CELT document G100055

Trí Bior-Ghaoithe an Bháis

Ag so síos Trí Bior-ghaoithe an Bháis, mar a dtráchtar ar na trí básaibh atá 'na mbearnaibh baoghail ar an duine, agus mar a gcoi-meastar ré chéile iad, agus mar a gcuirthear síos tuarasgbháil an bháis chorpardha, agus mar a bhfoillsighthear cionnus fhéadas duine é féin d'iongabháil ar an dá bhás oile, mar atá bás na coire agus bás na péine;

Arna sgríobhadh agus arna gcor i n-eagar agus arna gcnuasach le Séathrún Kéitinn, sagart agus doctúir diadhachta, agus atáid arna roinn i dtrí leabhraibh, agus gach leabhar díobh roinnte i n-altaibh, agus gach alt i ngonaibh, mar bhus follus don léaghthóir.

Aois an Tighearna ag críochnughadh na hoibre se don ughdar,

 p.2

Geoffrey Keating

Edited by Osborn Bergin

Trí Bior-Ghaoithe an Bháis

 p.3

1. Trí Bior-ghaoithe an Bháis

An céid-leabhar

1. AN CÉAD-ALT

1. An chéad-ghoin

Statutum est hominibus semel mori “do horduigheadh dona daoinibh aon-uair amháin bás d'fhagháil,” do réir Phóil san naomhadh caibidil gusna hEabhraidhibh.

Is uime cheana rug Dia an daoir-bhreath so ar na daoinibh, tré choill a chána don chéad-athair ór fhásadar .i. Ádhamh. Óir do fhógair Dia, i bpéin bháis d'imirt ar Ádhamh agus ar a shliocht, gan toradh chroinn na haithne do fhromhadh, do réir mar léaghtar san dara caibidil in Genesi. Agus do bhríogh gurab é Ádhamh budh ceann fine ar a chlann-mhaicne féin, do 10 luigh dochar agus daoirse na breithe sin air féin agus ar gach aicme dar chin uaidh, agus dá ngeinfidh go bruinne an bhrátha. Agus ó's d'ainiarsma na breithe sin táinig an bás dá rochtain féin, roichfidh an bás céadna gach aon dár fhás agus dá bhfásfaidh uaidh go foirceann an bheatha, an mhéid nach fuair bás cheana 15 dhíobh.

2. An dara goin

Is é an bás so do taisbéanadh i riocht reithe do Daniel fáidh, an tan do-chonnairc reithe ag beartughadh a adharc ar cheathra hairdibh an domhain fa seach, agus nach féadadh beathadhach ar bioth cathughadh ris, ná é féin do dhíon ar a láimh, acht do-níodh 20 do réir a thoile féin orra, do réir mar léaghthar san ochtmhadh caibidil ag Daniel chéadna. Tuig cheana do réir na háite sin go raibhe adharc ag an reithe sin dobudh faide ioná an  p.4 adharc oile. Dá chor i gcéill go gcinneadh sé leis an adhairc budh sia ar na tréanaibh, agus leis an adhairc budh giorra ar na hanbhfannaibh. Is eadh mar an gcéadna chialluigheas an beartughadh nó an t-innliughadh do-ní sé ar na ceithre hairdibh, an t-amus do-bheir sé ar cheathra haosaibh an duine .i. aos macaoimh, aos ógáin, feardhacht agus seanórdhacht.

3. An treas goin

Is ar anfhorlannaibh an bháis se agus ar a ghnéithibh laibheóram 30 san trácht so síos, agus do bhríogh nach cumhachtach sinn féin ris aní se do chuireamair romhainn do chríochnughadh mar is díol, gan congnamh speisialta an Spiorad Naoimh, guidheam ar n-eadarghuidhtheóir agus ar n-abhacóideach Muire Mháthair, dá iarraidh uirre a himpidhe do chur ar an Spiorad Naomh, fá 35 gach ní dá gcuirfeam san trácht so do dhul i nglóir do Dhia, agus i sochar agus i soileas dona Críostaighthibh i gcoitchinne.

4. An ceathramhadh goin

Measaim gurab é an bás, an marcach úd an eich bháin do taisbéanadh d'Eóin, do réir mar léaghthar san seiseadh caibidil in Apocalypsi. Is amhlaidh iomorra do-chonnairc Eóin an 40 marcach so, agus coróin fána cheann, agus bogha 'na láimh, ré buaidh 2 do bhreith as gach aird. Is eadh cheana chialluigheas an choróin do bhí fána cheann, gur dhearbh leis buaidh do bhreith ar gach n-aon ré gcaithfeadh soighead gáibhtheach an ghalair a bogha bhríoghmhar an bháis.

45 Atáid briathra san cheathramhadh caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh as a dtuigthear go bhfuil an bás i gcinneadh dá gach aon-duine go coitcheann, mar a n-abair Dáibhídh, omnes morimur etca. “do-gheibhmid uile an bás, agus tuitfeamaoid ré fánaidh amhail na huisgeadha.”

5. An cúigeadh goin

50 Atá fioghair san treas caibidil ag Daniel as a dtuigthear nach gabhann an bás ag druing ar bioth dona daoinibh. Do-chonnairc  p.5 iomorra rí uaibhreach anfhlaitheach do bhí ar an mBáibhiolóin darbh ainm Nabugodonasor íomháigh éagsamhail iolchrothach i n-aisling. Is amhlaidh dobhaoi an íomháigh mhór sin 'na 55 seasamh, agus í ard, agus dobudh uathbhásach urghránna ré faigsin í: a ceann d'ór, agus a hucht agus a lámha d'airgead, a bruinne agus a leasracha d'umha, a sliasda d'iarann, agus an chuid oile dá cosaibh d'iarann agus do chriaidh. Agus do-chonnairc cloch gan lámha uirre ag tuitim do shliabh, go dtarla ré cosaibh na híomháighe 60 í, gur mhionuigh agus gur bhris cosa na híomháighe maraon ris gach mball oile dhí idir chriaidh, iarann, umha, airgead, agus ór, go ndearnadh luaithreadh dhí, amhail luaithreadh samhraidh ag 61 éirghe do lár ré gal ngaoithe, go nach fríoth a tuarasgbháil dá héis. An chloch cheana lér turnadh í, do-rinne sliabh mór dhi, 65 do líon an talamh go huilidhe. Tar gach míniughadh oile dá dtugthar ar an aisling se, measaim gurab é is fáth-rún di: gurab í an íomháigh úd an nádúir dhaonna, agus gurab é chialluighid na boill éagsamhla úd na híomháighe, staide éagsamhla na ndaoine. Óir cialluighidh an ceann óir úd ríghthe agus prionnsadha; an 70 t-ucht agus na lámha airgid, comhairligh na ríogh agus na bprionnsadh; na bruinne agus na leasracha umha, na huaisle agus na hurraidhe bhíos ag cíosughadh agus ag tabhairt chána dhóibh; na sliasda iarnaidhe, na cinn fheadhma agus na daoine díolmhaine bhíos ag cosnamh agus ag caomhna na gcríoch; na luirgne agus an troightheach 75 criaidh-iarainn, an pobal coitcheann ó shoin amach; an sliabh úd do luaidheamair dar thuit an chloch, ceirt-bhreitheamhnas Dé; agus an chloch féin, an bás. Óir amhail do turnadh an chloch réamhráitte don tsliabh, do bhloghadh agus do bhriseadh na 76 híomháighe, go ndearnaidh luaithreadh dhi, is mar sin thuiteas 80 an chloch úd .i. an bás, don tsliabh .i. ceirt-bhreitheamhnas Dé gusan nádúir dhaonna, dá briseadh agus dá buan-raobadh idir cheann agus chois .i. idir uachtarán agus íochtarán, ionnus nach téid aon uaithe gan aidhmilleadh.

6. An seiseadh goin

Adeir fós Solamh san cheathramhadh caibidil déag in 85 Ecclesiastico go ndligheann gach aon bheith cuimhneach ar an  p.6 mbás. Ag so mar adeir: memor esto quia mors non tardat “bí 86 cuimhneach nach déin an bás moill gan teacht d'fhios gach 87 aoin.” Más eadh bíodh a fhios ag gach aon gurab luaithe 88 chéimnigheas an bás sna haimsearaibh se ioná i dtús na 90 n-aimsear, mar is follus ar ré Ádhaimh, do mhair tuilleadh agus 91 naoi gcéad bliadhain, agus ar ré Mathasalem, do mhair an comhfhad céadna. Agus ní hiad amháin fuair ré fhada ón mbás réna linn féin, acht drong mhór oile maille riú sna haimsearaibh i rabhadar; ní hionann agus an aimsir se, óir is follus gurab tearc duine do-gheibh 95 os cionn cheathra bhfichid bliadhan, acht i gcruth gurab cuma dhó a bhás nó a bheatha ó shin amach, do réir mar adeir Dáibhídh san .89. Salm, octoginta anni, amplius labor et dolor “ceathra fichid bliadhan, ó shin amach duadh agus doilgheas.” Is 96 follus do réir a ndubhramair go bhfuil an bás go cinnte i gcionn 100 gach aoin, idir óg agus arsaidh, idir uasal agus íseal, amhail adubhramair thuas.

7. An seachtmhadh goin

Gidh eadh faríor, is ionann dál do mhórán do dhaoinibh an tsaoghail se agus don lá luing bhíos ag imteacht an mhara i gcuinne a chéile; óir saoiltear lé lucht gach luinge dhíobh gurb 105 í a long féin bhíos 'na comhnaidhe, agus gurb í an long oile bhíos ar siubhal. Mar sin do mhóran do dhaoinibh bhíos ag maraidheacht ar mhuir mhailísigh na beatha so, saoiltear léo iad féin do mharthain i réim na beatha so agus cách dá mbreith ré buinne rabharta na ré tadhaill atá san bheathaidh se. Agus is iongnadh an dáil 110 dóibh, nach tuigid gan an bás do shíoth ris an nádúir dhaonna, agus é go laothamhail ag oirleach orra, agus fós é agá sloidhe agus agá snámh-chnaoi go fóill, amhail shnigheas gainimh na huaire san urláisde, ionnus gurab ionann dáil dona daoinibh do leith an bháis agus don druing do bhiadh damanta i bpríosún, agus a bhara fá gach aon aca 115 bás d'fhulang diaidh i ndiaidh ar uainibh do réir thoile an ríogh.

8. An t-ochtmhadh goin

Mar sin iomorra do-ní bás ris na daoinibh; óir mar nach feas dona coireachaibh cia dhíobh dá gcinntear bás ar dtús,  p.7 mar sin dona daoinibh i gcoitchinne. Agus is uime sin adubhairt Thomas Morus, amhail léaghthar san dara caibidil déag 120 dá bheathaidh, cibé cimeach agá mbí dá chonair ré triall dó ón charcair go croich, agus slighe dhíobh fada agus an tslighe oile gearr, nach feas dó cia dhíobh raon 'na dtriallfadh an básaire nó an céasdúnach gusan gcroich leis; mar sin dona daoinibh i gcoitchinne ag triall go croich na cinneamhna.

125 Agus is ag cur na guaise sin i gcuimhne dhúinn atá aní léaghthar ag Eóin san treas caibidil in Apocalypsi, ag labhairt i bpearsain Chríost mar a n-abair, si non vigilaveris veniam ad te tanquam fur “muna dhearna tú faire, tiocfad id dháil amhail bithbhineach.” Dá chor i gcéill go dtig sé san mbás gan fhios, 130 an uair is lugha shaoiltear a theacht. Dá bhríogh sin ní foláir don uile dhuine bheith ollamh roimhe, ó atá an bás dearbh agus an aimsir aindearbh.

9. An naomhadh goin

Más eadh is é ollmhughadh is fearr dho do dhéanamh air féin, bheith ag sgrúdadh agus ag sgáthántacht agus ag bioth-chuimhniughadh 135 an bháis agus shomharbhthachta an duine do shíor, do réir Sholaimh san seachtmhadh caibidil in Ecclesiastico, mar a n-abair, memorare novissima et ca. “cuimhnigh a dhuine do neithe déidheancha, agus ní pheacóchair go bráth.” Adeir mar an gcéadna Solamh san seachtmhadh caibidil do Leabhar na 140 hEagna, ní do bhíodh 'na mheanmain gach a mhionca tigeadh uaill a inntinne nó airde a aigeanta. Ag so aní adeireadh, sum quidem et ego mortalis homo, similis omnibus “is dearbh go bhfuilim-se im dhuine shomharbhtha amhail chách oile.” Mar an gcéadna do réir mar léaghthar san cheathramhadh caibidil 145 déag do Ghníomharthaibh na n-Apstal, an tan do shanntuigheadh pobal Licaonia Pól agus Barnabas d'adhradh mar dhée tré iomad agus tré aidhbhsighe a ngníomh, agus tré mhéad a míorbhal, is eadh do-rónsad na hapstail, smuaineadh ar an mbás, agá rádh, et nos mortales sumus, similes vobis homines “ní fhuil ionainne acht 150 daoine somharbhtha mar sibhse.” Agus is uime adubhradar sin, do theagasg an phobail agus dá thabhairt mar aiceacht dóibh,  p.8 gacha mhionca dobheidís i mbaoghal a n-uaille nó a n-aigeanta d'ardughadh, gurab eadh do dhlighfidís, smuaineadh frithir friochnamhach do dhéanamh ar an mbás, amhail do-rónsad féin 155 an tan dobhádar i mbaoghal a n-aigeanta d'ardughadh, an tan do bhí an pobal ar tí a n-adhartha mar dhéé. Óir ní héidir leigheas d'fhagháil i n-aghaidh urchóide na huaille is fearr ioná 156 smuaineadh meinic an bháis. Agus is iontuigthe sin as aní do-rinne Abraham, amhail léaghthar san .23. caibidil in Genesi .i. 160 gurab ionadh adhluicthe dhó féin agus dá mhnaoi céid-fhearann do cheannuigh sé riamh. Créad is iontuigthe as sin, acht gurab eadh dhligheas gach aon, smuaineadh an bháis do bheith i seilbh a mheanman ó thús a ré go deireadh a shaoghail?

3. An deachmhadh goin

Tuig a dhuine, nach lór duit amháin eagla nó omhan an 165 bháis do bheith ort i n-aimsir do sheanórdhachta nó th'arsaidheachta, acht go ndligheann gach neach bith-eagla an bháis do bheith air ó thosach go deireadh a aimsire. Atá fioghair san mBíobla ag teacht leis so, amhail léaghthar san chéad-chaibidil do Levitico, mar ar orduigh Dia dona sagartaibh clúmh na n-éan 170 n-iodhbartha do chor imeasg luaithe na hiodhbarta don taoibh thoir don altóir. Is eadh chialluigheas an taobh thoir don altóir, oirthear .i. tosach aoise an duine, amhail chialluigheas an taobh thiar earr nó deireadh na haoise; agus is eadh chialluigheas an clúmh agus an luaith do chor tréna chéile, smuaineadh sochrach 175 na somharbhthachta do chor tré eiteadhaibh uaille na hóige, do mhúchadh a hainmhian. Agus is ait an ní léaghthar ag Eustatius san seiseadh leabhar, mar ar sgríobh ar athach darbh ainm Antaeus. Ag so aní aithristear air: go ndeachaidh do ghleic ré hEarcuil, agus gach a mhionca do mhothuigheadh a neart 180 agá thraothadh, do iarradh árach ar an dtalmhain do phógadh, agus gach a mhionca do-níodh sin, do fhásadh a bhruth agus a bhríogh arís ann. Mar an gcéadna dhligheas Antaeus .i. an duine, an 181 tan bhíos ag gleic ré Hercules .i. ris an aibhirseóir, agus bhraitheas a bhríogh spioradálta agá chlódh lé gleic ghuasachtaigh na glóire 185 díomhaoine, árach na humhlachta d'iarraidh, do chromadh agus  p.9 186 do chlaonadh na toile do phógadh na talmhan, do shíor-smuaineadh na somharbhthachta atá san gcolainn do dhúthchus ón talmhain. Óir tiocfaidh dhe sin aithbheódhadh a bhríogh spioradálta ó anuaill na glóire díomhaoine. Mar an gcéadna 190 adeirim ris an saoghal cromadh trésan déirc, nó ris an gcolainn cromadh trésan dtrosgadh, nó tré chiorrbhadh cuirp.

11. An t-aonmhadh goin déag

Ní fhuil fós easbaidh spioradálta dá mbí ar dhuine nach leighiseann smuaineadh meinic an bháis. Agus is dearbhadh air sin aní léaghthar ag Lucas san chúigeadh caibidil mar do leighis 195 Críost an dall nach facaidh a bheag nó a mhór ó do geineadh é gusan dtráth soin. Is amhlaidh iomorra do-rinne Críost sin, sileadh do chur i gcuid do luaithreadh na talmhan, agus laitheach do dhéanamh dhíobh, agus a gcomailt do shúilibh an daill, agus tug a radharc amhlaidh sin dó. Mar an gcéadna dhligheas gach 200 aonduine bhraitheas é féin dall ó dhoilbh-cheó dhoiléir an pheacaidh, as nach léir dhó a leas do dhéanamh, léigeadh sileadh do dhéaraibh an doilgheasa ar luaithreadh na somharbhthachta atá ann féin, agus coimleadh sin do rosgaibh a rúin, agus do-ghéabhaidh aiseag amhairc a intinne as.

12. An dara goin déag

205 Léaghthar san .22. caibidil do Levitico mar do orduigh Dia dona sagartaibh gan chaoirigh ar bioth ar a mbiadh easbaidh earbaill do ghabháil réna hiodhbradh. Mar an gcéadna ní ghabhann Dia mar iodhbairt chuige an duine ar nach bí earball .i. an té léigeas de gan bheith ag smuaineadh ar a chrích 210 dhéidheanaigh. Óir adeir S. Athanasius naomhtha gurab uime do mhalluigh Críost crann na bhfígeadh, tré mar is do dhuille chroinn na bhfígeadh do chuir Ádhamh roimhe i bparrthus a shomharbhthacht féin do cheilt, tuilleadh agus cheithre mhíle bliadhan sul do mhalluigh Críost an crann. Is iontuigthe as 215 soin gurab tuar malluightheachta don druing cheileas, nó chuireas ar ceal, cuimhne do bheith aca ar shomharbhthacht an duine 216 san chrích dhéidheanaigh; agus is iad an drong soin an lucht do-bheir  p.10 iad féin do shainnt an tsaoghail agus d'ainmhianaibh na colna agus do ghlóir dhíomhaoin. Óir saoilid an drong soin go mairfeadh 220 sin leó do shíor. Gidh eadh, mar nár dhíon an duille réamhráitte sin somharbhthacht Ádhaimh, mar an gcéadna ní dhíonaid na dubháilce ná na droich-bhéasa ná saidhbhreas ná díomhaoineas an tsaoghail se an drong do-ní flaitheas díobh, agus do-bheir i ndearmad agus i ndíochuimhne a gcríoch dhéidheanach.

13. An treas goin déag

225 Ní hionann iomorra dál don druing se agus do Mhaoise, do réir mar léaghthar san treas caibidil déag in Exodo. Óir gérbh iomdha ór agus airgead agus iolmhaine i n-imirce Chloinne Israel, is eadh fá muirear agus fá maoin do Mhaoise ag dol dó trésan Muir Ruaidh, luaithreadh agus taise na naomh, agus go háirithe taise an 230 ardathar .i. Ioseph, do réir na caibidleach céadna, mar a n-abair, tulit quoque Moyses ossa Ioseph “do iomchuir mar an gcéadna Maoise cnámha Ioseph.” Agus is dona hadhbharaibh fá ndearna sé sin, mar chuimhniughadh ar an mbás agus ar shomharbhacht an duine. Léaghthar ag Andreas Massius san chaibidil 235 déidheanaigh ro sgríobh ar leabhar Iosue gur chuir an t-ard-athair Noe taise Ádhaimh i dtaisgidh san áirc ré hucht na dílinne, mar ionnmhus luachmhór, ionnus go mbiadh aige mar shaidhbhreas réna roinn idir a chloinn, amhail do-rinne. Óir tug sé an ceann don mhac fá sine, agus do roinn go cudroma an chuid oile idir an 240 dís oile. Agus is uime do-rinne sé sin, do bhríogh gur mheas gur mhó do shochar dá chloinn na taise sin, do-bhéaradh an bás 'na gcuimhne, do bheith aca, ioná ór agus iolmhaoine na cruinne.

14. An ceathramhadh goin déag

Ní hiongnadh an meas soin do bheith ag an hardaithreachaibh réamhráitte a sochar chuimhnighthe an bháis, agus a mhionca do 245 bhí cuimhne ag prionnsadhaibh págánta ar an mbás. Bíodh a fhiadhnaise sin ar Alexander, do réir mar léaghthar 'na bheathaidh go raibhe lá n-aon ag éisteacht ealadhan agus eólais ó fheallsamhnaibh feasacha foghlamtha a theaghlaigh agus a thighe féin; agus an tan do gheall a mbreath féin dóibh, is é ní do iarrsad  p.11 250 air, iad féin do dhéanamh domharbhtha. Do fhreagair dhóibh agus 251 is eadh adubhairt: “Ní thabhair duine uaidh aní nach bí aige; agus do bhríogh nach fuil domharbhthacht agam, ní fhéadaim a tabhairt daoibh-se. Agus a thruagha, ar sé, nach tuigthí gurab duine mise, agus dá réir sin go bhfuilim féin somharbhtha amhail 255 gach nduine oile.”

15. An cúigeadh goin déag

Léaghthar arís ar Aelianus, san chúigeadh caibidil déag don naomhadh leabhar ar Philip, athair Alexander, go mbíodh an uiread soin do chuimhne ar an mbás aige, go dtug sé tuilleamh agus tuarastal do thaoiseach dá mhuinntir fá thoidheacht dá fhios 260 gacha maidne lé forfhógra an bháis agá rádh, O Rex, memento te esse hominem “a rí, cuimhnigh gurab duine thú, agus dá réir sin go bhfuile somharbhtha amhail chách.”

16. An seiseadh goin déag

Léaghthar mar an gcéadna ag Plutarc, san gcéad-obair ro sgríobh go Apollonius, gur fhiafraigh rí anuaibhreach na Lacedemonia 265 darbh ainm Pausanias, d'fheallsamh fhoghlamtha do bhí 'na fhochair darbh ainm Simonides, créad an teagasg tarbhach nó an chomhairle chríonna do-bhéaradh dhó, lé bhféadfadh a fhlaitheas do stiúradh, agus a bheatha do thabhairt as go measardha. Do fhreagair Simonides agus adubhairt, “ag so an chomhairle is 270 glioca do-cíthear dhamh: O Rex, memento te esse hominem, a rí, cuimhnigh gurab duine thú.” Dá chor i gcéill go raibhe sé somharbhtha. Óir do mheas an feallsamh fír-eólach, nach raibhe san domhan foirceadal ná teagasg budh tarbhaighe dhó ré a thabhairt don rígh, ioná an bás do chor i gcuimhne dhó, do 275 mhúchadh a mhacnais agus a mheanman, agus d'ísliughadh a uaille agus a ard-aigeanta.

17. An seachtmhadh goin déag

Léaghthar ag Plutarc san leabhar dá ngoirthear Fleadh na n-Eagnaidheach, go raibhe rí san Éigipt do bhí roi-eagnaidhe, dar bh'ainm Ptolomeus Philadelphus, agus go mbíodh aige do ghnáth, ré 280 linn bheith ag caitheamh a phroinne dhó, cloigeann duine mhairbh  p.12 ar an mbord 'na fhiadhnaise, agus fós fá héigean dá fheadhmannach, ar mbeith ag caitheamh a phroinne dhó, seasamh 'na fhiadhnaise agá radh, “A rí agus a thighearna, cuimhnigh go raibhe fear an chloiginn se mar ataoi-se, agus go mbiaidh tusa amhail atá-san.” 285 Léaghthar san áit chéadna go raibhe 'na ghnáthughadh ag lucht na hÉigipte, an tan do bhídís ar cóisir nó ar cuireadh choithcheann, ré freastal an bhídh ar na bordaibh, go dtigeadh fear friothóilte imeasg cháich ré suidhe dona huaislibh agus dona hurraidhibh, agus taise dhuine mhairbh leis dá leagadh ar na bordaibh i 290 bhfiadhnaise na n-uasal agus na n-oireach, agá rádh: “A chairde tairise, cuimhnighidh gur éagsad an dream dar chnámha na taise se, agus go n-éagfuidhe-se mar an gcéadna.”

18. An t-ochtmhadh goin déag

Is iomdha sompla oile do fhéadfamaois do thabhairt anuas ar Phágánchaibh, léigfeamaoid dínn don chur so gan teacht tarsa. Gidh eadh, bíodh a fhios agaibh gurab dona céad-aiceachtaibh tug Dia don duine smuaineadh ar an mbás, an tan adubhairt ré hÁdhamh, an tan do chaithfeadh ní do thoradh an chroinn, go bhfuighbheadh bás, do réir mar léaghthar san dara caibidil in Genesi; agus arís, mar do innis don duine gurab do 300 luaithreadh do-rinneadh, agus gurb i luaithreadh do claochlódhthaoi é, ag cor an bháis i gcuimhne dhó, amhail léaghthar san treas caibidil. Agus fós léaghthar san chaibidil chéadna gurab do chroicnibh beathadhach marbh do-rinne Dia an céid-éadach d'Ádhamh agus d'Éva, do chor an bháis i gcuimhne dhóibh, ionnus 305 an tan do-chífidís croicne na mbeathadhach marbh, gomadh cumhain leó an bás do bheith i gcinneadh dhóibh féin.

19. An naomhadh goin déag

Is iontuigthe as aní léaghthar san ochtmhadh caibidil déag ag Ieremias, nach fuil sgol ar bioth 'nar tarbhaighe do neach dol d'fhoghlaim a leasa ioná go ceardchain an bháis, d'fhagháil 310 fheasa agus eólais ar an somharbhthacht atá i gcinneadh dona daoinibh i gcoitchinne. Óir an tan do bhí Dia ar tí Ieremias do theagasg, is eadh adubhairt ris, dul isteagh i gceardchain 'na  p.13 raibhe ceard chorcán gcriadh do dhéanamh. Agus ar ndol dó isteagh san gceardchain, is amhlaidh do bhí an ceard, agus crocán 315 ar deil aige dá ollmhughadh; agus sul do dhealuigh ris an roth, do bhris aige. An dara feacht do thiomsuigh an gcriaidh gcéadna, agus do ghabh agá suathadh, go ndearna corcán oile dhi. Mar sin dó ris na crocánaibh, óir do bhriseadh cuid díobh sul do thiormuighdís aige, agus cuid oile d'éis tiormuighthe. Go 320 fáith-chiallach, is é an ceard úd an nádúir dhaonna, agus an roth beatha an duine, ó thig anam ann go fagháil bháis dó; an soitheach criadh an duine; agus an cheardcha úd sgol sgrúduighthe an bháis. Agus is eadh chialluighid na crotha éagsamhla ar a bhfaghaid na daoine bás, mar atá, cuid díobh sul bheirthear iad, agus cuid oile iarna 325 mbreith, cuid iona n-ógánchaibh agus cuid 'na seanóiribh. Agus is córaide an coimmeas so do dhéanamh idir an gcriaidh agus an duine, mar adeir Iob san .30. caibidil, Comparatus sum luto “atáim arn-am choimmeas ré lathaigh.” Dá chor i gcéill gurab amhlaidh theagmhas don duine amhail theagmhas don lathaigh 330 nó don chriaidh bhíos i gceardchain na soitheach gcriadh, amhail adubhramar. Créad is iontuigthe as so, acht nach fuil cruth ar bioth 'na mbí an duine acht cruth 'na bhfuil sé somharbhtha? Agus is dá chor so i gcéill tug Dia an taisbéanadh úd do Ieremias, ré a chor i gcéill do Chloinn Israel do bhí díomsach doitheagaisg 335 ionnta féin, do bhríogh gur mheas nach raibhe sás a meanman do mhúchadh agus a n-uaille d'ísliughadh dob fhearr ioná an bás do bhagar orra.

2. AN DARA HALT

'na gcuirthear i gcéill go bhfuilid trí sochair do-geibhthear a smuaineadh bioth-ghnáth an bháis.

1. An chéad-ghoin

An céad-shochar dhíobh, go dtabhair ar neach dimbríogh agus neimhsheadh do thabhairt san tsaoghal, do réir mar adeir 340 Ieronimus ag sgríobhah go Paulinus, mar a n-abair, facile contemnit omnia qui se semper cogitat moriturum “an tí smuaineas  p.14 do ghnáth go bhfuighbhe féin bás, is urusa leis dimbríogh do thabhairt san uile ní,” agus dá réir sin i maoin agus i maitheas sho-ghluaisde an tsaoghail se. Óir amhail thréigeas an dallóg bheith 345 ag súghadh fhola an easláin, an tan chroittear luaithreadh ar a ceann, mar an gcéadna don tsanntach, tréigidh bheith ag súghadh agus ag slogadh núis na talmhan, agus ag diúl duille dhiombuain an domhain, an tan chroittear crithir do chuimhne an bháis ar bhuaic a mheanman.

2. An dara goin

350 Bíodh a fhiadhnaise sin ar aní léaghthar ag Galiensis, .i. go raibhe aon-mhac duine uasail agá raibhe oighreacht mhór 'na chomhair, go ghabh cuing chrábhaidh agus do thréig toicce an tsaoghail ar ghrádh na bochtachta. Agus an tráth do-chualaidh a athair sin, do ghabh fearg mhór é, agus do-chuaidh d'fhios an 355 mhic, dá ghuidhe um thoidheacht as an ord bhocht 'na raibhe. Do fhreagair an mac dhó, agus adubhairt nach tréigfeadh féin an t-ord 'na raibhe ar an oighreacht do bhí aige-sean ré a fágbháil, acht muna dtigeadh dhe an droch-nós do bhí 'na dhúthaigh do chor ar gcúl; agus is é droch-nós do mhothaigh do bheith ann .i. 360 gurab ionann tigeadh an bás do rochtain an óig agus an arsaidh, an bhoicht agus an tsaidhbhir, an uasail agus an ísil. An an iomorra do-chualaidh an t-athair uraghall an mhic, do thuig go raibhe an bás d'áirithe ag gach aon-duine; agus dá bhríogh sin nár chuirthe seadh sna sealbhaibh saoghalta. Agus leis sin do thréig féin a 365 uile mhaitheas talmhaidhe ar an mbochtacht, amhail do-rinne a mhac, mar do-chualabhair. Ag so is iontuigthe go dtig do chuimhne an bháis neimhsheadh ag duine i maoin shaoghalta.

3. An treas goin

An dara sochar, go múchann macnas na colna; agus gurab uime sin do bhagair Dia ar Ádhamh gurb do luaithreadh do-rinneadh 370 é, agus gurab i luaithreadh do fillfidhe é, do bhríogh nachar mheas sé leigheas ar bioth i n-aghaidh chraois agus antoile Ádhaimh budh fearr ioná an bás do bhagar air. Agus fós is ag cor aneithe se i gcéill atá aní léaghthar san naomhadh caibidil  p.15 déag do Leabhar na Nuimhreach, mar ar orduigh Dia don 375 mhuinntir do bheith cáidheach nó salach dol d'fhios na sagart dá nglanadh; agus is amhlaidh do-níthí riú, luaithreadh na hiodhbarta agus fíor-uisge ar n-a gcumasg do chrothadh orra le craoibh íosóipe. Agus is eadh chialluigheas sin, go ndligheann gach aon bhíos cáidheach nó salach ó cheanaibh an chuirp, luaithreadh 380 smuaintighthe an bháis do chumasg tré fhíor-uisge na haithrighe, agus a gcrothadh ar an anam lé híosóip na hurnaighthe.

4. An ceathramhadh goin

Dearbhadh oile fós air sin aní léaghthar ag Isidorus, san dara caibidil don seachtmhadh leabhar do Leabhraibh na Sanasán, ar luaithreadh an chroinn dá ngoirthear iuniper .i. go 385 gcaomhnann sí grís gan mhúchadh ar feadh bliadhna. Mar an gcéadna do luaithreadh smuaintighthe an bháis, do-níthear do chrann an choguais bhíos ar n-a uile-losgadh lé teine grádha Dé ar altóir na hanma; cumhduighidh sí grís an ghrádha céadna i n-aigneadh an fhíréin do shíor. Agus is é sochar thig dhe 390 sin: an gcéin mhaireas grádh Dé i n-anam an fhíréin, nach éidir éin-spréidh do theine na hantoile do mharthain 'na mheanmain, amhail nach féadann teine ghrádha Dé marthain mar aon ré hannsacht na hantoile. Agus cibé do shaoilfeadh go bhféadfadh grádh ainmhianach na hantoile bheith mar aon ré 395 grádh nDé, bíodh a fhios aige gur bréagach a bhreathnughadh. Óir ní héidir a mheas go mbiadh dúil ag duine i gcraos agus i ndrúis nó i ndroich-bheartaibh oile, agus iona gcur i ngníomh, agus a fhios aige féin gurab neamhthoil ré Dia a ndéanamh, agus a rádh go mbiadh grádh do Dhia i n-aoinfheacht riú aige.

5. An cúigeadh goin

400 Is iontuigthe fós as aní léaghthar ag Galiensis san leabhar dá ngoirthear Toirbheart an Uamhain, go dtig múchadh na n-ainmhian do smuaineadh an bháis; mar a léaghthar go raibhe lá n-aon duine foghlamtha ainmhianach ag éisteacht ré beathaidh na n-ard-aithreach úd an tsein-reachta agá léaghadh, agus an 405 sgríbhinn agá fhaisnéis go maireadh drong dhíobh ós cionn ocht  p.16 gcéad bliadhan, agus drong oile ós cionn naoi gcéad bliadhan; gidh eadh, i ndeireadh bheatha gach aoin aca do-chluineadh na briathra so agá léaghadh: et mortuus est “agus atá ar bhfagháil bháis.” As na briathraibh sin do thuig an t-eagnaidheach dá 410 fhaide mhaireas duine gurab cinnte dhó an bás dá rochtain. Agus táinig don smuaineadh sin gur dhiúlt sé d'áineas agus d'antlás an tsaoghail, agus do ghabh cuing chrábhaidh ré ais, agus do chaith a aimsir go haithrigheach ó shoin amach. Mar sin do gach aon oile smuaineas go grinn glain-eólach ar an mbás: do-bheir sé i 415 dtáir agus i dtarcaisne bláth bréige na beatha so.

6. An seiseadh goin

Is uime sin atá aní léaghthar ag Galiensis, ar an ngnáthughadh bhíos ann ré linn Phápa do dhéanamh. Téid iomorra 416 duine ar an raon roimhe, ré dtriall i nglóir-réim dhó, agus ultach do bharrach lín aige, agus an tan loisgthear an líon lais adeir na 420 briathra so: Pater Sancte, transit gloria mundi .i. “a athair naomhtha, is mar sin téid seacha glóir an domhain.” Dá chor i gcéill gurab sás sriain do chor ré macnas na colna smuaineadh an bháis. Agus is uime sin do dheónuigh Dia do Chloinn Israel, ré hucht bheith ag déanamh crábhaidh, luaithreadh 425 do chrothadh ar a gceannaibh, dá chor i gcuimhne dhóibh a mbeith féin fá dheóidh iona luaithreadh. Agus is maith do thuig Abraham a shomharbhthacht féin, do réir mar léaghthar san ochtmhadh caibidil déag in Genesi, mar a n-abair, loquar ad Dominum cum sim cinis et pulvis “labheóraidh mé ris an 430 dTighearna, ar mbeith im luaith agus im luaithreadh dhamh.” Adeir fós Solamh san seachtmhadh caibidil déag in Ecclesiastico ní as a dtuigthear nach fuil acht talamh agus luaith san cholainn daonna, mar a n-abair, omnis homo terra et cinis “is talamh agus is luaithreadh na huile dhaoine.” Agus is ag cur an bháis chéadna 435 i gcuimhne dhúinn atá an fógra tug Dia do Chloinn Israel, amhail léaghthar san naomhadh caibidil déag do Leabhar na Nuimhreach, mar do aithin díobh luaith na bó do bheith ar n-a hiodhbairt do dhortadh i n-ionadh ro-ghlan. Dá chor i gcéill go ndligheann an duine luaith a mheanman bhíos arna losgadh  p.17 440 le teinidh grádha Dé do chor i dtaisge i n-ionadh ghlan, mar atá i gcisde, nó i gcliabh chomhghonta an choguais. Is mar chuimhniughadh ar a shomharbhthacht féin atá aní léaghthar san chúigeadh caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh ar Naaman, mar thug leis muirear cuingreach don úir do 445 bhí láimh ré Sruth Iordáin, ionnus gomadh cumhain leis go raibhe féin 'na lobhar easlán ré ndol go Iordáin dó, agus dá réir sin go raibhe an bás d'áirithe aige féin fá dheireadh.

7. An seachtmhadh goin

Léaghthar san .28. caibidil in Exodo gur orduigh Dia don ard-shagart Maoise anmanna dá threibh dhéag Israel do sgríobhadh 450 ar dhá leic — sé treabha ar gach leic dhíobh, do réir uird a ngeineamhna. Agus is uime do dheónuigh Dia na treabha soin do sgríobhadh ar na leacaibh, ionnus an dream do léighfeadh anmanna na dtreabh soin iar n-éag dóibh, go dtugdaois i gcuimhne an bás do bheith coitcheann dá gach aoin-treibh, 455 agus dá gach aon-aicme don druing dhaonna.

8. An t-ochtmhadh goin

Is do chor fós an bháis i gcéill atá aní léaghthar san .20. caibidil in Exodo, mar ar fhoráil Dia ar Chloinn Israel altóire criadh do dhéanamh mar a ndighéandaois a n-iodhbarta agus a n-uile-losgadh. Dá chor i gcéill nach fuil acht cré ionnta féin, 460 an tan bhíd ag foghnamh don Dúileamh, agus dá réir sin go bhfuilid somharbhtha.

9. An naomhadh goin

Is ag cor an bháis mar an gcéadna i gcuimhne dhúinn atá aní léaghthar san .23. caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar ar chuir Iosias Rí taise na marbh 465 dá dtógbháil as na feartaibh agus dá losgadh ar altóir do láthair an phobail, ionnus go dtiocfadh dona taisibh d'fhaigsin 'na luaith go dtuigfeadh an pobal gur chinnte dhóibh féin bheith 'na luaith fá dheireadh.

 p.18

10. An deachmhadh goin

Léaghthar ag Tertullian san leabhar do sgríobh do Choróin 470 an Ridire, gur nós idir na Rómhánchaibh, an tan do bhíodh caiptín cosgrach dhíobh féin 'na charbad caithréime ag triall go tóicheastalach i nglóir-réim tré a ghníomhaibh gaisgidh, do bhíodh daoirseach iona seasamh láimh réna charbad ag aithis agus iomcháineadh air, ag rádh na mbriathar so: respice post te, 475 hominem te esse memento “féach id dhiaidh, cuimhnigh gurab duine thú.” Is uime do bhí an nós so idir Rómhánchaibh, do chor a chríche, .i. an bháis, i gcuimhne don chaithréimeach, do mhúchadh a mhéide meanman, d'eagla go bhfásfadh a uaill a los na glóir-réime 'na mbíodh.

11. An t-aonmhadh goin déag

480 Is eadh thrá dhligheas an duine do dhéanamh, amhail do-rinne Agathocles rí na Sisile, do réir Policrates san chúigeadh leabhar, mar a n-abair go gcleachtadh an rí réamhráitte cuirn agus cuacha criadh do thabhairt fá-deara ar a dháileamh do fhreastal go laothamhail ar a bhord. Agus an tan do fhiafruigh duine 485 uasal dá mhuinntir dhe, créad fá bhfuilngeadh soitheach criadh do chor dá láthair ar a bhord, agus a usacht dó easgar airgid nó bleidhe béil-dearg óir do bheith ann, is eadh do fhreagair an rí, gurab uime do ghnáthuigh na cuirn chriadh do chor ar a bhord, do thabhairt uirísle na hinnmhe do bhí 'gá athair 'na chuimhne. 490 Óir fá ceard chorcán gcriadh do dhéanamh an t-athair ór fhás sé; ionnus an tan do-bhéaradh dá aire dearóile agus doimheastacht an athar ór fhás féin, ré faigsin na gcorn gcriadh, go dtréigfeadh a dhíomus agus a anuaill. Mar an gcéadna do dhlighfeadh gach aon agá mbiadh toicce nó trom-chonách nó aird-innmhe 495 shaoghalta aige, a mheas gurab dearóil díomhaoin an t-athair ór fhás féin, .i. Ádhamh, an mhéid gurab de tháinig an cine daonna do chor ó oighreacht fhlaithis Dé, agus an bás do bheith i gcinneadh dá gach aon dá shliocht agus dá shíol-aicme.

 p.19

12. An dara goin déag

Léaghthar san chúigeadh caibidil don cheathramhadh 500 leabhar do Leabhraibh na Ríogh gur bhagair Eliseus ar Giezi go mbiadh 'na lobhar, agus gach aon dá ngeinfidhe uaidhe. Mar an gcéadna do bhagair Dia ar Ádhamh, do réir mar léaghthar san dara caibidil in Genesi, go bhfuighbheadh féin agus gach aon dá ngeinfidhe uaidh bás, tré choill na cána do chuir ar chrann 505 na haithne i bparrthas. Agus atá sin agus gach ainiarsma oile dá bhfuil 'na dhiaidh a los uilc agus ainghníomh Ádhaimh ag tuitim i gcoitchinne ar a chloinn, ar mbeith galrach uile dhóibh ó lubhra an phréimh-pheacaidh do chin ó Ádhamh ionnta. Agus is uime sin adeir Pól, amhail léaghthar san chúigeadh 510 caibidil déag don chéid-Eipistil do sgríobh gusna Coirintibh, in Adam omnes moriuntur “do-gheibhid na huile bás i n-Ádhamh.” Dá chor i gcéill gur chaill Ádhamh dhó féin agus dá shíol an tearmann do bhí aca ón bhás, ar mbeith i staid an ionnracuis dó, agus gur tuilleadh leis an bás do bheith i gcinneadh dhó féin 515 agus dá shíol; agus gach ainiarsma oile atá 'na leanmhain, mar atá fuacht agus teasbach, íota agus ocrus, taoma agus tinnis, galair ghéara gháibhtheacha, agus gach amhgar oile lingeas orra; ionnus an tan ghabhas an bás greim dhíobh agus thraothas iad, nach bí acht cairn chrumh 'na gcorpaibh, agus nach bí acht fearta feil-ghníomh 520 'na n-anmaibh, madh peacthaigh iad.

13. An treas goin déag

Gidh eadh, fa-ríor, ní thuigthear cor na cinneamhna go cuimhneach lé hógaibh uallacha éigcríonna na haimsire se, an tan bhíd ag breith a ruag reabhraidh, agus ag imirt a mbáire baoise, ag déanamh cluiche lúibe agus liathróide, ag lámhach bonnsach agus bior-ghaoitheadh, 525 agus ag eatrasa agus ag iomáin, agus fós ag ól agus ag imirt, ag beannradh agus ag breasnaigheacht. Agus mo thruaighe na trocha nach tuigid mar thig an bás go hobann dá bhfuadach leis go meinic, an uair is mó bhíd i n-árach a n-il-chleas agus a n-antlás. Agus saoilim go measaid na baotháin úd go mbí ceart cinnte 530 aca ar ré shíordhaidhe d'fhagháil, mar nach tabhraid dá n-úidh  p.20 ná dhá n-aire guais ná gábhadh dá mbí rompa. Oir ní héidir nach diongnadaois iad féin d'inneall i n-oirchill na n-olc bhíos ré tuirling orra, dá meastaoi leó iad féin do bheith somharbhtha.

14. An ceathramhadh goin déag

Gidh eadh, is eagail dóibh go n-aibeóraibh Dia riú amhail adubhradh 535 ris an saidhbhir luaidhtear san dara caibidil déag ag Lúcás, mar a n-abair ris an saidhbhir gcéadna do shaoil é féin do bheith i gcéim ard i roth na réime aimseardha, stulte, hac nocte animam tuam repetent a te, quae autem parasti cuius erunt “a amadáin, iarrfaidh siad aiseag h'anma san oidhche anocht ort; 540 cia trá 'gá mbeid na neithe do ollmhuighis?” Dá chor i gcéill — tar ceann gur shaoil an toicceach nach raibhe baoghal air féin ar mbeith dhó i mí aoibhill a ratha saoghalta, nó gur ling an bás go hobann air, lér sgaradh ris gach sochar saoghalta é — gurab mar an gcéadna theagmhas go meinic don óg agus don 545 arsaidh anollamh. Tig an bás go meinic dá mbreith, an tan is lugha bhíos a uamhan orra, agus caillid a lúth agus a láthar, a ngné agus a maise agus a maoin agus gach sochar oile ó shin amach. Agus is é sin do-ní Iob d'éagnach ar an mbás, amhail léaghthar san .30. caibidil do Leabhar Iob mar a n-abair, abstulit quasi ventus desiderium 550 meum, et velut nubes pertransiit salus mea “do fhuaduigh mar ghaoith mo mhian, agus do-chuaidh mo shláinte seocham amhail néall.” Dá chor i gcéill go ndealuigheann an bás ris an duine a mhaise, a mhiana, agus a mhaitheas saoghalta. Gidh eadh, bíd drong do dhaoinibh doitheagaisg ann, ionnus nach bí feidhm 555 an bás do bhagar orra, do bhríogh go saoilid nach bí aca féin acht léim do bhreith a sódh agus a sádhaile na beatha so go grinneall na glóire síordhaidhe.

15. An cúigeadh goin déag

Acht cheana, mealltar an dream so, amhail do mealladh an saidhbhir sádhail luaidheas Lúcás san seiseadh caibidil déag, do 560 chleachtadh é féin d'oirneadh d'éadaighibh sróill agus síoda agus sigir, do phurpur agus do bhiosóir, agus fós é féin do bhiathadh do bhiadhaibh séimhe soineamhla sochaithmhe, agus do dheochaibh milse míne  p.21 measgamhla, agus fuair bás obann gan aithrighe, agus do hadhnaiceadh i n-ifreann, go raibhe dá il-chéasadh ann. Mar an gcéadna 565 theagmhas don druing shaoileas iad féin do bhreith ó chonách an tsaidhbhir go coróin Lazarus. Agus is uime sin adeir Iob, ag labhairt ar an druing se san dara caibidil déag, ducunt in bonis dies suos, et in puncto ad inferna descendunt “treóruighid a laithe i maoinibh, agus tuitid i bpongc go hifreann.” Dá chor 570 i gcéill, an drong bhíos i meadhón a maoine agus a maitheas saoghalta, go bhfuaduighthear san mbás lé prap na súl, nó lé haithghearr aon-uaire i bhfodhomhain agus i bhfír-íochtar uathbhásach il-phiastach aigianta ifrinn iad.

16. An seiseadh goin déag

Léaghthar ag Galiensis go raibhe duine dh'áirithe ag teitheadh 575 rés an mbeathadhach dá ngoirthear aon-adharcach, nó gur thuit i bhfairthis nó i ndeirc dhomhain, áit i bhfacaidh crann, agus dá luchóig, luchóg díobh bán agus an luchóg oile dubh, agus iad ag tochailt fhréimhe an chroinn. Agus do-chonnairc dragún uathbhásach ar ghrinneall na deirce ar tí é féin do shlogadh. 580 Do-chonnairc mar an gcéadna i sleasaibh na deirce cheithre cinn nathrach neimhe dá ngoirthear aspides, agus iad ar tí a sháir-itte. Agus ré tógbháil a shúl suas do-chonnairc beagán meala ag sileadh do ghéagaibh an chroinn. Agus ar ndearmad gach guaise 'na raibhe ós a chionn, tug amus d'iarraidh milse 585 na meala gan féachain don ghuasacht 'na raibhe. Féadtar a rádh go fáthach gurab é an duine úd do bhí ag teitheadh an peacthach; an aon-adharcach, an bás; an deirc, an domhan; an crann, bile barr-úr na beatha; an luch bhán agus an luch dhubh, an lá agus an oidhche; na ceathra cinn nathrach, na ceithre dúile 590 dá ndéantar an corp; an dragún, an diabhal; na braoin mheala, an sólás saoghalta.

17. An seachtmhadh goin déag

Is truagh, ó tá an gadhar saothair se, .i. an bás, ag seilg na hanma, nach tabhair an duine dá aire deirc dhuaibhseach an domhain, ionnus go bhféadfadh é féin d'iomchosnamh ar lot  p.22 595 na luchóg úd bhíos ag cognamh agus ag creim-ghearradh fréimhe na beatha; agus fós é féin d'iongabháil ar na ceithre ceannaibh nathrach úd .i. ar na ceithre cáilibh contrárdha, mar atá teas agus fuacht, tiormacht agus flichidheacht; mar an gcéadna fós é féin do dhíon ar dhaoirsigh dhaor-dhálaigh an diabhail; agus tar gach 600 éin-ní é féin d'inioclann ar mhil mbréige na beatha tadhaill se.

18. An t-ochtmadh goin déag

Is trésna guaisibh se do bheith i cionn an duine adeir Dáibhídh ag labhairt ré lucht an díomusa mar a n-abair, ut quid diligitis vanitatem et quaeritis mendacium “créad fá dtugthaoi grádh don díomhaoineas, créad fá n-iarrthar libh an bhréag?” 605 Dá chor i gcéill gurab éadtarbhach don druing do-bheir iad féin do bhaoth-ghlóir na beatha aimseardha réim ná rath dá bhfaghaid, agus na guaise réamhráitte 'na gcionn. Bíodh a fhiadhnaise sin ar na daoinibh is oirdhearca do-chuaidh romhainn. Óir níor chaomhain a cheannas feadhna Séasair, ná a neart 610 Samson, ná a eagna Solamh, ná a áitheas Alexander, ná a áille Absolón, ná a intleacht Aristotail, náid a bhriathra bláithe briocht-shnoighthe Cicero, ná aon oile aon-acfuinn dá mbí ann, ar ghuaisibh an bháis. Agus is uime sin adeir Ieremias, ag smuaineadh ar anfhorlann luchta an díomusa, amhail léaghthar 615 san seachtmhadh caibidil déag mar a n-abair, maledictus homo qui confidit in homine “is malluighthe an duine chuireas a mhuinighin i nduine.” Is eadh is iontuighthe as na briathraibh se gurab malluighthe an tí chuireas a dhóigh i nduine dá mhéid, agus ghiallas dá réir do dhéanamh i ngeall ar onóir shaoghalta, 620 agus thréigeas toil Dé do dhéanamh i ngioll orra.

19. An naomhadh goin déag

An treas sochar .i. cathuighidh smuaineadh an bháis ré haimsighthibh an aidhbhirseóra, an mhéid go dturnann an díomus fhoráileas an diabhal ar na daoinibh do bheith ionnta, do bhríogh gurab é féin ard-fhlaith an uabhair, do réir Iob san 625 .41. caibidil mar a n-abair, ipse est rex super omnes filios superbiae “is é súd is rí ar uile mhacaibh an díomusa”. Dá chor i  p.23 gcéill gurab í is oiffig phrinsiopálta dhó, an t-uabhar d'adhnadh i n-aigeantaibh na ndaoine. Gidh eadh, ní fhuil leigheas ar bioth is éiffeachtaighe i n-aghaidh an uabhair sin ioná smuaineadh 630 friochnamhach an bháis. Agus is uime sin adeir Solamh, ag turnamh uaille an duine, san deachmhadh caibidil in Ecclo. mar a n-abair, quid superbis terra et cinis “a thalaimh agus a luaithridh, créad as a ndéine díomus?” Dá chor i gcéill nach fuil ar bioth gléas do thurnamh an díomusa is mó ioná smuaineadh 635 ar an gcrích ndéidheanaigh, dá dtig talamh nó luaithreadh do dhéanamh don duine.

20. An .20. goin

Is uime sin do chleachtadh Democritus, do réir mar léaghthar ag Laertius, caidreabh na mbeó do thréigean, agus dol i n-imchian an fhásaigh do chinneadh chomhairle ré taisibh na marbh. 640 Agus is í comhairle do-gheibheadh ón marbh, aní léaghthar san .38. caibidil in Ecclo. mar a n-abair an marbh, memor esto iudicii mei, erit tuum, hodie mihi, cras tibi “bí cuimhneach ar mo bhreitheamhnas-sa, a shamhail theigéamhas duit-se; aniogh dhamh-sa, amárach dhuit-se.” Dá chor i gcéill, amhail 645 do slíobadh gach sochar saoghalta uaidh féin nó gur fágbhadh folamh foghtha é, go dteigéamhaidh an creachadh céadna ar an mbeó an tan éagas.

21. An t-aonmhadh goin fichead.

Léaghthar mar an gcéadna ag Laertius san seachtmhadh leabhar go ndeachaidh Zenon d'iarraidh comhairle ar a láimh-dhéibh, 650 cionnus do fhéadfadh a bheatha do thabhairt as go subháilceach somholta. Do fhreagairsead dó, agus is eadh adubhradar ris, dol do dhéanamh comhairle ris na marbhaibh. Créad is iontuigthe as sin, acht gur dhearbh leó nach raibhe sompla san bhioth is cinnte as a dtuigfeadh Zenon amhgar agus 655 ainiarsma an duine, ioná ó bheith go frithir fuireachair friochnamhach ag feitheamh thaiseadh na marbh. Óir tré shilleadh orra is léir dó a lomnochtaighe fhágbhas an bás iad, dá mhéad do bhí d'innmhe agus d'acbhuing 'na mbeathaidh aca.

 p.24

22. An dara goin fichead

Is cosmhail gur thuigeadar Gréagaigh an bhuaidh se do 660 bheith i smuaineadh an bháis i n-aghaidh an díomusa, ar an ngnáthughadh do bhí aca ré linn choróine do chor ar an impire, do réir mar léaghthar ag Leontius i mbeathaidh na n-aithreach, gur nós ag na Gréagachaibh, an lá do cuirthí coróin ar an impire, agus do bhíodh ag triall i gcaithréim ghlórmhair ón 665 dteampall go soiche a phálás féin, drong mhór do shaoraibh cloch do chor ar an raon roimhe, agus clocha marmair ar a nguailnibh, agus cuid dona clochaibh dubh, cuid bán, agus an chuid oile glas, agá fhiafruighidh don impire cia dhíobh sin dath budh maith leis do chur 'na thuama. Agus is uime do ghnáthuighidís sin, 670 do chor an bháis i gcuimhne don impire, an tráth is mó do mheasdaois a uaill do bheith ag ardughadh.

23. An treas goin fichead

Tig leis so aní léaghthar ag Ieronimus san .55. Eipistil, ar rígh do bhí ar an bPersia darbh ainm Xerxes. Ar dtiomsughadh iomorra agus ar dtroim-thionól shluagh agus shochaidheadh ndíoáirmhighthe 675 don rígh réamhráitte as gach aird dá fhlaitheas féin, agus ar gcruinniughadh agus ar gcoimhthionól go haon-ait dóibh, do-chuaidh an rí ar tulaigh aird i gceirt-mheadhón na sluagh, agus do bhí 'gá bhfeitheamh agus 'gá bhfír-fhéachain do gach leith dhe. Agus do mheas 'na mheanmain ná táinig ó thús domhain ar aon-láthair 680 sluagh budh líonmhaire ioná iad, ionnus gur ghabh sé uaill aigeanta agus méid mheanman de sin. Gidh eadh, go grod 'na dhiaidh sin do chuimhnigh nach mairfeadh i gcionn chéad bliadhan drong ná díorma ná duine don deagh-shluagh dhíoáirmhighthe 685 sin gan bás agus buain-éag dá mbreith. Agus leis sin do chaoi go searbh, agus do smuain go bhfuighbheadh féin bás mar gach fear, ionnus gur turnadh dhe sin an uaill aigeanta do fhás roimhe sin ann, ar bhfaigsin na sluagh.

24. An ceathramhadh goin fichead

Léaghthar mar an gcéadna ag Basilius naomhtha, gur orduigh a uaigh féin do thochailt, ar mbeith 'na easbog dó, agus go dtug fá-deara  p.25 690 ar óglách dá mhuinntir teacht gach aon-lá dá fhaisnéis dó nach bíodh sí críochnuighthe. Léaghthar fós ar easbog darbh ainm Iohannes Eleemosynarius, do dtug fá-deara a uaigh féin do thionnsgnamh, agus a deargadh gach aon-lá, agus níor léig a críochnughadh go bás. Léaghthar arís ag Excipilinus, gur chuir an t-impire 695 darbh ainm Severus a uaigh féin dá déanamh. Agus is uime do-rinneadar na gníomha soin, mar chuimhniughadh ar an mbás. Dá chor i gcéill iad féin do bheith somharbhtha. Óir fá dearbh leó nach raibhe sás a n-uaille do chlódh budh mó ioná bioth-chuimhne an bháis; agus fós nach fuil ní san mbioth is mó 700 chaomhnas agus do-ní dídean don duine ar díbheirg Dé do thuilleamh ioná bioth-chuimhne an bháis.

25. An cúigeadh goin fichead

Is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar ag Ezechiel san naomhadh caibidil, mar ar orduigh Dia don aingeal singin tau do chor i n-éadan gach aoin ar a ngoillfidís feil-ghníomha deanachta cathrach 705 Ierusalem, ionnus an tí ar a mbiadh an singin sin, go mbiadh tearmann aige ón oirleach do bhí ag Dia ar tí a imeartha ar gach aon ag nach biadh an singin sin 'na éadán. Measaim go fáthach gurab í an chathair úd Ierusalem an domhan, agus gurab iad na feil-ghníomha úd na peacaidh mharbhthacha i gcoitchinne, 710 agus gurab iad dream ar a ngoilldís na feil-ghníomha, na haithrighigh rénar doiligh dubháilce agus doibhéasa na bpeacthach, agus gurab é an singin tau an bás. Óir mar is í an leitir úd tau an leitir dhéidheanach d'aibghitir na hEabhra, mar sin is é an bás is pongc déidheanach do líne na beatha corpardha. Agus mar nach 715 raibhe tearmann ag aon do lucht chathrach Ierusalem ón oirleach acht an tí 'gá mbíodh an singin tau 'na éadan, mar sin ní bhí tairiseacht ó dhíoghaltas Dé ag aon-duine acht an té agá mbí an bás nó a chuimhne sgríobhtha go sgagtha sgrúduighthe i n-éadan a anma .i. i mbuaic a mheanman, ag sgáthántacht do 720 shíor air.

26. An seiseadh goin fichead

Measaim gurab é snáithe saoghail an duine an téad úd do-chonnairc Sacarias ré tomhas chathrach Ierusalem ar fad agus ar  p.26 tarsna, do réir mar léaghthar san dara caibidil ag Sacarias. As so is iontuighthe nach fuil acht líne léir-mheasta ar a bhfuilid 725 ciomhsa cinnte, agus darbh ceann sgríbe an chríoch dhéidheanach, i ré na beatha so. Agus is ionann dál dona daoinibh innte agus dona soithighibh criadh. Óir mar is comhluath raobthar go meinic an soitheach nua agus an sean-shoitheach, mar an gcéadna is comhluath bhriseas agus bhreódhas an bás corp an ógáin agus an 730 athlaoich, ionnus nach mó an ghuais bhíos ar arthrach éislinneach i n-oidhche dhoiléir dhoilbh-cheó, ré taisteall na mara, ioná bhíos ar an duine ré triall bóchna na beatha tadhaill. Óir mar nach feas do stiúrthóir na luinge bhíos san riocht réamhráitte, cá huair nó cá tráth theilgthear dá taobh-lot agus dá tuargain go 735 tinneasnach ar tráigh í, go ndéantar blogha béal-sgaoilte dhi, mar sin don duine ré dtriall ar lear luath-thonnach na locht, ó phort a gheineamhna go cuan a chríche déidheanaighe, i gcurachán chriadh na colna, agus é ag loingseóireacht i n-oidhche na hurchóide, fá dhoilbh-cheó dubháilceadh agus droch-rún, ar chor nach feas dó cá tráth theilgthear ar thráigh nó ar charraig 740 chinneamhnaigh a chríche déidheanaighe é.

27. An seachtmhadh goin fichead

Gidh eadh, fa-ríor, bíd drong do dhaoinibh ann do-ní amharc an éaga i n-imchian uatha, ionnus nach léir dhóibh an lot nó an leónadh fhéadas do dhéanamh, amhail nach féadann 745 duine, an tan do-chí ainmhidhe i gcéin uaidh, a mheas go cinnte cia dhíobh beathadhach nó duine bhíos ann. Mar sin don tí shaoileas ré fhada d'fhagháil. Ní thuig sé ainimh nó urchóid an éaga, ar nach fiú leis léir-mheas do dhéanamh.

28. An t-ochtmhadh goin fichead

Mo thruaighe, dom dhóigh is eadh is nós dóibh amhail do-níd 750 na héagcráibhthigh. An tan iomorra at-chluinid san tseanmóir coire troma dá gcor i leith an phobail, adeirid gurab ris an tí se no ris an tí oile bheanaid siad, agus ní thuigid iad féin do bheith ciontach ionnta. Mar sin, an tan at-chíd an t-éag ag breith a gcomharsan, saoilid gurab orra sin amháin bhíos a chóir. Gidh  p.27 755 eadh, is truagh nach tuigid na trocha gurab ionann éiliughadh an éaga ar gach aon bheireas an bás, agus ar an druing mhaireas dá n-éis i gcoitchinne, ionnus nach bí tearmann i cionn aon-duine seoch a chéile aige.

29. An naomhadh goin fichead

Is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san seiseadh caibidil 760 déag do Leabhar na mBreitheamhan, mar do-chuaidh Samson, ar mbeith dall dó, do chathughadh ris na Filistínibh, gur mharbh a dtarla dá chóir dhíobh, gan fhéachain d'aon seoch a chéile dhíobh. Mar sin do-ní an bás ris na daoinibh. Agus fós is cosmhail Samson agus an bás ré chéile ar dhá adhbhar. An céad-adhbhar, do bhríogh go raibhe Samson dall, agus mar an gcéadna don bhás, óir ní fhéachann do dhuine ar bioth seoch ar-oile. An dara hadhbhar, do bhríogh gurab gan fhios do ionnsuidh Samson na Filistínigh dá marbhadh. Mar sin don bhás, is gan fhios tig do mharbhadh na ndaoine. Óir an uair 770 is mó shaoilid ré fhada d'fhagháil, is annsin go meinic tig an bás dá mbreith, mar is follus i mbás an tsaidhbhir shádhail, fuair bás i mí aoibhill a ré, agus do hadhnaiceadh i n-ifreann, amhail léaghthar san seiseadh caibidil déag ag Lúcás; agus i mbás Ammon, do marbhadh ag caitheamh fleidhe, amhail léaghthar san treas 775 caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh; agus i mbás Holofernes, dár beanadh a cheann ar a leabaidh lé mnaoi i meadhón a shluagh, ré mbeith i bhfoslongphort ré hucht chathrach Betulia, amhail léaghthar san treas caibidil déag do Leabhar Iudith; agus i mbás Aman san chroich do thógaibh féin do 780 chrochadh Mardoceus, amhail léaghthar san seachtmhadh caibidil do leabhar na Hester; agus fós i mbás Balthasar, Ioruath, Ananias agus a mhná; i mbás mhíle do mhíltibh oile maille riú, rugadh go hobann leis an mbás. Gá dtám ris, ní beitte dh'aoin-neach bheith muinighneach as a ré féin, do bhríogh 785 gurab obann éigcinnte uair an bháis. Agus is uime sin adeir Críost ris na daoinibh, amhail léaghthar san chúigeadh caibidil fichead ag Matha, vigilate, quia nescitis diem neque horam “déanaidh faire, óir ní feas daoibh lá ná uair.”

 p.28

30. An .30. goin

Créad is iontuighthe as so, acht nach fuil cairt chinnte ag 790 aon-duine ar lá ná ar uair don ré do-gheibh i gcolainn, acht gabháltas ar thoil an Tighearna neamhdha? Agus is í an cholann gona céadfadhaibh an gabháltas soin. Agus fós is éigean dó cúntas an ghabháltais sin do thabhairt uaidh, an uair bhíos dá chor amach i bhféile an bháis, do réir mar adeir 795 Críost, ag labhairt ris an duine, redde rationem villicationis tuae “tabhair cúntas do ghabháltais uait.” Dá chor i gcéill gurab éigean dá gach aon-duine ré hucht an bháis cúntas do thabhairt don Tighearna is gach sochar dá bhfuair uaidh, agus cionnus do chuir i mbreis dá Thighearna iad, idir smuaineadh, bhréithir, 800 ghníomh agus faill. Agus dá raibhe neimhchiontach, rachaidh i sosadh aingeal; agus madh coireach, cuirfidhear i gcarcair il-phiastaigh ifrinn é.

31. An .31. goin

Is follus a briathraibh Pheadair naomhtha go bhfuil an cúntas so ré linn an bháis i gcionn na ndaoine, do réir mar 805 léaghthar san cheathramhadh caibidil dá chéid-Eipistil chanónta, mar a n-abair, reddent rationem ei qui paratus est iudicare vivos et mortuos “do-bhéaraid cúntas nó comháireamh uatha don tí atá ollamh ar dhéanamh breitheamhnais ar bheóaibh agus ar mharbhaibh.” Dá chor i céill gurab éigean dá gach aon, 810 ré ndol as an mbeathaidh se, aiseag iomlán do thabhairt do Chríost ar dTighearna, agus é féin do bheith fornocht ag imtheacht tré bhealach an bháis, do réir mar adeir Iob san .27. caibidil, dives cum dormierit nihil secum affert, et aperiet oculos suos et nihil inveniet “an tan choideólas an saidhbhir ní bheir éin-ní 815 leis, agus oisgeólaidh a shúile agus ní fhuighbhe éin-ní.”

32. An .32. goin

As gach ní da ndubhramar is iontuigthe go dtigid na trí sochair do luaidheamair a bioth-chuimhne an bháis. Agus is dá chor sin i gcéill atá aní léaghthar san .23. caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar do chuir  p.29 820 Iosias Rí na bréig-dhealbha agus na láimh-dhée fuair san teampall dona haltóiribh, gur mhionuigh agus gur bhris iad, agus gur chuir taise na marbh 'na n-ionadh. Mar sin dhleaghair dona daoinibh do dhéanamh: bréig-dhealbha na séad saoghalta agus láimh-dhée Lúicifir, mar atáid blátha bréige na beatha so, díomus agus glóir 825 dhíomhaoin agus sádhaile ainmhianach na colna, do ruagadh agus do sgrios d'altóiribh na hanma agus d'orláraibh an aigeanta, agus taise na marbh .i. meabhair nó cuimhne an bháis do bheith ar altóir na haigeanta, agus láimh-dhée na locht do leónadh agus do leadradh lé hord na haithrighe ar leic luim an lóir-ghníomha.

33. An .33. goin

830 Tig Greaghóir leis aní gcéadna san seiseadh leabhar do sgríobh dona Béasaibh nó dona hAirdheanaibh, mar a n-abair, nihil ita domat hominem sicut meditatio mortis “ní fhuil san bhioth ní is mó cheannsuigheas nó mhínigheas an duine ioná smuaineadh an bháis.” Tig Seneca, san .25. Eipistil leis aní 835 gcéadna, mar a n-abair, nihil aeque tibi proficiet ad temperantiam omnium rerum quam frequens meditatio brevis aevi “ní fhuil san mbioth ní is tarbhaighe dhuit ré measardhacht gach aoin-neith ioná smuaineadh meinic na ré giorra.” As gach ní da ndubhramair is soiléir gurab tarbhach cuimhne an bháis.

3. AN TREAS HALT

'na gcuirthear i gcéill go gcailltear cheithre sochair shonnradhacha leis an duine do thoisg an bháis dá rochtain, mar atá onóir shaoghalta, sádhaile na colna, saidhbhreas, agus compáin.

1. An chéad-ghoin

840 Is i bhfioghair na gceathra sochar gcéadna soin chailltear leis an mbás atá aní léaghthar san seachtmhadh caibidil ag Daniel, mar a n-abair, quatuor venti caeli pugnabant in mari magno “do chomhraigsead cheithre gaotha nimhe san mhuir mhóir.” Dá chor i gcéill go mbí easbaidh na gceathra sochar úd ag commbuaidhreadh shearbh-aigeanta an chiontaigh ré linn an bháis.

 p.30

2. An dara goin

An céid-ní, mar atá onóir shaoghalta, is follus go dtéid sí ar ceal ré linn an bháis. Agus is uime sin adeir Solamh san chúigeadh caibidil do Leabhar na hEagna, quid profuit nobis superbia nostra “créad an tarbha do-rinne ar n-uabhar dhúinn?” 850 Dá chor i gcéill go dtéid gach onóir agus gach glóir shaoghalta ar ceal uainn i n-aimsir an éaga.

3. An treas goin

Ionnus gurab ionann dál dona daoinibh i gcoitchinne agus d'fhuirinn an bhrannaimh. Óir mar bhíos barr ceana seoch a chéile ar fhearaibh foirne an bhrannaimh ré linn bheith ag imirt 855 orra, ionnus go mbí rí na foirne arna shuidhiughadh san áit is onóraighe don chlár, agus an bhain-ríoghan san dara háit, agus mar sin dá gach fear oile do réir a gharma, ionadtar ar chlár an bhrannaimh é; mar an gcéadna dona daoinibh, an tan bhíd ar títhibh na talmhan, agus bearta brannaimh na beatha agá 860 n-imirt leó, bí gach aon aca go cinnte 'na ionadh féin do réir a onóra agus a innmhe. Gidh eadh, tuigthear, tar ceann go mbí an t-éidirdhealughadh úd idir fhearaibh foirne an bhrannaimh ré mbeith ag imirt leó, an tan bhíos an cearrbhach agá gcor i mála na foirne, go ndoirteann imeasg a chéile iad, gan 865 féachain d'fhior dhíobh seoch ar-oile, ionnus gur cuma leis tú nó deireadh dholta san mhála do bheith ag an rí seoch an bhfior is lugha san bhfuirinn; agus fós is cuma leis cia dhíobh bhíos i n-uachtar nó i n-íochtar an mhála. Mar an gcéadna theagmhas dona daoinibh; an tan tig buachaill brannaimh 870 na beatha .i. an bás, agus teilgeas na daoine i dtiaich na talmhan do chlár tháiplise an tsaoghail, ní bhí onóir ag an mbás i gcomhair aoin seoch a chéile dhíobh. Agus dá dtugdaois lucht an díomusa dá n-aire an coimhmeasgadh so do-bheir an bás ar na daoinibh, do thréigfidís a n-uaill agus a n-ainmhiana. 875 Óir amhail thurnas fuaidreadh agus foluamhain na mbeach ré luaithreadh do chrothadh orra, mar sin dá gcrothaidh an duine crithir do chuimhne an bháis ar a mhéin, leagfaidh seólta a thoile, ionnus nach géabhadh gaoth na glóire díomhaoine greim  p.31 d'arthrach na hanma, dá luasgadh nó dhá luadhaill, acht bheith 880 i gciúnas chobhsaidh chaon-dúthrachtaigh chrábhaidh, agus ag diúl díoghraise agus diadhachta ón Dúileamh a ballán bheannuighthe na sláin-íce síordhaidhe, agus ag rinn-fheitheamh ar rúin-diamhraibh an fhír-Dhia fhorórdha.

4. An ceathramhadh goin

Is córaide dhúinn a mheas go dtéid gach glóir agus gach onóir 885 shaoghalta ar ceal uainn i n-aimsir an éaga, agus dá réir sin go ndleaghair dhúinn bheith i n-oirchill ar an éag, mar gurab cosmhail Ceard na cruinne lé ceard soitheach gcriadh do dhéanamh, agus gurab cosmhail cuirp na ndaoine ré taoisleadh criadh. Óir amhail do-ní an ceard criadh mias bhreic-dhealbhach bhláth-chaoin 890 ré freastal milséan ar bhordaibh na n-uasal don taoisleadh chriadh bhíos 'na cheardchain, agus fualán nó fual-shoitheach don chriaidh chéadna, mar sin do-ní Dealbhthóir na ndúl do charn chriadh na colna daonna, drong dhíobh go n-onóir agus go n-aird-innmhe shaoghalta, agus drong oile fhágbhas go lom lochardha fá 895 thár agus fá tharcuisne. Agus is dá chor i gcéill go bhféadann Dia an t-eidirdhealughadh so do dhéanamh idir na daoinibh, tar ceann go bhfuilid arna mbuain a haon-charn amháin chriadh na cinn-leitre úd na nádúire daonna .i. Ádhamh, atá aní léaghthar ag Pól san naomhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a n-abair, 900 habet potestatem figulus luti, ex eadem massa facere aliud quidem vas in honorem, aliud vero in contumeliam “atá ar chumas chearda na criadh a haon-charn amháin, soitheach thrá do dhéanamh go n-onóir, agus soitheach iaramh go n-aithis.” Gidh eadh, bíodh go mbí deithfir eatorra ar mbeith slán dóibh, mar is léir don 905 tí at-chí breic-mhias an mheasraidh agá cor ar bhord an uasail, agus an fual-shoitheach i n-iargcúil an áruis go folaightheach mar thár agus mar tharcuisne air, acht cheana, an tan bhristear iad leath ar leath, san aon-áit ionainn theilgthear iad, mar atá i gcarn aoiligh nó i ndíogaidh an dúin 'na mbristear iad. Mar an 910 gcéadna theagmhas dona daoinibh bhíos arna ndéanamh do charn chriadh na daonnachta. Ré linn bheith slán dóibh, bí drong dhíobh arna suidhiughadh i bpíoláidibh ríoghdha ro-áille  p.32 go n-onóir agus go n-aird-chéimibh, agus dream oile i ndúr-bhothaibh dearóile go n-easbaidh agus go n-anshódh. Gidh eadh, an tan 915 bhloghas agus bhriseas an bás iad, teilgthear i n-aon-uaigh úire iad.

5. An cúigeadh goin

As so is iontuigthe go gcailltear a los an bháis an onóir shaoghalta leis na daoinibh bhíos mórdha ré linn a mbeatha, agus fós, teangmhaidh dochar is mó ioná sin dóibh go meinic i ndiaidh an bháis. Óir féadtar na daoine móra agus na fo-dhaoine 920 do choimmeas ris an seabhac agus ris an gcirc ré linn a mbeatha agus d'éis a mbáis; do bhríogh go mbí onóir ar an seabhac ré linn a bheatha agus go dteilgthear san chamra i ndiaidh a bháis é. An chearc iomorra, léigthear san laithigh dhi ré linn a beatha, ag buain oileamhna as an aoileach. Gidh eadh, an tan marbhthar 925 í, do-níthear a hollmhughadh go honórach, go gcuirthear ar bhord na n-uasal í. Mar an gcéadna, bí onóir ar na daoinibh mórdha ré linn a mbeatha, acht cheana an tan éagaid, teilgthear go meinic i gcamra na cruinne .i. i n-iomdhomhain ifrinn iad, go mbíd ag onfais innte. Gidh eadh, bí tár agus tarcuisne ar na 930 fo-dhaoinibh ré linn a mbeatha, agus bíd arna suidhiughadh go meinic i ndiaidh an bháis ar bhord bheannuighthe na beatha suthaine. Uch, is truagh nach tuigid lucht na honóra saoghalta, nó nach tugaid lucht na honóra saoghalta dá n-aire, na saobh-chrotha so chuireas an sealgaire úd .i. an bás díobh.

6. An seiseadh goin

935 An dara sochar chailleas an duine ag an mbás, .i. sádhaile na colna. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an druing téid d'fheitheamh an mhairbh. Agus is uime sin adeir Hugo, ag labhairt ar ablachaibh míomhaiseacha na marbh bhíos mómhur ré linn a mbeatha, quid profuit istis magnis gloria saeculi, brevis laetitia, 940 mundi pompa, carnis voluptas, etc. “créad an sochar i dtéid dona daoinibh móra úd glóir an tsaoghail, gairdeachas gearr, poimp an domhnáin, agus antoil na colna,” ná fós maitheas bréige, muinntear mhór, gáire, subhachas, ná aoin-ní áineasach oile, do bhríogh go dtéid siad go hobann ar ceal, do réir mar adeir Solamh san  p.33 945 chúigeadh caibidil do Leabhar na hEagna, transierunt haec omnia velut umbra “do-chuadar so uile seocha amhail sgáile.” Dá chor i gcéill gurab éasgaidh shnigheas agus shileas sáimhrighe na colna ón toicceach.

7. An seachtmhadh goin

An treas sochar chailleas an duine leis an mbás, .i. saidhbhreas 950 saoghalta. Óir is follus an tan do-gheibh duine bás, gurab éigean dó a uile mhaitheas do thréigean leis an mbás. Agus is uime sin adeir Dáibhídh, relinquent alienis divitias suas “fúigfid dá n-éis ag comhaightheachaibh a maoine.” Dá chor i gcéill gurab éigean don tsaidhbhir a thoice d'fhágbháil dá 955 éis ag daoinibh do féadfaidhe nach cuimhneóchadh ar dhéirc ná ar dheagh-obair do dhéanamh ar a shon.

8. An t-ochtmhadh goin

An ceathramhadh sochar chailltear leis an duine san bhás, .i. a cháirde, do réir mar adeir S. Augustine san seachtmhadh caibidil déag don leabhar ro sgríobh don Spioraid agus don 960 Anam, mar a n-abair, anima recedens a corpore trahit secum omnes substantias, “ré triall an anma as an gcorp, tairrngidh leis a uilechumhachta,” mar atáid a chéadfadha agus gach acfuinn oile dá mbí ann ó shin amach. Agus an mhéid bheanas ris na daoinibh, is amhlaidh do-níd do nós na muc. An tan iomorra mharbhthar muc don tréad, gabhaid an chuid oile dona mucaibh ag sgreadadh agus ag grafainn 'na timcheall. Gidh eadh, tillid go grod dá éis sin ar thomhailt otraigh, ar ndearmad bháis na muice. Mar sin dona daoinibh, acht gé bhíd ag doghra agus ag déar-chaoineadh i ndiaidh an mhairbh an tan 970 éagas, mar fhágbhaid fá úir é, tillid dá n-árusaibh féin, agus ní mór ó shin amach go mbí cuimhne aca air. Agus is trés na dochraibh se do bheith i gcionn an mhairbh adeir Ieremias san dara caibidil ag cor an duine ar a choimhéad ar na heasbadhaibh móra do-bheir an bás air, vide vias tuas in convalle “féach do 975 shlighthe féin san bhfáin-ghleann,” .i. san uaigh, do réir an Seachtmhoghat Fear Friotail. Dá chor i gcéill gurab iomdha anágh agus amhgar theagmhas don duine a los an bháis.

 p.34

4. AN CEATHRAMHADH HALT

'na gcuirthear i gcéill go bhfuilid trí gnéithe báis ann, mar atá bás céadfadhach, bás nádúrtha, agus bás spioradálta.

 1

Is eadh iomorra is bás céadfadhach ann, a mothughadh agus a ngluasacht do dhealughadh ris na ballaibh corpardha. Is eadh 980 cheana is bás nádúrtha an duine, .i. a anam réasúnta do dhealughadh réna chorp. Is eadh mar an gcéadna is bás spioradálta ann, dealughadh grás nDé ris an anam. Is iad na trí báis se chialluigheas Dáibhídh Rí san .33. Salm, an tan adeir, mors peccatorum pessima. Nó fós is eadh chialluighid na trí báis úd, bás 985 nádúrtha, bás na coire, agus bás na péine. Agus fós tuigthear an chiall so a briathraibh Dáibhídh mar a n-abair gurab ro-olc bás an pheacthaigh, óir ciodh olc an bás nádúrtha, is measa bás na coire, agus is measa bás na péine ioná ceachtar dhíobh. Agus do bhríogh go mbíd na trí báis se i gcinneadh don pheacthach, is 990 uime adeir Dáibhídh na briathra so, mors peccatorum pessima “is ro-olc bás an peacthach.”

2. An dara goin

Is i bhfioghair na dtrí mbás so atá aní léaghthar ar Absolón san ochtmhadh caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh. Óir an tan do thogair Absolon a athair do dhíbirt, 995 ionnus go dtiocfadh féin isteach 'na fhlaitheas air, do-chuaidh i gcogadh, é fein agus drong mhór do bhaothánaibh óga éigcríonna mar aon ris, agus do lean Ioab, caiptín Chloinne Israel é, go sluagh líonmhar maille ris, agus do chuir sé Absolon i raon madhma agus míochosgair. Agus iar mbeith ag teitheadh do Absolon, tarla 1000 géag dhairghe 'na fholt, do chongaibh i n-airde é, ionnus gur ling an t-each uaidh fán gcoill, agus go raibhe ar crochadh as an ngéig amhlaidh sin. Leis sin táinig an caiptín Ioab go grod gáibhtheach, agus tug trí sháthadh don tsleigh baoi 'na láimh air, gur fhágaibh i gcrothaibh báis é. Go fáith-chiallach, is é an 1005 tAbsolon so Ádhamh, do chuir roimhe é féin do bheith 'na  p.35 dhia i n-ionadh Dé uile-chumhachtaigh, agus dá réir sin a chor as a sheilbh, do bhríogh nach éidir do bheith ann acht éin-Dia amháin. Agus is é an crann úd as ar crochadh Absolon, crann na haithne, as ar crochadh Ádhamh. Agus is í an tsleagh úd 1010 do sáthadh tré Absolon, craoiseach na ceilge lér créachtnuigheadh Ádhamh. Agus is iad na trí cneadha crói-linnteacha úd do-rinneadh ar Absolon, na trí báis bhith-neimhneacha do imir an nathair neimhe ar Ádhamh. Agus atáid na créachta soin gan chneasughadh ar a shíol ó shoin a le, agus beid go bruinne an 1015 bhrátha, do réir Phóil san chúigeadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a n-abair, per unum hominem peccatum intravit in mundum, et per peccatum mors, et ita in omnes homines peccatum transit “is tré aon-duine amháin táinig an peacadh isteach san domhan, agus trés an bpeacadh an bás, agus mar sin do-chuaidh an peacadh 1020 trés an uile dhuine.” As na briathraibh se Phóil is iontuigthe go bhfuilid na créachta úd do-rinneadh ar Ádhamh gan chneasughadh iona shíol, agus go mbeid amhail adubhramair.

3. An treas goin

Is i bhfioghair na dtrí mbás so atá aní léaghthar ag Daniel san seachtmhadh caibidil, eadhón go bhfacaidh sé beathadhach 1025 fá cosmhail ré mathghamhain mór, agá rabhadar trí cíora fiacal 'na chionn, ré cognamh agus ré craos-longadh feólmhaigh. An peacthach iomorra an beathadhach atchonnairc, agus na trí cíora fiacal na trí báis úd bhíos aige ré cognamh agus ré cnáimh-ghearradh an chinidh dhaonna. Is leis aní gcéadna bheanas 1030 an fáith-sgéal atá ag Virgilius ar an madradh adeir sé do bheith i n-ifreann, darab ainm Cerberus, agá bhfuil aon-chorp amháin, agus trí cinn ré craos-longadh na druinge théid go hifreann. An madradh úd an peacthach, agus na trí cinn na trí báis. Is é aní céadna chialluigheas Eóin san naomhadh caibidil in Apocalypsi, 1035 mar a n-abair go bhfacaidh féin trí cneadha lér marbhadh an treas cuid dona daoinibh. Agus is iad na trí báis úd mar an gcéadna thuigthear as aní adeir Solamh san .30. caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair go bhfuilid trí neithe ann chuireas an talamh ar baill-chrioth agus bioth-luasgadh. Agus  p.36 1040 is iad mar an gcéadna chialluigheas san .26. caibidil in Ecclo., mar a n-abair, a tribus tumuit cor meum, “atá eagla agam' chroidhe ré trí neithibh” .i. rés na trí básaibh.

4. An ceathramhadh goin

Is ar an gcéad-bhás iomorra labharthar san cheathramhadh caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a 1045 n-abair, omnes morimur, etc. “atámaid uile ag fagháil bháis.” Dá chor i gcéill nach fuil dol ón bhás úd ag aon-duine do shíol Ádhaimh. Agus dá mbeith, is ag Críost, nó ag Muire Mháthair, nó ag naomh nó ag ban-naomh oile do bhiadh tearmann uaidh. Gidh eadh, ó nár caomhnadh ceachtar dhíobh sin air, ná bíodh súil 1050 ag aon oile ré dhol saor uaidh. Gidh eadh, cibé duine dí-chéillidhe doitheagaisg adéaradh gurab é Dia do orduigh nó do-rinne an bás, bíodh a fhios aige gur bréag dhó é, do réir Sholaimh san chéad-chaibidil do Leabhar na hEagna, mar a n-abair, Deus mortem non fecit, impii accersierunt illam “ní hé 1055 Dia do-rinne an bás, acht na peacthaigh do thoghairm é.”

5. An cúigeadh goin

Bíodh a fhios agat, a dhuine, do réir Aristotail san treas leabhar dá Ethicibh, nach éidir ar an saoghal so ní d'fhagháil is uathbhásaighe agus is urghránna agus is ineagluighthe ioná an bás. Agus is ag faisnéis uathbháis an éaga go fáthach atá aní 1060 léaghthar ag Lúcás san naomhadh caibidil déag, mar a n-abair Críost ag fógra anfhorlainn an bháis don duine, ecce venient dies in te et circumdabunt te inimici tui vallo et circumdabunt te et coangustabunt te undique et ad terram prosternent te, etc. “tiocfaid laithe ionnat, agus 1065 timcheallfaid th'easgcaraid 'na mainnir thú, agus timcheallfaid thú, agus cuirfid i gcumhgach thú dá gach aoin-leith- agus leagfaid ar talamh thú.”

6. An seiseadh goin

Meas féin, a dhuine thruaigh, créad an t-uathbhás 'na mbiadh caiptín nó ceann feadhna mar aon ré beagán buidhne i gcaisléan éadaingean éislinneach, agus trom-shluagh tairptheach tréan-aidhbhseach 1070 i bhfoslongphort réna ucht, agus a mhuinntear arna  p.37 marbhadh, agus urmhór an tsluaigh ar dteacht ar aon-láthair ris, agus a n-airm nocht aca; agus baránta borb baoith-chéillidhe rompa lán do chonfadh catha, agus caiptín an chaisléin gan anacal air, ná dáil chabhra 'na chionn. Mar an gcéadna don anam bhíos 1075 ag bárdacht chaisléin chriadhamhail an chuirp, taobh ré beagán buidhne .i. ris na céadfadhaibh, an tan tig trom-shluagh na dtaom agus na tinneas, na ngalar agus na n-easláinteadh, mar aon ris an gcaiptín mbríoghmhar mboirb-neimhneach .i. ris an mbás, agus shuidhid i bhfoslongphort réna ucht, agus lingid tar múraibh 1080 na mball agus tar comhladhaibh na gcéadfadh, go soichid compar an chroidhe, mar an mbí an t-anam. Feannaid agus foghaid, díbrid agus díochuirid an t-anam as a ionadh agus as a árus féin. Marbhaid agus míochóirighid a mhuinntear agus a bhean phósta ar a chomhair, .i. a chorp agus a chéadfadha.

7. An seachtmhadh goin

1085 Is amhlaidh iomorra mharbhthar an cholann gona céadfadhaibh, a mothughadh agus a maise, a gné agus a gluasacht, a lúth agus a láthar do bhuain di, agus a fágbháil 'na hablach ainmheach easbadhach urghránna adhuathmhar, ar thráigh na talmhan, mar is follus d'fhior a feithmhe nó a féagsana. Óir do-chífe an 1090 corp ar gcruadhughadh agus ar gcomhfhuaradh, na baill ar siabhradh agus ar seargadh .i. na lámha ar gcrapadh agus ar gcaolughadh, na cosa 'na spairtibh splíonuighthe amhail easglanna iomthroma, an béal arna bhán-ghormadh agus an déad arna dubhadh, na gruaidhe arna nglas-bhánadh agus na súile arna slogadh, an 1095 t-éadan agus an aghaidh ar n-odhradh, an tsrón arna caolughadh agus arna cuas-dúnadh, na cluasa ar dtanughadh agus ar dteimhliughadh, an folt ar dtrothlughadh agus ar dtuitim. Ionnus ar mbith dhó isan chruth sin, gurab anuaisle é ioná beathadhach beó ar bioth dá anuaisle dona hainmhinntibh, gion go raibhe 1100 créatúir san gcruinne fá aingeal budh uaisle ioná é rés an mbás.

8. An t-ochtmhadh goin

Go bhfios damhsa, is mór an t-adhmhar uamhain agus imeagla rés an mbás, mar thig dhe duine do chor sna hainreachtaibh  p.38 uathbhásacha so; agus fós mar thig dhe an lánamha mhiochair mhuinnteardha so bhíos i gcaomhna agus i gcomann a chéile .i. 1105 an t-anam agus an corp, do dheadhail agus d'iomsgaradh ré chéile go ndoilgheas agus go ndobrón ndofhaisnéise, agus ris gach maitheas agus ris gach saidhbhreas saoghalta dá raibhe aca leath ar leath; agus an cholann do chor i n-uaimh iomdhomhain urghránna i gcaidreabh crumh agus chiaróg agus dharbh ndaol agus phiast ndochraidh 1110 n-éagsamhail ar-cheana, i gcéin óna cáirdibh agus óna coigéilibh, do dhéanamhail ar-cheana, i gcéin óna cáirdibh agus óna coigéilibh, do dhéanamh luaithridh agus talmhan dí fá dheóidh. Gidh eadh, amhail teid éin-bhiadh amháin i ndochar don easlán agus i dtarbha don duine shlán chaitheas é, mar an gcéadna, tar gach teist n-adhuathmhair dá dtugamair ar an mbás nádúrtha go soiche so, 1115 más eadh téid sé i sochar dona fíréanchaibh fá dhéoidh, gion go saorann an peacthach ó ainiarsma ar bioth dá bhfuil 'na dhiaidh.

9. An naomhadh goin

Is uime sin deir S. Augustine san treas leabhar ro sgríobh ar an bhFaoisidin, mors est impiis valde terribilis, sanctis vero delectabilis “is aduathmhar leis na peacthachaibh an bás, gidh 1120 eadh, is sáimh leis na fíréanchaibh é.” Adeir Solamh san .41. caibidil in Ecclo. ní thig leis sin, mar a n-abair, O mors quam amara est memoria tua homini iniusto “a bháis, créad é seirbhe do chuimhne don duine éigceart!” Agus adeir arís san chaibidil chéadna ní as a dtuigthear gurab tarbhach don 1125 fhíréan an bás nádúrtha, mar a n-abair, O mors quam bonum est iudicium tuum homini indigenti et cui minoratur viribus “a bháis, créad é feabhas do bhreitheamhnais don duine easbadhach agus don tí agá laghduighthear a bhríogha!” Ionann sin ré a rádh agus gurab tuar séin agus sochair don tí bhíos bocht ó spioraid, agus 1130 chaitheas a chéadfadha agus bríogh a bhall lé foghnamh do dhéanamh do Dhia, an bás nádúrtha.

10. An deachmhadh goin

Is é fáth fána doilghe leis an bpeacthach an bás nádúrtha, do bhríogh gurab léir dhó féin ré linn an bháis nach fuighbhe sochar ná socamhal ná suaimhneas tar éis an bháis go foirceann  p.39 1135 na saoghal, do réir Sholaimh san aonmhadh caibidil déag do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, mortuo homini impio nulla erit ultra spes “ar bhfagháil bháis don pheacthach, ó shoin amach ní bhia aon-dóchas aige,” .i. ní bhia súil ré socamhal ó shin amach aige. Agus is uime sin is sámh leis an bhfíréan 1140 an bás nádúrtha, do bhríogh go mbí súil aige ré tuilleamh agus ré tuarastal d' fhagháil thall tréna ghníomharthaibh san bheathaidh se abhus, do réir mar adeir Solamh san chéad-chaibidil in Ecclo. mar a n-abair, timenti Deum bene erit in extremis, et in die defunctionis suae benedicetur, etc. “is maith rachas fá dheóidh 1145 don tí ar a mbia eagla Dé, agus beinneóchar i ló a éaga é.” Dá bhríogh sin ní hiongnadh don fhíréan i ló a éaga lúthgháir do bheith air.

11. An t-aonmhadh goin déag

Gidh eadh, dá bhfiafraigheadh neach an mbí doilgheas ar aon-duine ré hucht an bháis acht ar an bpeacthach, mo fhreagra 1150 air go mbí, agus atáid dá adhbhar ris sin. An céad-adhbhar dhíobh, ar eagla conntabhairte an bhreitheamhnais. Óir dá fheabhas do-bhéara duine a bheatha as, ní dearbh leis créad an bhreath béarthar air, do bhríogh nach feas dó an díol grádha nó fuatha ag Dia é, amhail adeir Pól, nemo scit an odio an amore dignus sit 1155 “ní feas do neoch an díol grádha nó fuatha é féin” an gcéin bhíos beó. An dara hadhbhar fá mbí doilgheas ar an bhfíréan ré hucht an bháis, d'eagla péine purgadóra.

12. An dara goin déag

As gach ní dá ndubhramar is follus nach fuil acht anfhlaith urbhadhach, agus gríobh-aitheach goimheamhail, agus dragún duaibhseach, 1160 agus onchú éachtach, agus faol-chú foghlach, agus leómhan loinn-fheargach, agus biodhbha bioth-ghonach, agus beithir bheó-ghalach, agus nathair naimhdidhe, agus arracht uathbhásach san bhás. Óir ní bhí cáirdeas ná commbáidh aige ré duine don druing dhaonna, acht do-bheir craos-ruathar coitcheann fútha, lé marbhann go 1165 meinic an tighearna mar aon ris an óglách, an mac mar aon ris an athair, an inghean mar aon ris an óglách, an mac mar aon ris an athair, an inghean mar aon ris an máthair, an saidhbhir mar aon ris an mbocht, an tréan mar aon ris an anbhfann. Is  p.40 blagh fós dá bhoirb-éachtaibh go bhfagbhann tír gan tighearna agus athair gan oighre, máthair gan mhac agus bean gan bharánta, 1170 leanbh gan leasuightheóir agus dílleacht gan díon-athair. Tuigim iomorra dá réir sin nach bí acht bualadh an chléirigh cham-shúiligh aige ar na daoinibh ag déanamh oirligh orra. Óir bí sé i n-oirchill ar gach aon-duine, ionnus nach feas dóibh cá huair nó cá ham san ló nó san oidhche, ar tuinn nó ar tráigh, 1175 ar cnoc nó ar coill, i suan nó i ndúsgadh, i maigh nó i múr, i mbiadh nó i ndigh, i dteinidh nó i n-uisge, nó i n-arm theagmhas dóibh dá ndíoth-láithriughadh. Agus is tréna n-imreann d'olc agus d'éagcomhlann ar na daoinibh, atá an uiread soin do dhéistin ag Dia féin roimhe gur fiú leis diúltadh dhó agus a shéanadh 1180 nach uaidh féin táinig, amhail léaghthar san chéad-chaibidil do Leabhar na hEagna mar a n-abair, Deus mortem non fecit “ní hé Dia do-rinne an bás.” Ionnus gur mheas tré dhíblidheacht an bháis a lámha do ghlanadh as, dá shaoradh féin ar aithbhear na ndaoine, amhail do mheas Píoláid do dhéanamh tré bhás 1185 Críost an tan do láisteadh a lámha leis. Tuig, a dhuine, go bhfuil an bás chomh-doghraingeach soin nach foláir dhúinn bheith innill aireach 'na oirchill, ionnus nach dtiofadh dhe an dá bhás oile d'imirt oirn.

5. AN CÚIGEADH HALT

labhras ar an dara bás .i. bás na coire.

1. An chéad-ghoin

Is ar an dara bás so labhras Pól san dara caibidil go 1190 hEphesios, mar a n-abair, et vos cum essetis mortui delictis et peccatis vestris “agus sibhse (ar sé) ar mbeith marbh ó bhar gceanaibh agus ó bhar bpeacaidhibh fein díbh.” Dá chor i gcéill go bhfuaradar bás na coire, gion go bhfuaradar an bás corpardha. Tig Pól leis aní gcéadna so ag sgríobhadh gusna Rómhánchaibh 1195 san seiseadh caibidil, mar a n-abair, existimate vos mortuos esse peccato “measaidh go bhfuiltí ar bhfagháil bháis leis an bpeacadh.”  p.41 Créad is iontuigthe as so acht go bhfaghann an duine bás na coire, tar ceann nach faghann bás nádúrtha? Óir grása Dé is beatha don anam, agus an tan do-ní duine peacadh marbhthach, 1200 ruaigthear grása Dé as an anam lé bás na coire, gion go ndealuigheann an t-anam ris an gcorp darab anam é. Agus is uime sin atá aní léaghthar san .30. caibidil do leabhar is uime sin atá aní léaghthar san .30. caibidil do labhar is uime sin atá aní léaghthar san .30. caibidil do leabhar Deuteronomii, ag labhairt ar Dhia ris an duine, mar a n-abair, ipse enim est vita tua, et longitudo dierum tuorum “is é súd do 1205 bheatha, agus fad do laitheadh.” Dá chor i gcéill, an tí ag nach bí Dia táitte réna anam, maille réna ghrásaibh, go mbí a anam marbh d'easbaidh na ngrás is beatha dhó. Agus is uime sin adeir S. Augustine, quod facit anima in corpore, hoc facit Deus in anima “aní do-ní an t-anam san chorp, do-ní Dia an céadna 1210 ris an anam,” maille réna ghrásaibh do bheith aige mar bheatha. Agus is mar sin is éidir a rádh, an tan dhealuigheas grása Dé ris an anam, go bhfaghann go fírinneach an peacthach bás an coire, gion go bhfaghann an bás corpardha. Tig Isaias leis so san .59. caibidil, mar a labhrann ris an gcineadh Iúdaidheach agá rádh, 1215 iniquitates vestrae diviserunt inter vos et Deum “do chuir bhar n-orchóid sgarthain idir sibh féin agus Dia.” Tig Solamh leis so san chéad-chaibidil do Leabhar na hEagna, mar a n-abair, perversae cogitationes separant a Deo “do-níd na droch-smuaintighthe deadhailt eidir dhuine agus Dia.” Agus an tan dhealuigheas duine ré Dia, dealuighidh sé mar an gcéadna ré grásaibh Dé is beatha dá anam, agus dá réir sin do-gheibh bás na coire, acht gé bhíos 'na bheathaidh go corpardha. Agus is uime sin adeir an scrioptúir ris an bpeacthach bhíos 'na bheathaidh go corpardha, agus marbh go spioradálta, nomen habes 1225 quod vivas et mortuus es, Apoc. 3º “atá ainm ort bheith beó, agus ataoi marbh.”

2. An dara goin

Tuig, a dhuine, go bhfuilid trí gnéithe 'nar cosmhail an bás corpardha agus bás na coire ré chéile. Ar dtús, is ionann uireasbaidh dhóibh; ionann fós déanmhas neith dhóibh; mar an gcéadna is 1230 ionann taisbéanadh do-bheirid uatha. An mhéid bheanas ris an gcéid-ghné, atáid sé céimeanna 'nar cosmhail ré chéile iad.

 p.42

Ar dtús, fásaidh ainmheasardhacht san cholainn ré hucht an bháis chorpardha, mar atá teas anorduighthe, nó fuacht anorduighthe, nó tart foiréigneach, nó a n-ionnshamhla oile sin. 1235 Mar an gcéadna ré hucht bháis na coire, fásaidh fiuchadh foiréigneach na feirge, nó fuacht oighreata an fhuatha, nó teas tartamhail na sainnte saoghalta, nó urchóide éagsamhla oile i n-anam an pheacthaigh an tan lingid na droch-smuaintighthe ann.

An dara céim, téid an corp i n-anbhfainne agus i n-éiglidheacht ré hucht an bháis chorpardha. Mar an gcéadna don anam, an tan do-bheir gean agus dúil dona droch-smuaintighthibh, téid i n-anbhfainne agus i n-éiglidheacht agus i neamhchumus ar chathughadh ris na coirthibh.

1245 An treas céim, do-gheibh an corp bás do bhríogh go ndealuigheann an t-anam ris. Mar an gcéadna don anam: an tan aontuigheas an t-olc, do-gheibh bás, an mhéid go ndealuigheann an t-anam féin ris, .i. grása Dé ruaigthear uaidh ré haonta do thabhairt don olc.

1250 An ceathramhadh céim, iomchurthar an corp gus an adhnacal tar éis an bháis. Mar an gcéadna iomchurthar anam an pheacthaigh, an mhéid go n-iomchurthar a mhíochlú i mbéalaibh na ndaoine ag reic agus ag faisnéis a pheacadh. Óir mar do-ní feall nó fionghail, nó drúis nó droich-bhearta, nó craos, beid ag na 1255 daoinibh ó bheól go beól dá n-iomchur agus dá n-aithris an feadh bhus cumhain leó iad.

An cúigeadh céim, adhnaicthear an corp ar bhfagháil an bháis chorpardha. Mar an gcéadna adhnaicthear anam an pheacthaigh i ndeirc dhuaibhsigh an droch-ghnáthuighthe.

1260 An seiseadh céim, caittear agus creimthear lé crumhaibh an corp. Mar an gcéadna d'anam an pheacthaigh: creimthear lé cruimh chíocraigh an choguais é.

3. An treas goin

An dara céim nó gné 'nar cosmhail bás an chuirp agus bás na coire ré chéile, .i. gurab cosmhail a ndéanmhas neith ré 1265 chéile, agus atáid seacht gcéimeanna 'na dtigid ré chéile.

 p.43

An chéid-chéim, do-ní an bás an corp greannach nó easgcaoin. Mar an gcéadna do-ní bás na coire an t-anam eagcaoin, do réir Sholaimh, san ochtmhadh caibidil déag do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, cum obsecrationibus loquitur 1270 pauper, et dives effabitur rigide “labhraidh an bocht lé himpidheachaibh, agus labhraidh an saidhbhir go heasgcaoin.” Ionann sin ré a rádh, agus an tí do-gheibh bás i n-uabhar nó i n-iomthnúth, go mbí a anam go heasgcaoin.

An dara céim, do-ní an bás an corp fuar. Mar an gcéadna 1275 do-ní oighreadh an fhuatha anam an pheacthaigh fuar, do réir mar léaghthar san seiseadh caibidil ag Ieremias, mar a n-abair, sicut frigidam facit cisterna aquam suam sic frigidam fecit malitiam suam “amhail do-ní an chorr nó an tobar talmhan an t-uisge bhíos ann fuar, mar sin do-ní an mhailís 1280 an t-anam 'na mbí fuar.” Agus is don fhuath ghoireas sé mailís annso.

An treas céim, do-ní an bás an corp bréan. Mar an gcéadna do-ní bás na coire an t-anam droch-bhalaidh, mar is follus i bpeacadh na drúise, mar a n-abair Isaias san .34. caibidil ag 1285 labhairt ar lucht na drúise, de cadaveribus eorum ascendet fetor “éireóchaidh bréantas as a gconablaighibh súd,” ag ciallughadh thruaillidh chorp na meirdreach.

An ceathramhadh céim, tig don bhás an corp do lobhadh. Mar an gcéadna tig do bhás na coire an t-anam do throthlughadh, 1290 do réir Ieremias san .22. caibidil mar a n-abair, sepultura asini sepelietur putrefactus “an tí bhíos dreóite, adhnaicfidhear i n-uaigh an asail é.” Ionann sin ré a rádh agus an tí chríonas tré choir an chraois go mbiaidh adhnaicthe i gcamra na cruinne, .i. i n-iomdhomhain ifrinn, amhail bhíos ablach an asail i 1295 gcamra na cathrach nó na háite i bhfaghann bás.

An cúigeadh céim, tig do bhás foirniata na feirge an t-anam do dhéanamh uathbhásach, amhail tuigthear as an .15. caibidil in Genesi, mar a n-abarthar, horror magnus et tenebrosus invasit in Abraham “do ling uathbhás mór agus dorchadas ar Abraham.” 1300 Ionann sin ré a rádh agus go raibhe uathbhás na feirge ar Abraham, agus dá réir sin go mbí uathbhás ón bhfeirg ar anam  p.44 an pheacthaigh, nó gurab déistineach é, amhail is déistineach an corp d'éis an bháis chorpardha.

An seiseadh céim, tig don bhás an corp do bheith talmhaidhe. 1305 Mar an gcéadna tig do bhás na sainnte an t-anam do bheith talmhaidhe; amhail léaghthar san treas caibidil in Genesi, mar a labharthar go fáthach ris an sanntach agá rádh, terram comedes cunctis diebus vitae tuae “íosfaidh tú an talamh gach aon-lá ar feadh do bheatha.” Dá chor i gcéill, an dream bhíos ag súghadh 1310 agus ag slogadh na saidhbhreas saoghalta lé sainnt, nach iongnadh a rádh go mbíd talmhaidhe, an mhéid go mbíd a n-aigeanta líonta d'airc agus d'áilgheas na neitheadh dtalmhaidhe.

An seachtmhadh céim, tig don bhás an corp do bheith leasg. Mar an gcéadna tig do choir na leisge an t-anam do bheith 1315 ainéasgaidh ré foghnamh do dhéanamh do Dhia. Agus is agá chiallughadh so atá aní léaghthar san treas caibidil déag do Leabhar na Seanfhocal ag Solamh, mar a n-abair, vult et non vult piger “is áil agus ní háil leis an leasg.” Ionann sin ré a rádh agus tar ceann go mbiadh an réasún dá fhoráileamh ar an 1320 bpeacthach maith do dhéanamh, ní fhaomhann an antoil sin, ar mbeith cuibhrighthe i lúbaibh na leisge dhi.

4. An ceathramhadh goin

An treas gné 'nar cosmhail an bás corpardha agus bás na coire ré chéile .i. gurab ionann taisbéanadh do-bheirid uatha.

Ar dtús, ní fhuil duine dá áille san bhioth nach claochluigheann 1325 an bás corpardha a mhaise i míomhaise. Mar an gcéadna ní fhuil anam dá áille ré hionnracus nach cuireann bás na coire i n-éagcruth é. Agus bíodh a fhios agat gurab álainn oireaghdha bhíos anam an fhíréin, ní nach iongnadh, ar mbeith ar chruth agus ar dheilbh Dé dhó. Agus is uime sin adeir 1330 Dia, ag labhairt ré hanam an fhíréin, amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil dona Cainticibh, mar a n-abair, ecce tu pulchra es, amica mea “féach, ataoi cruthach, a bhan-chara.” Dá chor i gcéill go mbí an t-anam cruthach caomh-álainn sochraidh an gcéin mhaireas tlacht taitneamhach na ngrás uime. Gidh eadh, an tan do-ní duine peacadh marbhthach, agus do-gheibh bás na  p.45 coire, claochluidhidh dath agus déanamh na hanma, do bhríogh go dtéid sé ó bheith ar dheilbh dheagh-mhaisigh Dé ré mbeith ar dheilbh dhochraidh dhoghnúisigh an diabhail. Agus is é so tuigthear as an seiseadh caibidil déag ag Ezech., mar a 1340 n-imdheargann Dia an peacthach agá rádh ris, abominabilem fecisti decorem tuam “is dochraidh gránna mísgiamhach do-rinnis do sgéimh agus do dheagh-mhaise féin.” Dá chor i gcéill go gcuireann an peacthach an t-anam ó chruth i n-éagcruth agus ó mhaise i míomhaise, amhail chuireas an bás corpardha an corp, 1345 amhail adubhramar. Agus is i bhfioghair an éagcrotha chuireas an peacadh ar an anam atá aní léaghthar ag Matha san .22. caibidil, mar do fhiafruigh Críost cia an íomháigh do bhí san mhonadh; agus an tan do fhreagair cách gurab í íomhaigh Shéasair í, adubhairt aní fá leis féin do thabhairt do Shéasair. Mar an 1350 gcéadna an tan bheirthear an t-anam do láthair Chríost i n-aimsir an bháis, agus do-gheibh dealbh dhuthain dhoiléir dhuaibhseach, agus fuath arrachta éidightheach na hurchóide dealbhtha i gcopar na coire nó i bprás an pheacaidh ar orlár na hanma, adéara an monadh .i. an t-anam do thabhairt don tí 'sa dhealbh 1355 atá ann, .i. an diabhal, mar do-chí íomháigh ghlé-mhaiseach na Tríonóide arna hurdhubhadh innte.

