciarraidhe Mumhan, agus is ar a shliocht atá Ó Conchubhair Ciarraidhe. Ó Chorc atá Corca Moruadh agus Ó Chonmhac ráidhtear gach Conmhaicne da bhfuil i g-Connachtaibh; agus cibé léighfeas an duain do rinne Lughair file Oiliolla darab tosach: Clann Fhearghusa clann ós cách: do-ghéabhaidh go follus gurab mór an t-arrachtas is an neart do ghabhadar an triúr mac soin Meidhbhe i g-Connachtaibh agus san Mumhain. Bíodh a fhiadhnaise sin ar na tíorthaibh atá ainmnigthe uatha san dá chúigeadh soin.

Dála Dheirdre da dtángadar na gníomha do luaidheamar, do bhí i bhfochair Chonchubhair feadh bliadhna d'éis mharbhtha chloinne hUisneach; agus ge madh beag tógbhail a cinn nó gean gáire do thigheacht tar a béal, ní dhearnaidh ris an ré sin é. Mar do chonnairc Conchubhar nar ghabh cluiche ná caoineas greim dhi, agus nach tug adhbhacht ná áineas ardughadh  p.196 ar a haigneadh, do chuir fios ar Eoghan mac Durrthachta flaith Fearnmhuighe; agus ar dtigheacht d'Eoghan 'n-a láthair adubhairt ré Deirdre ó nach fuair féin a haigneadh do chlaochlódh ó n-a cumhaidh go gcaithfeadh dul sealad oile lé h-Eoghan, agus leis sin cuirthear ar cúlaibh Eoghain 'n-a charbad í. Téid Conchubhar da dtiodhlacadh, agus ar mbeith ag triall dóibh do-bheireadh sise súil fhraochta ar Eoghan roimpe agus súil ar Chonchubhar 'n-a diaidh, óir ní raibhe dias ar talmhain is mó da dtug fuath ioná iad araon. Mar do mhothuigh iomorro Conchubhar ise ag silleadh fá seach air féin is ar Eoghan, adubhairt ria, tré adhbhacht, “A Dheirdre,” (ar sé), “is súil chaorach idir dá reithe an tsúil sin do-bheir tú oram-sa is ar Eoghan.” Ar n-a chlos sin do Dheirdre do ghabh beadhgadh ris na briathraibh sin í, go dtug baoithléim as an gcarbad amach gur bhuail a ceann fá chairthe chloiche do bhí ar an lár roimpe, go ndearnadh míre míonbhruithte da ceann, gur ling a hinchinn go hobann aiste; gonadh amhlaidh sin táinig díbirt Fhearghusa mic Róigh is Chormaic Conluingeas mic Conchubhair, Dubhthaigh Daoil Uladh, agus bás Deirdre.

Do bhrígh gurab i n-aimsir Chonchubhair is na gcuradh do bhí Meadhbh i bhflaitheas Chonnacht agus gur mhair deich mbliadhna i ndiaidh bháis Tinne mic Connrach an céidfhear pósta do bhí aice, agus cheithre fichid bliadhan da éis sin 'n-a mnaoi ag Oilill Mhór, agus i ndiaidh bháis Oiliolla ocht mbliadhna i n-aontumha gur marbhadh lé Forbhuidhe mac Conchubhair í, cuirfeam síos annso bás na druinge is dearscnaidhthe do na curadhaibh do bhí ann ré linn Meidhbhe, is cuid dá ndálaibh go cumair.

 p.198

33. XXXIII.

Ag so síos ar dtús go haithghearr éirim na heachtra da dtáinig bás Chonchubhair.

Nós iomorro do bhíodh fán am soin ann mar ghríosadh ar lucht gaiscidh ré mbeith calma i gcomhlannaibh dóibh, mar atá mír curaidh mar chomhartha buadha do thabhairt don tí ba foirtille i bhfeidhm aoinfhir, agus ag a mbíodh buaidh láithreach gaiscidh ar a chéile comhraic. Táinig cheana don nós-so go dtarla imreasan fá'n gcuraidhmhír idir Chonall Chearnach agus Choin g-Culainn agus Laoghaire Buadhach i n-Eamhain; gur iarr Conall inchinn Mheisceadhra .i. tréinfhear calma do Laighnibh do marbhadh leis féin i gcomhlann aoinfhir; agus ar dtáispeanadh inchinne an tréinfhir sin, do léig Laoghaire is Cú Chulainn da gcoimhmheas ré Conall, ar n-a mheas nach dearna ceachtar díobh féin a chomhmór soin do ghníomh goile ná gaiscidh riamh. Fá béas iomorro fán am soin cibé tréinfhear lé dtuitfeadh tréinfhear táscamhail oile, go mbeanadh a inchinn as a cheann is go gcumascadh aol tríthe go mbíodh 'n-a liathróid chruinn chruaidh aige aga taispeánadh ar aonaighibh is i gcomhdhálaibh coitcheanna mar chomhartha buaidhe gaiscidh. Agus mar do chonncadar dá óinmhid do bhí ag Conchubhar méad an cheana do bhíodh ag cách ar an inchinn, gadtar leo ar n-a mhárach as an g-Craoibh Dheirg Chonchubhair í. Trí háruis iomorro do bhíodh i n-Eamhain ré linn Chonchubhair mar atá Bróin Bhearg is Craobh Dhearg is Craobh Ruaidh. San chéidteach do bhídís a n-othair, agus is uime sin ráidhtear Bróin Bhearg ria, do bhrígh go mbídís na hothair do bhíodh innte fá bhrón is fá mhéala ó ghoimh na ngon is na ngalar do bhíodh orra innte. An dara teach da ngairthí Craobh Dhearg is ann do bhídís na hairm is na seoid uaisle i gcumhdach; agus is uime sin do cuireadh inchinn Mheisceadhra i dtaiscidh ann mar gach seod uasal oile. An treas teach do bhíodh ag  p.200 Conchubhar, an Chraobh Ruaidh do gairmthí dhi. Is innte do riarthaoi é féin mar aon ré líon a laochraidhe.

Dála an dá óinmhid iar mbreith inchinne Mheisceadhra as an g-Craoibh Dheirg amhail adubhramar, do chuadar ar faithche na h-Eamhna go rabhadar ag iomáin na hinchinne amhail liathróid ó láimh go láimh go dtáinig onchú uilc ar Ulltachaibh .i. Ceat mac Mághach tréinfhear do Chonnachtaibh, gur bhréag inchinn Mheisceadhra ó na hóinmhidibh is go rug leis i g-Connachtaibh í, agus gacha mhionca do thigeadh i n-iorghail nó i gcath i n-aghaidh na n-Ulltach do bhíodh inchinn Mheisceadhra ar a chrios aige i ndóigh éachta do dhéanamh ar Ulltachaibh. Óir do bhí i dtairrngire Meisceadhra da dhíoghail féin ar Ulltachaibh d'éis a bháis; agus do mheas gurab don inchinn do thiocfadh fíoradh na fáistine sin. Gonadh uime sin do chleachtadh Ceat inchinn Mheisceadhra do bheith ar iomchar aige do shúil ré neach éigin d'uaislibh Uladh do mharbhadh lé. Téid iomorro Ceat go sluagh líonmhar maille ris do chreachadh Uladh, go dtug táin mhór bó a Fearaibh Rois i n-Ulltaibh, agus leanaid drong mhór d' Ulltaibh é; agus cruinnighid fir Chonnacht don leith anoir d' fhortacht Cheit, agus Conchubhar don leith aniar d'fhortacht Ulltach. Mar do chualaidh trá Ceat go raibhe Conchubhar san tóraidheacht, cuiris fios go bantracht Chonnacht do bhí ar chnoc ag feitheamh an dá shluagh, ag iarraidh orra Conchubhar do bhréagadh da bhféachain féin, ar mbeith 'n-a dhuine shochma sholabhartha dhó, óir ní léigfidis Ulltaigh é san chath i gcoinne Chonnacht.

Ar n-a chlos iomorro do Chonchubhar go raibhe mian ar an mbantracht é féin d'fhaicsin, triallais 'n-a aonar ón tulaigh 'n-a raibhe d'fhios an bhantrachta; agus tig Ceat ós íseal don leith oile go raibhe i meadhón an bhantrachta d' oirchill ar Conchubhar do mharbhadh. Ar mbeith cheana do Chonchubhar ag tigheacht i ngar don bhantracht éirghis Ceat agus do-ní inchinn Mheisceadhra d' inneall 'n-a chranntabhaill ré Conchubhar  p.202 do mharbhadh. Ar bhfaicsin iomorro Cheit dó, triallais tar a ais i measc a mhuinntire féin; agus ag dul go Doire Dá Bhaoth dhó, tug Ceat urchar d' inchinn Mheisceadhra as a chranntabhaill 'n-a dhiaidh, gur bhuail 'n-a bhaitheas é, gur briseadh a sheicne don urchar soin, gur lean inchinn Mheisceadhra da bhaitheas; agus leis sin tigid a mhuinntear féin da fhóirthin ó Cheat. Cuirid fios an tráth soin i gcoinne Fínghin Fáithliaigh agus ar dtigheacht do láthair is eadh adubhairt dá mbeantaoi an meall soin as a cheann go bhfuighbheadh bás do láthair. “Is fearr linn,” ar cách, “ar rí do bheith ainmheach ioná a éag.” Leighistear lé Fínghin é, agus adubhairt ris ainnséin gan fearg do dhéanamh ná luighe ré mnaoi ná dul ar each ná feidhm foiréigneach do dhéanamh, agus da ndearnadh, lé gluasacht friothbhuailte a inchinne féin, go dteilgfeadh an meall as a cheann is go bhfuighbheadh bás.

Mar sin dó seacht mbliadhna gus an Aoine 'n-ar crochadh Críost do réir dhruinge ré seanchus; agus mar do chonnairc claochlódh neamhghnáthach na ndúl is urdhubhadh na gréine san éasca lán, fiafruighis do Bhacrach draoi do Laighnibh do bhí 'n-a fhochair, créad da dtáinig an mhalairt neamhghnáthach soin ar reannaibh nimhe is talmhan. “Íosa Críost mac Dé,” ar an draoi, “atá ag a bhásughadh anois ag Iuduidhibh.” “Truagh sin,” ar Conchubhar, “dá mbeinn-se 'n-a láthair do mhuirbhfinn a raibhe timcheall mo Ríogh dá bhásughadh ”; agus leis sin tug a chloidheamh amach agus téid fá dhoire choille do bhí láimh ris gur ghabh ag a ghearradh is ag a bhuain; agus is eadh adubhairt dá mbeith i measc na n-Iuduidheach gurb é sin díol do bhéaradh orra; agus ar mhéid na dásachta do ghabh é do ling an meall as a cheann go dtáinig cuid da inchinn 'n-a dhiaidh, agus leis sin go bhfuair bás. Coill Lamhruidhe i bh-Fearaibh Rois ghoirthear don mhuine choille sin.

Ar mbeith marbh do Chonchubhar tairgthear ríoghacht Uladh don tí do bhéaradh corp Chonchubhair leis gan scíth go h-Eamhain. Tarla giolla ag Conchubhar ar an láthair sin dar bh'ainm  p.204 Ceann Bearroide agus i ndóigh ris an ríoghacht da rochtain féin tógbhais an corp go calma agus rug leis go h-Ardachadh Sléibhe Fuaid é, gur bhris a chroidhe agus go bhfuair bás ann sin. Gonadh trés an ngníomh-so atá an seanfhocal adeir gurb i ríoghacht Chinn Bearroide iarrais neach an tan chuireas roimhe go huaillmhianach céim do rochtain is aoirde ioná mar do fhéadfadh do ghreamughadh.

Acht cia chuirid ughdair an tseanchusa síos an stair-se Chonchubhair agus gurb fhear comhaimsire do Chríost é, do réir fírinne an tseanchusa ní rugadh Críost go haimsir imchian i ndiaidh Chonchubhair; agus is amhlaidh atá fírinne na staire-se gur thairrngir Bacrach draoi do Laighnibh tré fháistine go ngeinfidhe Críost an Tairrngirtheach Mac Dé; agus go ngéabhadh colann agus go n-imeoraidís na h-Iodhail bás air, agus gurab de do thiocfadh fuascladh an chinídh dhaonna a hanbhroid an aibhirseora. Agus ar n-a chlos sin do Chonchubhar do ghabh dásacht amhail adubhramar é; agus do ghabh tré chomhmbáidh ré Críost ag gearradh choille Lámhruídhe i ríocht na n-Iodhal go bhfuair bás don bhfeidhm sin. Cibé iomorro do chuirfeadh i n-iongantas go bhféadfadh Bacrach nó draoi oile da raibhe Págánta bás Chríost do thairrngire, ciodh fár chóra do na Sibillae do bhí Págánta Críost ria n-a ghein do réamhfhaicsin ioná do Bhacrach nó da shamhail oile? Uime sin ní díchreidte an stair mar so.

 p.206

34. XXXIV.

Ag so síos do bhás Cheit mic Mághach.

Ba tréinfhear an Ceat-so is fá biodhbha biothfhoghlach ar Ulltachaibh é feadh a ré. Lá n-aon dá ndeachaidh an Ceat-so i n-Ulltachaibh do dhéanamh díbhfeirge mar fá gnáth leis; go dtarla sneachta mór fán am soin ann; agus ag tilleadh dhó is trí cinn laoch aige do marbhadh leis san turas soin, tig Conall Cearnach ar a lorg gur chuir fá ghreim ag Áth Ceit é, gur comhraicsiod re chéile gur thuit Ceat san chomhlann agus gur tromghonadh Conall, gur thuit i néall ar an láthair iar dtréigean iomad fola dhó. Agus leis sin, tig Béalchú Bréithfne tréinfhear do Chonnachtaibh go láthair an chomhraic mar a bhfuair Ceat marbh is Conall i gcrothaibh báis, agus adubhairt gur mhaith an scéal an dá onchoin sin da dtáinig aidhmhilleadh Éireann do bheith sna hainreachtaibh sin. “Is fíor sin” ar Conall “agus i ndíol a ndearna mise do dhochar do Chonnachtaibh marbh-sa mé.” Is uime iomorro adubhairt sin do bhrígh gomad fearr leis ioná flaitheas Éireann laoch éigin oile da ghoin ionnus nach biadh clú a mharbhtha ar aon laoch amháin do Chonnachtaibh. “Ní mhuirfead tú” ar Béalchú “óir is geall ré bheith marbh dhuit an riocht 'n-a bhfuilir. Gidheadh béar liom tú agus cuirfead leigheas ort; agus ma's téarnódh ód othras duit do-dhéan comhrac aoinfhir riot, go ndíoghaltar liom ort gach dochar is gach díoth dar himreadh leat ar Chonnachtaibh.” Agus leis sin cuiris iomchar faoi agus beiris leis da theach féin é, gur chuir leigheas air ann, go beith da chréachtaibh cneasuighthe.

Mar do mheas iomorro Béalchú eisean ag téarnódh agus a neart féin ag fás arís ann, do ghabh eagla ré g-Conall é, agus ollmhuighthear triúr laoch da chloinn lé Béalchoin ré marbhadh Conaill i bhfeall san oidhche ar a leabaidh. Gidheadh  p.208 fuair Conall dóigh ar chogar na ceilge sin. Agus an oidhche do bhí a bhara fán gcloinn teacht do dhéanamh na feille adubhairt ConallBéalchoin go gcaithfeadh malairt leaptha d'fhágháil uaidh nó go muirbhfeadh é. Agus leis sin luighis Béalchú, gér leasc ris é, i leabaidh Chonaill agus do luigh Conall i leabaidh Bhéalchon go dtángadar an triúr laoch soin fá clann do Bhéalchoin d'ionnsuighe na leaptha 'n-a mbíodh Conall, gur marbhadh a n-athair i riocht Chonaill leo. Mar do mhothuigh iomorro Conall iad-san ar marbhadh a n-athar 'n-a riocht féin, do ling orra is marbhthar iad a dtriúr leis, agus dícheanntar leis iad mar aon ré n-a n-athair, go rug ar n-a mhárach a gcinn da gcomhmhaoidheamh go h-Eamhain; gonadh ag maoidheamh an ghníomha-so atá an rann-so as an seanchus:

  1. Fá do cheardaibh Chonaill Chearnaigh
    Ionnradh Manann argain mogh
    Is goin trí mac Bhéalchon Bréithfne
    Iar ngoin Luighdheach mic trí gcon.

Gonadh é marbhadh Cheit mic Mághach is Bhéalchon Bréithfne go n-a trí macaibh go ró so. Gidheadh is iomdha éacht adhbhal leis so do féadfaidhe do chomhmhaoidheamh ar Chonall fhuigfeaim don chur so gan chur síos.

Ag so síos an ní da dtáinig bás Fheargusa mic Róigh.

Ar mbeith iomorra d'Fhearghus ar deoraidheacht i g-Connachtaibh, tarla i bhfochair Oiliolla is Meadhbha é i Maigh Aoi, áit a raibhe dúnphort comhnuighthe aca; agus lá n-aon dar éirgheadar amach ar bruach locha do bhí láimh ris an lios, iarrais Oilill ar Fhearghus dul do shnámh ar an loch, agus téid Fearghus ann. Ar mbeith cheana d'Fhearghus ag snámh do ghabh mian Meadhbh dul do chomhshnámh ris agus ar ndul san loch di i bhfochair Fhearghusa do ghabh éad Oilill agus tug ar bhráthair dó féin do bhí 'n-a fhochair dar bh'ainm Lughaidh Dailléigeas urchar sleighe do chaitheamh ré Fearghus go dtarla  p.210 tré n-a chliabh agus tig Fearghus i dtír lé goin an urchair sin, agus gaduis an tsleagh as féin, go dtug amus urchair go h-Oilill go dtarla tré mhíolchoin do bhí láimh ré n-a charbad í; agus leis sin tuitis Fearghus agus fuair bás, gur haidhnaiceadh ar bruach an locha céadna é. Is é an Fearghus-so do mharbh Fiachna mac Conchubhair agus an tréinfhear Geirrgheann mac Molladha agus Eoghan mac Durrthachta rí Fearnmhuighe is iomad curadh is caithmhíleadh ar cheana nach luaidhfeam annso. Is é fós tug an táin mhór leis a h-Ulltaibh da dtáinig iomad uilc is easaonta idir Chonnachta is Ulltaigh ionnus go rabhadar an dubhloingeas táinig ar deoraidheacht lé Fearghus a h-Ulltaibh seacht mbliadhna i g-Connachtaibh, nó deich mbliadhna do réir dhruinge oile, ag déanamh fíorluit is foghla ar Ulltachaibh tré bhás mac n-Usnuigh agus Ulltaigh mar an gcéadna ag déanamh díbhfeirge orra-san is ar fhearaibh Connacht trés an dtáin rug Fearghus uatha, agus trés gach dochar oile da ndearna an dubhloingeas .i. an sluagh deoraidheachta do chuaidh lé Fearghus i g-Connachtaibh, agus fir Chonnacht féin dóibh; ionnus go rabhadar na díotha is na dochair do rinneadar leath ar leath da chéile comh mór soin go bhfuilid leabhair scríobhtha orra budh liosta ré a luadh agus budh fada ré a bhfaisnéis annso.

Ag so síos an t-adhbhar fá dtáinig bás Laoghaire Bhuadhaigh.

File iomorro do bhí ag Conchubhar da ngairthí Aodh mac Ainninn do liamhnadh ar Mhaghain bean Chonchubhair; agus ar n-a fhionnochtadh sin dó, is í breath rug ar an bhfilidh a chur da bháthadh i Loch Laoghaire; agus tángadar drong leis ar fhógradh an ríogh gus an loch da bháthadh; agus ar n-a fhaicsin sin do reachtaire Laoghaire Bhuadhaigh téid go Laoghaire agus adubhairt nach raibhe i n-Éirinn áit 'n-a mbáithfidhe an file acht 'n-a dhoras san. Leis sin lingis Laoghaire amach is  p.212 tarla fardoras an tighe do chúl a chinn gur briseadh a sheicne, agus da éis sin lingis go dásachtach ar chách gur mharbh iad is gur fóireadh an file leis; agus éagais féin ar an láthair sin; gonadh í sin críoch Laoghaire Bhuadhaigh.

35. XXXV.

Ag so fachain bháis Mheidhbhe Cruachan.

Iar marbhadh iomorro OiliollaConall Cearnach do chuaidh Meadhbh do chomhnuidhe go h-Inis Clothrann ar Loch Ríbh agus ar mbeith 'n-a comhnuidhe ann sin di ba geis di í féin d'fhothragadh san tobar do bhí i ndoras na hinse gacha maidne; agus ar n-a chlos sin d'Fhorbuidhe mac Conchubhair táinig lá n-aon go huaigneach d'fhios an tobair, agus do thomhais lé snáth lín ó bhruach an tobair gus an leith oile don loch agus beiris an tomhas céadna leis i n-Ulltaibh; agus is eadh do ghníodh, dá chuaille do chur i dtalamh agus ceann an tsnáithe do cheangal da gach cuaille dhíobh agus ubhall do chur ar mullach cuaille aca agus é féin do sheasamh ag an gcuaille oile agus bheith ag síorlámhach as a chranntabhaill go dtugadh amus ar an ubhall do bhíodh ar bárr an chuaille oile go mbuaileadh é. Do cleachtadh leis iomorro an cluithche sin ionnus go raibhe cliste air go nach teibeadh aonurchar air gan an t-ubhall d'amus. Tarla trá go grod da éis sin comhdháil idir Ulltachaibh is Connachtaigh da gach leith don t-Sionainn ag Inis Clothrann agus tig Forbuidhe anoir i gcomhdháil na n-Ulltach. Agus maidean da raibhe ann do chonnairc Meadhbh ag a fothragadh féin amhail ro chleachtadh san tobar réamhráidhte; agus leis sin do-ní cloch d' inneall 'n-a chranntabhaill go dtug urchar da hionnsuighe gur amuis 'n-a héadan í, go bhfuair bás ar an láthair sin iar mbeith ocht mbliadhna déag si cheithre fichid i gceannas Connacht di, amhail adubhramar thuas.

Tugamar anuas annso gabhlán ar na curadhaibh ar mbeith 'n-a lucht comhaimsire ag Meidhbh dhóibh. Gidheadh  p.214 fillfeam ar Eochaidh Feidhlioch arís. Trí mic iomorro agus trí hingheana do bhí ag Eochaidh, mar atá Breas is Nár is Lothar na trí mic, agus na trí hingheana Eithne Uathach Clothra is Meadhbh Cruachan, amhail adeir an file san rann-so:

  1. Trí hingheana Eochach Feidhlioch,
    Fuaim ar fochla
    Eithne Uathach Meadhbh chaoin Chruachan
    Agus Clothra.

Do-dhéanam athchasadh arís ar Chonchubhar agus cuirfeam síos annso cuid da dhálaibh. Fá hí iomorro inghean Eochach Sálbhuidhe do Chonnachtaibh a mháthair dar bh'ainm Neasa, agus do gairthí uaithe é. Gidheadh fá hé Fachtna Fáthach mac Cais mic Rudhruighe do shliocht Ír mic Míleadh fá hathair dó; agus an tan do bhádar na cúigeadhaigh ag iarraidh teorann gacha cúigidh fá leith, is ann tug Cairbre Nia Fear rí Laighean i gcommaoin inghine Chonchubhair d'fhaghbháil 'n-a mnaoi dhó féin, an mhír atá ó Loch an Chúigidh i m-Breaghaibh agus ó Theamhair go fairrge do Chúigeadh Uladh, agus trí triúcha céad iomlána na míre sin, amhail adeir an file:

  1. Dia rannta chóig cóigidh Éireann
    Idir dá mhuir, mór an cead,
    Rug trí triúcha céad lé a chuibhreann
    Conchubhar, níor chaoileang bheag.
Feidhlim Nuachrothach ainm na hinghine lé bhfuair an sochar-so; agus do chuaidh go hainmhianach ar éalódh lé Conall Cearnach ó rígh Laighean.

Dála Chonchubhair tarla mac is fiche aige agus do rinne corbadh do dhruim mheisce ré n-a mháthair féin go rug sí Cormac Conluingeas dó. Ionann iomorro Cormac is Corbmac do bhrígh gurab tré chorbadh do rinne Conchubhar Chormaic ré n-a mháthair féin, Neasa fá hainm dhi. Agus is i ndíol an híghníomha soin do chuadar a mhic uile gan sliocht acht triúr  p.216 mar atá Beanna ó ráidhtear Beanntraighe; Lanna ó ráidhtear Lannraidhe; is Glaisne ó ráidhtear Glasraidhe. Gidheadh ní fhuil neach beo ar sliocht na druinge-se i n-Éirinn aniú.

Is é an Conchubhar-so mac Fachtna Fáthaigh agus a bhráithre tug Cath Aonaigh Macha do Dhabhall Dianbhuilleach mac airdríogh Lochlonn. Ba dío-áirimh trá an sluagh baoi mar aon ré mac ríogh Lochlonn an tan soin ag teacht do ghabháil Éireann. I g-Cúigeadh Uladh is ann tángadar i dtír, agus triallaid rompa iar sin go Magh Macha. Do thionóilsiod clanna Rudhruighe um Chonchubhar i n-aghaidh na n-allmhurrach do thabhairt chatha dhóibh. Adubhairt Geanann Gruadhsholus mac Cathbhaidh ria a mhuinntir an tan soin. “Is tearc bhar sluagh, a Ullta,” ar sé, “agus is óg amhulchach gach aon agaibh.” “Créad do-dhéanam uime sin,” ar cách; “Maseadh,” ar Geanann, “tabhraidh iomad d'olainn léith libh agus cruaidhcheanglaidh an olann da bhar n-aighthibh ionnus go madh móide gráin is eagla na n-allmhurrach romhaibh an ní sin amhail budh ríoghlaoich sibh.” Do rinneadar uile comhairle Gheanainn gach aon ba hamhulchach .i. gach aon ar nach raibhe féasóga aca. Tugadh an cath iar soin, is do briseadh do na hallmhurrchaibh agus do cuireadh a n-ár ann; gonadh ón gcath soin Aonaigh Macha adeirtear Ulaidh riú.

