CELT document G100056

Eochair-Sgiath an Aifrinn

EochairSgiath an Aifrinn

An reimhthionsgnamh

Chum an leightheora

 p.1

Is anns an aimsir so an díthchreidimh agus aindiúide Chailbhin cholluidhe agus a chloinne, agus Luther loitbheartaigh agus a lorgairidhe dearbhthar fírinne na faistinne dorinne Isaias anns an seiseadh caibidil mar a n-abair sé ris an bpobal Eabhrach — “Eistigh (ar sé), agus ná tuigidh; feuchaidh taisbeánadh agus ná tabhraidh aithne air.” Agus má tá, do réir litre an Scrioptúra gurab ris an gcineadh Iudaigheach adubhradh na briathra so, maiseadh go fáith-chiallach, is i nEiricibh na h-aimsire so do fíoradh suim na faistine; óir dochluinid an fhírinne go fromhtha d'á fáisnéis ag searmóntaibh soisgealda na hEagluise Catoilice, agus fós d'á suidheamh le briathraibh barántamhla an Bhíobla agus d'aitheasgaibh úghdarásacha na nAithreach Naomhtha, agus de réasúnaibh réidhe, ró-shoillseacha, agus ní thuigid siad í. Chidhid iomad míorbhal agus taisbeántadh eile, agus ní thiubhraid aithne orra gurab ó Dhia thigid; agus do dalladh a gcroidhthe an mhéid sin ionnus go rugadar bárr ainbhfeasa ar gach droing d'Eiricibh d'á dtáinig ann fria rae míle agus chúig ceud bliadhan, mar gur chuireadar rómpa an t-Aifrionn do bhí ar bun an feadh sin do chur ar gcúl contrárdha d'órdughadh aonta na hEagluise, dárab ainm, do réir Phóil, 'san treas chaibidil de'n chéad Eipistil do sgríobh chum Timotheus — colamhuin agus fundaimeint na fírinne, d'ár gheall Dia fanmhuin ina fochair go fóircheann an bheatha, do réir Matha 'san gcaibidil dheighionaigh, agus Eoin 'san 14 Caib. Adeir fós Tertullianus, do mhair de thaoibh istigh de dhá cheud bliadhan andiaigh Chríost, nach féidir leis an Eagluis Chatoilice dul ar earáid ná ar seachrán, agus fós is é sin rádh coitcheann na nAithreach is eagnuidhe agus is tromdha d'á dtáinig ó aimsir Chríost go  p.2 soiche so. Agus dá n-abradh LutherCalvin, nó a lorgairidhe gurab aca féin atá an Eagluis Chatoilice sin, is follus nach fíor dóibh é; óir is ionann Catoilice agus coitcheann, agus is neamh-choitcheann an Eagluis atá aca-san arna connlughadh i gcúlairibh cumhanga de'n roinn beag so na hEorpa, agus is lúghadh de cheithre rannaibh na talmhan. Ní hionann agus ár nEagluis-ne ghabhas leis an Aifrionn atá anois ag a ghnáthughadh i n-urmhór na hEorpa go h-iomlán cian de bhliadhnaibh, agus i mórán d'ionnadaibh de Ríoghachdaibh na hAisia, agus na hAifrica, agus 'san India Shoir, agus i mórán d'oileánaibh eile ar ceadna.

Is iomdha fós comhartha dileas d'á dhearbhadh gurab í ár nEagluis-ne an Naomh-Eagluis Chatoilice; agus is maith an comhartha ar sin naomhacht ár n-úghdar agus ár nAithreach, agus mar thigid siad le chéile ar aon tuigse 'san uile nídh bhuaineas le n-ár gcreideamh. Ní h-ionann agus Luther agus Calvin bhíos go minic bunoscionn le chéile, mar is follus de thaoibh na h-abhluinne coisreagtha, mar a mbí, do réir Luther, substaint chuirp Chríost mar aon re substaint an aráin, agus mar nach féidir a bheith de chomhachtaibh Dé féin, do réir Chailbhin.

Is maith fós an comhartha ar ár nEagluis-ne gurb í is Naomh-Eagluis ann, a mhionca doghnidhthear agus dorinneadh míorbhuilighe móra maille ria, amhail is follus as stáraibh increidthe na n-úghdar is eagnuidhe tháinig riamh 'san Eagluis, mar atá Ambrosius, Aubhistín, Hieronymus, Gréagóir, agus iliomad eile ó shoin amach.

Is maith fós mar an gceudna an dearbhughadh gurab í ár nEagluis-ne amháin is Eagluis fhírinneach ann, méid na cosmhulachta atá idir bheatha Chríost (ar mbeith 'san saoghal so dhó) agus na nAithreach sinnseardha d'á ngéileann an Eagluis Chatoilice, mar atáid na Pápaidhe do bhí ann i bhfíor-thosach na hEagluise, agus gach úghdar naomhtha d'ár ghabh léi ó shoin i leith. Oir is le h-úmhlacht agus ní le h-uabhar, le fulang agus ní le fóiréigean, le h-eagna agus ní le h-armaibh, le crabhadh agus ní le cloidheamhaibh, le naomhthacht agus ní le neart tsluaigh do plannduigheadh go príomhamhuil an Naomh-Eagluis Chatoilice le Críost. Is ar an módh gcéadna sin do craobhsgaoileadh an creideamh Catoilice leis na pápadhaibh reamhráidhte, agus go h-áirighthe na trí Pápaidhe deug ar fhichid do bhí andiaigh Chríost ag ollmhughadh na hEagluise. Ní bhfuair neach díobh bás le hadhairt acht iad uile do mharbhadh, agus d'fhulang martra ag cosnamh an chreidimh Chatoilice. Ní mar sin do na hEiricibh, is le h-uabhar agus le h-aimhneart, le cloidheamh agus le cogadh, le bruid agus le bás d'imirt ar dhaoinibh eile, mar is follus as mórán de stáraibh nuaidhe in a dtráchtar ar na h-áraibh agus ar na h-uireasbhadhaibh móra tháinig de Luther agus d'á lorgairidhibh do thiubhairt in ionadaibh iomdha 'san Ghearmáin,  p.3 ag imirt fóirneart agus fóir-éigean ar na Catoilicibh chum gabhála leis an seachrán do bhí aca féin d'á shíolchur agus d'á sheanmórughadh, agus fá córa gan aonta do thabhairt dóibh. Neamhghlaine an tsíl do curtaoi leo, mar atá cogal an chraois le ar cuireadh an trosgadh ar gcúl; piseán na póite le ar múchadh an measardhacht leo; deasa fiadha na drúise le ar cuireadh an gheanmnuidheacht i ndearmad leo mar is follus as na cheithre sleachtaibh do lean Luther agus a lucht leanamhna, thug iad féin go h-iomlán do chraosól agus do charbhus, mar atáid íotaigh na hAlban, súmairidhe na Saxon, agus potairidhe na bPleimeanach, agus glugairidhe na nGearamáine; agus má's fíor an soisgeul mar a n-abair Matha 'san seachtmhadh caibidil gurab ar toradh an chrainn aithnighthear an maith nó olc é; agus fós mar a n-abair nach tiubhair droch-chrann toradh maith uaidh ná crann maith droch-thoradh uaidh; is dearbh d'á réir sin gur droch-chrainn Luther agus Calvin agus a lorgairidhe, do bhrigh gurab droch-thoradh thugadar uatha, amhuil adubhramar shuas, mar gur síolchuireadar craos i n-áit an troisgthe, bun-os-cionn do'n Scrioptúir; drúis i n-ionad na geanmnuightheachta; agus craosól i n-ionad na measardhachta.

Is mór fós an dearbhadh gurab againn-ne atá an Eagluis fhírinneach, mar atámuid ina seilbh ó aimsir Chríost diaigh i ndiaigh; óir ní tháinig lá ná mí ná bliadhain ó aimsir Chríost go soiche so nach faghthar i leabhraibh n-a hEagluise cia an Pápa, glún ar ghlún do bhí i gcomharbus Pheadair i n-árdfhlaitheas na hEagluise do shíor, gan cur ar gcúl, claonadh ná claochlodh. Agus dá n-abradh LutherCalvin gur claonadh creideamh na gcéad bPápadh le Pápa éigin d'á dtáinig ina ndiaigh, a shlán fútha ainm nó sloinne an Phápa sin do thabhairt uatha go fírinneach; nó dá n-abradaois go breugach gurab le linn an treas Phápa, air a raibh Innocentius d'ainm, tháinig claochludh an chreidimh, a shlán fútha a bheag nó a mhór d'éiriceacht ná d'éaráid d'fhághail i laoidh nó i litir d'ár sgríobh an fear sin riamh, agus fós budh duine naomhtha ro-fhoghlumtha é.

Atáid trí coinghil ar an bhfíor Eagluis, mar atá aondacht, coitchinne, agus naomhthacht. An chéad nídh atá innte aondacht — eadhon, bheith ina h-aon Eagluis amháin, do réir Phóil 'san 4 caib. chum Ephesianum — “Aon chreideamh amháin (ar sé) atá ann.” Agus is ionann sin re a rádh agus gurab aon Eagluis amháin atá ann; óir ní hEagluis gan creideamh, agus ní creideamh gan Eagluis. Tig S. Aibhstín leis so 'san dara caib. de'n dara leabhar do sgríobh ar aondacht na hEagluise — “Aon Eagluis amháin (ar sé) d'ár ngoireadar ár sinnsir Catoilice atá ann, ionnus ó'n ainm sin féin go bhfoillseochadaois go bhfuil 'san uile áit.” Adeir Críost féin 'san 10 caib. ag Eoin, ag tairngire ar aondacht na hEagluise — “Biadh (ar sé) aon chró agus aon aodhaire amháin ann.” Gidheadh ní h-aon  p.4 chreideamh amháin atá ag na hEiricibh; óir ní mór gurab lia ceann aca ioná creideamh. Ní h-ionann agus ár nEagluis-ne chreideas do réir an aoin-chinn d'fhág Peadar aice — eadhon, an Pápa d'fhág Sé ina h-árdfhlaitheas ós a cionn go fóircheann na saoghal, amhail do fágadh Críost é féin, do réir mar léightear 'san 21 caib. ag Eoin — “A Shiomoin Pheadair (ar Sé), an ionmhuin leat me? Sásaidh m'uana féin; sásaidh mo chaoirigh féin,” d'á chur i gcéill gurab do Pheadar thug Sé uachtarántacht agus coiméad an tréada go h-uile; agus do chuir Peadar an uachtarántacht so i ngníomh an tan d'éirigh ina sheasamh ameasg na coda eile de na hAbstalaibh, agus do labhair leo mar árd-aodhaire coitcheann, do réir mar leightear 'san dara caib. de Ghníomharthaibh na nAbsdal, agus fós mar d'órduigh go barántamhuil dlighe 'san gcéad chomhairle choitchinn do bhí ag na hAbstalaibh i Ierusalem, d'á chur i gcéill gurab é féin budh h-árdaadhaire dhóibh, do réir mar léightear 'san 15 caib. de Ghníomharthaibh na nAbstal. Agus fós is do Pheadar do gheall Críost eochraca an fhlaithis neamhdha, agus is air fós do gheall Sé a Eagluis féin d'áitiughadh, do réir Mátha 'san 16 caib., mar a n-abhair — “Is tusa Peadar (ar sé), agus is ar an gcarraig so áiteochad Mo Eagluis féin,” agus is duit bhear eochracha an fhlaithis neamhdha. Is ionann an charraig ar i n-áiteochadh an Eagluis agus Peadar, agus is ionann na h-eochracha úd an fhlaithis neamhdha agus an cumas sgaoilte nó ceangailte thug Críost do Pheadar mar árd-chomharba ina ionad féin ós cionn na h-Eagluise go coitcheann. Do gheall fós Críost do Pheadar nach rachadh claonadh ná claochlódh ina chreideamh go bráth, agus adubhairt ris (ar mbeith daingean dó féin ina chreideamh) a dhearbhraithreacha — eadhon, na Críostuighthe i gcoitchinne, do dhaingniughadh ina gcreideamh, d'á chur i gcéil gurab de do righne Sé ceann feadhma agus baránta buidhne in gach nídh do bhuainfeadh re na gcreideamh. Ag so mar adubhairt, ag labhairt le Peadar (do réir mar leightear 'san 22 caib. ag Lúcás) — “Do ghuidhe-sa (ar sé) ar do shon ionnus nach rachadh do chreideamh i n-eaguibh. Agus ar bhfilleadh dhuit daingnidh ina gcreideamh do dhearbhráithreacha féin.” Tuig, a leightheoir, gurab iontuigthe dhuit as an uachtarántacht so d'fhág Críost ag Peadar re h-ucht dulta ar neamh Dhó, mar go ndearnadh Sé biocáire dhe ar an dtalamh, nó comharba coitcheann ós cionn na hEagluise go h-uile; gurab í toil Chríost an rim céadna sin do choiméad i bhflaitheas na hEagluise maille re h-aon chomharba do bheith i n-árd-fhlaitheas na hEagluise go h-uilidhe. Agus fós is córaide dhúinn a thuigsin mar so — gurab í an Eagluis bean Chríost, agus d'a réir sin gurab í an aiceacht d'fhág Sé aice dhlightheas sí do choiméad do shíor; agus is í an aiceacht sin aon cheann amháin feadhma do  p.5 bheith ag a follamhnughadh agus ag a stiúradh go hiomlán. Is móide is ionntuigthe gach nídh dhíobh so méid an ghrádha do bhí ag Críost do'n Eagluis, do réir mar leightear 'san 4 caib. de na Cainticibh, agus fós mar do dhearbhaidh Sé féin méid an ghrádha céadna, mar gur fhulaing Sé bás ar son na hEagluise sin, do réir Phóil 'san 5 caib. ad Ephesians. Is córaide fós an aiceacht so do choiméad go bhfuil sé d'á chur i ngníomh ag prionnsadhaibh na hEagluise, agus go n-abair Tertullian anns an 22 caib. de'n leabhar do sgríobh ar an teitheadh dleaghthar do dhéanamh le linn inghreama do bheith ar dhuine tré n-a chreideamh. “Ní rachaidh (ar sé) creideamh Pheadair ar gcúl go bráth.” Agus neartuigh sé fírinne na neithe so i mbriathraibh Lúcáis 'san 22 caib. mar adubhairt Críost gur ghúidh Sé a Athair ar son Pheadair, ionnus nach rachadh a chreideamh i mbáthadh. Adhmuid na hEiricidh féin do shochair na guidhe so, go raibh an creideamh gan lot gan leónadh ag a coiméad ag lucht ionaid Pheadair — eadhon, ag na Pápadhaibh do bhí 'san Róimh ar feadh cheithre cheud bliadhan, agus ní fhéaduid a áitiughadh nó a chruthughadh gur truaileadh an chreidimh so i n-aon Phápa d'á dtáinig ó shoin i leith. Dá bhrigh sin caithfid a admháil go bhfuil an creideamh so gan truailleadh ag an bPápa, agus d'á réir sin gurab é an teagasg dobheir uaidh is ionchoiméadta anns na neithibh bhuaineas re creideamh, óir is é is aoin-stiúrthóir ar an Eagluis agus fós ní bhfuil gné uachtarántachta 'san mbith is mó sochar agus onóir ioná an t-árd-fhlaitheas d'árab ainm Monarchia — eadhon, aon árd-fhlaitheas amháin ós cionn na flaitheasaibh. Ar dtús is follus nach bhfuil uachtarántacht ann is mó onóir ioná so. Is dearbh fós gurab í is socaruidhe ann, óir is móide dobheirtear na cineadhacha chum creidimh cumas do bheith ag aon duine amháin ar na Críostaighthibh i gcoitchinne. Is lughaide fós bheidheas imreasán ná easaontacht idir na Críostuighthibh aon aodhaire amháin do bheith ós a gcionn ag a mbeidheadh ar a chumas smacht do dheunamh orra, agus is móide sochar coitcheann na hEagluise é, ionnus dá mbeidheadh aon phunc creidimh nó malairt caileandair, nó a ionshamhail eile sin d'imreasán eadtorra go mbeidheadh aon duine amháin d'á ngéilfidís leath ar leath. Ní fuláir fós aon cheann amháin do bheith ann do ghairm na gcomhairleadh i gcoitchinne ina ndeuntar críochnughadh dlightheamhuil ar na neithibh bhuaineas re beusaibh nó re creideamh na gCríostuightheadh. Ní fuláir fós aon cheann amháin do bheith ar an Eagluis, ionnus go mbeidheadh corp misticthe na hEagluise ar aon bheusaibh amháin go h-iomlán.

Is uaisle gan imreasán an soisgeulta so againn-ne ioná Eagluis an tsean-rachda; maiseadh is ar aon árd-fhlaith amháin do bhíodar ag stiúradh do ghnáth — eadhon, árd-easbog Ierusalem. Is ionntuigthe dhúinn gurab  p.6 córa aon árd-fhlaith amháin do bheith ag riaghlughadh na hEagluise soisgeulta ioná sin — eadhon, Pápa na Róimhe, ag a bhfuil diaigh in diaigh sealbh cathaoireach Pheadair; óir d'fhág Peadar féin Linus Pápa i n-a seilbh thar éis, mar a raibh Peadar cuig bliadhna fichead i bhFlaitheas, nó gur crochadh ann é, do réir mar adeirid na sean-ughdair do bhí i bhfior-thosach na hEagluise ann, mar atá St. Dionysius 'san eipisdil do sgríobh chum Timotheus agus Hieronymus, mar a sgríobhann ar na daoinibh oirdhearcacha, agus St. Ambrosius 'san seiseadh seanmóir, agus Eusebius 'san leabhar do sgríobh ar na h-aimsearaibh, agus Irenaeus 'san treas chaibidil de'n treas leabhar agus St. Aibhistín 'san dara caibidil de na cheithre seanmóiridhe fichead do sgríobh ar na naomhaibh, gurab i bPeadar amháin do fíoradh aondacht na h-uile aodhaireadh. Adeir Cyprianus 'san 45 Eipisdil chum Cornelius gurab í an Eagluis Rómhánach is máthair agus is préamh do'n Eagluis Chatoilice. Adeir St. Ambrosius, ag sgríobhadh ar an dtreas chaibidil de'n chéad Eipisdil do sgríobh Pól chum na gCoirinnteach, nidh as a dtuigthear gurab ag an bPápa atá uachtarántacht ar an Eagluis go h-iomlán. “Acht gidheadh gur le Dia (ar sé) an uile go h-iomlán, goirtear teach Dé de'n Eagluis d'árb stiúrthóir an Pápa Damasius.” Tig Isodorus leis an nidh céadna so 'fan Eipisdil dheighionaigh do sgríobh chum Eugenius, Easpog Toledo. “Acht gidheadh atá (ar sé) dignit agus comhacht na hEagluise arn-a dháil do'n uile Easpog Catoilice, maiseadh atá arn-a thoirbheirt go leithleachuis d'Easpog na Róimhe go prímhléideach, amhail ceann ós cionn na mball, ar marthain go síorruidhe.”

Tig S. Bearnárd leis an nídh céadna 'san t-ochtmhadh caibidil de'n dara leabhar do sgríobh chum Eugenius. “Is é an Pápa (ar sé) prionnsa na nEaspog agus Peadar i gcomhachtaibh; agus ní h-é amháin is árd-aodhaire ar a chaorchaibh, acht fós is árd-aodhaire ar an uile aodhairibh.” Adeir S. Aibhistín 'san t-ochtmhadh caibdil de'n dara leabhar do sgríobh ar ghrásaibh Chríost agus ar pheacadh an tsinnsir nach féidir an Eagluis Rómhánach do mhealladh. Adeir fós Eusebius, 'san chéad eipisdil, ag labhairt ar an Eagluis Romhánaigh — “Ag so (ar sé) an Eagluis gan truailleadh in ar coiméadadh riamh an creideamh Catoilice.”

Is follus do réir na n-ughdar so, agus iliomad úghdar eile nach luaidhtear linn do'n chor so, gurab í ár nEagluis-ne an aon Eagluis fhírinneach, agus gurab ag na Pápadhaibh diaigh i ndiaigh atá sealbh árd-fhlaithis na hEagluise céadna: agus is uime tugadh na h-eochracha do Pheadar ionnus go mbiadh cur agus cumas aige féin agus ag a chomharbuibh ar an Eagluis i gcoitchinne. Is córaide dhúinn a thuigsin mar so, mar adubhairt Críost 'san 28 caib. ag Matha, go dtugadh na h-uile  p.7 chomhachta ar neamh agus ar talamh dhó, an tan adubhairt, ag labhairt ris na hAbstalaibh — “Do dáileadh (ar sé) na huile chomhachta dhamhsa ar neamh agus ar talamh;” agus mar adubhairt arís ag Eoin 'san 20 caib. — “Amhuil do chuir m'athair mise (ar sé), mar an gceudna cuirim-se sibhse”; agus arna radh sin, do shéid fútha, agus adubhairt riú — “Glacaidh an Spiorad Naomh. An dream ag a maithfidhe a bpeacaidhe dhóibh atáid maithte aca.” etc. Is iontuigthe as an dá áit so go bhfuil árd-fhlaitheas 'san uile nidh bhuaineas le creideamh, agus go prionsapálta ag an bPápa is comharba coitcheann ag Peadar i dtalmhain, amhuil adubhramar shuas; óir is maille re comhachtaibh ar talamh agus ar neamh do cuireadh Críost, mar adubhairt Sé féin thuas 'san 23 caib. ag Matha, agus gurab ar an gcrích gcéadna sin do chuir seision Peadar, agus cách uile ó shoin anuas. Ní féidir a mheas nach maille re comhtachaibh ar talamh agus ar neamh do chuir iad; agus créad is iontuigthe as sin acht go bhfuil árd-fhlaitheas aca amhuil adubhramar, agus gurab é Pápa na Róimhe atá i seilbh an árd-fhlaithis sin. Is córaide so do chreideamhuin, go n-admhuid drong mhór de na hEiricibh go rabhadar Pápaidhe i seilbh an árd-fhlaithis úd Pheadair, agus nach feudaid áitiughadh go ndeachaidh aon Phápa d'á raibh ann ó aimsir Pheadair aleith chum éiriceachta.

Ag so fós mar adeir Luther, ag admháil uachtarántacht do bheith ag Pápadhaibh na Róimhe ós cionn na hEagluise go h-iomlán, do réir mar leightear 'san 60 Conclúid do sgríobh chum an Phápa d'ár bh'ainm Leo. “Is cóir (ar sé), maille re cadhus nó reverence, géille 'san uile nidh do'n uachtarántacht Pápamhuil.” Adeir sé fós in eipisdil d'áirighthe nidh thig leis an nidh gcéadna. “Admhuim (ar sé) go bhfuil an iomad de Chríostamhlacht maith; agus fós admhuim go bhfuil an Scrioptúir agus na h-eochracha fírinneacha re maitheamh na Bpeacaidhe ag an bPápamhlacht.”

Ag so síos sompla as a dtuigfidhear gurab le Peadar do bhuain stiobhardacht coitcheann do dheunamh ar an Eagluis, agus mar an gceudna le luchd a ionaid. Oir is é Peadar do chuir Martialis do'n Ghasguinn, agus is é Clement, an dara Pápadh andiaigh Pheadair, do chuir St. Denys go Párís na Fraince; agus Stiabhna, an ceathramhadh Pápadh ar fhichid, do chuir Bonifacius Moguntinensis do'n Ghearmáin; agus Celestinus, an 44 Pápa, do chuir Pádruig go hEirinn; agus Gréagóir Mór, an 65 Pápa, do chuir S. Aibhistín Manach go Sacsaibh; agus mar sin do mhórán de Pápadhaibh eile do chuir oiliomad de dhochtúiribh eagnuidhe fá chríochaibh éagsamhla na cruinne nach áirmhighthear linn de'n chor so; agus is follus do réir a ndubhramar nach bhfuil ann acht aon Eagluis amháin, agus gurab'é comharba Pheadair stiúras an flaitheas sin.

Do labhramar ar aondacht na hEagluise go soiche so.

An dara coingheal, an Eagluis do bheith coitcheann, do réir mar adeir  p.8 Daibhí Rí 'san 18 Sailm, ag tairngire na n-Abstal agus na hEagluise. “Dochuaidh (ar sé) foghar na druinge úd 'san uile talmhain.” Ionann an focal úd “dochuaidh,” do réir na nEabhrach, agus atá chum teachta. Ader fós Daibhí Rí, 'san 71 Sailm, ag tairngire go mbiadh árd-fhlaitheas coitcheann ag an Eagluis ar feadh na talmhan. “Biadh sí i bhflaitheas (ar sé) ó mhuir go muir, agus ó'n abhainn go teórannaibh cruinne na talmhan.” Adeir Isaias 'san treas chaibidil — “Biadh aithne ormsa (ar sé) ag an uile dhuine ó bheag go mór.” Tig Eoin leis an nidh so 'san seiseadh caibhidil, agus Pól 'san chéad chaibidil ad Colossianos, agus 'san deachmhadh caibidil chum na Rómhánach, agus dá n-abradh LutherCalvin nach bhfuil an creideamh so aguinn-ne, aca féin, ná ag na Turcachaibh, agus dá réir sin nach creideamh coitcheann é, bíodh a fhios aca nach é adhbhar fá ngoirtear coitcheann de go mbí sé anaoin-feacht agus in aon uair i gcríochaibh an domhain; acht is uime adeirthear coitcheann ris, do bhrigh nach bhfuil críoch anns an gcruinne acht críoch in a bhfuil, in a raibh, nó in a mbiadh sé. Agus fós ní bhfuil aon rioghacht de thrí ronnaibh an domhain nach raibh sé ann, mar is follus as imtheachtaibh na nApstal, do réir Abdias: óir do craobhsgaoileadh an creideamh le Peadar agus le n-a dheisgiobalaibh 'san Iodáill agus 'san bhFrainc agus 'san Ghearmáin: le S. Seam do'n Easbáin; le S. Aindreas do'n Thracia; le Philip do'n Scythia; le Maitias do'n Aethiopia; le Simon agus le Marcus do'n Egypt; le Parthalán do'n India Shoir, agus mar sin do chách anns na ríoghachtaibh eile ó shoin amach. Agus dá mbiadh ina cheist ar Luther nó ar Chailbhin cia an creideamh do craobhsgaoileadh leó-san, bíodh a fhios aca gurab'é an creideamh do ghabhas leis an Aifrionn do craobhsgaoileadh leó ann, do réir Irenaeus naomhtha, do mhair go grod andiaigh na nAbstol, agus do bhí go minic i gcaidreamh na muinntre do bhí ag éisteacht re seanmóiridhibh na nAbstol. Ag so iomorro mar adeir 'san treas chaibidil de'n treas leabhar, ag labhairt ar an aimsir úd na nAbstal. “Dobhí (ar sé) iodhbairt an Aifrinn an tan sin d'á ofrálughadh 'san uile áit.” Agus dá n-abradh LutherCalvin nach cóir Eagluis coitcheann do ráidh le n-ár nEagluis-ne, do bhrigh go bhfuil sí arn-a cíorbadh, bíodh a fhios aca nach lughaide is córaide bile do thabhairt ar an gcrann mhór bhíos ar an mágh go dteasgfaidhe a dhó nó a thrí de na foigheugaibh dobhiadh ar dhe, mar an gceudna ní lughaide dleaghthar Eagluis choitcheann do ghairm de'n Eagluis Rómhánaigh go bhfuilid a dó nó a trí d'fhoigheugaibh arna dteasgadh dhi, mar atáid Múraighe, Turcaighe, agus Eiricidhe. Is córaide fós a thuigsin nach é an creideamh do craobhsgaoileadh leis na hAbstalaibh an creideamh d'á ngéilleann Luther agus Calvin; óir adeirid so nách ó  p.9 naomh ná ó Abstal, ná ó duine 'san mbith fuaradar féin creideamh, acht gurab'é an Spiorad Naomh do sheol dóibh é; agus go raibh daillchíach agus dorchadus ar an bhfirinne nó gur thoil le Dia iad féin do thoghadh chum soluis an chreidimh do thabhairt do na cineadhachaibh. Is uime sin fós adeir Luther 'san leabhar do sgríobh ar chur an Aifrinn ar gcúll, “Admhuidhim ar dtús (ar sé) do'n droing atá ar tí bheith ag creimeadh orm gurab contrárdha d'órdughadh na hEagluise atáim ag teagasg an Aifrinn do chur ar gcúl.”. Agus adeir 'san dara h-airteagal do'n leabhar do sgríobh anaghaidh Rí na Sacson nach bhfuil suim aige féin dá mbiadh míle S. Aibhistín agus míle St. Cyprianus ina aghaidh. Adeir fós 'san leabhar do sgríobh ar an Aifrionn bpríomháideach nach bhfuil suim aige féin anns na Pápadhaibh tré bheith ag bagairt na hEagluise agus na n-aithreach air, do bhrigh nachar bh'iongnadh leis é féin do bheith ina bhreitheamh orra, agus fós ar na faidhibh agus ar na hAbstalaibh agus ar na hAingealaibh le bréithir Chríost. Tig Calvin leis so 'san 18 caib. de'n 4 leabhar d'á Institute. Adeir fós Luther anns an gcaibidil ro sgríobh ar na hAithreachaibh 'san dara leabhar Comhagallamha ro sgríobh: agus Calvin 'san dara caibidil agus 'san ceathramhadh leabhar d'á Institute go ndeachaidh an Eagluis go léir i mbáthadh agus ar seachrán no go dtángadar féin. Gidheadh adeir Cyprian 'san 76 eipisdil, briathar fá n-a b'iontuigthe nach cóir géille do'n mhuinntir so thréigeas úghdarás na hEagluise agus barántus na nAithreach. “Ní féidir a ghabháil mar easpog (ar sé) an té dobheir táir agus tarcuisne ar seanchuimhne soisgealda abstalda, agus nach leanann lorg aon duine eile acht thionnsgnas uaidh féin.” Is follus fós gur contrárdha d'á chéile do bhí an craobhsgaoileadh dorinneadh leis no hAbstalaibh agus creideamh Liútair agus Chailbhin. Oir adeir S. Seam (Eipisdil Chatoilice Absdail Sheumais), 'san dara caibidil, gur marbh an creideamh gan deagh-oibreachaibh; agus adeir Pól 'san 13 caib. de'n chéad Eipisdil chum na gCoirinteach nach foghnann sé gan an grádh mar aon ris. Gidheadh adeir Calvin gur leór an creideamh amháin ina aonar. Leightear arís ag Matha 'san 19 caib. agus 'san 20 caib. gur cóir aitheanta Dé do choiméad. Adeir Luther nach cóir a gcoiméad, agus nach féidir a gcoiméad. Adeir S. Seam 'san 20 caibidil gur leor do dhuine chum Eiriceachta do dheanamh dul ar seachrán i n-aon phunc amháin de'n reacht. “Gidhb'é (ar sé) choiméadas an reacht go h-iomlán go h-aon phunc, agus chaillfeas an t-aon phunc sin de, atá cionntach 'san iomlán.” Adeir Chrysostomus, ag cur gluaise ar an gcéad chaibidil chum Galatas, briathra thig leis an nidh céadna. “Gidhb'é ar bith (ar sé) chuireas bun-os-cionn aon phunc d'á laighead de'n chreideamh fholláin truaillighthear  p.10 an t-iomlán leis.” D'á bhrigh sin is follus gurab Eiricidhe an drong adubhramar, agus gach n-aon doghnídh lorguireacht nó leanmhuin orra, tré bheith bun-os-cionn do'n Scrioptúir, amhuil do h-aithriseadh linn thuas.

Is follus as na h-ionadaibh so, agus as mórán d'ionadaibh eile, nach ionann an creideamh do craobhsgaoileadh leis na hAbstalaibh agus leis na soisgeulaibh agus na seachráin do síol-chuireadh leis na saobh-ughdaraibh le a bhfuil ár gcointinn de'n chor so. Measaim fós gurb'é an connlughadh atá ag a dheanamh anois ar an Eagluis Rómhánaigh do tharngair Eoin 'san seiseadh caibidil de Leabhar na Taisbeantadh, mar a n-abar — “I bhfóircheann na h-aimsear (ar sé) connlóchfar na flaithis i gcosamhlacht leabhar druidte.” Ionann sin re a rádh agus go mbiadh an Eagluis arn-a connlughadh i samhuil leabhair iata. Ná measadh an t-Eiriceach gurab ionann dáil do chonnlughadh na hEagluise againn-ne agus d'á Eagluis féin; óir do bhí ár nEagluis-ne craobhsgaoilte ar feadh na cruinne, mar is follus as stáraidhibh inchreidte: agus fós is iomdha comharthadh ar sin mar atáid cealla agus ceoláin teampuill agus mainistreacha, agus iomad de shéaduibh uaisle éagsamhla i gcríochaibh eile an domhain. Agus dá n-abradh LutherCalvin nach luighde is maith a nEagluis féin go mbiadh sí arn-a connlughadh i gcluid nó i gcúlaire de'n chruinne, éisteadh sé ris an gealladh thug Dia do Abraham 'san 22 caib. de Genesis — “Beannochadh (ar sé) ad' shíol uile treabha na talmhan, agus biadh líonmhar ar mhuir agus ar tír, agus anns an árd-thuaidh agus anns an árd-fhoir, agus anns an Aifric, agus biadh do shíol mar ghainimh na talmhan. Beannochad ionnad-sa agus ad' shíol uile treabha na talmhan.” Agus d'eagla go measadh Luther Calvin gurab i nEagluis an tsean-reachta do bhí comhlionadh na gealladh so, bhíodh a fhios aca nachar craobhsgaoileadh creideamh an chinidh Iudaigh, agus d'á réir sin nach é creideamh an tseanreachta do gealladh do chraobhsgaoileadh ann. Agus is córaide a thuigsin mar so, go n-abair Pól 'san gcúigeadh caibidil chum Galatas, ag míniughadh an bhoill úd 'san tsean-reacht gurab'é an nidh chialluigheas an síol úd do bheannochadh na huile treabha — eadhon, Críost.

Ag sin do'n chreideamh Chatoilice do bheith coitcheann nó Catoilice.

An treas choingheal atá ag an Eagluis mar atá bheith naomhtha.

Is fíor gurab í ár nEagluis-ne atá naomhtha, mar is follus as gcruadhas crábhaidh ár nOrd Riaghalta, le a gcoiméadtar an reachd soisgeulda, agus i maighdeanas na n-ógh, agus i bhfuil na máirtíreach atá d'ár nEagluis-ne. Ní mar sin d'Eagluis na nEiriceadh agus ní féidir a bheith naomhtha, ar a mhionca bheirid miona móra, doghnídh méirdreachus, craos, agus droich-bhearta eile. Atáid fós dhá phríomh-locht anns na hEiricibh as nach féidir dóibh bheith naomhtha. An chéad locht díobh, méid  p.11 an aindlighe doghnídh ar na sinnsearaibh tháinig rómpa an mhéid go mbreathnuidhid nach raibh an creideamh aca, agus d'á réir sin gur damnuigheadh iad uile; óir adeir Pól 'san gcúigeadh caibidil chum na nEabhrach nach féidir toil Dé do dheanamh gan creideamh; agus adeir sé 'san gceathramhadh caibidil chum Ephesus nach bhfuil ann acht aon chreideamh amháin. Adeir Luther agus Calvin gurab iad féin fuair an creideamh sin ó'n Spiorad Naomh, agus nach raibh sé ag aon neach d'á sinnsearaibh. Créad is iontuigthe as so acht gurb'é a mbreathnughadh ar a sinnsearaibh gurab Eiricidhe iad agus go ndeachadar go hIfrionn. Gidheadh is é adeir Dia do dhéanamh ris an droing so mhalluigheas d'á sinnsearaibh go ndlighid bás d'fhághail, amhluidh leightear 'san 20 caib. in Exodus. “Gidhb'é do dheunfaidh (ar sé) mallughadh ar a athair nó ar a mháthair cuirtear chum báis é.” D'á réir so dlighthear bás do thabhairt do na hEiricibh an mhéid go ndéanuid mallughadh ar na sinnsearaibh ó'r fhasadar. An dara locht, méid na maslughadh dobheirid do Dhia, an mhéid go ndéanuid breugach é; óir adeirid gurab aca féin atá an creideamh, agus nachar frioth fios na fírinne le droing ar bith d'á dtáinig ó aimsir Chríost. Gidheadh atá sin contrárdha do'n ghealladh thug Dia do'n chine-daona, do réir mar léightear 'san 31 caib. ag Jeremias Fáigh. “Biadh m'aithne-se (ar sé) ag an uile dhuine ó bheag go mór.” Tuig má's fíor an nidh adeir Luther agus Calvin nach fíor an nidh adeir Dia ag labhairt i mbeul an faidhe; gidheadh fágaim fá breathnughadh an leightheora cia córa a mheas an fhírinne do bheith ag Jeremias nó ag Luther nó ag Calvin. Do gheall Críost ag Eoin 'san 14 caib. go gcuirfeadh an Spiorad Naomh chum na nAbstol. “Seolfad dóibh an uile fhirinne (ar sé), agus fanfad ina bhfochair go síorruidhe.” Adeir Críost 'san 28 caib. ag Matha — “Biadh mise (ar sé) mar aon libh go síorruidhe nó go fóircheann an tsaoghail.”.