Is cosmhail fós an taisbéanadh do-bheirid uatha leath ar leath, an mhéid go n-iomsgarann an bás corpardha an duine ré caidreabh na ndaoine. Mar an gcéadna dealuighidh bás na 1360 coire an t-anam ré cumann agus ré caidreabh na n-aingeal agus na n-anam bhfíréanta. Agus is uime sin adeir Solamh san cheathramhadh caibidil déag do Leabhar na Seanfhocal na briathra so, miseros facit populos peccatum “do-ní an peacadh truagháin dona poibleachaibh.” Agus ní hiongnadh sin do 1365 rádh, do bhríogh go ndealuigheann an uile mhaith riú, agus go mbí an uile olc d'áirithe aca, más é is críoch dhóibh éag san bpeacadh mharbhthach i mbíd.

5. An cúigeadh goin

Féadtar fós a rádh go bhfuil an ceathramhadh gné ann 'nar cosmhail an bás corpardha agus bás na coire ré chéile.  p.46 Ionann cheana foghail do-níd siad; agus atáid a cúig ré a n-áireamh ann.

An chéad-fhoghail do-ní an bás corpardha, an bheatha do bhuain don duine. Mar an gcéadna do bhás na coire: beanaidh a beatha don spioraid anma, do réir Ezech. san ochtmhadh 1375 caibidil déag, mar a n-abair, anima quae peccaverit ipsa morietur “an t-anam pheacuigheas do-ghéabhaidh féin bás.”

An dara foghail: beanaidh a dhighnit agus a ghairm dhe. Óir ní tugthar rí ar chorp mharbh an ríogh, ná impir ar chorp mharbh an impire, ná prionnsa ar chorp mharbh an phrionnsa. Agus ní 1380 hiongnadh soin, ar mbeith dá gcorpaibh marbha 'na n-ablachaibh neamhchuibhdhe ré hiomchor garma onóraighe san bhioth. Mar an gcéadna do-ní bás na coire: beanaidh a ghairm agus a onóir don anam. Agus is uime sin adeir Solamh san deachmhadh caibidil in Ecclo., quis honorificabit exhonorantem animam suam 1385 “cia do-bhéara onóir don tí neamhonóruigheas a anam féin?” Dá chor i gcéill go gcailltear leis an tí pheacuigheas go marbhthach gach uile ghairm agus onóir dá mbí aige ré mbeith fíréanta dhó. Agus is dá éagnach so atá aní léaghthar ag Dáibhídh, mar a n-abair, homo cum in honore esset, etca. “ar 1390 mbeith i n-onóir don duine níor thuig sé é, agus atá arna choimmeas ré bromachaibh, nó ré hóig-eachaibh éigciallda, agus do-rinneadh cosmhail riú é.” Dá chor i gcéill nach fuil acht daoirseach don diabhal san bpeacthach bhíos cuibhrighthe lé téadaibh na gcean, amhail bhíos an t-óig-each ar téid agá marcach; agus fós 1395 amhail bhíos an marcach ag marcaigheacht an óig-eich, dá sporadh agus fós dá slatadh agus dá srianadh, mar an gcéadna don diabhal ris an bpeacthach. Dá bhríogh sin is follus go gcailltear lé bás na coire gairm agus onóir na hanma, mar go gcuirthear i gcoimmeas ré beathadhach éigciallda é.

1400 An treas foghail do-ní an bás corpardha: beanaidh a ainm don duine. Óir ní tugthar Séamus, Peadar, ná Pól ar an gcorp gan anam. Mar sin an t-anam bhíos marbh ó bhás na coire, beantar a ainm a leabhar na beatha, do réir an bhagair do-rinne Dia ar an bpeacthach, amhail léaghthar san .32. caibidil in 1405 Exodo, mar a n-abair qui peccaverit mihi, delebo eum de libro  p.47 meo “an tí pheacóchas damhsa, sgriosfad é as mo leabhar.” Dá chor i gcéill nach biadh a ainm i leabhar na beatha ré tuilleamh ná ré tuarastal d'fhagháil tréna fhoghnamh don Dúileamh. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar ag Lúcás san seiseadh 1410 caibidil déag, mar do cheil Críost ainm an tsaidhbhir shádhail, dá chor i céill nárbh aithnidh dó é. Tig leis so aní léaghthar ag Solamh san deachmhadh caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, memoria iusti cum laudibus, et nomen impiorum putrescet “cuimhne an fhíréin lé hadhmoltaibh, agus do-ghéana 1415 ainm an pheacthaigh dreódh.” Dá chor i gcéill go bhfaghthar ainm an fhíréin sgríobhtha i gcairt na beatha, agus go mbí ainm an pheacthaigh arna sgrios as mar námhaid. As so is iontuigthe go mbeanann bás na coire gan íomháigh Dé do bheith dh'ainm ar spioraid an pheacthaigh, amhail bheanas an bás corpardha 1420 ainm an duine don chorp mharbh.

An ceathramhadh foghail do-ní an bás corpardha: beanaidh don duine a uile bhríogha agus a mhaoine. Mar an gcéadna do-ní bás na coire ris an anam: dealuighidh a shochair agus a shubháilce ris. Agus is ar an bhfoghail se labhras Ieremias san 1425 chéad-chaibidil do Leabhar na hEólchaire, mar a n-abair, ag faisnéis na díotha tig do bhás na coire d'imirt ar anam an pheacthaigh, manum suam misit hostis ad omnia desiderabilia eius “cuiridh a námhaid a lámh féin in gach éin-ní soimhianuighthe dá mbí aige.” Ionann sin ré a radh, agus an tan do-gheibh duine 1430 bás na coire, go mbeanann an diabhal gach subháilce agus gach sochar don anam lé bhféadfadh an ghlóir shuthain do thuilleamh. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san chéad-chaibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na Machabei, mar do-chuaidh rí urchóideach darbh ainm Antiocus go cathair Ierusalem go 1435 sluagh líonmhar maille ris, agus do thriall gus an dteampall, go ndeachaidh don tsanctóir, agus rug leis an altóir órdha, agus lóchrann an tsoluis, agus uile mhaoine an teampaill ó shoin amach. Go fáthach, cia an t-Antiocusso, acht an diabhal? Cia an Ierusalem, acht an fíréan? Cia an teampall, acht anam an 1440 fhíréin? Cia an sanctóir, acht an coguas glan? Cia an altóir órdhaidhe, acht an croidhe ionnraic bhíos arna oirneadh do  p.48 thlacht taidhleach ghrádha Dé agus na comharsan? Cia an lóchrann soluis, acht an mhéin díreach? Cia uile mhaoine an teampaill acht uile ghlain-tiodhlaicthe agus subháilce an duine ó shoin 1445 amach? Ionnus amhail do-rinne Antiocus an teampall d'argain, gurab mar sin airgthear leis an ndiabhal anam an fhíréin an tan do-ní peacadh. Agus is i bhfioghair na foghla céadna so atá an fábhaill-sgéal léaghthar ag Lúcás san deachmhadh caibidil, mar a n-abair Críost go fáthach go raibhe duine éigin ag dul síos 1450 ó Ierusalem go Ierico, agus go dtarladar ladrainn nó lucht foghla ris, agus gur feannadh é, agus ar bhfágbháil chréacht agus chneadh air, do fhágbhadar leith-bheó é. Mar an gcéadna do-ní an diabhal ris an anam. Óir go fáthach is é an duine úd do luaidh Críost an peacthach; agus Ierusalem a neimhchionta; Ierico staid an 1455 pheacaidh; an lucht foghla, an diabhal agus a dhaosgar-shluagh; na hearradha do bheansad de, na subháilce somhaiseacha chailleas a los an pheacaidh; na créachta do-rinneadh air, gona chneadh an pheacaidh lé marbhthar an t-anam. Agus is ionann mar do fágbhadh leith-bheó é agus mar fhágbhas an peacadh 1460 an duine, óir ní fhágbhann acht leath a bheatha aige, mar atá beatha an chuirp, ar mbuain bheatha na hanma .i. ghrás nDé lé foghail an pheacaidh dhe.

An cúigeadh foghail do-ní an bás corpardha: an duine do dhealughadh réna cháirdibh agus réna chompánaibh. Mar an 1465 gcéadna do-ní bás na coire iomsgaradh na hanma ré caidreabh agus ré commaoin na naomh agus na n-aingeal, maille ré gan flaitheas Dé do thuar ná do thuilleamh dhó, an gcéin bhíos san pheacadh mharbhthach. Agus fós na subháilce agus na soibhéasa bhíos 'na bhfál timcheall na hanma, gabhaid raobadh chuca, ré briseadh 1470 an bhuinne bheannuighthe .i. ghrás nDé, is cleith cheangail ar charcair an chrábhaidh. Agus atá Dia féin dá bhagar ar an bpeacthach go mbeanfaidh féin fáil fíréanta na subháilce agus na sochraide neamhdha dhe, do réir mar léaghthar san chúigeadh caibidil ag Isaias, mar a n-abair Dia ag labhairt 1475 ar an bpeacthach, auferam sepem eius, et erit in direptionem “béaraidh mé liom a fhál súd, agus biaidh sé foghluighthe.” Dá chor i gcéill, na naoimh, agus na haingil agus a shubháilce féin, go  p.49 bhfuilngeann Dia a ndealughadh ris an bpeacthach i ndíoghailt a mhíghníomh.

6. An seiseadh goin

1480 Tuig, a dhuine, go bhfuilid trí cinéil pheacadh ann, mar atá peacadh an chroidhe, peacadh an ghníomha, agus peacadh an ghnáthuighthe. Agus is ar an gcéid-pheacadh labhras Solamh san chéad-chaibidil do Leabhar na hEagna, mar a n-abair, perversae cogitationes separant a Deo “do-níd na droch-smuaintighthe 1485 iomsgaradh ó Dhia.” Agus dá réir sin marbhaid an t-anam, do bhríogh go sgarthar leó ó Dhia é, is beatha don anam, do réir Mhaoise san .30. caibidil ag Deut., mar a n-abair ag labhairt ar Dhia ris an duine, ipse est vita tua, et longitudo dierum tuorum “is é do bheatha agus fad do laitheadh é.” Agus 1490 is i bhfioghair an tí mharbhthar lé cóir an chroidhe atá aní léaghthar ag Matha, mar do aithbheódhuigh Críost inghean an phrionnsa.

Is ar an dara cinéal peacaidh labhras S. Séam san chéad-chaibidil dá Eipistil, mar a n-abair, peccatum cum consummatum 1495 fuerit, generat mortem “an tan chríochnuighthear an peacadh, geinidh sé an bás.” Dá chor i gcéill, an tan chuirthear an peacadh i ngníomh, go dtig bás na hanma dhe. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar ag Lúcás san seachtmhadh caibidil, mar do aithbheódhuigh Críost an macaomh fá mac don bhain- 1500 treabhthaigh.

Is ar an treas cinéal labhras Pól san chúigeadh caibidil don chéid-Eipistil ro sgríobh go Timotheus, mar a n-abair, vidua vivens in deliciis mortua est “an bhaintreabhthach mhaireas i sádhaile, atá sí marbh.” Ionann sin ré a rádh agus an t-anam bhíos ag 1505 gnáthughadh an pheacaidh, agus bhíos 'na bhaintreabhthaigh ar dtréigean a fir phósta, .i. an Spiorad Naoimh, i ngeall ar mheirdreachus na locht, go mbí marbh ó bhás na coire. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar ag Eóin san aonmhadh caibidil déag, mar do-rinne Críost Lazarus d'aithbheódhadh. 1510 Bíodh a fhios agat, a dhuine, gurab i bhfioghair na dtrí gcinéal peacthach úd atáid an triúr úd do haithbheódhadh lé Críost.

 p.50

Óir amhail do-rinne Críost aithbheódhadh an trír réamhráitte, is mar sin do-ní go laothamhail aithbheódhadh na dtrí n-aicme úd. Gidh eadh, tuigthear as an réim do choimhéid Críost 1515 i n-aithbheódhadh an trír úd cia dona trí drongaibh peacthach is túsga do-gheibh a n-aithbheódhadh. Is-toigh imorra do haithbheódhadh inghean an phrionnsa; ag triall cheana gus an adhnacul do haithbheódhadh an macaomh; gidh eadh, is annsan uaigh do-rinneadh Lazarus d'aithbheódhadh.

7. An seachtmhadh goin

1520 As so is iontuigthe gurab túsga do-ní Dia duine d'aithbheódhadh ón chéid-chinéal peacaidh ioná ón dara cinéal, agus ón dara cinéal ioná ón treas cinéal. Agus is uime do-rinne Críost gan d'aithbheódhadh acht an triúr soin, do bhríogh nach raibhe faoi an ceathramhadh cinéal peacaidh do leigheas .i. peacadh 1525 na haindiúide. Agus is uime sin adeir, ag labhairt ar an druing bhíos i bpeacadh aindiúid na neamhaithrighe, amhail léaghthar san ochtmhadh caibidil ag Matha, mar a n-abair, dimittite mortuos sepelire mortuos “léigidh dona marbhaibh na mairbh d'adhnacul.” Agus is iad drong adeir d'adhnacul annso na peacthaigh bhíos 1530 marbh ó choir aindiúid na neamhaithrighe. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san chéad-chaibidil do leabhar Amos, mar a n-abair, super tribus sceleribus Damasci, et super quatuor non convertam eum “tillfead ó thrí coiribh na Damasca, agus ní fhillfead óna ceathair é.” Dá chor i gcéill go ndéin Dia 1535 aithbheódhadh na bpeacthach bhíos marbh ó pheacadh an chroidhe, nó ó pheacadh an ghníomha, nó fós ó pheacadh an ghnáthuighthe, gidh eadh, nach déin aithbheódhadh ar an tí bhíos marbh ó pheacadh aindiúid na neamhaithrighe.

 p.51

6. AN SEISEADH HALT

'na ndéantar coimmeas idir dá chomhartha dhéag an bháis chorpardha agus an bháis spioradálta.

1. An chéad-ghoin

Tuig, a léaghthóir, ó's é an bás is díol agus is tuilleamh i n-íoc 1540 an pheacaidh, do réir Phóil san seiseadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a n-abair, stipendia peccati mors “tuarastail an pheacaidh an bás.” Dá chor i gcéill nach foláir dá gach aon-duine oirchill do bheith aige air féin lé mbiadh ollamh ar a chionn, ionnus ó nach fuil dol ón bhás chorpardha aige, go 1545 bhféadfadh é féin do chaomhna agus do choimhéad ar bhás na coire. Agus ar chor gomadh móide do fhéadfadh é féin d'imdhídean agus d'anacul air, fios a raibhthe forfhógarthacha agus a chomharthadh gcinnte do bheith aige, measaim gurab tarbhach don duine na comharthadha cinnte fhorfhógras an 1550 bás corpardha do bheith i ngar do neoch do chor síos annso, agus comharthadha cinnte bháis na coire fhreagras dóibh sin mar an gcéadna, ionnus óna bhfios do bheith ag neach, go dtuigfeadh an duine cuin do bhiadh féin marbh do bhás na coire. Agus atáid a dó dhéag ré a n-áireamh ag gach bás don dá bhás.

2. An dara goin

1555 An céad-chomhartha lé bhforfhógarthar an bás corpardha, anorduightheacht an bhlais. An tan iomorra do-gheibh an t-othar blas ar aní budh anfholláin dó agus diomblas ar aní budh folláin dó, is comhartha báis é. Mar an gcéadna don othar spioradálta, is comhartha báis na coire an tan do-gheibh an 1560 peacthach blas ar dhíomhaoineas agus ar shádhaile agus ar bhaosradh na beatha aimseardha, agus diomblas ar shochar na sácramainteadh agus ar theagasg bhréithre Dé. Agus is ar an druing se labhras Dáibhídh, mar a n-abair, omnem escam abominata est anima eorum, appropinquaverunt usque ad portas mortis “do ghabh déistin a 1565 n-anam súd ris an uile oileamhain, do dhruid siad go doirsibh an bháis.” Dá chor i gcéill go mbí bás na coire san ursain ag an druing  p.52 nach faghann blas ar bhriathaibh Dé ná ar na soibhéasaibh, agus rénar milis briathra borba agus baothántacht na beatha corpardha. Agus is i bhfioghair staide na druinge se atá aní léaghthar ar 1570 Chloinn Israel san aonmhadh caibidil déag do Leabhar na Nuimhreach, mar do chleachtaoi leó bheith ag diommoladh an phlúir neamhdha, agus ag sanntughadh na brúid-bheatha do chleachtadar san Éigipt.

3. An treas goin

An dara comhartha, mar atá easbaidh díleaghtha. An tan 1575 iomorra nach féadann an t-othar an biadh chaitheas do chongbháil fána chlí, nó, dá gcongbhaidh é, nach féadann díleaghadh do dhéanamh air do dhíoth an teasa nádúrtha agus na flichidheachta fréamhamhla, is comhartha cinnte báis é. Amhail iomorra do-níthear an céid-díleaghadh san ghoile, an dara díleaghadh sna 1580 haéibh, agus an treas díleaghadh sna ballaibh fá seach, lé teas agus lé flichidheacht maille ré gníomhughadh na bríogha díleaghtha, mar an gcéadna go spioradálta, an tan éagas teas an ghrádha agus flichidheacht an ghlan-dúthrachta, téid báthadh ar dhíleaghadh bhreíthre Dé, arna clos agus gan a coimhéad. Budh dual trá 1585 briathra Dé do dhíleaghadh fá thrí, amhail do-níthear an díleaghadh corpardha: an céid-díleaghadh i ngoile na meamhrach, lé cuimhniughadh uirre; an dara díleaghadh i n-aéibh na toile, lé gean do bheith uirre agá téaghadh ar thinntéan nó ar theallach na toile; an treas díleaghadh sna ballaibh fá seach 1590 lé gníomhughadh cneasta. Gidh eadh, an dream nach faghann blas ar bhréithir Dé, agus nach déanann a díleaghadh fá thrí amhail adubhramair, is follus go bhfuil comhartha cinnte bháis na coire ortha. Agus is ar an tí ar a mbí an comhartha so labhras Dáibhídh, mar a n-abair, odisti disciplinam et proiecisti sermones 1595 meos retrorsum “do fhuathuigh tú an seóladh agus do theilgis mo ráitte-se druim tar ais.” Dá chor i gcéill, an tí ar a mbí an comhartha báis se, nach binn leis briathra Dé do chlos agá seóladh dhó, agus nach milis leis iad ré a gcoimhéad ná ré díleaghadh do dhéanamh orra. Agus is ar an druing se atá 1600 Isaias ag casaoid san chúigeadh caibidil, mar a n-abair, abiecerunt legem Domini exercituum, et eloquium Sancti Israel blasphemaverunt  p.53 “do ruaigsead reacht Tighearna na sochaidheadh, agus do dhiamhasluighsead labhra Naoimh Israel.” Agus is ar an druing gcéadna labhras Dia, ag bagar orra agus agá rádh nach tillfeadh 1605 iad ó bhás na coire, do réir mar léaghthar san dara caibidil ag Amos, mar a n-abair, ag cur an réasúin síos créad nach tillfeadh ó bhás na coire iad, eo quod abiecerunt legem Domini “do bhríogh (ar sé) gur ruagadar reacht an Tighearna.”

4. An ceathramhadh goin

An treas comhartha, claochlódh na gnúise, mar atá an tsrón 1610 do bheith arna caolughadh, an tsúil do bheith cuas-shloigthe, agus na cluasa do bheith ar gcrapadh agus ar bhfuaradh. Mar an gcéadna don othar spioradálta. Is ionann an caolughadh srón úd agus mar bhíos ag boltnughadh go fuireachair ar bhéasaibh cáich, ar dtabhairt an chrotha 'na mbí féin i ndearmad. Agus 1615 is ris an tí se labhras Ieremias san .31. caibidil, mar a n-abair, reverte virgo Israel, reverte ad civitas tuas. Usque quo deliciis vaga dissolveris “till, a mhaighdean Israel, till ar do chathrachaibh féin. Gá fad bhus sgaoilte thú ar síodhán i sádhaile?” Is eadh aitcheas nó athchuingheas Ieremias annso ar an duine, 1620 gan bheith ag seilg ná ag sraith-fhiadhach, ná ag léir-mheas ná ag lorgaireacht ar lochtaibh a chomharsan, ar ndearmad a dhoibhéas féin; agus dá ndearna, is comhartha cinnte ar bhás na hanma é. Ionann fós an slogadh súl úd agus an sáthadh do-ní an peacthach ar rosgaibh a rúin sna neithibh talmhaidhe, ar 1625 n-iompódh a thoile ó bheith ag smuaineadh ar na neithibh neamhdha. Agus is ris an bpeacthach so adeir Ieremias san treas caibidil, leva in directum oculos tuos, et vide ubi non prostrata sis “tógaibh go díreach do shúile, agus féach cáit 'snár leagadh thú.” Dá chor i gcéill go ndligheann an peacthach 1630 dearc a dhíoghraise do thógbháil a cuas an chonáich shaoghalta, agus silleadh ós a chionn, d'amharc gach othrais agus gach éislinne dá mbí ar a anam. Ionann mar an gcéadna an crapadh agus an fuaradh cluas úd agus gan milse bhriathar nDé do fhromhadh, ná giall dóibh. Agus is eadh adeir Solamh ris an tí ar a  p.54 1635 mbí an comhartha so, amhail léaghthar san ochtmhadh caibidil fichead do Leabhar na Seanfhocal, qui declinat aures suas ne audiat legem, oratio eius erit execrabilis “an tí chlaonas a chluasa go nach cluinfeadh an reacht, biaidh a urnaighthe malluighthe.” Ionann sin ré a rádh agus gurab malluighthe an tí nach éisteann 1640 ré briathraibh Dé, agus dá réir sin gurab comhartha cinnte ar bhás na hanma gan chluais do thabhairt ré héisteacht agus ré coimhéad bhriathar nDé. Agus don leith oile adeir Críost san chúigeadh caibidil ag Eóin na briathra so, qui verbum meum audit, et credit ei qui misit me, habet vitam aeternam, 1645 et in iudicium non venit, sed transit a morte in vitam “an tí do-chluin mo bhriathra-sa, agus chreideas don tí do chuir uaidh mé, atá an bheatha shíor aige, agus ní thig fá bhreitheamhnas, acht triallaidh ó bhás go beathaidh.” As so is iontuigthe gurab comhartha cinnte ar bhás na coire an tan chrapas agus fhuaras 1650 cluas an pheacthaigh lé hoighreadh na hurchóide agus an éagcrábhaidh, agus dhúnas lé dullán dubháilceadh, nó lé comhlaidh chean, céadfaidh na héisteachta, ionnus nach cluinfeadh agus nach creidfeadh briathra Dé ná teagasg a leasa.

5. An cúigeadh goin

An ceathramhadh comhartha báis chorpardha, éagcomhthrom 1655 na cuisleann, an tan bhuaileas go neimhionann, mar atá seal go luath agus seal go mall, seal go meirbh agus seal go láidir. Agus is eadh is cuisle ann, friothbhualadh gluasachta an chroidhe sna hairtiribh, thionnsgnas ón chroidhe lé gcoimhéadtar an t-aieór agus spiorad na beatha. Agus is eadh go spioradálta 1660 chialluighid na cuisleanna úd, miana an chroidhe dhaonna. Agus is eadh chialluigheas an mhalairt úd ar ghluaiseacht na gcuisleann, claochlódh corrach diombuan luath-aigeantach na mian gcéadna. Agus amhail is comhartha báis chorpardha gluasacht neimhionann na gcuisleann, mar an gcéadna is 1665 comhartha ar bhás na coire, an tan bhíd miana an chroidhe corrach, agus do-níthear a malairt fá seach, mar theagmhas do mhórán do dhaoinibh dul ó bheith measardha go beith craosach, o bheith cráibhtheach go beith éagcráibhtheach, ó bheith geanmnaidh  p.55 go beith drúiseach, ó bheith fosaidh go beith feargach; agus 1670 mar sin dóibh ag malairt idir na miana agus na hainmhiana, ionnus gurab neimhionann gluasacht chuisleann an choguais aca; agus don chomhartha soin aitheantar bás na coire dá rochtain. Agus is ar anam an tí bhíos luath-aigeantach labhras Solamh san seachtmhadh caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a 1675 n-abair, garrula et vaga, quietis impatiens, etca. “labharthach agus síleach, gan fulang chomhnaighthe.” Dá chor i gcéill go mbí aigneadh an pheacthaigh ar lúth agus ar luadhaill, ag léim ó locht go locht, do bhríogh nach bí fundaimeint fhorasta fhíréandachta fúithe.

6. An seiseadh goin

1680 An cúigeadh comhartha báis chorpardha, codladh corrach antráthach. Is eadh iomorra is codladh antráthach ann, an tan do-ní duine suan ar ló agus dúsgadh san oidhche. Go spioradálta, is eadh chialluigheas an codladh úd, faill, agus is eadh chialluigheas an lá, an tsláinte, agus an oidhche, an galar. Mar 1685 sin, an tí do-ní faill nó seachmall ar ló .i. 'na shláinte, agus chuireas a leas ar cairde i gcomhair oidhche na heasláinte, is follus go bhfuil comhartha cinnte bháis na coire air. Agus is uime sin ghuidheas Dáibhídh Dia, dá iarraidh air é féin do dhíon ar an gcoir se, mar a n-abair, illumina oculos meos ne unquam 1690 obdormiam in morte “soillsigh mo shúile, ionnus nach codlainn choidhche san bhás.” Agus is eadh iarras ar Dhia, gan a léigean dó féin faill do dhéanamh, dá dtiocfadh é féin do bheith marbh i mbás na coire. Atá fós Pól dá theagasg don pheacthach bhíos 'na chodladh san pheacadh dá ngairthear faill, éirghe 1695 as, do reir mar léaghthar san chúigeadh caibidil go Ephesios, mar a n-abair, surge, qui dormis, et illuminabit te Christus “tusa atá it chodladh, éirigh, agus soillseóchaidh Críost tú.” Asta so is follus gurab comhartha cinnte ar bhás na coire an codladh úd dá ngairthear faill.

7. An seachtmhadh goin

1700 An seiseadh comhartha ar an mbás chorpardha .i. allus anorduighthe nach i ló an fhaothaimh do-geibhthear, agus  p.56 nach bí as an gcorp go huilidheach, agus bhíos fuar, agus nach tabhair biseach na sláinte don othar. Go spioradálta is eadh chialluigheas an t-allus, an fhaoisidin, agus an faothamh, breitheamhnas 1705 an tsagairt; an t-allus neamhuilidheach, ciorrbhadh na faoisidneach; agus an fhuaire bhíos ann, neimhtheas cuisneamhail na coire, lé múchtar grís ghrádha Dé agus na comharsan, is snáth uama dona subháilcibh, is cruaidh-théad cheangail don chrábhadh, agus is uchtach ór-naisg don aithrighe. Agus is 1710 ar an tí do-ní faoisidin ar an gcor so labhras Solamh san seachtmhadh caibidil déag in Ecclo., mar a n-abair, a mortuo quasi nihil perit confessio “téid an fhaoisidin ar ceal ón mharbh amhail neimhní.” Dá chor i gcéill, an dream do-ní an fhaoisidin fhallsa fhollásach úd, nach téid i sochar don tí bhíos marbh 1715 ó bhás na coire, amhail nach téid an t-allus do luaidheamar i sláinte don othar. Tuig, a léaghthóir, gurab anfholláin an t-allus do chor acht i ló an fhaothaimh. Mar an gcéadna is damanta don tí do-ní faoisidin agus faisnéis ar a pheacadh féin, acht do láthair an tsagairt. Gidh eadh, is iomdha fa-ríor 1720 feidhneóir fíor-uallach faithche, badhgaire bras-ráitteach, agus baothán builidh beig-ciallda, mhaoidheas go bréagach, a los anbhairr agus iomarca, do láthair bhan dá mbréagadh, a gcumus féin ar ól agus ar imirt, ar mhilleadh ban, ar ghoid, ar éigean agus ar mharbhadh daoine, agus ar gach olc oile dá ndéinid agus nach 1725 déinid. Gidh eadh, bíodh a fhios aca gur comhartha cinnte ar bhás na coire é.

8. An t-ochtmhadh goin

An seachtmhadh comhartha ar an mbás gcorpardha, bréantas anáile. An tan iomorra bhíos anál bhréan ag an othar, is comhartha é ar sgaoileadh nó ar bhriseadh bronn do bheith 1730 aige, agus dá réir sin, ar an mbás do bheith i ngar dhó. Mar an gcéadna go spioradálta, an tí dhoirteas a mhíochlú féin dá gach leith léna mhíghníomhaibh, bí droch-bhaladh mítheasta air, agus dá réir sin bí comhartha bháis na coire air. Agus is ar an druing bhíos ar an gcor soin labhras Ieremias san seiseadh 1735 caibidil, mar a n-abair, confusi sunt quia abominationem fecerunt  p.57 “atá meadhradh orra tré mar do-rónsad gníomh déistineach.” Dá chor i gcéill go mbí commbuaidhreadh na coire ag déanamh droch-bhalaidh na míochlú ón pheacthach, agus an tan do-chluin féin a mhítheist dá haithfhriotal, cuiridh meadhradh air, trésan 1740 diúide ghabhas é. Agus is ar an druing se labhras Solamh san dara caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair quorum viae perversae sunt, et infames gressus eorum “an dream is saobh slighthe, is mítheastach a gcéime.” Agus is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar ag Eóin san aonmhadh caibidil déag, mar a 1745 n-abair Martha, ag labhairt ré Críost do thaoibh a dearbhráthar, Domine iam foetet, quatriduanus est enim “a Thighearna, atá sé bréan, óir atáid cheithre lá ó's marbh é.” As so go fáthach is iontuigthe, an dream bhíos marbh cheithre lá go spioradálta, leis na ceithre gnéithibh peacadh ó bhféadtar duine d'aithbheódhadh, 1750 mar atá smuaineadh, labhairt, gníomh, agus gnáthughadh, go mbí comhartha cinnte bháis na coire air.

9. An naomhadh goin

An t-ochtmhadh comhartha ar an mbás chorpardha .i. easbaidh urlabhra. An tan trá do-bheir duine an fhaoisidin agus moladh Dé i ndearmad, is comhartha bháis na coire é. Agus 1755 is ris an tí do-gheibh an bás so adeir Solamh san seachtmhadh caibidil déag in Ecclo., vivus et sanus confiteberis, et laudabis Deum “ré linn do bheatha agus do shláinte do-ghéana tú faoisidin agus molfaidh tú Dia.” Dá chor i gcéill go bhfuil an fhaoisidin éigeantach ré haithbheódhadh an té bhíos marbh ó bhás na 1760 coire. Agus is uime adeir ar dtús an fhaoisidin do dhéanamh ré moladh Dé, do bhríogh nach gabhann Dia urnaighthe an pheacthaigh, nó go mbí arna fhothragadh lé fíor-uisge na faoisidneach, do réir mar adeir Solamh san chúigeadh caibidil déag in Ecclo., non est speciosa laus in ore peccatoris “ní maiseach 1765 an moladh i mbéal an pheacthaigh.” Dá chor i gcéill, an dream bhíos marbh ó bhás na coire, nach faghann Dia blas ar a n-urnaighthe, acht mar gurab i n-easbaidh urlabhra do bhiadh siad ó bhás na coire. Agus is ar an druing se labhras Dáibhídh, mar a n-abair, non mortui laudabunt te Domine, neque  p.58 1770 omnes qui descendunt ad infernum “ní mholfaid na mairbh thú, a Thighearna, náid na huile théid síos i n-ifreann.” Ionann sin agus nach gabhann Dia moladh ná urnaighthe na druinge bhíos marbh ó bhás na coire, agus nach mó mholtar é leis an druing dhamanta bhíos i n-ifreann. Ionnus, mar aitheantar an deóraidh 1775 ar a bhéasgna cia an chríoch nó an cionnaidh is dúthaigh dhó, mar sin go meinic aitheantar ar uraghall an duine an é flaitheas Dé is dúthaigh dhó, nó an é ifreann. Óir madh fírinneach sochraidh ceannsa comhrádh an duine, is comhartha sin gurab é flaitheas Dé is dúthaigh dhó, agus madh bréagach borb beag-tharbhach 1780 a bhriathra, is comhartha gurab é ifreann is dúthaigh dhó. Agus cibé labhras ar an dara modh so, is geall ré heasbaidh athaisg do bheith air é, agus da réir sin bí comhartha bháis na coire air.

10. An deachmhadh goin

An naomhadh comhartha ar an mbás gcorpardha, maoladh 1785 na meabhrach. Óir an tan chailleas duine a mheabhair, is comhartha báis air é. Mar sin go spioradálta, an tí do-bheir i ndearmad dearlaigthe Dé, a bhreitheamhnais, a aitheanta, agus a luaighidheachta, is comhartha cinnte ar bheith marbh ó bhás na coire é. Agus is ar an tí bhíos marbh i mbás na 1790 coire se labhras Dáibhídh, mar a n-abair,non est in morte qui memor sit tui “ní fhuil san bhás neach do bhiadh cuimhneach ort-sa.” Dá chor i gcéill, an tí bhíos marbh do bhás na coire, nach bí cuimhne ar Dhia ná ar a thiodhlaicthibh aige. Agus fós is ar an druing gcéadna so labhras Dáibhídh, mar a n-abair, 1795 et obliti sunt Deum qui salvavit eos “agus tugadar i ndearmad Dia do shlánuigh iad.” Dá chor i gcéill, an dream bhíos marbh ó bhás na coire, nach cumhain leó commaoin dár chuir Dia orra, ar mbeith dá meabhair arna maoladh, amhail adubhramar.

11. An t-aonmhadh goin déag

An deachmhadh comhartha ar an mbás gcorpardha, an tan 1800 choisgeas a luadhaill nó a ghluasacht. Óir an tan nach féadann duine aon-bhall dá bhallaibh do chorraighe, is comhartha cinnte báis é. Mar sin go spioradálta, an t-anam bhíos gan luadhaill  p.59 na deagh-oibre, bíth marbh do bhás na coire. Óir is é an creideamh beatha na hanma, do réir Abacuc san dara caibidil, 1805 mar a n-abair, iustus in fide sua vivet “méaraidh an fíréan 'na chreideamh féin.” Gidh eadh, do réir S. Séam san dara caibidil mar a n-abair, fides sine operibus mortua est “is marbh an creideamh gan deagh-oibreachaibh.” Dá bhríogh sin, ó's marbh an tí bhíos gan luadhaill ré déanamh na ndeagh-oibreach, ní 1810 foláir dhúinn bheith seadhmhar ré saothrughadh na subháilceadh agus na soighníomh. Agus atáid cheithre cinéil deagh-oibreach dhleaghair dhúinn do dhéanamh.

An céid-chinéal, mar atáid oibreacha áilgheasacha na haithrighe ré hionnladh na hanma ó mheirg na mailíse. Agus is é an 1815 t-ionnladh so na haithrighe fhoráileas Críost, do réir mar léaghthar san treas caibidil ag Lúcás, mar a n-abair, facite fructus dignos poenitentiae “déanaidh toirthe fiúdhantacha na haithrighe.” Agus is i bhfioghair aneithe céadna atá aní léaghthar san chúigeadh caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, 1820 mar do fhoráil Eliseus ar Naaman é féin do nighe fá sheacht i sruth Iordáin. Agus fós atá san áit se Dia ag déanamh bagair san Scrioptúir mar a n-abair san treas caibidil déag ag Lúcás, nisi poenitentiam egeritis, simul omnes peribitis “muna ndearntar aithrighe libh, caillfidhear uile i n-aoin-fheacht sibh.” Gonadh 1825 aire sin adeir file éigin an rann so:

  1. Gá fios damh, a Dhé nimhe —
    anois uair na haithrighe —
    an mbiam an uair oile ann?
    an uain bhus goire gabham.

1830 An dara cinéal oibre, mar atáid oibreacha na trócaire, do réir Phóil san treas caibidil déag gusna hEabhraidhibh, mar a n-abair, caritas fraternitatis maneat in vobis, et hospitalitatem nolite oblivisci “comhnaidheadh an grádh bráthardha ionnaibh, agus ná tugthar libh i ndearmad an aoidheacht;” agus mar adeir 1835 san áit chéadna, mementote vinctorum tanquam simul vincti “bíodh cuimhne agaibh ar na cimeachaibh, mar go mbiadh sibh féin mar aon riú cuibhrighthe.” Dá chor i gcéill go ndligheann  p.60 duine éigean-dáil agus anfhorlann a chomharsan d'fhóirithin agus d'anacul, amhail do-ghéanadh air féin dá mbeith san ghuais 1840 chéadna.

An treas cinéal oibre, mar atá sgrúdadh agus sgáthántacht glan-rúnda do dhéanamh ar na neithibh neamhdha. Agus atá an Coimdhe ag cuireadh na ndaoine ré déanamh an sgrúduighthe se, do réir mar léaghthar san .24. caibidil in 1845 Ecclo., mar a n-abair, transite ad me omnes qui concupiscitis me “triallaidh im dháil-se, na huile shanntuigheas mé.” Agus is cuid don sgrúdadh soin oibreacha na heagna, mar atá éisteacht go friochnamhach ré friotal na fírinne, agus na neithe chluinfeas tú do choimhéad id 1850 chuimhne; agus na neithe chuirfeas tú id chuimhne do ghníomh-ghnáthughadh; leabhair dhiadha do léaghadh, agus fós frithléaghadh fuireachair do dhéanamh orra, go ndeithide agus go ndícheall ndofhaisnéise; foirfhiafraighidh do dhéanamh ar neithibh conntabhartacha; lorgaireacht ar thoil agus ar aitheantaibh Dé fria a gcoimhéad go cobhsaidh caoin-bhéasach; 1855 agus fidh-cheangal do dhéanamh ar chuithe nó ar chuas an chroidhe lé féithle fíréandachta, ionnus nach géabhadh teannáil na toile — bhíos ag aol-losgadh na hanma, dá bruithneadh agus dá beó-ghoradh, ag buain mheirge na mímhéine agus umha ghuirm na hurchóide dhi — múchadh chuice.

1860 An ceathramhadh cinéal oibre, mar atá fíréantacht iomlán, ré gcomhailltear na neithe chomhairligheas Dia dhúinn do dhéanamh, leath amuigh dá fhógarthaibh. Agus atáid cheithre neithe san bhfíréantacht so.

An céid-ní, tar agus tarcuisne na séad saoghalta. Agus is uime 1865 sin adeir máthair Tobias, dá chor i gcéill nach raibhe seadh san saoghal aice féin, mar a n-abair, sufficiebat nobis paupertas nostra “fá lór dhúinn ar mbochtacht féin.”

An dara ní, neimhchion do thabhairt ar ainmhianaibh na colna, is dearbh-airdhe dísle ar na dubháilcibh, agus is teachta agus 1870 is taidhleóire do thaomaibh fiabhrasta an pheacaidh. Agus is uime sin atá aní léaghthar ag Solamh san .33. caibidil in Ecclo. mar a n-abair, cibaria et virga et onus asino, panis et disciplina et opus servo “biadha agus brod agus ualach don asal, arán agus seóladh  p.61 agus obair don daoirseach.” Dá chor i gcéill don cholainn nach 1875 foláir dhi bheith fá bhrod bhrostuighthe an Spiorad Naomh, fhoráileas ar dhuine deigh-ghníomha do dhéanamh agus ualach na haithrighe agus lón an lóir-ghníomha d'iomchor, agus slat shaothruighthe na soighníomh do bheith ós cionn na colna dá brodadh réna cor ó bheith aimhriata.

1880 An treas ní, umhlacht an fhomóis, do réir Eóin san cheathramhadh caibidil, mar a n-abair Críost, meus cibus est ut faciam voluntatem eius qui misit me “is eadh is biadh dhamhsa, go ndearnainn toil an tí do chuir uaidh mé.”

An ceathramhadh ní, treise na foidhide, do réir S. Séam san 1885 chéad-chaibidil, mar a n-abair, patientia opus perfectum habet, ut sitis perfecti et integri, in nullo deficientes “obair iomlán an fhoidhide, is aice atá bhar mbeith coimhlíonta iomlán, gan bheith dítheach i n-éin-ní.” Dá chor i gcéill go dtig don fhoidhidin gach dochar agus gach díoth aimseardha fhuilngeas an duine dá dheóin san 1890 bheathaidh se, go bhfuighbhe a gcoimhlíonadh san bheathaidh shuthain.

12. An dara goin déag

An t-aonmhadh comhartha déag .i. easbaidh anáile. Óir an dream mheasas a fhios do bheith aca an mbí an t-othar marbh, do-níd cleite d'inneall ar chomhair a bheóil agus a shrón, dá fhéachain an luaisgfidh an cleite lé séideadh nó lé súghadh 1895 a anáile; agus an tan nach mothuighid ag séideadh nó ag tarraing a anáile é, measaid siad gurab marbh bhíos. Mar an gcéadna go spioradálta, an tan nach séideann duine a dhíoghrais go Dia, agus nach súigheann grása an Spiorad Naoimh, is comhartha ar 1900 bhás na coire é. Agus is ar an tí bhíos san riocht so labhras an seachtmhadh caibidil déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a n-abarthar, erat languor fortissimus ita ut non remaneret in eo halitus “do bhí an treabhlaid láidir, ionnus nár an anál ann.” Agus is é peacadh an éadóchais go sonnradhach 1905 thuigthear ann so, do réir Sholaimh san aonmhadh caibidil déag mar a n-abair, mortuo homine impio nulla erit ultra spes “ar bhfagháil bháis don éadtrócaireach, ní bhia dóchas ar bioth ó shoin amach aige.” Dá chor i gcéill go dtéid an t-éadtrócaireach  p.62 i n-amharas ar Dhia agus ar a chomharsain, ionnus nach séideann 1910 anáil a aithmhéile go Dia, agus nach mó thairrngeas a thrócaire chuige.

13. An treas goin déag

An dara comhartha déag báis chorpardha .i. easbaidh tadhaill. An tan trá chailleas duine céadfaidh an tadhaill, is follus gurab marbh é. Mar an gcéadna go spioradálta, an tan chruadhuigheas 1915 an duine go docht sna dubháilcibh, caillidh a chéadfaidh a mothughadh. Ar dtús caillidh a blasadh, an mhéid nach fromhann milse an chomhshóláis diadha, agus fós nach cluin briathra an teagaisg ná an smachta, agus nach faiceann do rosgaibh a réasúin toirbhearta an bhronntais diadha, agus nach déanann 1920 boltnughadh ar eisiompláiribh chaidribh naomhtha Chríost agus na naomh, agus nach mothuigheann céadfaidh an tadhaill sgiúrsadha an smachta diadha. Ionnus go bhféadtar a rádh ris amhail adubhradh ré Nabal, do réir mar léaghthar san .25. caibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a n-abarthar, 1925 e mortuum est cor eius intrinsecus, et factus est quasi lapis “atá a chroidhe marbh go hinmheadhónach, agus atá arna dhéanamh amhail chloich.” As sin is iontuigthe go mbíd daoine dúra doitheagaisg ann, nach gabhann beadhgadh tré smacht dá ndéanann Dia orra, ná fós ré bagar a bhriathar, amhail do bhí 1930 Pharao, do réir mar léaghthar san chúigeadh caibidil in Exodo. Óir tar éis mar do iarr Maoise air sgaoileadh do phobal Dé as an daoirse 'na rabhadar aige, agus tar éis na bplágh ndíoghaltach do imir Dia ar an Éigipt tré bhroid Chloinne Israel, is móide (mar ghreannughadh ar Dhia) do thromuigh ar mhoghsaine 1935 Chloinne Israel gach bagar dá ndearna Dia air, agus gach pláigh dár imir ar an Éigipt. Mar an gcéadna fós do-rinne Cain, do réir mar léaghthar san cheathramhadh caibidil in Genesi. Óir an tan do theagaisg Dia é do thaoibh a dhearbhráthar Abel, is eadh do-rinne, Abel do mharbhadh, mar ghreannughadh ar 1940 Dhia tréna theagasg. A shamhail chéadna do-rinne Ioruaith re hÉoin Baiste. Óir i ndíol an teagaisg tharbhaigh tug Eóin dó, is eadh fuair dá chionn, a dhícheannadh le hIoruaith. Mar sin don duine dúrchroidheach mar chloich: teilgidh do dhruim  p.63 a mheanman gach bagar do-ní Dia air agus gach teagasg do-bheir 1945 dhó, amhail do theilgfeadh gallán gaoine an t-ord do buailfidhe uirre dá druim. Agus is comhartha cinnte ar bhás na coire sin.

7. AN SEACHTMHADH HALT

'na nochtar créad is treas bás ann.

1. An chéad-ghoin

Is eadh is treas bás ann .i. bás na péine. Agus is ar an mbás so labhras Eóin san ochtmhadh caibidil, mar a n-abair, 1950 et in peccatis vestris moriemini “agus do-ghéabhthaoi bás in bhar bpeacaidhibh féin,” ag labhairt ar an druing do-gheibh bás i bpeacaidhibh agus do bhiadh i mbás síordhaidhe na péine. Gonadh aire sin adeir file dh'áirithe an rann so:

  1. Is é is bás dár-íribh ann,1955 
    tréigean Dé, dol i n-iofrann:
    beag cás toighe acht an teagh-sain,
    bás oile ní huireasbaidh.

Agus tuigthear aní céadna go follus a briathraibh Dháibhídh san .48. Salm, mar a n-abair, ag labhairt ar an druing dhamanta 1960 théid go hifreann, sicut oves in inferno positi sunt; mors depascet eos “do cuireadh amhail chaorcha i n-ifreann iad; sáiseóchaidh an bás iad.” Dá chor i gcéill gurab amhlaidh bhíd na hanaim dhamanta do shíor ag blaistin an bháis, agus ag ingheilt ar il-phianaibh ifrinn, ionnus go mbíd gaotha cró gach coire lér cuireadh 1965 i n-ifreann iad agá dtreaghdadh agus agá dtrom-ghoin. Gonadh uime sin adeir file éigin an rann so:

  1. Iomdha i n-ifreann ar chionn cháigh
    piana troma, is tuar toccráidh:
    éag gan luibhe dá leigheas,1970 
    duine do chéad chuimhneigheas.

 p.64

2. An dara goin

Is eadh iomorra is ionnfhuaradh i n-ifreann dóibh, éagsamhlacht agus malairt na bpian bhíos agá n-imirt orra. Óir an tan bhíd tuirseach ó bheith ag feitheamh ghnúise grancuighthe gualda gráineamhla an diabhail, gabhaid an daosgar-shluagh 1975 dorrdha dubh-ghnúiseach deamhan, agus an saobh-choire sáruightheach seirgnidhe siabhartha, agá sústadh agus agá slat-bhualadh, agá dtuargain agus agá dtrom-ghoin agus agá dteilgean as sin ar leacaibh loma loisgneacha lasamhla, agus agá dtreaghdadh do bhearaibh troma teinntidhe, agá gcosgairt agus agá gcreat-raobadh 1980 d'ordaibh iomthroma urlainn-leathna iarnaidhe; agus as sin i srothaibh borb-thonnacha bréana buaidheartha briomstóin nó raibhe, go n-iomad n-il-phiast agus n-arracht n-adhuathmhar n-allmhardha. Gá dtám ris, ní héidir ríomh ná ro-áireamh a bhfuil d'il-phianaibh i n-ifreann, ar a n-iomad agus ar a n-aidhbhsighe.

3. An treas goin

1985 Tuig go bhfuilid dá ghné phrinnsiopálta phéine ann, mar atá pian chéadfadhach nó mhothuightheach, mar atá teas teineadh ifrinn, bualadh agus boirb-leadradh na ndeamhan ar an hanmannaibh. Agus is é mo mheas go n-oibrigheann an teine se go gníomhach ar na hanmannaibh damanta, comh-maith agus 1990 oibrigheas uisge an bhaistidhe ar an druing bhaistear; ionnus mar ghlanas uisge an bhaistidhe an t-anam ó pheacadh an tsinnsir go fírinneach, mar an gcéadna go ngníomhuigheann teine phurgadóra nó ifrinn go fírinneach ar na hanmaibh damanta nó ar na hanmaibh bhíos i bpurgadóir.

1995 An dara gné phrinnsiopálta phéine bhíos i n-ifreann, dá ngoirthear pian easbadhach, mar atá bheith i n-easbaidh amhairc bheannuighthe na glóire, tré bhfaicthear an diadhacht 'na bhfuil an uile mhaith shoimhianuighthe. Agus atá i gconntabhairt, cia dhíobh pian is truime .i. bheith ag fulang na teine ifreanda do shíor, nó bheith i n-easbaidh ghlóire 2000 suthaine.

Agus is uime atáid an dá ghné phéine se i ndiaidh an pheacaidh, do bhríogh go bhfuilid dá olc phrinnsiopálta san pheacadh do-ní an peacthach ré déanamh an pheacaidh, mar  p.65 atá cúil-iompódh ón Chruthuightheóir agus gnúis-fhilleadh ar an 2005 gcréatúir. An tan iomorra do-bheir an pótaire dúil don digh d'ól go hainmheasardha, agus ibheas í go beith ar meisge dhó, do-ní cúil-iompódh ré a Chruthuightheóir an tan soin, an mhéid go sáruigheann an fhógra tug dhó, mar a n-abair ré duine gan craos do dhéanamh. Agus do-ní gnúis-fhilleadh ar an gcréatúir 2010 an tan ibheas go hanorduighthe an deoch, ionnus go ndéin dia dhi. Óir is ionann dó dia do dhéanamh don digh agus a breith do roghain ar thoil nDé do dhéanamh. Agus mar an gcéadna adeirim ris an tí bheireas corp na meirdrighe do roghain tar a gheanmnaidheacht do chongbháil ar thoil nDé; nó an tí 2015 bheanas amach go haindlightheach ór nó airgead, fonn nó fearann, crodh nó ceathra a chomharsan: is dearbh go ndéin dée fána dhícheall díobh, agus go gcuireann Dia ó bheith 'na Dhia an mhéid fhéadas. Óir is é is dia don uile dhuine, an tí is mó bheireas do roghain agus is annsa leis. Agus do bhríogh 2020 go mbeireann an pótaire an deoch do roghain, nó an striapach corp na meirdrighe, nó an sanntach an t-ór nó cuid a chomharsan, ní héidir a mheas nach dée do-níd díobh, ar dtréigean Dé fhírinnigh i ngioll orra.

4. An ceathramhadh goin

Atá an chéid-ghné úd dona pianaibh adubhramar, mar atá 2025 an phian ghníomhach, i n-íoc an ghnúis-fhillte do-ní an peacthach ar an gcréatúir. Óir cion a bhfaghann do shólás agus do shult sna créatúiribh úd ar an saoghal so, do-ghéabhaidh do dhólás agus do dhaoirse agus do dhocamhal thall é, muna íoca abhus ar a shon, do réir Eóin, san ochtmhadh caibidil déag do Leabhar 2030 na dTaidhbhreadh, mar a n-abair, quantum glorificavit se et in deliciis fuit, tantum date illi tormentum et luctum “an uiread do ghlórmharuigh sé é féin, agus do bhí i sádhaile, tugthar libh an uiread soin do phéin agus do dhoilgheas dó.” Dá chor i gcéill, cion a bhfaghaid na daoine do sháimhrighe agus do mheadhair 2035 na beatha so, go bhfaghaid a dhíol do chruadh-dháil agus do chrádh san charcair úd thall. Gonadh uime sin adeir Lúcás san seiseadh caibidil, ag teacht tar an druing se, vae vobis  p.66 qui nunc ridetis, quia lugebitis “monuar dhaoibh, a dhream do-ní gáire anois, óir do-ghéantar caoineadh libh.” Dá chor 2040 i gcéill, an dream do-bheir iad féin d'áineas agus do mhacnas na beatha so, gurab éigean dóibh sin d'íoc lé hamhluadh agus lé heólchaire thall.

5. An cúigeadh goin

Atá mar an gcéadna an dara gné pheine úd .i. an phian easbadhach, i ndiaidh an chúil-iompóidh do-ní an peacthach 2045 óna Chruthuightheóir. Óir mar do-ní an peacthach díogha don bheathaidh mharthanaigh agus rogha dona neithibh talmhaidhe, do-ghéana a chontrárdhacht i n-ifreann i n-antráth. Óir bí lán d'airc agus d'fhonn anorduighthe ris an nglóir do dhiúlt sé roimhe d'fhaigsin, ionnus nach féadtar a mheas créad é a mhéad 2050 do phéin dó, an t-áilgheas aidhbhseach anorduighthe agus an fonn frithir foiréigneach bhíos air ré blas na glóire sin; agus gurab dearbh leis gan é dá rochtain tré shaoghal na saoghal, dá mhéad bhíos ag dol i dtaisibh agus i dtáimh-néallaibh dá cionn. Agus is í an ghuais gháibhtheach so agus an t-anfadh anbháil atá 2055 ar mhuir mhailísigh an tsaoghail, ag tolladh agus ag tuargain arthraigh anma an duine, do-connarcas go fáthach do Pheadar naomhtha, do réir mar léaghthar san ochtmhadh caibidil ag Matha, mar a ndubhairt, agus é i n-aon-luing ré Críost i mbaogal a bháitte, Domine, salva nos, perimus “a Thighearna, fóir sinn, 2060 atámaid ar fágbháil.” Agus níor chóra do Pheadar Críost do ghairm an lá soin ré linn a ghuasachta, ioná dona daoinibh i gcoitchinne Dia do ghuidhe. Óir ní lugha guais aoin aca ioná guais Pheadair an tráth soin. Agus fós, is mó guais na ndaoine, do bhríogh nach raibhe acht baoghal bháis chorpardha 2065 ar Pheadar, agus go bhfuil baoghal na dtrí mbás do luaidheamar ar na daoinibh i gcoitchinne. Gér gháibhtheach iomorra an fhairrge agus gér lag an long 'na raibhe Peadar, is burba an mhuir se na mailíse ar a bhfuilid na daoine, agus is laige leónta a luingeas, mar atáid na cuirp chealgacha chriadhamhla atá ré 2070 hiomachor a n-anam, agus gan iad cliste ná calma ré maraidheacht do dhéanamh, an tan éirgheas gaoth na glóire díomhaoine, agus tig séideadh soighnéanta na sainnte, agus tógbhaid uisgeadha  p.67 aigianta na hantoile 'na ndromannaibh diana díoghainne doieadrána díomais, agus 'na bhfrais-cheathaibh fraochdha fíochmhara 2075 forránacha feirge, agus na gcnocaibh codarsna cubhar-anfadhacha craois, agus 'na linntibh luchtmhara lán-aidhbhseacha leisge, agus 'na nduibh-néallaibh doimhne duaibhseacha dath-ghránna drúise. Ionnus an tan éirghid ruadh-bhuinneadha roi-mheara rioth-arda rabharta na mara so na mailíse i gcoinne 2080 agus i gcomhdháil a chéile timcheall luinge na hanma, go sloigthear í mar aon réna fuirinn .i. ris na céadfadhaibh, i n-aigéan na n-ainmhian, go marbhthar í amhlaidh sin. Agus is córaide dhúinn Críost do ghuidhe san éigean-dáil ghábhaidh se, do bhríogh gurab é féin amháin fhéadas ar bhfóirithin, do réir 2085 Lúcáis san cheathramhadh caibidil do Ghníomharthaibh na n-Apstal, mar a ndubhairt Peadar, non est aliud nomen datum hominibus sub caelo in quo oportet nos salvos fieri “ní fhuil ainm oile arna dháil dona daoinibh fá neamh ionarb éigean sinne do shlánughadh.” Dá chor i gcéill gurab i n-ainm Íosa 2090 amháin shaorthar na daoine ó gach guais 'na mbíd. Agus dom iúl, ní fhuil san bhioth guais is aidhbhsighe ioná bheith i riocht arthraigh éislinnigh anma an duine re mbeith ag taisteall bóchna na beatha aimseardha dhi, mar go mbí truaill fhallsa fholamh fhollásach na colna féin ag gartadh, do 2095 léigean uisge na hantoile ar a horlár, go mbáittear cile an choguais leis.

6. An seiseadh goin

Agus is ag éagnach ar aindísle agus ar eisionnracus na colna do mhothuigh Pól ann féin labhras san seachtmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a n-abair, video aliam legem in 2100 membris meis, repugnantem legem mentis meae, et captivantem me in lege peccati, quae est in membris meis “do-chím reacht oile im ballaibh ag gleic ré reacht mh'intinne, agus dom chuibhreach i reacht an pheacaidh atá im ballaibh.” Agus mar gur mhothuigh Pól, do bhí i ngrásaibh Dé, easurraim a chéadfadh do riaghail 2105 a réasúin, ní hiongnadh an peacthach do bheith uaimhneach oirmheata d'fhaitcheas na colna mar aon réna céadfadhaibh do  p.68 bheith i gceilg ar a choguas dá chlódh agus dá thurnamh. Gonadh uime sin adeir file éigin an rann so, 'gá iarraidh ar Dhia é féin d'anacul ar aindísle na colna agus a chéadfadh, ar mothughadh 2110 a mímhéine:

  1. Mo neart féin ná fulaing orm-sa,
    eadram is tú sul tí sinn;
    ná léig mé ar na raonaibh romhainn,
    caomhain, a Dhé, orainn inn.
2115 An saoghal cheana don leith oile dá créacht-ghoin lé caidreabh chealgach, agus lé fáiltidhibh fill ag forfhaire uirre, ag iarraidh a háraigh. Gonadh uime sin adeir file éigin ag reic agus ag faisnéis urchóide an tsaoghail an rann so, ag labhairt ris an saoghal féin:
  1. 2120 Is tú an tsodh mheabhlach mheangach,
    is tú an bheithir bhéimeannach,
    tú an nathair sheang, a sheise,
    is ceann athaigh uirre-se.
An t-aidhbhirseóir mar an gcéadna ag inneall a il-chleas ré a 2125 héigniughadh léna aimsighthibh, ionnus nach bí osadh aon-uaire ó neart-ghoil na námhad so aice. Gonadh ag éagcaoine na guaise se 'na gcuirid an triar easgcarad úd an duine adeir file dh'áirithe an rann so:
  1. An cholann ag comhrac riom,2130 
    'sa tighearna atá i n-ifrionn,
    'san saoghal seise ar gcolna,
    meise im aonar eatorra.
An tan iaramh ghabhas an t-arthrach úd na hanma raon madhma agus míochosgair ag teitheadh rés na heasgcáirdibh céadna, mar 2135 atá antoil na colna, sainnt an tsaoghail, agus aimsiughadh an aidhbhirseóra, gabhaid agá tóraidheacht go taodach turcanta, go ndéinid míre mion-bhrúitte nó luaithreadh dhi, ar ndéanamh a héadála agus ar marbhadh a foirne, .i. ar mbuain a subháilceadh dhi, agus ar marbhadh a céadfadh. Gonadh uime sin adeir file 2140 éigin an rann so, ag caoineadh a amarráin féin do thoisg an trír chéadna:  p.69
  1. Neimh threaghdaidh is tinneas mór,
    mar sgeana sginneas im chliabh;
    ar mo thaobh níom tualaing suan,2145 
    buan fám thuaraim taom ón triar.

7. An seachtmhadh goin

Is córaide dhúinn iomorra an cholann do choimmeas ré harthrach do bhiadh ag imtheacht an aigéin, aní léaghthar ag Solamh san chúigeadh caibidil do Leabhar na hEagna, mar a n-abair, ag labhairt ar cholainn an duine, tanquam navis quae 2150 pertransit fluctuantem aquam, cuis cum praeterierit non est vestigium invenire, neque semitam carinae illius in fluctibus “amhail luing thriallas tré uisge buinne, 'sa lorg nach faghthar ré n-imtheacht di, ná cosán a cile súd sna buinneadhaibh.” Dá chor i gcéill, an tan bhíos arthrach na hanma ag 2155 triall tar eas na haoise, nó tar bhuinne na beatha aimseardha, go dtig loing-bhriseadh dhó, dá dtig blogha beaga do dhéanamh dhe, an mhéid go gcuirthear go heasaontach a seilbh na hanma é, agus fós a seilbh a subháilceadh, agus a céadfadh, agus a huile bhríogh ar-cheana. Agus is é an t-arthrach so na colna go fáthach 2160 do thuig Peadar, do réir mar léaghthar san cheathramhadh caibidil déag ag Matha, mar adubhairt san luing ré Críost, iube me ad te venire super aquas “fógair dhamh teacht id dháil ar na huisgeadhaibh.” Dá chor i gcéill, tar ceann gur mhór an ghuais bheith ar an uisge .i. ar an éag, gurab mó go meinic do ghuais 2165 bheith ag luingseóireacht arthraigh na hanma fá phíoráideacht an pheacaidh ag déanamh lot laothamhail, ioná sin. Agus is trés an arthrach soin na colna do bheith comh-baoghlach soin atá Pól ag ceisneamh a chrotha féin tré bheith i gcolainn, do réir mar léaghthar san seachtmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, 2170 mar a n-abair, infelix ego, quis me liberabit de corpore mortis huius “is mise an duine neamhchonáich, cia shaorfas mé ó chorp an bháis se?” As so is iontuigthe gur mhór an ghuais ré Pól bheith cuibhrighthe i gcarcair na colna daonna, ar mhéad na mbaoghal atá 'na cionn. Agus do bhríogh go bhfaiceann 2175 nach fuil daingean ná dídean oile ag na daoinibh, acht iad  p.70 féin do chor ar choimirce Dé, is eadh adeir riú, do réir mar léaghthar san seiseadh caibidil gusna Rómhánchaibh, sicut exhibuistis membra vestra servire immunditiae et iniquitati, ad iniquitatem, ita nunc exhibete membra vestra servire iustitiae in 2180 sanctificatione “amhail tugabhair bhar mboill ré foghnamh do neamhghloine agus d'urchóid go hurchóid, mar an gcéadna anois tabhraidh bhar mboill ré foghnamh d'fhíréantacht i naomhacht.” Dá chor i gcéill, ó nach fuil urradh oile cosnaimh ná caomhnuighthe ag na daoinibh orra féin ó ghoimh na nguasacht do luaidheamar 2185 go ró so, gurab eadh dhlighid do dhéanamh, bríogh a mball agus a gcéadfadh do chaitheamh ré foghnamh do Dhia, i n-eineaclann na n-olc do-rinneadar. Agus atáid trí coinghill is ionchoimhéadta dhóibh ré foghnamh do dhéanamh do Dhia.

8. An t-ochtmhadh goin

An céid-ní, a gcroidhe do thabhairt do Dhia i modh bronntais. 2190 Agus atá Dia féin dá iarraidh sin orra do réir mar léaghthar san .23. caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, ag labhairt ris an duine, praebe, fili mi, cor tuum mihi “tabhair, a mhic ionmhain, do chroidhe féin damhsa.” Dá chor i gcéill nach foláir leis croidhe an duine d'fhagháil ré déanamh feadhma 2195 dhó féin, agus nach lór leis foghnamh foirimeallach na mball oile gan an croidhe do chongnamh leó. Agus is uime sin adeir sé ris an duine san ochtmhadh caibidil dona Cainticibh, pone ut signaculum super cor tuum, et signaculum super bracchium tuum “cuir mise mar shéala ar do chroidhe agus mar shéala ar 2200 do láimh.” Dá chor i gcéill gurab eadh dhligheas, bheith geimhlighthe fá ghéibheann ghrás nDé do leith a chroidhe agus a lámh, ionnus nach féadfadh smuaineadh ná oibriughadh acht do réir thoile Dé.

9. An naomhadh goin

An dara ní, iad féin do thabhairt go hiomlán do Dhia, do 2205 réir mar léaghthar san .22. caibidil ag Matha, mar a n-abair Críost ris an duine, diliges Dominum Deum tuum ex toto corde tuo, et in tota anima tua, et in tota mente tua “grádhuigh do Thighearna, do Dhia féin, ód chroidhe go hiomlán, agus it anam  p.71 go hiomlán, agus it intinn go hiomlán.” As so is iontuigthe nach 2210 áil ré Dia leath-roinn an duine gan foghnamh iomlán a chroidhe agus a chéadfadh, a anma agus a intinne d'fhagháil dó féin, do bhríogh gurab dó amháin dhligheas amhsaine agus ógláchas do dhéanamh, air gurab é féin do-bheir tuilleamh agus tuarastal dó. Gidh eadh, is mór mhealltar an drong shaoileas go ngéabhaidh Dia a 2215 bhfeidhm uatha, agus iad i n-aoin-fheacht ag foghnamh do náimhdibh Dé, mar atá an diabhal, agus an saoghal, agus an cholann. Agus is uime sin adeir Eóin san naomhadh caibidil, scimus quia peccatores Deus non audit “is feasach sinn nach éisteann Dia na peacthaigh.” As so is iontuigthe nach gabhann Dia feidhm 2220 ná foghnamh an pheacthaigh, do bhríogh, ó bheith 'na pheacthach dhó, go ndéin leath-roinn ré Dia, an mhéid go gcuireann cuid éigin do bhríogh a bhall nó dhá mheanmain i bhfeidhm do náimhdibh Dé.

10. An deachmhadh goin

An treas ní, an bronntas do-níd orra féin do Dhia, gan dol 2225 'na dhiaidh, acht marthain i mbun a chomhaill do shíor, agus a mheas gurab ógláchas beatha bhíos ag Dia orra, agus dá réir sin nach dlighid ar feadh a mbeatha feidhm ná foghnamh do dhéanamh acht ar thoil a dTighearna féin, Dia uile-chumhachtach. Agus is é coingheall ar ar gheall Dia tuarastal don 2230 duine, agus fós a réidheachadh agus a fhóirithin as gach uile bhroid agus mhoghsaine, agus saoirseach do dhéanamh ar neamh dhe, dá gcaomhnadh é féin go buain-sheasmhach i ngrásaibh Dé agus i saothrughadh na subháilceadh, do réir Mhatha san .24. caibidil, mar a n-abair qui perseveraverit usque ad finem, hic salvus erit 2235 “an tí do-ghéana buain-sheasamh go deireadh, ag so an tí shláineóchar.” Is córaide iomorra do dhuine buain-sheasamh do dhéanamh, nach bí fios na faille aige, mar atá fios uaire an bháis, do réir Sholaimh san naomhadh caibidil in Eccle., mar a n-abair, nescit homo finem suum “ní feas don duine a chríoch 2240 féin.” Óir dá mbeith, ní gar nach diongnadh é féin d'inneall ré hucht na nguasacht bhíos 'na chionn i n-aimsir an éaga. Agus is dá chor so i gcéill atá an fábhaill-sgéal léaghthar ag Matha san .24. caibidil, mar a n-abair Críost, si sciret paterfamilias  p.72 qua hora fur veniret, vigilaret utique “dá bhfeasadh 2245 an t-athair muinntire cá huair dothiocfadh an bithbhineach, do-ghéanadh faire idir.” As so is iontuigthe nach foláir don Chríostaidhe chalma bheith buain-sheasmhach i ndéanamh feadhma don Dúileamh dhligheas bith-díleas beatha gach aoin, agus dá bhríogh sin gurab dó dhligeas gach éin-fheidhm do 2250 dhéanamh go ndícheall agus go ndeithide ar feadh a ré agus a reimheasa. Agus is maith do thuigeadar glan-naoimh ghaosmhara ghlioca ghéir-intleachtacha Éireann aní sin ar an mhéad d'ulc agus do dhuadh do chuirdís orra féin tré bhruithneadh glan-dúthrachta ag iarraidh a réire do dhéanamh.

11. An t-aonmhadh goin déag

2255 Bíodh a fhiadhnaise sin ar Phádraig, aird-éarlamh Éireann, agus ar Cholam Chille, agus ar a chéile comhaoise Mo Chua, ar Mhaodhóg, ar Mo Ling ar Mo Laise, ar Mhaol Ruain, ar Chiarán, agus ar Dhiaglán, ar Fhíonán, agus ar Cholmán, agus ar Ruadhán, agus ar na céadaibh oile dhíobh, tug a mbeathaidh as go 2260 cráibhtheach crith-eaglach. Is amhlaidh iomorra do bhídís, agus aibíde aosta athchaitte iompa, a gcosa go foirbeach fornocht foghartach, táir-bhiadh agus tearc-ól do shíor aca, róin-léinte roighéara ruibeacha ag athghoin na n-áladh do-nídís orra féin, d'éis bheith dá sgiúrsadh agus dá sgoth-bhualadh féin go beith 2265 dá gcorpaibh créacht-ghonta, go mbídís frasa foirdhearga fola ag snighe agus ag snámh-thuitim ré sleasaibh seirg-easnacha a gcneas ón chiorrbhadh do-bheirdís orra féin. Do cleachtaoi leó fós fuacht agus faire agus fad-dúsgadh, urnaighthe agus almsana, aoine agus iairmhéirghe, luighe ar lár nó ar lom-thalamh agus clocha 2270 fogharbha fuara foirfhliucha fúthaibh. Bioth-ghrádh don bhochtacht agus tár ar an toicthe thalmhaidhe aca, agus iad ag baisteadh agus ag beannughadh, ag teagasg agus ag treórughadh na bpobal, agus fós ag proicheapt agus ag prímh-sheanmóir dhóibh. Agus urmhór na haicme iodhaine, nó forgla na feadhna fíréanda sin 2275 ag grinn-fheitheamh na glóire go glan-rúnda géar-radharcach do ghréas, agus a n-aigeanta ag onfais i n-oigéan an ionnracais, agus anm-cháirdeas irse idir gach lucht comhaimsire dhíobh, agus iad  p.73 'na gcró-bhuailtibh crábhaidh agus 'na gcarcair choimhiatta chreidimh timcheall a chéile, ag déanamh faire agus forchoimhéada 2280 ar-oile, go ngabhdaois na truaille talmhaidhe do bhíodh umpa traothadh agus tuirbhreódh chuca, agus dá bhíthin sin go mbídís na colna céadna soin fá chuing umhlachta dá n-anmaibh. Ionnus go dtigeadh dhe sin, an tan do bhuaileadh Dia splangc spionnamhail do spor-ghoin a spiorad, gur shoiléir dhóibh as 2285 an solus do-níodh an soiléas soin, nár thréigthe dhóibh bliocht buan-toirtheach blas-chumhra na beatha suthaine do bhídís do thuar agus do thuilleamh ar dhubh-lacht duthain diombuan an domhnáin.

12. An dara goin déag

Acht cheana fa-ríor, ní léir an lonnradh nó an ga gréine 2290 grás bhíos ré lingeadh go laothamhail ó Dhia ar na daoinibh, do mhórán do dhaoithibh dúra daill-intleachtacha, do thuaith-chliaraibh tura tearc-mhúinte, do bharántaibh borba beig-léighinn, agus d'ughdaraibh earraoideacha eiriticeamhla na haimsire se, dá dtabhair Dia athaidh fhada agus aimsir imchian ré déanamh 2295 aithrighe, agus gurab eadh do-níd-sean agus lucht a leanta, bheith ag dol i mbeó ar Dhia go díotharbhach, lé dubháilcibh agus lé droch-oibreachaibh mar uile ghaisgeadh dhóibh féin. Agus mo thruaighe mhór, dá dtugdaois amharc a n-intinne ar an raon ndocrach ndoieólais atá rompa, agus gan fios na faille aca, agus nach 2300 léigeann Dia aoin-neach ré mbeith a ghrúg dá ghrianán, do thréigfidís bheith ag diúl dubh-lachta domblasta na beatha so. Uch, a dhuine, dá dteagmha athlasadh álaidh nó nuai-pheacadh neimhneach ód neamhfhaire féin duit, luigh go luath i leabaidh chléithe comhghoine an chroidhe, agus tógaibh fian-bhoith fíréandachta 2305 do chumhdach do choguais, agus cuir lámh ar do leigheas ód lochtaibh.

13. An treas goin déag

Ionnus gurab móide do-ghéantá luas ré leigheas do chor ort féin, fios na n-earradh n-íoc-shláinteach do bheith agat, bíodh a sháir-fhios agat gurab íoc-luibh dá gach othras, agus gurab urchosg 2310 imleighis dá gach easláinte dá mbí ar an anam an aithrighe; agus gurab ceirín dá gach créacht an crábhadh, agus gurab luibh leighis  p.74 dá gach lot an lóir-ghníomh; agus gurab copgha cneasuighthe dá gach cneidh chuas-domhain chraos-oslaigthe dá mbí ar an gcoguas an cuartughadh crith-eaglach agus an foruathar friochnamhach 2315 do-bheir an díoghrais diadha fá árusaibh iomchaola iargcúlacha na hanma lé fiadhach friothurlamh na faoisidne. Ionnus an tan do-beirthear sáthadh na sleighe seilge sin mar iarratach i n-áladhaibh an anma, go luath-sgaoiltear lionn lúith na locht agus fochall an pheacaidh a hothras-lotaibh na hanma, go 2320 ndéantar iad amhlaidh sin d'ionnradh agus d'argain as, go beith sleamhain sláin-chréachtach dhó.

14. An ceathramhadh goin déag

Is truagh nach léir don druing nach urmaiseann an aithrighe 'na ham gurab eadh do-ní an t-aidhbhirseóir ris an bpeacthach, amhail do-ní an faol-chú ris an gcaoirigh. Óir is ar bhrághaid 2325 uirre bheireas, d'eagla go ndéanadh meidhil do-chluinfeadh an t-aoghaire, agus go dtiocfadh dá fóirithin. Mar an gcéadna do-ní an t-aidhbhirseóir ris an bpeacthach. Beiridh ar mheall brághad air, agus fáisgthear leis barróg na haindiúide go docht ar a mheanmain, go nach léigeann dó a locht do chor síos san 2330 bhfaoisidin, dá dtiocfadh aoghaire na hanma do thoidheacht dá fhóirithin a hanbhroid an aidhbhirseóra.

15. An cúigeadh goin déag

Is é fáth as nach léir don pheacthach gurab leis na sásaibh réamhráitte do-níthear é d'fhóirithin, do bhríogh gurab eadh do-ní an diabhal ris an duine amhail do-ní an fiach dubh ris an 2335 mbeathadhach bhíos easlán nó báitte i dtuinn: gobaidh a shúile as a cheann. Mar an gcéadna do-ní an diabhal ris an bpeacthach, an tan do-gheibh i bpríomh-ghalar an pheacaidh nó i dtuinn atmhair na hurchóide é. Gabhaidh ag cealg-ghoin rosg a réasúin, go bhfágbhann dall é, as nach léir dhó leasughadh do dhéanamh 2340 'na lochtaibh.

16. An seiseadh goin déag

Ní fhuil fós dá éignighe do-bheir duine amus ar aithrighe do dhéanamh nach mó sa chách do-ní an diabhal dícheall ar a  p.75 thoirmeasg. Do bhríogh gurab ionann dál dó ris an tí chuireas roimhe aithrighe do dhéanamh agus don chat ris an luich. Is 2345 amhlaidh iomorra do-ní an cat ris an luich, bheith ag ámhaill agus ag súgradh ria, an gcéin bhíos ag fuireach ar a chumus féin aige. Gidh eadh, an tan do-bheir sidhe ar dhol fá dhaingean dá dídean féin air, do-bheir crobh dá créachtnughadh dhi.

17. An seachtmhadh goin déag

Do bhríogh iomorra gurab do dhearmad do thabhairt i 2350 gcuimhne an bháis tig an duine do dhéanamh peacaidh, is eadh dhligheas do dhéanamh amhail do-ní an phéacóg. Is eadh cheana do-ní sí, an tan at-chí a hearr iol-dathach i n-eagar ós a cionn, agus mhothuigheas dá bhríogh sin a huaill ag ardughadh, do-bheir silleadh síos ar a cosaibh garbha gartacha, agus tig don 2355 mhíghné at-chí ar a cosaibh a macnas agus a mómhaireacht do mhúchadh. Mar an gcéadna dhligheas an duine do dhéanamh, féachain go cruaidh ar a chosaibh .i. ar a chríochaibh, agus meas agus mion-chuartughadh do dhéanamh ar na bearnaibh baoghail atá roimhe, agus go mór-mhór ar an mbás atá dh'áirithe ag gach 2360 aon go cinnte, do réir mar adeir Pól san naomhadh caibidil gusna hEabhraidhibh, statutum est hominibus semel mori “do horduigheadh dona daoinibh aon-uair amháin bás d'fhagháil.” Agus dá ndearna soin, is dearbh go rachaidh as ó ghoimh an dá bhás do luaidheamar, mar atá bás na coire agus bás na péine, 2365 agus nach diongna an treas bás .i. bás an chuirp, díoth ná dochar dhó.

18. An t-ochtmhadh goin déag

Adeir Seneca in Epist., satis multum temporis sparsimus, incipiamus vasa in senectute colligere; in freto viximus, moriamur in portu “is lór dhúinn ar sgaipeadh d'aimsir linn, tionnsgnam 2370 cruinniughadh na soitheach san seanórdhacht; do mhaireamair san muir, déanam éag san chuan.” Ionann sin ré a rádh agus go ndleaghair dhúinn arthraigh na hanma do chruinniughadh i gceann a chéile 'na gcabhlach i gcuan an chrábhaidh, agus angcaire na haithrighe do léigean fúthaibh dá dtoirmeasg ar 2375 luasgadh na locht, d'eagla a leónta lé tuargain thonn n-atmhar  p.76 na hurchóide bhíos iarna musgladh lé measgadh mear-anfadhach na mailíse. Agus is córaide dhúinn deithbhir do dhéanamh ré stiúradh ar long gus an gcuan úd an chrábhaidh, gurab amhlaidh bhímíd amhail cheannaighe do bhiadh tar lear ag 2380 déanamh turais, ar a mbiadh foghlaighe fairrge ag oirchill ré buain a earradh dhe, agus réna mharbhadh féin, agus do bhiadh ag tóraidheacht air ón chuan as a dtriallfadh gus an gcuan 'na saoilfeadh comhnaidhe. Mar an gcéadna bhíos an bás i n-oirchill do shíor ar an duine, ar tí a dhochair do dhéanamh, ón 2385 tráth thriallas a cuan a gheineamhna go caladh a chríche. Agus ná measadh aoin-neach nach tig an bás chugainn acht i n-uair ar n-éaga amháin, acht bíodh a dheimhin aige, an lá gheintear neach i mbroinn, agus tig do luingseóireacht ar bhóchna na beatha tadhaill, go dtógbhann an bás an lá céadna a sheólta suas go 2390 sár-aibéil, agus go leanann go réim-dhíreach san rian chéadna an duine, go mbeanann a uile bhríogha agus maoine dhe.

19. An naomhadh goin déag

Is córaide dhúinn a mheas nach eadh amháin i ló a éaga bhíos an bás ag tóraidheacht ar an duine, acht fós go mbí do ghnáth ar a lorg, aní léaghthar ag Seneca de Conceptu Mortis, 2395 mar a n-abair, ultima hora qua esse desinimus, non sola mortem facit, sed sola consummat: tunc ad illam pervenimus, sed diu venimus “ní hí an uair dhéidheanach amháin 'na dtéimíd ar ceal do-ní an bás, acht is í amháin chríochnuigheas: an tráth soin tig linn a rochtain, gidh eadh, is cian dobhámar ag teacht 2400 'na dháil.” A briathraibh an ughdair se is iontuigthe gurab iomdha amus do-bheir an bás ar an duine sul mharbhas é. Agus is córaide sin do mheas, mar do-cíthear dhúinn go meinic géire na sgríob do-bheir an bás ar na daoinibh, mar is follus isna fiabhrasaibh, agus isna teidhmibh troma, agus isna 2405 guaisibh iomdha oile lé ndéantar an duine do bhreódh leis, agus fós san aois féin lé ngadtar go téaltuightheach sláinte agus bríogha an chuirp diaidh i ndiaidh, go gcuireann an bás fá ghreim fá dheóidh é.

 p.77

2. Trí Bior-ghaoithe an Bháis

An dara leabhar

1. AN CÉAD ALT

Per unum hominem peccatum intravit in mundum, et per peccatum 2410 mors, et ita in omnes homines peccatum transiit, Romanorum quinto “tré aon-duine amháin táinig an peacadh isteach san domhan, agus trés an bpeacadh an bás, agus mar sin do-chuaidh an peacadh san uile dhuine.” Agus is uime sin adeir Pól san seiseadh caibidil gusna Rómhánchaibh, stipendia peccati 2415 mors “tuarastal an pheacaidh an bás,” dá chor i gcéill gurab i ndíol an pheacaidh do-rinne Ádhamh do horduigheadh an bás do bheith dh'áirithe aige féin agus ag gach aon do geinfidhe uaidh.

1. An chéad-ghoin

Léaghthar san naomhadh caibidil don chéid-leabhar do 2420 Leabhraibh na Ríogh mar do thogh Dia Saul ré bheith 'na rígh ar Chloinn Israel. Agus léaghthar san .31. caibidil don leabhar chéadna mar do thuit Saul agus a chlann ar fhulang Dé, leis na Filistíneachaibh, tré gan a choimhéad féin san chuing do chuir Dia air, an mhéid go dtug pearsa osgardha, agus neart adhbhal 2425 cuirp, cródhacht agus calmacht intinne dhó. Mar an gcéadna do-rinne ré hÁdhamh. Do-rinne rí ar a chlann-mhaicne agus ar a shíol féin de, agus do chuir commaoineacha móra air, an mhéid go dtug eagna gan ainbhfios, agus óige gan arsaidheacht, agus sláinte gan ghalar, agus beatha gan bhás dó, agus fós dá chloinn 2430 'na dhiaidh, acht go gcoimhéadadaois an chuing do chuir orra .i. gan toradh chroinn na haithne do fhromhadh. Gidh eadh, ar gcoill chána an chroinn dó, do fhill Dia na sochair sin i  p.78 ndoghraing agus i ndocamhal d'Ádhamh agus dá shíol, an tan do ith sé an greim urchóideach neimheamhail úd d'ubhall na 2435 haithne, ionnus, ar slogadh an ghreama dhó, gur shloig sé an bás mar aon ris, do réir an bhagair do-rinne Dia air san dara caibidil in Genesi, mar a n-abair, in quocunque die comederis ex eo, morte morieris “cibé lá íosas tú dhe so (.i. do thoradh an chroinn), do-ghéabhair bás.” Ní hé amháin olc tarla d'Ádhamh 2440 d'ainiarsma an tsáruighthe úd, acht fós do-chuadar na dúile díchéillidhe agus na hainmhinnte allta, éanlaith an aieóir, agus iasgach na n-innbhear agus na mara, agus luibhe agus fiodhbhaidhe na talmhan, agus an cheathar-dhúil i gcoitchinne, i n-easumhla air, mar is léir do lucht a bhreathnuighthe. Óir ní thabhair an talamh a 2445 thoradh amhail is díol, acht maille réna shaothrughadh, agus ní ghiallaid na héisg ná na hainmhinnte oile acht dá n-aimhdheóin. Agus is uime do-chuadar na créatúire se i n-anumhla don duine, do dhíoghailt na hanumhla do-rinne Ádhamh dá Chruthuightheóir.

2. An dara goin

2450 Is i bhfioghair na hanumhla so atá aní do-rinne fear iomchuir sgéithe Sauil, amhail léaghthar san .31. caibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, an tan do éimidh sé Saul do mharbhadh ar fhoráileamh Shauil féin. Óir an tan do bhí an ruaig ag na Filistíneachaibh ar Shaul, agus do chréachtnuigheadar é, 2455 do mheas gurbh onóraighe dhó duine dá mhuinntir féin dá mharbhadh ionáid na Filistínigh; agus ó nár fhaomh an fear soin a mharbhadh, tug féin a chloidheamh amach agus do léig a ucht ar a dhéis, go ndeachaidh thríd, agus go bhfuair bás amhlaidh sin. Gidh eadh, atá ní oile sa ghníomh so is iontugtha dhúinn dár 2460 n-aire .i. tar ceann gurab do shoighdibh na bhFilistíneach do gonadh Saul, is é féin ro mharbh é féin ag lingeadh ar an gcloidheamh. Mar an gcéadna tar ceann gurab iad soighde na sainnte agus gaoithe na glóire díomhaoine do chréachtnuigh Ádhamh ar fhoráileamh a easgcarad .i. an diabhail, más eadh is é féin 2465 do mharbh é féin lé colg nó lé cloidheamh an chraois. Agus fós, an chréacht do-rinne air féin, atá sí comh-doileighis sin go bhfuil gan chneasughadh go soiche so, ag sileadh ar an síol  p.79 táinig uaidh, ionnus go bhfuilid ag comhthuitim leis an neimh ndoileighis sin, agus go mbiaid go bruinne an bhrátha. Agus is 2470 uime sin adubhairt Pól aní thuas, per unum hominem, etc., dá chor i gcéill nach budh saor duine ar bioth ón othras úd .i. an bás.

3. An treas goin

Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san cheathramhadh caibidil ag Ionas, mar a n-innistear go ndeachaidh Ionas a cathair 2475 Ninive amach do ghuidhe Dé. Agus tarla teasbach mór an tráth soin ann, agus leis sin do-chuaidh Ionas d'fhagháil fhionn-fhuaraidh ó ghoradh na gréine fá chrann ar a raibhe iomad eidhin; agus suidhis fá bhun an chroinn, go bhfuair socamhal mór ón ghréin de sin. Níor chian dó ar an ordughadh soin an tan 2480 do-chonnairc chruimh mbig ar bhfás a préimh an eidhin, agus do ghabh ag creim agus ag cognamh na préimhe, gur ghabh an phréamh go luath truailleadh dhe sin, go ro chríon an chuid oile don chrann, ionnus nacharbh ionadh díona ná fosgaidh do Ionas é, agus gur ghoill an teasbach go mór air, gurbha héigean 2485 dó a fhágbháil. Go fáith-chiallach is é an crann eidhin sin an cholann daonna, agus Ionas anam gach aoin, agus an phréamh úd an chroinn Ádhamh, agus an chruimh an bás do ghein a truailleadh an chraois do bhí san phréimh .i. Ádhamh, agus an ghrian úd lér loisgeadh an crann an ghlóir dhíomhaoin. Agus amhail fá 2490 héigean do Ionas an crann do thréigean arna chríonadh don chruimh, mar an gcéadna is éigean don anam an cholann do thréigean, an tan chríontar í lé cruimh an bháis. Agus is dá chor sin i gcéill atá aní adeir Dia san treas caibidil in Genesi, mar a n-abair ag labhairt ris an uile dhuine agus ag labhairt ré 2495 hÁdhamh, memento quod pulvis es, et in pulverem reverteris “cuimhnigh gurab luaithreadh thú, agus gurab i luaithreadh chlaochlódhthar thú.”

4. An ceathramhadh goin

Is ag ciallughadh aneithe céadna atá aní léaghthar ar chloinn Iob san chéad-chaibidil do Leabhar Iob, .i. go rabhadar 2500 idir mhac agus inghin i n-éin-tigh, .i. i dtigh an bhráthar fá sine dhíobh, ag ól agus ag aoibhneas, agus do ling go hobann soighnéan  p.80 do ghaoith gháibhthigh ón bhfásach um an dteagh 'na dtimcheall, agus do bhris cheathra chúinne nó cearna an tighe, agus do thuit orra gur ro mharbh uile iad. Go fáith-chiallach, is iad an 2505 chlann so an cineadh daonna, agus is é an teagh úd colann Ádhaimh, 'na rabhadar a shíol uile do réir a mbunadhusa, agus is é an céad-mhac Ádhamh féin, agus is í an ghaoth úd an bás, agus is é an fásach ór séideadh í an peacadh.

5. An cúigeadh goin

Dá n-abradh aon-duine nach fuair Ádhamh, do láthair i 2510 ndiaidh na cána do bhriseadh, bás, más eadh dob ionann dó agus bás d'fhagháil do láthair, an bás do bheith dh'áirithe aige. Óir is ionann do dhuine agus bás d'fhagháil, cumus do bheith ag an mbás do ghnáth air; do réir ghnáth-fhocail na bhfeallsamh, mar a n-abraid, actus et potentia eiusdem sunt ordinis “is ionann ord don 2515 ghníomh agus do chumus ré déanamh an ghníomha.” Óir adeirthear go mbí an fiadh marbh, an tan bhuailtear soighead i n-ionadh mharbhthach air, tar ceann go n-imgheann léna ghoin ar fud an fhásaigh, go bhfaghann bás 'na dhiaidh sin. Mar an gcéadna, tar ceann nach fuair Ádhamh bás do láthair i ndiaidh an aidhbhirseóra 2520 do bhualadh shoighde na sainnte air, is dearbh gur gonadh i n-ionadh mharbhthach é .i. 'na anam, agus go bhféadtar dá réir sin a rádh go raibhe marbh, acht gé do bhí seal ar fán agus ar fiarlaoid, ar sraon agus ar seachrán, seachnóin fhásaigh an tsaoghail se, ag imtheacht lé gaoibh cró na cneidhe sin do-rinneadh 2525 air, go bhfuair bás fá dheóidh.

6. An seiseadh goin

An crann fós 'na mbí cuas domhain, adeirthear go mbí trothluighthe nó críon, acht gé mhaireas a dhuille seal 'na dhiaidh sin. Mar an gcéadna, an coireach bhíos damanta san bpríosún, adeirthear nach bí a anam aige, gion go dtugthar bás 2530 do láthair dhó. Nó an tí bhíos i n-othras, an tan tigid comharthadha cinnte báis air, adeirthear go mbí marbh, gion go ndealuigheann a anam ris do láthair. Agus is annsa gcéill sin adubhairt Dia ré hÁdhamh, an lá do íosfadh ní do thoradh  p.81 chroinn do haithne, go bhfuighbheadh bás. Óir an lá céadna 2535 rug sé breath bháis air féin agus ar a shliocht, mar a n-abair gurab do luaithreadh do-rinneadh é agus gurab i luaithreadh do fillfidhe é. As sin is iontuigthe gurab i ndíol an pheacaidh fuair sé bás. Agus is uime sin adeir Pól san seiseadh caibidil ad Romanos, stipendia peccati mors “is é an bás is tuarastail don pheacadh.” 2540 Dá chor i gcéill, cibé do-ní peacadh, go bhfuighbhe bás dá chionn mar thuarastal. Agus ó do-rinne Ádhamh é, do thuill sé dhó féin agus dá chloinn 'na dhiaidh é, amhail adeir Pól, per unum hominem, etc. Dá chor i gcéill gurab ó aon-duine amháin .i. ó Ádhamh táinig an peacadh, agus gurab ón pheacadh táinig an 2545 bás. Agus amhail do-chuaidh an peacadh in gach aon-duine ó Ádhamh, mar an gcéadna téid an bás ar lorg an pheacaidh.

7. An seachtmhadh goin

Tuig, a dhuine, gurab éadaingean soileónta do bhí an cholann daonna i nÁdhamh, mar gur tolladh agus gur trothluigheadh d'urchor d'ubhall í i bparrthas, amhail do-chualabhair. 2550 Agus go bhfios damh is mór an t-adhbhar diombáidhe agus doilgheasa, dearóile agus doimheastacht aneith ré samhluigheann Mártain naomhtha Ádhamh, tar éis an pheacaidh do dhéanamh, amhail léaghthar i mbeathaidh Mhártain do réir Sulpicius. Ag so cheana aní adeir .i. go raibhe Mártain lá n-aon mar aon ré 2555 coimhthionól cléireach ag taisteal na sligheadh, ionnus go dtarla machaire fairsing réidh roimhe. Agus is amhlaidh do bhí an lá, agus fearthain chruaidh ghéar agus gaoth adtuaidh ann. Agus tarla dhó ar an machaire sin capall clamh cnámh-arsaidh creat-lom crioth-luinneach, agus fann-chosa fiara ar foluamhain faoi, agus é ag 2560 meirbh-shiubhal go mall meirtneach ar fud an mhachaire, i ndóigh go bhfuighbheadh fosgadh nó díon ón doininn do bhí ag gabháil dó, agá threaghdadh agus agá thaobh-lot. Gidh eadh, ní bhfuair a bheag nó a mhór d'fhosgadh ná d'imdhídean ar ghoimh na gairbh-shíne do bhí ag gabháil dó. An tan do-chonnairc 2565 Mártain amhlaidh sin é, do labhair ris na cléircibh agus adubhairt, “A bhráithreacha ionmhaine, ar sé, an bhfuil a fhios agaibh créad aní rénar cosmhail an capall úd?” “Ní fhuil,” ar siad.  p.82 “Ní hamhlaidh sin damhsa, ar Mártain, óir is eadh mheasaim gurab cosmhail an capall úd ré hÁdhamh tar éis an pheacaidh 2570 do dhéanamh. Óir do fhás claimhe na coire, agus míomhaise na mailíse, agus crioth claonta na toile 'na bhallaibh, agus do bhí foluamhain an pheacaidh faoi. Agus fós do bhí fearg Dé ag fearthain air, agus gaoth na ngalar agus na nguasacht agá ghoin, agus é ar fásach an tsaoghail se, ar fán agus ar fiarlaoid, arna dhíbirt 2575 agus arna dhíochor tar príomh-dhoirsibh poinnmhidhe pálásta parrthais amach.” As an sgéal so is iontuigthe gurab truagh agus gurab ainriochtach an cruth 'na raibhe Ádhamh tar éis an tsáruighthe úd do dhéanamh ar Dhia, amhail adubhramar.

8. An t-ochtmhadh goin

Tuig aní céadna so as an bhfáith-sgéal léaghthar ag Lúcás 2580 san deachmhadh caibidil, mar a n-abair go raibhe duine dh'áirithe ag triall ó Ierusalem go gleann Ierico, agus go dtarladar meirligh ris ar bealach, go ro bheansad a éadach dhe, agus gur chréachtnuigheadar é, ionnus gur fhágaibhsead leath-mharbh ar an láthair é tar a n-éis. Go fáthach is é an duine se 2585 Ádhamh, agus is í an chathair úd Ierusalem staid na neamhurchóide, agus is é an raon úd réim na beatha, agus is é an gleann an saoghal so, agus is é an t-aistear do-rinne an duine an triall do-rinne Ádhamh ó staid na naomhthachta go staid an pheacaidh tré bhealach bhriste na cána, agus is iad na meirligh úd an 2590 diabhal agus an saoghal agus an cholann, agus an t-éadach do beanadh d'Ádhamh, tlacht taitneamhach na ngrás; agus na luit do-rinneadar air, créachta na coire.

9. An naomhadh goin

Is é an t-ainiarsma do tharraing Ádhamh ar na daoinibh chaointear leis na naoidheanaibh an tan bheirthear iad, do 2595 réir mar adeir Tertullian san cheathramhadh leabhar ro sgríobh i n-aghaidh Marcion, mar a dtabhair dá aire gurab é céad-ghlór tig i mbéal na naoidhean iarna mbreith, madh mac bhias ann, a, a, ag tabhairt aithbhir ar Ádhamh, dá chor i gcuimhne dhó gurab de tháinig gach ainiarsma dá mbí i ndán  p.83 2600 dó féin ó thosach a gheineamhna go síordhaidhe tré shaoghal na saoghal; agus madh inghean bhíos ann is eadh adeir, e, e, ag tabhairt an iomaithbhir chéadna d'Éabha.

10. An deachmhadh goin

Tar ceann go bhfuilid na guaise se i gcinneadh don duine, agus go bhfuil a ré gearr, is eadh dhligheas an duine do dhéanamh 2605 amhail do-ní an leómhan. Óir an tan chuirid lucht na sealga i gcumhgach é, ionnus nach bí ar breith dhó a seachnadh, agus do-chí a sleagha innilte aca ré haghaidh a mharbhtha, cromaidh a cheann ag feitheamh na talmhan, agus gabhaidh dá earball air féin dá gach leith, go bhfásann a bhríogh agus a bheódhacht de 2610 sin, agus lingidh an t-eanach tríotha dá n-aimhdheóin. Mar an gcéadna dlighidh an leómhan gaisgeamhail .i. an Críostaidhe fíréanta, an tan tigid lucht na sealga .i. an diabhal agus an saoghal agus an cholann ar eanach na hurchóide roimhe, do ghabháil dá sleaghaibh fír-neimhneacha .i. dá n-aimsighthibh 2615 il-chleasacha ann, is eadh dhligheas, a cheann .i. a thuigse do chromadh d'fheitheamh na talmhan do mheas a shomharbhthachta féin, agus dá réir sin do mheas a uirísleachta; agus fós gabháil dá earball ar gach leath ar a chliabh. Ionann sin ré a rádh agus gabháil d'earr a aoise .i. don bhás ar chompar a chroidhe, dá bhioth-ghoin 2620 agus dá bheadhgadh, do thabhairt bhríogha agus bheódhachta dhó ré lingeadh tar an lucht sealga úd. Agus is dá chor i gcéill dúinn go ndlighmíd aithris an leómhain nó na mbeathadhach mbrúideamhail oile do dhéanamh i mórán do neithibh atá aní léaghthar ag Iob san dara caibidil déag, mar a n-abair, 2625 interroga iumenta et docebunt te “fiafruigh dona bromachaibh agus seólfaid tú.” Dá chor i gcéill go mbíd cáile sna hainmhinntibh brúideamhla budh inleanta dona daoinibh.

11. An t-aonmhadh goin déag

Bíodh a fhios agat, a dhuine, ó tharla gach guais id chionn, amhail adubhramar thuas, nach foláir dhuit luingseóireacht 2630 chliste do dhéanamh agus lámh do chor ar do stiúir ré treórughadh  p.84 churacháin chriadhamhail an chuirp tar muir mhór-thonnaigh mhailísigh an tsaoghail se agod' dhíorghadh go cuan na cathrach neamhdha. Gidh eadh, an tí stiúras an long san chúrsa nó san réim dhírigh, is i ndeireadh na luinge bhíos do ghnáth. Mar an 2630 gcéadna don duine bhíos ag stiúradh arthraigh na hanma .i. na colna, is eadh dhligheas, bheith do shíor 'na deireadh .i. i n-earr a aoise ag smuaineadh ar an mbás. Gidh eadh, bíd daoine óga éigcríonna ann, tógbhas a lámh .i. a n-aire do stiúir stuidéir an bháis, agus téid i dtosach na luinge. Ionann sin ré a rádh agus 2640 bheith ag iomrádh anuaille agus ag maoidheamh mhacnais na hóige. Gidh eadh, ní thuigid an dream so gurab ionann dál don duine agus don ghort bheantar. Óir gearraidh an carrán i n-aoin-fheacht an déas ghearr agus an déas mheadhónach agus an déas ard. Nó fós dáil na speile ag buain an fheóir. Óir gearraidh sí d'aoin-bhéim 2645 an feóithne agus an fochnagán .i. an chuid is sine agus is óige don fhéar. Mar an gcéadna do-ní speal an bháis ris na daoinibh. Teasgaidh sí d'éin-bhéim an t-uasal agus an t-íseal agus an ceart-dhuine, mar an gcéadna an t-óg agus an t-arsaidh, agus gach aon dár chin agus dá ngeinfidhear.

12. An dara goin déag

2650 Agus ó atá an bhearna bhaoghail se ré gach n-aon, is eadh budh indéanta dona daoinibh, iad féin d'ollmhughadh agus d'inneall go luath ré hucht ionnsaighthe na bearnan soin, amhail do ollmhuigheadar lucht chathrach Ninive iad féin, an tan do bhagair Dia an t-aidhmilleadh orra, acht muna ndearndaois aithrighe sna 2655 holcaibh do-rónsad. Agus is córa dona daoinibh anois deithbhir do dhéanamh ré hiad féin d'ollmhughadh ré hucht an bháis, ioná don druing úd. Óir do bhí cairde .40. lá ag lucht chathrach Ninive gan bás d'imirt orra, agus ní fhuil lá ná oidhche, tráth ná uair do chairde chinnte ón bhás ag aon-duine dá bhfuil ar dhruim an 2660 domhain anois. Agus is uime sin adeir Pól san chúigeadh caibidil don chéid-Eipistil ro sgríobh go Thessal., mar a n-abair, dies Domini sicut fur in nocte, ita veniet “tiocfaidh lá an Tighearna amhail bhithbhineach san oidhche.” Dá chor i gcéill gurab gan fhios tig an bás.

 p.85

13. An treas goin déag

2665 Atá Críost féin dá bhagar gurab gan fhios thiocfas i ndáil an duine san bhás do réir Eóin san treas caibidil in Apocalypsi, mar a n-abair, veniam ad te tanquam fur “tiocfad id dháil amhail ghadaidhe.” Dá chor i gcéill gurab go folaightheach tig an bás i ndáil an duine, amhail tig an bithbhineach ré 2670 déanamh na gada. Agus is uime sin adeir sé féin san dara caibidil déag ag Lúcás, qua hora non putatis Filius hominis veniet “i n-uair nach saoilfidhe, tiocfaidh Mac an duine.” As sin is iontuigthe go dtig an bás do rochtain an duine gan fhios. Gidh eadh, tuig, a dhuine, gurab moillide 2675 chéimnigheas an bás chugad eagla Dé do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, timor Domini apponet dies, et anni impiorum breviabuntur “cuiridh eagla Dé tuilleadh laithe, agus ciorrbhuighthear bliadhna na bpeacthach.” Agus ní hiongnadh sin do rádh, mar 2680 go dtabhair an Solamh céadna soin tobar na beatha ar eagla nDé, amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil déag don leabhar chéadna, mar a n-abair, timor Domini fons vitae “is tobar beatha eagla Dé.” As so is iontuigthe go gciorrbhann Dia ré an pheacthaigh; agus ní hiongnadh soin, do bhríogh gurab do 2685 bhíthin an pheacaidh táinig an bás, amhail adubhramar thuas. Agus is ag cuimhniughadh aneithe céadna adeir file éigin an rann so, ag teagasg na druinge mhaireas, agus agá iarraidh orra faire agus forfhaire do dhéanamh orra féin ré hucht an bháis atá dh'áirithe ag gach aon-aicme dona daoinibh: —

  1. 2690 A dhaoine se nach deachaidh,
    bídh feasta go fuireachair:
    bhar dtocht ar ceal is cinnte,
    gidh eadh, is olc oirchillte.

 p.86

2. AN DARA HALT

'na n-orduighthear don duine oirchill do bheith ar an mbás aige.

1. An chéad-ghoin

Acht cheana dá bhfiafruigheadh duine créad as a n-abraim 2695 nó as a bhforáilim ar dhuine bheith ar a choimhéad ar an mbás gcorpordha, agus gan dol tairis ag aon-duine, mo fhreagra air gurab é is fáth dhamh, do bhríogh go dtuigim nach téid an bás corpardha i ndíoth ná i ndochar don druing chuireas inneall agus ordughadh orra féin ré hucht an bháis, mar atáid na daoine 2700 naomhtha neamhurchóideacha chathuigheas ris na heasgcáirdibh adubhramar thuas, agus chaomhnas agus choimhéadas gan lot gan leónadh anam na hanma .i. grása Dé is anam don anam. Óir ní headh amháin gan an bás corpardha do dhol i ndochar dona fíréanchaibh, acht is ro-mhór an sochar 'na dtéid sé dhóibh. 2705 Agus is uime sin adeir Pól san chéad-chaibidil go Philippens., cupio dissolvi et esse cum Christo “atá mian oram sgaoileadh dhíom, nó bheith arnam sgaoileadh, agus bheith mar aon ré Críost.” Dá chor i gcéill nach fuil acht broid agus braighdeanas dona fíréanchaibh bheith cuibhrighthe i gcarcair chriadh na colna 2710 daonna, dúnta dlúith-iatta i ngarrdha ghobhainn nó i mainnir mhíothaomaigh an domhain se, áit 'snach bí súil ré soirbhiughadh aca, agus fóir neimhneach námhad 'na dtimcheall; agus gurab cúis mheanman agus lúth-gháire dhóibh bheith mar aon ré Críost san ghrianán ghlé-sholus gheal-ruithneach ghríos-taitneamhach úd 2715 na glóire, mar a mbíd saor ón uile dhoghraing agus dhocamhal, gan anaoibh gan amhluadh aigeanta, ar fhaosamh nó ar ionchaibh Íosa ar Slánuightheóra.

2. An dara goin

Go bhfios damh dobudh éigcríonna don tí do bhiadh i ndaoirse agus i moghsaine agus i ndroich-éadach, ag fagháil duaidh 2720 agus doghrainge, uilc agus anshóidh, agus ag nach biadh acht drochbhothán  p.87 deatmhar fuar foirbhthe, gan díon ar ghaoith ná ar ghairbh-shín, bheith doilgheasach fá imirce do dhéanamh as sin i ngrianán ghlé-mhaiseach ghloinidhe, agus é díonmhar deagh-mhaiseach, lán d'ór agus d'airgead agus dá gach maoin shoimhianuighthe 2725 oile, agus rí do dhéanamh dhe féin ar an ngrianán soin. Mar an gcéadna adeirim gomadh éigcríonna don fhíréan bhíos ag fagháil uilc agus imshníomha san tsaoghal so, doilgheas do bheith air tré bheith ag imirce a dúir-theach daor-dhálach na colna don árus fhairsing fhionn-aolta aoibhinn iol-mhaoineach 2730 ainglidhe úd na cathrach neamhdha, agus Dia agá rádh gurab é tráth do-bheir sealbh oighreachta dá aos gráidh féin an tan do-gheibhid bás, do réir Dháibhídh san .126. Salm, mar a n-abair, cum dederit dilectis suis somnum, ecce hereditas Domini “an tan do-bhéara suan dá aos ionmhaine féin, féach oighreacht 2735 an Tighearna.” Dá chor i gcéill gurab é tráth do-bheir oighreacht don fhíréan, ar bhfagháil bháis dó.

3. An treas goin

Measaim fós gomadh éigcríonna don tí do bhiadh ar deóraidheacht agus ar díbirt i gcoigcrích óna thír agus óna thalamh féin, i gcuasaibh crann agus carrag, agus i bhfoithribh fiathamhla fásaigh, fá 2740 imshníomh agus fá éadtualang, doilgheas do bheith air fá thoidheacht i gcomhghar dá chathraigh chomhnuighthe féin mar a mbiadh cádhas agus cion agus onóir agus airmhidin air. Mar an gcéadna adeirim gurab éigcríonna don fhíréan atá ar díbirt agus ar deóraidheacht, i ndocamhal agus i ndaoirse an tsaoghail se, bheith doilgheasach 2745 tréna dhrud réna chathair chomhnuighthe .i. flaitheas Dé, trésan mbás. Agus dá n-abradh neach gomadh cathair chomhnuighthe dhó aon-áit san tsaoghal so, bíodh a fhios aige nach fíor dhó é, do réir Phóil san treas caibidil déag gusna hEabhraidhibh, mar a n-abair, non habemus hic civitatem permanentem, 2750 sed futuram inquirimus “ní fhuil cathair chomhnuighthe annso againn, acht an chathair atá ré teacht, is í iarrmaid.” Dá chor i gcéill nach fuil acht buailteachas san bheathaidh se, agus gurab é flaitheas Dé is sean-bhaile ré síor-chomhnaidhe againn.

 p.88

4. An ceathramhadh goin

2755 Adeirim mar an gcéadna gomadh éigcríonna don ard-chaiptín do bhiadh ag troid agus ag teagmháil go meinic ré a bhiodhbhadhaibh, doilgheas do bheith air — ar mbreith bhuadh gcosgair agus gcomhlainn orra — tré choróin na mbuadh do bheith ar tí a cuirthe air. Mar an gcéadna adeirim ris an bhfíréan bhíos ag cogadh agus ag 2760 cathughadh ré heasgcáirdibh na hanma, gomadh éigcríonna dhó doilgheas do bheith air tré bheith ag dol tré bhealach an bháis, do ghlacadh choróine na mbuadh do gealladh dhó trés na háraibh agus trés na héachtaibh do-bhéaradh ar a easgcáirdibh. Agus is ar an gcathughadh so agus ar an gcoróin do-geibhthear 2765 dá chionn labhras Pól san cheathramhadh caibidil don dara Eip. go Timoteus, mar a n-abair, bonum certamen certavi, cursum consummavi, etc. “is maith an cathughadh do-rinne mé, do chríochnuigh mé mo rioth, do choimhéadas an creideamh, agus atá coróin an cheirt arna taisgidh dhamh, do-bhéara an breitheamh 2770 ceart an lá úd damh” .i. lá an bháis. Agus adeir san áit chéadna, non solum autem mihi, sed et iis qui diligunt adventum eius “ní damhsa thrá amháin, acht don druing ghrádhuigheas a thoidheacht súd.” Dá chor i gcéill, gach drong agá mbí súil ré tuarastal, agus do-ní cathughadh amhail do-rinne Pól, 2775 go mbí an choróin chéadna i n-áirithe aca i ló an bháis.