Ag so síos do bhás Chonlaoich mic Con g-Culainn.

Is é ní iomorro da dtáinig a bhás, Cú Chulainn do chuaidh d'fhoghluim chleas ngoile go Scáthaigh, banghaisceadhach do bhí i n-Albain; agus tarla inghean álainn i n-Albain an tan soin dar bh'ainm Aoife inghean Airdghéime tug grádh éagmaise do Choin g-Culainn ar a airdscéalaibh go dtáinig da fhios gur chumaisc sí féin is Cú Chulainn ré chéile go dtarla mac 'n-a broinn. Agus ar mbeith ag triall i n-Éirinn do Choin g-Culainn iar bhfoghluim na gcleas lúith ó Scáthaigh, téid do  p.218 cheileabhradh d'Aoife is tug órnasc .i. slabhradh óir di agus adubhairt ria a choimhéad go beith da mac infheadhma; agus ar mbeith infheadhma dhó an slabhradh do chur leis an mac chuige féin mar chomhartha chinnte as a n-aitheonadh é; nó do réir dhruinge oile, iodh óir, agus adubhairt ria an tan do bhiadh a mhac chomh arrachta is go líonfadh a mhéar an iodh a chur da fhios féin i n-Éirinn; agus fós do chuir trí geasa ar an mac ria dteacht go h-Éirinn dó. An chéidgheis díobh gan seachnadh slighe do dhéanamh d'aonchuradh ná d'aonchaithmhíleadh san domhan. An dara geis gan a ainm do thabhairt tré uamhan d'aonlaoch san bhith. An treas geis gan comhrac aoinfhir da threise ar talmhain d'obadh. Agus iar bhfás is iar bhforbairt iomorro don mhac soin is iar bhfoghluim chleas ngoile is ngaiscidh dó ó bhanoide na gcuradh .i. Scáthach, triallais i n-Éirinn d'fhios Chon g-Culainn fá hathair dó; agus ar rochtain tíre don mhacaomh, tarla Conchubhar go maithibh Uladh i ndáil nó i n-oireachtas ag Trácht Eise ar a chionn; agus cuiris Conchubhar laoch dá mhuinntir dá ngairthí Cuinnire d'fhagháil scéal uaidh. Mar tháinig iomorro do láthair an mhacaoimh fiafruighis a ainm dhe. “Ní shlonnaim mé féin d'aonlaoch amháin ar druim thalmhan” ar Conlaoch. Tillis trá Cuinnire go Conchubhar agus nochtais an t-aitheasc soin dó. Leis sin téid Cú Chulainn do bhuain scéal de. Gidheadh ní bhfuair acht an freagra céadna ó Chonlaoch; agus comhraictear leo go fuileach ré chéile go raibhe Conlaoch ag traochadh Con g-Culainn, acht gér mhór a chródhacht is a chalmacht i ngach comlann riamh roimhe sin, ionnus gur bh'éigin dó dul san áth do b'fhoigse dhó agus a thabhairt fá deara ar Laogh mac Riain Ghabhra an ga bolg d'inneall dó gur chuir tré chorp Chonlaoich é; gonadh mar sin táinig a bhás.

 p.220

36. XXXVI.

Tuig, a léaghthóir, dá gcuirinn síos annso mar do thuit Cú Chulainn lé clannaibh Cailitín agus Fear Diadh mac DamhainCoin g-Culainn agus na seacht Maine fá clann d' Oilill Mhór is do Mheidhbh agus iomad oile do churadhaibh calma nach áirmhighthear annso, go mbiadh eachtra adhbhal ré a hiomluadh orra. Gidheadh ma's maith leat a bhfios go foirleathan d'fhagháil léaghthar leat Brisleach Mhuighe Muirtheimhne, Oidhidh na g-Curadh, nó Táin Bó Cuailgne, nó Táin Bó Reaghamain, nó Deargruathar Chonaill Chearnaigh, nó Feis Eamhna, nó Táin Bó Fliodhais, nó a samhail oile so do stairibh atá ré a bhfaicsin i n-Éirinn aniú, agus do-ghéabhair luadh go líonmhar ar an druing thuas is ar iomad do churadhaibh is do chathmhíleadhaibh oile—ar a ndálaibh is ar a n-imtheachtaibh ionnta.

Acht cheana measaim nach indéanta dearmad do Choinrí mac Dáire annso gan fachain a bháis do chur síos, ar mbeith 'n-a thréinfhear dó is 'n-a fhior comhaimsire ag Conchubhar agus ag na curadhaibh. Morann Mhanannach máthair >Chonraoi mic Dáire, amhail adeir an file san rann-so:

  1. Morann Mhanannach miadh nglé,
    Inghean Ír mic Uinnsidhe;
    Siúr Eochach Eachbheoil fá hí
    Máthair Chonraoi mic Dáirí.

Trí haicmeadha iomorro do bhí do thréinfhearaibh i n-Éirinn i gcomhaimsir; agus ní raibhe rompa ná ó shin a leithéid do mhacaibh Míleadh ba mhó ba arrachta ba cródha ba cliste is ba calma i gcathláithribh is i gcleásaibh goile is gasceadh ioná iad, ó nár chomhmheasta Fian Laighean riú. An chéadaicme dhíobh curaidh na Craoibhe RuaidheChonchubhar; an dara haicme Gamhanruidh Iorrais DomhnonnOilill Fhionn,  p.222 agus an treas aicme clanna DeaghaidhChoinrí mac Dáire i n-iarthar Mhumhan.

Is é ní da dtáinig bás Chonraoi: coimhéirghe do chuadar curaidh na Craoibhe Ruaidhe d'argain oiléin mhara láimh re h-Albain da ngairthear Manainn, mar a raibhe iomad óir is airgid is iolmhaoine agus iomad do sheoidibh uaisle oile, agus inghean álainn aontumha do chinn ar mhnáibh a comhaimsire i gcruth is i scéimh ag tighearna an oiléin. Blánaid fá hainm di. Agus mar do chuala Cúraoi na curaidh ag triall sán turas soin cuiris é féin tré dhraoidheacht i mbréigriocht go ndeachaidh san chomhdháil; agus ar mbeith ar tí airgthe an oiléin dóibh i bhforbhais bhfear bhfalgha, do mheasadar docamhal mór do bheith i ngabháil an dúin do bhí san oiléan mar a raibhe Blánaid is seoide uaisle an oiléin uile, ar dhaingne an dúin is ar iomad draoidheachta na druinge do bhí ag a chosnamh. Is ann sin adubhairt Cúraoi do bhí i riocht fhir an bhruit lachtna dá bhfaghadh rogha seoide da raibhe san dún go ngéabhadh féin an dún dóibh. Geallais Cú Chulainn sin dó agus leis sin tugadar ucht ar an dún agus fear an bhruit lachtna 'n-a dtosach gur fastadh an roth geintlidhe do bhí ar siubhal ar dhoras an dúnaidh leis, gur léig cách isteach, gur hairgeadh an dún leo, agus go dtugsad Blánaid agus a raibhe do sheoidibh uaisle ann as. Triallaid as sin i n-Éirinn go rochtain Eamhna dhóibh agus ar mbeith ag roinn na seod dóibh iarrais fear an bhruit lachtna rogha seoide amhail do gealladh dó. “Do-ghéabhair” ar Cú Chulainn. “Maiseadh” ar sé “is í Blánaid mo rogha do na seoidibh.” “Do rogha do na seoidibh oile dhuit” ar Cú Chulainn “acht Blánaid amháin.” “Ní ghéabh a malairt” ar fear an bhruit lachtna. Leis sin iarrais Cúraoi árach ar Bhlánaid d'fhuadach, go dtug amus ós íseal uirre, go rug leis í i gcealltair dhraoidheachta. Mar do mhothuigh Cú Chulainn easbhaidh na hinghine air do  p.224 mheas gurab é Cúraoi rug leis í agus leanais ar a lorg go réimdhíreach iad don Mhumhain go rug ortha ag Solchóid; agus beirid na tréinfhir ar a chéile is do níd gleic chalma churata, gur trascradh Cú ChulainnCoinrí is go dtug ceangal na gcúig gcaol air gur fhágaibh 'n-a chime chuibhrighthe ann sin é iar mbearradh a fhuilt lé n-a chloidheamh. Agus beiris féin Blánaid leis i n-iarthar Mhumhan iar bhfágáil Chon g-Culainn ceangailte amhail adubhramar. Tig iomorro leis sin Laogh mac Riain Ghabhra is scaoilis do Choin g-Culainn is triallaid as sin go tuaisceart Uladh, gur áitigheadar láimh ré Beannaibh Boirche feadh bliadhna gan teacht i gcomhdháil fhear n-Uladh nó gur fhás folt Con g-Culainn; agus i gceann na bliadhna soin tarla Cú Chulainn ar Bheannaibh Boirche, go bhfacaidh ealta mhór d'éanaibh dubha ag tigheacht adtuaidh do dhruim an mhara, agus ar rochtain i dtír dhóibh leanais ar a lorg iad, agus marbhais as a chranntabhaill leis an gcleas da ngairthí táithbhéim éan as gach crích dhíobh; gur mharbh an duibhéan déidheanach dhíobh ag Sruibh Broin i n-iarthar Mhumhan. Agus ag tilleadh aniar dhó fuair Blánaid go huaigneach láimh ré Fionnghlaise i g-Ciarraidhe mar a raibhe dúnphort comhnuighthe Chonraoi an tan soin go dtarla comhagallmha eatorra araon an tráth soin gur nocht sise dó nach raibhe ar druim thalmhan fear b'annsa lé ioná é; agus iarrais air an tSamhain ba neasa dhóibh teacht líon sluagh da breith féin ar áis nó ar éigin leis; agus go madh córaide dhó sin do dhéanamh go dtiocfadh dhi féin an tráth soin Cúraoi do bheith i n-uathadh sluagh is sochaidhe. Geallais Cú Chulainn di-se tigheacht fán am soin dá hionnsuighe. Ceileabhrais iomorro leis sin di is triallais i n-Ulltaibh agus nochtais an dáil do Chonchubhar.

Dála Bhlánaide, adubhairt ré Coinrí gur bh'oircheas dó cathair do dhéanamh dó féin do-bhéaradh barr ar ríoghphortaibh Éireann uile; agus gurab amhlaidh budh éidir sin do dhéanamh clanna Deaghaidh do chur do chnuasach is do chruinniughadh a rabhadar do liagaibh cloch 'n-a seasamh i n-Éirinn do dhéanamh  p.226 cathrach dó féin. Agus fá hé fáth Bhlánaide ris sin go mbeidís clanna Deaghaidh fá chríochaibh imchiana Éireann i bhfad ó Choinrí ré teacht Chon g-Culainn da breith féin leis. Ar a chlos iomorro do Choin g-Culainn go rabhadar clanna Deaghaidh ar n-a scannradh fá Éirinn mar sin, triallais ós íseal a h-Ulltaibh go sluaghbhuidhin leis agus ní haithristear a bheag da scéalaibh go ráinig an doire choille do bhí láimh ré longphort Chonraoi; agus ar mbeith ann sin dó, cuiris scéala ós íseal go Blánaid é féin do bheith ann sin go sluagh 'n-a fhochair; agus is é comhartha do chuir sí chuige go ngoidfeadh cloidheamh Chonraoi, agus leis sin go ndoirtfeadh dabhach leamhnachta do bhí san lios ris an sruth do bhí ag snighe ón mbaile trés an gcoill i raibhe Cú Chulainn. Iar gclos an chomhartha dhó, ní cian do bhí an tan atchonnairc an sruth bán ón mbainne, agus leis sin tugadar amus ar an longphort agus do lingeadar an lios ar Choinrí, gur marbhadh leo é ar mbeith 'n-a aonar gan arm dhó. Fionnghlaise iomorro fá hainm don tsruth réamhráidhte ar mbeith fionn ón mbainne dhó.

Téid file Chonraoi, Feircheirtne a ainm, i ndiaidh Bhlánaide i n-Ulltaibh, i ndóigh go bhfuighbheadh árach ar Bhlánaid do mharbhadh i ndíoghail Chonraoi; agus ar rochtain i n-Ulltaibh dó, fuair Conchubhar is Cú Chulainn is Blánaid go gcomhdháil umpa ag rinn Chinn Bheara; agus mar do chonnairc an file Blánaid 'n-a seasamh ar bruach aille ann téid da hionnsuighe agus iadhais a lámha uimpe, gur chuir é féin agus í d'urchor ris an aill, gur marbhadh amhlaidh sin iad.

 p.228

37. XXXVII.

Do ghabh Eochaidh Airiomh mac Finn mic Fionnlogha mic Roighnéin Ruaidh mic Easamhain Eamhna mic Bláthachta mic Labhradha Luirc mic Éanna Aighnigh mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach mic Eochach Foiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil m-Breagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dhá bhliadhain déag. Is uime do gairthí Eochaidh Airiomh dhe, do bhrígh gurab é do thochail uaimh ar dtús i n-Éirinn. Airiomh, iomorro, ar uaimhe .i. treabhadh nó tochailt uaimhe; agus fá dheireadh do thuit an t-Eochaidh-se lé Siodhmall i bh-Fréamhuinn Teathbha.

Do ghabh Eidirsceol mac Eoghain mic Oiliolla mic Iair mic Deaghaidh mic Sin mic Roisin mic Triuin mic Roithriuin mic Airndil mic Maine mic Forga mic Fearadhaigh mic Oiliolla Érann mic Fiachach Fir Mara mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach mic Eochach Foiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil m-Breagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann sé bliadhna, gur thuit lé Nuadha Neacht i n-Aillinn.

Do ghabh Nuadha Neacht mac Séadna Siothbhaic mic Luighdheach Lóithfhinn mic Breasail Bhric mic Fiachach Foibhric mic Oiliolla Ghlais mic Fearadhaigh Foghlais mic Nuadhat Fullóin mic Eallóit mic Airt mic Mogha Airt mic Criomhthainn Choscraigh mic Fearadhaigh Finn mic Feidhlimidh Foirthriuin mic Fearghusa Fortamhail mic Breasail Bhreoghamain mic Aonghusa Ollamhan mic Oiliolla Bhracáin mic Labhradha Loingsigh mic Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin  p.230 ríoghacht Éireann leithbhliadhain. Is uime do gairthí Nuadha Neacht dhe, ón fhocal nix .i. sneachta. Óir do samhaltaoi gile a chneis ris an sneachta; agus do thuit an Nuadha-so lé Conaire Mór mac Eidirsceoil.

Do ghabh Conaire Mór mac Eidirsceoil mic Eoghain mic Oiliolla mic Iair mic Deaghaidh mic Sin mic Roisin mic Triuin mic Roithriuin mic Airndil mic Maine mic Forga mic Fearadhaigh mic Oiliolla Érann mic Fiachach Fir Mara mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile, deich mbliadhna is trí fichid.

Is é an Conaire Mór-so céadduine lér tógbhadh éiric a athar .i. Eidirsceoil ar Laighnibh. Do thógbhadar an drong-so 'n-ar ndiaidh an éiric chéadna soin ar Laighnibh, mar atá Oilill Ólom, Eoghan mac Oiliolla, Fiachaidh Muilleathan, Oilill Flann Beag, Lughaidh mac Oiliolla Flann Big, agus Corc mac Luighdheach. Fá hí sium na héarca soin, trí céad bó fhionn; trí céad leann; trí céad torc; is trí céad cloidheamh órdha; agus tugadh Osruighe leis an Mumhain do roinn, mar atá ó Ghabhrán go Gréin Airbh láimh ré Móin Éile; agus tugadar rátha na n-uile dúl ré híoc na héarca soin go bráth, amhail adeir an seancha san rann-so:

  1. Osruighe ó Ghabhrán go Gréin
    Tugadh d'éiric Eidirscéil,
    Mumhain toghuidhe thoigh,
    Is Conaire ros ceangoil.
Tuig, a léaghthóir, gurab do shliocht an Chonaire-se Éarna Mhumhan agus Dál Riada i n-Albain, agus gurab i n-aimsir Duach Dallta Deaghaidh tángadar Éarna don Mhumhain; agus do réir Chormaic 'n-a Psaltair is iad clanna Rudhruighe do thathfainn don Mhumhain iad iar mbriseadh ocht gcatha orra; gur ghabhadar neart mór san Mhumhain da éis sin ó aimsir Dhuach Dallta Deaghaidh go haimsir Mhogha Nuadhat, ionnus gur ruagadar do réir an Leabhair Mhuimhnigh síol Éibhir siar  p.232 go reannaibh Ó Ráthach go himeall is go hoiléanaibh iarthair Mhumhán iar ngabháil cheannais na críche dóibh féin go haimsir Mhogha Nuadhat lér díbreadh iad. Agus fá dheireadh do thuit an Conaire Mór-so i m-Bruighin Da Bhearg lé h-Aingcéal Caoch mac ríogh Breatan.

Do ghabh Lughaidh Riabh nDearg mac na dtrí bhFinneamhna mic Eochach Feidhligh mic Finn mic Finnlogha mic Roighnéin Ruaidh mic Easamhain Eamhna mic Bláthachta mic Labhradha Luirc mic Éanna Aighnigh mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhan, nó do réir dhruinge oile, sé bliadhna fichead. Dearbhorgaill inghean Fargaill Ríogh Lochlonn fá bean do Lughaidh Riabh nDearg. Is uime do gairthí Lughaidh Riabh nDearg dhe do bhrígh go raibhe ciorcaill dearg timcheall a bhrághad is ciorcaill oile timcheall a mheadhóin; óir is iad na trí Finn do rinne ré n-a ndeirbhshiair é, Chlothra inghean Eochach Feidhligh a hainm, ar mbeith ar meisce dhóibh; gonadh ag faisnéis an ghníomha soin atá an rann seanchusa-so síos as a dtuigfidhear gurab í an Clothra-so lé rugadh Lughaidh Riabh nDearg da dearbhráthraibh rug Criomhthainn Nia Nár don Lughaidh chéadna soin fá mac di féin. Ag so an rann:

  1. Lughaidh Riabh nDearg do Chriomhthainn chain
    Fá athair is bráthair;
    Is Clothra an chrotha ghnáthaigh
    Da mac ro ba seanmháthair.

Do measadh an tráth soin gurab lé mac dhíobh dar bh'ainm Nár fá cosmhail a raibhe ón chiorcaill uachtair suas do Lughaidh Riabh nDearg agus ré Breas a raibhe idir an dá chiorcaill, agus ré Lotar a raibhe ón dá chrios síos. Is amhlaidh do thuit an Lughaidh-se .i. lingeadh ar a chloidheamh do rinne go ndeachaidh tríd.

Do ghabh Conchubhar Abhradhruadh mac Finn Fhileadh mic  p.234 Rossa Ruaidh mic Fearghusa Fairrge mic Nuadhat Neacht mic Séadna Siothbhaic mic Luighdheach Loithfhinn mic Breasail Bhric mic Fiachach Foibhric mic Oiliolla Ghlais mic Fearadhaigh Foghlais mic Nuadhat Fullóin mic Eallóit mic Airt mic Mogha Airt mic Criomhthainn Choscraigh mic Feidhlimidh Foirthriuin mic Fearghusa Fortamhail mic Breasail Bhreoghamain mic Aonghusa Ollamhan mic Oiliolla Bracáin mic Labhradh Loingsigh mic Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann aonbhliadhain amháin. Agus is uime do gairthí Conchubhar Abhradhruadh dhe, do bhrígh gurab fabhradha ruadha do bhí ag a shúilibh; agus fá dheireadh do thuit sé lé Criomhthann Nia Nár.

38. XXXVIII.

Do ghabh Criomhthann Nia Nár mac Luighdheach Riabh nDearg mic na dtrí bhFinneamhna mic Eochach Feidhligh mic Finn mic Finnlogha mic Roighnéin Ruaidh mic Easamhuin Eamhna mic Bláthachta mic Laoghaire Luirc mic Éanna Aighnigh mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann sé bliadhna déag. Is uime do gairthí Criomhthann Nia Nár dhe óir is ionann nia is gaisceadhach nó tréinfhear. Agus is as tugadh Nár air do bhrígh gur bha nár leis a gheineamhain idir a dhearbhráthair is a mháthair. An dara bliadhain déag do fhlaitheas an Chriomhthainn Nia Náir-se rugadh Críost. Is amhlaidh do básuigheadh an Criomhthann-so .i. tuitim da each do rinne go bhfuair bás go grod da éis sin.

Do ghabh Fearadhach Fionn Feachtnach mac Criomhthainn Nia Náir mic Luighdheach Riabh nDearg mic na dtrí bhFinneamhna mic Eochach Feidhligh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhan. Nár Thuathchuach inghean Lóich mic Dáire do Chruitheantuaith máthair Fhearadhaigh Fheachtnaigh. Is uime  p.236 ghairthear Fearadhach Fionn Feachtnach dhe do bhrígh go raibhe ceart is fírinne dá gcoimhéad ré n-a linn i n-Éirinn. Ionann iomorro feachtnach is fírinneach. Is 'n-a réimheas do bhí Morann mac Maoin ann .i. an ceirtbhreitheamh ag a raibhe an iodh Morainn; agus do ba do bhuadhaibh na hidhe-se cibé do chuirfeadh fá n-a bhrághaid í ré linn breitheamhnais éigceirt do dhéanamh go n-iadhadh an iodh go daingean timcheall a bhrághad, agus go mbíodh ag fáscadh ar a bhrághaid go mbeireadh an bhreath chóir. Agus do-níodh mar an gcéadna ris an tí thigeadh do dhéanamh faisnéise bréige go hadmháil na fírinne dhó. Gonadh ón idh sin atá an seanfhocal mar a n-orduigheann neach an iodh Morainn do bheith fá bhrághaid an tí bhíos ag déanamh fiadhnaise i ndóigh go ndiongnadh fírinne. Agus fuair Fearadhach Feachtnach bás i Liath Druim.

Do ghabh Fiatach Fionn, a quo Dál bhFiatach, mac Dáire mic Dlúthaigh mic Deitsin mic Eochach mic Sin mic Roisin mic Triuin mic Roithriuin mic Airndil mic Maine mic Forga mic Fearadhaigh mic Oiliolla Éarann mic Fiachach Fir Mara mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna, gur thuit lé Fiachaidh Fionnoladh.

Do ghabh Fiachaidh Fionnoladh mac Fearadhaigh Fhinn Fheachtnaigh mic Criomhthainn Nia Náir mic Luighdheach Riabh nDearg mic na dtrí bhFinneamhna mic Eochach Feidhligh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna fichead. Is uime ghairthear Fiachaidh Fionnoladh dhe, oladh ainm do bhoin, agus fionn do bhádar urmhór bó Éireann ré n-a linn; gonadh de sin tugadh Fiachaidh Fionnoladh air. Tuig, do réir Chroinic Stoo, go rabhadar Scuit ag aithidhe i n-Albain Anno Domini 73 go grod i ndiaidh Fiachaidh Fionnoladh do bheith i bhflaitheas Éireann agus fá taosca sin ioná Cairbre Riada do mharthain. Agus is lé h-athachthuathaibh Éireann do marbhadh an Fiachaidh-se i bhfeall.

Do ghabh Cairbre Chinn Chait mac Dubhthaigh mic Rudhruighe  p.238 mic Díochon Uairiodhnaigh mic Táit Teadhmannaigh mic Luaighne Laidhcinn mic Oiris Eachlonnaigh mic Earnduilbh mic Rionnail Dagharmaigh mic Ríogh Lochlonn táinig mar aon ré Labhraidh Loingseach go buidhin Tuama Teannbhaoth agus adeirid drong oile gurab d'Fhearaibh Bolg é, ríoghacht Éireann. Cúig bliadhna i ríoghacht dó gur éag do thámh. Agus is uime ghairthéar Cairbre Chinn Chait de, do brígh gur bha cosmhail ré cluasaibh cait a chluasa amhail adeir an file san rann-so:

  1. Amhail do bhí Cairbre cruaidh,
    Do ghabh Éire theas is thuaidh:
    Dá chluais chait um a cheann cain,
    Fionnfadh cait tré n-a chluasaibh.
Is é cor ar a ráinig ríoghacht Éireann Cairbre, feall do hollmhughadh lé daorchlannaibh nó lé h-athachthuathaibh Éireann uile i gcoinne ríogh is uaisle Éireann; agus is é modh ar ar chuireadar rompa an feall-so do dhéanamh fleadh d'ollmhughadh ré n-a dáil do ríoghaibh is d'uaislibh Éireann; agus is é áit 'n-ar dáileadh an fhleadh soin i Maigh Crú i g-Connachtaibh agus do bhádar trí bliadhna ag a hollmhughadh; agus ar feadh na haimsire sin do choigilsiod trian a dtoradh i n-oirchill na fleide; agus tángadar saorchlanna Éireann mar aon ré trí ríoghaibh dá chaitheamh .i. Fiachaidh FionnoladhÉireann is Eithne inghean ríogh Alban a bhean; Feig mac Fidheic ChaoichMumhan agus Bearta inghean Ghoirtniad rí Breatan fá bean dó; Breasal mac Firb ri Uladh is inghean ríogh Sacsan fá bean dó; Áine a hainm, agus Cainneall ainm a hathar. Trí taoisigh do bhí ag an athachthuaith mar atá Monach, Buan is Cairbre Caitcheann; agus is é an Cairbre-se fá ceann ortha uile.Naoi lá do bhádar ag caitheamh na fleidhe sin agus fá dheireadh do lingsiod an athachthuaith ar shaorchlannaibh Éireann da marbhadh gur thuitsiod uile leo ar an láthair sin acht na trí geine do bhí i mbruinnibh an triar ban dobhí ag na trí  p.240 ríoghaibh do luaidheamar. Éaluighid iomorro na mná go h-Albain agus rugadar triar mac ann mar atá Tuathal Teachtmhar, Tiobraide Tíreach is Corb Ólom. Dála Éireann do fhás gorta mhór agus teirce toradh is iomad míoratha ar Éirinn agus do bhí sin uirre go beith do thriar mac na dtrí ríogh soin do mharbhsad i bhfeall ionairm. Agus ar n-a chlos d'fhearaibh Éireann gur mhaireadar triar mac na ríogh soin do chuireadar feasa is teachta 'n-a ndáil da iarraidh orra flaitheas a sean is a sinsear féin do ghlacadh arís agus do chuireadar grian is éasca i slánadh nó i gcoraidheacht orra féin fá umhlacht do thabhairt dóibh, is fá bheith díleas go bráth arís dóibh. Leis sin tángadar na macaoimh is do ghlacadar oighreacht a n-athrach go dtáinig a rath féin ar Éirinn arís de sin. Agus do éag Cairbre Chinn Chait do thámh.