Is follus as na comhráidhtibh so go raibh an Spiorad Naomh ag deunamh treoradh do'n Eagluis agus d'á stiúradh i bhfírinne an chreidimh; go bhfuil agus go mbiadh go deire an domhain gan cead do bhreugaibh LutherCalvin. Adeirid fós gurab cruadhálach leathrannach Críost mar nachar thoil leis sochair a pháise ná solus an chreidimh fhírinnigh do bheith ag aon duine ó aimsir na nAbstal nó go dtángadar féin. Adeirid gurab aindlightheach Críost an mhéid gur cheil Sé solus an chreidimh fhírinnigh ar na máirtíreachaibh do dhoirt a bhfuil d'á ghrádh, agus na maighdeana do choiméad a n-óigheacht ina onóir, agus ar na coinfeasóiribh d'fhulaing go minic bruid agus braighdeanas ar A shon, an mhéid gur cheil Sé fírinne an chreidimh orra, do réir Liútair agus Chailbhin.

Is leor a ndubhramar de na trí coinghiolaibh úd na hEagluise. Gidheadh dá n-abradh Calvin nach bhfuil Eagluis so-fhaicsiona ann ag a mbiadh aon  p.12 árdfhlaith amháin ós a cionn, acht gurab Eagluis do-fhaicsiona i neulaibh neimhe atá ann, cionnas dobhearadh freagradh ar Chríost mar a n-abair 'san 18 caib. ag Matha — “Dá ndeárnadh do bhráthair aindlighe ort (ar sé), cionntaigh é idir thú féin agus é, agus muna ngabhadh sin greim de, tabhair duine nó dias do láthair, agus muna n-éisteadh riú sin, innis do'n Eagluis é, agus muna n-eisteadh ris an Eagluis, bíodh meas Págánaigh nó poibliocánaigh agat air.” Fiafraighim annso de Chailbhin, dá mbadh Eagluis do-fhaicsiona i neulaibh neimhe dobhiadh ann, créad an toisg fá n-aibeoradh Críost casaoid do dhéanamh ria; óir dob diomhaoin Dó a rádh re duine casaoid do dhéanamh ris an Eagluis nach tiubhradh freagradh, nach faicfeadh, agus nach cluinfeadh; agus do bhrigh go gcaithfeam a rádh gurab diomhaoin an chomhairle thug Críost, nó gurab breugach an nidh adeir Calvin. Is córuide dhúinn a rádh gur breugach an nidh adeir Calvin ioná gur diomhaoin comhairle Chríost. Tig leis so an tairngire dorighne Solamh i bpearsain na hEagluise, amhail leightear 'san chéad chaibidil de na Cainticibh, mar a n-abair, “Atáim dubh (ar sé), gidheadh atáim áluinn.” Ionann sin re a rádh agus go mbeidís peacaigh agus fíréin 'san Eagluis. Má táid peacaigh agus fíréin innte is follus go bhfuil so-fhaicsiona; óir ní do'n Eagluis an dream atá i n-Ifrionn, agus ní bhfuilid peacaigh i bhflaitheas Dé. Ní admhann LutherCalvin purgadóir do bheith ann: ar an adhbhar sin caithfid a admháil go bhfuil Eagluis eile ann in a bhfuilid peacaigh mar aon le fíreunaibh agus is í sin cruinniughadh na gCríostuightheadh atá so-fhaicsiona ionnta féin; agus ar an adhbhar sin, gan chead do Luther ná do Calvin, atá an Eagluis sofhaicsiona ann.

Ag so síos suidhiomh as a n-áiteocham anaghaidh Chailbhin go bhfuilid fíréin agus peacaigh 'san Eagluis. Leightear 'san 25 caib. ag Matha fáithsgeul ar na chuig mhaighdeanaibh leamha agus ar na chúig mhaighdeanaibh chríonna, as a dtuigthear linn go bhfuilid peacaigh agus fíréin anns an Eagluis, gan chead do Chailbhin, adeir nach bhfuil duine ar mbith de'n Eagluis acht fíreun, agus dá mionca doghnídh duine peacadh marbhthach, go múchtar solus an creidimh ann, agus dá brigh sin go mbí ina gheug arn-a theasgadh de chorp na hEagluise. Is follus anns an gcúigeadh caibidil ag Matha go bhfuil an Eagluis so-fhaicsiona, mar go samhluigheann sé í re cathair do bhí arn-a suidheaghadh ar sliabh; óir is suras an chathair sin d'fhaicsin, mar sin is furasda an Eagluis samhluighthear léi d'fhaicsin. Is follus fós, i mbriathraibh Phóil, go bhfuil an Eagluis so-fhaicsiona, mar a n-abair 'san gceathramhadh caibidil ad Ephesus, “Do chuir Dia (ar sé) abstail agus faidhe, aodhaireadha agus teachtairidhe agus stiúrthóiridhe do chríochnaighthe an obair timpireachta  p.13 d'áitiughadh chuirp Chríost.” Is follus as na briathraibh so go ndeárna Dia baill agus geuga de'n Eagluis de'n droing úd do bhí sofhaicsiona ionnta féin, agus d'á réir sin go bhfuil an Eagluis dárab geuga iad so-fhaicsiona innte féin. Adeir Pól 'san 15 caib. chum Titus nidh as a dtuigfeam go bhfuil órdughadh sofhaicsiona 'san Eagluis, mar go ndubhairt re Titus — “Orduigh (ar sé) ar feadh na cathrach sagairt agus easbuig,” d'á chur i gcéill gurab iad na heasbuig fa huachtaráin ós cionn na hEagluise — eadhon, na Críostuighthe do bhí sofhaicsiona ionnta féin. Thug Peadar an fuagradh céadna do'n chléir go huile, mar leightear 'san gcúigeadh caibidil de Ghníomharthaibh na n-Abstal. Is follas i mbriathraibh S. Aibhistín, 'san 36 caib. de'n dara leabhar ro sgríobh anaghaidh Chrysogonus go bfuil an Eagluis so-fhaicsiona. “Atá (ar sé) deallraightheach a solus do'n uile dhuine.” Tig Chrysostomus leis so 'san gcathramhadh Homilia ro sgríobh ar an seiseadh caibidil ag Isaias. “Is fusa (ar sé) an ghrian do mhúchadh ioná an Eagluis do dhorchughadh.” Is follus as na h-ionadaibh so gur breugach an dá nidh adeir Calvin — an chéad nidh go mbiadh an Eagluis do-fhaicsiona idir neullaibh; an dara nidh go dtréigfeadh an duine a chreideamh gach uair do dhéanadh peacadh marbhthach, agus dá réir sin nach biadh aon duine 'san éagluis acht fíreun. Dá nabradh Luther no Calvin nach bhfuil an focal so “Aifrionn” 'san mBíobla, agus d'á réir sin nach ceart cion do bheith air, mo fhreagradh orra ar dtús nach bhfuil an focal so “Tríonóid” 'san mBíobla; acht gidheadh atá an nidh chialluighthear leis ann; mar an gcéadna gion go bhfuil an focal so “Aifrionn” 'san mBíobla; atá an nidh chialluighthear leis ann, do réir mar leightear ag Lucas 'san 22 caib. de dháil an tsuipéir do na hAbstalaibh; agus muna gcreideann Luther agus Calvin an focal so “Tríonóid,” agus gan é 'san mBíobla acht an nidh chialluighthear leis, is iongnadh dhóibh nach creidid an focal so “Aifrionn,” tré gan a bheith 'san mBíobla acht an nidh chialluighthear leis, do réir mar a gcruitheocham 'san chéad chaibidil de'n tráchtadh so.

An dara freagradh bheirim ar an droing gcéadna, gurab leór sean-chuimhne sinnseardha agus ughdarás na hEagluise, d'árab ainm — do réir Phóil, 'san treas chaibidil de'n chéad Eipistil chum Timotheus — fundaimeint na fírinne — d'á dhíon gurab ionghabhtha an t-Aifrionn. Agus dá n-abradh Eiriceach 'san mbith d'ár lean an drong úd nach cóir aon nidh do chreideamhuin acht an nidh atá 'san Scrioptúir, mo fhreagradh air nach cóir aon nidh do chreideamhuin ar aon chor acht an nidh atá 'san Scrioptúir sgríobhtha nó na neithe tuigthear as an Scrioptúir, mar atá sean-chuimhne shinnsear, d'árb ainm traditio, ar a bhfuil an oiread measta ag Pól agus atá ar an Scrioptúir sgríobhtha, do réir mar léightear 'san  p.14 dara caibidil de'n dara Eipistil do sgríobh sé chum Thessalonicenses, mar a n-abair — “A bhráithreacha (ar sé) déanaidh seasamh agus congbhaidh an tsean-chuimhne sinnsear d'fhoghluim sibh maille re comhrádh agus maille re sgríbhinn.” Créad is iontuigthe as an ionad so Phóil acht go raibh an oiread measa aige ar shean-chuimhne dogheibhtear de chomhrádh béil agus do bhí ar an Scrioptúir sgríobhtha. Adeir Pól 'san treas chaibidil de'n dara Eipistil chum na gCoirinteach gurab iad an pobal fa h-eipistil do Chríost, agus nach le dubh do sgríobh í acht le Spiorad Dé bheó, agus nach i leacaibh cloch do sgríobh í acht i gcláraibh colluidhe an chroidhe. Adeir Pól, 'san t-ochtmhadh caibidil chum na n-Eabhrach, nidh as a dtuigthear gurab mór de'n Scrioptúir do dáileadh do na daoinibh ina mbeulaibh. “Do b'fheárr (ar sé) mo dhlighe ina n-intinnibh dóibh, agus sgríbheochad ina gcroidhthibh iad.” Tig leis so an nidh adeir Pól 'san dara caibidil do sgríobh sé chum Timotheus. “Na neithe (ar sé) dochualaidh tú uaim-se, maille re h-iomad a bhfiadhain, aithin do na daoinibh dísle iad, bhíos ionamhuil chum a dteagasg do chách.” Adeir Críost 'san 16 caib. chum Eoin go raibh mórán aige féin le rádh nach feudfadaois do bhreith leó de'n chor sin, d'á chur i gcéill go seolfadh an Spiorad Naomh dóibh féin agus do'n Eagluis ina ndiaigh gach nidh éigeantach do bhuainfeadh le creideamh na gCríostuightheadh, agus fós is uime sin adeir Críost féin 'san 13 caib. ag Marcus, ag gealladh na neithe gcéadna, an tan dobheartaoi na gCríostuighthe chum ceiste tré na gcreideamh, nach laibheoraid, acht gurab' é an Spiorad Naomh laibheoraidh ionnta. Tig leis so fós an nidh adeirid na hAbstail 'san 15 caib. d'á nGníomharthaibh, ag a mhaoidheamh gurab ó'n Spioraid Naomh fuaradar na dlighthe do hórduigheadh leó. “Dochonnarcus (ar siad) do'n Spiorad Naomh, agus d'órduigh dúinne gan ualach ar bith do chur orraibh acht na neithe éigeantacha so.” Bheirid Pól buidheachas 'san gcúigeadh caibidil de'n chéad Eipistil ro sgríobh chum na gCoirinnteach, tré mar do choiméadadar na h-aitheanta thug sé féin dóibh; gidheadh ní leightear gur sgríobh aon fhocal chúca riamh roimh an Eipistil so, ná fós gur fhág sé aon fhocal sgríobhtha aca; ar an adhbhar sin is follus gurab de chomhrádh béil d'fhág sé na haitheanta sin aca, agus d'á réir sin go dtugadaois fógartha agus aitheanta Dé i gcoiméad do na Críostaighthibh de chomhrádh béil. Ní bhfuil fós anns an Scrioptúir aon áit d'á rádh go follus gurab d'fhuil Mhuire go cinnte do ghabh Críost daonacht, acht amháin adeir gurab ó Mhuire do ghabh Sé daonacht, agus ní innsean cia aca ó shíol Mhuire nó ó n-a fuil; gidheadh creidid na hEiricidh féin gurab d'fhuil ró-ghlain Mhuire do ghabh an mhórdaonacht. Is iontuigthe as so go gcreidid na hEiricidh féin nidh nach bhfuil 'san Scrioptúir. Ní bhfuil 'san Scrioptúir aon áit adeir go follus rinn gurab aon  p.15 phearsa amháin atá ag Críost in a bhfuilid dhá nádúr, mar atá nádúr dhiadha agus nádúr dhaonda, in a bhfuilid dhá thoil — eadhon, toil dhiadha agus toil dhaonda; gidheadh adeirid na hEiricidh (nidh nach iongnadh) go bhfuil siad ag Críost; agus ar an adhbhar sin creidid siad nidh nach bhfuil anns an Scrioptúir. Creidid siad baiste leinibh, creidid siad go bhfuil trí pearsanna anns an Tríonóid, agus nach bhfuil ionnta acht aon substaint amháin, gidheadh ní bhfuilid briathra foillsigheacha anns an mBíobla as a dtuigthear na neithe úd, ná mórán de neithibh eile nó go gcuireann an Eagluis gluais orra, ó's léi féin do bhuaineas dlighe Dé do mhíniughadh; agus atá fioghair ró-ghaolmhar do so ag Matha anns an 21 caib. mar a leightear — an tan do bhí Críost go caithréimeach ag dul go Ierusalem Domhnach na Phailme, ar mhuin asail, go dtug fá deara ar na hAbsdalaibh a matalaidhe do chur faoi ar an asal sul dorachadh d'á mharcuigheacht, d'á chur i gcéill nach dlighthear do na tuataibh dul do mharcuigheacht ná do mhíniughadh an Bíobla nó go gcuirid préaláididhe agus príomh-úghdair na hEagluise cumhdach air dóibh. Adeir fós Daibhidh Rí, anns an 18 Sailm, d'á tharrngaire, go síolróchuidhe an creideamh leis na hAbsdalaibh agus leis an Eagluis ina ndiaigh. “Rachaidh (ar sé) a bhfoghair ans an uile thalamh, agus rachaidh a mbriathra i gcríochaibh cruinne na talmhan.”

Tuig, a léightheoir, gurab' é tharrngair Daibhidh annso go rachaidh briathra na droinge adubhramar go ciumhsaibh cruinne na talmhan, agus nach é adubhairt go rachaidh a sgríbhin, d'á chur i gcéill nach le Scrioptúir amháin doghnidhthear craobhsgaoileadh ar an gcreideamh, acht fós de chomhrádh béil d'á ngoirtear sean-chuimhne sinnsear.

Adeir Eoin anns an treas Eipistil Chanonda nidh as a dtuigthear go mbí cion aige ar an teagasg do bhuainfeadh le creideamh dobheiread uaidh de chomhrádh béil. Ag so mar adeir — “Ar mbeith do mhórán agam re a sgríobhadh, níorbh'áil liom a chur i bpáipeur ná i ndubh chugaibh, óir atá dóigh agam (ar sé) teacht mar a bhfuiltí, ag labhairt libh beul ar bheul, ionnus go mbiadh sibh lán de gháirdeachus.” As na hionadaibh so, agus as mórán d'áitibh eile anns an Scrioptúir agus anns na haithreachaibh, is iontuigthe gurab ionghabhtha sean-chuimhne sinnsear mar an Scrioptúir anns na neithibh bhuaineas re creideamh. Agus fós caithfidh lorgairidhe Liútair agus Chailbhin fiadhnaise do dheanamh leis so d'á n-aimhdheoin, de bhrigh go bhfuilid puinc d'á gcreideamh ris nach bhfuil Scrioptúir sgríobhtha aca, mar atá saoire do dhéanamh Diadomhnaigh, comaoin do ghlacadh uair anns an mbliadhain, Soisgeul Lúcáis do bheith ina Sgrioptúir, agus gan Soisgeul Nicodemuis, Mharcuis ná Thomáis do bheith ina Soisgeul, lá Cásga do bheith ar an Domhnach, agus saoire do  p.16 dheunamh Lá Nollag, agus Lá Féile Coille, agus Lá Chínn an Dá Lá Dheug, agus Féile na nAbstal, agus fós is punc de chreideamh na Protestants gurab' é rí gacha críche is ceann ar Eagluis na críche sin, gidheadh a shlán fútha aon áit do thabhairt as an Scrioptúir le a n-áiteochaidh aon nidh dhíobh so thuas, agus go háirighthe ris an nidh ndeighionach so. Is fíor nó is follus go bhfuil an Soisgeul contrárdha dho, mar tugadh an monadh dochum Críost, agus mar a ndeárnadh Sé eidirdheallughadh idir uachtarántacht cille agus tuaite, an tan adubhairt — “Tabhair do Caezar a chuid féin (ar sé), agus do Dhia an nidh is leis féin,” d'á chur i gcéill nach leis na rioghthaibh saoghalta acht cuid cuirp agus maoin na n-íochtarán, agus gur le Dia a gcoguais agus a n-anmna, agus d'á réir sin a gcreideamh; nó má théidh an rí i mbarántacht nó i seilbh choguas ná creideamh na n-íochtrán, ní thuigim créad an chuid de dhuine, do réir theagaisg Chríost, dobhearaidh uaidh féin do Dhia. Is córuide so do thuigsin mar so — an nidh leightear anns an 19 caib. de'n dara leabhar de Pharalipomenon, mar a gcuirthear i gcéill eidirdhealughadh do bheith eidir uachtarán cille agus tuaite; agus so an nidh leightear in Amarsas — “bhúr sagairt agus bhúr n-easboig biaid ina n-uachtaránaibh anns na neithibh bhuaineas re Dia. Biaidh fós Sabadias mac Ismael, atá ina dhiuic ar theach Judah, ina uachtarán ar na neithibh, nó na hoibreachaibh bhuaineas le hoifig an riogh.” Is tuigthe dhuit, a leightheoir, as na háitibh reamhráidhte go bhfuilid comhachta speisialta ag na préaláidibh Eagluise ris na neithibh bhuaineas re cogús nó re creideamh, gan buain, gan barántacht ag na rioghaibh riú. Is iontuigthe dhuit fós as na neithibh reamhráidhte de chreideamh na Protestants ris nach bhfuil Scrioptúir aca sgríobhtha, agus fós atá go follus bonnoscionn do'n Sgrioptúir; ar an adhbhar sin ní dlighthear aithfir do bheith oruinn-ne fá neithibh d'ár gcreideamh do bheith ris nach bhfuil Scrioptúir sgriobhtha againn, agus fós nach bhfuil aon phunc d'ár gcreideamh contrárdha d'aon áit de'n Scrioptúir sgríobhtha; acht cheadna is saobh an chiall ó'n droing úd, mar chuirid rómpa aitheach go n-iomad ceann do dheanamh de'n NaomhEagluis Chatoilice is bean phósda do Chríost, an mhéid go gcuirid rómpa ceann do chur airthe anaghaidh gach críche anns an domhan mhór. Is líonmhar fós do líon olc agus urchóid anns na Protestants, an mhéid go gcuirid rómpa dlighthe d'órdughadh in a mbiadh gairm méirligh nó tréatúra do thabhairt ar Dhia Uile-chomhachtach. Agus dá mbiadh ina iongnadh ar aon cionnus, ag so an módh — do chuireadar rómpa tréatúireacht do dhéanamh do'n Aifrionn dárab substaint Críost, do réir mar chruitheocham anns an tráchdadh so shíos, agus is Dia Críost, do réir na Protestants; ar an adhbhar sin doghnídh tréatúir do Dhia an mhéid go ndéinid tréatúir do'n Aifrionn.

 p.17

Measaim, a léightheóir, nach bhfuil acht aigne iarnuidhe, no meanmna marmoir, nó inntinn adamaint, nó croidhe cloiche, nach geabhadh cailge ó ghoimh an ghlóir so (nidh nach iongnadh); óir níor frith i gcairt ná i gcroinic, i litir nó i leabhar, ó thús an domhain riamh sgeul is truaighe agus is diombaidhe 'ná a rádh go ndéantaidhe dlighthe ina n-órdóchaidhe fógradh méirligh, nó tréatúra, do bheith andiaigh Iosa Críost, d'a dhíbirt agus d'a dhiothchuir i ndiamhraibh agus i ndroich-bheilghibh, amhail ceithearnach coille, agus broid agus bás d'imirt ar gach n-aon d'á ngeabhadh ris. Acht, cheana, gidh atáid ráidhte na Protastúin comh follus soin ina mbréig, ionnus nach fiú iad freagra do thabhairt orra; thairis sin, ó dochuadhdar thar chiumhsaibh na córa, agus thar fóir na fírinne, do mheas mé freagra foirfe fulláin do thabhairt orra, do chosnamh agus do choiméad cirt agus córa an Chreidimh Chatoilice, agus go h-áirighthe anns an bpunc príonsabálta in a bhfuil ar n-imreasán riú — eadhon, i dtaoibh an Aifrinn, ionnus (tar éis mar chruitheóchas mé de shean-chuimhne sinnsear, agus de bhriathraibh an Bhíobla, gurab maith an tAifrionn) go mbudh follus as sin gach aon nach gabhann leis an Aifrionn gurab eiriceach é.

Ag sin do reimhthionnsgnamh an tráchdadh sin; agus aitchim ar gach léightheóir léighfeas é, fá Dhia do ghuidhe fá'n dtráchtadh so do dhul i nglóire Dé agus i sochar do na gCríostaighthibh. Agus is móide atá féidhm againn Dia do ghuidhe, a throime fhearas Sé A fhearg orruinn, do réir mar chuireas aindlighthe na haimsire so i gcéill dúinn é, mar go gcuirid dealbhóiridhe an dlighe an manach agus an méirleach, an bráthair agus an bitheamhnach, an sagart agus an sladuighe, an cléireach Catoilice agus an ceithearnach coille i gcómhmheas agus i gcómhchlann a chéile, agus aon smacht amháin orduighthear do dhéanamh orra leath ar leath. Gidheadh má's cúis bhruide ná bháis ar dhuine bheith ina shagart nó ina bhráthair, nó cuing chrábhaidh do ghabháil, is éagcóir méad an mholta thug Críost d'Eoin Baisde; nó má's lochd ar dhuine bheith ina shagart, is éagcóir do bhí cion ag Dia ar Mhaoise agus ar Aarón agus ar Mheilcisideic do bhí ina shagart anns an SeanReacht, agus Críost féin, do réir Dáibhidh anns an 109 Sailm.

Seathrun Céatuin, Sagart agus Dochtúir Diadha, ughdar na hoibre so; agus má tá nidh ar bith inbhéime ann, gabhadh gach léaghthóir mo leithsgeul, do bhrigh nach tré mhailís acht tré dhearmad atá ann.


Geoffrey Keating

Edited by Patrick O'Brien

 p.19

EOCHAIRSGIATH AN AIFRINN

An Chead Chaibidil, In a dtráchtar ar an Aifrionn, agus in a suightear an tAifrionn do bheith ar bun ó aimsir na nAbstal, agus ó shoin anuas.

Adeir Pól anns an 13 caib. de'n Eipistil do sgríobh chum na nEabhrach, nidh as a dtuigthear an tAifrionn do bheith ag á gnáthughadh anns an Eagluis re n-a linn féin — “Atá againn (ar sé) altóir ar nach feudaid an dream ar a ndeuntar timchill-theasgadh nidh d'ithe.” Agus is é ainm ghoireas sé de'n altóir sin, “Thusiastérion” — eadhon, “íodhbairt cláir;” agus do bhrigh nach raibh íodhbairt cláir eile ann, acht altóir an Aifrinn, is uirre do labhair sé. Adeir fós go follusach S. Deinis, do bheannaigh 'san bhFrainc, agus budh deisgiobal do Phól Abstal, 'san dtreas chaibidil de'n leabhar do sgríobh ar árd-fhlaitheas na hEagluise nidh as a dtuigthear go follus go raibh an tAifrionn re n-a linn ann. “An tan (ar sé) d'órdaigh ár bprionnsaidh-ne an tAifrionn do rádh ós árd, ní le céadfaidhibh osgailte do nochtadh, acht le comharthadhaibh ró óirdhearca do dháileadar iad.” Adeir mar an gceudna Aurelianus naomhtha, fa choimh-dheisgiobal do Martialis, do bhí ina dheisgiobal ag Peadar, i mbeatha an Martialis so, na briathra so — “Ar mbeith (ar sé) do'n duine ró naomhtha so ag rádh Aifrinn, tárlaidh go hobann go ndeachaidh an Diabhal i gcorp iarla óig d'ár bh'ainm Arneus, ó chathraigh Taronic, agus ina mhnaoi d'ár bh'ainm Christiana.” Is iontuigthe as mbriathraibh an fhir so go raibh an tAifrionn d'á rádh agus ar bun re n-a linn féin. Adeir Abdias, do bhí ina dheisgiobal ag Pilib Abstal, 'san seachtmhadh leabhar ro sgríobh ar chathughadh na nAbstal, mar a dtráchtann ar bheathaidh Mhatha soisgeulaidhe — “Le linn (ar sé) na huile eagluise do ghabháil leis an Aifrionn, do chongaibh Matha é féin lámh ris an altóir ar a ndeárnadh sé Corp Chríost d'ofrálughadh, agus d'fhulaing sé go luathgháireacht martra abstalda ann.” Is follus i mbriathraibh an fhir so go n-abradh Matha Aifrionn; óir dochonnairc sé féin Matha go minic. Adeir Clemens, an treas Phápa andiaigh Pheadair, 'san 11 Canóin — “Gan amhrus (ar sé) ná habradh sagart ar bith Aifrionn ina phorróiste féin gan furáileadh an easbuig.” Ocht mbliadhna agus trí fichid andiaigh Chríost do mhair an fear so.

 p.20

Adeir Telesphorus, an t-ochtmhadh Pápa andiaigh Pheadair, 'san cheathramhadh canóin de Chanónachaibh na nAbstal — “Ní cneasta (ar sé) na hAifrinn do rádh roimh an treas uair de'n ló”; 127 bliadhna andiaigh Chríost do'n fhear so.

Adeir Higinus, an deachmhadh Pápa andiaigh Pheadair, gurab de dhruim na nAifrionn dlighthear na teampoill do choisreagadh.

Adeir Ignatius 'san eipistil do sgríobh sé chum an chinidh d'ár bh'ainm Sinormenses — “Ní dlighthear (ar sé) ofráil do dhéanamh gan easbog, ná íodhbairt do thoirbhirt, nó Aifrionn do rádh”; 103 bliadhna andiaigh Chríost do'n fhear so.

Adeir S. Ambrós, 'san leabhar do sgríobh ar na Sacraimeintibh, ainm an Aifrinn go minic; agus do chuir sé foirm an Aifrinn go follus síos 'san leabhar so; 380 bliadhan andiaigh Chríost do bhí an fear so ann.

Adeir Eusebius, 'sandara leabhar do sgríobh de Stáir na hEagluise, gurab'é Peadar adubhairt an chéad Aifrionn in Antiochia, 'san Syria, agus gurab'é S. Seamus adubhairt an chéad Aifrionn in Ierusalem, anns an Asia mBig, agus gurab'é Marcus adubhairt an chéad Aifrionn in Alexandria, anns an Africa; 330 bliadhan andiaigh Chríost do bhí an t-ughdar so Eusebius ann.

Adeir Hugo de Sancto Victore, 'san dara leabhar de na Sacraimeintibh gurab'é Peadar adubhairt an chéad Aifrionn anns an Antiochia; 1130 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.

Do chuir S. Aibhistín, 'san 59 Eipistil do sgríobh chum Paulinus, gach nidh bhuaineas le hord an Aifrinn síos go soiléir; 400 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.

Dobheir Leó, an chéad Phápa de'n ainm sin, “íodhbairt” ar an Aifrionn anns an ochtmhadh Eipistil; 450 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.

Adeir Gréagóir, do réir mar léightear 'san leabhar d'árab ainm Decretales — “Guidheadh an sagart (ar sé) go mbiaidh Corp Chríost, glacthar anois fá ghnéithibh aráin agus fíona, uair eile d'á ghlacadh go follus, mar atá sé féin — eadhon, bheith ag filleadh air ina ghlóir féin i bhFlaitheas;” 600 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.

Adeir Beda, ag cur míniughadh nó gluaise ar an dara caibidil de'n chéad eipistil do sgríobh Pól chum na gCoirinnteach — “Fa thoil leis an Spiorad Naomh (ar sé) onóir chomh mór-sa do thabhairt do'n tSacraimeint gurab túisge dorachadh Corp Chríost i mbeul an Chríostuidhe 'ná biadha fhóirimealacha.” Is follus as briathraibh an fhir so go raibh Corp Chríost ag na Críostaidhthibh d'á chaitheamh ar céadlongadh lena linn féin; 720 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.

 p.21

Adeir Haymo, easbog, ag cuir gluaise ar an 10 caibidil de'n chéad eipistil do sgríobh Póil chum na gCoirinnteach — “Coisreagthar (ar sé) ar dtús an t-arán, agus beannuighthear leis an sagart agus leis an Spiorad Naomh é, agus bristear ina dhiaigh sin é; agus annsin, bíodh gurab arán dochídhtear ann, go fírinneach is é fíor-Chorp Chríost bhíos ann”; 830 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so ann.

Adeir Anselmus, ag cur gluaise ar an nidh céadna 'san eipisttil céadna — “Ní h-iongnadh (ar sé) go ndeárnaidh Críost a fhuil agus a fheoil féin d'arán agus d'fhíon; óir doghníodh Sé go laetheamhuil 'san uile dhuine feoil agus fuil d'arán agus d'fhíon; óir an t-arán itheas duine doghnídhthear a iompógh chum feola; agus an fíon ibhthear leis do chlaochlodh, maille re h-oibriughadh an Chruthuightheóra, i bhfuil.” Is follus i mbriathraibh an fhir so, anaghaidh Chailbhin, nach é amháin samhuil Chuirp Chríost, nó cuimhne air, bhíos 'san abhluin choisreagtha, acht go mbí Corp Chríost dáríribh idir fhuil agus fheoil ann, do réir mar chruitheocham 'san tráchtadh so in áit eile é; 1080 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.

Is iomdha teist barántamhuil eile d'fheudfamaois do thabhairt anuas do neartughadh linn, acht nach righthear a leas linn ar dhá adhbhar; an chéad adhbhar díobh go n-admhuid na h-éiricidhe féin go bhfuil an tAifrionn d'á ghnáthughadh ag an Eagluis Rómhánuigh re míle agus dhá cheud bliadhan; an dara adhbhar, go n-admhuid anns na gceithre ceud bliadhan roimhe sin budh foigse do Chríost go raibh an Eagluis cheudna sin glan gan truailleadh, ionnus gach nidh ar a dtángadar na hAithreacha d'aon inntin ar feadh na haimsire sin do bhuainfeadh re h-aon phonc de'n chreideamh, go mbíodh ionghabhtha mar an Scrioptúir, do réir mar léightear i meádhoin an leabhair dídheanta — eadhon, Apologia, do sgríobh i n-ainm Righ Sacson — .i. an Chéad Shéamus, i gcoinne Charthanóir Bellarmín, mar a n-abair gurab ionghabhtha mar an Scrioptúir gach nidh air ar chinneadar na nAithreacha Naomhtha do bhí ar feadh na 400 bliadhan úd ann. Agus is follus i dtús na caibidile so, go dtángadar d'aon mhéin ar an Aifrionn do bheith ag a ghnáthughadh agus do bheith ionmholta 'san Eagluis; agus, d'á bhrigh sin, ó thángadar d'aoin mhéin ar a bheith ionghabhtha, agus go n-abraid na h-éirichidhe gach nidh ar a dtángadar na hAithreacha Naomhtha d'aontoil do bheith ionghabhtha mar an Scrioptúir, is inchreidte dóibh, d'á bhrigh sin, go bhfuil an t-Aifrionn ionghabhtha, do bhrigh go dtángadar na hAithreacha reamhráidhte ar aon inntin agus d'aon toil ar a bheith ionghabhtha. Agus dá n-abradh LutherCalvin, nó a lorgairidhe, nach dtángadar na hAithreacha úd d'aon mhéin ar a bheith ionghabhtha, a shlán futha, ainm nó sloinneadh, laoidh nó litir, aon athar d'á raibh ar feadh na h-aimsire úd ann do thabhairt anuas d'á dhíomholadh nó d'á chur ar gcúl.

 p.22

Is follus gurab foghluim dhiabluidhe an tAifrionn do chlódh agus do chur ar gcúl; ar dtús olcus na n-úghdar le ar tionnsgnamh a mhúchadh — eadhon, Luther, millteóir manaigh do bhlodh a chuing chrábhaidh le h-uabhar agus le antoil, d'ar chuir sé suas de cheann na hEagluise tré formad agus ainmhian, agus tré n-a dtug sé Caitríona, an bhean riaghalta, go h-aindlightheach as mainistir, d'á bheith ina leanán leaptha aige fein, contrárdha d'á móid araon agus do'n ghealladh thugadar do Dhia.

Calvin, cheana, do budh dhuine anuasal é, tugadh suas ar dhéirc ina sgoláire, agus, ar mbeith ina dhiaigh sin dó ina chanánach i dteampoll chaidrealta, 'san bPiocáirde, 'san bhFrainc, tug é féin chomh mór sin d'antoil na colna, ionnus an tráth nach fuigheadh mná chum peacaidh riú, do bhíodh buachaill aige ré a ndeunadh peacadh truaillighthe Sodomaic. Agus, ar n-a fhionnachtain sin d'easbog na h-áite, do gabhadh agus do cuireadh i bpriosún leis é, nó go dtugadh peannaid dó: agus, ar ndeunamh aithrighe dhó, do leig an t-easbog amach é; agus ar mbuain díograise mionn de gan teagmháil anns an choir cheudna arís. Dála Chailbhin, iomorro, níor chian do bhí amuigh an tan thárlaigh 'san choir chéadna arís é; agus, an tráth do bhraith daoine é ar tí sgeula do dheunamh air do'n easbog do ghaibh eagla an smachta céadna é, agus d'eulaigh sé gan fhios; agus ní dheárnaidh sé cómhnuidhe nó go ráinig sé an chathair d'arab ainm Geneva, do bhí ró bhuaidheartha re n-a bprionnsa féin; agus annsin do thionnsgain sé ar bheith ina eiriceach agus an tAifrionn do chur ar gcúl. Mar sin do gach millteóir eile do lean Luther agus Calvin do na barántaibh breugadh do sgríobhadh go sgigeamhuil ar an Eagluis Rómhánaigh, ní bhfuil ionnta acht cliar chuirpe cholaigh, do chlaon a gcuing chrábhaidh, agus do chuir druim re Dia, agus ucht ar imreas, agus mar dibhfeirg chum na hEagluise tré bheith ag a smachtughadh ina n-olcaibh ainmhianacha féin.