5. An cúigeadh goin

Is tuigthe dhúinn as na briathraibh réamhráitte nach fuil acht cathughadh comhnuightheach i mbeathaidh an duine. Agus tig Iob leis so san seachtmhadh caibidil, mar a n-abair, militia est vita hominis super terram, et sicut dies mercenarii dies 2780 eius “ní fhuil acht díolmhaineas i mbeathaidh an duine, agus ní fhuil 'na ló acht lá fhir thuarastail do thuilleamh.” Ionann sin ré a rádh agus nach fuil san duine acht buanna bunaidh bhíos ar coinnmheadh agus ar congbháil ag Dia san tsaoghal so ré himdhídean na hanma. Agus is é tuarastal bhíos dó, an choróin 2785 úd na glóire do luaidheamar, do-gheibh d'éis an bháis.

 p.89

6. An seiseadh goin

As gach ní dá ndubhramar is iontuigthe nach oircheas dona fíréanchaibh doilgheas do bheith orra trés an mbás gcorpardha d'fhagháil: ní hionann agus na peacthaigh do-gheibh bás i bpeacaidhibh marbhthacha. Mar an gcéadna is iontuigthe 2790 nach cuirthe dhúinn dúil sna neithibh talmhaidhe. Óir an gcéin bhíd againn, is beag an sochar do-gheibhmíd asta, acht fós is mó théid siad i ndíoth agus i ndoilgheas dúinn. Agus dá mbeith sochar ionnta, mar nach fuil, is gearr mhairid againn. Agus is maith do thuig Alexander sin, amhail léaghthar san 2795 chéad-chaibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na Macchabei. Óir an tan tarla i ngalar a éaga é, agus do chreid gur chinnte dhó féin an bás d'fhagháil, tug sé an saoghal i dtarcuisne go mór, ionnus gur bhronn sé a fhlaitheas uile don dá bhuachaill déag do bhí ag feitheamh air. Dá chor i gcéill dona daoinibh, ón 2800 tráth fár dhearbh lais é féin d'éag, nach raibhe dúil aige i seilbh shaoghalta san bhioth, ná i n-éin-ní thalmhaidhe do bheith aige.

7. An seachtmhadh goin

Is maith fós do thuig an t-ard-fhlaith uasal oireaghdha, do bhí 'na aird-rígh ar an domhan, darbh ainm Salaidín, aní céadna, 2805 do réir Fulgentius san dara caibidil don tseachtmhadh leabhar. Is eadh iomorra do-rinne an rí ro-chumhachtach, an tan do mhothuigh é féin ré hucht an bháis, fios do chor ar thaoiseach dá mhuinntir, agá rádh ris, an tan do-ghéabhadh féin bás, an eisléine do cuirfidhe air do chur ar chrann sleighe agá taisbéanadh 2810 dona sluaghaibh lá na sochraide, agus callairidhe do bheith 'na fhochair ag agallaimh na sluagh, agá rádh, “An gcluintí, a mhaithe na sluagh? Bíodh a fhios agaibh go bhfuair an t-ard-fhlaith ordhairc, agus an tí do chuireadh an domhan ar baill-chrioth, agus do bhí gan mhéid ná macasamhla dhó ar an talamh ar 2815 líonmhaireacht a fhlaitheasa, ar iomad a óir agus a airgid agus a iol-mhaoine, ar mhéad a mhuirir agus a mhuinntire .i. Salaidín, bás. Agus anois ré n-imtheacht dó ní fhuil sé do bhreith leis don tsaoghal acht an eisléine do-chíthí-se agam-sa.” Agus is  p.90 uime do orduigh Salaidín sin, do chor tháir agus tarcuisne an 2820 tsaoghail i gcéill don druing do bhiadh beó tar a éis, dá chor i gcuimhne do lucht na saidhbhreas agus na sealbh saoghalta nach sealbh dhíleas dóibh iad. Cuiridh Dáibhídh Rí aní céadna i suim san .48. Salm, mar a n-abair, dives cum interierit non sumet omnia, neque descendet cum eo gloria eius “an tan 2825 do-ghéabhaidh an saidhbhir bás, ní bhéara éin-ní leis, agus ní racha a ghlóir síos leis.” Ionann sin ré a rádh agus an tan do-gheibh an saidhbhir bás, gurab éigean dó a uile shochar do thréigean ré ndul as an saoghal dó. Agus is uime sin adeir Iob san chéad-chaibidil, nudus egressus sum de utero matris 2830 meae, et nudus revertar illuc “is lom-nocht tánag a broinn mo mháthar féin, agus lom-nocht fhillfead annsúd.” Dá chor i gcéill, mar thig an duine nocht a broinn a mháthar colnaidhe, mar an gcéadna gurab nocht fhillfeas i mbroinn a mháthar coitchinne .i. na talmhan, san uaigh. Agus ní headh amháin a 2835 uile mhaitheas saoghalta fhúigfeas dá éis, acht fós budh héigean dó a chéadfaidh agus gach sochar oile dá raibhe agá chorp d'aiseag, fá mar adeir an file Gaoidhealach:

  1. Fá dheireadh don domhan mhór,
    lá an bháis, ní beag an claochlódh:2840 
    do-ní an duine, an domhan beag,
    a thoradh uile d'aiseag.

8. An t-ochtmhadh goin.

Is follus fírinne aneithe se ar an druing bhíos ag fagháil bháis. Óir is éigean don ghnúis a ghné dh'aiseag, agus don tsúil a hamharc, don chluais a héisteacht, don teangaidh a labhra, 2845 don tsróin a boltnughadh, don láimh a luadhaill, don chois a céimniughadh, agus don chorp uile a lúth agus a láthar agus a uile bhríogha archeana. Gidh eadh, do féadfaidhe go n-aibeóradh duine do réir bhriathar Chríost, go bhféadfadh duine tearmann do bheith aige ón bhás, amhail do gheall Críost san seiseadh 2850 caibidil ag Eóin, mar a n-abair, qui manducat hunc panem vivet in aeternum “cibé itheas don arán so biaidh beó go síordhaidhe;” agus arís adeir san ochtmhadh caibidil ag Eóin, siquis sermonem  p.91 meum servabit, mortem non videbit in aeternum “an tí choimhéadfas mo chomhrádh-sa, ní fhaicfidh an bás tré bhiotha.”

9. An naomhadh goin

2855 Mo fhreagra ar an tí do chuirfeadh an cheist se, gurab í an bheatha spioradálta gheallas Críost don druing do chaithfeadh an t-arán úd .i. corp Críost, nó do choimhéadfadh a chomhrádh. Agus bíodh a fhiadhnaise sin ar bhás corpardha na n-apstal, do chaith an t-arán go meinic, agus do choimhéad ráitte Chríost. 2860 Óir is follus gur himreadh bás corpardha orra, agus fós ar Chríost féin, do réir Phóil san ochtmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a n-abair, etiam proprio Filio suo non pepercit “fós níor chogail sé a Mhac féin.” Dá chor i gcéill nár ghabh an t-Athair Uile-chumhachtach ag Íosa a Mhac féin gan an bás dá rochtain. 2865 As so is iontuigthe nach í an bheatha chorpardha do gheall Críost don druing do íosadh an t-arán úd, agus do choimhéadfadh a chomhrádh. Agus dámadh í, is follus nach béaradh an bás corpardha na hapstail, ná na naoimh agus na fíréin oile do chaitheadh an t-arán go meinic, agus do choimhéadadh go cuimhneach ráitte Chríost. Per unum hominem peccatum intravit in mundum, etc. “is tré aon-duine amháin táinig an peacadh isteach san domhan, agus trés an peacadh an bás, agus mar sin do-chuaidh an peacadh san uile dhuine.”

3. AN TREAS HALT

'na dtuigthear gurab d'ainiarsma agus d'anfhochain an pheacaidh tig an bás do rochtain na ndaoine, agus gach dochar oile dá bhfuil 'na leanmhain.

1. An chéad-ghoin

Tuig, a dhuine, ó's as an bpeacadh so do fhás an bás, agus 2875 gurab é is fréamh dhó, nach foláir dhúinn tuarasgbháil an pheacaidh do thabhairt uainn, agus na díoghbhála agus na dochair táinig dhe do chor síos. Gidh eadh, ní héidir sin do dhéanamh gan tuarasgbháil na fíréandachta bunadhasaighe agus gach sochar  p.92 dá raibhe uaithe ag an duine do chor síos. Ag so iomorra an 2880 tuarasgbháil do-bheir S. Thomas uirre san chéad-airteagal don .94. ceist don treas rann do Shuim a Dhiadhachta, mar a n-abair gurab subháilce í do bronnadh d'Ádhamh, dá dtiocfadh an réasún do ghialladh do Dhia, an toil don réasún, mothughadh na gcéadfadh don toil, umhla na mbeathadhach mbrúideamhail 2885 don duine, agus snadhmadh na hanma ris an gcorp do bheith dosgaoilte. As na briathraibh se S. Thomas is follus go rabhadar chúig déanmhais neith ag an bhfíréandacht mbunadhasaigh, do toirneadh lé cúig droch-cáilibh bhíos san pheacadh, nó atá ón pheacadh. Tuig cheana gurab ar pheacadh an 2890 tsinnsir labhraim annso.

2. An dara goin

An céid-déanmhas neith dothiocfadh ón fhíréantacht úd .i. an réasún do ghiall do Dhia do réir aneith do féadfaidhe do dhéanamh, nó agá bhféadfaidhe a fhios d'fhagháil. Ionann sin ré a rádh agus go dtiocfadh dhe cumas agus clisteacht do thabhairt 2895 ré déanamh na ndeigh-ghníomh, agus ré heólus grinn do bheith aige ar na neithibh do thuigsin. Gidh eadh, do chlaochlóidh peacadh an tsinnsir an t-eólas i n-ainbhfios, ionnus aní do thuigfeadh duine go grinn ré linn na fíréandachta úd, go dtiocfadh do pheacadh an tsinnsir nach tuigeann ar chor ar 2900 bioth é, acht gidh ionann atá aní ann féin sothuigseana, agus rés an bpeacadh agus 'na dhiaidh. Óir ní hé aní do-chuaidh i gcruas ná i ndothuigse ann féin, acht rinn an réasúin arna raobadh ar inneóin na hurchóide. Agus is uime sin adeir Aristotel san dara leabhar dá Metaph., difficultas scientiarum 2905 non ex ipsis scibilibus sed ex debilitate nostri intellectus procedit “ní ó dhothuigse na neitheadh féin tig cruas ná docamhal na n-ealadhan, acht ó anbhfainne ar dtuigseana féin.” As sin is iontuigthe, ó dho bhí tuigse ghrinn ag an duine i staid na fíréandachta, agus gan í anois aige, gurab d'ainiarsma agus d'anfhochain 2910 an pheacaidh táinig a dealughadh ris. Do claochluidheadh mar an gcéadna an acfuinn do bhí san duine ré déanamh deigh-ghníomh i meirtnighe agus i míochumas réna  p.93 ndéanamh, agus i n-acfuinn ré déanamh an uilc, do réir mar adeir an duine ag casaoid air féin, amhail léaghthar san ochtmhadh 2915 caibidil in Genesi, mar a n-abair, caro nostra prona est ad malum ab adolescentia “atá ar gcolann claon ré déanamh an uilc ó aois mhacaoimh” .i. ó fhíor-thús na n-aimsear. As so is iontuigthe go mbí an cholann éidtréan aimhneartmhar ré déanamh na ndeigh- ghníomh tré éagcruas an anma ó pheacadh an tsinnsir.

3. An treas goin

2920 Is neimhiongnadh fós an cholann do bheith neimbríoghmhar do bhríogh nach fuil acht long ladrann agus caisléan coinbhliochta innte. Óir ní bhí réidheachadh ná ro-bháidh ar dtús idir sí féin agus an t-anam, do réir Phóil, san chúigeadh caibidil go Galatas, mar a n-abair, caro concupiscit adversus spiritum 2925 “mianuighidh an cholann i n-aghaidh na hanma.” Dá chor i gcéill go mbí cogadh laothamhail idir an gcolainn agus an t-anam. Agus is é ní dá dtig sin, mar do-chuaidh an cholann, mar aon réna céadfadhaibh agus ré bríogh a ball, i meirleachas ar an anam a los pheacaidh an tsinnsir, ionnus gur chumadar dlighthe agus 2930 miana dhóibh féin contrárdha do dhlighthibh agus do mhianaibh na hanma. Agus is é sin do-ní Pól d'éagnach san seachtmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a n-abair, video aliam legem in membris meis, repugnantem legi mentis meae, et captivantem me in lege peccati, quae est in membris meis “do-chím reacht oile 2935 im ballaibh féin ag cathughadh ré reacht mh'intinne, agam' chuibhriughadh i reacht an pheacaidh atá im ballaibh féin.” Dá chor i gcéill go mbí siosma síor agus gleic ghnáthach idir riaghail an réasúin bhíos do leith na hanma, agus ceilg-mhiana na clí do leith an chuirp, ionnus nach bí osadh aon-trátha 2940 eatorra. Óir an tan adeir riaghail an réasúin ris an súil gan silleadh go saobh-nósach d'amharc na meirdreach, adeir an tsúil nach diongnaidh sí a comhairle air sin. Adeir an chluas an céadna, an tan adeir ria gan an t-ithiomrádh náid briathra milse na meirdreach d'éisteacht. Agus mar sin dona céadfadhaibh 2945 oile, ní thabhraid umhla ná uirrim ná fomós don anam acht dá n-aimhdheóin, an tan chuibhrigheas riaghail an réasúin iad.

 p.94

Agus fós, ní bhí caingean ná cairdeas idir a lucht aittreabhtha. Ar dtús idir na dubháilcibh féin, mar atá idir an gcraos agus an cruas. Óir adeir an craos ré duine an sparán do thrághadh do 2950 dhíol an fhíona ibheas go hainmheasardha, agus adeir an cruas an ciste do chogaill, agus gan an t-ól do dhéanamh d'eagla aoin-neith do chaitheamh ris. Mar sin dóibh ag dréim ré chéile, go gcommbuaidhearthar an cholann leó. Agus fa-ríor ní cealg gan chonách imrid ar an anam.

4. An ceathramhadh goin

2955 Bí fós imreasan idir na subháilcibh mar an gcéadna. Óir adeir an ceart an meirleach do chrochadh, agus adeir an trócaire a léigean as. Mar an gcéadna bíd na subháilce agus na dubháilce do ghnáth i gcorraighe agus i gcogadh ré chéile. Óir adeir an t-uabhar ris an duine é féin do chur ós cách, agus adeir an umhlacht 2960 ris é féin d'inísliughadh fá chách. Adeir an fhearg ris aindligheadh beóil agus láimhe do thabhairt dá chomharsain, adeir an fhoidhide ris éagcóir beóil agus láimhe d'fhulang óna chomharsain. Mar an gcéadna dhóibh ó shoin amach, ní bhí osadh aon-uaire eatorra. As sin ní hiongnadh an cholann do bheith crom nó tréith ré 2965 méid a duaidh agus a doghrainge óna dálaibh sin. Ní hé sin amháin a héagcomhlann, acht fós bí foslongphort niatta náimhdidhe ré a hucht don leith amuigh dhi, mar atá an t-aidhbhirseóir gona aimsighthibh agá lot do shaighdibh corránacha na ceilge, agus an saoghal agá slíobadh ré suiniughadh 2970 na séad saoghalta uirre. Ionnus go dtig dhe sin go n-abair an duine go haccaointeach, do réir mar léaghthar san .72. Salm ag Dáibhídh, ad nihilum redactus sum et nescivi “atáim arnam chor i neimhní, agus níorbh fheasach dhamh é.” Dá chor i gcéill go dtig don argain agus don oirleach imirthear leis na heasgcáirdibh 2975 se na colna, nach bí dol as ag an duine uatha (beag nach) gan bheith i gcróilighe 'na chosair chró ó chréachtaibh a gcealg. Agus is do ghoimh na ngon do himreadh leó uirre, agus is do mhéad an mhuirir do bhí san pheacadh do-rinne Éabha, táinig a cromadh síos, lé mbhfacaidh sí a beith féin tarnocht. Óir sul 2980 do luigh trom an pheacaidh uirre, is díreach do bhí, agus í ag  p.95 silleadh suas, ionnus nachar léir dhi locht ná ainimh uirre féin. Mar sin dá gach aon oile bhíos saor ó ualach na coire, bí sé lúthmhar lán-athlamh ag silleadh agus ag sír-fhéachain ar na neithibh neamhdha gan bhrón gan bhith-imshníomh. Bíodh 2985 a fhiadhnaise sin ar Phól, do fuaduigheadh go hathlamh uiréadtrom gus an treas flaitheas suas; agus ar Pheadar, do bhí san taitheamh 'na bhfuair na taisbéanta rúnda; agus ar S. Thomás an doctúir ainglidhe, an tan do bhí a intinn coimh-díreach sin ar mbeith saor dhó ó mhuirear na mailíse, nár mhothuigh é 2990 féin ag ithe an aráin i bhfiadhnaise Lobhaois naomhtha, ríogh Frangc. Mar sin do gach aon oile bhíos saor ón pheacadh, mothuighidh suaimhneas agus sádhaile 'na mheanmain. Gidh eadh, ní mar sin don druing ar a mbí oire trom an pheacaidh, bíd tuirseach trom-chroidheach maoithneach mímheanmnach.

5. An cúigeadh goin

2995 An dara déanmhas neith do bhí ag an bhfíréantacht úd, dúil na toile do bheith ag giall don réasún díreach gan docamhal. Agus is é so thuigthear a briathraibh Sholaimh san seachtmhadh caibidil in Eccle., mar a n-abair, fecit Deus hominem rectum “do-rinne Dia an duine díreach.” Dá chor i 3000 gcéill go ndearna Dia riaghail díreach do réasún an duine, agus an toil ag coimhshíneadh ris ré breitheamhnas ceart do dhéanamh idir an dá rann leath ar leath. Gidh eadh, is é a chontrárdha sin do dhéanmhas neith atá ó pheacadh an tsinnsir, do réir mar adeir Dáibhidh Rí, ag labhairt i bpearsain 3005 an pheacthaigh, factus sum sicut uter in pruina “do-rinneadh mé amhail bhuidéal i gcuisne.” Ionann sin ré a rádh agus amhail fhásas oighreadh ar bhéal an bhuidéil ré toirmeasg aoin-neith do léigean as dá mbí ann, mar an gcéadna fásaidh oighreadh an fhuatha agus na hurchóide i gcroidhe an chiontaigh dá 3010 thoirmeasg ar éin-ní dá shochar do léigean uaidh féin gus an gcomharsain. Agus is ar an gciontach so labhras S. Augustine san .28. caibidil don .14. leabhar do sgríobh ar Fhlaitheas Dé, mar a n-abair, posuit fundamentum civitatis Babilonicae, quod non nisi ad sua et suorum commoda et delicias afficitur, aliena negligens  p.96 3015 “is é fundaimeint, do chuir fá chathair na Báibiolóine, nach bí dúil aige acht 'na shocamhal féin agus i socamhal a charad, maille ré faill do thabhairt i socamhal cháich.” As so is iontuigthe go bhfeacann agus go bhfiarann toil an pheacthaigh ó bheith coimhshínte ré riaghail an réasúin, ag filleadh go 3020 leithleasach uirre féin, agus ag tabhairt shochair cháich i bhfaill; agus sin uile ag teacht do pheacadh an tsinnsir.

6. An seiseadh goin

An treas déanmhas neith tigeadh ón bhfíréantacht chéadna .i. uile chéadfadha inmheadhónacha agus foirimeallacha na colna do bheith comhoireamhnach don réasún. Gidh eadh, a 3025 chontrárdha sin tig ó pheacadh an tsinnsir. Agus is uime sin adeir Iob san treas caibidil déag ag iomaithbhear ar Ádhamh, posuisti in nervo pedem meum “do chuiris mo chos san ghaiste.” Ionann sin ré a rádh agus gur cheangail sé dúil na toile lé cuibhreach na coire i n-ainmhianaibh na colna. Agus is é so 3030 aní do mhothuigh Pól ann féin do réir mar léaghthar san seachtmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a n-abair, sentio aliam legem in membris meis repugnantem legi mentis meae “mothuighim dlighe oile im ballaibh féin ag gleic ré dligheadh mh'intinne.” Ionann sin ré a rádh agus gur mhothuigh droch-dhúile 3035 ag fás 'na chéadfadhaibh, contrárdha do riaghail an réasúin. Agus fa-ríor is meinic mhothuighmíd go comhchoitcheann duadh na dála soin ag buain rinn féin, amhail adubhramar thuas, an mhéid go ndéin an tsúil amharc aindlightheach, agus an chluas claoin-éisteacht, agus an béal go míolabhartha ag meilt na mbréag 3040 agus na mbaoth-fhocal, an lámh ag tadhall go truaillighthe, agus an chos ag céimniughadh ó choir go coir, agus an mheanma ag meabhrughadh míorúin agus mailíse; ionnus go dtéid i gcogadh agus i gcorraighe ar an gcoguas, agus go n-abraid do ghníomh nach dleaghair dhóibh féin giall dó, agus mar do-chuaidh sin i n-imirt 3045 agus i n-anumhlacht ar Dhia, mar an gcéadna nach biadh daingean ná dísle idir siad féin agus é.

 p.97

7. An seachtmhadh goin

An ceathramhadh déanmhas neith do bhí ag an bhfíréantacht úd .i. cur agus cumas agus giall do bheith ag an duine ar iasgach na mara agus ar éanlaith an aieóir agus ar ainmhinntibh na talmhan, 3050 do réir an gheallaimh nó na gcumhacht tug Dia d'Ádhamh, mar a n-abair san chéad-chaibidil in Genesi, et praesit piscibus maris, et volatilibus caeli, et bestiis universae terrae “bíodh cur agus cumas ag an duine ar iasgach an mhara agus ar éanlaith an aieóir agus ar ainmhinntibh na talmhan go hiomlán.” Gidh eadh, a chontrárdha 3055 so táinig do pheacadh an tsinnsir, na créatúire se do dhol i n-easumhla ar an duine. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an meanntán idir na héanaibh, agus ar an ngeasán idir na hiasgaibh, agus ar an luchóig idir na hainmhinntibh. Óir dá maireadh Alexander, nó cibé rí is treise agus is tréine táinig riamh ar 3060 talmhain, dá dtugadh fógra i bpéin bháis 'na dhúthaigh dá mbeith d'ainmhinntibh éigciallaidhe innte toidheacht iona dháil, ní ghiallfadh an luchóg is lugha dhíobh dá deóin dó. Óir múinidh an nádúir dhóibh, mar do cuireadh Ádhamh as a sheilbh an tan do-rinne an peacadh i bparrthas, gan ghiall 3065 ó shoin i le dá ndeóin d'aon-duine dá shíol, acht fós fá beag leó, i ndíoghaltas fheirge Dé, iad féin agus a sochar do bhuain don duine fána ndícheall. Agus fós, is do shuidhiughadh na gcumhacht úd do bhí ag Ádhamh agus agá shíol (ar mbeith i staid na hurchóide dhóibh) ar na hainmhinntibh brúideamhla, 3070 atá an giall do-bheirdís do dhruing do dhaoinibh naomhtha; amhail léaghthar ar Mhártain go nglaodhadaois na coiligh an tan adeireadh riú é, agus fós go n-andaois na naithreacha neimhe ar a fhógra gan dol tar sruth dh'áirithe, agus go ngialldaois dó amhlaidh sin. Mar an gcéadna léaghthar ar abb naomhtha 3075 darbh ainm Paulus go nglacadh naithreacha éagsamhla 'na lámhaibh, agus gombriseadh 'na meadhónaibh iad, agus nach déindís díoth ná dochar dó féin. Mar an gcéadna léaghthar ar easbog naomhtha darbh ainm Cerbonius, ar mbeith dhó ag triall don Róimh ar ghairm an naomh-athar .i. an Pápa, 3080 agus gan 'na fhochair acht aoin-chléireach amháin, do mhothuigh sé gur bheag an bhuidhean easbuig aoin-chléireach amháin,  p.98 gidh eadh, do bhí do loighead a chostais nár fhéad ní budh mó do chuideachtain do chothughadh, agus ar dteacht i gcomh-fhogus don Róimh dhó, do-chonnairc ealta mór cadhan ar 3085 eiteallaigh thairis, agus do ghoir orra agus adubhairt riú toirling mar aon ris agus dol 'na choimhdeacht don Róimh. Do ghiallsad na cadhain dó an tráth soin, agus do ghabhsad agá choimhdeacht gur chuirsead tar doirsibh na Rómha isteach é. Is iomdha a n-ionnshamhla oile so do fhéadfamaois do thabhairt anuas, 3090 fhúigfeam don chur so.

8. An t-ochtmhadh goin

An cúigeadh déanmhas neith tigeadh ón bhfíréantacht chéadna .i. domharbhthacht. Óir dá gcoimhéadadh Ádhamh é féin ón pheacadh, ní bhfuighbheadh bás do shíor, ná aon-duine dá shíol mar an gcéadna. Agus is é sin tuigthear a 3095 briathraibh S. Augustine sa treas caibidil don chéid-leabhar ro sgríobh dona hIongantaibh, mar a n-abair, Enoch sine morte poenae, et totius saeculi tempore, remotus ab hominum conversatione custoditur, ut in eo ostenderetur qualiter homines, si non peccassent, generata prole, in vitam spiritualem sine morte commutarentur 3100 “coimhéadtar Enoch gan bás na péine ar feadh na haimsire uile, i gcéin ó chaidreabh na ndaoine, ionnus go bhfoillseóchthaoi maille ris cionnus do claochlódhthaoi na daoine, muna dteagmhadh gur pheacuigh siad, iar mbreith a gcloinne dhóibh, i mbeathaidh spioradálta gan an bás dá mbreith.” As na briathraibh 3105 se is iontuigthe go mbeidís na daoine domharbhtha muna dteagmhadh dhóibh an peacadh do dhéanamh. Agus is i bhfioghair na domharbhthachta soin atá aní léaghthar ar Chloinn Israel .i. mar do mhaireadar a n-éadaighe gan chríonadh gan chaitheamh do dhol ionnta ar feadh .40. bliadhan, 3110 amhail léaghthar san ochtmhadh caibidil in Deuter. Óir amhail do chongaibh Dia an t-éadach gan chaitheamh do dhol ann ar feadh .40. bliadhan, mar an gcéadna do choimhéadfadh an duine beó i bparrthas, dá n-anadh gan an peacadh do dhéanamh. Gidh eadh, ó do-rinne an peacadh, do ghreamuigh an 3115 bás é, amhail adubhramar thuas, per unum hominem, etc.

 p.99

Do réir a ndubhramar thuas is follus gurab é an peacadh is cúis don bhás, agus dá réir sin gurab déanmhas neith díleas dó é. Agus is uime sina adeir Solamh san dara caibidil do Leabhar na hEagna, invidia diaboli mors intravit in mundum 3120 “is lé hiomthnúth an diabhail táinig an bás isteach san domhan.” Agus is amhlaidh tháinig, amhail choin chonfaidh nó leómhan loinn-fheargach do sgaoilfidhe fá shluaghaibh líonmhara dá marbhadh agus dá míochórughadh, nach géabhadh ag tréan nó ag anbhfann díobh. Do réir mar adeir Dáibhídh san .88. 3125 Salm, quis est homo qui vivet et non videbit mortem “cia an duine bhias beó, agus nach faicfidh an bás?” Dá chor i gcéill nach rachaidh eólach 'na bheathaidh gan bhásughadh lé hiorghail na honchon úd. Agus fós ní áirmhim na min-deabhtha do-bheir, acht is iomdha ruag-chath ro-mhór tug ar an nádúir 3130 dhaonna. Agus bíodh a fhiadhnaise sin ar an seachtmhadh caibidil in Genesi, mar a n-innistear gur thuit an cine daonna uile acht ochtar na háirce. Mar an gcéadna do réir mar léaghthar san naomhadh caibidil déag in Exodo gur báitheadh Pharao fá mhuing na Mara Ruaidhe go sluaghaibh líonmhara leis. Agus 3135 arís mar léaghthar san naomhadh caibidil déag in Genesi mar do marbhadh lucht proibhinnse móire agus chúig gcathrach don chéad-ruathar tug orra, go ndearna luaithreadh dhíobh acht Loth 'na aonar, do fóireadh leis an aingeal. Agus léaghthar mar an gcéadna san .24. caibidil don cheathramhadh leabhar do 3140 Leabhraibh na Ríogh, go dtáinig isteach i bhflaitheas Dáibhídh Ríogh, agus ré hathaidh aon-uaire gur mharbh deich míle agus trí fichid do dhaoinibh. Léaghthar fós san ochtmhadh caibidil déag don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, an tan táinig Sennacherib, Rí na hAsia, i bhfoslongphort ré hucht 3145 Ierusalem, gur thuit naoi bhfichid míle ar aon-láthair ris an mbás. Gá dtám ris, acht is iomdha éacht aidhbhseach oile tug agus do-bhéaraidh ar an duine, ó thosach an domhain go bruinne an bhrátha.

9. An naomhadh goin

Adeir S. Thomas, ag sgríobhadh ar an gceathramhadh leabhar do 3150 Mhaighistir na mBreath, go bhfuilid cheithre  p.100 modha ar a bhféadaid na neithe bheith arna gcríochnughadh. An céad-mhodh dhíobh, do bhríogh go mbí críoch agus foirceann ar aní, ní foláir a bheith críochnuighthe tráth éigin; agus mar sin do bhríogh nach ní neimhchríochnuighthe an duine, iarraidh 3155 sé do réir nádúire bheith críochnuighthe uair éigin. An dara modh, aní bhíos arna choimhdhéanamh do cháilibh contrárdha, amhail atá an duine do theas agus d'fhuacht, do thiormacht agus do fhlichidheacht, ní héidir dhó gan bheith críochnuighthe tráth éigin do réir nádúire, do bhríogh gurab é is feidhm dona 3160 cáilibh úd, bheith ag clódh agus ag turnamh a chéile go gclaoittear ceachtar dhíobh, ní fhéadann an duine bheith beó. Gidh eadh, ón dara modh úd do saorfaidhe an duine ó bhás leis an bhfíréandacht mbunadhasaigh. An treas modh 'na gcríochnuighthear beatha an duine, lé créachtnughadh a chuirp; agus 3165 do fhóirfeadh Dia go caomhnuightheach an duine ó bhás d'fhagháil ar an modh so dá ghrásaibh speisialta féin. An ceathramhadh modh 'na bhfuighbheadh duine bás, .i. tré chaitheamh do dhul san bhflichidheacht phréamhamhail. Agus do fóirfidhe duine ó bhás d'fhagháil ar an modh so lé fromhadh 3170 do chrann na beatha; agus is leis sin chaomhantar Éilí agus Enoch i bparrthas.

4. AN CEATHRAMHADH HALT

'na gcuirthear i gceist annso, ar geineadh Muire i bpeacadh an tsinnsir.

1. An chéad-ghoin

Is móide is ionchuir an cheist se, aní adeir Pól san chúigeadh caibidil gusna Rómhánchaibh, omnes in Adam peccaverunt “do 3175 pheacuigheadar na huile i nÁdhamh.” Ionann sin ré a rádh agus go raibhe peacadh an tsinnsir ar an uile dhuine ó Ádhamh. Mo fhreagra ar bhriathraibh Póil go bhféadaid siad bheith fírinneach tar ceann go mbeith duine nó dís arna n-uisgeacht ó pheacadh an tsinnsir. Agus is dearbhadh air sin aní léaghthar san seiseadh caibidil in Genesi, mar a n-abair Dia ag labhairt  p.101 3180 ar Nóe, Noe vir iustus in generationibus suis, cum Deo ambulavit “fríoth (ar sé) Naoi 'na fhíréan 'na shíl-treabhaibh féin, do thriall sé lé Dia.” Gidh eadh, adeir go grod 'na dhiaidh sin san chaibidil chéadna, omnis caro corruperat viam suam super terram “do thruailligh an uile cholann a slighe féin ar an 3185 dtalmhain.” Tabhair dot aire, a léaghthóir, mar adubhairt go coitcheann gur thruailligh an uile cholann a slighe, agus nach iontuigthe as sin gur thruailligh Naoi do bhí fíréanta a shlighe féin. Mar an gcéadna, tar ceann go n-abair Pól gur pheacuighsead na huile i nÁdhamh, ní hiontuigthe go héigeantach as sin go 3190 raibhe peacadh an tsinnsir ar Mhuire, amhail nach tuigthear a briathraibh Dé san seiseadh caibidil úd in Genesi, mar a n-abair gur thruailligh an uile cholann a slighe féin, go mbiadh colann Noé ar dtruailleadh a slighe féin. Óir is gnáth rádh foirleathan deimhnightheach do bheith san Bhíobla. Bíodh a fhiadhnaise 3195 sin ar aní léaghthar san .27. caibidil ag Matha mar a n-abair, dicunt omnes, crucifigatur “adeirid uile, crochtar é.” Gidh eadh, is inmheasta go rabhadar drong d'fhíréanchaibh do láthair Chríost an tan so, ris nachar mhaith a bhás, nach dubhairt mar aon ris na hIodhalaibh Críost do chrochadh. Is córaide dhúinn 3200 a bhreathnughadh go raibhe drong d'fhíréanchaibh do láthair bhreitheamhnais do dhéanamh ar Chríost, aní léaghthar ag Eóin san ochtmhadh caibidil déag, mar a n-abair, sequebatur autem Iesum Simon Petrus et alius discipulus, etc. “Do lean iomorra Simón Peadar agus deisgiobal oile Íosa. Dobhí thrá an deisgiobal 3205 sin aithnidh don easbog, agus do-chuaidh isteach mar aon ré hÍosa i n-aittreabh an easbuig. Do sheasaimh cheana Peadar ris an doras amuigh.” As so is iontuigthe go raibhe duine éigin do láthair bhreitheamhnais do dhéanamh ar Chríost, nach dubhairt a chrochadh, tar ceann go n-abair Matha go 3210 ndubhradar uile a chrochadh.

2. An dara goin

Tuig, a léaghthóir, tar a n-abraim, nach féadtar Matha ná Maoise ná aon oile d'ughdaraibh an Bhíobla d'éiliughadh tré fhaisnéis fhoirleithin dá ndéinid. Óir atáid dá shingin choitcheanna  p.102 ann, mar atá singin choitcheann deimhnightheach agus 3215 singin choitcheann diúltuightheach; agus fuilngidh an tsingin choitcheann deimhnightheach uisgeacht go meinic. Óir dá n-abradh duine an pobal uile do bheith san teampall do ghnáth-mhodh labhartha, is fíor dhó é, cia do bhiadh duine nó dias díobh gan bheith ann. Agus annsa chéill se is fíor gach 3220 rádh coitcheann deimhnightheach mar na sompladha thuas dá bhfaghthar san Scrioptúir. Ní mar sin cheana don rádh choitcheann diúltuightheach — ní fhuilngeann uisgeacht. Óir dá n-abradh duine nach biadh aon-duine don phobal san teampall, ní fíor dhó é, dá raibhe duine nó dias díobh ann. Tuigthear an 3225 t-eidirdhealughadh atá idir an dá shingin úd as aní léaghthar ag Eóin san chéad-chaibidil, mar a n-abair, omnia per ipsum facta sunt, et sine eo factum est nihil “is maille ris sin do-róineadh na huile, agus ní dearnadh éin-ní gan é.” Tuig gurab uime adeir nach dearnadh éin-ní gan é, do thoirmeasg an tseachráin adéaradh 3230 ar son na faisnéise deimhnighthe úd go bhféadfadh ní éigin substainteach bheith arna dhéanamh, nach é Dia do-ghéanadh. Gidh eadh, ní fhuilngeann an diúltadh coitcheann an tuigsin sin do bhuain as, do bhríogh nach fuilngeann uisgeacht san bhioth. Uime sin is eadh fhreagraim don ionadh 3235 úd Phóil, do bhríogh gur rádh coitcheann deimhnightheach é, agus nach rádh coitcheann diúltuightheach, nach iontuigthe go n-abair gur luigh peacadh Adhaimh ar an uile dhuine, gur luigh ar Mhuire. Do bhríogh, do réir a ndubhramar, go bhféadtar í d'uisgeacht ón rádh choitcheann fhoráilteach úd Phóil, agus 3240 óna chosmhailibh oile, má tá gur bhean cuid dá ainiarsma ria, mar atá fuacht agus teas, tart agus ocras, agus fós an bás, amhail do bhean ré Críost féin.

3. An treas goin

Atá fioghair san Bhíobla ag teacht leis aní se, amhail léaghthar san chúigeadh caibidil déag do leabhar Hester, mar 3245 rug Assuerus Rí breath bháis i gcoitchinne ar an mhéid don chineadh Iúdaidheach do bhí 'na fhlaitheas féin go huilidhe. Agus an tan do-chualaidh an bhainríoghan onórach Hester do  p.103 bhí 'na hIúdaidheach breith bháis do bheith ar 'na breith i gcoitchinne ar an gcineadh dá raibhe féin, do mheas go luighfeadh 3250 daoirse na breithe céadna uirre féin, ar mbeith don aicme Iobhlaidhe dhi, agus do-chuaidh i ndáil Assuerus d'iarraidh pardúin a hanma air. Is eadh do fhreagair Assuerus: non morieris, non enim pro te, sed pro omnibus haec lex constituta est “ní bhfuighir-se bás, óir ní duit-se acht dona huilibh do horduigheadh 3255 an reacht so.” Tuig, a dhuine, mar adeir gurab don uile Iúdaidheach do horduigheadh an dlighe báis úd, agus tairis sin nár horduigheadh do Hester bás d'fhulang, bíodh gurab Iúdaidheach í, mar an gcéadna tar ceann go rug an tAthair uile- chumhachtach breath bháis ar an gcineadh ndaonna, mar atá 3260 bheith damanta trés an síl-pheacadh sinnsir úd atá ag snighe a los na sean-choire i síol-aicme Ádhaimh, thairis sin ní headh is iontuigthe gur luigh daoirse na breithe sin ar Mhuire, tar ceann go rug breath ar an gcineadh ndaonna i gcoitchinne, amhail nár luigh dochar breithe Assuerus ar Hester fá hIúdaidheach, 3265 tar ceann go raibhe breith bháis arna breith i gcoitchinne ar an uile Iúdaidheach. Do bharr ar gach ní dá ndubhramair, ní cneasta a mheas go n-oirdeóchadh an eaglais (darab ainm do réir Phóil san treas caibidil don chéid-Eip. go Timoteus “colamhain agus firminte na fírinne”) féil ghabhála Mhuire i 3270 mbroinn, acht maille ré Muire do bheith naomhtha ré linn a gabhála i mbroinn, agus dá réir sin bheith saor ar an salchar sinnsir dhi. Agus fós, is inmheasta gur choimhéid Dia glan an t-árus 'na raibhe a bhara faoi féin áitiughadh. Agus is uime sin adeir Dáibhídh Rí, domum tuam decet sanctitudo “is deagh-mhaiseach 3275 dot theagh-sa bheith naomhtha.” Dá chor i gcéill gur chóir an t-árus úd 'na suidhfeadh an diadhacht do chongbháil glan ó thús go deireadh. Is iontuigthe mar an gcéadna gurab ar cholainn Mhuire tugadh an teagh úd, do réir mar adeir Solamh san .24. caibidil in Ecclo., ag labhairt i bpearsain Mhuire, 3280 qui creavit me requievit in tabernaculo meo “an tí do chruthuigh mé, do chumhsanuigh sé im theaghdhais.” Dá chor i gcéill gur teagh do Mhac Dé Muire, an mhéid gur áitigh sé innte.

 p.104

4. An ceathramhadh goin

Dá bhfiafruigheadh aon-duine an bhfuil suidhiughadh san 3285 Scrioptúir ar pheacadh an tsinnsir do bheith ar na daoinibh, bíodh a fhiadhnaise sin ar bhriathraibh Dé, amhail léaghthar san seachtmhadh caibidil déag in Genesi, mar a n-abair, ag labhairt ar shíol Ádhaimh, omnis anima cuius caro praeputii circumcisa non fuerit, peribit anima illa de populo suo “an uile anam ar nach 3290 déantar timchill-teasgadh ar a fheóil, rachaidh an t-anam soin amudha as a phobal féin.” Dá chor i gcéill go mbiadh damanta. Gidh eadh, ní héidir a mheas go mbeidís anaim na ndaoine nach dearnaidh coir ghníomhach riamh damanta, acht tré olc éigin oile do bheith ag leanmhain díobh. Is é sin an salchar sinnsir 3295 úd atá ag snighe agus ag síolrughadh i síol Ádhaimh glún ar ghlún, dá ngoirthear peacadh an tsinnsir, ionnus an neimh do ghabh Ádhamh as an ngreim n-urchóideach úd do ith sé d'ubhall na haithne, do ghalruigh agus do thruailligh é féin, go bhfuil gan leigheas ar ndol i bpréimh agus i gcnáimh na clann-mhaicne ó 3300 shoin ile, agus go mbiaidh go bruinne an bhrátha. Óir amhail téid an bholgach ón athair san gcloinn, nó an lubhra, mar an gcéadna táinig an galar gránna agus an neimh nathrachda agus an aingcis uathbhásach úd .i. an peacadh ionnainne, an cineadh daonna, ón athair ór síolruigheadh sinn .i. Ádhamh, ionnus gur 3305 chríonamair leis an gcoir, agus gur thuit duille deagh-mhaiseach na fíréandachta bunadhasaighe dhínn, agus nach fuil ionnainne acht lomáin loma lochardha gan chroiceann gan díon gan duille, ag críonadh lé coirthibh, agus ag ar losgadh lé luaith-ghrís na locht. Óir amhail chríonas an crann ar lobhadh a fhréimhe .i. Ádhamh, 3310 atámaid-ne crann an chinidh dhaonna ar gcríonadh. Gonadh aire sin do-rinne file dh'áirithe an rannso: —

  1. Fiodhbhaidh chríon cnámha mo cholna,
    cumhdach fallsa feóil mo bhall,
    úir gan taradh cré mo chalann,3315 
    talamh mé agus anam ann.

 p.105

5. An cúigeadh goin

Tuig, a dhuine, go bhféadtar peacadh an tsinnsir do mheas ar dhá chor, mar atá rés an mbaisteadh nó 'na dhiaidh. Is ionann iomorra peacadh an tsinnsir rés an mbaisteadh agus easbaidh nó éagmais na fíréandachta bunadhasaighe do dhlighfeadh 3320 duine do bheith aige. Agus is iontuigthe gurab ionann dál don chineadh dhaonna rés an mbaisteadh agus do chloinn tighearna i ndiaidh a n-athar do thuitim i dtréatúireacht. Óir caillid a bhfuil agus a bhfearann tré mheirleachas a n-athar. Mar an gcéadna do chlann-mhaicne Ádhaimh: do chaillsead a bhfuil 3325 agus a bhfearann .i. grása Dé agus a ghlóire nó go n-aisigthear dhóibh arís iad lé cairt an chreidimh agus lé bulla an bhaistidhe. Agus is é aní céadna is iontuigthe a briathraibh Ieremias fáidh, mar a n-abair san .31. caibidil, patres nostri comederunt uvam acerbam, et dentes filiorum obstupescunt “do itheadar ar n-aithreacha searbh-chaora 3330 na fíneamhna fiadhánta, agus atá déistin ar fhiaclaibh a mac.” Dá chor i gcéill gur ith Ádhamh an t-ubhall úd na haithne, fá searbh ré a íoc, agus go bhfuil a olc agus a urbhaidh ag cumailt ré a chlann-mhaicne dá éis. Óir ní chuirfid ainiarsma an ubhaill úd díobh gan bheith ag déanamh a ndíotha agus a ndochair do shíor. 3335 Óir gach saoth agus gach teidhm dá dtig orra, is do thoisg an ubhaill úd táinig. Agus is uime sin adeir Solamh san seiseadh caibidil in Eccle., omnis labor hominis in ore eius “is i mbéal an duine atá a uile shaothar agus ulc.” Dá chor i gcéill gurab do bhéal Ádhaimh lér hitheadh an t-ubhall táinig gach díoth agus gach 3340 dochar dá dtáinig agus dá dtiocfaidh ar an nádúir dhaonna. Is ionann fós peacadh an tsinnsir tar éis an bhaistidhe, agus fadódh do-ní abaigh ineamhail an cholann ré déanamh gach uilc. Nó fós is ionann é agus claonadh i n-aghaidh an réasúin dírigh. Óir táinig don othras úd do-rinneadh ar Ádhamh gur fhás céim 3345 bacaighe sa nádúir, ionnus go mbí cromadh ré cois gach aon-choisgéime aice, agus dá réir sin gur chlaon ó bheith coimhshínte ré riaghail an réasúin, agus go dtig dhe sin nach oirid dá chéile go meinic. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an réasún agus ar na rannaibh íochtaracha, mar atáid chúig shiansa na hanma agus na cúig céadfadha 3350 corpardha. Agus ní headh amháin, acht ní thig an toil  p.106 féin leis an réasún go meinic. Agus is ag gearán na huireasbaidhe se do bhí ar an nádúir dhaonna, arna mothughadh do Phól Apstal ann féin, adubhairt, amhail léaghthar san seachtmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, sentio aliam legem, etc. “mothuighim 3355 reacht oile im ballaibh, atá ag cur i n-aghaidh nó ag cathughadh ré reacht mh'intinne.” Dá chor i gcéill go mothuigheadh féin claonadh 'na chéadfadhaibh agus san chuid oile dá bhríoghaibh corpardha, i n-aghaidh riaghlach an réasúin.

5. AN CÚIGEADH HALT

'na gcuirthear i gceist an raibhe coir Ádhaimh com-mór sin agus ar chóir an uiread sin do smacht do dhéanamh ar Ádhamh agus do-rinneadh.

1. An chéad-ghoin

Do measfaidhe ar fhéachain nár chóir, do bhríogh nach 3360 raibhe san duine acht barrach lín, nó duille feadha, ar neamh-thábhacht, agus dá réir sin nárbh fhiú dhó an choir úd Ádhaimh d'agra ná do dhíoghail com-mór agus do-rinne. Agus is uime sin atá Iob ag casaoid ar Dhia ris féin san treas caibidil déag, mar a n-abair, contra folium quod vento rapitur ostendis potentiam tuam, 3365 et stipulam siccam persequeris “a Thighearna, is i n-aghaidh duille fuaduighthear ré gaoith thaisbéanas tú do chumhachta, agus ataoi ag inghreim ar bharrach thirim.” Dá chor i gcéill dó nacharbh fhiú dhó an uiread do dhíoghaltas agus do-rinne do dhéanamh i ndiaidh coire Ádhaimh. Agus fós ar loighead aneith ar a 3370 raibhe an fógra, mar atá toradh aon-chroinn amháin. Óir do réir bharamhla, dá bhfógradh athair dá mhac gan toradh d'ithe, agus go n-íosadh an mac an toradh tar a chrois, níor chneasta don athair an mac do bhásughadh, ná do chor ó oighreacht ar a shon sin. Mar an gcéadna, ar fhéachain, níorbh fhiú do Dhia 3375 Ádhamh do chor a hoighreacht agus breath bháis do bhreith air an céad-lá do cruthuigheadh é.

 p.107

2. An dara goin

Mo fhreagra ar na réasúnaibh se nach truime an díoghaltas do-rinne Dia ar Ádhamh ioná mar do thuill Ádhamh é, do bhríogh gurab connradh do-rinne Dia ris dá dheóin ar 3380 choingheallaibh d'áirithe, agus gur cheangail Ádhamh é féin agus a shliocht ré coimhéad na gcoingheall soin. Agus is é coingheall do bhí eatorra, dá gcoimhéadadh Ádhamh é féin i n-óigh-réir dá Chruthuightheóir, nach fuighbheadh bás do shíor, agus go rachadh idir chorp agus anam don fhlaitheas neamhdha. Gidh eadh, dá 3385 ndeachadh i n-anumhla ar Dhia, go gcaithfeadh an bás céadna bheith i gcinneadh dá shíol do thoisg a anumhla-san. Cuiridh Greaghóir naomhtha aní se síos ag tráchtadh ar an treas caibidil do Leabhar Iob, mar a n-abair, ad hoc homo in Paradiso positus fuerat, ut si se ad Conditoris sui obedientiam vinculis caritatis 3390 coniungeret, ad caelestem angelorum patriam quandoque sine carnis morte transiret. Sic enim est immortalis conditus, ut tamen si peccaret, et mori posset; et mortalis est conditus, ut si non peccaret, etiam non mori posset “is uime do cuireadh an duine i bparrthas, ionnus dá n-anadh i bhfomós dá Chruthuightheóir 3395 féin ceangailte i ngéibheannaibh an ghrádha, dorachadh sé uair éigin gan bhás colnaidhe d'fhagháil go dúthaigh neamhdha na n-aingeal. Óir is amhlaidh do cruthuigheadh é go domharbhtha, i gcruth go bhféadfadh bás d'fhagháil dá bpeacuigheadh sé; agus is amhlaidh do-rinneadh somharbhtha é, i riocht nach féadfadh an 3400 bás d'fhagháil dá bpeacuigheadh sé; agus is amhlaidh do-rinneadh somharbhtha é, i riocht nach féadfadh an bás d'fhagháil muna ndearnadh an peacadh.” Tig Sant Augustine leis so san cheathramhadh caibidil déag don leabhar ro sgríobh ar Cheastaibh an tSein-reachta agus na Nuai-fhiadhnaise, mar a n-abair, Deus hominem fecit, qui quamdiu non peccaret immortalitate vigeret, ut sibi auctor esset aut ad vitam aut ad mortem “do-rinne 3405 Dia an duine i riocht go mbiadh domharbhtha an feadh do anfadh gan pheacadh, ionnus gomadh é féin budh ughdar réna bheathaidh nó réna bhás.” Agus do réir a ndubhramar, ní hiongnadh a ndearna Dia do dhíoghaltas ar Ádhamh agus ar a shliocht, ar a mhéid do thaisbéin sé a neamhfhomós do Dhia ag 3410 coill a chána. Óir is truimide an peacadh do-rinne, a usacht dó an fhógra tug Dia dhó do choimhéad.

 p.108

3. An treas goin

Tig S. Augustine leis so san cheathramhadh leabhar déag ro sgríobh ar Fhlaitheas Dé, mar a n-abair, quisquis homini damnationem nimiam vel iniustam putat, profecto nescit quanta 3415 fuit in non peccando facilitas “cibé mheasas gurab trom nó gurab aimhcheart an damnughadh do-rinneadh ar an duine, go fírinneach ní feas dó a ro-usacht gan an peacadh do dhéanamh.” As na briathraibh se is iontuigthe nach daor agus nach iomarcach an bhreath rug Dia ar Ádhamh agus ar a shíol. Agus 3420 fós, dá meastaoi mórdhacht agus uaisle agus onóir agus cumhachta an tí tug an fhógra, agus méad a chumaoine ar an tí dá dtug í, agus dearóile agus uirísleacht an tí ar ar chuir na commaoine .i. an duine — óir dá leantar go soiche a phréimh é, do-ghéabhthar gurab don dúil is anuaisle atá san chruinne atá arna dhéanamh .i. 3425 don talamh. Acht, gidh iomdha commaoine do chuir Dia air, an mhéid go dtug anam réasúnta dhó ar dheilbh agus ar dhéanamh Dé, ionnusgo raibhe i libhré agus i suaitheantas Dé, agus go dtigeadh dhe sin créatúire na talmhan agus aingil nimhe do bheith ag timpireacht dó, gidh eadh, mo thruaighe, níor thuig 3430 méad na muirne do bhí ag Dia air, gan dol i n-uaill agus i macnas, agus a chur roimhe féin dia do dhéanamh dhe féin, agus fios uilc agus mhaitheasa do bheith aige. Agus saoilim gurab de sin táinig an seanfhocal adeir nach fuil peata nach fuilngeann bheith go maith acht an duine. Agus is é aní céadna so 3435 éagcaoineas Dáibhídh san .48. Salm, mar a n-abair, homo cum in honore esset non intellexit. Comparatus est iumentis insipientibus, et similis factus est illis “ar mbeith i n-onóir don duine, níor thuig sé é. Atá arna choimmeas ré bromachaibh éigciallaidhe, agus do-rinneadh cosmhail riú é.” Dá chor i gcéill nar thuig 3440 Ádhamh agus nár iomchuir mar budh díol an onóir fuair sé ó Dhia, agus go dtáinig dhe sin a chor idir ainmhinntibh brúideamhla an tsaoghail se agus 'na gcuibhreann fá thoirthibh na talmhan.

4. An ceathramhadh goin

Is agá fhoillsiughadh so atá an fábhaill-sgéal nó an fáith-sgéal léaghthar ag S. Lúcás san chúigeadh caibidil déag, mar  p.109 3445 a n-abair Críost go raibhe athair muinntire agá raibhe dias mac aige, agus gur iarr an mac fá hóige dhíobh a chuid féin d'oighreacht a athar, agus an tan fuair sin, gur chaith go craosach diommbalach í, ionnus ar mbeith fornocht dó go ndeachaidh ar deóraidheacht i n-imchéin, agus nach raibhe d'innmhe aige acht 3450 bheith ag muicidheacht, agus go mbíodh an uiread soin do ghorta air go mbíodh i gcuibhreann na muc fán meas. Gidh eadh, an mac fá sine, do an i bhfarradh a athar do shíor. Go fáthach, is é an t-athair muinntire úd Dia, agus an dias mac úd an t-aingeal agus an duine, an mac fá hóige Ádhamh, do reac a chuid do 3455 pharrthas agus d'oighreacht nimhe agus grása Dé ar ghreim d'ubhall na haithne, ionnus go dtáinig sé dá dhruim sin ar díbirt agus ar deóraidheacht, dá cheilt féin ar ghleann déarach an domhain se, dá bhiathadh féin do thoirthibh na talmhan, amhail mhuca nó beathadhacha brúideamhla.

5. An cúigeadh goin

3460 Is do chor aneithe céadna i gcuimhne dona daoinibh atá aní tarla don rígh ro-uaibhreach Nabugadonasor, amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil do Leabhar Daniel, mar do chuir Dia tréna anuaill féin as a ríoghdhacht é, agus fós mar do chuir i ngealtacht é, ionnus go mbíodh i gcuibhreann na mbó fán 3465 bhféar, agus gur fhás a fhionnfadh amhail chlúmh iolair, agus a ingne amhail ingne éan; agus go raibhe amhlaidh sin ar feadh seacht mbliadhan, nó gur thuig sé cumhacht Dé do bheith ós a chionn, agus gur thuig go bhféadfadh do réir a thoile féin do dhéanamh ris gach n-aon.

6. An seiseadh goin

3470 Tuig, a dhuine, as na sompladhaibh móra so nach foláir dhuit go feithmheach bheith ar do choimhéad féin fá thoil Dé do dhéanamh. Agus is móide is ineagluighthe dhuit a lámh throm do luighe ort, go dtug sé dlighe agus reacht duit as a dtuigfir cionnus do-ghéana tú a réir, mar is follus as an Scrioptúir agus 3475 a horduighthibh na hEagailse naomhtha sheólas duit go laothamhail créad is indéanta dhuit. Óir an t-óglách agá mbí a fhios  p.110 go cinnte créad is maith léna thighearna do dhéanamh dhó, agus nach déin do réir thoile a thighearna, is maith an díol smachtuighthe é. Agus atá Críost féin ag cor aneithe se i 3480 gcuimhne dhúinn, amhail léaghthar ag Lúcás san dara caibidil déag, mar a n-abair, servus sciens voluntatem domini et non faciens, vapulabit plagis multis “an t-óglách agá mbí fios toile a thighearna agus nach déin dá réir, géabhthar air go bhfágthar iomad créacht air.” Agus is eadh is iontuigthe as so, gur 3485 beitte dá gach aon agá bhfuil creideamh Dé, eagla do bheith air fána thoil do shárughadh. Agus fós, ná measadh aon-duine go saorfadh a ainbhfios é i mbriseadh reachta Dé, do bhríogh go bhfuil an reacht go foirleathan arna chraobh-sgaoileadh agus arna fhógra dona Críostaidhthibh i gcoitchinne, 3490 mar nach saorann bheith i n-ainbhfios an dlighidh an t-aoghaire allta bhíos i mbeannaibh sliabh tré chaidreabh do thabhairt don mheirleach agá mbí fógra an dlighidh 'na dhiaidh, gan bhás do thabhairt don aoghaire tréna chaidreabh don mheirleach. Óir dá n-abradh an t-aoghaire nach cuala féin 3495 gur choir bháis ar dhuine caidreabh nó muinntearas do dhéanamh ré tréatúir, agus dá sin nár dhligh bás d'fhagháil, thairis sin do-ghéabhadh bás d'imirt air. Mar an gcéadna don ní adubhramar thuas.

6. AN SEISEADH HALT

'na gcuirthear i gceist, ar mbeith d'Ádhamh lán d'eagna agus do shubháilcibh, cionnus tarla dhó an fhógra tug Dia dhó do shárughadh.

1. An chéad-ghoin

Mo fhreagra air so, ar dtús, dá chor i gcéill dona 3500 daoinibh, dá mhéid eagna agus neart agus innmhe shaoghalta bhíos aca, go ndlighid iad féin do choimhéad go haireach, agus gan bheith lánmhar asta féin. Agus is uime sin adeir Ieremias naomhtha ag labhairt ar Sholamh san naomhadh caibidil, non glorietur sapiens in sapientia sua, nec fortis in fortitudine sua,  p.111 3505 nec dives in divitiis suis “ná bíodh an t-eagnaidheach glórmhar as a eagna, ná an tréan as a neart, ná an saidhbhir as a shaidhbhreasaibh.” Dá chor i gcéill, mar go ndeachaidh Solamh ré seachrán, agus gur thuit i bpeacaidhibh gráineamhla, tar ceann a raibhe d'eagna agus do neart agus do shaidhbhreasaibh aige, gur 3510 beitte dona daoinibh agá mbiadh aon-chuid dona cáilibh se ionnta, crioth agus eagla do bheith orra, d'eagla go dteigéamhadh dhóibh fearg Dé do thuilleamh, amhail tarla do Sholamh.

2. An dara goin

An dara hadhbhar fár fhuiling Dia d'Adhamh an fógra úd do shárughadh, dá chor i gcéill dona daoinibh nach dlighid 3515 bheith roi-dhíleas dá naomhthacht ná dá n-ionnracus féin, mar gur chlaon Ádhamh do bhí ro-naomhtha an chuing do chuir Dia air féin. Agus is ag cor aneithe céadna i gcéill atá aní adeir Pól, 1 Cor.10, qui stat, videat ne cadat “an tí atá 'na sheasamh, féachadh nach tuitfeadh.” Dá chor i gcéill gur 3520 beitte don tí bhíos naomhtha eagla do bheith air fá thuitim i ndroch-staid. Is iontuigthe so a briathraibh S. Augustine ar an .38. Salm, mar a n-abair, aliter non potes esse perfectus, nisi scias hic te non posse perfectum esse “ní fhéadann tú ar chor oile bheith iomlán, munab feasach thú nach féadann tú bheith iomlán 3525 annso” .i. san saoghal.

3. An treas goin

An treas fáth fár thuit Ádhamh, dá chor i gcéill dona daoinibh gurab meinic ghortuighthear Dia do sheachnadh na comharsan do ghortughadh; mar is follus i n-Ádhamh, do-rinne míréir Dé do dhéanamh réire Éabha. Agus atá Hieronymus 3530 'na Eip. ad Heliodorum ag tabhairt chomhairle dhúinn, créad is indéanta sa chás so, mar a n-abair, si necessitas venerit, ut amor parentum sive filiorum amori Dei comparetur, et non possit utrumque servari, odium in suos, pietas in Deum observanda “más éigean go mbiadh grádh na dtuismhidhtheóiridhe agus na cloinne 3535 dá choimmeas ré grádh Dé, agus nach féadtar gach grádh dhíobh do choimhlíonadh, coimhéid do dhúthracht do Dhia agus t'fhuath  p.112 do chách.” Ionann sin ré a rádh agus dá raibhe coimhlíonadh thoile Dé contrárdha do choimhlíonadh toile do charad, tréig coimhlíonadh toile do charad ar choimhlíonadh toile Dé. Gidh 3540 eadh, fa-ríor, is iomdha Ádhamh san aimsir se ann, chlaonas ó thoil Dé do dhéanamh i ngioll ar thoil na colna nó na cloinne nó na comharsan. Bíodh a fhiadhnaise sin ar mhórán do dhaoinibh sgaoilte na hÉireann. Óir atá cuid díobh do-bheir iad féin do chraos agus do dhrúis, d'aoibhneas agus d'antlás. Cuid 3545 oile dhíobh ag déanamh anfhlaithis agus éagcóra ar anbhfannaibh, ré saidhbhreas agus ré fearann d'fhágbháil agá gcloinn féin go héigceart i n-aghaidh thoile Dé. Agus fós drong oile dhíobh ag dísliughadh agus ag ceilt a gcreidimh, d'eagla aimhréire na n-uachtarán saoghalta do dhéanamh. Ní áirmhim an drong atá 3550 taoibh amuigh do luing Pheadair, atá ag onfais i n-oigian aidhbhseach na heiriceachta. Agus mo thruaighe, ní thuigid an teagasg do-bheir Dia dá gach aon aca san seiseadh caibidil in Ecclo., mar a n-abair, noli fieri pro amico inimicus “ná déana easgcara dhíot féin ar son do charad.” Dá chor i gcéill nach 3555 dleaghair dhúinn easgcaraid do dhéanamh dhínn féin do Dhia, do cheannach cairdeasa créatúireadh san gcruinne.

4. An ceathramhadh goin

An ceathramhadh fáth, do bhríogh gur haithneadh dhe gan buain ris an ubhall. Óir is móide bhíos dúil ag duine san ní, bheith agá thoirmeasg air. Agus is de sin atá an seanfhocal 3560 adeir go mbí neimh ar an aithne. Agus tig an file Laidneamhail leis so, mar a n-abair, ag labhairt ar aní gcéadna: nitimur in vetitum semper cupimusque negata “bí dúil againn do ghnáth saní bhíos arna thoirmeasg orainn, agus sanntuighmíd aní bhíos agá dhiúltadh orainn.” Agus is 3565 uime sin adeir Ieremias san chéad-chaibidil do Leabhar na hEólchaire, ag teacht tar chinn-leitribh an chinidh dhaonna .i. Ádhamh agus Éabha, principes eius facti sunt velut arietes “do-rinneadh a bprionnsaidhe súd amhail reithidhe,” ar sé, ag labhairt ar an nádúir dhaonna. Ionann sin ré a rádh agus gurab móide do  p.113 3570 bhí dúil aca i n-ubhall na haithne, bheith agá thoirmeasg orra. Óir is d'airdheanaibh an reithe, dá dteagmhadh i dteach theineadh é, nach fuil dá thréine dobeithí agá chor amach, nach déine 'sa chách do bhiadh féin ag filleadh isteach arís. Mar an gcéadna d'Ádhamh agus d'Éabha agus dá gach aon-duine dhá síol, agus is uime 3575 sin shamhluighthear ré reitheadhaibh iad.

5. An cúigeadh goin

Tig leis an sgéal so aní léaghthar ar mhaighistir chríonna agus ar a dheisgiobal. Is eadh aithristear ann, gur fhiafruigh an deisgiobal don mhaighistir créad tug ar Ádhamh ubhall na haithne d'ithe tar fhógra nDé, agus a usacht dó a mhalairt do 3580 thoradh d'fhagháil i bparrthas ré a chaitheamh. Is eadh do-rinne an maighistir, dá mhéis agus a mbeóil ar a chéile, agus éanlaith bheag bheó eatorra, do thabhairt don deisgiobal. Agus adubhairt ris gan an dá mhéis d'osgladh ó chéile go ceann cheithre n-uaire fichead, agus go dtiubhradh fuasgladh ar a cheist dó. Do 3585 ghabh an deisgiobal na miasa, agus do-chuaidh i bhfód fá leith ris féin. Agus do ghabh mian é na miasa d'fhoslogadh ó chéile ar mbeith arna dtoirmeasg air, ionnus go mbiadh a fhios aige créad do bhí eatorra. Do fhás a mhian com-mór sin go nár fhuiling gan a bhfosgladh. Agus arna bhfosgladh dhó do 3590 lingsead an éanlaith uaidh, go nach raibhe breith aige orra. Ar dtoidheacht don mhaighistir dá ionnsaighe i gcionn laoi go n-oidhche, do fhiafruigh dhe ar choimhéid na miasa gan osgladh. Agus adubhairt-sean “Ó a mhaighistir, ar sé, gabh agam. Níor fhéadas gan a n-osgladh, arna mbeith arna dtoirmeasg oram.” 3595 “Mar an gcéadna, a mhacaoimh, ar an maighistir, ar mbeith do thoradh chroinn na haithne arna thoirmeasg ar Ádhamh, níor fhéad gan a fhromhadh.” As gach ní dá ndubhramar is follus gurab móide dúil na ndaoine saní, bheith agá thoirmeasg orra, agus dá réir sin gurab dona hadhbharaibh fár ith Ádhamh ubhall 3600 na haithne, tré bheith arna thoirmeasg air.

 p.114

7. AN SEACHTMHADH HALT

as a dtuigthear gurab cosmhail Ádhamh ré deóraidh do bhiadh ar díbirt i gcoigcrích.

1. An chéad-ghoin

Tuig, a dhuine, gurab cosmhail Ádhamh tar éis an pheacaidh ré deóraidh do bhiadh ar díbirt as a dhúthaigh féin ag taisteall coigcríoch, agus do-ghéabhadh bheith go maith ris i dtighthibh ósda mar gheall ar dhíolaidheacht do thabhairt ar a shon. Óir 3605 an deóraidh, cidh sámh leis an sódh do-gheibh sna tighthibh ósda, is searbh agus is doiligh leis bheith agá dhíol. Mar an gcéadna d'Ádhamh agus dá shíol, ar mbeith dhóibh arna n-athchor agus arna n-ionnarbadh a parrthas i gcoigcrích na coire, do-gheibhid sódh agus sádhaile i dtigh ósda an domhain se, áit i bhfuilid trí 3610 hard-ósdóiridhe ré riar Ádhaimh agus a shleachta go miochair muinnteardha .i. an diabhal agus an saoghal agus an cholann. Óir do-gheibhid uaill agus glóir dhíomhaoin ón aidhbhirseóir, sainnt agus cruas agus cruinniughadh ón tsaoghal, leisge agus drúis agus craos ón cholainn.

2. An dara goin

3615 Is ar na trí hósdóiribh se labhras Eóin, mar a n-abair, omne quod est in mundo aut est concupiscentia carnis, concupiscentia oculorum et superbia vitae “an uile ní dá bhfuil ar an saoghal ní fhuil acht ainmhian na colna nó ainmhian súl, nó uabhar beatha ionnta.” Gidh eadh, an mhuinntear ré roinnid na hósdóire se, 3620 is cruaidh an cúntas is éigean dóibh do thabhairt uatha ré n-imtheacht dóibh as an dteach ósda .i. as an domhan. Bíodh a fhiadhnaise sin ar lucht Sodoma agus Gomarra, agar chuirsead na hósdóire se i gcarcair uathbhásaigh ifrinn iad, i ndíol a dtugsad dóibh, amhail léaghthar san naomhadh caibidil déag in Genesi.

3. An treas goin

3625 Bíodh fós a fhiadhnaise ar Pharao agus ar a shluaghaibh do báthadh san Muir Ruaidh tré éiliughadh na druinge céadna.  p.115 Agus ar Balthasar rí na Báibiolóine, do thuit i gcúntas na druinge úd, do réir mar léaghthar san chúigeadh caibidil do Leabhar Daniel. Óir ar mbeith ag caitheamh fleidhe don 3630 Balthasar so, do-chonnairc lámh dhuine gan cholainn ag sgríobhadh trí bhfocal ar an mballa ar a chomhair: ag so na focail, Mane, Thecel, Phares. Is eadh chialluigheas an céad-fhocal, Mane, gur áirimh Dia flaitheas an ríogh sin, agus gur choimhlíon é. An dara focal, Thecel, is eadh chialluigheas, gur 3635 cuireadh an rí i meidh an mheasruighthe, go bhfríoth ní budh lugha ioná an chóir aige. Is eadh chialluigheas an treas focal, Phares .i. “atá do fhlaitheas arna thabhairt do lucht na Méad agus na Persia.” Agus san oidhche chéadna soin do marbhadh lé Darius é, agus do críochnuigheadh fírinne na bhfocal sin, go ro 3640 thuit san chúntas amhail adubhramar.

4. An ceathramhadh goin

Fa-ríor is iomdha Balthasar an tráth so ar feadh an domhain ar a n-imreann Dia an díoghaltas céadna úd do himreadh ar Bhalthasar, an mhéid go gcoimhlíonann Dia a bhflaitheas ag críochnughadh a ré, agus go gcuireann i meidh an bhreitheamhnais 3645 i n-aimsir an bháis iad, agus nach faghann an tomhas cóir ionnta, ar mbeith do cheann na coire ro-throm don mheidh. Agus marbhthar san oidhche chéadna iad, an mhéid go mbeirthear breith bháis shíordhaidhe orra. Agus roinntear a bhflaitheas, an mhéid go dtugthar a gcuirp dona crumhaibh agus a n-anmanna 3650 d'il-phiastaibh ifrinn. Agus is mar sin is éigean dóibh cúntas cruaidh do thabhairt dona hósdóiribh adubhramar.

5. An cúigeadh goin

Gidh eadh, mo thruaighe, an duine leamh shaoileas cáirde d'fhagháil óna hósdóiribh se, is meinic fheannaid agus fhoghaid go hobann é, agus bheanaid a anam as i ngioll ris an gcúntas, an tan 3655 is mó do chuirfeadh roimhe a mhacnas do leanmhain. Bíodh a fhiadhnaise sin ar Holofernes, ard-chaiptín shluaigh na hAssiria, amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil déag do Leabhar Iudith. Óir an uair is mó do shaoil a bhreath féin d'fhagháil  p.116 ar chathair Betulia, ar mbeith don bhain-tighearna onóraigh 3660 darbh ainm Iudith iona fharradh ina phuball féin, agus é ag urgháirdiughadh meanman agus aigeanta 'na timcheall ar mhéad a ghrádha dhi, táinig san oidhche chéadna soin fear cúntais na dtrí n-ósdóireadh úd .i. an bás, agus do bhean a cheann do Holofernes i ndíol an chúntais. Mar an gcéadna do phrionnsa 3665 do threibh Iuda darbh ainm Ammon, amhail léaghthar san treas caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh. Táinig an fear cúntasa céadna úd dá ionnsaighidh, ar mbeith dhó ag caitheamh fleidhe, agus do ghabh d'arm ann, gur mharbh é. Gá dtam ris, ní tháinig is ní thiocfaidh rí ná prionnsa ná ard-fhlaith 3670 ó thosach an domhain, nach éigean dó an cúntas so do thabhairt uaidh. Ionnus i ndeireadh an chúntais gurab éigean dá gach aon dol tar bharr a gheallta, ré díol do thabhairt don fhior chúntasa úd adubhramar .i. an bás. Óir foghbhaidh agus feannaidh nó go bhfágbhann dísgir dearg-lomnocht iad, ar gcaill 3675 a gcéadfadh agus bhríogh a mball, agus a dtoicceadh agus a saidhbhreas saoghalta ó shoin amach.

6. An seiseadh goin

Bíodh a fhiadhnaise sin ar na hard-fhlaithibh is mó tháinig san domhan riamh. Óir ní feas dúinn go bhfuil mac ar sliocht Nabugodonasor ag gabháil flaitheasa na Caldee, ná ar lorg Cyrus 3680 ar an bPersia, ná d'fhuil Darius ar an Méad, ná d'aicme Alexander ar an nGréig, ná do shíol Shéasair ar an Róimh, ná do shliocht Hannibal i gCarthago, ná do chineadh Codrus ar cathraigh na hAithne. Óir fá héigean dóibh so uile, tar ceann a neirt agus a gcumhacht, cúntas cinnte do thabhairt uatha iona 3685 bhfuaradar do bhláth diommbuan na beatha so. Gonadh ag cor aneithe se i gcéill adeir Baruc san treas caibidil, ubi sunt principes gentium “cáit i bhfuilid prionnsadha na gcineadhach?” Dá chor i gcéill gur thuiteadar san chúntas chéadna úd an bháis. Agus mar an gcéadna is dá chor i gcéill nach déin an 3690 onóir ná an flaitheas saoghalta caomhna ar na hard-fhlathaibh ón gcúntas úd atá aní léaghthar ag Deuter .32., ubi sunt dii eorum in quibus habebant fiduciam? Surgant et opitulentur vobis, et in  p.117 necessitate vos protegant “cáit i bhfuilid a ndée súd 'nar chuireadar a muinighin? Éirghid agus tugaid congnamh libh, agus díontar leó 3695 sibh in bhar riachtanas.” Dá chor i gcéill nach raibhe ar cumas na ndée na hard-fhlaithe págánta d'fhóirithin ná d'fhurtacht ré buanughadh i nglóir dhíomhaoin an tsaoghail se, ná réna gcaomhna ón chúntas réamhráitte. Agus go bhfios damhsa, ciodh milis ris gach n-aon bláth bréagach an domhain se agá 3700 fhromhadh, is greim neimhe agus is deoch domblais dóibh fá dheireadh é, an tan is éigean dóibh an cúntas casaoideach cruadh- dhálach úd do thabhairt uatha, amhail adubhramair. Is móide is iontuigthe gurab teach ósda an domhan aní léaghthar ag Solamh san .29. caibidil in Ecclo., mar a n-abair, transi, 3705 hospes, et orna mensam, et quae in manu tuo habes, ciba caeteros “triall seacha mar aoighidh, oirnigh an bord, agus na neithe atá id láimh, biathuigh cách.” As so is iontuigthe nach fuil acht aoidheacht nó ósdóireacht ar an saoghal againn. Agus measaim dá réir sin gurab ionann dál dá gach n-aon ré ndol don domhan 3710 so agus don cheithearnach allta aineólach a hiarthar Mhumhan, do-chuaidh i luing chogaidh d'iarraidh éadála ar fairrge. Agus do cuireadh i dtír i Sagsaibh iad; agus an céad-bhaile 'na dtarla i dtír iad, tángadar lucht an bhaile do dhéanamh lúthghára rompa, agus dá mbreith leó dá dtighthibh féin ré tabhairt ósda dhóibh; 3715 óir fá lucht ósda do choimhéad an mhéid do bhí ag áitiughadh san bhaile sin. Agus fá hiongnadh leis an gceithearnach iad agá chuireadh féin, agus gan aithne ag aon-duine dhíobh air. Agus do-chuaidh féin agus drong don mhuinntir do bhí mar aon ris i dtigh dhuine aca ar ósda. Agus dobhádar muinntear an 3720 tighe go ro-mhaith riú ar feadh seachtmhaine, ionnus gur sháimh leis an gceithearnach an t-inneall ar a raibhe féin, ar ghloine an árais 'na dtarlaidh é, agus ar fheabhas a leaptha agus a bhídh agus a dhighe. Gidh eadh, ar mbeith dhó féin agus dá chuideachtain ag gabháil a gceada, do ghairm an t-ósdóir an fear cúntais do bhí 3725 aige, agá rádh ris make reckoning .i. “déana cúntas.” Leis sin táinig fear an chúntais, agus do ghabh ag feannadh an cheithearnaigh agus na muinntire do bhí maille ris, gurbha héigean dóibh uile díolaidheacht iomlán do thabhairt uatha in gach ní dár  p.118 chaitheadar san tigh an gcéin dobhádar ann, ionnus go rabhadar 3730 folamh ag imtheacht dóibh. Agus táinig dhe sin, cion a raibhe do shólás agus do mheanmain ré linn gach seasgaireachta dá bhfuaradar i dtigh an ósda, go raibhe sé do dhólás orra tré bheith folamh ag imtheacht. Dobudh iongnadh iomorra leis an gceithearnach créad an fáth fár feannadh é féin agus cách; óir 3735 níor chleacht sé biadh ná deoch do cheannach riamh roimhe sin. Agus ar dteacht go hÉirinn dó do ghabhadar a charaid ag fiafraighe thuarasgbhála na Sagsan de. Do ghabh-san ag innisin sgél dóibh, agus adubhairt thrá nach facaidh talamh riamh budh fearr biadh agus deoch agus teine agus leabaidh, agus budh suilbhire daoine. 3740 “Agus locht ar bioth, ar sé, ní haithnidh damh uirre, acht an tan bhíd na deóraidh ag ceileabhradh don druing do-bheir aoidheacht dóibh, tig trú dhuaibhseach dheamhnaidhe dá ngairthear Mac Raicín anuas, agus lámhuighidh go heasaontach na deóraidh, agus feannaidh agus foghbhaidh iad.” Go fáthach, is í an 3745 chríoch úd na Sagsan an domhan, agus na hósdóiridhe an diabhal agus an saoghal agus an cholann, an ceithearnach na daoine i gcoitchinne, agus Mac Raicín an bás. Óir amhail bheanas fear an chúntasa díol don deóradh ar son gach socamhail dá bhfaghann i dtigh an ósda, mar an gcéadna beanaidh fear cúntasa na 3750 n-ósdóireadh úd adubhramar .i. an bás, cúntas daor-dhálach dona daoinibh bhlaiseas a bheag nó a mhór do thoirthibh na n-ósdóireadh do luaidheamar.

7. An seachtmhadh goin

Fós, bídh an díol bheanas amach comh-docamhlach sin ionnus gurab ionann dál don duine ar ndealughadh ris agus 3755 don cheannaighe agá dteigéamhadh loing-bhriseadh do dhruim anfaidh ar muir. Óir an tan fhásas anfadh ar an muir, agus bhíos an long i nguais a sloigthe, teilgidh an ceannaighe an earradh bhíos istigh aige amach, agus 'na dhiaidh sin buailtear an long fá charraig, agus raobthar agus sloigthear ainnséin san muir í; agus 3760 tig féin ar uairibh tarnocht i dtír, agus ar uairibh oile báittear é. Mar an gcéadna, ar mbeith don duine ag loingseóireacht ar mhuir mhailísigh an tsaoghail se, séididh gaoth na ngalar ar  p.119 arthrach na hanma .i. ar an gcorp, agus tógthar leis sin tonna taom agus tinnis, go ngabhaid ag tolladh agus ag taobh-lot churacháin 3765 chriadhamhail an chuirp. Agus ar mbeith don luing leóinte sin i mbaoghal a báitte, cuiridh an ceannaighe .i. an t-anam, last na luinge amach .i. na céadfadha agus uile bhríogha an chuirp. Agus 'na dhiaidh sin buailtear an long soin fá chairthe nó fá charraig an bháis, ionnus gurab éigean don cheannaighe .i. 3770 don anam, triall tarnocht go port an pharrthais neamhdha, nó a shlogadh i bhfodhomhain ifrinn.

8. An t-ochtmhadh goin

Is beag fós nach ionann dál don duine agus don mheirleach dhamanta bhíos cuibhrighthe ag triall ón phríosún gus an gcroich. Óir amhail bhíos an meirleach damanta ag triall ón 3775 bpríosún gus an gcroich, agus é cuibhrighthe, is mar sin bhíos an duine ag teacht as an bpríosún .i. a broinn a mháthar, agus é cuibhrighthe i bpeacadh an tsinnsir, damanta ré fagháil an bháis chorpardha tré choir Ádhaimh, ag triall gus an gcroich .i. gus an mbás. Agus meas féin, a dhuine, amhail nach bí 3780 lúth-gháir ar an meirleach úd ag triall gus an gcroich, agus nach bí seadh ná suim i séadaibh saoghalta ná i maoin ná i maitheas ar bioth dá bhfágbhann tar 'éis aige, mar an gcéadna dhlighir-se do dhéanamh, a dhuine, do bhríogh gurab ionann bhar ndál. Agus cibé adéaradh nach indéanta an coimmeas soin, do 3785 bhríogh go mbí bás an mheirligh go grod, agus go bhfaghann an duine ré fhada, bíodh a fhios aige nach obainne bás na croiche ar uairibh ioná an bás nádúrtha. Agus is uime sin atá aní léaghthar ag Socrates .i. ar mbeith do lucht chathrach na hAithne arna dhamnughadh ré bás do thabhairt dó, táinig 3790 duine carad dá ionnsaighidh, agus adubhairt ris, Athenienses te morte adiudicarunt “rugadar lucht chathrach na hAithne breath bháis ort.” Adubhairt-sean ag freagradh dhó, et illos natura “agus rug an nádúir breath orra-san mar an gcéadna.” Dá chor i gcéill gurbh ionann dál dó féin, do bhí arna dhamnughadh 3795 ré bás d'imirt air, agus dona daoinibh i gcoitchinne, ar ghiorra na cairde bhíos ar a saoghal aca. Agus is uime sin adeir Dáibhídh  p.120 Rí san .102. Salm, homo sicut foenum dies eius, tanquam flos agri efflorebit “ní fhuil i lá an duine acht amhail fhéar thirim, agus téid a bhláth dhe amhail bhláth an mhachaire.” Dá 3800 chor i gcéill, amhail bhíos an féar tirim seirgthe um thráth nóna iarna bhuain, agus é úr-ghlas ar maidin sul bheantar é, gurab amhlaidh sin theagmhas don duine, ar mbeith dhó úr ré linn a bheatha, an tan bhuailtear speal an bháis faoi, go seargann agus go bhfeódhann go hobann, amhail do-ní bláth an 3805 mhachaire. Tig Isaias leis aní gcéadna san .40. caibidil, mar a n-abair, omnis caro foenum et omnis gloria eius quasi flos agri “is féar tirim an uile cholann agus a huile ghlóir amhail bhláth an mhachaire.” Tig an file Gaoidhealach leis aní gcéadna mar a n-abair: —

  1. 3810 Cidhbé agaibh is sia saoghal,
    isé an t-eán agus é i sás:
    ná maoidheadh sé a aga uainne,
    ní fada ón té is buaine an bás.

9. An naomhadh goin

Adeir S. Séam, ag cor ghiorra ré an duine síos, amhail 3815 léaghthar san cheathramhadh caibidil dá Eip., mar a n-abair, quae est enim vita nostra? vapor est ad modicum parens “créad í ar mbeathai-ne, acht deatach mhaireas go roi-ghearr.” Dá chor i gcéill gurab diombuan ré an duine. Agus atá Críost dá iarraidh orainn faire do dhéanamh orainn féin, amhail 3820 léaghthar ag Marcus san treas caibidil déag, mar a n-abair, omnibus dico vigilate “adeirim ribh uile faire do dhéanamh.” Agus adeir fós ag Lúcás san .21. caibidil ris an duine faire ghnáthach do dhéanamh, mar a n-abair, vigilate itaque omni tempore “déanaidh faire san uile aimsir.” Dá chor i gcéill 3825 nach bí uair ná tráth saor ag an duine gan bheith i mbaoghal an bháis. Do réir mar adeir Críost féin san .25. caibidil ag Matha, vigilate, quia nescitis diem neque horam “déanaidh faire, óir ní feas daoibh lá ná uair.” Dá chor i gcéill go mbímíd gach aon-tráth agus gach aon-aimsir i mbaoghal an chúntasa d'iarraidh  p.121 3830 orainn. Agus fa-ríor, do-bheirimíd faill san bhfeitheamh do fhoráil Dia orainn do dhéanamh.

10. An deachmhadh goin

Gidh eadh, teagmhaidh dhúinn amhail tarla don mhacaomh Fhrangcach. Ag so an sgéal aithristear air .i. go raibhe ar tí síothchána do cheangal ris an mbás, agus dar leis do taibhsigheadh 3835 dhó an bás do thoidheacht dá ionnsaighidh, go ndubhairt nach raibhe ar breith dhó gan teacht lá éigin dá fhios; gidh eadh, nach tiocfadh dá ionnsaighidh gan forfhógra. Agus táinig dhe sin go dtug an macaomh i bhfaill gan bheith dá ollmhughadh féin rés an mbás. Agus go grod 'na dhiaidh sin 3840 do ghabh galar gáibhtheach é. Agus an tan dobhádar a charaid 'gá fhoráileamh air aithrighe do dhéanamh, adubhairt-sean nach raibhe guais air, do bhríogh go raibhe do cheangal aige ar an mbás gan teacht dá ionnsaighidh gan forfhógra. Agus fuair bás gan aithrighe amhlaidh sin. Óir níor thuig sé gur 3845 bh'iad forfhógartha dísle an bháis na taoma agus na tinnis tarla dhó féin rés an mbás. Mar sin do dhaoinibh óga éigcríonna an tsaoghail se. Saoilid go mbíd do shíoth ris an mbás, agus nach bí guais ná gábhadh ar bioth 'na gcionn féin. Agus do-bheirid iad féin do bhaosradh agus do bhuile bhaothánta na hóige, 3850 ionnus nach léir dhóibh a leas do dhéanamh. Agus tig dhe sin nach taoibh ris an aon-bhás gcorpardha bhíd, gan na trí báis do luaidheamar san chéad-trácht d'fhagháil.

11. An t-aonmhadh goin déag

Fós, do bharr air sin caillid a gclú tar a n-éis san tsaoghal. Ionnus gurab ionann dál dóibh agus don mhadadh fhoiléimeach 3855 ar a mbuailtear cloch. Óir an tan bhuailtear cloch ar an madadh, gabhaid na madaidhe oile agá chreim. Mar an gcéadna, an tan bhuailtear cloch an bháis ar an madadh úd .i. an peacthach, gabhaid na madaidhe oile .i. na peacthaigh agá chreim agus agá chnáimh-ghearradh .i. ag buain a chlú dhe. Óir 3860 mar mharbhaid na muca mara an mhuc mhara oile do-gheibhid créachtnuighthe, go ndéinid blogha béal-sgaoilte dhi, mar an  p.122 gcéadna do-níd na peacthaigh ris an bpeacthach oile do-gheibhid créachtnuighthe ó shoighid an éaga, diubhraigthear air a bogha an bháis; gabhaid agá chosgairt agus agá chnáimh-ghearradh .i. 3865 ag buain a chlú dhe, maille ré bheith ag reic agus ag faisnéis a olc i ndiaidh a bháis.

12. An dara goin déag

Adeir fós Solamh san treas caibidil in Eccle. gurab cosmhail ré chéile an chríoch téid ar an bpeacthach agus ar an bromach, mar a n-abair, unus est interitus hominis et iumentorum, et aequa 3870 utriusque conditio “is ionann é ag don duine agus dona bromachaibh, agus is cudroma a gcoingheall leath ar leath.” Óir teagmhaid trí neithe dona bromachaibh d'éis a mbáis, theagmhas don pheacthach. An céid-ní, longaid na madaidhe a bhfuil, ithid na crumha a bhfeóil, agus beiridh a sealbhaidhe a gcroiceann leis. Mar an 3875 gcéadna don pheacthach: sloigthear le honchonaibh ifrinn a fhuil .i. a anam, agus creimid na crumha a cholann, agus gabhaid a charaid a chroiceann .i. a mhaoin shaoghalta. Is ar aní gcéadna labhras an marbh ag Dáibhídh, mar a n-abair, circumdederunt me canes multi, consilium malignantium obsedit me “do 3880 thimchealladar iomad do madadhaibh mé, agus do shuidh comhairle na millteach i bhfoslongphort rém ucht.” Dá chor i gcéill go dtángadar daosgar-shluagh deamhan ifrinn i bhfoslongphort réna ucht do shlogadh a anma as. Atá mar an gcéadna an marbh ag casaoid ag Dáibhídh ar an díol do-bheirid na crumha ar an 3885 gcolainn, mar a n-abair, foderunt manus meas et pedes meos “do tholladar mo lámha agus mo chosa,” ar sé. Atá mar an gcéadna an marbh ag casaoid ar an díol do-bheirid a charaid ar a mhaoin shaoghalta tar a éis, mar a n-abair Dáibhídh, super vestem meam miserunt sortem “do chuireadar crann-chur ar mh'éadach.” Dá 3890 chor i gcéill go roinnid a charaid maoin an tí do-gheibh bás eatorra féin, agus nach cuirid éin-ní i sochar d'anam an mhairbh dhíobh.

13. An treas goin déag

Is é an t-éagcomhlann so atá ag anam an mhairbh agá chasaoid san .63. caibidil ag Isaias, mar a n-abair, circumspexi  p.123 3895 et non erat adiutor, quaesivi et non erat qui adiuvaret “do fhéachas im thimcheall agus ní raibhe fear mo chabhra, do iarras agus ní raibhe fear láimhe do thabhairt liom.” Dá chor i gcéill, ar mbeith i mbroid ag na trí hainreachtaibh úd d'anam an mhairbh, go dtugaid a charaid i ndearmad é, agus nach tabhair 3900 aon aca lámh leis. Gidh eadh, is truagh nach déinid aithris ar iocht agus ar chinéal choda dona hainmhinntibh brúideamhla. Óir léaghthar ar an mbeathadhach darab ainm tortuca, an tan teagmhas a dhruim ré lár, nach bí ann féin iompódh ar a chosaibh. Gidh eadh, sgréachaidh go hard, go gcluintear ar 3905 feadh an fhásaigh é, agus leis sin roichid a choimhchinéal féin dá gach leith dá fhóirithin, agus cuirid a sróna faoi, go dtógbhaid ar a bhonnaibh é. Mar an gcéadna don ghealbhann an tan teagmhas san ghaiste, sgréachaidh go gáibhtheach, agus leis sin coimhrithid na gealbhainn oile bhíos 'na chomhfhoigse chuige, 3910 agus gabhaid ag gearradh an ghaiste dá ngobaibh agus dá n-ingnibh, go n-aincid amhlaidh sin é. Mar an gcéadna budh dual dona daoinibh do dhéanamh, gaiste nó cuibhreach phéine na marbh do sgaoileadh nó do ghearradh dhíobh, go háirithe ar mbeith don mharbh ag éighmhe orra, amhail bhíos an gealbhann cuibhrighthe. 3915 Do réir mar léaghthar san naomhadh caibidil déag ag Iob, mar a n-abair, miseremini mei, miseremini mei, saltem vos amici mei “déanaidh trócaire oram, déanaidh trócaire oram, go háirithe a dhrong is caraid damh.” Ionnus, tar éis mar do saorfaidhe anam an mhairbh lé trócaire a charad tar a éis ar 3920 an saoghal, go bhféadfadh a rádh go maoitteach amhail adubhairt Dáibhídh, anima mea sicut passer erepta est de laqueo venantium, laqueus contritus est, et nos liberati sumus “atá mh'anam amhail ghealbhann arna réidheachadh a gaiste na bhfear bhfiadhaigh; do comhraobadh an gaiste, agus atámaid arnar bhfóirithin.” Dá 3925 chor i gcéill, an mhuinntear bhíos cuibhrighthe i bpurgadóir, go sgaoiltear glas na bpian bhíos orra dhíobh, lé deigh-ghníomhaibh na gcarad bhíos dá n-éis ar an saoghal so. Óir ní fhéadaid na hanaim bhíos i mbroid phurgadóra furtacht ar bioth do thabhairt dóibh féin ná do neach oile, an gcéin bhíd san 3930 bhroid sin.

 p.124

14. An ceathramhadh goin déag

Is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san treas caibidil in Exodo, mar ar orduigh Dia do Mhaoise, do bhí 'na dhuine shaor ó thalamh Madian, dol d'fhóirithin Chloinne Israel, do bhí i mbroid na hÉigipte, agus nach d'aon-duine dá raibhe san 3935 bhroid féin do orduigh a bhfóirithin. Mar an gcéadna ní haon-duine dá mbí i mbroid phurgadóra fhóireas iad féin, ná an dream oile bhíos maille riú, acht daoine saora ó thalamh Madian .i. an dream bhíos ar an saoghal so, agus nach bí cuibhrighthe i ngéibheannaibh na bpeacadh marbhthach.

. AN T-OCHTMHADH HALT

'na suidhtear Purgadóir do bheith ann; agus do thuarasgbháil Phurgadóra nó Ifrinn; agus don riocht 'na mbí an marbh iar n-éag.

1. An chéad-ghoin

3940 Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, go measaim go gcreideann tú purgadóir do bheith ann, agus dá réir sin léigfead díom don chur so gan trácht foirleathan do dhéanamh uirre. Gidh eadh, cuirfead a dó nó a trí d'áitibh as an Scrioptúir síos, as a dtuigfe an tí do bhiadh 'na chonntabhairt go bhfuil purgadóir 3945 ann, agus dá réir sin gurab cóir don druing bhíos beó ar an saoghal so lóir-ghníomh do dhéanamh ar son na marbh do-chuaidh uatha i bpurgadóir, agus go bhféadaid a saoradh óna bpianaibh.

Ag so an chéad-áit as an Scrioptúir, iona suidhtear purgadóir do bheith ann .i. mar atá san dara caibidil déag don dara leabhar 3950 do Leabhraibh na Macchabei, mar a n-abarthar, sancta ergo et salubris est cogitatio, pro defunctis orare “is naomhtha ar an adhbhar soin agus is folláin an smuaineadh, guidhe ar na marbhaibh.” Gidh eadh, is follus nach ar na marbhaibh atá i n-ifreann íochtarach labhras an áit se, do bhríogh nach tig do ghuidhe ná do dheigh-ghníomharthaibh 3955 ar bioth osadh ná saor-dháil do thabhairt dóibh. Agus fós ní ar na marbhaibh atá i bhflaitheas Dé  p.125 labhras, do bhríogh nach fuil riachtanas orra, ar mbeith sásuighthe dhóibh i seilbh na glóire.

2. An dara goin

An dara háit as a suidhtear purgadóir do bheith ann, amhail 3960 léaghthar san cheathramhadh caibidil ag Tobias, mar a n-abarthar, panem tuum et vinum tuum super sepulturam iusti constitue, ut pauperes inde refecti pro anima iusti Deum deprecentur “cuir th'arán féin agus t'fhíon féin ar uaigh an mhairbh, ionnus na boicht sháiseóchar leis sin, go nguidhdís Dia ar son anma an 3965 fhíréin.” As so is iontuigthe nach ar na marbhaibh bhíos i n-ifreann íochtarach labharthar annsúd, acht ar anam an fhíréin. Agus fós ní ar na marbhaibh bhíos i bhflaitheas Dé labharthar ann, do bhríogh go mbíd sásuighthe, amhail adubhramair, do réir Dháibhídh san seiseadh Salm déag, mar a n-abair, satiabor 3970 cum apparuerit gloria tua “biaidh mé arnam shásadh, an tan bhus léir dhamh do ghlóire-se.” Dá chor i gcéill go mbí gach aon dá dtéid go flaitheas Dé sásuighthe, agus dá réir sin nach bí riachtanas maitheasa ar bioth oile orra ó shoin amach.

3. An treas goin

An treas áit as a suidhtear aní céadna, do réir mar léaghthar san 3975 seachtmhadh caibidil in Ecclo., mar a n-abair, mortuo non prohibeas gratiam “ná cuir toirmeasg ar ghrásaibh d'fhagháil don mharbh.” Is follus nach ar an marbh atá i bhflaitheas Dé labhras an áit se, do bhríogh go bhfuil sé i seilbh na ngrás, agus nach féadtar a dtoirmeasg air. Agus fós ní ar an marbh atá i 3980 n-ifreann íochtarach labhras, do bhríogh nach fuil grása ná furtacht 'na chionn. Agus ní chuireann éin-ní 'na aghaidh so aní léaghthar ag Solamh san aonmhadh caibidil déag in Eccle., mar a n-abair, si ceciderit lignum ad austrum sive ad aquilonem, in quocumque loco ceciderit, ibi erit “dá dtuitidh an crann gus an 3985 aird budh dheas nó gus an aird budh thuaidh, gidh bé haird iona dtuitfidh, is ann bhias.” Ionann sin ré a rádh agus cidhbé dhíobh staid 'na bhfuighbhe duine bás, i staid an pheacaidh nó i staid na ngrás, gurab ann bhias go síordhaidhe. Gidh eadh,  p.126 do bhríogh nach ionadh réna háitiughadh go síor purgadóir, ní 3990 ráinig a leas Solamh toidheacht tairis san áit se, agus dá réir sin ní lughaide is iontuigthe purgadóir do bheith ann gan a luadh san áit úd. Ag so ní thig leis so do réir S. Augustine, in Sermone de Igne Purgatorio: qui in aliud saeculum distulit fructum conversionis, prius purgabitur igne purgationis; hic ignis etsi non sit 3995 aeternus, miro tamen modo gravis est, superat enim omnem poenam quam homo unquam passus est in vita, vel pati potest “an tí chuireas ar ceal toradh iompuidhthe ón pheacadh, glanfaidhear ar dtús é lé teinidh an ghlantuighthe. Agus gion go bhfuil an teine se síordhaidhe, más eadh is iongantach an truime atá innte. 4000 Sáruighidh sí iomorra an uile phian dar fhulaing duine riamh san bheathaidh se, nó fhéadas d'fhulang.” As so is iontuigthe, an mhuinntear nach coimhlíonann na breatha aithrighe, gurab éigean a bhfaghairt i bpurgadóir leis an mbráith-theine agus leis gach gné oile phéine dhleaghair dhíobh d'íoc innte.

4. An ceathramhadh goin

4005 Tuig, a dhuine, go bhféadtar a fhiafraighidh annso don mharbh créad an riocht i bhfuil i bpurgadóir. Ag so freagra an mhairbh do réir Dháibhídh Ríogh san .39. Salm, mar a n-abair, circumdederunt me mala quorum non est numerus “do thimchealladar uilc díoáirmhe mé.” Agus is uime sin adeir 4010 Dáibhídh go haccaointeach aigmhéil, do réir mar léaghthar san .72. Salm, ad nihilum redactus sum, et nescivi “do cuireadh ar neimhfní mé, agus gan a fhios agam.” Agus fós is é an t-olc so theagmhas don duine ré linn an bháis, do tharrngair Críost, do réir mar léaghthar ag Matha san cheathramhadh caibidil déag, 4015 mar a n-abair, erit tunc tribulatio magna, qualis non fuit ab initio mundi usque modo, neque fiet “biaidh an tráth soin buaidhreadh mór; a shamhail ní raibhe ó thús an domhain go soiche so, agus ní dingéantar.” Agus is é microcosmos .i. an domhan beag mar atá .i. an duine go fáthach thuigthear annso. Dá chor i gcéill nach 4020 bí acht cluiche in gach olc oile theagmhas don duine i bhfail an bháis. Agus is é aní céadna do tharrngair Dia dhúinn i gcoitchinne, do réir mar léaghthar san .31. caibidil ag Deuter., mar a n-abair, occurrent vobis mala in extremo tempore “teigéamhaid uilc dhaoibh san aimsir dhéidheanaigh.” Agus is é an dochar  p.127 4025 díblidhe deanacht so theagmhas don duine a los an bháis do bhean beadhgadh croidhe ar an rígh Ezechias, lér shil sé srotha díochra déar, an tan do bhagair Isaias an bás air, ionnus go raibhe ré n-iodhnaibh lé hiarghnó agus lé heólchaire, tré ghoimh na nguasacht do bhí ós a chionn, do thoisg an bháis dá rochtain, 4030 do réir mar léaghthar san .20. caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh.

5. An cúigeadh goin

Is follus an díoth agus an díoghbháil do-ní an bás don duine as an bhfioghair léaghthar ag Daniel san dara caibidil, mar a dtráchtar ar an íomháigh do-chonnairc an rí, agá raibhe a 4035 ceann d'ór, a lámha agus a hucht d'airgead, a bruinne agus a leasracha d'umha, a sliasta d'iarann, agus an chuid oile dá cosaibh d'iarann agus do chriaidh. Agus do-chonnairc cloch gan lámha agá gluasacht ag toirléim do shliabh, agus ag teagmháil ré cosaibh na híomháighe, gur choimmbris ó bhaitheas go bonn gach 4040 ball di. Go fáthach, is í an íomháigh úd an duine, an t-ór úd uaisle na fola, an t-airgead na saidhbhris, an t-umha an chlú shaoghalta, an t-iarann an neart, an chré an tsomharbhthacht, an chloch an bás, an sliabh an ceart diadha. As an bhfioghair se is iontuigthe go raobann an chloch úd .i. an 4045 bás an íomháigh úd .i. an nádúir dhaonna, idir uasal agus tsaidhbhir, idir dheigh-theastach agus thréan agus anbhfann, ionnus nach fágbhann aon-bhall slán di, ón chéim is airde don dúil dhaonna go soiche an tí is inísle dhi. Cialluighidh fós an íomháigh an duine, amhail adubhramar. Óir amhail bhíos 4050 an íomháigh gan radharc gan éisteacht gan uraghall, mar an gcéadna don duine pheacthach, do réir Dháibhídh, mar a n-abair, os habent, et non loquentur; oculos habent, et non videbunt; aures habent, et non audient, etc., “atá béal aca, agus ní laibheóraid; atáid súile aca, agus ní fhaicfid; atáid cluasa aca, 4055 agus ní chluinfid.” Ionann dóibh iomorra bheith gan gníomhughadh léna gcéadfadhaibh agus gan gníomhughadh sochrach na subháilceadh do dhéanamh. Cialluighid mar an gcéadna na miotail éagsamhla agus na boill éagsamhla úd na híomháighe,  p.128 coire éagsamhla na bpeacthach. Óir cialluighidh an ceann 4060 an t-uabhar, an t-ucht an tsainnt, na bruinne agus na leasracha coir na drúise, na luirgne iarnaidhe an fuath, an troightheach criadh díomhaoineas na beatha tadhaill, agus an chloch úd táinig don tsliabh, Críost, tig do neamh do thurnamh díomusa agus drúise agus droich-bheart na bpeacthach, agus dá leagadh go meinic 4065 go lár long-phuirt líonmhair ladranta Luicifeir; áit i bhfaghaid coimhlíonadh gacha céasta, agus gríosadh gacha galair, agus ardughadh gacha haingcise, agus tromughadh gacha tinnis, agus príomh-ghoin gacha peannaide. Budh iomdha ann fós arracht ag éagcaoine, agus dragún ag danálaigh, agus onchú ag ualfartaigh, agus 4070 faol ar foluamhain, agus deamhan ag doghra agus ag doghailse, tré ghoimh an ghríos-ghortha do-gheibhid dá ngroid-phianadh ann.

6. An seiseadh goin

Is tré aidhbhsighe na n-il-phian soin, agus tréna dheacracht a bhfulang, fhiafruigheas Isaias go hiongantach dona daoinibh, cia dhíobh do fhéadfadh áitiughadh i bhfarradh na péine 4075 ifreannda soin, do réir mar léaghthar san .33. caibidil dá leabhar, mar a n-abair, quis poterit habitare de vobis cum igne devorante, quis habitabit ex vobis cum ardoribus sempiternis “cia dhíbh fhéadfas áitiughadh mar aon ré teinidh shloigthigh? cia dhíbh áiteóchas mar aon ré luisneadhaibh nó ré gorthaibh 4080 síordhaidhe?” As gach guais díobh so do bheith i gcionn an duine, is maith fuair Dáibhídh Rí a rádh i bpearsain an mhairbh, circumdederunt me mala, etca. “do thimcheallsad uilc díoáirmhe mé.” Agus fós neartuighid briathra Anselmus fírinne aneithe se, san leabhar ró sgríobh do thruaghántacht an duine, 4085 ag faisnéis an chumhgaigh 'na mbí an duine dá gach éin-leith ré linn an bháis. ‘Bí (ar sé) an breitheamh feargach ós a chionn, agus ifreann osluigthe faoi. Bí a choir roimhe, agus a phian 'na dhiaidh. Bí a choguas dá chreim don taoibh istigh, agus a náire dá ghoin don taoibh amuigh. Bíd na peacaidh ghníomhacha 4090 do-ní dá dheis, agus na peacaidh do-ní ré faill dá leith chlí. Agus bíd na piana cóirighthe timcheall a chos, agus a lámha agá dtarraing go heasaontach ag na deamhnaibh. Ionnus go  p.129 bhféadann an duine go fírinneach an ní adubhairt Susanna do rádh, ar mbeith i gcumhgach fá chlaoin-bhreith na seanóireadh 4095 gcealgach, amhail léaghthar ag Daniel san treas caibidil déag, mar a n-abair, angustiae sunt mihi undique “atá cumhgach oram dá gach aoin-leith.” Óir is mó an cumhgach 'na mbí an duine do bhíthin an bháis, ioná an cumhgach 'na raibhe Susanna tré chlaoin-bhreith na seanóireadh, do bhríogh gur 4100 fóireadh Susanna ón ghábhadh 'na raibhe, agus nach aincear an coireach óna guaisibh réamhráitte.

7. An seachtmhadh goin

Is trés an nguais se do bheith i gcionn an duine fhoráileas Críost ar na daoinibh imirce na haithrighe do bheith urlamh inimtheachta aca, ré dtriall a buailteachas na beatha so gus 4105 an sean-bhaile síordhaidhe, maille ré ceasaibh agus ré cliabhaibh crábhaidh agus caon-dúthrachta do bheith líonta go luchtmhar do lón an lóir-ghníomha dhlighid do dhéanamh, iar ndortadh mheidhg na mailíse a cornaibh an choguais lé gleann déarach an domhain se, lé sruth-bhuinne uchbhadhach aigmhéil accaointeach 4110 na haithrighe. Ag so mar adeir, ag teagasg an duine agus ag forfhógra na n-olc bhíos ré tuirling air ré linn a bháis, do réir mar léaghthar ag Matha san .24. caibidil, mar a n-abair, orate ut fuga vestra non fiat hieme aut Sabbato “guidhidh ionnus nach biadh bhar dteitheadh san gheimhreadh ná san 4115 Sabbóit.” Dá chor i gcéill nach am teithidh dona daoinibh an tráth bheireas geimhreadh an ghalair agus féil an bháis orra. Óir ní ar Dhia do ghuidhe ná do ghairm do-bheirid amus ré linn na dtaom agus na dtinneas do bhiadh agá dtreaghdadh, acht dá fhéachain cionnus do- ghéabhdaois osadh nó ionnfhuaradh 4120 ó na teidhmibh bhíos agá gcommbuaidhreadh agus ag measgadh a meanman tré olc na haingcise 'na mbíd. Neartuighid briathra an fháidh Ieremias leis so, mar a n-abair san seachtmhadh caibidil déag, custodite animas vestras, et nolite portare pondera in die Sabbati, id est in die quietis, sive mortis “caomhnuighidh 4125 bhar n-anmanna, agus ná hiomarchurthar libh oireadha i ló na Sabbóite .i. i ló an chumhsanta, nó an bháis.” Dá chor  p.130 i gcéill nach dleaghair dona daoinibh a leas do chor ar cáirde, ná ualach trom an pheacaidh do chongbháil orra go féile an bháis, acht a chor dhíobh lé subháilcibh ré linn a sláinte. Do 4130 bhríogh a ndubhramair, ní cuirthe don duine a leas ar cáirde, gan am na haithrighe dh'iarraidh ré linn a shláinte, d'eagla go bhfuighbheadh an bás faill air, i ndoiléire oidhche na haingcise. Gonadh aire sin adeir file éigin an rann so: —

  1. Go dtí dhíot gan mh'anadh ann,4135 
    peacadh, a Dhé, dá ndearnam:
    gan teacht, a Choimdhe, as an gcol,
    beart is doilghe ioná a dhéanamh.

8. An t-ochtmhadh goin

Féadtar mar an gcéadna sgéala cruinne d'fhiafraighidh don mharbh do thaoibh a anma i bpurgadóir, agus do thaoibh a chuirp 4140 san uaigh, agus fós do thaoibh a chlú dá éis san tsaoghal. Agus atáid chúig ceasta ré a gcor ar an marbh in gach gné dona trí gnéithibh sin, agus do-bheir Dáibhídh Rí freagra ar gach ceist díobh i bpearsain an mhairbh. Ag so síos na cúig ceasta bheanas ris an anam.

4145 (1) An chéid-cheist is ionchuir ar an anam an tan thriallas as an tsaoghal so .i. créad an cruth 'na mbí an t-árus 'na dtéid? An mbí álainn nó deagh-mhaiseach? Adeir an t-anam ag freagradh go truagh don cheist se, do réir Dháibhídh, posuerunt me in lacu inferiori, in tenebris, et in umbra mortis “do chuireadar 4150 mé san loch íochtarach, i ndorchadas agus i sgáile an bháis.” As an dtuarasgbháil se do-bheir an t-anam truagh uaidh, is urusa a mheas gurab dochraidh déistineach an chathair chomhnuighthe, príosún peannaideach purgadóra.

(2) An dara ceist, créad an caidreabh fuair ar ndol i bpurgadóir? 4155 Adeir-sean go truagh ag freagra, susceperunt me sicut leo paratus ad praedam “do ghabhadar mé (ar sé) amhail do ghéabhadh leómhan ar a mbiadh inneall creiche do dhéanamh.” Dá chor i gcéill gurab borb easaontach an caidreabh do-bheirdís na deamhain dó.

 p.131

4160 (3) An treas ceist, créad an cleasradh nó na cluicheadha nó an caitheamh aimsire do bhiadh aige i bpurgadóir? Do fhreagair agá rádh, multiplicati sunt qui tribulant me “is fás atá ar an druing bhíos dom buaidhreadh.” Dá chor i gcéill nach bí ceól ná aoibhneas ná urgháirdiughadh meanman i bpurgadóir, 4165 acht iachtach agus osnadhach agus éagcaoine, cnead agus fail agus foghair-ghearán, agus gnáith-phiana géara goirte goimheamhla, gan osadh gan ionnfhuaradh ó shoin amach.