Do ghabh Eilim mac Connrach mic Rossa Ruaidh mic Rudhruighe mic Sithrighe mic Duibh mic Fomhóir mic Airgeadmháir mic Síorlaimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann fiche bliadhan; gur thuit lé Tuathal Teachtmhar i g-Cath Aichle.

 p.242

39. XXXIX.

Do ghabh Tuathal Teachtmhar mac Fiachach Fionnoladh mic Fearadhaigh Fhinn Fheachtnaigh mic Criomhthainn Nia Náir mic Luighdheach Riabh nDearg mic na dtrí bhFinneamhna mic Eochach Feidhligh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead. Is uime ghairthear Tuathal Teachtmhar dhe ó theacht gacha maitheasa ré n-a linn. Níor fhágaibh iomorro Fiachach Fionnolodh do chloinn acht aonmhac dá ngairthí Tuathal Teachtmhar. Agus i mbroinn Eithne inghine ríogh Alban do chuaidh ar éalódh a hargain Mhaighe Crú i g-Connachtaibh do bhí an mac soin an tan do mharbhadar an Athachthuaith Fiachaidh Fionnolad is saorchlanna Éireann. Agus iar mbreith Thuathail i n-Albain do hoileadh is do béasmhúineadh ann é go beith i gcionn a chúig mbliadhan fichead dó; agus feadh na ré sin do bhí míorath ar Éirinn; agus ar mbeith i gcruadhdáil mhóir don Athachthuaith do chuadar do chinneadh chomhairle ré n-a ndraoithibh da fhios cionnus nó créad an modh da dtáinig an míorath do bhí ar Éirinn an tráth soin, nó cionnus do fóirfidhe uaidh í. Is eadh adubhradar na draoithe gurab uime do bhí an míorath uirre tré mar do rinneadar an feall ar ríoghaibh is ar shaorchlannaibh Éireann; adubhradar fós nach fillfeadh a rath féin ar Éirinn go ngabhadh neach éigin do shliocht na ríogh soin do marbhadh ceannas Éireann. Agus is fán am soin do chualadar an Athachthuaith go raibhe mac ag Fiachaidh Fionnoladh i n-Albain dar bh'ainm Tuathal Teachtmhar; agus do chuadar dronga móra don Athachthuaith i gcomhairle agus is eadh do cinneadh leo teachta do chur i gcoinne Tuathail go h-Albain. Do bhádar fós dronga d' iarmhar shaorchlann Éireann mar atáid clann an Duinn Déasa do Laighnibh Fiachaidh Casán is Fionnbhall a bhráthair agus sé céad foghluidhe mar aon riú ag argain Éireann i ndíoghail na feille  p.244 do rónsad an Athachthuaith ar ríoghaibh is ar shaorchlannaibh Éireann.

Ar gclos an sceoil sin do Thuathal Teachtmhar triallais féin is a mháthair .i. Eithne inghean ríogh Alban i n-Éirinn go sluagh líonmhar maille riú. Cúig bliadhna fichead do b'aois do Thuathal an tráth soin agus do ghabhadar cuan i n-Iorrus Domhnann go dtarla Fiachaidh Casán go n-a bhráthair riú ann sin. Triallaid as sin go Teamhraigh is tionóilid a rannta as gach aird d'Éirinn i ndáil Tuathail go Teamhraigh agus gairmthear leo rí Éireann de. Tig Eilim mac Connrach ó bhí i bhflaitheas Éireann an tráth soin ar n-a thogha lé Athachthuathaibh d' éis bháis Chairbre Chinn Chait do thabhairt Chatha Aichle i n-aghaidh Thuathail. Bristear d'Eilim is d'Athachthuathaibh is marbhthar é féin is urmhór a shluaigh san chath soin. Tug Tuathal is a rannta ucht ar Athachthuathaibh feadh Éireann ann sin gur bhris cúig catha fichead i n-Ulltaibh agus cúig catha fichead i Laighnibh is cúig catha fichead i g-Connachtaibh agus cúig catha déag is fiche san Mumhain orra.

Iar mbriseadh iomorro na gcath soin do Thuathal agus iar bhfóirithin saorchlann Éireanna hanbhroid na n-Athachthuath, do rinneadh Feis Teamhrach leis, amhail is gnáth ris gach rígh i dtús a fhlaithis ríoghdháil choithcheann do chruinniughadh is do choimhthionól ré hordughadh reacht is nós na críche. Tángadar uaisle Gaedheal as gach cúigeadh i n-Éirinn chuige iar sin; agus do ghabhadar mar rígh ris tré mar do shaor iad féin ó mhoghaine na ndaorchlann .i. na n-Athachthuath; agus tugadar rátha na ndúl ré ríoghacht Éireann do léigean dó féin is da chloinn, amhail do gealladh roimhe sin d' Ughaine Mhór.

Is ann sin fós fuair cheithre míre do na cúigeadhaibh da ndearna sé an Mhidhe-se ann anois mar fhearann cinnte do gach airdrígh da mbiadh i n-Éirinn. Óir tar ceann go raibhe  p.246 Midhe d'ainm ar an dtuaith fhearainn atá láimh ré h-Uisneach ó aimsir chloinne Neimhidh go haimsir Thuathail, maseadh ní raibhe Midhe d' ainm ar na míribh do beanadh do na cúigeadhaibh go haimsir Thuathail go ndearna críoch ar leith ó na cúigeadhaibh dhi.

Tar éis iomorro mar do chuir Tuathal na cheithre míre-se ré chéile go ndearna aoin chríoch amháin díobh da ngoirthear Midhe, do thógaibh sé cheithre príomhlongphuirt innte, mar atá longphort .i ngach mír dhíobh. Do thógaibh cheana Tlachtgha san mír don Mhumhain atá leis an Midhe, agus is ann sin do horduigheadh Teine Thlachtgha mar a gcleachtaoi leo draoithe Éireann do chruinniughadh is do chóimhthionól oidhche Shamhna do dhéanamh iodhbartha do na huile dhéibh. Is ann san teinidh sin do loiscthí a n-iodhbartha leo agus fá héigean i bpéin chánach teinnte Éireann do mhúchadh an oidhche sin, agus ní lámhadh neach d'fhearaibh Éireann teine d'adhnadh acht ón teinidh sin; agus gach teine do bhíodh ar n-a hadhnadh aiste i n-Éirinn do bhíodh screaball nó trí pinginne ag rígh Mumhan do chíos uirre do bhrígh gurab don mhír ráinig ón Mumhain don Mhidhe an fonn ar a bhfuil Tlachtgha.

Do rinne an dara longphort san mír ráinig do Chúigeadh Connacht é, mar atá Uisneach mar a mbíodh comhdháil choitcheann fhear n-Éireann ar a dtugtaoi Mórdháil Uisnigh; agus um Bealltaine do bhíodh an t-aonach soin ann mar a gcleachtaoi leo malairt a maoine is a n-earradh is a séad do dhéanamh fá seach. Do cleachtaoi leo fós iodhbartha do dhéanamh don airddia da n-adhradaois da ngairthí Béil, agus fá gnáth leo dá theine do dhéanamh i n-onóir do Béil i ngach tuaith i n-Éirinn, agus deibhléan da gach cinéal spréidhe da mbíodh san tuaith do thiomáin idir an dá theinidh mar urchosc da gcaomhna ar gach galar feadh na bliadhna soin; agus is ón teinidh sin do-níthí i n-onóir do Bhéil ghairmthear Bealltaine don fhéil  p.248 uasail ar a bhfuil lá an dá apstal mar atá Pilip agus Séamus; Bealltaine .i. Béilteine nó teine Bhéil. Do bhíodh fós each is earradh gach flatha tigeadh i mórdháil Uisnigh uatha do rígh Connacht mar chíos, do bhrígh gurab don mhír ráinig ó Chúigeadh Connacht ris an Midhe an áit 'n-a bhfuil Uisneach.

An treas longphort do thógaibh Tuathal, Taillte a ainm, atá san mír ráinig do Chúigeadh Uladh ris an Midhe agus is innte do-níthí aonach Tailltean mar a gceangladaois fir Éireann cleamhnas is cáirdeas ré chéile; agus is soibhéasach an nós do bhíodh eatorra san chomhdháil sin, mar atá na fir ar leith leo féin agus na mná ar leith don taoibh oile agus a n-aithreacha is a máithreacha ag snadhmadh eatorra go bpóstaoi ré chéile gach lánamhain díobh do roicheadh i n-eachtaibh is i gconnarthaibh a chéile, amhail adeir an file:

  1. Gan teacht fear i bhfarradh ban,
    Gan mná i bhfarradh bhfear bhfionnghlan,
    Acht cách i gcádhas ó a dtoigh
    I n-árus an ardaonoigh.

Tar ceann iomorro gurab é Lughaidh Lámhfhada do thionnscain aonach Tailltean ar dtús mar chuimhniughadh bliadhna ar a bhuimigh féin Tailltin inghin Mhaghmóir rí Easpáinne fá bean d'Eochaidh mac Eirc rí déidheanach Fhear m-Bolg amhail adubhramar thuas—ar mbeith trá do Thailltin ar n-a hadhnacal lé Lughaidh san tulaigh sin do commóradh aonach Tailltean leis mar násadh nó mar chuimhniughadh uirre, gonadh uime sin do gairthí Lughnasa, .i. násadh nó cuimhniughadh logha dhon chéadla d'August ar a bhfuil féil Ghéibheann Pheadair aniú — tar ceann go raibhe feart is aonach Tailltean ann ó aimsir Lughdheach Lámhfhada maseadh ní raibhe Taillte 'n-a ríoghphort go haimsir Thuathail Teachtmhair . Do bhrígh iomorro gurab  p.250 don mhír do beanadh do Chúigeadh Uladh an áit i bhfuil Taillte is ag rígh Uladh do bhíodh cíos aonaigh Thailltean. Ag so suim an chíosa soin, mar atá uinge d'airgead ar gach lánamhain do bhíodh ar n-a bpósadh ann.

An ceathramhadh ríoghphort Teamhair atá san mír ráinig do Laighnibh ris an Midhe mar a gcleachtaoi Feis Teamhrach do dhéanamh gacha treas bliadhain, iar ndéanamh a n-iodhbartha da n-uile dhéibh i d-Tlachtgha (amhail adubhramar) ré hucht na ríoghdhála soin da ngairthí Feis Teamhrach mar a gcleachtaoi leo reacht is nóis d'ordughadh, is fromhadh do dhéanamh ar annálaibh is ar sheanchus Éireann; ionnus an mhéid do bhíodh dearbhtha dhíobh go scríobhdaois ardollamhain iad i Rolla na Ríogh da ngairthí Psaltair na Teamhrach, agus gach nós nó gach seanchus oile da mbíodh i n-Éirinn nach bíodh do réir an phrímhleabhair sin ní bhíodh cion fírinne ortha. Ní luaidhfeam annso go cinnte na reachta ná na nóis do horduigheadh go cinnte i bh-Feis Teamhrach do bhrígh gurab lán leabhair an Breitheamhnais Tuaithe dhíobh. Acht amháin cuirfead síos annso an nós do horduighthí i bh-Feis Teamhrach ar shuidhiughadh na n-uasal is na laochraidhe ré linn bheith i gcomhdháil fleidhe 'n-a bproinntighibh ag caitheamh bídh dhóibh.

Ní bhíodh iomorro aonollamh ré seanchus i n-Éirinn nach scríobhadh i Rolla na Teamhrach anmanna na n-uasal do bhíodh 'n-a bhflathaibh fearainn, gach aon díobh do réir a chéime is a gharma féin, amhail do horduighthí i bh-Feis Teamhrach agus gach ceann feadhna da mbíodh ós cionn na laochraidhe do bhíodh i mbuannacht ag cosnamh is ag coimhéad críche na h-Éireann do bhíodh a ainm scríobhtha ag an ollamh mar an gcéadna; agus ní bhíodh aon díobh so idir fhlathaibh fearainn is cheannaibh feadhna gan fear iomchair scéithe ré a chois. Is amhlaidh fós do bhídís na proinntighe do bhíodh aca caol fada agus buird ré dá shlios an tighe agus ealchuing ar gach slios díobh agus a lán bacán ionnta ós cionn na suidheachán 'n-a mbídís an teaghlach 'n-a suidhe is gan acht  p.252 leithead scéithe idir gach dhá bhacán díobh. Agus is ar na bacánaibh do chuireadh an seancha sciatha na n-uasal is na laochraidhe ré suidhe dhóibh, gach aon díobh fá n-a scéith féin idir uasal is laoch. Gidheadh do bhíodh rogha sleasa ag na flaithibh fearainn agus an slios oile ag na ceannaibh feadhna, agus éadan an tighe ag na hollamhnaibh agus an t-éadan oile ag lucht freastail ré fritheolamh an teaghlaigh.

Do ba nós dóibh fós gan aoinneach do shuidhe i bhfiadhnaise acht gach aon do shuidhe druim ré froigh idir fhlathaibh fearainn is cheannaibh feadhna fá n-a scéith féin. Ní cleachtaoi leo fós mná do bheith 'n-a bproinntighibh acht árus ar leith do bheith aca féin mar a riarthaoi iad. Fá gnáthughadh aca fós ré hucht na comhdhála do riar foscardadh nó folmhughadh do dhéanamh ar an bproinnteach go nach anadh ann acht triúr, mar atá seancha is bollsaire .i. maruscál tighe agus fear stuic ag a mbíodh barr buabhaill nó adharc ré toghairm cháich don phroinnteach. Do shinneadh a stoc trí huaire. An chéadfheacht do shinneadh é do thionóildís lucht iomchair sciath na n-uasal timcheall doruis an phroinntighe agus do ghlacadh an bollsaire sciath gach uasail do réir a gharma agus do shuidheadh ar ordughadh an tseanchaidh gach sciath dhíobh 'n-a hionadh chinnte féin. Do shinneadh fear an stuic an dara feacht an barr buabhaill do bhíodh aige agus do thionóildís lucht iomchair sciath na laochraidhe go dorus an phroinntighe agus do ghlacadh an bollsaire na sciatha uatha agus do shuidheadh gach sciath dhíobh ar ordughadh an tseanchaidh ar slios oile an tighe ós cionn bhuird na laochraidhe. Do shinneadh cheana fear an stuic an barr buabhaill an treas feacht, agus leis sin do thionóildís na huaisle is na laochraidh san phroinnteach agus do shuidheadh gach aon díobh fá n-a scéith féin ionnus ná bíodh iomrasan ná easaonta fá ionadh suidhe eatorra.

 p.254

40. XL.

Is é an Tuathal Teachtmhar-so ar a bhfuilmíd ag tráchtadh do cheangail an Bhóraimhe ar Laighnibh mar cháin i ndíol bháis a dhá inghean .i. Fithír is Dáirine a n-anmanna. Rí iomorro do bhí ar Laighnibh dar bh'ainm Eochaidh Aincheann agus tug sé Dáirine inghean Tuathail Teachtmhair do mhnaoi, agus rug leis i Laighnibh da longphort féin .i. i Maigh Luadhat í. Agus i gcionn aimsire da éis sin téid go Teamhraigh agus nochtais do Thuathal go bhfuair Dáirine bás, agus iarrais an deirbhshiúr oile .i. Fithír air, go dtug Tuathal dó í, agus beiris leis go Laighnibh da longphort féin í. Agus mar do chonnairc Fithír a deirbhshiúr Dáirine roimpe beo do ling a hanam go hobann aiste tré náire; agus táinig Dáirine da caoineadh agus fuair bás do láthair da cumhaidh; gonadh da fhaisnéis sin do rinne an file an rann-so:

  1. Fithír agus Dáirine,
    Dá inghin Tuathail turaidh,
    Marbh Fithír do náirighe,
    Marbh Dáirine dia cumhaidh.

Mar do chualaidh iomorro Tuathal bás na deise ban, do ghabh fearg mhór é, agus do chuir teachta uaidh do gach leith go huaislibh Éireann do chasaoid na feilbheirte do rinne rí Laighean air; agus uime sin tugsad uaisle Éireann congnamh sluagh is sochaidhe do Thuathal ré díoghail an mhíghníomha soin; agus mar do bhreathnuigh Tuathal Laighin d'argain is do chreachadh agus gan iad ionchathuighthe ris, do aomhadar cáin do dhíol uatha féin is ó n-a sliocht 'n-a ndiaidh i n-íoc bháis na mban soin do Thuathal is da gach rígh da dtiocfadh ar a lorg.

Ag so suim na cána do díoltaoi lé Laighnibh do ríoghaibh Éireann gacha dara bliadhain i ndíol bháis chloinne Tuathail  p.256 mar atá trí fichid céad bó; trí fichid céad uinge d'airgead; trí fichid céad brat; trí fichid céad torc; trí fichid céad molt; is trí fichid céad coire umha. Agus is í roinn do bhíodh ar an gcáin sin, a trian d'fhearaibh Connacht, a trian d'Oirghiallaibh, agus a trían do Uíbh Néill. Ag so mar adeir an Stair da ngoirtear Bóraimhe Laighean sna rannaibh-se síos:

  1. Trí fichid céad bó shlabhra,
    Tugtha gan mheath,
    La trí fichid céad uinge
    D'airgead as deach
  2. La trí fichid céad leann Líoghdha
    Léire a dtoimhse,
    La trí fichid céad ró-thorc
    Fá róid roimhse
  3. La trí fichid céad do mholtaibh,
    Tugadh umne,
    La trí fichid céad coire n-umha
    Do chumhdach lase
  4. A trian do Chonnachtaibh,
    A ndligheadh ó chéin,
    A trian do Oirghiallaibh,
    A trian do Uíbh Néill.

Is don cháin sin do gairthí Bóraimhe Laighean agus do bhí sí ag a tabhach ré linn dá fhichead ríogh dar ghabh flaitheas Éireann mar atá ó aimsir Thuathail Teachtmhair go haimsir Fhionnachta do bheith i bhflaitheas Éireann amhail adeir an file san rann-so:

  1. Ceathracha rígh do rala
    Lé rugadh an Bhóramha
    Ó aimsir Thuathail Tlachtgha
    Go haimsir Fhir Fhionnachta.

Is é Moling fuair maitheamh uirre san chairde fuair ó Fhionnachta go Luan, agus is é Luan do thuig Moling Luan Laoi an Bhrátha. Do bhíodh iomorro an cháin sin seal 'ga díol go humhal ag Laighneachaibh; agus uair eile nach aomhdaois  p.258 a díol, go dtigeadh de sin iomad cogaidh is coinbhleacht do bheith eatorra leath ar leath gur thuiteadar mórán d'uaislibh Éireann ar gach taoibh ann. Agus is lé Mál mac Rochruidhe do thuit Tuathal Teachtmhar.

Do ghabh Mál mac Rochruidhe mic Cathbhaidh mic Giallchadha Finn mic Fionnchadha mic Muireadhaigh mic Fiachna Fionnamhnais mic Iriail Ghlúnmhair mic Conaill Chearnaigh mic Aimhirgin Iairghiúnaigh mic Cais Thrillsigh mic Cais mic Fachtna mic Capa mic Gionga mic Rudhruighe Mhóir ó ráidhtear clanna Rudhruighe do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann cheithre bliadhna gur thuit lé Feidhlimidh Reachtmhar.

Do ghabh Feidhlimidh Reachtmhar mac Tuathail Teachtmhair mic Fiachach Fionnoladh mic Fearadhaigh Fhinn Fheachtnaigh mic Criomhthainn Nia Náir mic Luighdheach Riabh nDearg mic na dtrí bhFinneamhna mic Eochach Feidhligh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann naoi mbliadhna. Báine inghean Scáil Bhailbh bean Tuathail Teachtmhair máthair Fheidhlimidh Reachtmhair; agus is uime do gairthí Feidhlimidh Reachtmhar dhe tré fheabhas na mbreath reachta do beirthí i n-Éirinn ré n-a linn. Is é iomorro reacht do orduigh Feidhlimidh ré n-a linn féin i n-Éirinn samhail an dlighidh da ngairthear i Laidin lex talionis. Ionann sin agus samhail an dochair nó an luit do-ní neach do dhuine oile a shamhail sin d'imirt ar féin 'n-a dhíol, mar atá cion san chion, bó san bhoin, lámh san láimh, cos san chois, súil san tsúil, agus mar sin do gach lot oile ó shin amach. Agus táinig don reacht soin fir Éireann do leasughadh a ngníomh ré linn Fheidhlimidh, gonadh uime sin do gairthí Feidhlimidh Reachtmhar dhe. Agus fá dheireadh is bás le hadhart fuair an fear-so.

Do ghabh Cathaoir Mór mac Feidhlimidh Fíorúrghlais mic Cormaic Gealta Gaoth mic Nia Corb mic Con  p.260 Corb mic Mogha Corb mic Conchubhair Abhradhruadh mic Finn Fhileadh mic Rossa Ruaidh mic Fearghusa Fairrge mic Nuadhat Neacht mic Séadna Síothbhaic mic Luighdheach Loithfhinn mic Breasail Bhric mic Fiachach Foibhric mic Oiliolla Ghlais mic Fearadhaigh Foghlais mic Nuadhat Fullóin mic Eallóit mic Airt mic Mogha Airt mic Criomhthainn Choscraigh mic Feidhlimidh Foirthriuin mic Fearghusa Fortamhail mic Breasail Breodhamhain mic Aonghusa Ollamhan mic Oiliolla Bhrácáin mic Labhradha Loingsigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna. Do bhádar iomorro tríochad mac ag Cathaoir, amhail adeir an file san rann-so:

  1. Tríochad mac, fá maith an chlann,
    Do chinn ó Chathaoir Chualann;
    Trí deichneabhair, fá scéimh scol,
    'N-a bh-Féin chleithreamhair churadh.
Gidheadh do chuadar fiche don chloinn sin gan tsliocht, agus táinig sliocht ar an deichneabhar oile dhíobh. Ag so anmanna na mac ar a dtáinig sliocht: Rossa Fáilgheach sinnsear na cloinne ar a dtáinig sliocht, Dáire Barrach, Breasal Einiochghlas, Fearghus, Oilill, Criomhthann, Deargmhosach, Eochaidh Teimhin, Aonghus is Fiachaidh Aiceadha sóisear na cloinne tar ceann gurab ag a shliocht fá gnáthaighe ríoghacht Laighean. Ar sliocht Fiachach Aiceadha mic Cathaoir Mhóir atá Ó Broin is Ó Tuathail. Ar sliocht Breasail Bhéalaigh mic Fiachach Aiceadha atá Mac Murchadha. Ar sliocht Rossa Fáilghigh mic Cathaoir Mhóir atá Ó Conchubhair Fáilghe agus Ó Díomasaigh agus O Duinn agus clann Cholgan amhail adéaram da éis-so ag craobhscaoileadh mac Míleadh; agus is lé Conn Céadchathach do thuit an Cathaoir Mór-so i g-Cath Maighe hAgha.

Do ghabh Conn Céadchathach mac Feidhlimidh Reachtmhair mic Tuathail Teachtmhair do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhan gur thuit le Tiobraide Tíreach mac Máil mic Rochruidhe i bhfeall i dtuaith Theamhrach agus é uaigneach  p.262 ann. Caogad iomorro laoch do chuir Tiobraide i reachtaibh ban da mharbhadh agus is a h-Eamhain do thrialladar do dhéanamh na feille sin. Úna, inghean ríogh Lochlann, fá máthair don Chonn-so. Is don Chonn-so do bhean Mogh Nuadhat leath Éireann iar mbriseadh deich gcath ar Chonn dó. Síoda inghean Fhloinn mic Fiachach do Éarnaibh máthair Mhogha Nuadhat. Is amlaidh iomorro tarla iomrasan idir Mhogh Nuadhat agus Chonn mar tharla d'Éarnaibh do shliocht Fiachach Fir Mara do shíol Éireamhóin treise do ghabháil san Mhumhain ar shíol Éibhir, ionnus go rabhadar triúr díobh i n-aoinfheacht i gceannas na Mumhan uile mar atá Lughaidh Eallaightheach Dáire, Dornmhar agus Aonghus. Agus mar do chonnairc Mogh Nuadhat síol Éireamhóin i gceannas Mumhan triallais go Laighnibh mar ar hoileadh é ag Dáire Barrach mic Cathaoir Mhóir go dtug sluagh líonmhar leis do chongnamh ó Dháire ré flaitheas Mumhan do ghabháil amhail fá dual dó; agus tug ucht ar dtús ar deisceart Mumhan i n-Uíbh Liatháin mar ar ghabh an t-Aongus thuas treise, agus brisis Mogh Nuadhat de agus ionnarbais as an dtír é, go ndeachaidh as sin d'iarraidh conganta ar Chonn agus tug Conn cúig catha dhó .i. cúig míle deag fear infeadma. Triallais leis an sluagh soin go crích Liathain mar a dtug Mogh Nuadhat Cath Arda Neimhidh dhó mar ar bhris de agus mar a dtug ár a mhuinntire.