An dara feacht, is follus as foghluim Luther gurab ó'n Diabhal tháinig dó an tAifrionn do chur ar gcúl; óir do dheonaigh Dia dhó a sgríobhadh d'á láimh féin 'san gceathramhadh caibidil de'n leabhar do sgríobh sé ar an Aifrionn do chur ar gcúl, mar do bhí sé chúig bliadhna deug ag diospóireacht ris an Diabhal, d'á chothughadh air gur mhaith an gnás an tAifrionn; agus i bhfóircheann na haimsire sin, mar do chlaoidheadh ris an Diabhal é; agus mar do chruthuigh de réasúnaibh air nachar b'ionghabhtha an tAifrionn. Créad is iontuigthe as an admháil so Luther acht gurab foghluim dhiablaidhe do bhí aige, agus gurab ó'n Diabhal tháinig an tAifrionn do chur ar gcúl agus do chlodh. Dá bhfiafraigheadh LutherCalvin cia an áit 'san Scrioptúir ionar órduigh Dia an tAifrionn. Léightear leó 'san 22 caib. ag Lúcás, mar d'órduigh Críost Sacraimeint na haltórach do dheunamh fá ghnéthibh aráin agus fíona an tan adubhairt, “Déanaidh so mar chuimhniughadh  p.23 orm-sa.” Agus is é nidh chialluigheas Sé annso an nidh dorighne Sé féin do dhéanamh; agus is é an nidh dorighne seisean an tAifrionn do rádh, do réir substainte an Aifrinn; óir trí neithe atá de shubstaint anns an Aifrionn. An chéad nidh dhíobh, an abhlann agus an fíon do coisreagadh. An dara nidh, iad araon d'ofrálughadh suas chum an Athar uile-chomhachtaigh. An treas nidh, caitheamh fola agus chuirp Críost fá ghnéithibh an fhíona agus an aráin. Agus do réir Lúcáis, 'san gcaibidil chéadna, dorighne Críost gach nidh dhíobh so. Ag so briathra Lúcáis ag labhairt ar Chríost — “Do ghlac an t-arán (ar sé), dorug buidheachas, do bheannuigh, do bhris, agus thug d'á dheisgioblaibh é, ag rádh — “Glacaidh agus ithidh, ag so mo chorp féin; glacaidh agus ibhidh, ag so m'fhuil féin; déanaidh so mar cuimhniughadh orm-sa.””

Tabhair dod' aire, a léightheóir eagnuidhe, mar adubhairt Sé — “Déanaidh so,” ag ciallughadh an Aifrinn adubhairt Críost an tan sin, do réir na dtrí nitheadh so adubhramar bhuaineas re substaint an Aifrinn — eadhon, an t-arán agus fíon do coisreagadh, d'ofrálughadh agus do chaitheamh; agus nach é adubhairt, mar adeir Calvin — “Ag so samhuil nó fioghar mo chuirp agus m'fheola-sa.” Atáid, cheana, neithe eile diadha so-mholta 'san Aifrionn, bhuaineas re n-a onóir nach bhfuil d'á substaint. Do chuireadar an Eagluis do bhun crabhaidh agus caondúthrachta ann, théid in onóir do Dhia agus i soi-leas do bheodhaibh agus do mharbhaibh; mar atáid orthanna, solás, eipistleacha, soisgéil, preafaide, agus gach nidh eile d'á bhfuil anns an Aifrionn, leath amuigh de na trí neithibh úd bhuaineas re n-a shubstaint. Is iontuigthe mar an gceudna as na briathraibh reamhráidhte gurab ris na sagartaibh amháin, agus nach ris an bpobal gcoitcheann, bhuaineas an tAifrionn do rádh; amhuil is follus 'san 22 caibidil ag Lúcás, mar a n-abair sé gurab do na deisgioblaibh, do bhí ina sagartaibh an tan sin, d'órduigh Críost an tAifrionn do rádh ag cuimhniughadh a pháise. Tig Chrysostomus leis so 'san 30 Homilia dochum pobail Antiochia — “Tusa, a thuatha (ar sé), an tan dochídhfir an sagart ag ofrálughadh, ná meas gurab é an sagart amháin atá aga dhéanamh, acht gurab í lámh Chríost go do-fhaicsiona atá aga dhéanamh.”

 p.24

AN DARA CAIBIDIL. In a dtráchtar anaghaidh na nEiriceadh, agus in a suidhtear gurab sacraifis nó íodhbairt an tAifrionn.

Adeir Malachias anns an gcéad chaibidil — “O thurgabháil gréine go fuineadh is mór m'ainm-se idir na cineadhachaibh; agus íodhbarfuidhear agus ofrálfuidhear anns an uile áit am' ainm-se iodhbhairt ghlan.” Adeir Damascenus, 'san 14 caib. de'n 4 leabhar ro sgríobh ar an gcreideamh gcoitchionn, gurab ar íodhbairt an Aifrinn do labhair Malachias go fáidheamhuil annso. Ag so briathra Damascenus — “Is í so an íodhbairt ghlan, neamh-fholamhail, adubhairt an Tighearna, i mbeul an fháidh, dodéantaoi do ofrálughadh dó féin ó thurgabháil gréine go fuineadh.” Agus dá n-abradh LutherCalvin gurab í Iodhbairt na Páise do tharngair an fáidh, ní fíor dóibh é, óir níor hofráladh Iodhbairt na Páise acht ar Sliabh Calvary amháin; agus do b'í a bhfaisdine an íodhbairt úd d'ofrálughadh ó thurgabháil gréine go fuineadh. Mar an gcéadna, is íodhbairt ghlan do tharngair ann, agus níorbh'íodhbairt ghlan Iodhbáirt na Páise, ó dhortadh fola, gidheadh do bhí glan i dtaobh a substainte: ar an adhbhar sin, ní ar pháis Chríost do labhair an fáidh; agus ó nach bhfuil íodhbairt eile ann acht an tAifrionn is éigean admháil gurab ar an Aifrionn do labhair an fáidh; agus d'eagla go gcuirfeadh aon duine in iongnadh créad as a n-abramaois íodhbairt neamhghlan re Páis Chríost, ní hé is iontuigthe as go mbiadh Iodhbhairt na Páise caidheach nó salach, acht do dhéanamh deifreach idir í féin agus an íodhbairt anns nach ndeárnadh dortadh fola, mar dorighneadh innti-se anns an Sean-Reacht. Ní raibh íodhbairt ghlan ar bith ag na cineadhachaibh roimh Pháis Chríost, acht iad ag adhradh do dhéithibh boghra balbha, do réir mar adúbhairt Dáibhidh Rí anns an 95 Sailm — “Do bhí deamhain (ar sé) in uile dhée na gcineadhach;” nó dá n-abradh LutherCalvin gur fíoruigheadh an fhaisdine leis an droing de'n chineadh Iudaigheach do sgaipeadh agus do sgannradh fá thrí rannaibh an domhain, do ghabh díbirt tré chogadh na nIudaigheach re cineadhaibh eile do bhí ag déanamh fóirneirt nó fóiréigin orra, ní fíor dóibh é, óir dothugsad an dream díbeartha sin iad féin ar adhradh do dhéithibh boghra balbha do nós na gcineadh eile, do réir mar adeir Dáibhidh anns an 105 Sailm, ag labhairt ar an droing sin — “Atáid (ar sé) arn-a gcomhchumsgughadh idir na cineadhachaibh, agus d'fhoghluim siad a n-oibreacha; agus dorighneadar óglachas dá mbréig dealbhaibh.” Do tharngair fós Dáibhidh anns an 49 Sailm, ag labhairt i bpearsain Dé — “Cuirfidhear íodhbairt an tSean-Reachta ar gcúl, agus beidh aon íodhbart amháin ann do thaithneomhaidh le Dia. Ní ghlacfad (ar  p.25 sé) as do thigh-se laoigh náid pocáin dod' thréadaibh, acht toirbhir do Dhia íodhbairt mholta” — eadhon, íodhbairt an Aifrinn. Agus is é do tharngair Sophonias 'san dtreas chaibidil — “An tráth úd (ar sé) dobhéar beul toghtha do na poibleachaibh; ionnus go nguidhfidís go leir ainm an Tighearna, agus go ndéanfaidís óglachus dó le h-aon ghualainn, no le h-aon chuing”; agus measaim gurab'é nidh chialluigheas an aon chuing so, aon chuing íodhbartha an Aifrinn. Léightear fós 'san dara caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh na Riogh, tarngaire ar shagartacht soisgeulta an Aifrinn, d'á chur i gcéill go mbiadh comhachta aige, agus go rachadh báthadh ar shagartacht an tSean-Reachta, an tan adubhairt — “Feacaidh (ar sé) tiocfaidh laethe in a sgaipfaidh mé do lámh agus lámh d'athar, agus dúiseóchaidh mé sagart díleas dham féin, dodhéanas do réir mo chroidhe agus m'anma féin, agus shiubhalóchas do láthair mo chuirp féin ó ló go ló.” Tuig gurab ionann “lámh” annso agus comhachta; óir cuirthear go minic an focal so “lámh” 'san Scrioptúir ar son chomhachta; amhail adeir Dáibhidh 'san 118 Sailm — “Atá m'anam féin (ar sé) am' láimh féin do shíor.” Ionann sin agus “ar mo chomhachtaibh féin.” D'á bhrigh sin is é chialluigheas an text úd thuas go raibh Dia ar tí comhachta na sagart n-Iudaigheach do chur ar gcúl, agus ar tí na sagart soisgeulta do chur i gcomhachtaibh; agus ó nach féidir sagartacht do bheith gan sacrifice nó íodhbairt, agus gurab follus gur cuireadh íodhbairt an tSein-Reachta ar g-cúl, do réir Phóil, mar a n-abair sé nach le fuil tarbh nó pocán do fuasgladh sinn, acht le Fuil luachmhar an Uain neamh-urchoidigh, ní fuláir íodhbairt soisgeulta do bheith ann; agus, ó nach bhfuil íodhbairt soisgeulta ann acht an tAifrionn, is air do labhair Pól. Agus d'á n-abradh Luther Calvin nach fuil sagartacht fóir-imealach soisgéalta ann, acht sagartacht folaightheach spioradálta, agus 'san gcéill sin gurab sagart go comhchoitcheann an uile dhuine, idir fhear agus mhnaoi, éistid re Pól 'san gcúigeadh caibidil chum na nEabhrach, mar a ndeárnaidh sé eidirdhealughadh idir na tuatadhaibh agus na sagartaibh, an tan adubhairt — “An uile easbog (ar sé) tógbhathar as na tuatadhaibh, nó as na daoinibh eile, oideadhthar é ar son na ndaoineadh anns na neithibh in a mbíonn roinn againn re Dia; ionnus go n-ofráladh sé tiodhlaichthe agus íodhbarta ar son ár bpeacaidh, agus ar ár son féin, agus ar son an phobail.” Is iontuigthe as na briathraibh so gurab í an oifig is tairbhidhe, tabhachtaidhe, bhíos ag an sagart nó ag an easbog (óir is ionann iad) íodhbairt d'ofrálughadh ar son a bpeacaidh, do réir Phóil. Agus, ó nach raibh le linn Phóil, ná ó shoin i leith, íodhbairt ann acht an tAifrionn, ní fuláir do Chailbhin a admháil gurab íodhbairt an tAifrionn, nó abradh dúinn ainm íodhbarta eile do bhí ann an uair sinn nó ó shoin i leith. Agus dá n-abradh  p.26 LutherCalvin nach cóir íodhbairt do bheith ann acht íodhbairt in a ndéantar dortadh fola, ní fíor dóibh é; óir léightear 'san 14 caibidil i Genesis go ndeárnaidh Meilcisideic íodhbairt aráin agus fíona; agus adeir Lúcás 'san 22 caibidil go ndeárnaidh Críost íodhbart d'á Chorp agus d'á Fhuil féin, fá ghnéithibh aráin agus fíona, anns an suipéar; ghidheadh níor dhoirt aon bhraon d'á Fhuil an tan sin. Léightear 'san dara caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh na Riogh, go ndeárnaidh bean d'ár bh'ainm Anna a mac féin, eadhon, Samuel, d'ofrálughadh do Dhia, agus níor doirteadh braon d'á fhuil an tan sin. Léightear ar Mhuire Mháthair gur ofráil sí a Mac féin 'san Teampoll do Dhia tré lámhaibh Shimeoin, sagart. Léightear, fós, 'san 12 caib. de'n Eipistil do sgríobh Pól chum na Rómhánach, gur ghuidh sé an pobal Rómhánach, d'á iarraidh orra a gcuirp féin do thabhairt mar íodhbairt do Dhia; gidh, ní tháinig thar dhortadh fola. D'á bhrigh sin, gan chead do Luther nó do Chailbhin, ní h-éigean dortadh fola do bheith 'san íodhbart.

Fá h-ionamhail, iomorro, do shagartacht Mheilcisideic sagartacht Chríost, do réir Dáibhidh 'san 109 Sailm — “Do dhearbhaidh an Tighearna (ar sé), agus ní budh aithreach leis é, is sagart tu-sa go síorruidhe, do réir uird Mheilcisideic.” As so is iontuigthe, ó's do réir uird Mheilcisideic atá Críost, gurab íodhbairt do réir an uird chéadna dligheas Sé do dhéanamh; agus, ó's íodhbairt aráin agus fíona, gan dortadh fola, dorighne Meilcisideic, a mhacsamhuil sin dligheas Críost do gach sagart eile d'á ord do dhéanamh. Is córaide so do chreideamhuin an gealladh úd tug Dáibhidh do Chríost, nacharbh'fhéidir a bheith fírinneach i sagartacht Aaron, in a ndéantaoi dortadh fola 'san íodhbairt; óir is follus gur críochnuigheadh an sagartacht sin i mbás Chríost an tan adubhairt Consummatum est, agus is éigean an tsagartacht do tharngair Dáibhidh do bheith fírinneach, síorruidhe ann chum na faisdine do bheith fírinneach.

Níorbh' éagcosamhuil Críost agus Meilcisideic do shamhlughadh re chéile, óir fa righ agus sagart Meilcisideic, agus mar an gceudna do Chríost. Ionann, fós, Meilcisideic agus “righ an chirt,” agus fa h-é Críost, dá-ríribh “Righ an Chirt.” Adeir fós Pól go raibh Meilcisideic gan athair gan mháthair; ní h-é nach raibh athair agus máthair aige; acht níorbh'fheas annsan Scrioptúir cia fa h-athair nó fa mháthair dó; mar an gceudna do Chríost, ní raibh athair ag A Dhaonacht ar talmhain, ná máthair ag A Dhiadhacht ar Neamh. Dorinne Meilcisideic íodhbairt aráin agus fíona an mhéid gur sagart é; óir d'eagla go measfaidhe gurab proinn choitcheann thug sé d'Abraham do shásughadh a chuirp amháin, adeir an Scrioptúir, d'á chur i gcéill gur bh'feidhm sagairt dorinne — eadhon, iodhbairt do dheanamh amhail cuirthear síos 'san 14 caib. in Genesis, an tan adeirthear, “óir fa  p.27 hé sagart an Dé ró árd é”; ionnus dá mbudh biadh coitcheann do bhí sé do thabhairt uaidh go mbudh fhurasda do dhuine mar é — do bhí sé ina righ — a mhalairt féin d'fhágháil chum bidh choitchinn do dháil d'Abraham. As gach nidh dhíobh so is inmheasta gurab fioghair cosmhail do Chríost Meilcisideic, agus, mar an gceudna, go raibh íodhbairt Mheilcisideic ina fioghair ag tuar an Aifrinn.

Atáid trí neithe in a dtigid Iodhbairt an Aifrinn agus Iodhbairt na Páise le chéile; ar dtús is ionann an nidh íodhbarthar 'san Aifrionn agus do híodhbaireadh anns an bPáis, do réir mar adeir Lúcás 'san 22 caibidil — “Ag so (ar sé) mo chorp féin tiodhlaicfidhear ar bhur son; ag so m'fhuil féin doirtfidhear ar bhur son 'san gCrois.” An dara nidh, amhail do bhí an Pháis i dtarngaire do Chríost do bhí an tAifrionn i dtarngaire do Mheilcisideic, do réir Malachias 'san gcéad chaibidil. An treas nidh ina dtigid le chéile go rabhadar fioghracha agus furfhogartha na Páise.

Acht, cheana, atá eidirdhealughadh eatorra i neithibh eile. Ar dtús, gur fá ghnéithibh coimhightheacha do íodhbair Críost é féin 'san suipeur, agus gurab ina chruth dhíleas féin do iodhbair Sé é féin 'san Pháis; an dara deifir atá eatorra, gurab é fa cúis do Iodhbairt na Páise le bás agus le dortadh fola Chríost, grása, fíor-aondacht, naomhthacht, agus sláinte mharthanach do ghreamughadh dúinn-ne; peacaidhe an domhain do chur ar gcúl; ár dtinneas-na d'iomchar; an diabhal do chlaoidh; an bás síorraidhe do ruagadh; an bheatha mharthanach do dháil dúinn; dóirse an fhlaithis neamhdha d'fhosgladh rómhainn, d'ár bhfuasgladh, agus leorghníomh folláin do dhéanamh 'san bhfolmhach éagcórach dorighne an céad athair ó'r fhásamar i bParathas.

Iodhbairt an Aifrinn, cheana, is é is feidhm di bheith ina cuimhniughadh ar an bPáis, ina seoidfine agus ina comhartha cumainn againn, d'ár dtathughadh le sochar na Páise agus ina sásughadh spioradálta d'ár n-anamnaibh, agus dobheir meudughadh grása do na fíreunachaibh, amhail dobheir beatha corpordha, fás agus meudughadh ar fhuil agus ar fheoil an tí chaitheas é; is mar sin doghnidh Iodhbairt an Aifrinn, atá ina bhiadh spioradálta, dobheir sé sásughadh agus meudughadh do na grásaibh bhíos i n-anam an fhíréin. Tig de fós giorradh do chur ar phiantaibh na n-anam i bpurgadóir. Feudaim a rádh gur híodhbaradh Críost ar trí modhaibh fhreagras do na trí reachtaibh, mar atá Reacht na Nádúire, Reacht Mhaoise, agus Reacht an tSoisgéil. An chead modh dhíobh, 'san gcéad reacht, do híodhbaireadh Críost go fioghartha i mbás Abel do marbhadh le Cáin, do réir mar adeir Eoin 'san 13 chaibidil in Apocalypsis — “Atá an t-Uan arn-a mharbhadh (ar sé) ó thús an domhain,” ag ciallughadh bháis Abel do marbhadh i dtús an domhain, do fhurfhogradh go reamh-fhaicsionach íodhbairt na Páise. Mar an gceudna do híodhbaireadh go fáthach, fioghartha, é 'san  p.28 reithe do thaisbéan an t-aingeal do Abraham chum íodhbartha tar cheann Isaac, amhuil léightear 'san 22 caibidil in Genesis. An dara modh in i n-iodhbairthear é, do réir an dara reachta, ar úrlár na Croiche ina Pháis, amhail adeir Pól 'san gcúigeadh caibidil chum Ephesians, “Tug Críost (ar sé) annsacht dúinn, agus do thiodhlaic Sé é féin mar ofráil ar ár son agus mar íodhbairt do Dhia.” Is ris an nidh gcéadna bhuaineas an nidh adeir Isaias 'san 35 caibidil, an tan adubhairt, ag labhairt go fáidheamhuil ar Críost — “Do híodhbaireadh é do bhrigh gur bh'í sin a thoil féin.” An treas mhodh in a n-íodhbarthar Críost, do réir an treas reachda, go sacraimeinteamhuil, nó go fáth-rúnda, folaightheach, fá ghnéithibh coimhightheacha, mar atá fá ghnéithibh aráin agus fíona 'san Aifrionn, do réir mar do shuidheocham, agus mar do suidheadh linn go soiche so. Agus is ar an modh ndeighionach so ghnáthuigheas an Eagluis Críost d'íodhbairt, agus ní ar an dara modh; ní hionann agus mar adeirid na h-éiricidhe. Is gnáthach, iomorro, leis na hEiricidhibh an tan dochídhid aon nidh somholta ag an Eagluis Chatoilice d'á dhéanamh, nach feudaid do chur ar gcúl do Scrioptúir nó d'ughdarás, gabhaid ag fochmhuid agus ag fónomhaid faoi, do cheilt a nEiriceachta agus a n-ainbhfiosa féin, do mhealladh agus do bhreugadh tuatadh leanas d'á slighthibh seachránacha féin.

Is fíor gurab le linn a íodhbartha féin, agus ar dtús ar an dtreas mhodh so 'san Suipeur, do thionsgain Sé an nuadh-fhiadhnuise — eadhon, an treas reacht, dárab ainm Reacht Soisgéalta, agus gurab í sin an dara gné in ar híodhbaireadh é — eadhon, 'san bPáis do chríochnughadh an tSeanReachta amhail adubhramar thuas. Dá n-abradh LutherCalvin nach maith tuigthear linn an tarngaire dorighne Dáibhidh do shagartacht shíorraidhe Mheilcisideic tréna rádh dhúinn gurab re Críost bhuaineas sí, éistear leo le postadhaibh foirtille na fírinne, mar atáid aithreacha eagnaidhe úghdarásacha na hEagluise, agus dochluinfid uatha go follus gurab é Críost fa cuspóir comhráidh do Dháibhidh 'san rann reamhráidhte úd thuas do haithléigheadh linn. Ag so, cheana, mar adeir Cyprianus 'san treas Eipistil de'n dara leabhar — “Do híodhbaireadh (ar sé) le Críost an nidh do híodhbaireadh le Meilcisideic” — eadhon, arán agus fíon; ionann sin re a rádh — agus a fhuil agus a fheoil féin. Adeir Damascenus 'san 14 caibidil de'n cheathramhadh leabhar — “Le harán agus le fíon (ar sé) do ghlac Meilcisideic (fa sagart do'n Dia ró árd) Abraham ar bhfilleadh dhó iar marbhadh na n-eachtrannach.” Fa reimh-fhioghair an bhórd úd Mheilcisideic do'n bhórd ghlanrúnda so againn-ne, amhail fa iomháigh agus fa fioghair an tsagartacht úd Mheilcisideic do Chríost, an fíor-shagart síorraidhe amháin. Adeir Epiphanius, ag sgríobhadh anaghaidh Eiricidhe Melchidianus — “Cialluidh (ar sé) íodhbairt Mheilcisideic an té úd a dubhairt, “Mise an t-Arán  p.29 Beó”; agus cialluidh fós an Fhuil do buaineadh as A thaobh 'san gCrois.” Adeir Ieronimus, 'san eipistil do sgríobh chum Marcella — “Do íodhbair (ar sé) Meilcisideic arán agus fíon i gcruth nó i bhfioghair Chríost.” Adeir Ambrós, 'san dtreas chaibidil dhe'n chéad leabhar ro sgríobh do'n tSacraimeint so na h-altórach — “An tan tharlaidh an sagart Meilcisideic ar Abraham, iar mbreith mbuadha, agus do h-íodhbaireadh leis arán agus fíon dó.” Adeir S. Aibhistín, 'san 17 caibidil de'n 17 leabhar do sgríobh sé ar Fhlaitheas Dé — “Anois (ar sé) ní bhfuil sagartacht ná íodhbairt in aon áit 'san domhan do réir uird Aaron, agus íodhbarthar fá'n sagart Críost 'san uile áit an nidh do dháil Meilcisideic.”

Adeir an fear céadna, ag sgríobhadh ar an 33 Sailm — “d'ordaigh Críost (ar sé) íodhbairt d'á Chorp agus d'á Fhuil féin do réir uird Mheilcisideic.” Adeir Arnobius, do mhair i gcionn 300 bliadhan andiaigh Chríost, ag sgríobhadh ar an 109 Sailm — “Maille ré fáthrún aráin agus fíona (ar sé) dorinneadh sagart de Chríost go síorruidhe, do réir Mheilcisideic dorighne íodhbairt aráin agus fíona.” As ráidhtibh na droinge adubhramar is follus (gan chead do Luther nó do Chailbhin) gurab ar sagartacht Chríost do labhair an fáidh; agus do bhrigh gur gheall sé a bheith síorruidhe, is increidte go mbeidh sí ar bun go deireadh an domhain. Agus, ó nach bhfuil sagartacht ann gan íodhbairt, agus nach raibh riamh, ní fuláir íodhbart do bheith ann do réir sagartachta Chríost agus Mheilcisideic; agus ní bhfuil íodhbairt eile ann acht an tAifrionn: nó, má tá, innseadh LutherCalvin nó a lorgairidhe é — agus, ar an adhbhar sin, is íodhbairt an tAifrionn. Adeir, cheana, Theophilactus, ag cur gluaise ar an gcúigeadh caibidil de'n Eipistil do sgríobh Pól chum na nEabhrach — “Is uime (ar sé) adeirthear gur sagart Críost go síorruidhe, do bhrigh go n-íodhbarthar é go laetheamhuil, agus go n-ofráltar é go síorruidhe mar íodhbart le sagartaibh Dé, iar mbeith do Chríost i n-aoinfheacht ina easbog agus ina shagart aca”; 880 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.

 p.30

AN TREAS CHAIBIDIL, In a Suidhtear an Nidh Céadna.

Ag so áitiughadh na nAithreach is barántamhla tháinig andiaigh Chríost anns an Eagluis, leath-amuigh do na hAbstalaibh agus do na Deisgiobalaibh; agus sgríobhtha ina ndiaigh féin cia an saoghal andiaigh Chríost in a raibh gach aon aca.

Ag so mar adeir Martialis anns an eipistil ro sgríobh chum pobuil Búrduise — “Tiodhlaicthear (ar sé) íodhbairt do Dhia an Cruthuightheóir ar an altóir, agus ní do dhuine ná do aingeal ofráltar í.” Is follus i mbriathraibh an fhir so go raibh íodhbairt altóra ann le n-a linn féin. Acht gidh adeir Luther agus Cailbhin nach raibh íodhbairt ar bith ann ó do cuireadh Críost chum báis; gidheadh fágbhaim fá bhreathnughadh an léightheóra cia córa sgeul an fhir so do chreideamhuin, do bhí ina dhuine naomhtha, agus fa deisgiobal do Pheadar, agus dochonnairc Críost go minic, Luther agus Cailbhin do bhí mar dochualabhar féin.

Adeir Tertullian, anns an leabhar do sgríobh ag furáileamh na geanmnuidheachta do choiméad — “Cuiridh (ar sé) úghdarás na hEagluise eidirdhealughadh idir an lucht uird agus an pobal, óir doghníodhthar íodhbairt agus baiste ris an sagart.” Agus dá n-abradh LutherCalvin gur ab idir uaisle agus anuaisle an phobail doghnidh sé eidirdhealughadh annso, agus idir fhear agus mhnaoi; nach idir sagartaibh agus tuatadhaibh, agus go mbudh sagart gach aon duine; amhail adeir sinn, éisteadh leis an úghdar gceudna, 'san leabhar ro sgríobh sé ar na maighdeanaibh — “Ní fhuilingthear (ar sé) do mhnaoi anns an Eagluis labhairt ná múnadh ná baisdeadh ná íodhbairt do dheunamh.” Is follus i mbriathraibh an fhir so go raibh íodhbairt agus sagartacht speisialta ann le n-a linn féin; agus nach raibh coitcheann ag an uile dhuine; 160 bliadhan andiaigh Chríost do bhí an fear so ann.

Adeir Origenes, 'san 20 Homilia, ag cur gluaise ar Leviticus — “Atáid anois (ar sé) an Eagluis ag íodhbairt Chríost, an íodhbairt fhírinneach do bhí arna fhiogharughadh anns an tSeanReacht”; 230 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so ann.

Adeir Cyprianus naomhtha 'san eipistil ro sgríobh chum Cecilius — “Ní híodhbarthar (ar sé) íodhbairt an Tighearna maille re naomhthacht dhlisdineach muna bhfreagraidh ár n-ofráil agus ár n-iodhbairt-ne do'n pháis; agus muna raibh sí cosamhuil ria i gcásaibh d'áirighthe;” 250 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.

 p.31

Adeir Athanasius, ag cur gluaise ar an eipistil ro sgríobh Pól chum na n-Eabhrach — “Is follus (ar sé) go bhfuil aon íodhbairt amháin againn anois; acht gidh, do bhí iomad 'san tSeanReacht.” Is follus i mbriathraibh an fhir so go raibh íodhbairt ina aimsir féin ann; 330 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.

Adeir Hieronimus 'san dara ceist do sgríobh sé chum Hebedia — “Iodhbarthar linn (ar sé) a fhuil súd go laetheamhuil ina íodhbartaibh de gheugaibh fineamhna fíre”; 400 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so, agus fa gabhal de ceithre ghabhlaibh na hEagluise é.

Adeir S. Aibhistín 'san deachmhadh leabhar ro sgríobh ar flaitheas Dé — “Do coisgeadh (ar sé) na híodhbartha bréige do'n fhíor-íodhbairt ró-mhór so.” Agus dá n-abradh Luther Calvin gurab ar Iodhbairt na Páise thug sé “an íodhbairt ró-mhór so,” éistidís ris an bhfear gcéadna 'san 23 eipisdil do sgríobh chum Bonifacius, agus tuigfid as sin gurab ar Iodhbairt an Aifrinn labhras — “Nach anaoinfheacht amháin (ar sé) do íodhbarthar Críost ann féin, maiseadh thairis sin, ní headh amháin íodhbarthar é an uile fhéasda na Cásga 'san tsacraimeint, acht íodhbarthar é gach aon lá do na poibleachaibh; agus ní dhéanadh breug an tí dá bhfiafróchaidhe an ndéantaoi dó iodhbairt, dá bhfreagradh ag rádh go ndéantar.”

Léightear i mbeatha S. Aindréas go ndubhairt sé na briathra so, ag rádh — “Iodhbarthar do Dhia Uile-chomhachtach an t-uan neamh-chaidheach gach aon lá.” Agus dá n-abradh Luther Calvin nach bhfuil annso acht rádh na hEagluise, agus d'á bhrí sin nach cóir creideamhuin do, éistidís ris an bpríomh-ughdar barántamhuil, S. Aibhistín, agus tuigfid as a bhriathraibh go ndleaghthar teist n-a hEagluise do ghabháil. Ag so, cheana, mar adeir sé 'san eipisdil do sgríobh sé chum Hieronimus — “Ná déanadh (ar sé) aon duine breathnughadh anaghaidh ghnáthadh ró-bheannuighthe na hEagluise; óir atá a húghdarás chomh mór sin, ionnus nach féidir le haon duine leanfas di dul amughadh ná ar earáid”; 400 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.

Rabbi Apprensas, ughdar Eabhrach, ag tarngaire ar Iodhbairt an Aifrinn — “I n-aimsir na tarngaire tiocfaidh duine darab ainm Messiah (ar sé) coisgfidh na huile íodhbartha, gidheadh ní choisgfidh íodhbairt an aráin agus an fhíona go bráth.”

Adeir Alexander Pápa agus mairtíreach, an seachtmhadh Pápa andiaigh Pheadair, 'san ceathramhadh canóin — “Ní féidir (ar sé) aon nidh bheith anns na híodhbarthaibh is mó ioná Corp Chríost agus a fhuil; agus ní féidir íodhbairt is uaisle ioná í d'fhághail; acht do sháruigh sí an uile íodhbairt.”

Adeir Isodorus, 'san chéad leabhar do mhúnadh na gCríostuightheadh — “Creidim (ar sé) gurab ó na hAbstalaibh féin dofrith íodhbairt d'ofrálughadh  p.32 ar son na marbh, do bhrigh go bhfaicim d'á choiméad mar nós é ar feadh na talmhan.”

Léightear 'san seiseadh agus 'san seachtmhadh caibidil ag Leviticus, go rabhadar cúig gnéithe íodhbarthadh ann; an chéad ghné ar a dtabhradaois iolosgadh, nó uilelosgadh, mar i ndéantaoi an beathadhach uile do losgadh ann; an dara gné híodhbartha, íodhbairt aráin tslím ar a gcraithti ola; an treas íodhbairt, íodhbairt na sítheólachta; an ceathramhadh híodhbairt, an peacadh gníomhach, nó an peacadh doghnídh duine re faill; an cúigeadh íodhbairt, íodhbairt an ghlanta. Tigid, iomorro, na cúig gnéithe íodhbarthadh so re chéile i n-íodhbairt Chríost; óir ar dtús fa huilelosgadh é, do bhrigh go raibh ar lasadh de theine an ghrádha 'san gcrann chéasda agus d'ofráil sé é féin go huile chum an duine d'fhuasgladh go hiomlán; an dara feacht, fa híodhbairt an aráin tslím é, mar is follus anns an abhluin ar a gcuirthear ola gáirdeachais na ngrás. An treas feacht, is íodhbairt sítheólachta é; óir re linn Pháise níor labhair aon fhocal garg, agus do tharraing síothcháin agus sítheóltacht ar neamh agus ar talamh. An ceathramhadh feacht, fa íodhbairt pheacadh — eadhon, ar son pheacach — é; do réir mar adeir Pól 'san 5 chaibidil de'n dara eipis. chum na gCoirinnteach — “Oir, gion go ndeárnadh sé peacadh (ar sé, ag labhairt ar Chríost), dorinneadh ar ár son-ne na peacach” — eadhon, díoluigheacht ar son peacach Dé.

An cúigeadh feacht, fa íodhbairt ghlanta é; óir do ghlan sé sinn go léir ó n-ár bpeacadhaibh, do réir mar adeir Eoin 'san chéad chaibidil de'n chéad eipisdil chanónta — “Glantar sinn (ar sé) le fuil Iosa, a mhac súd ó'n uile pheacadh.” Agus dá n-abradh LutherCalvin gurab'é adubhairt Críost — “Déantar so libh,” agus nach é adubhairt — “Iodhbarthar so libh.” Bíodh a fhios aca, de mhodh labhartha na n-Eabhrach, go n-abarthar go minic an focal so “déantar,” ar son an fhocail so “íodhbarthar,” mar is follus as na hionadaibh so síos an Sgrioptúra. Adeir Dáibhidh 'san 65 Sailm — “Dodhéan duit (ar sé) bath mar aon le pocánaibh.” Ionann sin re a rádh agus — “Dodhéan íodhbairt de bhuaibh agus de phocánaibh duit.” Léightear fós 'san 9 caibidil de'n treas leabhar de leabhraibh na Riogh, mar a n-abair — “Dorighne Solamh ule losgadh.” Léightear arís 'san 18 caib. de'n leabhar ceudna mar a n-abair Elias — “Dodhéan (ar sé) bó eile.” Mar an gcéadna 'san 13 caib. de'n Leabhar na mBreitheamhan — “Má's áil leat uilelosgadh do dhéanamh.” Léightear, 'san 23 caib. ag Leviticus na briathra so — “Déanaidh pocáin ar son bhar bpeacadh.” As na h-ionadaibh so tuigthear go follus go n-abarthar an focal so “déantar” ar son an fhocail “íodhbarthar.” Oir dá mbudh i gcéill LutherCalvin do thuigfeamaois na h-áite reamhráidhte, dob' ionnan é agus tarbh nó pocán do dhéanamh do fáidhibh, do bhrigh nach féidir, do réir nádúra, bath do chruthughadh gan tarbh d'á ndéanamh.

 p.33

Do bhárr ar gach suidhiomh dá dtugamar linn anuas éist, a léightheóir le teist ár n-eascarad — Lúitear ag déanamh fiadhnaise linn — ag admháil go bhfuil íodhbairt ann. Ag so mar adeir 'san ngluais ro sgríobh ar an 109 Sailm — “Créad é an fáth (ar sé) bhí ag an bhfear úd d'ofráil aráin agus fiona do láthair Abraham? Is é chialluigheas súd (ar sé) sagartacht Chríost 'san mbeatha aimseardha so go deireadh an domhain; agus fós go ndéantar leis é féin d'íodhbairt 'san Eagluis ar an altóir i sacrameint fholuightheach a chuirp rónaomhtha agus a fhola luachmhaire féin.”

Is iomdha suidhiomh barántamhuil eile dobhéarainn anuas annso, acht go measaim gur leór gach teist d'a dtugas, mar aon le fiadhnaise Luther féin; ádhbhar eile fós d'eagla go mbeidhinn liosda do'n léightheóir.

An Ceathramhadh Caibidil. Thráchtas go mórálta, no go fáithchiallach, ar an Aifrionn, agus ar shanasán an fhocail chéadna.