(4) An ceathramhadh ceist, créad an leabaidh nó an t-inneall suain bhíos aige i bpurgadóir? nó an mbíd cuilceadha clúimh 4170 nó leapthacha snáth-chaola sróill 'na thimcheall? Truagh sin, adeir an marbh: ego autem in flagella paratus sum, et dolor meus renovatus est semper “bím-se agam' ollmhughadh trá rém sgiúrsadh, agus bíd mo thinnis ag athnuadhadh do shíor.” As so is iontuigthe nach bí árach ag an anam bhíos i bpurgadóir ar shuan ná ar 4175 shádhaile do dhéanamh an gcéin bhíos ann.

(5) An cúigeadh ceist, an mbí radharc aoibhinn, nó lubh-ghuirt, náid moighe míon-sgothacha i bpurgadóir? Truagh sin, adeir an t-anam: timor et tremor venerunt super me, et contexerunt me tenebrae “do ling crioth agus uamhan oram, agus atáim coimhfhitte 4180 i ndorchadas.” Dá chor i gcéill nach bí soillse i bpurgadóir. Óir tar ceann go mbí teine phurgadóra loisgneach, ní bhí soillse innte, do réir Ghreaghóir, mar a n-abair, concremationem habet et non lucem “bí comhlosgadh innte agus ní bhí solus.”

9. An naomhadh goin

Ag so síos na cúig ceasta chuirthear ar an marbh do thaoibh 4185 a chuirp san uaigh. An chéid-cheist díobh, créad an biadh nó an deoch bhíos aige san uaigh? Truagh sin, adeir an marbh: infixus sum in limo profundi, et non est substantia “atáim ceangailte i láib an ghrinnill, agus ní fhuil forus ann.” Dá chor i gcéill go raibhe múchta i n-úir na talmhan fá mhuir mhailísigh an 4190 tsaoghail se, agus dá réir sin nach bí biadh ná deoch aige, acht é i ngorta ghnáth ag seargadh agus ag feódhughadh, nó go dtuiteann 'na luaithreadh as a chéile, an mhéid nach creimid na crumha agus na ciaróga dhe.

 p.132

An dara ceist chuirthear air, do thaoibh a theangadh, mar 4195 atá, an mbíd labhartha líomhtha nó acfuinn uraghaill innte? Truagh sin, adeir an marbh: adhaesit lingus mea faucibus meis “atá mo theanga i leanmhain dom brághaid, nó dom chuláiribh.” Dá chor i gcéill go mbí a theanga féin gan lúth gan labhra i ndiaidh an bháis san uaigh.

4200 An treas ceist, cionnus bhíos radharc a shúl? Truagh sin, adeir an marbh: dereliquit me virtus mea, et lumen oculorum meorum non est mecum “do thréigeas mo bhríogh, agus ní fhuil solus mo dhearc agam.” Dá chor i gcéill go rabhadar na súile dall aige san uaigh.

4205 An ceathramhadh ceist, cionnus atá tadhall a lámh nó a chuirp? nó an mbí agá nighe agus agá niamh-ghlanadh féin i bhfothraigibh do bhláthaibh maoth-áille an mhachaire? Truagh sin, adeir an marbh, ag tagra go tuirseach doiligh ré Dia: super me confirmatus est furor tuus, et omnes fluctus tuos induxisti super 4210 me “do comhdhaingnigheadh dásacht t'fheirge oram, a Dhé, agus tugais do thonna uile thoram.” Dá chor i gcéill gurab é fothragadh do-gheibheadh, bheith múchta i gcriaidh, agus í ag trothlughadh agus ag críonadh a chuirp.

An cúigeadh ceist, cionnus atá a chorp fá shaidhbhreas nó fá 4215 shéadaibh saoghalta? nó an bhfuil sróll nó sigir nó purpuir nó biosóir fána chneas san uaigh? nó an bhfuil ór nó ionnmhas 'na sheilbh innte? Truagh sin, adeir an marbh: respice in me et miserere mei, quia unicus et pauper sum ego “féach mé agus déana truaighe umam, óir is mé an truaghán is aonaránaighe agus is 4220 boichte ar bioth.”

10. An deachmhadh goin

Ag so síos na cúig ceasta chuirthear ar an marbh do thaoibh a chlú dá éis san tsaoghal. An chéid-cheist, cionnus atáid an drong dhuit agá mbíodh onóir ort san tsaoghal? Truagh sin, ar an marbh: omnes videntes me deriserunt me; locuti sunt 4225 labiis, et moverunt caput “gach aon do-chíodh mé, do ghabhdaois ag fochuidbheadh fúm; do labhradaois dá mbéalaibh agus do chroithdís a gcinn oram.” Agus is uime sin adeir sé so, dá  p.133 chasaoid, an dream do-bheireadh cion dó ré linn a bheatha, gurab ag fochuidbheadh bhíd i ndiaidh a bháis.

4230 An dara ceist, cionnus do-geibhthear ort an drong do bhíodh agat' adhmoladh ar an saoghal, agus ag déanamh duan agus dréacht duit? Truagh sin, ar an marbh: qui laudabant me, adversum me iurabant “an dream do bhíodh agam' adhmoladh, do mhionnuigheadar im aghaidh.” Ionann sin ré a rádh agus gur dhearbhuigheadar 4235 gurbh olc é.

An treas ceist, cionnus do-geibhthear ort an lucht tuillimh agus tuarastail do bhíodh agat? Truagh sin, adeir an marbh: qui iuxta me erant, de longe steterunt “an dream do bhíodh im fhochair, is fada uaim sheasaid.” Dá chor i gcéill nach bí 4240 cuimhne ar chumann aca dhó.

An ceathramhadh ceist, cionnus atáid duit na caraid ar a gcuirtheá cumaoin? Truagh sin, adeir an marbh: amici mei et proximi mei adversum me appropinquaverunt, et steterunt “mo charaid agus mo chomharsain, do dhruidsead riom, agus do sheasuigheadar 4245 im aghaidh.” Dá chor i gcéill nach bí cuimhne ar chumann ná ar chommbáidh ag na cáirdibh go meinic ris an marbh, dá dhlúithe agus dá dhíoghraisighe bhíd dó ré linn a bheatha.

An cúigeadh ceist, cionnus atáid do chlann ná do bhean 4250 phósta dhuit? Truagh sin, adeir an marbh, ag éagcaoine ar Dhia ris féin: longe fecisti notos meos a me; posuerunt me abominationem sibi “do chuiris, a Dhé, (ar sé) mo dhaoine aitheanta i bhfad uaim, agus atá gráin aca oram.” Dá chor i gcéill gurab annamh bhíos luadh ná iomrádh ag mnaoi 4255 ná ag cloinn ar an duine ó dho-gheibh bás, amhail do bhiadh gráin mhairbh aca air. Agus do réir a ndubhramar, is follus go mbí an fhírinne ag an marbh, an tan adeir, circumdederunt me mala quorum non est numerus “do lingeadar uilc díoáirmhe im thimcheall.” Agus ó tharla gach guais ghráineamhail díobh 4260 so i gcionn an mhairbh, dlighidh a bhean agus a chlann agus a charaid truaighe do bheith aca dhó. Agus go háirithe is córaide dhóibh sin do dhéanamh, go mbí an marbh féin agá nguidhe do ghnáth, ag faisnéis an éigin 'na mbí féin, agá rádh réna charaid, erue me  p.134 a circumdantibus me “fóir mé óna neithibh atá agam' chor 4265 timcheall.” Ionann sin ré a rádh agus a fhóirithin óna pianaibh bhíos ag cor righneasa air gan a léigean go flaitheas Dé a purgadóir. Agus atá Pól apstal ag foráileamh aneithe céadna ar na Críostaidhthibh i gcoitchinne, mar a n-abair san treas caibidil déag gusna hEabhraidhibh, mementote vinctorum tamquam 4270 simul vincti “bíodh cuimhne agaibh ar na braighdibh, mar go mbiadh sibh féin cuibhrighthe mar aon riú.” As na briathraibh se Phóil is iontuigthe gurab maith ré Dia fuasgladh ar an druing bhíos cuibhrighthe i bpríosún purgadóra. Agus is córaide don duine sin do dhéanamh go mbí féin i nguais teagmhála san 4275 chuibhreach chéadna, agus fós gurab ionann ainiarsma agus éagcomhlann theagmhas dóibh leath ar leath, do bhríogh gurab do pheacadh Ádhaimh táinig gach dochar dhóibh-sean, agus theigéamhas dá gach aon oile, mar adubhramair thuas, per unum hominem peccatum intravit in mundum, et reliqua.

 p.135

3. Trí Bior-ghaoithe an Bháis

An treas leabhar

1. AN CÉAD-ALT

'na dtráchtar ar na trí seachránaibh lér mealladh ughdair dh'áirithe do leith na hanma. Agus cuirfeam san alt chéadna síos cia an drong théid i bpurgadóir, agus créad fá ndéinid éigheamh innte.

1. An chéad-ghoin

4280 De profundis clamavi ad te, Domine; Domine exaudi vocem meam, Psalmo .129. “as na hionadhaibh doimhne do éigheas ort, a Thighearna; a Thighearna, éist mo ghuth.” Léaghthar ag S. Augustine san leabhar Ceast ro sgríobh ar Exodo, gurab mór an chonntabhairt 'na mbí mórán do dhaoinibh do leith na 4285 hanma, do bhríogh nach faicthear é san chorp, ná d'éis dealuighthe ris an gcorp dhó. Agus táinig dhe sin go rabhadar trí seachráin phrinnsiopálta nó shunnradhacha sna daoinibh i dtimcheall tuigseana staide na hanma.

2. An dara goin

An céid-sheachrán lé measaid nach bí an t-anam síordhaidhe. 4290 Agus is ag aithfhriotal bhriathar na muinntire se atá aní léaghthar ag Solamh san dara caibidil do Leabhar na hEagna, mar a n-abair, ex nihilo nati sumus, et post hoc erimus tanquam non fuerimus, ar siad “atámaid-ne arnar mbreith do neimhfní, agus 'na dhiaidh so beimíd mar nach rabhamar ann riamh.” Dá chor i gcéill, dar leó féin, amhail do-rinneadh an t-anam do neimhfní, go gcuirthear 4295 arís ar neimhfní é tar éis na beatha so. Adeir fós Dáibhídh Rí, do réir bharamhla ní is gar do thuigsin an chomhráidh sin, mar  p.136 a n-abair, vidi impium exaltatum, et reliqua “do-chonnarc an t-éadtrócaireach arna ardughadh agus arna thógbháil ós crannaibh 4300 céadruis Sléibhe Liobháin; agus do ghabhas thairis arís, agus féach, ní raibhe sé ann; do iarras é agus ní fríoth a ionadh ann.” Gidh eadh, ní headh is iontuigthe a briathraibh Dháibhídh, go raibhe an t-anam somharbhtha, acht is eadh is fáth dhó, na peacthaigh bhíos go hard i bhflaitheas agus i n-innmhe shaoghalta, go dteilgthear 4305 ré fánaidh i n-ifreann iad go meinic, agus nach bí gein ag gabháil a n-oighreachta dá n-éis ar an saoghal, agus dá réir sin nach bíd i gcuimhne na ndaoine, go nach bí iomrádh orra. Agus is córaide a mheas nach iontuigthe a briathraibh Dáibhídh go mbiadh an t-anam somharbhtha aní adeir Críost ag Matha san .25. caibidil, 4310 ag labhairt ar chrích na bpeacthach agus na bhfíréan, ibunt hi in supplicium aeternum, iusti autem in vitam aeternam “rachaid so (ag labhairt ar na peacthachaibh) i bpéin shíordhaidhe, rachaid cheana na fíréin san bheathaidh mharthanaigh.” As na briathraibh se Críost is iontuigthe go mbí an t-anam síordhaidhe, mar a 4315 n-abair, madh peacthach é, go mbí a phian go síordhaidhe, nó madh fíréan é, go mbí a ghlóir go síordhaidhe. Óir ní héidir pian ná glóir na hanma do bheith síordhaidhe gan an t-anam féin do bheith síordhaidhe.

3. An treas goin

An dara seachrán .i. a admháil go bhfuil an t-anam do-mharbhtha, 4320 agus a shéanadh nach fuil purgadóir ann. Agus is é fáth fá séanaid an drong leanas an seachrán so purgadóir, do bhríogh go dtuigid as an aonmhadh caibidil déag in Eccle. ag Solamh, nach fuil ann acht dá áit, i ndiaidh na beatha so, réna n-áitiughadh, mar atá ifreann nó flaitheas Dé, agus dá réir sin 4325 nach fuil purgadóir ann. Gidh eadh, is amhlaidh is iontuigthe an áit úd Solaimh, nach fuil d'éis na beatha so ann acht dá áit réna n-áitiughadh go síordhaidhe, mar atá ifreann íochtarach nó flaitheas Dé. Agus do bhríogh nach ionadh réna háitiughadh go síordhaidhe purgadóir, ní fhuil buain ag briathraibh Sholaimh 4330 ria, do bhríogh nach biaidh aon-duine ag áitiughadh purgadóra ó ló na breithe amach.

 p.137

4. An ceathramhadh goin

An treas seachrán .i. a rádh nach foghnann commaoine náid deigh- ghníomha na ndaoine bhíos ar an saoghal dona marbhaibh. Agus is uime adeirid sin, mar adeir Dáibhídh, ag labhairt ar 4335 Dhia, reddet unicuique iuxta opera sua “roinnfidh ris gach n-aon do réir a oibre féin.” Agus dar leó-san, dá réir sin, madh maith nó madh saith oibreacha cáich, ní théid i sochar nó i ndochar do dhruing oile; agus dá réir sin adeirid nach tabhair guidhe ná maith-ghníomhartha na mbeó furtacht don druing bhíos i 4340 bpurgadóir. Gidh eadh, is olc thuigthear briathra Dháibhídh leó. Óir ní abair Dáibhídh san áit úd nach roinnfidh ris na daoinibh acht do réir a ngníomh féin amháin, acht is eadh thuigeas, go gcaithfidh gach aon glóir d'fhagháil do réir a dheigh-ghníomh, nó piana do réir a pheacaidh, maille ré hé féin do 4345 thabhairt cúitighthe uaidh, nó ris na daoinibh oile ar a shon. Óir an tan do-ní duine oile cúitiughadh ar son an fhéichimh ris an éilightheóir, bí an féicheamh saor óna fhiachaibh. Óir is ionann do dhuine é féin do dhéanamh díolaidheachta, agus duine oile ar a shon, do réir mar adeir an riaghail dlighidh san seiseadh 4350 leabhar qui facit per alium, perinde est ac si per se ipsum faciat “an tí ghníomhuigheas maille ré duine oile, is ionann dó agus é féin do dhéanamh an ghníomha.” Dá réir sin, an drong bhíos i bpurgadóir, fuasgaltar iad do ghníomh a gcarad, mar gomadh iad féin do-ghéanadh an gníomh. Agus atá gnáthughadh laothamhail 4355 na heagailse somholta ag teacht leis so, agus agá chor i ngníomh. Do réir a ndubhramar, is follus gur bréagach na trí baramhla úd adubhramar. Agus is uime sin adeir Dáibhídh i bpearsain an mhairbh, de profundis clamavi ad te, Domine, etc.

5. An cúigeadh goin

Gidh eadh, féadtar a fhiafraighidh annso, cia an drong bhíos 4360 i bpurgadóir? nó créad na hadhbhair fá mbíd innte? Atáid trí hadhbhair fá mbíd na fíréin i bpurgadóir. An céad-adhbhar dhíobh, tré phéin na bpeacadh marbhthach dhearmadtar 'na bhfaoisidin. An dara hadhbhar, trés na peacaidhibh marbhthacha chuirthear síos 'na bhfaoisidin, is nach roicheann leó 4365 lóir-ghníomh do dhéanamh san tsaoghal so. An treas adhbhar tréna bpeacadhaibh sologhtha. Agus is truime pian an chéad-adhbhair  p.138 ioná pian an dara hadhbhair, madh ionann gné phéine dhóibh, agus is truime pian an dara hadhbhair ioná pian an pheacaidh shologhtha. Gidh eadh, ní feas dúinn créad an 4370 aimsear bhíos d'fhiachaibh ar an anam bheith i bpurgadóir ar son gach peacaidh dhíobh, mar nach feas dúinn créad é truime gach peacaidh dhíobh. Gidh eadh, léaghthar ag Vincentius naomhtha, i seanmóir dh'áirithe, go raibhe anam i bpurgadóir ar feadh bliadhna ar son aoin-pheacaidh amháin shologhtha. Agus 4375 a thruaighe, a dhuine, tuig mar go raibhe bliadhain phéine ar an anam úd i ndiaidh aoin-pheacaidh amháin shologhtha, gurab iomdha bliadhain bhíos duine i bpéin i ngioll ris an bpeacadh mharbhthach.

6. An seiseadh goin

Féadtar a fhiafraighidh annso créad fá ndéin an marbh 4380 éigheamh i bpurgadóir. Mo fhreagra air sin go bhfuilid trí hadhbhair fá ndéin sé éighmhe. An céad-adhbhar, tré mhéid a thinnis, do réir mar adeir Dáibhídh i bpearsain an mhairbh, dolores inferni circumdederunt me “do thimchealladar doilgheasa ifrinn mé.” Agus tig S. Augustine leis so san .44. Seanmóir ro 4385 sgríobh gusna bráithribh ar an bhfásach, mar a n-abair, clamant quotidie qui iacent in tormentis, clamant, et pauci sunt qui respondeant, ululant et non est qui consoletur eos, etc. “an dream atá 'na luighe i bpianaibh, bíd ag éighmhe go laothamhail, ag éighmhe, agus is beag bhíos ré freagra do thabhairt orra. Do-níd 4390 nuall-ghubha, agus ní fhaghaid fear a gcomhfhurtuighthe ná meisnigh do chor ionnta. Ó a bhráithreacha ionmhaine (do ráidh S. Augustine) is mór an mhíothrócaire agus an chruadháil agus an neamhdhuineatacht dúinn, mar bhíd go laothamhail ag éigheamh orainn an dream do fhulaing dochar ar ar son ré linn 4395 a mbeatha, agus do chuir comaoin orainn, agus anois nach cúram orainn lámh do thabhairt leó. Ó go fírinneach is mór an neamhdhuineatacht é! Óir féach an t-easlán 'na luighe agus é ag éighmhe, agus tigid leagha dá chomhfhurtacht. Agus an tan sgréachas an mhuc, coimhrithid na muca oile agá fóirithin. Agus an tan thuiteas an 4400 t-asal i dtuinn, lingid na daoine dá gach leith go héasgaidh dá thógbháil. Gidh eadh, an tan bhíos anam an fhíréin ag  p.139 gul agus ag éighmhe i bpurgadóir, ní fhaghann fear a fhreagartha. Féachaidh féin bhar míchinéal, a bhráithreacha ionmhaine.” Tuig, a dhuine, as na briathraibh se S. Augustine, go mbí 4405 doilgheas mór ar an druing bhíos i bpurgadóir, agus go mbíd ag éighmhe ar an druing bhíos dá n-éis ar an saoghal, ag iarraidh cabhra orra.

7. An seachtmhadh goin

An dara hadhbhar fá ndéin an marbh éighmhe, agá éagcaoine a ghéire ghoineas agus ghalruigheas teine phéine purgadóra é. 4410 Óir adeir S. Augustine san leabhar ro sgríobh don aithrighe fhírinnigh agus bhréige, gurab iongantach géire an chéasta do-ní teine phurgadóra, agus fós, nach éidir pian do bheith ar na corpaibh i dtalmhain is coimmeas neimh agus géire ré goimh theineadh purgadóra. Agus ní hiongnadh sin do mheas, mar go n-abair 4415 Sebastian naomhtha go bhfuil an uiread do bharr teasa ag teine phurgadóra ar theinidh an tsaoghail se, agus atá ag teine an tsaoghail ar theinidh bhíos dealbhtha ar pháipéar nó ar mhaide.

8. An t-ochtmhadh goin

An treas adhbhar fá n-éigheann an marbh i bpurgadóir, tré 4420 mhéad an fhuinn bhíos air ré fagháil na glóire bhíos d'easbaidh air an tan soin. Agus is ag cur fhoiréigin an fhuinn sé i gcéill atá aní léaghthar ag Dáibhídh, mar a n-abair, sicut cervus ad fontes aquarum, ita desiderat anima mea ad te, Deus “amhail bhíos an fiadh ag triall d'ionnsaighidh na dtobar bhfíor-uisge ar mhéad 4425 a fhuinn dóibh, is mar sin bhíos mian ar mh'anam-sa ré triall chugat, a Dhé.” Dá chor i gcéill, amhail bhíos do mhian ar an bhfiadh dol d'fhagháil fhionnfhuaraidh gus na srothaibh, ar mbeith dhó lán do theasbhach d'éis a shaothair, gurab mar sin don anam bhíos lán do theasbhach ó theinidh phurgadóra, 4430 go mbí lán d'fhonn ré triall go flaitheas Dé d'fhagháil fhionnfhuaraidh na glóire. Agus is móide is inmheasta méad an fhuinn se do phéin, aní léaghthar ag S. Augustine san treas caibidil in Enchiridio, mar a n-abair, o quanta poena est privari civitate et regno Dei “ó créad é a mhéad do phéin bheith i  p.140 4435 n-éagmais cathrach agus ríoghachta Dé.” Dá chor i gcéill nach feas créad an phian is ionchuir i gcoimmeas ré bheith i n-éagmais na glóire suthaine. Agus is uime sin adeir Chrysostomus san .27. Homilia, multi gehennam tantum formidant, ego autem illius gloriae privationem multo graviorem gehenna esse dico “bíd mórán 4440 do dhaoinibh agá mbí eagla na péine ifreannda amháin orra; gidh eadh, adeirim-se gurab truime do phéin easbaidh na glóire úd ioná an teine ifreannda.” Is iontuigthe as na trí hadhbharaibh se gurab neimhiongnadh an t-anam bhíos i bpurgadóir d'éighmhe ar an druing bhíos ar an saoghal so, ag iarraidh 4445 cabhra agus furtachta orra.

2. AN DARA HALT

'na bhfiafraighthear cia an dream ar a n-éighmhid na hanaim bhíos i bpurgadóir.

1. An chéad-ghoin

Atáid sé dronga ar a n-éighmhid na mairbh. Ar dtús, éighmhid siad ar Dhia, agá rádh, do réir Dháibhídh, mar a n-abair, educ de carcere animam meam “treóruigh as an gcarcair mh'anam féin.” Gidh eadh, tuig, a dhuine, go bhfuilid dá 4450 charcair ag Dia, mar atá carcair fá chomhair na ndaoine ndamanta bhíos gan dáil chabhra 'na gcionn, agus carcair oile fá chomhair na druinge bhíos i ngioll ré díol na bhfiach bhíos orra. Is ar an gcéad-charcair se labhras Iob san seachtmhadh caibidil, mar a n-abair, ag labhairt ar an tí théid i n-ifreann 4455 íochtarach, qui descenderit ad inferos non ascendet, nec revertetur ultra in domum suam “an tí rachas síos, ní ragha suas, agus ní mó fhillfeas 'na theach féin.” Dá chor i gcéill nach bí furtacht ná fuasgladh i gcionn an tí chuirthear i gcarcair ifrinn íochtaraigh, do réir mar do cruthuigheadh linn san seachtmhadh caibidil 4460 déag d'Eochair-sgéith an Aifrinn. Agus is ar an dara carcair labhras Isaias san .24. caibidil, mar a n-abair, ag labhairt ar an druing ar a mbí saor-bhroid phurgadóra, claudentur in carcere,  p.141 et post multos dies visitabuntur “iadhfaidhear i gcarcair iad, agus tar éis iomad laitheadh rachtar dá bhfios.” Dá chor i gcéill, 4465 an dream bhíos i bpurgadóir, go mbíd i n-áirithe a bhfuasgailte lá éigin. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar ar dháileamh Pharao san .40. caibidil in Genesi, mar do cuireadh i bpríosún é, agus mar do sgaoil Pharao amach 'na dhiaidh sin é, agus mar thug a chion féin arís dó. Mar an gcéadna do-ní Dia réna fhíréanchaibh: 4470 cuiridh i bpríosún purgadóra iad, agus fóiridh as arís iad i gcionn aimsire, ar gcríochnughadh a bpéine.

2. An dara goin

Is i bhfioghair aneithe céadna atá aní léaghthar ar Ionas san dara caibidil, mar do bhí ag éighmhe ar Dhia, ar mbeith dhó i mbroinn an mhíl mhóir, agus maille ris sin gur fóireadh as 4475 é. Mar an gcéadna don fhíréan bhíos i mbroinn na carcrach úd purgadóra, ré mbeith ag éighmhe ar Dhia, go sgaoiltear aiste é, an mhéid go ndéin Dia gléas réna fhuasgladh. Agus is i bpearsanaibh na marbh so labhraid na Machabaei, san cheathramhadh caibidil don chéid-leabhar dá Leabhraibh, mar 4480 a n-abraid, nunc clamemus in caelum, et miserebitur nostri Deus noster “déanam éighmhe anois go neamh, agus do-ghéana ar nDia féin truaighe dhúinn.” Agus is eadh adeirid, an tan éighmhid:

Pater de caelis, Deus, miserere nobis “a Athair do neamh, a Dhé, déana trocaire orainn.” Fili, Redemptor mundi, Deus, 4485 miserere nobis “a Mheic, a Fhuasluightheóir an domhain, a Dhé, déana trócaire orainn.” Spiritus Sancte, Deus, miserere nobis “a Spioraid Naoimh, a Dhé, déana trócaire orainn.” Tuig, a dhuine, go dtig dona héighmhe laothamhla so do-níd na mairbh i bpurgadóir, croidhe Dé do thoidheacht orra, 4490 ionnus go ngríosann sé na fíréin dá bhfuasgladh.

3. An treas goin

An dara feacht éighmhid na mairbh, ar na naomhaibh atá i bhflaitheas Dé, ag iarraidh furtachta orra. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san .40. caibidil in Genesi ar Ioseph. Óir an tan do bhí dáileamh Pharao agá bhreith as an bpríosún,  p.142 4495 do ghuidh Ioseph é, agá iarraidh air labhairt ar a shon féin, maille réna impidhe do chur ar an rígh fá shaor-dháil do thabhairt dó. Mar an gcéadna go laothamhail do-níd na mairbh i bpurgadóir ris na naomhaibh théid uatha go flaitheas Dé: bíd agá nguidhe, agá iarraidh orra impidhe do chor ar a son. Bíodh 4500 a fhiadhnaise sin ar aní léaghthar san leadánaibh, mar a n-abraid na mairbh, omnes sancti Dei, orate pro nobis “a uile naomha Dé, guidhidh ar ar soin-ne.”

4. An ceathramhadh goin

An treas drong ar a n-éighmhid na mairbh .i. ar na sagartaibh. Oir bíodh a fhios agat, do réir S. Augustine san naomhadh 4505 caibidil déag in Enchiridio, go dtugaid aifrinn na sagart furtacht dona hanmaibh bhíos i bpurgadóir, mar a n-abair, negandum non est defunctorum animas relevari, cum pro illis sacrificium mediatoris offertur “ní séanta go dtugthar saor-dháil d'anmaibh na marbh, an tan offráiltear iodhbairt an eadargánaidhe ar a son.” 4510 Gidh eadh, mo thruaighe, atáid trí dronga do shagartaibh ar a mbí gearán trom ag na marbhaibh bhíos i bpurgadóir.

An chéad-drong dhíobh, na sagairt ghlacas leagáid nó déirc tré ghuidhe orra, agus léigeas tar ceal an ghuidhe sin, nó chuireas dís nó triúr fá aon-aifreann amháin, an tan do 4515 bhiadh d'fhiachaibh orra aifreann do rádh ar son gach aoin díobh.

An dara drong .i. na sagairt ghlacas déirc na marbh, agus téid i bpeacadh mharbhthach do rádh an aifrinn, do bhríogh nach téid aoin-ní dá ndéin sin i sochar don mharbh, acht substaint an 4520 aifrinn amháin, an mhéid ghníomhuigheas sí uaithe féin. Óir do réir Eóin san naomhadh caibidil, mar a n-abair, peccatores non exaudit Deus “ní éisteann Dia ris na peacthachaibh.” Agus dá réir sin measaim gurab leamh éigcríonna don tí do bhiadh i mbroid ag rígh nó ag prionnsa, meirleach ré mbeith easgcáirdeas an 4525 ríogh nó an phrionnsa do chur uaidh d'iarraidh maithmheachais ar an bprionnsa. Óir dobudh dócha dhó barr broide do chur air ioná saor-dháil ar bioth d'fhagháil. Mar an gcéadna don ní thuas do réir Lyra agus Greaghóir naomhtha. Gidh eadh, más  p.143 maith leat cúram do chur ar neach um Dhia do ghuidhe ar 4530 do shon, déana dícheall ar do chommaoin do chur ar an tí is ionnraice do-ghéabhair, ó's é is mó éistfeas Dia ar do shon, fá mar adeir Cassianus, super Psalmum .16. Exaudi Domine: ipsius est oratio perfecta, cuius et causa clamat, et lingua et actus et sermo et cogitatio “ag so an tí agá mbeith a urnaighthe iomlán, 4535 an tí agá mbia a chúis ag éighmhe, agus a theanga agus a ghníomh agus a chomhrádh agus a bheatha agus a smuaineadh.” Dá chor i gcéill gurab í urnaighthe bhíos tarbhach an urnaighthe do-ní an fíréan ar ní iniarrata. Tig Greaghóir leis aní céadna in Past.: talis requirendus est ad orandum, qui sit idoneus ad placandum; quia, 4540 cum is qui displicet ad intercedendum mittitur, irati animus ad deteriora provocatur “a shamhail sin is iniarrtha ré guidhe, bhus iomchubhaidh ré sásadh. Óir an tí chuirthear ré headarghuidhe do dhéanamh, bhíos míothaitneamhach, gríosaidh intinn an fheargaigh lé nísa mhó do dhíbhfeirg do dhéanamh ar an 4545 tí ar a ndéantar an ghuidhe.” As so is iontuigthe gurab éigeantach don tsagart nó don eadarghuidhtheóir bheith fíréanda ré Dia d'éisteacht réna ghuidhe ar son duine oile. Gidh eadh, ní hionann sin agus dáil na sácramainteadh, agá mbí bríogh ionnta féin, do réir S. Augustine in libro 2o contra Epist. Par.: omnia 4550 sacramenta, cum obsunt indigne tractantibus, prosunt tamen per eos digne sumentibus “an tan is éadtarbhach tadhall na sácramainteadh don druing ghlacas go neimhfhiúntach iad, is tarbhach don druing chaitheas go fiúntach iad.” Dá chor i gcéill, tar a cheann gurab lochtach don tsagart téid i bpeacadh mharbhthach 4555 do thadhall na sácramainteadh, gurab tarbhach don druing téid dá gcaitheamh go hionnraic iad.

An treas drong do shagartaibh ar a ndéinid na mairbh casaoid, na sagairt ghlacas suim airgid tré shuim aifreann do rádh, agus nach abraid na haifrinn go hiomlán, nó chuireas ar 4560 ceal iad ar feadh aimsire, nó chuireas cúram a ráitte ar shagartaibh sgaoilte uatha féin, nó chuireas a chúram ar shagartaibh ar bioth oile, ar shuim is lugha ioná an tsuim do ghlac sé féin ar son a ráitte. Agus cibé sagart don druing se thuillfeas casaoid na marbh, is trom an bhreath bheireas Greaghóir  p.144 4565 naomhtha air, do réir mar chuirthear síos ag Decre. 13.4.2., mar a n-abair, ultima voluntas defuncti modis omnibus observari debet; qui autem secus faciunt, excommunicationem incurrunt “dleaghair toil déidheanach an mhairbh do choimhéad ar gach aon-chor; gidh eadh, an dream do-ní a chontrárdha sin, teagmhaid 4570 i gcoinneal-bháthadh.” As so is iontuigthe gurab daor an dáil theagmhas dona trí drongaibh úd do shagartaibh adubhramair, thuilleas éagcaoine na marbh. Agus ní dona sagartaibh amháin is eagail daor-dháil na breithe úd, acht fós dá gach aon oile thuilleas casaoid na marbh, do réir mar 4575 chuirfeamaoid i gcéill annso síos.

5. An cúigeadh goin

An ceathramhadh drong ar a n-éighmhid na mairbh .i. ar na hoighreadhaibh fhágbhaid dá n-éis, do-bheir faill 'na bhfurtacht. Agus is eadh adeirid riú, aní léaghthar ag Iob san naomhadh caibidil déag, mar a n-abair, miseremini mei, miseremini mei, saltem 4580 vos, amici mei, quia manus Domini tetigit me “déanaidh trócaire oram, déanaidh trócaire oram, go háirithe a lucht is caraid damh, óir do bhean lámh an Tighearna riom.” As na briathraibh se is iontuigthe gurab mór an tsúil bhíos ag na marbhaibh ré furtacht a gcarad agus na druinge ar a gcuirid commaoin, agus go háirithe an 4585 drong agá bhfágbhaid a mbeatha tar a n-éis, mar atáid na hoighreadha. Agus fa-ríor, féadtar a rádh ré druing dhíobh so chailleas ar an marbh chuireas commaoin orra, aní adeir Dáibhídh Rí san .77. Salm ag labhairt go fáthach ar an druing úd, et obliti sunt benefactorum eius “agus tugadar i ndearmad a 4590 dhearlaicthe súd.” Dá chor i gcéill nach tugaid cúitiughadh don mharbh i ndíol a ndearna do tharbha agus do throimleas dóibh ré linn a bheatha. Agus is ar na hoighreadhaibh do-ní faill fá fhuasgladh do thabhairt ar a sinnsearaibh atá an marbh ag éagcaoine go truagh i Leabhar Iob, mar a n-abair, quare persequimini me sicut Deus, 4595 et carnibus meis saturamini “créad as a bhfuiltí agam' inghreim amhail Dia, agus sibh aga bhar sásughadh dom fheólmhach?” Dá chor i gcéill, amhail nach fuasglann Dia a purgadóir iad go déanamh díolaidheachta dhóibh féin nó do dhruing oile ar a  p.145 son, mar an gcéadna nach fuasglaid na hoighreadha úd, do-bheir 4600 faill i nguidhe agus i ndéirc agus i ndeagh-oibreachaibh do dhéanamh ar son a sinnsear, anmanna na sinnsear gcéadna a príosún pheannaideach phurgadóra, tar ceann go mbíd féin go laothamhail agá sásughadh féin go sádhail i ngioll ar na sealbhaibh saoghalta fhágbhaid a n-aithreacha aca; agus do-níd na 4605 hoighreadha agá bhfágbhaid sin seachmall i bhfurtacht do thabhairt dá n-anmannaibh. Agus is maith do-bheir Seneca sin dá aire san .123. Eip., mar a n-abair, quanta dementia, heredis sui res procurare et sibi omnia negare “créad é a mhéad do bhaosradh do neoch, neithe do sholáthar dá oighre, agus iad uile 4610 d'éimdheadh air féin.” As so is iontuigthe gurab leamh éigcríonna an dream do-ní cnuasach agus cruinniughadh ar mhaoinibh saoghalta, agus bhíos ag fulang duaidh agus doghrainge, agus ag cur a n-anma agus a gcuirp i nguais dá saothrughadh i gcomhair a n-oighreadh, agus cheileas orra féin iad, agus gur meinic 4615 nach tugann an t-oighre beannacht ar a anam, agus nach soicheann a lámh don bhocht ar a shon. Agus fós is daor labhras Pól apstal ar na hoighreadhaibh se san chúigeadh caibidil don chéid-Eipistil go Timoteus, mar a n-abair, si quis suorum maxime domesticorum curam non habet, fidem negavit et est infideli deterior 4620 “gidh bé ar nach biaidh cúram a mhuinntire féin, go háirithe a lochta éin-tighe, do shéan sé a chreideamh, agus is measa é ioná ainchreidmheach.” Dá chor i gcéill, an dream do-bheir faill 'na gcáirdibh, agus go háirithe 'na n-aithreachaibh, gan guidhe orra, nach iontaobha iad, agus nach bí iocht ionnta; agus fós go meinic 4625 nach éisteann Dia a nguidhe trés an ainiocht do-níd. Adeir S. Augustine in Ho. de Divite, ideo rogans dives non exauditur in tormentis, quia rogantem pauperem non exaudivit in terris “is uime nach éistear ris an saidhbhir 'sna pianaibh, ar mbeith ag guidhe dhó, do chionn nachar éist seisean ris an mbocht dá 4630 ghuidhe ar talmhain.” Is follus a briathraibh an dlighidh chanónta aní se ag Decre .2. p. causa .13. qu. 2 clerici: Clerici vel saeculares, qui oblationes parentum aut donatas aut testamento relictas retinere praestiterint, aut id quod ipsi donaverint ecclesiis vel monasteriis crediderint offerendum (sicut Sancta)  p.146 4635 (Synodus constituit) vel ut necatores pauperum, quousque reddant, ab ecclesiis exludantur “cibé cliar nó daoine saoghalta chuireas rompa leagáide nó tabhartais, nó aní fhágthar lé tiomna, nó aní bhronntar don eaglais, nó do mhainistreachaibh, nó chuirthear ar iocht druinge oile dá bhronnadh dhóibh (mar do orduigh 4640 an Naomh-chomhairle), fuagarthar ón eaglais iad mar lucht dún-mharbhtha na mbocht, go ndáilid na neithe adubhramar.” As so is iontuigthe gurab trom an choir don druing nach déanann díolaidheacht i leagáidibh agus i dtiodhlaicthibh na marbh fhágthar ar a n-iocht.

6. An seiseadh goin

4645 An cúigeadh drong ar a n-éighmhid na mairbh .i. ar na seiceadúiribh nach díolann go cóir an leagáid fhágbhaid ré a tabhairt ar a n-anmaibh. Agus fós, is iomdha modh ar a ndéinid faill. Óir bí cuid díobh nach tabhair déirc ar chor ar bioth uatha, agus drong oile nach tabhair acht cuid don déirc 4650 uatha, agus drong nach déin acht droich-dhíol fiach, maille ré droich-earraidh do thabhairt uatha. Óir dá bhfágbhadh an marbh buiséal cruithneachta ré a thabhairt ar a anmain, ní thabhair an droich-sheiceadúir uaidh acht cruithneacht chaoch nó gheinte, nó bhíos lán do chogal nó do phiséan nó do shalchar 4655 oile. Ní thabhair i ndíol an leanna uaidh acht súghán nó iair-lionn; nó ní thabhair i ndíol na caorach uaidh acht an splíonach is measa don tréad; agus mar sin dó ris gach ní oile. Agus bí dream oile dhíobh chuireas an leagáid ar cáirde, agus nach díolann í do láthair, do réir thoile an mhairbh. Gidh eadh, is daor an 4660 bhreath bheireas an dlighe canónta ar na ceithre drongaibh se do réir mar léaghthar san .95. Canóin do Chomhairle Choitchinn na Carthago, mar a n-abarthar, qui oblationes defunctorum aut negant ecclesiis aut cum difficultate reddunt, tanquam egentium necatores excommunicentur “an dream shéanas ar an eaglais 4665 offrála nó tiodhlaicthe na marbh, nó réna deacair a dtabhairt uatha, déantar a gcoinneal-bháthadh mar lucht dún-mharbhtha na druinge bhíos easbadhach.” As na briathraibh se is iontuigthe gurab díol coinneal-bháitte agus malluighthe an dream chailleas ar  p.147 na marbhaibh ag congbháil a ndéirce nó a leagáide aca féin, 4670 gan a tabhairt don eaglais nó do bhochtaibh. Dearbhthar aní céadna ag Decre. .13. q.2. circa oblationes, mar a n-abair, multum delinquunt qui differunt exsequi mortis testamentum “is ciontach go mór an dream chuireas ar cairde críochnughadh udhachta an bháis.” As so is iontuigthe gurab saobh an dáil don druing do-ní 4675 moill gan udhacht an mhairbh do choimhlíonadh. Léaghthar san áit chéadna ní thig leis aní se, mar a n-abair, debita suffragia pro mortuis non reddentes, fures sunt et excommunicandi “an drong nach dáileann ar son na marbh na tiodhlaicthe dhleaghair dhíobh, is bithbhinigh agus is díol coinneal-bháitte iad.” As na briathraibh 4680 se is iontuigthe a mhéad do dhochar agus do dhamnadh don druing do-ní moill ar thoil an mhairbh do choimhlíonadh; agus go háirithe i ndíol gach déirce agus gach almsana fhágbhas ar a anmain ag bochtaibh agus ag deibhléanaibh Dé. Agus is eagail don druing mhíothrócairigh se go dteigéamhaidh dhóibh amhail tarla do 4685 dhearbhráithribh Ioseph. Óir do dheónuigh Dia dhóibh teagmháil i bpríosún Pharao san Éigipt, trés an ainiocht do-rónsad ar a ndearbhráthair .i. Ioseph, an tan do fhuilngeadar a bheith tarnocht san uaimh thalmhan, agus é ag éighmhe orra ag iarraidh furtachta, agus nacharbh áil leó a fhóirithin, acht a thabhairt i 4690 mbroid agus i ndaoirse d'allmharchaibh, do réir mar léaghthar san .42. caibidil in Genesi. Agus ar dteagmháil dóibh-sean i bpríosún Pharao is eadh adeirdís, amhail léaghthar san chaibidil chéadna, merito haec patimur, quia peccavimus in fratrem nostrum, videntes angustiam animae illius, dum deprecaretur nos, 4695 et non audivimus “is maith an díol orainne na dochair se do theagmháil dúinn, do bhríogh gur pheacuigheamar i n-aghaidh ar mbráthar, ag faigsin an chumhgaigh anma 'na raibhe, an tan do bhí agar nguidhe ag iarraidh anacail, agus nachar éisteamar ris.” Mar an gcéadna adéaraid na seiceadúirí ainiochtacha chailleas 4700 ar a gcommbráithribh Críostaidheadh fhágbhas cúram a n-anmann orra. Biaidh siad ag iomaithbhear orra féin i n-antráth i n-ifreann agá n-ilphianadh, agus iad ag reic agus ag faisnéis a n-ainiochta féin, agá rádh, merito haec patimur, et reliqua, “is maith an díol orainne bheith san daoirse se, agus nachar éisteamar rénar gcommbráithribh  p.148 4705 Críostaidheadh an tan dobhádar ag éighmhe orainn.” Agus is ar na marbhaibh se go fáthach labhras Dáibhídh san .87. Salm, mar a n-abair, sicut vulnerati dormientes in sepulcris, quorum non est memor amplius “amhail chréachtacha 'na gcodladh 'na bhfuar-fhalchaibh ar nach bí cuimhne ó shin amach.” Dá chor 4710 i gcéill nach bí an beó go meinic cuimhneach ar an marbh do chuir cumaoin ré linn a bheatha féin air. Gidh eadh, a dhuine, tuig as an tsompla thuas, gur beitte dhuit bheith cúramach friochnamhach timcheall anma an mhairbh chuireas ar th'iocht é. Óir an drong do-ní feall nó ainiocht ar na marbhaibh, is 4715 daor labhras Solamh orra san cheathramhadh caibidil do Leabhar na hEagna, mar a n-abair, et erunt post haec discedentes sine honore et in contumelia inter mortuos in perpetuum “beid 'na dhiaidh so ag imtheacht gan onóir agus go n-aithis idir na marbhaibh go síordhaidhe.” Dá chor i gcéill, an dream do-ní an t-athmharbhadh 4720 gráineamhail úd ar na marbhaibh, gurab meinic theagmhas dóibh gráin do bheith ag Dia agus ag daoinibh orra ré linn an bháis, agus a gcur ainn-séin go masla agus go n-easonóir mhóir i n-aigian ifrinn dá n-ilphianadh go síordhaidhe.

7. An seachtmhadh goin

4725 An seiseadh drong ar a n-éighid na mairbh .i. ar na Críostaidhthibh i gcoitchinne. Agus is iad na mairbh do-ní na héighmhe se, na mairbh dhíocháirdeacha atá i bpurgadóir, ris nach ráinig a gcommaoin do chur ar an druing oile, agus ag nach bí caraid speisialta ar bioth do ghuidhfeadh orra. Agus is i bhfioghair an mhairbh dhíocháirdigh se atá aní 4730 léaghthar san chúigeadh caibidil ag Eóin, mar do shlánuigh Críost an parailiseach do bhí coimh-díocháirdeach soin nach fuair ar feadh .38. mbliadhan aoin-neach do chuirfeadh a lámh faoi dá chur san tobar shláin-íce. Agus is ag éagcaoine an díocháirdeasa soin adubhairt ré Críost, Domine, hominem non habeo 4735 “a Thighearna, ní fhuil duine agam do-bhéaradh lámh liom.” Mar an gcéadna adeir an marbh díocháirdeach do ghníomh, nach bí neach ag tabhairt láimhe leis féin. Agus is ar an anam so labhras Ieremias san chéad-chaibidil do Leabhar na  p.149 hEólchaire, mar a n-abair, non est qui consoletur eum ex omnibus caris 4740 eius “ní fhuil neach dá uile cháirdibh do-bhéaradh comhfhurtacht dó.” Dá chor i gcéill go dtabhraid na daoine i ndearmad fuaslagadh ar a gcáirdibh Críostaidheadh bhíos i ngéibheann péine purgadóra. Gidh eadh, tug Críost féin dá aire leigheas do dhéanamh ar an mbocht ndíocháirdeach úd do bhí i bpairilis. 4745 Mar an gcéadna dhligheas an Críostaidhe fíréanta leigheas agus furtacht do thabhairt don mharbh dhíocháirdeach atá i bpairilis péine purgadóra. Agus measaim gurab somholta an gnáthughadh do-níd drong do dhaoinibh diadha déarcacha, ghnáthuigheas commaoin speisialta do chur ar na cáirdibh bhíos uatha féin 4750 i bpurgadóir, agus commaoin choitcheann ar na marbhaibh oile díocháirdeacha bhíos ann. Agus mar go n-abair Dia gurab cóir lámh do thabhairt fán asal bhíos ar lár, dá thógbháil, amhail léaghthar san .22. caibidil in Deuteronomio, is mó sa chách dhleaghair lámh do thabhairt fán marbh ndiócháirdeach bhíos 4755 i bpurgadóir, dá fhóirithin as. Agus is córaide dona daoinibh i gcoitchinne truaighe do bheith aca don mharbh dhiócháirdeach úd, a fhoiréignighe éigheas sé orra ag ceisneamh agus ag casaoid a dhoilgheasa agus a dhochair féin, do réir mar léaghthar ag Ieremias san chéad-chaibidil do Leabhar na hEólchaire, mar a n-abair, 4760 O vos omnes qui transitis per viam, attendite, et videte si est dolor sicut dolor meus “sibhse, a uile dhaoine thriallas san tslighidh, tabhraidh dábhar n-aire agus féachaidh an bhfuil doilgheas mar mo dhoilgheas-sa!” Dá chor i gcéill nach fuil pian ar bioth is coimmeas do phéin an mhairbh i bpurgadóir. Meas mar an 4765 gcéadna, a dhuine, nach éigcneasta commaoin do chur ar mhac ríogh do bhiadh ar leattrom, do bhríogh gomadh cosmhail do mhac an ríogh cúitiughadh do thabhairt san gcommaoin do cuirfidhe air, an tan do roichfeadh 'na fhlaitheas féin. Mar an gcéadna ní héigcneasta commaoin do chur ar an marbh bhíos 4770 i ndaoirse phurgadóra, do bhríogh gurab mac Ríogh ro-uasail é, fá mar adeir an scrioptúir, filii Dei nominamur et sumus “goirthear clann Dé dhínn, agus is clann dó sinn;” agus gurab cosmhail dó, an tan roicheas 'na fhlaitheas féin .i. go flaitheas Dé, cúitiughadh do thabhairt don druing chuireas a gcommaoin air,  p.150 4775 ré linn bheith fá leattrom péine purgadóra dhó. Tig an file Gaoidhealach leis so, mar a n-abair:

  1. Síol Ádhaimh, gion gur thréig tnúdh,
    léig id ghrádhaibh ar a ngaol:
    clann deit gach duine don tsíol,4780 
    is meic Ríogh uile gach aon.

3. AN TREAS ALT

'na gcuirthear i gcéill cá mhéad cinéal marbh atá ann.

1. An chéad-ghoin

Tuig, a léaghthóir, go bhfuilid seacht gcinéil mharbh ann. An céid-chinéal, mar atáid na hainchreidmhigh. Agus ní thiaghaid maith-ghníomhartha na mbeó i sochar dhóibh so, d'easbaidh gan an creideamh do bheith aca ré linn a mbeatha, óir 4785 do réir Phóil san aonmhadh caibidil déag gusna hEabhraidhibh, mar a n-abair, sine fide impossibile est placere Deo “ní héidir toil Dé do dhéanamh gan an creideamh.” Dá réir sin ní fhoghnann don eiritic gníomh ar bioth dá ndéin ré flaitheas Dé do thuilleamh ná do thuar an gcéin mhaireas, nó fós, más ann 4790 chríochnuigheas a laithe, ní théid commaoine na mbeó i sochar ná i saor-dháil dó.

2. An dara goin

An dara cinéal, na creidmhigh mhíghníomhacha. Agus ní théid commaoin na mbeó i sochar dhóibh mar an gcéadna, ar mbeith d'oirbhire Dé orra. Óir bí fíoch Dé ris gach n-aon 4795 choilleas a reacht, do réir Sholaimh san .41. caibidil in Ecclo., mar a n-abair, vae vobis impii, qui dereliquistis legem Altissimi “monuar dhaoibh, a éadtrócaireacha, do thréig reacht an tí is ro-airde.”

3. An treas goin

An treas cinéal marbh, na naoidhin nach baistear. Agus ní 4800 théid commaoine na mbeó i sochar dhóibh sin, do bhríogh go mbí  p.151 fíoch Dé riú, do réir Phóil san dara caibidil go hEphesios, mar a n-abair, omnes nascimur filii irae “geintear sinn uile 'nar macaibh feirge.” Ionann sin ré a rádh agus go mbí fearg Dé rinn tré pheacadh an tsinnsir, nó go bhfaghthar linn dísle agus 4805 tairiseacht do bhíthin an bhaistidhe, do bhríogh go rug Dia breith dhamanta tré pheacadh an tsinnsir ar gach aon-duine nach biadh arna aithbhreith a huisge an bhaistidhe. Agus is uime sin adeir Greaghóir san aonmhadh leabhar déag do Leabhraibh na nAirdhean, nequaquam misericordia parcentis 4810 liberat, quos semel in locis poenalibus iustitia iudicantis damnat “ní shaorann trócaire an tí ainceas (nó mhaitheas) an drong dhamnuigheas (nó bhíos arna ndamnadh) aon-uair amháin sna hionadhaibh pianamhla, do cheart an tí do-ní an breathnughadh.” As na briathraibh se is iontuigthe nach 4815 saorann iocht ná eineach na mbeó an dream éagas rés an mbaisteadh, agus téid i n-ifreann. Gonadh uime sin adeir Ieremias san chúigeadh caibidil déag, ag labhairt go fáthach ar an druing se, si steterit Moyses et Samuel coram me non erit anima mea ad populum istum “dá seasuighe Maoise agus Samuel 4820 dom láthair, ní thiocfaidh mh'anam ar an bpobal úd.” Dá chor i gcéill dá mbeith Maoise agus Samuel, do bhí fíréanda foirbhthe fáidheamhail, ag guidhe Dé go dúthrachtach ar son na naoidhean éagas rés an mbaisteadh agus téid i n-ifreann, nach tiocfadh a chroidhe orra, agus nach tiobhradh saor-dháil san 4825 bhioth ar impidhe na bhfíor-naomh soin dóibh, tréna mbeith damanta a los pheacaidh an tsinnsir.

4. An ceathramhadh goin

An ceathramhadh cinéal, na leinbh bhaistear. Agus ní fhuil riachtanas aca ré commaoinibh na mbeó. Adeir S. Thomás ag sgríobhadh ar an gceathramhadh leabhar do Mhaighistir 4830 na mBreath, “bíodh nach tabhair an t-aifreann éin-ní nua dona naoidheanaibh éagas iarna mbaisteadh, thairis sin mar sholus dona beóaibh dleaghair a rádh, ionnus gomadh cumhain leó dá bhíthin sin luaighidheacht Chríost.” Óir an tan at-chíd aifreann agá rádh ar an naoidhin éagas iarna baisteadh, agus  p.152 4835 gan í i ngeall nó i n-éigean a furtachta ná a fuasluigthe, ar mbeith i seilbh na glóire (nár thuill sí léna gníomh féin) dí, tuigid as sin gurab tré pháis Chríost agus tré shochar na sácramainteadh do-gheibh an ghlóir sin, agus tig fás ar fhoirbhtheacht agus ar fhíréantacht na ndaoine as sin, iar meas chommaoineach 4840 Críost orra.

5. An cúigeadh goin

An cúigeadh cinéal, na mairtírigh. Agus ní dhleaghair commaoine na mbeó do bheith orra so ar mbeith i seilbh na glóire dhóibh. Agus is uime sin adeir S. Augustine: iniuriam facit martyri qui orat pro martyre “do-ní éagcóir ar an mairtíreach 4845 an tí ghuidheas ar an mairtíreach.” Óir dobudh mór an éagcóir ar an mairtíreach a chur i gconntabhairt sealbh na glóire do thuill sé do bheith aige.

6. An seiseadh goin

An seiseadh cinéal, na fíor-chráibhthigh chaomhnas agus choimhéadas do shíor a n-iris agus a n-ionnracas. Agus ní bhí 4850 riachtanas ré commaoinibh na mbeó aca, óir tré bheith gan tsal gan teimheal, téid siad ar neamh gan fhuireach iar n-éag dhóibh. Agus is dá chur sin i gcéill do taisbéanadh neamh do Stiabhna naomhtha ré linn a chlochta, amhail léaghthar san seachtmhadh caibidil do Ghníomharthaibh na nApstal; 4855 agus do taisbéanadh neamh d'Eóin, amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil do Leabhar na dTaidhbhreadh.

7. An seachtmhadh goin

An seachtmhadh cinéal, na creidmhigh bhíos fíréanda go coimseach nó go meadhónach, agus is iad so bhíos i n-éigean chommaoineadh na mbeó, agus dá dtéid siad i sochar. An 4860 cinéal iomorra marbh so, ar mbeith i bpurgadóir dhóibh, bíd i ngeall nó i n-éigean a bhfuasluigthe ar mbeith i bpéin dóibh, agus féadtar a bhfurtacht, do bhríogh nach bíd damanta go síordhaidhe. Agus atáid trí hadhbhair fá dtéid na mairbh se i bpurgadóir, mar atáid na peacaidh shologhtha, na peacaidh  p.153 4865 do-bheirid i ndearmad san bhfaoisidin, agus na peacaidh chuirid san bhfaoisidin, is nach ráinig leó lóir-ghníomh do dhéanamh ré linn a mbeatha, amhail adubhramair thuas. Agus goirthear naoimh dona marbhaibh bhíos i bpurgadóir, ar mbeith deimhneach don ghlóir shuthain dóibh.

4. AN CEATHRAMHADH HALT

'na gcuirthear i gcéill créad as a dtugthar furtacht leis an mbeó don mharbh i bpurgadóir; agus na modha ar a bhféadtar furtacht do thabhairt dó.

1. An chéad-ghoin

4870 Féadtar a fhiafraighidh annso, créad as a dtugthar furtacht leis an mbeó ar an marbh bhfíréanda bhíos i bpurgadóir. Mo fhreagra ar an gceist se, gurab iomdha adhbhar fá ndligheann an beó furtacht ar an marbh bhfíréanda. Ar dtús, is cneasta dhó an marbh do chabhair trés an maith do-rinne an marbh dhó ré linn a bheatha. 4875 Óir dlighidh gach maith a luaighidheacht.

2. An dara goin

An dara hadhbhar, airleagadh an ghrádha. Óir amhail tug an tí is marbh grádh agus commaoin ré linn a bheatha don tí fhágbhas dá éis ar airleagadh, mar an gcéadna dlighidh an beó mhaireas an t-airleagadh céadna do dhíol ris an marbh, 4880 maille ré grádh agus ré commaoin do thabhairt dá chionn dó.

3. An treas goin

An treas adhbhar, an t-éigean 'na mbí an marbh, do bhríogh nach bí ar a chumas féin saor-dháil ar bioth do thabhairt dó féin, agus nach fuil pian ar talmhain is coimmeas diachair agus doilgheas ris an bpéin fhuilngeas; agus go mór-mhór tréna beith 4885 fad-dálach. Óir an phian do chúiteóchadh neach ré haon-lá amháin ré linn a bheatha, is éigean dó bliadhain do thabhairt i bpurgadóir agá cúiteachadh. Agus is é so is iontuigthe a briathraibh Dé, san cheathramhadh caibidil ag Ezech., mar a  p.154 n-abair, fili hominis, diem pro anno dedi tibi “a mheic an duine, do 4890 dháil mé lá mar bhliadhain duit.” Atá fioghair ar aní se léaghthar san cheathramhadh caibidil déag do Leabhar na Nuimhreach mar do cuireadh Clann Israel timcheall ar feadh .40. bliadhan ar an bhfásach, san tslighidh do fhéadfadaois do chríochnughadh ré .40. lá, do réir mar adeir Dia san áit chéadna, annus pro die 4895 imputabitur “measfaidhear an bhliadhain ar son an laoi.” Dá chor i gcéill go gcaithfeadh pobal Israel, i ndíoghail a n-uilc féin, anmhain bliadhain ar an bhfásach i n-aghaidh gach laoi dá raibhe d'fhiachaibh orra bheith ar an bhfásach. Agus do-rinne Dia féin an díoghaltas soin do bhagar orra, amhail léaghthar san 4900 chaibidil chéadna, mar a n-abair, quadraginta annis recipietis iniquitates vestras, et scietis ultionem meam “ré .40. bliadhain do-ghéabhthaoi bhar n-urchóid féin, agus biaidh fios mo dhíoghaltais-se agaibh.” Mar an gcéadna go fáthach adeir ris an druing ar a mbí sal na dtrí n-adhbhar thuas, amhail adubhramar. Óir ní 4905 fhéadaid féin tuarastal do thuilleamh, ná saothrughadh sochrach san bhioth do dhéanamh dhóibh féin d'éis a mbáis, do réir Eóin san naomhadh caibidil, mar a n-abair, veniet nox quando nemo potest operari “tiocfaidh an oidhche, an tan nach féadfaidh aon oibriughadh.” Dá chor i gcéill, ó thig oidhche an éaga, nach 4910 féadann an fíréan tuarastal do thuilleamh ná lóir- ghníomh do dhéanamh ar a shon féin; agus uime sin, gach díol do-bheir uaidh i bpurgadóir, ní lóir-ghníomh is ionráidh ris, acht lór-fhulang. Gonadh ag cur aneithe sin i gcéill atá S. Augustine, Liber de Decem Chordis: melior est modica amaritudo in faucibus quam 4915 aeternum tormentum in visceribus “is fearr beagán searbhais sna cúláiribh ioná pian shíordhaidhe sna drólannaibh.” Ionann sin ré a rádh agus gurab usa do dhuine pian fhoirimeallach aimseardha do bheith ar a chorp san saoghal so i bpeannaid na haithrighe, ioná pian inmheadhónach na hanma do bheith air i bpurgadóir 4920 dá híoc go haimhdheónach.

4. An ceathramhadh goin

An ceathramhadh hadhbhar, do bhríogh go dtéid commaoine na mbeó i sochar speisialta don mharbh ar a gcuirthear í, agus i  p.155 gcoitchinne dona marbhaibh oile bhíos i bpurgadóir. Agus is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san seachtmhadh caibidil 4925 déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar thug Elias fá-deara ar an mbaintreabhthaigh tuirtín fá luaith do dhéanamh dhó féin ar dtús agus a mhuinntir ainn-séin do riar don mhin chéadna. Mar an gcéadna téid commaoine na mbeó i sochar go sonnradhach don mharbh ar a gcuirthear go cinnte 4930 an chumaoin, agus dá éis sin i gcoitchinne dona marbhaibh oile fíréanda bhíos i bpurgadóir.

5. An cúigeadh goin

An cúigeadh hadhbhar, do bhríogh go dtabhair Dia don bheó luach na commaoine chuireas ar an marbh. Gonadh uime sin adeir Dáibhídh, oratio mea in sinu mea convertetur “tillfidhear 4935 mh'urnaighthe féin im choim féin.” Dá chor i gcéill go bhfilleann Dia roinn do shochar na guidhe do-ní an fíréan air féin, ré mbeith ag guidhe ar an marbh dhó. Is é aní céadna mhaoidheas Críost ag Matha san seachtmhadh caibidil, mar a n-abair, in qua mensura mensi fueritis remetietur vobis “cibé tomhas do-bhéarthaoi uaibh, 4940 an céadna thomhaisfidhear dhaoibh.” Dá chor i gcéill an dream roinneas cruadháil ris na marbhaibh, go roinnfidh féin cruadháil riú; agus an dream roinneas cinéal riú, go roinnfidhear cinéal ríu-san mar an gcéadna, do réir Mhatha san chúigeadh caibidil, mar a n-abair, beati misericordes, quoniam ipsi misericordiam consequentur 4945 “is beannuighthe na trócairigh, óir greamóchaid siad-san trócaire.” Gidh eadh, a chontrárdha sin tig don éadtrócaireach ainiochtach, amhail adeir S. Séam san dara caibidil, iudicium sine misericordia fiet illi qui non fecerit misericordiam “breitheamhnas gan trócaire do-ghéantar ar an tí nach diongna trócaire.” 4950 As na briathraibh se is iontuigthe go roinneann Dia lom ceirt ris an druing n-ainiochtaigh sin chailleas ar na marbhaibh.

6. An seiseadh goin

An seiseadh hadhbhar fá ndligheann an beó commaoine do chur ar an marbh, do bhríogh go mbí an marbh ar neamh ag guidhe ar an tí chuireas commaoine air, ré mbeith i bpurgadóir  p.156 4955 dhó, do réir S. Tomás san dara rann don dara cuid dá Dhiadhacht, san aonmhadh airteagal déag don .82. Ceist. Agus go bhfios damh dob oircheas do gach n-aon dícheall do dhéanamh ré hanmcháirdibh naomhtha do bheith ar neamh aige, do-ghéanadh eadarghuidhe ar a shon go Dia, d'fhagháil ghrás san tsaoghal so 4960 ré tuar agus ré tuilleamh na glóire thall.

7. An seachtmhadh goin

Tuig go bhfuilid cheithre modha ar a bhféadtar furtacht do thabhairt dona hanmaibh bhíos i bpurgadóir, do réir mar léaghthar ag Decre. 13. qu. 2. cap. Animae Sanctorum. An chéad-mhodh, lé haifreannaibh, do réir S. Augustine san 4965 naomhadh caibidil déag in Enchiridio, mar a n-abair, negandum non est defunctorum animas relevari, cum pro illis sacrificium mediatoris offertur “ní beitte agá shéanadh go dtabharthar saor-dháil d'anmaibh na marbh, an tan offráiltear iodhbairt an eadargánaidhe ar a son.” Tig S. Augustine arís ar aní gcéadna san 4970 .69. Eip. ad Aurelium, mar a n-abair, oblationes pro animabus defunctis ipsos vere aliquid adiuvare credendum est “is inchreitte go fírinneach go dtugaid na leagáide dháiltear ar anmannaibh na marbh saor-dháil éigin dóibh.” As na briathraibh se S. Augustine is iontuigthe go mbí anam an mhairbh i ndiaidh an 4975 bháis i n-áit éigin 'na bhféadtar saor-dháil do thabhairt dó, lé cuidiughadh na mbeó. Agus is follus gurab é an t-ionadh soin purgadóir.

8. An t-ochtmhadh goin

An dara modh, lé guidhe na bhfíréan, do réir S. Augustine san .44. Seanmóir, mar a n-abair, ag labhairt réna chommbráithribh 4980 Críostaidhe, ora pro defunctis, ut, dum fuerint in aeterna vita, pro te orare non negligant “guidh arna marbhaibh, ionnus an tan bhiaid san bheathaidh mharthanaigh nach tugdaois faill ar ghuidhe ar do shon.” Tig Dionysius leis so san seachtmhadh caibidil in Eccle. Hierar., mar a n-abair, quod autem iustorum 4985 preces etiam in vita ista, et nedum post mortem, iis prosint qui digni sunt, Scripturae nos edocet sacrosancta traditio “atá naoim-mbeóloideas  p.157 an Scrioptúra gá theagasg dhúinne go dtéid guidhe na bhfíréan san mbeathaidh se agus iar mbás i sochar don druing bhíos fiúntach ré sochar na guidhe dá rochtain.” As so is 4990 iontuigthe nach dona beóaibh amháin téid guidhe na bhfíréan i dtarbha, acht fós dona marbhaibh, agus do réir a ndubhramair thuas, is iad sin na mairbh bhíos i bpurgadóir.

9. An naomhadh goin

An treas modh, lé déirc, do réir S. Augustine san .32. Seanmóir ro sgríobh do bhriathraibh an Apstail, mar a n-abair, 4995 non est negandum defunctorum animas pietate suorum viventium relevari, cumpro illis eleemosynae in ecclesia fiant “ní beitte agá shéanadh go dtugthar saor-dháil d'anmaibh na marbh lé buidheacht a gcarad mbeó, an tan do-níthear almsana san eaglais ar a son.” Tuig, a dhuine, as na háitibh se S. Augustine, gur chreid 5000 sé go cinnte purgadóir do bheith ann, 'na mbeidís anmanna na bhfíréan i ngioll ré díol na bhfiach nachar dhíoladar féin ré linn a mbeatha. Agus fágbhaim fá bhreathnughadh gach aon-duine agá mbeith ciall fhalláin, cia is córa, teist an phríomh-ughdair dhearbhtha S. Augustine — atá 'na iolar ós na héanaibh agus 'na 5005 ghréin ós reannaibh nimhe, idir dhoctúiribh eagnaidhe na heagailse, agus agá ndearnsad il-mhílte do dhoctúiribh eagnaidhe fromhadh ar a oibreachaibh, agus do bhí naomhtha 'na bheathaidh, agus do bhí fós leath as-toigh do cheithre céad bliadhain d'aimsir na n-apstal — do chreideamhain, nó an bráthair bréige Luitér, 5010 nó an canánach cealgach coinneal-bháitte Cailbhín, nó gach millteach míorúnach oile dá leanann dá slighthibh saobha seachránacha?

10. An deachmhadh goin

An ceathramhadh modh, lé trosgadh; amhail léaghthar ag Decre .13. qu. 2. cap. Animae: ieiunia viventium sunt auxilia 5015 defunctorum “is congnamh dona marbhaibh troisgthe na mbeó.” As so is iontuigthe go dtéid troisgthe na mbeó i sochar dona marbhaibh. Adeir Petrus Damianus san tseanmóir ro sgríobh d'Ord na Beatha, go raibhe gnáthughadh san mainistir 'na  p.158 mbíodh féin, an coimhthionól do throsgadh go Dia ar feadh 5020 seacht lá ar son gach mairbh dá n-éagadh uatha. Gidh eadh, fa-ríor, is faillítheach bhíd na daoine ar an aimsir se um fhóirithin ar na marbhaibh. Agus mo thruaighe, dá bhfeastaois neimhneachas an teasa bhíos i dteinidh phurgadóra, do bhiadh diommbáidh aca don anam bhocht bhíos innte agá chéasadh.

11. An t-aonmhadh goin déag

5025 Is iontuigthe loisgnighe na teineadh úd as an sgéal léaghthar ag Vincentius, san dara leabhar do Sgáthán na mBéas, mar a léaghthar go raibhe abb i mainistir dh'áirithe agá raibhe mac dearbhráthar dhó 'na choimhthionól mar aon ris. Dála an abbadh, an tan do mhothuigh é féin ag drud ré deireadh a ré, do 5030 sholáthair an abdhaine don mhac óg anarsaidh sin, dobudh mac dá dhearbhráthair, tar a rabhadar do mhanchaibh críonna cian-aosta san gcoimhthionól. Acht cheana, go grod 'na dhiaidh sin fuair an t-abb bás, agus do ghabh an manach óg ceannas an choimhthionóil, agus lá dar éirigh sé amach go grod 'na dhiaidh 5035 sin do shiubhal lubhghuirt na mainistreach, agus ré dtriall dó láimh ris an dtobar do bhí san lubhghort, do-chualaidh guth agus glór daonna go truagh tuirseach ag iachtaigh agus ag éagcaoine san tobar. Agus leis sin do fhiafruigh-sean cia do bhí ann. Do fhreagair an guth, agus adubhairt: “Ó a mheic, ar sé, mise anam 5040 an abbadh.” “Créad an riocht 'na bhfuile?” ar an manach óg. “Atáim, ar an t-anam, agam' chéasadh annso i dteinidh phurgadóra, tré mar do thoghas tusa it abbaidh tar mh'éis féin, tar na manchaibh oile budh sine agus budh ineamhla ioná thú. Agus biaidh mé san phéin se nó go bhfógra tusa an abdhaine uait, 5045 agus go dtí abb oile it ionadh ar thogha an choimhthionóil.” “Iongnadh liom, ar an macaomh, a rádh go ngoillfeadh teas ort, agus tú i dtobar fhionnfhuar fhíor-uisge.” “Truagh sin, ar an t-anam, éirigh don mhainistir, agus tabhair leat an cainnleóir práis is tighe agus is truime dá bhfuil ann, agus cuir san tobar é, agus do-chífir 5050 an t-oibriughadh do-ghéana an teas atá im thimcheall-sa air.” Leis sin do-chuaidh an manach óg san mainistir, agus tug an cainnleóir leis, agus do theilg san tobar é. Agus ní luaithe  p.159 do bhiadh meall ime agá leaghadh i gcoire fhiochdha ioná do bhí an cainnleóir ag leaghadh san tobar. Agus mar do-chonnairc 5055 an macaomh sin, do thuig gach ní dá ndubhairt an t-anam do bheith fírinneach, agus do ghabh truaighe agus comhpáis dó é, agus do- chuaidh mar a raibhe an coimhthionól, agus do innis an sgéal dóibh, agus do fhógair an abdhaine uaidh. Agus táinig dhe sin an t-abb d'fhóirithin as an bpéin 'na raibhe.

12. An dara goin déag

5060 Is follus as an sgéal so gurab adhbhal méad an teasa bhíos i dteinidh phurgadóra, agus dá réir sin gurab mór an phian bhíos ar na hanmaibh bhíos innte. Agus ó atá an t-amhgar so ar anam an fhíréin i bpurgadóir, guidhim thú, a dhuine thrócairigh, déana comhairle Sholaimh, do thabhairt fhuasgalta d'anam an 5065 mhairbh, amhail theagaisgeas sé san seachtmhadh caibidil in Ecclo. mar a bhforáileann déirc do thabhairt don bhocht, d'fhuasgladh an mhairbh, an tan adeir, pauperi porrige manum tuam, ut proficiatur propitiatio et benedictio tua, et mortuo non prohibeas gratiam “soich do lámh don bhocht, ionnus go rachadh do 5070 bhuidheacht agus do bheannacht i dtarbha, agus ná cuir toirmeasg ar ghrásaibh d'fhagháil don mharbh.” Créad is iontuigthe as na briathraibh se Sholaimh, acht go ndleaghair don Chríostaidhe thrócaireach furtacht agus fóirithin do thabhairt d'anam an mhairbh fhíréanda bhíos i bpurgadóir, maille ré déirc agus ré deigh-ghníomharthaibh 5075 do dhéanamh ar a shon? Agus is iontuigthe go héigeantach as na briathraibh se Sholaimh purgadóir do bheith ann, mar a n-abair gan toirmeasg do chur ar ghrásaibh d'fhagháil don mharbh. Óir madh i bhflaitheas Dé bhíos, ní féadtar na grása do dhealughadh ris, ná eisean do dhealughadh ris na 5080 grásaibh, do réir Mhatha san .25. caibidil, mar a n-abair, ag labhairt ar na marbhaibh fíréanda, ibunt hi in vitam aeternam “rachaid so san bheathaidh shíordhaidhe.” Dá chor i gcéill, nach éidir, ar ndol i bhflaitheas Dé dhóibh, grás ná glóir do dhealughadh riú. Agus fós, ní bhíd i ngeall ghrás ná ghlóire 5085 nuaidhe d'fhagháil ann, ar mbeith sásta dhóibh. Óir mar is túsga théid an t-anam ar neamh, agus is léir dhó lonnradh an  p.160 lóchrainn diadha, bí sásuighthe do ghlóir agus do ghrásaibh d'fhagháil innte, do réir Dáibhídh san seiseadh Salm déag, mar a n-abair, i bpearsain an mhairbh fhíréanda, satiabor cum 5090 apparuerit gloria tua “sáiseóchar mé an tan bhus léir dhamh do ghlóir-se.” Agus don leith oile, madh i n-ifreann bhíos, ní bhia dáil ghrás 'na chionn, do réir Iob san seachtmhadh caibidil mar a n-abair, qui descendit ad inferos, non ascendet, nec revertetur ultra in domum suam “an té théid síos go hifreann, ní racha suas, 5095 agus ó shoin amach ní thillfidh dá thoigh féin.” Dá chor i gcéill, an dream théid i n-ifreann, nach bí dáil ghrás 'na gcionn. As gach ní dá ndubhramar, is léir nach ar neamh ná i n-ifreann bhíd na mairbh úd bhíos i ngioll ghrás d'fhagháil, agus agá mbí súil réna bhfagháil, agus ar a bhféadtar righneas do chur gan a bhfagháil. 5100 Agus ó nach ar neamh ná i n-ifreann theagmhas dóibh bheith san riocht sin, is i bpurgadóir bhíd. Nó abradh an t-eiretic cáit oile 'na mbíd.

5. AN CÚIGEADH HALT

'na bhfiafruighthear an ndleaghair udhacht an mhairbh do choimhlíonadh ar gach aon-chor; nó an bhfuil d'fhiachaibh ar an seiceadúir fá aimsir chinnte a choimhlíonadh; nó an dtéid an righneas chuirthear ar an leagáid i ndochar don mharbh; nó cia an dream ar nach rigthear a leas guidhe; nó créad as a ndéin an eaglais offráil ar na marbhaibh i gcionn seachtmhaine agus i gcionn mhíosa agus i gcionn bhliadhna.

1. An chéad-ghoin

Féadtar a fhiafraighidh annso a ndleaghair go héigeantach udhacht an mhairbh do choimhlíonadh ar gach aon-chor. Do-bheir 5105 Richardus san .45. Distinct., ag sgríobhadh ar an gceathramhadh leabhar do Mhaighistir na mBreath, freagra ar an gceist se, agus is eadh adeir, go ndleaghair, acht muna raibhe an t-udhacht contrárdha do dhlighe na nádúire, nó do dhlighe Dé, nó do dhlighe chille nó thuaithe, do réir mar 5110 léaghthar ag an dlighe, Extra de Testa. (cap. Iudicantis): voluntas testatoris debet per omnia adimpleri “dleaghair toil an  p.161 tiomantóra do choimhlíonadh ar gach éin-ní.” Tuig gurab fíor so, an tan bhíos an t-udhacht dlisteanach. Gidh eadh, iomorra, atáid dronga ann nach féadann udhacht do dhéanamh.

5115 An chéad-drong, daoine riaghalta; do bhríogh nach bí sealbh shaoghalta aca, agus go mbí a dtoil ceangailte ar thoil a n-uachtaráin.

An dara drong, amadáin; do bhríogh nach bí saoir-mheas na toile ar a gcumas, lé bhféadfadaois bail nó caoi chneasta do chor ar éin-ní.

5120 An treas drong dá ngoirthear mic mhuinntire, ar nach déantar lámh-sgaoileadh. Ionann sin ré a rádh agus na mic nach bí sgaoilte ó lámh-smacht a n-aithreach. Óir an mhuinntear so, ní bhí éin-ní ar a gcumas, agus ní fhéadaid udhacht do dhéanamh uime sin, acht amháin muna dteagmhadh amhantar, dá ngoireann 5125 an dlighe castrense, dhóibh.

An ceathramhadh cinéal nó drong, úsairidhe coitcheanna. Ní fhéadaid an drong so udhacht do dhéanamh go dlisteanach, gan cuir agus teannta do thabhairt uatha ré haiseag iomlán do thabhairt dá gach rann ré a raibhe a malairt in gach breis-díol 5130 dár bheanadar-san díobh, do bhríogh nach bí ceart san bhioth aca ré coimhéad an bhreis-díola bheanaid amach.

Is iomdha fós fáth oile as nach dleaghair an t-udhacht do choimhlíonadh, mar atá dá bhfágbhadh duine ré hudhacht ní nach leis féin, ní móide ceart an tí agá bhfágbhann eisean dá 5135 fhágbháil ré hudhacht aige. Óir dá bhfágbhadh Ó Laoghaire Leath Cuinn ag Ó Chruimín, ní móide ceart Uí Chruimín ar Leith Cuinn sin. Mar an gcéadna don ní thuas. Dá bhfágbhadh fós neach ré hudhacht aní nach biadh aige, ní dhleaghair díol do dhéanamh ar a shon.

5140 Dá bhfágbhadh mar an gcéadna neach a oighreacht ré hudhacht ag neach oile seach a fágbháil agá oighre díleas, agus gan cúis gcneasta aige réna chur ón oighreacht, ní dleaghair an t-udhacht soin do choimhlíonadh, dá mbeith gurab ag an eaglais do fúigfidhe an oighreacht. Gurab uime sin adeir 5145 ciste an chrábhaidh, agus ainceóir na heagailse, agus biattach na mbocht agus na mbaintreabhthach, furtuightheóir na bhfann agus díonathóir na ndílleacht, agus leasuightheóir na locht, agus an  p.162 buabhall briocht-ráitteach beannuighthe buadh-fhoclach, S. Augustine, san seanmóir ro sgríobh do bheathaidh choitchinn 5150 na gcléireach, quicunque exheredato filio heredem facit ecclesiam, quaerat alium qui suscipiat, non Augustinum “cibé san bhioth, iar gcur a mheic ó oighreacht, do-ní oighre don eaglais, iarradh neach oile: ní hé Augustín ghlacfas.” As na briathraibh se is iontuigthe nach cóir cion do bheith ar an udhacht do-ní 5155 neach tré fheirg, nó tré fhuasaoid, nó tré anchroidhe, nó tré aon-adhbhar aindlightheach, bíodh gurab ag an eaglais do fúigfidhe í.

2. An dara goin

Féadtar a fhiafraighidh annso, an bhfuil d'fhiachaibh ar na seiceadúiribh an tiomna nó an t-udhacht do chor i ngníomh 5160 do láthair iar n-éag an tiomantóra? Do-bheir Richardus freagra ar an gceist se, agus is eadh adeir: an tan chumas an t-udhachtóir aimsir chinnte ré coimhlíonadh an tiomanta, nach bí d'fhiachaibh ar an seiceadúir an t-udhacht do choimhlíonadh rés an aimsir gcinnte chumas an t-udhachtóir féin, acht munab 5165 follus do lucht a léir-mheasta go dtéid moill do chur air i ndochar don mharbh, agus an tráth is léir sin, atá d'fhiachaibh ar an seiceadúir i gcoguas a coimhlíonadh do láthair. Gidh eadh, do dhlighe ní féadtar a choimhéigniughadh gus an aimsir ro cinneadh leis an udhachtóir. Acht cheana, an tan 5170 nach cumann an t-udhachtóir aimsir chinnte, agus bhíos ar chumas an tseiceadúra an tiomna do choimhlíonadh go saor-dhálach, bí d'fhiachaibh air do láthair a choimhlíonadh; do réir mar léaghthar ag Decre. ff. de Re. Iur.: in omnibus in quibus dies non ponitur, praesenti die debetur “in gach uile ní 5175 'snach cuirthear lá, dleaghair an lá bhíos do láthair aní.” Ionann sin ré a rádh agus gidh bé ní ghealltar, agus gan cairde ná ceann cinnte aimsire do ghabháil ris an tí dá ngealltar é, fásaidh ceart saní ghealltar don tí dá ndéantar an geallamh, do láthair i ndiaidh an gheallaimh do dhéanamh. Agus dá 5180 réir sin, an geallamh do-bheir an tiomantóir ar leagáid d'fhágbháil dá éis, fásaidh ceart do láthair san leagáid ag an tí dá ngealltar í, iar n-éag an tiomantóra. Agus adeir Glossa gur  p.163 fíor aní se, go háirithe do leith na leagáide thiomaintear don eaglais. Gonadh uime sin atá aní léaghthar ag Decre. 13. qu. 2. 5185 cap. Qui oblationes, agus san chaibidil 'na dhiaidh sin, mar a léaghthar na briathra so, qui oblationes defunctorum retinent, et illi qui ecclesiis tradere demorantur, ut infideles sunt ab ecclesia abiiciendi “an dream chongbhas aisgeadha na marbh, agus an dream úd do-ní moill ar a ndáil, is cóir a ruagadh as an eaglais 5190 mar ainchreidmheacha.” Is iontuigthe as an áit se gurab turcachais págánta don druing ar a bhfágbhaid na mairbh cúram leagáide réna dáil don eaglais, agus do-ní faill 'na díol ria.

3. An treas goin

Féadtar a fhiafraighidh annso, an dtéid an righneas chuirthear ar dhíol na leagáide i ndochar don mharbh. Do-bheir 5195 Richardus freagra ar an gceist se, agus is eadh adeir, go dtéid, agus atáid dá réasún chuige sin. An céad-réasún díobh, gurab luathaide ghuidheas an eaglais ar an marbh, í do bheith ar nglacadh na leagáide, tréna bheith d'fhiachaibh uirre a los na leagáide an ghuidhe do dhéanamh. An dara réasún, do 5200 bhríogh nach fuil dá luaithe díoltar an leagáid, nach luathaide sa chách do-gheibh an marbh éadtromughadh ó phéin phurgadóra é. As gach ní dá ndubhramair sna trí foicheastaibh sin thuas, is léir a luime do locht, agus a aidhbhsighe d'urchóid, don druing léigeas díobh gan udhacht an mhairbh do choimhlíonadh.

5205 Agus is inmheasta sin as an sgéal léaghthar i n-imtheachtaibh Shéarlais Mhóir. Ré dtriall iomorra do shluagh Shéarlais trés an Navarr, do chathughadh ré Múrachaibh, do bhí ag gabháil neirt ar an Spáinn go foiréigneach. Ré dtriall san turus soin dóibh, tarla galar éaga do ridire dá raibhe ar an sluagh, agus ní raibhe do mhaoin an tan soin dá chóir acht acht an t-each ar a 5210 mbíodh ré linn a shláinte ag déanamh feadhma; agus do thiomain sé don eaglais ar a anmain í, agus do fhágaibh ar láimh dhearbhráthar dhó féin í, réna dáil don eaglais. Acht cheana, is eadh do-rinne an dearbhráthair a congbháil aige féin. Gidh 5215 eadh, i gcionn .30. lá táinig anam an ridire do labhairt ris agus dá iomcháineadh agus is eadh adubhairt: “a fhionghalaigh, ar  p.164 sé, is mór an feall do-rinnis orm-sa, mar gur fhágbhais .30. lá i bpianaibh mé, do bhíthin mh'eich do chongbháil ón eaglais do fhóirfeadh dá guidhe mé. Gidh eadh, i ndíol na feille 5220 do-rinnis orm-sa, dáilfidh Dia thusa go hobann i láimh Luicifeir.” Agus leis sin táinig díorma do dheamhnaibh dorrdha dubh-ghnúiseacha dá fhuadach go haibéil i néallaibh nimhe a hamharc a tsluaigh. Agus ré dtriall san chonair chéadna tar a n-ais dona sluaghaibh, tarla corp an fhir chéadna ré 5225 druing dhíobh i gcionn dá lá dhéag, agus é 'na ablach bhréan mhurguighthe mhíomhaiseach ar an muigh ar a gcomhair, ag trothlughadh agus ag tuitim 'na bhloghaibh as a chéile. As an sgéal so is iontuigthe go ndéin Dia díoghaltas ar an druing do-ní seachmhall ar choimhlíonadh udhachta an mhairbh.

4. An ceathramhadh goin

5230 Féadtar a fhiafraighidh annso, cia an dream ar nach rigthear a leas guidhe, agus nach téid i bpurgadóir, acht thriallas do láthair d'éis a mbáis ar neamh. Mo fhreagra go bhfuilid trí dronga théid ar ball d'éis a mbáis ar neamh, mar atá an dream éagas do láthair d'éis an bhaistidhe, na mairtírigh, agus na firéin fhíor-chráibhtheacha. 5235 Is i bhfioghair na dtrí n-aicme se atáid an triúr dar hosgladh neamh ar mbeith ar talmhan dóibh, mar atá Críost iarna bhaisteadh, do réir Lúcáis san treas caibidil; agus Stiabhna iarna chlochadh, do réir Lúcáis san ochtmhadh caibidil do Ghníomharthaibh na nApstal; agus Eóin, do réir mar 5240 adeir sé féin san cheathramhadh caibidil do Leabhar na dTaidhbhreadh, vidi et ecce ostium apertum in caelo “ad-chonnarc, agus féach, dorus osluigthe ar neamh.” As an bhfioghair se is iontuigthe, gach aon do-gheibh bás do láthair iarna bhaisteadh, nó gach aon do-gheibh bás tré mhartradh, nó gach aon bhíos 5245 fíréanta ionnraic, amhail do bhí Eóin Bruinne, go n-osgaltar do láthair iar mbás dorus nimhe roimhe, agus nach téid i bpurgadóir. Gidh eadh, an dream dá leanann sal na sein-chion, agus ar a mbí teimheal truaillithe nó meirg míomhaiseach ó mhuirt na mímhéine ar a gcoguas, nach ráinig leó do sgrios 5250 le sguaib sgiamh-ghloin sgoith-líomhtha an sgrúduighthe sgagtha  p.165 dhlighid do dhéanamh orra féin tré pheannaid na bpeacadh do maitheadh san bhfaoisidin, nó tré bhrón-chombrúdh dhóibh, as nach ráinig leó lóir-ghníomh ná leasughadh do dhéanamh ré linn a mbeatha, is éigean dóibh dul dá mbruithneadh i dteinidh 5255 phurgadóra do nós an óir, go beith glan dóibh ria ndol ar neamh, do bhríogh nach téid éin-ní cáidheach ar a mbí smál nó teimheal ar neamh, do réir Eóin.

5. An cúigeadh goin

Féadtar a fhiafraighidh annso créad as a ndéin an eaglais onóir agus offráil ar na marbhaibh se, i gcionn an seachtmhadh lá, 5260 agus i gcionn mhíosa, agus i gcionn bhliadhna? Ar dtús is uime do-níd i gcionn an seachtmhadh lá, ionnus go maithfidhe dhóibh na huile pheacaidh do-rónsad ré linn a mbeatha, do-níthear do sheacht laithibh na seachtmhaine, nó ionnus go maithfidhe dhóibh na huile pheacaidh do-rónsad lé a gcorpaibh, bhíos arna 5265 ndéanamh dona ceithre dúilibh, agus léna n-anmaibh agá mbíd trí bríogha, mar atá toil agus tuigse agus meabhair. Is uime fós do-níd an cuimhniughadh míosa, 'na mbíd na deich lá fá thrí, ionnus go nglantaoi na mairbh ó gach teimheal dá mbí orra tréna gciontaibh a los neamhchoimhéada chreidimh na Tríonóide, 5270 agus tré shárughadh na deich n-aithneadh. Is uime mar an gcéadna do-níthear an cuimhniughadh bliadhna, ionnus go rachadh an marbh ó bhliadhnaibh an amhgair go bliadhnaibh na síordhaidheachta; agus fós, i ndíol gach uilc agus gach anchaithimh aimsire dá ndearnsad na mairbh i mbliadhain a mbeatha. 5275 Féadtar iomorra bliadhain do thabhairt ar ré an duine. Óir amhail bhíd cheithre ráithe san bhliadhain, atáid cheathra cotcha i ré an duine, mar atá aos macaoimh, aos ógáin, feardhacht, agus seanórdhacht, fhreagras do cheithre ráithibh na bliadhna, mar is follus do lucht a léir-mheasta. Gidh eadh, ní foláir don 5280 tí do-ní an offráil nó an t-eineach so ar na marbhaibh, grádh Dé agus na comharsan do bheith aige, agus é féin do bheith san ghrádh. Óir ní ghabhann Dia asgaidh fhir an anchroidhe. Agus is mar dhearbhadh ar na gnáthuighthibh agus ar na nósaibh réamhráitte do bheith somholta adeir Ambrosius, Super Obitum  p.166 5285 Theodosii: die septimo ad sepulcrum redimus, qui dies symbolum est futurae quietis “an seachtmhadh lá tiamaid gus an uaigh, lá sin is aithghin don chomhnaidhe atá ar tí teachta.” Adeir fós S. Augustine ní thig leis aní gcéadna, mar a n-abair, De Fide Resurrectionis: alii tertium et tricesimum (diem obitus), alii septimum 5290 et quadragesimum observare consueverunt; et utraque observatio auctoritatem habet “fá gnáth, ar sé, lé druing iar mbás an mhairbh, coimhéad do dhéanamh ar an treas lá agus ar an dtríochadmhadh lá, drong oile ar an seachtmhadh agus ar an gceathrachadmhadh lá, agus atá ughdarrás ag gach nós díobh so.” 5295 Is iontuigthe as so gurab somholta sean-ghnáthughadh na heagailse, mar a gcleachtar leó cuimhniughadh seachtmhaine agus cuimhniughadh míosa agus cuimhniughadh bliadhna do dhéanamh ar anam an mhairbh.

6. AN SEISEADH HALT

'na gcuirthear i gcéill, créad fá gciorrbhann Dia ré dhruinge do dhaoinibh óga, agus é ag léigean druinge oile go hearr a n-aoise, agus na réasúin atá ris sin.

1. An chéad-ghoin

An céad-adhbhar dhíobh, do bhríogh gurab í sin toil Dé. 5300 Óir is iomdha ní do-ní Dia, nach áil leis daoine do dhéanamh lorgaireachta. Bíodh a fhiadhnaise sin ar aní léaghthar i mbeathaidh na n-aithreach ar Antonius naomhtha. Óir, ar mbeith dhó ag lorgaireacht ar staidibh daoine oile, agus agá chor i n-iongnadh créad as a gcuireadh Dia an cor so nó an cor 5305 oile dhíobh, do-chualaidh an guth do neamh agá rádh ris, a aire do thabhairt dó féin, agus gan bheith ag fiafraighidh ar staidibh cáich.

2. An dara goin

An dara hadhbhar fá bhfuaduigheann Dia na hóga as an mbeathaidh se, ionnus nach rachdaois i n-olcaibh ó bheith i 5310 gcaidreabh na ndroch-dhaoine. Agus is uime sin adeir Solamh,  p.167 san cheathramhadh caibidil do Leabhar na hEagna, ag labhairt ar an ógán do-gheibh bás i n-ionnracus, raptus est ne malitia mutaret intellectum eius “do fuaduigheadh é ionnus nach diongnadh an mhailís a thuigse do chlaochlódh.”

3. An treas goin

5315 An treas adhbhar, ionnus an t-ógán agá mbí droch-fhuadar faoi, nach fuighbheadh leath a ré, d'eagla go mbiadh nísa mheasa. Agus is uime sin adeir Dáibhídh Rí, viri sanguinum et dolosi non dimidiabunt dies suos “an dream bhíos fuileach (nó do-ní dortadh fola) agus bhíos cealgach, ní fhaghaid leath a laitheadh.” Dá chor i gcéill, an dream agá mbí dúil i ndún-mharbhadh agus i bhfeall agus i mbeartaibh gráineamhla oile, go gciorrbhann Dia a laithe, ionnus nach beidís ag sír-dhéanamh uilc. Agus go bhfios damh, is maith thig leis aní se an rann do-rinne file dh'áirithe, mar a n-abair: —

  1. 5325 Dá mbeith go bhfuighbheadh fear fill
    seal dá ré 'na ré aoibhinn,
    atáid cách dá chor i gcairt
    nach gnáth a dhol gan díoghailt.

4. An ceathramhadh goin

An ceathramhadh hadhbhar, ionnus nach leandaois ainbhearta 5330 a n-aithreach; do réir S. Augustine san treas ceist déag don Leabhar Ceast ro sgríobh ar an sein-reacht, mar a n-abair, infantes in Sodomis simul cum parentibus cremati sunt, ne diu viventes exempla parentum consequerentur “do loisgeadh na naoidhin i Sodoma mar aon réna dtuismhightheóiribh, d'fhaitcheas, 5335 dá mairdís i bhfad, go leanfadaois sompladha a sean agus a sinnsear.”

5. An cúigeadh goin

An cúigeadh hadhbhar, tré pheacaidhibh na dtuismhightheóireadh. Óir díoghlaidh Dia go meinic ar an saoghal so coirthe na sinnsear ar an sliocht tig uatha, gus an treas glún nó an 5340 ceathramhadh glún, do réir an bhagair do-ní sé féin, mar a  p.168 n-abair san .20. caibidil in Exodo: Ego sum Dominus Deus tuus fortis, zelotes, visitans iniquitatem patrum in filios, usque in tertiam et quartam generationem “is mise do Thighearna, do Dhia láidir féin, éadmhar, ag agra urchóide na n-aithreach ar an gcloinn gus 5345 an treas glún nó an ceathramhadh glún.” Dá chor i gcéill go dtiobhradh bás agus gearr-shaoghal go meinic do chlann-mhaicne lochta an díomusa agus an dún-mharbhtha, an anfhlaithis agus na héagcóra. Ionnus, dá threise agus dá thréine bhíos an duine acfuinneach úd, gurab meinic nach bí mac ag gabháil a 5350 oighreachta tar a éis. Gurab uime sin adeir file éigin an rann so thig leis aní gcéadna: —

  1. Ní bhí a chlann ó neach i neart
    'gon tí bhus gann breath ar bhocht;
    a ndéinid na haithre d'ulc,5355 
    don lucht as a haithle is olc.

6. An seiseadh goin

Bíodh a fhiadhnaise sin ar mhórán d'uaislibh an oiléin se na hÉireann, agá ndeachaidh báthadh ar mhórán dá dtighthibh onóracha, ionnus nach fuil acht ainbhfine agá n-áitiughadh don chur so; agus iad féin — an mhéid maireas dá n-iarmhar — i 5360 moghsaine agus i mbochtacht, ag íoc uabhair agus aindlighidh, drúise agus droich-bheart, fill agus fionghaile a sean agus a sinnsear. Gonadh uime sin do-rinne Maolmhuire Ó hUiginn, aird-easpog Thuama, an rann so: —

  1. Fuilngidh Dia dúthaigh a sean,5365 
    tré anuabhar Mhac Míleadh,
    críoch ainglidhe fá n-iadh tonn,
    fá riar ainbhfine eachtronn.

Ag so mar thig leis aní se thuas an aislinge do-chonnairc Adhamhnán, fear lán don Spiorad Naomh, do réir mar léaghthar 5370 i Leabhar Leacaoin, vae, vae, vae, viris Hiberniae insolae mandata Domini transgredientibus. Vae regibus et principibus, qui non dirigunt sapientiam et veritatem, et diligunt iniquitatem. Vae doctoribus qui non docent veritatem, et consentiunt vanitatibus  p.169 imperfectorum. Vae meretricibus et peccatoribus, qui sicut foenum 5375 et stipula concremabuntur “monuar, monuar, monuar, d'áitightheóiribh oiléin na hÉireann, sháruigheas aitheanta an Tighearna. Monuar dá ríoghaibh agus dá prionnsadhaibh, nach stiúrann an eagna ná an fhírinne, agus ghrádhuigheas an urchóid. Monuar dá doctúiribh, nach seólann an fhírinne, agus do-bheir comhaontaidh 5380 ré díomhaoineasaibh na gciontach. Monuar dá meirdreachaibh agus dá peacthachaibh, chomhloisgfidhear amhail fhéar thirim nó barrach lín.” As an mbagar so do-rinne an t-aingeal is iontuigthe gurab tuar díoghaltais ó Dhia ar na daoinibh feil-bhearta gráineamhla do dhéanamh, agus go háirithe trí ghné 5385 pheacaidh is gnáth lé Dia do dhíoghail ar an saoghal so, mar atá dortadh fola lé feall, leattrom d'imirt ar an eaglais, agus gnáthughadh an adhaltrannais.

7. An seachtmhadh goin

Tuigthear fírinne aneithe se as aní léaghthar san dara caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar do-rinne 5390 Dia díoghaltas ar an adhaltrannaigh Bersabe: an mac rug sí i n-adhaltrannas do Dháibhídh d'éag go grod i ndiaidh a bheirthe, i n-íoc na coire do-rinneadar a thuismhidhtheóiridhe. Is trés an nguais se do bheith ó Dhia i ndiaidh na bpeacadh so adeir Pól go hiongantach san deachmhadh caibidil gus na hEabhraidhibh, 5395 mar a n-abair, quam horrendum est incidere in manus Dei viventis “créad é a mhéid d'uathbhás, teagmháil i lámhaibh an Dé bheo!” Dá chor i gcéill gurab mór is ineagluighthe dona peacthachaibh fearg Dé do thuilleamh, agus méad an chumais atá ag Dia ar dhíoghaltas do dhéanamh orra. Uime sin atá Greaghóir 5400 naomhtha ag teagasg na ndaoine san .13. Homil., ag sgríobhadh ar an soisgéal darab tosach sint lumbi vestri praecinti, mar a n-abair, nemo Dei longanimitatem negligat, quia tanto districtiorem iustitiam in iudicio exigit, quanto longiorem ante iudicium patientiam prorogavit “ná tugadh aon-duine faill i bhfad-aradhnacht 5405 Dé, óir cion a bhfuil d'fhad-dáil 'na fhoidhide ag cur a bhreitheamhnais ar cáirde, atá sé do chaoile 'na cheirt-bhreitheamhnas.” Gidh eadh, is eadh shaoilid an líne nó an lucht comhaimsire  p.170 atá againn, gur chuir Dia cloidheamh an inneachaidh 'na thruaill taisgeadha, mar nach gabhaid rabhadh ón tsinnsear táinig romhainn, 5410 ar a ndearna Dia díoghaltas tréna olcaibh féin, acht iad go laothamhail lán d'aindícheall éigneach ag coill agus ag creachadh a gcarad agus a gcomharsan, ag buain a n-ionnmhais agus a n-óir-chiste tré chomhar-bháidh breitheamh mbreabóideach agus charad gcleasach gcealg-rúnach dhíobh. Acht cheana, dar mo chubhais, atá an 5415 Dia do-rinne an díoghaltas ar an sinnsear coimh- díbhfeargach anois ré ceartughadh na gciontach tréna n-olcaibh agus do bhí ré smacht do dhéanamh ar an sinnsear táinig romhainn. Ar an adhbhar soin déanadh gach aon faire air féin, go nach luighfeadh Dia lámh air. Óir ní tualaing tréan dá threise ar 5420 talmhain neart nó neimh-fhíoch Dé do thurnamh ná do throim-ísliughadh, an tan chuireas roimhe díoghaltas do dhéanamh. Agus is uime sin fhiafruigheas Pól go hiongantach “créad é a mhéid do dhochar teagmháil i lámhaibh an Dé bheó?”

8. An t-ochtmhadh goin

Tuig, a dhuine, gur gnáthach ceachtar do cheithre hainiarsmaibh 5425 urchóideacha ag toidheacht ar dhuine do thoisg an adhaltrannais. An céad-ainiarsma dhíobh, bochtacht antoisgtheach, chuireas duine as a chonách saoghalta, agus bháidheas i n-ainfhiachaibh éadtarbhacha é. Agus is iomdha barraidhe bogásach bladhmannach do breódh agus do buaileadh don sgiúirse 5430 se rénar linn féin i nÉirinn, agar fhulaing Dia dhóibh tré mhilleadh bhan bpósta dul tar bharr a ngealltadh.

An dara hainiarsma, teasgadh ainmheach ball. Óir is meinic fhuilngeas Dia súil nó chos nó lámh do chaill don adhaltrach i n-íoc an pheacaidh, agus mar rabhadh do dhaoinibh oile ré 5435 bheith ar a gcoimhéad ar an gcoir gcéadna.

An treas anfhochain, bás obann gan aithrighe, mar atá a losgadh i dteinidh, nó a bháthadh i n-uisge, nó a ghoin lé harm, nó a n-ionnshamhla oile do bhásaibh aibéile obanna dá bhreith.

An ceathramhadh hainiarsma, gan mac do bheith ag gabháil 5440 a oighreachta. Agus muna mbeith eagla a easgcáirdeasa do tharraing orainn, is iomdha comhartha follus cinnte do fhéadfamaois  p.171 do thabhairt anuas, tarla rénar linn féin i nÉirinn ar aní se, nach cuirfeam síos don chur so.

9. An naomhadh goin

Acht cheana, mar rabhadh don léaghthóir, cuirfead síos 5445 ann so, acht ciodh leasg leam a luadh, beagán don druing rér bhean (fa-ríor) dochar na dála so, ar mbeith gan mac ag gabháil oighreachta ar aon díobh; mar atá Gearóid, Iarla Chille Dara; Tomás Builtéar, Iarla Urmhumhan agus Osraighe; Domhnall Mhág Carrthaigh, Iarla Bhéil-innse; Muiris Mac Gearailt, Tighearna 5450 na nDéiseach; agus Rolont Iústás, Tighearna Chríche Iústásach; Éamonn Mac Giobúin, dá ngairthí an Ridire Fionn; agus an Calbhach Ó Cearbhaill, dá ngairthí Tighearna Éile. Agus muna mbeith go raibhe an drong adubhart chomh-follus soin ciontach san choir se go bhfuilid a ngníomha san ngné sin 5455 i mbéalaibh cáich go coitcheann, do fhúigfinn iad mar gach lucht oile gan labhairt orra. Gonadh uime sin do-rinne file éigin an rann so: —

  1. Gach rí colach do-ní drúis,
    coir chuireas a shúil do niort;5460 
    is é an gníomh soin tar gach sgéal
    cheileas a shéan is a shliocht.

10. An deachmhadh goin

Is amhlaidh thuigim gurab i ndíoghaltas adhaltrannais Ruaidhrí mhic Thoirdhealbhaigh Uí Chonchubhair, ríogh Connacht, agus adhaltrannais Dhiarmada Mhic Mhurchadha, ríogh 5465 Laighean, do dheónuigh Dia Gaoidhil do dhealughadh ré hard-fhlaitheas Éireann, agus Gaill do dhéanamh gabháltais orra. Óir léaghthar ar Ruaidhrí Ua Chonchubhair nachar lór leis seisear leannán do bheith aige gan a thoil féin do bheith aige ar gach mnaoi 'na dhúthaigh 'na gcuirfeadh dúil, gémadh pósta nó 5470 neamhphósta do bhiadh sí. Agus is follus do thaoibh Dhiarmada Mheic Mhurchadha gurab tré mhnaoi Thighearnáin Uí Ruairc do bhreith leis tarla gach dochar dá ndearnaidh sé dhó féin agus d'Éirinn. Gá dtám ris, is iomdha flaitheas foirleathan, agus ríogh-fhuil  p.172 rathmhar ro-uasal do ruagadh go ro-aibéil trés an bpeacadh 5475 so, mar is léir i leabhraibh irse agus annála na n-ard-fhlaitheadh anall-ód.

11. An t-aonmhadh goin déag

Bíodh a fhiadhnaise sin ar aní tharla dona trí hard-fhlathaibh se síos a los na coire se: Ag so a n-anmanna: Sardanapalus rí na Persia, Rodericus rí na Spáinne, agus Vortigernus rí na 5480 Breatan Móire. Is eadh tarla don chéid-fhear, caiptín dá mhuinntir féin do bhuain a chinn de, ar mbeith dhó i measg an bhantrachta i n-earradh mhná, agus é ag sníomh choigíle, agus an líne ríoghamhail do dhul i mbáthadh do bhíthin an mhíghníomha soin; nó do réir dhruinge oile é féin dá losgadh féin agus a ionnmhasa 5485 mar aon ris i dtor dhaingean do hiadhadh lais féin air.

Is eadh tarla don dara fear .i. Rodericus do dhéanamh, dúil do chur i mnaoi iarla onóraigh don Spáinn, agus an t-iarla do chor ar eachtra don Aiffric. Agus ar mbeith don iarla san eachtra soin tarla don rígh míghníomh do dhéanamh ré mnaoi an iarla. 5490 Agus ar bhfilleadh óna thurus don iarla, fuair sgéala an mhíghníomha soin, agus do-ní gearán agus éagnach ar an rígh ré huaislibh na Spáinne fán míghníomh sin, agus do-rinne féin agus iad féin ceangal ré chéile, agus do chogradar Múraigh do thabhairt isteach ar an Spáinn. Agus iar gcinneadh ar an gcomhairle sin dóibh, téid 5495 an t-iarla tar a ais don Aiffric, agus tug sluagh líonmhar Múrach leis don Spáinn dá gabháil, agus tug féin agus na Múraigh gona ranntaibh cath don rígh Rodericus, gur marbhadh Rodericus agus urmhór a shluagh san chath, gur ghabhadar na Múraigh orlamhas na Spáinne tuairim chúig céad bliadhain do dhruim 5500 an mhíghníomha soin. Agus ní tháinig lorg ná sliocht ar Rodericus san Spáinn ó shoin.

Is eadh tarla don treas fear .i. Vortigernus, flaitheas na Breatan Móire do leónadh réna linn, agus Saxanaigh do ghabháil neirt uirre d'fhulang Dé, i ndíoghail na coire do-rinne an rí, 5505 mar atá inghean Hengistus, caiptín Gearmáineach, do bheith 'na leannán leaptha ar sgáth a beith pósta aige, do chongbháil tar ceann a mhná pósta féin.

 p.173

12. An dara goin déag

Is iomdha a shamhail oile so do sgéalaibh budh éidir do chur síos annso, do sheachna na fad-dála fhúigfidhear linn don chur 5510 so gan chur síos. Agus is truagh an doille agus an dorchadas doiléir dásachtach, agus an dúire dhoitheagaisg don druing ad-chí an ciorrbhadh cinidh, agus an folmhughadh flaithis, agus an ruathar-chlódh ríogh-fhola, tig don mheasgán mhearbhaill úd dá ngoirthear mear-ghrádh na meirdreach, agus nach déinid iad féin 5515 d'anacal air. Ag so an teist do-bheir Hieronymus in Epist. ar choir na drúise, o ignis infernalis luxuriae, cuius materia gula, cuius flamma superbia, cuius scintilla prava colloquia, cuius fumus infamia, cuius cinis inmunditia, cuius finis gehenna “ó a theine ifreannda na drúise, darab adhbhar an craos, darab lasair an 5520 díomas, darab drithleanna doibhriathra, darab deatach míochlú, darab luaithreadh neamhghlaine, darab críoch an bhráith-theine!” As so is iontuigthe créad é a mhéad do dhíoth do dhuine bheith drúiseach, agus créad na dochair do-ní sí dhó.

13. An treas goin déag

An seiseadh hadhbhar fá bhfuaduigheann Dia na daoine óga 5525 leis leath as-toigh dá n-aois, do chionn nach fiú na daoine bhíos beó tar a n-éis, na deagh-dhaoine do bheith eatorra. Do réir mar adeir Pól, ag labhairt ar na hapstalaibh agus ar na fíréanchaibh dá dtugadh bás i ndiaidh Chríost ar son a gcreidimh, amhail 5530 léaghthar san aonmhadh caibidil déag gus na hEabhraidhibh, mar a n-abair, quibus dignus non erat mundus “an dream nacharbh fhiú an domhan a mbeith ann.” Dá chor i gcéill gur mhaith an t-adhbhar fár fhulaing Dia martradh na n-apstal agus na bhfíréan, do bhríogh nacharbh fhiú olc na druinge do bhí beó dá n-éis iad féin do bheith eatorra. Ag so do réir Augustine, De Vita 5535 Christiana, fáth oile fá mbeireann Dia daoine leis go luath, mar a n-abair, vocantur ante tempus boni, ne diutius vexentur a noxiis; mali vero et impii tolluntur, ne diutius bonos persequantur “gairmthear ré n-aimsir na deagh-dhaoine, ionnus nach beidís ní budh faide dá mbuaidhreadh ag na droch-dhaoinibh. 5540 Beirthear iomorra na dodhaoine agus na héadtrócairigh, go nach  p.174 beidís ní budh faide ag inghreim ar na deagh-dhaoinibh.” Adeir Greaghóir naomhtha, ag teacht leis aní gcéadna so san cheathramhadh leabhar dá Leabhraibh Comhagallmha, malitia remanentium meretur ut hi qui prodesse poterant festine subtrahantur 5545 “tuillidh mailís na druinge mhaireas, an dream do rachadh i dtarbha do bhreith go grod uatha.” Bíodh a fhiadhnaise sin ar mhórán do dhaoinibh iarras an saoghal go haindlightheach ré a fhágbháil agá n-oighreadhaibh dá n-éis, agus agá mbeireann Dia, i ndíoghaltas a n-aindlighidh, a n-oighreadha 5550 uatha sul éagaid féin.