Da éis sin do thathfainn Mogh Nuadhat Éarna as Mumhan, an méid nach raibhe umhal dó féin díobh gur fhás dá bhítin cogadh mór idir Mhogh Nuadhat agus Chonn gur bhris Mogh Nuadhat deich gcatha ar Chonn mar atá Cath Brosnaighe agus Cath Samhpaite Cath Sléibhe Musaigh Cath Gabhrain Cath Suama agus Cath Gréine agus Cath Átha Luain agus Cath Maighe Cróich mar ar thuit Fiachaidh Rioghfhada  p.264 mac Feidhlimidh Reachtmhair; Cath Asail agus Cath Uisnigh. Agus do bhí an t-iomreasan-so eatorra gur bhean Mogh Nuadhat leath Éireann do Chonn mar atá a bhfuil ón Ghaillimh agus ó Áth Cliath budh dheas d'Éirinn agus Eiscir Riada 'n-a teorainn eatorra; agus is é ainm ghairmthear don leath soin Leath Mogha ó Eoghan da ngairthí Mogh Nuadhat. Agus Leath Cuinn gairthear don leith budh thuaidh ó Chonn Chéadchathach; gonadh ag faisnéis na ronna-so do rinne file éigin an rann-so:

  1. Eoghan Mór fá mór a rath
    Comhard ré Conn Chéadchathach;
    An dias sin fá caomh a gclú,
    Roinnid Éire eatorru.

Fáth oile fár bhean Mogh Nuadhat leath Éireann do Chonn mar tharla gorta mhór seacht mbliadhna i n-Éirinn lé n-a linn; agus sul táinig aimsear na gorta soin ann do thairrngir draoi Eoghain cian ré an ngorta do theacht go dtiocfadh sí ar Éirinn uile agus is eadh do rinne Eoghan air sin i n-oirchill na gorta caitheamh ar fheolmhach agus ar iascach agus an t-arbhar do choigill; agus fós gach cíos agus gach cáin da roicheadh dhó is ar arbhar do-bheireadh é, gur líonadh a iothlanna leis, agus mar rug an aimsear ghann air tángadar as gach leith mórán d'fhearaibh Éireann 'n-a dháil agus do ghabhadar cíos agus cáin orra féin d'Eoghan tré n-a mbeathughadh feadh na haimsire cruaidhe sin, amhail léaghthar san duain darab tosach, Eoghan Mór fá mór a rath:

  1. Do dhearscnuigh Eoghan tar Conn,
    Ní ar líon gcath ná ar chomhlann—
    Fá lia biadh Eoghain eachtraigh
    Da sheoladh ar shíthreachtaibh.
  2. Doirtis orra an ghorta ghann—
    Fá maith d'Eoghan a tadhall—
    Go n-itheadh cách a chéile
    Ar fud Éireann aighmhéile.
  3.  p.266
  4. Ód chualaidh cách — cian ro char —
    Lionn is biadh iomdha ag Eoghan,
    Ros-daorsad féin, féata an modh,
    D'Eoghan ar n-a mbeathughodh.

Do bhádar iomorro cheithre hanmanna ar Mhogh Nuadhat, mar atá Eoghan Fidhfheacach, Eoghan Mór, Eoghan Taoidhleach agus Mogh Nuadhat amhail adeir an file san rann-so:

  1. Cheithre hanmanna gan bhrón
    Do bhádar for Eoghan Mhór:
    Eoghan Fidhfheacach fial, gart,
    Eoghan Taoidhleach Mogh Nuadhat.

Ma's maith leat iomorro fios fátha gach foranma da luaidhtear san rann-so d' fhagháil léigh an Chóir Anmann agus do-ghéabhair innte iad. Is í fá bainchéile d'Eoghan Mhór .i. Beara inghean Éibhir Mhóir mic Modhna rí na Castile agus rug sí mac agus dias inghean dó. Oilill Ólom an mac agus Scoithniamh agus Coinneal anmanna an dá inghean. Ag so deismireacht an tseanchaidh ar an ní-se:

  1. Beara inghean Éibhir uill,
    Máthair Óiliolla Óluim;
    'S máthair na deise déine
    Choinnle agus Scoithnéimhe.

Is lé Conn Céadchathach fós do marbhadh Mogh Nuadhat 'n-a leabaidh tré fheall (do réir dhruinge ré seanchus), ar dtabhairt ionnsuighthe maidne air, agus iad ré hucht catha do thabhairt da chéile ar Maigh Léana. Is uime ghairthear Conn Céadchathach ar an rígh-se ar a bhfuilmíd ag tráchtadh ó na céadaibh cath do chuir ar chúigeadhaibh Éireann amhail nochtas an rann-so:

  1. Céad cath ar an Mumhain mhóir,
    Do bhris Conn Céadchathach cóir;
    Céad cath ar Ulltaibh go ngoil,
    Seascad cath ar Laighneachoibh.

Is lé Tiobraide Tíreach do marbhadh Conn i bhfeill i d-Teamhraigh.

 p.268

Do ghabh Conaire mac Mogha Lámha mic Luighdheach Allathaigh mic Cairbre Chroimchinn mic Dáire Dhornmhair mic Cairbre Fionnmhóir mic Conaire Mhóir mic Eidirsceoil do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna gur thuit lé Neimhidh mac Sraibhghinn. Eithne inghean Luighdheach mic Dáire máthair an Conaire-se. Is ar sliocht an Chonaire-se atáid Dál Riada Alban agus Uladh, Baiscnigh ó Léim Chon g-Culainn, agus Múscruidhe, amhail adeir an file san rann-so:

  1. Albanaigh Riada don roinn,
    Baiscnigh ó Léim Chon g-Culoinn,
    Múscruidhe gan aoir a le,
    Cineadh an chaoimh-Chonaire.

41. XLI.

Do ghabh Art Aoinfhear mac Cuinn Chéadchathaigh mic Feidhlimidh Reachtmhair mic Tuathail Teachtmhair do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead. Agus is í ba bainchéile dhó .i. Meadhbh Leithdhearg inghean Chonáin Chualann, agus is uaithe ainmnighthear Ráith Meadhbha i dtaoibh Theamhrach. Is uime do gairthí Art Aoinfhear dhe do bhrígh nachar mhair do mhacaibh a athar acht é féin amháin ó do marbhadh a dhias dearbhráthar mar atá Connla agus Crionna lé h-Eochaidh Fionn dearbhráthair Chuinn. Dias iomorra dearbhrathar do bhí ag Conn, mar atá Eochaidh Fionn agus Fiachaidh Suighdhe, agus is leo do thuiteadar dá bhráthair Airt; gonadh da fhaisnéis sin atáid an dá rann-so as an seanchus:

  1. Dá bhráthair Chuinn gan choirthe,
    Eochaidh Fionn Fiachaidh Suighdhe;
    Do mharbhsad Connla is Crionna,
    Dá mhac Cuinn dá chaoimhghiolla.
  2. Eochaidh Fionn ba fuath lé h-Art,
    A haithle mharbhtha an dá mhac;
    Art Aoinfhear an t-ainm ros gabh
    D'aithle mharbhtha a dhá bhráthar.
 p.270

Do bhádar trá seisear cloinne ag Conn mar atá Art Aoinfhear Connla agus Crionna, Maoin Sadhbh agus Sáruit, amhail léaghthar san duain darab tosach an rann-so síos:

  1. Eol damh seisear cloinne Cuinn:
    Maoin Sadhbh Sáruit síol Óluim;
    Fir Fhionna calma corp ngeal,
    Connla Crionna Art Aoinfhear.
Do marbhadh amhail adubhramar Connla agus Crionna lé h-Eochaidh Fionn agus lé Fiachaidh Suighdhe. Do pósadh SáruitConaire mac Mogha Lámha agus rug sí na trí Cairbre dhó mar atá Cairbre Rioghfhada agus Cairbre Baschaoin agus Cairbre Músc. Is iad sliocht Chairbre Rioghfhada do chuaidh i n-Albain agus is díobh ghairmthear Dál Riada. Dá mhac iomorro do bhí ag Eochaidh Muinreamhar do shliocht Chairbre Rioghfhadha mar atá Earc agus Olchú. Ar sliocht Earca atáid Dál Riada Alban agus ar sliocht Olchon atáid Dál Riada Uladh ó ráidhtear an Rúta. Do pósadh mar an gcéadna Sadhbh inghean ChuinnMaicniadh mac Luighdheach do sliocht Luighdeach mic Íotha agus rug sí mac dó dar bh'ainm Lughaidh .i. Mac Con mac Maicniadh. Agus tar éis bháis Mhaicniadh do pósadh ré h- Oilill Ólom í, agus rug sí naonbhar mac dó, mar atá an móirsheisear do thuit i g-Cath Maighe Muchruimhe, amhail adeir Oilill Ólom féin san rann-so:
  1. Mo sheacht mic do mharbh Mac Con,
    Is truagh mo ghoil gháibhtheach gharg;
    Eoghan Dubhmearchon Mogh Corb,
    Lughaidh Eochaidh Díochorb Tadhg,
agus an dá mhac ré h-Oilill táinig a Cath Maighe Muchruimhe mar atá Cormac Cas agus Cian. Bíodh iomorro go rabhadar naoi mic déag ag Oilill Ólom mar atá naonbhar ré Saidhbh inghin Chuinn agus deichneabhar ré mnáibh oile; maseadh  p.272 ní tháinig sliocht acht ar thriúr díobh, amhail adeir an file san rann-so:
  1. Naoi mic déag data ag an donn,
    Ag Oilill áluinn Ólom;
    Aointriar nár chríon cineadh ann,
    Ór síoladh sliocht na saorchlann.

Fá clann do Shaidhbh inghin Chuinn an triúr-so ar a dtáinig sliocht. An céidfhear dhíobh Eoghan Mór mac Oiliolla do thuit i g-Cath Maighe MuchruimheBéinne Briot> mac ríogh Breatan, agus fá mac don Eoghan soin Fiachaidh Muilleathan ór síoladh clann Charrthaigh agus síol Shúilleabháin go n-a ngabhlaibh geinealaigh; agus fá hí Moncha inghean Dil mic Dá Chreaga an draoi fá máthair dó. Agus is ag Áth Uiseal ar Siuir rugadh é agus do gairthí Fiachaidh Fear dá Liach dhe. Ionann iomorro liach agus scéal doiligh, agus is doiligh an dá scéal tarla dó-san, mar atá a athair do mharbhadh i g-Cath Maighe Muchruimhe go grod iar n-a gheineamhain i mbroinn, agus a mháthair d' fhagháil bháis do láthair iar n-a bhreith; gonadh de sin do lean Fiachaidh Fear dá Liach de. Ag so mar adeir Oilill Ólom féin ar an ní-se, amhail léaghthar i g-Cath Maighe Muchruimhe:

  1. Dá liach dhuit a n-éag
    Mar aon 's is scéal mór,
    T' athair is do mháthair,
    Ro dod bháthuidh brón.
  2. T' athair is do mháthair
    Dá móiréacht nár mheith,
    Gaod an fear i gcath,
    Marbh an bhean god bhreith.
Do gairthí fós Fiachaidh Muilleathan de óir ar dteacht d'ionbhaidh a bheirthe, mar adubhairt a sheanathair an draoi ré Moncha, dá gcongbhadh an mac gan bhreith go ceann cheithre n-uaire bhfichead go madh rí é; agus dá mbeireadh don leith istigh don ré sin é nach biadh acht 'n-a dhraoi. “Maseadh,” ar  p.274 Moncha “i ndóigh go mbiadh mo mhac-sa 'n-a rígh ní bhéar é go ceann cheithre n-uaire fichead acht muna thí sé trém shlios.” Agus leis sin téid san áth do bhí ar Siuir láimh ré dún a hathar agus suidhis ar chloich ann, gur an feadh cheithre n-uaire fichead 'n-a suidhe ar chloich ann; agus i gcionn na haimsire sin táinig as an abhainn, go rug sí mac agus fuair sí féin bás do láthair iar n-a bhreith. Is don mhac-so iaramh do gairthí Fiachaidh Muilleathan; agus is uime adeirthí Muilleathan ris ó mhullach leathan do bheith aige. Ar mbeith iomorro da mháthair 'n-a suidhe ar an leic san áth ré hucht a bheirthe do leathnuigh baitheas an leinbh i dteannta na leice ar a raibhe a mháthair 'n-a suidhe san áth; gonadh de sin do lean Fiachaidh Muilleathan de.

An dara mac d' Oilill Ólom ar a dtáinig sliocht mar atá Cormac Cas ó dtángadar Dál g-Cais agus síol Aodha .i. clann Mic na Mara agus síol Fhlannchuidhe. Is ag an g-Cormac g-Cas-so trá do fhágaibh Oilill Ólom oighreacht Mhumhan go bhfuair a fhios go raibhe Fiachaidh Muilleathan ar n-a bhreith d' Eoghan Mhór agus ar n-a chlos sin is é ordughadh do rinne an flaitheas d' fhágbháil da éis féin ag Cormac feadh a ré agus a bheith ag Fiachaidh Muilleathan d'éis bháis Cormaic feadh a ré sin arís; agus mar sin an flaitheas do bheith fá seach gach ré nglún idir shliocht Chormaic Cais agus Fiachaidh Muilleathain do shíor. Agus do chaitheadar seal glún ar an ordughadh soin i bhflaitheas Mumhan.

Do b'é an Cormac Cas-so mac Oiliolla Óluim an cúigeadh gaisceadhach is fearr do bhí i n-Éirinn 'n-a ré féin. An ceathrar oile Lughaidh Lámha, Fionn mac Cumhaill, Lughaidh Mac Con, Cairbre Gailin, agus Cormac Cas an cúigeadh gaisceadhach. Agus ní raibh aonduine i n-Éirinn ionchomhlainn ré haonduine dhíobh acht iad féin. Is é an Cormac Cas-so céadduine do chuir cíoscháin ar thuathaibh Mumhan ar dtús.  p.276 Is é thug naoi n-uinge agus cúig céad uinge d'airgead i n-aon ló d'éigsibh agus d'ollamhnaibh tré n-a mholadh. Is é thug tríocha creach a Breatain dia raibhe i loingeas ag iomluadh cogaidh for Laighnibh; gur ghiallsad Laighin dó.

An treas mac d'Oilill ar a dtáinig sliocht .i. Cian. Is ar sliocht an Chéin sin atá Ó Cearbhaill agus Ó Meachair Ó hEadhra agus Ó Gadhra agus Ó Cathasaigh agus Ó Conchubhair Ciannachta.

Is é Oilill Ólom céidrí ainmnighthear san Réim Ríoghruidhe dar ghabh sealbh flaitheasa dá chúigheadh Mumhan do shíol Éibhir. Trí bliadhna fichead do bhí Oilill i bhflaitheas Mumhan. Óir sul do dhíbhir Oilill Mac Con do bhádar dá shliocht i gceannas Mumhan mar atá sliocht Dáirine do shliocht Luighdheach mac Íotha ó dtáinig Mac Con agus sliocht Deirgthine do shíol Éibhir ó dtáinig Oilill Ólom. Agus an tan do bhíodh ríoghacht Mhumhan ag sliocht Dáirine do bhíodh breitheamhnas agus tainisteacht ag sliocht Deirgthine, agus an tan do bhíodh sliocht Deirgthine i bhflaitheas do bhíodh an ní céadna ag sliocht Dáirine, go ndeachaidh Mac Con tar bhreitheamhnas Oiliolla Óluim amhail is iontuigthe as an ní adéaram 'n-ar ndiaidh. Mar do orduigh Oilill dó gan páirt Neimhidh mic Sraibhghinn do ghabháil i gcoinne Eoghain mic Oiliolla a bhráthar féin agus na dtrí g-Cairbre; agus ionnus gurab móide do tuigfidhe fáth ionnarbtha Mic Con cuirfead síos annso an ní da dtáinig Mac Con do thathfann a h-Éirinn, mar atá tuitim Aingcéil mic Deighill do bhí i bhfochair Neimhidh mic Sraibhghinn, agus is leis do marbhadh Conaire mac Mogha Lámha ag cosnamh Éireann do Neimhidh, agus is do bhíthin Aingcéil do mharbhsad na trí Cairbre Neimhidh mac Sraibhghinn fear a máthar féin Sáruit inghean Chuinn. Óir is é Neimhidh do mharbh Conaire p.278 hathair dóibh. Tarladar tríd sin trí mic Conaire i bhfochair Airt mic Cuinn.

Téid Cairbre Riada don Mhumhain go teach Neimhidh agus Sáruide inghine Cuinn a mháthar féin, óir is ag Neimhidh do bhí sí pósta d'éis Chonaire mic Mogha Lámha, agus tarla Aingcéal i dtigh Neimhidh an tráth soin; agus is amhlaidh do bhí agus gleacuidhe tréinfhir dar bh'ainm Dartadha 'n-a fhochair ann, agus gach drong anaithnidh tigeadh go teach Neimhidh fá héigean d'fhior díobh dul do ghleic ré Dartadha agus ar mbeith do Cairbre Riada ag teacht d'fhios a mháthar go teach Neimhidh do chuaidh do ghleic ré Dartadha, agus buailis ar ríoghchoire an tighe é, gur marbhadh leis amhlaidh sin é. Agus leis sin tillis go Teamhraigh agus ar nochtadh a dhál d'Art Aoinfhear adubhairt Art gur riata an toisc ré ndeachaidh siar ané agus tigheacht aniar aniú, gonadh de sin adearar Cairbre Riada ris.

Ar n-a chlos don dá Chairbre oile mar atá Cairbre Músc agus Cairbre Baschaoin Aingcéal ré raibhe a bhfala féin do bheith i dtigh Neimhidh is eadh a dubhradar “Is soirbhe sin ioná dul i m-Breathnaibh da thóraidheacht.” Agus leis sin triallaid na trí Cairbre don Mhumhain go bhfuirinn laoch 'n-a bhfochair agus mar ráángadar go teach Eoghain Mhóir mic Oiliolla Óluim téid Eoghan agus iad féin i gcoinne Neimhidh agus tig Neimhidh agus Mac Con 'n-a fhochair agus fearthar cath Feabhrad eatorra ann. Gonais Cairbre Músc Mac Con san chath soin, agus marbhthar Aingcéal ann, agus teithis Neimhidh go ráinig mar a raibhe Sáruit. “Comairce, a mhaca,” ar sí, ag leathadh a lámh timcheall Neimhidh. “Biaidh comairce ag a bhfuil idir do dhá láimh dhe,” ar Cairbre Músc, agus leis sin tug béim dó gur bhean a cheann de, agus tug an dara béim lér bhean a chosa dhe. “Is aisc mhór sin a  p.280 Chairbre,” ar sí. Gonadh de do lean Cairbre Músc de .i. mó a áisc ionáid a bhráithre, óir is é do mharbh fear a mháthar.

Gonadh tré cheangal chomhmbáidhe do Mhac ConNeimhidh mac Sraibhghinn, agus tré chur i gcoinne Eoghain Mhóir agus a bhráithreach mar atáid na trí Cairbre, do hionnarbadh lé h-Oilill a h-Éirinn é, go raibhe seal ar deoraidheacht; agus ré linn a dheoraidheachta do rinne rannta agus caraid dó féin, go dtáinig féin agus Béinne Briot mac ríogh na Breataine Móire agus iomad eachtrann oile leo i n-Éirinn gur fhógradar cath ar Art AoinfhearÉireann tré bheith ag neartughadh lé h-Oilill Ólom, gur commóradh Cath Maighe Muchruimhe eatorra mar a dtáinig Art go líon a shluagh agus naoi mic Oiliolla go seacht gcathaibh Mumhan mar aon riú do chongnamh lé h-Art, agus Mac Con go n-a allmhurrchaibh don leith oile 'n-a n-aghaidh, gur fearadh cath Maighe Muchruimhe eatorra, gur briseadh d'Art is dá shluagh, agus gur marbhadh Art do láimh an tréinmhílidh Lughaidh Lámha bráthair Oiliolla Óluim do bhí ag congnamh lé Mac Con; agus do thuiteadar móirsheisear do chloinn Oiliolla Óluim ann.

Aonghus fá hainm ar dtús d'Oilill Ólom agus is uime tugadh Oilill Ólom air, feis do rinne sé ré h-Áine inghin Eoghabhail agus ar mbeith 'n-a codladh i bhfochair Oiliolla dhi do chreim sí a chluais ó n-a cheann i ndíoghail a héignighthe agus a hathar do mharbhadh dhó. Gonadh tríd sin ghairthear Oillioll Ólom .i. cluaslom dhe. Is uime fós ghairthear Oilill dhe: ionann iomorro Oilill agus oil oll .i. aithis mhór, agus tarladar trí aithise ainmheacha d'Oilill do lean de go bás, mar atá a bheith cluaslom dó agus a dhéad do dhubhadh agus a anál do bheith bréan. Is amhlaidh táinig sin, iar gcaill a chluaise lé h-Áine, amhail adubhramar, do ghabh fearg é, agus leis sin tug sáthadh sleighe tré Áine go talmhain go dtarla rinn na sleighe i gcloich gur fiaradh í, agus cuiris seisean fá n-a  p.282 dhéad da díorghadh an rinn, agus téid, an neimh do bhí i rinn na sleighe 'n-a dhéad gur dubhadh do láthair í, agus gur fhás bréantas anáile as sin dó do lean de go bás tré choill na dtrí ngeas do bhí ar an sleigh sin, mar atá gan a rinn do chur i gcloich, gan a rinn do chur fá dhéad, agus gan bainéacht do dhéanamh lé; gona ó na geasaibh sin do choill tarladar na haithise réamhráidhte dhó, agus gurab ó n-a haithisibh móra soin adubhradh Oilill .i. oil oll .i. aithis mhór ris mar forainm. Agus is i g-Cath Maighe Muchruimhe do marbhadh Art Aoinfhear.

42. XLII.

Do ghabh Lughaidh .i. Mac Con mic Maicniadh mic Luighdheach mic Dáire mic Fir Uillne mic Éadbhuilg mic Dáire mic Síothbhuilg mic Fir Uillne mic Deaghamhraigh mic Deaghaidh Deirg mic Deirgthine mic Nuadhat Airgthigh mic Luchtaire mic Logha Feidhligh mic Éireamhóin mic Eadamain mic Gosamain mic Sin mic Maitsin mic Logha mic Eadamain mic Máil mic Luighdheach mic Íotha mic Breoghain ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead. Is í Sadhbh inghean Chuinn fá máthair do Mhac Con amhail adubhramar romhainn. Is uime do gairthí Mac Con do Lughaidh mac Maicniadh .i. cú do bhí ag Oilill Ólom da ngairthí Ealóir Dhearg, agus an tan do bhí Mac Con 'n-a naoidhin i dtigh Oiliolla do thrialladh an leanbh ar a lámhaibh d'ionnsuighe na con agus do ghlacadh an chú 'n-a glotain é agus níor féadadh a theasargain gan teacht n-a dáil do ghnáth, gonadh uime sin go gairmeadh Mac Con de.

Ar ngabháil arrachtais do Mhac Con agus iar dteacht ó n-a dheoraidheacht agus iar gcur Chatha Maighe Muchruimhe amhail adubhramar thuas ag tráchtadh ar Art Aoinfhear, do  p.284 bhean flaitheas Éireann amach ré haoinsheachtmhain, agus do chothuigh tríochad bliadhan é, amhail léaghthar san duain darab tosach: Cnucha cnoc ós cionn Lithfe. Ag so mar adeir san dá rann-so:

  1. Ré seacht láithibh, líth nach gann,
    Do ghabh Lughaidh iath n-Éireann;
    Táinig da ríghe neartmhair
    Táth Éireann ré haoinsheachtmhain.
  2. Tríochad bliadhan gan míne,
    Do Mhac Con i n-airdríghe;
    Nó go dtorchair an cur cas,
    Gan léan for a aireachas.

An Mac Con-so ar a bhfuilmíd ag tráchtadh, ní do shliocht Éanna Munchaoin do shíol Éibhir é, mar adeir an duain darab tosach Conaire caomh cliamhain Chuinn, acht do sliocht Luighdheach mic Íotha mic Breoghain. Fá clann iomorro dá dhearbhráthar Lughaidh mac Íotha mic Breoghain agus Mílidh Easpáinne, dá ngairthí Galamh mac Bile mic Breoghain, ionnus tar ceann gurab d'fhine Ghaedhil sliocht Lughaidh mic Íotha, nach do chlannaibh Míleadh iad acht cómhmbráithre dhóibh amhail adeir an file ag labhairt ar thrí aicmeadhaibh do shliocht Luighdheach mic Íotha san rann-so:

  1. Ó Cobhthaigh na gcorn bhfleadh-óil,
    Ó Floinn Arda, Ó hEidirsceoil;
    Triar nach facaidh fiadh a sean,
    Triar nach do mhacaibh Míleadh.
Ag so fós cuid do na sloinntibh oile táinig ó Lughaidh mac Íotha, mar atá Ó Laoghaire Ruis, Ó Báire Arann i Rinn mhuinntire Báire i g-Cairbreachaibh is Ó Cuirnín is Mac Ailín i n-Albain táinig ar sliocht Fathaidh Canann mac Mic Con mic Maicniadh. Is é an Mac Con-so an treas rí do shliocht Luighdheach mic Íotha do ghabh ceannas Éireann. An ceidrí  p.286 dhíobh .i. Eochaidh Éadghothach mac Dáire mic Conghail mic Eadamain mic Máil mic Luighdheach mic Íotha mic Breoghain do ghabh ceannas Éireann cheithre bliadhna, gur thuit le Cearmna mic Eibric; an dara fear Eochaidh Apthach mac Finn mic Oiliolla do ghabh ceannas Éireann naoi mbliadhna gur thuit le Fionn mac Brá; an treas fear do shliocht Luighdheach mic Íotha do bhí i bhflaitheas an Mac Con-so ar a bhfuilmíd ag labhairt anois; gonadh dá dhearbhughadh sin atá an rann-so as an seanchus:
  1. Trí rígh ó mhac Íotha ard
    Eochaidh Lughaidh lángharg;
    Nocha gníomhradh nach líoth linn
    mar do díoghladh Íoth aoibhinn.