Ní thigid mínightheóiridhe an Bhíobla ná lucht sgrúdaighthe na Sgrioptúra le chéile timcheall sanasáin nó bunadhais an fhocail so “Missa” — eadhon, Aifrionn. Adeirid, iomorro, cuid aca gurab ó'n bhfocal Laidne — eadhon, Missa est, atá ar cur, adeirthear é, “do bhrigh (ar siad), go gcuirthear Iodhbairt an Aifrinn chum an Athar Uile-chomhachtaigh.” Adeirid cuid eile dhíobh nach ó'n bhfocal Laidne — Missa est — tháinig ar dtús, acht ó'n bhfocal Eabhra, Misach — eadhon, íodhbairt. Is é réasún na droinge so ris, do bhrigh gurab'é Peadar agus S. Seamus S. Seán adubhairt an tAifrionn ar dtús, agus gurab anns an teangain Eabhra adubhradar é, agus na deisgiobail do bhí aca ag timpireacht dóibh sul do sgaradh ó chéile fá chríochaibh éagsamhla na cruinne leis na hAbstalaibh iad, rugsad leo an t-ainm dochluinidís ag na hAbstalaibh ar an Aifrionn ina mbeulaibh — eadhon, Messiah (Mashiach), mar is follus ar feadh na hEorpa idir an chléir; acht, gidheadh doghnidh focal Laidne dhe ag buain choda dhe, d'á chur i n-oireamhuin do'n Laidin. Ní chuireann aon nidh ina aghaidh so a rádh, go mbeidheadh ainm cinnte fá leith i mbeurla nó i dteangthaibh gacha críche, i n-eagmais an anma choitchinn úd — eadhon, Messiah, mar atá Aifrionn i nGaoidheilg, Liturgia i nGréigis, agus Mass i mbeurla Sacsonach. Agus is í baramhuil na droinge deighionaighe is mó mheasaim do bheith fírinneach. Bíodh a fhios agat, a léightheóir, go bhfuilid trí teangtha anns an Aifrionn, már atá Eabhra, Gréigis, agus Laidion: Eabhra .i. Hosanna; Gréigis, cheana, Kyrie Eleison; agus Laidion, urmhór an Aifrinn ó shoin amach. Is é fáth, iomorro, fa'r órduigh an Eagluis so  p.34 mar chuimhniughadh ar an íodhbairt fhola úd dorinneadh ar altóir na croiche air ar sgríobhadh na trí teangtha so, de dheoin Dé tré dhiamhairchéill. Ag so an fáthrún fá'r dheonaigh an Spiorad Naomh a sgríobhadh — eadhon na trí háidhmhillte, nó na trí hanágha do bhí, do réir an tSean-Reachta, andiaigh na croiche, mar atá mallacht, leimhe, agus bruid, do bhrigh go raibh a bhara fá Chríost 'san gcroich na trí haidhmhillte sin d'iompodh chum trí sochar, mar atá beannacht, eagna, agus saoirse. Cialluighthear anns na trí teangthaibh úd in ar sgríobhadh, gairm agus teidiol Chríost ar an gcroich. Is uime sin do dheonaigh an Spiorad Naomh a sgríobhadh ann; An Eabhra, iomorro, an teanga naomhtha; an Laidion teanga na n-árd-fhlath; agus an Ghréigis, teanga na n-eagnuidheach. Agus do bhrigh gurab sompla agus cuimhniughadh ar Iodhbairt na Páise Iodhbairt an Aifrinn, d'órduigh an Eagluis na trí teangtha úd do bheith 'san Aifrionn, ag cuimhniughadh na dtrí sochar gcéadna d'fhág Críost ag na fíreunchaibh, agus fós d'á chur i gcéill go dtig na trí sochair úd do'n Aifrionn — eadhon, beannacht, eagna, agus saoirse, gibé fíreun éistfeas é. Tabhair dod' aire — do réir S. Tomáis, 'san seiseadh h-airteagal de'n 73 ceist, de'n treas chuid de “Summa” a Dhiadhachta — go bhfuilid trí neithe chialluigheas an íodhbairt so an Aifrinn go fioghaireamhuil, mar atá Iodhbairt Mheilcisideic, agus na híodhbartha fola, agus an phlúir neamhdha. Tuig fós go bhfuilid trí neithe eile i Sacraimeint na hAltóra. An chéad nidh an Sacmeint tur — eadhon, arán agus fíon; agus ar an mhodh so chialluigheas Iodhbairt Mheilcisideic. An dara nidh — Sacraimeint — agus an nidh féin, mar atá fíor-Chorp Chríost, agus is ar an modh sin chialluigheas an uile íodhbarta fola an tSean-Reachta. An treas nidh atá ann, ar a ngoirthear an nidh amháin, mar atá déanmhus neith na Sacraimeinte, agus is ar an modh so chialluigheas an plúr neamhdha; óir amhuil dobhiodh blas gach neith dobhiodh do mhian ar dhuine ar an bplúr neamhdha, ionnus an tí air a mbiodh mian mairtfheola, gurab blas mairtfheola dogheabhadh air, agus an tí air a mbíodh mian feola cearc, dogheobhadh sé blas feola cearc ar an bplúr; agus mar sin do gach mian eile ó shin amach; agus mar an gceudna do dhéanmhus neithe na Sacraimeinte so — eadhon, do na grásaibh oibrigheas 'san bhfíreun, atáid na huile mhiana somholta ionnta.

Adeir an t-ughdar céadna gur chiallaigh an t-uan cásga an tSacraimeint so ar na trí modhaibh reamhráidhte. Ar dtús is amhlaidh do caithtí leó an t-Uan Cásga mar aon le h-arán slím, do réir mar adeir Maoise 'san 12 caibidil in Exodus — “Iosfaidhear (ar sé) feoil agus arán slím,” ag labhairt ar an modh in ar chóir do'n chineadh Iudaigheach an t-Uan Cásga do chaitheamh. Mar an gceudna caithtear linn-ne go sacraimeinteamhuil feoil an Naomh-Uain neamh-urchóidigh, mar aon le haicidibh an aráin tslím  p.35 .i. na habhluinne. An dara feacht ar a gcialluigheann an tSacraimeint so an t-Uan Cásga; óir mar do dhíon fuil na híodhbartha úd an Uain, in-allód an pobal uile ar aingeal an éirligh, is mar sin dhíonas fuil an Uain so ar an altóir na Críostuighthe ar aimsiughadh an aidhbherseóra. An treas mhodh, do bhrigh go dtugthaoi an t-Uan Cásga d'á chaitheamh do'n phobal mar íodhbairt an ceathramhadh lá deug do'n éasga, d'á reimh-fhioghrughadh go raibh a dtarngaire an fíor-Uan fiorórdha do marbhadh do'n phobal anns an bpáis ar úrlár na croise, an ceathramhadh lá deug do rae.

An Cúigeadh Caibidil. Thráchtas ar dhiamhairchéill chuladh an Aifrinn, agus ar na neithibh bhéanas leis an altóir.

Bíodh a fhios agat, a léightheóir, gurab cosmhuil ris an riocht in a raibh Críost i n-aimsir na Páise, do réir eudaigh agus innill uile, an cruth in a mbí an sagart le linn Aifrinn (nidh nach iongnadh; óir is ag aithris ar Chríost in aimsir na Páise bhíos an sagart 'san Aifrionn), do réir mar d'órduigh Pól 'san 11 caib. de'n chéad eipisdil do sgríobh chum na gCoirinnteach — “Gacha mhionca (ar sé) íostaoi an t-arán so, nó ibhthí an corn foillseochaidh bás an Tighearna.” Ionann sin re a rádh agus go mbiadh d'fhiachaibh ar na sagartaibh íodhbarta an Aifrinn d'ofrálughadh d'fhoillsiughadh Iodhbartha na Páise, agus d'á chur i gcuimhne do na Críostaighthibh, ionnus go mbudh cuimhin leo gurab de shochar na Páise tháinig an cineadh daonda d'fhuasgladh ó bhruid an aidhbherseóra.

Ar dtús is é chialluigheas an chéad bhall de'n chulaidh — eadhon, an Mict (Amice) an brat do cuireadh um shúilibh an Tighearna an tan do bhíodar na hUidhil ag gabhail de bhasaibh air, ag iarraidh air a innsin dóibh cia do bhuailfeadh é.

Is é chialluigheas an léine Aifrinn, an t-earradh fada bán amadáin do cuireadh air an tan do bhí Sé d'á chur idir Phiolait agus Ioruaith.

Is é chialluigheas an crios, an teud cruaidh-righin cnáibe le'r ceangladh caol a chúim ris an gcolmhuin cloiche, an tan bhí sé d'á sgiúrsáil.

Is é chialluigheas an manipeil, an cuibhreach do cuireadh ar a lámhaibh.

Is é chialluigheas an stóil bhíos ina crois, fá bhrághaid an tsagairt, an chroch fá héigean do Chríost d'iomchar go háit a chéasda.

Is é chialluigheas an cochall, an t-eudach purpair do cuireadh ar Chríost le'r buaineadh a chroiceann de iar mbeith créachtnuighthe dó d'éis a sgiursaighthe.

 p.36

Go fathrunach ag so a gciall sud.

Cialluigheadh an micht daonnacht Chríost, óir mar fholuigheas an micht an sagart, is mar sin fholuigheas daonnacht Chríost a cheann — eadhon a dhiadhacht, óir mar is é an ceann cuid is uaisle agus is aoirde de'n duine is í a dhiadhachta cuid is uaisle agus is aoirde de Chríost; d'á réir sin ní héagcosmhuil an ceann agus an diadhacht do shamhlughadh le chéile.

Is é chialluigheas an stóil, an ghnáthchuing umhlachda agus fhómóis do bhí do ghnáth ag Críost d á Athair.

Is é chialluigheas an léine Aifrinn d'árab nadúir bheith geal an ghlaine do bhí i gcorp Chríost do ghnath.

Is é chialluigheas an crios, cuibhreach an chumainn le'r ceangladh an nádúir dhiadha agus an nádúir dhaonda i n-aon phearsain Iosa.

Is é chialluigheas an manipel, an tuarasdal do thuill Críost 'san chroich, do réir mar do tharngair Dáibhidh 'san 125 Sailm, ag rádh — “Tiocfaidh (ar sé) agus ar mbeith ag teacht dóibh, dobhéaraid, maille le lúthgháir, a ndórnáin leó.” Agus is é do tharngair Dáibhidh annso go dtiúbhradh Críost, ar mbreith buaidhe ar an ndiabhal i mbás na croise, na hAithreacha as an bpríosún, maille re na ndórnánaibh ina lámhaibh, mar cheannach láimhe, a gcaithréim na mbuadh dorug Sé ar a namhuid.

Is é chialluigheas an cochall, an grádh do-fhaisneise do bhí ag Críost do'n chineadh daonda.

Go mórálta cialluighidh an micht, an creideamh; an léine, glaine an chogúais do Dhia agus do dhuine; an crios, geanmnuigheacht chuirp agus inntine; an stóil fómós do na huachtaránaibh; an manipel, deisgréid chum eidirdhealbhtha idir olc agus maith: agus an cochall, carthuine, nó grádh deagh-thoile do Dhia agus do dhuine.

Is é chialluigheas an altóir, an chros chéasda; an chailís, an tuamba; an paiteana, an leac; an corporas an eisléine; an abhlann anma, Corp Críost; an fíon, an fhuil do ling as a thaoibh; an t-uisge curtar annsan gcailís, an t-allus do chuir Críost de.

Atáid neithe bheanas re honóir an Aifrinn, nach bhfuil éigeantach, fhuigfeam do'n chor so gan teacht társta, mar atá dias cléireach do bheith ag friothólamh an tsagairt, agus, an chuid is lúgha dhe, dias do bheith ag éisteacht an Aifrinn, agus a samhuil eile sin nach bhfuil éigeantach anois.

Ag so do na neithibh doghnídh an sagart re rádh an Aifrinn. Ar dtús nighidh sé a lámha re ndul 'san gculaidh dhó, dá chur i gcéill go ndligheann sé a choguas do bheith glan nighte aige ria ndul do dhéanamh Iodhbartha an Aifrinn. Agus is ag cuirr dheis na haltóra doghnidh sé sin, do bhrigh go gcialluigheann an churr dheas stáid na naomhthachta agus na neamhurchóide  p.37 in a raibh Adhamh, ár gcéad athair, sul dorinne sé peacadh, amhuil chialluigheas an churr chlé stáid an pheacaidh iar mbriseadh chánach an ubhaill. Cialluigheas fós an churr dheas an cineadh Iudaigheach, agus an churr chlé an cineadh eile. Agus is é adhbhar fá dtéid an sagart ó'n gcuirr dheis gus an gcuirr chlí, d'á chur i gcéill go dtáinig creideamh agus reacht Chríost ó'n gcineadh Iudáigheach chum na gcineadhach eile; agus is uime sin bheireas an sagart an leabhar Aifrinn leis o'n gcuirr chlí gus an gcuirr dheis i ndeireadh an Aifrinn d'á chur i gcéill go bhfoillsighthear an creideamh so againn-ne arís ar an gcineadh Iúdaigheach i bhfoircheann na n-aimsear. Cialluighidh fós an nídh céadna an t-athnuadhadh dorinne Críost ar an gcineadh daonda, ó stáid an pheacaidh go stáid na ngrás. Cialluighidh lár na haltóra bás Críost; óir mar is é lár na haltóra is meádhon di, mar sin is é bás Críost is meádhon idir an dá reacht, agus fós gurab i meadhon na talmhan fuair bás. Na cúig uaire fhilleas an sagart ar an bpobal 'san Aifrionn is é chialluighid ná cúig uaire do thaisbeán Críost é féin lá na heiséirghe. Is é adhbhar fá ndéin an sagart é féin do choisreagadh re hucht an Aifrinn, d'á chur i gcéill go ndligheann an uile Chríostuighe re hucht deaghoibre do dhéanamh, fioghair na croise do chur ar a éadan, ar a ucht, agus ar a ghuailnibh, ag rádh — “I n-ainim an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh”: óir dlighidh an Críostuidhe an uile nidh d'á mbiaidh aige do dhéanamh ria ndul i gcath dó. Dlighidh an díolmhunach dá nidh do beith aige ria ndul i gcath dhó, mar atá suaitheantas agus comhairc; agus do bhrigh gurab ag cathughadh ris na trí heascáirdibh atá ag an nádúir dhaonda bhíos an sagart: agus fós nach bhfuil acht cathughadh i mbeatha gach aon duine ar an saoghal so, do réir Phóil 'san seiseadh caibidil chum Epheiseas, agus do réir Iób, 'san seachtmhadh caibidil, mar a n-abair nach bhfuil acht díolmhuineas i mbeatha an duine ar an dtalamh, do bhrigh (amhail adubhramar) gurab do chathughadh ris na trí heascáirdibh reamhráidhte — mar atá an diabhal, an saoghal, agus an cholann — théid an sagart ria ndul do rádh an Aifrinn dó; an mhéid go gcuireann úrnaighthe an Aifrinn anaghaidh an aidhbherseora, agus íodhbairt luachmhór an Aifrinn anaghaidh sainte an tsaoghail, agus an trosgadh nó an chéadlongadh, anaghaidh ainmhiain na colna, agus d'á mhúchadh. Is uime sin doghnidh an sagart é féin do choisreagadh, do bhrigh go bhfuilid an dá nidh úd atá éigeantach chum chathaighthe 'san choisreagadh.

Ar dtús atá suaitheantus an chaptaoin nó an chinn fheadhna leanas an sagart ann, mar atá fioghair na croise, is suaitheantas díleas do'n tsagart, agus i gcoitchinne do'n uile Chríostaidhe. Atá fós comhairc dhíleas na sagart agus na n-uile Chríostaidheadh i gcoitchinne  p.38 ann mar atá — “I n-ainm an Athar agus an Mhic agus an Spiorad Naoimh”; agus tuigthear sin as briathraibh Mhatha, 'san 28 caibidil mar adubhairt Críost ris na hAbstalaibh — “Re n-imtheacht díbh (ar sé) baistigh na huile chineadhacha i n-ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.” Cialluighidh, fós, an coisreagadh na glanrúin is óirdéarca atá annsan gcreideamh mar atá fathrún na Tríonóide agus fathrún teachta Chríost i gcoluinn, agus A pháis, agus maitheamh na bpeacaidhe, óir an tan adeirtear “I n-ainm an Athar,” 'san uibhir uathaidh, cialluighthear aondacht na nádúire diadha, do réir a substainte; acht gidheadh atáid Trí Pearsanna 'san Trionóid, agus gurab Dia gach pearsa dhíobh, agus dá mbiadh ina iongnadh ar aon duine cionnus b'fhéidir a rádh gur Dia gach Pearsa dhíobh, agus nach bhfuil ionnta uile acht aon Dia amháin gibé, cheana, ag a mbiadh slabhra trí lúb ina laimh, is fíor go bhfuil an slabhra aige, gibé aca de na trí lúbaibh bhios ina laimh, gion go bhfuil ann acht aon tslabhra amháin; mar an gceudna, gibé ainmneochas aon Phearsa amháin de thrí Phearsannaibh na Trionóide, feudfaidh a rádh go fírinneach gurab Dia gach pearsa dhíobh, gion go bhfuil ionnta uile acht aon Dia amháin.

Agus is uime sin adeirtear an focal so, “I n-ainm,” agus nach é adeirtear, “I n-ainmnibh an Athar, agus an Mhic, etc., do bhrigh nach bhfuil acht aon tsubstaint agus aon chomhachta ionamhla ag na Trí Pearsannaibh.” Is é adhbhar fá'n abarthar — “I n-ainm an Athar” ar an éadan, d'á chiallughadh gurab é an tAthair is tosach do'n Tríonóid, an mhéid go bhfuil agus gurab uaidh do geineadh an Mac, agus uatha araon an Spiorad Naomh. Is uime, fós cuirtear an lámh ar an éadan, ag rádh, “I n-ainm an Athar,” d'á chur i gcéill gur fhan an tAthair ar Neamh do ghnáth; óir mar is é Flaitheas Dé cuid is aoirde de'n chruinne, is é an t-éadan cuid is aoirde de'n duine; is uime adeirthear “agus an Mhic,” ar an imleacán, d'á chur i gcéill go dtáinig Sé i mbroinn Mhuire, agus fós d'á chur i gcéill gurab ris an Mac amháin bhuaineas bheith ina gheanamhain; agus is uime adeirtear “agus an Spioraid Naoimh,” idir an dá ghualainn, do bhrigh gurab meádhon idir an Athair agus an Mac an Spiorad Naomh, amhail is meádhan an raon atá idir an dá ghualainn do'n aga idir an éadan agus an imliocán, agus do bhrigh go gcialluigheann cros an choisreagtha Páis Chríost, dlighidh an Críostaighe a chúig méir do thógbháil suas, i gcuimhniughadh na gcúig gcréacht.

Is uime fós dobheir an Críostaighe a lámh ó'n ngualainn chlí gus an ngualainn ndeis, do bhrigh go dtáinig de shochar na Páise na Críostaighthe do theacht ó thaoibh chlé an pheacaidh go taobh dheas na ngrás. Atá, fós, ina ghnáthughadh ó aimsir Chríost a leith 'san Eagluis na Críostaighthe dá gcoisreacadh  p.39 féin do réir mar léaghtar ag na sean-úghdaraibh do bhí i dtús na hEagluise ann. Ag so mar adeir Mairsilius, 'san ochtmhadh caibidil de'n eipistil do sgríobh sé chum phobail Bhurduis — “Congbhuidhthear linn (ar sé) fioghair na croise maille re comhartha agus maille re beul.” Ionann sin re a rádh agus comhartha na croise do dheunamh le na lámhaibh agus leis na briathraibh réamhráidhte do rádh — eadhon, “I n-ainm an Athar, agus an Mhic,” etc. Adeir Ieronimus 'san eipistil ro sgríobh sé chum Eustochius, “Re tionnsgnamh an uile ghníomha (ar sé) agus an uile aistir deunadh an lámh fioghair na croise.” Adeir Tertullianus, 'san leabhar do sgríobh chum Coróine an Ridire — “Re linn an uile aisdir agus dighnithe (ar sé), re ndul agus re teacht, re linn dulta i n-eudach agus i mbrógaibh, re ndul chum buird agus chum leaptha nó chum suighte; nó gibé nidh eile bhíos againn d'á dheunamh, cuirtear linn comhartha na croise inár n-éadanaibh.”.

Is é so an comhartha ar a dtig Eoin, 'san seachtmhadh caibidil de Leabhar na dTaisbeánta, mar a n-abair, doghníodh an t-aingeal moghaidh an Dé beó do chomharthughadh le comhartha Dé ina n-éadanaibh.

Tig Criosostomus leis an nidh so, 'san 48 Homilia ag sgríobhadh ar Mhatha, mar a dtiubhar do theagasg do'n Chríostaidhe é féin do choisreagadh — “Comharthuigh thú féin (ar sé) le comhartha na croise; agus cuimhnigh méid an mhaslaidh tugsad na hUidhil do Chríost ár dTighearna, re linn A bheathadh agus A pháise.”.

Adeir S. Aibhistín 'san 19 Seanmóir do sgríobh sé ar na Naomhaibh — “Ní dlighthear (ar sé) nidh ar bith do choisreagadh gan crois.” Ionann sin re a rádh agus “gan comhartha na croise.” Tuig, a léightheóir, gion go bhfuilid briathra soillseacha ag an Soisgeul, in a luaidhtear Críostaighe do ghnáthughadh an choisreagtha le láimh, maiseadh gurab inmheasda go gcleachtadh Críost a dhéanamh, agus gurab uaidh fuaradar na hAbstail mar ghnáthughadh a dhéanamh.

Adeir, iomorro, Abdias fa deisgiobal do Philib Abstal, agus do bhí go minic i gcaidreamh na nAbstal, do réir mar léightear aige féin, 'san leabhar do sgríobh air Chathughadh na nAbstal, gur ghnáthughadh ag na nAbstalaibh re linn miorbhuile do dheunamh comhartha na croise do dheunamh le na ndeas-lámhaibh.

Léightear 'san treas leabhar de Leabhraibh Annalach Zonoras go raibh gorta mór idir na Turcachaibh i gcionn 590 bliadhan iar ngein Chríost, ionnus go mbiodh iomad díobh ag faghail bháis: gidheadh, thárla Críostaighe 'san tír thug do theagasg do dhroing aca a gcoisreagadh, agus gach aon díobh do coisreagadh é féin ní bhfaghadh bás leis an ngorta sin.

Léighthear fós, i Sgathán na Sompladh gur cheannsaigh S. Proinnsias maille re comhartha na croise, confadh agus fraoch feirge faolchon do  p.40 bhí ag foghlughadh foirne na cathrach dárab ainm Engubi, agus dorinne síth agus cairdeas idir an gcoin agus cathruightheoiridhe na cathrach reamhráidhte.

Léightear, 'san leabhar ceudna, go raibh bean-riaghalta ag siubhal lubhghuirt na mainistreach in a raibh a gcoimhthionól, agus gur ghabh mian leitiúis í, agus, le fromhadh na luibhe sin di, dochuaidh an diabhal ina corp; agus is é mheasas Greagóir Naomhtha, le ar sgríobhadh an sgeul sin 'san gceathramhadh caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh na Comhagallmha, gurab é ádhbhar fá'r ghabh an diabhal sealbh innte, tré gan fioghair na croise do chur ar an luibh sul do hitheadh léi í.

As gach nidh dá ndubhramar anuas, is iontuigthe go ndligheann gach Críosduidhe re hucht deaghoibre do dheunamh, é féin do choisreagadh ó thús, agus go h-áirighthe an sagart re h-ucht an Aifrinn do rádh, amhail adubhramar thuas.

Is é chialluigheas an toigheacht amach doghnidh an sagart 'san gcoisreagadh (d'á ngóirthear bhestéir) chum an Aifrinn do rádh an toigheacht amach dorinne Críost as broinn Mhuire chum a ofrálaighthe féin do'n Athair in Iodhbairt na Páise.

Is é adhbhar fá n-abair an sagart an Faoisdin Choitchionn, dárab ainim Confiteor, do bhrigh go ndligheann gach aon re hucht Chuirp Chríost do chaitheamh fromhadh do dhéanamh air féin, do réir mar adeir Pól 'san 11 caibidil de'n chéad Eipisdil do sgríobh gus na Coirinntibh — “Dearbhuigheadh duine é féin (ar sé), agus mar sin itheadh sé de'n arán úd agus ibheadh sé de'n chailís; óir gibé itheas agus ibheas go neimhdhlisdineach, is damnughadh dó féin itheas agus ibheas, gan dochar do Chorp an Tighearna.”

AN SEISEADH CAIBIDIL. In a dtráchtar ar na neithibh éigeantacha atá 'san Aifrionn leath amuigh d'á shubstaint.

Ar dtús is é chialluigheas an cromadh doghnidh an sagart ós cionn na haltóra andiaigh Confiteor do rádh dhó an umhlacht do thaisbéan Críost d'á athair re hucht na Páise, an tan adubhairt — “Maiseadh (ar sé), munab í do thoil-se corn na Páise do dhul thorm-sa, déantar do thoil-se.”

Is é chialluigheas “Introitus,” nó dul isteach 'san Aifrionn, an fháisdine dorinneadar na faidhe agus na hAithreacha ar theacht Críost i gcolainn.

 p.41

Is é chialluigheas Kyrie Eleison, furtacht d'iarraidh ar Dhia; óir is ionann Kyrie Eleison agus a rádh — “A Dhia déan trócaire orainn.”

Léightear ar Gemenian Naomhtha, ar mbeith i gcath dhó agus é i ngábhadh, go ndubhairt Kyrie Eleison, agus gur chuir cúig ríogha ar teitheadh.

Adeirtear Kyrie Eleison naoi n-uaire, d'á chur i gcéill gurab é iarramaoid bheith i gcaidreamh na naoi n-órd ainglidhe atá ar neamh.

Is é chialluigheas Gloria in Excelsis caintic na síothchána — eadhon, gurab tuar síothchána idir Dhia agus na daoine an tAifrionn.

Is é chialluigheas an chéad fhilleadh doghnídh an sagart ar an bpobal ag rádh Dominus Vobiscum, an beannachadh dorighne Bóas ar a mheithil féin, do réir mar léightear 'san dara caibidil de Leabhar Ruth; óir amhail fa hathair muinntire Bóas ós cionn na meithle, is mar sin is athair muinntire ós cionn an phobail (is muinntir do Dhia) an sagart. Mar an gcéadna, is é chialluigheas an freagradh dobheir an pobal ag rádh — Et cum spiritu tuo, an nidh léightear ag Pól, 'san gcaibidil ndeighionaigh de'n dara h-eipistil do sgríobh sé chum Timotheus, “Guidheamaoid (ar sé), ó tá an Tighearna ad' bheul go raibh ad' spiorad, agus go gcómhnuidhe do shíor ionnta.”

Is é chialluigheas na hOrthana an Phaidir, agus ní cóir do bheith ionnta acht seacht n-orthana roimh an Eipistil, an chuid is lugha dhe, do bhrigh nach fuil acht seacht n-athchuingeadha 'san bPaidir.

Is é chialluigheas an t-Amen, “Déantar díbh amhuil do iarrabhar,” do réir Eóin 'san gcaibidil ndeighionaigh in Apocalipsi.

Is é chialluigheas an t-Eipistil dligheadh na Sean-Reachta. Cialluigheas sí fós seanmóir Eoin, do bhrigh go raibh sé ina mheádhon idir an SeanReacht agus an Nuaidh-Fhiadhnaise: dá réir sin. Léightear an Eipistil ar uairibh as na Fáidhibh; feacht eile as an Reacht Nuadh. Is ina suighe dlighid an pobal an Eipistil d'éisteacht, do bhrigh gurab aiceacht í, do réir Leabhair Esdras.

Is é chialluigheas an Gradúal — eadhon, an nidh adeirtear idir an Eipistil agus an Soisgeul doilghios na h-aithrighe.

Is é chialluigheas an t-Alleluia, thig ina dhiaigh sin, an gáirdeachus do ghealladh dhúinn andiaigh doilghiosa na h-aithrighe, do réir Mhatha, 'san gcúigeadh caibidil — “Is beannuighthe (ar sé) lucht an doilghiosa, óir dogheabhaidh gáirdeachus do chur orrtha.”

Is é chialluigheas an Soisgeul, seanmóir Chríost féin: agus do réir mar adubhramar thuas, is é chialluigheas an Soisgeul do léaghadh ar an gcuirr gclí de'n altóir, mar tháinig Reacht Dé ó'n gCineadh Iudaigheach chum na gCineadhach eile.

 p.42

Is é ádhbhar fá ndligheann an sagart a aghaidh do bheith budh thuaidh 'san teampoll ag léigh an tSoisgéil, do bhrigh gurab anaghaidh na n-olc atá sé, agus gurab ó'n áird thuaidh thig gach uile olc, do réir mar adeir Ieremias, 'san cheud chaibidil, “O'n áird thuaidh (ar sé) thiocfas an uile olc ar áitightheóiribh na talmhan.” Tuig a léaghthóir, gurab budh thuaidh is cóir do'n tsagart a aghaidh do bheith re léigheadh an tSoisgéil, do bhrigh gurab soir dhligheas éadan nó aghaidh na h-eagluise in a m-bí an Soisgeul dá léigheadh bheith, do réir orduighthe na hEagluise féin.

Léightear, iomorro, ag S. Tomás, 'san g-ceathramhadh h-airteagal de'n 11 ceist de'n chéad chuid de'n dara roinn d'á Dhiadhacht, ag freagradh do na cúigh argóntaibh, cúig reasúin fá ndlighthear do na Críostaighthibh a n-aghaidh do bheith soir ag deunamh úrnaighthe dóibh. An chéad adhbhar dhíobh, do bhrigh gurab ó'n áird shoir gluaistear na flaithis, d'á dtigid torrthadha agus plannduidhe, agus gach sochar eile d'á dtig as an dtalamh do bheith ann. An dara réasún, do bhrigh gurab 'san áird shoir atá Párrthus mar ar cuireadh na céad chomaoineacha ar an sinsear ór' fhásamar, .i. Adhamh. An treas réasún, do bhrigh gurab ainm do Chríost an áird shoir do réir mar adeirthear Oriens ex alto — eadhon ó'n áird shoir anuas. An ceathramhadh reasún, do bhrigh gurab chum na háirde shoir dorinne Críost an Eiséirghe, do réir mar léaghtar 'san Sgrioptúir, gur ab E dochuaidh suas ar Neamh chum na h-áirde shoir. An cúigeadh reasún, do bhrigh gurab ó'n áird shoir thiocfas Críost do dhéanamh an Bhreitheamhnuis, amhail tharngair Matha, 'san 14 caibidil, ag labhairt ar Chríost — “Tiocfaidh (ar sé) amhail soinnéan as an áird anoir.”

Ag so síos dá ádhbhar eile fá ndligheann an sagart, nó gach Críosthaighe, a aghaidh do bheith soir ag deunamh urnaighthe; an chéad adhbhar díobh, do bhrigh gurab anoir thig solus na gréine ar dtús mar sin gurab ó ghréin na fírinne thig solus na ngrás chugainn. An dara hádhbhar, do bhrigh gurab 'san áird shoir atá an Talamh Naomhtha, agus gurab ar an dTalamh Naomhtha dhlightheas gach aon a aghaidh do bheith do thuar Talaimh Naomhtha na mBeó. Annsan Aird Shoir, iomorro, do bhídís an Cineadh Iudaigheach ag guidhe Dé, do réir mar léightear 'san 16 caibidil in Exodus. Atáid, cheana, dá ádhbhar ris an nidh gceudna; adhbhar dhíobh do sheachnadh adhartha do dhéanamh do'n ghréin nó do'n rae: óir fá ró-chlaon an Cineadh Iúdaidheach chum adhartha do dhéanamh do dhéithibh boghra, balbha; an dara hádhbhar, do bhrigh go raibh a adhradh agus an reacht ag dul uatha 'san áird shiar de'n roinn Iarthair — eadhon, an Eoruip.

Dlighidh an sagart a lámha do bheith druidte le chéile, d'á chur i gcéill gurab cóir do'n tsagart a bheul agus a ghníomh do theacht le chéile. Dlighidh fós an sagart, mar aon leis an bpobal, do bheith ina sheasamh re linn  p.43 an tsoisgéil do léigheadh dhóibh. Is é chialluigheas sin, go ndlighid bheith ullamh éasgaidh chum an tSoisgéil do choimeád agus do chaomhna do lámh agus do bheul. Dlighthear solus do bheith ar lasadh re linn an tSoisgéil do léigheadh, d'á chur i g-céill go dtiubhair an Soisgeul solus an chreidimh dúinn; agus, fós, d'á chur i gcéill gurab é Críost soisgeultar dúinn — Solus na Fírinne, shoillsigheas an uile dhuine thig ar an domhan so amhail adeir Eoin 'san gcéad gcaibidil. Dlighidh, fós, an sagart, re léigheadh an tSoisgéil, fioghair na croise do bhuain ar a éadan, ar a bheul, agus ar a ucht. Ar dtús ar an éadan, dá chur i gcéill nach dligheann náire do bheith air ag admháil an tSoisgéil, óir is é an t-éadan ionad an náire; ina dhiaigh sin, ar an mbeul, d'á chur i gcéill go ndligheann sé an Soisgeul do sheanmórughadh go dána; an treas feacht, ar a ucht, d'á chur i gcéill go ndligheann an sagart creideamh a chroidhe do bheith ag toigheacht re seanmóir a bhéil; agus is iad sin na reasúin atá ag na tuatadhaibh fá ndéinid an nidh ceudna. Is é ádhbhar fá ndéanann an sagart agus an pobal iad féin do choisreagadh tar éis an tSoisgéil, d'á ndídion féin ar an nDiabhal d'eagla go ruagfadh sé an síol soisgeulda uatha as a gcroidhthibh.

Is é fáth fá dtiubhair an sagart póg do'n leabhar andiaigh léighte an tSoisgéil, d'á chur i gcéill gurab cóir dó an Soisgeul do sheanmórughadh do dhruim grádha Dé agus a chomharsan.

Adeirtear, fós, an Chré ós árd, ionnus go dtuigfeadh an pobal suim an chreidimh atá 'san gCré; agus, ag rádh na mbriathar so “Incarnatus est,” dlighidh an sagart agus an pobal a leigeann ar a nglúinibh i gcuimhniughadh teachta Chríost i gcolainn; agus andiaigh “Incarnatus est” éirghid ina seasamh nó go n-abair an sagart “Dominus bhociscum,” agus bheith ar a nglúinibh do'n phobal as sin gus an Soisgeul léightear i ndeireadh an Aifrinn.

Is é chialluigheas an tOffertórium (eadhon, an Ofráil), Críost do bheith arn-a ofráil do'n Athair Neamhdha. Is é doghnidhthear annso an abhlann do chur ar an gcorporas agus an fíon 'san gcailís. Cuirtear, fós, uisge 'san bhfíon ag cuimhniughadh an uisge tháinig as taobh Chríost 'san bPáis, do tharngair Esechiel, 'san 47 caibidil, an tan adubhairt — “Dochonnarc (ar sé) uisge ag buinniughadh as thaoibh dheas an Teampoill, agus gach aon duine gus a ráinig an t-uisge sin fa slán é,” agus is ar Chorp Chríost do ghoir sé an Teampall annso go fáidheamhuil.

Is é chialluigheas an t-ionnladh doghnidh an sagart, an t-ionnladh dorinne Críosd as chosaibh na nApstal.

Is é chialluigheas “Orate Fratres,” impidhe cabhra an phobail, d'á chur i g-céill gurab mór fhóghnas guidhe na bhfíreun ar son a céile, do réir S. Seumas, 'san gcúigeadh caibidil.

 p.44

Is é chialluigheas an ortha darab ainm “Secreta,” an dísliughadh agus an folach dorinne Críost air féin tamall roimh an bPáis.

Is é chialluigheas an Phreafáid do rádh ós árd, an taisbéanadh follus caithréimeach dorinne Críost air féin Domhnach na Pailme re h-ucht na Páise.

Is sé chialluigheas an “Sanctus” do rádh trí h-uaire, Trí Pearsana do bheith 'san Tríonóid.

Is é chialluigheas “Dominus” do rádh aon uair amháin, Aondacht na Nadúire Diadha.