7. AN SEACHTMHADH HALT

'na bhfiafruighthear a ndleaghair bróin-fhleadh nó torramh do dhéanamh, agus fós 'na gcuirthear i gceist an somholta dol i sochraide na marbh dá n-adhnacal.

1. An chéad-ghoin

Is dearbh gurab cóir bróin-fhleadh nó torramh do dhéanamh ar na marbhaibh ré linn a mbáis, do réir S. Dinís, san ochtmhadh caibidil ro sgríobh ar ard-fhlaitheas na heagailse, mar a n-abair, convenienter adsint poenitentes exequiis mortuorum, ut discant et 5555 attendant mortis contemptum “is cneasta dona haithrigheachaibh bheith do láthair thorraimh na marbh, ionnus go dtugdaois dá n-aire tár agus tarcaisne an bháis.”

2. An dara goin

Tuigim mar an gcéadna gurab somholta dul i sochraide na marbh dá n-adhnacal. Ar dtús, fá somholta idir Phágánchaibh 5560 féin na mairbh d'onórughadh agus d'iomchar ré a n-adhnacal. Bíodh a fhiadhnaise sin ar Dionysius Halicarnassensis san chúigeadh Leabhar, mar a léaghthar, an tan fuair an ridire rathmhar ro-chródha, agus an caiptín cosgrach caith-iorghalach, agus an baránta bríoghmhar beó-ghalach .i. Brutus bás, go dtugadar 5565 uaisle na Rómhánach do mhodh agus d'onóir dhó, ré linn a  p.175 adhnaicthe, gan imreasan gan easaonta do thoidheacht eatorra, acht gérbh iomdha a n-adhbhar fíocha agus fuasaoide; agus do iomchradar ar a nguailnibh go honórach agus go gcaith-réim mhóir an tseanaidh Rómhánaigh do bheith 'na dhiaidh go hionadh a 5570 adhnaicthe é. Agus is é céad-duine agar fearadh a chluiche caointe agus dá ndearnadh adhmoladh iar n-éag san Róimh é. Agus is de sin táinig an cluiche caointe do bheith mar nós ar feadh an domhain.

3. An treas goin

Is eadh is cluiche caointe ann, gol-gháirthe guirte gáibhtheacha 5575 agus eólchaire éagcuibhdheasach ainmheasardha do dhéanamh dhóibh, maille ré stothadh a bhfolt agus a bhfionnfaidh, ré sgríobadh agus ré sgrios a ndealbh, agus ré traost-bhualadh trom- ainmheach a gcorp fá lár agus fá lán-talamh; agus fós áireamh agus iomrádh a n-éacht agus a n-áitheas do dhéanamh; do réir mar is iontuigthe a 5580 briathraibh Oisín san duain diagánaigh do-rinne, darab tosach “Mór anocht mo chumhaidh féin,” mar a luaidheann bás Osgair a mheic. Ag so síos na roinn as a dtuigthear créad is cluiche caointe ann, i n-aimsir na bpágánach i nÉirinn: —

  1. Sgreadais mac Rónáin annsoin,5585 
    agus tuitis go talmhain;
    buailis fá lár a chorp chain,
    tairrngis a fholt 's a fhionnfaidh.
  2. Dobhínn ag féachain a chréacht,
    agus ag áireamh a éacht;5590 
    fá mór an cás dúinn annsoin,
    mar fuair bás fánar lámhaibh.

4. An ceathramhadh goin

Léaghthar mar an gcéadna san seachtmhadh caibidil don treas leabhar ag an ughdar darab ainm Alexander ab Alexandro go ndearna an t-ard-fhlaith Alexander Mór an uiread soin 5595 d'onóir ré linn adhnaicthe Hephaestion — duine uasal do bhí 'na fhior chumainn aige féin — go dtug fá-deara múir na cathrach  p.176 'na bhfuair bás d'fholach do bhrataibh dubha. Agus fós, níor lór leis culaidh chumha do chor ar gach aon dá shluagh, acht fá héigean dóibh uile a monga do bhearradh mar chuimhniughadh 5600 onóra agus cumha i ndiaidh an fhir chumainn sin do bhí aige féin. Agus moltar Alexander trés an ngníomh soin.

5. An cúigeadh goin

Moltar mar an gcéadna Iulius Caesar, do réir mar léaghthar ag Valerius san chúigeadh Leabhar, tré mar do loisg go honórach ceann Phuimp an tan do chuir rí na hÉigipte chuige é. Óir 5605 is é fá nós adhnaicthe dona Rómhánchaibh ar na himpiribh agus ar na daoinibh móra do bhíodh aca, a gcuirp do losgadh, agus caol-tuir chneas-aolta chloch, dá ngairthí pyramides, do thógbháil ar áitibh na dteinteadh 'na loisgthí cuirp na n-ard-fhlaitheadh. Agus is uime sin do-rinne Caesar, mar onóir do 5610 Phuimp, a cheann do losgadh, do bhríogh gurab é sin gné adhnaicthe is onóraighe do bhí idir na Rómhánchaibh an tan soin.

6. An seiseadh goin

Moltar fós, do réir na háite céadna, Hannibal codhnach chathrach na Carthago san Aifric, tré mar do adhnaic sé, diaidh 5615 i ndiaidh, na trí hard-chaiptíne do Rómhánchaibh do bhí na náimhdibh aige .i. Paulus, Gracchus, agus Marcellus.

7. An seachtmhadh goin

Léaghthar mar an gcéadna san dara caibidil don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a ndearna Dáibhídh Saul do chaoineadh, agus do fhoráil ar an bpobal Iúdaidheach a 5620 chaoineadh, agus fós mar do chuir síos do láthair an phobail a cheannas feadhna agus a chródhacht agus a dhaonnacht agus a mhaith-ghníomhartha ó shoin amach.

8. An t-ochtmhadh goin

Is somholta fós an t-adhnacal do dhéanamh, do bhríogh go n-áirmheann an eaglais idir na hoibreachaibh trócaire corpardha 5625 é. Atá mar an gcéadna an scrioptúir agá mholadh, do réir mar  p.177 léaghthar san dara caibidil déag do Leabhar Tobias, mar a n-abair, quando sepeliebas mortuos, et derelinquebas prandium tuum et mortuos abscondebas in domo tua, et noctis silentio sepeliebas eos, ego obtuli orationem tuam Domino “an tan do bhí 5630 tú ag adhnacal na marbh, agus do fhágaibh tú do phroinn, agus do fhoilghis na mairbh it toigh féin, agus do adhnaic tú i gciúnas na hoidhche iad, do thiodhnaic mise th'urnaighthe don Tighearna.” Is follus as na briathraibh se an aingil gurab somholta i bhfiadhnaise Dé an marbh d'adhnacal. Mar an gcéadna is iontuigthe 5635 a soisgéal na Páise go raibhe Dia buidheach do Nicodemus agus do Ioseph ó Arimatia tré chorp Chríost d'adhnacal iarna chéasadh.

9. An naomhadh goin

Léaghthar san .23. caibidil in Genesi go raibhe Abraham ro-chúramach timcheall adhnaicthe a mhná .i. Sara, agus mar do cheannuigh ionadh adhnaicthe dhi. Léaghthar fós san .50. caibidil don leabhar chéadna mar do-chuaidh Ioseph d'adhnacal 5640 chuirp a athar féin ón Éigipt go críochaibh na Canaan, maille ré sochraidibh móra, gur chuireadar i n-uaigh a shean-athar Abraham é.

10. An deachmhadh goin

Léaghthar ag Tobias san cheathramhadh caibidil ní thig leis 5645 aní gcéadna, mar a ndubhairt Tobias mór ré Tobias óg, a mhac, cum acceperit Deus animam meam, corpus meum sepeli “an tan ghlacfas Dia mh'anam, adhnaic mo chorp.” Dá chor i gcéill gurab somholta na mairbh d'adhnacal.

11. An t-aonmhadh goin déag

Léaghthar fós san aonmhadh caibidil déag ag Eóin gur 5650 adhnaiceadh Lazarus lé Muire agus lé Marta. Léaghthar fós, san ochtmhadh caibidil do Ghníomharthaibh na nApstal, gur hadhnaiceadh go honórach Stiabhna naomhtha, do réir mar deirthear san áit chéadna, sepelierunt Stephanum viri timorati, et fecerunt planctum magnum super eum “do hadhnaiceadh Stiabhna lé 5655 fearaibh faitcheasacha, agus do-rónsad nuall-ghubha mór ós a chionn.”

 p.178

12. An dara goin déag

Léaghthar fós ag Valerius Maximus san aonmhadh caibidil déag don chéid-leabhar, ar Simonides, gur adhnaic duine marbh ar an tráigh, agus go dtáinig dhe sin gur saoradh é féin óna bháthadh 5660 agus óna mharbhadh i dtigh do bhí ar dtuitim ar dhruing mhóir, rér dhealuigh Dia go hiongantach é sul do leagadh an teagh ar chách dá marbhadh.

13. An treas goin déag

Léaghthar san dara caibidil don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh briathra asarb iontuigthe gurab buidheach Dia don 5665 druing do-ní na mairbh d'adhnacal. Ag so mar adeir an ríogh-fháidh Dáibhídh ag labhairt ris an druing lér hadhnaiceadh Saul, benedicti vos a Domino, qui fecistis misericordiam hanc cum domino vestro Saul, et sepelistis eum. Et nunc retribuet vobis quidem Dominus misericordiam et veritatem “is beannuighthe 5670 sibhse ón Tighearna, sibhse do-rinne an trócaire se ar bhar dtighearna féin Saul, agus do adhnaic sibh é. Agus anois dáilfhidh dhaoibh go deimhin an Tighearna trócaire agus fírinne.” As na briathraibh se is iontuigthe go roinneann Dia trócaire agus ceart ré duine trés an marbh d'adhnacal.

8. AN T-OCHTMHADH HALT

'na gcuirthear síos an sochrach do dhuine bheith adhnaicthe i n-ionadh choisreacdha; agus na nóis adhnaicthe do bhíodh in gach aon-áit, do réir na bPágánach agus do réir na gCríostaidhtheadh.

1. An chéad-ghoin

5675 Fiafraighidh S. Augustine san leabhar ro sgríobh don chúram dleaghair do dhéanamh timcheall na marbh, agus S. Thomas san .45. Dist., ag sgríobhadh ar an gceathramhadh leabhar do Mhaighistir na mBreath, “an bhfuil tarbha d'anmaibh na marbh a gcuirp d'adhnacal go honórach i gceall-úir, nó i n-ionadh 5680 choisreacdha?” Gidh eadh, sul fhreigeóram don cheist sin,  p.179 cuirfeamaoid síos annso cuid dona nósaibh adhnaicthe do bhíodh ag na págánchaibh.

2. An dara goin

An céad-nós. Is amhlaidh do-nídís na Rómhánaigh, na cuirp do losgadh agus na cnámha do thaisge agus tuir do thógbháil 5685 ar áitibh na dteinteadh, amhail adubhramair, do réir Plinius san .54. caibidil don seachtmhadh leabhar.

3. An treas goin

An dara nós. Is eadh do-nídís na Massagetae, do réir Ieronimus san .36. caibidil mar a sgríobhann i gcoinne Iovinian, is eadh iomorra do-nídís, na seanóiridhe do thachtadh, agus a 5690 gcuirp do bhruith agus d'ithe, d'eagla a gcraos-shloigthe do chonaibh nó do mhadraibh.

4. An ceathramhadh goin

An treas nós. Is eadh do-nídís na Tibareni, na seanóiridhe searcacha agus na hathlaoich ionmhaine do bhíodh aca do chrochadh go hard, ionnus nach roichfeadh cú ná gadhar ná muc 5695 ná beathadhach allta oile iad, dá sraoilleadh nó dá sreang-tharraing as a chéile.

5. An cúigeadh goin

An ceathramhadh nós. Is eadh do-nídís na Hyrcani, na daoine leith-bheó do chor fána fiachaibh agus fána fraochmhadraibh dá gcognamh agus dá gcreim-leadradh.

6. An seiseadh goin

5700 An cúigeadh nós. Is eadh do-nídís na Caspii cuirp na marbh do thabhairt do bheathadhachaibh confadhacha, dá gcosgairt agus dá gcreat-raobadh.

7. An seachtmhadh goin

An seiseadh nós. Is eadh do-nídís Cine Scuit ón Sceithia, an marbh d'adhnacal fá úir, agus an tí fá dile agus fá díoghraisighe 5705 leis an marbh d'adhnacal mar aon ris.

 p.180

8. An t-ochtmhadh goin

An seachtmhadh nós. Is eadh do-nídís na Bactri, coiléin óga do bheathughadh d'aon-toisg i gcomhair chorp na marbh do chognamh agus do chraos-longadh.

9. An naomhadh goin

An t-ochtmhadh nós. Is eadh do-nídís lucht na hÉigipte, 5710 gach marbh d'adhnacal 'na thoigh féin, nó dá mbeith gan teagh ndíleas aige, a chur i dteagh an tí is measa dhó i bhfuil, do réir Thuil Sigir san chéid-leabhar dá Leabhraibh Ceast.

10. An deachmhadh goin

An naomhadh nós. Is eadh do-nídís na Neviae, do réir Alexander ab Alexandro, san seachtmhadh caibidil don .3. 5715 leabhar, an marbh d'adhnacal fá úir maille ré hadhmoltaibh agus ré comhgháir chaointe agus ré píobaireacht do bheith roimhe gus an eaglais. Agus do-chím an nós so agá ghnáthughadh i gConnachtaibh. Óir bíd mná timcheall an mhairbh ag tabhairt teasta agus formolta air, agus bíth píobaire ag seinm rés an 5720 gcorp ag triall gus an gcill.

11. An t-aonmhadh goin déag

An deachmhadh nós, do réir na caibidleach céadna. Is eadh do-nídís lucht na hÉigipte, an tan do éagadh an rí do bhíodh ós a gcionn, sagart do chur do reic agus d'fhaisnéis ghníomh an ríogh, do láthair chomhdhála coitchinne na hÉigipte. Agus 5725 an tan fá threise dhá mhíghníomhaibh ioná dá mhaith, do bhreathnughadh na sochraide sin, is eadh do-nídís i ndíoghail a mhíghníomh, gan onóir adhnaicthe do thabhairt dá chorp. Gidh eadh, an tan fá threise dhá mhaith ioná dá mhíghníomhaibh, do hadhnaicthí go honórach é, maille ré séad-chomharthaibh 5730 suaitheanta do thógbháil ós a chionn.

12. An dara goin déag

An t-aonmhadh nós déag. Is eadh do-níthí i gcathair na hAithne, an tan do mharbhadh duine é féin, an lámh lé  p.181 n-imreadh an bás air féin do theasgadh don chorp, agus a fágbháil gan folach ar dhruim na huaighe 'na gcuirthí an corp 5735 dár teasgadh í. Agus is uime do-nídís sin, mar aithis agus mar oilbhéim don láimh lé ndearnadh an gníomh sin.

13. An treas goin déag

An dara nós déag. Is eadh do-nídís na Macedones, amhail léaghthar ag an ughdar gcéadna soin san .27. caibidil don chúigeadh leabhar, an tí do marbhthaoi i rinn iorghaile nó chatha, a chor i dteannáil nó i dteinidh threathan-mhóir thréan-lasrach, 5740 agus an sluagh go huilidhe do theacht 'na gcipeadhaibh agus 'na gcóirighthibh fá thrí go ciorcalda timcheall na teineadh 'na mbídís cuirp na marbh torchaireadh i rinn iorghaile amhail adubhramair. Agus is eadh do-nídís drong dona 5745 sluaghaibh sin, a gceinn-bheirte do theilgean san teinidh dá gcomhlosgadh mar aon ré corpaibh a gcompán, agus drong oile sréin a n-each, agus drong oile a gcloidhmhe, agus drong oile a n-airm dhiubhraigthe, mar atáid a ngearr-ghaoithe agus a sleagha agus a soighde, agus drong oile cuid dá n-éadálaibh agus dá maoinibh 5750 saoghalta, agus sin uile mar onóir do chorpaibh na marbh bhíos san teinidh, agus mar chomhartha lúth-gháire tréna fheabhas do chríochnuighsead na mairbh sin a mbeatha.

14. An ceathramhadh goin déag

An treas nós déag. Is eadh do-nídís i nÉirinn i n-aimsir na gcuradh agus na Féine, sul táinig solus an chreidimh chuca, 5755 sna mairbh d'adhnacal fá úir. Gidh eadh, is iomdha cor ar a gcuirthí leó iad. An céad-chor, uaigh nó feart talmhan do dhéanamh go bhfad agus go leithead an chuirp, agus bonn a chos ris an aird soir agus a bhaitheas ris an aird siar, agus carn cloch do chor ós a chionn, dá ngairthí leacht, mar atá feart Mhaothagáin 5760 i nUíbh Fathaigh. An dara cor, na mairbh do chor fá úir, agus mion-rátha do chloidhe na dtimcheall, agus gan lia ná leacht ós a gcionn. Agus atáid trí dronga chuirthear sna mion-ráthaibh se, mar atáid aois ealadhna, mná, agus leinbh. Agus  p.182 atáid dá chor oile ar a gcuirthí daoine i nÉirinn, mar aon ris 5765 an gcor soin, thuigthear as an rann so: —

  1. Feart aon-doruis d'fhior go n-aoi,
    feart go ndíbh ndoirsibh for mhnaoi;
    fearta gan doirse cheana
    for mhaca, for ingheana,5770 
    cnuic for allmharchaibh ána,
    ocus múir for mhór-phlágha.

As an rann so is iontuigthe nach bíodh acht aon-dorus ar fheart an fhir ealadhna, agus dá dhorus ar fheart na mná, feart na leanbh gan aon-dorus, cnuic for allmharchaibh uaisle, agus cladh-mhúir 5775 for lucht ghalar ngráineamhail. Cor oile ar a gcuirthí iad, mar atá go lia agus go leacht; agus is líonmhar atáid na fearta so i nÉirinn.

15. An cúigeadh goin déag

Gné oile adhnaicthe do bhíodh i nÉirinn ré linn na págántachta, na mairbh do chur 'na seasamh, agus carn criadh agus cloch do thógbháil ós a gcionn go ciorcalda comhchruinn, agus a n-airm 5780 d'adhnacal mar aon riú. Agus is mar sin do hadhnaiceadh mórán d'uaislibh na hÉireann anall-ód, agus go háirithe Mogh Néid, amhail léaghthar i gcath Mhuighe Tualaing ag Dearg Dhamhsa draoi, do-rinne an rann so: —

  1. 5785 Feart Mhogha so ar Maigh Tualaing,
    gona ruibhne ré a ghualainn,
    gona lúirigh luaidheas goil,
    is gona chath-bharr chumhdaigh.

16. An seiseadh goin déag

An ceathramhadh nós déag. Is eadh do-nídís na Críostaidhthe, na mairbh d'adhnacal i gceall-úiribh coisreacdha, do 5790 réir mar léaghthar ag Decre. 13. qu.2. cap. Diocesani. Do-bheir Greaghóir naomhtha freagra ar an gceist úd S. Augustine, agus is eadh adeir, gurab sochrach dona fíréanchaibh bheith adhnaicthe i gceall-úiribh coisreacdha, agus gurab  p.183 dochrach dona droch-dhaoinibh bheith ionnta. Do réir 5795 mar léaghthar ag Decre. 2. p. causa.13. qu.2: Cum gravia peccata. Cum gravia peccata non depremunt, tunc prodest mortuis si in ecclesia sepeliantur, quia eorum proximi, etca. Nam quos peccata gravia depremunt, ad maiorem cumulum damnationis, potius quam ad solutionem, eorum corpora in ecclesiis 5800 ponuntur “an tan nach turnaid peacaidhe troma na mairbh, is tarbhach dhóibh dá n-adhnaicthear san eaglais iad, óir do-bheirid commaoine agus guidhe a gcomharsan mbeó furtacht dóibh. An dream cheana leagthar lé peacaidhibh troma, is mó théid i ndíoth dhóibh agus i ndamain ioná i bhfuasgladh bheith 5805 dá gcorpaibh arna gcur i gceallaibh.” Cuiridh an ghluais atá ar na briathraibh céadna dá réasún síos fá bhfuil sochar dona deagh-dhaoinibh bheith i gceallaibh adhnaicthe. An céid-réasún, ionnus go mbeith díon an naoimh darab cill í orra. An dara réasún, gurab ann is lugha fhéadfaid na deamhain 5810 buaidhreadh do dhéanamh orra.

9. AN NAOMHADH HALT

'na gcuirthear síos annso, an ceaduightheach do neach caoi do dhéanamh i ndiaidh an mhairbh, nó lúth-gháir do bheith air tré bhás duine oile; agus na hadhbhair fá ndleaghair caoi do dhéanamh; agus fós, an ceaduightheach do dhuine a iarraidh ar dhuine oile, do bhiadh ag fagháil bháis, teacht dá thaisbéanadh féin dó d'éis a bháis.

3. An chéad-ghoin

Féadtar a fhiafraighidh annso, an ceaduightheach caoi do dhéanamh i ndiaidh na marbh? Mo fhreagra air sin go bhfuilid dá ghné chaointe ann, mar atá caoineadh measardha agus caoineadh neimhmeasardha. Agus is ceaduightheach do neoch, agus fós atá 5815 sé somholta, caoi do dhéanamh ar an gcéad-mhodh. Agus is uime sin adeir Pól san dara caibidil déag gusna Rómhánchaibh, flete cum flentibus “déanaidh caoi lé lucht an chaointe.” Dá chor i gcéill gurab somholta caoi mheasardha do dhéanamh i ndiaidh  p.184 na marbh. Tig Solamh san .22. caibidil in Ecclo. leis so, 5820 mar a n-abair, modicum plora super mortuum, quoniam requievit “déana beagán caoi ós cionn an mhairbh, do bhríogh gur shuaimhnigh nó gur chumhsanuigh sé.” Tig mar an gcéadna Ieremias san naomhadh caibidil leis aní gcéadna, mar a n-abair, quis dabit capiti meo aquam, et oculis meis, etca. “cia do-bhéara 5825 uisge dom cheann agus tobar déar dom shúilibh? agus caoinfead do ló agus d'oidhche marbhána inghine mo phobail féin” .i. an dream do muirbhfidhe do lucht chathrach Ierusalem. Léaghthar san treas caibidil déag in Genesi gur chaoi Abraham tré bhás a mhná .i. Sara, acht gé do bhí sí .127. mbliadhna d'aois ag fagháil 5830 bháis di. Léaghthar san treas caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh gur ghuil Dáibhídh ag caoineadh Ammon, an tan do thuit sé lé hAbsolon tré éigniughadh a dheirbhsheathar Thamar. Léaghthar mar 5835 an gcéadna san aonmhadh caibidil déag ag Eóin gur ghuil Íosa ós cionn uaighe Lazarus. Léaghthar mar an gcéadna gur ghuil Muire Magdalen ós cionn adhnaicthe Críost. Léaghthar fós go nguileadh S. Ambrós gach a mhionca do-chluineadh bás duine mhaith. Do ghuil fós S. Bearnard ag caoineadh a chommbráthar crábhaidh Hambertus. Do ghuileadar deisgiobail Mhártain naomhtha ar bhfagháil bháis dó. Agus 5840 do ghuileadar deisgiobail S. Doiminic ar bhfagháil bháis dó féin mar an gcéadna.

2. An dara goin

Tuig, a léaghthóir, nach eadh amháin dhleaghair caoi mheasardha do dhéanamh i ndiaidh na ndaoine an tan do-gheibhid bás i bpeacadh mharbhthach; acht fós atáid trí 5845 hadhbhair fá ndlighmíd caoi i ndiaidh na bhfíréan an tan do-gheibhid bás. An céad adhbhar dhíobh, tréna loighead do dhaoinibh maithe fhágbhaid tar an n-éis san tsaoghal. An dara hadhbhar, do dhéanamh truaighe agus comhpáise don tí éagas, d'eagla go mbeith fuidheall péine ré a íoc i bpurgadóir air. An 5850 treas adhbhar, do chaoineadh an anfhorlainn agus an ainiarsma atá i ndiaidh na nádúire daonna, dá dtig gan tearmann do bheith ag aon-duine ón bhás, dá fheabhas nó dá olcas. Gidh eadh, tuig,  p.185 a dhuine, nach dleaghair dhúinn guil ná caoineadh do dhéanamh amhail do-nídís na págánaigh, mar atá ar bhfuilt nó ar bhfionnfadh 5855 do tharraing, nó ar ndealbha do sgrios lénar n-ingnibh, nó ar gcuirp do lot lé harmaibh, nó nuall-ghul ard do dhéanamh amhail chona allta; do bhríogh nach ionann dáil dúinn agus dona págánchaibh, ag nach raibhe súil ris an eiséirghe, ná ré chéile d'fhaigsin go bráth arís; ní hionann agus sinne, agá bhfuil 5860 creideamh Críost. Agus is uime sin adeir Cyprian naomhtha, san leabhar ro sgríobh do dhomharbhthacht na hanma, quos apud Deum vivere dicimus, tanquam perditos lugere non debemus “an dream adeirmíd do mharthain i bhfarradh Dé, ní dleaghair dhúinn a gcaoineadh amhail dhreim do bhiadh arna gcaill.” 5865 Atá Pól ag fíoradh aneithe céadna, do réir mar léaghthar san cheathramhadh caibidil don chéid-Eip. go Thessalonicenses, mar a n-abair, Nolumus vos ignorare, fratres, de dormientibus, ut non contristemini sicut et caeteri qui spem non habent “a bhráithreacha, ní háil linn bhar mbeith ainbhfiosach do thaoibh na marbh, ionnus 5870 nach biadh comhthuirse oraibh mar chách, ag nach bí dóchas a chéile d'fhaigsin i ndiaidh na heiséirghe.” Dá chor i gcéill nach dleaghair dhóibh cumhaidh anorduighthe do bheith orra, amhail do bhíodh ar na págánchaibh, ag nach raibhe súil ré a chéile d'fhaigsin tar éis na beatha so.

3. An treas goin

5875 Tuigthear fírinne aneithe céadna as an naomhadh caibidil déag do Levitico, mar a n-abair Dia, ag teagasg aneithe céadna don chineadh Iúdaidheach, super mortuo non incidetis carnes vestras “ná gearrthar libh bhar gcuirp ós cionn an mhairbh.” Dá chor i gcéill nach dleaghair dona Críostaidhthibh caoi ainmheasardha 5880 do dhéanamh ar mhodh na bpágánach, amhail adubhramar romhainn. Tuigthear fós fírinne aneithe céadna a briathraibh Críost, do réir mar léaghthar san ochtmhadh caibidil ag Lúcás, an tan do-chonnairc sé prionnsa na sionagóige ag caoi go hanorduighthe tré bhás a inghine, is eadh adubhairt, nolite flere, 5885 non est mortua puella, sed dormit “ná déanaidh caoi, ní bhfuair an inghean bás, acht 'na codladh atá sí.” Dá chor i gcéill, go  p.186 fáthach, amhail do bhí i gcinneadh don inghin úd musgladh as an suan 'na raibhe, go bhfuil i gcinneadh dona daoinibh i gcoitchinne musgladh san eiséirghe. Agus dá réir sin, amhail 5890 nár dhligheadar an drong úd caoi ainmheasardha do dhéanamh tré bhás inghine an phrionnsa, agus Críost arna haithbheóadh do láthair, mar an gcéadna ní dhlighid na Críostaidhthe caoi ainmheasardha do dhéanamh i ndiaidh na marbh téid uatha, agus gurab dearbh dhóibh a n-aithbheóadh arís 5895 san eiséirghe.

4. An ceathramhadh goin

Féadtar a fhiafraighidh annso, an ceaduightheach do neoch lúth-gháir do bheith air tré bhás duine oile? Mo fhreagra air, más deagh-dhuine an tí éagas, go bhféadtar lúth-gháir do bheith i ndiaidh a bháis, an mhéid go dtéid sé ar neamh do ghuidhe ar 5900 son na mbeó fhágbhas tar a éis san tsaoghal. Gidh eadh, dleaghair tuirse do bheith 'na dhiaidh, an mhéid go mbíd an dream fhágbhas tar a éis i ngioll a mhaitheasa. Agus is uime sin dobhádar deisgiobail Mhártain naomhtha ag caoi 'na dhiaidh an tan fuair sé bás. Agus madh droch-dhuine do-ghéabhadh 5905 bás, dleaghair lúth-gháir do bheith 'na dhiaidh. Bíodh a fhiadhnaise sin ar aní do-rónsad Clann Israel i ndiaidh Pharao do bháthadh san Muir Ruaidh, amhail léaghthar san chúigeadh caibidil déag in Exodo, mar a n-abraid Clann Israel, cantemus Domino, gloriose enim magnificatus est, equum et ascensorem 5910 proiecit in mare “adhmolmaid an Tighearna, óir do móradh go glórmhar é, do theilg an marcach agus an t-each san muir.” As so is iontuigthe go bhféadann duine lúth-gháir do bheith air tré bhás an droch-dhuine, go háirithe tré bhás an duine bhíos dío-choisge doitheagaisg 'na olcaibh. Léaghthar san chúigeadh 5915 caibidil déag do leabhar Iudith go raibhe lúth-gháir mhór ar lucht chathrach Betulia tré dhícheannadh Holophernes, do bhí i bhfoslongphort réna n-ucht. Léaghthar san cheathramhadh caibidil do leabhar Hester go raibh lúth-gháir ar Chloinn Israel tré chrochadh Aman, dobudh námha dhóibh, san chroich ro 5920 ollmhuigh féin ré Mardocheus do chrochadh. Léaghthar mar an  p.187 gcéadna san chúigeadh caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Machabei, go raibhe lúth-gháir mhór ar Chloinn Israel, mar do thuit Nicanor, dobudh námha dhóibh lé Iudas Machabeus. As gach ní dá ndubhramar is follus go bhféadann 5925 duine lúth-gháir do bheith air tré bhás an droch-dhuine. Gidh eadh, tar a n-abraim, féadaidh duine go somholta doilgheas do bheith air tré bhás an droch-dhuine, an mhéid go dtéid an droch-dhuine a seilbh Dé, agus fós gurab don ainiarsma choitcheann atá i ndiaidh na nádúire daonna tig a dhamnughadh.

5. An cúigeadh goin

5930 Bíodh a fhios agat, a dhuine, go bhfuilid sé hadhbhair fá ndleaghair dhúinn caoi do dhéanamh. An céad-adhbhar, trénar gcoirthibh dísle féin. Agus is uime sin adeir Dáibhídh, exitus aquarum deduxerunt oculi mei, quia non custodivi legem tuam “do threóruigheadar mo shúile triall na n-uisgeadh, tré mar nár 5935 choimhéadas do reacht.” Dá chor i gcéill do rabhadar a shúile 'na dtobraibh ag teibearsain déar 'na srothaibh aidhbhseacha uatha, ag síor-chaoineadh a chean agus a pheacadh féin.

6. An seiseadh goin

An dara hadhbhar, tré bheith dhúinn ar deóraidheacht an domhain se. Agus is uime sin adeir Dáibhídh Rí, heu mihi, quia 5940 incolatus meus prolongatus est “och, is truagh mise, ó tá mo dheóraidheacht agá cor i bhfad.” Dá chor i gcéill gurbh fhada ris féin do bhí sé ar deóraidheacht agus ar díbirt an domhain se, gan triall dá dhúthaigh .i. go flaitheas nDé. Agus mar an gcéadna do dhlighfeadh gach aon caoi agus diombáidh do dhéanamh 5945 tré bheith dhóibh i bhfad ar an saoghal so, agus gan acht proinn-teagh peannaideach, agus féar-bhoth fhulachta, agus árus urchradhach ann. Is iomdha iaramh ard-fhlaith oirdheirc iomráitteach ráinig féige nó fíor-mhullach flaithis an tsaoghail, agus tug meadhar-chuairt mheasgáin mhearbhaill fá dhobhair-cheó ndorcha agus fá 5950 bhreachtradh mbréige na beatha so, dá siabhradh lé saobh-dholbhaibh síthe, agus dá gcor i néall agus i n-anbhfainne tré iomad a n-annsa dhó; agus fós, gurab eadh fuaradar dá chionn, an domhan ag  p.188 diubhragadh a arm n-áith-ghéar go haccaiseach orra, ré triall as an mbeathaidh se, i ndíol gach feadhma dá ndearnsad dó, ionnus 5955 nach bí feidhm atach ná eadarghuidhe do dhéanamh chuige; agus fós nach gabhaid geasa ná gnáith-iarmharta greim dhe, acht é dorrdha do-uraghaill amhail fhear baoise nó buain-ghealtachta, lán do dhásacht agus do dheirg-mhire, ag imirt éigin agus anfhorráin orra, ag buain aisig iomláin díobh sna toirthibh fiadhánta fiathamhla 5960 fuaradar uaidh. Gonadh aire sin adeir file éigin an rann so: —

  1. Dámadh linn buar an bheatha,
    ór agus eich uaibhreacha,5965 
    's gach ní ar domhan budh áil d'fhior,
    folamh ar ndáil fá dheiriodh.

7. An seachtmhadh goin

An treas adhbhar fá ndligheann duine caoi do dhéanamh, d'eagla na péine ifreannda. Agus is é sin tuigthear a briathraibh Ieremias, san chéad-chaibidil do Leabhar na hEólchaire, mar a n-abair, ag labhairt go fáthach ar anam an pheacthaigh, 5970 plorans ploravit in nocte “ar mbeith ag caoi dhi, do chaoi sí san oidhche” .i. san pheacadh. Dá chor i gcéill go ndligheann duine, an tan theagmhas sé i n-oidhche na hurchóide .i. i staid an pheacaidh, caoi do dhéanamh d'eagla na péine ifreannda.

8. An t-ochtmhadh goin

An ceathramhadh hadhbhar fá ndligheann duine caoi do 5975 dhéanamh .i. tré pháis Chríost. Agus is uime sin adeir Dáibhídh Rí, fuerunt mihi lacrimae meae panes die ac nocte, dum dicitur mihi quotidie: Ubi est Deus tuus? “fá hiad mo dhéara fá harána dhamh do ló agus d'oidhche, an tráth adeirthear riom, cáit i bhfuil do Dhia-sa?” Dá chor i gcéill, an tan do-chonnairc sé féin 5980 go réimhfhéagsanach do spioraid fháidheamhail, go raibhe a bhara fá Mhac nDé toidheacht i gcolainn ré bás d'fhulang, agus go mbeidís an cine Iúdaidheach, an mhéid nach creidfeadh do Chríost díobh, agá fhiafraighidh i modh fhochuidbhidh dona hapstalaibh agus dona fíréanchaibh cáit i mbiadh a nDia, go dtigeadh  p.189 5985 dhe sin nach féadadh féin tocht do chur ar a chaoi, tré iomad doilgheasa agus diombáidhe, tré bhás d'imirt ar a Shlánuightheóir féin. Agus mar an gcéadna is indéanta do gach uile Chríostaidhe, ré mbeith ag smuaineadh do pháis Chríost, caoi chroidhe do dhéanamh ar a son. Gidh eadh, fa-ríor, is tearc súil thráightear 5990 tré chaoi ná tré dhoilgheas ar son pháise Chríost. Gonadh uime sin adeir file dh'áirithe, ag casaoid air féin an rann so: —

  1. Níor thuairgeas mh'ucht d'iarraidh maithmhe,
    níor mhúineas damh — dia do chruaidh —
    feacadh mo ghlúin, a Dhé, dhuid-se;5995 
    mo shúil, is lé a huisge uaim.

Gidh eadh, is mór do-bheir Isaias aithbhear dona daoinibh, go fáthach réimhfhéagsanach, tré Chríost do thabhairt i ndearmad, amhail léaghthar san .57. caibidil mar a n-abair, iustus perit, et non est qui recogitet in corde suo “do cailleadh an fíréan, 6000 agus ní fhuil neach d'athsmuainfeadh 'na chroidhe é.” Agus fós atá Dáibhídh Rí san .77. Salm ag déanamh na casaoide céadna ar an druing do-bheir Críost i ndearmad, agus a dhearlaigthe, an tan adeir, obliti sunt benefactorum eius “tugadar i ndearmad a dhearlaigthe.” Dá chor i gcéill nach cumhain ris na coireachaibh 6005 cloch-aigeantacha commaoine Chríost orra, maille réna pháis do chaoineadh ná do chuimhniughadh.

9. An naomhadh goin

An cúigeadh hadhbhar, tré anfhorlann a chomharsan. Óir an tan at-chífeadh duine a chomharsa ag gul nó ag caoi, tré adhbhar iomchubhaidh, is somholta dhó féin comhghul do 6010 dhéanamh ris, do réir Phóil san dara caibidil déag gusna Rómhánchaibh, mar a bhforáileann aní céadna, agá rádh, flete cum flentibus “déanaidh gul ré lucht an ghola.”

10. An deachmhadh goin

An seiseadh hadhbhar fá ndligheann duine gul do dhéanamh, tré iomad fuinn nó mianghusa do bheith ar neach ré dul ar 6015 neamh, is dúthaigh dá gach aon-duine. Óir is follus go mbí  p.190 mian ar gach neach, triall dá dhúthaigh féin, mar thuigthear a briathraibh Óibhid, mar a n-abair —

Nescio qua natale solum dulcedine cunctos ducit, et immemores non sinit esse sui.

6020 “ní feas damh, ar sé, créad an mhilse bhíos san bhfonn ndúthchasa, ag tarraing na n-uile, agus nach léigeann dóibh bheith neamhchuimhneach orra féin.” As na briathraibh se Óibhid is iontuigthe go mbí dúil ag gach neach 'na dhúthaigh féin, agus go mbí súil tar a ais aige ré triall innte as a dheóraidheacht. 6025 Tig Dáibhídh Rí leis aní gcéadna, ag labhairt i bpearsanaibh Chloinne Israel, ar mbeith dhóibh i gcoigcrích san bhroid Bháibhiolónda, mar a n-abair san .136. Salm, super flumina Babylonis, illic sedimus et flevimus, cum recordaremur tui Sion “do shuidhmís ós aibhnibh na Báibhiolóine, agus annsin do 6030 ghuilmís, an tan do chuimhnighmís ort-sa, a Shión.” Dá chor i gcéill, an tan dobhádar Clanna Israel i mbroid Bháibhiolóine, go n-éirghidís amach ar bhruachaibh na na n-innbhear, agus ar tholchaibh uaigneacha na tíre, do dhéanamh doghra agus déar-chaointe, an tan do smuaindís a mbeith i mbroid agus i ndocamhal 6035 na Báibhiolóine; agus fós, an tan do smuaindís ar cheól agus ar chluicheadhaibh agus ar chaitheamh aimsire chathrach Ierusalem, agus ar gach n-aoibhneas agus ar gach n-urgháirdiughadh aigeanta dá mbíodh aca innte, ar iomad a sóidh agus a sádhaile, a mbídh agus a n-éadaigh, a n-óir agus a n-airgid agus a maitheasa ar-cheana. Agus 6040 do bharr ar gach ní oile, is ro-mhór do ghoilleadh orra bheith i n-éagmais theampaill ghlé-mhaisigh ghrianánda Sholaimh 'na gcleachtadaois bheith ag déanamh iodhbarta do Dhia uile-chumhachtach, agus gan aca 'na ionadh soin san bhroid sin na Báibhiolóine, acht bheith dá n-aimhdheóin ag feitheamh ar 6045 iodhbartaibh amhghlana agá ndéanamh do láimh-dhéibh nó do bhréig-dhealbhaibh do réir an ghnáthuighthe geintlidhe. Agus mo thruaighe, ní mó do bhí adhbhar caoi aca-san trés an adhbhar soin ioná an t-adhbhar caoi atá anois ag cineadhaibh bochta na hÉireann, trés an inghreim agus trés an gcoimhéigniughadh atá 6050 agá dhéanamh orra, agá sárughadh ré hiodhbairt luach-mhóir an  p.191 aifrinn do thréigean, ar chommaoin neamhghloin Lúitéir agus Chailbhín, ionnus gomadh fearr dhóibh go mór a mbás ioná a mbeith beó ré faigsin Ierusalem .i. na heagailse arna madhmughadh, agus an phobail arna cheangal i mbroid Bháibhiolónda 6055 na heiriticeachta.

11. An t-aonmhadh goin déag

Ní mó an mian do bhí ar Ionas ré bás d'fhagháil sul do-chífeadh an comhruathar do bhí fá Dhia do thabhairt ar lucht chathrach Ninive, ioná an fonn do dhlighfeadh gach Éireannach do bheith air fá bhás d'fhagháil sul dobhéardaois ar an gcreideamh 6060 gcoitcheann gcian-aosta gCatoileaca, atá i seilbh a sean agus a sinnsear, ó do plannduigheadh lé Pádraig naomhtha é, do dhealughadh riú. Ag so mar adeir Iob san cheathramhadh caibidil, tolle, Domine, animam meam, melior est mihi mors quam vita “tógaibh mh'anam, a Thighearna; is fearr dhamh 6065 bás ioná beatha.” Adeir Elias naomhtha ionnshamhail an chomhráidh chéadna, an tan do bhí an bhainríoghan urchóideach Iesabel ag inghreim air féin agus ar gach n-aon do ghabhadh leis, amhail léaghthar san naomhadh caibidil déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a n-abair, sufficit 6070 mihi, Domine; tolle animam meam “is lór dhamh, a Thighearna; tógaibh mh'anam leat.” Dá chor i gcéill gur mhaith leis bás d'fhagháil sul do-chífeadh na huilc do bhí ag teacht ar chathraigh Ierusalem. Agus tig Tobias ar aní gcéadna san treas caibidil, mar a n-abair, expedit enim mihi mori magis 6075 quam vivere “go dearbhtha is mó is oireamhnaighe dhamh bás d'fhagháil ioná bheith beó.” Dá chor i gcéill gur chomhartha buidheachais do bheith ag Dia air gan é féin do bhreith ar na holcaibh do bhí ag toidheacht ar chathair Ierusalem.

12. An dara goin déag

Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar san cheathramhadh 6080 caibidil in Genesi, mar rug Dia Abel ar a raibhe cion aige leis don tsaoghal, sul dobhéaradh ar na holcaibh táinig 'na dhiaidh. Léaghthar mar an gcéadna san .22. caibidil don cheathramhadh  p.192 leabhar do Leabhraibh na Ríogh gur mhaoidh Dia ar Iosias Rí, i ndíol teampaill Sholaimh do chórughadh agus na ndée 6085 mbodhar mbalbh do chor ar gcúl, ó do bhí a bhara faoi féin díoghaltas do dhéanamh ar Chloinn Israel, go ndiongnadh mar mhaith dhó-san a bhreith don tsaoghal, ionnus nach faicfeadh sé na haidhmillte do-ghéanadh féin ar Chloinn Israel. Ag so cheana briathra an Tighearna ag labhairt ré 6090 Iosias: flevisti coram me, et ego audivi, ait Dominus. Idcirco colligam te ad patres tuos, et colligeris ad sepulcrum tuum in pace, ut non videant oculi tui omnia mala quae inducturus sum super locum istum “do chaoidhis dom láthair, agus do-chualaidh mé thú, ar an Tighearna. Ar an adhbhar soin do-ghéan do chonnlughadh mar aon rét aithreachaibh, agus biaidh tú arnad 6095 chonnlughadh it tomba féin, ionnus nach faicfidís do shúile na huile olca imeórad ar an ionad so.”

13. An treas goin déag

Fa-ríor, is eadh shaoilim nach daoire na dochair do imir Dia, beag nach, ar phobal Israel, ioná an daor-dháil fhuilngeas do 6100 thoidheacht ar phobal imshníomhach Éireann, ionnus go bhféadaid go dlightheach a n-amfhorrán féin d'fhionnachtain, agus a gcomhmbroid do chasaoid ré Dia, amhail do-rinne Dáibhídh Rí anall-ód, ré mbeith don phobal Iúdaidheach fá éagcomhlann. Ag so mar adeir Dáibhídh san .59. Salm, ostendisti populo tuo 6105 dura, potasti nos vino compunctionis “do thaisbéanais daor-dháil dot phobal féin, agus tugais dhigh d'fhíon na comhghoine dhúinn.” Féadaidh gach Catoilice Éireannach a rádh mar an gcéadna, tré bheith fá inghreim éagcoimsigh na n-éagcráibhtheach, ag diúltadh d'fháis-chreideamh fhollásach Cailbhín agus Lúitéir agus lochta a leanamhna. Uime sin is beitte d'Éireannchaibh Dia do ghuidhe, mar aon ris an ríogh-fháidh Dáibhídh, mar a n-abair san .78. Salm, ne memineris iniquitatum nostrarum antiquarum; cito anticipent nos misericordiae tuae, quia pauperes facti sumus nimis “ná cuimhnigh, a Thighearna, ar sean-urchóide; 6115 tigeadh go luath do thrócaire romhainn, óir atámaid arnar ndéanamh go ro-bhocht.” Mar an gcéadna is cóir d'Éireannchaibh  p.193 a rádh, ar aithris an ríogh-fháidh Dháibhídh, do cheisneamh a n-amfhorráin féin ré Dia.

14. An ceathramhadh goin déag

Féadtar a fhiafraighidh annso, an ceaduightheach do dhuine 6120 a iarraidh ar dhuine oile do bhiadh ag fagháil bháis, toidheacht dá thaisbéanadh dhó i ndiaidh an bháis? Do-bheir S. Thomás freagra ar an gceist se san .22. hairteagal don treas Quodlibet, mar a n-abair go bhfuil dá adhbhar fá n-iarrthar ar an marbh é féin do thaisbéanadh i ndiaidh an bháis. An céad-adhbhar, 6125 tré chonntabhairt nó tré amharas do bheith ag duine ar staid na beatha atá ag teacht; agus cibé duine do iarrfadh ar an marbh teacht dá thaisbéanadh féin ar an modh so, is peacadh ro-throm dhó é. An dara hadhbhar, ionnus gurab móide do- ghéantaoi an beó do thoghairm ré guidhe ar an marbh, a fhios 6130 do bheith go cinnte ag an mbeó, créad an staid 'na mbiadh an marbh. Agus atá an modh so somholta, do réir an sgeóil innistear ar S. Thomás agus ar a chommbráthair cuinge agus crábhaidh, darbh ainm Ronán. Is eadh aithristear ann, gur ghealladar ar-aon dá chéile, cibé dhíobh is túsga do-ghéabhadh 6135 bás, toidheacht d'fhoillsiughadh a staide don dara fear. Agus go grod 'na dhiaidh sin fuair Ronán bás; agus i gcionn chúig lá ndéag i ndiaidh a bháis do thaisbéin é féin do S. Thomás, agus do innis dó gurab é féin do bhí ann, agus gurab do chomhall a gheallaimh tháinig. Agus do fhiafruigh S. Thomás de créad 6140 an riocht 'na raibhe. Do fhreagair-sean agus adubhairt go raibhe agá phianadh i bpurgadóir, agus gurab uime do bhí agá phianadh, tré fhaillíth do thabhairt i dtiomna charad dó, do fhágaibh sé ar a iocht. Agus do iarr ar S. Thomás dul do chuartughadh a leabhar, agus go bhfuighbheadh an tiomna ann, agus a chor i 6145 gcrích do réir aigeanta an tí dar thiomna é, agus go bhfóirfidhe é féin a purgadóir amhlaidh sin. Léaghthar ionnshamhail an sgeóil chéadna ar Shéarlas Mhór, rí Frangc, agus ar iarla Carno, do bhí 'na chaoimh-leannán ionmhain aige féin.

 p.194

10. AN DEACHMHADH HALT

'na dtráchtar ar na hocht ngnéithibh prinnsiopálta péine atá i n-ifreann, do réir an Scrioptúra; agus ar na ceithre hadhbharaibh speisialta fá mbí doghra agus doilgheas ar na hanmaibh i n-ifreann.

1. An chéad-ghoin

An chéid-ghné dhíobh, crumha; do réir Isaias san chaibidil 6150 déidheanaigh, mar a n-abair, ag labhairt ar an druing bhíos i n-ifreann, vermis eorum non morietur “ní fhuighbhe a gcruimh súd bás.” Dá chor i gcéill go mbí cruimh an choguais ag creim na hanma do shíor i n-ifreann.

2. An dara goin

An dara gné, teine bhith-bheó; do réir na caibidleach céadna, 6155 mar a n-abair ignis eorum non extinguetur “ní múchfaidhear a dteine súd.” Dá chor i gcéill nach téid traothadh ar an dteinidh bhíos ag céasadh na n-anam do shíor i n-ifreann; agus fós, go mbí an teas bhíos innte comh-foiréigneach agus comh-foirtill sin nach féadfaidhe a mhúchadh. Is córaide a mheas go mbí teine 6160 fhoiréigneach dhomhúchta i n-ifreann, an fábhaill-sgéal léaghthar ag Lúcás san seiseadh caibidil déag, mar a luaittear, ar mbeith don tsaidhbhir shádhail agá iomlosgadh i lasrachaibh luisneamhla ifrinn, gur iarr ar an mbocht darbh ainm Lazarus, ré mbeith i n-ucht Abraham dhó, deór uisge do léigean ara theangaidh; agus 6165 dá léigeadh eas na habhann, ní thiubhradh ionnfhuaradh dhó. Gonadh uime sin adeir file éigin an rann so, ag luadh an fhábhaill-sgeóil chéadna: —

  1. Siris mar athchuinghe air
    braon do bharr mheóir dá mhéaraibh:6170 
    bíodh go ndáilfeadh eas don fhior,
    ní bháidhfeadh teas na teineadh.

Agus fós, amhail adubhramar, do réir Ghreaghóir, ní bhí soillse  p.195 i dteinidh ifrinn acht gé bhíos loisgneach. Gonadh uime sin adeir file éigin an rann so: —

  1. 6175 Gidh teinntidhe, ní teach te,
    teach ifrinn ar a fhuaire:
    a dhorus ar a dhuibhe
    ní solus, gidh sneachtuidhe.
Agus an rann oile se adeir an file céadna: —
  1. 6180 Do-bhéar dhaoibh ré ndol san bheirn
    tuarasgbháil tighe ifeirn:
    all bruach-dhubh roighéar riasgach,
    goibhéal uathmhar il-phiastach.

Tuigthear a briathraibh Chormaic naomhtha chráibhthigh mhic 6185 Cuileannáin an dá ghné phéine do luaidheamar, mar atáid piasta uathmhara agus teine loisgneach do bheith i n-ifreann, do réir mar léaghthar san laoidh darab tosach “Trí fódáin nach seachantar” do-rinne sé agus é ré bruinnibh báis. Ag so mar adeir ag faisnéis ainriochta na n-anam ndamanta bhíos i n-ifreann: —

  1. 6190 Leaca troma teinntidhe
    'gá dtoirneamh go lár;
    piasta ifrinn éidighe
    'gá gcognamh go cnámh.

3. An treas goin

An treas gné phéine; bréantas nó murgughadh, do réir 6195 Dháibhídh, mar a n-abair, ignis et sulfur et spiritus procellarum, pars calicis eorum “is cuid dá gcorn súd teine agus raibh agus séideadh borb-thonn.” Dá chor i gcéill gurab cuid do phéin na n-anam bhíos i n-ifreann na toinn-cheatha bréana briomstóin éirgheas don teinidh ifreannda.

4. An ceathramhadh goin

6200 An ceathramhadh gné phéine, fuacht; do réir Iob san .24. caibidil mar a n-abair, ag labhairt ar na hanmaibh bhíos i  p.196 ifreann, transibunt ab aquis nivium ad calorem nimium “rachaid a huisgeadhaibh sneachta i dteas iomarcach.” Dá chor i gcéill, amhail adubhramair san chéid-leabhar, gurab eadh is ionnfhuaradh 6205 dona hanmaibh bhíos i n-ifreann, malairt na bpian n-éagsamhail imearthar orra, ionnus nach bí acht fuaradh ghiolla an ghabhann aca. Óir is eadh is fuaradh ghiolla an ghabhann, an tan bhíos ag briseadh a chroidhe go beith tuirseach nó sgíothach dhó ag séideadh na mbolg, a chor do thuargain an iarainn; agus an 6210 tan thuirsighthear san urlaidhe é, is éigean dó dul do chasadh na líobhrón go beith cortha dhó; agus an tan traothas an feidhm sin é, filltear ar shéideadh na mbolg arís é; go nach bí d'osadh ná d'ionnfhuaradh aige acht bheith agá mhalairt idir na feadhmaibh sin. Mar an gcéadna don anam thruagh i 6215 n-ifreann. Ní bhí d'osadh ná do shaor-dháil aige acht bheith agá mhalairt idir il-phianaibh éagsamhla. Gonadh uime sin adeir file éigin an rann so: —

  1. Ní féadtar a bhfulang sin,
    sneachta garbh tré ghaoith gheimhridh,6220 
    gríos na huamhadh gach ré n-am
    bhíos 'na fhuaradh don anam.
Agus cidhbé adéaradh nach bí sneachta ná raibh nó a n-ionnshamhla oile dáríribh i n-ifreann, bíodh a fhios aige nach doichreitte a mbeith ann comh-maith agus atá an teine ann. Óir 6225 amhail atá Scrioptúir ré teinidh do bheith ann, atá an Scrioptúir mar an gcéadna ris na neithibh úd oile do bheith ann. Agus ní héigcneasta fós ré a mheas go bhféadfadaois lé hacfuinn fhomósaigh, mar oirnisibh ó Dhia, oibriughadh ar na hanmaibh dá ríribh, amhail oibrigheas uisge an bhaistidhe go fírinneach ar 6230 anmaibh na druinge bhaistear, amhail adubhramar san chéid-leabhar. Gidh eadh, dá dteagmhadh nach beith uisge ná sneachta ná gaoth ná raibh ná a n-ionnshamhla oile, do réir a substainte féin, i n-ifreann, is dearbh go bhfuil geall ris gach ní dhíobh ann ré hil-chéasadh na n-anam. Tig an file 6235 Gaoidhealach ar aní thuas adeir an fáidh, ag labhairt ar theinidh  p.197 agus ar shneachta ifrinn. Ag so mar adeir an file ag labhairt ar aní gceadna:
  1. Atá teine ar nach téid smál6240 
    i mbrugh ifrinn ar adádh:
    sneachta nach sil ré teinidh
    i dtigh leaptha Luiceibhir.

5. An cúigeadh goin

An cúigeadh gné, gorta; do réir mar léaghthar san .65. caibidil ag Isaias, mar a n-abair, servi mei comedent, et vos esurietis “caithfid mh'óglácha-sa biadh, agus biaidh ocras oraibh-se.” Dá 6245 chor i gcéill, an dream bhíos i n-ifreann, go mbíd dá gcéasadh do ghorta, agus nach faghaid biadh ré a fhromhadh. Agus is ag cor aneithe se i gcéill atá aní léaghthar ag Lúcás san seiseadh caibidil déag ar an mbocht darbh ainm Lazarus agus ar an saidhbhir sádhail, mar a n-innistear go raibhe an saidhbhir céadna 6250 comh-mór sin agá chrádh agus agá chéasadh ag an íota do bhí air i n-ifreann, ionnus go raibhe go grod gáibhtheach ag éighmhe ar Lazarus, do bhí i n-ucht Abraham, 'gá iarraidh air deór bheag uisge do léigean do bharr a mheóir chuige ar bharr a theangadh, do thabhairt ionnfhuaraidh dhó ón teasbach tarta 'na raibhe. 6255 Agus ní hiongnadh a mheas go mbí easbaidh bídh ar an druing bhíos i n-ifreann, agus nach bí a bhara fúthaibh éin-ní don fhír-bheathaidh fholláin .i. don ghlóir shíordhaidhe, do bhlas go bráth, ná tré shaoghal na saoghal.

6. An seiseadh goin

An seiseadh gné, an ciorrbhadh agus an crapall agus an cruadh-chuibhreach, 6260 an crochadh agus an céasadh agus an creat-raobadh, an sníomh agus an sústadh agus an slat-bhualadh, an briseadh agus an breódh agus an boirb-leadradh, do-bheirid daosgar-shluagh deamhnaidhe dorrdha dubh-ghnúiseach an diabhail ar na hanmaibh damanta daor-dhálacha dúra domhaiseacha, bhíos agá n-il-phianadh i 6265 n-ifreann. Agus is iontuigthe fírinne aneithe se a briathraibh Mhatha san ochtmhadh caibidil déag, mar a labhrann ar an bpeacthach nach tabhair cúitiughadh san tsaoghal so uaidh, agus  p.198 nach déin réir Dhé ná na gcomharsan ré linn a bheatha. Ag so mar adeir, et iratus dominus eius tradidit eum tortoribus, 6270 quodusque redderet universum debitum “agus ar ngabháil fheirge an tighearna, do thiodhnaic sé é dona céastúnachaibh, go díol a fhiach go hiomlán dó.” Dá chor i gcéill, an mhuinntear théid don tsaoghal sul do-níd lóir-ghníomh 'na n-olcaibh, go dtabhair Dia dá gcéasadh dona deamhnaibh thall iad. Agus an 6275 mhéid bheanas ris an druing do-gheibh bás i bpeacadh mharbhthach agus bhíos damanta i n-ifreann íochtarach go síordhaidhe, ó nach fuil fuasgladh 'na gcionn tré bhiotha síor, bíd gan chrích gan fhoirceann agá gcéasadh, amhail adubhramar.

7. An seachtmhadh goin

An seachtmhadh gné, uathbhás; do réir Iob san deachmhadh 6280 caibidil mar a n-abair, ag labhairt ar ifreann, ubi nullus ordo, sed sempiternus horror inhabitat “áit 'snách fuil ordughadh ar bioth, acht 'na n-áitigheann uathbhás síordhaidhe.” Dá chor i gcéill nach bí modh ná ordughadh dá choimhéad i n-ifreann, agus nach bí cion seoch a chéile i gcomhair aon-duine dá mbí ann, acht 6285 amháin madh iad bhus éadtruime coirthe, bí saor-dháil ag an mac tar an athair, agus ag an inghin tar an mháthair, ag an gcumhail gcoimhdeachta tar an mbainríoghain, agus ag an moghaidh tar an rígh. Agus go bhfios damh, is mór an t-adhbhar uathbháis don druing bhíos i n-ifreann an t-anordughadh sin bhíos orra do 6290 mheas. Gidh eadh, atá adhbhar uathbháis is mó ioná soin i n-ifreann i gcionn gach aoin dá mbí ann, mar atá bheith agá malairt ó ghuais go guais agus ó ghábhadh go gábhadh, gan osadh aon-uaire d'fhagháil, amhail adubhramair.

8. An t-ochtmhadh goin

An t-ochtmhadh gné, dorchadas; do réir Mhatha san .22. 6295 caibidil, mar a labhrann ar an mbreith bheirthear ar an bpeacthach, agá rádh, ligatis manibus et pedibus eius, mittite eum in tenebras exteriores “ar gceangal a lámh agus a chos, cuiridh san dorchadas is foirimeallaighe é.” Dá chor i gcéill go bhfuil dorchadas i n-ifreann atá foirimeallach, amach ó fhlaitheas Dé,  p.199 6300 san áit is foide uaidh don chruinne. Óir tar ceann go bhfuil teas foiréigneach i dteinidh ifrinn, ní fhuil soillse innte, do réir Ghreaghóir in Moralibus, amhail adubhramar thuas, concremationem habet, et non lucem “atá comhlosgadh innte, agus ní fhuil solus.”

6305 Is iomdha gné phéine oile do fhéadfamaois do chur síos, do réir an Scrioptúra, do bheith i n-ifreann, muna mbeith gurab líonmhar ré a n-áireamh iad, agus go gcaithfeamaois an aimsir riú agá bhfaisnéis. Gidh eadh, is iontuigthe géire agus neimhneachas péine ifrinn as an dara comhartha chuireas Matha síos san .22. 6310 caibidil úd, mar a n-abair, ag labhairt ar ifreann, ibi erit fletus et stridor dentium “biaidh annsin caoi agus díosgadh fiacal.” Dá chor i gcéill go mbí do ghéire agus do ghoimh na péine ifreannda gurab éigean dona hanmaibh déar-chaoineadh agus díosgadh fiacal do dhéanamh tré thruime a dtreabhlaide agus a dtinnis ann.

9. An naomhadh goin

6315 Tuig, a dhuine, go bhfuilid cheithre hadhbhair speisialta fá mbí doghra agus doilgheas ar na hanmaibh i n-ifreann. An céad- adhbhar, tré mar chaillid dá n-éis a maoin agus a maitheas ar an saoghal. Óir an tan do-gheibh an peacthach bás, ní fhéadann a bheag nó a mhór dá mhaitheas do bhreith leis go hifreann, 6320 amhail adubhramair thuas. Agus is uime sin adeir Dáibhídh, ag labhairt ar an bpeacthach, cum interierit homo non sumet omnia, neque descendet cum eo gloria eius “an tan do-ghéabhaidh an duine bás, ní bhéaraidh gach éin-ní leis, agus ní thurnfa nó ní rachaidh a ghlóir síos leis.” Dá chor i gcéill gurab éigean don 6325 pheacthach gach ní 'na mbí dúil aige ar an saoghal d'fhágbháil dá éis an tan do-gheibh bás. Tuig, a léaghthóir, gurab mar imdheargadh do-bheir Dáibhídh “duine” d'ainm ar an bpeacthach annso; óir tug Dia “duine” d'ainm ar an diabhal mar iomad iomcháinte air, do bhríogh gur mheas nach raibhe créatúir san 6330 chruinne is measa agus is anuaisle, nó is urchóidighe, ioná an duine, an tan bhíos go holc. Ag so mar adubhairt Críost ris an diabhal, amhail léaghthar san treas caibidil déag ag Matha, inimicus homo hoc fecit “is é an duine easgcáirdeamhail do-rinne  p.200 so.” Dá chor i gcéill gurab é an diabhal do-ní síol-chur ar 6335 na coirthibh i n-aigeantaibh na ndaoine n-urchóideach. Gidh eadh, bíodh a fhios agat go dtabhair Críost “duine” dh'ainm ar Dhia, do réir mar léaghthar ag Matha san .20. caibidil mar a n-abair, simile est regnum caelorum homini patrifamilias “is cosmhail flaitheas Dé ré duine do bhiadh 'na athair mhuinntire.” 6340 Dá chor i gcéill nach fuil ainm ar bioth fá Dhia is onóraighe ré a ghairm ioná an duine, an tan bhíos fíréanda ann féin.

10. An deachmhadh goin

An dara hadhbhar doilgheasa bhíos ag an anam i n-ifreann, tré mar chaitheas an aimsear go héadtarbhach, do réir Ieremias san chéad-chaibidil, mar a n-abair, transiit aestas, et facta est 6345 messis, et non salvati sumus “do-chuaidh an samhradh thorainn, agus do-rinneadh an foghmhar, agus níor fóireadh sinn.” Dá chor i gcéill go dtéid earrach na hóige, agus samhradh na sláinte, agus foghmhar sochrach na soibhéas tharsa, agus nach bí a bheag nó a mhór do lón an ionnracais i n-iothlannaibh aigeanta na n-anam 6350 ndamanta ré hucht gheimhridh an bháis. Agus dá réir sin bí doghra agus doilgheas orra, ag éagcaoine na gorta spioradálta 'na mbíd i n-ifreann, agus fós ag éagcaoine bheith i n-éagmais na beatha suthaine agus ag iomaithbhear orra féin trés an bhfaill tugsad 'na saothrughadh ré linn a mbeatha.

11. An t-aonmhadh goin déag

6355 An treas adhbhar doilgheasa bhíos ag an anam i n-ifreann, tré bheith ar díbirt agus ar deóraidheacht i gcoigcrích ifrinn i gcéin óna chrích bhunaidh agus óna athardha dhílis .i. flaitheas Dé. Agus is uime sin adeirid go hiarghnóitheach accaointeach, do réir mar léaghthar ag Dáibhídh san .136. Salm, mar a n-abair, 6360 quomodo cantabimus canticum Domini in terra aliena “cionnus chanfam duain an Tighearna i dtalamh choigcríche?” Dá chor i gcéill nach bí fonn ceóil ná subhachais ar na hanmaibh i n-ifreann, ar mhéad a ndoilgheasa tré ghéire a bpian, agus fós arna gcur ar athchur agus ar ionnarbadh ann óna dtír dhúthchais agus óna 6365 gcathair chomhnuighthe féin .i. flaitheas Dé.

 p.201

12. An dara goin déag

An ceathramhadh hadhbhar fá mbí doilgheas agus doghra ar na hanmaibh i n-ifreann, tré mhéad an amhgair bhíos orra ann, do réir mar léaghthar ag Isaias san .65. caibidil mar a n-abair Dia ag labhairt ar an druing dhamanta bhíos i n-ifreann, fumus erunt 6370 in furore meo “biaidh siad 'na ndeataigh im fheirg-se.” Dá chor i gcéill go gcoimmeasgann iad idir il-phianaibh ifrinn, amhail do bhiadh doighir dheataigh agá gcommbuaidhreadh iar n-éirghe a smúit-theinidh fhlich dhó.

11. AN T-AONMHADH HALT DÉAG

'na reacthar na teasta uathbhásacha do-bheirid na naomh-aithreacha ar ifreann gona phianaibh.

1. An chéad-ghoin

Ag so mar adeir S. Augustine, ag labhairt ar uathbhás ifrinn, 6375 amhail léaghthar san dara caibidil don leabhar ro sgríobh ar na Trí hÁrusaibh, illic poena horroris, poena foetoris, poena timoris, poena tenebrarum, severitas tortoris, praesentia daemonum, feracitas bestiarum, crudelitas ministrantium, dilaceratio immortalium vermium, dolor sine remedio, vincula sine solutione, mors aeterna, poena sine 6380 fine, absentia Christi, quoad visionem eiuc, quae omnia supradicta superat, et omnibus poenis est intolerabilior “atá annsoin, ar sé, ag labhairt ar ifreann, pian uathbháis, pian bhréantais, pian eagla, pian dorchadais, géar-smacht an chéastúnaigh, aon-láithreachas na ndeamhan, dásacht na mbeathadhach, cruadh-dháil na 6385 n-amhus, raobadh na gcrumh ndomharbhtha, tinneas gan leigheas, géibhinn gan sgaoileadh, bás síordhaidhe, pian gan chrích, éagmais Chríost maille ré gan é d'fhaigsin, ní do sháruigh na huile phiana réamhráitte, agus is dofhuilnge dona huile phianaibh.” As so is iontuigthe éagsamhlacht agus urghráin phian ifrinn. Is 6390 iontuigthe fós as, tar a bhfuil do ghoimh i bpianaibh gníomhacha ifrinn, gurab mó do phéin easbaidh na glóire ioná iad uile. Is uime sin adeir Chrysostomus, san seachtmhadh Homil. déag go  p.202 pobal Antioc: multi inferni ignem timent, sed ego maxime amarum dico amissionem gloriae “bí eagla theine ifrinn ar a lán, gidh 6395 eadh adeirim-se gurab roi-sheirbhe easbaidh na glóire ioná í.” Tig Basilius naomhtha san .26. Homil. leis so, mar a n-abair, intolerabilis res est gehenna, quis nesciat supplicium illud horribile? Tamesti mille alias ponat gehennas, nihil est tale dicturus, quale est a beatae illius gloriae honore propelli, exosum esse Christo, et audire 6400 ab illo, “non novi te” “ní dofhulaing, ar sé, an bhráith-theine, cia dánach feasach an pheannaid uathbhásach úd?” Bíodh go luaidhfeadh neach míle bráith-theine, ní aibeóraidh éin-ní bhus samhail do bheith ruagtha ó onóir na glóire úd, bheith fuathmhar ag Críost, agus a chlos uaidh, “ní aithnim thú.” Is uime 6405 sin adeir Hugo de Sancto Victore san dara leabhar ro sgríobh ar an anam, quis putas tunc moeror erit, quae tristitia, cum separabuntur impii a consortio sanctorum, et a visione Dei, et traditi in potestatem ibunt cum ipsis in ignem aeternum “créad an cantlamh mheasas tú do bheith ann an tráth soin? créad an tuirrse, an tan do-ghéantar 6410 na peacthaigh do dhealughadh ré caidreabh na naomh, agus ré hamharc Dé; agus ar mbeith arna ndáil ar a gcumas, mar rachaid mar aon riú i dteinidh shíordhaidhe.” Gonadh ag tabhairt aneithe céadna dá aire do-rinne an file Gaoidhealach an rann so: —

  1. Atá teine i dtigh na bpeacthach,6415 
    pian gach crithir dá gcuir dhí;
    mairg atá fá theas na teineadh,
    s nach feas cá lá is deireadh dhí.

2. An dara goin

Ag so tuarasgbháil ifrinn agus amarrán na n-anam ann, do réir Cyrillus Alexandrinus, san óraoid do-rinne do thriall na hanma, 6420 mar a n-abair, huc merguntur animae peccatorum in omne aevum crematurae, quem ad modum Iob tradidit, in terram noctis aeternae, ubi non lumen, non mortalibus vita, sed iugis aegritudo, sed maeror incessabilis, sed planctus per noctes: vae illic aeternum: illic heu me: illic ingemiscunt assidue, nec illic miseretur: clamant e profundis, 6425 et nemo flectitur: lamentantur, et nullus eripit, exclamant  p.203 et plangunt, et nemo miseretur “múchtar, ar sé, annsúd anmanna na bpeacthach ré a losgadh tré shaoghal na saoghal, amhail do sheól Iob, i dtalamh na hoidhche síordhaidhe, áit 'snach fuil solus ná beatha dona somharbhthachaibh, acht galar gnáth, 6430 iarghnó gan sgíoth, acht nuall-ghul gach n-oidhche; áit i bhfuil mairg shíor ann; áit i bhfuil monuar, monuar; áit i mbíd ag iachtaigh do ghnáth, agus ní bhí truaighe dhóibh ann; éighmhid as na duibheacánaibh, agus ní fhilltear neach orra; do-níd eólchaire, agus ní fhóireann aoin-neach iad; éighmhid agus caoinid, agus ní ghabhann 6435 truaighe aoin-neach dhóibh.”

3. An treas goin

Ag so mar an gcéadna an teist do-bheir Hugo de Sancto Victore ar ifreann, san .23. caibidil don cheathramhadh leabhar ro sgríobh don anam, infernus lacus est sine mensura, profundus sine fundo, plenus ardore incomparabili, plenus foetore intolerabili, 6440 plenus dolore inenarrabili: ibi miseria, ibi tenebrae, ibi ordo nullus, horror aeternus, ibi nulla spes boni, nulla desperatio mali; omnis qui est in eo, odit se et omnes alios, ibi omnia genera tormentorum, quorum minimum maius est omnibus his tormentis, quaecumque in hoc saeculo fieri possunt “loch, ar sé, ifreann gan tomhas, doimhneas 6445 gan fhorus, lán do theas dochoimmeasta, lán do bhréantas do-fhulaing, lán do thinneas do-inniste: áit 'na bhfuil truaghántacht, áit 'na bhfuil dorchadais, áit 'snach fuil aon-ordughadh, uathbhás síor, áit 's nach fuil aon-mhuinighin mhaitheasa, 'snach fuil aoin-éadóchas uilc, gach aon dá bhfuil ann fuathuighidh é féin agus na 6450 huile oile; ann atáid na huile chinéil phian, agus an phian is ro-lugha dhíobh, is mó ionáid na huile phiana fhéadtar d'imirt ar neach san tsaoghal so.”

4. An ceathramhadh goin

Dá bhfiafraigheadh neach, cia an áit don domhan 'na bhfuil ifreann, ní feas dúinn go cinnte é, do réir S. Augustine san dara 6455 leabhar déag ro sgríobh ar Genesi, mar a n-abair, in qua parte mundi infernus sit, scire neminem arbitror, nisi cui Domini Spiritus revelaverit “measaim nach feas d'aoin-neach cia an rann san  p.204 domhan 'na bhfuil ifreann, muna nochtaidh Spiorad an Tighearna dhó é.” Féach a briathraibh Ghreaghóir naomhtha san .49. 6460 caibidil don naomhadh leabhar ro sgríobh dona Béasaibh, créad an t-ainriocht 'na mbíd anmanna na bpeacthach ndamanta i n-ifreann. Ag so mar adeir, fit miseris mors sine morte, finis sine fine, defectus sine defectu; quia et mors vivit, et finis incipit, et deficere defectus nescit “do-níthear, ar sé, dona truaghánaibh bás 6465 gan éag, críoch gan fhoirceann, uireasbaidh gan easbaidh; óir agus mairidh an bás, agus tionnsgnaidh an chríoch, agus ní heól don uireasbaidh dul ar ceal uatha.”

5. An cúigeadh goin

Tuig, a léaghthóir, go mbí deithbhir idir phianaibh na bpeacthach i n-ifreann, ionnus an tí is truime coire san tsaoghal, 6470 gurab é bhus géire pian thall; do réir Ghreaghóir .4. Dialog., mar a n-abair, unus gehennae ignis credendus est, sed non uno modo omnes cruciat peccatores; unius cuiusque enim quantum exigit culpa, tantum illic sentiet poenam “is inchreidte gurab éin-ghné amháin bhráith-theine bhíos ann, gidh eadh, ní ar aon-mhodh 6475 amháin chéasas sí na peacthaigh; óir do réir thruime choire gach aoin, an truime chéadna phéine mhothóchas ann.” Tig Ephraim leis aní gcéadna san treas caibidil ro sgríobh ar an bhfíor-aithrighe, mar a n-abair, sicut sunt peccatorum differentiae, ita sunt et cruciatuum varietates: aliter enim cruciatur adulter, 6480 aliter fornicator, aliter homicida “amhail, ar sé, atá idirdhealughadh idir na peacadhaibh, is mar sin atá éagsamhlacht na bpian: ar chor oile iomorra chéastar an t-adhaltrach, ar chor oile an táitheach, ar chor oile an dún-mharbhthach.” Tig Greaghóir naomhtha leis so san .47. caibidil don naomhadh leabhar ro 6485 sgríobh dona Béasaibh, mar a n-abair, licet gehenna cunctis una sit, non tamen cunctos una eademque qualitate succendit “bíodh, ar sé, gurab aon- bhráith-theine amháin atá ag na huilibh, más eadh ní ar aon-cháil amháin ionann loisgeas na huile.” As so is iontuigthe nach ionann loisgeas an bhráith-theine na ciontaigh i 6490 n-ifreann, tar ceann gurab ionann an bhráith-theine innte féin do réir a substainte; agus dá réir sin nach ionann truime phian na  p.205 gciontach i n-ifreann, acht an tí is truime peacadh, gurab é is truime pian.

6. An seiseadh goin

Adeir Isidorus san .31. caibidil don chéid-leabhar do sgríobh 6495 don Ard-mhaith, go mbí pian ar leith ar an intinn, agus pian fá leith ar an gcorp. Ag so mar adeir, duplex damnatorum poena est in Gehenna, quorum et mentem urit tristitia, et corpus flamma “atáid, ar sé, dá phéin ar an druing dhamanta san bhráith- theinidh, pian díobh loisgeas an intinn lé toirrse, agus pian oile lé loisgthear 6500 an corp lé lasair.” As so is iontuigthe nach bí saor-dháil i ifreann ag anam an chiontaigh, agus nach biaidh agá chorp an tan roichfeas ann.

7. An seachtmhadh goin

Adeir Scotus san dara ceist don .44. Distinct. ar an gceathramhadh leabhar do Mhaighistir na mBreath, go bpiantar an 6505 t-anam ann féin agus 'na uile bhríoghaibh. Ag so mar adeir, anima in se ipsa et in omnibus facultatibus cruciatur “céastar, ar sé, an t-anam ann féin, agus 'na uile acfuinnibh.” As so is iontuigthe go gcéastar an toil, an tuigse agus an mheabhair. Is cneasta iomorra a mheas go gcéastar an toil, an mhéid go 6510 gcongbhathar uaithe gach ní dá mbeith a dúil, agus go ndáiltear dhí dá haimhdheóin gach ní budh fuath lé. Céastar mar an gcéadna an tuigse, do bhríogh gurab léir dhí gach sochar do chaill sí, agus gach dochar dá mbí dh'áirithe aice. Céastar fós an mheabhair, do bhríogh nach meileann acht míorath na 6515 meanman darab meabhair í. Tuig fós do réir Scotus san áit chéadna go gcéastar an corp mar aon réna chéadfadhaibh, agus an mhéid bheanas ris na céadfadhaibh corpardha. Ag so suidhte fá seach orra. Ar dtús, don amharc, do réir Iob san chúigeadh caibidil mar a labhrann ar an druing ndamanta bhíos i n-ifreann. 6520 Ag so mar adeir, per diem incurrent tenebras “teigéamhaid ar ló i ndorchadasaibh.” Dá chor i gcéill, an dream bhíos i n-ifreann, go mbíd i ndoighir dhorcha agus i ndoilbh-cheó do shíor, ionnus nach faicid ní san bhioth budh solus ná sásadh dá súilibh, ná budh geall ré radharc do bheith aca. Agus dá réir  p.206 6525 sin bí pian ar na súilibh, do bhríogh go gceiltear orra gach ní budh sáimh leó d'fhaigsin, agus gurab éigean dóibh silleadh ar gach ní budh déistineach leó d'fhaigsin. Is i bpearsain an chiontaigh i n-ifreann go fáthach labhras Tobias san chúigeadh caibidil, mar a n-abair, quale gaudium mihi erit qui in tenebris 6530 sedeo, et lumen caeli non video “cionnus bhias, ar sé, lúthgháir oram-sa, atá im shuidhe i ndorchadasaibh, agus nach faicim soillse nimhe?” As na briathraibh se go fáthach is iontuigthe go mbí pian chinnte i gcionn na súl i n-ifreann. Bí fós pian i gcionn na gcluas, do réir Iob san .35. caibidil, mar a n-abair, 6535 clamabunt et ululabunt propter vim bracchii tyrannorum “gáirfid agus liú-ghoilfid tré neart láimhe na n-anfhlaitheadh.” As so is iontuigthe go mbí pian chinnte i gcionn na héisteachta i n-ifreann, an tan at-chluinid gréachadh agus grafainn agus gol-gháire, búdhaire, béiceadh agus bolgfadhach, cneada agus caoi agus caointe, 6540 iachtach agus osnadhach agus éagcaoine na n-anam n-aigmhéil, an tan bhíd 'gá n-éigniughadh lé hil-phianaibh na n-arracht n-ifreannda. Biaidh mar an gcéadna pian chinnte dh'áirithe ag an sróin i n-ifreann, tré bhréantas na n-ablach ndamanta bhíos ann. Agus is ar na hablachaibh se labhras Isaias san 6545 .34. caibidil mar a n-abair, de cadaveribus eorum ascendet foetor “eireóchaidh bréantas dá n-ablachaibh súd.” As so is iontuigthe go mbia bréantas shrón an chiontaigh i n-ifreann.

Biaidh mar an gcéadna an béal 'gá phianadh i n-ifreann, tré 6550 bhlasadh na gorta, mar adeir Dáibhídh Rí san .58. Salm, mar a n-abair, ag labhairt ar an ngorta bhíos ar na ciontachaibh i n-ifreann, famen patientur ut canes “fuileóngfaid ocras mar mhadradha.” Dá chor i gcéill go mbia pian an bhlasaidh ar bhéalaibh na ndamantach tré mhéad a n-airce lé híota agus lé hocras i 6555 n-ifreann.

Biaidh arís pian an tadhaill ar na ciontachaibh i n-ifreann, do réir Mhatha san .25. caibidil mar a n-abair, ite maledicti in ignem aeternum “imthighidh, a dhream mhalluighthe, san teinidh shíordhaidhe.” Dá chor i gcéill go mbia pian tadhaill ar anmannaibh 6560 na gciontach i n-ifreann, maille ré goradh teineadh,  p.207 ré géar-ghoin fhuachta, ré sústadh deamhan, agus ris gach péin oile ó shin amach.

8. An t-ochtmhadh goin

Gá dtám ris, ní héidir léir-mheas do dhéanamh ar aidhbhsighe agus ar éagsamhlacht phian ifrinn. Agus fós, is lór do ghoimh 6565 ionnta nach bí fuaradh ná furtacht, lagadh ná laghdughadh, seitheamh ná socamhal ag neach ionnta. Do réir mar adeir Cyprian naomhtha san leabhar ro sgríobh do Demetrian, mar a n-abair, in inferno nullum est solatium, nulla consolatio, nulla diminutio poenarum “ní fhuil, ar sé, aon-aiteas, aon-chomhfhurtacht, 6570 ná aon-laghdughadh pian i n-ifreann.” Agus fa-ríor gidh doiligh gach díoth, agus gidh adhbhal gach anfhochain dar áirmheas go soiche so, is barr ar gach broid dá mbí ann bioth-bhuaine agus síordhaidheacht na sár-dhochar do luaidheadh linn go ró so do bheith ann. Óir ní théid caitheamh ná críochnughadh ar 6575 phianaibh ifrinn, agus bíd agá n-athnuadhadh do shíor. Do réir mar adeir Bearnard naomhtha san chúigeadh caibidil do leabhar na Naomh-smuaineadh, mar a n-abair, sicut ignis in inferno consumit ut semper reservet, tormenta aguntur ut semper renoventur “amhail, ar sé, chaitheas an teine i n-ifreann, ionnus go ndiongnadh 6580 coigilt do shíor, mar an gcéadna gníomhuighthear na piana ionnus go ndiongantaoi a n-athnuadhadh do shíor.” Do-bheir S. Augustine sompla ar aní se san .23. leabhar do sgríobh ar Fhlaitheas Dé, mar a dtráchtann ar na sléibhtibh atá san Sisilia bhíos ar losgadh do shíor, agus thairis sin bheireas as gan 6585 chaitheamh do dhol ionnta. Mar an gcéadna do bhráith-theine agus do phianaibh ifrinn.

9. An naomhadh goin

Tar gach teist n-adhuathmhair dá dtugamar ar ifreann go soiche so, cuirfeam síos an tuarasgbháil do-bheir Bearnard naomhtha air, do réir mar léaghthar san tseanmóir ro sgríobh ar 6590 an bhfeidhm spioradálta, mar a n-abair, o gehennalis regio fugienda, ubi ignis ardens, frigus urens, vermis immortalis, foetor intolerabilis, mallei percutientes, tenebrae palpabiles, confusio peccatorum, innodatio vinculorum, et horribilis daemonum tremor “ó a fhlaithis  p.208 intseachanta ifrinn, áit 'na bhfuil teine lasamhail, fuacht loisgneach, 6595 cruimh dhomharbhtha, bréantas dofhulaing, uird ag urlaidhe, dorchadas soghlactha, commbuaidhreadh na bpeacthach, snadhmadh na ngéibheann, agus crioth uathbhásach na ndeamhan.” Is iontuigthe as an dtuarasgbháil se do-bheir Bearnard naomhtha ar ifreann gurab adhbhal a ineagluighthe d'árus ré a áitiughadh.

10. An deachmhadh goin

6600 Mo thruaighe, is maolughadh meisnigh, agus is mana mór-chumha, agus is maoithe mheanman, bheith ag machtnadh agus ag midheamhain ar an muinntir misgnigh mór-ghothaigh meisg-bhriathraigh sin, an tan do-bheirid brosgar biodhbhadh do lomradh agus do losgadh lochta an leasa sin Lúicifeir. Áit i mbíd 6605 anmanna amhghlana na bpeacthach ndamanta agus frasa fír-ghéara foghadh ag fearthain orra, agus beara bairr-dhearga bruith-neimhneacha ar bioth-luamhain tríotha, agus cliatha cinn-ghéara crainn-reamhra catha ag cuar-lúbadh ionnta. Iomdha ámh annsin, fa-ríor, féinnidh fras-ghonta, agus curaidh créachtnuighthe, agus 6610 laochraidh láimh-ghearrtha, agus triatha ar tuisleadhaigh, taoisigh throm-ghonta agus máil ar meirtnighe, brughaidh broinn-teasgtha agus foirbhfir fhiair-ghearrtha, buidhne brat-chorcra agus colna cros-bhuailte, cinn go comharthach agus súile saobh-dhalla, beóil ag bán-ghlasadh agus dóide drom-ghonta, bruinne ag bolgfadhaigh agus 6615 cosa ar cam-luamhain, troighthe truaill-ghearrtha agus slaod-óglaoich sínte seac-mharbha! Iomdha ann fós buidhean bhriste bhearnach gan bharánta, agus tréad tuilighthe toll-airbheach gan taoiseach, agus torathar taobh-nocht truaghánta gan treóraighe, agus aicme aigmhéil easbadhach gan aoghaire, agus connlán cneadhach 6620 ceasnaidheach gan chodhnach, agus deibhléan doim dearóil gan díon-athair! Iomdha ann mar an gcéadna amaid arrachta éidigh odhar-ghorm, agus oill- phiast atmhar ainmheach uaith-bhéalta, agus gríobh ghreannach ghob-lom ghearánach, agus badhbh béil-reamhar bhreac-ghlas bhréin-fhiaclach, agus brain-éan bir-ingneach broinn-chiar 6625 bán-shúileach, agus bineach brónach bán-chrothach beag-croidheach, agus glámh garbh-ghothach greadhnach grod-fhoclach! Atáid fós ann dlúimhe donn-ruadha drithleacha ag dearg-losgadh,  p.209 agus searbh-shrotha sriobh-luatha silteacha soghluaiste ag slogadh, agus bloisg-easa beann-gharbha buan-gháibhtheacha borb-thonn ag 6630 báthadh, agus cnoc-thonna crithreacha ciachdha caor-mhongacha ag ciorrbhadh, agus gadáin ghríos-ghortha ghoithneacha ghéir-neimhneacha do chaoraibh trom-aidhbhseacha teineadh ag tolgadh agus ag toghail troch 'gá dtaobh-lot, agus sguaba sgoith-neimhneacha sgealbh-ghaoithe 'gá sgolt-raobadh ó chéile, agus ríogh-ruathar 6635 ro-mhór ruadh-thuile raibhe ag roith-lingeadh orra, agus maidhm-cheatha meabhla agus míorúin dá mear-dhortadh orra, dá múchadh i muirt na míothaom agus na mór-olc soin, maille ré cíocras confadhach cogaidh, agus ré fiuchadh fraoch-aingidh feirge, lán do dhiomdha agus do dhiombloidh, lán do dheabhaidh agus do 6640 dhoghraing, ucht ar ucht ag ionnradh agus ag argain a chéile go hathlamh iomluath, go mbíd taosga taip-dhearga tonn-fhola ag teibearsain agus ag tuitim a taobh-lotaibh na dtroch, ó thairm agus ó thóicheastal throid-mhear thinneasnach na tréan-fhoghla soin. Ionnus go dtig don ghleic agus don ghnáth-spairn 'na mbíd, go 6645 bhfuaduighthear go grian agus go grinneall an ghruaim-thighe sin iad; go bhfásann a ngrúg agus a ngoimh-fhíoch ón ghrod-spairn sin ré chéile, go dtig dhe sin nach bí socht ná seitheamh, treall ná treimhse eatorra, acht iad ag usgardadh agus ag athchor a chéile go bronn-lár nó go bolgán na bruidhne sin; agus teaglaim agus tiomargadh 6650 do dhaosgar-shluagh dheamhnaidhe go dána dulasach, i bhforbhais nó i bhfoslongphort 'na n-ucht, ré foghail agus ré fíor-lot do dhéanamh dhóibh; agus iad do ghnáth ag déanamh foirneirt agus fairbríogha orra anois agus do shíor! Agus mo thruaighe, is adhbhar beadhgtha agus brón-tuirrse inneall agus iostas an áruis ainiarmhartaigh sin; agus dá 6655 mbeith gan éin-ní dar áirmheas-sa do bheith ann, dobudh lór dhóibh do phéin silleadh seirgnidhe siabhartha agus amharc éidigh uathbhásach an aidhbhirseóra do bheith d'anfhochain orra.

Féadtar fós tuille tuarasgbhála do thabhairt ar ifreann, agus a mheas nach fuil ann acht slighe gacha sluaigh, conair gacha catha, 6660 agus raon gacha ruathair, agus tor gacha troda, agus cathair gacha coinbhliochta, agus ionadh gacha hiombuailte, agus longphort gacha ladrainn, agus uaimh il-phiastach gach uaith-bhéaltais, agus ár-mhagh gacha himreasna, agus dúir-theach duaibhseach daor-dhálach gacha  p.210 deamhain. Áit i bhfuil gairbh-eagar glas-odhar gual-aightheach 6665 greannach groid-mhéar gleann-shúileach, agus drong-bhuidhean dhothaimh dhoi-eadrána dhána dhísgir dhúr-chroidheach, lán d'anfadh aigeanta agus do rabharta roi-dhíomais, lán do ruamnadh agus do ruithin-ghríos, lán d'fhíoch agus d'fhearg-luinne, lán do chuthach agus do chonfadh, ag forlosgadh foirne, agus ag trasgairt 6670 troch, agus ag leadradh laoch, agus ag cneas-ghoin churadh, ag marbhadh míleadh, agus ag tolladh taobh, agus ag ciorrbhadh corp, agus ag briocht-sgothadh ball. Áit i bhfuil smúit-cheó agus sméaróide túthmhara teineadh ré tachtadh, agus sgolbh-ghaoth sgoith-ghéar ré sgannradh, agus lanna líomhtha ré leadradh, agus tuagha troma ré 6675 tuargain, agus luaithreadh lasamhail ré losgadh, agus deannghar duibh-dhrithleach ré dian-ghoradh, agus saighde srúibh-ghéara ré sáthadh, agus beara bláith-shliobtha briocht- fhaobhracha ré beó-tholladh bocht-anam ann. Áit i bhfuilid taidhbhseana agus tadhbháis, agus athaide oidhche, agus amaide arrachta, agus marbha meirbh-líthe, 6680 agus fanntaise folt-sgaoilte, agus saobh-choire siabhartha, agus fuatha ar fuaidreadh, agus foiche ar foluamhain, agus iad ag drudadh a ndrannt, agus ag spealadh a splín-chiabh, agus ag saobhadh a sreang-shúl, ag furnaidhe agus ag fíor-thairrngire na n-olc agus na n-easbadh bhíos ré a n-imirt ar an mbróin ngeimhligh ngiall bhíos 'gá 6685 ngroid-phianadh ann.

Iomdha ann fós rioth reann, agus siadhán soighnéan, agus nuall- fhoghar néall, agus foghar-mhuirn agus fothram, agus néall-ghul niatta náimhdidhe, ag rabhadh agus ag réamhfhaisnéis gacha onfaise agus gacha iommbáitte dá mbí ar anmannaibh orchradhacha ann; agus 6690 iad i n-inne aigianta eisinnill an áruis imshníomhaigh sin, dá n-oirleach agus dá n-easargain, lán d'anaoibh intinne agus d'iarghná inmheadhónaigh aigeanta: agus iad daingean dlúith-iatta fá choimhthriall cogaidh, ag rian agus ag ro-thuitim leis an daosgar-shluagh ndísgir ndoichineóil ndeamhnaidhe, bhíos go neartmhar 6695 neimhleasg, gan sgíoth gan tathamh gan tionnabhradh, 'na gcró-bhuaile chumhaing, agus 'na bhfóir neimhnigh námhad 'na dtimcheall, go ndéinid brúireach agus cuar commbuaidheartha cumaisg dhíobh, agus go gcuirid ainn-séin i ndoighir dhorcha dhonn- ruaidh dhubh-lasrach dá n-únfairt agus dá n-iomlosgadh  p.211 6700 iad, go mbí teannáil nó teine dhiadh an toirn teinntidhe sin 'na cearchaill chraobh-lasrach, agus 'na sgeimheal sgeamh-ghoithneach 'na dtimcheall. Gonadh iad is cuisleanna catha, agus is adharca áigh dona hanmannaibh aigmhéile sin an chomhgháir chumaisg chomharc agus chaointe, an ghrafainn agus an 6705 ghairbh-iachtach gháibhtheach ghroid-éigneach chuirid asta, do chasaoid na cruadh-bhroide bhíos orra féin i n-adhbhaidh an-shásta ifrinn. Gonadh ar na hadhbharaibh sin adeir file éigin an rann so: —

  1. Gion go mbeith, ní beag an teidhm,6710 
    fuacht nó teas i dtigh ifeirn,
    glór na ndiabhal is a ndath,
    lór do phianadh na bpeacthach.

11. An t-aonmhadh goin déag

Cuirfeam síos annso a trí nó a ceathair d'áitibh as an Scrioptúir mar chleathaibh ceangail ar an bhfál bhfírinne se do chuireamair 6715 óna naomh-aithribh, do bhréagadh agus do ghabháil na bpeacthach óna míghníomhaibh lé faisnéis na n-olc n-ifreannda dhóibh. Ag so mar adeir Ieremias san naomhadh caibidil, Ecce ego cibabo populum istum absinthio, et potum dabo eis aquam fellis “do-ghéan-sa an pobal úd do bhiathadh lé bormont, agus do-bhéar 6720 deoch dhóibh d'uisge domblais.” Tuigthear fós rann oile do phianaibh ifrinn a briathraibh Isaias san .34. caibidil, mar a n-abair, et convententur torrentes eius in picem, et humus eius in sulphur “fillfidhear a bhuinneadha súd i bpic, agus a thalamh i raibh.” Dá chor i gcéill, na heasa agus na hinnbheara bhíos ag 6725 sileadh agus ag snighe i n-ifreann, go ndéantar a gclaochlódh i bpic tré fhuacht, agus an úir bhíos ann i raibh lé teas na teineadh ifreannda bhíos ag comhlosgadh na n-anam. Tig Solamh leis so san .21. caibidil in Ecclo., mar a n-abair, stupe collecta synagoga peccantium et consummatio illorum flamma ignis “barrach tiomsuighthe 6730 cruinniughadh na bpeacthach, agus lasair theineadh is caitheamh dhóibh.” Dá chor i gcéill nach mó bhíos an barrach abaigh ré fadódh do ghabháil ón teinidh, ioná bhíos anam an pheacthaigh ré hadhnadh lé teinidh ifrinn. Agus fós iar mbráth, an tan  p.212 bhíos an cholann agá coimhphianadh mar aon ris an anam, is 6735 iad na boill fá hoirnise na holcaibh do dhéanamh is mó phianfaidhear, do réir Sholaimh san aonmhadh caibidil déag do leabhar na hEagna, mar a n-abair, per quae peccat quis, per haec et torquetur “na neithe lé bpeacuigheann neach, is leó sin phiantar é.” Ionnus dá dtigeadh don tsúil tú 6740 do dhéanamh uilc san tsaoghal so, budh pian duit an tsúil chéadna thall. Mar an gcéadna don chluais, nó don bhéal, nó dona ballaibh oile ó shoin amach, bíd fá seach go cinnte ag céasadh an chiontaigh i n-ifreann, amhail adubhramar thuas.

12. AN DARA HALT DÉAG

'na gcuirthear i gcéill an sochar 'na dtéid dona daoinibh tuarasgbháil ifrinn agus a phian do chlos; agus an oirchill dhlighid do bheith rompa ré a seachnadh; agus cionnus fhéadtar a seachnadh.

1. An chéad-ghoin

Measaim, a léaghthóir, cibé Críostaidhe caon-dúthrachtach 6745 do-bhéaradh dá aire na guaise réamhráitte reacthar do bheith i bpianaibh ifrinn, go ngéabhadh anbhuain aigeanta agus criothnughadh croidhe é; agus mar gur chuir ar Slánuightheóir milis Iosa allus fola dhe, tré orghráin résan mbás gcorpardha, amhail léaghthar ag Lúcás san .22. caibidil, is mó sa chách dhligheas 6750 an peacthach bocht uamhan agus imeagla do bheith air, iar gclos na nguasacht so atá 'na chionn, agus oireagar innill do chur air féin 'na n-ucht. Cia an duine díchéillidhe dúr-aigeantach nach biadh ar a choimhéad orra agus nach géabhadh gráin rompa iarna gclos? Gonadh uime sin adeir Cassianus in Confess. th. 6755 per .3. Quis egro fidelium haec audiens et talia sciens non contremiscat? Digito ignem modicum tangere horremus, et pedibus coniici? “uime sin, ar sé, cia an Críostaidhe, iar gclos a n-ionnshamhla súd, agus iarna bhfios, nach coimhchrithfeadh? Is déistineach linn 6760 buain ré teinidh mbig lénar méar, agus cionnus nach beimís  p.213 oirmheata trénar dteilgean i slaoid-teinidh, iar mbeith ceangailte dár lámhaibh agus dár gcosaibh!”

2. An dara goin

Is í an ghuais se do-ní Pól do bhagar, amhail léaghthar san deachmhadh caibidil gusna hEabhraidhibh mar a n-abair, horrendum 6765 est incidere in manus Dei viventis “is uathbhásach teagmháil i lámhaibh an Dé bheó.” Uime sin adeir Dáibhídh Rí san dara Salm, servite Domino in timore “déanaidh feidhm don Tighearna i n-eagla.” Dá chor i gcéill, gach foghnamh dá ndéin duine do Dhia, gurab amhlaidh dhligheas a dhéanamh do 6770 dhruim fhaitcheasa.

3. An treas goin

Dá bhfiafruigheadh neach créad as ar dheónuigh Dia na teasta agus na tuarasgbhála urghránna uathbhásacha úd do-bheir an Scrioptúir agus na haithreacha naomhtha ar il-phianaibh ifrinn, is eadh is fáth dhó, do mhusgladh meanman na bpeacthach a 6775 suan seachmaill agus a néall neamhfhaire, ionnus an drong dhíobh nach saothruigheann subháilce ar ghrádh na glóire, go ndiongnadaois a ngníomhughadh d'eagla na bpian úd. Óir amhail do-ní an rí críonna fuireachair, ar mhaith réna ríoghdhacht, do stiúradh a fhlaitheasa go críonna, príosúin nó carcracha do 6780 chor 'na chathrachaibh, agus crocha do chur ar chnocaibh a thíre, do mhúchadh mheirleachais díbhfeargach agus lochta foghluighthe a dhúthaighe, dá gclódh ó chlaonadh nó ó choill a reachta, mar an gcéadna do-ní Dia an uaimh ifreannda gona pianaibh do bhagar ar na peacthachaibh dá n-iomchlódh óna n-olcaibh.

4. An ceathramhadh goin

6785 Léaghthar sompla cosmhail ris so ag Ammianus, san .23. leabhar, ar rígh do bhí ar an bPersia, darbh ainm Cambyses. Dobhí iomorra breitheamh breabóideach, darbh ainm Sisamnes, ag an rígh se, rug claoin-bhreath mar gheall ar chumaoin fuair ó neach don dá rann do bhí i n-imreasan, agus an tan fuair 6790 an rí deimhin air sin, rug breith bháis ar an mbreitheamh, agus  p.214 fós tug fá-deara a chroiceann do bhuain de, agus a chur mar chumhdach ar an gcathaoir bhreitheamhnais 'na gcleachtadh an breitheamh bheith, mar shompla dona breitheamhnaibh oile dothiocfadh 'na dhiaidh, ionnus nach déandaois claonadh an 6795 reachta.

5. An cúigeadh goin

Léaghthar mar an gcéadna ag Diodorus Siculus san chúigeadh leabhar déag, go dtug Artaxerxes, rí na Persia, fá-deara mórán dona huachtaránaibh do bhí faoi féin do chosgairt, agus a gcroicinn do chrochadh ós cionn na cathaoireach 'na 6800 gcleachtaoi leó bheith ag déanamh breitheamhnais, mar shompla don druing tigeadh dá n-éis, dá gcongbháil i n-eagla, dá dtiocfadh iad dá gcoimhéad féin neimhchiontach. Léaghthar san seiseadh caibidil déag do Leabhar na Nuimhreach gur dheónuigh Dia Core Dathan agus Abiron mar aon ré dá fhichid déag oile do shlogadh 6805 san talamh tré shárughadh reachta Dé. Is follus fós as an seachtmhadh caibidil in Genesi gur báthadh an cine daonna uile go haon-ochtar tréna n-olcaibh. Is dearbh mar an gcéadna as an naomhadh caibidil déag in Genesi gur sloigeadh líon Sodoma agus Gomorra go lucht chúig gcathrach san talmhain, tré 6810 fheirg nDé do thuilleamh.

6. An seiseadh goin

Is do theagasg na ndaoine, agá fhoráileamh orra marthain i n-eagla Dé, atá aní léaghthar ag Matha san deachmhadh caibidil mar a n-abair, nolite timere eos qui occidunt corpus, animam autem non possunt occidere, sed potius timete eum, qui potest et animam et 6815 corpus mittere in gehennam “ná bíodh eagla oraibh rés an druing mharbhas an corp, óir ní fhéadaid an t-anam do mharbhadh, acht bíodh eagla oraibh rés an tí fhéadas an t-anam agus an corp do chor san bhráith-theinidh.” As so is iontuigthe go ndleaghair dhúinn eagla Dé do bheith orainn tar omhan chréatúra san 6820 gcruinne.

7. An seachtmhadh goin

Is ag foráileamh eagla Dé do bheith orainn atá aní léaghthar ag Plutarchus, in Opusculis, ar Romulus, an céid-phrionnsa lér  p.215 tógbhadh an Róimh. Is eadh iomorra do-rinne, a láimh-dhée do dhéanamh armtha, do choimhéad luchta a n-adhartha i 6825 n-eagla. Mar an gcéadna ní háil ré Dia gan é féin do thaisbéanadh armtha maille ré sgiúrsadhaibh sgoith-ghéara phian ifrinn do bhagar ar na daoinibh, dá gcongbháil fá chuing umhlachta agus óigh-réire dhó féin. Óir ní fhuil sás na n-ainmhianach do chosg dá gcoirthibh is mó ioná uathbhás na n-il-phian do bhagar orra.

8. An t-ochtmhadh goin

6830 Tig leis so an fábhaill-sgéal léaghthar ag Lúcás san seiseadh caibidil déag, mar a n-iarann an saidhbhir sádhail, agus é i n-ifreann, ar Abraham, an bocht Lazarus do chur lé rabhadh go teach a athar féin, do thabhairt teasta agus tuarasgbhála ifrinn dá bhráithribh, dá gcor ar a gcoimhéad. Ag so briathra an tsaidhbhir ré Abraham, 6835 rogo te, pater, ut mittas eum in domum patris mei; habeo enim quinque fratres, ut testetur illis ne et ipsi veniant in hunc locum tormentorum “guidhim thú, a athair, ar sé, go gcuirtheá é sin go teach mh'athar féin; óir atáid cúigear dearbhráthar agam, go dtugadh tuarasgbháil dóibh, ionnus nach tiocfadaois sin gus an ionadh so na bpian.” 6840 As so is iontuigthe gurab mór an sás duine do chongbháil ón olc, na piana ifreannda, is sgiúrsadha ag Dia ré smachtughadh na bpeacthach, do bhagar air.

9. An naomhadh goin

Tig S. Bearnard leis so in Floribus, mar a n-abair, et sane si amor Dei te tenere non potest, saltemm teneat et terreat timor iudicii, 6845 metus gehennae, laquei mortis, dolores inferni, ignis urens, vermis corrodens, sulphur foetens, torrens flamma, et omnia mala tartaria “agus go dearbh, ar sé, muna fhéada grádh Dé do chongbháil, go háirithe congbhadh agus orghráineadh uamhan an bhreitheamhnais, eagla na bráith-theine, gaisteadha an bháis, tinnis ifrinn, teine 6850 ag losgadh, cruimh ag coimhchreim, raibh ag bréanadh, buinne lasrach, agus na huile olca ifreannda thú.” As so is iontuigthe gurab ursa chongbhála ré cathughadh ris na holcaibh, smuaineadh ar na críochaibh guasachtacha atá i gcionn an duine.

 p.216

10. An deachmhadh goin

Is uime sin atá Dia ag ordughadh go mbiadh cuimhne ag na 6855 daoinibh ar a gcríochaibh déidheancha, amhail léaghthar san .32. caibidil ag Deut., mar a n-abair, ag labhairt ar na peacthachaibh, utinam saperent et intelligerent, ac novissima providerent “dob fhearr liom go n-eagnuighidís agus go dtuigdís, agus go n-oirchilltí leó a neithe roi-dhéidheancha.” Dá chor i gcéill gomadh mian 6860 leis na daoine do chuimhniughadh ar na críochaibh guasachtacha atá rompa, mar atá an bás, breitheamhnas, agus piana ifrinn agus tréigean na glóire. Uime sin atá Bearnard naomhtha san seiseadh caibidil do leabhar a Naomh-smuaineadh ag teagasg an pheacthaigh, agus agá sheóladh dhó cionnus do fhéadfadh é 6865 féin do dhídean ar na guaisibh réamhráitte. Ag so mar adeir, antequam puteus te absorbeat, poenitere; priusquam infernus te rapiat, peccata tua luge; priusquam in profundum inferni mergaris, negligentias tuas plange, ubi iam non est locus confessionis. Quare? Quia in inferno nulla est redemptio “sul 6870 shloigfeas an churr thú, déana aithrighe; sul fhuaideóchas ifreann tú, caoi do cheana; sul bháidhfidhear i bhfodhomhain ifrinn tú, caoin do sheachmaill: áit anois 'snach fuil ionadh maithmheachais, áit 'snach fuil anois ionadh subhachais, mar nach fuil cead aithrighe; áit 'snach fuil anois cead leasuighthe, 6875 áit 'snach fuil anois ionadh faoisidneach. Créad an t-adhbhar? Do bhríogh nach fuil aon-fhuasgladh i n-ifreann.”

11. An t-aonmhadh goin déag

A chara ionmhain, is córaide dhúinn teagasg S. Bearnard do ghabháil annso, gurab eadh iarras féin ar Dhia, cabhair do thabhairt dó, ré bhféadfadh na baoghail chéadna do sheachnadh. 6880 Ag so mar adeir san chúigeadh caibidil do leabhar a Naomh- smuaineadh, subveni mihi, Deus meus, priusquam ad tormenta perveniam, priusquam me devoret ignis gehennae, priusquam sine termino crucier in inferno “a Dhé, cabhair mé, sul roichfead gusna pianaibh, sul shloigfeas teine an bhrátha mé, sul chéasfaidhear 6885 gan chrích i n-ifreann mé, agus sul thiocfar i ndáil na bpian.” Atá S. Augustine ag teagasg aneithe céadna dhúinn, agus agá sheóladh  p.217 dhúinn cionnus chuirfeam inneall orainn féin ré hucht na nguasacht réamhráitte. Ag so mar adeir, san leabhar ro sgríobh ar an gCreideamh go Peadar, tempus acquirendi vitam aeternam Deus 6890 hominibus dedit, ubi voluit etiam poenitentiam esse fructuosam “san bheathaidh se amháin do dháil Dia dona daoinibh aimsear ghreamuighthe na beatha síordhaidhe, áit 'nar toil leis mar an gcéadna an aithrighe do bheith toirtheach.” As na briathraibh se is iontuigthe gurab í an fhíor-aithrighe is comhla agus is cliath 6895 chosnaimh ag na daoinibh, ré hiad féin do chaomhnadh ar il- phianaibh ifrinn. Agus ná measadh aoin-neach go bhfuil ar a chumas féin fíor-aithrighe do dhéanamh go mbuaileann an Spiorad Naomh béim fleisge ré fardorus ar chomhlaidh a choguais, lé grásaibh forfhógarthacha mhusglas an mheanma ré 6900 cais-iompódh ar a Chruthuightheóir agus ré tréigean na n-olc. Gidh eadh, tugadh an duine dá aire go mbí go meinic aithrighe fhallsa fhollásach ann, amhail do bhí ag Antiochus, agus nach gabhann Dia a samhail sin mar dhíol ón pheacthach. Óir, mar nach gabhthar an monadh fallsa i ndíol na bhfiach bhíos ar neach, do réir Ulpianus 6905 .5. de Pignor .Action., mar an gcéadna ní ghabhann Dia an bhréag- aithrighe ón pheacthach i ndíol na n-olc do-rinne. Och, a dhuine thruaigh, cia an croidhe clochdha nach beadhgfadh iar meas gach mór-ghábhaidh dá bhfuil rés an bpeacthach, ré triall go hainriochtach a staid na beatha so don fhlaitheas neamhdha?