Is é Feircheas mac Comáin Éigeas ar fhoráileamh Chormaic mic Airt do mharbh Mac Con leis an nga da-ngairthí ringcne agus a dhruim ré cairthe cloiche ar Ghort an Óir láimh ré Deargráith i Maigh Feimhean don leith thiar d'Áth na g-Carbad agus é ag bronnadh óir agus airgid d'éigsibh agus d'ollamhnaibh ann. Ar n-a chlos sin d' Fheircheas mac Comáin Éigeas agus é 'n-a chomhnuidhe i n-Ard na n-Geimhleach ré ráidhtear an Chnocach aniú tig san chomhdháil i measc cháich agus an ringcne leis. Agus iar rochtain do láthair Mhic Con dó, tug sáthadh don tsleigh sin tríd i dteannta an chairthe ré raibhe a dhruim gur éagaibh Mac Con do láthair de sin. Gort an Óir ghairthear don Mhaigh ar ar marbhadh Mac Con ón am soin ale ó n-ar bronnadh d'ór lais-sean d'éigsibh agus d'ollamhnaibh ann. Is é fáth fá dtáinig Mac Con don Mhumhain do bhrígh gur thairrngirsiod a dhraoithe dhó nach mairfeadh i bhflaitheas Éireann leithbhliadhain muna bhfágbhadh Teamhair. Uime sin táinig d'iarraidh comhmbáidhe ar a bhráithribh .i. sliocht Oiliolla Óluim; gidheadh do chuimhnigheadar an tseanfhala dhó, mar atá marbhadh Eoghain Mhóir agus a  p.288 bhráithreach i g-Cath Maighe Muchruime. Agus is de sin táinig a bheith ag tilleadh go Laighnibh an tan do marbhadh é.

Do ghabh Fearghus Duibhdhéadach mac Fionnchadha mic Oghamain mic Fiatach Finn mic Dáire mic Dlúthaigh mic Deitsin mic Eochach mic Sin mic Roisin mic Triuin mic Roithriuin mic Airndil mic Maine mic Forga mic Fearadhaigh mic Oiliolla Éarann mic Fiachach Fir Mara mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann aoin bhliadhain amháin. Is uime do gairthí Fearghus Dubhdhéadach dhe .i. dá dhéad mhóra dhubha do bhí aige. Is é an Fearghus-so táinig fá bhrághaid Chormaic mic Airt i bhflaitheas Éireann iar n-ionnarbadh Chormaic lé h-Ulltaibh i g-Connachtaibh iar mbreith a ghiall agus iar ndéanamh na fleidhe dhóibh do Chormac i dtuaisceart Maighe Breagh mar a dtug giolla ríogh Uladh an choinneal fá fholt Chormaic gur loisc go mór é.

Trí mic iomorro Fionnchadha mic Oghamain mic Fiatach Fhinn .i. Fearghus Dubhdhéadach Fearghus Caisfhiaclach is Fearghus Fuiltleabhair do imir an t-anfhorlann-so ar Chormac; agus téid Cormac d'iarraidh conganta ar Thadhg mac Céin do bhí neartmhar an tráth soin i n-Éilibh. Is eadh adubhairt Tadhg ris go dtiubhradh congnamh dó dá bhfuigheadh fearann uaidh. “Do-bhéar duit,” ar Cormac, “a dtimcheallfaidh do charbad do Mhaigh Breagh san ló iar mbriseadh catha ar na trí Fearghusaibh.” “Maseadh,” ar Tadhg, “braithim-se dhuit cá bhfuighbhir an tréinmhílidh Lughaidh Lámha bráthair mo sheanathar, agus dá dtugair san chath é is cosmhail go muirbhfidh sé na trí Fearghuis, agus is é áit i n-a bhfuighfir é i n-Eatharlaigh láimh ré Sliabh g-Crot.” Triallais Cormac leis sin go h-Eatharlaigh mar a bhfuair Lughaidh Lámha i bhfianbhoith 'n-a luighe. Cuiris Cormac a gha trés an bhfianbhoith agus gonais Lughaidh 'n-a dhruim. “Cia ghonas mé?” ar Lughaidh. “Cormac  p.290 mac Airt,” ar sé. “Maith fuarais mise do ghoin,” ar Lughaidh, “óir is mé do mharbh th'athair .i. Art Aoinfhear.” “Éiric dam ann,” ar Cormac. “Ceann ríogh i gcath dhuit,” ar Lughaidh. “Maseadh,” ar Cormac, “tabhair ceann ríogh Uladh .i. Fearghus Dubhdhéadach dhamh atá ag cur im aghaidh féin fá fhlaitheas Éireann.” “Do-ghéabhair sin,” ar Lughaidh. Leis sin triallaid go Tadhg mac Céin i n-Éilibh agus gluaisid féin agus Tadhg go líon a sluagh go Brugh mic an Óig i g-Crionna Chinn Chomair mar ar commóradh Cath Crionna idir Chormac agus na trí Fearghusa.

Do bhí fós fáth oile ag Tadhg mac Céin fá dhul i n-aghaidh Uladh, do bhrígh gurab é an Fearghus Duibhdhéadach-so do mharbh a athair i g-Cath Samhna. Gidheadh níor léig Tadhg Cormac san chath, acht do fhágaibh ar chnoc ar chúl an chatha é agus giolla n-a fhochair ann. Tug iomorro Tadhg agus Lughaidh. Leis sin triallaid go Tadhg mac Céin Lámha aghaidh ar na trí Feargusaibh go n-a sluagh, gur thuit Fearghus FuiltleabhairLúghaidh Lámha, gur bhean an ceann de, agus triallais gus an dtulaigh 'n-ar raibhe Cormac ris an gceann. Is eadh iomorro do rinne Cormac ré hucht cháich do dhul san chath éadach Deilionn Drúit, a ghiolla, do chur uime féin agus a éadach-san ar an ngiolla; óir fá dearbh leis an tan do fhásfadh lonn laoich Luighdheach agus do-ghéabhadh confadh catha é, nar bh'iontaobhtha do neach é.

Dála Luighdheach tig leis an gceann do bhí aige do láthair an giolla do bí i ríocht Cormaic agus fiafruighis de nar bh'é sin ceann Fearghusa Duibhdhéadaigh. “Ní hé,” ar an giolla, “acht ceann a bhráthar.” Leis sin téid Lughaidh fán gcath arís agus beanais a cheann d' Fhearghus Chaisfhiaclach agus tug 'n-a láimh gus an dtulaigh i raibhe an giolla i riocht Chormaic é. “An é so ceann ríogh Uladh?” ar Lughaidh.  p.292 “Ní hé,” ar an giolla, “acht ceann a bhráthar oile.” Téid an treas feacht fán gcath go dtug ceann Fearghusa Duibhdhéadaigh leis, agus do fhiafruigh an céadna don ngiolla. Do fhreagair an giolla agus adubhairt gur bh'é ceann ríogh Uladh é. Leis sin tug Lughaidh urchar don cheann don ghiolla gur bhuail 'n-a bhrollach é, gur éag an giolla do láthair; agus téid Lughaidh féin i néall iar dtréigean iomad fola dhó tré líonmhaire a chréacht.

Dála Thaidhg mic Céin do chuir an briseadh ar sluagh Uladh ionnus go dtug seacht madhmanna orra san ló gcéadna ó Chrionna go Glais Neara i dtaoibh Droma Ineasclainn, amhail adeir Flannagán file san rann-so síos:

  1. Tadhg mac Céin thuaidh i Ráith Cró.
    Ro bhris seacht gcatha i n-aonló,
    For Ulltaibh go rionna réin
    Ó Áth Crionna go h-Ard-Céin.

Téid Tadhg iar sin 'n-a charbad agus trí créachta ó thrí sleaghaibh air; agus adubhairt ré n-a ghiolla an carbad do dhíorghadh d'ionnsuighe na Teamhrach go dtugadh múr Teamhrach don leith istigh do thimcheall a charbaid an lá soin. Triallaid go réimdhireach rompa agus Tadhg ag dul i néall go minic ó thréigean fhola as a chréachtaibh; agus ar rochtain láimh lé h-Áth Cliath dóibh do fhiafruigh Tadhg don ghiolla an dtugadar Teamhair leo san timcheall soin. “Ní thugamar,” ar an giolla. Leis sin buailtear agus marbhthar lé Tadhg é; agus iar marbhadh an ghiolla tig Cormac mac Airt do láthair, agus mar do chonnairc na trí créachta móra do bhí ar Thadhg tug ar an liaigh do bhí 'n-a fhochair dias eorna do chur i gcréacht do chréachtaibh Taidhg, agus doirbh bheo i gcréacht oile, agus scolb do rinn ghai san treas créacht, agus cneasughadh tar ghoimh do dhéanamh orra ionnus go raibhe Tadhg feadh bliadhna dá bhíthin sin i seirglighe, go ndeachaidh Lughaidh Lámha don Mhumhain ar ceann an táithleagha. Táinig an liaigh go n-a thrí daltadhaibh go gcualadar éagcaoine  p.294 Thaidhg ag tigheacht gus an dún dóibh. Fiafruighis an táithliaigh don chéaddalta don triúr ar gclos na eéadmhairge ó Thadhg créad é fáth na mairge sin. “Cnead so,” ar sé, “do cholg, ar mbeith do cholg eorna 'n-a chréacht.” Ar gclos an dara mairge fiafruighis don dara dalta créad é adhbhar na mairge sin. “Cnead do mhíol bheo so,” ar an dara dalta“ ar mbeith do dhoirbh beo san dara chréacht.” Ar gclos an treas mairge don táithliaigh fiafruighis don treas dalta créad é adhbhar na cneide sin. “Cnead do rinn airm so,” ar an treas dalta. Agus ar rochtain don tigh 'n-a raibhe Tadhg don táithliaigh is eadh do rinne colltar iarainn do chur san teallach go ndearna caoir dhearg dhe agus a thabhairt dá inneall ar bhruinnibh Thaidhg iar sin. Mar do chonnairc Tadhg an t-iarann dearg dá inneall ré a sháthadh 'n-a chorp do ghabh criothnughadh croidhe é, ionnus go dtáinig don uathbhás soin gur theilg go foiréigneach an dias, an doirbh agus an scolb do rinn ghai as a chréachtaibh; agus leis sin do-ní an táithliaigh cneasughadh iomlán ar a chréachtaibh gur bha slán Tadhg gan fuireach dá éis sin.

Do rinne an Tadhg-so gabháltais mhóra i Leith Cuinn da éis sin. Dá mhac iomorro do bhí ag Tadhg mac Céin mic Oilliola Óluim, mar atá Connla agus Cormac Gaileang. Ó Iomchaidh mac Connla táinig Ó Céarbhaill, agus ó Fhionnachta mac Connla táinig Ó Meachair. Ó Chormac Gaileang mac Taidhg mic Céin táinig Ó hEadhra agus Ó Gadhra agus Ó Conchubhair Ciannachta. Ag so na tíre do ghabhadar, mar atá Gaileanga thoir agus thiar, Ciannachta theas agus thuaidh, Luighne thoir agus thiar.

Do ghabhsad fós drong oile do shíol Éibhir críocha oile i Leith Cuinn, mar atáid sliocht Cochláin mic Lorcáin mic Datháin mic Treachuire mic Tréin mic Sidhe mic Ainbhile  p.296 mic Big mic Aodháin mic Dealbhaoith mic Cais mic Conaill Eachluaith mic Luighdheach Meinn (do rinne fearann cloidhimh da bhfuil ó Luimneach go Sliabh Echtghe) mic Aonghusa Tírigh mic Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cormaic Cais mic Oiliolla Óluim. Ag so na fearainn, mar atáid na seacht n-Dealbhna .i. Dealbhna Mhór, Dealbhna Bheag, Dealbhna Eathra, Dealbhna Iarthair Mhidhe, Dealbhna Shithe Neannta, Dealbhna Chúile Fabhair agus Dealbhna Thíre dá Loch i g-Connachtaibh. Gonadh da fhoillsiughadh sin chuireas an file na roinn-se síos as an seanchus:

  1. Na seacht n-Dealbhna fá donn sleagha,
    Síol an Dealbhaoith dhonnarmaigh;
    Táid i Leith Cuinn an chómhóil,
    Nach bheag onóir d' ollamhnaibh:
  2. Dealbhna Mhór, Dealbhna Bheag Breaghdha.
    Dealbhna Eathra rinnreamhair;
    Aicme fá mearrdha modha,
    Dealbhna an Bhrogha báirrleabhair;
  3. Dealbhna Shithe niamhghlain Neannta,
    Dealbhna Nuadhat neamhdhochruigh;
    Dealbhna Chúla fionnghlain Fobhair,
    Nár dhealuigh ré deaghlochaibh.

Tuig gurab lé Lughaidh Lámha ar fhoráileamh Chormaic mic Airt do thuit an Fearghus-so ar a bhfuilmíd ag tráchtadh agus gurab i g-Cath Críonna do marbhadh é.

43. XLII.

Do ghabh Cormac Ulfhada mac Airt Aoinfhir mic Cuinn Chéadchathaigh mic Feidhlimidh Reachtmair mic Tuathail Teachtmhair do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dá fhichid bliadhan. Is uime ghairthear Cormac Ulfhada dhe, ulcha fhada .i. féasóg fhada do bhí air, nó ón bhfocal-so Ulfhada .i. Ulaidh i bhfad mar gur chuir na h-Ulltaigh ar deoraidheacht feadh sé mbliadhan ndéag a h-Ulltaibh tré n-ar imreadar d'ulc air sul ráinig flaitheas Éireann é. Agus is í fá máthair don Chormac-so Éachtach inghean Uilceathaigh an ghabhann. Agus is ré hucht Catha Maighe Muchruimhe do chur do rinne Art Aoinfhear Cormac ré hinghin an ghabhann agus í ar choibhche aige. Óir fá nós i n-Éirinn an tráth soin gibé rí nó mac ríogh do chuirfeadh dúil i n-inghin bhrughaidh nó bhiadhtaigh ré luighe nó leannánacht do dhéanamh ria, gur bha héigean dó a fagháil gan acht coibhche nó crodh nuachair do dháil di. Agus is ar an modh soin fuair Art máthair Chormaic, óir níor bh'í fá bean phósta dhó, acht Meadhbh Leithdhearg, inghean Chonáin Cualann, agus is uaithe ainmnighthear Ráith Meadhbha láimh ré Teamhair.

Is iongnadh an aisling do chonnairc Éachtach úd .i. máthair Chormaic. Dar lé, iomorro, ar mbeith 'n-a codladh mar aon ré h-Art di, do teascadh a ceann da colainn agus do fhás bile mór as a muinéal do leathnuigh a ghéaga ós Éirinn uile, agus táinig an mhuir ós cionn an bhile sin, gur trascradh é; agus da éis sin fásais bile oile a préimh an chéidbhile go dtáinig sidhe gaoithe aniar lér leagadh é; agus ré faicsin na haislinge sin beadhgais an bhean agus músclais as a codladh, gur nocht suim na haislinge d'Art. “Is fíor sin,” ar Art, “ceann gach mná a fear agus beanfuidhear  p.300 mise dhíot-sa i g-Cath Maighe Muchruimhe; agus is é bile fhásfas asad, mac bhéaras tú dhamh-sa bhus rí ar Éirinn; agus is é muir bháithfeas é, cnáimh éisc shluigfeas, agus tachtfuidhear ré n-a linn sin é. Agus is é bile fhásfas a préimh an chéidbhíle mac bhéarthar dó soin bhus rí ar Éirinn; agus is é sidhe gaoithe aniar leagfas é, cath cuirfidhear idir é féin agus an Fhian; agus tuitfidh sé leis an bh-Féin san chath soin. Gidheadh ní bhía rath ar an bh-Féin ó shoin amach.” Agus táinig an aisling sin i gcrích do Chormac agus da mhac Cairbre Lithfeachair, óir is ré linn chnáimh éisc do shlogadh dhó do thachtadar na siabhradha é, agus is leis an bh-Féin do thuit Cairbre Lithfeachair i g-Cath Gabhra.

Is í Eithne Thaobhfhada inghean Chathaoir Mhóir do ba bean do Chormac do réir dhruinge ré seanchus. Gidheadh ní héidir sin do bheith fírinneach agus a rádh go madh í an Eithne sin máthair Chairbre Lithfeachair. Óir do bhádar ocht mbliadhna is cheithre fichid ó bhás Chathaoir gur ghabh Cormac flaitheas Éireann, mar atá an fiche bliadhan do bhí Conn Céadchathach i bhflaitheas Éireann, agus na seacht mbliadhna do bhí Conaire mac Mogha Lámha agus an tríochad bliadhan do bhí Art Aoinfhear agus an tríochad bliadhan do bhí Mac Con agus an aoin bhliadhain do bhíFearghus Duibhdhéadach i bhflaitheas Éireann gur ghabh Cormac a ceannas.

Acht cheana is fíor gurab í Eithne Ollamhdha inghean Dúnlaing mic Éanna Niadh máthair Chairbre Lithfeachair; agus is í fá dalta do Bhuicead, brughaidh bóichéadach do bhí i Laighnibh, do choimhéadadh coire féile ar theinidh ré biathadh gach aoin d'fhearaibh Éireann tigeadh da thigh. Agus is amhlaidh do bhí an Buicead-so go n-iomad saidhbhreasa, óir do bhádar seacht n-airghe aige agus seacht bhfichid bó i ngach airghe dhíobh go n-a bhforthainn groidhe agus gach cinéal spréidhe oile, ionnus go dtigdís uaisle  p.302 Laighean go n-a mbuidnibh da theach, go mbeireadh drong dhíobh scaoi da bhuaibh uaidh, agus drong oile aicme da ghroidh, agus drong oile scor da eachaibh, go rugadar a mhaoin uile amhlaidh sin uaidh, ionnus nar an aige acht seacht mba agus tarbh; agus téid i n-éalódh oidhche é féin agus a bhean agus a dhalta Eithne, ó Dhún Buicead go doire choille do bhí láimh ré Ceanannus na Midhe, mar a ngnáthuigheadh Cormac comhnuidhe an tan soin. Agus do thógaibh Buicead boith 'n-a gcomhnuigheadh féin agus a bhean agus a dhalta an tan soin. Agus do bhíodh Eithne ag timpireacht nó ag friotháileamh da hoide agus da buimigh amhail bhanóglaoich.

Lá n-aon iomorro dar éirigh Cormac amach 'n-a aonar ar each do thaisteal an fhuinn timcheall an bhaile go bhfacaidh an inghean álainn Eithne ag bleoghan nó ag crúdh na seacht mbó soin Bhuicead. Agus is amhlaidh do bhí agus dá shoitheach aice, agus do chrúidh tosach an lachta ó gach boin san chéadshoitheach agus an dara lacht san dara soitheach; agus mar sin di go crúidh na seacht mbó dhi agus Cormac ag a féachain ar mhéid a gheana uirre. Tig as sin don bhoith i raibhe a hoide agus fágbhais an bainne ann agus beiris dá shoitheach oile agus corn 'n-a láimh lé amach gus an sruth do bí láimh ris an mbaile nó ris an mboith, agus do líon leis an gcorn an céadshoitheach don uisce do bhí láimh ré port, agus an dara soitheach don uisce do bhí i lár an tsrotha; agus tillis ann séin don bhoith. Téid amach an treas feacht agus corrán lé do bhuain luachra, agus ar mbeith ag buain na luachra dhi do chuireadh gach scoith fhada úrluachra da mbeanadh ar leith agus an luachair ghearr don leith oile. Tarla cheana do Chormac ar mhéid a ghrádha dhi bheith ag a feitheamh ar feadh gach feadhma dhíobh sin. Agus fiafruighis Cormac dhi cia da ndéineadh cinéal an uisce an lachta agus na luachra. “An tí ar a ndéinim,” ar sí, “dlighidh dhíom-sa cinéal budh mó dá  p.304 mbeith ar mo chumas.” “Gá hainm é?” ar Cormac. “Buicead brughaidh,” ar sí. “An é sin Buicead biadhtach do Laighnibh atá iomráidhteach i n-Éirinn?” ar Cormac. “Is é,” ar sise. “Maseadh, is tusa Eithne inghean Dúnlaing a dhalta,” ar Cormac. “Is mé,” ar Eithne. “Maith tharla,” ar Cormac, “óir biaidh tú it aoinmhnaoi agam-sa.” “Ní hagam féin atá mo dhíol,” ar ise, “acht agam oide.” Leis sin téid Cormac mar aon ria go Buicead agus geallais cumhaidh dó tré Eithne d'fhagháil 'n-a mnaoi dhó féin. Aontuighis Buicead Eithne do dháil do Chormac 'n-a mnaoi. Agus tug Cormac tuaith Odhráin go n-a forthainn spréidhe ré slios Teamhrach dhó feadh a ré. Agus leis sin luighis Cormac ré h-Eithne gur toircheadh leis í, agus da éis sin rug sí mac oirdheirc dó da ngoirthí Cairbre Lithfeachair.

Do bhí iomorro an Cormac-so ar na ríoghaibh is eagnaidhe do ghabh Éirinn riamh. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an d-Teagasc Ríogh ro scríobh do Chairbre Lithfeachair agus ar mhórán do nósaibh agus do reachtaibh somholta da bhfuil uaidh iar n-a gcur síos san m-Breitheamhnas Tuaithe. Do bhí Cormac fós ar na ríoghaibh ba flaitheamhla do thigheasach do ba mhó muirear agus muinntear da raibhe do ríghthibh i n-Éirinn riamh. Is córaide fírinne an neithe-se do mheas an tuarasgbháil do-bheir Aimhirgin mac Amhalghadha mic Maoilriain file Dhiarmada mic Cearbhaill ar Theagh Miodhchuarta do hathnuaidheadh agus do horduigheadh lé Cormac féin; gidheadh is cian ria g-Cormac do céadtógbhadh Teach Miodhchuarta. Óir is ann fuair SlánollÉireann bás i bhfad ria n-aimsir g-Cormaic. Ag so mar léaghthar san leabhar n-Dinnseanchuis ro scríobh an t-Aimhirgin thuas .i. gurab i n-amsir Chormaic do rinneadh mar theach n-óla é. Trí chéad troigh 'n-a fhad, tríochad cubhad 'n-a airde, agus caogad cubhad 'n-a thura; lóchrann ar lasadh do shíor ann, cheithre dóirse déag air; trí chaogad leabhaidh ann mar aon ré leabaidh Chormaic; trí chaogad laoch i ngach  p.306 leabaidh dhíobh. Do bhádar trí chaogad reachtaire ag Cormac. Caogad laoch 'n-a seasamh i bhfiadhnaise an ríogh ré mbeith ar a phroinn dó; trí chéad dáileamh san dún soin, trí chaogad corn do charrmhogal d'ór agus d'airgead ann. Caogad ar mhíle fear ré a n-aireamh líon an teaghlaigh sin uile; gonadh ar mhórdhacht agus ar mhaith Chormaic adeir an file an rann-so:

  1. Art nochar fhágaibh do chloinn
    Acht Cormac chríche an Choroinn;
    Ré dáil shéad níor ghann a ghlac.
    Fearr 'ná céad do chloinn Cormac.

Deichneabhar inghean agus triúr mac do bhí ag Cormac, amhail adeir an file san rann-so:

  1. Deich n-ingheana ag Cormac gcáidh,
    Is triúr mac go méid gconáigh;
    Lucht airgne Chláire na gcreach,
    Dáire Cairbre 'gus Ceallach.

I n-Dubhros ós Bóinn i m-Breaghaibh do marbhadh Dáire, agus is é Aonghus Gaoibuaibhtheach do mharb Ceallach, amhail adeir an file:

  1. Aonghus Gaoibuaibhtheach go mbloidh,
    Ro mharbh Ceallach mac Cormoic;
    Bás Dáire is Taidhg mic Céin chain.
    I n-Dubhros Bóinne i m-Breaghaibh.

Agus ionnus gurab móide do tuigfidhe réim an neithe-se beagán do chraobhscaoileadh na druinge-se do chur síos annso, bíodh a fhios agat go rabhadar triar mac ag Feidhlimidh Reachtmhar mar atá Conn Céadchathach, Eochaidh Fionn agus Fiachaidh Suighdhe, amhail adubhramar thuas. Do bhádar sliocht Cuinn i d-Teamhraigh san ríoghacht, agus do chuaidh an dara bráthair do Chonn .i. Eochaidh Fionn go Laighnibh agus do shíolsad a shliocht ann; agus is ag a shliocht do bhádar na seacht bh-Fotharta atá i Laighnibh. Is ré n-a linn do bhí Cú Chorb mac Mogha Corb i ríoghacht Laighean. Is ag an  p.308 Eochaidh Fhionn-so do hoileadh agus do béasmhúineadh Laoighseach Ceannmhór mac Conaill Chearnaigh. Tarla fán am soin gur ghabhadar Muimhnigh neart mór i Laighnibh ionnus gur shealbhuigheadar Osruighe agus Laoighis go Mullach Maistean.