Dá n-abradh LúitearCailbhin nach é Críost do órduigh an tAifreann agus, dá réir sin, nach cóir cion do bheith air, bíodh a fhios aca go bhfuil dá nidh 'san Aifrionn mar atá substaint an Aifrinn féin agus neithe eile atá taoibh amuigh d'á shubstaint, amhail atáid orthana agus preafáide (amhail adubhramar); agus an mhéid úd bheanas ris an nidh úd atá d'á shubstaint, is follus gurab é Críosd féin d'órduigh é, amhail léightear 'san 22 caibidil ag Lúcás, do dháil an tSuipéir; agus an mhéid bheanas ris an dara cuid de'n Aifrionn, is iad na Pápadha naomhtha do bhí i dtús na hEagluise ann d'órduigh iad. Agus dá n-abradh an t-eiriceach nachar chóir comaoin ar bith do chur ar an órdughadh d'fhágaibh Críost ar rádh an Aifrinn, bíodh a fhios aige go bhfuil sompla againn 'san tSeanReacht as a dtuigimíd gurab toil le Dia comaoin agus bárr duthrachta do chur ar oifig dhiadha iodhbartha an Aifrinn, do réir mar léightar 'san 16 caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh Paralipomenon go dtug Dia réim agus órdughadh d'áirighthe do Mhaoise do dheunamh íodhbartha, agus gur chuir Dáibhidh agus Solamh bárr agus comaoin leis an réim sin i moladh agus i n-onóir do Dhia, agus go moltar tríd sin iad. As an sompla sin is iontuigthe gurab toil le Dia gach comaoin agus gach bárr dúthrachta dár chuireadar Prionnsadha na hEagluise leis an tsubstaint úd an Aifrinn.

Dá n-abradh Cailbhin nach dlighthear dhúinn Dia do ghuidhe acht in ár spioradaibh amháin, is dearbhtha nach fíor dhó é, óir is cneasda dhúinn glóir agus onóir do thabhairt do Dhia ar trí modhaibh — mar atá do spiorad, do chorp agus do mhaoin saoghalta, do bhrigh go gcuiridh Sé comaoin oruinn ar na trí modhaibh ceudna sin. Dá bhrigh sin ní dhlighthear do na h-eiricigh locht d'fhagháil ar na sagartaibh tré bheith ag feacadh a nglún, agus ag claonadh a gceann, agus ag bualadh a n-ochta, agus ag síneadh nó ag leathadh a lámh 'san Aifrionn; óir is é Dia thug cuirp dóibh; dlighthear dóibh umhlacht agus onóir do Dhia leis na corpaibh ceudna: agus, fós múinidh Pól, 'san dara caibidil de'n chéad Eipistil go Timotheus, go ndlighthear do na Críosduighthibh, re deunamh urnaighthe dóibh, a lámha do  p.45 thógbháil suas agus a gcinn do bheith nocht aca. Ní bhfuair Críost féin locht 'san bpuibliocán tré bheith ag bualadh a ochta, do réir mar léightear san 18 caibidil ag Lúcás. Dorinne fós Críost guidhe, agus E ar A ghlúinibh, ar Sliabh Olibhet, re h-ucht na Páise, do réir mar léightear 'san 22 caibidil ag Lúcás. As na h-ionadaibh-se is iontuighthe nach dlighthear locht d'fhagháil ar na sagartaibh fá bheith ag tógbháil a lámh nó ag bualadh a n-ochta, nó ag sléachtain 'san Aifrionn.

Biodh a fhios agat, a léightheóir, gurab iad so síos anmanna na bPápadh le'r cuireadh comaoin ar an Aifrionn: —.

Celestinus Pápa do órduigh “Introitus,” “Gradual,” agus “Offertorium”; 424 bliadhain andiaigh Chríost do'n fhear so.

Greagóir Mór do órduigh Kyrie Eleison agus Alleluia, agus beagán dé'n Chanóin; 600 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.

Simacus do chuir Gloria in Excelsis ann; 501 bliadhain andiaigh Chríost do'n fhear so.

Telesphorus d'órduigh trí hAifrinn do rádh Lá Nodlag; 134 bliadhain andiaigh Chríost do'n fhear so.

Gelasius do chuir Tractus agus Prefáid ann; 484 bliadhain andiaigh Chríost do'n fhear so.

Innocentius do chuir an Pax ann; 407 bliadhain andiaigh Chríost do'n fhear so.

Damasus do chuir Confiteor agus an Chré ann, agus is é fós do chuir Epistileacha agus Soisgéil ann, do chomhairle Ieronimus Naomhtha; 347 bliadhain andiaigh Chríost do'n fhear so.

Alecsander Pápa do chuir “Qui pridie quam pateretur” ann, agus d'órduigh an t-uisge do chur i bhfíon na cailíse. Is é fós do thionnsgain an t-uisge coisreagtha do dheunamh; agus d'órduigh do na sagartaibh a dhéanamh Dia Domhnaigh chum a chroithte ar an bpobal d'á mbeannughadh; 121 bliadhain andiaigh Chríost do'n fhear so.

Sixtus d'órduigh “Sanctus” do rádh trí h-uaire, agus gach nidh d'á bhfuil ina dhiaigh go Canóin. Agus is é fós d'órduigh gan lámh tuata do bhuain ris an gcailís; agus is é mar an gceudna d'órduigh an Corporás do bheith de lin-eudach; 129 bliadhain andiaigh Chríost do'n fhear so.

Sergius d'órduigh an “t-Agnus Deí” 'san Aifrionn; 692 bliadhain andiagh Chríost do'n fhear so.

Tuig, a léightheóir, nach bhfuil aon duine do na Pápadhaibh so do áirmheas acht duine do bhí i n-árd-fhlaitheas na hEagluise, agus i seilbh Chathaoireach Pheadair; agus, d'á bhrigh sin, dlighidh an uile Chríosduighe a ndlighthe agus a n-órduighthe do choiméad, do bhrigh gurab uachtaráin iad ar an uile dhuine de na Críostuighthibh i gcoitchinne, amhail adeir  p.46 S. Augustin, 'san dara caibidil de'n chéad leabhar do sgríobh sé anaghaidh Eipistleach Paramenian — “Is íochtaráin (ar sé) an Chríosduigheacht go h-uile do'n ti atá ina shuidhe 'san gcathaoir,” .i. Cathaoir Pheadair.

Adeir fós S. Ieronimus, ag labhairt ar árdfhlaitheas an Phápa, mar a sgríobhann anaghaidh na n-éiriceach d'ár bh'ainm Luciferani — “Is ar locht dhighnite an árdshagairt atá slainte na hEagluise.” Ionann sin re a rádh agus gurab ar churam an Phápa (is árdshagart ann) bhíos dlighthe agus orduighthe do dheunamh 'san Eagluis, agus gidhbé nach éisdfidh ris na dlighthibh so doghnidh na Pápadha agus an Eagluis, is eagal do go luidhfidh air an bhreath rug Críost, mar a n-abair 'san 18 caibidil ag Matha, gurab meas pagánaigh nó puibliocánuigh is cóir do bheith ar gach n-aon nach éisdfidh ris an Eagluis.

Is follus dó réir a ndubhramar gurab ionghabhtha na neithe atá 'san Aifrionn leath amuigh d'á shubstaint, agus gurab somholta sleachtain na sagart.

AN TSEACHTMHADH CAIBIDIL. In a dtráchtar gurab cóir iomhaigh Chríost do chur roimh an gCanóin.

Dlighthear, iomorro iomháigh Chríost, mar bhí 'san gCroich, do chur roimh an gCanóin, d'á chuir i gcuimhne do'n tsagart go ndlighthear do cuimhniughadh ar Pháis Chríost doghnídh sé d'eisiomlughadh an tan adeir an tAifrionn; agus dá n-abradh Cailbhin nach dlighthear iomháigh ar bith do bheith ann d'á ndéanaid daoine onóir, bíodh a fhios aige nach fíor dó é, agus go bhfuilid sompladha anns an tSean-Reacht aguinn, mar ar órduigh Dia Féin do Maoise iomháigh do dheunamh 'san tabernacal, amhail léightear 'san 25 caibidil in Ecsodus.

Léightear fós, 'san 31 caibidil in Ecsodus, agus 'san 6 caibidil agus 'san 7 caibidil de'n treas leabhar de Leabhraibh na Ríogh gur órduigh Daibhídh do Sholamh iomad iomháigheadh do chur 'san teampoll, agus go ndeárnaidh Solamh sin air. Do órduigh, mar an gceudna, Dia do Mhaoise (amhail léightear 'san 21 caibidil de Leabhar na nUimhreach) athair nimhe umha do chur a gcrann mar chomhartha, ionnus gach aon do bhíodh créachtnuighthe ó na haithreachaibh neimhe tinntighe do chuir Dia do dheunamh éirligh ar an bpobal (tré bheith ag ceasacht ar an bplúr neamhdha) go mbiadh slán tré amharc uirre. Mar an gceudna, órduighthear leis an Eagluis gCatoilice do na Críostuighthibh iomháigh Chríost (i gcrann na croiche) do chur ar a gcomhair re filleadh uirre, ionnus an tan dochídhfidh an sompla sin go mbiadh amharc a n-inntinne ar Chríost agus ar A Pháis,  p.47 le leighistear gach lot, le n-íocthar gach aingcis, agus le gcneasuighthear gach créacht cróilinnteach dá m-bí ar an gcoguas, agus fós le dteilgthear go taosgach tinneasnach gach blodh d'armaibh innilte na hurchóide d'á mbí i n-aigeun anbhail éigceannsa na h-anmann ó bheith ag athchognamh agus ag árdsgrúdadh uirre i n-aigeantaibh na bhfiréin; agus is usaide an t-athcognamh so dheunamh, iomháigh Chríost agus na croiche do bheith ar chomhair an Chríosdaidhe, do thabhairt Chríost agus na Páise chum a chuimhne, do bhrigh do réir Aristotail, go ngluaiseann cosbóir an chéadfaidh amhail, do réir an tseanfhocuil — eadhon, “Seachnaidh an tsúil an nídh nach bhfaiceann.”

Agus is córuide a mheas gurab fíoghair agus aithghein do Chríost 'san chroich an náthair nimhe úd do bhí 'san gcrann ar an bhfásach, an nidh adubhairt Críost 'san treas caibidil ag Eóin — “Amhail (ar sé) do árduigh Maoise an nathair neimhe 'san bhfásach mar an gceudna is éigin Mac an Duine d'árdughadh, ionnus gach aon chreideas ann nach rachaidh amugha, agus go bhfuighfeadh an bheatha mharthanach.”

Is móide is iontugtha onóir do'n chroich chéasda an nidh léightear ag Peadar 'san dara caibidil de'n chéad Eipistil, agus ag Pól 'san gcéad caibidil agus 'san dara caibidil go Colosenses, 'san naomhadh caibidil gus na hEabhradhaibh, agus fós an nidh léightear ag Damascenus 'san dara caibidil deug de'n cheathramhadh leabhar — “Is déanta (ar sé) an crann mórluaigh-se ionar ofráil Críost E Féin mar íodhbairt ar ár son, ionnus ó n-a bhain re n-A Naomh-Chorp agus re n-A Fhuil di go bhfuil féin ró naomhtha, d'adhradh agus d'onórughadh; mar an gceudna, do réir a gcáile féin, is ionóruighthe gach iomháigh naoimh eile ó sin amach.” Atá fós mar ghnáthughadh 'san Eagluis iomháigh do bheith innte, amhail léightear ag na seanúghdaruibh do bhí i dtús na hEagluise ann. Ag so mar adeir Tertullian, do mhair de'n leith astigh de 200 bliadhan i ndiaigh Chríost, 'san leabhar do sgríobh ar an náire — “Is gnáth (ar sé) iomháigh Chríost agus caora ar A ghualainn do dhealbhughadh ar na cailísibh coisriogtha.” Adeir Eusébius 'san 14 caibidil de'n seachtmhadh leabhar do sgríobh ar Sdáid na hEagluise, go bhfacaidh sé féin iomháigh deunta de phrás, dorinneadh le Sirophenisa, doghníodh iomad míorbhul; 330 mbliadhna i ndiaidh Chríost do'n fhear so.

Adeir Nicephorus, 'san 30 caibidil de'n deachmhadh leabhar, go dtug Silbhester Pápa iomháigh Pheadair agus Phóil do Chonstantinus Impire.

Adeir Criosostimus, 'san deachmhadh seanmóir do sgríobh se d'Eadarghuidhe na Croiche, gur ghnáthuigh aca féin uair 'san mbliadhan — eadhon, Aoine an Chéasda — iomháigh na croiche d'adhradh thrí huaire; 380 bliadhan andiaigh Críost do'n fhear so.

Adeir Greagóir Mór 'san 109 eipistil de'n naomhadh léabhar, na briathra so — “Is uime (ar sé) bhíd iomháighthe 'san eagluis, ionnus an  p.48 mhuinntir nach léigheann leabhair go léaghfadaois go h-áirighthe as na h-iomháighibh an nidh nach féadfadaois do léaghadh 'san leabhair; óir an nidh léigheas an t-eagnuidheach ina leabhar, no seólas an sgríbheann dó, múineann an iomháigh an nidh ceudna do'n dubhthuata an tan fheachas uirthe, eadhon, stair na páise nó dáil an tsuipéir, no triall Mhuire do'n Eigipt, nó an ionamhail eile sin.”

Adeir Greagóir Mór, mar an gceudna, 'san 33 eipistil 'san tseachtmhadh leabhar ag sgríobhadh go Secundinus, aga mholadh tré bheith ag iarraidh iomháigh air féin — “Atá a fhios aguinn (ar sé) nach uime iarras tú iomháigh ár Slánuightheóra chum a h-onóruighthe mar Dia, acht mar chuimhniughadh ar Mhic Dé, agus do lasadh A ghrádha ionnad, agus an tan shleachtamaoidne dhí, ní mar Dhia ghlacamaoid í, acht doghníomaoid Mac Dé d'eadarghuidhe innte.”

Adeir S. Augustin, 'san 77 caibidil de'n 22 leabhar ró sgríobh anaghaidh Faustus go mbiodh iomháigh Abraham ag íodhbairt a mhic, dealbhtha an ionadaibh iomdha re n-a linn féin.

Adeir Damascenus, 'san gcéad oráid do sgríobh ar na h-iomháighibh, go mbíodh iomháigh Phóil Apstal ag Criosostomus Naomhtha láimh re n-a leabuidh

Adeir Beda 'san 25 caibidil de'n chéad leabhar ro sgríobh de Stair Eagluise na Sacsan — An tan dochuaidh Augustín manach, mar aon re coimhthionól cléireach do sheanmóir an tSoisgéil go Sacsaibh, gurab cros airgid fa bratach agá hiomchar rómpa, agus íomhaigh an tSlánuightheora dealbhtha ar chlár.

Léightear ag Sygbertus ina Chronaic, go raibh Iudaigheach ainiriseach (i gcionn 560 bliadhan iar ngein Chríost) do ghabh do láimh bheith ag fochmhuid fá na hiomháighibh, agus lá n-aon go bhfacaidh iomháigh Chríost, agus tug urchar d'á shoighid di, agus do chréachtnaigh í, agus ar n-a goin tháinig iomad fola aisde, i gcruth gur bhfhollus do gach aon d'á bhfacaidh í gurab miorbhuil dorinneadh uimpe.

Adeir Paulinus Naomhtha, 'san 12 eipistil, go mbiodh iomháighthe ag á n-onórughadh 'san Eagluis re 1300 bliadhan.

As na háitibh reamhráidhte is follus go bhfuilid iomháighthe do shíor ag á n-onórughadh 'san Eagluis, agus go bhfuilid ionoróruighthe; agus maille ris sin is córaide a mheas gurab fíor gach nidh dá ndubhramar nach inchreidthe go bhfuileongadh Dia A Eagluis féin ag dul ar seachrán ag tabhairt onóra d'iomháighibh ó aimsir na n-Apstol a leith, dá mbudh neamhthoil leis a n-onórughadh.

Is iongnadh fós an dáil mar go dtiubharthar onóir do chathaoir-sdáit an ríogh, gion go mbiadh an rígh féin do láthair, agus nach tabharthaoi onóir  p.49 d'iomháigh Chríost nó A Mháthar nó na nAbstal, gion go mbeidís séin do láthair; óir mar nach í an chathaoir chrainn úd in a suidheann an righ onóruighthear, acht an rígh féin, agus mar nach é an bréid cnáibe ar a ndealbhthar íomháigh an rígh onóruighthear acht an righ féin, mar an gceudna ní h-í an chloch nó an crann, an brat nó an paipéar, ar a ndealbhthar íomháigh Chríost, a Mháthar, nó aon naomh eile, onóruighthear leis na gCatoilicibh, acht Críost féin, nó na naoimh eile dealbhthar ionnta. Is córaide dúinn fós a mheas gurab toil le Chríost A Iomháigh Féin do bheith ag na Críostuighibh go léightear ag Damascenus, 'san 17 caibidil de'n cheathramhadh leabhar ro sgríobh ar an gCreideamh gCoitcheann bhFíor-fhoghlamtha gur chuir Críost A Iomháigh Féin chum an righ d'ár bh'ainm Abagarus (do bhí lán d'fhonn chum E Féin d'fhaicsin), agus fós gur chuir Sé A dhealbh féin ar naipicín Bheronica. Mar an gceudna, mar do dhealbh Lúcás Soisgeulaidhe íomháigh Mhuire in-a cruth féin, atá ar marthain ag an Eagluis fós, atá cheana Athanasius, agus Basilius, agus S. Augustín, agus Ambrós agus iliomad de dhochtúiribh eile ag teacht leis an bhfírinne so.

AN T-OCHTMHADH CAIBIDIL annso. In a dTráchthar ar Thosach na Canóine.

Bíodh a fhios agat, a Léightheóir, gurab “T” an chéad litir de'n Chanóin agus cuma croise bhíos uirre i nGréigis nó i Laidin, agus do bhrigh gurab do dhruim na croise tháinig an Tighearna d'ár slánughadh, is í céad litir cuirthear i i dtosach an Canónach í; agus is ina fhioghair so d'órduigh Dia inallód do'n Chineadh Iudaigheach, gach aon ar a gcuirfidhe an litir úd mar chomhartha ina éadan, do réir Esechiel 'san naomhadh caibidil, go bhfóirfidhe é ar an díoghaltas do bhí ag Dia d'á dheunamh ar an bpobal.

Is é adhbhar fá gclaonann an sagart a cheann chum láir na h-altóra ag rádh “Té igitur,” i gcuimhniughadh an chlaonta dorinne Peadar 'san dtuamba iar n-eiséirghe do Chríost. Adhbhar eile fós, dá chur i gcéill go ndligheann an sagart dul go ró umhal do dheunamh na h-íodhbartha sin.

Is é chialluighid na trí crosa doghnídhthear, ag rádh “Haec dona,” trí codcha na h-aithrighe, mar atá comhmbrughadh croidhe, admháil fhírinneach beóil 'san bhfaoisidin, agus leóirghníomh 'san lot doghnídhthear — óir trí modha ar a ndeuntar an peacadh, ó chroidhe, ó bheul, agus ó ghníomh. Cialluighid fós na trí crosa úd na trí modha ar ar chrochsad na h-Uidhil Críost — mar atá do thoil, do bheul, agus do ghníomh. Cialluighid fós na trí modha ar a ndeárnadh fochmhuide fá Chríost ré h-ucht na Páise — an chéad modh, do láthair na n-easpog, i dtigh Chaiphas; an dara modh, do  p.50 láthair Phioláid ina thigh; an treas modh, i dtigh Ioruaidh. Cialluighid fós an cádhus agus an onóir dlighthear do thabhairt do na Trí Pearsannaibh.

Is é chialluigheas Memento na mBeó, guidhe an tsagairt ar na daoinibh bhíos beó, agus is é iarras dóibh, grása Dé do thoidheacht orra, agus a bpeacaidh do chur ar gcúl. Agus is ar an modh so dhligheas an sagart an ghuidhe sin do dheunamh — ar dtús, go ró speisialta ar a shon féin; an dara modh, go speisialta ar son druinge d'áirighthe, do réir a ghaoil nó a chumuinn riú; an treas modh, ar son na h-Eagluise go coitchionn.

Is féidir a fhiafraighe annso — Cia is feárr Aifrionn an tsagairt mhaith nó an drochshagairt le n-iomchrann an Eagluis? Mo fhreagra ar sin, go bhfuilid dá nídh san Aifrionn — mar atá guidhe an tsagairt féin, agus deanmhas neith nó brígh an Aifrinn féin, an mhéid gurab íodhbairt é. Do réir an chéad neith, ní fhuil foghnamh ar Aifrionn an droch-shagairt, do bhrígh go n-abair an Scrioptúir nach éisdeann Dia re guidhe an pheacaigh. Gidheadh an mhéid bhaineas ris an dara nidh, is comh-uasal ó'n tsagart mhaith agus ó'n droch-shagart é, do bhrigh gurab do chomhachtaibh na sagartachta atá aca araon (atá do-thruaillighthe innte féin) doghníd siad an íodhbairt. Is sompla follus air so gurab minic bhíos an t-ór dogheibhthear i gcisde an bhitheamhnaigh cómh-uasal ris an ór dogheibhthear i dtigh an righ; mar an gceudna, ní misde an leigheas dobheir an liaigh uadh, go mbeith féin easlán. Dearbhthar fírinne na neithe so ag “Decretales.”

Dá mbudh fhada leis an sagart dobhiadh sé ag cuimhniughadh gach aoin anns an Memento, tabhradh chum a chuimhne roimh an Aifrionn iad, agus abradh d'aon fhocal 'san Memento — “Cuirim gach aonduine ar ar chuimhnigheas roimh an Aifrionn fá'n nguidhe so”; agus dá mbiadh ina iongnadh ar aon duine, amhuil adubhramar thuas, gurab air féin dhligheas an sagart guidhe do dheunamh ar dtús, bíodh a fhios aige go bhfuil órdughadh 'san ngrádh, agus gurab é iarras, grádh an duine do bheith do Dhia ar dtús, do féin annsin, agus do'n chneas is goire dó ó sin amach. Dá bhrigh sin is córa do'n tsagart guidhe air féin ar dtús ioná ar chneas eile dá ghoire dó. Ag so sompla as an tSein-Reacht air sin. Léightear 'san 17 caibidil de'n treas leabhar de Leabhraibh na Ríogh mar adubhairt Elias ris an mbaintreabhaigh toirtín fá luaith aráin do dheunamh dó féin ar dtús de'n mhin do bhí aice, agus ina dhiaigh sin di féin agus d'á cloinn; mar an gceudna do'n tsagart, dlighidh ar dtús sochar an Aifrinn do tháthughadh ris féin, agus ina dhiaigh sin ris an tí is goire dhó i ngaol nó i gcumann. Gidheadh, má chuireann duine d'fhiachuibh ar an sagart go speisialta Aifrionn do rádh ar a shon féin, is ar son an tí sin go speisialta dhligheas an sagart Aifrionn do rádh, óir is mó théid an tAifrionn i sochar do'n tí  p.51 d'á n-abarthar go speisialta é ioná do'n tí cuirthear fá ghuidhe imeasg cháich; agus is uime sin atá ina ghnáthughadh so-mholta 'san Eagluis Chatoilice ag daoinibh cráibhtheacha Aifrionn do chur d'á rádh ar a son féin go speisialta.

Tabhair dod' aire go bhfuilid dá shochar dogheibhthear as an Aifrionn — mar atá cion impidhe agus leóirghníomh. Is é is cion impidhe ann, meudughadh grása agus sochar spioradálta d'fhagháil do na Críosduighthibh, agus téid an t-Aifrionn ar an modh so i sochar do'n uile dhuine bhíos abuidh nó ionamhuil chum a ghlacta. Is é, iomorro, is leóirghníomh ann, díoluigheacht dhlighfeas an fíreun do thabhairt uaidh i bpurgadóir maille re péin d'fhulang ann do réir mhéide nó chaindigheachta na coire nó an pheacaidh dorinne; agus, 'san gcéill sin, ní h-ionann sochar in a dtéid an tAifrionn do gach aon duine, agus fós ní fhuil d'á mhéid chuirfeas fá ghuidhe 'san Aifrionn go speisialta nach lugha-sa-chách doghnídhthear leóirghníomh i bpéin gach aon aca ann; óir an nidh ar a dtéid roinn, is lugha-sa-chách mír gach nduine dhe ioná dá bhfaghadh gach aon aca an t-iomlán, an tan nach bhí an t-iomlán gan chrích gan fhóircheann, mar nach bhfuil an leóirghníomh úd an Aifrinn. Ní h-ionann agus sochar na Páise, agus is córaide so do chreideamhuin dá mbeith leóirghníomh an Aifrinn gan chrích gan fhóircheann, níor bheag aon Aifrionn amháin do rádh ar gach n-anam d'á rachadh i bpurgadóir, nó ar a bhfuil d'anmannaibh ann go léir le chéile, gidheadh dochídhmid ghnáthughadh na hEagluise, dárab' ainm Fundament na Fírinne ag teacht anaghaidh so, an mhéid go dtabhair fá deara iomad Aifrionn do rádh ar aon anam amháin, nidh nach diongnadh sí dá mbeith sochar an Aifrinn doi-chríochnuighthe, mar nach bhfuil.

Dá n-abradh Cailbhin go raibh sochar neimh-chríochnuighthe ag Páis Chríost, agus, dá réir sin, nach righid na Críosduighthe a Leas Aifrionn, nó Paidir, nó Cré do rádh, nó deaghobair ar bith do dheunamh. Mo fhreagra air sin acht gé atáid sochair na Páise neamhchríochnuighthe, tairis sin nach slánuigheann gníomh, agus nach fóireadh Aifrionn gach aon duine, gidheadh ní do neamhchumhachtaibh i bPáis Chríost atá sin, acht nach tathuighid na peacuigh sochar na Páise riú féin maille re deaghoibreachaibh agus re haithrighe dheunamh ina bpeacthaibh.

Ag so dá shompla bhaineas ris an nidh so — Ar dtús, ní de neamh-chumas i solus na gréine atá nach diongnadh deallrughadh nó taithneamh i bpriosún dorcha, acht mar iadhtar dóirse agus fuinneóga an phriosúin mar an gceudna ní de neamh-chomhachtaibh i sochar na Páise atá gan deallrughadh nó grása do thabhairt do gach aon duine, acht mar chuirid na peacuidhe agus na droch-oibreacha daillchiach agus dorchadus ar an anmuin, ionnus nach soillsigheann solus na ngrás ann. An dara sompla, an  p.52 íoc luibh nó an deoch leighis in a mbiadh sláinte do thabhairt do'n othar, ní théid i dtairbhe dhó acht muna n-ibhidh í; mar an gceudna do'n chorn tsláin-íce úd na Páise ní théid i sochar do'n pheacach nó go dtathuighthear ris é maille re deagh-oibreachaibh na h-aithrighe agus le coimhlíonadh na n-aithneadh.

Agus dá n-abradh Cailbhin nach dlighthear do na sagartaibh íodhbairt do dheunamh do bhrígh go ndeárna Críost féin íodhbairt. Is dearbhtha nach fíor dó é, óir ní luighide is cóir do'n tsagart baisdeadh do dheunamh go ndeárnadh Críost baisdeadh, ná urnuighthe do dheunamh go ndeárnadh Críost urnuighthe, nó trosgadh go ndeárnadh Críost trosgadh; mar an gceudna ní luighide dlighthear do na sagartaibh íodhbairt an Aifrinn do dheunamh go ndeárnadh Críost íodhbairt an Aifrinn rómpa.

Agus dá n-abradh Cailbhin nach bhfuil feidhm ar an Aifrionn, do bhrígh nach déin duine ar bith (má's fíor do-san) leóirghníomh ar a shon féin nó ar son duine eile acht gurab é Críost féin in A aonar doghnídh leóirghníomh ar son gach aon duine, is dearbhtha nach fíor dó é. Oir bíodh gurab é Dia is Céad Ghníomhuightheóir coitcheann do'n uile deaghobair doghnídh duine, maiseadh is é an duine an dara ghníomhuightheóir speisialta bhíos ag congnamh le Dia, do réir Phóil 'san dtreas caibidil de'n chéad Eipistil chum na gCoirinnteach mar a n-abair — “Is lucht cunganta do Dhia sinn” (ar sé). Adeir fós, 'san seachtmhadh caibidil de'n dara hEipistil chum na gCoirinnteach, nidh as a dtuigthear go ndéin duine leóirghníomh ar a shon féin — “Glanam (ar sé) sinn féin o'n uile shalchar.” Adeir fós, 'san dara caibidil de'n dara hEipistil go Timotheus, briathra thig leis an nidh gceudna — “Glan (ar sé) ó mhailís do chroidhe féin,” dá chur i gcéill go ndligheann agus go bhféadann duine, mar aon re congnamh Dé leóirghníomh do dheunamh ar a shon fhéin, maille re hAifrionn do rádh, nó do chur d'á rádh, ré h-urnaighthibh, re déirc, nó re trosgadh do dheunamh. Ar an adhbhar sin, is breugach adeir Cailbhin nach bhfuil feidhm ar an Aifrionn, agus is breugach a réasún an tan adeir nach déin duine leóirghníomh ar a shon féin nó ar son duine eile.

Is é chialluigheas an “Communicantes,” cuimhniughadh na naomh, d'á iarraidh ar Dhia ina n-onoir soirbhiughadh do'n droing curthar fá ghuidhe an Aifrinn. Ag so sompla air sin as an tSein-Reacht 'san 32 caibidil i leabhar Ecsodus, ag Maoise. Ar mbeith ag guidhe do Mhaoise ar son an phobail pheacaigh — “Cuimhnigh, a Thighearna (ar sé) Abraham, Isaac, agus Iacob, t'óglacha féin.” Mar an gceudna léightear, 'san dtreas caibidil i Leabhar Daniel, gur chuimhnigh Asarias (ar mbeith 'san tsorn teinntighe dhó) ar na trí hArd-aithreachaibh úd, ag iarraidh trócaire ar Dhia ar a son — “Ná beir (ar sé), a Thighearna, agus a Dhia, Do thrócaire uainn, ar  p.53 son Abraham, Do dhuine dil féin, agus Isaac, t'óglaoch féin, agus Iacob Do naomh féin.” Léightear, mar an gceudna, ar Esechias, ar mbeith dó ag iarraidh cabhartha ar Dhia d'á dhíon ar an nguais in a raibh féin agus an chathair in a raibh gurab é so an freagra thug Dia air, amhuil léightear 'san ochtmhadh chaibidil de'n ceathramhadh leabhar de Leabhraibh na Ríogh — “Díonfad (ar sé) an chathair so, agus saorfad í, ar Mo shon féin agus ar son Dáibhidh, M'óglaoch féin.” Dorinne Dia fós, amhuil léightear san 11 caibidil de'n treas leabhar de Leabhraibh na Ríogh, bagar ar Solamh tré n-a olcaibh — “Acht muna bhféachainn do Dháibhidh (ar sé), dodheunfainn dioghaltas ort. Gidheadh, ní red' linn se dodhéan é ar son Dáibhidh d'athair féin maiseadh teasgfad as laimh do mhic é; agus ní bhuainfead an ríoghacht go h-uile dhe féin, acht dobhéar aon treabh amháin dó, ar son Dáibhidh M'óglaoich féin.” Is follus as na h-áitibh so gurab cóir dhúinn na naoimh atá ar neamh do ghuidhe, agus go ndéin Dia maith ar a n-impidhe dhúinn.

Is é chialluigheas “Hanc igitur” an impidhe curthar ar Dhia d'á iarraidh air gean do bheith aige ar an íodhbairt.

Is é chialluigheas na cúig fhocail atá andiaigh “Benedictam” — Cialluigheas an chéad fhocal díobh, impidhe do chur chum sinn-ne do bheith naomhtha; an dara focal, ár n-ainm do bheith sgríobhtha i Leabhar na Beatha; an treas focal, sinn do bheith fá bhrat Chríost; an ceathramhadh focal, ár mbeith do réir riaghlach an réasúin; an cúigeadh focal, gach nidh d'á ndiongnamaois do bheith ionghabhtha do láthair Dé. Ag sin an míniughadh dobheir S. Augustin ar na foclaibh so, do réir mar léightear ag “Decretales.”

Is é chialluigheas an “Fiat,” an tan doghnídhthear dá chros ós cionn na h-abhlainne agus an fhíona, impidhe do chur ar Dhia fá chlaochlodh do dheunamh ar shubstaint an aráin agus an fhíona i gCorp agus i bhFuil Iosa, amhuil do chlaochlaidh an domhan ó neimhnidh chum bheith ina dhomhan, nó amhuil dorinneadh Duine de Dhia i mbruinn Mhuire do bhrigh an fhocail úd, “fiat,” — eadhon, deuntar.

Is é chialluigheas an éirghe dhíreach dobheir an sagart ar féin ag rádh na mbriathar úd, an tógbháil dhíreach thug Críost ar an gcolainn ndaonda ó chromadh claon an pheacaidh.

Is é adhbhar fá dtógbhann an sagart a shúile suas an tan so, ag iarraidh cunganta ar Dhia. Fá ghnáth, iomorro, ag na fáidhibh in-allód (ar mbeith ag guidhe Dé dhóibh), a súile do thógbháil suas, amhuil léightear 'san ficheadh caibidil de'n dara leabhar, de Pharalipomenon, ar Iósophat go dtógbhadh a shúile suas ar mbeith ag guidhe Dé dhó. Tig Dáibhidh leis so, 'san 122 Sailm — “Do thógbhas (ar sé) mo shúile suas chugad, a Dhé áitighas ar Neamh.”

 p.54

Is é adhbhar fá dtógbhann an sagart a lámha suas, ionnus gurab luaithide dogheabhadh cabhair é, do réir mar léightear 'san 17 caibidil in Ecsodus ar Maoise. Ag so an nidh adeirthear ann — “Iar dtógbháil a lámh suas do Mhaoise rug Israel buaidh.” Gidheadh dá leigeadh a lámha síos a bheag nó a mhór dobhéaradh Amalech buaidh. Do budh duine lámhthrom, iomorro, Maoise, agus dochuaidh Aaron agus Hur fá n-a dhá láimh re h-ucht an chatha do chur, agus do chongbhadar suas a lámha go tráthnóna, agus is mar sin rug Iosua (fa ceann feadhna do Chloinn Israel) buaidh ar Amalec fa h-eascara dóibh.

Is é chialluighid na cúig crosa doghnidhthear ag rádh “Benedictam,” do réir S. Tomáis, 'san gcúigeadh hairteagal de'n 83 ceisd de'n treas chuid d'á Dhiadhacht na trí deich do bhí anns na pinginnibh air ar díoladh Críost, re a gcialluighthear na trí céad chrosa agus pearsa Chríost féin agus pearsa Iúdais re a gcialluighthear an dá chros dheigheanacha.

Cialluighid fós na trí chéad crosa na trí dronga ré'r díoladh Críost — mar atáid, na Sagairt, na Dlightheóiridhe agus na Phairisínighe.

Cialluighid fós an dá chrois déigheanacha, Anam agus Corp Chríost do dhealughadh re chéile 'san bPáis, agus is uime sin curthar cros díobh fá seach ós cionn na h-abhluinne, agus cros eile ós cionn an fhíona fá leith.

Cialluighid fós na cúig prímhchreachta do bhí ar Chríost. Cialluighid mar an gceudna na Cúig Leabhair Mhaoise in a raibh an Reacht sgríobhtha. Agus fós cialluighid na cúig dronga do bhí ag follamhnughadh an Reachta sin — mar atáid breitheamhain, ríghthe, prionnsadha, fáidhe, agus sagairt.

Is é chialluigheas an sagart ag rádh “Benedixit” go ndlighthear coisreagadh do dheunamh, re h-ucht proinne do chaitheamh, ar an mbiadh agus ar an ndighe.

Is é chialluigheas “Accepit” dáil an tSuipéir féin, an tan adubhairt Críost, ag tabhairt gnéithe an aráin uaidh, “Ag so Mo Chorp Féin.”

AN NAOMHADH CAIBIDIL. In a dtráchthar agus in a suidheochamh anaghaidh Chailbhin agus a chloinne nach é amháin chialluighid na briathra úd .i. “Ag so Mo Chorp Féin,” fioghair nó samhuil Chuirp Chríost, acht gurab'é an Fíor-chorp Féin chialluighid.