12. An dara goin déag

6910 Is saobh an seachrán don pheacthach shaoileas é féin do thriall go saor-dhálach ar neamh tré shádhaile agus tré shaidhbhreasaibh, agus gan duadh ná docamhal d'fhulang do thuar ná do thuilleamh an fhlaithis neamhdha; agus a mhionca fá héigean dona naomhaibh agus dona fíréanchaibh ulc agus amfhorrán, broid agus 6915 bochtacht, díbirt agus deóraidheacht, fuacht agus íota agus ocras, agus il-iomad anfhorlann oile d'fhulang do cheannach nimhe dhóibh féin! Agus is ag meas aneithe céadna do Ghreaghóir naomhtha i Homilia dh'áirithe, mar a n-abair, cum recognosco Iob in sterquilinio, Ioannem esurientem in eremo, Petrum extentum in patibulo, 6920 Iacobum decollatum ab Herode gladio, cogito qualiter Deus in  p.218 futuro cruciabit quos reprobat, quia ita dure affigit quos amat “an uair mheasaim (ar sé) Iob san charn aoiligh, Eóin ocrach ar an bhfásach, Peadar sínte ar an gcroich, Séamus dícheannta ó Ioruaith lé cloidheamh, smuainim cionnus chéasfas Dia san aimsir 6925 atá ré teacht an dream is fuathmhar leis, mar go mbuaidhearthar leis comh-dúr soin an dream is ionmhain leis.” As so is iontuigthe nach suarrach saor-dhálach an ceannach is éigean do neach do thabhairt ar fhlaitheas Dé; ní hionann agus mar mheasaid na heiriceadha, nó mar do shaoil máthair chloinne Zebedaeus, 6930 amhail léaghthar ag Matha san .20. caibidil. Gidh eadh, tuigthear a briathraibh Críost san chaibidil chéadna nach gan ulc do-geibhthear neamh; mar do fhiafruigh do chloinn Zebedaeus an bhféadfadaois corn na páise d'ól mar aon ris féin. Ionann sin ré a rádh agus go raibhe d'fhiachaibh orra duadh 6935 d'fhulang ré flaitheas Dé do thuar dhóibh féin. Agus is iontuigthe as sin go bhfuil d'fhiachaibh ar gach n-aon saothrughadh ré flaitheas Dé do ghreamughadh. Do bhríogh a ndubhramar, a dhuine, treabh go tarbhach branar samhraidh na subháilceadh, agus déana foirse fíréanda faoisidneach ar ithir th'anama, agus tabhair 6940 ucht ar ar na haithrighe; ionnus go mbiadh airmnighe ionnracais it chomhair san iothlainn aingealda úd na cathrach neamhdha, mar lón shíordhaidhe réd chothughadh féin tré shaoghal na saoghal.

13. AN TREAS HALT DÉAG

'na gcuirthear i gcéill cia na ladrainn nó na díbhfeargaigh bhíos i gceilg rés an nduine, agá thoirmeasg ó thriall ar neamh; agus cionnus fhéadas é féin d'imdhídean orra agus lingeadh tharsa go neamh.

1. An chéad-ghoin

Tuig, a dhuine, ó tá an bealach baoghail se rés na daoinibh 6945 eatorra agus rochtain ar neamh, nach foláir dhuit inneall do chor ort féin, ré haistear aireach do dhéanamh go neamh. Déana ar dtús comhairle Phóil, san treas caibidil go Colo., mar a n-abair, exspoliantes vos veterem homine induite novum “iar mbuain an  p.219 tseanduine dhíbh féin, gabhaidh nua-dhuine umaibh.” Ionann 6950 sin ré a rádh agus iar sgrios aibíde aosta athchaitte na hurchóide dhíbh, gabhaidh nua-bhrat niamhdha na neimhchionta ón aithrighe umaibh, ó's é is éadtroma ré haistear do dhéanamh faoi go flaitheas Dé. Agus is dá thuar so atá aní léaghthar in Exodo san aonmhadh caibidil déag, mar a bhforáileann Dia ar 6955 Chloinn Israel gach gustal trom dá raibhe aca do mhalairt ar ghréithibh geanamhla, agus as aisgeadhaibh uaisle éadtroma óir agus airgid ré hucht a n-imtheachta; agus fós, éadaighe úra éadtroma do chur iompa, agus a n-éadaighe arsanta d'fhágbháil ar mbeith ainiomchubhaidh ré haistear ná ré himtheacht do dhéanamh 6960 ionnta. Mar an gcéadna dhligheas an duine do dhéanamh ré mbeith ar tí imirce do dhéanamh a hÉigipt na hurchóide, truis trom an pheacaidh do mhalairt ar ghréithibh geanamhla na glan-dúthrachta, agus ceirte críona na coire do mhalairt ar aibídibh áilne ionaonaigh an ionnracais, mar atá bochtacht 6965 toileamhail i n-áit na sainnte, umhlacht ar son an uabhair, grádh ar son an fhuatha, óigh-réir ar son an fhoiréigin, geanmnaidheacht ar son na drúise, fírinne i n-áit na bréige, díoghrais ar son doimhéine, agus mar sin ó shin amach. Gidh eadh, bíd daoine dall-chroidheacha ann, chuireas rompa a gcleath do 6970 chor i dtalamh san bheathaidh se, agus luigheas ar an loise laomdha éirgheas leó san saoghal so, agus leathas iad féin orra agá n-ól go híotmhar anabaigh.

2. An dara goin

Is i bhfioghair na druinge sin atá aní léaghthar san seachtmhadh caibidil do leabhar Iudicum, mar do-rinne an caiptín Gedeon, ré 6975 hucht dulta ar siubhal sluaigh, fromhadh ar a laochraidh. Ar mbeith iomorra ag triall tar abhainn d'áirithe, tug dá aire an sluagh ag ól uisge, agus gach aon díobh do léigeadh a bhruinne ré lár, agus do chuireadh a bhéal ar an mbuinne dá ól, do thilleadh don bhaile iad, arna mheas dá bhíthin sin nach rabhadar infheadhma; 6980 agus gach aoin oile nach cuireadh acht a dhearna fán uisge dá ól, rug leis san eachtra é. Mar an gcéadna do-ní Gedeon mór, ar dTighearna Íosa Críost. Cuiridh a tuarastal an drong leathas  p.220 iad féin ar shaidhbhreasaibh, agus bhíos go híotmhar agá n-onfais féin ionnta. Acht cheana, an dream nach déin acht bas do 6985 thabhairt fá bhréagánaibh an tsaoghail, agus nach beanann acht a riachtanas asta, do-bheir Dia tuilleamh agus tuarastal dóibh, agus léigidh ar a shluagh go neamh iad. Agus tuigthear a briathraibh Seneca an dochar thig d'iomad neithe san bhioth, mar a n-abair, in Epist .48. ad Lucillum: et omnia quae supersunt, 6990 nocent; segetem nimia sternit ubertas, rami onere franguntur, ad maturitatem non pervenit nimia fecunditas “na huile neithe bhíos iomarcach, do-níd dochar. Leagaidh iomad toirtheamhlachta an gort. Bristear na géaga ón trom-thoradh. Aní bhíos ro-thoirtheamhail, ní thig i n-aibigheacht.”

3. An treas goin

6995 Is córaide iomorra don duine gan iocht do bheith aige as na heasgcáirdibh se ré mbí a roinn, mar atá an diabhal agus an saoghal agus an cholann, gurab anfhlatha éigneacha iad ré foghail agus ré fíor-lot do dhéanamh dhó. Do réir Michaeas san treas caibidil, mar a n-abair, comederunt carnem populi mei, et pellem 7000 eorum desuper excoriaverunt “do itheadar feóil mo phobail féin, agus do bheanadar a chroiceann buin-sgionn de.” Dá chor i gcéill go mbíd na hanfhlaithe úd ag creim agus ag créachtnughadh an duine, agus ag buain tlaicht taitneamhaigh na ngrás de lé cloidheamh na coire. Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar 7005 san chúigeadh caibidil dona Cainticibh, mar a bhfuil anam an pheacthaigh ag éagcaoine a amarráin féin ré Dia, agus ag iomchasaoid ar an hanfhlaithibh úd. Ag so mar adeir, invenerunt me custodes qui circumeunt civitatem; percusserunt me: tulerunt pallium meum custodes murorum “fuaradar an fhorfhaire mé, 7010 bhíos ag gabháil timcheall na cathrach; agus do bhuaileadar mé, agus rugadar lucht forchoimhéada na múr mo mhatal leó.” As na briathraibh se is iontuigthe gurab amhlaidh bhíd na hanfhlaithe úd ag taisteal mar lucht braith timcheall an duine, dá fhéachain an bhfuighdís éislinn nó éadaingean air, ré dol 'na sheilbh 7015 go sáruightheach, agus ré hargain do dhéanamh air. Agus go háirithe ní bhí socht ná seitheamh ar an aidhbhirseóir do shíor,  p.221 acht ag gabháil timcheall an duine, agá fhoráileamh air olc do dhéanamh, do réir Pheadair san chúigeadh caibidil don chéid- Eipistil, mar a n-abair ris na daoinibh iad féin d'iongabháil ar aimsighthibh an aidhbhirseóra, fratres, sobrii estote et vigilate, 7020 quia adversarius vester diabolus tanquam leo rugiens circuit, quaerens quem devoret “a bhráithre, bíthe measardha, agus déanaidh faire; óir atá bhar n-easgcara an diabhal ag gabháil timcheall, amhail leómhan chonfadhach, ag iarraidh an tí do chraos-shloigfeadh 7025 sé.” As so is iontuigthe go mbí an diabhal do ghnáth ar foluamhain ag forfhaire, mar aon réna dhaosgar-shluagh, i n-oirchill ar an duine is gach aon áit, ré díoth do dhéanamh dhó. Gidh eadh, ní bhí cur ná cumas aige ar neach, acht an tí cheanglas rann ris, agus téid i meirleachas ar Dhia, 7030 maille ré caisléan an choguais do thabhairt 'na sheilbh do dhruim aontuighthe don olc, agus maille ré cuid dá dhroich-éadáil do ghlacadh uaidh, mar atáid na droch-smuaintighthe fhoráileas ar an duine, agus ghabhas greim dá chroidhe. Óir, amhail is meirleachas do neach éadáil mheirligh do ghlacadh, mar an 7035 gcéadna is meirleachas do láthair Dhé sealbh na bpeacadh marbhthach do ghlacadh ar fhoráileamh an mheirligh úd .i. an diabhal.

4. An ceathramhadh goin

Dá dteagmhadh dhuit, a dhuine, bheith i seilbh na bpeacadh soin, is eadh dhleaghair dhuit, a gcur as do sheilbh, ar eagla 7040 go dtiocfadh feadhmannach fír-chinnte Dé .i. an bás, go bhfuighbheadh sé i nglacadh agat iad, agus go dtiocfadh dhe sin t'fhagháil chiontach i sárughadh an dlighidh. Agus is do theagasg an duine go fáthach atá an chomhairle thug Iacob naomhtha dá mhuinntir, do réir mar léaghthar san .35. caibidil in Genesi, mar a n-abair, 7045 abiicite deos alienos qui in medio vestri sunt, et mundamini, et mutate vestimenta vestra “teilgthear libh uaibh na dée comhaightheacha atá in bhar measg, agus glantar sibh, agus déanaidh malairt ar bhar n-éadach.” An réim céadna is cóir dona daoinibh i gcoitchinne do choimhéad, mar atá láimh-dhée Lúicifeir .i. na 7050 peacaidhe marbhthacha do ruagadh agus do sgrios a hárusaibh na hanma, agus iad féin d'fhothragadh agus d'ionnladh a tobar fhionnfhuar  p.222 fhíor-uisge na haithrighe; agus críon-bhrat na coire, bhíos 'na theimheal truaillidhe ar an anam, do sgrios de, agus glan- mhatal glé-mhaiseach na ngrás do ghabháil uime 'na ionadh soin. 7055 Ionann sin ré a rádh, agus na dubháilce agus na doibhéasa do thréigean, mar atá an craos do thréigean ar mheasardhacht, agus an mheabhail ar dheigh-mhéin, amhail adubhramar thuas.

5. An cúigeadh goin

Is córaide dhúinn sin do dhéanamh, aní léaghthar ag S. Augustine in Sermone S.Vincentii, mar a n-abair, duplicem aciem 7060 producit mundus contra milites Christi: blanditur enim ut decipiat, aut terret ut frangat “do-ní an domhan dá rinn d'inneall i n-aghaidh dhíolmhaineach Chríost: óir do-ní sáimh-chealgadh dá mealladh, nó cuiridh uathbhás orra do bhriseadh dhíobh.” Tig Solamh leis aní gcéadna san chúigeadh caibidil do Leabhar na 7065 hEagna, mar a n-abair, spes impii tanquam fumus qui a vento diffusus est, et tanquam memoria hospitis unius diei praetereuntis “dóchas an pheacthaigh amhail deataigh sgaipthear lé gaoith, agus amhail chuimhne aoighidh aon-laoi amháin ag triall.” Dá chor i gcéill nach fuil do thádhbhacht i ré an pheacthaigh ar an 7070 saoghal so, ar a dhiombuaine, acht mar an deataigh téid ar ceal do láthair, nó mar chuairt deóradh nach anfadh acht feadh laoi, agus gan a bhara faoi tilleadh go bráth arís. Is é aní céadna thug ar Esau a oighreacht do reic ar chorn bhracháin, do réir mar léaghthar san chúigeadh caibidil fichead in Genesi, mar a n-abair, 7075 en morior, quid mihi proderunt primogenita “féach, atáim ag fagháil bháis, créad an sochar do- ghéanadh mh'oighreachta dhamh?” Mar sin, an tan do bhí i nguais bháis ón tart, do mheas nach raibhe tarbha dhó féin sna sealbhaibh saoghalta do bhí 'na chomhair, agus rug an corn bracháin do roghain tar na hoighreachtaibh 7080 do bhí 'na chomhair. Agus mar gur thréig sé na hoighreachta do bhí 'na chomhair, do sheachna an bháis chorpardha, is mó sa chách dhleaghair dhúinne bréagáin bheaga shoghluaiste an tsaoghail se do thréigean, d'eagla bháis na hanma do theacht díobh. Mar sin do thoicce an tsaoghail, 7085 do réir Cicero, de Amicitia, mar a n-abair, fortuna tanquam  p.223 medicus ignarus multos excaecavit “do mheall an fhortúin amhail liaigh ainbhfeasach an iomad.” Agus is maith do thuig an págánach an dalladh do-bheir an saidhbhreas saoghalta ar na daoinibh. Is meas iomorra dhuine chraosaigh is cóir do bheith 7090 ar an tí bhíos ag caitheamh fleidhe, agus líonas é féin don ghairbh-bhiadh do-níthear do fhreastal ar dtús air, agus nach fágbhann slighe an mheasraidh folamh dá bhroinn. Mar sin do lucht na sainnte. Is meas craosaigh is cóir do bheith ar an tí nach fágbhann folamh cuid dá chroidhe, go bhfuighbheadh an bheatha 7095 shíor slighe ann. Uime sin ní cneasta don tí gusa roicheann saidhbhreas, a chroidhe do líonadh dhe, gan tslighidh d'fhágbháil folamh 'na chroidhe 'na dtuillfeadh grás Dé.

6. An seiseadh goin

Is córaide sin do dhéanamh, an teagasg do-bheir Dáibhídh Rí san .61. Salm mar a n-abair, divitiae si affluant, nolite cor 7100 apponere “dá raibhe saidhbhris ag lingeadh chugaibh, ná cuiridh bhar gcroidhe ionnta.” Ionann sin ré a rádh agus nach cóir dona daoinibh dá dtabhair Dia saidhbhris, bheith airceasach 'na dtimcheall, dá gcor i sochar leith-leasach dhóibh féin, acht a mheas nach fuil acht reachtas nó stíobhardacht aca ré a dhéanamh 7105 orra, agus a riachtanas féin do bhuain asta, agus a mbeith tar a riachtanas do roinn ré bochtaibh agus ré deibhléanaibh Dé. Tuigthear so a briathraibh Basilius naomhtha san oraoid do sgríobh gus na toictheachaibh, mar a n-abair, ag labhairt ris an saidhbhir, nonne spoliator es, qui quae dispensanda accepisti propria reputas 7110 “an é nach foghlaighe thusa, shaoileas gurab sealbh dhíleas duit féin na neithe fuarais ré stíobhardacht do dhéanamh orra?” As na briathraibh se is iontuigthe nach fuil acht coillidhe nó creachaire san toictheach choigleas a mhaoine 'na chomhair féin amháin, agus nach roinneann ris an mbocht iad.

7. An seachtmhadh goin

7115 Tuigthear aní céadna a briathraibh S. Bearnard, ag sgríobhadh go haird-easbog Senion, mar a n-abair, nostrum est (pauperes clamant) quod effunditis: nobis crudeliter subtrahitur quod vos  p.224 inaniter expenditis “aní diombailtear libh, is linne é, atáid na boicht ag éighmhe: is dínne bheantar go cruadhálach gach a 7120 gcaittear libh-se go díomhaoin.” Atá an doctúir ainglidhe Naomh-Thomás, san seachtmhadh hairteagal don .66. ceist don dara mír don dara rann dá Dhiadhacht, ag teacht leis aní thuas. Ag so mar adeir, res quas aliqui superabundanter habent, ex naturali iure debentur pauperum sustentationi “na neithe bhíos iomarcach 7125 ag neach, do dhlighe na nádúire dleaghair a gcor do chothughadh na mbocht.” Agus is uime so atá Críost ag teagasg na ndaoine do thaoibh aneithe céadna, do réir Lúcáis san seiseadh caibidil déag mar a n-abair, facite vobis amicos de mammona iniquitatis “déanaidh caraid daoibh féin d'ionnmhas na hurchóide.” 7130 Ionann sin ré a rádh agus cáirdeas Dé agus na mbocht do thuilleamh lé cuid dá maoinibh saoghalta do dháil dona bochtaibh ar son Dé. Atá Chrysostomus ag tabhairt aneithe céadna dá aire, mar a n-abair, super illud Matthaei .6., nolite thesaurizare: Quae stultitia est illic relinquere unde exiturus es, et illic non praemittere 7135 quo iturus es; illic ergo substantiam tuam colloco ubi patriam habes “créad é a mhéad do leimhe do mhaoin d'fhágbháil san áit is éigean duit do thréigean, agus gan a cur romhat san áit i bhfuil do thriall. Ar an adhbhar soin, cuir do shubstaint féin nó do mhaoin shaoghalta, mar a bhfuil th'athardha” .i. flaitheas 7140 Dé. As na briathraibh se is iontuigthe gurab leamh don tí chruinnigheas toicce agus trom-chonách an tsaoghail, ré a fhágbháil ar an saoghal so, agus gan acht buailteachas ar an mbeathaidh se aige, agus gan a bheag nó a mhór do chur roimhe don tsean-bhaile atá ré síor-chomhnaidhe do dhéanamh aige .i. flaitheas Dé, is 7145 dúthaigh dhíleas dó, agus go bhféadfadh turnaethe dísle d'fhagháil ar an saoghal so, do ghlacfadh uaidh é, mar atáid boicht Dé.

8. An t-ochtmhadh goin

Is córaide sin do dhéanamh aní adeir Críost, san .25. caibidil ag Matha, mar a n-abair, ite maledicti, etc. “imthighidh romhaibh, a dhream mhalluighthe, san teinidh síordhaidhe, atá 7150 arna hollmhughadh don diabhal agus dá ainglibh. Óir do bhí ocras oram, agus níor biathadh libh mé; do bhí íota oram, agus ní  p.225 thugabhair deoch dhamh; do bhádhas nocht, agus ní thugabhair clúdadh dhamh; do bhádhas im dheóraidh, agus níor ghlac sibh ar aoigheacht mé.” As na briathraibh se Chríost is iontuigthe 7155 gurab dream malluighthe na toicthigh nach fóireann riachtanas na mbocht. Atá Solamh ag teagasg an tsaidhbhir do thaoibh aneithe céadna amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil déag in Ecclo., mar a n-abair, ante mortem benefac amico tuo, et secundum vires tuas exporrigens da pauperibus “rés an mbás 7160 déana maith dot charaid, agus do réir do chumhacht soich do mhaoin dona bochtaibh.” Tig S. Augustine leis aní gcéadna, in Tractatu .5. in Ioannem Post intitium: si habes superflua, da pauperibus, et Domini pedes tersisti “má tá iomarcaidh agat, dáil dona bochtaibh, agus do nighis cosa an Tighearna.” Ionann sin ré a rádh agus an té 7165 agá mbiadh do thoicce shaoghalta nísa mhó ioná a riachtanas, dleaghair dhó a roinn ré bochtaibh an Tighearna, agus is ionann dó sin agus a dháil don Tighearna féin.

9. An naomhadh goin

Is córaide don tsaidhbhir so do dhéanamh, an droch-thuar do-ní Solamh dhó tré chruinniughadh an chonáich go haindlightheach, 7170 do réir na caibidleach céadna, mar a n-abair, qui acervat ex animo suo iniuste, aliis congregat, et in bonis illius alius luxuriabitur “an tí chruinnigheas óna intinn go haindlightheach, do dhruing oile thionóileas, agus bí neach oile macnaiseach 'na mhaoin.” Dá chor i gcéill gur meinic bhíos duine oile ag 7175 borradh lé badhgaireacht i ngeall ar an saidhbhreas do-níthear do chnuasach leis an sanntach. Agus is é leasughadh dhleaghair do dhéanamh ann so, an conách, is craoiseach don diabhal ré créachtnughadh na n-anam, do chaitheamh ris féin dá mharbhadh, maille réna dháil do bhochtaibh Dé.

10. An deachmhadh goin

7180 Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san seachtmhadh caibidil déag don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar atá gurab lé cloidheamh anfhathaigh Goliath féin do dícheannadh lé Dáibhídh é. Mar an gcéadna, ó's arm don aidhbhirseóir an  p.226 conách nó an ciste saoghalta, is eadh dhligheas an duine, a 7185 chaitheamh ris an aidhbhirseóir dá mharbhadh, mar atá a dháil do bhochtaibh Dé. Tig leis so aní léaghthar ag Lactantius, mar a n-abair, dá ndearna an airc luachra créacht ar neach, gurab eadh dhleaghair dhó, crithir do luaithreadh airce luachra do chrothadh ar an gcréacht, agus biaidh slán mar sin. Mar an 7190 gcéadna dá ndearna an conách saoghalta créacht ar do choguas, is eadh dhligheas tú do dhéanamh, ceirín don chonách chéadna do chur do leigheas an luit do-ní an tsainnt lér thionólais é ar do choguas, maille réna dháil do bhochtaibh Dé, an mhéid bhíos ós cionn do riachtanais agat. Adeir Albertus san leabhar 7195 ro sgríobh de Vegetabilibus, an tan chroittear bruar nó luaithreadh na gloine bhristear i nead an fhéich, go dtréigeann an fiach an nead ó shoin amach. Mar an gcéadna don fhiach dhubh urchóideach .i. an diabhal, mar do-gheibh mian sgaoilte chonáich aibrisg an tsaoghail ag an saidhbhir, tréigidh bheith ag iarraidh 7200 seilbhe ann.

11. An t-aonmhadh goin déag

Is cóir dhúinn mar an gcéadna sinn féin do chaomhna ar an diabhal, maille ré guidhe do dhruim umhlachta do dhéanamh go Dia. Agus is móide is indéanta dhúinn sin, an gealladh tug Dia don druing do-ní guidhe do dhruim umhlachta; do 7205 réir mar léaghthar san .35. caibidil in Ecclo., mar a n-abair, oratio humiliantis se nubes penetrabit, et non descendet donec Altissimus aspiciat “tollfaidh urnaighthe an umhail na neóill, agus ní thurnfa go dtuga an tí is ro-airde dá aire í.” Tig Críost leis so san .23. caibidil ag Matha, mar a n-abair, qui se 7210 humiliaverit, exaltabitur “an tí do-ghéana é féin d'inísliughadh airdeóchar é.” Tig Dáibhídh leis so san .101. Salm, mar a n-abair, respexit Dominus in orationem humilium, et non sprevit precem eorum “tug an Tighearna dá aire urnaighthe an umhail, agus níor tharcuisnigh a ghuidhe.” Is iontuigthe as na háitibh 7215 se go mbí Dia buidheach do lucht na humhla agus an chrábhaidh, agus dá réir sin gurab airm dhísle ré dídean na hanma ar aimsighthibh an aidhbhirseóra iad.

 p.227

12. An dara goin déag

Is cneasta dhúinn mar an gcéadna sinn féin do chaomhna ar cheilg-mhianaibh na colna. Agus is uime sin dár dteagaisg-ne 7220 mhaoidheas Pól go gciorrbhadh a cholann féin, amhail léaghthar san naomhadh caibidil don chéid-Eipistil gusna Coirintibh, mar a n-abair, castigo corpus meum, et in servitutem redigo “smachtuighim mo cholann féin agus cuirim fá bhroid í.” As na briathraibh se is iontuigthe go ndleaghair don duine a cholann agus 7225 a chéadfadha do chuibhreach ón olc. Ar dtús, a choimhéad ó choir na drúise, do réir Mhaoise san .20. caibidil in Exodo, mar a n-abair non concupisces uxorem proximi tui “ná sanntuigh bean do chomharsan.” Tuig, a léaghthóir, mar adeir gan a sanntughadh, gurab mó sa chách adeir gan míghníomh do dhéanamh ré 7230 mnaoi phósta ná ré mnaoi neamhphósta. Agus is eadh adeir Pól san seiseadh caibidil don chéid-Eipistil gusna Coirintibh, fornicarii regnum Dei non possidebunt “ní ghéabhaid lucht an tátha sealbh fhlaitheasa Dé.” As na briathraibh se is iontuigthe go gcaillid lucht an tátha a gcuid do sheilbh fhlaitheasa Dé, 7235 agus dá réir sin go mbíd damanta go déanamh aithrighe dhóibh.

13. An treas goin déag

Dlighidh fós an duine an craos do sheachna, do bhríogh go dtabhair Críost a mhallacht do lucht an chraois, do réir mar léaghthar san seiseadh caibidil ag Lúcás, mar a n-abair, vae vobis qui saturati estis, quia esurietis “mallacht daoibh, a 7240 dhream atá sáthach, óir biaidh ocras oraibh.” As so is iontuigthe gurab malluighthe an dream do-ní iad féin broinn-líonta ré biadhaibh soineamhla tar a n-acfuinn, chuireas iad ó bheith infheadhma ré foghnamh do dhéanamh ré Dia. Do-bheir Dia a mhallacht mar an gcéadna do lucht an chraos-óil, 7245 do réir mar léaghthar san chúigeadh caibidil ag Isaias, mar a n-abair, vae vobis qui potentes estis ad bibendum vinum, et viri fortes ad miscendam ebrietatem “mallacht daoibh, a dhream bhíos cumhachtach ar ól an fhíona, agus a fhiora bhíos tréan ar chumasg na meisge.” As na briathraibh se is iontuigthe gurab  p.228 7250 malluighthe an dream nach cuireann srian riú féin, dá bhfastódh ó choir an chraos-óil.

Dlighidh fós an duine cosg do chor ar amharc ainmhianach a shúl. Agus is uime sin adeir Matha san chúigeadh caibidil, si oculus tuus scandalizat te, abiice eum ex te “dá dtuga do shúil 7255 masla dhuit, ruagthar leat uait í.” As na briathraibh se is iontuigthe dhúinn go ndleaghair smacht do chur ar an súil dá toirmeasg ar amharc aindlightheach do dhéanamh, dá dtiocfadh lot ar n-anma. Is meinic thig dhi iomorra daoine ionnraca do ghríosadh ré déanamh uilc. Bíodh a fhiadhnaise sin ar aní 7260 léaghthar san aonmhadh caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh ar Dháibhídh, mar tháinig don tsilleadh thug ar Bersabe a chor ó bheith ionnraic go beith 'na adhaltrannach. Is do chor an duine ar a choimhéad ar an nguais se na súl adeir Críost san chúigeadh caibidil ag Matha, mar 7265 a n-abair, qui viderit mulierem ad concupiscendam eam, iam moechatus est in corde suo “an tí fhéachfas ar mhnaoi réna sanntughadh, do-ní annsoin céileachas 'na chroidhe.” As sin is iontuigthe gurab mór an ghuais 'na mbí an duine do thaoibh na súl, agus dá réir sin go ndleaghair dhó faire innill do dhéanamh 7270 air féin, d'eagla go dtiocfadh créachtnughadh a choguais di.

14. An ceathramhadh goin déag

Dlighidh mar an gcéadna an duine a bhéal do choimhéad ó dhroch-ráittibh, mar atáid bréaga agus baoth-fhocail, agus go mór-mhór, ón ithiomrádh. Agus is córaide do neach an t-ithiomrádh do sheachnadh, an bagar díoghaltach do-ní Dia air, tré fhodhord 7275 nó tré ithiomrádh do dhéanamh, do réir Dháibhídh, san .100. Salm, mar a n-abair, detrahentem secreto proximo suo, hunc persequebar “an tí ithiomráidheas ós íseal a chomharsa, do-ghéan inghreim air.” Ionann sin ré a rádh agus go mbí Dia go cinnte ar dhruim na druinge do-ní an t-ithiomrádh. Agus is trés 7280 an ngoimh se do bheith san ithiomrádh do-ní Dáibhídh an t-ithiomráitteach do choimmeas ré huaigh, amhail léaghthar san .13. Salm, mar a n-abair, sepulcrum patens est guttur eorum “is uaigh osgailte a mbraighde súd.” Dá chor i gcéill,  p.229 amhail bhíos bréantas dofhulaing ag lingeadh d'ablachaibh 7285 murguighthe na marbh san uaigh, gurab mar sin bhíos droch-bholadh na doimhéine ag brúchtadh a braighdibh luchta an tuaithleasa, go sgéidhid go sgunnach as a mbéalaibh amach iad. Adeir fós Pól san chéad-chaibidil gusna Rómhánchaibh, detractores Deo odibiles “atáid lucht an ithiomráidh fuathmhar ag Dia.”

15. An cúigeadh goin déag

Ní hiad na céadfadha so amháin dhligheas an duine do choimhéad ó olc, acht a uile chéadfadha ar-cheana, agus fós a smuaintighthe. Agus is córaide dhó sin do dhéanamh, go mbí d'fhiachaibh air cúntas do thabhairt do Dhia ré hucht an bháis, 7295 do réir Lúcáis san seiseadh caibidil déag, mar a n-abair, redde rationem villicationis tuae “tabhair cúntas do ghabháltais féin uait.” Dá chor i gcéill go fáthach, amhail adubhramar thuas, gurab éigean dá gach neach cúntas do thabhairt do Dhia ré hucht an bháis, ní headh amháin 'na dhoibheartaibh, acht 7300 mar an gcéadna 'na dhroch-smuaintighthibh, do réir Sholaimh san chéad-chaibidil do Leabhar na hEagna, mar a n-abair, in cogitationibus impii interrogatio erit “biaidh fiafraighe ar an bpeacthach 'na smuaintighthibh.” Ionann sin ré a rádh agus go mbeanfaidhear cúntas 'na smuaintighthibh dhe. Tig Matha 7305 leis so san deachmhadh caibidil, mar a n-abair, vestri capilli capitis omnes numerati sunt in caelo “atáid uile ruainneach bhar gcinn arna n-áireamh ar neamh.” Ionann sin ré a rádh agus go mbí gach mion-smuaineadh dá ndéin an duine, idir mhaith agus olc i leabhar cúntasa Dé, ré cúitiughadh do thabhairt dá chionn. 7310 Adeir fós Matha san dara caibidil déag gurab éigean dá gach neach cúntas do thabhairt uaidh in gach uile bhréithir dhíomhaoin dá n-abair. Agus do reir a ndubhramar gurab éigean do neoch cúntas do thabhairt 'na smuaintighthibh agus 'na bhriathraibh díomhaoine, is mó sa chách bheanfaidhear cúntas 'na mhí-ghníomhaibh 7315 dhe.

16. An seiseadh goin déag

Is i bhfioghair an chúntasa so atá aní léaghthar san .22. caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh,  p.230 mar fuair an sagart Helchias leabhar an reachta i bhfolach san teampall, agus mar do léigh do láthair Iosias Ríogh é; agus is eadh 7320 fuair ann, díoghaltas Dé agá bhagar ar Chloinn Israel tré mhíréir Dé do dhéanamh, agus gealladh Dé mar an gcéadna ré soirbhiughadh dhóibh tré thoil nDé do choimhlíonadh. Is ris aní gcéadna bheanas aní léaghthar san seiseadh caibidil do Leabhar Hester, mar do chuir Assuerus Rí cuartughadh ar a leabhraibh irse agus 7325 annálach, do lorgaireacht ghníomh a lochta leanamhna agus a íochtarán féin, ionnus, do réir a ndeigh-ghníomh nó a ndoi-bheart, go dtugadh cúitiughadh dhóibh, nó go ndéanadh smacht orra. Mar an gcéadna do-ní Dia ris na daoinibh. An dream do-gheibh cródha calma ré cathughadh ré heasgcáirdibh Dé, 7330 mar atá an diabhal agus an saoghal agus an cholann, do-bheir tiodhlaicthe agus trom-shochair dhóibh; agus an dream do-gheibh meatta míolaochdha, agus do-bheir iad féin ar chumas na námhad gcéadna, do-ní Dia díoghaltas díbhfeargach orra.

16. An seachtmhadh goin déag

Do bharr ar gach anfhochain oile dá mbí orra, do-bheir an 7335 t-aidhbhirseóir 'na ndaoirseachaibh don pheacadh iad, an tan aontuighthear leó a dhéanamh. Is uime sin adeir Eóin san ochtmhadh caibidil, qui facit peccatum servus est peccati “an tí do-ní peacadh, is daoirseach don pheacadh é.” Dá chor i gcéill gurab i moghsaine nó i sglábhaidheacht bhíos an peacthach 7340 ceangailte lé téadaibh cruaidh-righne na coire; do réir Sholaimh san chúigeadh caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, funibus peccatorum suorum quisque constringitur “ceangailtear gach neach lé téadaibh a pheacadh féin.” Is iontuigthe as a ndubhramar gurab saidhleóir nó giall-choimhéadaighe don 7345 diabhal an peacadh; agus mar is túsga do-bheir an diabhal an duine aontuigheas don olc ar chumas an pheacaidh, is eadh do-ní ris, a cheangal go docht lé géibheannaibh iarnaidhe na hurchóide. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san .33. caibidil don dara leabhar do Pharalipp. mar do chuir taoiseach 7350 na hAssiria Manasses Rí do láthair iarna ghabháil i nglasaibh. Mar sin do-ní an taoiseach úd .i. an diabhal .i. an peacadh is  p.231 ceann feadhna dhó faoi féin, mar théid aige ar an bhfiréan — cuiridh urchall na hurchóide faoi. Tig S. Augustine leis aní gcéadna mar a n-abair, Libro quarto de Civ. Dei.: bonus autem si 7355 servit liber est; malus autem etsi regnat servus est; nec est unius hominis, sed, quod gravius est, tot dominorum quot vitiorum “an deagh-dhuine, bíodh gurab daoirseach é, is saoirseach é; an do-dhuine cheana, cia do bhiadh i bhflaitheas, is daoirseach é; agus fós, ní daoirseach fá aon-duine é, acht nísa mheasa ioná sin, 7360 uiread a bhfuil do lochtaibh ann, atá an uiread soin do thighearnaibh air.” Ionann sin ré a rádh agus go mbí an duine i mbroid agus i moghsaine ag gach gné pheacaidh dá mbí ann, agus go mbí gach éin-ghné pheacaidh dá mbí ann 'na tighearna air.

4. AN CEATHRAMHADH HALT DÉAG

'na gcuirthear i gcéill cia an lucht coimhéatta bhíos ag an aidhbhirseóir ag congbháil an pheacaidh i gcarcair na coire; agus cia na géibhinn chuirthear faoi dá fhasdódh i bpríosún an pheacaidh; agus an tuarasgbháil do-beirthear ar dhiombuaine na beatha tadhaill.

1. An chéad-ghoin

Léaghthar san dara caibidil déag úd ag Lúcás gur chuir 7365 Ioruaith dias do choimhéad Pheadair, iar mbeith san bpríosún dó. Mar an gcéadna do-ní an t-aidhbhirseóir ris an duine, an tan bhíos i bpríosún an pheacaidh, cuiridh dá amhus ainshearcacha dá choimhéad agus dá chumhdach dhó féin, mar atá an saoghal agus an cholann; agus fós bíd ceathrar oile 'na bhfochair sin, ag forfhaire 7370 an pheacthaigh, agá choimhéad i gcarcair na coire.

2. An dara goin

An céad-choimhéadaighe dhíobh, an mhuinighin bhíos ag duine as a bhríoghaibh corpardha agus as a mhaoinibh saoghalta. Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san treas caibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar do-chuaidh Samuel, ar 7375 mbeith 'na mhacaomh dhó, an tan do ghairm Dia é, i ndáil  p.232 Elias, agus gurab eadh adubhairt Elias ris, vade, dormi “imthigh, déana codladh.” Ionann Elias agus foirtill nó láidir. Agus is eadh is iontuigthe as an bhfioghair se: an tan chuireas Dia gairm nó fiosrughadh ar dhuine, ré mbeith san aois óig dhó, gurab eadh 7380 do-ní seisean, an tan do dhlighfeadh aire do thabhairt do Dhia agus a fhreagra, dol i ndáil Elias .i. i muinighin a chumais chorpardha agus a chonáich shaoghalta; agus is eadh adeirid sin ris, codladh ionnta féin, agus gan freagra do ghairm Dé, ná leasughadh do dhéanamh 'na lochtaibh.

3. An treas goin

7380 An dara coimhéadaighe, an dóchas bhíos ag duine ré leasughadh do dhéanamh i ndeireadh a ré. Is air so labhras Solamh san .37. caibidil in Ecclo., mar a n-abair, praesumptio nequissima multos perdidit “is mór do chuir an t-andóchas ro-urchóideach amudha.” Ionann sin ré a rádh agus gurab mór dona 7390 daoinibh damantar trés an ndóchas bhíos aca ré huain aithrighe d'fhagháil i n-aimsir an éaga, agus dá bhríogh sin do-bheir i seachmall a déanamh 'na ham.

4. An ceathramhadh goin

An treas coimhéadaighe, an gean bhíos ag neach ar an 7395 bpeacadh. Bí iomorra an uiread soin do cheangal ag an bpeacadh ar an duine, go gcuireann ar a chumas féin é, ionnus nach féadann dealughadh ris. Agus is dá chur so i gcéill atá aní léaghthar san cheathramhadh caibidil déag ag Lúcás, ar an tí úd lér pósadh bean, tug do fhreagra go haindiúid ar theachtaire a thighearna, nár fhéad teacht ar a chuireadh; agus is eadh fa-deara 7400 soin, mar do bhí ceangailte i lúbaibh na locht. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san seiseadh caibidil déag do Leabhar na mBreitheamhan, mar a léaghthar, an tan do-chuaidh Samson do shuirghe ris an meirdrigh Dalila, gur chuireadar na Filistínigh lucht forfhaire ar gheataidhibh na cathrach d'fhastódh 7405 Samsoin astoigh. Mar an gcéadna, an tan téid an duine do shuirghe ris an antoil, cuirid na heasgcáirde úd do luaidheamar thuas mar atá an diabhal, an saoghal agus an cholann, droch-dhúile  p.233 agus dubháilce i bhforfhaire, do choimhéad chomhladh a chéadfadh, ionnus nach léigeann dó lingeadh amach ré maith-ghníomhaibh 7410 do dhéanamh. Agus is don fhorfhaire se thig nach féadann neach céimniughadh ré déanamh deagh-oibre, ná a lámh do luadhaill ré lóir-ghníomh do dhéanamh 'na lochtaibh, ná silleadh sochrach do dhéanamh réna shúilibh, ná glór tarbhach do dhéanamh réna theangaidh, ionnus go dtig don mhilse bhréige 7415 bhíos san pheacadh, an tan téid a bhlas fá chúláiribh a choguais, gurab usa leis an duine a chlú agus a chonách saoghalta do thréigean, ioná dealughadh ris.

Agus is dá chur so i gcéill atá an finn-sgéal filidheachta chumas ughdar dh'áirithe ar an mathghamhain mór, mar atá go 7420 raibhe 'na pheata ag duine uasal, agus gur chuir an duine uasal, tré iomad ceana air, ós cionn choire mheala é. Agus níorbh áil leis-sean an mhil do fhromhadh; agus gabhais an duine uasal agá bhrodadh agus agá choimhéigniughadh ré hól na meala. Gidh eadh, níorbh fheirrde dhó. Leis sin beiris an duine uasal 7425 ar chluasaibh air, agá tharraing go heasaontach ré fromhadh na meala; agus tré iomad déistine rés an mil tug an mathghamhain súghadh foirtill foiréigneach ar a chúlaibh, gur léig a chluasa uaidh i lámhaibh an duine uasail. Leathais ainn-séin an duine uasal a lámha timcheall a chuirp, agus tógbhais ós cionn an 7430 choire é, agus tomthar leis a cheann san choire go cúláiribh. Gidh eadh, mar do-chuaidh an mhil fá chúláiribh an mhathghamhna, do ghabh agá hól go hainmheasardha. Agus an tan do mhothuigh an duine uasal é go híotmhar iomarcach agá hól, do ghabh agá bhrodadh uaithe, agus níor ghluais seisean leis sin. Cuiris ainn-séin 7435 an duine uasal a dhá láimh i n-earball an mhathghamhna, agus do-bheir tarraing tar ais air. Agus léigis an mathghamhain an t-earball lais, mar gurbh usa leis a chaill ioná an mhil do thréigean iarna fromhadh dhó.

An dáil chéadna theagmhas do mhórán do dhaoinibh óga an 7440 tsaoghail se. An tráth bhíd i n-ionnracas is leasg leó mil na mailíse agus na míghníomh do fhromhadh. Gidh eadh, an tan bhlasaid í, agus léigid óna cleachtadh fá chúláiribh a gcoguais í, is usa leó a gclú agus a gconách saoghalta agus a sláinte chuirp agus anma  p.234 do thréigean, ioná í. Bíodh a fhiadhnaise sin ar aos ainmhianach 7445 na hÉireann nach gabhann comhairle ó charaid ná ó chléir um cheann craos-óil ná drúise ná droich-bheart oile, ar mbeith ó iomad cleachtuighthe ar gcalcughadh sna coiribh sin.

5. An cúigeadh goin

An ceathramhadh coimhéadaighe, faitcheas na breithe aithrighe do chuirfeadh an t-oide faoisidneach ar an bpeacthach. 7450 Amhail iomorra do-ní fiadh-chapall don chapall mhín ó neamh-aithighe na cuinge, agus tré bheith ar an bhfásach mar aon ris an ngroigh dhó, ionnus an tan bheirthear do láthair na hudhama é, gabhaidh crioth agus anbhuain é, agus saoilidh nach bí teacht ón bhfeidhm sin aige féin; — mar an gcéadna don duine théid ó 7455 bheith mín ceannsa fá chuing chrábhaidh agus fá udhaim ionnracais ar sgor uaibhrigh na hantoile fá fhásaighibh fiadhamhla an pheacaidh, an tan bhíd oireamhain na heagailse, mar atáid eagnaidhigh agus lucht síolta agus seanmórtha na suibhisgéal ag iarraidh a chuirthe fá chuing aobhdha na haithrighe, gabhaidh 7460 crioth agus gráin é, d'eagla thruime na breithe aithrighe; agus tig de sin go meinic go n-anann fiadhánta, go nach faghthar ar ná obair ionmholta uaidh. Agus is ar an tí bhíos san riocht so labhras Isaias san .57. caibidil, mar a n-abair, cor impii quasi mare fervens “croidhe an pheacthaigh amhail fhairrge ar fiochadh.” Ionann 7465 sin ré a rádh, agus amhail bhíd tonna anfadhacha ar luasgadh agus ar luadhaill, ag tuargain a chéile san muir, agus ag coimmeasgadh a chéile druim ar dhruim, gurab mar sin bhíos muir na mímhéine agus fairrge an pheacaidh lán d'anfadh uaille agus urchóide i n-aigian na hintinne, go gcommbuaidhearthar croidhe an chiontaigh leó; agus 7470 go dtig dhe sin nach iontaobha leis dol fá bhreith charad ná chléirigh, ná a gcomhairle do dhéanamh, iar mbeith damanta dhó do bhreith a choguais féin.

6. An seiseadh goin

Léaghthar san dara caibidil déag do Ghníomharthaibh na nApstal, an tan do gabhadh Peadar, gur cuireadh dá ghéibheann  p.235 7475 air. Is eadh iomorra chialluighid an dá ghéibheann soin, mar iadhas an peacadh dá ghlas ar an anam ré déanamh an pheacaidh, mar atá cruaidh-théad na coire agus príomh-ghlas na péine. Nó cialluighid an dá ghlas chéadna tréigean na maitheasa agus gníomhughadh an uilc. Agus is é so chialluigheas Dáibhídh Rí sa 7480 .118. Salm, mar a n-abair, funes peccatorum circumplexi sunt me “do fhidh-cheangailsead téada na bpeacadh mé.” Tig Solamh leis so san chúigeadh caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, funibus peccatorum suorum quisque constringitur “comh-fháisgthear gach neach lé téadaibh a pheacadh féin.” Tig Eóin 7485 leis so san ochtmhadh caibidil mar a n-abair, qui facit peccatum servus est peccati “an tí do-ní peacadh, is daoirseach don pheacadh é.” Dá chor i gcéill, amhail bhíos an daoirseach ceangailte ag an tí agá mbí i mbroid, gurab mar an gcéadna bhíos an t-anam cuibhrighthe i bpríosún an pheacaidh; agus fós, broid bháis air, 7490 do réir Ezec. san ochtmhadh caibidil déag, mar a n-abair, anima quae peccaverit, ipsa morietur “an t-anam do-ní peacadh, do-ghéabhaidh féin bás.” Dá chor i gcéill, gach a mhionca do-ní duine peacadh marbhthach, go mbí ceangailte ré bás d'fhulang go síordhaidhe.

7. An seachtmhadh goin

7495 Tuig fós, amhail léaghthar san dara caibidil déag thuas do Ghníomharthaibh na nApstal, gur orduigh Ioruaith dias ré forchoimhéad Pheadair, do ló agus d'oidhche, an gcéin dobhaoi san bpríosún. Mar an gcéadna do-ní an diabhal ris an bpeacthach, an gcéin bhíos i gcarcair na coire nó i mainnir na mí-mhéine, 7500 cuiridh dias dá fhorchoimhéad, mar atá an saoghal agus an cholann, do ló agus d'oidhche .i. 'na shláinte agus 'na ghalar; ionnus an tráth thig aingeal na comhairle móire, mar atá Críost, dá chuireadh ré triall as an dochraide sin, nach léigeann eagla na forfhaire sin dó aonmhachtain dol ar fheis bheannuighthe 7505 na glóire suthaine; agus fós go dtabhair diúltadh do Chríost do-bheir cuireadh dhó, agus go leanann do chomhairle na ceitheirne bhíos 'na thimcheall, mar atá an cholann agus an saoghal.

 p.236

8. An t-ochtmhadh goin

Do réir mar is iontuigthe as an bhfábhaill-sgéal léaghthar ag 7510 Lúcás san cheathramhadh caibidil déag, mar a luaittear an cuireadh tugadh lé duine dh'áirithe do mhórán, agus do éimdheadar go háirithe triúr dol ar an gcuireadh. An céid-fhear, an tí do cheannuigh chúig cuingreacha damh, agus adubhairt go rachadh dá bhfromhadh. Ag so an sanntach, do-ní comhairle an tsaoghail, 7515 agus chuireas a chúig céadfadha, nó chreanas iad ré feidhm do dhéanamh don tsaoghal, agus anas i mbroid aige. An dara fear, an tí do cheannuigh baile. Ag so an díomsach, 'na mbí uaill-mhéin ré forlamhas flaithis agus ré haird-chéimibh saoghalta d'fhagháil, agus bhíos i ndaoirse ag an diabhal. An treas fear, 7520 an tí lér pósadh bean, agus do loim-dhiúlt dol ar an bhfeis. Ag so an drúiseach, bhíos i moghsaine ag measgán mhearbhaill mhacnasa na colna. As an bhfábhaill-sgéal so is follus go mbí an céid-fhear úd .i. an saoghal, agus an treas fear .i. an corp, ag congbháil anma an pheacthaigh i gcathair ghriobháin na 7525 coire, as nach léir dhó a leas do lorgaireacht, tré aimhréidhe áruis na hurchóide, agus tré dhoilbh-cheó dhoiléir an pheacaidh. As gach ní dá ndubhramar is iontuigthe, an tan do-ní duine peacadh marbhthach, go mbí an t-anam ceangailte fá bhroid na n-easgcarad so luaidheamar, agus go háirithe go mbí an cholann 7530 'na chealg-námhaid chinn teallaigh aige, agus gurab í is doichte agus is docraide cheanglas agus chréacht-loiteas é, do réir Boethius 3º de Consolatione, mar a n-abair, nulla pestis efficacior ad nocendum quam familiaris inimicus “ní fhuil pláigh is éiffeachtaighe ré dochar do dhéanamh ioná an easgcara mhuinnteardha.”

9. An naomhadh goin

7535 Is uime sin do-ní Augustine naomhtha éagnach agus iomchasaoid air féin, san seachtmhadh leabhar ro sgríobh ar an bhFaoisidin, mar a n-abair, ligatus sum non ferro alieno, sed mea ferrea voluntate “do bhádhas ceangailte, ní lé hiarann comhaightheach, acht lém thoil iarnaidhe féin.” Dá chor i gcéill 7540 an tan fá hóg é, go gcuibhrigheadh an cholann le huaill agus lé hainmhianaibh é. Agus mo thruaighe, is iomdha duine, go  p.237 fáthach, fá mbíd an dá ghéibheann úd do bhí fá Pheadar, mar atá tréigean na maitheasa agus déanamh an uilc.

10. An deachmhadh goin

Atá fábhaill-sgéal ag Lúcás san seiseadh caibidil déag ar an 7545 bhfeadhmannach do chuir cuid a thighearna amudha, mar a ndubhairt, fodere non valeo, mendicare erubesco “ní fhéadaim romhar do dhéanamh; is nár liom iarratas do dhéanamh.” As so is iontuigthe, an tí chuirthear a feadhmannas lé Dia tréna olcaibh, go mbí an céad-ghlas úd fá bhrághaid a mheanman, 7550 mar atá tréigean na maitheasa, ionnus nach féadann oibriughadh do réir na beatha gníomhaighe, ná na beatha cráibhthighe. Tuigthear fós go mbí an dara géibheann fá anam an pheacthaigh, an tan cheangailtear i gcoir na colna é, do réir an fhábhail-sgéil léaghthar ag Lúcás san cheathramhadh caibidil déag, mar 7555 a luaidheann go dtug an tí lér pósadh bean loim-dhiúltadh dá thighearna fá dhol ar cuireadh leis, an tan adubhairt, uxorem duxi, ideo non possum venire “do phósas bean, ar an adhbhar soin ní fhéadaim teacht.” Go fáthach, créad is iontuigthe as an samhlughadh so, acht an tí cheangailtear lé coir na colna, 7560 go mbí glas-shnaidhm dosgaoilte aice ar a anam, go raobthar lé hord na haithrighe í. Agus is maith an teagasg do-bheir Dáibhídh Rí don duine ré hé féin do choimhéad ón ghábhadh so, mar a n-abair ris an duine san .33. Salm, declina a malo et fac bonum “claon ón olc agus déana maith.” Óir dá seachantar an 7565 t-olc leis agus an mhaith do dhéanamh, ní heagail dó teagmháil i ngaistibh an pheacaidh. Gidh eadh, an tí théid tar chomhairle an ríogh-fháidh, is guais dó go dteigéamhaidh i bpainntéar an pheacaidh.

11. An t-aonmhadh goin déag

Is trés an nguais se do bheith i gcionn an duine, fhoráileas 7570 Críost ar na daoinibh i gcoitchinne bheith ar a gcoimhéad i n-oirchill ar na holcaibh se, mar a n-abair riú san .24. caibidil ag Matha, estote parati, quia nescitis diem neque horam “bíthe ollamh, óir ní feas daoibh lá ná uair.” Dá chor i gcéill gurab  p.238 éigcinnte uair an bháis, tar ceann gurab cinnte an bás féin do 7575 rochtain gach aoin, do réir Iob san .34. caibidil, mar a n-abair, deficiet omnis caro “rachaidh an uile cholann ar ceal.” Tuig gurab mar rabhadh dona daoinibh i gcoitchinne atá aní léaghthar san .20. caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar adubhairt Isaias fáidh ris an rígh Ezechias: dispone 7580 domui tuae, quia morieris “cuir ordughadh ar do theach, óir do-ghéabhair bás.” Féach, a dhuine, nach tabhair cairde ar bioth dhó gan an bás dá rochtain. Dá chor i gcéill, acht giodh cinnte an bás, gurab éigcinnte aimsear an éaga. Is uime sin adeir Greaghóir naomhtha san seachtmhadh caibidil déag don aonmhadh 7585 leabhar déag do sgríobh dona Béasaibh, quid sunt nati homines in mundo nisi quidam flores in campo “créad iad na daoine iarna mbreith, acht mar bhlátha an mhachaire?” Adeir Iob san cheathramhadh caibidil déag ag labhairt ar an duine, quasi flos egreditur, et conteritur, et fugit velut umbra, et nunquam in eodem 7590 statu permanet “tig amach amhail bhláth, agus brúittear é, agus téid ar ceal amhail sgáile, agus ní anann go bráth i n-éin-riocht.” Agus adeir Saint Augustine, san naomhadh caibidil don treas leabhar déag ró sgríobh ar Fhlaitheas Dé, nach fuil san bhás acht amhail rioth. As na háitibh se is iontuigthe gurab éigcinnte obann 7595 uair an bháis, agus gurab gearr guaiseamhail éirim na beatha so, mar go samhailtear leis na hughdaraibh réamhráitte sin ré bláthaibh beaga nó ré réim reatha í. Is uime sin adeir Greaghóir diadhaire, ag meas an ainreachta 'na raibhe féin:

Idque ipsum quod vivo, velut rapidissimus amnis, 7600 qui sursum exoriens semper ad ima fluit. An Ghaoidhealg:

  1. Cosmhail mo bheatha ré heas,
    fáth dom chor i gceas ag triall,
    mar éirgheas d'fhoiléim aníos,7605 
    téid ar a hais síos go grian.
A briathraibh an ughdair se is iontuigthe gurab diombuan beatha nó ré an duine ar an saoghal so, mar go samhailtear leis  p.239 í ré buinne nó ré heas abhann fhuaduighthear lé fánaidh go foiréigneach go grian an tsrotha, agus éirgheas go héasgaidh obann 7610 i n-uachtar arís. Óir tar ceann gurab air féin go haonaránach do labhair san rann réamhráitte, más eadh, is iontuigthe as go mbeanann bríogh an roinn ris na daoinibh i gcoitchinne, agus gurab é fáth a dhéanta, do chor dhiombuaine na beatha aimseardha so i gcuimhne dhóibh.

12. An dara goin déag

7615 Tar ceann go dtugthaoi ré fhada d'aithreachaibh an tsein-reachta, mar go maireadh fear dhíobh seacht gcéad bliadhain, agus fear oile ocht gcéad bliadhain agus neach oile naoi gcéad bliadhain agus ós a chionn, amhail adubhramar san chéid-leabhar, más eadh, is follus gurab luaithe bhíos an bás ag cor na ndaoine 7620 fá ghreim anois ioná anall-ód. Agus saoilim gurab dá chur so i gcéill atá aní léaghthar ag Ezec. san naomhadh caibidil, mar do taidhbhrigheadh dhó aingeal go gcosaibh agus go sgiathánaibh, agus go bhfacaidh é ar dtús ag céimniughadh léna chosaibh agus dá éis sin ag eitill léna sgiathánaibh. Go fáthach, is é an 7625 t-aingeal úd teachtaire Dé .i. an bás, agus is eadh chialluighid na cosa ar a gcéimnigheadh, an maill-triall do-níodh anall-ód ag cor na n-ard-aithreach fá ghreim; na sgiatháin iomorra lé ndéanadh eitill, an luas do-ní sna haimsearaibh se, lé gcuireann na daoine fá ghreim dá bhfuadach leis; ionnus 7630 gurab ionann sgiobas dá sgríb an naoidhin agus an leanbh agus an macaomh, an t-ógán, an fear, an seanóir, agus an t-athlaoch. Gonadh dá éagcaoine sin adeir Iob san naomhadh caibidil, dies mei velociores sunt cursore “is luaithe mo laithe ioná reathaidhe.” Dá chor i gcéill nach éasga chríochnuigheas an reathaidhe a 7635 réim ag triall go ceann a sgríbe ioná mar chríochnuigheas an duine bocht a bheatha san réim aimseardha so, mar go n-aimsigheann an bás ar gach aon-fhód é. Gonadh dá chor sin i gcéill atá Virgil ag tabhairt teasta ar an éag, mar a labhrann ar bhás a chodhnaigh. Ag so mar adeir: 7640 Illa rapit iuvenes, prima florente iuventa, non oblita rapit sed tamen illa senes.  p.240 Ag so mar adeir an file Gaoidhealach, ag teacht leis aní gcéadna:

  1. Ní léigfe an bás, buan an ghoimh,
    mairg is ciontach fá a chomhair,7645 
    do lucht an bheatha, is dearbh dhóibh,
    an leanbh seacha ná an seanóir.

5. AN CÚIGEADH HALT DÉAG

'na gcuirthear i gcéill cia na tearmainn chuirfeas an duine idir é féin agus guais bháis na hanma, agus cia na sgiúirsidhe lé smachtuighthear an peacthach.

1. An chéad-ghoin

Léaghthar ag Plutarchus i mbeathaidh Romulus go ndearnaidh Romulus teach tearmainn, fá dídean do gach aon ar a mbiadh guais nó coir bháis, acht go roicheadh ann. Mar an gcéadna 7650 do Romulus mhór .i. Dia uile-chumhachtach, do-rinne teach tearmainn i gcomhair an chinidh dhaonna, mar atá bioth-chuimhne an bháis. Óir ní san bhás chorpardha atá guais, acht i mbás na hanma; agus fós, is é gnáth-smuaineadh an bháis chorpardha tearmann is dísle againn dár ndídean ar bhás na 7655 hanma. Agus is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san .21. caibidil don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh ar Achab. Óir, an tan do mhothuigh é féin i nguais tré fheirg nDé do thuilleamh, do-chuaidh dá chumhdach féin ar coimirce agus ar tearmann an luaithridh, maille réna chrothadh air, agus ré luighe 7660 ann. Dá chor i gcéill gurab mar an gcéadna dhleaghair dona daoinibh do dhéanamh, mar atá luaithreadh na somharbhachta do chrothadh ar a gcoguasaibh, agus luighe ar léir- mheas do dhéanamh ar gach anfhochain dá dtig do thoisg an bháis orra.

2. An dara goin

Is uime sin adeir Iob san deachmhadh caibidil ag iarraidh 7665 anacail ar Dhia do bhíthin bheith san teach tearmainn úd, mar atá i smuaineadh na somharbhthachta agus na luaithe dá  p.241 ndearnadh é féin, memento, quaeso, quod sicut lutum feceris me, et in pulverem mortis reduces me “aitchim thú, cuimhnigh gurab mar an lathaigh do-rinnis mé, agus go dtillfidh tú i luaithreadh 7670 an bháis mé.” Dá mhaoidheamh ar Dhia, gur mhaith an díol maithmheachais é féin, tré bheith san tigh thearmainn dó, mar atá i mbioth-chuimhne an bháis.

3. An treas goin

Is cosmhail iomorra so leis aní léaghthar ag Ammianus san .23. leabhar, mar a n-abair go bhfuil neimh dh'áirithe 7675 loisgneach ann, lasas do láthair boill an tí ré mbeanann sí; agus gurab eadh is leigheas di, luaithreadh nó cré do chrothadh ar an mball bhíos galrach, agus go n-íocann do láthair é. Mar an gcéadna, an tan lingeas neimh nathrachda an pheacaidh san anam, go leighistear lé crithir do chuimhne an bháis é, an 7680 mhéid go dtig do chuimhne an bháis an mheanma do mhusgladh ré déanamh aithrighe. Is i bhfioghair aneithe céadna so atá aní léaghthar ag Matha san dara caibidil, mar do hoffráileadh leis na draoithibh miorr d'Íosa san Bheithil mar asgaidh, do chor na somharbhthachta i gcuimhne dhó. Íoc-luibh iomorra 7685 an mhiorr, lé gcaomhantar cuirp na marbh gan truailleadh. Mar an gcéadna don íoc-luibh úd, mar atá cuimhne an bháis, do-ní caomhna agus cumhdach ar an gcoguas, ionnus nach léigeann dó truailleadh do ghabháil.

4. An ceathramhadh goin

Léaghthar ag Ortellius in Theatro go mbíd na cnámha i 7690 gcrích dh'áirithe mar mhonadh, agus go gcuirid mar óir-chiste i dtaisgidh iad. Créad is iontuigthe as so, acht gurab é meas lucht na críche sin ar chuimhne an bháis, gurab ionnmhus agus óir-chiste é, mar go mbíodh meas óir nó ionnmhusa aca ar na cnámhaibh do- bheireadh an bás 'na gcuimhne?

5. An cúigeadh goin

7695 Go bhfios damh, is suaithnidh somholta aní do-rinne an feallsamh Diogenes, do réir mar léaghthar in Apoph. An tan  p.242 iomorra do mheas an mhéid mheanman agus an uaill aigeanta do bhí i n-Alexander Mhór, ionnus gur chuireadar lucht cluana rompa a chor i gcéill nár dhuine daonna somharbhtha é, 7700 acht gurab ó dhéibh tháinig, is eadh do mheas Diogenes 'na mheanmain, nach raibhe sás na huaille sin do mhúchadh budh mó ioná a chor i gcéill do Alexander gurab ó dhaoinibh do fhás sé, agus dá réir sin go raibhe somharbhtha. Ar mbeith iomorra do Alexander ag triall go tóicheastalach go sluaghaibh 7705 líonmhara mar aon ris, téid Diogenes do mhuin chomhairle d'aon-toisg roimhe ar an slighidh 'na raibhe a thriall, go háit 'na bhfuair ulaidh lán do chnámhaibh marbh; agus do ghabh go saothrach agá malairt idir a lámhaibh, agus ar uainibh ag iniúchadh na gceann; agus anais gan sgíoth ag malairt na gcloigeann go 7710 rochtain Alexander gus an láthair. Agus gabhais machtnadh é ar bhfaigsin Diogenes, agus fiafruighis de créad fá raibhe amhlaidh sin go néata ag meas na gcloigeann. “Atáim, a thighearna, ar sé, agá fhéachain an bhféadfainn cloigeann th'athar-sa dh'aithne idir na cloignibh oile se, agus ní thig sin díom.” Tuigis 7715 Alexander as sin gur mhac duine é féin dáríribh, agus dá réir sin go raibhe somharbhtha amhail chách. Do thuig as mar an gcéadna an comhdhochar coitcheann do-ní an bás dona daoinibh idir bheag agus mhór, dá dtig nach aitheantar taise aoin díobh seoch a chéile, do réir Ambrosius, in Hexameron, mar 7720 a n-abair, nudi omnes nascimur, nudi morimur; nulla distinctio inter cadavera mortuorum nisi forte quia gravius foetent divitum corpora distenta luxuria “tarnocht (ar sé) beirthear sinn, tarnocht do-gheibhmíd bás; ní fhuil eidirdhealughadh ar bioth idir ablachaibh na marbh, acht amháin gurab truime bréantas 7725 chorp na dtoictheach, ar mbeith ar siadadh ré drúis dóibh.” As na briathraibh se is iontuigthe nach bí sochar ar bioth i gcorp an tsaidhbhir iar mbás; agus fós gurab murguighthe corp an tsaidhbhir iar n-éag ioná corp an truagháin. Tig Prosper leis aní gcéadna in suis Sententiis, mar a n-abair, respice sepulcra, 7730 et vide quis servus, quis dominus, quis dives; discerne si potes vinctum a rege, fortem a debili, pulcrum a deformi “féach na tombadha, agus féach cia an mogh, cia an tighearna; breathnuigh  p.243 cia an saidhbhir; déana eidirdhealughadh idir an cimeach agus an rígh, idir an láidir agus an t-anbhfann, idir an soidhealbhach 7735 agus an doidhealbhach.” As na briathraibh se is iontuigthe an dochar coitcheann do-ní an bás dona daoinibh, as nach aitheantar drong dona foirnibh luaidheas an t-ughdar so seoch a chéile. Gonadh uime sin adeir an file Gaoidhealach an rann so, ag teacht leis an ughdar thuas:

  1. 7740 Úir mo charad seoch úir oile
    ní aithnim, is í san uaigh;
    ag so im láimh é, 's ní aithnim,
    cnáimh an té do aithninn uaim.

6. An seiseadh goin

Ó atá an anfhochain se go coitcheann i gcionn na ndaoine, 7745 ré hucht imirce do dhéanamh as an saoghal so, is eadh dhlighid, a n-earradha ionaonaigh ionnracais agus a gceasa caon-dúthrachta crábhaidh do thógbháil, agus trom-lód liosta na locht d'fhágbháil dá n-éis, agus gan anmhain ré léir-thionól gacha truise talmhaidhe dá mbí aca, acht deithneas agus deithbhir do dhéanamh ré triall, 7750 amhail do-rinneadar Clanna Israel, ré mbeith ag triall as an Éigipt dóibh; do réir mar léaghthar san dara caibidil déag in Exodo: tulit populus conspersam farinam antequam fermentaretur “do thógaibh an pobal an mhin chomhchroitte, sul do cuireadh gabháil innte.” As so is iontuigthe go raibhe deithbhir lán-mhór 7755 ar phobal nDé ré himtheacht a hanbhroid éagcoimsigh na hÉigipte agus ré rochtain Tíre Tairrngire. Mar an gcéadna dhligheas gach aon deithbhir agus dícheall do dhéanamh ré triall a hÉigipt urchóidigh an tsaoghail se go Tír Thairrngire an fhlaitheasa neamhdha, atá dhá tuar agus dá tairrngire dhúinn 7760 ó thús an domhain. Gidh eadh, a dhuine, is móide is in-eagluighthe dhuit guais na slighe atá romhat, gurab láimh ré ceann sgríbe do bheatha iarras do námhaid árach ort. Is iontuighthe sin as aní léaghthar san .33. caibidil in Genesi, mar a gcuirthear síos nár iarr Esau árach ar Iacob an gcéin do 7765 fhuirigh i bhfochair Laban, dar chliamhain é. Gidh eadh an  p.244 tan do thogair dol ar imirce dá dhúthaigh féin, táinig Esau i gceilg ar an raon roimhe, ar tí a dhochair do dhéanamh. Mar an gcéadna, an gcéin anas an duine go meinic i bhfochair an tsaoghail nó na colna, ré mbí i gcleamhnas, ní dhéin Esau .i. 7770 an t-aidhbhirseóir, aindícheall éigneach air. Gidh eadh, an tan chuireas roimhe dol i gceann aistir agus imtheachta dá athardha féin .i. flaitheas Dé, tré fhásach na haithrighe go bealach an bháis, tig Esau .i. an t-aidhbhirseóir, ar an raon roimhe, ré foghail agus ré fíor-dhochar do dhéanamh dhó. Do-chímíd aní se 7775 'gá chor i ngníomh go laothamhail, mar go mbí buaidhreadh ag an diabhal dá dhéanamh ar mhórán do dhaoinibh ré linn a mbáis ar nár cleachtadh buaidhreadh do dhéanamh ré linn a sláinte. Dearbhthar fírinne aneithe se lé briathraibh Greaghóir san seiseadh leabhar ro sgríobh dona hAirdheanaibh, mar a 7780 n-abair, antiquus hostis ad rapienda speccatorum animas tempore mortis crudelitatis refrenatur violentia, et quos viventes blanditiis decipit, saeviens moriendo rapit “léigthear srian ris an sean-námhaid tré éigean daor-dhála i n-aimsir an bháis ré fuadach anam na bpeacthach, agus an dream mheallas lé cluanaireacht ré 7785 linn a mbeatha, fuaduighthear leis go cuthaigh i n-aimsir a n-éaga iad.” Agus ní headh amháin ar na peacthachaibh do-ní buaidhreadh ré linn a mbáis, acht fós ar na fíréanaibh, do réir mar léaghthar ag Sulpicius ar Mhártain naomhtha, gur thaisbéin an diabhal é féin dó ar tí a bhuaidheartha. Ag so an freagra 7790 thug Mártain air, nihil habes in me, cruenta bestia “a bhrúid fholamhail, ní fhuil cuid agat díom.” Agus leis na briathraibh sin do thafainn Mártain uaidh é.

7. An seachtmhadh goin

Léaghthar san aonmhadh caibidil déag in Levitico fioghar as a dtuigthear gurab diomdhach Dia don druing nach cuireann 7795 inneall aithrighe orra féin go beith ré hucht éagtha dhóibh, mar a n-áirmheann an eala idir na hainmhinntibh amhghlana, acht giodh cruthach caomh-álainn í, do bhríogh nach canann ceól náid séise síth-bhinne acht an tan bhíos ré bruinnibh báis. Mar an gcéadna is inmheasta go coitcheann gurab anam amhghlan  p.245 7800 an t-anam nach déin oirfideadh na haithrighe go huair an bháis.

8. An t-ochtmhadh goin

Measaim gurab ar an druing do-ní Dia bagar go fáth-rúnda san .29. caibidil ag Ieremias, mar a n-abair, gladio, fame, et peste consumam eos “caithfead amach iad lé cloidheamh, lé gorta, agus lé 7805 pláigh.” Dá chor i gceill, tré bheith seachmallach fá shláinte a n-anmann, go n-imeóradh smacht géar-ghonta lé trí sgiúrsadhaibh neimhneacha orra, mar atá cloidheamh, gorta, agus pláigh. Go fáthach, is eadh chialluighid na trí hairm se lé ndéantar lot an pheacthaigh, na trí báis do luaidheamar san chéid-leabhar, mar 7810 atá an bás corpardha, bás na coire, agus bás na péine, fhuilngeas Dia do thoidheacht ar an éagcráibhtheach i ndeireadh a ré.

9. An naomhadh goin

Ar dtús, fuilngidh cloidheamh an bháis chorpardha do bhualadh air, lé dteasgthar an t-anam dá chorp, ar mbeith d'fhaobhar an chloidhimh sin i n-áirithe ag gach aon, do réir 7815 Phóil san naomhadh caibidil gusna hEabhraidhibh, mar a n-abair, statutum est hominibus semel mori “do horduigheadh dona daoinibh bás d'fhagháil aoin-fheacht amháin.” Dá chor i gcéill nach téid aon-duine as ó bhuille an chloidhimh úd an bháis chorpardha, agus dá réir sin go mbuailtear buille báis leis ar an 7820 bpeacthach mar chách.

10. An deachmhadh goin

An dara sgiúirse lé ndéantar an peacthach do phríomh-lot, gorta, mar atá bás na coire. Óir, mar is iad na biadha corpardha is oileamhain chorpardha don cholainn, do ruagadh a hocrais uaithe, mar an gcéadna is é grás Dé is oileamhan spioradálta 7825 don anam, do ruagadh íota na hantoile agus ocrais na hurchóide uaithe. Agus is í an ghorta so atá ag Dia dá bagar ar na peacthachaibh úd, amhail léaghthar san .65. caibidil ag Isaias, mar a n-abair, ag labhairt ris an druing sin, servi mei comedent, et vos esurietis íosfaid mh'óglacha-sa, agus biaidh ocras oraibh-se.

 p.246

7830 Dá chor i gcéill go dtabhair sásughadh spioratdha grás dona fíréanchaibh do-ní feidhm friochnamhach dhó féin, agus do-bheir go deithbhireach dearna ré dubháilcibh agus ucht ar aithrighe, agus rénar milis mianghusach bheith ag crúdh a chumainn agus ag diúl a dhíoghraise, an tan bhíos ag tál trócaire orra. Bí an peacthach 7835 cheana ag feódh, agus ag dol i seirg-lighe, d'easbaidh na ngrás do-bhéaradh oileamhain spioratdha dhó, dá dtiocfadh a choguas do bheith slán soinnmheach ré saothrughadh soighníomh do-bhéaradh sláinte dá anam, agus lé bhféadfadh ballán sláin-íce na beatha suthaine do shlogadh go haigian an anma.

11. An t-aonmhadh goin déag

7840 An treas sgiúirse, pláigh .i. bás na péine. Agus is í an phláigh se do-ní Dia do bhagar ar na peacthachaibh dúra domhúinte, ris nach fiú leasughadh na locht do dhéanamh, ná eatal aithmhéile amháin do thabhairt mar ainsile do Dhia i n-íoc a n-uilc. Ag so mar adeir, san chaibidil déidheanaigh ag Isaias, ignis eorum non 7845 extinguetur “ní múchfaidhear a dteine súd.” Ionann sin ré a rádh agus go mbí pláigh na péine ifreannda 'na torn teintidhe gan traothadh, ag losgadh agus ag lonn-bhruith an luchta nach tabhair lámh fá leasughadh a locht san bheathaidh se.

12. An dara goin déag

Is iontuigthe as aní léaghthar san dara caibidil déag do 7850 Leabhar na dTaidhbhreadh nach bí tearmann ag druing ar bioth, dá n-airde i gcéimibh saoghalta, ó na sgiúrsadhaibh se. Ag so mar adeir Eóin san chaibidil chéadna, ecce draco magnus rufus, habens capita septem, et cornua decem, et in capitibus eius diademata septem “féach dragún mór ruadh, 'gá bhfuilid seacht gcinn, agus 7855 deich n-adharca, agus seacht rígh-mhionna ar a cheannaibh.” Go fáthach, is é an dragún dearg-ruadh úd at-chonnairc Eóin an bás folamhail; agus na seacht gcinn chorónta úd, na seacht gcéime onóra bhíos corónta san mhaitheas phuiblidhe, mar atáid Pápa, Impir, Rí, Prionnsa, Diúice, Marquéis, agus Iarla; na deich 7860 n-adharca, na cumhachta bhíos ag an mbás ar na seacht drongaibh se; agus cuirthear an uimhir chinnte, a deich, ar son nuimhreach  p.247 éigcinnte, do nós mar is gnáth san sgrioptúir, dá chor i gcéill gurab iomdha cruth 'na mbí cur ag an mbás ar na seacht ndrongaibh úd. Agus dá chor so i gcéill adeir file Laidneamhail 7865 áirithe na briathra so síos: sub tua purpurei veniunt vestigia reges “tigid rígh na róbadh bpurpuir fád lorg.” Dá chor i gcéill nach fuil rí ná ro-fhlaith, pápa ná prionnsa, ná uachtarán oile, danach éigean an bás do leanmhain, agus láin-ghialladh dhó. Gonadh uime 7870 sin adeir duine éigin an rann so, ag teacht leis an bhfilidh thuas:

  1. Truagh, a bháis, do neart,
    nach gabh ceart ná cóir,
    mar chuirthear fád smacht7870 
    ríoghraidh na n-at n-óir.

13. An treas goin déag

Gidh eadh, ní hé an bás corpardha is ionchuir i suim san áit se, acht bás aigmhéil na hanma. Ní mó is iad galair gháibhtheacha an chuirp is oircheas d'éagcaoine, acht aingcise anbháile na hanma, agus fiabhrais an pheacaidh. Is córaide a mheas gurab 7880 fiabhrais na peacaidh, aní léaghthar ag Ambrós naomhtha san cheathramhadh leabhar dá leabhraibh foirceadail, mar a sgríobhann ar an gceathramhadh caibidil ag Lúcás. Ag so iomorra mar adeir, febris nostra avaritia est, febris nostra luxuria est, febris nostra libido est, febris nostra ambitio est, febris nostra 7885 iracundia est “ar bhfiabhrais-se an tsainnt, ar bhfiabhrais-ne an mhian-bhruith, ar bhfiabhrais-ne an drúis, ar bhfiabhrais-ne an uaill-mhian, ar bhfiabhrais-ne an fhearg.” As na briathraibh se is iontuigthe gurab iontsamhluighthe na peacaidh agus na prímh-fhiabhrais ré chéile. Agus atáid sé gnéithe fiabhrusa ann lé 7890 gclaoidhtear an cholann go sonnradhach. Agus atáid sé gnéithe peacadh ann fhreagras dóibh sin, ó ngeintear othrais na hanma, do réir mar chuirfeam síos annso.

 p.248

16. AN SEISEADH HALT DÉAG

'na ndéantar coimmeas idir fhiabhrasaibh an chuirp agus easláinteadha na hanma, agus na riaghlacha chuirthear síos ré leigheas fiabhrusa na hanma.

1. An chéad-ghoin

An céid-fhiabhras díobh, dá ngoirthear quotidiana .i. fiabhras creathach chuireas saoth sealaid gach n-aon-lá. Agus atá 7895 fiabhras spioraddha ann fhreagras dó sin, dá ngoirthear craos, lé ndéantar turnamh na hanma. Atá fábhaill-sgéal ag Lúcás san seiseadh caibidil déag ar an saidhbhir sádhail ar a raibhe an fiabhras so, dá dtáinig a bhás agus a adhnacal i n-ifreann. Óir an fleadhughadh laothamhail do-níodh, fá fochain bháis spioratdha 7900 dá anam é. Mar an gcéadna, gach aon bhroinn-líonas é féin go hairceasach gach aon-lá, bí an fiabhras céadna air, agus tig éag na hanma dhe.

2. An dara goin

An dara fiabhras, dá ngoirthear erratica .i. fiabhras seachráin dá dtig a lúth agus a láthar do chaill do neach. Agus atá 7905 fiabhras spioratdha ann fhreagras dó sin, dá ngoirthear leisge, cheanglas céadfadha an chuirp agus acfuinne na hanma, ionnus nach léigeann do neach lúth ná luadhaill do dhéanamh, ré déanamh maitheasa do Dhia ná dá chomharsain; agus dá bhíthin sin tig bás na hanma dhe.

3. An treas goin

7910 An treas fiabhras, dá ngoirthear tertiana, gné fhiabhrais chuireas taom tamaill gach dara lá ar an othar; agus bí fuacht foiréigneach i dtús a theadhma, agus teas ainmheasardha dá éis sin. Atá fiabhras spioratdha ann dá ngoirthear formad, 'na mbíd na cáile céadna. Ar dtús iomorra bí fuacht oighreata an 7915 fhuatha ann, lé múchtar teas grádha Dé agus na comharsan i dtoil an tnúthaigh. Bí fós teas forloisgthe na feirge i n-aigneadh an tnúthaigh, agus dá thoisg sin tig lot na hanma dhe.

 p.249

4. An ceathramhadh goin

An ceathramhadh fiabhras, dá ngairthear continua .i. fiabhras leaptha. Gnáth-thaom iomorra sin, ó nach faghthar faothamh 7920 go fagháil bháis nó shláinte don othar. Agus atá fiabhras spioratdha ann fhreagras dó so, dá ngairthear sainnt, bhíos ag sámh-chnaoi agus ag seargadh an tsanntaigh do shíor. Agus is ar an sanntach so labhras Solamh san .14. caibidil in Ecclo. mar a n-abair, non satiabitur pane sed indigens, et in tristitia erit super 7925 mensam suam “ní sáiseóchar é lé harán, acht go n-easbaidh, agus biaidh i dtoirrse ar a bhord féin.” Ionann sin ré a rádh agus nach sáiseóchaoi ar a bhord féin an sanntach lé harán .i. leis an saidhbhreas do bhiadh aige, agus go mbiadh i dtoirrse ar bhord na péine ifreannda. As so is iontuigthe go marbhann fiabhras 7930 na sainnte an t-anam nach faghann faothamh uaithe san bheathaidh se.

5. An cúigeadh goin

An cúigeadh fiabhras, dá ngairthear quartana .i. fiabhras creathach tig ar neach an ceathramhadh lá; agus is gnáth tinneas cinn ar an tí ar a mbí. Agus atá fiabhras spioratdha ann 7935 fhreagras dó so, dá ngairthear díomas. Agus amhail bhíos deatach ag dol i gceann an tí ar a mbí an fiabhras so, óna leanntaibh loisgneacha bhíos 'na ghoile, go mbuaidhearthar ceann an othair leó, mar an gcéadna bhíos deatach díomusa ag éirghe ón aol-ghoradh uabhair bhíos ag éirghe a grinneall chroidhe an 7940 díomsaigh, go mbuaidhearthar mullach meanman an díomsaigh lé huaill atmhair i n-aigeantaibh a mhéine. Gonadh uime sin adeir Dáibhídh Rí ag labhairt ar na díomsachaibh san .73. Salm, superbia eorum qui te oderunt ascendet semper “éirghidh suas do ghnáth díomas na druinge fhuathuigheas tú.” Dá chor i gcéill, 7945 an dream rénar fuathmhar Dia a los an díomusa, go mbí deatach dhubháilceadh agus doimhéine ag éirghe a híochtar amhghlan a n-aigeanta, go measgthar an mheanma leó; agus tig don urdhubhadh aigeanta sin, go ngabhann diúdán iad, agus de sin nach féadaid triall go díreach i raon na haithrighe, acht bheith ag cais-iompódh 7950 ar a gceanaibh, agus agá n-únfairt 'na n-olcaibh féin do ghnáth.

 p.250

6. An seiseadh goin

An seiseadh fiabhras, dá ngoirthear hectica .i. fiabhras do-bheir teas mailíseach i mballaibh an duine, dá dtig an t-othar do sheargadh agus do shámh-chnaoi, go gcailleann a lúth agus a láthar, go spealtar amach ainn-séin é, go n-éagann amhlaidh sin. Atá 7955 fiabhras spioratdha ann fhreagras dó sin, dá ngairthear drúis, 'na bhfuilid na cáile céadna. Agus is ar an bhfiabhras so na drúise labhras Iob san .31. caibidil, mar a n-abair, ignis est usque ad perditionem devorans “teine í (ar sé) chraos-shloigeas go críoch-caitheamh.” Dá chor i gcéill go mbí an fiabhras úd pheacaidh 7960 na drúise ag fadódh agus ag folosgadh go folaightheach i mballaibh an drúisigh agá sheargadh, go spealtar fá dheóidh dhe gach blás dá mbí air, mar atá a choguas, a chlú agus a chonách saoghalta, agus fós somhaise agus sláinte a chuirp. Is uime sin adeir Iob san chaibidil chéadna, pepigi foedus cum oculis meis, ut ne cogitarem 7965 quidem de virgine “do cheangail mé connradh rém shúilibh, ionnus nach smuaininn ar mhaighdin idir.” Dá chor i gcéill go raibhe an uiread soin d'uamhan agus d'imeagla air ré fiabhras pheacaidh na drúise, nach eadh amháin do chuir roimhe a sheachnadh do ghlór agus do ghníomh, acht fós gur chuir roimhe álghus agus 7970 accobhar a intinne do thoirmeasg ó smuaineadh ar pheacadh na drúise.

7. An seachtmhadh goin

Cuiridh Críost riaghail chinnte síos, lé bhféadfadh an duine é féin do leigheas agus do lór-choimhéad óna fiabhrasaibh réamhráitte, agus óna leithéidibh oile, amhail léaghthar ag Matha san 7975 seiseadh caibidil déag, mar a n-abair, qui vult venire post me abneget semetipsum, et sequatur me “an tí rénar toil teacht im dhiaidh-se, diúltuigheadh dó féin, agus leanadh mise.” Is follus gurab riaghail chinnte ré slánughadh agus ré sár-chaomhna a duine ón uile pheacadh, stiúradh a mheanman agus a chéadfadh do 7980 thabhairt do Chríost, agus triall ar a threóir in gach slighe 'na seólfadh an duine; agus dá ndearna soin, is dearbh gurab i slighe na subháilceadh agus na síor-shláinte thriallfas, agus mar an gcéadna go gcuiridh cúl ris na coiribh go coitcheann. Óir ní héidir a  p.251 mheas gomadh easlán an tí leanas go díreach sliocht-lorg ar 7985 Slánuightheóra, nó gurab peacthach an tí chuireas é féin fá choim Phríomh-ughdair na ngrás do dháil dá lucht leanamhna. Is córaide dhúinn Críost do leanmhain, an teagasg do-bheir Bearnard naomhtha i leabhar a Naomh-smuaineadh don duine agá fhaisnéis dó créad an sochar 'na dtéid do neach Críost do leanmhain. 7990 Ag so mar adeir ris, cum omnes amici tui recedent a te, ille te non derelinquet, sed tuebitur a rugientibus praeparatis ad escam, et conducet te per ignotam viam, atque perducet ad plateam supernae Sion, et ibi te collocabit cum angelis, ante faciem maiestatis divinae “an tan fhúigfid do charaid tú, ní thréigfidh seisean tú, acht 7995 díonfaidh tú ón druing chonfadhaigh bhíos ollamh ré fagháil fulachta, agus do-ghéana do threórughadh tré shlighidh anaithnidh, agus béaraidh go sráid Shión uachtaraigh thú, agus do-ghéana do shuidhiughadh annsin mar aon ré hainglibh i bhfiadhnaise deilbhe na mórdhachta diadha.” Is neartughadh leis so aní léaghthar ag 8000 Matha san .22. caibidil, mar a n-abair, ag aithfhriotal bhriathar na n-Iúdaidheach ré Críost, magister, scimus quia verax es, et viam Dei in veritate doces “a mhaighistir, is feasach linn go bhfuil tú fírinneach, agus go seólann tú slighe Dé i bhfírinne.” As na briathraibh se Mhatha is follus gurab treóraighe Críost, ré 8000 díorghadh na ndaoine go neamh.

8. An t-ochtmhadh goin

Tuig fós, do réir na riaghlach thuas, an tí thréigfeas é féin mar cheannach ar Chríost, nach inmheasta go dtréigfidhear Críost leis ar ainmhian san bhioth do chuirfeadh i gceachtar dona fiabhrasaibh réamhráitte é; do réir mar adeir Eóin san 8010 treas caibidil don chéid-Eip. ag labhairt ar Chríost omnis qui in eo manet non peccat “an tí anas ann ní dhéin peacadh.” Is follus as so, an tí chomhnaidheas i gCríost, nach déin peacadh. Is follus as an chaibidil chéadna nach bí aithne ar Chríost ag an tí pheacuigheas, agus nach mó at-chíthear Críost leis. Ag so 8015 briathra Eóin, et omnis qui peccat non vidit eum, nec cognovit eum “agus gach aon (ar sé) do-ní peacadh, ní fhaiceann é, agus ní mó aithnigheas é.” As a ndubhramar is follus gurab treóraighe  p.252 Críost, agus gach aon nach triallann ar a threóir, go dteagmhann seachrán slighe dhó.

9. An naomhadh goin

8020 Cuiridh S. Augustine síos san .176. Seanmóir ní lé ndearbhthar so, mar a n-abair, Si unusquisque nostrum subdere suas passiones sibi studeat, ac super eas stare consuescat, ex ipsis sibi gradum construit quo possit ad superiora conscendere. Elevabunt nos si fuerint infra nos, et vititis nostris scalam nobis facimus, si 8025 vitia ipsa calcamus. Nam cum bonitatis auctore non ascendet malitia, nec cum magistro humilitatis superbia, nec cum filio virginis libido atque luxuria. Non, inquam, ascendunt vitia post virtutum parentem, nec peccata post iustum, nec infirmitates nec morbi possunt ire post medicum “dá ndearna (ar sé) gach aon againn a dhícheall 8030 réna shiansadhaibh do chur fána chumhachtaibh féin, go gcleachtfadh seasamh ar a muin, cóirighthear leis céim dhíobh dhó féin, lé bhféadfadh dol suas gusna huachtaraibh. Airdeóchaid suas sinn dá rabhaid fúinn. Do-nímíd dréimire dhúinn féin dár lochtaibh, dá ngabhthar linn dár gcosaibh sna lochtaibh 8035 céadna. Óir ní théid an mheabhail suas mar aon ré hUghdar na maitheasa, ná an t-uabhar mar aon ré Maighistir na humhlachta, ná an drúis agus an mhian-bhruith mar aon ré Mac na Maighdine. Ní theid suas, adeirim, na lochta i ndiaidh Athar na subháilceadh, ná na peacadha i ndiaidh an Fhíréin. Fós, ní fhéadaid na 8040 héagcruais ná na galair dol i ndiaidh an Leagha.” As na briathraibh se S. Augustine is iontuigthe, cibé thurnas a cheana féin, agus chuireas fána smacht iad, agus nach giallann dóibh, agus fós leanas lorg Críost, nach féadaid na coire bheith mar aon ris.

10. An deachmhadh goin

Cidhbé rénar maith an raon díreach do leanmhain ar a lorg, 8045 tugadh dá aire aní léaghthar ag Eóin san seiseadh caibidil, mar a n-abair Críost, descendi de caelo, non ut faciam voluntatem meam, sed eius qui misit me “do thurnas do neamh, ní ré déanamh mo thoile féin, acht do dhéanamh toile an tí do chuir uaidh mé.” Is follus as na briathraibh se cia an ród díreach is inleanta ar  p.253 8050 lorg Críost. Óir mar is é an raon 'nar gabhadh lé Críost, óigh-réir agus umhlacht iomlán in gach éin-ní do thabhairt don Athair uile-chumhachtach, agus gurab san slighidh sin do thriall go díreach go neamh, mar an gcéadna gach aon rénar feirrde triall san chonair chéadna go neamh, ceangladh a thoil féin do thoil 8055 Chríost, agus mar sin ní thiobhraidh dúil ná searc d'éin-ní acht don ní ar a mbia gean ag Dia, agus ní thiubhra fuath d'éin-ní acht aní bhus fuathmhar ag Dia.

Agus an mhéid bheanas ris na sé fiabhrasaibh do luaidheamar thuas, cuirfeam annso síos sé riaghlacha cinnte fhreagras dóibh, 8060 mar atá riaghail i n-aghaidh gacha fiabhrusa dhíobh.

11. An t-aonmhadh goin déag

An chéid-riaghail, i n-aghaidh an chéid-fhiabhrusa, mar atá an craos: do réir Ezec. san cheathramhadh caibidil, mar a n-abair, cibus tuus quo vesceris erit in pondere “an biadh ré n-oilfidhear thú, biaidh do réir thomhais.” Ionann sin ré a rádh agus gurab do 8065 réir mheidhe na measardhachta dhleaghair do duine é féin do shásadh do bhiadh agus do dhigh. Agus dá ndearna sin do ghnáth do réir cháile agus chaindigheachta bídh agus dighe, ní heagail dó an fiabhras úd an chraois.

12. An dara goin déag

An dara riaghail, i gcoinne an dara fiabhrusa, mar atá an 8070 leisge: do réir Sholaimh san chúigeadh caibidil in Ecclo., mar a n-abair, ne tardes converti ad Dominum, et ne differas de die in diem “ná déana moill fá thilleadh gus an dTighearna, agus ná cuir cairde ó ló go ló.” Ionann sin ré a rádh agus go ndligheann an duine gan a leas do chor ar ceal ná ar cairde, acht deithbhir agus 8075 deithneas do dhéanamh ris gach feidhm fíréanta fhéadfas do ghníomh-ghnáthughadh ré coimhlíonadh thoile Dé do dhruim díchill agus díoghraise. Agus dá ndearna soin, ní heagail dó lot ná leónadh ó fhiabhras na leisge do theagmháil dó.

13. An treas goin déag

An treas riaghail, i gcoinne an treas fiabhrusa, dá ngoirthear 8080 formad: do réir Phóil san .13. ca. don chéid-Eipistil gusna  p.254 Coirintibh, mar a n-abair, caritas patiens est, benigna est, non aemulatur “atá an grádh foidhideach, atá sochroidheach, ní dhéin formad.” Ionann sin ré a rádh agus go dtig don ghrádh, an tí agá mbí sé, go mbí foidhideach ar gach éagcomhthrom agus ar gach anfhochain theagmhas dó, agus go mbí sochroidheach soronna ris 8085 gach n-aon, agus nach déin formad ré neach. Uime sin, cibé agá mbí an grádh dáríribh, ní heagail dó fiabhras an fhormaid dá thadhall.

14. An ceathramhadh goin déag

An ceathramhadh riaghail, i gcoinne an ceathramhadh 8090 fiabhrusa, dá ngairthear sainnt: do réir Mhatha san naomhadh caibidil déag, mar a n-abair, si vis perfectus esse, vade, vende omnia quae habes, et da pauperibus, et habebis thesaurum in caelo, et veni, sequere me “mása thoil leat bheith iomlán, imthigh, díol na huile neithe atá agat, agus dáil do bhochtaibh iad, agus do-ghéabhair 8095 ionnmhas ar neamh; agus tar, lean mise.” Gidh eadh, an dream nach leanann Críost, is meinic milleadh agus míorath ag teagmháil dóibh san saoghal so; ní áirmhim an anfhochain thall. Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar san cheathramhadh caibidil déag do Leabhar na Nuimhreach, ar Chloinn Israel, 8100 mar atá méad na ndochar ndíoghaltach do-rinne Dia dhóibh trí dhíbhfeirg, tré gan leanmhain do chomhairle Mhaoise ar an bhfásach, ionnus go rabhadar ar siadhán agus ar seachrán seachnóin an fhásaigh ré ré .40. bliadhan, agus gan acht uidhe .40. lá uathaibh go Tír Thairrngire, agus nach ráinig leó a rochtain ó shoin. Mar 8105 sin dona daoinibh ar fásach an tsaoghail se, ré triall go Tír Thairrngire an fhlaitheasa neamhdha: an tan nach leanaid do chomhairle Chríost, ná dá réir do dhéanamh, ní bhíd acht ag praip-ionntódh ar na peacaidhibh, agus ag cais-fhilleadh ar na coiribh, go ngabhann diúdán ó na dubháilcibh iad, go nach féadaid 8110 an chonair chóir do choimhéad ar lorg Críost go neamh. Agus an tí thoigeóras Críost do leanmhain, gabhadh ar a lorg tré bhealach bheannuighthe na bochtachta. Is iontuigthe as an riaghail se, gurab é leigheas dhleaghair do dhéanamh i gcoinne fhiabhrais na sainnte, an bhochtacht fhírinneach do leanmhain; agus is ionann 8115 sin agus Críost féin do leanmhain. Óir ní raibhe sealbh shaoghalta  p.255 aige, do réir Lúcáis san naomhadh caibidil, mar a n-abair ag labhairt ar Chríost, vulpes foveas habent, et caeli nidos, Filius autem hominis non habet ubi caput reclinet “atáid uamha ag na sionnchaibh, agus neid ag éanlaith nimhe, gidh eadh, ní 8120 fhuil ionadh a chinn do chlaonadh ag Mac an duine.” As na briathraibh se is iontuigthe gurab tré bhealach na bochtachta do thriall Críost go neamh; agus cibé thoigeóras lorgaireacht do dhéanamh ar Liaigh na sláinte suthaine, leanadh san chosán chéadna é, agus ní heagail dó saoth na sainnte dá mharbhadh. Is 8125 córaide do neoch gan seadh do bheith sna séadaibh saoghalta ná i n-aoibhneas na colna, aní léaghthar ag S. Augustine san .33. Eip. mar a n-abair, prospera huius mundi asperitatem habent veram, iucunditatem falsam, certum dolorem, incertam voluptatem, duram laborem, timidam quietem, rem plenam miseriae, spem 8130 beatitudinis inanem “atá (ar sé) fíor-fhraochdacht ag conáchaibh an tsaoghail se, gáirdeachas bréige, doilgheas dearbhtha, antoil éigcinnte, saothar dúr, comhnaidhe oirmheata, ní lán do thruaghántacht, dóchas díomhaoin na beannuightheachta.” As na briathraibh se S. Augustine is iontuigthe nach fuil i bhflaitheas 8135 an tsaoghail se acht maith thig i mbréig-riocht fá ghné mhaitheasa fíre, agus nach fuil innte dáríribh acht buaile bháis agus iothlann éaga, go meinic, don druing bhíos 'na seilbh; agus uime sin go bhfuil sí dá gach aon intseachanta rénar feirrde gan fiabhras na sainnte dá mharbhadh.

15. An cúigeadh goin déag

8140 An cúigeadh riaghail, i gcoinne fhiabhrusa an uabhair: do réir Sholaimh san .29. caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, humilem spiritu suscipiet gloria “glacfaidh an ghlóir an t-umhal ó spioraid.” Ionann sin ré a rádh agus go mbí an ghlóir d'áirithe ag an druing bhíos umhal ó spioraid. Agus 8145 gach dream 'gá mbí an ghlóir d'áirithe aca, bíd saor ófhiabhras an uabhair. Contrárdha iomorra dá cheile atá ceann innmhe an díomsaigh agus an umhail. Óir síos téid an díomsach i n-ifreann, agus suas ar neamh théid an t-umhal. Is iontuigthe sin a briathraibh Lúcáis san dara caibidil mar a labhrann ar na 8150 crothaibh éagsamhla 'na gcuireann Dia an dá dhruing úd. Ag  p.256 so mar adeir, deposuit potentes de sede, et exaltavit humiles “do chuir sé na cumhachtaigh as a n-ionadh, agus do arduigh na humhail.” Do réir a ndubhramar, cibé adhras don umhlacht, is dearbh dhó bheith saor ó fhiabhras an uabhair, agus fós, bheith 8155 ar lorg dhíreach Chríost go neamh.

16. An seiseadh goin déag

An seiseadh riaghail, i gcoinne fhiabhrusa na drúise: do réir Phóil san chúigeadh caibidil don chéid-Eip. go Timoteus, mar a n-abair, teipsum castum custodi “coimhéid tú féin geanmnaidh.” Dá chor i gcéill, cibé choimhéadas é féin go gasta 8160 geanmnaidh, go mbí saor ó fhiabhras na coire se .i. na drúise.

Tuig, a dhuine, gur choimhéid Críost go cinnte gach riaghail díobh so, do bhríogh gurab é fein is liaigh ré leigheas gach othrais anma dá mbí ar an duine, agus go mbeanann ris an liaigh gcineólta na sioróipe agus na seirbh-dheocha sláin-íce do 8165 fhromhadh rés an othar, ionnus gomadh lughaide a dhéistin an liaigh dá bhfromhadh roimhe, agus fós, gurab móide do bhiadh fios a mbríogh ag an liaigh, é féin dá bhfromhadh rompa, agus mar an gcéadna fios na ngalar do bheith aige. Gonadh uime sin adeir Petrus Chrysologus san .150. Seanmóir, medicus qui 8170 non fert infirmitates, curare nescit, et qui non fuerit cum infirmo infirmus, infirmo non potest conferre sanitatem “an liaigh nach iomchrann na héagcruais, ní heól dó leigheas do dhéanamh; agus an tí nach biaidh éagcruaidh leis an easlán, ní fhéadann sláinte do thabhairt don othar.” Ionann sin ré a rádh agus go 8175 ndleaghair galar comhpáise agus truaighe do bheith aige don othar. Gonadh uime sin do fromhadh lé Críost, maille ré truaighe do bheith aige dhóibh ré linn gach uilc agus gach anfhorlainn dá dteagmhadh dhóibh, mar atá fuacht agus íota agus ocras, tár agus tarcaisne, aithis agus iomcháineadh, díbirt agus deóraidheacht, bochtacht, 8180 broid, braighdeanas agus bás; agus fós, do fromhadh leis féin gach anfhochain díobh.

17. An seachtmhadh goin déag

Is móide is inmheasta gurab liaigh Críost, agus gurab íoc-luibh na hamarráin, aní léaghthar ag S. Augustine, ag sgríobhadh  p.257 ar an .21. Salm, mar a n-abair, intelligat homo medicum esse 8185 Deum et tribulationem medicamentum esse ad salutem, non poenam ad damnationem. Sub medicamento ureris, secaris, clamas: non audit medicus ad voluntatem, sed audit ad sanitatem “tuigeadh an duine gurab liaigh Dia agus gurab leigheas an buaidhreadh ré sláinte d'fhagháil, nach pian ré damnadh. Ar mbeith dhuit 8190 fá leigheas loisgthear thú, gearrthar thú, éighmhe tú: ní éisteann an liaigh do réir do thoile, acht do réir do shláinte.” As na briathraibh se S. Augustine is follus gurab liaigh Dia, agus dá réir sin Críost. Is follus mar an gcéadna, an buaidhreadh agus gach dochar oile theagmhas don fhíréan ionnraic, gurab 8195 sioróipe searbha agus íoc- luibhe borba do-bheir Dia dhóibh do shlánughadh a n-anmann. Óir, tar ceann go mbí an bormont searbh, measaid na leagha bhíos fír- eólach gurab folláin é. Mar an gcéadna is dearbh lé Fáith-liaigh na fírinne gurab folláin bormont na buaidheartha dá fhíréanaibh féin; agus dá réir sin, 8200 an tan teagmhas buaidhreadh nó anfhochain don fhíréan, dlighidh a ghábháil chuige go haontuightheach toileamhail, mása galar, nó éag cloinne nó carad, nó caill fhearainn nó maoine saoghalta, nó anfhorlann easgcarad é, agus a mheas gurab mar smachtughadh imreas Dia na dochair sin air. Tig 8205 Hieronymus leis so, ag sgríobhadh ar Ezechiel, mar a n-abair, providentia Dei omnia gubernantur, et quae putatur poena medicina est “is tré oirchill Dé fhollamhnuighthear na huile, agus aní mheastar 'na phéin is leigheas é.” Féach mar adeir, ag teacht leis aní thuas, aní is gortughadh lé neach, gurab 8210 leigheas dó é.

18. An t-ochtmhadh goin déag

Is uime sin adeir S. Augustine san ionadh réamhráitte thuas, novit medicus quid salutiferum quidve contrarium petat aegrotus. Aegroti estis, nolite ergo dictare quae vobis medicamenta velit apponere “bídh a fhios ag an liaigh créad aní is folláin nó a 8210 chontrárdhacht iarras an t-othar. Othair sibh, ar an adhbhar soin ná deachtuighthear libh don liaigh na leighis is toil leis do chur ribh.”

 p.258

19. An naomhadh goin déag

As so is iontuigthe nach dleaghair dhúinn locht d'fhagháil ar aon-smacht bhus toil ré Dia do dhéanamh orainn, agus nach 8220 dleaghair dhúinn bheith íogmhar éagcaointeach tré leigheas dá ghéire agus dá ghoirte chuirfeas rinn. Óir is meinic bhíos an galar comh-guasachtach soin gurab éigean don liaigh losgadh, gearradh cneis, agus teasgadh ball do dhéanamh ar an othar, do shúil réna shláinte d'aiseag dhó. Mar an gcéadna do-ní 8225 Liaigh na hanma ris an tí shaoileas do shlánughadh. Uime sin adeir Hieronymus ag sgríobhadh gó a charaid éagcruaidh, artis est medicinae aliquoties ignibus et ferro curare. Quid mirum si Dominus nostrarum medicus animarum turbinibus excutiat, calamitatibus purgat “beanaidh ris an ealadhain leighis ar 8230 uairibh leigheas do dhéanamh lé teintibh agus lé hiarann. Créad an t-iongnadh dá ndearntaoi leis an dTighearna, Liaigh ar n-anmann, sguabadh le hiomghaothaibh, glanadh le hamhgaraibh?” Ionann sin ré a rádh agus mar go bhfuilngeann an t-othar corpardha iomad fualaing tré shíneadh láimhe an leagha corpardha, mar 8235 cheannach ar shláinte a chuirp, mar an gcéadna is mó sa chách dhleaghair don tí ar a mbí othras na hanma foidhide do dhéanamh ris gach síneadh láimhe dá dtabhair Liaigh na hanma dhó, dá ghéire agus dá ghoimheamhlacht do bhiadh an síneadh láimhe, bíodh gomadh gnáth-ghalar goithneach géir-neimhneach, nó 8240 caill chloinne nó chonách é.

20. An ficheadmhadh goin

Is córaide dá gach othar sin do dhéanamh gurab do thuar a shláinte ghortuighthear leis an liaigh é. Gonadh uime sin adeir Hieronymus san Eipistil do sgríobh go Hamandus, non parcit medicus ut parcat, saevit ut misereatur “ní choigleann an 8245 liaigh go gcoigleadh; gabhaidh dásacht é go ndearnadh trócaire, nó go ngabhadh truaighe é.” Ionann sin ré a rádh agus nach gabhann gan síneadh láimhe, sioróipe agus seirbh-dheocha do thabhairt don othar, dá neamh-thoil, do shúil ré coimhéad agus ré coigilt a shláinte dhó; agus fós, go ngabhann fearg agus dásacht 8250 an liaigh ris, ar a leas, an tan bhíos ag diúltadh aneith budh  p.259 mhaith dhó do ghlacadh, agus ag iarraidh aneith budh anfholláin dó; mar do-chíthear linn go meinic go mbí fear an fhiabhrusa ag iarraidh iomaid dighe, nó ag codladh i meadhón laoi, nó a shamhail oile sin, agus mar bhíos an liaigh agá thoirmeasg air, 8255 agus fós go ngabhann fearg é ris an othar tré bheith liosta agá n-iarraidh, agus sin uile ar leas an othair. Mar an gcéadna do-ní an Liaigh spioratdha .i. Dia uile-chumhachtach, do-bheir deoch dhomblasta dona hothraibh shaoileas do shlánughadh. Óir do-bheir bochtacht don druing do loiteadh le conách saoghalta, 8260 agus do-bheir galar don druing leóntar lé sláinte chorpardha, agus beanaidh clann agus caraid don druing 'gá mbíodh uaill asta, agus sin uile do shlánughadh anma an othair. Uime sin, a dhuine, gach smacht dá ghéire, agus gach ciorrbhadh cuirp, cloinne, carad agus conáich bhus toil ré Dia do dhéanamh ort, gabh chugat ó 8265 chroidhe chobhsaidh é, agus tabhair glóir agus moladh do Dhia dá chionn.

7. AN SEACHTMHADH HALT DÉAG

as a dtuigthear go bhfuilid trí modha ar a ndéin Dia leigheas spioratdha i gcoitchinne, i n-aghaidh ghalar agus easláinte na hanma.

1. An chéad-ghoin

An chéad-mhodh dhíobh, lé tréidheanas, nó lé trosgadh. Ag so réim leighis do coimhéadadh lé hElias ré ré .40. lá go rochtain shléibhe Oreb dhó. Mar an gcéadna do Mhaoise, agus 8270 do Chríost féin. Do choimhéid fós Eóin Baiste réim tréidheanais feadh a ré. Do choimhéadadar fós na hil-mhílte do naomh-aithreachaibh agus do naomh-óghaibh an tsein-reachta agus na Nua-fhiadhnaise, an réim se an troisgthe agus an tréidheanais, mar is follus a mórán d'áitibh an Scrioptúra, agus a mórán do stairibh 8275 do sgríobhadh lé roighne ríogh-ughdar na heagailse, budh liosta ré a gcur síos annso. Agus ní headh amháin is iontuigthe annso, tréidheanas nó trosgadh do dhéanamh ó bhiadh nó ó dhigh, acht fós ó gach sódh agus ó gach sáimhrighe shaoghalta oile ó shoin  p.260 amach; agus go mór-mhór óna peacaidhibh. Is córaide tréidheanas 8280 do dhéanamh óna peacaidhibh, aní léaghthar ag S. Augustine, ag sgríobhadh ar Eóin, mar a n-abair, ieiunium magnum et generale est abstinere ab iniquitatibus et illicitis voluptatibus saeculi, quod est perfectum ieiunium “is trosgadh mór coitcheann fulang ó urchóidibh agus ó ainmhianaibh éigcneasta an tsaoghail, is trosgadh 8285 iomlán ann.” As na briathraibh se S. Augustín is follus nach eadh amháin is trosgadh ann, fulang ó bhiadh agus ó dhigh, acht fós gurab fíor-throsgadh fulang ón pheacadh agus óna feidhmibh bheanas ris. Tuigthear fós a briathraibh S. Bearnard san .38. Seanmóir, nach eadh amháin dhleaghair don duine trosgadh do 8290 dhéanamh ó bhiadhaibh, acht fós go ndleaghair dhó srian do chor réna chéadfadhaibh, dá bhfastódh ó chíocras chraosach na gcean. Ag so mar adeir, si sola gula peccavit, sola ieiunet, si vero peccaverunt et membra caetera, cur non ieiunent et ipsa? Ieiunet igitur oculus a curiosis, et rlqa. “más é an craos amháin 8295 do pheacuigh, troisgthear leis féin amháin, agus is lór é. Gidh eadh, má do pheacuighsead na boill oile, créad as nach troisgfidhe leó- san mar an gcéadna? Ar an adhbhar sin déanadh an tsúil trosgadh ó amharc néata, agus an chluas ó éisteacht an ithiomráidh agus briathar mímhéine na meirdreach, agus an béal ó bhréagaibh 8300 agus ó bhriathraibh borba baothánta, agus an lámh ó thadhall thruaillidhe, agus an chos ó chéimniughadh chealgach chlaon-rúnach.” As na háitibh se is léir nach lór do neoch trosgadh ó bhiadh, acht fós nach foláir dhó trosgadh agus fulang do dhéanamh ó pheacaidhibh oile.