Mar do chonnairc iomorro Cú Chorb Muimhnigh ag gabháil treise i Laighnibh iarrais ar Eochaidh Fionn congnamh do thabhairt dó ré tathfann Muimhneach a Laighnibh. Aontuighis Eochaidh sin agus cuiris cruinniughadh ar a chairdibh do gach leith gur thionóil mar sin sluagh líonmhar go haonláthair, agus do rinne ceann sluaigh da dhalta .i. Laoighseach Ceannmhór, agus tug féin agus Cú Chorb rí Laighean go n-a sluaightibh ucht ar Mhuimhneachaibh, agus Laoiseach Ceannmhór i mbarántas tosaigh na sluagh, gur ruagadar Muimhnigh ó Mhullach Mhaistean go Bearbha, go dtugadar maidhm orra ag Áth Troistean ré ráidthear Áth Í ag Bearbha. Agus leanaid an mhaidhm go dtugadar an dara briseadh orra ag Coirtheine i Maigh Riada ré ráidhtear Laoighis Riada; agus leanaid an ruaig orra as sin go dtugadar an treas maidhm orra ag Slighe Dhála .i. Bealach Mór Osruighe, gur fóireadh leo ó bhruid na Muimhneach Cúigeadh Laighean mar sin. Agus fuair Eochaidh da bhíthin sin seacht bh-Fotharta Laighean dó féin agus da shliocht. Agus fuair a dhalta mar an gcéadna na seacht Laoighise dó féin agus da shliocht mar cheannach láimhe i ndíol an cheannais do rinne ag díbirt Mhuimhneach as na háitibh sin adubhramar.

Do orduigh fós rí Laighean uaidh féin agus ó gach rígh ar a lorg, mar churaidhmhír do rígh Laoighse, druim gacha mairt agus caruidh gacha muice da muirbhfidhe i dtigh ríogh Laighean do thabhairt dó, agus fear tuaighe do bheith i dtigh ríogh Laighean do shíor ar chostas an ríogh féin ré glacadh an dualgasa soin i gcomhair ríogh Laoighse. Do bhíodh fós rí Laoighse do  p.310 chomhairle ríogh Laighean, agus fá hé an ceathramhadh fear do b'fhoigse don rígh é i gcomhdháil. Agus is aige do bhíodh urlamhas gach bronntanais do-níodh rí Laighean ré a dháil d'uaislibh agus d'ollamhnaibh agus gach bronntanas do-níthí do rígh Laighean is do rígh Laoighse do dáiltí é da thoirbheirt do rígh Laighean.

Do bhíodh fós móirsheisear ó rígh Laoighse ar thuarastal ríogh Laighean féin, agus iad i bhfochair ríogh Laighean do shíor ré héideadh a chuirp; agus ar ndul ar siubhal sluagh do rígh Laighean ní bhíodh d'fhiachaibh ar rígh Laoighse do thabhairt do lón dó acht seacht mairt do chuireadh go fianbhoith an ríogh féin. Gidheadh dlighidh rí Laoighse seacht bhfichid laoch ar a chostas féin do chothughadh ar sluagh an ríogh, agus fós dlighidh sé tosach sluaigh ríogh Laighean ag dul i dtír námhad agus i mbearnaibh baoghail d'fhagháil. Gidheadh dlighidh rí Laoighse coimhéirghe ag comhdhálaibh coitcheanna ré rígh bh-Fotharta, do bhrígh gurab é Eochaidh Fionn mac Feidhlimidh Reachtmhair sinnsear ríogh Fotharta fá hoide múinte do Laoighseach Cheannmhór ó dtáinig rí Laoighse. Agus do coimhéadtaoi do shíor an nós-so eatorra go Gabháltas Gall.

 p.312

44. XLIV.

Dála an dearbhráthar oile do Chonn mar atá Fiachaidh Suighdhe láimh ré Teamhair fuair fearann .i. Déise Teamhrach, agus níor ghabh sé ríogacht Éireann.

Gidheadh tarladar triúr mac aige .i. Rossa agus Aonghus da ngoirthear Aonghus Gaoibuaibhtheach agus Eoghan an treas mac. Acht cheana do sháruigh Aonghus Gaoibuaibhtheach i gcródhacht a lucht comhaimsire. Agus tárla an tan soin neach cumhachtach 'n-a bhíodhbhadh ag Cormac, agus níor ghabh aon oile i slánadh dhó ó Chormac acht Aonghus Gaoibuaibhtheach, agus tug an rí Aonghus san slánadh soin dó. Do ghabh Aonghus an duine uasal-so ré a ais. Tarla da éis sin gur ghabh Ceallach mac Cormaic an duine uasal-so tar slánadh Aonghusa, gur bhean a shúile as gan chead don rígh. Ar n-a chlos sin d'Aonghus Gaoibuaibhtheach téid go Teamhraigh go sluagh líonmhor leis agus marbhais Ceallach d'urchar da shleígh ar chúlaibh an ríogh Chormaic san longphort, agus gonais rosc an ríogh féin gur fhágaibh taoibh ré leathshúil é. Tionólais Cormac sluagh mór agus ionnarbais Aonghus go n-a bhráithribh.

Is iomdha gleo tugsad an sliocht soin Fiachach Suighdhe do Chormac. Gidheadh do dhíochuir Cormac go Laighnibh íad agus anaid bliadhain innte, agus as sin dóibh go h-Osruighibh, agus tigid as sin go h-Oilill Ólom ag a raibhe Sadhbh, inghean Chuinn, fá siúr dóibhsean, 'n-a mnaoi. Tug Oilill na Déise san Mhumhan dóibh, óir fá hiad Déise Teamhrach fá dúthaigh dhóibh sul do díbreadh lé Cormac iad.

Roinníd an triar mac soin Fiachach Suighdhe an chríoch soin i dtrí rannaibh eatorra agus goirthear sliocht Oiliolla Éarann agus Éarna dhíobh. Gidheadh ní hiad Éarna iad acht sliocht Chonaire mic Mogha Lámha is díobh do gairthí Éarna.  p.314 Is é Corc Duibhne mac Cairbre Múisc do rinne ceannas ar sliocht Fhiachach Suighdhe do tharraing don Mhumhain agus is don tsliocht soin do gairthí na Déise. Agus is é Aonghus mac Eochach Finn mic Feidhlimidh Reachtmhair do ba taoiseach orra ag triall don Mhumhain dóibh agus trí mic Fhiachach Suighdhe mar aon ris, mar atá Rossa Eoghan agus Aonghus. Tárla fán am soin gur ghabh Cairbre Músc neart mór san Mhumhain agus go dtárla míorath agus meath talmhan ré n-a linn san Mhumhain; agus do ba neimhiongnadh sin, óir is tré chorbadh agus tré chol do rinne sé CorcDuibhfhinn do ba deirbhshiúr dhó féin. Clann iomorro do Chonaire mac Mogha Lámha agus do Sháruit inghin Chuinn Chéadchathaigh iad. Mar thugadar maithe Mumhan da n-aire an míorath do bhí ré linn Chairbre, fiafruighid de créad do bhean a toirthe agus a rath don chrích. Adubhairt Cairbre gurab col do rinne féin ré n-a dheirbhshiair .i. Duibhfhinn; agus rug sí dias mac dó .i. Corc agus Cormac. Agur mar do chualadar maithe Mumhan sin do iarradar na mic ré a milleadh — go loiscthí leo iad, agus go gcuirdís a luaith ré sruth. “Déantar sin libh ré Cormac,” ar Dineach Draoi; “gidheadh ná marbhthar Corc libh acht tugthar damh-sa é go mbeirinn a h-Éirinn é.” Do faomhadh sin dó, agus rug leis ar muir é go h-Inis Baoi go bhfuair teach san oiléan, agus cailleach ann da ngairthí Baoi, agus cuiris an draoi Corc ar a comairce, agus anais 'n-a fochair feadh bliadhna; agus i gcionn bliadhna tug an draoi Corc leis ar chomairce Sháruite inghine Cuinn do ba seanmháthair don Chorc chéadna do leith a athar agus a mháthar.

Dála na n-Déise do fhiafruigheadar da bhfileadhaibh an raibhe fos ná comhnuidhe i gcinneadh dhóibh féin san Mhumhain. Tugadar na fileadha do fhreagra orra fuireach san tír agus go raibhe bean Chriomhthainn mic Éanna Chinnsealaigh rígh  p.316 Laighean, Congain a hainm, agus toircheas aice, agus gurab inghean do bhéaradh, agus an inghean d'iarraidh ré a hoileamhain, agus luach do thabhairt do chionn a faghála. Rugadh an inghean iar sin, agus do hoileadh leis na Déisibh í. Eithne Uathach fá hainm don inghin, agus is ar fheoil naoidhean do biathadh leis na Déisibh í, ionnus gurab luathaide do fhásfadh é; óir do thairrngir draoi d'áirithe dhóibh fearann d'fhagháil ón fhior ré mbeadh sí pósta. Agus ar mbeith ionnuachair dhí, do pósadh ré h-Aonghus mac Natfraoich .i. rí Mumhan í. Agus tug Aonghus dóibh-sean Magh Feimhean, mar atá Trian Chluana Meala agus an Trian Meadhónach, i gcommaoin na mná d'fhagháil dó féin iar n-ionnarbadh Osruigheach as na tíribh sin. Agus aimsear imchian da éis sin do marbhadh Aonghus agus EithneLaighnibh i g-Cath Ceall Osnadh, cheithre míle ó Léithghlinn soir.

An sliocht-so Fhiacach Suighdhe da ngiorthear Déise, ní raibhe aca acht an dúthaigh ré ráidhtear Déisi Dheisceirt mar atá ón t-Siuir go fairrge budh dheas, agus ó Lios Mór go Ceann Criadáin gus an am fár pósadh Eithne Uathach ré h-Aonghus mac NatfraoichMumhan. Óir is fán am soin tug Aonghus Déise Thuaisceirt dóibh, mar atá ón t-Siuir chéadna go Corca Athrach ré ráidhtear Machaire Caisil. Agus is é Ó Faoláin táinig don chine sin fá rí ar Dhéisibh Tuaisceirt; agus is é áit i n-a raibhe a dhúnphort ar bruach na Siuire don leith thiar d'Inis Leamhnachta agus is ris ráidhtear aniú Dún Uí Fhaoláin. Do ghabh comhmbráthair oile dhó Déise Dheisceirt agus is de do gairthí Ó Bric agus is é áit 'n-a mbíodh a dhúnphort láimh ré fairrge theas san áit da ngoirthear aniú Oiléan Uí Bhric. Agus do bhádar na Déise mar sin leathach idir an dá shliocht soin, go ndeachaidh báthadh ar sliocht Uí Bhric, go ráinig ceannas an dá chríoch Ó Faoláin, agus go rabhadar aimsear imchian da éis sin 'n-a sheilbh, gur bheanadar  p.318 síol Éibhir Déise Thuaisceirt de, go nach raibhe 'n-a sheilbh ré dteacht Ghall i n-Éirinn acht Déise Dheisceirt amháin.

Tuig gurab é Aonghus Osruighe go n-a fhuirinn do ghabh treise i Maigh Feimhean da ngoirthí Déise Thuaisceirt, agus gurab iad an sliocht-so Fhiachach Suighdhe do thathfainn a Maigh Feimhin Aonghus Osruighe go n-a fhuirinn; gonadh ón mbriseadh tugadar ar Aonghus ráidhtear Baile Orluidhe agus Mullach Inneona i Maigh Feimhean aniú; Baile Orluidhe iomorro ó urluidhe na laoch san chomhlann, agus Mullach Inneona ón tathfann aimhdheonach do rinneadh ar Osruighibh as go Laighnibh.

Tarla fán am soin teirce feola ar Chormac mac AirtÉireann, agus é ar gcaitheamh chíosa na gcúigeadh tré líonmhaire luchta a theaghlaigh, agus cinnis comhairle ré n-a airdfheadhmannach cionnus do-ghéabhadh ní lé riar a mhuirir go ham a chíosa do thógbháil, agus is í comhairle thug an feadhmannach dhó, sluagh líonmhar do thionól agus triall don Mhumhain do thabhach rúrachais chíosa ríogh Éireann. “Óir ní díoltar leo,” ar sé, “acht cíos aoinchúigidh ribh-se, agus atá dá chúigeadh san Mhumhain agus téid cíos cúigidh do rígh Éireann as gach cúigeadh dhíobh.” Cinnis Cormac ar an gcomhairle sin agus cuiris teachta go Fiachaidh Muilleathan fá rí ar an Mumhain an tan soin do thabhach chíosa an dara chúigidh air. Freagrais Fiachaidh do na teachtaibh, agus adubhairt nach díolfadh barr cíosa ré Cormac nachar díoladh ris na ríoghaibh táinig roimhe. Agus mar ráinig an scéal soin Cormac, cuiris tionól ar sluagh líonmhar agus triallais leo agus ní dheárnaidh comhnuidhe go ráinig Druim Dámhghaire san Mhumhain, áit dá ngairmthear Cnoc Luinge aniú. Agus suidhis i bhforbhais nó i bhfoslongphort ann; agus tig Fiachaidh MuilleathanMumhan don leith eile ucht ré hucht dó.

Is amhlaidh do bhí Cormac an tráth soin agus draoithe  p.320 Albanacha 'n-a fhochair ann, agus iad ag imirt iomaid draoidheachta ar rígh Mumhan agus ar a mhuinntir; agus go háirithe níor fágbhadh aon bhraon uisce láimh ré longphort ríogh Mumhan, ionnus go rabhadar daoine agus áirnéis i nguais bháis d'easbhaidh uisce, ionnus gur bh'éigean do rígh Mumhan fios do chur i ndáil Mhogha Ruith draoi do bhí i g-Ciarraidhe Luachra; agus do mhair an Mogh Ruith-se ré linn naoi ríog deag, amhail adeir an file san rann-so:

  1. Ré naoi ríogh déag diaidh i ndiaidh
    Saoghal Mhogha Ruith ré róighliaidh
    Ó Roth mac Rioghaill mór bloidh,
    Go Cairbre lonn Lithfeachoir.

Agus mar tháinig Mogh Ruith fá héigean don rígh dá thriúcha céad Fhearmuighe da ngoirthear críoch Róisteach agus críoch Chondúnach do thabhairt dó. Agus leis sin scaoilis Mogh Ruith an glas do bhí ar an uisce ag a chongbháil ó shluagh ríogh Mumhan maille ré ga geintlidhe do bhí aige do theilgean san aer suas, agus san áit 'n-ar thuirling an ga, do ling tobar fíoruisce aiste lér fóireadh fir Mhumhan ón éigean tarta i n-a rabhadar. Agus leis sin lingis rí Mumhan go n-a shluagh ar Chormac agus ar a mhuinntir, gur ruagadar as an Mumhain iad gan cath do thabhairt gan creich do dhéanamh dóibh. Agus do bhádar ag tóraidheacht orra go h-Osruighe gur bha héigean do Chormac cuir agus teannta do thabhairt uaidh ré braighdibh do chur ó Theamhraigh go Ráith Naoi ré ráidhtear Cnoc Rathfonn go Fiachaidh Muilleathan i ngioll ré cúitiughadh do thabhairt i ngach dochar da ndearna san Mhumhain don turas soin; gonadh da fhaisnéis sin do rinne an file an rann-so:

  1. Fiachaidh Muilleathan, maith rí,
    A hiath Aibhle i Leitribh Craoi;
    Tugadh géill dó a Teamhraigh thréin
    Go Ráthfoinn réil go Ráith Naoi.

Do bhádar dias mac ag an bh-Fiachaidh-so mar atá Oilill Flann Mór agus Oilill Flann Beag. Ní raibhe sliocht ar  p.322 Oilill Flann Mór agus a maireann do shliocht Fhiachach Muilleathain is ar sliocht Oiliolla Flann Big atáid; gonadh uime sin adeir an file an rann-so:

  1. Mic Fhiachaidh Muilleathain mhóir,
    Oilill Flann Mór an miodhóil,
    Oilill Flann Beag na slógh soin;
    A chlann is mór san Mhumhoin.

Ar mbeith iomorro d'Oilill Flann Mór gan shliocht, do ghabh ré n-a dhearbhráthair Oilill Flann Beag mar mhac agus do fhágaibh a mhaoin shaoghalta agus a oighreacht aige, ar eacht go mbeith d'fhiachaibh air féin agus ar a shliocht a ainm féin do chur san chraobhscaoilcadh idir é féin agus Fiachaidh Muilleathan; agus is mar sin atá sé i Psaltair Chaisil agus i seinleabhraibh oile. Gidheadh ní hé is iontuigthe asta go madh é Oilill Flann Mór b'athair d'Oilill Flann Beag. Acht is uime do gnáthuigheadh leis na seanchaidhibh Oilill Flann Mór do chur i ngéig gheinealaigh Fhiachach Muilleathain mar chuimhniughadh ar an eacht do bhí idir é féin agus Oilill Flann Beag, amhail adubhramar thuas. Is é Connla Clamh mac Taidhg mic Céin sinnsear shíl g-Cearbhaill agus shíl Meachair do mharbh Fiachaidh Muilleathan i bhfeill ag Áth Uiseal, ré ráidhtear Áth Aiseal ar Siuir an tan-so. Agus is é ní da dtáinig é do dhéanamh na feilbheirte sin, ar mbeith iomorro do Chonnla agus é 'n-a mhacaomh óg i bhfochair Chormaic mic Airt ag foghluim béas agus tréitheadh, tarla lubhraclaimhe dhó, agus níor ghabh leigheas san bhioth greim dhe. Is ann sin adubhairt Cormac ris nach raibhe leigheas i gcinneadh dhó, go ndearnadh é féin do nighe i bhfuil ríogh, agus da ndearnadh soin go madh slán ó n-a chlaimhe é. Go grod da éis sin ceileabhrais Connla do Chormac, agus triallais don Mhumhain d'fhios a bhráthar Fhiachach Muilleathain fá rí Mumhan an tan soin. Agus is é áit 'n-a raibhe Fiachaidh Muilleathan 'n-a chomhnuidhe an tráth soin i Ráith Rathfainne, ré ráidhtear  p.324 Cnoc Rathfonn aniú, i bhfochair a bhuimighe dar bh'ainm, Rathfonn; agus ar rochtain Chonnla 'n-a láthair fáiltighis roimhe. Lá n-aon iomorro go grod da éis sin éirghis Fiachaidh go líon a theaghlaigh láimh lé Siuir, agus Connla ag iomchar a shleighe ré a chois, agus téid go h-Áth Aiseal go ndeachaidh do shnámh ar an linn, agus smuainis Connla ar theagasc Cormaic. Agus leis sin téid ar bruach an phuirt go dtug sáthadh sleighe ar Fhiachaidh agus é ag snámh, gur marbhadh amhlaidh sin é. Gidheadh sul fuair sé bás do rinne anacal ar Chonnla agus do fhógair da theaghlach gan a mharbhadh, agus éagais do láthair da éis sin. Gonadh mar sin do críochnuigheadh beatha Fiachach Muilleathain.

45. XLV.

Adubhramar thuas do réir an tseanchusa gurab deichneabhar inghean do bhí ag Cormac. Gidheadh annso ní luaidhfeam acht dias díobh, mar atá Gráinne do ba bean d'Fhionn mac Cumhaill agus do chuaidh i n-éalódh ré Diarmaid Ó Duibhne, agus Aillbhe inghean Cormaic do ba bean 'n-a dhíaidh sin d'Fhionn.

Agus cibé adéaradh nach raibhe Fionn ná an Fian ann, ní fíor dhó é. Óir atáid againn, ré suidhiughadh na Féine do bheith ann, na trí neithe lé ndearbhthar fírinne gacha staire san mbith leath amuigh don Bhíobla, mar atá béaloideas na sean, seinscríbhne agus séadchomharthaidhe da ngoirthear i Laidin Monumenta. Óir atámaoid da chlos ó bhéal go béal go raibhe Fionn agus an Fhian ann, agus fós atáid scríbhne go foirleathan da fhaisnéis. Atáid mar an gcéadna séadchomharthaidhe ar n-a n-ainmniughadh uatha, mar atá Suidhe Finn ar Sliabh na m-Ban, ó Fhionn ua Baoiscne, agus Gleann Gharaidh i n-Uíbh Faithche, ó Gharaidh mac Mórna, agus Leabaidh Dhiarmada Uí Dhuibhne agus Ghráinne ag Poll Tighe Liabháin i n-Uíbh Fiachrach Eidhne, dá ngoirthear Dúthaigh Uí Seachnasaigh  p.326 aniú, agus mar sin do mhórán d'áitibh oile i n-Éirinn. Agus dá n-abradh aoinneach nach inchreidthe mórán dar scríobhadh ar an bh-Féin, is deimhin gurab fíor dó é, óir ní raibhe ríoghacht san bhith is nach scríobhthaidhe ré linn na Pagántachta sceoil da ngairthí fabulae. Féach Ridire na Gréine, Bevis of Hamton, Huon of Burdex, agus a samhail oile sin do scríobhadh lé linn an Chreidimh féin. Gidheadh ní fhuil críoch san bhith is nar scríobhadh staire fírinneacha inchreidthe. Mar an gcéadna, tar ceann gur scríobhadh iomad d'fhinnscéalaibh filidheachta ar Fhionn agus ar an bh-Féin, mar atá Cath Fionntrágha, Bruighean Chaorthainn agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus a samhail oile sin mar chaitheamh aimsire, tairis sin, is dearbh gur scríobhadh staire fírinneacha inchreidthe orra. Agus is dearbh fós nach raibhe ainmhéid 'n-a bpearsanaibh acht mar an druing do mhair ré n-a linn féin; agus ní raibhe ionnta acht buannadha do ríoghaibh Éireann ré cosnamh agus ré caomhna na críche dhóibh, amhail bhíd caiptíne agus saighdiuiridhe ag gach rígh aniú ré cosnamh a chríche féin.

Agus is amhlaidh do bhídís an Fhian ag coinnmheadh ar fhearaibh Éireann ó Shamhain go Bealltaine, agus iad ré cosnamh córa agus ré cosc éagcóra do ríoghaibh agus do thighearnaibh Éireann; agus fós ré caomhna agus ré coimhéad chuan na críche ar fhoirneart eachtrann; agus ó Bhealltaine go Samhain ré seilg agus ré fiadhach do dhéanamh, agus ris gach feidhm oile da n-iarradh rí Éireann orra, mar atá cosc gada agus díol cána, ré cosc díbhfeargach agus gach uilc oile da mbíodh san chrích ó shoin amach; agus tuarastail chinnte da chionn soin dóibh, amhail bhíos anois ó gach rígh san Eoruip do na caiptínibh agus do na ceannaibh feadhna bhíos ag déanamh feadhma faoi féin. Fá héigean iomorro don Fhéin ó Bhealltaine go Samhain bheith taoibh ré n-a seilg agus ré n-a bhfiadhach féin mar choinnmheadh agus mar thuarastal ó  p.328 ríoghaibh Éireann, mar atá an feolmhach do bheith mar bhiadh aca, agus croicne na mbeathadhach n-allta mar thuarastal. Ní hithtí leo trá acht aonphroinn san ló go n-oidhche, agus sin um thráth nóna. Agus is é gnáthughadh do bhíodh aca gach sealg do-níthí leo ar maidin do chur timcheall meadhóin laoi leis an ngiollanraidh go tulaigh d'áirithe mar a mbídís i gcomhgar choille agus riasca, agus teinnte treathanmhóra d'adhnadh ann, agus dá chlais talmhan do dhéanamh san riasc i gcriaidh bhuidhe, agus iomad do chlochaibh eimhir do chur san teinidh, agus cuid don fheolmhach do chur ar bearaibh da bruith ris an dteinidh, agus cuid oile dhi do cheangal i ndlaoithibh seasca lé suagánaibh agus a cur da bearbhadh san chlais fá mó don dá chlais, agus bheith ag biathadh na gcloch do bhíodh san teinidh orra, go mbeantaoi fiucha minic asta go beith bearbhtha dhóibh. Agus do bhíodh do mhéid na dteinnte-se go bhfuilid a láithreacha dubhloiscthe i mórán d'áitibh i n-Éirinn aniú, agus is díobh ghairmid na criadhaireadha Fulacht Fian aniú.

Dála na Féine, an tan do chruinnighdís gus an tulaigh ar a mbíodh an teine, do nochtadh gach aon díobh é féin, agus do cheangladh a léine fá chaol a chuim, agus do ghabhdaois timcheall an dara luig do luaidheamar thuas, ag folcadh a bhfolt agus ag nighe a mball agus ag buain allais díobh; agus ann sin ag suathadh a lúthach agus a gcuisleann, go gcuirdís amhlaidh sin a dtuirse dhíobh, agus do hithtí a bproinn leo da éis sin. Agus iar gcaitheamh a bproinne dhóibh do ghabhdaois ag tógbháil a bhfianbhoth agus ag córughadh a leapthach, go gcuirdís inneall suain orra féin amhlaidh sin. Trí neithe da ndéineadh gach aon díobh leabaidh dó féin, mar atá barrghalach chrann, caonach agus úrluachair; an bharrghalach i n-íochtar ré lár, an caonach ós a chionn soin, agus an úrluachair i n-uachtar; agus is díobh so gairmthear sna seinleabhraibh trí coilceadha na Féine.

Ag so síos d'Fhionn mac Cumhaill agus cia an sliocht do Ghaedhealaibh ó dtáinig sé. Agus adeir Campianus 'n-a chroinic go n-abraid cuid do na hughdaraibh gurab d'Fhionn  p.330 mac Cumhaill do gairmthí Roanus. Gidheadh ní fíor dó sin. Bíodh a fhios agat gurab é Cumhall mac Tréanmhóir an ceathramhadh glún ó Nuadha Neacht rí Laighean fá athair dó, agus Muirn Mhunchaomh inghean Thaidhg mic Nuadhat draoi Chathaoir Mhóir fá máthair dó. Agus fá hi Almha Laighean fá fearann díleas do Thadhg mac Nuadhat, agus is da bhíthin sin do ráinig Almha Laighean d'Fhionn i gceart a mháthar. Gidheadh is é rí Laighean tug Formaoil na bhFian dó i n-Uíbh Cinnsealaigh mar a bhfuil Luimneach Laighean aniú.