Adeir Eoin, ag labhairt ar an Sacraimeint so 'san seiseadh caibidil, “Ag so (ar sé) an t-arán do thoirnigh do Neamh, ionnus gibé chaithfeas cuid de nach faghadh bás.” Adeir fós, 'san gcaibidil cheudna, “Ag so an t-arán fírinneach thuirn do Neamh dobheir beatha do'n domhan.” Is follus  p.55 as na briathraibh so, nach ag arán dorinneadh de mhin chruithneachta agus d'uisge, arna niomhfhuineadh, do bhí do bhuaidh beatha do thabhairt d'on domhan, acht ag an Arán mBeó do thúirling do Neamh, amhuil adeir Críost féin 'san gcaibidil cheudna — “Mise (ar Sé) an t-Arán Beó do thoirnigh do Neamh.” Adeir fós 'san áit ceudna — “An t-Arán dobhéar-sa uaim (ar Sé) is í M'fheóil féin í dháilfead ar son beatha an domhan.” Adeir fós 'san áit cheudna — “Go fírinneach is biadh Mo Chorp-sa agus is deoch M'Fhuil.” Tig Lúcás 'san 20 caibidil, agus Marcus 'san 14 caibidil, agus Matha 'san 26 caibidil, le h-Eóin ar an nidh ceudna; agus dá mbiadh ina iongnadh ar aon duine creud fá dtabhair Críost arán d'ainm ar Shacraimint A Chuirp Féin, atáid trí réasúin chuige sin. An chéad réasún, do bhrigh go dtabharthar 'san Sgrioptúir ainm an neith ar a ndéintear an claochlódh ar an nidh in a gclaochluighthear é, amhail léightear 'san seachtmhadh caibidil in Ecsodus, gur sloigeadh le slait Aaron slata na ndraoithe, ghidheadh is follus gurab in a natharchaibh neimhe dobhádar na slata an tan dorinneadh an gníomh sin; agus is uime sin goirthear slata díobh, do bhrigh gurab i n-a slataibh dobhádar sul do chlaochluidheadh iad; mar an gceudna adeirim re Corp Chríost gurab uime adeirthear arán ris do bhrigh gurab ina harán do bhí an abhlann sul do chlaochluigheadh i gCorp Chríost í. An dara réasún, do bhrigh go n-anaid aicídighe an aráin do bhí ann roimhe an gcoisreagadh timcheall Chuirp Chríost tar éis an choisrigthe, mar atá fíoghair agus caindigheacht, dath agus blath an aráin. An treas réasún, do bhrigh go ngoirthear arán 'san Sgrioptúir do'n uile nidh fhoghnas dúinn de thaobh ár n-anmann agus ár gcuirp, do réir mar adeir Mátha 'san seiseadh caibidil, ag trácht ar an bPaidir, “Tabhair dúinn andiu ár n-arán laetheamhail.” Agus is é chialluigheas maille ris an “arán laetheamhuil,” gach nidh bhíos ina riachtanus oruinn; agus nachar leigidh Dia go mbiadh Críost chómh éigcríonna sin agus nach iarrfadh do Féin ná dhúinn-ne acht arán tur; agus, ó's nidh E Féin in a raibh sochar, ní h-iongnadh E do ghairm aráin de Féin. Tig Eoin leis so, 'san gcaibidil cheudna, mar a ndubhairt — “An tí chaithfeas an t-arán so biaidh beó go síorruidhe.” Is follus nach raibh riamh ná anois arán (do réir substainte aráin) ag á mbíodh de bhuaidh duine do chongbháil bheó go síorruidhe. Ar an ádhbhar sin, ó's ag Corp Chríost amháin atá an bhuaidh sin, is ar Chorp Chríost amháin do labhair Eoin 'san gcaibidil úd.

Is iomdha fioghair ag an tsacraimint so 'san Sgrioptúir. Ar dtús 'san 16 caibidil in Ecsodus, do'n phlúr neamhdha, mar a n-abair an pobal ag deunamh iongantuis um an bplúr an cheud oidhche do fearadh é, “Manhú?” — eadhon, “Creud é so?” Adeir Maoise, agá bhfreagradh, “Ag so an biadh do chuir Dia do Neamh chugainn.”

 p.56

Mar an gceudna, dá bhfiafruigheadh Cailbhin nó a chlann, ria faicsin na Sacraiminte so, “Creud é so?” adeir Eóin, ag freagradh dóibh, 'san seiseadh caibidil, “Ag so (ar sé) an t-arán thug an Tighearna daoibh mar oileamhain.” Is é so fós an plúr do gheall Eoin 'san dara caibidil in Apocalipsi, an tan adubhairt, “Dobhéar (ar sé) an plúr atá i bhfolach do'n tí bhearas buaidh.” Is é, iomorro, chialluigheas an plúr úd atá i bhfolach Corp Chríost atá i bhfolach fá aicídibh an aráin.

Léightear 'san 26 caibidil in Ecsodus go mbídís aráin choisreagtha ar an altóir 'san tSein-Reacht, agus fa sompla sin do'n abhlainn choisreagtha bhíos ar altóir an Aifrinn, agus is córaide dhúinn a thuigsin mar so go n-abair úghdar Eabhrach d'ár bh'ainm Rabbi Iúda, gurab é fa h-ainm do'n arán choisreagtha so arán na ndealbh, d'á chur i gcéill go raibh a gcinneadh dealbha do bheith 'san aráin d'árab sompla an t-arán úd 'san tSeinreacht.

Agus is é chialluighid na dealbha úd dealbh na Diadhachta agus dealbh na daonnachta bhíos i Sacraimint na h-altóra.

Ba fhíoghair mar an gceudna do'n tsacramint an toirtín fá luaith fá cosdus d'Elias ar feadh dá fhichead lá re ndul go Sliabh Oiréib dó, óir amhuil rug sin as (do Elias) gan caitheamh do dhul ann ag dul ar an sliabh dhó, is mar sin bheireas sacraimint na h-altóra as (dúinn-ne) gan chaitheamh do dhul innte go dul ar Sliabh an Fhlaithis Neamhdha dúinn andiaigh na beatha so.

Fa fioghair mar an gceudna do'n tSacraimint so an íodhbairt aráin agus fíona dorinne Melchisedech. Fa fíoghair, fós, do'n tSacraimint so an fleadh do h-ollmuigheadh le Assuerus Rígh dochum bainnse Esther, amhuil léightear 'san dara caibidil de Leabhar h-Esther; Amhuil, iomorro, dorighne Assuerus Rígh fleadh chum Esther do phósadh, mar an gceudna doghnidh Críost fleadh na h-altóra chum anman na bhfíreun do phósadh ris féin, do réir mar adeir Sé Féin anns na Cainticibh ag labhairt re h-anam an fhíréin. Is ag tairngire an tsacraimint so do bhí an nidh dorinneadh 'san tSeinReachda, léightear 'san 49 caibidil i nGenesis, mar a n-abarthar (ag tairngire Chríost do bheith fá ghnéithibh an fhíona) — “O a mhic (ar sé) atá ag ceangal do bhromaigh do'n fhineamhuin agus ag ceangal d'asail do chrann na fineamhna.” Is amhlaidh, iomorro, thuigeas úghdar Eabhrach d'ár bh'ainm Rabbi Cana na briathra so ag cur gluaise ar an gcaibidil gceudna, gurab'é chialluigheas an fhineamhan, aicíde an fhíona, agus gurab é chialluigheas an bromach ceangailte úd Diadhacht Chríost, agus ní h-éagcosmhail a samhlughadh re chéile; óir mar nach téid cuing ná bréadach ar an mbromach, mar an gceudna, ní théid cuing umhlachta ar an nDiadhacht ag creatúir 'san gcruinne.

 p.57

Is é chialluigheas an gheug úd do luaidhmear, aicíde an aráin d'á mbí an t-asal — eadhon, Corp Chríost — ceangailte; agus ní h-éagcosmhuil Corp Chríost do shamhlughadh re h-asal, óir mar iomcharus an t-asal eire nó ualach mór, is mar sin do iomchair Críost eire mhór 'san gcroich chéasda — eadhon, peacaidh an chinidh dhaonda uile, amhuil adeir Isaias 'san 53 caibidil — “Do chuir Dia (ar sé) ár bpeacaidh go léir i gceann a chéile annsúd,” ag labhairt ar pháis Chríost. Do thairrngir Dáibhidh 'san 71 Sailm Sacraimint Chuirp Chríost, an tan adubhairt — “Beidh (ar sé) sacraimint 'san talmhain, i mbeannaibh na sléibhteadh, agus áirdeóchthar a thoradh ós crannaibh Liobáin.” Ag sin ciall na bhfocal Eabhrach do réir an fhriotail nó an translation dorinneadh leis na seachtmhogha fear friotail. Ag so friotal Hieronimus, “Beidh (ar sé) cuimhne cruithneachta san talamh i gceannaibh na sléibhteadh.” Ag so friotal na Caldaice ar na briathraibh ceudna, agus is foillsighthe labhras ar shacraimint na haltora ioná an dá fhriotal shuas — “Beidh (ar sé) íodhbairt aráin 'san talmhuin i gceannaibh na sléibhteadh” — eadhon, ós mullaighibh na sagart 'san Aifrionn an tan thógbhaid an tsacraimint ós a gcionn. Is follus, iomorro, gurab ainm do'n tsagart sliabh, do réir Micheas Fáidh, 'san gceathramhadh caibidil — “Is sliabh Críost (ar sé) ós na sléibhtibh.”

Fa fioghair mar an gceudna do'n tSacraimint so na hAltóra an dá phroinn thug Críost uaidh ar an bhfásach — an cheud phroinn díobh, ionar shásuigheadh ar an sliabh na cúig míle fear le cúig bhairgheanaibh beaga eorna agus le dá iasg, ionnus gur chuir Sé an oiread sin do rath ar an mbeagán an tan sin go raibh dhá chliabh deug brúirigh d'fhuighleach aca. Mar do chuir, iomorro, Críost líonmhaireacht agus rath ar an bproinn so ó n-a roinn, is mar sin chuireas Dia líonmhaireacht ar Bhairghín na Beathadh — eadhon, ar Chorp Chríost an tan dáiltear do'n phobal é. Fa fioghair mar an gceudna, do'n tSacraimint so an dara proinn thug Críost uaidh, do réir mar léightear ag Marcus, 'san 8 caibidil, mar a n-innstear gur shásaigh Críost 4,000 fear le seacht mbairgeanaibh agus le beagán éisg. Ag so fioghair, mar an gceudna, do'n tsacraimint so, an nidh léightear 'san naomhadh caibidil de Leabhar Genesis mar a n-abair — “Cuirfead Mo bhogha féin i neulaibh neimhe, mar chomhartha daingean na síotha eadram féin agus macaibh na ndaoineadh.” Ionann sin re a rádh agus go gcuirfeadh Dia a Mhac Féin fá ghnéithibh aráin agus fíona i Sacraimint na hAltóra mar chomhartha síothchána idir É Féin agus na Críosduighthibh.

Dá bhfiafruigheadh Cailbhin — Cionnus budh fhéidir nach rachadh caitheamh i gCorp Chríost ó bheith ag á shíor-chaitheamh ar an altóir? Mo fhreagra air — nachar bhfusa le Dia cronnóigín mine agus crúisgín ola na mná thug an toirtín fá luaith aráin do Elias do chongbháil ar feadh na h-aimsire  p.58 cruaidhe gan caitheamh do dhul ionnta, agus iad go laetheamhuil ag á chaitheamh ar chuid agus ar dhinéir, amhail léightear 'san 17 caibidil de'n treas leabhar de Leabhraibh na Ríogh, ioná Sacraimint na hAltóra do bheith ag á chaitheamh go laetheamhuil, agus gan caitheámh do bheith ag dul innte.

Is iomdha sompla eile againn as staraibh inchreidthe na hEaglaise, mar a léightear gur chuir Dia líonmhaireacht agus bail ar biadhaibh go minic, agus ní h-é amháin acht do chuireadar mórán de dhaoinibh naomhtha líonmhaireacht agus rath go minic ar bhiadhaibh do bhí aca féin maille re chomhachtaibh Dé.

Léightear ag Greagóir Mór, 'san treas leabhar de Leabhraibh na hAgallmha gur bheannaigh naomh d'ár bh'ainm Tulas aon bhairghean amháin aráin, agus gur chuir de líonmhaireacht agus de rath air gur shásuigh sé iomad de lucht oibre cian de laethibh ar mbeith ag córughadh teampoill S. Labhráis dóibh.

Léightear i mBeathaidh S. Doiminic go raibh sé uair gan aige acht dá bhairghin bheaga, agus gur shásuigh dá fhichid bráthair ar trí proinnibh agus go raibh nidh budh mó d'arán anns na brúireachaibh do bhí d'fhuigheall aca ioná do bhí ar dtús 'san dá bhairghin.

Leightear 'san gceathramhadh chaibidil de'n cheathramhadh leabhar de Leabhraibh na Ríogh gur shásuigh Eliseus le dá bhairghin deug céad fear de mhacaibh na bhfáidheadh; agus mar an gceudna, mar gur chuireadar an drong sin (do bhí i n-a ndaoinibh) bail agus líonmhaireacht ar na biadhaibh do bhí aca féin maille re comhachtaibh Dé. Ní hiongnadh Críost, is Dia fíre, do chur líonmhaireacht ar A Chorp Féin, ionnus go mbudh fhéidir do na Críosduighthibh bheith ag á chaitheamh do ghnáth agus gan caitheamh do dhul ann.

Ag so sompla nádúrtha as a dtuigfeam gurab fhéidir neithe do bheith ann anns nach téid caitheamh ó bheith ag á gcaitheamh do shíor, mar atá solus na gréine, óir bídh sé do ghnáth ag á chaitheamh agus ní théid caitheamh ann do shíor. Mar an gceudna bídh an t-eagnuidheach ag tabhairt fhoircheadail agus foghluma uaidh agus ní lughaide aige féin an fhoghluim sin; ní lughaide fós uisge an tobair a dtógthar d'uisge as an sruth bhíos ag sníghe uaidh; agus mar an gceudna do Chorp Chríost.

Dá n-abradh Cailbhin nachar bhféidir do Dhia Féin substaint aráin do chlaochlodh i substaint Chuirp Chríost. Bíodh a fhios aige gurab lugha an creideamh atá aige ioná creideamh an Diabhail, do réir mar adeir Matha 'san gceathramhadh chaibidil (ag aithfriotal uirghill an Diabhail re Críost) — “Má's Tú Mac Dé (ar sé) abair ris na clochaibh úd do bheith ina n-aránaibh.” Is follus as na briathraibh so go n-admhuigheann an Diabhal go mbudh fhéidir le Mac Dé substaint chloiche do chlaochlodh i susbstaint aráin.

 p.59

Acht gidh séanas Cailbhin nach fhéidir le Dia arán do chlaochlodh i substaint Chuirp Chríost, agus is iongnadh an daille croidhe thárla do Chailbhin as ar mheas sé nachar bhféidir le Dia substaint aráin do chlaochlodh i substaint Chuirp Chríost agus go ndéintear go laethamhuil claochlódh an aráin do ithtear leis na daoinibh i bhfuil agus i bhfeoil do bhreathnughadh gach aon duine ag á bhfuil eolus i léigheas nó anns na neithibh nádúrtha.

Is follus nach deacra so do dheunamh ioná mar do chruthaigheadh an domhan de neimhnidh, amhuil léightear 'san gcéad chaibidil de'n Bhíobla, nó mar do dhealbhadh Adhamh de lathuigh na talmhan, nó Eubha de'n asna tháinig as taobh Adhaimh; nó mar claochluighthear an síol i ngeamhar, agus an geamhar i ndéis, agus an déas i síol; nó mar claochluighthear luaith na raithnighe i ngloine.

Ag so sompla iongantach atá i n-Eirinn ar chlaochlódh — eadhon loch atá i Leath Chuinn, dárab ainm Loch n-Eathach, agus an tan cuirtear cuaille cuilinn ann, ina sheasamh, agus fágthar ann é go ceann seacht mbliadhna, claochluighthear in iarann an chuid bíos i dtalmhain de, agus an chuid bhíos fá uisge de ina chloich, agus an mhéid bhíos ós cionn uisge dhe i gcrann adhmuid ina chruth féin, do réir mar léightear ag Cambrensis 'san leabhar do sgríobh d'Iongantaibh na hEireann.

Ag so sompla eile aguinn as an mBíobla mar a ndeárnadh claochlódh agus comh mór le claochlódh an aráin i gCorp Chríost, mar atá an claochlódh dorinneadh ag bhainis (Eoin) i gCána, mar ar hiompuigheadh an t-uisge chum bheith ina fhíon; nó mar do claochluigheadh bean Loit i liagán saluinn, do réir mar léightear 'san naomhadh caibidil deug in Genesis; nó mar do claochluigheadh le Maoise na srotha uisge i bhfuil, do réir Dáibhidh, 'san 104 Sailm; nó mar do claochluigheadh le slait Maoise an charraig in uisge, do réir mar léightear 'san bhficheadh chaibidil de Leabhar na nUibhreach; nó mar do claochluigheadh an tslat le slait Maoise i náthair nimhe, agus an náthair nimhe ceudna i slait arís, an tan do bhí ag deunamh conspóide nó coimhmeasda re draoithibh na hEigipte; nó mar do claochluigheadh cuid d'fhuil ró-ghlain Mhuire i substaint Chuirp Chríost i mbroinn na maighdine, amhuil léightear ag Lúcás 'san gcéad chaibidil, an tan adubhairt Muire — “Déantar dhamhsa (ar sí) do réir do bhreithre-se.”.

Is cneasda, iomorro, a thuigsin mar go raibh de bhuadhaibh ag briathraibh Maoise, do bhí ina shagart do'n tSeinReacht, substaint slaite do chlaochlódh i substaint nathrach nimhe, go bhfuil de bhuadhaibh ag na briathraibh coisreagtha do fháguibh Críost ('san tsuipéir) ag na sagartaibh Soisgeulta claochlódh do dheunamh ar arán na h-abhluinne i substaint Chuirp Chríost.

 p.60

Léightear fioghair ró-uaigneach bheanas ris an tSacraimint so 'san 27 caibidil de Ghenesis ar chloinn Isaac — eadhon, Esau agus Iacob, dorugadh d'aon toirrcheas, acht gidh fa thaosga do thuismeadh Esau ioná Iacob. Is amhlaidh, iomorro, do bhí an fear fa hóige dhíobh ina mhuirnín ag a mháthair. Rebeca fa h-ainm do mháthair na cloinne sin, agus fa h-annsa léi an mac fa h-óige díobh (Iacob) ioná an mac fa sine (Esau). La n-aon d'ár iarr a n-athair — eadhon, Isaac (agus é féin, in a sheanóir dhall) ar Esau dul do sheilg agus proinn agus tomaltus d'ollmhughadh dhó de'n tseilg do dhéantaoi leis. Dála Esau, dochuaidh roimhe go lúthgháireach do dheunamh na sealga, do bhrígh gur gheall a athair a bheannacht do thabhairt dó iar gcaitheamh na proinne dobhéaradh chuige de'n tseilg, óir do bhí an t-athair re bruinne mbáis an tan sin. Níor chian dochuaidh (Esau) an tan do labhair Rebeca re n-a múirnín mic (Iacob), agus adubhairt ris luathas do dheunamh agus beannacht a athar do ghreamughadh roimhe Esau do dhul do sheilg, agus d'innis dó an modh ar a ndiongnadh sin — eadhon, meannán d'ollmhughadh dhó go maith agus a thabhairt d'á athair, agus a innsin gurab é féin Esau. “Dob' eagail damh-sa, a mhatháir (ar Iacob) dá n-aithneochadh m'athair mé, gurab mallacht dobhéaradh in ionad a bheannachta dham.” “Bíodh sin ormsa,” ar an mháthair. d'ollmuigh siad an phroinn as a haithle sin, agus thug siad go hIsaac í. “Caith dom' sheilg-se, a athair,” ar Iacob. “Cia thú?” ar Isaac. “Mise do chéad mhac, Esau,” ar Iacob. “Maiseadh, is sé guth Iacob atá ann (ar Isaac). Crom chugam a leith (ar sé) go bhfeicim an tú atá ann.” Is amhlaidh dorinne Rebeca ris roimh teacht do láthair, croicinn chlumhacha do bhí aice d'fhuagháil ina thimcheall, agus is uime do chuir sí an clúdadh sin air do mhealladh Isaac, ionnus an tan do ghlacfadh a athair é go meásfadh gurab'é Esau do bhí ann, do bhrigh gurab cneas clumhach fionnfadhach do bhí ag Esau, agus gurab cneas slím lom do bhí ag Iacob.

Cia h-é (go fáithchiallach) an tIsaac úd acht an Críosduidhe nach faiceann Corp Chríost, agus ina chreideamh atá dorcha (do réir na ndochtúireadh sgolárdha); agus cia h-é an Iacob i riocht Esau acht Corp Críost i riocht an aráin. Agus cia na croicinn fa'r dísligheadh Iacob acht gnéithe an aráin fá ndíslighthear Corp Críost; agus, amhuil do mealladh na ceudfadha eile ag Isaac acht an éisdeacht amháin, is mar sin mealltar an Críosduidhe de thaoibh Chuirp Chríost fá ghnéithibh an aráin; óir dá bhfiafruighthí de na ceudfadhaibh eile creud atá 'san tSacraimint úd na h-altóra, adéaradh an lámh ag á tadhall gurab arán é; adéaradh an beul ag á fromhadh gurab arán é, do bhrígh gurab blas aráin dogheibh air; adéaradh an tsúil ag á feicsin gurab arán é, do bhrigh gurab dath aráin dochídh air; adéaradh an tsrón an nidh ceudna, do bhrigh gurab boladh aráin dogheibh air. Gidheadh, ní dóibh so is chóir creideamhain anns na  p.61 neithibh bheanas re creideamh, acht do'n chluais, do bhrigh gurab í ceudfadh na h-éisdeachta í, agus gurab ris an éisdeacht bhaineas an creideamh (do réir Phóil 'san deachmhadh caibidil chum na Rómhánach), agus gurab é nidh dogheibhtear leis an éisdeacht briathra Chríost, agus gurab é deirid briathra Chríost ag labhairt ar Shacraimint na hAltóra, do réir Lúcáis, 'san 22 caibidil — “Ag so (ar Sé, ar mbeith do ghnéithibh an aráin in A Láimh) Mo Chorp Féin.” Dá bhrigh sin, is é is cóir dúinn cion do thabhairt ar cheudfadh na h-éisteachta seach na ceudfadhaibh eile ós innte gabhtar briathra Chríost adeir rinn gurab é A Chorp Féin bhíos againn dáríribh ar an altóir; agus, muna ndeunam sin, meallfuidhear sinn amhuil do mealladh Isaac.

Ag so sgeula míorbhuileacha ó n-a b'iontuigthe Corp Chríost do leith fá gnéithibh aráin ar an altóir: —.

Léightear go raibh dochtúir naomhtha i bPáirís, d'ár bh'ainm Húgo, ar a raibh do mhian Críost d'fheicsin in A Chruth Dhaonda ar an altóir, agus lá n-aon dá raibh ag rádh Aifrinn, andiaigh na h-abhluinne do choisreagadh dó, dochonnairc sé an abhluinn ar gclaochlódh i gcruth naoidhin niamh-chruthuighe; agus, mar dochonnairc sin, do ghabh uamhan agus imeagla é roimh an dtaisbéanadh sin. Leis sin dorinne an leanbh gáire, agus adubhairt — “A Húgo (ar Sé), creud as nach gcaitheann tú Mé anois?” “A Thighearna (ar Hugo), ní dána mé ar do chaitheamh ná ar bain riot an gcéin bhías Tú ad' Chruth Dhaonda mar sin, agus guidhim Thú um dhul 'san riocht in a ngnáthuighim do chaitheamh.” “Rachad,” ar Críosd, “gidheadh do chaillis-se an luaighidheacht speisialta do bhiadh agad fá a chreideamh go mbeidhinn-se fá ghnéithibh an aráin; óir ní h-é a chreideamhain do dheuna tú ó so suas, acht bíodh a fhios agad go dearbhtha go mbiaidh Mé ann; agus is í an dúil chúirialta do bhí agad am' fhaicsin-se am' chruth féin do chuir an sochar sin amugha ort.” Léis na briathraibh sin do rádh do Chríost, do dhísligh E Féin fá ghnéithibh an áráin, agus do chaitheadh le Húgo mar sin E. Is inchreidthe as an míorbhuil so go mbí Críost go foluightheach fá ghnéithibh an aráin ar an altóir.

Léightear fós ar mbeith do Lúdo bhícus Naomhtha, Rí Fraince, lá ag éisdeacht Aifrinn, i dteampoll mór Phairíse, agus an tráth ceudna dobhadar Aifrinn aga rádh i séipéalaibh eile 'san teampoll, agus tárla do dhuine uasal de mhuinntir an ríogh bheith ag éisdeacht aifrinn i séipéal díobh; agus ar dtógbháil an tSacraimint suas do thaisbéan Críost E Féin 'san abhluinn i gcruth leinbh do'n duine uasal reamhráidhte, agus leis sin dochuaidh an duine uasal maille re deithfir mar a raibh an rígh d'fhaisnéis na míorbhuile sin dó, agus d'iarr leis é d'fhéachuin an leinbh. “Ní rachad (ar an righ), óir, mar is deimhin leat-sa Críost do bheith ar an altóir  p.62 sin agad féin i lámhaibh an tsagairt, mar an gceudna is deimhin liom-sa go bhfuil Críost ar an altóir so agam féin i lámhaibh an tsagairt.” Is inchreidthe as an sgeul so go mbí Corp Chríost dáríribh 'san abhluinn ar an altóir.

Léightear ag Cesarius, 'san ochtmhadh caibidil de'n naomhadh leabhar, go raibh bean d'áirighthe agá raibh iomad beach agá n-oileamhuin, agus thárla dóibh aimsir in a mbídís ag fagháil bháis, ionnus nach gabhadh leigheas air bith greim dhíobh. Tug comharsa d'áirighthe do theagasg do'n mhnaoi sin dá gcuireadh sí Corp Chríost fá chuirceóig díobh, nach eugfadaois na beich. Dála na mná, do leig uirthe Corp Chríost do chaitheamh agus do fholuigh ina brollach é, agus do chuir ina dhiaigh sin fá chorcóig d'á raibh ina gardha é. I gcionn aimsire ina dhiaigh sin táinigh d'fhios na cuirceóige, agus is amhlaidh fuair seipéal déanta do chéir maille re h-oibriughadh na mbeach, agus altóir 'san t-seipéal agus Corp Chríost ar an altóir. Arna fhaicsin sin do'n mhnaoi do ghabh bíodhga í, agus dochuaidh mar a raibh an sagart, agus do innis an sgeul ó thús go deireadh dó, agus tháinig an sagart maille ris an bpobal d'ionnsuidhe an ionaid sin, agus fuaradar an séipéal amhuil adubhairt an bhean, agus na beich ag timpearacht do'n tSacraimint, agus an tan do thóg an sagart an seipéal idir a lámhaibh, re triall gus an eagluis, dobhádar na beich do ghnáth ag deunamh dordáin dó nó go ndeachaidh isteach 'san teampoll, agus níor cealgadh aonduine do'n chuideachtain leó ag teacht no ag imtheacht dóibh. As an sgeul so is iontuigthe gurab é Corp Chríost dáríribh bhíos 'san abhlainn iarn-a choisreagadh.

Léightear 'san leabhar dárab ainm “Scala Coeli” go raibh bráthair in ionad d'áirighthe do bhí muinteardha re duine uasal do bhí 'san áit cheudna, agus do bhí múirnín mic ag an duine uasal d'á dtugadh an bráthair breugáin go minic, ionnus gur tharraing gean an leinbh go mór air. Lá n-aon dá ndeachaidh an bráthair do rádh Aifrinn, agus an leanbh mar aon ris amhail do ghnáthaigheadh, agus do bhí an leanbh ina fhochair ag éisdeacht an Aifrinn; agus, an tan do bhí an bráthair ag tógbháil an Chuirp Naomhtha suas, dochonnairc an Leanbh Críost i gcruth naoidhin idir a lámhaibh, agus do bhí an leanbh agá fheuchain amhluidh sin go mbeith ag caitheamh an tSacraimint do'n bhráthair agus annsin dochonnairc an leanbh an bráthair ag slugadh an naoidhin ina bheul go h-obann. Do ghabh bíodhga an leanbh arna fhaicsin sin, agus do rith go dian as an eagluis amach, agus dochuaidh i bhfolach in ionad dhiamhair. Iar gcríochnughadh an Aifrinn do'n bhráthair, dochuaidh féin agus drong de muinntir an duine uasail do iarraidh an leinbh, agus arn-a fhagháil dóibh, do sgread go h-árd, agus adubhairt — “A mhuinntir chroidhe m'athar (ar sé), gabhaim bhúr gcoimirce.”  p.63 “Creud is eagal duit?” ar siad. “An bráthair so dom' ithe, amhail do ith sé an leanbh ó chianaibh 'san Aifrionn.” Agus do innis an sgeul dóibh amhuil adubhramar. Is iontuigthe as an sgeul so, agus as mórán de sgeulaibh eile do fheudfamaois do chur síos annso go mbí Corp Chríost dáríribh 'san abhluinn, idir lámhaibh an tsagairt, ar an altóir.

Bíodh a fhios agat, a léightheóir go bhfuilid ceithre modha ar a ndéantar claochlódh ar na neithibh, do réir S. Tomáis, an Dochtúir Ainglidhe. An chéad modh díobh, nidh do thabhairt ó neimhnidh chum bheith ina nidh, agus is é sin claochlódh tháinig ar an domhan mhór arn-a chruthughadh. An dara modh, claochlódh aicíde in aicíd eile, mar atá claochlódh teasa i bhfuacht gan milleadh na substainte in a mbíd, mar atá teas do bheith i láimh, agus an teas sin do chlaochlódh i bhfuacht gan milleadh na láimhe. An treas módh, claochlódh substainte leathrannach mar a dtig malairt ar roinn de'n tsubstaint — eadhon, ar an bhfoirm — agus gan a dhul ar an roinn eile — eadhon, ar an ádhbhar. Ag so sompla air sin — eadhon, an tan iompuighthear feoil i gcrumhaibh; óir téid claochlódh ar roinn de'n tsubstaint so na feóla — eadhón, ar an bhfoirm, ar an tsubstaint eile — eadhón, i bhfuirm cruimh — gidheadh anaidh an roinn eile (eadhon, an t-adhbhar) go hionann in gach cuid díobh. An ceathramhadh claochlódh, in a gclaochluighthear substaint iomlán idir ádhbhar agus foirm, i substaint iomlán eile, amhuil dognídhthear 'san chlaochlódh choisreagtha so, mar a n-iompuighthear substaint aráin, idir ádhbhar agus foirm, i substaint Chuirp Chríost.

Ag so síos cuid d'argúntaibh Chailbhin, mar a gcuireann roimhe a áitiughadh nachar bhféidir le Dia Féin (le n-A Uile-chomhachtaibh) substaint Chuirp Chríost do chur fá ghnéithibh an aráin, “Do bhrigh (ar sé) nach féidir le Dia aon nídh amháin do chur in dá áit in aoinfheacht.” Mo fhreagra ar Chailbhin — gurab breugach an nídh adeir, agus gurab fallsa a réasún ris, mar is follus 'san chaibidil déigheanaigh de Leabhar na dTaisbeánta ag Eóin, mar a n-abair go bhfacaidh féin aon chrann amháin in dá áit in aoinfheacht. Agus dá réir sin, is breugach an reasún úd Chailbhin, mar a n-abair nach féidir le Dia aon nidh amháin do chur in dá áit in aoinfheacht. Ag so briathra Eóin 'san gcaibidil úd — “Dochonnarc (ar sé) abhann uisge na beathadh go deallruightheach amhuil criosdal ag buinniughadh i h-Ionad Suidhte Dé, agus crann na beathadh ar gach taoibh de'n abhuinn, ag tabhairt dá thoradh dheug uaidh.”

Is iontuigthe as na briathraibh so gurab féidir le Dia aon nidh amháin do chur in dá áit in aoinfheacht, mar gur chuir Sé an t-aon chrann ar gach taobh de'n abhainn in aoinfheacht.

Is móide fós is inchreidthe an fhírinne so, mar go léightear 'san gcúigeadh caibidil de'n gceathramhadh leabhar de Leabhraibh na Ríogh go raibh Eliseus  p.64 i ndá áit in aoinfheacht, an tan do aontuigh Giesi cumhaidh nó breab do ghlacadh ó Naaman; agus mar léightear ag Matha, 'san treas caibidil, gur thuirling an Spiorad Naomh i gcruth choluim ar crann i sruth Iordan, acht gidheadh do bhí do ghnáth ar Neamh mar aon ris an Athair.

Léightear ag Lúcás, 'san treas caibidil gur labhair an tAthair as an neull ós cionn Chríost, ar mbeith i sruth Iordan do Chríost, agá fhaisnéis gurab é A Mhac dhil féin E; gidheadh atá an tAthair do ghnáth ar Neamh gan a thréigean riamh.

Tig Crisostomus leis an bhfírinne sin, 'san treas leabhar ro sgríobh ar dhighnit na sagartachta, mar a n-abair go bhfuil Críost in A shuidhe, mar aon ris an Athair, ar Neamh, agus in aoinfheacht ar talmhain dá thadhall i lámhaibh na sagart.

Léightear 'san 28 caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh na Ríogh gur thaisbeán Samuel é féin do dhruing ar an saoghal so re linn bheith i bpriosún na n-aithreach dó.

Léightear 'san naomhadh caibidil de Ghníomharthaibh na nAbstal gur labhair Críost as an neull re Pól, an tan A dubhairt — “A Sháuil, a Sháuil (ar sé), creud fá ndeuna inghréim no foileanmhain orm.”

Is follus an tráth so go raibh Críost ar Neamh, do réir Chailbhin, agus 'san neull ag labhairt re Pól do réir na Sgrioptúra so. Dá réir sin caithfidh Cailbhin a rádh gurab breugach é féin nó an Sgrioptúir.

Léightear fós ag Pól 'san 15 caibidil de'n chéad Eipistil chum na gCoirinteach gur thaisbeán Críost E Féin andiagh A bháis do mórán de na Deisgioblaibh, agus fá dheireadh dho féin.

Léightear fós ag S. Antoninus ina Chroinic, go raibh Ambrós Naomhtha in aoinfheacht agus in aonuair ag éisteacht Aifrinn, 'san chathraigh d'árab ainm Millán, 'san Iodáil, agus ar adhnacadh Mhairtín Naomhtha 'san chathraigh d'árab ainm Turenn 'san bhFrainnc, agus do dheónaigh Dia d'Ambrós Naomhtha a leathlámhán do dhearmad láimh re h-altóir an teampoill in ar h-adhluiceadh Mairtín, d'á dhearbhadh nach taidhbhse ná aisling dochonnairc an mhuinntear do bhí do láthair adhlaicthe Mhairtín, acht gurab é Ambrós féin ina chorp cholluidhe do bhí ann. 'San chathruigh úd Milláin, iomorro, fa h-easbog Ambrós, agus is innte do bhíodh do ghnáth.

Ag so sompla muinnteardha do neartuigh leis gach nídh d'á ndubhramar anaghaidh mhíréasúin Chailbhin

Dá mbeith cheana seanmóiridhe ag á mbiadh guth árd ag seanmóir do láthair míle fear, féaduigh aonghuth amháin do chur ina gcluasaibh go coitchionn in aoinfheacht; agus dá réir sin, cuiridh aon nidh amháin (eadhon an t-aon ghuth amháin) in ionadaibh éagsamhladh in aoinfheacht (eadhon i  p.65 gcluasaibh iomdha na druinge bhíos ag éisteacht ris.) Agus mar go gcuireann an seanmóraidhe an t-aon nidh amháin so in ionadaibh eugsamhla in aoinfheacht le comhachtaibh na nádúire, is eugcóir adeir Cailbhin nach feudfadh Ughdar na Nádúra aon nidh amháin — eadhon, A Chorp Féin — do chur in ionadaibh eugsamhla.