2. An dara goin

8305 Is córaide do neoch trosgadh do dhéanamh ó iomad bídh agus dighe, a mhionca do-chuaidh fleadhachas bídh agus dighe i ndochar don druing do shainnteóchadh iad. Bíodh a fhiadhnaise sin ar Holofernes, dar beanadh a cheann agus é ar meisge ar lár a shluaigh, amhail adubhramar thuas romhainn, do réir mar 8310 léaghthar san treas caibidil déag do Leabhar Iudith; agus ar Ammon mac Dáibhídh Ríogh, do marbhadh lé muinntir a dhearbhráthar, ar mbeith don Ammon chéadna ar meisge agus é ag caitheamh fhleidhe, amhail léaghthar san treas caibidil déag don dara  p.261 leabhar do Leabhraibh na Ríogh. Ní headh fós téid an biadh 8315 sádhail i ndochar, náid na deocha sobhlasta, acht fós téid tuir-bhiadh agus táir-dheoch i ndochar do lucht a gcaithmhe. Bíodh a fhiadhnaise sin ar Ádhamh, lér cailleadh grás Dé agus a chuid d'oighreacht nimhe ar ghreim d'ubhall, amhail léaghthar san dara caibidil in Genesi; agus ar Esau, do reic a oighreacht ar chorn 8320 praisge, amhail léaghthar san .25. caibidil in Genesi.

3. An treas goin

Is córaide fós do neoch tréidheanas do dhéanamh ó sháimhrighe agus ó rath shaoghalta, a mhionca do-chuaidh neach i n-olcaibh ó chonách agus ó onóir shaoghalta dá rochtain. Bíodh a fhiadhnaise sin ar Shaul, do bhí go maith sul ráinig i bhflaitheas na 8325 n-Iúdaidheach, amhail léaghthar san naomhadh caibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh. Gonadh uime sin adeir an fáidh Daniel agá iomchasaoid, quia proiecisti sermonem Domini, et proiecit te Dominus ne sis rex super Israel “do bhríogh (ar sé) gur ruagais uait comhrádh an Tighearna, do ruaig an Tighearna 8330 thusa, go nach budh rí ar Israel tú.” Neartuighid briathra Chrysostomus naomhtha, san chéid-leabhar ro sgríobh de Curialium Nugis, lé fírinne aneithe se, mar a n-abair, noverca virtutis prosperitas: baculis suis applaudit ut noceat, et infelici successu fortunatis obsequitur, ut in fine perniciem preretur conviviis suis; 8335 ab initio propinans dulcia, et cum inebriati fuerint, letale virus miscet, et siquid deterius est quo specie sui clarescit, amplius eo stupentibus oculis densiorem infundit caliginem “leas-mháthair na subháilceadh an conách: is amhlaidh do-ní toirn-chleas go n-urchóideadh; agus is lé triall neamhchonáich do-ní feidhm dona 8340 toictheachaibh, ionnus fá dheireadh go n-oibrigheadh milleadh léna fleadhaibh; ar dtús ag ól-toghairm a milis-deoch, agus iar mbeith ar meisge dhóibh do-ní cumasg neimhe marbhthaighe tríotha; agus dá raibhe nísa mheasa ioná a chéile dheallruigheas tréna ghné, is mó sa chách iar ngabháil mhachtnaidh na súile dhoirtear dlúith-néall 8345 dorcha orra é.” As na briathraibh se Chrysostomus is iontuigthe gurab eagail don druing ibheas brogóid na beatha so i dtús a ré do bhríogh gurab gnáth ris an saoghal searbhóga  p.262 do dháil dóibh i ndeireadh a n-aimsire, agus míorath i ndíol mhacnasa na hóige, agus fós dol i n-olcas tré fhlaitheas saoghalta 8350 dá rochtain, ionnus lé fás a n-innmhe go bhfásaid a n-ainmhiana.

4. An ceathramhadh goin

Féach Dáibhídh Rí, feabhas na teasta do bhí air sul ráinig sé i bhflaitheas, amhail léaghthar san seachtmhadh caibidil don chéid- leabhar do Leabhraibh na Ríogh mar do marbhadh leómhan leis, ar mbeith ag ionghaire chaorach dhó; agus fós mar do-rinne 8355 iomad do neithibh tásgamhla oile. Gidh eadh, ar mbeith 'na rí dhó do-rinne adhaltrannas ré Bersabe, bean Urias, amhail leaghthar san aonmhadh caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh. Féach mar do thuit Solamh, ar mbeith 'na rí dhó, tar a bhfuair d'eagna agus do shubháilcibh ó Dhia, ionnus 8360 gur tháith é féin go héigceart ré mnáibh deórata, tug air adhradh do láimh-dhéibh i n-aghaidh reachta Dé, amhail léaghthar san aonmhadh caibidil déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh.

5. An cúigeadh goin

Féach Achab, ar mbeith 'na rí dhó, mar thug Iesabel inghean 8365 ríogh Sidoniorum mar mhnaoi, thug air íodhal-adhradh do dhéanamh, amhail léaghthar san seiseadh caibidil déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh. Gidh eadh, is eadh dhleaghair don tí leanas lorg Achab san olc, a lorg mar an gcéadna do leanmhain san aithrighe, agus do-ghéabhaidh mar sin aiseag a 8370 shláinte spioratdha, amhail fuair Achab, do réir Hieronymus, san Eipistil ro sgríobh go Oceanum, mar a n-abair ag labhairt ar Achab, ieiunabat in sacco et ambulabat demisso capite, et salvatus est “do throisg sé i sacc, agus do shiubhail sé maille réna cheann crom, agus is mar sin do slánuigheadh é.” Is lé haithrighe fós 8375 do dhéanamh do turnadh fearg Dé ré fuirinn chathrach Ninive. Is amhlaidh fós do fóireadh an puibleacán. Is amhlaidh mar an gcéadna fuair Nabugodonosor aiseag a fhlaitheasa, amhail léaghthar ag Daniel san cheathramhadh caibidil. Uime sin, gach aon leanfas 'na lochtaibh a lorg, leanadh i leasughadh a 8380 mbeart iad.

 p.263

6. An seiseadh goin

Féach mar do saobhadh Gedeon, Ezechias, Manasses, Nabugodonasor agus na céada oile tré fhlaitheas saoghalta dá rochtain. Gidh eadh, ní hionann so agus an sochar tig don bhochtacht, do réir Mhatha san chúigeadh caibidil, mar a n-abair, beati pauperes 8385 spiritu, quoniam ipsorum est regnum caelorum “is beannuighthe na boicht ó spioraid, óir is leó flaitheas nimhe.” Tig Solamh leis so san deachmhadh caibidil in Ecclo., mar a n-abair, pauper propter scientiam et religionem gloriam adipiscitur “greamuighidh an bocht tré eólas agus tré iris an ghlóir.” Dá chor i gcéill, an tí 8390 bhíos bocht do dhruim eólusa agus fhíréandachta, gurab sealbh dhíleas dó an ghlóir shíor. Gidh eadh, ní hí so sealbh do-bheir Solamh san chaibidil chéadna don tsaidhbhir, mar a n-abair, dives ob divitias suas in honore est “atá an saidhbhir tréna mhaoinibh féin i n-onóir.” Ionann sin ré a rádh agus gurab í an 8395 onóir shaoghalta is sealbh don toictheach. Is do chor aneithe se i gcéill atá an fábhaill-sgéal léaghthar ag Lúcás san seiseadh caibidil déag mar a n-innistear go dtugadh sealbh na glóire i n-ucht Abraham don bocht Lazarus, agus gur cuireadh an saidhbhir sádhail dá bhruith san bhráith-theinidh, i ndíol na saidhbhreas 8400 saoghalta fuair san bheathaidh se, mar nár chuir i nglóir do Dhia ná i soileas a chomharsan iad.

7. An seachtmhadh goin

Is córaide a mheas gurab é lorg Lazarus is inleanta ré seilbh na glóire do ghreamughadh agus ré sláinte spioratdha do chaomhna agus do choimhéad, an réim do choimhéid Críost féin, mar atá na saidhbhris shaoghalta do thréigean ar bhochtacht, do réir Lúcáis 8405 san naomhadh caibidil mar a n-abair, vulpes foveas habent, et volucres caeli nidos, Filius autem hominis non habet ubi caput reclinet “atáid uamha ag na sionnchaibh, agus neid ag éanlaith nimhe, gidh eadh, ní fhuil ionadh a chinn do chlaonadh ag 8410 Mac an duine.” As so is iontuigthe gur fromhadh tréidheanas na bochtachta lé Críost, mar shompla dhúinne ré seachnadh na saidhbhreas, mar leigheas dar n-anmannaibh, agus ré tuar seilbhe na glóire suthaine.

 p.264

8. An t-ochtmhadh goin

An dara modh ar a ndéin Dia leigheas spioratdha, lé 8415 gcaomhnann agus lé ndáileann sláinte anma don duine i n-aghaidh na ngalar spioratdha bhíos ar a thí, lé purgóidibh persecution agus buaidheartha, lé braighdeanas, lé díbirt, agus leis gach anfhochain oile fhuilngeas Dia do thoidheacht ar a fhíréanaibh féin. Is iomdha sompla san Scrioptúir agá shuidhiughadh so. Léaghthar 8420 san .7. caibidil in Genesi go ndearnsad a chlann fanámhad fá Naoi, ar mbeith ar meisge dhó ó chaoraibh na fíneamhna dithe iar dturnamh na díleann. Léaghthar san treas caibidil déag in Genesi gur fhógair Dia do Abraham dol ar díbirt as a dhúthaigh, agus teach a athar agus a fhialas do thréigean. Léaghthar 8425 ag Pól san chúigeadh caibidil go Galatas, gur fhuiling Isaac inghreim óna bhráthair Ismael. Léaghthar san .27. caibidil in Genesi go ndeachaidh Iacob ar díbirt d'eagla a bhráthar Esau. Léaghthar san .37. caibidil gur dhíoladar a bhráithre Ioseph. Léaghthar san .18. caibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na 8430 Ríogh go raibhe Saul ar tí Dháibhídh Ríogh do mharbhadh. Féach fós, cia dona fáidhibh da nacharbh éigean fromhadh dighe domblasta inghreama agus anfhorlainn an tsaoghail se, mar is follus do thaoibh Elias, Ezechiel, Daniel, Tobias, Amos, Ionas, Iob, agus il-iomad oile. Féach fós mar do fromhadh na sioróipe 8435 céadna lé Críost féin, mar is follus do réir Mhatha san dara caibidil, 'na dheóraidheacht don Éigipt, i n-il-iomad amarráin oile do fuilngeadh leis ó am a thuismidh go huair a lámhuighthe ré hucht a chéasta; agus sin uile mar shompla dona daoinibh ré fromhadh na gcorn gcéadna, do chaomhna agus do choimhéad a 8440 sláinte spioratdha dhóibh.

9. An naomhadh goin

An treas modh ar a ndéin Dia leigheas spioratdha, lé gcaomhnann agus lé ndáileann sláinte spioratdha dona daoinibh, mar atá lé sgaoileadh fhola. Mar sin tarla d'Abél do marbhadh lé Cain, amhail léaghthar san .4. caibidil in Genesi. Is amhlaidh 8445 tarla dona naoidheanaibh, amhail léaghthar san dara caibidil ag Matha, mar do marbhadh lé muinntir Ioruaith iad, agus cheithre  p.265 mhíle dhéag a líon. Amhlaidh fós tarla d'Eóin Baiste, dar beanadh a cheann san phríosún, do réir Mharcais san seiseadh caibidil. Gá dtám ris, tarla an leigheas céadna dona hapstalaibh 8450 uile, acht Eóin Bruinne amháin. Agus is uime luaidhim na neithe se, mar shompla dona daoinibh ré hiomchar gan anfhochaine theagmhas dóibh. Óir do réir Phóil san chúigeadh caibidil déag gusna Rómhánchaibh, quaecumque scripta sunt, ad nostram doctrinam scripta sunt “gach ní atá arna sgríobhadh, is 8455 dar dteagaisg-ne atá arna sgríobhadh.” Dá chor i gcéill, gach ní dá sgríobhthar san Scrioptúir, agus gach sompla aithristear ann, gurab mar eisiompláir dona Críostaidhthibh, réna mbeathaidh do stiúradh go dlightheach, chuirthear i gcairt na canóna iad. Tarla fós dona trí Phápa dhéag agus fiche do bhí ag follamhnughadh 8460 na heagailse i ndiaidh Chríost, amhail léaghthar ag roighne ríogh-ughdar na heagailse. Tarla mar an gcéadna d'Íosa Críost féin, amhail léaghthar ag Pól san dara caibidil go Philipp., mar a n-abair, humiliavit semetipsum, factus obediens usque ad mortem, mortem autem crucis. Propter quod et Deus exaltavit illum, et donavit 8465 illi nomen quod est super omne nomen “do umhluigh Críost é féin go bás, fós go bás na croiche. Uime sin do arduigh Dia é, gur dháil gairm dhó ós cionn na huile gharma.” Mar an gcéadna do-ní Dia ris an uile fhíréan umhluigheas é féin ré bás d'fhulang go haontuightheach, tré choimhlíonadh an cheirt ar son Dé: arduighthear 8470 é go ngairmthear rí i bhflaitheas Dé dhe, tréna mhaith-ghníomharthaibh. Gidh eadh, do-ním iongantas annso don oirnis do thogh Críost ré básughadh bháis na coire, mar atá a bhás corpardha féin do thogha mar arm lé dícheannadh bháis na coire; amhail do thairrngir Oseas san treas caibidil déag, mar 8475 a n-abair i bpearsain Chríost, ero mors tua, o mors “ó a bháis, is mise bhus bás duit.” Dá chor i gcéill gurab léna bhás corpardha féin do mhuirbhfeadh bás na coire. Agus atá Isaias san .25. caibidil ag gealladh aneithe céadna, mar a n-abair go réimhfhéagsanach ag labhairt ar Chríost, praecipatabit mortem in 8480 sempiternum “leagfaidh sé an bás go síordhaidhe.” Dá chor i gcéill go raibhe a bhara fá Chríost an bás síordhaidhe do thoirneadh léna bhás corpardha féin. Mar an gcéadna do-ní gach  p.266 fíréan 'na chéim féin. Óir tar ceann nach fuil ar chumas duine, dá ghníomhaibh féin, bás na coire do mharbhadh, más eadh, an 8485 tan bhíos táith-cheangailte lé gníomharthaibh Dé, tré ghliú na ngrás, féadaidh an céadna do dhéanamh.

10. An deachmhadh goin

Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar san dara caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, ar mbeith d'uisge Ierico searbh, do theilg Eliseus salann ann, agus do bhí glan 8490 soimhilis dá éis sin. Mar an gcéadna, an tan táittear ar ngníomhai-ne ré gníomhaibh Críost, bí an luaighidheacht chéadna aca, do réir a gcéime féin.

11. An t-aonmhadh goin déag

Atá fioghair oile ag teacht leis aní se léaghthar san treas caibidil déag don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na 8495 Ríogh: an tan do thogair Ioas Rí teannadh ar a bhogha lé soighid do dhiobhragadh as, tig Eliseus an fáidh, agus cuiris a dhá láimh do chongnamh lais san bhogha. Mar an gcéadna do-ní Dia ris na fíréanaibh, an tan chuirid rompa féin cathughadh do dhéanamh i n-aghaidh na ndubháilceadh. Óir tar ceann gurab 8500 é Dia is prímh-ghníomhuightheóir prinnsiopálta ré déanamh na ndeagh-oibreadh, más eadh, ní háil leis gan comhoibriughadh na bhfíréan. Agus is uime sin adeir Pól i n-eipistil d'áirithe, coadiutores Dei sumus “lucht conganta do Dhia sinn,” ar sé. Agus adeir an Pól céadna san treas caibidil don chéid-Eip. gusna 8505 Coirintibh, ag teacht leis aní gcéadna, na briathra so, unusquisque propriam mercedem accipiet secundum laborem suum “do-gheóbhaidh gach aon-duine tuarastal do réir a oibre féin.” As so is iontuigthe go bhfuil éigeantach ag gach aon comhoibriughadh do dhéanamh ré Dia, ré greamughadh fhlaithis Dé.

12. An dara goin déag

8510 Tuig, a dhuine, go bhfuilid trí theachta lé forfhógra an bháis. An céid-teachtaire, na guaise iomdha atá i gcionn an duine; agus is tréna n-éagsamhlacht sin adeir Solamh san naomhadh caibidil  p.267 in Ecclo., nescit homo finem suum “ní feas do dhuine a chríoch féin.” Is iomdha sompla follus do féadfaidhe do chur síos ann 8515 so, fhúigfeam gan luadh. Féach aní léaghthar san .23. caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar do marbhadh Iosias naomhtha neamhurchóideach lé rígh anfhlaitheach na hÉigipte go foiréigneach lé harm; agus mar sin do mhórán oile. Gidh eadh, ní hadhbhar mímheisnigh ná doimheasta do 8520 bheith ag an bpobal ar neach naomhtha dá bhfaghadh bás obann, an tan bhíos innill ollamh ré fagháil an bháis, agus é ionnraic. Agus fós, ní feirrde neach bás suaimhneach d'fhagháil ar a leabaidh dhó, amhail fuair Antiochus, madh peacthach an tí éagas.

13. An treas goin déag

8525 An dara teachtaire, galair; mar is follus a mórán do thaomaibh agus d'easláintibh marbhthacha tig ar dhuine. Agus dá gcuireadh duine i n-iongantas, créad as a bhfuaradar an drong do bhí ria ndílinn ann ré fhada, féadtar sé réasúin do thabhairt ris. Ar dtús, feabhas na gcoimplex, ar mbeith i ngar don phréimh ór 8530 fhásadar dhóibh. An dara réasún, measardhacht na hoileamhna do chaithdís. An treas réasún, falláin an bhídh. An ceathramhadh réasún, an fios do bhí ag Ádhamh ar nádúir na luibheann, lé seóladh dá shliocht cia dhíobh budh falláine. An cúigeadh réasún, an suidhiughadh sáimh do bhí ar na haird-reannaibh 8535 an tan sin. An seiseadh réasún, dia- ordughadh Dé.

14. An ceathramhadh goin déag

An treas teachtaire, éiglidheacht an chuirp agus claochlódh na gcéadfadh. Gidh eadh, atáid neithe ann oirneas an arsaidheacht. Ar dtús, eólas foirbhthe ar na neithibh diadha, amhail adeir Iob san dara caibidil déag, mar a n-abair, in antiquis est sapientia, 8540 “atá an eagna sna seanaibh.” An dara ní, críonnacht chríochnuightheach sna neithibh saoghalta, amhail adeir Iob san dara caibidil déag, in his qui multo sunt tempore est prudentia “atá an chríonnacht san druing chaitheas iomad aimsire.” An treas ní, modh cádhais don arsaidheacht, amhail léaghthar san 8545 naomhadh caibidil déag do Levitico: coram cano capite surge  p.268 “déana coimhéirghe rés an gceann liath.” An ceathramhadh ní, ceannsughadh an mhacnasa, amhail adeir Solamh san cheathramhadh caibidil do Leabhar na hEagna, aetas senectutis, vita immaculata “aos na harsaidheachta, beatha neamhcháidheach.” 8550 Dá chor i gcéill go mbí mórán d'uaill agus d'anmhacnas agus d'ainmhianaibh na hóige arna múchadh san arsaidheacht, ionnus nach bí leanmhain ná lorgaireacht aice ar lochtaibh na hóige; agus fós go mbí lán do ghráin agus do 8555 dhéistin rompa, agus go dtig dhe sin go mbí an arsaidheacht naomhtha neimhchiontach, lán do dhéistin agus do ghráin ar ainmhianaibh eisionnraca na hóige, ionnus go dtig dhe sin, amhail adeir Solamh, go mbí neamh-cháidheach a los na seanórdhachta. An cúigeadh ní oirneas an arsaidheacht, mar atá méadughadh na luaigheachta. Óir ní fhuil dá fhaide bhíos neach ag tuilleamh tuarastail tré shaothrughadh 8560 na subháilceadh, nach móide a thuarastal é.

15. An cúigeadh goin déag

Atáid trí neithe ionchomhartha do leith an bháis chorpardha. An céid-ní, go ndleaghair do neach go haontuightheach feitheamh ris an mbás gcorpardha, do bhríogh go dtabhair suaimhneas dóibh ó iomad d'ainiarsmadhaibh saoghalta, amhail léaghthar ag Solamh 8565 san dara caibidil in Ecclo., cuncti dies eius laboribus et aerumnis pleni sunt “bíd a uile laithe súd lán do shaotharaibh agus d'amhgaraibh.” Dá chor i gcéill gur thuar suaimhneasa don fhíréan bheith dealuighthe ré buaidhreadh agus ré cathughadh an tsaoghail an tan do-gheibh bás; agus fós, mar do-gheibh sealbh 8570 an tuarastail thuilleas ar an saoghal, amhail adeir Eóin san cheathramhadh caibidil déag do Leabhar na dTaidhbhreadh, beati mortui qui in Domino moriuntur “is beannuighthe na mairbh do-gheibh bás san Tighearna.” Agus ní héigcneasta sin do rádh, do bhríogh gurab i ndiaidh an bháis do-gheibhid a 8575 dtuarastal. Agus atá Críost, san dara caibidil déag ag Lúcás, dár dteagasg, agá iarraidh orainn inneall do chur orainn féin ré glacadh an tuarastail, mar a n-abair, sint lumbi vestri praecincti, et lucernae ardentes in manibus vestris “bídís bhar bhfordronna ceangailte, agus lóchrainn ag lasadh 'nar lámhaibh.” Dá chor i  p.269 8580 gcéill go ndleaghair don tí bhíos ré hucht an bháis é féin do cheangal ré bheith ionaistir, agus lóchrainn na ndeagh-oibreadh do bheith ar lasadh 'na lámhaibh, ré triall do ghlacadh a thuarastail ar neamh, ionnus nach cuirfeadh dall ciach nó dorchadas dubháilceadh don chonair chóir é. Tuig trí neithe san teagasg 8585 so. Ar dtús, go ndleaghair dhó bheith coinnil cumhang, ionnus nach biadh dá shrianadh ná dá shraoilleadh tar ais, tré bheith ceangailte sna dubháilcibh dhó; agus fós, lóchrainn na ndeagh-oibreadh do bheith 'na láimh, agus é ar lasadh do ghrádh Dé agus na comharsan, agá sheóladh i slighe na subháilceadh go neamh.

16. An seiseadh goin déag

8590 An dara ní dhleaghair dhó, bás cháigh do ghabháil chuige go soirbh, ar mhórán d'adhbharaibh. An céad-adhbhar dhíobh, do chionn gurab toil ré Dia a mbás, agus nach dleaghair do neach bheith doirbh fá thoil nDé do choimhlíonadh. An dara hadhbhar, do bhríogh gurab é créatúir Dé an tí éagas, agus nach dleacht do 8595 neach doirbheas dá ghabháil fá Dhia do dhéanamh a dhíola féin dá chréatúir. An treas adhbhar, do bhríogh gur orduigh Dia bás dá gach aon-duine, agus dá réir sin nach dleaghair do neoch doilgheas do ghabháil tré thoil nDé do choimhlíonadh. An ceathramhadh hadhbhar, do bhríogh go saorann an bás corpardha 8600 an duine ó iomad d'amhgaraibh na beatha so, agus dá réir sin gomadh córa don chomharsain lúth-gháir do bheith orra ná doilgheas tréna gcaraid do rochtain san sáimhrighe nach fuaradar san bheathaidh se. An cúigeadh hadhbhar, do bhríogh go bhfaicthear do Dhia créad aní is fearr dá gach neach, agus mar 8605 sin nach dleaghair do neach doilgheas do bheith air tré Dhia do bhreith a charad as an mbeathaidh se san bheathaidh shuthain. An seiseadh hadhbhar, do bhríogh go ndéin an chumhaidh dochar éadtarbhach don tí chaoineas a charaid éagas i staid mhaith. An seachtmhadh hadhbhar as nach dleaghair do 8610 neach cumhaidh do dhéanamh i ndiaidh an tí théid uaidh, más tré iomad gráidh i ndiaidh an tí éagas. Óir is meinic bhíos grádh ainmhianach éagmaise ag neach, dá dtig faill do thabhairt i ngrádh Dé, tar mar budh dlightheach dhó, agus go dtig dhe sin,  p.270 mar shlánughadh ar anam an tí mhaireas, an tí is mó agá raibhe 8615 a annsacht ioná do Dhia, do bhreith uaidh ar a leas. Óir is meinic do-ní duine míréir Dhé, do dhéanamh réire an tí is ro-ionmhain leis. Amhail adeir S. Augustin ag sgríobhadh ar Genesin ad Litteram: saepe offenditur Deus ne offendatur amicus “is meinic do-níthear míréir Dhé, do sheachna mhíréire na 8620 carad do dhéanamh.” Agus mar sin, an tan at-chí Dia muirnín mic nó inghine, caomhthaigh nó coigéile, ag neach, go mbeireann uaidh iad, ionnus go dtiobhradh aire dhó féin. An t-ochtmhadh hadhbhar, do bhríogh go gcreidtear linn eiséirghe na marbh, agus dá réir sin go bhfaicfeam a chéile ar neamh; agus mar sin, nach 8625 dleaghair dhúinn doilgheas do bheith orainn i ndiaidh ar gcarad éagas i n-ionnracas. Uime sin adeir Pól i n-Eipistil d'áirithe, fratres, nolumus vos ignorare de dormientibus, ut non contristemini, sicut caeteri qui spem non habent “a bhráithre (ar sé) ní háil linn sibh do bheith ainbhfiosach do thaoibh na marbh, maille ré 8630 tuirrse do bheith oraibh amhail chách ag nach fuil dóchas.” Dá chor i gcéill nach dleaghair dona Críostaidhthibh chreideas a chéile d'fhaigsin i ndiaidh na heiséirghe bheith toirrseach i ndiaidh an mhairbh, amhail fá ghnáth leis na págánchaibh, ag nach raibhe súil a chéile d'fhaigsin i ndiaidh na beatha so. An 8635 naomhadh hadhbhar, do bhríogh go dtéid an marbh éagas i seilbh a thuillimh agus a thuarastail, madh fíréan é. Gonadh uime sin adeir S. Augustin i leabhar a Naomh-smuaineadh, dá chor i gcéill nach biadh a chroidhe féin sásuighthe go rochtain ar neamh dho, na briathra so, inquietum est cor nostrum, 8640 donec quiescat in te “is neamhshuaimhneach ar gcroidhei-ne go cumhsanadh ionnat-sa dhó.” Mar an gcéadna do Dháibhídh Rí, tar ceann go raibhe 'na rí, níor mheas é féin do bheith sásuighthe go roicheadh ar neamh. Uime sin adeir san seiseadh Salm déag, ag labhairt ré Dia, satiabor cum 8645 apparuerit gloria tua “budh sásuighthe mé an tan bhus léir dhamh do ghlóir-se.” As na briathraibh se is iontuigthe nár mheas é féin do bheith riartha san tsaoghal so tar mhéad a innmhe, go rochtain don fhlaitheas neamhdha dhó. Agus mar go raibhe Dáibhídh, do bhí 'na rí, mar sin, dobudh éigcneasta  p.271 8650 do neach san bhioth bheith doilgheasach tréna charaid do rochtain na hinnmhe céadna tré bhealach an bháis.

17. An seachtmhadh goin déag

Is i bhfioghair an bháis aontuighthigh do dheónuigh Críost d'fhagháil dó féin tré fhomós dá Athair, fhuilngid daoine cráibhtheacha bás d'fhagháil dóibh féin ón tsaoghal, i gcroich 8655 naomh-chuinge riaghalta. Agus is uime sin adeirid daoine go coitcheann go mbíd an drong do-bheir a naomh-uidhe isteach fá chuing riaghalta marbh ón tsaoghal, do bhríogh go mbíd dealuighthe ris an saoghal amhail mharbh. Is uime sin adeir Pól, 2. Cor. 6º, quasi morientes, et ecce vivimus “amhail 8660 dhaoine do bhiadh ag fagháil bháis, agus féach, is beó sinn,” ag labhairt air féin agus ar gach druing riaghalta leanas a lorg. Dá chor i gcéill tar ceann go mbíd marbh tré bheith iomsgartha ris an saoghal, go mbíd beó, an mhéid go mbíd táitte maille ré grásaibh ré Dia. Gidh eadh, a chontrárdha sin theagmhas 8665 don pheacthach bhíos beó dar leis féin, ag bog-fhás i mbladhmann, agus ag léimnigh go lúthmhar ó locht go locht — bí marbh dáríribh 'na anam do bhreitheamhnas Dé, amhail léaghthar ag Ezech. san .18. caibidil, anima quae peccaverit ipsa morietur “an t-anam do pheacuigh, do-ghéabhaidh féin bás.” Agus is 8670 uime sin adeir Eóin san treas caibidil in Apo. ag labhairt ris an bpeacthach bhíos i mí aoibhill na n-ainmhian ag reabhradh, nomen habes quod vivas, et mortuus es “atá dh'ainm ort bheith beó, agus ataoi marbh.” Dá chor i gcéill don pheacthach bhíos ar cuthach i gcaithis na gcean, dá fheabhas sláinte 8675 chorpardha bhíos aige, agus dá mhéad do mhaoin tsaoghalta, agus dá airde a ghairm san réim aimseardha, gur dhuine marbh dáríribh é. Ní hionann agus na fíréin fhíor- chráibhtheacha chrochas iad féin i naomh-chuing riaghalta, bhíos dáríribh beó tar ceann go bhfaghaid bás ón tsaoghal. Agus fós, ní 8680 héigcneasta a mheas go bhfaghaid bás do leith an tsaoghail, do bhríogh go ndéinid gach ní is dlightheach don easlán ré hucht an éaga. Ar dtús do-níd tiomna. Óir tiomnaid a n-anam do Dhia, a gcorp don uaigh, a mhaoin tsaoghalta don  p.272 tsaoghal. Do-níd fós seiceadúiridhe cuirp agus anma dá bpréaláidibh. 8685 Caillid mar an gcéadna a dteas, an mhéid go dtréigid an teas toile ainmhian do bhíodh 'na gcorpaibh. Caillid arís feidhm na gcéadfadh gcorpardha, mar atá a n-éisteacht agus a labhairt, agus gach céadfaidh oile ó shoin amach. Agus an mhéid bheanas ris an urlabhra, bí socht san chlaustra orra, 8690 ré grásaibh Dé do ghreamughadh. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar ag Lúcás san chéad-chaibidil, mar a nochtann go raibhe Zacarias balbh an tan do geineadh Eóin leis. Go fáthach, is é Zacarias an duine riaghalta annso, agus Eóin grás Dé. Óir mar is balbh do bhí Zacarias an tan do geineadh 8695 Eóin leis, is mar sin balbh i gciúnas an chrábhaidh dhligheas an duine riaghalta bheith, ré grás Dé do gheineamhain 'na chroidhe. Arís, is éigean eisléine do chur ar an marbh éagas go corpardha. Mar an gcéadna is éigean aibíd riaghalta do chur ar an tí ghabhas naomh-chuing eagailse. Is éigean fós 8700 an marbh corpardha do chor fá uaigh dá fholach, ionnus nach déanadh muc ná madradh ná beathadhach oile dochar dá chorp. Mar an gcéadna is éigean an duine riaghalta d'fholach san chlaustra, go nach dearnadh an saoghal buaidhreadh air. Gonadh ar na marbhaibh riaghalta so do-gheibh bás ón 8705 tsaoghal labhras Pól san treas caibidil go Coloss., mar a n-abair, mortui enim estis, et vita vestra abscondita est cum Christo “atá sibh iaramh ar bhfagháil bháis, agus atá bhar mbeatha i bhfolach mar aon ré Críost.” As so is iontuigthe, an dream fhuilngeas iad féin ar lorg Chríost do chrochadh i naomh-chuing 8710 riaghalta, go mbíd beó dá éis sin do shochar bháis chorpardha Chríost agus an gheallaimh thug do gach aon do leanfadh a lorg san chonair chéadna.

 p.273

18. AN T-OCHTMHADH HALT DÉAG

fhoillsigheas cionnus do haithbheóadh inghean phrionnsa na sionagóige lé Críost, agus mar do-ní go laothamhail an t-aidhbheóadh céadna go coitcheann ar gach druing ghabhas aithbheóadh chuca.

1. An chéad-ghoin

Léaghthar ag Matha san naomhadh caibidil na briathra so, Domine, filia mea modo mortua est, veni et impone manum tuam 8715 super eam, et vivet “a Thighearna, fuair mh'inghean bás anois; tair agus cuir do lámh fein uirre, agus budh beó í.” Tuig go ndearnaidh Críost trí neithe ré linn na míorbhaile se do dhéanamh. Ar dtús, do chuir as an dteach an tsochraide do bhí ann, idir storgánaidhe, oirfideach agus phíobaire. Mar an gcéadna go 8720 spioratdha, an tan bhíos ré haithbheóadh inghine an phrionnsa, .i. anma an duine, is inghean do Phrionnsa nimhe, an mhéid gurab é do chruthuigh í, is éigean miana colnaidhe, áineasa agus antláis, mire agus macnas na hanma do thafann a horlár aigeanta an duine, sul do-ghéantar aithbheódhadh air.

2. An dara goin

8725 Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar san ochtmhadh caibidil déag ag Lúcás, go dtug Críost achmhasán don dall nach facaidh ó aimsir a thuismidh, fá bheith ag sír-éighmhe. Mar an gcéadna do-ní ris an bpeacthach bhíos dall ó dhoilbh-cheó na coire, an tan bhíos ag éighmhe, ag maoidheamh na 8730 huaisle agus na maith-ghníomh nach bí ann. Óir ní théid Críost d'aithbheóadh an anma go ruagaid píobairidhe, nó an barr buabhaill bladhmainn bhíos ionnta, ag maoidheamh na maitheasa nach bí ionnta. Ní théid fós d'aithbheóadh na hanma go ruagthar an chóisir bhíos san tigh, mar atá na droch-cáile 8735 oile bhíos ann, idir uabhar, shainnt, drúis, craos, fuath, agus formad, agus gach fos-mhuinntear oile pheacaidh bhíos i n-árus na hanma. Ní théid Críost d'aithbheóadh inghine an phrionnsa go ruagthar an tsochraide sin. Agus is 'na fhioghair sin atá  p.274 aní léaghthar ag Lúcás san .19. caibidil mar a n-abair, an tsochraide 8740 do bhí i dtimcheall Chríost ré héirghe amach dhó, gur chuireadar toirmeasg ar Zaccheus, do bhí ar tí cuiridh do thabhairt do Chríost tré ghrádh, agus nachar labhair Críost ris nó gur thréig Zaccheus an tsochraide, agus go ndeachaidh i gcrann ard leis féin, agus ainn-séin gur gheall Críost dul ar a chuireadh. 8745 Mar an gcéadna, cibé thoigeóras Críost do dhol ar a chuireadh dá árus, tréigeadh daosgar-shluagh dubháilceadh agus doibhéas, agus éirgheadh suas i gcrann chrábhaidh agus chaon-dúthrachta, agus is dearbh dhó Críost do theacht ar cuireadh 'na choguas. Tabhair dot aire, a léaghthóir, gurab cúigear do-chuaidh mar 8750 aon ré Críost don teaghdhais i raibhe inghean an phrionnsa, mar atá a hathair agus a mháthair, Peadar, S. Séam agus Eóin Bruinne. Mar an gcéadna, an tan bhíos Críost ré haithbheóadh an pheacthaigh, ní bhí acht cúigear do bhuidhin mar aon ris, mar atá an sagart mar athair, ughdarrás na heagailse 8755 mar mháthair, Peadar .i. an creideamh, S. Séam .i. an dóchas, agus Eóin .i. an grádh; — nó trí cotcha na haithrighe, mar atá brón-chombrúdh, faoisidin, agus lóir-ghníomh. Agus is é so ollmhughadh do-bheir Críost ar anam an pheacthaigh ré hucht a aithbheódhuighthe, do bhríogh gurab é thionnsgnas an aithrighe, 8760 do mhusgladh mheanman an pheacthaigh lé grásaibh forfhógarthacha dá ngairmid na diadhairidhe gratia praeveniens. Agus do bhríogh nach tig Críost d'áitiughadh áruis na hanma acht maille ré tafann do dhéanamh ar gach dobhuidhin dá mbí istigh, agus maille ré sgiobadh agus ré sguabadh do dhéanamh 8765 ar an árus roimhe, mar sin do-bheir trí cotcha na haithrighe, ré déanamh áruis na hanma ionshuidhte dhó féin. Ar dtús, do-bheir brón-chombrúdh croidhe don pheacthach, dá dtig iomad do dhéaraibh loisgneacha bhíos ar fiochadh ó theinidh ghrádha Dé; agus leis an uisge sin ruagthar an cealgaire .i. an 8770 diabhal a ciste an chroidhe. Agus is i bhfioghair an uisge sin atá aní léaghthar san ochtmhadh caibidil déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a ndubhairt Elias ris an rígh Achab: fuge, ne occupet te pluvia “teith, go nach lingfeadh an fhearthain ort.” Go fáthach, créad chialluigheas  p.275 8775 Achab acht an diabhal, do réir Iob san .41. caibidil mar a n-abair, ag labhairt ar an diabhal, ipse est rex super omnes filios superbiae “is é súd is rí ar uile mhacaibh an díomusa.” Agus mar sin, amhail adubhairt Elias ré Achab teitheadh rés an bhfearthain, is mar sin is éigean don diabhal teitheadh as 8780 an gcroidhe agá mbíd deora na haithrighe agá sileadh ós a gcionn. Léaghthar san seachtmhadh caibidil ag Lúcás gur thafainn Magdalena, do bhríogh dhéar na haithrighe, seacht ndeamhna uaithe féin. Gidh eadh, an tan bhíos an croidhe te ó fhiuchadh an uisge se, do-bheir Dia glan-uisge grás don 8785 anam dá fhionnfhuaradh. Agus is é so an t-uisge gheallas Dia don aithrigheach san .36. caibidil ag Ezec., mar a n-abair, effundam super vos aquam mundam “doirtfead oraibh uisge glan.”

An dara ní do-bheir árus na hanma ionshuidhte ag Dia, agus dhíbreas gach daosgar-shluagh dá mbí innte .i. an fhaoisidin. 8790 Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san treas caibidil déag do leabhar Iudith, mar a léaghthar gur bhean Iudith a cheann do Holofernes, agus gur díbreadh a shluagh lé, ré linn bheith i bhfos-longphort ré hucht chathrach Betulia dhó. Go fáthach, is í an chathair úd Betulia anam an pheacthaigh, Iudith an 8795 fhaoisidin, Holofernes gona shluagh an diabhal gona dhaosgar-shluagh. Agus mar do fóireadh cathair Betulia lé ceannas feadhna Iudith, lér dícheannadh Holofernes, agus lér díbreadh a shluagh, fóiridh an fhaoisidin anam an pheacthaigh ó anbhroid an aidhbhirseóra agus an daosgar-shluaigh dhubháilceadh bhíos 'na 8800 thimcheall.

An treas ní, an lóir-ghníomh do-níthear sna lochtaibh. Gonadh uime sin atá aní léaghthar san dara caibidil déag ag Tobias, mar a gcuirthear síos an réim is inleanta do dhéanamh an lóir-ghníomha, mar a n-abair, bona est oratio cum ieiunio et 8805 eleemosyna “is maith an urnaighthe mar aon ré trosgadhagus ré déirc.” Is é so iomorra an t-ollmhughadh chleachtas Críost do dhéanamh, ré hárus na hanma do dhéanamh ionshuidhte dhó féin. Agus is dá mhaoidheamh gurab é féin ollmhuigheas árus dó féin atá aní léaghthar ag Solamh san naomhadh caibidil do 8810 Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, sapientia aedificavit sibi  p.276 domum; miscuit vinum et proposuit mensam “do thógaibh an eagna teach dhi féin; do chumaisg sí fíon agus do thógaibh sí bord.” Is é ní chialluigheas an fíon, géir-ghníomha goirte na haithrighe; agus is eadh chialluigheas an bord do thógbháil, an 8815 tuarastal do-gheibh an t-aithrigheach tré ghoirt-ghníomhaibh na haithrighe do choimhlíonadh.

Léaghthar go ndubhairt Críost, iar n-aithbheóadh inghine an phrionnsa, biadh do dháil di. Tuig go ndleaghair don tí bhíos arna aithbheóadh trí neithe do dhéanamh. Ar dtús, dlighidh 8820 éirghe óna lochtaibh. Uime sin adeir Pól san chúigeadh caibidil go Ephesios, ag labhairt ris an tí bhíos 'na chodladh i suan na locht, surge qui dormis, et exsurge a mortuis “éirigh, a dhuine atá it chodladh, agus éirigh ó mharbhaibh.” Dá chor i gcéill, an tí bhíos i suan na locht, go ndleaghair dhó éirghe 8825 ó mharbhaibh .i. ó staid an pheacaidh mharbhthaigh lé haithbheódhadh na haithrighe.

An dara ní: dlighidh triall go neamh lé deagh-oibreachaibh i rian na haithrighe. Agus is ar an rian so na haithrighe labhras Isaias san .30. caibidil, mar a n-abair, haec est via, ambulate in ea 8830 “ag so an tslighe, triallaidh innte.” Dá chor i gcéill gurab eadh dhligheas an t-aithrigheach, triall i ród na ndeigh-ghníomh go neamh. Agus is é so ní do-rinne an milltéan meic do bhí ag an athair muinntire, iar gcaitheamh a mhíre féin dona maoinibh saoghalta tug a athair dhó, amhail léaghthar san chúigeadh 8835 caibidil déag ag Lúcás, mar a n-abair, surgam et ibo ad patrem meum “éireóchad (ar sé) agus rachad i ndáil mh'athar féin.” Agus tar ceann gur chaith a chuid go díobhlásach diombalach, do ghabh an t-athair go lúth-gháireach leis, agus tug onóir mhór dhó, iar n-admháil a olc féin dó-san. Mar sin iomorra do-ní Dia ris 8840 an bpeacthach, dá dtabhair ciall agus céadfadha agus gach sochar saoghalta oile dá dtabhair dhó. An tan mhusglas Dia a mheanma ré déanamh aithrighe, agus thuigeas é féin, tillidh ar Dhia, agus gabhaidh ris mar mhac, iar n-admháil a chean dó, agus gabhaidh an t-Athair ris, agus do-bheir onóir na ngrás dó.

8845 An treas ní: dlighidh an tí do-níthear d'aithbheódhadh biadh do chaitheamh do thrí haránaibh. Ar dtús, dlighidh proinn do  p.277 chaitheamh d'arán an Scrioptúra; amhail adeir Solamh in Ecclo., cibavit eum pane vitae et intellectus “do bhiathuigh sé é lé harán na beatha agus na tuigse.” Dá chor i gcéill nach é an t-arán 8850 corpardha amháin is sásadh do neach, acht gurab é is sásughadh spioratdha dhó, briathra Dé. Amhail adeir Críost san suibhisgéal, non in solo pane vivit homo, sed in omni verbo quod procedit de ore Dei “ní san arán amháin atá beatha an duine, acht san uile bhréithir tig ó bhéal Dé.” Dá chor i gcéill, mar is sásadh 8855 laothamhail an t-arán corpardha don chorp, mar an gcéadna gurab sásadh spioratdha don anam briathra Dé. Agus mar sin is cneasta a thabhairt mar shásadh don aithrigheach, iar n-éirghe ó bhás an pheacaidh, do chomhfhortacht agus do neartughadh a bhríogh spioratdha ré cathughadh i gcoinne easgcarad na hanma. 8860 An dara harán dhleaghair do thabhairt don aithrigheach, naomh-abhlann choisreacdha na haltóra. Agus go fáthach, is uirre labhras Dáibhídh mar a n-abair, panis cor hominis confirmet “neirteóchaidh an t-arán croidhe an duine”; agus dá réir sin do-ní infheadhma é ré cathughadh ré heasgcáirdibh na hanma. 8865 Agus ní hiongnadh sin do mheas, mar go n-abair Críost ag Eóin san seiseadh caibidil na briathra so, qui manducet hunc panem vivet in aeternum “an tí itheas an t-arán so, biaidh beó go síordhaidhe.” As so is iontuigthe gurab tarbhach don aithrigheach a chaitheamh ré cathughadh ré náimhdibh Dé. 8870 An treas arán do-gheibh an t-aithrigheach ó Dhia, arán na glóire síordhaidhe. Agus is ar an arán so labhras Críost san cheathramhadh caibidil déag ag Lúcás, mar a n-abair, beatus qui manducabit panem in regno caelorum “is beannuighthe an tí itheas arán i bhflaitheas nimhe.” Agus atá Críost ag cuireadh 8875 na n-aithrigheach shaothruigheas sna subháilcibh, ag gealladh shásuighthe dhóibh, amhail léaghthar ag Matha san aonmhadh caibidil déag, mar a n-abair, venite ad me omnes, qui laboratis et onerati estis, et ego reficiam vos “triallaidh im dháil-se, a uile shaothruigheas agus atá fá ualach, agus sáiseóchad sibh.” Dá chor i 8880 gcéill go raibhe cuireadh fhlaithis Dé ag gach aon do-ghéanadh saothrughadh na subháilceadh. Atáid trí sochair san arán so. An céad-shochar, neartuighidh sé an t-aithrigheach ré díbirt na  p.278 locht. An dara ní, do-bheir calmacht dó ré hiomchar ualaigh thruim pheannaide na haithrighe. An treas ní, do-bheir neart 8885 dó ré Dia do ghrádhughadh. Is i bhfioghair na dtrí n-arán so atá an fábhaill-sgéal léaghthar ag Lúcás san aonmhadh caibidil déag, mar a n-abarthar, amice, accomoda mihi tres panes “a charaid, airlig trí haráin damh.” Cialluighid fós trí cotcha na haithrighe, mar atá brón-chommbrúdh, faoisidin agus lóir-ghníomh. Gidh 8890 eadh, is cneasta don aithrigheach na haráin se do thuilleamh lé deagh-oibreachaibh, do réir mar do orduigh Dia d'Ádhamh agus dá shliocht, amhail léaghthar san treas caibidil in Genesi, mar a n-abair, in sudore vultus tui vesceris pane tuo “i n-allus do ghnúise féin íosfas tú th'arán féin.” As so is iontuigthe go ndleaghair 8895 dá gach neach ré hucht caitte na dtrí n-arán do luaidheamar, saothrughadh cneasta do dhéanamh ré tuilleamh na dtrí n-arán do luaidheamar, sul íosfam iad, maille ré feidhm fíréanta do dhéanamh do Dhia ar a son. Is i bhfioghair na dtrí n-arán so fós atá aní léaghthar san ochtmhadh caibidil déag in Genesi, mar 8900 ar orduigh Abraham dá mhnaoi Sara deithbhir do dhéanamh ré trí toimhsibh mine d'ollmhughadh, ré trí tuirtínibh fá luaith do dhéanamh dhíobh. Mar an gcéadna go fáthach, adeir Abraham mór, Dia nimhe, ré Sara a bhean phósta .i. an eaglais, na trí tomhais mhine úd .i. na trí haráin do luaidheamar, do bhruith 8905 fá ghrís grádha Dé, ar luaith smuaintighthe na somharbhthachta atá ionnainn féin.

3. An treas goin

Tabhair dot aire, a dhuine, nach dleaghair aoin-ghné dona trí gnéithibh don laibhín bhíos ann do chur san arán spioratdha chaittear leis an aithrigheach, acht bheith slim, 'na arán ghlan, 8910 gan cumasg laibhín nó gabhála do bheith ann. Ar dtús, ní cóir laibhín na glóire díomhaoine do bheith i n-arán shlim na shubháilceadh agus na soighníomh bhíos ag an aithrigheach dá iodhbradh do Dhia. Gonadh uime sin atá aní léaghthar san dara caibidil do Levit., mar a n-abair Dia, omnis oblatio quae fertur Domino, 8915 sine fermento erit “an uile iodhbairt dáiltear don Tighearna, ní bhia laibhín innte.” Cuiridh Pól apstal réasún ris so mar a  p.279 n-abair san chúigeadh caibidil don chéid-Eipistil gusna Coirintibh, modicum fermentum totam massam corrumpit “truaillighidh beagán laibhín an taoisleadh uile.” Dá chor i gcéill, an tan 8925 chuirthear beagán do laibhín na glóire díomhaoine i measg mhaith-ghníomh an aithrighigh, go ndéin iomlán na hoibre éadtarbhach. Ní cóir fós laibhín an bhréag-chrábhaidh do chumasg tré arán na hanma. Gonadh uime sin adeir Críost san dara caibidil déag ag Lúcás, attendite a fermento Pharisaeorum, 8925 quod est hypocrisis “aincidh sibh féin ar laibhín na bPairisíneach, mar atá an bréag-chrábhadh.” Óir drong iad sin rér mhaith deigh-mheas do bheith ag an bpobal orra; agus is mar cheannach ar dheagh-chlú an phobail do bheith orra do-nídís crábhadh, agus ní ar son Dé; agus dá bhríogh sin, ní bhíodh do luaighidheacht 8930 ar son a gcrábhaidh aca, acht meas an phobail do bheith orra; agus mar sin ní sásuighthear lé ceachtar dona trí haránaibh thuas iad. Agus mar an gcéadna don druing chuireas laibhín an bhréag-chrábhaidh tréna maith-ghníomharthaibh: ní fromhthar an t-arán céadna leó. Ní cóir mar an gcéadna laibhín an 8935 teagaisg fhallsa do chor tré arán na haithrighe. Agus is mar sin adeir Pól, primae Cor. 5º, itaque epulemur Domino, non in fermento veteri, neque in fermento malitiae et nequitiae, sed in azymis sinceritatis et veritatis “uime sin déanam fleadhughadh don Tighearna, ní i sean-laibhín, agus ní i laibhín ná mailíse ná na 8940 hurchóide, acht i sliom-aránaibh na deigh-mhéine agus na fírinne.” Agus is lé teinidh ghrádha Dé agus na comharsan dhleaghair an t-arán so do bhruith. Agus do bhríogh go ngabhann neart ó theasghrádha Dé, dá dtig an t-aithrigheach do bheith láidir ionchomhlainn ris na holcaibh, ón bhríogh fhásas ann a los 8945 ghrádha Dé. Gonadh ag faisnéis na treise atá i ngrádh Dé atá aní léaghthar ag Solamh san ochtmhadh caibidil dona Cainticibh, mar a n-abair, fortis est ut mors dilectio “atá an grádh comh-láidir ris an mbás.” Dá chor i gcéill go mbíodh do threise agus do thréine i bhfíor-ghrádh an fhíréin do Dhia, go dtabhair bríogh agus 8950 acfuinn don aithrigheach ré cathughadh ris na ceanaibh, agus ré fulang gach feadhma agus gach foiréigin i ngioll ar thoil nDé do choimhlíonadh. Gidh eadh, féadtar neach do mhealladh 'na  p.280 bhreitheamhnas idir an bhfíor-ghrádh bhfíréanta bhíos ag neach do Dhia, agus an grádh tacair, amhail mhealltar mórán shaoileas 8955 gurab séimhe mar oileamhain feóil an uain ioná an mheannáin, tré ghairbhe fhionnfaidh an mheannáin tar an uan. Óir bíd daoine ann, chuireas coim caoineasa ar an gcealg-rún macántachta bréige bhíos ionnta féin, agus cuas na ceilge do bheith taobh istigh dhe sin, agus drong oile fhíréanda, chuireas easgcaoineas ionnracais 8960 mar bhrat ar an mbioth-ghrádh bhíos aca féin do Dhia, an tan labhraid ris na peacthachaibh ar a leas go fraochdha dá dteagasg, i ndóigh an pheacaidh do ruagadh uatha. Agus is ar aní se labhras Eóin san seachtmhadh caibidil, mar a n-abair, nolite iudicare secundum faciem “ná déanaidh breitheamhnas do 8965 réir na deilbhe.” Dá chor i gcéill, gion go mbiadh gnúis gheanamhail gháireatach ag fear na ceilge, nach iontaobha é; agus an tí ar a mbí easgcaoineas an ionnracais, labhras go garg ar a leas ris an gcomharsain, gurab é is mó is iontaobha ann. Mar an gcéadna bhíd na daoine meallta 'na mbreitheamhnas, an 8970 tan shaoilid nach féadann an mion-duine mín mórán mailíse do bheith ann. Óir is meinic bhíos nísa mhó do mhímhéin i mion-duine ioná i nduine mhór easgcaoin, do nós mar is mó agus mar is milltighe neimh na nathrach neimhe danadh ainm tyrus, is lugha dona nathrachaibh neimhe, ioná i nathair neimhe 8975 oile dá mhéad, ionnus go mbí déistin agus eagla ag na nathrachaibh neimhe oile uile roimpe. Mar sin dona mion-daoinibh mailíseacha go meinic, agus dá réir sin don druing bhíos briathrach beig-léighinn, chuireas rompa ré milse mhailísigh seachrán agus saoibh-eólas do shíoladh lé briathraibh míne mailíseacha; do 8980 shaobhadh an phobail. Ní hiongabhtha arán na heagna bréige uatha do bhríogh laibhín LúitéirCailbhín nó a n-ionnshamhla oile faoi, thruailligheas an eagna dhiadha ó bheith ionchaithmhe. Gonadh uime sin adeir Pól san chúigeadh caibidil don chéid-Eip. gusna Coirintibh, modicum fermentum totam massam 8985 corrumpit “truaillighidh beagán laibhín an taoisleadh uile.” Mar sin dlighidh an duine bheith ar a choimhéad, iar n-eiséirghe a staid an pheacaidh dhó, gan na trí gnéithe laibhín do luaidheamar do léigean i gceachtar dona trí haránaibh réamhráitte, is  p.281 oileamhain díleas don tí éirgheas ó bhás an pheacaidh mharbhthaigh. 8990 Gidh eadh, is éigeantach dá gach aon na trí haráin réamhráitte do fhromhadh ré dtriall ar neamh dhó. Agus is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san naomhadh caibidil déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a n-innistear, an tan do bhí inghreim ag Iesabel an bhainríoghan anfhlaitheach 8995 ar Elias, agá thafann as a dhúthaigh, tré mar fuair locht san éagcóir do-rinne sí ar Naboth, ag buain a sheilbhe féin go héagcórach dhe, gurbha héigean dó díbirt do ghabháil chuige, agus triall i n-imchian fhásaigh go Sliabh Oreb. Agus ar mbeith ar an eachtra soin dó, tarla go sgítheach é i n-aigéan alltair, agus codlais 9000 fá tharr chroinn. Agus ní cian go dtáinig aingeal do nimh 'na dháil, agus arán leis mar lón dó, go ndubhairt na briathra so, surge, comede, grandis enim tibi restat via “éirigh, ith biadh, is fada an raon romhat.” Gidh eadh, an t-arán tug an t-aingeal dó, ní raibhe laibhín ann. An réim chéadna choimhéadas Dia dona 9005 fíréanaibh go coitcheann. Óir mar do bhí inghreim ar Elias ó Iesabel an bhainríoghan anfhlaitheach, mar an gcéadna bí inghreim ag an antoil ar anam an fhíréin; agus mar do chuir Elias roimhe Iesabel do thréigean, agus teitheadh roimpe ar an bhfásach go rochtain Sléibhe Oreb dhó, mar an gcéadna do-ní 9010 anam an ionnracaigh triall tré fhásach na haithrighe go sliabh na subháilceadh agus na soighníomh; agus ar mbeith san turus soin dó, do-bheir lón spioratdha dhó, go críochnughadh a thuruis.

19. AN NAOMHADH HALT DÉAG

'na gcuirthear síos na neithe thoirmeasgas an aithrighe; dá dtig gan an t-aithrigheach do bheith ionaistir go neamh.

1. An chéad-ghoin

Tuig go bhfuilid trí dronga do-ní faill san bhfaoisidin, is ríogh- ród don aithrigheach ar neamh. An chéad-drong dhíobh 9015 cheileas a gceana féin agus nochtas ceana cáich, amhail do-rinne an Fairisíneach, do réir mar léaghthar san ochtmhadh caibidil  p.282 déag ag Lúcás. An tan do bhí féin agus an puibleacánach san teampall, is eadh do ghabh do láimh, iomad bog-fháis agus bladhmainn do dhéanamh as féin, agus táir agus tarcuisne do thabhairt ar a 9020 chomharsain. Ag so mar adeir, gratias Deo non sum sicut caeteri homines, raptores, fures, et reliqua “buidheachas do Dhia (ar sé) ní cosmhail ris na daoinibh oile mé. Ní creachaire ná bithbhineach mé. Troisgim fá dhó san sabbóit; díolaim deachmhaidh gacha seilbhe saoghalta dá mbí agam; agus ní hionann mé agus an 9025 puibleacán so im fhochair.” Agus mar sin dó ó shin amach, ag maoidheamh na maith-ghníomh nach raibhe ann, agus ag léir-reic locht a chomharsan. Mar an gcéadna do-níd mórán do dhaoinibh: an tan do dhlighfidhe dhíobh a n-olc féin do nochtadh, is iad ceana cáigh chuirid síos san bhfaoisidin, agus an tí do-ní a 9030 samhail so d'fhaoisidin, ní fhuil innte acht fanámhad nó fochuidbheadh fá Dhia, agus tuar díoghaltais Dé do thoidheacht ar an tí do-ní a samhail d'fhaoisidin.

2. An dara goin

An dara drong, an drong nach cuireann san bhfaoisidin acht a naomhthacht agus a neimhchionta féin; agus fós, shéanas ar an 9035 oide faoisidne, an tan do-ní foirfhiafraighe dhíobh i ngnéithibh na bpeacadh marbhthach, nach bíd féin ciontach ionnta. Óir dá bhfiafraighe do neoch dhíobh an mbí ciontach san uabhar, adeir nach tarla féin i n-uabhar riamh, tar ceann nach tiobhraidh foidhide do neach dá mhéad. Agus dá bhfiafraigheadh dhe, an ndearnaidh fearg riamh, adéaradh nach dearnaidh riamh, acht i gcruth chóir .i. i modh smachta. Agus dá bhfiafraigheadh 9040 dhe, an ndearnaidh craos-ól riamh, adéaradh nach dearnaidh, acht ar son na cuideachtan, agus mar chosnamh ar a chlú. Agus dá bhfiafraigheadh dhe, an ndearna sainnt, nó cruas, nó 9045 cruinniughadh, adéaradh nach dearnaidh, acht mar chothughadh air féin agus ar a shliocht, agus do sheachna an riachtanais. Agus mar sin dóibh, ag séanadh gach peacaidh oile ó shoin amach. Gidh eadh, an dream cheileas a gceana san bhfaoisidin ar an gcor so, ní treóróchar ar neamh iad, do réir mar adeir Solamh 9050 san .28. caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair,  p.283 qui abscondit scelera sua non dirigetur, qui autem confessus fuerit et reliquerit ea, misericordiam consequetur “an tí cheileas a cheana, ní treóróchar é, gidh eadh, an tí aidmheóchas agus fhúigfeas iad, greimeóchaidh sé trócaire.” As na briathraibh 9055 se Sholaimh is follus, an dream cheileas a gceana san bhfaoisidin, nach faghaid a dtreórughadh ar neamh, agus an dream nach ceileann a gceana san bhfaoisidin, go bhfaghaid treóir agus trócaire ó Dhia dhá chionn. Gonadh uime sin adeir Pól san deachmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a n-abair, ore autem confessio 9060 fit ad salutem “slánuighidh (ar sé) faoisidin an bhéil.” As so is follus gurab tarbhach don duine a cheana féin do chur síos, agus gan a gceilt.

3. An treas goin

An treas drong, inniseas neithe nach beanann ré hadhbhar. Óir bí iomad díobh, agus dá rabhaid ag ceisneamh nó ag casaoid 9065 ar neach oile, iarraid mar uain ar an oide faoisidneach, agá saoilfidís cion comhairle do bheith ar an tí ar a mbí casaoid aca; agus an tan téid dá bhfaoisidin ris, gabhaid ag faisnéis gach leattruim agus gach éagcóra dá ndéin an tí oile orra, ionnus an aimsir do dlighfidhe dhóibh réna bpeacaidhibh féin do nochtadh, 9070 gurab amhlaidh chaithid í ag réimhsgéalaigheacht, ag reic locht a gcomharsan. Gidh eadh, ní hé so ordughadh is ionchoimhéadta don aithrigheach, an tan bhíos agá fhaoisidin, acht lom-nochtadh do dhéanamh ar a lochtaibh féin, agus mar sin do-ghéabhaidh sochar na faoisidne, do réir mar do thuar 9075 Solamh, san seiseadh caibidil déag do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, revela Domino opera tua, et diriget cogitationes tuas “nocht don Tighearna do ghníomha féin, agus do-ghéana treórughadh ar do smuaintighthibh.” As a ndubhramar, is follus nach inneall treóruighthe d'anam an aithrighigh ré triall 9080 ar neamh na trí loicht do luaidheamar, ná ceachtar dhíobh.

4. An ceathramhadh goin

Atáid toirmisg mhóra ag an bpeacthach ag déanamh na haithrighe éadtarbhach. Ar dtús, do-ní sé éadtarbhach í, an  p.284 tan tilleas an t-aithrigheach ar dhéanamh an pheacaidh arís. Caillidh an sochar fuair a los na haithrighe, do réir Ezech. san 9085 ochtmhadh caibidil déag, mar a n-abair, si averterit se iustus a iustitia sua, et fecerit iniquitatem, omnes iustitiae eius, quas fecerat, non recordabuntur “dá bhfillidh an fíréan óna fhíréantacht, agus go ndiongnaidh olc, ní cuimhneóchar ar éin-fhíréantacht dá ndearna.” As so is iontuigthe go gcailleann an 9090 t-aithrigheach na sochair phrinsiopálta .i. grádh Dé agus gach ní leanas de, a los an pheacaidh mharbhthaigh do dhéanamh. Is i bhfioghair na staide i mbí an t-aithrigheach thuiteas i bpeacadh mharbhthach atá an fhioghair léaghthar san dara caibidil don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a 9095 n-innistear gur chuir Solamh, iar mbás a athar, fios ar óglaoch darbh ainm Semei, agus adubhairt ris: “an cumhain leat, a Semei, ar sé, an t-ainiocht agus an éagcóir do-rinnis ar mh'athair?” “Is cumhain,” ar eisean. “Más eadh, ar Solamh, do- bheirim-se pardún duit ar choingheall, mar atá teach do thógbháil i gcathraigh 9100 Ierusulem, agus comhnaidhe don leith as-toigh do mhúr na cathrach do shíor, agus i bpéin bháis gan dol tar sruth anonn.” Tógbhais Semei teach amhail ro gheall san chathraigh, agus do-ní comhnaidhe trí mbliadhan innte. Gidh eadh, i gcionn an treas bliadhain, téid Semei tar múraibh an bhaile amach agus tar sruth anonn. 9105 Mar fuair Solamh deimhin air sin, cuiris gairm air; agus iar rochtain do láthair dhó adubhairt: “a Semei, nach cumhain leat gurab é coingheall ar a dtug mise pardún duit, tré chomhnaidhe do shíor don leith istigh don chathraigh, agus gan dol tar múraibh na cathrach, ná tar sruth amach, i ndíol na bhfeill-bheart do-rinnis 9110 ar mh'athair?” Go fáthach, cia hé an Dáibhídh Rí se, acht Dia Athar? cia an Solamh, acht Críost? cia an Semei, acht an t-aithrigheach? cia an Ierusalem, acht stáid na fíréantachta? cia an sruth, acht tonn déarach an doilgheasa? cia na trí bliadhna, acht trí cotcha na haithrighe do dhlighfeadh 9115 an t-aithrigheach do choimhéad feadh a bheatha? Óir ní lór do dhuine an aithrighe do dhéanamh, acht is éigean dó marthain do shíor innte. Gonadh uime sin do-bheir Greaghóir naomhtha, i Leabhar na mBéas, san dara caibidil déag don  p.285 seachtmhadh Homilia, na sompladha so síos ar aní gcéadna, 9120 mar a n-abair nach lór an gort do bheith deagh-mhaiseach 'na gheamhar, acht muna raibhe deagh-mhaiseach ré linn easgair agus aipche dhó; agus nach lór an teach do bheith deagh-mhaiseach deigh-dhéanta, muna raibhe fundaimeint nó fulang foirtill faoi; agus nach lór an crann do bheith duilleach deagh-mhaiseach 9125 dá raibhe cuas lé gcríonfaidhe é ann, dá dtiocfadh é do bheith aimrid éadtoirtheach. Óir ní fhuil sochar san gheamhar, dá dtí meath dá éis sin air, sul bheantar é; agus ní bhí sochar san teach álainn dá dtuitidh 'na shlaodaibh ar lár, sul rachaid daoine dá áitiughadh; ní bhí fós sochar san chrann do saoilfidhe do bheith 9130 toirtheach, an tan chríonas. Mar an gcéadna ní bhí sochar san aithrighe do-ní neach, agus gan anmhain 'na bun do shíor feadh a bheatha. Óir amhail mhilltear an geamhar i ndiaidh bheith álainn dó, ré losgadh gréine, ré gaoith ruaidh, nó ré fearthain laothamhail, mar an gcéadna loittear an aithrighe 9140 lé gaoith ruaidh na glóire díomhaoine, nó lé caoir dheirg na feirge, nó lé doininn díleannta na drúise. Nó mar thrasgarthar an teach le tonn-ghaothaibh tréana, nó lé talaimh-chrioth, is mar sin leagthar árus na haithrighe lé tonn-ghaothaibh fraochdha fuatha, nó lé talamh-chumhsgughadh sonn- láidir na sainnte. 9140 Nó mar leagthar an crann bhíos ag síor-fhás suas, go leagthar lé soighnéan teintidhe é, mar an gcéadna don aithrigheach an tan shéideas iomghaoth an uabhair air.

Léaghthar i Leabhar na Seacht dTiodhlaictheadh sompla thig leis na neithibh céadna soin, mar atá go raibhe meirleach 9145 dh'áirithe, agus ar mbeith ag teitheadh rés an dtóir do bhí 'na dhiaidh dhó, mar do-chonnairc nach raibhe dol as uatha aige, do leath é féin ar an dtalmhain i bhfioghair chroise, agá rádh gur mhaith an díol air féin a bhásughadh, tréna mhéad agus tréna mhionca do-rinne míréir Dé. Agus leis sin caoidhis, 9150 ag faoisidin a pheacadh féin, agus ag guidhe na tóire um fheirg nDé do dhíoghail air féin, maille ris gach ball dá bhallaibh do theasgadh fá leith dhe. Agus do-rinneadh amhlaidh sin ris. Agus tarla fán am soin díthreabhach san bhfásach do bhí 'na ghar, ag tabhairt a bheatha go huaigneach aithrigheach as, i bpeannaid  p.286 9155 mhóir aithrighe an iomad bliadhan, dar foillsigheadh aingeal ag toidheacht, maille ré teast-mholtaibh, i gcoinne anma an mheirligh, agá breith ar neamh. Agus do ghabh leis sin aithmhéaltas é, agus adubhairt: “tar éis (ar sé) mar chaithfeas mise seal dom aimsir ré sádhaile agus ré hainmhianaibh, i ndeireadh 9160 mo ré do-ghéan aithrighe, agus do-ghéantar liom amhail do-rinneadh leis an meirleach so.” Agus leis sin fillis an truaghán díthreabhaigh ar ainmhianaibh an tsaoghail arís, ré déanamh seirbhíse don diabhal. Agus tarla go raibhe ag gabháil droichead do bhí roimhe ar abhainn, agus gur bhris an droichead faoi, gur 9165 báthadh é; agus tigid deamhain ifeirn, agus tairrngid leó dá il-phianadh go síordhaidhe é. As an sgéal so is iontuigthe nach lór do dhuine tús a bheatha do chaitheamh go haithrigheach, acht gurab éigean dó, ré slánughadh a anma, é féin do chongbháil go bioth-ghnáthach i staid na haithrighe. Tuigthear fós as 9170 an sgéal gcéadna thuas nach beitte do neoch dol i n-éadóchas ar shlánughadh a anma.

5. An cúigeadh goin

An dara díoth do-ní an peacadh don aithrigheach, mar atá na saidhbhris spioratdha bhíos ag déanamh sláinte agus soileasa dá anam, cailltear leis do bhíthin an pheacaidh iad. Gonadh 9175 uime sin adeir Solamh san naomhadh caibidil in Eccle. na briathra so, qui peccaverit in uno, multa perdit “an tí pheacuigheas i n-éin-ní, caillidh mórán,” mar atá grádh Dé, mhúchtar san anam ar ndéanamh meirdreachais ré heasgcáirdibh Dé, mar atá an diabhal agus an saoghal agus an cholann. Óir ní fhoghnann 9180 feidhm dá ndéin neach do Dhia, an tan mhúchtar grádh Dé san anam lé hoighreadh na hurchóide. Gonadh uime sin adeir Greaghóir san .27. Homilia, nihil habet viriditatis ramus boni operis, si non manet in radice caritatis “ní fhuil glaise san bhioth i ngéig na deagh-oibre, muna gcomhnaidhe sí i bpréimh 9185 an ghrádha.” As na briathraibh se is iontuigthe go milleann an peacadh marbhthach an aithrighe, agus dá réir sin go gcailleann an tí do-ní éin-pheacadh amháin marbhthach sochar na haithrighe. Óir an tí chailleas grádh Dé, caillidh na grása, agus an tí chailleas  p.287 na grása, ní fiú é tuilleamh ná tuarastal d'fhagháil ar son na 9190 maith-ghníomh do-rinne ré linn bheith i ngrásaibh Dé dhó, tré dhol i meirleachas leis an bpeacadh marbhthach, go fagháil mhaithmheachais ó Dhia dhó san aithrighe i ndiaidh an pheacaidh sin. Óir an tí leanas dona hainmhianaibh agus lingeas ar na lochtaibh, múchtar leó na subháilce ann. Gonadh uime 9195 sin adeir Solamh san .21. caibidil do Leabhar na Seanfhocal, qui diligit epulas in egestate erit, et qui amat vinum et pinguia non ditabitur “an tí do-bheir grádh dona fleadhaibh, biaidh i riachtanas; agus an tí ghradhuigheas an fíon agus na neithe foircheasamhla, ní rachaidh i saidhbhreas.” As so is iontuigthe 9200 go spioratdha, an tí bhíos ag fleadhughadh ar chóisir an chraois, go mbiaidh riachtanas grádha Dé, is beatha don anam, air; agus an tí ghrádhuigheas an t-ól agus an tseasgaireacht chorpardha, go mbiaidh an ciste gann aige. Mar an gcéadna go spioratdha, an tí bhíos ag ól na sealbh saoghalta agus bréagán bhfoircheasamhail 9205 na beatha so, go mbiaidh daidhbhir i n-íota thirim thartamhail, ó bheith i n-easbaidh ghrás nDé agus a shubháilceadh — agus an riachtanas sin uile ag toidheacht don pheacadh. Adeir Solamh san .29. caibidil do Leabhar na Seanfhocal na briathra so ag teacht leis aní gcéadna, qui nutrit scortum, perdet substantiam 9210 “an tí oileas an mheirdreach, chaillfidh a shubstaint.” Dá chor i gcéill, an tí adhras don mheirdrigh, go gcaittear a bhríogh chorpardha agus a mhaoin tsaoghalta dá chreanamhain féin ria. Agus mar an gcéadna don chearrbhach, amhail adeir file Laidneamhail d'áirithe:

  1. 9215 dives eram dudum, fecerunt me tria nudum:
    alea, vina, Venus — tribus his sum factus egenus.

“do bhádhas saidhbhir anall-ód (ar sé), gidh eadh, do-rinneadar trí neithe nocht mé: díslidhe, fíon, agus bean — trí neithe lér cuireadh i riachtanas mé.” Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar 9220 ag Lúcás san chúigeadh caibidil déag mar a n-innistear gur chaith an milltéan mic do bhí ag an athair muinntire an mír d'oighreacht a athar ráinig é go craosta diommbalach, lé drúis, lé craos, agus lé himirt, gurbha héigean dó dol i n-imchian choigríche  p.288 do thabhairt a bheatha as go bocht easbadhach, gurbha héigean 9225 dó tré iomad cruadhála muicidheacht do dhéanamh, agus bheith i gcuibhreann na muc fán meas d'easbaidh bídh, tré iomad riachtanais, gur thuig é féin, agus gur fhill ar a athair d'iarraidh cothuighthe air, iarna chiontughadh féin dó; agus gurab mar sin do fóireadh é. Mar an gcéadna do gach millteach oile do-gheibh 9230 a oighreacht féin ón athair muinntire mór úd thuas .i. ó Dhia, dá dtabhair ciall agus céadfadha, bríogh agus cumas nádúrtha, mar chreanaid ré hainmhianaibh éigcneasta an chuirp iad, ionnus go dtig dhe sin gorta ghrás nDé agus a ghrádha do bheith orra, ionnus nach bí dáil chabhra 'na gcionn go filleadh i bhfritheing 9235 na conaire tar a n-ais dóibh i rian na haithrighe ó aigéan alltair an uilc. Óir is gearr mhaireas oileamhain na n-ainmhian don duine, ní hionann agus grás Dé. Gonadh dá chur so i gcéill atá Críost san cheathramhadh caibidil ag Eóin, mar a n-abair, ag labhairt ar ainmhianaibh an pheacaidh, qui biberit ex aqua hac, 9240 sitiet iterum “gidh bé íobhas don uisge se, biaidh tart arís air.” Dá chor i gcéill, dá mhéad ibheas an peacthach d'uisge na n-ainmhian, go bhfásann tiormach agus tart ó anbhlasadh na n-ainmhian arís air. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an bpótaire an lá i ndiaidh déanta na póite, go mbí íota 9245 fhoiréigneach air; agus ar an gcearrbhach i ndiaidh an chluiche do chaill; agus ar an meirdrigh i ndiaidh a míghníomh; agus mar sin dá gach olc oile ó shoin amach: ní hionann agus an fíréan, bhíos sásuighthe ó ghrásaibh Dé.

6. An seiseadh goin

Tig fós don pheacadh dalladh an aithrighigh, as nach léir 9250 dhó an chonair chóir ré triall go neamh. Atá Solamh ag neartughadh fírinne aneithe se san dara caibidil do Leabhar na hEagna, mar a n-abair, excaecavit eos malitia eorum “do dhall a mailís féin iad,” ar sé, ag labhairt ar na peacthachaibh. Dá chor i gcéill go luigheann néall náimhdidhe na locht ar 9255 rosgaibh a réasúin, as nach féadaid lorgaireacht do dhéanamh ar a leas, ar mbeith dall dóibh. Gonadh uime sin adeir Sophonias san chéad-chaibidil, ambulabunt ut caeci, quia Domino peccaverunt  p.289 “siobhalfaid amhail dhallaibh, tré mar do pheacuigheadar i gcoinne a dTighearna.” Agus is é ní dá dtig sin, mar chuireas 9260 an diabhal púicín an pheacaidh ré rosgaibh a réasúin. Ag so sompla ar an dalladh do-ní gach peacadh dona seacht prímh-pheacaidhibh marbhthacha ar an duine. Ar dtús don díomas, amhail léaghthar san naomhadh caibidil do Ghníomharthaibh na nApstal mar do dalladh Pól, do bhí ag déanamh inghreama 9265 tré iomad díomusa ar na hapstalaibh agus ar dheibhléanaibh Dé. Óir damadh léir do rosgaibh a réasúin an t-olc do bhí i n-inghreim do dhéanamh ar na Críostaidhthibh, ní dhiongnadh é. Gidh eadh, is iongnadh an leigheas do-rinne Críost dó, mar atá dalladh a shúl gcorpardha d'aiseag radhairc a intinne dhó. 9270 Agus is meinic do-ní an céadna go spioratdha ris an bpeacthach; an tan bhíos ar tí a mheanman do mhusgladh ré déanamh aithrighe, tógbhaidh sé a n-aire dona neithibh saoghalta, agá ndíorghadh i rian na haithrighe. Óir is meinic mhúchas macnas an díomsaigh lé hamhgar nó lé hanfhochain; agus mar an gcéadna 9275 do-ní ris an tí bhíos ainmhianach 'na cholainn: cuiridh galar air, do mhúchadh a mhacnais; agus mar sin dá gach ainmhian oile ó shoin amach.

Dallaidh fós an tsainnt an t-aithrigheach, amhail léaghthar ag Tobias san dara caibidil, mar do thuit otrach na háinle ar a 9280 súilibh, lér dalladh é. Is eadh chialluigheas an otrach úd lér dalladh Tobias, an saidhbhreas saoghalta, lé ndalltar an sanntach. Gonadh uime sin adeir Pól san treas caibidil go Philipp., omnia arbitror ut stercora “ní fhuil meas agam ar na huilibh acht mar otrach.” Dá chor i gcéill nach raibhe do mheas aige ar na 9285 maoinibh saoghalta, acht mar otrach. Léaghthar ag na hughdaraibh sgrúdas nádúir na mbeathadhach gurab é modh ar a ndéin an t-iolar sealg ar an bhfiadh, tuirling ar thráigh, nó i n-ionadh bhíos lán do luaithreadh, agus é féin d'únfairt ann, agus teacht rés an bhfiadh, agus bheith ag spréachadh an luaithridh nó na 9290 gainmhe fána shúilibh, agus a dhalladh mar sin go bhfaghann árach ar a mharbhadh ar an gcor sin. Mar an gcéadna do-ní an diabhal ris an sanntach: doirtidh fá rosgaibh a réasúin gréithe geanamhla an tsaoghail se, nó luaithreadh na locht dtalmhaidhe,  p.290 lé ndallann é, as nach léir dhó a leas do dhéanamh, ná ród na 9295 haithrighe d'áimsiughadh.

Dallaidh an treas prímh-pheacadh .i. an drúis, an duine. Is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san seiseadh caibidil déag do Leabhar na mBreitheamhan, mar a n-innistear go ndearnadar na Feilistínigh an mheirdreach Dalila d'inneall ré bréagadh 9300 Samsoin, do bhí ag cathughadh go calma 'na n-aghaidh; agus mar thug aonta do Dalila, do bhréag a rún uaidh. Iarna chlos uaidh gurab 'na fholt do bhí a neart, do ghabh agá sháimh-chealgadh go miochair muinnteardha, go dtáinig dhe sin gur chuir a cheann 'na hucht, agus gur chodail ann; agus leis sin gur bearradh a fholt lé, 9305 agus gur lingeadar dá bhríogh sin na Feilistínigh air, gur dalladh leó é, gonadh dhe sin fá dheireadh táinig a bhás. Go fáthach, is iad na Feilistínigh na deamhain, agus Dalila an drúis; Samson an neimhchiontach, agus an neart mór do bhí ann an chalmacht bhíos san neimhchiontach ré cathughadh ré haimsighthibh an 9310 aidhbhirseóra.

An ceathramhadh peacadh dá dtig mealladh an aithrighigh .i. an tnúth. Óir ní hait ris an dtnúthach, agus ní léir dhó, maith dá mbí 'na chomharsain, ná sonas ná saidhbhreas dá mbí aige, go dtéid ar gcúlaibh i gcruth nach bí éin-ní ann rér bheitte 9315 tnúth do dhéanamh. Gonadh i bhfioghair an tnúthaigh atá aní léaghthar san treas caibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a n-innistear nachar fhéad Heli lóchrann an Tighearna d'fhaigsin, gur múchadh é. Mar an gcéadna ní fhéadann an tnúthach sonas ná ana ná ágh a chomharsan d'fhaigsin, go 9320 múchtar san chomharsain iad.

An cúigeadh peacadh, an craos. Agus is ris an gcraosach shamhailtear an dall úd, do bhí dall ó do geineadh é, ar a léaghthar ag Eóin san naomhadh caibidil. Óir mar thug an dall doille ris a broinn a mháthar, is mar sin beag nach do-bheir 9325 an duine an craos a broinn a mháthar leis. Agus mar sin ní hiongnadh an craosach do bheith dall, agus a thoidheacht don doille sin nach tabhair an t-aithrigheach amus ar raon na haithrighe ré triall ar neamh.

An seiseadh peacadh lé ndalltar an peacthach, an fhearg.  p.291 9330 Agus is i bhfioghair an pheacaidh se atá aní léaghthar ag Eóin san seiseadh caibidil déag, mar a n-abair go raibhe an dall do bhí do leattaoibh na slighe ag sír-éighmhe nár féadadh a chor i socht. Mar sin go fáthach, an tí bhíos dall ó dhoilbh-cheó an pheacaidh se na feirge, bí don taoibh amuigh do shlighe na haithrighe. 9335 Gonadh uime sin adeir Dia san .45. caibidil in Genesi ris an druing bhíos ag triall i ród na haithrighe san saoghal so na briathra so, ne irascamini in via “ná déanaidh fearg san slighidh.” Dá chor i gcéill dona daoinibh go ndleaghair dhóibh peacadh na feirge do thréigean san saoghal so, d'eagla a ndallta lé doilbh-cheó 9340 pheacaidh na feirge, as nár léir dhóibh ród na haithrighe. Gonadh uime sin adeir Solamh ag teagasg an duine san .28. caibidil in Ecclo., mar a n-abair na briathra so, memorare timoris Domino, et non irascaris proximo “cuimhnigh eagla an Tighearna, agus ná déana fearg réd chomharsain.” Dá chor i gcéill gurab 9345 usaide do neoch triall tré bhealach bheannuighthe na haithrighe go neamh, bheith do shíoth ris gach aoin-neach. Óir dá mbeith easgcáirdeas idir é féin agus aoin-neach oile, do budh docraide dhó imtheacht go hinnill san slighidh 'na mbiadh ag triall é. Uime sin dhligheas an t-aithrigheach gan bheith feargach. Óir dá 9350 mbia síodhach ris gach aoin-neach, féadaidh triall gan bhaoghal trés gach bealach tré mbiadh a thurus. Mar sin do gach aon bhíos saor ó easgcáirdeas gach aon- duine, féadaidh triall go hinnill i raon na haithrighe.

An seachtmhadh peacadh, an leisge, chialluighthear lé 9355 harsaidheacht na hurchóide. Dallaidh sí ruisg réasúin an aithrighigh. Gonadh 'na fhioghair so atá aní léaghthar in Genesi san .27. caibidil mar a n-innistear go raibhe Isaac tré arsaidheacht dall, agus dá réir sin go raibhe neamhaistreach. Mar an gcéadna, an dream bhíos dall ó shein-pheacadh na leisge, ní bhíd aistreach 9360 ré triall i slighe na subháilceadh. Agus fa-ríor, bí drong mhór dhíobh nach mothuigheann an easbaidh se do bheith orra, i gcosmhaileas mhná Seneca, amhail léaghthar ag Seneca san .50. Eip. go Lucillus, mar a n-abair, “an bhean leamh, Harpaste, atá agam-sa (ar sé) do dalladh go hobann í, agus ní feas dí í féin9365 do bheith dall; acht is eadh adeir réna feadhmannach gurab dorcha  p.292 atá an teach 'na timcheall.” Mar an gcéadna do lucht na haimsire se, dá dteagmhadh dalladh peacaidh san bhioth dhóibh, adeirid nach iad féin atá dall. Óir dá gcuirthear uabhar i leith fir aca, adeir nach uabhar bhíos ann féin, acht ag iarraidh a onóra féin 9370 do chosnamh. Dá dteagmhadh sainnt i neach, adéaradh nach sainnt bhíos ann nó air, acht gurab ag iarraidh cothuighthe bhíos. Dá dteagmhadh pótaireacht dó, ní pótaireacht do-ní, acht dá chor féin i n-oireamhain do chleachtadh na gcomharsan. Agus mar sin do gach olc oile ó shoin amach: saoiltear leis an 9375 druing bhíos dall ionnta nach ortha féin bhíos an doille. Do nós na druinge úd ar a léaghthar san naomhadh caibidil déag in Genesi, do-chuaidh i gcathair Sodoma do ghabháil na n-aingeal do bhí ar foighdhe i dteach Loth; agus ar dtabhairt na hionnsaighe dhóibh níor léir dhóibh dorus ná fuinneóg dá raibhe ar an 9380 dteach, mar do dalladh leis na hainglibh iad. Gidh eadh, níor léir dhóibh féin sin, agus níor mhothuigheadar iad féin dall. Mar sin dona peacthachaibh bhíos dall ón leisge, ón díomas, ón chraos, ón tsainnt, nó ó aoin-pheacadh dona seacht bprímh-pheacaidhibh marbhthacha do luaidheamar. Ní léir dhóibh iad féin do bheith 9385 dall ionnta, agus dá réir sin ní bhíd ionturuis ré triall i raon na haithrighe go neamh.

7. An seachtmhadh goin

Tig fós don pheacadh sgannradh an ghrádha. Gonadh aire sin adeir Ieremias san chéad-chaibidil do Leabhar na hEólchaire, mar a n-abair, ag labhairt ar an diabhal do-ní argain na hanma, 9390 na briathra so, manum suam misit ad omnia desiderabilia eius “do chuir sé a lámh san uile ní soimhianuighthe do bhí aige súd.” Dá chor i gcéill, an tan ghabhas an diabhal sealbh san duine ris an bpeacadh, go ruagann grádh Dé uaidh, agus dá réir sin, gach 9395 subháilce dá mbí 'na leanmhain. Óir ní fhéadann subháilce fhírinneach san bhioth bheith san Chríostaidhe, an tan ruagthar grádh Dé as a anam; agus do bhríogh go ruagthar grádh Dé as anam an duine, ruagthar dá réir sin gach subháilce oile bhíos ann. Gonadh uime sin adeir S. Augustín na briathra so san chúigeadh Seanmóir ar bhriathraibh an Tighearna, adde  p.293 9400 caritatem, et prosunt omnia, detrahe caritatem, et nihil prosunt caetera “cuir an grádh 'na gceann, agus is sochrach gach éin-ní; bean an grádh dhíobh, agus ní fiú éin-ní cách.” As so is iontuigthe nach sochrach subháilce san bhioth, do leith fhlaithis Dé do ghreamughadh, gan an grádh, agus gurab sochrach gach subháilce 9405 mar aon ris an ngrádh. Agus atá so ag teacht leis aní adeir Pól san treas caibidil déag don chéid-Eipistil gusna Coirintibh, mar a n-abair, si linguis hominum loquar et angelorum, caritatem autem non habeam, factus sum velut aes sonans, et si habuero omnem fidem, ita ut montes transferam, caritatem autem non habuero, 9410 nihil sum. Et si tradidero corpus meum ita ut ardeam, nihil mihi prodest “dá labhrainn teangtha na ndaoine agus na n-aingeal gan an grádh agam, ní fhuil ionnam acht amhail umha ag déanamh foghair; agus dá mbeith iomlán an chreidimh agam, i gcruth go bhféadfainn na sléibhte d'aistriughadh, agus gan an grádh agam, ní 9415 fhuil acht neimhfní ionnam; agus dá ndáilear mo chorp dá losgadh, ní fhuil sochar san bhioth dhamh ann.” Agus adeir an chaibidil chéadna na briathra so, et si distribuero in cibus pauperum omnes facultates meas, caritatem autem non habuero, nihil mihi prodest “dá roinnear na huile mhaoine atá agam ar bhochtaibh, agus gan 9420 an grádh agam, ní dhéin tarbha san bhioth dhamh.” Agus mar sin, an tan bheanas an diabhal grádh Dé, lé haontughadh do thabhairt don pheacadh, don duine, sgarthar an grádh ris an duine, agus dá réir sin, gach subháilce shomholta bhíos 'na leanmhain. Agus is trés an gcontrárdhacht so bhíos idir an ngrádh 9425 agus an peacadh, atá aní léaghthar ag Pól san seiseadh caibidil don dara hEip. gusna Coirintibh, mar a n-abair, quae conventio Christi ad Belial, aut lucis ad tenebras “créad an oireamhain atá idir Chríost agus Belial, agus idir an solus agus an dorchadas?” Dá chor i gcéill gurab contrárdha dá chéile bhíos an peacadh agus an grádh. 9430 Óir is é an grádh is foirm agus is bláth dona huile shubháilcibh, agus is é inghean díleas Dé é, dá dtig sinne do bheith 'nar macaibh ag Dia agus 'nar mbráithribh ag na hainglibh. Agus a chontrárdha sin tig don pheacadh. Óir do-ní clann don diabhal agus bráithre dona deamhnaibh dhínn. Gonadh 'na fhioghair sin atá aní léaghthar 9435 san seiseadh caibidil do Leabhar na mBreitheamhan, mar a  p.294 n-innistear go dtigdís na Madianitae d'argain chríche Israel feadh seacht mbliadhan; agus in gach ruathar dá dtugdaois, go mbeirdís leó gach ní budh tarbhach ré beathaidh an duine, agus sin tré pheacadh Chloinne Israel i n-aghaidh Dé. Go fáthach, is iad na Madianitae 9440 so na deamhain; agus Clann Israel an drong bhíos i bpeacadh mharbhthach, agus adhras dona seacht bpeacaidhibh marbhthacha. Agus mar do hairgthí leis na Madianitae Clann Israel, is mar sin fheanntar an t-anam, go nach fágthar subháilce ar bioth ina mbeith sochar aige do leith ghrás ná ghlóire. Agus is cosmhail 9445 dáil an pheacaidh, ag toidheacht i n-anam an fhíréin, agus na muice ag toidheacht fá lubhghort. Óir an tan tig an mhuc fá lubhghort, cuiridh a srón fán lile, nó fán luibh is uaisle do-gheibh, go mbeanann as a bpréamhaibh iad, go bhfeódhaid dá éis sin. Mar an gcéadna, an tan tig an peacadh i ngarrdha ghrásamhail 9450 anma an fhíréin, cuiridh soc saoibh-chealgach na n-ainmhian fá shoibhéasaibh agus fá shoighníomhaibh na hanma, dá buain a préimh an ghrádha, do-bhéaradh fás dóibh. Gonadh ag cor an duine ar a choimhéad adeir Críost ag Matha san seachtmhadh caibidil, nolite mittere margaritas vestras ante porcos “ná cuiridh 9455 bhar liaga lóghmhara i bhfiadhnaise na muc.” Ionann sin ré a rádh agus “ná tugthar libh aonta don olc, ionnus nach rachadh an diabhal do ghabháil sheilbhe i ngarrdhaibh grásamhla bhar gcoguais.” Óir ní bhí ar iarraidh aige acht grádh Dé agus a ghrása agus na subháilce do bhuain as a bpréamhaibh ionnaibh. Gonadh 9460 uime sin adeir Greaghóir san .29. Homilia, mar a n-abair, non curat hostis antiquus, ut terrena tollat, sed ut caritatem in nobis feriat “ní fhuil suim ag an sean-námhaid sna neithibh talmhaidhe do bhreith leis, acht is eadh is intinn dó, grádh Dé do mhúchadh ionnainn.” As a ndubhramar is iontuigthe go dturnann an 9465 peacadh grádh Dé sna daoinibh, agus go dtig dhe sin nach bí san duine sgarthar ré grádh Dé, acht do nós an phúicín ghaoithe, dá nach léir an solas san ló, agus do-chí go grinn i ndorchadas na hoidhche, agus mar sin contrárdha d'éanlaith oile bhíos ar foluamhain agus ar fuaidreadh san oidhche agus 'na comhnaidhe ar ló; do réir 9470 mar adeir Ambrosius san .24. caibidil don chúigeadh leabhar in Hexameron, ag labhairt ar aní gcéadna, gonadh mar sin bhíd na  p.295 peacthaigh bhíos i ndorchadas na dubháilceadh, go mbíd ar fuaidreadh agus ar folamhain i n-oidhche na hurchóide, ag saothrughadh na saidhbhreas tré shein-chríonnacht shaoghalta, agus nach 9475 léir dhóibh lá grianach glé-mhaiseach grádha Dé ré saothrughadh na subháilceadh.

8. An t-ochtmhadh goin

Tig mar an gcéadna don pheacadh go ngníomhuigheann searbhas i meanmain an pheacthaigh. Gonadh uime sin adeir Ieremias san dara caibidil, mar a n-abair, scito et vide quia 9480 malum et amarum est dereliquisse te Dominum Deum tuum “bíodh a fhios agat agus féach gurab olc agus gurab searbh dhuit do Thighearna Dia féin do thréigean.” Dá chor i gcéill gurab searbh íoc na péine i ndíol an pheacaidh. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san treas caibidil déag don dara leabhar 9485 do Leabhraibh na Ríogh, mar do bhí fuath agus déistin agus gráin ag Ammon ar a shiair Tamar i ndiaidh mhíghníomha do dhéanamh ria, ionnus nach raibhe blas san bhioth aige uirre, trés an searbhas do bhí aige san choir do-rinne ria. Agus is uime sin adeir Solamh san chúigeadh caibidil do Leabhar 9490 na Seanfhocal, mar a n-abair, ne attendas fallaciae mulieris “ná tabhair th'aire do mhealltóireacht mhná.” Dá chor i gcéill don duine, ciodh milis ris aonta mná d'fhagháil ré déanamh mímhéine, go mbí searbhas aithmhéile air iar ndéanamh an mhíghníomha. Agus ní hiongnadh sin, do bhríogh gurab 9495 gearr sólás an pheacaidh, agus gurab buan a mhairg 'na dhiaidh, ionnus go dtig dhe sin go mbí anfadh na hurchóide agus measgadh na meabhla ag tonnadh agus ag tonn-luasgadh mheanman an pheacthaigh. Gonadh dá chor so i gcéill atá aní léaghthar as Isaias san .57. caibidil, mar a n-abair, cor impii quasi mare 9500 quod quiescere non potest “croidhe an pheacthaigh amhail mhuir nach féadann cumhsanadh.” Dá chor i gcéill, amhail bhíos an mhuir ag luadhaill agus ag luasgadh ó thuinn go tuinn, gurab mar sin bhíos an peacthach ag luadhaill agus ag luasgadh ó locht go locht, an tan nach bí ionnracas na haithrighe mar angcaire 9505 agá fhastódh; agus mar sin nach éagcosmhail ré chéile inneall  p.296 an uilc agus na mara. Óir mar bhíos an peacadh searbh, is mar sin bhíos sáile searbh san muir. Fós, amhail shloigeas an móir-iasg san muir an min-iasg, mar an gcéadna an móir-pheacthach bhíos cumhachtach ar an saoghal, sloigthear leis an 9510 fo-dhuine fíréanda, maille ré láimh thruim do luighe air agus ris na sealbhaibh saoghalta do bhuain de. Gonadh uime sin atá aní léaghthar ag Abacuc san chéad-chaibidil, ag labhairt ré Dia, mar a n-abair, quare non respicis super iniqua agentes, et taces devorante impio iustiorem se “créad nach féachann tú 9515 ar an druing do-ní milleadh, agus créad fá bhfuile id thocht, agus an peacthach ag slogadh an tí is fíréanda ioná é féin?” Is é is fáth don fháidh na briathra so do rádh, 'gá iarraidh ar Dhia díoghaltas do dhéanamh ar an druing anfhlathaigh do-ní éagcóir ar na fo-dhaoinibh fíréanda bhíos ag roinn riú. Gonadh 9520 uime sin adeir Isaias san .33. caibidil ag bagar dhíoghaltais Dé ar an tí do-ní an t-anfhlaitheas so, mar a n-abair, vae qui praedaris, nonne ipse praedaberis “mallacht duit, a dhuine do-ní creachaireacht, óir do-ghéantar creachaireacht ort.” Do-chíthear linn go meinic an mhallacht so ag turnamh ar na 9525 hanfhlathaibh bhíos ag déanamh éagcóra agus inghreama ar na fo- dhaoinibh bhíos fúthaibh, agus do-chíthear linn go meinic mallacht Dé ag turnamh orra, i ndíol an chraos-shloigthe do-níd ar na comharsanaibh bochta bhíos aca. Óir is meinic éagaid gan oighre, agus téid na flaithis mhóra bhíos aca i lámhaibh 9530 druinge oile, agus nach bí do lorg orra dá n-éis acht a mítheasta agus a míochlú 'ga bhfaisnéis i mbéalaibh na druinge bhíos dá n-éis; nó, dá dteagmhadh sliocht do bheith orra, a mbeith bocht nó easbadhach, agus il-iomad d'anfhochainibh agus d'amhgaraibh ag fearthain orra; ionnus go dtuigid an pobal gurab do 9535 bhíthin pheacaidh a sinnsear tig gach amarrán díobh sin ar a sliocht, agus go dtuigid dá réir sin gurab tré inneachadh Dé do thuilleamh dá sinnsear tig sin orra, trés an imchreachadh do-níthí leó ar na daoinibh budh lugha ioná iad féin, ag slogadh a maoine saoghalta chuca, i gcosmhaileas na móir-iasg san 9540 muir lé sloigthear an min-iasg, amhail adubhramar. Ní héagcosmhail fós an peacadh agus an mhuir, ar aidhbhsighe agus ar  p.297 iomad a n-anfaidh leath ar leath. Óir amhail bhíos iomad anfaidh ar an muir, lé séideadh sonn-ghaoithe tréine tairpthighe, is mar sin fhásas anfadh i meanmain an pheacthaigh ó luasgadh 9545 luaimneach na locht, ag iomruagadh suaimhnis na subháilceadh a meanmain an duine, tré iomad anfhorlainn agus anchúraim shaoghalta. Ionnus, an tí mheasgas é féin ar an saoghal go mór, go mbí dá theilgean agus dá thuargain idir thonnaibh atmhara na hurchóide, amhail bhíos an long san muir i n-am an anfaidh, 9550 ionnus nach bí cailm ná cumhsanadh aige ón chúram shaoghalta. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an druing mheasgas iad féin air. Óir is léir dhóibh nach léigid na loicht sgíoth dhóibh, gan bheith dá ngluasacht idir an tsainnt agus an craos agus an t-uabhar agus gach peacadh oile ó shin amach. Ionnus gurab ag cor an 9555 mhíoshuaimhnis se i gcuimhne dona daoinibh atá aní adeir Críost san seiseadh caibidil déag ag Eóin, ag labhairt ris na hapstalaibh, in mundo pressuram habebitis, in me autem pacem “do-ghéabhthaoi amarrán san saoghal, gidh eadh, do-ghéabhthaoi síoth ionnam-sa.” As so is iontuigthe nach eadh amháin 9560 an dream bhíos san pheacadh mharbhthach do-gheibh míoshuaimhneas ar an saoghal, acht fós go mbuaidhearthar na fíréin féin do bhíthin an pheacaidh bhíos ag cách. Is dá bhíthin so atá aní léaghthar san .11. caibidil don dara hEip. gusna Coirintibh, mar a n-abair, nocte ac diem in periculis fui “do 9565 bhádhas i n-oidhche agus i ló i nguaisibh.” Uime sin is déanta dhúinn comhairle Phóil san deachmhadh caibidil don chéid-Eipistil gusna Coirintibh, mar a n-abair, fidelis Deus qui non patietur vos tentari supra id quod potestis “is díleas Dia go nach léigfeadh sibh i mbuaidhreadh tar bhar n-acfuinn.” Dá chor 9570 i gcéill nach fuil áit innill againn ré teitheadh ria nguaisibh an tsaoghail agus an pheacaidh, acht dol ar coimirce Chríost, is iontaobhtha dhúinn. As a ndubhramar is follus go dtig don pheacadh sáilín seire searbhusa do bheith 'na leanmhain.

9. An naomhadh goin

Tig arís don pheacadh an duine do chor amudha as an ród díreach go neamh. Is uime sin adeir Dáibhídh Rí ag labhairt  p.298 ar na peacthachaibh na briathra so, viam civitatis habitaculi non invenerunt “ní bhfuaradar slighe chathrach an áruis.” Dá chor i gcéill nach léir ród na haithrighe don druing bhíos i bpeacadh mharbhthach. Agus fós bíd drong do pheacthachaibh ann, 9580 bhíos aindiúid amhnáireach ag marthain 'na n-olcaibh, ris nach áil leasughadh do dhéanamh 'na lochtaibh, agus nach áil leó fios d'fhagháil ó Dhia i ród na haithrighe, ná teagasg a leasa do ghabháil. Agus is ag aithfhriotal bhriathar na druinge se atá Iob san .21. caibidil mar a n-abair, recede a nobis, scientiam viarum 9585 tuarum nolumus “triall uainn; ní háil linn fios do ród.” Óir an tan bhíos an duine aindiúid ag léaghadh leabhar ndiadha, 'na mbí seóladh díreach ar neach i raon na haithrighe, ní ghabhann leasughadh 'na lochtaibh, agus ní thréigeann an peacadh ar a son. Agus an tí bhíos ag éisteacht ré seanmóir nó ré 9590 teagasg tharbhach, do-ní an céadna. Gidh eadh, ní mar so dobudh dual don pheacthach do dhéanamh, acht a éagcaoine é féin do bheith ag dul ar seachrán, agus eólas d'iarraidh, amhail do-rinne Dáibhídh Rí, amhail adeir sé féin, erravi sicut ovis quae periit; quaere servum tuum Domine “do bhádhas ar seachrán 9595 amhail chaoirigh do-chuaidh amudha; a Thighearna, iarr th'óglách féin.” Aní céadna do dlighfidhe don pheacthach do dhéanamh i ndóigh go n-éistfeadh Dia a ghuidhe, agus go dtuillfeadh a dhíorghadh i raon na haithrighe, ó bheith ar siadhán i ngalar diúdáin dubháilceadh. Agus ní fhuil áisig oile aige is dísle dhó ré 9600 dol ar neamh ioná greamughadh do Chríost, do bhríogh gurab é Críost an ríogh-ród agus an chonair choitcheann atá ag triall ar neamh, amhail adeir sé féin san cheathramhadh caibidil déag ag Eóin, ego sum via “is mise an tslighe.” Agus do bhríogh nach féadann neach greamughadh do Chríost acht maille ris 9605 an bpeacadh do thréigean, do bhríogh nach gabhann Críost táith-cheangal ris an bpeacthach, go ndéantar an peacthach do bhruithneadh i dteinidh ghrádha Dé, nach gabhann lasadh chuice acht i dteallach toile an fhíréin, is follus as a ndubhramar go gcuireann an peacadh an t-aithrigheach amudha as an ród 9610 ndíreach go neamh.

Léaghthar sgéal bheanas ris aní se i Leabhar na Seacht  p.299 dTiodhlaiceadh. Ag so mar adeir: go rabhadar dias dearbhráthar ag triall san slighidh, agus fear dhíobh 'na amadán agus fear oile eagnaidhe. Ar mbeith ar eachtra dhóibh, tograid, agus iad i 9615 gcoigrích, triall dá ndúthaigh. Agus ar mbeith i n-aistear dhóibh, tarla comhghar dá ród dóibh. Agus nochtaid na haoghairidhe fuaradar rompa go raibhe ród díobh go díreach go dol gus an gcathraigh ndúthchais do bhí aca, agus nach raibhe guais ná baoghal san slighidh sin orra. Gidh eadh, do bhí do 9620 dheónughadh dhóibh-sean go raibhe an ród díreach soin cumhang ard anshocair garbh, agus go raibhe an dara ród mín socair deagh-mhaiseach, gidh eadh, go raibhe lán do ghuaisibh ladrann agus meirleach agus luchta éigin. Arna chlos sin don bhráthair chríonna, do thogair triall san ród innill anshocair do bhí rompa, tar a 9625 raibhe do dhoghraing agus do dhocamhal ann. Adubhairt an bráthair leamh, “guidhim thú (ar sé) ná cuir an t-ulc sin ort féin, acht triall san ród réidh, tar a bhfuil do ghuaisibh innte. Óir atá dóigh agam, maille ré congnamh Dé, go bhféadfam dul tar na guaisibh sin.” Agus tug an bráthair críonna aonta ris sin. 9630 Agus ní cian do-chuadar san ród fhairsing réidh aoibhinn sin, an tan tarladar ladrainn riú, agus do feannadh agus do forghonadh leó sin iad. Agus dobhádar i láimh aca, agus iad ceangailte, ar tí a mbásuighthe agus a gcora i ndeirc dhoimhin dá bhfolach. Tug an bráthair críonna a mhallacht don bhráthair leamh agá rádh 9635 gurab tréna leimhe-sean, iar dtogha an róid roi-leathain sin, tarla san ghuais sin é. Freagrais an bráthair amadánta, agus adubhairt, “mallacht ort-sa (ar sé) agus is córa a chion sin do bheith ort-sa ioná oram-sa, do bhríogh gurbh fheasach thú gurbh amadán mé, agus uime sin nár chóir dhuit creideamhain damh, 9640 ná mo chomhairle do dhéanamh.” Go fáthach, is iad an dá bhráthair se an t-anam agus an corp; an t-anam an bráthair críonna, dá bhfoillsigheann an réasún maith do dhéanamh; an bráthair leamh an corp, nach iarrann acht sáimhrighe agus sádhaile d'fhagháil dó féin. An dá ród tarla dhóibh, go fáthach, slighe na subháilceadh, 9645 'na mbí doghraing agus docamhal, is ród díreach do dhuine dá dhúthaigh féin .i. go neamh. An dara ród, bhíos leathan fairsing aoibhinn, slighe na n-ainmhian, ar a mbíd aimsighthe  p.300 an diabhail ar beilghibh buaidheartha na n-olc, ar tí an duine d'fheannadh agus do chréachtnughadh lé créachtaibh marbhthacha 9650 an pheacaidh. Agus na haoghairidhe lér seóladh an chonair dhóibh, préaláide agus príomh-ughdair na heagailse bhíos ag síoladh agus ag seanmóir shlighe na haithrighe don duine. Agus is eadh chialluigheas an aonta thug an bráthair críonna don 9655 bhráthair leamh, ré triall san ród réidh 'na raibhe guais, mar shásadh dá bhráthair leamh, an aonta do-bheir an t-anam don chorp gona ainmhianaibh, an tan is leasg leis slighe na subháilceadh agus ród na haithrighe, 'na mbí doghra agus docamhal, do leanmhain; agus aontuigheas, mar shásadh don cholainn, ród leathan na locht do leanmhain, tar a mbí do ghuaisibh ann; ionnus go dtig dhe sin 9660 an t-anam agus an corp do theagmháil i n-orlamhas an aidhbhirseóra, agus go bhfeanntar iad, an mhéid go mbeantar a subháilce dhíobh, agus go gcréachtnuighthear iad 'na gcéadfadhaibh, agus go marbhthar ainn-séin iad, agus go dteilgthear i n-uaimh uaith-bhéalta ifrinn iad. Agus is é so atá ag San Séam dá chor i gcéill san chéad-chaibidil 9665 dá Eipistil chanónta, mar a n-abair, unusquisque tentatur a concupiscentia sua abstractus et illectus. Deinde concupiscentia, cum conceperit, parit peccatum; peccatum vero cum consummatum fuerit, generat mortem “buaidhearthar (ar sé) gach aon bhíos arna tharraing agus arna bhréagadh lena anmhian; ainn-séin, an 9670 tan ghabhas an ainmhian, beiridh an peacadh; an peacadh cheana, an tan bhíos arna chríochnughadh, geinidh an bás.” As so is iontuigthe gurab tré aonta do thabhairt dá ainmhianaibh gheineas neach an peacadh; agus an tan chuirthear an peacadh i ngníomh, go ngeineann an bás. Uime sin, an tan bhíos an 9675 t-anam agus an corp i n-ifreann, i ndiaidh laoi na breithe, gabhaidh an t-anam ag casaoid ar an gcorp, tré nár fhuiling saothar na subháilceadh d'fhulang. Agus gabhaidh mar an gcéadna an corp ag iomaithbhear ar an anam, dobudh baintighearna dhó féin, agus do bhí críonna, tré nachar chuir srian ris, ar mbeith 9680 umhal dí agus fána smacht. As an sgéal so is iontuigthe go dtig don pheacadh an duine do chur ar siadhán a slighe na subháilceadh go neamh.

 p.301

3. An deachmhadh goin

Tig dhe fós oirbhire Dé do thoidheacht ar an duine, amhail léaghthar san .28. caibidil in Deuter., mar a ndéin Dia bagar ar 9685 an duine agá rádh, si nolueris audire vocem Domini Dei tui ut custodias et facias omnia mandata eius, venient super te omnes maledictiones istae. Maledictus eris in civitate, maledictus in agro, maledictum horreum tuum, maledictae reliquiae tuae. Maledictus fructus ventris tui, et fructus terrae tuae “muna éistidh tú ré guth 9690 do Thighearna féin Dia, ré coimhéad agus ré gníomhughadha aitheantadh uile, tiocfaid na mallachta so uile ort. Budh malluighthe thú san chathair, budh malluighthe thú san bhfearann, budh malluighthe th'iothlann, budh malluighthe do thaise, budh malluighthe toradh do bhruinne agus toradh do 9695 thalmhan.” Adeir arís san chaibidil chéadna na briathra so, ag déanamh an bhagair chéadna, adiungat tibi Dominus pestilentiam, donec consumat te de terra. Percutiat te Dominus egestate, febri, et frigore, ardore et aestu et aere corrupto donec pereas. Sit caelum quod supra te est aeneum, et terra quam calcas ferrea. Tradat te 9700 Dominus corruentem ante hostes tuos. Domum aedifices, et non habites in ea. Plantes vineam, et non vindemies eam “go mbuailidh Dia uireasbaidh ort, lé riachtanas, lé fiabhras agus lé fuacht, lé teas agus lé teasbhach agus lé haieór truaillidhe, go gcailltear thú. Go raibhe an t-aieór atá ós do chionn 'na phrás, agus an talamh ar a 9705 saltrann tú iarnaidhe. Go dtiodhlaicidh an Tighearna thú ar dtuitim do láthair do námhad. Go dtógbhaidh tú teagh, agus nár áitighe tú é. Go bplannduighidh tú fíneamhain, agus nár dhearnaidh tú foghmhar uirre.” As na bagrachaibh móra so do-ní Dia ar an duine trés an bpeacadh is iontuigthe gurab tuar 9710 feirge Dé do thuilleamh an peacadh. Óir ní héidir a mheas nach gríosann an peacadh Dia ré déanamh díoghaltais, mar go mbagrann bás agus caill chloinne agus conáich ar an tí do-ní é; ionnus gurab aithreach ré Dia an duine ar eacht ar bioth do dhéanamh, amhail adeir sé féin san seiseadh caibidil in Genesi, poenitet me 9715 fecisse hominem “is aithreach liom an duine do dhéanamh.” Agus is urusa so do thuigsin as an díoghaltas do-rinne ar an bpeacthach, mar go dtug tonn doifhreastail díleann dá bháthadh i ndíoghail  p.302 an pheacaidh. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar ag Eóin san dara caibidil, mar do-rinne Críost sgiúrsadha do 9720 chordaidhibh cruaidh-righne cnáibe fuair san teampall, ag ruagadh agus ag tafann na druinge do bhí ag reic agus ag ceannach san teampall. Mar an gcéadna do-ní Dia smachtughadh ar an druing bhíos ag malairt na meabhla, agus ag reic an uilc, i gceall-úiribh an choguais: do-ní a ruagadh agus a dtafann a hárus na 9725 hanma, lé sgiúrsadhaibh díoghaltais Dé, mar is follus as na mallachtaibh do luaidheamar romhainn, bhagras Dia orra.