Is éagcóir do-bheir Hector Boetius i Stair na h-Alban athach d'ainm ar Fhionn mac Cumhaill, agus fós is bréagach adeir go raibhe cúig cubhaid déag ar airde ann. Óir is follus a seinleabhraibh an tseanchusa nach raibhe ainmhéid ann tar a lucht chomhaimsire. Agus is follas go rabhadar drong don Fhéin ba mó ba arrachta agus ba láidre ioná é. Is uime iomorro do rinneadh Rí Féinnidh dhe ós cionn laochraidhe Éireann, do bhrígh go raibhe a athair agus a sheanathair i gceannas feadhna laochraidhe Éireann roimhe. Adhbhar oile fós fá ndearnadh Rí Féinnidh dhe, do bhrígh gur sháruigh a lucht comhaimsire i bhfios agus i bhfoghluim, i ngaois agus i ngliocas, agus fós i gcríonnacht agus i gcródhacht i gcathláithribh, ionnus gurab tríd sin do hoirneadh 'n-a Rígh Féinnidh é, agus nach ar arrachtas a chuirp ná ar mhéid a phearsan seoch cách. Is é gnáthshluagh do bhíodh ar buannacht fá Fhionn trí catha na Gnáithfhéine, agus trí mhíle san cath, an tan fá síodach fir Éireann ré chéile. Gidheadh an tan do fhásadh easaonta idir aonlucht d' uaislibh Éireann agus an t-airdrígh, nó an tan fá héigean sluagh do chur i n-Albain do neartughadh ré Dál Riada i n-aghaidh allmhurrach, do bhíodh seacht gcatha ag Fionn, ionnus go mbíodh furthainn sluagh aige ré dul d'fhurtacht Dál Riada i n-Albain agus ré h-Éirinn do choimhéad ó fhoirneart eachtrann mar an gcéadna.

Is iomdha ardthaoiseach do bhíodh fá Fhionn ar an bh-Féin,  p.332 mar atá caithmhileadh ós cionn chatha, amhail bhíos colonel ós cionn regiment, ceann feadhna céid, amhail bhíos caiptín anois, taoiseach caogaid, amhail bhíos lieutenant, agus taoiseach trí naonbhar, amhail bhíos corporal, agus taoiseach naonbhair, amhail bhíodh decurio ag an Rómhánach. Óir an tan do-níthí deich gcipe nó deich rangca don chéad, do bhíodh baránta ar gach rangc díobh, agus is de go gairthí taoiseach naonbhair. Agus an tan luaidhtear i starthaibh na h-Éireann fear comhlainn céad nó caogaid nó naonbhair nó a samhail oile sin do bheith don Fhéin, ní headh is iontuigthe asta gurab da láimh féin do mhuirfeadh céad nó caogad nó naonbhar, acht is eadh is iontuigthe as gur bharánta céad nó caogaid nó naonbhair é, agus go mbíodh ionchomhlainn go n-a bhuidhin lé n-a shamhail féin do bharánta ag a mbíodh samhail na buidhne céadna aige. Do bhíodh cheithre neithe d'fhiachaibh ar gach aon do gabhthaoi i bh-Fiannaidheacht do chómhlionadh. An céidní gan cradh do ghabháil ré mnaoi, acht a togha ar a deighbhéasaibh agus ar a tréithibh. An dara ní gan bean do shárughadh. An treas ní gan duine d'éaradh um shéad ná um biadh. An ceathramhadh ní gan aoinfhear dhíobh do theitheadh ré naonbhar laoch.

Ag so síos na coinghill oile do chuir Fionn mac Cumhaill sna grádhaibh gaisce fá héigean do gach aon do ghabháil sul do glacfaidhe i bh-Fiannaidheacht é. An céadchoinghioll: ní gabhthaoi fear san bh-Féin i mórdháil Uisnigh ná i n-Aonach Taillteann ná i bh-Feis Teamhrach, nó go dtugadh a athair agus a mháthair agus a chine agus a ghaolta slánadh uatha gan a bhás d'agradh ar neach oile go bráth, ionnus nach biadh a shúil ré duine ar bith da dhíoghail acht é féin; agus dá ndearntaoi uilc mhóra leis-sean gan a charaid d'agradh ann. An dara coinghioll: ní gabhthaoi neach san bh-Féin go beith 'n-a fhile dhó, agus go ndéineadh dá leabhar déag na filidheachta. An treas coinghioll: ní gabhthaoi fear san bh-Féin  p.334 go ndearntaoi láthair logmhór do shoicheadh ós cionn a ghlún dó, agus do cuirthí innte é, agus a sciath leis, agus fad láimhe laoich do chrann chuill 'n-a láimh; naonbhar laoch do thigheacht chuige go naoi sleaghaibh leo, agus naoi n-iomaire eatorra agus é, agus do caithtí leo a naoi sleagha i n-aoinfheacht ris, agus dá ngointí tar an scéith agus tar an gcrann gcuill é ní gabhthaoi i bh-Fiannaidheacht é. An ceathramhadh coinghioll: ní gabhthaoi fear san bh-Féin go ndearntaoi fighe fhuilt air agus go gcuirthí tré choilltibh iomdha é, go dtigdís an Fhian uile 'n-a dhiaidh ar tí a ghona, agus ní bhiadh d'aghaidh eatorra acht aonchrann, agus dá mbeirthí air do gointí é. An cúigeadh coinghioll: ní gabhthaoi fear san bh-Féin dá gcriothnuighdís a airm 'n-a láimh. An seiseadh coinghioll: ní gabhthaoi fear ionnta dá dtugadh craobh san choill dlaoi da fholt as a fhighe. An seachtmadh coinghioll, ní gabhthaoi fear ionnta dá mionuigheadh crann críon fá n-a chosaibh. An t-ochtmhadh coinghioll, ní gabhthaoi fear ionnta, muna lingeadh tar chrann budh comhard ré n-a éadan agus muna gcromadh fá chrann budh coimhíseal ré n-a ghlún, tré iomad lúith do bheith n-a chorp. An naomhadh coinghioll, ní gabhthaoi fear san bh-Féin muna dtugadh dealg as a chois lé n-a láimh gan toirmeasc a reatha uime. An deichmhadh coinghioll, ní gabhthaoi fear ionnta muna dtugadh móid don Righ Féinnidh fá bheith díleas urramach dhó.

Tarla ré linn Chormaic do bheith i bhflaitheas Éireann go dtugadar drong d'uaislibh Uladh ruaig fá imeall na h-Alban, go dtarla Ciarnait inghean ríogh Cruithneach dhóibh, go dtugadar i mbroid tar muir í. Agus mar do chualaidh Cormac tuarasgbháil a scéimhe iarrais ar chách í, agus tug leis da thigh féin í; agus do chinn sí ar mhnáibh a comhaimsire i scéimh, agus grádhuighis Cormac tríd sin í. Mar do chualaidh iomorra  p.336 Eithne Ollamhdha, inghean Dúnlaing, bean phósta Chormaic, Ciarnait do bheith aige, adubhairt nach beidís ar aon i n-aoinfheacht aige, agus fá héigean a fagháil d'Eithne, gur chuir do dhaoirse uirre naoi méich nó naoi gcearna arbhair do bhleith nó do mheilt a bróin gach laoi. Acht tairis sin, tarla Cormac i n-uaigneas di, gur toircheadh leis í, agus ar mbeith torrach di, níor fhéad bleith do dhéanamh agus téid ós iseal go Cormac agus innisis sin dó. Cuiris Cormac fios go h-Albain i gcoinne saoir do dhéanadh muileann. Tig an saor chuige agus do rinneadh an muileann lais do shaoradh Ciarnaite ar an daoirse 'n-a raibhe ag Eithne; gonadh de sin do chan an file na rainn-se síos:

  1. Ciarnait cumhal Chormaic chóir,
    Mór gcéad do bhiathadh a bróin;
    Naoi méich gach laoi lé do bhleith,
    Níor bh'obair dhuine dhéinmheich.
  2. Tarrastair uirre an ri rán,
    Iona thoigh 'n-a haonarán;
    Go rostoircheastair fo leith,
    Iar sin ro fhéimidh róibhleith.
  3. Airchisis uirre ua Cuinn,
    Tug saor muilinn tar mórthuinn;
    Céadmhuileann Chormaic mic Airt,
    Ro ba cabhair do Chiarnait.

 p.338

46. XLVI.

Is ré linn Chormaic do mhair Fitheal, agus is é fá hairdbhreitheamh dhó; agus ar mbeith d'Fitheal ré hucht bháis d'fhagháil, do chuir fios i gcoinne a mhic da ngairthí Flaithrí, agus do ba duine glic foghlumtha an Flaithrí sin. Do fhágaibh Fitheal a bheannacht aige, agus tug do chomhairle dhó cheithre neithe do choimhéad go friochnamhach, agus go madh sochar dhó sin do dhéanámh, mar atá gan mac ríogh d'altrom ná d'oileamhain, gan rún 'n-a mbeith guais do léigean ré n-a mhnaoi, gan mac moghaidh do mhéadughadh, gan a chiste nó a stór do thabhairt i dtaiscidh da shiair. Agus i ndiaidh bháis Fhithil do mheas Flaithrí fromhadh do dhéanamh ar gach ní dhíobh soin; agus mar dhearbhadh orra glacais Flaithrí mac do Chormac mac Airt ar daltachas, agus i gcionn aimsire 'n-a dhiaidh sin beiris an leanbh fá choill leis, agus tug do mhuicidhe da mhuinntir féin do bhí i ndiamhair na coille é, agus adubhairt ris an leanbh do cheilt go maith go gcuireadh féin comhartha cinnte chuige; agus leis sin tillis don bhaile da thigh féin, agus léigis tuirse agus dobrón mór air, agus fiafruighis a bhean fáth a thuirse agus a bhróin de. Adubhairt-sean nach raibhe a bheag. Gidheadh mar do chonnairc sise an brón ar marthain aige, do ghabh go liosta ag leadrán air ag lorgaireacht adhbhair a thuirse. Adubhairt-sean da ndéineadh rún air go nochtfadh fáth a bhróin di.

Do mhionnuigh sise go gceilfeadh gach ní do nochtfadh seisean tré rún di. “Maseadh,” ar seisean, “ tarla dhamh-sa feilbheart anabaidh do dhéanamh, mar atá mo dhalta, mac an ríogh, do mharbhadh.” Screadais an bhean ar n-a chlos sin di, agus gairmis muinntear an tighe agus adubhairt riú an fionghalach do cheangal tré mhac an ríogh do mharbhadh; agus do-níthear amhlaidh sin leo; agus beirthear ceangailte gus an rígh é. Tarla fós do Fhlaithrí gur mhéaduigh mac reachtaire da mhuinntir féin go raibhe 'n-a dhuine shaidhbhir. Tug  p.340 mar an gcéadna go grod i ndiaidh bháis a athar cuid da ionnmhus i dtaiscidh da shiair, ionnus nach rachadh éinní do na ceithre neithibh adubhairt a athair ris gan fromhadh uaidh. Mar fuair iomorro mac an reachtaire fá dhaoirse é, agus an rí ar tí a bhásuighthe, ní raibh duine dhíobh is truime agus is déine do bhí 'n-a aghaidh ioná mac an reachtaire, i ndóigh go bhfuighbheadh féin oighreacht Fhlaithrí ré a ceannach dó féin.

Cuiris Flaithrí, ar mbheith san éigean soin dó, fios i ndáil a sheathrach aga iarraidh uirre an mhéid ionnmhusa tug i dtaiscidh dhi do chur chuige, go ndéineadh caraid dó féin timcheall an ríogh, agus mar ráinig an teachtaire í, do shéan nachar ghlac féin a shamhail sin uaidh riamh. Agus mar ráinig an scéal soin Flaithrí agus é ré hucht a bhásuighthe iarrais a léigean do láthair an ríogh go ndéineadh comhrádh rúin ris; agus ar dteacht do láthair Chormaic dhó, do innis go raibhe an mac slán, agus adubhairt é féin do chongbháil san chuibhreach i raibhe go dtigheacht da dhalta do láthair. Cuirthear fios ar cheann an mhic, agus ar dtigheacht do láthair don leanbh ón muicidhe aga raibhe i gcoimhéad aige, mar do chonnaic sé Flaithrí cuibhrighthe, goilis nó gur scaoileadh dhe. Agus ar mbeith do Flaithrí scaoilte, fiafruighis Cormac ós iseal de créad as ar fhulaing é féin do chur san ghábhadh soin. “Do fhromhadh na gceithre gcomhairleach tug mh' athair damh do rinneas é,” ar Flaithrí, “agus fuaras ar n-a ndearbhadh gurab críonna na ceithre comhairleacha tug mh'athair dhamh. Ar dtús ní críonna do neach oileamhain mic ríogh do ghabháil ar a iocht, d'eagla faille do dhéanamh da dtiocfadh lot nó milleadh do theagmháil don dalta, agus beatha nó bás an oide do dhéanadh faill, ar chumas an rígh. An dara comhairle tug mh'athair dhamh, do réir nádúire ní bhí congbháil rúin ghuaiseachtaigh i mnaoi san bhith go coitcheann, agus uime sin ní críonna a shamhail do rún do léigean ré. An treas comhairle tug mh'athair dhamh, gan mac moghaidh nó dhuine uirísil do mhéadughadh  p.342 nó do thógbháil go hinnmhe, do bhrígh gurab gnáthach leo bheith dearmadach san chommaoin chuirthear orra, agus fós gurab olc leo fios na dearóile agus na huirísle ór fhásadar do bheith ag an druing mhéaduigheas iad. Is maith,” ar sé, “an ceathramhadh comhairle tug mh'athair dhamh, gan mo stór do thabhairt dom shiair óir is eadh is dáil do na mnáibh éadáil do dhéanamh da gach ionnmhus da dtugaid a gcaraid i dtaiscidh dhóibh.”

Do horduigheadh ré linn Chormaic bheith d'fhiachaibh ar gach airdrígh da mbeith i n-Éirinn deichneabhar do bheith do shíor 'n-a fhochair gan scarthain ris do ghnáth, mar atá flaith, breitheamh, draoi, liaigh, file, seancha, oirfideach; agus triúr feadhmannach: an flaith mar ghuaillidhe don rígh, an breitheamh ré nochtadh nós agus reacht na críche do láthair an ríogh; draoi ré hiodhbarta do dhéanamh, agus ré tuar maitheasa nó uilc don chrích a los a ghaoise agus a gheintlidheachta; liaigh ré leigheas do dhéanamh don rígh agus da ríoghain agus don teaghlach ó shoin amach; file ré haoir nó ré hadhmholadh do dhéanamh da gach aon do réir a mhaitheasa nó a mhíghníomh; seancha ré coimhéad chraobh gcoibhneasa sceol agus imtheachta na n-uasal ó aimsir go haimsir; oirfideach ré seinm agus ré gabháil duan agus dréacht do láthair an ríogh; agus triúr feadhmannach ré freastal agus ré friothólamh an ríogh go n-a bhfurthainn do ronnairidhibh agus do dháileamhnaibh ré a n-ais. Do bhí an nós-so ar congbháil ó aimsir Chormaic go bás Bhriain mic Cinnéididh gan mhalairt acht amháin ó do ghabhadar ríghthe Éireann creideamh Chríost, gurab anmchara eagailse do bhíodh i n-áit an druadh ré friotal agus ré foillsiughadh reachta agus dlighthe don rígh agus da theaghlach. Ag seo suidheamh an tseanchaidh ar an ní-se anuas:

  1. Deichneabhar cuibhreann an ríogh,
    Gan imreasain gan imshníomh;
    Eol damh a n-áireamh uile,
    Idir rígh is ró-dhuine.
  2.  p.344
  3. Dleaghair i gcuibhreann ríogh raith,
    Breitheamh is file is flaith;
    An rí ag nach bia an tréidhe thall,
    Ní dhligh Féine a eineaclann.
  4. Anmchara ag foircheadal scéal,
    Seancha leasuigheas gach léan;
    Oirfideach ré téadaibh thall
    Dlighidh íoc is eineaclann.
  5. Liaigh an ceathramhadh duine
    D'fhios ghalair gach aoin uile;
    Triar friothólmha mbuidhneadh mbann
    Sloinnfead do shluaghaibh Éireann.
  6. An rí ag nach béid sin uile
    Ní dhligh i Réim Ríoghruidhe;
    I dtigh Teamhra ní bhia a sheal,
    An rí ag nach bia an deichneabhar.

Do bhí d'fheabhas ghníomh bhreath agus reachta Chormaic go dtug Dia solus an chreidimh dó seacht mbliadhna ré mbás. Agus uime sin do dhiúlt adhradh do láimhdhéibh, agus do ghabh ré a ais cádhas agus onóir do thabhairt don fhír-Dhia, ionnus gurab é an treas fear do chreid i n-Éirinn é sul táinig Pádraig: Conchubhar mac Neasa an céadfhear do ghabh creidheamh ar n-a chlos ó Bhacrach draoi go gcéasfaidhe Críost leis an gcine Iúdaidhe, Morann mac Maoin an dara fear, agus Cormac mac Airt an treas duine. Is i d-Teamhraigh do chleachtadh Cormac áitiughadh ar lorg na ríogh roimhe nó gur milleadh a rosc lé h-Aonghus Gaoibuaibhtheach, amhail adubhramar thuas; agus ó shin amach i n-Achaill i dtigh Cleitigh agus i g-Ceanannus do bhíodh. Óir níor mhaise agus níor shonas lé fearaibh Éireann rí go n-ainimh d'áitiughadh i d-Teamhair; agus uime sin do rad Cormac an ríghe da mhac .i. Cairbre Litfeachair, agus do léig Teamhair dó, agus do chuaidh féin i dtigh Cleitigh agus i n-Achaill i bhfochair Theamhrach.

 p.346

Gonadh ionnta soin do rinne na Teagaisc Ríogh ag múnadh mar budh dual do rígh bheith, mar adubhramar thuas, agus cionnus do smachtfadh na tuatha 'n-a ndligheadhaibh. Agus ón tráth fár thréig Cormac an ríghe níor chreid acht don aoin-Dia neamhdha.

Lá da raibh Cormac i dtigh Cleitigh do bhádar na draoithe 'n-a fhiadhnaise ag adhradh an laoigh órdha, agus cách da adhradh ar lorg na ndruadh. Do fhiafruigh Maoilgheann draoi do Chormac créad as nach adhradh an laogh órdha agus na dée mar chách. “Ní dhéan” ar Cormac “adhradh don cheap do róine mo cheard féin, agus do b'fhearr an duine do rinne é d'adhradh, óir is uaisle é ioná an ceap.” Greasais Maoilgheann draoi an laogh órdha go ro ling 'n-a bhfiadhnaise uile. “An bhfaice súd a Chormaic?” ar Maoilgheann . “Cia do-chím,” ar Cormac, “ní dhéan adhradh acht do Dhia nimhe agus talmhan agus ifrinn.”

Do bearbhadh a chuid don rígh iar soin agus do ghabh ag ithe míre do bhradán on m-Boinn. Leis sin tángadar na siabhra iar n-a ngreasacht do Mhaoilgeann draoi agus marbhthar an rí leo. Fuireann oile adeir gur cnáimh bradáin do lean da bhrághaid agus do thacht é, óir is ag ithe éisc do bhí an uair do thachtsad na siabhra nó na deamhain aerdha é.

Iar dteacht d'airgheanaibh báis i ndáil an ríogh adubhairt ré n-a aos gráidh gan a chorp d adhnacal san Bhrugh mar a rabhadar ríoghraidh Theamhrach roimhe sin. Ar mbeith iomorro do chách ag breith a chuirp d'adhnacal don Bhrugh cuirid na siabhra i n-abhainn go dtuile mhóir trí huaire rompa é, óir níor bh'áil leo a chorp do léigean i reilg iodhal tré chreideamh don fhir-Dia dhó. Agus an ceathramhadh feacht rugadar lucht a iomchair san abhainn é, agus bearar uatha an corp ré sruth na Bóinne go ráinig Ros na Ríogh agus scarthar an corp ris  p.348 an bhfuad nó ris an gcróchar, gonadh de sin atá Áth Fuaid ar Bóinn. Do caoineadh ann sin é agus do rinneadh a uaigh agus do hadhnaiceadh ag Ros na Ríogh é. Táinig Colum Cille aimsear imchian da éis sin gus an ionadh soin, go bhfuair ceann an ríogh Cormaic ann, agus do hadhnaiceadh leis é. Anais Colum Cille san áit chéadna go ndubhairt tríochad aifreann ós a chionn, go bhfuil eaglais aniú san áit sin.

Ó tharla dhúinn labhairt ar na draoithibh annso, measaim gurab oircheas dúinn labhairt ar chuid da ndálaibh agus go háirithe ar a n-iodhbartaibh agus ar a ngeasaibh mar bhus follus i n-ar ndiaidh. Atáid iomorro ré a bhfaicsin i n-Éirinn aniú i n-áitibh iomdha 'n-a séadchomharthaidhibh ó aimsir na Págántachta iomad de leacaibh ró-leathna agus galláin chloch ag a n-iomchar, agus is díobh ghairmthear 'sna seinleabhraibh altóire iodhluidhe, agus leapthacha na Féine ghaireas an pobal coitchiann díobh, do bhrígh nach feas dóibh créad fár horduigheadh iad. Is ar na haltóiribh-se do cleachtaoi i n-allód leis na draoithibh a n-iodhbarta do dhéanamh maille ré marbhadh a mbocán a dtarbh agus a reitheadh, agus na draoithe féin do thigheacht ar a nglúnaibh fá shileadh fhola na hiodhbarta da nglanadh féin ó shalachar a gcean, amhail do-níodh an t-ardshagart i measc an chinidh Iúdaidhe an tan théidheadh fá dhroichead na hiodhbarta do léigean fhola na hiodhbarta do rith air féin. Gonadh de sin do gairthí Pontifex .i. droicheadóir dhe.

Dála na ndruadh is é feidhm do-nídís do sheicheadhaibh na dtarbh n-iodhbarta a gcoimhéad ré hucht bheith ag déanamh conjuration nó ag cur na ndeamhan fá gheasaibh, agus is iomdha céim ar a gcuirdís geasa orra, mar atá silleadh ar a scáile féin i n-uisce, nó ré hamharc ar néallaibh nimhe, nó ré foghar gaoithe nó glór éan do chlos. Gidheadh an tan do cheileadh gach áisig díobh sin orra, agur fá héigean dóibh a ndícheall do dhéanamh, is eadh do-nídís cruinnchliatha caorthainn do dhéanamh agus seicheadha na dtarbh n-iodhbarta do leathadh  p.350 orra agus an taobh do bhíodh ris an bhfeoil do chur i n-uachtar díobh, agus dul mar sin i muinighin a ngeasa do thoghairm na ndeamhan do bhuain scéal díobh, amhail do-ní an togharmach san chiorcaill aniú; gonadh de sin do lean an sean-fhocal ó shoin adeir go dtéid neach ar a chliathaibh fis an tan do-ní dícheall ar scéala d'fhagháil.

Dá phríomh-roilig iomorro do bhíodh i n-Éirinn i n-allód i n-aimsir na Págánachta, 'n-a gcuirthí urmhór ríogh na h-Éireann, mar atá Brugh na Bóinne agus Roilig na Ríogh láimh ré Cruachain. Is follus gur bh' ionadh adhnaicthe do ríoghaibh Teamhrach Brugh na Bóinne as an seanchus thuas, agus is dearbh gur bh'ionadh coitcheann adhnaicthe do ríoghaibh Éireann Roilig na Ríogh i g-Cruachain do réir Thorna Éigeas san laoidh-se síos:

  1. Atá fút-sa rí fionn Fáil,
    Dáthí mac Fiachrach fear gráidh;
    A Chruacha ro cheilis sain
    ar Ghallaibh ar Ghaedhealaibh.
  2. Atá fút Dúnghalach dian
    Tug na géill tar muir aniar;
    Atáid fút, foillsig an dath,
    Conn Tuathal agus Tomaltach.
  3. Trí mic Eochach Feidhligh finn,
    Atáid fád mhúr mar mhaoidhim;
    Atá Eochaidh Aireamh faon,
    Ar n-a mharbhadh do mhor-Mhaol.
  4. Atá Eochaidh Feidhleach flaith,
    Fút agus Deirbhrí deaghmhaith;
    Agus Clothra, ní céim asc,
    Agus Meadhbh agus Murasc.
  5. Éire Fódla agus Banbha,
    Trí hógmhná áille amhra,
    Atáid i g-Cruachain na gclann,
    Triar ban do Thuaith Dé Danann.
  6.  p.352
  7. Trí mic Cearmada a Síth Truim,
    Agus Lughaidh a Liatdruim;
    Clann Aodha mic an Daghdha,
    Agus Midhir mórthalma.
  8. Atáid fád líg 'n-a luighe,
    Cobhthach Caol is Ughuine;
    Agus Badhbhcha, réim go rath,
    agus Ollamh ard uallach.
  9. Atá.

Do ghabh Eochaidh Gunnat mac Féigh mic Iomchadha mic Breasail mic Síorchadha mic Fiatach Finn ó ráidtear Dál bhFiatach mic Dlúthaigh mic Deitsin mic Eochach mic Sin mic Roisin mic Triuin mic Roithriuin mic Airndil mic Maine mic Forga mic Fearadhaigh mic Oiliolla Éarann mic Fiachach Fir Mara mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach do shiol Éireamhóin ríoghacht Éireann aoin bhliadhain amháin, gur thuit lé Lughna Feirtre.