Agus dá mbeith nach biadh an oiread so de shuidhiughadh nó de shomplaidhibh ar an bpunc so Corp Chríost (bheanus re n-ár gcreideamh) againn, is é dhlighthear dhúinn gan ansgrúdadh do dheunamh, acht ár dtuigsin do chuibhreach agus a chreideamhuin go soiréidh, go mbudh fíor gach nidh dá mbeith 'san Sgrioptúir, agus an tan nach dtuigfimís (do réir reasúin) go mbeidís soidhéanta, gan leanmhain ar cúirialtacht ceasd acht éigheamh mar dorinne Pól, amhail leightear 'san t-aonmhadh caibidil deug chum na Romhánach, mar a ndubhairt — “O, a áirde shaidhbhris, eagna, agus eolais De! Creud é diamhracht do bhreitheamhnuis, agus creud é deacracht do shlighte do leanmhuin!” Agus mar go n-admhann Pól go ndeachaidh de féin a fhios do bheith aige creud fá go ndeárnadh Dia mórán de neithibh, agus cionnus dorinne Sé iad, ní h-iongnadh go rachadh de Chailbhin agus de'n uile dhuine, níos mó ioná chuaidh de Phól.

Is mar sin de thaoibh Chuirp Críosd 'san abhlainn; mar dochuaidh de Chailbhin gan a fhios do bheith aige cionnus chuireas Dia ann é, níor cneasda dhó (do dhísliughadh a ainbhfeasa féin) a rádh nachar bhféidir le Dia a chur ann; acht is é do dhlighfeadh do dheunamh, amhail adeir Pól, 'san deachmhadh caibidil de'n Dara hEipistil chum na gCoirinnteach, go ndligheann duine a thuigsin do chuibhriughadh, do thabhairt géille agus creideamhna do chumhachtaibh Chríost, agus ar dtús is córaide sin do dhéanamh, mar léightear ag Lúcás, 'san ochtmhadh caibidil deug — “Na neithe atá doidhéanta ag daoinibh, go bhfuilid soidhéanta ag Dia,” amhail is follus i mórán d'áitibh de'n Sgrioptúir, go ndeárna Dia gníomhartha le n-A chumhachtaibh féin nach féadfadaois (daoine) do dheunamh, mar atá Maighdean do bhreith mic gan truailleadh a hóghachta, amhail do thairngir Isaias 'san tseachtmhadh caibidil; agus mar tháinig Críost imeasg na nApstal 'san árus druidthe in a rabhadar gan osgladh doruis nó fuinneóige, do réir Lúcáis 'san 24 caibidil; nó mar tháinig Críost as an dtuamba do bhí iadhta séaluighthe (idir corp agus anam) gan osgladh an tuamba, do réir Matha, 'san 28 caibidil, agus Marcuis, 'san 16 caibidil. Ní h-é, iomorro, Críost do thógaibh an leac de'n tuamba, acht aingeal do thuirling de Neamh (iar n-eiséirghe Chríost) le ar tógbhadh an leac, agus le ar briseadh séala Caezar do bhí uirre. No mar dochuaidh Corp Chríost ar Neamh, do réir Phóil, 'san gceathramhadh caibidil de'n Eipistil chum na nEphesianach. Nó mar do shiubhail Críost ar uachtar na mara, do réir Mhatha, 'san gceathramhadh  p.66 caibidil deug. Nó mar do ghabh sruth Iordan — eadhon, an t-uisge — anaghaidh áird, agus mar do éirigh i gcosamhlacht sléibhe do gach leith, ag leigean phobail Dé thairis, do réir Iorua, 'san treas chaibidil. Nó mar do thoirmeasg Dia an teine do bhí 'san tsóirn gan gníomh do dheunamh air an dtriúr leanbh, do réir Daniel 'san treas caibidil. Agus mar go ndeárnadh Dia na míorbhaileadha so, agus mórán míorbhail eile do bhí doidheunta ag daoinibh, nach luaidhtear linn de'n chor so, is éigcneasda do Chailbhin a mheas nach féadfadh Críosd (atá in A Dhia Fhírinneach) aon nidh amháin do chur in dá áit in aoinfheacht, tar cheann nach feudfadh duine do chomhachtaibh daonda a dheunamh.

Adeir Cailbhin nach féidir nídh mór do chonnlughadh i nídh beag istigh, agus dá réir sin nach féidir Corp Chríost do chonnlughadh i mbairghin bhig aráin is lugha go mór ioná Corp Chríost. Mo fhreagra ar an reasún so, go bhfuil sé breugach, do réir Eóin 'san gcéad caibidil mar a n-abair na briathra so — “Dorinneadh (ar sé) Colann de'n Bhréithir.” Ionann sin re a rádh, agus dorinneadh Duine de Dhia, agus do réir Lúcáis, 'san gcéad caibidil, is i mbruinn Mhuire dorinneadh so, an tan adubhairt — “An ghein dorugadh uaibh-se (ar sé) is ó'n Spiorad Naomh atá sé,” agus d'á bhrigh gurab Dia an Spiorad Naomh, an nídh do gabhadh ó'n Spiorad Naomh chum A gheineamhna, ní gar nach Dia é; agus dá réir sin atá gan críoch gan foircheann, do réir mar adeir Ieremias ag labhairt i bpearsain Dé, 'san 23 caibidil — “Líonaim (ar sé) neamh agus talamh.” Adeir Pól, 'san seachtmhadh caibidil deug de Ghníomharthaibh na nApstal (dá chur i gcéill go bhfuil Dia in gach aon áit) — “Ní fada ó gach aon againn E (ar sé), óir is ann mhairimíd, gluaistear sinn, agus atámuid.” Adeir Dáibhidh, 'san 138 Sailm (dá cur i gcéill go bhfuil Dia 'san uile áit) — “A thighearna (ar sé), cá háit a dteithfead ód' ghnúis? Dá dtriallaidh ar Neamh, ataoi annsin. Dá ndeachaidh go h-Ifrionn, ataoi-se do láthair annsin. Má chuirim cleiteach orm féin moch-tráth, agus go rachainn in aigéan na mara, gan amhrus béaraidh Do lámh as mé, agus greamóchaidh Do dheas-lámh mé.”

Is follus as na h-ionadaibh so go bhfuil Dia 'san uile áit, agus go líonann Sé neamh agus talamh, agus mar gur chonnluigh an Dia so E Féin i mbruinn maighdine, is follus go bhféadfadh níos lugha ioná sin do dheunamh, mar atá corp beag daonna do chonnlughadh i mbairghín aráin.

Léightear 'san gcéad caibidil de Leabhar na dTaisbeánta ag Eóin nidh as a dtuigfeam go follus go bhféadann Dia nidh mór do chonnlughadh de'n leith istigh de'n nídh beag. Ag so cheana mar adubhairt — “Dochonnarc (ar sé) i meadhon seacht gcoinnleóireadh samhail Mhic an Duine, ag á rabhadar seacht reultanna in A dheas-láimh.”

 p.67

Is follus, de rádh gach uile fheallsamhan dár thrácht riamh ar na h-áirdreannaibh, nach bhfuil aon reult de na seacht bplainéidibh ná 'san bhfiormaimint go léir comh beag re láimh aon duine d'á dtáinig riamh nó fós dá n-abrainn chomh beag ris an gcnoc is mó 'san domhan. Agus mar go n-abair Eoin anns na briathraibh réamhráidhte, go bhfacaidh sé féin na seacht reultanna úd fa mó ioná seacht gcnuic ró-mhóra, ag á gconnlughadh i nglaic aonduine amháin, is follus go bhféadann Dia nidh mór do chonnlughadh de'n leith istigh de nidh beag; agus, dá réir sin, gurab breugach réasún Chailbhin.

Ag so sompla nádúrtha ar an nidh gceudna: —

Is follus, do réir Cleomedes; 'san dara leabhar ro sgríobh ar na Soighneánaibh, go bhfuil oiread na talmhan sé huaire deug ar thrí fichid agus ceud 'san ngréin, agus go ngabhthar sgáile iomláin na gréine i sgathán bheag, agus mar go gconnluighthear sgáile an chuirp ro-mhóir sin na gréine i sgathán beag, creud as nach creidfamaois go mbudh fhéidir le h-Ughdar na Nádúire corp beag daonda do chonnlughadh fá ghnéithibh na h-abhlainne.

Adeir Cailbhin dá mbeidheadh Corp Chríost fá ghnéithibh na habhlainne, le briseadh na habhlainne go mbrisfidhe Corp Chríost; agus, dá bhrigh sin, nach bí Corp Chríost ann. Mo fhreagra ar Chailbhin, go bhféadthar gnéithe an aráin do bhriseadh, agus gan Corp Chríost do bhriseadh, do bhrigh gurab go spioradálta sacraiminteamhail bhíos Corp Chríost ann. Ag so sompla le n-a ndearbhthar an fhírinne so. An tan, iomorro, gearrthar meur, nó cos, nó lámh de dhuine, ní gearrthar aonrud d'á anam; acht gidheadh bhíos an t-anam go hiomlán in gach cuid díobh agus 'san chorp go léir, mar an gceudna do Chorp Chríost, bíos 'san abhlainn go léir agus in gach cuid dí.

Ag so sompla eile is foillsighthe ioná súd as a dtuigfidhear go bhféadann Corp Chríost bheith 'san abhlainn go hiomlán agus bheith go hiomlán in gach aon bhlodh dí an tan bristear í — eadhon, amhail bhíos dealbh an duine go hiomlán 'san sgathán slán, agus an dealbh ceudna in gach aon bhlodh dhe an tan bhristear é, ionnus iar ngabháil bhriste do'n sgáthán nach gabhann an dealbh dochídhthear ann briseadh chuige acht bhí go hiomlán an gach aon bhlodh dhe. Mar an gceudna, an tan bristear gnéithe na habhlainne, ní ghabhann an corp bhíos fúithe briseadh chuige, acht bídh go hiomlán in gach n-aon bhlodh dí, amhail bhíos an dealbh go hiomlán in gach n-aon bhall de'n sgathán bhriste.

Léightear fíoghair ar an nídh so 'san treas chaibidil in Ecsodus, mar a bhfuil sgríobhtha go bhfacaidh Maoise lasair mhór i muine coille, agus gan a bheag nó a mhór de'n mhuine ag gabháil loisgthe chuige. Mar sin do  p.68 Chorp Chríosd, acht, gidheadh ghabhaidh gnéithe na habhlainne briseadh chuca i lámhaibh an tsagairt, ní ghabhann Corp Chríost bhíos fútha a bheag nó a mhór do bhriseadh chuige.

Adeir Cailbhin dá mbeith Corp Chríost fá ghnéithibh an aráin go dtiocfadh as sin do'n tí do chaithfeadh aon abhlann amháin nach biadh aige acht aon chorp amháin Chríost ar iomchar, agus an tí do chaithfeadh a sé nó a seacht nó dá mheud do chaithfeadh de na habhlannaibh, go mbiadh Corp Chríost ar iomchar aige anaghaidh gacha habhlainne díobh.

Mo fhreagra ar Chalbhin, an tí do chaithfeadh n-uimhir do-áirmhighthe d'abhlannaibh, nach caithfeadh acht aon chorp amháin Chríost.

Ag so fíoghair ró-ghaolmhar do so 'san mBhíobla. Léightear 'san 16 caibidil in Ecsodus, an tan, iomorro, do bhídís Clann Israel 'san oidhche ag tiomsughadh an phlúir neamhdha, do thiomsuigheadh duine dhíobh aon chronnóg amháin agus duine eile dhá chronnóig, agus duine eile deich gcronnóga, agus mar sin do gach aon aca do réir a chleasa nó a mhaitheasa féin chum cnuasaigh do dheunamh: gidheadh, re hucht an phlúir do chaitheamh dóibh, an tí do thionóladh na deich gcronnóg (nó groibín) ní bhfaghadh aige féin acht aon chronnóg amháin (“Gamor,” iomorro, fa hainm do'n tomhas do bhí aca); agus an tí nach tiomsuigheadh acht aon chronnóg amháin, do bhíodh aon chronnóg (nó groibín) aige comh maith agus do bhíodh a chronnóg ag fear-thiomsuighthe na ndeich gcronnóg.

Mar an gceudna do Chorp Chríost fá ghnéithibh an aráin, an tí ghlacas deich n-abhlanna ní chaitheann acht aon Chorp Chríost amháin fá ghnéithibh an aráin; agus an tí nach caitheann acht an aon abhlann amháin, caitheann an t-aon Chorp ceudna sin.

Is córaide a thuigsin gurab fíoghair fhírinneach do Shacraimint na hAltóra an plúr neamhdha úd. Ag so seacht modha in a bhfuilid ró-chosmhail re chéile: —

An céad mhodh díobh, gurab 'san oidhche do fearthaoi an plúr neamhdha; mar an gceudna, gurab in oidhche an chreidimh (atá ina eólus dorcha ann féin, amhail adubhramar shuas) dáiltear Corp Chríost dúinne.

An dara modh, gurab ar an bhfásach do fearthaoi an plúr; mar an gceudna, guráb ar fhásach an tsaoghail so dáiltear dúinne Corp Chríost.

An treas mhodh, gurab ar feadh na sé hoidhche do bhíodh an plúr neamhdha d'á fhearthainn, agus ní fearthaoi é 'san tseachtmhadh hoidhche; mar an gceudna re linn na sé n-aimseara so aguinne 'san tsaoghal so, is chum sochair luaighidheachta na sé n-aimsir sin dáiltear Corp Chríosd fá chúm na habhlainne dhúinn; gidheadh an seachtmhadh haimsear, ní bhiadh againn go sacraiminteamhail i bhfolach fá ghnéithibh an aráin, acht dochídhfeam é go follus aghaidh ar aghaidh in A ghlóir féin ar Neamh.

 p.69

An ceathramhadh modh, do réir mar adubhramar thuas ag míniughadh na bhfioghrach in a dtráchtar ar na cronnógaibh (nó groibínibh) agus ar lucht a dtiomsuighthe.

An cúigeadh modh, ar ollmhughadh an phlúir, óir an tan cuirthí re teine é do bhíodh ina bhiadh tirm, daingean, inithte, agus an tan do cuirthí ris an ngréin é, do leaghadh, agus ní bhfaghthaoi ina bhiadh inithte é. Mar an gceudna, an tan curthar Sacraimint Chuirp Chríost re teinidh ghrádha Dé agus na gcomharsan bhíos ar lasadh i gcroidhe an fhíréin, doghnídh biadh daingean dileas ioncaithmhe de, agus teid i n-oileamhain spioradálta dhó; agus dobheir brígh agus beódhacht dó le a gcathaigheann anaghaidh na ndubháilceadh agus na ndroch-rún; gidheadh, an tan chuirid lucht an dhíomuis agus na ndroch-airghean re gréin na glóire diomhaoine é, leaghaidh sé, agus ní théid i bhfuil ná ina oileamhuin spioradálta dhóibh.

An seiseadh modh, ní coimeadthaoi aon nídh de'n phlúr neamhdha tar oidhche mar lón; mar an gceudna do'n tSacraimint so, ní dlighthear lón ná tairbhe shaoghalta do dheunamh dhe, ná cisde nó ionnmhus do dheunamh mar gheall air.

An seachtmhadh modh dogheabhthaoi blas gacha bídh do bhíodh de mhian ar dhuine ar an bplúr neamhdha, amhail adubhramar thuas; mar an gceudna do'n tSacraimint so, dogheibhthear grása agus maith uaidh in a bhfuil gach uile bhlas agus mian spioradálta.

Atáid gnéithe eile in a dtig an plúr neamhdha agus Corp Chríost le chéile.

An chéad ghné, gurab maille re hoibriughadh na n-aingeal dorinneadh an plúr neamhdha, agus is uime sin ghoireas Dáibhidh, san 77 Sailm, “Arán na n-Aingeal,” de. Mar an gceudna, is maille re hoibriughadh na n-aingeal — eadhon na sagart — doghnídhthear Corp Chríost.

An dara gné, nach de thalamh nó d'uisge dorighneadh an plúr neamhdha, amhail doghnídhthear do ghnáth na biadha coitcheanna, acht a theacht de Neamh. Mar an gceudna do'n tSacraimint so, is de chumhachtaibh Chríost atá ar Neamh cuirthear 'san abhlainn choisreagtha é.

An treas gné, is sobhlasda dogheibhidís na fíréin re a chaitheamh an phlúr, agus fa dombhlasda do na droch-dhaoinibh é. Mar an gceudna, is sádhail sobhlasda do na deaghdhaoinibh an tSacraimint so, agus is damanta, drochbhlasda do na droch-dhaoinibh é, do réir S. Tomáis, 'san iomun dorinne ar Chorp Chríost.

An ceathramhadh gné, do coiméadadh cuid de'n phlúr neamhdha i n-Airc dhothruaillighthe iomad de cheudaibh bliadhan. Mar an gceudna coiméadtar an tSacraimint so, in Airc dhothruaillighthe na hEagluise do shíor,  p.70 d'oirchill ar na Críostuighthibh, agus mar chuimhniughadh ar na grásaibh dorinne Dia orra 'san bPáis, amhail do choiméadadar an pobal Iúdaigheach an plúr (amhuil adubhramar) mar chuimhniughadh ar na grásaibh dorinne Dia orra ar an bhfásach.

An cúigeadh gné gurab é an plúr neamhdha fá lón do Chloinn Israel ar feadh dá fhichead bliadhan dobhádar ar an bhfásach, go rochtain Tíre Tairngire dóibh. Mar an gceudna is í an tSacraimint so lón spioradálta d'anmannaibh na bhfíreun an gcéin bhíd ar fhásach an tsaoghail so go dul i dTír Thairngire (an Flaitheas Neamhdha) dhóibh.

Is iontuigthe as na somplaidhibh so gurab fíoghair agus aithghein do'n tSacraimint so an plúr neamhdha, agus, ó's éigin an nídh féin do bheith níos uaisle ioná a fhíoghair nó a aithghein, do réir Phóil agus mar is follus i gCríost fá huaisle ioná Melchisedec fá haithghein dó, agus 'san bPáis, dob uaisle ioná íodhbairt Abraham fá haithghein di, caithfimíd admháil gurab uaisle an tSacraimint so ioná an plúr neamhdha fá haithghein di, agus is iontuigthe nach féidir gurab uaisle an tSacraimint so ioná an plúr neamhdha; acht muna bhfuil nidh éigin substainteach innte is uaisle ioná an t-arán, agus ó nach bhfuil nidh eile substainteach innte is uaisle ioná an t-arán acht Corp Chríost, caithfimíd admháil go bhfuil Corp Chríost 'san tSacraimint, nó go gcumaidh Cailbhin nó a chlann ainn nó sloinneadh substainte eile is uaisle ioná substaint an aráin do bhí innte in éagmhais Chuirp Chríost, nídh nach ráinig leó do chumadh fós.

Adeir Cailbhin, dá mbeidheadh Corp Chríost 'san abhlainn, go mbudh fhéidir go dtuitfeadh an abhlainn ar lár, agus go dteagmhaidh i mbeul con nó gadhair í. “Ní cneasda so do rádh (ar sé), ar an adhbhar sin ní cneasda a radh go bhfuil Corp Chríost 'san abhlainn.”

Mo fhreagra ar Chailbhin, dá dteagmhaidh sin i gcás, nach misde Corp Chríost é, agus nach geabhaidh truailleadh ar bith uaidh, amhail mar nach gabhann an gath gréine truailleadh ó bheith ag taithneamh ar an abhlach truaillighthe bhíos lán de chnumhaibh neamhghlana, nó an liag loghmhar ó'n lathaigh in a mbí, nó an t-ór ó'n dtalamh fá mbí i bhfolach. Freagra eile ar Chalbhin — Biodh a fhios fós ag Cailbhin gur chuir Críost Féin A Chorp in ionad budh truaillighthe ioná corp con nó madraidh — eadhon, i gcorp Iúdáis do bhí ina dhuine dheamhnaidhe pheacach do réir mar léightear 'san 14 caibidil ag Marcus, agus 'san 26 caibidil ag Matha, agus 'san 22 caibidil ag Lúcás; óir do bhí sé de'n dá Absdal deug an tan thug Críosd A Chorp Féin dóibh d'á chaitheamh 'san tSuipéar. Agus mar nach lughaide do bhí Corp Chríost fá ghnéithibh an aráin do caitheamh le Iúdás, eisean do bheith ina pheacach dheamhnaidhe ag á chaitheamh, is mar sin nach lughaide do bhiadh  p.71 Corp Chríost 'san abhlainn, go gcaithfidhe le coin nó le gadhar é, agus nach rachadh i dtruailleadh ar a shon.

Atáid, iomorro, trí modha ar a gcaithtear an tSacraimint so —

An chéad modh díobh go sacraiminteamhuil amháin. Ionann sin ré a rádh agus an tan bhíos toil duine chum a chaithmhe, agus nach é féin theasduigheas uaidh, agus is uime sin adeir S. Augustín — “Creid (ar sé), agus do chaithis é.”

An dara modh go gníomhach amháin. Ionann sin ré a rádh agus a chaitheamh gan grádh do'n tSacraimint, agus i riocht go mbudh biadh corpordha é, nó ó chúis eile shaoghalta, nó do sheachnadh gotha d'fhagháil ó'n bpobal nó a ionamhuil eile sin, agus is mar sin chaithtear le coin nó le madradh, nó le heiriceach, nó leis gach ndroing eile chaitheas go neimhdhlisteaneach é.

An treas modh ar a gcaithtear é, go sacraiminteamhuil agus go gníomhach — eadhon, de thoil agus de gníomh, agus mar sin ghlacaid na firéin é, an tan chaithid é.

Atá iongantus eile 'san tSacraimint so — eadhon, an t-oibriughadh bhíos 'san arán agus 'san bhfíon roimh an gcoisreagadh go bhfanann andiaigh an choisrigthe i ngnéithibh an aráin agus an fhíona — mar atá sásughadh ocruis agus tart do mhúchadh agus a samhail eile sin. Gidheadh ní hiongnadh sin óir ní h-í an tsubstaint bhíos gníomhach acht na haicídighe agus ó anaid na haicídighe in a mbí an gníomhughadh, ní hiongnadh iad do dheunamh an gníomha (d'á gcumhachtaibh féin) bhíos ionnta; agus, ó sé is gníomhughadh d'aicídibh an aráin sásughadh ocrais, agus d'aicídibh an fhíona tart do mhúchadh, nó a n-ionamhuil eile, ní hiongnadh iad d'á dheunamh sin andiaigh substainte an aráin agus an fhíona do dhealughadh riú.

Tuig, a léightheóir, gach nídh dá ndubhramar re Corp Chríost fá ghnéithibh an aráin go n-abraim an nídh ceudna re Fuil Críost fá ghnéithibh an fhíona. Is leór a ndubhramar dá cruthughadh gurab breugach Cailbhin de thaoibh na Sacraiminte so na hAltóra, mar a n-abair nach bí Corp Chríost fá ghnéithibh an aráin.

AN DEACHMHADH CAIBIDIL. In a dtráchtar ar an gcuid eile de'n Chanóin go soiche “Domine non sum dignus, etc.”

Is é chialluigheas na cúig crosa doghnídh an sagart, ag rádh “Hostiam puram” —

Ar dtús is é chialluighid na trí céad chrosa dhíobh na trí neithe dorinne Críost d'ár neartughadh anns na Trí Subhailcibh Diadha — eadhon,  p.72 Creideamh, Dóthchas agus Grádh. Oir do neartuigh Sé sinn in ár gcreideamh leis an Eiseirghe, in ár ndóthchas leis an Aifrionn, agus in ár ngrádh leis an bPáis.

Is é chialluighid an dá chros déighionacha, an dá phríomh-chomaoin eile do chuir Críost orruinn. An chéad chomaoin díobh, an diadhacht do thathughadh ris an daonnacht. An dara comaoin, mar thug Sé grása fóirleathna do gach aon le'r bh'áil bheith ionamhuil chum a nglactha.

Is é ádhbhar fá mbuaileann an sagart agus an pobal a lámha ar a n-uchtaibh, ag rádh “Nobis quoque peccatoribus,” dá chur i gcéill go ndlighid na peacaigh, de dhrnim aithrighe, a bpeacaidhe d'admháil do Dhia.

Is é chialluighid na trí crosa doghnídhthear, ag rádh “Sanctificas,” na trí guidhe dorinne Críost re hucht na Páise. An chéad ghuidhe dhíobh, ar son A eascarad, an tan adubhairt — “A Athair, maith dóibh so, óir ní feas dóibh creud doghnídhid.” An dara guidhe, ar A shon Féin, agus ar son A dheibhléan, an tan adubhairt, do réir Matha 'san 27 caibidil — “O Mo Thighearna! agus O Mo Dhia Féin! creud fá'r thréigis Mé?” An treas ghuidhe, ar son A Anma Féin amháin, an tan adubhairt — “Ad' láimh-se, a Thighearna, tiomnaim Mo Spiorad Féin.”

Is é chialluighid na trí crosa doghnidhthear ag rádh “Per ipsum,” na trí huaire do bhí Críost san gcrois — eadhon, ó'n seiseadh huair de'n ló go soiche an naomhadh huair.

Is é chialluighid an dá crois doghnídhthear ina dhiaigh sin, an dá nídh tháinig as taoibh Chríost, mar atá fuil agus uisge.

Is é chialluigheas léigean na h-abhlainne ar an gcorporas, cur Corp Chríost 'san eisléine.

Is é chialluigheas an tógbháil bheag doghnidhthear ar an abhlainn andiaigh an choisreagtha úd adubhramar fá dheireadh, an tógbháil dorinne Muire ar a Mac andiaigh a léigthe as an gcrois.

Dá uair, iomorro, tóigthear an tSacraimint 'san Aifrionn; ar dtús, an tan taisbeántar do'n phobal í, is é chialluigheas an tógbháil sin, mar do tógbhadh Críost 'san gcrois; an dara huair, mar do chuir Muire Críost ina hucht, amhlaidh adubhramar.

Is é chialluigheas trí hanmana na n-Apsdal adeirthear an tan doghnídh an sagart é féin do choisreagadh leis an bpaiténa, d'á chur i gcéill gach naomh dá dtáinig riamh gurab de thrí dhrongaibh é — eadhon, gurab duine pósta é, nó gurab duine maighdine é, nó gurab duine aontumhadh é. Mar sin, iomorro, dobhádar an triúr úd; mar do bhí Peadar pósta, agus Pól ina mhaighdin, agus Aindreas ina aontumhadh.

Is é chialluigheas an pax dobheir an sagart do'n phaitena, dá chur i  p.73 gcéill gur cheannaigh Críost ár síothcháin go daor ar an gcrois.

Is é chialluigheas an briseadh doghnídhthear ar an abhlainn, ag rádh “per eundem,” an briseadh dorinne Críost ar an arán d'á roinn ar na hAbstalaibh 'san tsuipéar, mar a dtug Sé a Chorp féin fá ghnéithibh an aráin dóibh. Is é ádhbhar fá a ndéantar trí coda de'n abhlainn, dá chur i gcéill go raibh Críost i dtrí reachtaibh ar an saoghal so; ar dtús, go saoghalta, so-mharbhtha roimh an bPáis; ina dhíaigh sin, go domharbhtha, deallraidhtheach tar éis na heiséirghe; an treas feacht, go diamhair, do-fhaicsiona i lámhaibh na sagart i sacraimint na haltóra. Adhbhar eile fós fá ndéantar trí chuid de'n abhlainn, dá chur i gcéill go bhfuil Corp fáthrúnda diamhairchiallach Chríost ina thrí codcaibh. An chéad chuid díobh, Eagluis Fhlaitheamhnais Dé, dárab ainm Eagluis na mBuadh, agus doghnídhthear an tSacraimint d'ofrálughadh mar tuilleadh buidhe agus mar altughadh ris an Eagluis sin. An dara cuid, Eagluis an tSaoghail so, dárab ainm Eagluis an chathaigh, agus doghnídhthear an tSacraimint d'ofrálughadh ar son na coda so, mar gheall fuasgailte. An treas cuid, na Naoimh atá i bPurgadóir, agus doghnídhthear an tSacraimint d'ofrálughadh ar a son so, mar leóirghníomh ar son a bpéine.

Is é ádhbhar fá mbristear ós cionn na cailíse í, ionnus, dá mbeidís bruaireach ar bith ar lorg an bhriste, go dtuitfeadh 'san gcailís.

Is é chialluigheas an chuid curthar 'san chailís firéin Eagluise an tSaoghail so, dá chur i gcéill, an chuid bhíos ar an saoghal so, gurab éigin dóibh Corn na Páise d'ól; agus cialluighid an dá chuid eile, Eagluis na mBuadh agus na marbh bhíos i bPurgadóir.

Is é cialluighid na trí crosa doghnídhthear, ag rádh “Pax Domini sit semper vobiscum,” na trí lá do bhí Críost 'san uaigh.

Is é fáth fá n-abarthar “Agnus Dei” trí huaire, i gcuimhniughadh na dtrí n-olc do mhaith Críost dúinn — mar atá, peacadh an tsinnsir, peacadh marbhthach, agus peacadh sologhthach.

Is é chialluigheas “Sacro Sancto Commixtio,” tathughadh Anma Chríost re n-A Chorp 'san Eiseirghe, agus doghnídhthear trí crosa, dá chur i gcéill gurab do chumhachtaibh na dTrí bPearsana atá 'san Trionóid tháinig an tathughadh sin do dheunamh.

Ní tabharthar an “Pax” in Aifrionn na Marbh, do bhrigh gurab do thuar síothchána bheirthear é, agus gurab idir na beódhaibh amháin iarrthar an tsíothcháin do bheith, ó's eatorra is gnáth easaonta do bheith. Na mairbh, iomorro, ní bhí cúis ná caoi easaonta eatorra. An chuid aca bhíos i bPurgadóir, ar an ádhbhar sin ní righthear a leas “Pax nó síothcháin do thúar dhóibh.”  p.74 Is é chialluigheas “Domine non sum dignus,” go ndligheann an sagart re hucht an Tighearna do theacht go sacraiminteamhuil d'á thigh féin — eadhon, d'á chorp féin (do shlánughadh a bhuachalla féin) — eadhon, a anam féin agus a choguas do sgríobhadh agus do sgiamhghlanadh, ionnus go mbadh fiú é Mac Dé theacht d'áitiughadh a anma. Agus, de bhrigh nach féidir an glanadh sin do dheunamh acht maille ris an bhfaoisidin do dheunamh de ghníomh, nó maille re rún faoisdineach do bheith ag duine, maille re comhmbrughadh croidhe, agus ní féidir dó gan an fhaoisidin do dheunamh. Mar an gceudna adeirim go ndligheann an uile Críostaighe, re hucht Chuirp Chríost do chaitheamh, a pheacaidhe go léir d'admháil, d'innsin, d'fhaisnéis, agus do fhoillsiughadh 'san bhfaoisidin, agus é féin mar sin d'ullmhughadh agus do ghlanadh chum na Sacraiminte do chaitheamh go dlisdeanach, do réir mar adeir Pól 'san aonmhadh caibidil deug de'n chéad eipistil chum na gCoirinnteach, mar a n-abair, “Dearbhadh an duine é féin (ar sé), agus tigeadh mar sin do chaitheamh an aráin so; óir gibé itheas agus ibheas go neimhfiúntach é, is damnughadh do féin itheas agus ibheas gan dochar do Chorp an Tighearna.” Agus is amhlaidh fhéadfas duine é féin do dhearbhadh maille re faoisidin do dheunamh go haithrigheach do láthair sagairt ag á mbeidheadh úghdarás ó'n Eagluis aige, do réir mar tá sé d'fhiachaibh ar gach aon Críostaighe 'san mbith, do réir mar chruthócham 'san gcaibidil so rómhainn síos.

AN T-AONMHADH CAIBIDIL DEUG. In a dtrachtar go bhfuil an Fhaoisidin éigeantach, ionghabhtha, agus gurab ris na Sagartaibh dleaghthar a deunamh.

Adeir Eoin 'san chéad caibidil d'á chéad Eipistil Catoilice — “Dá ndeárnam (ar sé) ár bpeacaidhe do fhaoisidin, is díleas agus is ceart Dia chum ar bpeacaidhe do mhaitheamh dhúinn, agus glanfaidh sin ó'n uile urchóid.” Adeir Solamh, 'san 28 caibidil de Leabhar na Seanfhocal, “An tí cheileas a cheana (ar sé) ní bhfaghadh treóir do dheunamh dó. Gidheadh, gibé aidmheóchas a cheana dogheobhadh trócaire do dheunamh air.” Léightear ag Lúcás, 'san 19 caibidil de Ghníomharthaibh na nAbstal, go ndeárnadar mórán d'á dtáinig chum chreidimh le na linn féin faoisidin agus foillsiughadh ar a bpeacaidhibh. Adeir S. Séamus, 'san seiseadh caibidil, leis na daoinibh iad féin do dheunamh faoisidin le chéile; dá chur i gcéill nach leór do dhuine a pheacaidhe d'admháil agus d'innsin do Dhia amháin, acht go ndligheann a bhfaoisidin agus a bhfoillsiughadh do dhuine. Oir, bíodh gur leór faoisidin  p.75 do dheunamh le Dia amháin an tan do bhí Sé in A Dhia thur gan daonnacht ní háil leis anois, ó tharla in A Dhuine é, gan an peacach d'á chionntughadh féin do dhuine, do réir an úghdaráis d'fagaibh Críost ag an Eagluis, ámhail léightear ag S. Augustín, 'san dara caibidil do sgríobh ar Fhiosrughadh na n-Easlán. “Atáid drong ann (ar sé) shaoileas gurab leór dóibh chum a slánuighthe dá ndeárnaid a bpeacaidhe d'fhaoisidin le Dia amháin ar nach bhfuil aoinnidh ina fhoilcheas.” Ní háil leó, nó is nár leó, nó ní fiú léo, iad féin do thaisbéanadh do na sagartaibh, tar cheann gurab iad na sagairt do hórduigheadh le Fear an Dlighe do Chumadh — eadhon, le Críosd — dochum idirdhealaighthe do dheunamh idir lubhra agus lubhra. Gidheadh is beithte dhóibh so dul go humhal fá breathnughadh an tí d'árbbhfiú leis an dTighearna bhiocaire do dheunamh de, eadhon, an t-athair faoisdne. Agus is córaide sin do dheunamh an nidh léightear ag Epiphanius, 'san 29 caibidil — “Is í an tsagartacht (ar sé) ríogh-chathair Dáibhidh 'san Naoimh-Eaglais.” Adeir Críost, 'san deachmhadh caibidil ag Lúcás, ag labhairt ris na sagartaibh — “Gibé éisteas libhse (ar sé) éistidh sé riomsa, agus gibé dobheir táir nó tarcuisne orraibh, dobheirid an nidh ceudna ormsa.” Léightear fós, 'san seachtmhadh caibidil in Deutoronoimí, gur órduigh Dia gibé dorachadh in uaill ar na sagartaibh, agus ná tiubhradh ómós dóibh, do bhreith an bhreitheamhan, a chur chum báis.

As na háitibh so is iontuigthe go ndleaghthear géille do na sagartaibh anns na neithibh bheanas re cogúas, go háirighthe i maitheamh na bpeacadh curthar síos 'san bhfaoisidin leis an aithrigheach, doghníodh é féin d'ísliughadh do'n tsagart go húmhal, ag á bhfuil ar a bhréith pardún a anma do thabhairt dó, do réir mar chruitheócham 'san gcaibidil so síos.

Ní h-é, iomorro, fáth fá n-órduighthear do'n aithrigheach a pheachaidhe d'fhaisnéis do'n tsagart d'eagla nach biadh a fhios ag Dia acht muna n-innistidhe do'n tsagart iad, acht is é adhbhar fá n-órduighthear é, ionnus go gcluinfeadh an Diabhal an t-aithrigheach ag á chionntughadh féin ina pheacadhaibh, amhail adeir S. Auguistín, 'san treas seanmóir do sgríobh ar an bhfásach chum a bhráithreach, mar a dtráchtann ar an bhfaoisidin.