Léaghthar ag an druing sgrúdas staid na nádúire nach bí cailg i rígh na mbeach, agus thairis sin, cibé ainmhidhe do-ní dochar dhó, go lingid na beich oile air, agus go ngabhaid dá gcailgibh ann, 9730 mar dhíoghaltas ar an éagcóir do-ní ar a rígh féin. Mar an gcéadna, tar ceann go bhfuil Dia ceannsa sochma sochroidheach, más eadh, an tan ghoilleas neach air, gabhaid a chréatúiridhe ag déanamh díoghaltais ar an tí ghoilleas ar Dhia. Gonadh uime sin adeir Solamh san chúigeadh caibidil do Leabhar na hEagna, 9735 ag deimhniughadh aneithe se, na briathra so, armabit creaturam ad ultionem inimicorum suorum “do-ní a chréatúir armtha ré díoghaltas do dhéanamh ar a náimhdibh.” As so is iontuigthe go mbíd craoiseacha agus cailge agá chréatúiribh ré díoghaltas do dhéanamh ar an druing ghoilleas ar Dhia san bpeacadh.

9740 Léaghthar ag Vincentius, san leabhar dá ngoirthear Speculum Historiale, iar ndol do Fhrangcaibh i n-anmhacnas ar Dhia, agus ar lingeadh ar iomad locht do dhéanamh dhóibh, go dtáinig saithe do chuileógaibh móra anaithne ar feadh na Fraingce, do dhéanamh iomaid luit dá ngortaibh agus dá dtoirthibh, dá dtáinig 9745 gorta mhór san bhFraingc as a los soin. Agus na cuileóga so, an tan do ghlacadh duine 'na lámhaibh iad, do-gheibheadh ar eite chlé na cuileóige an focal so ira .i. fearg, agus ar an eite dheas Dei .i. Dé. Dá chor i gcéill gurab tré mhíréir Dé do dhéanamh agus i ndíoghail a fheirge tángadar.

9750 Léaghthar fós ar aní gcéadna ag Antonius naomhtha, san dara roinn dá Shuim, san cheathramhadh caibidil déag don deachmhadh tiodal, an tan táinig Attila Mór, rí na Hunnorum, d'argain agus do chreachadh na Fraingce, do bhí ar lingeadh i lochtaibh an  p.303 tan sin. Agus ar mbeith ag argain na tíre dhó, téid easbog 9755 Trecassensis, darbh ainm Lupus, go n-inneall easbuig agus go bhfuirinn do chléir 'na fhochair, agus ar dteacht do láthair an ríogh dhó fiafruighis fáth a thuruis don chrích sin de. “Mise, ar sé, flagellum Dei .i. sgiúirse Dé.” As so is iontuigthe nach eadh amháin dona hainmhintibh brúideamhla do-ní Dia oirnise 9760 ré díoghaltas do dhéanamh ar an bpeacadh, acht fós dona daoinibh. Agus fós, ní headh amháin do dhaoinibh Críostamhla Catoileaca, acht go ndéin oirnis do dhaoinibh págánta ré smacht do dhéanamh ar na Críostaidhthibh chreideas dó, agus nach déin a réir, mar is follus i mórán do stairibh, agus san Bhíobla. Féach 9765 mar do ghabhadar na Gothi greim don Eadáile, na Múraigh don Spáin, na Vandali don Fhraingc, agus na Lochlannaigh do Shagsaibh, d'Éirinn agus d'Albain. Féach fós mar do ghabh Pharao treise ar Chloinn Israel, agus Nabugodonasor ón Bháibiolóin, agus na Filistínigh agus na Cananei, agus Titus agus Vespasianus ón Róimh, tug dearg-ár 9770 Cloinne Israel i n-Ierusalem.

Léaghthar fós sgéal míorbhaileach ar aní se, amhail chuirthear síos san leabhar dá ngoirthear Speculum Exemplorum, mar atá go raibhe peacthach trom dh'áirithe do bhí ag drud ré deireadh a ré, agus nach fuair neach uaidh ucht do thabhairt ar aithrighe, 9775 agus go dtáinig gur thaisbéin Críost tré iomad trócaire é féin dó, agus gur nocht a chréachta dhó, dá ghríosadh ré déanamh aithrighe. Gidh eadh, do ghabh seisean go haindiúid doitheagaisg ag éimdheadh aithrighe do dhéanamh. Agus mar do-chonnairc Críost an dobhuidheachas do bhí ann, do ghabh fearg é, agus leis 9780 sin cuiris a lámh 'na thaobh dhearg, agus do-bheir cuid dá fhuil féin as a thaobh, agus croithis ar an bpeacthach í, agus adubhairt, “bíodh an fhuil sin mar fhiadhnaise ar thusa do bheith damanta go dlightheach.” Agus leis sin téid Críost a hamharc cháich, agus gabhaidh an drong do bhí timcheall an othair ag ionnlat a 9785 dheilbhe, ag buain na fola dhe. Gidh eadh, níor fhéadadar, acht do lean mar oil i n-úir an uilc do bhí ann de go bhfuair bás.

As a ndubhramar go ró so is follus go ndéin Dia díoghaltas ar na daoinibh tréna bpeacaidhibh, agus go ndéin oirnise do chréatúiribh  p.304 9790 ré míoshuaimhneas do chor ar an bpeacthach, agus fós do chréatúiribh dearóile, mar thár ar lucht an díomais, gémadh í an choirr-mhíoltóg nó an chuil, an tsnidh, an míol, nó an deargnait iad. As a ndubhramar is follus méad an dochair tig do dhéanamh an pheacaidh, ag toirmeasg an duine ó thriall 9795 i ród díreach na haithrighe.

20. AN FICHEADMHADH HALT

'na gcuirthear síos an ród díreach is ionchoimhéadta ré triall ar neamh.

1. An chéad-ghoin

Tuig, a dhuine, an tan bhíos an duine ag triall tré alltar na hurchóide agus tré fhásach an pheacaidh, nach féadann an ród do dhíorghadh go cathair nimhe. Gonadh ar an druing se labhras Dáibhídh Rí san .106. Salm, mar a n-abair, erraverunt 9800 in solitudine, viam civitatis habitaculi non invenerunt “dobhádar ag dol amudha ar an bhfásach, ní bhfuaradar fios chathrach an aittreibh.” As so is iontuigthe, an dream bhíos i siadhán agus i seachrán an pheacaidh, nach féadaid an rian díreach go neamh dh'amus. Uime sin, cibé bhíos ag triall tré fhásach an pheacaidh, ag dol 9805 ar siadhán, teagmhaidh i lámhaibh ladrann ar uairibh é, agus i n-iomad do ghuaisibh oile. Dá réir sin, is eadh is indéanta don taisteallach bhíos ar turus, greamughadh do chuideachtain mhaith, agus leanmhain díobh do shíor. Go fáthach, is í an tslighe anaithnidh se ród na beatha so go bás. Uime sin, is éigean 9810 dá gach neach bhíos ré triall innte treóraighe d'fhagháil ré heólas na slighe do dhéanamh dhó, nó, dá dtréigidh an t-eólaighe, atá sé caillte. Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san cheathramhadh caibidil déag do Leabhar na Nuimhreach, mar a n-innistear, an tan do thréigeadar Clanna Israel ceannas 9815 feadhna Mhaoise agus a threóir go Tír Tairrngire, gur éagadar a n-urmhór san slighidh. Mar an gcéadna, an dream nach leanann do Chríost mar threóraighe, ag triall tré fhásach an tsaoghail se gus an mbás, téid amudha, agus ní roichid go Tír Tarrngaire na  p.305 glóire. Agus is ag teagasg aneithe se atá S. Bearnard ag labhairt 9820 ris an duine, i leabhar a Naomh-smuaineadh, mar a n-abair, elige tibi illum amicum tuum, precibus amici tui, qui cum omnia subtracta tibi fuerint, solus tibi fidem servabit in die sepullturae tuae “togh dhuit féin é súd mar charaid (ag labhairt ar Chríost) tré ghuidhe do charad. Óir an tan bheanfaidhear dhíot gach uile ní, is 9825 eisean amháin choimhéadfas a gheallamh dhuit i ló t'adhlaicthe.” As na briathraibh se is iontuigthe, an tan chaillid a charaid, a chaomhthaigh, agus a chompáin, a chlann, a chéadfadha agus a chonách saoghalta ar dhuine, gurab é Críost ar dTighearna cara na héigne aige, réna fhurtacht i n-am an bháis. Uime sin nach 9830 fuil treóraighe oile ag an duine is ionchuir i gcoimmeas ré Críost. Agus is tríd sin do dheónuigh Dia sin do thabhairt mar theastas air, an tan adeir na briathra so léaghthar ag Matha san .22. caibidil, mar a n-abair, ag aithfhriotal bhriathar na druinge sin ré Críost, magister, scimus quia verax es, et viam Dei inveritate 9835 doces “a mhaighistir, ar siad, is feasach sinn go bhfuil tú fírinneach, agus go seólann tú slighe Dé san bhfírinne.” As so is iontuigthe gurab é Críost amháin is fír-eólach againn, rénar ndíorghadh san raon díreach go neamh. Gidh eadh, tabhair dot aire, an tan bhíos duine ag triall i ló shneachta, agus grian 9840 ag taitneamh air, iar ndol isteach i dteagh dhó, nach léir dhó a bheag nó a mhór, ó neimh an tsneachta do bheith 'na shúilibh, agus uime sin nach dleaghair dhó triall roimhe go hobann san teach, go sgaoiltear deallradh an tsneachta bhíos 'na shúilibh, d'eagla go dtuitfeadh i bhfairthis nó i ndeirc dá mbiadh san 9845 árus. Mar an gcéadna an tí bhíos ag triall tré mhacnas agus tré réim aimseardha an tsaoghail go hárus an bháis, bí deallradh agus lonnradh na loise saoghalta ag déanamh sgáile dá shúilibh, go nach léir dhó guais an bháis bhíos roimhe, go ndéin comhnaidhe i n-orsain an bháis, ag machtnadh agus ag midheamhain 9850 ar ghuaisibh an bháis, agus nó go dtabhair i ndearmad agus i ndío-chuimhne sgáile na sochar saoghalta agus na saidhbhreas fhágbhas dá éis. Gonadh 'na fhioghair so atá aní léaghthar san naomhadh caibidil déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar do bhí an fáidh Elias i ndorus na huamha 'na sheasamh, agus  p.306 9855 é ag meas agus ag sgáthántacht ann. Agus do-chonnairc gaoth láidir, talamh-chumhsgughadh agus teine, agus ní fhacaidh an Tighearna ionnta; agus do-chonnairc séideadh foghaoithe, agus do bhí an Tighearna ann. Go fáthach, is é Elias an t-aithrigheach bhíos ré bruinnibh báis; agus na trí neithe at-chonnairc is nach raibhe 9860 an Tighearna, is eadh chialluighid, gaoth an uabhair, talaimh-chrioth na feirge, agus teine na sainnte, is léir don tí bhíos ag fagháil bháis. Gidh eadh, an séideadh mín 'na raibhe an Tighearna, is eadh chialluigheas, briathra milse an Bhíobla, lé dteagaisgthear an duine do leith tháire do thabhairt ar na 9865 neithibh saoghalta agus dúla do thabhairt dona neithibh neamhdha. Mar sin tig do bhriathraibh an scrioptúra táir agus tarcaisne do bheith ag an tí bhíos ré hucht an bháis ar an díomas, ar an bhfeirg, agus ar an sainnt, agus grádh agus gean do bheith aige ar an umhlacht, ar an bhfoidhidin, agus ar an mbochtacht; agus sin uile 9870 do theacht do bhíthin bhréithre Dé do chlos. Agus is ar an malairt se thig ar aigneadh an othair labhras Dáibhídh san .76. Salm, mar a n-abair, haec mutatio dexterae Excelsi “ag so malairt deas-láimhe Dé.” Dá chor i gcéill gurab do chumhachtaibh Dé tig an mhalairt agus an claochlódh sin do thoidheacht i n-aigneadh 9875 an othair, mar go dtig dhe na dubháilce do thréigean, agus na subháilce do ghreamughadh agus do ghrádhughadh, agus tár agus tarcaisne do thabhairt ar na neithibh talmhaidhe. Gonadh uime sin adeir Críost san seiseadh caibidil ag Matha na briathra so, non potestis Deo servire et mammonae “ní féadtar 9880 libh foghnamh do Dhia agus don tsaidhbhreas.” Dá chor i gcéill gurab contrárdha na feadhma iarras Dia ar na daoinibh agus an feidhm iarras an saoghal. Óir is eadh iarras Dia ar na daoinibh, umhla agus foidhide agus bochtacht; agus is eadh iarras an saoghal, uabhar agus fearg agus sainnt. Agus mar sin dá gach feidhm oile 9885 dá n-iarraid ó shoin amach, bíd contrárdha dá chéile. Gonadh uime sin adeir an ríogh-fháidh Dáibhídh gurab é malairt deas-láimhe Dé, an tan thréigeas an saidhbhir sádhaile agus sáimhrighe agus socamhal, agus ghrádhuigheas anshódh agus buaidhreadh agus bochtacht. Agus fós, tuigthear as na briathraibh céadna an mhalairt do-ní 9890 deas-lámh Dhé idir an saidhbhir agus an bocht. Óir an tan bhíos an  p.307 bocht go dearóil fá thár agus fá tharcaisne ré linn a bheatha fá láimh chlí Dé go lom lochardha, gan socamhal ná suaimhneas ná sáimhrighe shaoghalta do bheith aige, go mbí an toictheach go saidhbhir sádhail fá dheas-láimh an domhain san bheathaidh 9895 se. Gidh eadh, an tan sgarthar ris an saoghal iad, leath ar leath, do-bheir Dia beannacht na deas-láimhe don bhocht, agus ní thabhair don tsaidhbhir acht beannacht láimhe clí an chonáich shaoghalta. Gonadh 'na fhioghair sin atá aní léaghthar in Genesi san .48. caibidil, mar a léaghthar linn, an tan 9900 tug Ioseph a dhias mhac .i. Manasses agus Effraim ré fagháil bheannachta an ard-athar Iacob, agus cuiris Manasses fá dheas-láimh an ard-athar Iacob, agus Effraim fána láimh chlí. Agus ar mbeith annsin dóibh, do chuir a lámha tar a chéile, ionnus go ráinig an deas-lámh ós cionn Effraim agus an lámh chlí ós 9905 cionn Manasses. Agus arna fhaigsin do Ioseph éighmhis go hard, agá rádh, “ní hoircheas sin, a athair, óir is é Manasses an t-oighre.” Freagrais Iacob agá rádh, “budh é an tí is lugha bhus mó,” ar sé; gur lean beannacht na láimhe deise don mhac fá hóige, Effraim, agus beannacht na láimhe clí do Manasses. 9910 Go fáthach, is é Ioseph an saoghal, agus Dia nimhe Iacob, Manasses an saidhbhir agus Effraim an bocht. Óir mar sin do-ní Iacob mór, Dia Athar, ris na daoinibh: do-bheir beannacht na láimhe deise .i. glóire nimhe dona bochtaibh fíréanda agus beannacht na láimhe clí dona toicceachaibh, mar atá conách saoghalta. Agus 9915 ní héigcneasta sin, do bhríogh gurab ionann Manasses agus oblivio .i. dearmad; ionnus an tan do-bheirid lucht na saidhbhreas saoghalta commaoine agus dearlaicthe Dé i ndearmad, nach mó ioná beannacht na láimhe clí, mar atá rath agus réim saoghalta do-bheir dhóibh; ionnus, i ndíoghail a ndearmaid, gurab lór 9920 lé Dia ana aimseardha nó sonas saoghalta do thabhairt dóibh, agus nach tabhair sochar beannachta na láimhe deise .i. glóir nimhe dhóibh. Is ag luadh aneithe se atá S. Augustin i seanmóir d'áirithe, mar a n-abair, hac animadversione percutitur peccator, ut moriens obliviscatur sui, qui quamdiu vixit est oblitus Dei “do bhuail Dia 9925 mar dhíoghaltas ar an bpeacthach go dtugadh é féin i ndearmad ré linn an bháis, ar dtabhairt Dé i ndearmad do-san an feadh  p.308 do mhair.” As na briathraibh se S. Augustin is iontuigthe, an tí do-ní Manasses .i. dearmad de féin, go dtabhair Dia eisean i ndearmad i n-am an éigin, ré hucht an bháis; agus dá 9930 bhríogh sin nach roicheann é acht beannacht na láimhe clí, mar atá loise nó saidhbhreas saoghalta. Ionann iomorra Effraim agus crescens, nó an tí do bhiadh ag fás. Agus ní héigcneasta sin do rádh ris na bochtaibh, do bhríogh go mbíd ag fás i ndiaidh na beatha so, an mhéid go mbí gach 9935 aon díobh 'na rígh, agus i seilbh gach sochair dá mbí ar neamh go síordhaidhe. Agus ar an malairt bhíos idir an saidhbhir agus an bocht, idir staid na beatha aimseardha agus na beatha síordhaidhe, atá aní léaghthar ag Dáibhídh san .101. Salm, mar a n-abair, mutabis eos et mutabuntur “do-ghéana tú iad do mhalairtiughadh, 9940 agus beidh ar ndéanamh mhalairte dhíobh.” Dá chor i gcéill, an tí bhíos bocht ar an saoghal, go mbí saidhbhir go síordhaidhe tréna shubháilcibh ar neamh; agus an tí darab soirbh an saoghal lé saidhbhreas, go mbiaidh bocht amhgarach i n-amarrán ifeirn tré shaoghal na saoghal, madh peacthach marbhthach iar 9945 n-éag é. Uime sin is follus gurab duine éigcríonna an tí do-ní feidhm nó foghnamh feadh a ré don chealgaire chaillteach .i. an saoghal, nach tabhair i ndíol gach uilc agus gach anfhorlainn dá n-iomcharann ann acht maitheas bréige, agus gan acht seal do thabhairt air sin féin dó; agus ré triall a staid na beatha so 9950 nach léigeann leis acht an eisléine. Gonadh 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san .29. caibidil in Genesi, mar a léaghthar, an tan do- chuaidh Iacob d'iarraidh inghine Laban, go raibhe ag déanamh feadhma seacht mbliadhna dhó, mar cheannach ar Rachel, an inghean sgiamhach do bhí aige, d'fhagháil 'na mhnaoi; 9955 agus i gcionn seacht mbliadhan nach fuair acht inghean ghránna ghiom-shúileach, darbh ainm Lia, agus púicín do chur uirre. Mar an gcéadna do-ní an saoghal, an tan téid Iacob, .i. an duine, do dhéanamh feadhma seacht mbliadhna dhó .i. feadh a ré, bhíos 'na seacht gcuid, mar atá 'na naoidhin, 'na leanbh, 'na 9960 mhacaomh, 'na ógán, 'na fhior, 'na sheanóir, agus 'na athlaoch. An tan shaoileas Rachel .i. glóir nimhe d'fhagháil pósta ris mar thuarastal, is eadh do-ní, púicín an pheacaidh do chur  p.309 ris, agus an inghean ghránna ghiom-shúileach do bhí aige, mar atá saidhbhreas soghluaiste an tsaoghail, do dháil dó i ndíol 9965 Rachel .i. ghlóire nimhe. Gonadh uime sin adeir S. Augustín san .28. Seanmóir ar bhriathraibh an Tighearna na briathra so, ag teagasg an duine do leith an tuarastail dlighthigh is oircheas dó d'fhagháil tré shaothrughadh na subháilceadh san saoghal so, agus ag tabhairt mheisnigh dhó 9970 ré déanamh mhaith-ghníomh go buain-sheasmhach do thúr ghlóire nimhe dhó féin — ag so mar adeir, non tibi displiceat paupertas: vis scire quid valet? coelum emit; ita Christus in stabulo natus est, et semper vixit in paupertate “ná bíodh míodhúil agat san bhochtacht. An áil leat a fhios d'fhagháil 9975 créad is fiú í? Ceannuighthear lé neamh. Uime sin san stábla rugadh Críost, agus tug a bheatha do shíor as i mbochtacht.” Is ar aní so labhras Dáibhídh san .61. Salm mar a n-abair, divitiae si affluant nolite cor apponere “dá lingid na saidhbhris oraibh, ná cuiridh bhar gcroidhe ionnta.” Dá chor i gcéill, 9980 an dream ré n-éirgheann acfuinn ionnmhusa nó saidhbhreas saoghalta, nach dleaghair dhóibh iomad cúraim do bheith 'na dtimcheall aca, acht a mheas nach bí acht reachtas nó stíobhardacht orra, agus dá réir sin a gcur agus a gcaitheamh ar an modh bhus maith lé Dia, do réir a dtuigse féin, nó do réir mar 9985 sheólfaid dronga eagnaidhe oile iad. Gonadh ag neartughadh lé fírinne aneithe se atá aní léaghthar ag S. Augustin i seanmóir dh'áirithe, mar a n-abair, haveat homo multas pecuniarum facultates, si in eis non extollitur, pauper est; non habeat aliquid, sed cupiat, inter divites reprobos eum reputet Dominus, quia divites et pauperes 9990 in corde interrogat, non in arca “bíodh iomad acfuinne airgid ag neach, muna ngabhaidh uaill as, is bocht é; ná bíodh éin-ní aige, acht bíodh a mhian air, measaidh an Tighearna gurab ionchuir idir lucht an tsaidhbhris diommolta é. Óir is iad lucht an tsaidhbhreasa nó na bochtachta san chroidhe iarras, 9995 agus nocha n-iad an dream agá mbí an conách san chiste aca.” As so is iontuigthe nach iad an dream agá mbíd na sealbha saoghalta aca mheasas Dia do bheith saidhbhir, do thaoibh na cionta nó na coire bhíos i ndiaidh an chonáich shaoghalta  p.310 do shealbhughadh dhóibh, acht fós, na boicht bhíos lán d'álghus 10000 agus d'accobhar dona sealbhaibh saoghalta dá rochtain, tar ceann nach tig dhíobh a ghreamughadh, acht amháin an fonn foiréigneach bhíos orra réna bhfagháil.

2. An dara goin

Léaghthar in Exodo, an tan do chongaibh inghean ríogh na hEthiopia Moyses ré bheith 'na chéile aice féin, do-rinne sé dá 10005 íomháigh, mar atá íomháigh dhíobh darbh ainm oblivio .i. dearmad, agus an dara híomháigh darbh ainm memoria .i. meabhair. Tug an chéid-íomháigh d'inghin ríogh na hEthiopia, agus an dara híomháigh dhó féin. Do measadh iomorra gur mhac d'inghin ríogh na hÉigipte darbh ainm Thalamut Maoise. 10010 Gidh eadh, gan amharas do budh mac mná Eabhraidhe é. Go fáthach, is é Maoise an saidhbhir; agus is é rí na hEthiopia rí an dorchadais .i. an saoghal; agus is í an inghean phósas ris an saidhbhir an tsainnt. Agus mar do shaoil inghean ríogh na hEthiopia gurbh í inghean Pharao máthair Mhaoise, agus nárbh í 10015 acht bean Eabhraidheach, mar an gcéadna ní hé an sonas saoghalta is máthair don tsaidhbhir, acht bochtacht agus amhgar agus amarrán, an bhean Eabhraidheach. Gonadh uime sin adeir Iob san cheathramhadh caibidil déag, homo natus de muliere, brevi vivens tempore, repletur multis miseriis “iar mbeith don 10020 mhac arna bhreith ó mnaoi, agus ré marthain ré ghearr dhó, líontar d'iomad d'amhgaraibh é.” As so is iontuigthe, tar ceann go saoileann an toicceach ré fhada, sonas, socracht agus sáimhrighe d'fhagháil dó féin, gurab meinic gurab duadh agus doghraing, amhgar amarrán agus anfhochain theagmhas dó. Is eadh 10025 chialluighid an dá íomháigh úd: an chéid-íomháigh, an dearmad, do-bheir inghean ríogh na hEthiopia .i. an tsainnt, i gcommaoinibh Dé orainn, agus i mbochtacht Chríost, dá dtig go meinic an Críostaidhe do leanmhain do mhnaoi choigcríche mar atá an tsainnt, lé gcongbhaighthear go meinic é i gcoigcrích na 10030 coire, i n-imchian óna thalamh díleas féin, flaitheas Dé. Agus uime sin is cneasta do gach aon aithris do dhéanamh ar Mhaoise, maille ré coimhéad an dara híomháighe úd, dá ngoirthear an  p.311 mheabhair, ré bhféadfaidh an Críostaidhe bheith cuimhneach ar chomaoinibh agus ar dhearlaicibh Dé, agus ar bhochtacht Chríost, agus 10035 ar réim a bheatha, ó's é is treóraighe agus is eólach dhúinn i slighe na haithrighe go neamh.

3. An treas goin

Tabhair dot aire, a dhuine, nach diommolann Dia na saidhbhris, acht an dúil shanntach bhíos ag an duine réna sealbhughadh; amhail adeir Dáibhídh Rí san .61. Salm, mar 10040 a n-abair, divitiae si affluant, nolite cor apponere “dá lingid na saidhbhris oraibh ná cuiridh bhar gcroidhe ionnta.” Gonadh uime sin adeir S. Augustine ag teacht leis aní gcéadna na briathra so, non damnat divitias unde mereamur coelum, sed cor appositum, quod non expedit “ní dhamnuigheann Dia 10045 na saidhbhris, lé gceannchar linn neamh, acht damnuighidh an croidhe chuirthear ionnta, mar nach oircheas,” acht chumhduigheas iad. Dá chor i gcéill nach san saidhbhreas bhíos an locht, acht i gcroidhe an tí do-ní aindíol éigcneasta dhe. Óir dá raibhe saidhbhreas ag neach, agus go gcreanfadh ré 10050 déirc, ré daonnacht agus ré hoineach do dhéanamh ar dhílleachtaibh agus ar dheibhléanaibh Dé é, atá somholta go mór. Gidh eadh, an tí chuireas cruinniughadh agus connlughadh air, agá chumhdach go ham a chuirthe i soileas leith-leasach dhó féin, agus gan an stíobhardacht chóir do dhéanamh air do réir thoile Dé do-bheir 10055 dhó é, atá indiommolta go mór. Agus an drong lé roinneann Dia na saidhbhris shaoghalta, agus shaoileas gurab sealbh dhíleas dóibh féin iad, agus dá réir sin nach cuireann i sochar do réir thoile an Tighearna iad, acht do réir a dtoile féin, tiocfaidh lá an chúntasa, mar a mbeanann Dia sorthan díobh in gach sochar 10060 dá dtug dhóibh, idir chéill, céadfaidh agus chonách saoghalta. Nó dá saoileadh an saidhbhir go leamh gurab sealbh dhíleas dó é, ná éin-ní dá bhfuil aige, atá sé meallta. Agus is uime sin adeir Dáibhídh Rí san .23. Salm, ag bréagnughadh an mheasta bhíos ag an saidhbhir sanntach air féin, na briathra so, Domini est 10065 terra et plenitudo eius, orbis terrarum et universi qui habitant in eo “is leis an dTighearna an talamh agus a lucht, an chruinne  p.312 thalmhanda agus na huile áitighid innte.” Mar sin nach fuil ag an duine acht reachtas nó stíobhardacht do dhéanamh do Dhia, agus go mbíd i n-áirithe cúntasa do thabhairt uatha do Thighearna 10070 nimhe, is sealbhaidhe díleas ar gach ní dá mbí san chruinne.

4. An ceathramhadh goin

Is cneasta an samhlughadh do-ní Anselmus naomhtha, thig leis aní se san leabhar ro sgríobh dona Samhluighthibh, mar a n-abair gurab cosmhail an duine ré muilleóir do ghlacfadh muileann ó thighearna, ar choingheall go mbeith d'fhiachaibh air dlighe 10075 an mhuilinn do thabhairt don tighearna, agus cíos cinnte do bheith dhó féin mar chothughadh óna thighearna; agus go measfadh an tighearna go bhfuighbheadh féin cruithneacht agus gach arbhar somholta oile ón muilleóir, i ndlighe nó i ndualgus an mhuilinn, agus 'na dhíol sin gurab eadh do-bhéaradh an muilleóir uaidh, 10080 cáithleach, nó lóch, nó neithe éadtarbhacha oile; agus arna fhionnachtain sin don tighearna go gcuirfeadh an muilleóir dá cheangal agus dá chor i bpríosún, i ndíol shochair an mhuilinn do chor amudha. Mar an gcéadna do-ní Dia ris na daoinibh: do-bheir muileann .i. maoin shaoghalta dhóibh i ngeall ar dhlighe 10085 do dhíol as, mar atáid boicht agus dílleachta agus daoine éagcruaidhe agus gach drong oile bhíos i riachtanas do chothughadh agus do bhiathadh lé déirc, lé daonnacht agus lé hoineach. Gidh eadh, an dream do-bheir sin i bhfaill, agus do-ní cruas agus connlacht agus cruinniughadh agus coimhéad ciste ar na sealbhaibh saoghalta, agus 10090 chongbhas ó bhochtaibh agus ó dheibhléanaibh Dé iad, agus nach tabhair do Dhia, i ndlighe an mhuilinn, acht cáithleach cruais agus lóchán lochta agus loim-cheisnimh, cuiridh Dia dá gceangal iad i n-am an éaga, agus mar do-gheibh sochar an mhuilinn dá chor amudha leó, cuiridh dá gceangal agus dá gcuibhriughadh, dá 10095 gcor i bpríosún pheannaideach ifrinn dá bpianadh go síordhaidhe iad. Gidh eadh, bíodh a fhios agat, a léaghthóir, nach éigean do gach aon-duine dubh-dhruim do chor ris an saidhbhreas saoghalta, agus nach bí sé ar a gcumas, do réir na cuinge chuirid orra, a thréigean go hiomlán. Óir an drong bhíos ré cothughadh agus ré 10100 cathughadh, ar a mbí cúram saoghalta, ní fhéadaid an maitheas  p.313 saoghalta go hiomlán do thréigean, ar a mbí do chúram chloinne, feadhmannach, agus gach foirne oile ó shoin amach orra. Ní hionann agus an t-aos crábhaidh, darab cothughadh an crábhadh, agus agá mbí d'fhiachaibh ar chách cothughadh do thabhairt dóibh 10105 dá chionn. Agus is i bhfioghair na druinge úd bhíos ré cothughadh agus ré cathughadh atá an fhioghair léaghthar san naomhadh caibidil déag in Genesi, mar a n-innistear, iar dtréigean Sodoma do Lot, gur chomhnaidh i gcathraigh bhig, darbh ainm Segor, i ngar do Sodoma, do bhríogh nachar fhéad tré éiglidheacht dol i 10110 mullach an tsléibhe do bhí roimhe. Mar an gcéadna, an drong bhíos ré cathughadh agus ré cothughadh, nach féadaid dul i mullach na bochtachta, lé bhféadfaidís gach éin-ní do thréigean, acht is éigean dóibh anmhain i n-ucht an tsléibhe, ré déanamh a bhfeadhma dlighthigh féin do Dhia. Agus is ag moladh an dá 10115 dhrong so atá aní léaghthar ag Dáibhídh san .127. Salm, mar a n-abair, ag labhairt ar an duing se, nó ar gach aon fá leith dhíobh, labores manuum tuarum quia manducabis, beatus es et bene tibi erit “do bhríogh go n-íosfaidh tú saothar do lámh féin, budh beannuighthe thú, agus is maith raghas duit.” Dá chor i gcéill 10120 gurab somholta staid bheatha an dá chinéal daoine do luaidheamar, an tan chuirid go sochrach é. Gidh eadh, ní hiad so atá indiommolta, acht an drong do-ní ceilt agus cruas, coigilt agus cruinniughadh ar an saidhbhreas saoghalta, agus shaoileas gurab sealbh dhíleas dóibh féin é, agus gan aca air do cheart acht 10125 reachtas, lé riar gach druinge bhíos easbadhach; agus an tan chuirid a gcroidhe go craosta i seilbh na saidhbhreas bhíos ré a roinn ar dhaoinibh easbadhacha oile, agus chuireas i sochar leith-leasach dhóibh féin iad. Óir bíd an drong go meinic taoibh riú do thuarastal ó Dhia. Agus is i bhfioghair an tí chuireas a chroidhe 10130 sna saidhbhreasaibh saoghalta, agus chuireas i sochar dhó féin go leith-leasach iad, agus shaoileas mar aon ris sin bheith i gcuibhreann na bhfíréan ar neamh, atá aní léaghthar ag Matha san .20. caibidil, mar a n-abair Críost go fáthach na briathra so ris an tí do shaoil tuilleamh agus tuarastal d'fhagháil do leath-chumaidh ar 10135 an gcuid oile don mheithil, agus do bhí ag tormas agus ag ceasacht. Ag so briathra Críost, amice, non facio tibi iniuriam, tolle quod  p.314 tuum est, et vade “a chara, ní dhéinim éagcóir ort; tógaibh leat aní is leat féin, agus imthigh.” Dá chor i gcéill, an dream ghabhas mar thuarastal chuca loise agus toicce thalmhaidhe, agus agá mbí a 10140 gcroidhe ionnta, an tan shaoilid miana fhlaithis nimhe d'fhagháil dá éis, adeir Críost riú na tuarastail 'na raibhe a ndúil, mar atá an saidhbhreas saoghalta, do bheith aca, agus gan tabhach a dtuarastail do dhéanamh, do bhríogh nach raibhe rioth ná roinn aca acht ris an saoghal, dá rabhadar do shíor ag 10145 déanamh fheadhma — acht muna ndearntaoi leó aithrighe, agus dá réir sin a gcroidhe do tharraing as an saidhbhreas do réir thoile agus mhiana Dé, agus a thréigean do mhuin chroidhe.

5. An cúigeadh goin

Agus is cosmhail an t-inneall dhleaghair don Chríostaidhe do chur air féin, ré triall i raon bhaoghlach na beatha so, agus an t-inneall 10150 chuireas an caiptín críonna ar a shluagh, ré triall i mbealach bhaoghlach dhó, mar atá dá chórughadh do dhéanamh dhíobh, an céad- chórughadh i dtosach agus an dara córughadh i ndeireadh; ionnus, dá gcailltí córughadh dhíobh, go bhféadfadh an dara córughadh cathughadh do dhéanamh. Go fáthach, is é an céad-chórughadh 10155 bríogha spioratdha na hanma, agus na subháilce; an dara córughadh, an corp gona chéadfadhaibh. Is ag cor aneithe se i gcéill atá aní léaghthar ag Matha san .26. caibidil, mar a n-abair Críost ré hucht na páise, spiritus quidem promptus, caro autem infirma “atá an spioraid ollamh, agus an cholann éiglidhe.” 10160 Dá chor i gcéill go mbí calmacht san choguas ré cathughadh ris na dubháilcibh, agus go mbí an cholann aibrisg éiglidhe. Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar ag Genesis san .32. caibidil. An tan do bhí Iacob ag teitheadh ré Laban dá dhúthaigh féin, agus do chuir Esau a dhearbhráthair luigheachán air, is eadh do-rinne 10165 Iacob, dá chórughadh do dhéanamh dá bhuidhin. Gidh eadh, do chuir Rachel an bhanfhlaith sgiamhach i gceannas feadhna na céad-bhuidhne, agus Lia, an bhean ghiom-shúileach, i gceannas feadhna na buidhne déidheanaighe, agus mar sin ní bhfuair Esau ann féin cur chuca. Mar an gcéadna go fáthach, is é Laban an saoghal, 10170 Rachel grás Dé, Lia an toicce thalmhaidhe, Iacob an duine, agus  p.315 Esau an diabhal. Óir, mar mheasas Iacob .i. an duine, dealughadh ris an saoghal, agus imirce na haithrighe do dhéanamh go neamh, is eadh dhligheas, tosach na slighe do thabhairt ar thriall i raon na haithrighe don anam, bhíos sgiamhach i ngrásaibh 10175 Dé agus i subháilcibh; agus deireadh na slighe do thabhairt do Lia .i. don cholainn gona céadfadhaibh, dhligheas lorgaireacht do dhéanamh ar an anam gona subháilcibh. Agus mar sin an tan bhíos ceannas feadhna ag an anam, bhíos i ngrásaibh Dé, agus bhíd na subháilce 'na mbuidhin aige, agus leanas an cholann 10180 gona céadfadhaibh san rian chéadna é, ní fhaghann Esau .i. an t-aidhbhirseóir, buaidhreadh do dhéanamh air, do bhríogh go mbí congnamh speisialta Dé ag an duine ré triall san turus sin. Gonadh uime sin atá aní léaghthar ag Ambrosius naomhtha, i n-eipistil d'áirithe, ag labhairt ris an tí chuireas an t-inneall so10185  air ré triall ar eachtra na haithrighe, Deus ipse, omnium Rector ae Dominus, cum omni militia angelorum, certamen tuum spectat, tibique conra diabolum dimicanti aeternitatis coronam parat, “bí Dia féin, Stiúrthóir agus Tighearna na n-uile, mar aon ré huile shochaidhe na n-aingeal, ag feitheamh do chathuighthe; agus ré mbeith ag coimheasgar ris an diabhal duit, ollmhuighidh coróin na síordhaidheachta dhuit.”

6. An seiseadh goin

Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san .40. caibidil in Genesi, mar ar fhaisnéis Ioseph do dháileamh Pharao go mbiadh arna réidheachadh i gceann trí lá, as an bpríosún 'na 10195 raibhe, agus agá chur 'na innmhe féin arís. Go fáthach, is é an dáileamh so Pharao an peacthach bhíos i bpríosún an pheacaidh, agus na trí lá úd trí cotcha na haithrighe, mar atá brón-chombrúdh, faoisidin, agus lóir-ghníomh, lé gcuirthear neach 'na innmhe féin, mar atá i staid an ionnracais arís, go triall ar neamh dhó. Agus 10200 is i bhfioghair na dtrí rann so na haithrighe atá aní léaghthar san .24. caibidil don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a léaghthar go dtugadh a rogha do Dháibhídh Rígh, pláigh trí lá d'fhulang, nó gorta agus inghreim easgcarad seacht mbliadhna; agus rug do rogha pláigh thrí lá d'fhulang. Go fáthach, is eadh  p.316 10205 chialluighid na trí lá úd, trí cotcha na haithrighe; is eadh chialluigheas an ghorta úd, agus an inghreim easgcarad, gorta ghrádha Dé, agus bheith i mbaoghal ag aimsighthibh na námhad, mar atá an diabhal, an saoghal, agus an cholann, feadh seacht mbliadhan, mar atá feadh saoghail an duine, roinntear 'na sheacht 10210 míribh, amhail adubhramair romhainn. Is iad na trí lá úd na haithrighe thuigthear a briathraibh Mhaoise san chúigeadh caibidil in Exodo, mar a n-abair, ibis viam trium dierum per desertum “rachaidh tú trés an bhfásach uidhe thrí lá.” Dá chor i gcéill go bhfuil uidhe thrí lá ré triall tré fhásach na haithrighe go Tír 10215 Tharrngaire an fhlaithis neamhdha. Gonadh ag musgladh mheanman an aithrighigh ré déanamh an turuis se atáid briathra S. Bearnard i seanmóir dh'áirithe, mar a n-abair, fugite de medio Babylonis, et salvate animas vestras. Convolate ad urbes refugii, ut possitis de peccatis agere poenitentiam, et in praesenti obtinere 10220 gratiam, et in futuram gloriam finaliter praestolari “teithidh a lár na Báibiolóine, agus fóiridh bhar n-anmanna féin. Déanaidh coimheiteall go cathrachaibh an tearmainn, ionnus go bhféadfadh sibh aithrighe do dhéanamh in bhar bpeacaidhibh, ré greamughadh na ngrás san saoghal so, agus ré sealbhughadh na glóire atá ré 10225 teacht go críochnuightheach.” Agus is i bpearsain an tí chríochnuigheas an turus so atá aní léaghthar san .24. caibidil in Ecclo., mar a n-abarthar, in civitate sanctificata requievi “do chomhsanaidh mé san chathraigh naomhtha.” Dá chor i gcéill, an dream chríochnuigheas an turus so, go mbíd go síodhach suaimhneach 10230 i seilbh na glóire síordhaidhe i gcathraigh nimhe. Atá fioghair ag Eóin san .21. caibidil in Apocal. ag teacht leis aní se, mar a n-abair Eóin go bhfacaidh cathair cheathra slios, agus trí doirse ar gach slios díobh. Go fáthach, is iad na ceathra sleasa, cheathra haosa an duine; agus na trí doirse ar gach slios trí cotcha na 10235 haithrighe bhíos ag an duine ré triall trés na trí rannaibh úd na haithrighe go neamh. Gonadh dá chur so i gcéill atá an fábhaill-sgéal léaghthar ag Matha san .20. caibidil, mar a nochtann gur chuir an t-athair muinntire drong dá mheithil do bhuain na fíneamhna an chéad-uair don ló. Ionann sin ré a rádh agus i n-aois 10240 mhacaoimh. Do chuir an dara drong an treas uair don ló.  p.317 Ionann sin ré a rádh agus an drong bhíos i n-aois ógáin, chuireas Dia do dhéanamh feadhma dhó féin san bhfíneamhain .i. i saothrughadh na subháilceadh. An treas drong chuireas amach an seiseadh uair don ló .i. sa meadhón laoi, an drong bhíos 10245 i meadhón a n-aoise .i. san aois fheardha. Agus an ceathramhadh drong chuireas amach san naomhadh uair, ar a thrí do chlog i ndiaidh mheadhóin laoi .i. na seanóiridhe. Óir ní fhuil drong dona ceithre drongaibh se ag nach bíd trí doirse, mar atá trí cotcha na haithrighe osluigthe rompa. Gonadh uime sin atáid na 10250 briathra brostuightheacha so Ieronimus naomhtha, ag míniughadh na mbriathar so ag Matha, poenitentiam agite “déanaidh aithrighe.” Ag so mar adeir Ieronimus naomhtha, amaritudinem radicis dulcedo pomi compensat, pericula maris spes lucri delecat, dolorem medicinae spes salutis mitigat. Qui desiderat nucleum, frangat 10255 nucem; poenitentiam agat, qui volt aeterno adherere bono; frangat conia Christi narrare possunt, qui ad palmam indulgentiae meruerunt pervenire “do-bheir milse an ubhaill cúitiughadh i searbhas na préimhe. An dóigh bhíos ag neach as saidhbhreas d'fhagháil, tig dhi gean do bheith ag neach ar ghuaisibh an 10260 mhara. An dóigh bhíos ag neach as a shláinte, ceannsuighidh doilgheas an leighis. An tí agá mbí mian don eitne, briseadh an chnú. Cibé rénar mian bheith táitte ris an mhaith shíordhaidhe, déanadh aithrighe. An dream do thuill pailm an mhaithmheachais, féadaid molta Dé d'innisin.” As na briathraibh se 10265 S. Ierom is iontuigthe nach gan fháth gan adhbhar fhéadas neach dol ar neamh, acht i ród ainsheasgair na haithrighe, mar is follus as na samhluighthibh chuireas seisean síos. Agus ó's é ród na haithrighe is inleanta ar neamh, ní foláir don duine Chríostamhail duadh agus doghraing, ulc agus amarrán na haithrighe 10270 d'fhulang, ré rochtain na cathrach neamhdha dhó.

 p.318

21. AN T-AONMHADH HALT AR FHICHID

'na gcuirthear síos gurab tré luas coimhleanga, reatha agus rionn-luais, dhleaghair don Chríostaidhe triall i raon na haithrighe, agus cionnus rithfeas, agus cia na neithe is indéanta dhó ré hucht na coimhleanga, agus cia na neithe chuireas toirmeasg ar an rioth.

1. An chéad-ghoin

Léaghthar ag Pól san naomhadh caibidil don chéid-Eipistil ro sgríobh gusna Coirintibh, currite ut comprehendatis “rithidh i riocht go ngreimeóchthaoi.” Dá chor i gcéill nach é gach éin-rioth fhóireas ré greamughadh nimhe; do réir mar adeir 10275 Pól san chaibidil chéadna, omnes quidem currunt, sed unus accipit bravium “rithid uile (ar sé), gidh eadh, is aoin-fhear do-gheibh an geall.” Dá chor i gcéill, tar ceann go mbíd na huile chreidmheacha ag coimhling ré flaitheas Dé do ghreamughadh, nach faghann é acht an tí do-ní buain-sheasamh i 10280 saothrughadh na subháilceadh amháin. Dá bhríogh sin, ní foláir do neach a fhios do bheith aige go cinnte créad an t-inneall dleaghair don Chríostaidhe do chur air féin ré déanamh choimhleanga i raon na haithrighe, ré glóir nimhe do ghreamughadh mar gheall.

2. An dara goin

10285 Tabhair dot aire ar dtús go bhfuilid trí neithe do-bheir ar neach rioth go maith .i. eagla, muinighin, agus grádh. Óir dá raibhe neach ag gabháil tré bhealach bhaoghail, do-ní deithbhir ré triall, d'eagla ladrann nó mheirleach do bhreith air dá mhilleadh san slighe. An dara ní do-bheir ar neach rioth do dhéanamh 10290 san slighidh, dá raibhe dóigh ag an tí ritheas, tuarastal mór d'fhagháil dá chionn. An treas ní do-bheir air rioth go héasgaidh, an tan bhíos grádh agus mian air, a charaid d'fhaigsin. Mar an gcéadna go spioratdha, an dream agá mbí eagla a n-easgcarad ar an saoghal orra, do-níd deithbhir ré triall ar 10295 neamh. Tuig gurab iad easgcáirde na hanma adeirim annso;  p.319 agus is ar na heasgcáirdibh se labhras Dáibhídh Rí mar a n-abair, iniqui persecuti sunt me gratis “do-rinneadar na milltigh tóraigheacht oram gan adhbhar.” Óir an tan bhíos an fíréan agá bhuaidhreadh ag an saoghal, ag an gcolainn, nó agá n-oirnisibh, 10300 bí lán do dheithbhir ré dealughadh riú, agus ré triall uatha ar neamh.

An dara ní chuireas d'fhiachaibh ar neach coimhling éasgaidh do dhéanamh ré dol ar neamh, muinighin mhór as mhéad an tuarastail ghealltar don aithrigheach ar neamh. Amhail léaghthar ag Dáibhídh san .16. Salm, mar a n-abair, satiabor cum 10305 apparuerit gloria tua “budh sásuighthe mé an tan bhus léir dhamh do ghlóir-se.” Agus atá Isaias ag teacht leis aní se sa 40 caibidil, mar a n-abair, ag labhairt ar an druing se agá mbí súil ré neamh do shealbhughadh dhóibh do shochar 10310 a subháilceadh, agus go dtig dhe sin bríogh agus beódhacht, meisneach agus meanma do ghabháil dóibh, a los na buaidheartha bhíos 'na gcionn, go ndéinid dá bhríogh sin deithbhir ré triall i raon na subháilceadh i ród na haithrighe go neamh. Ag so mar adeir, qui sperant in Domino, mutabunt fortitudinem, assument pennas 10315 ut aquilae, volabunt, et non deficient “an dream chuireas a ndóigh san Tighearna, do-ghéanaid malairt neirt, géabhaid ortha féin eiteadha amhail iolar, do-ghéanaid eiteall, agus ní coirfidhear iad.” As so is iontuigthe go sporthar na fíréin leis an dóigh bhíos aca a geall mhór do bhreith, trés an gcoimhling do-níd go 10320 neamh.

An treas ní lé ngríostar neach ré déanamh luais, an fonn bhíos aige ré faigsin a charad ar neamh. Gonadh 'na fhioghair so atá aní léaghthar ag Eóin san .20. caibidil, mar a n-abair, currebant ambo simul, sed praecucurrit Ioannes Petro “do ritheadar 10325 araon i n-aoinfheacht, gidh eadh dobudh luaithe Eóin ioná Peadar.” Agus is é dob fháth ris sin, do bhríogh gurbh annsa ré hEóin Críost ioná ré Peadar. Uime sin, do bhríogh gurab é Eóin budh teó grádh do Chríost, dobudh túsga gus an dtomba é ioná Peadar. Gonadh uime sin adeir S. Bearnard 10330 na briathra so, qui ardentius amat, currit velociter et pervenit citius “an tí is teó ghrádhuigheas, rithidh go luath, agus tig ní  p.320 sa luaithe gus an áit 'na mbí a thriall.” Mar an gcéadna dá gach aon-duine ré triall san ród so na haithrighe, is é an tí is teó toil do Dhia, agus is mó mian réna fhaigsin, is mó do-ní 10335 deithbhir agus deithneas ré rochtain 'na láthair. Gidh eadh, fa-ríor, is contrárdha dhó so an choimhling do-ní an ciontach i slighe na locht. Agus fós, an ciontach is foiréignighe ré déanamh an uilc se, is é is luaithe ré lorg Luicifeir do leanmhain go hifreann. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an meirdrigh 10340 do-ní cuairt mheinic i measg na meirdreach, agus ar an bpótaire do-ní coinne ris na copánaibh san teach óla, agus ar an sanntach téid ar an margadh do mhealladh a chomharsan, agus ar an gcearrbhach do-ní cuinne ris na cártaidhibh; agus mar sin dá gach druing oile pheacthach ó shoin amach. Gonadh orra 10345 labhras Dáibhídh Rí mar a n-abair, veloces pedes eorum ad effundendum sanguinem “is cos-luaith iad súd ré dortadh fola” .i. ré marbhadh na hanma, darab suidheachán san chorp an fhuil. Gonadh 'na fhioghair so atá aní léaghthar san chúigeadh caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, 10350 mar a n-innistear gur lean Giezi Naaman, fá lobhar, ré fagháil ionnmhusa uaidh. Ag so briathra an Bhíobla: cucurrit Giezi post Naaman, et accepit ab eo talenta argenti “do rith Giezi i ndiaidh Naaman, agus do ghlac sé tailinnte airgid uaidh.” Mar an gcéadna do-ní Giezi, an sanntach. Bí ar lorg Naaman .i. an 10355 duine shaidhbhir ar a mbí lubhra na n-ainmhian, dá dtig é go diommbalach do spealadh a mhaoine saoghalta ré hól, ré himirt, agus ré meirdreachas, ag bréagadh a ionnmhusa uaidh. Agus do-chíthear linn go meinic, ar aithris Giezi, mórán do lucht chluana 'na rioth i ndiaidh Naaman an tsaidhbhir, agus go mór-mhór na 10360 n-ógán, ar a mbí an lubhra so na n-ainmhian, go sloigid a maoine agus a n-ionnmhusa saoghalta uile uatha.

3. An treas goin

Atáid chúig neithe éigeantacha ré rioth do dhéanamh go maith. An céid-ní dhiobh, é féin d'éadtromughadh ré hucht an reatha. Agus is amhlaidh fhéadfas é féin d'éadtromughadh, 10365 ualach trom an pheacaidh do chur dhe. Do bhríogh go n-abair  p.321 Greaghóir naomhtha go mbí do thruime san pheacadh go dtairrngeann duine i bpeacadh oile. Ag so mar adeir, peccatum nisi cito per poenitentiam deleatur, suo pondere ad aliud trahit “muna sgriostar an peacadh go luath leis an aithrighe, tairrngidh 10370 tréna thruime féin an duine i bpeacadh oile.” Is ag luadh na truime sin atá Iob san .21. caibidil, mar a n-abair, in puncto ad inferna descendunt “téid i bpongc síos i n-ifreann.” Dá chor i gcéill go mbí do thruime san pheacadh go mbeireann an peacthach ré prap na súl, nó ré aithghearr aon-uaire, i n-aigian ifeirn. 10375 Gonadh uime sin adeir Pól Apstal, ag cor an duine ar a choimhéad, na briathra so léaghthar san dara caibidil déag gusna hEabhraidhibh, mar a n-abair, deponentes omne pondus, et omne circumstans nos peccatum, curramus ad propositum nobis certamen “iar gcur an uile ualaigh dhínn, agus uile thimcheallughadh 10380 an pheacaidh, déantar rioth linn gus an gcathughadh atá arna ordughadh dhúinn.” Agus is é ualach orduighthear dhúinn do chor dhínn, mailís agus cealg agus bréig-riocht an pheacaidh; amhail léaghthar ag Peadar san dara caibidil don chéid-Eip. Chanónta, mar a n-abair, deponentes omnem malitiam, et omnem dolum, et 10385 simulationem, et insidias, et omnes detractiones “iarna gcur dhínn (ar sé) na huile mhailíse agus na huile cheilge, agus bhréig- riocht agus luigheachán, agus an uile ith-iomráidh.” Dá chor i gcéill gurab iad so an muirear millteach do-ní duine muirtill míothapaidh; agus fós go dtig don mhailís an duine do bheith dall ó dhoilbh-cheó 10390 an pheacaidh, do réir Sholaimh san dara caibidil, mar a n-abair, excaecavit eos malitia eorum “do dhall a mailís féin iad.” Agus an tí bhíos dall, ní feas dó cia an chonair 'na dtriallann, d'easbaidh soluis. Óir adeir Eóin san dara caibidil déag, qui ambulat in tenebris, nescit quo vadit “an tí shiobhlas san dorchadas, ní 10395 feas dó cia an chonair 'na dtriallann, nó cá dtriallann;” agus sin do theacht do throm an pheacaidh. Adeir Solamh arís san chúigeadh caibidil do Leabhar na Seanfhocal ní thig leis so, mar a n-abair, funibus peccatorum suorum quisque constringitur “cuibhrighthear gach aon lé téadaibh a pheacaidh féin.” Agus 10400 an tí bhíos dall, cuibhrighthe mar sin, ní fhéadann rioth do dhéanamh i raon na haithrighe.  p.322 An dara ní is éigeantach do neach ré rioth san ród chéadna, an tan cuirthear crios agus ceangal linn orainn féin mar inneall ré triall san choimhling úd. Gonadh ag teagasg an duine do thaoibh 10405 aneithe se atá Críost san dara caibidil déag ag Lúcás, mar a n-abair, sint lumbi vestri praecincti, et lucernae ardentes in manibus vestris “bídís bhar bhfordhronna ceangailte, agus lóchrainn ar lasadh in bhar lámhaibh.” Do réir Ghreaghóir, ag sgríobhadh ar an áit se, is eadh chialluigheas na fordhronna do bheith ceangailte, 10410 an tan chuibhrighthear mian-bhruith na colna lé geanmnaidheacht. Ag so mar adeir, lumbos nostros praecingimus, cum carnis luxuriam per continentiam coarctamus “is ann cheangailtear ar bhfordhronna linn, an tan fháisgthear linn barróg ar mhian-bhruith na colna lé haontumha do dhéanamh.”

10415 Agus is é so do-rinne Elias, an tan do chuir an crios leathair tar a fhordronna, amhail léaghthar san cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh; agus is amhlaidh do-rinne Eóin Baiste, amhail léaghthar ag Matha san treas caibidil. Is follus gurab usaide do neach rioth do dhéanamh, a éadach do cheangal go cunnail 10420 'na thimcheall. Óir dá bhfágbhadh sgaoilte 'na dhiaidh é, do theigéamhadh i laithigh, nó i ndris, nó i gcloich, nó i n-achrann éigin oile é. Mar an gcéadna go fáthach, muna ndearna an duine a mhiana féin do chonnlughadh lé crios caon-dúthrachta agus crábhaidh, is eagail dó go dteigéamhaidh i laithigh na drúise, 10425 nó i ndriseógaibh deilgneacha na saidhbhreas saoghalta, nó i gclochaibh slios-gharbha na sainnte, nó i n-achrann urchóideach na n-olc oile ó shoin amach é. Is ag cor na drúise i gcosmhaileas ris an laithigh atá aní léaghthar ag Dáibhídh Rí mar a n-abair, eripe me de luto, ut non infigar “tógabh mé as an 10430 laithigh, go nach saileóchaoi mé.” Is ag cor an tsalchair bhíos i gcoir na drúise i gcéill atá Dia san dara caibidil do Leabhar na hEólchaire mar a n-abair, ag labhairt ris an drúiseach, quam vilis facta es nimis, iterans vias tuas, et maculata est iniquitate tua “créad é a dhearóile ataoi, ag triall id raonaibh féin, agus a shailche 10435 atá ót olcaibh féin.” Dá chor i gcéill go ndéin láib na drúise duine lóduighthe leasg, ré triall i ród na haithrighe. Agus is ag casaoid ar an lucht so go fáthach atá Peadar san dara caibidil  p.323 don dara Eip. Chanónta, mar a n-abair, sus lota in volutabro luti “muc arna glanadh i n-únfairt laithighe.” Dá chor i gcéill, amhail 10440 bhíos an mhuc salach ó bheith dá húnfairt féin i laithigh, gurab mar sin bhíos an peacthach, ó bheith dá únfairt féin i gcoir na drúise, ionnus go dtig do throm an tsalchair sin nach bí inreatha i rian na haithrighe.

An dara ní thoirmeasgas an rioth céadna, luaithreadh na 10445 glóire díomhaoine. Gonadh uime sin adeir Críost ag Matha san deachmhadh caibidil, excutite pulverem de pedibus vestris “croithidh an luaithreadh dá bhar gcosaibh.” Dá chor i gcéill, an tí thogras dol san choimhling úd, go ndleaghair dhó luaithreadh na glóire díomhaoine do sgrios do mhianaibh a mheanman, 10450 ar eagla go séidfeadh an díomas fá rosgaibh a réasúin iad, agus go dtiocfadh dhe sin a dhalladh go spioratdha, ionnus nár léir dhó an ród inleanta d'aimsiughadh. Óir ciodh suarrach ar fhéachain an lot do-ní, millidh go mór eachtra an aithrighigh. Gonadh uime sin adeir S. Bearnard, ag labhairt ar an nglóir ndíomhaoin, 10455 leviter volat, leviter penetrat, sed non leve vulnus infligit inanis gloria “is éadtrom do-ní eitill, is éadtrom thollas, gidh eadh, ní héadtrom an chréacht do-ní an ghlóir dhíomhaoin.” As so is iontuigthe go ndleaghair don aithrigheach bheith ar a choimhéad ar an nglóir ndíomhaoin, lé ndéantar othar don 10460 anam, agus lé gcuirthear dá réir sin ó bheith ionaistir i slighe na haithrighe é.

An treas ní thoirmeasgas an choimhling se, driseóga na saidhbhreas saoghalta. Óir an tí bhíos ag rioth tré dhriseógaibh, is gnáth oilbhéim nó tuiseal dá leagadh, dá thoirmeasg ó rioth 10465 do dhéanamh. Mar an gcéadna, an tí theagmhas i ndriseógaibh na saidhbhreas saoghalta, teagmhaidh leagadh go meinic dhó, ionnus nach bí inreatha i raon na haithrighe. Is córaide an samhlughadh so do dhéanamh, mar adeir Críost féin san treas caibidil déag ag Matha, san bhfábhaill- sgéal luaidhtear ann, 10470 aliud cecidit inter spinas “do thuit cuid oile don tsíol idir na dreasaibh.” Ionann sin ré a rádh do réir Chríost agus idir na saidhbhreasaibh. Agus atá Ieremias san chaibidil chéadna ag luadh aneithe céadna, mar a n-abair ris na daoinibh shaoileas  p.324 síoladh na subháilceadh do dhéanamh, nolite serere super spinas 10475 “ná déantar libh síol-chur idir na dreasaibh.” Dá chor i gcéill nach slighe inleanta i raon na haithrighe lé síoladh na subháilceadh, triall i gconair an chonáich shaoghalta.

An ceathramhadh ní thoirmeasgas rioth an aithrighigh, clocha dúra díochoisgthe an chiontaigh, nach faomhann a leas do 10480 dhéanamh, agus nach cuireann inneall reatha air féin i raon na haithrighe. Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar san .5. caibidil ag Isaias, mar a n-abair, ag labhairt ar an ollmhughadh do-rinne Dia ar a fhíneamhain féin dominus plantavit vineam electam, et sepivit eam, et elegit lapides ex ea “do phlanduigh an tighearna fíneamhain toghtha, agus do chuir fál uimpe, agus do thogh 10485 sé na clocha aiste.” Go fáthach, is é Dia nimhe an tighearna phlanduigheas an fhíneamhain toghtha, mar atá cruinniughadh na bhfíréan; agus is é fál chuireas 'na timcheall, buinne beannuighthe na ngrás bhíos dá gcumhdach ó bheith 'gá bhfoghlughadh ag aimsighthibh il-chleasacha an aidhbhirseóra, agus ag sáimh-chealgadh 10490 na saidhbhreas saoghalta, agus ag cluanaireacht cheilg-mhian na colna. Agus is eadh chialluighid na clocha úd chnuastar as an bhfíneamhain, na coirigh chloch-aigeantacha bhíos go haindiúid amhnáireach ag leanmhain dá lochtaibh féin, agus nach gabhann teagasg san mbioth greim dhíobh, ré taisteall 10495 ná ré triall i raon na haithrighe, tré thruime chlochamhail na coire bhíos 'na hualach ar an anam, do-ní líog láithreach dhíobh lé gcomhnaidhid gan chorraighe i gcarcair na coire. Agus is móide is indiommolta iad gurab dá ndeóin go droich-mhéin anaid ann, agus nach é Dia is ciontach riú, agus gur fhoráil orra 10500 malairt chroidhe, mar a n-abair san .36. caibidil ag Ezec., auferam vobis cor lapideum et dabo vobis cor carneum “béaraidh mé uaibh an croidhe clochdha, agus do-bhéar croidhe 10505 colnaidhe dhaoibh.” Dá chor i gcéill nach é féin is ciontach ré croidhe dúr doi-theagaisg do bheith ag an bpeacthach, agus go dtiobhradh croidhe colnaidhe dhóibh, ré déanamh crábhaidh agus feadhma do Dhia, do bhríogh gurab é an croidhe colnaidhe is maotha agus is sochma ré saothrughadh na subháilceadh, agus dá réir sin ris an duine do dhéanamh ionaistir i raon na haithrighe. Measaim gurab eadh do-ní an t-aidhbhirseóir amhail do-ghéanadh duine díbhfeargach,  p.325 10510 an tan do muirbhfidhe a charaid, oil i n-úir do dhéanamh, agus leachtán cloch do dhéanamh ós a cionn; gurab mar sin do-ní an diabhal, an tan mharbhthar an t-anam leis, oil i n-úir na hurchóide do dhéanamh i n-anam an pheacthaigh, agus leachtán do dhéanamh dá gach locht dá mbí ann, i gcuimhniughadh ar 10515 an éigin do-rinne Críost ag buain anma an duine dhe i gcath-láthair bháis Chríost, an tan do bhean sealbh na n-anam dhe, acht go gcoimhlíontaoi gach ordughadh dar chuir síos i gcoimhlíonadh na sácramainteadh, agus ga meirleachas pheacaidh mharbhthaigh do dhéanamh air. Agus go fáthach, is é so mhaoidheas 10520 Dia ar na daoinibh san chaibidil réamhráitte, mar a n-abair riú, anferam vobis cor lapideum, et reliqua “béar an croidhe clochdha uaibh.” Dá chor i gcéill don tí rénar feirrde éirghe a cumann an chealgaire úd, agus do-bheir ucht ar aithrighe do dhéanamh, go sgriosann Dia an leachtán locht bhíos 'na chroidhe óna choiribh, 10525 agus go bhfoirlíonann oil i n-úir na hurcóide bhíos san anam, go ndéin rian réidh dhi, ó bheith 'na clár choimhréidh chrábhaidh agus caondúthrachta dhi.

An cúigeadh ní thoirmeasgas an rioth, gainimh na leisge. Óir an tí bhíos ag triall tré ród na gainmhe, ní fhéadann rioth 10530 do dhéanamh, do bhríogh go mbíd a chosa ar uairibh 'gá slogadh san ghainimh, agus seal oile 'gá srianadh siar uaidh. Go spioratdha, an tí bhíos san leisge, bí láimh ré láib na locht. Amhail iomorra bhíos an ghainimh láimh ré láib na mara, mar an gcéadna bhíos an leisge láimh ré láib na locht oile. Agus amhail bhíd langach 10535 lobhair agus cuasa san ghainimh, ré slogadh chos an tí bhíos ag triall innte, mar an gcéadna bíd cuasa ceilge, agus langa lobhair locht san leisge, dá dtig toirmeasg do chur ar rioth an aithrighigh bhíos ag triall go neamh. Gonadh 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san dara caibidil in Exodo, mar a léaghthar gur mharbh 10540 Maoise an t-Éigioptach, agus gur fholuigh san ghainimh é. Mar an gcéadna don duine, an tan mharbhas an t-Éigioptach .i. an t-anam, do-ní a fholach fá ghainimh na leisge, ionnus nach bí corraighe as na coiribh air, acht bheith adhnaicthe i n-urchóid, amhail do bhí an t-Éigioptach.

10545 Tuig, a dhuine, gurab eadh dhligheas gach Críostaidhe do  p.326 dhéanamh, na toirmisg se uile do chur ar ceal, mása maith leis rioth go héasgaidh i rian na haithrighe go neamh. Gidh eadh, ní foláir do neoch a fhios do bheith aige cia an ród díreach, agus cia an chonair is cumaire, ré triall san choimhling se ar neamh. 10550 Do-bheir Ieremias teagasg dhúinn do leith aneithe se, mar a n-abair, interrogate de semitis antiquis, quae sit via bona, et ambulate in ea; et invenietis refrigerium animabus vestris “iarraidh tuaraisg na sean-chosán, cia an tslighe mhaith, agus siobhlaidh innte; agus do-ghéabhthaoi ionnfhuaradh dar n-anmaibh féin.” Is é modh ar 10555 a bhféadfaim-ne na sean-chosáin do leanmhain, agus imtheacht san slighidh chóir, dá leanam lorg na mairtíreach, na gcoinfeasóireadh, na n-ógh, agus na bhfíor-chráibhtheach, do choimhéad raon díreach na haithrighe go neamh. Agus is í so an tslighe luaidheas Solamh, san cheathramhadh caibidil do 10560 Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, viam sapientiae monstrabo tibi, ducam te per semitas aequitatis; quas cum ingressus fueris, non arctabuntur gressus tui, et currens non habebis offendiculum “taisbéanfaidh mé slighe na heagna dhuit (ar sé), treóróchad tú i gcasánaibh an cheirt; ionnus, an tan roichfir ionnta, nach 10565 cuirfidhear cumhgach ar do chéimibh, agus ar mbeith ag rioth dhuit, nach fuighbhir ní do bheanfadh tuisleadh asat.” Is ionann an tslighe se na heagna agus slighe na haithrighe. Óir cáit i bhfuil eagna is mó ioná an aithrighe, dá dtig flaitheas Dé do ghreamughadh do neoch? Agus is eadh chialluighid na 10570 casáin úd an cheirt, grádh Dé agus na comharsan, dhleaghair don aithrigheach do bheith ar bun do shíor aige. Agus do bhríogh, an tí bhíos ar eachtra, go ndéin deithbhir ré triall go teach ósda mhaith bhíos roimhe, mar an gcéadna dhligheas an tí bhíos ar eachtra na haithrighe deithbhir do dhéanamh, agus bheith ag 10575 coimhling ré rochtain na seilbhe síordhaidhe úd na glóire, mar a mbí an uile mhaith shoimhianuighthe. Gonadh ag teagasg an duine do leith aneithe se atá aní léaghthar ag Pól, ag brostughadh cháich san turus so, amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil gusna hEabhraidhibh, mar a n-abair, 10580 festinemus ingredi in illam requiem “déanam deithbhir ré dol isteach san chumhsanadh úd.”

 p.327

4. An ceathramhadh goin

Atáid chúig adhbhair fá ndleaghair do dhuine deithbhir do dhéanamh i raon na haithrighe. An céad-adhbhar dhíobh, trés an luas atá sna meirleachaibh atá ar tí a bhaoghluighthe, mar 10585 atá an diabhal, an saoghal, agus an cholann; do réir mar adeir Ieremias san cheathramhadh caibidil do Leabhar na hEólchaire, mar a luaidheann an luas atá i náimhdibh na hanma. Ag so mar adeir: velociores sunt inimici mei aquilis caeli “is luaithe mo náimhde ionáid iolair an aieóir.” Dá réir sin nach 10590 foláir don duine deithbhir do dhéanamh ré triall i raon na haithrighe, ag coimhling ris na cealgairibh úd, d'eagla a chuirthe fá ghreim dhóibh. An dara fáth deithbhire atá ag an duine, fad na slighe. Gonadh 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san naomhadh caibidil déag don treas leabhar do 10595 Leabhraibh na Ríogh, mar a labhrann an t-aingeal ré hElias, fá haithghein don aithrigheach, agá rádh, surge et comede, restat adhuc tibi grandis via “éirigh agus ith, atá raon fada romhat.” Mar an gcéadna go fáthach adeirthear ris an aithrigheach, ré triall go neamh dhó. An treas fáth deithbhire atá ag an aithrigheach, 10600 giorra ré na beatha ré triall aige, do réir mar adeir Iob san cheathramhadh caibidil déag, breves dies hominis sunt “is gearr laithe an duine.” Dá chor i gcéill nach foláir don duine deithbhir do dhéanamh ré triall san turus úd na haithrighe, ar ghiorra na ré bhíos aige. An ceathramhadh fáth deithbhire, mór-luaigheacht 10605 an ghill bhíos aige ré a ghreamughadh a los na coimhleanga. Gonadh ag cor aneithe se i gcéill atá aní léaghthar ag Pól san naomhadh caibidil don chéid-Eipistil gusna Coirintibh, mar a n-abair, omnis qui in agone contendit ab omnibus se abstinet, ut corruptibilem coronam accipiat; nos autem incorruptam “an uile 10610 dhuine bhíos i n-éigean ag gleic, congbhaidh é féin ó gach éin-ní, go nglacfadh coróin shothruaillithe; sinne cheana coróin dothruaillithe.” Dá chor i gcéill, mar go bhfaghaid daoine mórán duaidh agus doghrainge ag saothrughadh agus ag soláthar na séad sothruaillithe saoghalta, is mó sa chách dhleaghair don aithrigheach 10615 duadh agus doghraing do chur air féin, ré greamughadh na coróine síordhaidhe úd na glóire, agus dá réir sin go ndleaghair dhó deithbhir  p.328 do dhéanamh san choimhling réna greamughadh. An cúigeadh fáth deithbhire, do bhríogh go mbí Críost gona ainglibh agus go naomhaibh nimhe ag fuireach rinn go lúth-gháireach, ionnus 10620 ónar ndol ar neamh gomadh móide glóir na naomh oile é, agus gomadh luathaide do-ghéantaoi foirleathnughadh agus foirlíonadh ar an luing-bhriseadh tarla i bhflaitheas Dé é. Gonadh uime sin adeir Bearnard naomhtha na briathra so, curramus non pedibus corporis, sed affectionibus et suspiriis “déanam rioth, ní lé cosaibh 10625 cuirp, acht lé dúthrachtaibh agus lé hiachtaigh.” Dá chor i gcéill go ndleaghair don aithrigheach fonn frithir foiréigneach, agus álghus agus accobhar anbháil do bheith air, ré triall san turus soin, nach léigfeadh dhó sgíoth go rochtain an chuspóra agus an chinn sgríbe atá roimhe, mar atá an ghlóir shíordhaidhe, is ceann coimhleanga agus is 10630 geall dó. Agus is agá fhoráileamh ar an duine gan sgíoth ná comhnaidhe do dhéanamh san turus so atá Críost san .24. caibidil ag Matha, mar a n-abair, qui perseveraverit usque in finem hic salbus erit “an tí do-ghéana buain-sheasamh, ag so an tí shláineóchar.” Dá chor i gcéill nárbh fhoráil don aithrigheach 10635 san choimhling se gnáith-thriall do dhéanamh, agus gan cromadh ar ní dá mbiadh san raon roimhe. Óir dobudh éigcríonna don tí do bhiadh ag coimhling, agus do chromfadh ag tógbháil snáthaide nó seóide suarraighe oile, agus a theacht de sin é do chailleamh an ghill. Óir ní lór lé Pól a rádh ris an aithrigheach rioth do 10640 dhéanamh, acht is eadh adeir ris na daoinibh, currite ut comprehendatis “rithidh i gcruth go ngreamóchthaoi,” amhail adubhramar thuas. Agus is ag cor an duine ar a choimhéad ar aní se atá briathra Chríost san suibhisgéal, mar a n-abair, quid prodest homini si universum mundum lucretur, animae vero suae 10645 detrimentum patiatur “créad an sochar don duine dá ngreamuighidh an domhan uile, agus aimhleas a anma féin do dhéanamh?” Dá chor i gcéill gurab éadtarbhach do neach chromas ar mhaoinibh saoghalta do chnuasach agus do chruinniughadh, agus do-bheir dá bhríogh sin faill san choimhling úd.

10650 Is iad an dream iomorra is gnáth d'fhagháil tuislidh san gcoimhling se lucht an díomusa, do bhríogh go mbí an díomas nó an t-uabhar 'na chnocaibh arda atmhara, ag folach an riain  p.329 réidh. Gidh eadh, an dream choimhéadas an umhla, bí an ród réidh rompa. Gonadh dá chor i gcéill adeir S. Augustin na 10655 briathra so, humilitas casum nescit, quia in imo est “nocha mbí fios tuislidh ag an umhla, do bhríogh gurab san bhfán bhíos.” Dá chor i gcéill, an mhuinntear thriallas i bhfán íseal na humhla go neamh, go dtriallaid gan tuisleadh innte. Ní hionann agus lucht an díomusa, thriallas i gcnocaibh atmhara an uabhair agus i 10660 slighthibh fraochdha na feirge, agus i mbeilghibh coillteamhla an chonáich shaoghalta, agus i langach lobhair na leisge, agus i gcairrgibh cuasamhla an chraois, agus i móintibh doimhne do-imtheachta na drúise, agus mar sin dá gach saobh-chonair oile ó shin amach.

5. An cúigeadh goin

Gidhbé thoigeóras dol ar marcaigheacht go neamh, mar atá 10665 é féin do chur i gcuing riaghalta, agus a anam do chur ar muin anma a phréaláide, ní foláir dhó togha do dhéanamh ar an each, d'eagla, dá mbeith an t-each sgáthmhar, nó dá mbeith tuisleadh nó taoibh-righne innte, go bhfuighbheadh féin leagadh dhi, nó ná roichfeadh ris ceann na sgríbe do rochtain 'na rioth. Óir dá 10670 raibhe an phréaláid sgáthmhar neimhsheasmhach 'na chuing, nó dá raibhe taoibh-righin i saothrughadh na subháilceadh, nó tuisleadh d'fhagháil i míghníomhaibh nó i n-ainmhianaibh oile, is eagail don tuata nó dhon chléireach chuireas a mhuinighin ann, agus do-ní eisiompláir dhe, gurab tuar tuislidh dhó féin 10675 greamughadh dhe.

Is amhlaidh atá an ghlóir shíordhaidhe agá foráileamh orainn ag Dia, amhail bhíos buachaill an táibhirne ag fógra an fhíona maith bhíos 'na shoiléar, agus agá fhoráileamh ar gach aon, go rithid cách dá gach éin-leith chuige do fhromhadh an fhíona. 10680 Gonadh san chruth chéadna atá Dáibhídh Rí san ochtmhadh Salm déag ag reic agus ag faisnéis na milse úd atá i bhfíon na beatha .i. i bhfleidh nimhe, mar a n-abair, desiderabilia super aurum et lapidem pretiosum, et dulciora super mel et favam “atáid soimhianuighthe tar ór agus tar chlochaibh uaisle, agus is milse iad 10685 ioná mil agus cíor mheala.” Dá chor i gcéill, mar go rithid daoine dá gach aoin-leith do fhromhadh an fhíona úd mholtar lé buachaill  p.330 an táibhirne, gur mó sa chách dhleaghair dona daoinibh rioth d'fhios an fhíona soimhilis úd na glóire síordhaidhe. Gonadh uime sin adeir Solamh san chaibidil déidheanaigh do Leabhar 10690 na Seanfhocal na briathra so, procul et de ultimis finibus pretium eius “is imchian agus ó chríochaibh imill na cruinne a luach súd.” Dá chor i gcéill gurab fada do dhlighfeadh neach dul, agus nach fuil duadh ná doghraing dá mhéad nach dlighfeadh d'fhulang, do shúil réna fhagháil. Óir atá do mhaith air, tar na fíontaibh 10695 oile, nach cailleann duine a oighreacht ná a innmhe shaoghalta leis, acht go nglacann oighreacht agus innmhe dá thoisg. Ní feanntar duine leis an bhfíon spioratdha úd agus ní fornochtar, agus fós do-gheibh tlacht taitneamhach glórmhar tré bheith dá ól. Gidh eadh, an dream théid isteach d'ól fhíona an tsaoghail, foghthar 10700 agus feanntar iad go meinic, agus ní headh amháin go corpardha fheanntar iad, acht go spioratdha. Gonadh 'na fhioghair sin atá aní léaghthar ag Lúcás san deachmhadh caibidil mar a n-abair, ag labhairt san bhfábhaill-sgéal luaidheas ar an tí do bhí ag triall ó Ierusalem go Ierico, mar a n-abair, spoliaverunt eum vestibus 10705 “do bheanadar a éadach dhe.” Dá chor i gcéill gur feannadh leis na meirleachaibh do bhí ar an raon roimhe é. Do réir a ndubhramar is cneasta don aithrigheach coimhling do dhéanamh ré greamughadh an fhíona sobhlasta úd na glóire síordhaidhe.

6. An seiseadh goin

Tabhair dot aire, a léaghthóir, nach dleaghair don tí bhíos 10710 ag coimhling rioth i n-aghaidh na gaoithe. Ar dtús ní dlighthear dhó rioth i n-aghaidh na gaoithe anoir. Ionann sin ré a rádh agus nach dleaghair dhó aghaidh do thabhairt ar an bhfolaidheacht ór fhás féin, d'eagla go bhfásfadh bogás agus bladhmann, macnas agus mómhaireacht aiste é, do chuirfeadh toirmeasg air ó rioth na 10715 coimhleanga úd, do bhríogh nach urusa do neoch rioth i ród na humhlachta, an tan bhíos ag maoidheamh a uaisleachta agus a fholaidheachta féin. Ní dleaghair dhó rioth i n-aghaidh na gaoithe aniar, d'eagla go mbeith sonn-ghaoth na sainnte ag séideadh 'na choinne. Ní dleaghair dhó rioth i gcoinne na gaoithe adtuaidh, 10720 d'eagla go mbiadh easgal oighreata nó gaoth ghoith-neimhneach  p.331 na glóire díomhaoine ag séideadh 'na aghaidh. Agus fós, bí an ghaoth adtuaidh seasg aimrid éadtoirtheach, agus mar sin budh eagail don aithrigheach go mbiadh a choimhling féin éadtoirtheach, tré aghaidh nó tré aire do thabhairt don ghlóir dhíomhaoin. 10725 Ní dleaghair dhó fós rioth i n-aghaidh na gaoithe andeas, do bhríogh go mbí bruithneadh innte, dá dtig an reathaidhe do bheith aillseach sochortha, agus is í sin an drúis. Ní dleaghair dhó fós rioth i ndorchadas na hoidhche, agus mar sin ní dleaghair dhó rioth i n-oidhche an iomthnútha. Óir is ionann invidus agus non 10730 videns, .i. duine nach faiceann, lé hoidhche an iomthnútha agus lé hurrdhubhadh urchóideach an fhormaid, a leas féin ná leas cáich, ná cá rian 'na rithfidh.

Ní foláir fós don tí bhíos ag coimhling gan codladh do ghabháil ghreama dhe; agus fós, slighe thirim ghlan d'aimsiughadh, agus na 10735 róid shalcha 'na mbí láib agus lathach do sheachnadh. Is é ní dá dtig na róid do bheith tirim, ga gréine na ngrás do bheith ag taitneamh ar orlár ionnracais an aithrighigh. Agus is é do-ní an tslighe fliuch salach, fearthain an pheacaidh thig a néall náimhdidhe na coire, lé bhfolchar grian na ngras ar orlár anma 10740 an pheacthaigh. Agus is ag cor aneithe se i gcéill atá Dáibhídh san deachmhadh Salm, mar a bhfoillsigheann go mbíd slighthe na bpeacthach salach do-imtheachta do shíor. Ag so mar adeir, ag labhairt ar an bpeacthach, agus go háirithe ar an tí bhíos salach i bpeacadh na drúise, inquinatae sunt viae illius in omni tempore 10745 “atáid a shlighthe súd salach gach éan-am.” Óir an bealach nó an ród lán 'na mbí triall agus aithighe iomad bó nó capall, bíd lán do rocaibh agus do logaibh, lán do mhuirt agus do mhúilleach, do-ní an tslighe do-imtheachta don tí bhíos ag triall. Mar an gcéadna don pheacthach agá mbí aithighe na ndeamhan ó aonta do 10750 thabhairt dona holcaibh, bí an raon dochraidh do-imtheachta agá anmain, ionnus gur meinic do-gheibh leagadh 'na lochtaibh, ionnus go lingid aimsighthe an aidhbhirseóra air, agus go gcuibhrighthear leó é, ionnus dá bhíthin sin nach bí cur ná cumas aige ar aistear do dhéanamh i rian na haithrighe go neamh. Gidh eadh, 10755 ní hé an ród do-imtheachta so, nach conair chóir go neamh, do ghabh Dáibhídh Rí, an tan do thogair coimhling do dhéanamh go  p.332 neamh, acht an raon díreach athghairid, mar atá ré aitheantaibh Dé do choimhlíonadh. Gonadh uime sin adeir sé féin sa .118. Salm, viam mandatorum tuorum cucurri “do ritheas (ar sé, ag labhairt 10760 ré Dia) i slighidh t'aithneadh.” Dá chor i gcéill go dtarla sé féin ar an gcasán gcóir ré rioth go neamh, an tan tarla ar shlighe choimhlíonta na n-aithneadh é. Agus cibé thoigeóras rochtain ar neamh, amhail do-rinne Dáibhídh, is é an casán céadna ar a lorg is inleanta dhó. Óir ní fhuil ród is réidhe, ná conair is 10765 coitchinne, ná casán is cinnte, ná slighe is socra dhó, ioná rioth tré choimhlíonadh na ndeich n-aithneadh go neamh. Uime sin, a Chríostaidhe chaon-dúthrachtaigh, triall ar lorg Dháibhídh Ríogh ar slighe choimhlíonta na n-aithneadh, agus dá ndeachair, ní heagail duit dol amudha; agus cibé adéaradh gurab tré chalmacht 10770 dhleaghair neamh do ghabháil, agus nach tré theitheadh — agus gurab teitheadh do-níd na fíréin agus na fíor-chráibhthigh ó aoibhneas agus ó antlás agus ó réim aimseardha na beatha so — bíodh a fhios aige gurab fearr teitheadh maith ioná droich-sheasamh, agus nach fuil gléas buadha do bhreith ar na heasgcáirdibh atá ar an saoghal so 10775 againn, ioná teitheadh rompa. Gonadh uime sin adeir Dáibhídh Rí ris an druing ar a mbíd airm dhiobhraicthe an aidhbhirseóra agá n-inneall orra a crann-taibhlibh cealg, agus soighde na sainnte a bogha na beatha so, agus gáinnidhe an ghráidh cholnaidhe ón cholainn, san .59. Salm, \fugiant a facie arcus# “déantar teitheadh 10780 leó ó bheith ar aghaidh an bhogha.” Dá chor i gcéill go ndleaghair dona daoinibh teitheadh rés na haimsighthibh do luaidheamar agus rioth óna guaisibh sin dá dteach tearmainn féin .i. go neamh. Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san naomhadh caibidil déag don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar do theith 10785 Dáibhídh ré Saul, an tan do bhí ar tí sleighe do chur thríd dá mharbhadh, gur fóireadh mar sin é. Agus mar an gcéadna léaghthar san .32. caibidil in Genesi an tan do shanntuigh bean Putifar an t-ard-athair Ioseph do choimhéigniughadh ré mí-ghníomh do dhéanamh ria, gur theith roimpe. Agus atá Ieremias 10790 san .48. caibidil ag teagasg aneithe céadna do Chloinn Israel, mar a n-abair, fugite et salvate animas vestras “teithidh agus fóiridh bhar n-anmanna féin.” Dá chor i gcéill, an tan teagmhas an  p.333 duine, ag dol ar aghaidh, i n-éan-raon do sheacht raonaibh na bpeacadh marbhtha, gurab eadh dhligheas, tilleadh tar a ais, agus a 10795 sheachnadh; agus nach fuil éin-tslighe aige ré triall go hinnill agus ré buaidh do bhreith, acht raon na haithrighe. Gonadh uime sin adeir Dia san .28. caibidil in Deuter., per unam viam ingrediaris contra hostes tuos, et per septem fugias, et per septem dispergaris “gabh i n-éan-raon amháin i gcoinne th'easgcarad, agus teithfidh tú 10800 agus biaidh briseadh ort i seacht ródaibh.” Dá chor i gcéill nach fuil éan-ród oile innill againn acht ród na haithrighe, 'na ndleaghair dhúinn dol ar coimhling don teach tearmainn úd nimhe dar ndídean féin. Agus an drong dhínn chuireas rompa ucht do thabhairt ar cheachtar dona seacht mbeilghibh úd .i. na seacht 10805 bpeacaidh mharbhtha, do-bheirid náimhde na hanma dearg-ár orra.

Atá ní oile is iontugtha dhúinn dar n-aire, iar gcríochnughadh na coimhleanga úd, nach féadaid dream ar bioth dhul isteach i bhflaitheas nimhe, acht lucht éigne do dhéanamh, agus do-ní 10810 sárughadh agá ghabháil. Do réir mar adeir Matha san aonmhadh caibidil déag, regnum caelorum vim patitur, et violenti rapiunt illud “do-níthear éigean ar fhlaitheas nimhe, agus is lucht éigne fhuaduigheas í.” Dá chor i gcéill gurab sluagh soighníomh dhleaghair don aithrigheach do chur i bhforbhais nó i bhfoslongphort 10815 ré hucht flaithis nimhe do bhuain amach, agus iad armtha lé hiol-fhaobhraibh na haithrighe.

Ní foláir fós dóibh dréimire seacht rongadh do bheith aca, ré múir-lingeadh ar neamh. Is é so go fáthach an dréimire do-chonnairc an t-ard-athair Iacob, amhail léaghthar san .28. caibidil 10820 in Genesi, mar a bhfacaidh na haingil ag dol suas agus anuas i gcéimibh an dréimire, agus mar a bhfacaidh druim Dé ris. Dá chor i gcéill, an dream shuidheas ré foslongphort fíréantachta, ré hucht nimhe do ghabháil, go mbíd aingil ag teacht lé tiodhlacadh do nimh chuca, agus ag triall tar a n-ais, ré faisnéis 10825 gach feadhma fíréanda dá ndéinid na haithrighigh do Dhia. Agus is eadh chialluigheas druim Dé d'fhaigsin don ard-athair, mar chuireas Dia roimhe dá dheóin sealbh an fhlaitheasa neamhdha do thabhairt dona fíréanchaibh, tré chródhacht agus  p.334 tré chalmacht a ngníomh. Is éigean seacht ronga do bheith 10830 san dréimire bhíos ré múir-lingeadh do dhéanamh ar neamh, agus is é ainm an dréimire \obedientia# .i. óigh-réir nó fomós iomlán do Dhia lé mbeantar neamh ar éigin amach. Is iad dá leath-dhlaoi an dréimire se bochtacht toileamhail agus aontumha ó olcaibh. Agus atáid seacht ronga san dréimire se: an céad-ronga dhíobh, 10835 óigh-réir thoileamhail. Gonadh uime sin atá aní léaghthar san chúigeadh caibidil déag don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, melior est obedientia quam victimae “is fearr óigh-réir ionáid iodhbarta.” Dá chor i gcéill gurab tarbhaighe don duine toil do bheith aige ré hóigh-réir Dé do dhéanamh ionáid iodhbarta 10840 do dhéanamh agus gan a thoil do bheith leó. An dara ronga, slim-ghialladh do Dhia, gan eacht gan coingheall do chur ann. Gonadh ar an tí thriallas san riocht so ar Dhia labhras Dia ag Dáibhídh san Salm, mar a n-abair, in auditu auris obedivit mihi “i n-éisteacht cluaise do ghiall damh.” Dá chor i gcéill, an 10845 dream nach cuireann eacht ná coingheall i dtoil Dé do choimhlíonadh, go mbíd ar an dara ronga so don dréimire. An treas ronga, fomós suilbhir, do réir mar adeir Pól san naomhadh caibidil don dara Eipistil gusna Coirintibh, hilarem enim datorem diligit Deus “do-bheir Dia grádh don tí dháileas go suilbhir.” 10850 Dá chor i gcéill, an dream do-bheir go suilbhir óigh-réir do Dhia, go mbí cos san dréimire úd aca. An ceathramhadh ronga, éasgaidheacht fhomóis; do réir mar adeir Lúcás san naomhadh caibidil déag, ag aithris briathra Chríost, Zachaee, festinans descende “a Shacceus, déana deithbhir, tar anuas.” Dá chor i gcéill, lucht 10850 an tsaidhbhreasa thréigeas é, agus téid i gcrann chrábhaidh ré toghairm Chríost ar cuireadh, agus bhíos ollamh ré reachtas do dhéanamh ar a maoin shaoghalta ar a thoil, agá roinn ar dhílleachtaibh agus ar bhochtaibh, go mbí cos san dréimire se aca. An cúigeadh ronga, fearamhlacht fhomóis. Gonadh ag cor aneithe se i gcéill atá 10855 aní léaghthar ag Pól san dara caibidil go Philipp., mar a gcuireann i gcéill fearamhlacht an fhomóis do bhí ag Críost dá Athair, mar gur fhuiling bás ar thoil a Athar. Ag so briathra Phóil ag reic aneithe se: factus obediens usque ad mortem “do bhí sé óigh-réireach gus an mbás.” Dá chor i gcéill go raibhe Críost coimh-fearamhail  p.335 10865 sin ré fomós do thabhairt dá Athar, gur fhuiling bás ar thoil an Athar. Mar an gcéadna an dream bhíos fearamhail ré fulang gach feadhma agus ré hiomchor gach anfhochaine, mar cheannach ar fhlaitheas Dé do ghreamughadh, go mbí cos san dréimire se aca. An seiseadh ronga, umhlacht fhomóis. Gonadh uime sin adeir Lúcás san seachtmhadh caibidil déag, cum feceritis omnia que praecepta sunt vobis, dicite: servi inutiles sumus “an tan do-ghéantar libh an uile ní atá arna fhógra dhaoibh, abraidh: óglaoigh éadtarbhacha sinn.” Dá chor i gcéill, cibé thoigeóras cos do chur san dréimire se, nach foláir dhó bheith umhal 10875 amhairseach air féin, agus a mheas nach déin acht aní is lugha ioná mar bhíos d'fhiachaibh air. An seachtmhadh ronga neamhchoirtheacht fhomóis. Gonadh uime sin atá aní léaghthar ag Pól san naomhadh caibidil don chéid-Eipistil gusna Coirintibh, currite ut comprehendatis “rithidh i gcruth go ngreimeóchadh 10880 sibh.” Dá chor i gcéill nach lór do dhuine rioth i gconair an chrábháidh, acht nach foláir dhó bheith neamhthuirseach buan ré rochtain a chinn sgríbe, agus go breith an ghill dó.

7. An seachtmhadh goin

Ag so an rioth arna chríochnughadh ag an duine. Gidh eadh, ní foláir do neoch a fhios do bheith aige créad an sochar 10885 atá san saothar so fhoráiltear ar an aithrigheach do chur air féin, ré buaidh do bhreith ar a náimhdibh agus ré flaitheas Dé do bhuain ar éigean amach, mar cheannach láimhe i ndíol an dúthrachta do-ní an duine fíréanda do Dhia. Éist ré hEóin san dara caibidil in Apocal. mar a n-abair, ag aithfhriotal bhriathar nDé, vincenti 10890 dabo manna absconditum, et nomen novum “do-bhéar an plúr atá i bhfolach, agus gairm nua, don tí bhéaras buaidh.” Dá chor i gcéill, an dream bhíos calma ag cothughadh an chrábhaidh, go mbí a bhara fá Dhia an plúr atá i bhfolach, mar atá an ghlóir shíordhaidhe nach léir dhúinn san bheathaidh se, do thabhairt 10895 dóibh; agus fós gairm nua, mar atá rí do dhéanamh ar neamh dhe, agus comhoighre do Chríost do dhéanamh dhe. Is ag luadh aneithe se atá Dáibhídh Rí san seiseadh Salm déag, mar a n-abair, satiabor cum apparuerit gloria tua “budh sásuighthe  p.336 mé an tan bhus léir dhamh do ghlóir-se.” Dá chor i gcéill, gér 10900 mhór a innmhe shaoghalta, agus go raibhe 'na rí rathmhar, nach biadh a aigneadh sásuighthe go rochtain an phlúir úd atá i bhfolach, mar atá glóire nimhe, dhó. Agus is ag labhairt ar an innmhe se go fáthach atá Dia ag labhairt i mbéal an fháidh Isaias san .32. caibidil, mar a n-abair, sedebit populus meus in 10905 pulchritudine pacis, in tabernaculis fiduciae, in requie opulenta “suidhfid mo phobal i mbreaghdhacht na síothchána, i dteaghdhaisibh muinighine, i gcomhsanadh shaidhbhir.” Dá chor i gcéill, an tan roichfid a phobal féin, mar atáid na fíréin, i nglóir nimhe, go mbeid i síoth gheanamhail, i dteaghdhaisibh 10910 innile agus i suaimhneas neimheasbadhach. As so is iontuigthe nach miste don fhíréan olc ná anfhochain, duadh ná doilgheas, feidhm ná foiréigean dá bhfuileóngadh, agus an tsáimhrighe sin na glóire síordhaidhe do bheith do shíor i n-áirithe aige. Gonadh ag luadh aneithe se atá aní léaghthar ag Basilius naomhtha, in 10915 Hexameron, mar a n-innistear go raibhe Alexander Mór lá ag éisteacht ré hoirfideadh il-cheólach, agus go bhfuair an uiread soin do ghean uirre go ndubhairt réna shluagh cathughadh calma do dhéanamh, i ndóigh ré síoth, do bhríogh gurab i n-aimsir an tsíodha is gnáth oirfideadh agus il-cheóla dá dtathaighidh. Agus 10920 mar go ndubhairt Alexander so réna mhuinntir, mar cheannach ar cheól shaoghalta do chlos, créad an chalmacht is cóir don Chríostaidhe do dhéanamh, ré cathughadh réna náimhdibh, do thuar síodha go síordhaidhe ar neamh, mar a bhfuighbhe oirfideadh na n-aingeal? Is ag cor aneithe se is gcéill atá aní 10925 adeir Críost ag Matha san chúigeadh caibidil, mar a n-abair, gaudete et exultate, quoniam merces vestra copiosa in caelis “bíodh gáirdeachas oraibh, agus déanaidh lúth-gháir, do bhríogh gur líonmhar bhar luaighidheacht ar neamh.” Dá chor i gcéill go ndleaghair dona fíréanaibh bheith neamhthuirseach ré tuar na 10930 hinnmhe se. Agus mar go dtug an t-ard- athair Iacob, mar cheannach ar Rebecca, do bhí sgiamhach, feidhm do dhéanamh feadh fiche bliadhan do Laban, mar cheannach ar a fagháil do mhnaoi dhó féin, gá méad fiche bliadhan do dhlighfeadh an Críostaidhe bheith ag déanamh feadhma do Laban .i. Dia Athar  p.337 10935 i ndóigh go bpósfadh Rebecca .i. an ghlóir shíordhaidhe ris. Agus fós, mar do chuir Dáibhídh Rí é féin i nguais, agus é óg anaosta, ag dol do chathughadh ris an athach darbh ainm Goliath dhó, mar cheannach ar inghin Saul d'fhagháil 'na mnaoi dhó féin, amhail léaghthar san seachtmhadh caibidil déag don chéid-leabhar 10940 do Leabhraibh na Ríogh, créad an ghuais 'na ndlighfeadh an Críostaidhe é féin do chur, ag comhrag agus ag cathughadh ré náimhdibh Dé, mar atá an diabhal, an saoghal, agus an cholann? Agus mar go roinneann Dia an uiread do thiodhlaicthibh rinne ar an saoghal so, an mhéid go dtabhair gach innmhe 10945 dá bhfuil againn dúinn, idir anam, chorp, agus chonách saoghalta, créad é méad na hinnmhe is inmheasta dhúinn d'fhagháil uaidh thall? Gonadh ag mothughadh aneithe se atá aní léaghthar ag S. Augustin san .21. caibidil do leabhar a Naomh- smuaineadh, mar a n-abair, ag labhairt ré Dia, si tanta nobis facias in carcere, quid ages in palatio? Si tanta solatia in hac die lacrimarum, quanta conferes in die nuptiarum? Si tam innumera et varia dona tua, quae nunc pariter amicis tribuis et inimicis, quam dulcia et delectabilia quae solis es largiturus amicis “má dho-ní tú an uiread sin dínn, agus sinn san 10955 bpríosún, créad do-ghéanair dhínn san phálás? Má dho-bheir tú an uiread sin dúinn san ló so na ndéar, créad é a mhéad do-bhéarair dhúinn i ló na bainse? Má do-bheir tú tiodhlaicthe do-áirmhe éagsamhla dhúinn anois, idir charaid agus easgcaraid, créad é milse agus geanamhlacht na dtiodhlaicthe do- bhéarair uait 10960 dot charaid amháin?” Dá chor i gcéill, mar go roinneann Dia an iomad do thiodhlaicthibh i bpríosún na beatha so ris na daoinibh, gurab ro-mhó ioná sin roinnfeas riú, an tan roichfid i seilbh pháláis pharrthais ar neamh. Agus mar go ndáileann an lán tiodhlaicthe se dona daoinibh, ar mbeith i ngleann déarach 10965 an domhain se dhóibh, idir charaid agus easgcaraid, créad é méad na dtiodhlaictheadh do-bhéaraidh ar neamh dona fíréanaibh is fior-charaid dó?

Is iomdha sochar do-gheibh an fíréan ar neamh, budh liosta ré a luadh uile. Gidh eadh, cuirfeam dá áit nó trí as an scrioptúir 10970 síos, as a dtuigfidhear a mhéad d'innmhe bheith ar neamh. Ar  p.338 dtús, cibé roicheas ann, biaidh i n-éin-tighdheas ré Críost, amhail adeir sé féin san dara caibidil déag ag Eóin, ubi ego sum, illic erit et minister meus “mar a bhfuilim-se, biaidh mh'óglách ann.” Dá chor i gcéill, mar do bhí sé féin riamh mar aon ris an Athair gan 10975 sgarthain ris, go mbiadh an t-óglách iar ndol ar neamh mar an gcéadna. Bí fós an fíréan 'na chomhoighre ag Críost ar neamh, amhail adeir Pól san ochtmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, coheredes Christi sumus “comhoighreadha Chríost sinn.” Bí fós an fíréan comh-álainn coimh-deallruightheach sin ar neamh, go 10980 nach glé-mhaisighe an ghrian ioná é, amhail adeir Críost ag Matha san treas caibidil déag, tunc fulgebunt iusti sicut sol in conspectu Dei “beid na fíréin an tráth soin ag deallrughadh amhail ghréin do láthair Dé.” Do-gheibh an fíréan sláinte shíordhaidhe ar neamh, do réir mar adeir Dáibhídh san .102. Salm, 10985 sanat omnes infirmitates tuas “slánuighidh h'uile ghalra.” Dá chor i gcéill go mbí sláinte shíordhaidhe ag an tí bhíos ar neamh. Ní fhuil aoibhneas mar aoibhneas na cathrach neamhdha, amhail adeir Dáibhídh san .86. Salm, gloriosa dicta sunt de te, civitas Dei “atáid neithe glórmhara arna rádh riot, a 10990 dhúin Dé.” Gá dtám ris, ní féadtar faisnéis ná friotal ná foillsiughadh do dhéanamh ar na sochraibh síordhaidhe atá ar neamh; acht is follus go bhfuil beatha gan bhás, sláinte gan ghalar, saoirse gan daoirse, subhachas gan dobrón, agus an uile mhaith oile shoimhianuighthe, i seilbh na druinge bhíos ann go 10995 síordhaidhe.

Agus guidhmíd Dia ré sinn féin do stiúradh tar gach bearnain bhaoghail, agus tar gach guais, go gcríochnuighthear an rioth úd linn, agus go ngabhthar sealbh fhlaithis Dé linn, mar a bhféadfam an geall coimhleanga atá dá thuar agus dá thuilleamh linn do ghreamughadh 11000 agus do bheith 'nar seilbh go síordhaidhe.

AMEN.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Trí Bior-Ghaoithe an Bháis

Title (translation, English Translation): The Three Shafts of Death

Author: Geoffrey Keating

Editor: Osborn Bergin

Responsibility statement

Electronic edition (based on a file donated by Foclóir na Nua-Ghaeilge) compiled by: Beatrix Färber

Funded by: School of History, University College, Cork

Edition statement

1. First draft.

Extent: 146 250 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland.—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2016

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G100055

Availability: Available under a Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa).

Notes statement

This text was first published in electronic form on http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx. CELT is grateful for permission to use it under a Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike. You can purchase the book containing this text via the DIAS bookshop website (https://books.dias.ie/index.php).

Source description

Manuscript sources

  1. MS H. 5 32, Trinity College Dublin, cat. no. 1403. "A large folio ... written by Seán Ó Maoilchonaire in 1645."
  2. MS 23 O 13 (RIA), a paper MS written by Seán Ó Maoilchonaire. "Lines 508–692, 877–1178 and 7796–8064 are missing, and the MS breaks off at (line) 8413." These two manuscripts "generally agree word for word, with slight variations in spelling." The edition is based on these two copies.
  3. MS 23 G 2 (RIA), written by Diarmuid Ó Mathghamhna in 1704, and Eoghan Ó Caoimh.
  4. 23 E 17 (RIA), written by Eoghan Ó Caoimh. These two manuscripts "follow the older literary standard less strictly. After line 2288 they insert paragraphs on John the Baptist and St Patrick, followed by seven quatrains beginning 'Tri chaogad psalm luaidhtior libh', and there are other occasional discrepancies."

Edition

  1. Robert Atkinson, Trí bior-ghaoite an bháis: ("The three shafts of death") of Geoffrey Keating. The Irish text, ed. with glossary and appendix by Robert Atkinson. (Dublin: Royal Irish Academy 1890).
  2. For Bergin's edition see below. To my knowledge there is no English translation available in print.

Literature

  1. Tadhg Ó Dúshláine, 'An t-exemplum in 'Trí bior ghaoithe an bháis'', in Léachtaí Cholum Cille 14 (1983) 90–105.
  2. Bernadette Cunningham, 'The sources of Trí biorghaoithe an bháis: another French sermon', in Éigse 31 (1999) 73–78.
  3. Breandán Ó Doibhlin, 'Athléamh ar Trí bhiorgha an bháis', in Bliainiris 6 (2006) 203–229.

The edition used in the digital edition

Bergin, Osborn, ed. (1931). Trí Bior-Ghaoithe an Bháis: Séathrún Kéitinn do sgríobh/ The Three Shafts of Death by Geoffrey Keating, D. D.‍ 2nd ed. One volume. Dublin: Hodges, Figgis & Co.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@book{G100055,
  title 	 = {Trí Bior-Ghaoithe an Bháis: Séathrún Kéitinn do sgríobh/ The Three Shafts of Death by Geoffrey Keating, D. D.},
  editor 	 = {Osborn Bergin },
  edition 	 = {2},
  note 	 = {One volume.},
  publisher 	 = {Hodges, Figgis \& Co.},
  address 	 = {Dublin},
  date 	 = {1931}
}

 G100055.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

The present text represents pages 3–338 of volume 1; addenda and corrigenda were integrated by Foclóir na Nua-Ghaeilge. Manuscript readings and variants, and all additional materials compiled by the editor are omitted. There is no English translation.

Editorial declarations

Correction: Volume 1 has been proofread at Foclóir na Nua-Ghaeilge, and further checking has taken place at CELT. Any further corrections of errors are welcome and will be credited to the scholars who submit them.

Normalization: The electronic text represents the edited text with the corresponding line numbering. Bergin elucidates his editorial policy on pp x–xi of his Introduction.

Quotation: Quotation marks are tagged q.

Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break or line-break, the break is marked after completion of the hyphenated word (and accompanying punctuation mark).

Segmentation: DIV0=the whole work; div1=the book; div2=the article; div3=the section; paragraphs are marked; passages of verse occurring within paragraphs are treated as embedded texts; stanzas are marked lg, and metrical lines are marked l. Page-breaks are marked pb n="".

Standard values: Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.

Interpretation: A small selection of personal names and titles of works have been tagged. A more complete encoding is envisaged in a future edition.

Reference declaration

A canonical reference to a location in this text should be made using “Alt”, eg Alt 1.

Profile description

Creation: 1631

Date: 1631

Language usage

  • The text is in Early Modern Irish. (ga)
  • Some quotations, terms and phrases are in Latin. (la)
  • A few terms are in English. (en)

Keywords: Catholic religion; prose; Ireland; penitence; 17c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-05-03: File parsed and validated; TEI header created. SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2016-04: Text encoded in accordance with CELT standards: renumbering of lines acording to printed edition, encoding and numbering of divisions, subdivisions and headings. Encoding of passages of verse as embedded texts; insertion of Latin text where necessary, limited amount of content encoding applied for personal names and book titles; correction of some typos in the Latin passages. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2016-03: Text with basic XML encoding and integrated addenda and corrigenda donated. (ed. Foclóir na Nua-Ghaeilge, Royal Irish Academy, Dublin)

Index to all documents

Standardisation of values

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G100055.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top