47. XLVII.

Do ghabh Cairbre Lithfeachair mac Cormaic mic Airt Aoinfhir mic Cuinn Chéadchathaigh mic Feidhlimidh Reachtmhair mic Tuathail Teachtmhair mic Fiachach Fionnoluidh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna ar fhichid, agus is uime ghairthear Cairbre Lithfeachair dhe, do bhrígh gurab láimh ré Lithfe i Laighnibh do hoileadh é. Agus Eithne Ollamhdha inghean Dúnlaing mic Éanna Niadh fá máthair dhó; agus is lé Simeon mac Cirb d'Fhorthuathaibh Laighean do marbhadh Cairbre i g-Cath Gabhra. Agus is é adhbhar fár cuireadh Cath Gabhra, Samhaoir inghean Fhinn mic Cumhaill fá bean do Cormac Cas mac Oiliolla Óluim, agus fá hí máthair Thinne agus Conla agus Mhogha Corb í, agus is trés an ngaol soin do chonghaibh Mogh Corb bráthair a mháthar .i. Oisín mac Finn agus Clanna Baoiscne tar sárughadh Cairbre Lithfeachair agus Aodha Caoimh mic Garaidh Ghlúnduibh do chlannaibh Mórna, agus is ag clannaibh Mórna do bhí buannacht Éireann an tráth soin. Agus do bhádar feadh seacht mbliadhan i n-easaonta ré Fionn agus ré clannaibh Baoiscne; gonadh uime sin do ghríosadar clann Gharuidh Ghlúnduibh Cairbre Lithfeachair agus cúigeadhaigh Éireann mar aon ris d'aithríoghadh Mogha Corb, i ndóigh go dtiocfadh de sin clanna Baoiscne d'ionnarbadh, gonadh de sin táinig tabhairt Catha Ghabhra.

Do chuaidh an Mogh Corb-so lucht 300 long go críoch Lochlonn mar aon ré dá bhráthair a mháthar (clann do rígh Lochlonn iad) do bhuain ceannais críche Lochlonn amach dóibh don rígh do bhí ar Lochlonnaibh dar bh'ainm Iarus mac Iarnmhóir, gur bhris cath ar an rígh, gur marbhadh leis é go n-a cheithre  p.356 macaibh agus go n-a ocht mbráithribh agus go n-urmhór uaisle Lochlonn agus trí mhíle mar aon riú, gur fhágaibh sealbh críche Lochlonn ag dhá bráthair a máthar.

Do ghabh Fothaidh Airgtheach agus Fothaidh Cairptheach dá mhac Mic Con mic Macniadh mic Luighdheach mic Dáire mic Fir Uillne do shliocht Luighdheach mic Íotha ríoghacht Éireann. Aoin bhliadhain dóibh araon i gcomhfhlaitheas; gur thuit Fothaidh CairptheachFothaidh Airgtheach, agus do thuit Fothaidh Airgtheach leis an bh-Féin i g-Cath Ollarbha.

Do ghabh Fiachaidh Sraibhthine mac Cairbre Lithfeachair mic Cormaic mic Airt Aoinfhir mic Coinn Chéadchathaigh do shíol Éireamhóin ríogacht Éireann trí bliadna déag ar fhichid gur thuit leis na trí Collaibh i g-Cath Dubhchumair. Aoife inghean ríogh Gallghaedheal bean Fhiachach Sraibhthine máthair Mhuireadhaigh Thírigh; agus is uime do gairthí Fiachaidh Sraibhthine dhe do bhrígh gurab i n-Dún Sraibhthine i g-Connachtaibh do hoileadh é. Ionnus iomorro gurab móide do tuigfidhe an ní-se cuirfeam síos annso ó Psaltair Chaisil adhbhar Catha Dubhchumair agus seanchus ghaoil na g-CollaFiachaidh Sraibhthine.

Ag Cairbre Lithfeachair trá scaraid Oirghialla .i. clannana g-Collaclannaibh Néill agus ré Connachtaibh. Fiachaidh Sraibhthine iomorro mac Cairbre Lithfeachair, is é seanathair Eochach Muighmheadhóin mic Muireadhaigh Thírigh mic Fiachach Sraibhthine é, agus is ón Muireadhach soin atáid clanna Néill agus fir Chonnacht. Eochaidh Doimhléan iomorro mac Cairbre Lithfeachair dearbhráthair d'Fhiachaidh Sraibhthine; agus do bhádar triar mac ag an Eochaidh sin .i. na trí Colla agus is uatha atá Uí Mac Uais, Uí Criomhthainn, agus Modhornaigh. Fá  p.358 hiad anmanna dísle na dtrí g-Colla-so Cairioll Muireadhach agus Aodh. Ag so síos deismireacht an tseanchaidh air sin:

  1. Trí mic Eachach, ard a mblaidh,
    Na trí Colla adchualmair;
    Colla Meann Colla fo Chrí,
    Is Colla Uais an t-airdrí.
  2. Is eol dam anmanna an trír,
    Go ro mharbhsad an t-airdrígh
    I san tír threabharghlain thall,
    Aodh Muireadhach is Caireall.
  3. Cairioll Colla Uais an rí,
    Muireadhach, Colla fo Chrí;
    Aodh, Colla Meann, mór a bhlaidh,
    Tréan ós gach teann an triar sain.

Fá hí Aileach inghean Udhaire rí Alban bean Eochach Doimhléin máthair na dtrí g-Colla. Is ar Fhiachaidh Sraibhthine do rónsad na trí Colla fionghail, da dtáinig flaitheas Éireann do scarad riú féin. Ag so cheana fáth na fionghaile sin. Ar mbeith trá d'Fhiachaidh 'n-a rígh Éireann tarla mac maith aige .i. Muireadhach Tíreach; agus is é fá tuairgneach catha ag a athair, óir ní léigthí an rí féin i gcath. Téid Muireadhach aimsear d'áirithe go sluaghaibh leis don Mhumhain, agus tug géill agus airgne leis. Tarla Fiachaidh Sraibhthine i n-Dubhchumair láimh ré Tailltin andeas agus sluagh aige ann. Sluagh oile lé triar mac a dhearbhráthar .i. na trí Colla agus iad ag congnamh lé Fiachaidh Sraibhthine i n-Dubhchumair láimh ré Tailltin. Mar do chualadar áitheas d'éirghe do Muireadhach san Mhumhain, adeireadh gach aon i gcoithchinne gurab é adhbhar ríogh Éireann é. “Créad do dhéanam” ar na Colla raibhe Muireadhach d'éis Fiachaidh 'n-a rígh Éireann?.” “Is eadh is maith dhúinn do dhéanamh” ar siad “cath do thabhairt don tseinrígh agus an tan mhuirbhfeam é féin go n-a shluagh ainnséin rachaidh ar a mhac againn an  p.360 tan tiocfas 'n-ar n-aghaidh.” Is amhlaidh do bhí Fiachaidh an tráth soin agus draoi 'n-a fhochair dar bh'ainm Dubhchumair agus is eadh adubhairt: “a rí,” ar sé, “dá ndeachadh agat ar na Collaibh agus a marbhadh ní bhia rí dot chloinn tar t'éis ar Éirinn go bráth, agus madh iad-san bhéaras buaidh agus mhuirbhfeas tú, ní bhia rí ar Éirinn da gcloinn go bráth.” “Maseadh,” ar an rí, “is fearr liom-sa mé féin do thuitim ris na Collaibh agus an ríoghacht do rochtain dom shliocht im dhiaidh ioná mise do mharbhadh na g-Colla agus ríoghacht Éireann do rochtain da sliocht dia n-éis.” Agus leis sin cuirid an dá shluagh inneall catha orra féin agus lingid ar a chéile do gach leith; agus bristear d'Fhiachaidh Sraibhthine agus marbhthar san chath soin é, amhail do thairrngir Dubhchumair dó.

Do ghabh Colla Uais mac Eochach Doimhléin mic Cairbre Lithfeachair mic Cormaic mic Airt Aoinfhir mic Cuinn Chéadchathaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna, gur hionnarbadh lé Muireadhach Tíreach mac Fiachach Sraibhthine é féin go n-a bhráithribh i n-Albain, mar a bhfuaradar congbháil bhuannachta ó n-a mbráithribh. Óir fá hí Aileach inghean UdhaireAlban bean Eochach Doimhléin á máthair do na trí Collaibh. Is uime ghairthear Colla Uais do Chairioll ar a uaisle seoch na Collaibh oile, do bhrígh gur ghabh seisean ríoghacht Éireann, agus nar ghabhadar cách.

Do ghabh Muireadhach Tíreach mac Fiachach Sraibhthine mic Cairbre Lithfheachair mic Cormaic mac Airt Aoinfhir mic Cuinn Céadchathaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna déag ar fhichid, gur thuit lé Caolbhach mac Cruinn Bhadhraoi. Muireann inghean Fhiachach ríogh Chinéil Eoghain bean Mhuireadhaigh Thírigh máthair Eochach Muighmheadhóin. Dála na g-Colla ionnarbthar lé Muireadhach i n-Albain iad, amhail adubhramar; agus trí céad líon a sluagh, agus tug rí Alban cion mór agus buannacht dóibh ar a gcródhacht féin;  p.362 agus do bhádar trí bliadhna ann. Triallaid as sin go h-Éirinn .i. Colla Meann agus Colla dá Chríoch agus Colla Uais , i ndóigh go ndiongnadh Muireadhach Tíreach fionghail orra, agus go dtiocfadh de sin flaitheas Éireann do rochtain a gcloinne do bhíthin na fionghaile sin; agus ní thugadar do bhuidhin leo ó Albain acht naonbhar laoch leis gach n-aon díobh, agus ní dhearnadar fos ná comhnuidhe go rochtain Teamhrach dóibh do láthair an ríogh Mhuireadhaigh Thírigh. “An bhfuilid scéala agaibh-se dhúinn, a bhráithre?” ar an rí. “Ní fhuil scéal againn” ar siad “budh truaighe dhuit-se ioná an gníomh do rónamar féin, mar atá th'athair-se do mharbhadh linn.” “Atá an scéal soin againn féin” ar Muireadhach “agus is cuma dhaoibh-se óir ní díoghaltar oraibh é; acht an míorath tarla dhaoibh ar a shon ní scarfaidh ribh.” “Is oirbhire drochlaoich sin,” ar na Colla. “Ná bíodh doilgheas oraibh-se, atá fáilte romhaibh,” ar sé. Tugadar seal fada mar sin i gcáirdeas mhór agus is iad na Colla fá tuairgnigh chatha ag an rígh.

Adubhairt an rí riú gur mhithid dóibh fearann do dhéanamh da sliocht. “Cia an tír n-ar mhaith leat-sa sinn do dhéanamh fearainn cloidhimh?”—ní rabhadar óig do b'urramhanta ioná iad 'n-a n-aimsir féin i n-Éirinn. “Éirghidh ar Ulltaibh,” ar sé. “Óir atá fíor gcatha agaibh chuca do bhrígh gur loisc giolla ríogh Uladh féasóg nó folt Chormaic mic Airt lé coinnill i Maigh Breagh. Ar mbeith iomorro do Chormac 'n-a rígh Éireann táinig neart Uladh go mór 'n-a aghaidh gur hionnarbadh leo i g-Connachtaibh é, iar mbreith a ghiall; agus da éis sin cheangladar síoth ré Cormac agus ollmhuighid fleadh mhór dó i dtuaisceart Mhaighe Breagh. Agus is ann do loisceadh folt Chormaic lé giolla ríogh Uladh; agus atá sin gan díoghail fós.”

Leis sin tug an rí Muireadhach sluagh líonmhar dhóibh. Triallaid na Colla as sin i g-Cúigeadh Chonnacht agus  p.364 gabhaid fir Chonnacht ar daltachas buannachta iad. Triallaid iar sin fir Chonnacht leo go líon seacht gcath go rángadar Carn Achuidh Leithdheirg i bh-Fearnmhaigh. Fearaid seacht gcatha ón gcnoc soin ar Ulltaibh .i. cath gach aon lá go ceann seachtmhaine. Sé catha dhíobh ó Chonnachtaibh agus an seachtmhadh cath ó na Collaibh, mar ar marbhadh Fearghus FoghaEamhna, agus mar ar briseadh d'Ulltaibh go raibhe ruaig orra ó Carn Achuidh Leithdheirg go Gleann Righe; agus iar dtabhairt áir mhóir orra tillid na Colla d'ionnsaighe na h-Eamhna gur hairgeadh agus gur loisceadh leo í, ionnus go bhfuil ó shoin gan rígh da háitiughadh. Beanaid trá an tan soin na Colla na críocha-so síos da n-aimhdheoin d'Ulltachaibh, mar atá Modharnuigh Uí Chriomhthainn agus Uí Mac Uais. Do ghabh Colla Meann Modharnuigh agus Colla dá Chríoch Uí Chriomhthainn agus Colla Uais Uí Mac Uais. Agus is lé Caolbhaidh mac Cruinn Bhadhraoi do thuit Muireadhach Tíreach.

Do ghabh Caolbhaidh mac Cruinn Bhadhraoi mac Eochach Cobha mic Luighdheach mic Rossa mic Iomchadha mic Feidhlimidh mic Cais mic Fiachach Aruidhe mic Aonghusa Gaibhnionn mic Fearghusa Foghlais mic Tiobraide Thírigh mic Breasail mic Feirb mic Máil mic Rochruidhe mic Cathbhaidh mic Giallchadha mic Cunnchadha mic Fionnchadha mic Muireadhaigh mic Fiachach Fionnamhnus mic Iriail Ghlúnmhair mic Conaill Chearnaigh do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann aoin bhliadhain amháin. Inneacht inghean Luighdheach fá máthair do Chaolbhaidh mac Cruinn Bhadhraoi; agus is lé h-Eochaidh Muighmheadhón do marbhadh é.

Do ghabh Eochaidh Muighmheadhon mac Muireadhaigh Thírigh mic Fiachach Sraibhthine mic Cairbre Lithfeachair mic Cormaic Ulfhada mic Airt Aoinfhir mic Cuinn Chéadchathaigh ríoghacht  p.366 Éireann seacht mbliadhna. Moingfhionn inghean Fhiodhaigh bean Eochach Muighmheadhóin máthair Bhriain agus Fiachach, Fearghuis agus Oiliolla. Cairrionn Chasdubh iomorro inghean ríogh Breatan bean oile d'Eochaidh máthair Néill Naoighiallaigh. Agus is uime do gairthí Eochaidh Muighmheadhón de tar ceann go raibhe a cheann agus a bhruinne cosmhail ris an rígh, maseadh fá cosmhail a mheadhón ré moghaidh da ngairthí Mionghadhach; gonadh aire sin do gairthí Muighmheadhón de.

Is ar Eochaidh Muighmheadhón tugadh Cath Cruacháin Claonta lé h-Éanna CinnsealachLaighean gur gabhadh ann Céadnathach file Eochach Muighmheadhóin. Agus mar ráinig Éanna do láthair, fiafruighis da mhuinntir créad as a ndearnadar anacal ar an draoi. “An tulach-so ar a bhfuilim,” ar an draoi, “ní bhrisfeá-sa aiste go bráth dá madh beo mé.” Leis sin tug Éanna sáthadh sleighe tríd; agus ré sonnadh na sleighe trés an draoi do mheabhuidh gean gáire ar Éanna. “Uch,” ar an draoi, “is salach an gean soin, agus budh é bhus sloinneadh dod shliocht id dhiaidh go bráth,” gonadh uime sin ghairthear Uí Cinnsealaigh don chine sin. Do ba neartmhar Éanna Cinnsealach 'n-a aimsir féin, amhail tuigthear as an duain do rinne Dubhthach mac Lughair ardollamh Éireann ré linn Phádraig do theacht do shíoladh an chreidimh i n-Éirinn. Cath tugadh lé Laighnibh, is tosach don laoidh sin; agus ní chuireabh annso acht an dá rann-so dhi as a dtuigfidhear go raibhe Éanna neartmhar 'n-a aimsir féin. Ag so na roinn:

  1. Cáin tugadh do Éanna
    A Leith Cuinn na gcuire;
    Screaball gacha toighe
    Do fhionndruine uile.
  2. Cáin tugadh do Éanna
    A Mumhain fri greasa;
    Uinge d'ór gach leasa,
    San bliadain ba neasa.

 p.368

Agus do réir Psaltrach Caisil do bhris an t-Éanna-so trí catha déag ar chlannaibh Cuinn.

Do ghabh Criomhthann mac Fiodhaigh mic Dáire Chearb mic Oiliolla Flann Big mic Fiachach Muilleathain mic Eoghain Mhóir mic Oiliolla Óluim do shíol Éibhir ríoghacht Éireann seacht mbliadhna déag. Fidheang inghean ríogh Connacht fá bean dó. Is é an Criomhthann-so do ghabh neart agus treise i n-Albain i m-Breatain agus san bh-Fraingc, amhail adeir an seancha san rann-so síos:

  1. Criomhthann mac Fiodhaigh fuair teann
    Ar iaith Alban is Éireann;
    Fuair da réir tar glasmhuir ghloin,
    Sacsain féin agus Frangtoigh.

Is é Criomhthann mac Fiodhaigh iomorro tug ríghe Leithe MoghaMumhan da dhalta .i. do Chonall Eachluaith mac Luighdheach Láimhdheirg agus do b'olc lé cloinn Fhiachach Muilleathain an ní sin, agus adubhradar nar mhaith an bráithreas do Chonall sin do ghlachadh agus adhbhar deighríogh do chlannaibh Fiachach an tan soin .i. Corc mac Luighdheach; agus is é breitheamhnas do rónsad daoine foghlumtha na Mumhan eatorra an tráth soin ríoghacht Mhumhan do bheith ar dtús ag Corc mac Luighdheach, óir is é fá sine ann, agus ag cloinn Chormaic Chais fá dheireadh. Tugadar clann Fhiachach Muilleathain cuir agus teannta uatha um ríghe Mumhan tar éis Chuirc do léigean do Chonall Eachluaith, nó da mhac muna maireadh Conall féin, amhail do orduigh Oilill Ólom a beith gach ré nglún ag an dá shliocht soin .i. sliocht Fhiachach Muilleathain agus sliocht Chormaic Cais. Is ar an gconnradh soin trá do léig Conall Eachluaith ríghe Mumhando Chorc mac Luighdheach, agus iar n-éag do Chorc do ghabh Conall  p.370 Eachluaith ríghe Mumhan; agus tug Criomhthann mac Fiodhaigh braighde fhear n-Éireann agus Alban, Breatan agus na Fraingce i láimh Chonaill Eachluaith. Gonadh uime sin do rinne Cormac mac Cuileannáin na rainn-se romhainn síos:

  1. Cáin Éireann do ghabh Eachluaith,
    Iar g-Criomhthann, fá cáin a n-all;
    Acht nach deachaidh tar muir Manann,
    Riamh ní rosgabh rí ba fearr.
  2. A dtug Criomhthann mór mac Fiodhaigh
    Do ghiallaibh lais tar muir láin,
    Do rad i láimh churaidh chleathruaidh,
    Chonaill oirdheirc Eachluaith áin.
  3. Luidh Conall Eachluaith ar eachtra
    I ngach crích iar g-Criomhthann Cas;
    Go Dún Liamhna laoch fá hamhra,
    I n-ar marbhadh madhma mas.
  4. Leis Fearta Conaill i bh-Feimhion
    Druim Chormaic Áine Dún Gair;
    Caiseal Coincheann Ráith lonn Leamhna
    Fochair Mhaigh Dún Cearmna cain.

  5. c.

Moingfhionn inghean Fhiodhaigh deirbhshiúr Chriomhthainn féin thug deoch neimhe dhó i n-Inis Dornghlais ar Muaidh i ndóigh na ríoghachta do rochtain da muirnín mic .i. Brian mac Eachach Muighmheadhóin; agus fuair Criomhthann mac Fiodhaigh bás do neimh na dighe sin ar Sliabh Uidhe an Ríogh don taoibh thuaidh do Luimneach, agus ba marbh Moingfhionn féin do neimh na dighe sin i n-Inis Dornghlais ar Muaidh, ar bhfromhadh na neimhe dhi do ghríosadh a dearbhráthar da h-ól.

 p.372

48. XLVIII.

Do ghabh Niall Naoighiallach mac Eachach Muighmheadhóin mic Muireadhaigh Thírigh mic Fiachach Sraibhthine mic Cairbre Lithfeachair mic Cormaic Ulfhada mic Airt Aoinfhir mic Cuinn Chéadchathaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna fichead. Cairionn Chasdubh inghean ríogh Breatan fá máthair do Niall. Inne inghean Luighdheach bean Néill máthair Fhiachach. Ríoghnach bean oile do Niall lé rugadh seacht mic dó, mar atá Laoghaire agus Éanna, Maine, Eoghan, dá Chonall agus Cairbre, amhail adeir an file san rann-so:

  1. Faoilidh do bhí Ríoghnach réil
    Iar mbreith Laoghaire mic Néill,
    Éanna Maine monar nglé,
    Eoghan, dá Chonall, Cairbre.

Is é an Niall-so do chuaidh go sluagh líonmhar maille ris do neartughadh agus do phréamhughadh Dál Riada is chinidh Scuit i n-Albain do bhí fán am soin ag gabháil neirt ar Cruithneachaibh da ngairthear Picti, agus is é céad duine tug Scotia d'ainm ar Albain é, ar impidhe Dhál Riada agus chinidh Scuit, ar choinghioll go madh Scotia MinorScotia ba lugha do-bhéarthaoi uirre, agus Scotia Maior .i. Scotia is mó do gairfidhe d'Éirinn. Agus is tré bháidh ré Scota inghean Pharao Nectonibus fá bean do Ghalamh da ngairthí Mílidh Easpáine, ór fhásadar féin, rugadar Dál Riada do rogha Scotia do thabhairt ar Albain seoch Hibernia do thabhairt uirre.

Atá Camden aga rádh n-a chroinic ar Breatain gurab Scotia Bheag ainm na h-Alban agus Scotia Mhór ainm na h-Éireann, agus adeir nach faghthar scríbhne da fhaisnéis go dtugthaoi Scuit ar Albanachaibh go haimsir an impir  p.374 Chonstaintin Mhóir. Is é ainm fós ghairmeas Camden d'Éireannchaibh Scotorum Attavi .i. Seanaithreacha na Scot, da chur i gcéill gurab ó Éireannchaibh tángadar cine Scuit na h-Alban. Ag so fós mar adeir ar an ní gcéadna: ‘On Spáinn, (ar sé) tángadar Scuit i n-Éirinn san cheathramhadh aos. {Scoti ex Hispania in Hiberniam quarta aetate venerunt.}’ () Adeir fós Nennius , ughdar Breathnach, do réir Chamden, gurab san cheathramhadh aos don domhan do ghabhadar na Scitae .i. cine Scuit sealbh Éireann. Is follus fós a hannálaibh Éireann gurab Alba fá hainm don chrích sin go haimsir Néill Naoighiallaigh, agus mar fuaradar Dál Riada Scotia do thabhairt ar Albain do leanadar féin agus a sliocht di. Roimhe sin iomorro AlbaAlbania fá hainm dhi ó Albanactus an treas mac do Bhrutus, óir is i Alba do ráinig mar mhír ronna dó ó n-a athair. Triúr mac iomorro do bhí ag Brutus, do réir Monomotensis, mar atá Laegrus Camber agus Albanactus; agus do roinn Brutus oiléan na Breatan Móire eatorra, agus tug do Laegrus Laegria atá ar n-a sloinneadh uaidh féin, agus is di ghairmthear aniú Anglia; tug do Chamber Cambria da ngairthear Breatain aniú; agus an treas mír do Albanactus ó dtugthar Albania ar Albain.

Téid Niall da éis sin ó Albaingo Laegria líon a shluagh agus do rinne foslongphort innte; agus cuiris cabhlach go Breatain na Fraingce da ngoirthear Armorica d'argain na críche, go dtugadar dá chéad braighde do leanbhaibh uaisle leo go h-Éirinn, agus is ann san bhroid soin tugadar Pádraig leo i n-aois a shé mbliadhan ndéag, agus dá shiair dó, mar atá Lupida agus Darerca agus iomad do bhraighdibh oile ar cheana.

Is iomdha ughdar ag a shuidhiughadh gur Scotia fá hainm d'Éirinn agus gurab d'Éireannchaibh do gairthí cine Scuit. Ag so mar adeir Ionas abb ag labhairt ar Colum Chille, san dara caibidil. ‘Colmán, (ar sé), ré ráidhtear Colum, i  p.376 n-Éirinn rugadh é mar a n-áitighid cine Scuít. {Columbanus qui et Columba vocatur in Hibernia ortus est; eam Scotorum gens incoluit.}’ () Atá fós Beda san chéadchaibidil don chéidleabhar do Stair na Sacsan aga rádh gurab í Éire dúthaigh dhílis na Scot. Ag so mar adeir: ‘Is í Éire dúthaigh dhíleas na Scot. {Hibernia propria Scotorum patria est.}’ () Adeir an t-ughdar céadna ag scríobhadh ar na naomhaibh ní thig leis an ní gcéadna. Ag so mar adeir: ‘A h-Éirinn oiléan na Scot, (ar sé), táinig Kilianus naomhtha agus a dhá chomhthach. {Sanctus Kilianus et duo socii eius ab Hibernia Scotorum insula venerunt.}’ () As so is iontuigthe go dtugthaoi cine Scuit ar Éireannchaibh ré linn Beda do mhair i gcionn 700 bliadhan d'éis Chríost. Tig fós Orosius do mhair don leith istigh do 400 bliadhan do Chríost leis an ní gcéadna. Ag so mar adeir san dara caibidil don chéadleabhar: ‘Is iad cineadha Scot áitigheas Éire. {Hibernia a Scotorum gentibus colitur.}’ () Agus an chríoch-so ré ráidhtear Éire is follus go coithcheann go dtugthaoi leis na hughdaraibh Scotia uirre. Ag