Adhbhar eile, fós, fá ndleaghthar an fhaoisidin do dheunamh ris na sagartaibh, do bhrigh go mbeanann re honóir Dé an peacach dá chionntughadh féin do láthair an oide faoisidine, ionnus ina dhiaigh sin an tan dodhéanadh Dia trócaire ar an aithrigheach, de dhruim na faoisidine, go bhféadfadh an t-iode faoisidine trócaire Dé do mhaoidheamh go caithréimeach ar na Críostaighibh.

Agus is ina fhioghair so atá an nidh léightear 'san seachtmhadh caibidil de Leabhar Ioshue, mar ar fhuráil Ioshue ar Achan an slad dorinne d'aisíoc. “A mhic (ar sé), tabhair glóir do'n Tighearna Dia Israel, agus  p.76 déan faoisidin agus foillsiughadh damhsa creud dorighnis?” Do fhreagair Achan agus adubhairt — “Go fírinneach (ar sé) do pheacaigh mise i bhfiadhnaise an Tighearna Dia Israel, mar so agus mar so,” ag admháil an tslaid agus gach uile uilc dá ndeárnaidh. Tabhair dod' aire, a léightheóir, mar adubhairt Iosue re hAchan faoisidin do dheunamh ris féin mar onóir do Dhia, dá chur i gcéill go mbeanann re h-onóir Dé an t-aithrigheach do fhaisnéis a chionnta do'n oide faoisdine.

Gidheadh, dá bhfiafraigheadh LúiterCailbhin nó a lorgaraidhe — Cia re a ndligheann an t-aithrigheach a fhaoisidin do dheunamh? Bíodh a fhios aca de bhrigh gurab glais agus géibhiona na péacaidhe in a gcuibhrighthear an t-anam, do réir Solamh 'san gcéad caibidil deug de Leabhar na Seanfhocal — “Gabhaidh (ar sé) a urchóid féin an drochdhuine, agus cuibhrighthear le teudaibh a pheacaidhe féin é.” Agus gurab chum na droinge ag á bhfuil na heochracha dleaghthar dul do sgaoileadh na gcuibhreach sin an pheacaidh. Agus, ó 'sé Peadar, agus gach aon dá bhfuil 'san órd shagartacht in a raibh sé, an dream ag á bhfuilid na heochracha so, do réir an ghealla thug Críost do, amhuil léightear ag Mátha 'san séiseadh caibidil deug, “Is duitse (ar sé), a Pheadair, dobhéarsa eochracha an Flaithis Neamhdha.” Uime sin, is do na sagartaibh atá d'Ord Pheadir dleaghthar dul do sgaoileadh an ghlais sin an pheacaidh. Agus fós mar léightear ag Eoin 'san bhficheadh caibidil go dtug Críost go follus cumhachta sgaoilte glais an pheacaidh do na hAbstalaibh go coitchionn, agus do na deisgioblaibh, agus dá réir sin do na heasbogaibh, agus do na sagartaibh, an méid gur abhcomharbadha do na habstalaibh agus do na deisgioblaibh iad, mar a n-abair — “Glacaidh (ar sé) an Spiorad Naomh, an dream úd ag á maithfidhe a bpeacadha, biaid maithte aca,” etc.

Atáid, iomorro, dá ghné eochrach ann, mar atáid eochracha eoluis, nó feasa, nó foghluma, le a mbiadh a fhios ag an sagart cionnus do dheunaidh sé idirdealughadh idir pheacadh agus neimhpheacadh, idir, fós, mhinpheacadh agus mórpheacadh. An dara gné eocharach — eadhon, eochracha úghdaráis — eadhon, dlighe chumhachta do bheith ó Cheann na hEagailse, nó an tí ag á mbeith cumhachta fá cheann na hEagluise le n-a dtabhairt dhó.

Dá mbeith ina iongnadh ar aon duine cionnus suightear a ionamhuil so d'úghdarás do bheith ag an Eagláis, bíodh a fhios aige go léightear ag Mátha, 'san 28 caibidil, gur tugadh na huilechumhachta ar Neamh agus ar talamh do Chríost, agus gur mar sin do chuir an t-Athair uaidh é. Léightear fós ag Eóin, 'san bhficheadh chaibidil, mar a n-abair Críost gurab amhlaidh do chuir an tAthair E Féin ar talmhain do chuir seisean na hApstail agus na Deisgiobail. Ionann sin re a rádh agus maille re cumhachtaibh  p.77 do bheith ar Neamh agus ar talmhain aca. Agus is coráide a thuigsin mar so, mar d'fhuráil Sé Féin orra an Spiorad Naomh do ghlacadh, agus mar adubhairt — “Gach dream d'á maithfidís sin a bpeacaidhe go mbeidís maithte aca,” etc. Agus 'san caibidil so thug Sé dlíghe agus cumhachta do na hApstalaibh faoisidin d'éisteacht, amhail thug dóibh, 'san 18 caibidil ag Mátha cead coinnealbháthadh do dheunamh, mar n-abair — “Gach nídh d'a maithfidh i dtalmhuin bíodh maithte, agus gach nídh d'á gceangaltaoi (ar sé) i dtalmhuin, bíodh ceangailte ar Neamh,” etc. Gidheadh, is 'san 26 caibidil ag Matha, i ndáil an tSuipéir, thug Sé cumhacht an úird uaidh. Agus do bhrigh gurab ar Mhátha ris na hApstalaibh agus ris an Eagluis i gcoitchinne do dháil Chríost na h-úghdaráis so, dá réir sin ní fuláir na úghdaráis ceudna do bheith ar bun 'san Eaglais do ghnáth, do bhrigh nach bhfuil teacht as ina n-éagmuis aice. Agus, ó nach raibh ar bhreith do na hApstalaibh marthainn do shíor, níor chneasda dóibh an t-úghdarás fuaradar gan a fhágbháil ag na chomharbadhaibh atá i seilbh Ard-fhlaithis na hEagluise ina ndiaigh, mar atá Pápaidhe na Róimhe agus gach easbog agus gach sagart ag á bhfuil cumhachta uaidh agus úghdarás 'san Eagluis.

Agus dá n-abraidh Liútear nó Cailbhin gur baitheadh an t-úghdarás so in aoinfheacht ris na hApstalaibh, bíodh a fhios aca nach fíor dhóibh é, óir léightear 'san bhficheadh caibidil de Ghníomharthaibh na nApstal, mar thugsad na h-Apstal an t-úghdarás ceudna do bhí aca féin d'easbogaibh agus do shagartaibh eile futha féin. Ag so mar adeir Pól 'san caibidil ceudna, ag labhairt ris an drong úd — “Tabhraidh aire dhíbh féin (ar sé) agus do'n treud go léir, ionar chuir an Spiorad Naomh sibh mar easbogaibh d'fhollamhnughadh Eagluise Dé, do sholáthair Sé le n-A Fhuil Féin.” Is follus as so, ó thugadh cumas follamhnuighthe dóibh ar na Críostaighibh, dá réir sin nach fuláir go mbeidís na cumhachta do bhí ag na hApstalaibh aca agus is córaide a thuigsin mar so, mar fhógras Pol do na Críostaighibh umhlacht agus fóghmós do thabhairt do na Prealáidibh, amhail léightear 'san tríomhadh caibidil deug de'n Eipistil do sgríobh Pól chum na n-Eabhrach. Adeir fós Pól, 'san treas caibidil de'n Dara h-Eipistil do sgríobh chum na gCoirinnteach gurab comharba agus lucht ionaid do Chríost préaláide na hEagluise, agus dá réir sin go bhfuil úghdarás Chríost ag na hAbstalaibh agus ag na prealáidibh.

Dá n-abradh Cailbhin nó Liútear gurab é Dia amháin mhaitheas na peacaidhe, agus dá réir sin nach féadaid na sagairt a maitheamh, bíodh a fhios aca tar a cheann sin gurab é Dia is Prímh-ghníomhaighthéoir ag maitheamh an pheacaidh, tairis sin gurab é an sagart is cúis uirliseamhuil do sgaoileadh glais an pheacaidh. Ag so sompla ar sin — eadhon,  p.78 Má tá gurab'é an rígh dobheir párdún a anma do'n bhraighe bhíos damanta 'san phríosún. Maiseadh tairis sin is é an séighleóir sgaoileas amach é, agus osglas an glas bhíos air. Mar an gceudna, ó dorinne Dia séighleóiridhe de na sagartaibh, is dóibh dobheir cumas sgaoilte an aithrigheach as príosún an pheacaidh le heochair úghdaráis na habsolóide, acht gé dobheir Dia pardún a anma dhó.

Agus dá n-abradh an t-éiriceach go bhféadfadh Dia Féin an glas sin do sgaoileadh de'n aithrigheach agus a leigean as príosún an pheacaidh, gan congnamh an tsagairt. Mo fhreagra, ar dtús, ar an éiriceach, go bhféadfadh an rígh dul ar a chosaibh féin ó'n gcúirt go soiche an phríosún, agus an bhraighe do leigeann amach, gan congnamh an tséighleóra, mar an gcéadna do Dhia. An dara freagra dobheirim air, gurab iomdha nídh dh'fhéadfadh Dia do dheunamh uaidh féin nach déanann Sé ar chor ar bith, mar atá, domhan eile do chruthughadh ann, nachar cruthuigheadh fós, agus créatúiridhe éagsamhla eile. Is iomdha fós, neithe eile do fhéadfadh do dhéanamh uaidh féin, nach deárnadh acht le congnamh nó cómhoibriughadh na ndaoineadh, mar atáid na míorbhailighe dorinneadh leis na hApstalaibh, agus le hiliomad naomh ó shoin a leith, d'fhéudfadh Dia do dheunamh uaidh Féin, nach deárnadh acht maille re cómhoibriughadh na Naomh agus na n-Abstal. Mar an gceudna, adeirim, re sgaoileadh ghlais an pheacaidh, tar cheann go bhfeudfadh Dia a sgaoileadh uaidh Féin, maiseadh ní sgaoileadh acht maille re cómhoibriughadh an tsagairt. Is córaide so do thuigsin mar léightear ag Matha, 'san ochtmhadh caibidil, an tan tháinig an lobhar do láthair Chríost d'á shlánughadh ó'n lubhra go ndubhairt Críost ris dul agus é féin do thaisbéanadh do na sagartaibh do sgaoilfeadh an glas do bhí air de. Ionann, iomorra, lubhra agus peacadh, agus is iontuigthe do na héiricibh nach dhíth cumhachta do bhuain do Chríost gan É Féin do sgaoileadh an ghlais do bhí ar an lobhar — eadhon, gan cead do bheith aige teacht imeasg an phobail — acht dá chur i gcéill tar cheann gurab É Féin shlánuigheas an lobhar — eadhon, an peacach — agus dobheir pardún a anma dhó, gurab ris an séighleóir — eadhon, an sagart — adeir Sé glas an pheacaidh do sgaoileadh le heochair an úghdaráis — eadhon, leis an absolóid.

Léightear, fós, ag Lúcás, 'san seachtmhadh caibidil deug, tar éis mar do leigheas Críost an dheichneabhar lobhar, go ndubhairt riu imtheacht agus iad féin do thaisbéanadh do na sagartaibh, d'á chur i gcéill gur thoil leis breathnughadh na sagart do bheith orra, agus iad féin do sgaoileadh ó'n ghlas do bhí orra.

Adeir, mar an gceudna, Pól, 'san deachmhadh caibidil chum na Rómhánach, go dtig sláinte na hanman d'fhaoisidin an bhéil.

 p.79

Is é an nidh ceudna chialluighthear ag Matha, 'san 21 caibidil, mar a n-abar Críost ris an mbeirt ndeisciobal dul do sgaoileadh an asail nó an bhromaigh do bhí ceangailte 'san gcaisleán ar a gcomhair agus a thabhairt chuige féin. Go faithchiallach is iad deisciobail do chuir uaidh, na sagairt; agus is é asal nó bromach adubhairt do sgaoileadh, an Cineadh Iúdaigheach agus na cineadha atá ceangailte i gcuibhreach an peacaidh i gcaisleán an domhain so.

Is ag tuar Sacraiminte na Faoisidine do bhí an nidh léightear ag Matha, 'san treas caibidil, mar a n-abair an dream dothigeadh d'á mbaisdeadh chum Eóin go n-innistídhe a bpeacaidhe leó.

Ag so síos fiadhnaise na n-Aithreach Naomhtha do bhí i dtús na hEagluise ann, ag teacht leis an nidh gceudna, ag admháil na faoisidine do bheith ag á ghnáthughadh i bhfíorthús na hEagluise ag na Críostaighibh: —

Adeir S. Denis, 'san Eipistil do sgríobh go Demophilos nidh as a dtuigthear go follus go raibh an fhaoisidin re n-a linn féin ag á deunamh ris na sagartaibh.

Leightear, mar an gceudna, ag Origen, 'san ghluais do chuir ar an 37 Sailm go raibh an faoisidin ag á gnáthughadh re na linn féin. Ag so mar adeir — “Dlighidh tú, a dhuine, bheith go fríochnamhach, ag feuchain cionnus dodheunfaidh tú do pheacaidhe d'fhaoisidin, agus do liaigh do dhearbhadh, agus a fheuchain cia d'á ndligheann tú cúis do thinnis d'fhoillsiughadh dó.”

Adeir Basilius, mar ar sgríobh sé d'Ordughadh na Manach — “Dochídhtear (ar sé) nach fuláir do'n droing d'á dtugthar stiobhardacht na Sacraiminte a bpeacaidhe d'fhaoisidin.”

Adeir Ieronimus, 'san leabhar do sgríobh anaghaidh Montanus eiriceach, “Ní beag (ar sé) mar dhearbhadh gurab neamhbhuaigh eiriceacht na Montánach mar gurab nár leó a bpeacaidhe féin d'fhaoisidin do láthair an tsagairt.”

Adeir Ciprian, ag cur ghluaise ar Lebhiticus, mar a sgríobhann sé ar na Seacht gCéimeannaibh Maithfeachais na bPeacadh atá 'san tseachtmhadh caibidil — “Acht gé cruaidh agus gé saothrach é, maitheamh na bpeacadh maille ris an aithrighe, an tan ionnlas an peacach a leaba le n-a dheoraibh, agus bíd a dheora ina n-arán de ló agus d'oidhche aige agus an tráth nach nár leis an bpeacach faoisidin do dheunamh le sagart an Tighearna, agus leigheas d'iarraidh air.”

Is follus as na hionadaibh so gurab leis an bhfaoisidin fhéadas duine an dearbhadh úd iarras Pól do dheunamh air féin re hucht an tSacraimint do chaitheamh. Agus is follus fós asda nach foghnann aon dearbhadh eile acht an fhaoisidin, do réir mar adeir Solamh thuas, ní dhéantar treórughadh ar an tí cheilfeas a chionnta féin; agus, fós, atá fioghair  p.80 'san mBiobla ag teacht leis so. Léightear 'san 28 caibidil i Leabhar Deuteronomí, d'á chur i gcéill nach bhfuil againn acht aon raon amháin chum dulta ar Neamh, agus garab é sin ród na faoisidine. Ag so mar adeir, ag labhairt ris an bpeacach — “Fá sheacht ródaibh (ar sé) theithfeas tú, agus brisfighear díot fá uile ríoghachtaibh an dómhain nó na talmhan, agus aon ród amháin thriallfas amach i gcoinne heascarad.” Ionann sin re a rádh agus gurab seacht róid na seacht bpeacaidhe marbhthacha in a mbí raon madhma agus móirtheithmhe ag na deamhnaibh ar an bpeacach, agus gurab i n-aon rian na haithrighe do dhruim faoisidine bheireas an peacach buaidh agus triallas ar Neamh.

Ag so síos sgeul miorbhailleach as a dtuigthear go bhfuil an fhaoisidin iomlán éigeanteach, do réir mar léightear 'san leabhar dárab ainm “Scala Coeli.” Láithe n-aon dá rabhadar dias seanmóraidhe ag siubhal na slighe, agus fa h-oide faoisidine, iomorro, do'n Phápa duine dhiobh, agus fa duine neamhurchóideach naomhtha an fear eile, agus ar mbeith ag triall dóibh thárla i gcaisleán d'áirighthe iad in a raibh bean uasal dorinne corbadh re bráthair dí féin, agus do bhí náire uirre nach deárnadh an peacadh sin d'fhaoisidin ar feadh aon bliadhan deug, agus, ar bhfaicsin na mbrathar ndeóranta sin dí, do mheas a faoisidin do dheunamh riú, ó's aca nach biadh aithne uirre ó shoin amach go bráth. Tháinig sí d'á faoisidin chum fir aca, agus do sheasamh an dara bráthair i gcúlair eile de'n tigh, agus re hucht gach peacadh dá n-innsightheadh an bhean, dochíodh an bráthair do bhí ina sheasamh péist fhuathmhar ag teacht tar a beul, agus ag dul tar doras an teampoill amach, agus i bhfóircheann na faoisidine dochonnairc an bráthair dragún mór ag cur a chinn amach go minic tar beul na mná, agus do shúghadh sí chúice seal eile é. Gidheadh, an tan do loc an bhean an dragún do sgéith dochonnairc an bráthair na haithreacha nimhe reamh-ráidhte ag filleadh tar a n-ais, agus ag dul i mbeul agus i mbroinn na mná. Do bhí sí mar sin gan an peacadh do fhaoisidin go hiomlán, agus fuair absolóid. Do thrialladar na bráithre 'san ród rómpa, agus iar ndul trí mhíle ó'n mbaile amach dóibh, d'innis an bráthair óg an sgeul, amhail adubhramar, do'n bhráthair eile. Gabhas biodhgadh an bráthair iar gclos an sgéil sin, agus adubhairt gurab peacadh éigin do cheil an bhean ina faoisidin, agus d'fhilleadar tar a n-ais 'san gconair gceudna go luaith, agus fuaradar an bhean iar bhfagháil bháis ar a gcionn. Do ghabh tuirse mhór iad an tan sin, agus do leigsiad iad féin ar trosgadh agus ar urnuighthe do dheunamh go diochrach dúthrachtach, d'á iarraidh ar Dhia a fhoillsiughadh dhóibh creud tárla do'n mhnaoi sin. Agus i gcionn an treas lá dochoncadar an bhean ar marcuigheacht ar dhragún teinntighe d'á n-ionnsuidhe, agus fa huathbhásach an t-inneall do bhí uirre — eadhon, dá  p.81 n-athair nimhe fíochmhara, fíor-ghrána, timcheall a muinéil, agus iad ag díul a cíoch, agus dá phéist athfhuathmhara neamhchosmhla ar a súilibh, agus gríos dearg ag séide tar bheul na mná, agus dá mhadradh chíochracha chonfádhacha ag creim a lámh, agus dhá shaighid teinntighe tre n-a cluasaibh agus airce luachra ag snamh thar a brághaid. Gabhus bíodhga na bráithre ag á faicsin ar an módh sin. “Ní heagail daoibh, a chairde Dé (ar sí), óir is mise an bhean mhallaighthe úd dorighne a faoisidin an lá fá dheireadh, agus do bhrígh gur cheileas tré náire 'san bhfaoisidin peacadh trom dorighneas atáim damanta go síorruidhe.” “Maiseadh,” ar an t-oide faoisidine, “cuirim fá gheasaibh ort, as h-ucht Dé, an dá cheist chuirfead ort d'fhuasgladh dham. An chéad cheisd — creud chialluigheas éagsamhlacht na bpian sin ort?” Do fhreagair an bhean, “Is é ádhbhar (ar sí) fá bhfuilid na hairce luachra so ar mo cheann, in éiric a ndeunainn d'fhoirneadh, do chíoradh, agus d'fholcadh go díomhaoin ar mo cheann. Agus i ndíol an ithiomráidh, agus na mbriathar mailíseacha do éistinn go toileamhuil, atáid na saighde teinntighe so trém' chluasaibh. Is uime atáid na haithreacha nimhe so fám' bhrághaid, ar son a mhionca do aomainn go toileamhail do lucht suiridhe agus soighneasa a lámha do chur fám' bhrághaid, agus tadhall neamhghlan do dheunamh ar mo bhrollach agus ar mo chíochaibh. Is uime, fós, atáid na madraidhe so ag creime mo lámha, tré na mhionca dobheirinn do chonnaibh agus do mhadraidhibh neith le a bhfeudfainn boicht Dé do riar. Agus is uime, fós, atá an dragún so fúm dom' losgadh tré na mhionca do dheunainn peacadh neamhghlan na drúise.” “Guidhim thú (ar an bráthair) fuasgail dhamh an dara ceist — eadhon, cia hiad na peacaidhe is mó le ndamantar na daoine anois?” Do fhreagair an bhean, agus is é adubhairt — “Is iomdha peacadh le a dtéid na daoine go h-ifrionn. Gidheadh, atáid ceithre gnéithe peacaidh ann le ndamantar na mná go líonmhar. An chéad ghné, peacadh na drúise. An dara gné, an geur-chórughadh dobheirid orra féin do tharraing geana agus grádha na bhfear orra. An treas gné, piseóga. An ceathramhadh gné, aindiúid bhíos orra fá'n bhfaoisidin do dheunamh go glan.” Agus ansin do fhiafraigh an bráthair di an raibh furtacht ina cionn féin. “Ní bhfuil (ar sí) an feadh bhias Dia ag caitheamh na síorraidheachta.” Agus ina dhiaigh sin do fhuadaigh an dragún leis í go h-obann i bhfodhomhain agus a bhfíríochtar ifrinn maille re h-iomad pian.

Is iontuigthe as an sgeul so go bhfuil an fhaoisidin iomlán éigeantach do'n aithrigheach chum dulta ar Neamh, agus d'á bhrígh sin is é an t-aon ród úd amháin do luaidh Maoise 'san bhfíoghair reamhráidhte í. Agus dá mbiadh nach biadh Sgrioptúr nó Aithreacha ag áitiughadh na faoisidine amhail atáid, do budh leór úghdarás barántamhuil na h-Eagluise dá shuidhiughadh go bhfuil sí éigeantach ionghabhtha, óir is í an Eagluis cheudna is riaghail  p.82 treóraighthe dhúinn in gach uile nidh bheanas re n-ár gcreideamh. Agus is uime sin adeir S. Augustín 'san gcúigeadh caibidil do sgríobh anaghaidh eipiostalach eiricigh dár bh'ainm “Fundamentum” — “Ní chreidfinn do'n tSoisgeul (ar sé) muna bhéaradh úghdarás na hEagluise Chatoilice chuige mé.”

Atáid, iomorro, mórán do neithibh bheanas re n-ár gcreideamh ris nach fuil sgrioptúir sgríobhtha acht úghdarás na hEagluise, coimeádaid na Protestants — mar atá trí lá do choimeád ina saoire fá Cháisg agus trí lá fá Chíngcís, etc., amhail adubhramar shuas 'san Reimhthionnsgnamh, agus is iongnadh amhail doghníd siad an oiread so ar órdughadh na hEagluise, gan Sgrioptúir sgríobhtha ag á fhuráileamh orra nach déinid a bh-faoisidin agus go bh-fuil Sgrioptúir sgríobhtha, agus ráidhte na n-Aithreach Naomhtha, agus órdughadh na hEagluise Catoilice ag á fhuráileamh orra.

AN DARA CAIBIDIL DEUG. In a dtráchtar agus in a suidhtear an faoisidin do bheith éigeantach ria caitheamh Chuirp Chríosd, agus is ar dhá mhodh chruitheócham sin, mar atá le fioghaireachaibh as an mBíobla agus le somplaidhibh míorbhuileacha.

Léightear ag Lúcás, 'san cúigeadh caibidil deug, fíoghair ró ghaolmhar ar an bhfaoisidin, mar a dtráchtar ar an millteán mic do chaith a chuid d'oighreacht a athar go díobhlasach diombhaileach: agus ar mbeith in uireasbaidh mhóir dó i gcoigcrích, agus é ag muicidheacht, doluidh an oiread sin de ghorta air ionnus go mbíodh i gcuibhreann na muc fá'n meas. Lá n-aon dó amhlaidh sin do thuig gurab olc do chaith sé a chuid, agus gurab olc dorighne aimhréir a athar do dheunamh, agus oirbheart do thuilleamh, i ndeunamh póite agus striapachais agus iliomaid d'olcaibh eile ó sin amach. Agus do ghabh aithreachas é agus adubhairt, “Eireóchad (ar sé) agus rachad d'ionnsuidhe m'athar, agus adéarad ris, “A athair, do pheacaidh mé i bhfiadhnuise Dé agus ad' láthair-se. Anois ní fiú mé do mhac-sa do ghairm díom. Gidheadh, deunaidh formálaidhe mar gach fear tuarasdail eile dá bhfuil in do theaghlach dhíom.”” Leis sin, do ghlac an t-athair go luathgáireach é, agus thug fá deara ar a stiobhard a nighe agus earradh áluinn ionaonuigh do chur uime agus gáirdeachus agus ceól do dheunamh ina thimcheall. Go fáithchiallach, cia hé an millteán mic úd acht an peacach? Agus cia hé an t-athair acht Dia, nó an t-oide bhfaoisidine i bpearsainn Dé? Agus gibé peacach le'rab mhaith Dia do ghabháil leis, agus a níghe ó n-a pheacadhaibh  p.83 agus earradh áluinn, ionaonaigh neimhthiomhlaighthe na ngrás do chur uime, deunadh an gníomh aithrighe dorighne an millteán mic úd; ar dtús gabhadh aithmhéile agus tuirse inntinne é fá n-a aimsir do chaitheamh go holc, agus éirgheadh as láib na locht agus trialladh d'ionnsuidhe an athar faoisidine agus abradh ris — “A athair, ní fiú me mac Dé nó do mhac-sa do ghairm díom. Gidheadh gabh liom mar fhormalaidhe i moghsaine nó in óglachus peannaide na haithrighe.”

Is follus as réim na fioghaireach so go ndlighthear an admháil agus an fhaoisidin do dheunamh ris an athair bhfaoisidine sul sgaoiltear glas an pheacaidh de'n aithrigheach.

Léightear fíoghair eile ar stáid aithrighe an pheacaigh ag Eóin, 'san t-aonmhadh caibidil deug ar aithbheódhadh Lasaruis. Ag so, iomorro, na cheithre neithe chialluigheas na cheithre lá do bhí Lasarus marbh. Cialluighidh an chéad lá peacadh an tseinsir; na trí lá eile, na trí sáruighthe doghníodhmaoid ar na trí reachtaibh — eadhon, reacht na nádúire, reacht Maoise, agus reacht an tSoisgéil. Cialluighidh fós na cheithre lá úd, na cheithre modha ar a ndéin duine peacadh — eadhon, ó chroidhe, ó bheul, ó obair, agus ó fhaillighe. Dorighneadh, iomorro, seacht neithe timcheall Lasaruis do aithbheódhadh doghníodhthar timcheall an pheacaigh do aithbheódhadh go spioradálta de dhruim na haithrighe. An chéad nidh, do músgladh Lasarus as suan an bháis le cumhachtaibh Dé. Mar sin músgaltar an peacach as suan na locht le séideadh forfhógarthach grása an Spioraid Naoimh le bhfuráiltear air maith do dheunamh. An dara nidh, an chomhshólás, thug Críost do na mnáibh, an tan adubhairt go n-éireóchadh Lasarus, agus nach raibh acht suan air. Mar sin adeir Críost go foluightheach ina inntinn ris an bpeacach, dá chur i gcéill dó nach dligheann dul in eadóchas ar ghrásaibh Dé (an gcéin bhíos beó) tré pheacadh d'á mheud d'á ndéin, má doghnídh aithrighe ann. An treas nidh, an caoi dorónnsad na mná, tré bhás Lasaruis, an tan dochonnarcadar Críost. Mar sin dligheas an t-aithrigheach caoi do dheunamh maille re haithmhéile agus le comhbhrughadh croidhe an tan doghnídh Críost fiosrughadh folaightheach ar ag bualadh doruis a choguais, agus ag teacht ar uaigh a anman dá aithbheódhadh ó bhás spioradálta. An ceathramhadh nídh, d'fhuráil Críost an tuambadh d'osgladh. Mar sin fhuráileas ar an aithrigheach uaigh a anman d'osgladh — eadhon a bheul — d'fhaisnés a chean agus a pheacadh. An cúigeadh nidh dorinne Críost - guidhe chum A Athar tar cheann Lasarus. Mar an gceudna, doghnídh an t-athair faoisidine guidhe ar son an aithrighigh, ag rádh na mbriathar so — “Dominus sit in corde tuo,” etc. — eadhon, “Go raibh an Tighearna id' chroidhe agus id' bheul, ionnus go dtiocfadh leat go fiúntach, cneasda do pheacaidhe d'fhaisnéis.” An seiseadh nídh dorighne Críost — éigheamh, ag radh, “A Lasaruis (ar Sé), tar amach.”  p.84 Mar an gceudna, i ndeireadh na faoisidine, adeir an sagart, “Misereatur tui,” etc. — eadhon, “Go ndeárnadh Dia na n-Uile-Chumhacht trócaire ort, agus, iar maitheamh huile pheacadh dhuit, go dtreóraighe Sé thú 'san Bheatha Mharthannaigh.” An seachtmhadh nidh, andiaigh Lasarus d'aithbheódhadh agus do theacht amach, ar mbeith do'n eisléine ceangailte uime, adubhairt Críost ris na hApstalaibh a sgaoileadh agus leigean dó imtheacht. Mar sin adeir Críost go laetheamhuil ris na sagartaibh sgaoileadh do Lasarus — eadhon, de'n aithrigheach — ó gheibheannaibh an pheacaidh, tar éis mar doghníodh sé féin aithbheódhadh air, ó bhás an pheacaidh.

Is follus as na seacht bponcaibh reamhráidhte so an réim díreach is innleanta 'san aithrighe.

Tabhair dod' aire go friochnamhach, a léightheóir, an ceathramhadh ponc, mar a n-abair go dtug Críost fá deara an tuamba d'fhosgladh, dá chur i gcéill go ndligheann an uile aithrigheach a bheul d'fhosgladh, d'fhaisnéis a pheacaidhe 'san bhfaoisidin.

Léightear fíoghair ro ghaolmhar re réim na haithrighe 'san naomhadh caibidil de Ghíomharthaibh na n-Abstal, ar iompodh Phóil ó bheith ina pheacach chum bheith ina shoightheach toghtha ag Críosd. Atáid, iomorro, trí neithe is iontugtha dhúinn d'ár n-aire 'san bhfilleadh úd dorighneadh ar Phól chum creidimh agus aithrighe — Ar dtus, troime na hurchóide do bhí ann féin, mar gur chuir roimhe go dian, dibhfeirgeach inghreim agus foirleanmhuin, bruid, agus bás d'imirt ar gach n-aon dogheabhadh le Críosd mar Thighearna. An dara nidh, doimheastacht na maitheasa do bhí i nDia, mar go dtug solus de Neamh do Phól, d'á dtáinig aithrighe do dheunamh dó. An treas nidh, is iontugtha dhúinn, d'ár n-aire, éasguidheacht na hUidhil agus an fómós thug Pól do Chríost, an tan adubhairt, ag freagradh do'n fhiafraidhe dorinne Críost de — “A Thighearna, creud fhuráileas tú orm do dheunamh?” Is é chialluighid na briathra so, go raibh Pól chomh ullamh sin fá thoil Dé do dheunamh, ionnus gibé ar bith nidh adearadh ris do dheunamh go ndiongnadh é fá n-a dhíthchioll. Na trí neithe thárla do Phól teagmhaid siad do'n uile aithrigheach. Ar dtús, is trom a urchóid. An dara nidh, dogheibh sé séideadh soluis de Neamh go folaightheach ina inntinn do mhusgladh a mheanman do dheunamh aithrighe. An treas nidh, éasguidheacht fhóghmóis do thabhairt do'n oide faoisidine 'san mbreith aithrighe, ag rádh ris, amhail adubhairt Pól le Críost — “A Thighearna, creud fhuráileas Tú orm do dheunamh?” Agus dá mbeith ina cheist ar an aithrigheach annso creud an teagasg dob' ionntugtha do'n oide faoisidine dhó, ag cur na ceiste úd Phóil, éisdeadh re Críost ag freagradh do Phól ag á theagasg dhó creud dob' inndeunta dhó, agus tuigfidh as an teagasg sin Chríost creud an réim is inleanta do'n uile aithrigheach. Ag so teagasg Chríosd, ag freagradh do cheisd Phóil, “Imthigh  p.85 isteach do'n chathraigh (ar Sé) agus inneósaidh Ananias duit creud is inndheunta dhuit.” Dála Phóil, do bhí dall ó'n tsoighnéin do buaileadh air, agus do thriall go Cathraigh Damascuis, agus do bhí innte trí lá agus trí oidhche gan bhiadh gan chodladh, agus i bhfóircheann na haimsire sin tháinig an t-aingeal chum Ananiais sagairt, agus adubhairt ris dul d'fhiosrughadh Phóil go tigh Iúdais d'á theagasg creud dob' inndeunta dhó. Iar dteacht, iomorro, do Ananias 'san tigh in a raibh Pól, agus iar n-a aithne do Phól, do leig ar a ghlúinibh é, i bhfiadhnuise Ananiais. Iar bhfáisnéis a pheacaidhe dó, tógbhas Ananias a lámh ós cionn Phóil, agus leis sin do thuiteadar na bruit bhí ar a shúilibh ó'n tsoighnéin Dé, agus dochonnairc go soiléir an tionadh ina thimcheall.

Guidhim tú, a léightheóir eagnuidhe, a thabhairt dod' aire go friochnamhach gurab í réim an teagasg sin Chríosd choiméadas an Eagluis Chatoilice d'á shéoladh do'n uile pheacach cionnus do dheunadh aithrighe.

Tuig, a léightheóir, gion go bhfuilid briathra soillseacha 'san gcaibidil úd do haithléigheadh linn, in a luaidhtear Pól do shléachtain d'fháisnéis a pheacaidhe do láthair Ananiais go measaid úghdair bharántamhla do sgríobh ar an sgrioptúir go ndeárnadh sé gach nidh dhíobh.

Ag so an réim ceudna úd choiméadas an Eagluis mar a n-abair — “Eirigh isteach, a Phóil — eadhon, a pheacuigh atá dall ó'n pheacadh — do'n chathraigh — eadhon, go tigh na faoisidine — agus dogheabhair Ananias — eadhon, an t-oide faoisidine — inneósas duit id' bhreitheamhnas aithrighe creud is inndeunta dhuit.” Agus, fós, is amhail do bhí Pól dall trí lá agus trí oidhche, gan biadh gan digh, ag ciallughadh na dtrí rann atá 'san aithrighe — mar atá comhbhrughadh croidhe, admháil fhírinneach an bhéil, agus leóirghníomh 'san bhfolmhach. Dlighidh an t-aithrigheach na neithe ceudna do dheunamh, óir dorighne Pól féin iad. Ar dtús, do ghoil sé ar feadh na dtrí lá úd agus na dtrí n-oidhche, dá chur i gcéill go raibh tuirse chroidhe air. An dara feacht do fhaisnéis sé a pheacaidhe do Ananias, dá chur i gcéill go ndligheann an uile aithrigheach a pheacaidhe d'fháisnéis d'á oide faoisidine. Dorighne mar an gceudna an treas nidh, óir do bhí ag deunamh leóirghníomha ina lochtaibh ar feadh a rae, agus i ndeireadh a bheathadh do dhoirt a fhuil ag iomlánadh an leóirghníomha sin. Mar an gceudna dlighidh an uile aithrigheach leóirghníomh fulláin do dheunamh ina gcionntaibh.

Is é do chialluigheas an tógbháil láimhe dorinne Ananias ós cionn Phóil, re hadmháil a pheacaidhe dhó, an tógbháil láimhe doghnídh an sagart ós cionn an aithrighigh re tabhairt na habsolóide dhó.

Is é chialluighid na bruit úd do thuit de shúilibh Phóil, daillchiach agus dorchadas an pheacaidh thuiteas d'anam agus de choguas an aithrighigh, do bhrigh na habsolóide.

 p.86

Is é, mar an gceudna, chialluigheas an radharc fuair Pól, an solus spioradálta dogheibh an t-anam ó ghrásaibh Dé.

Is follus as na briathraibh so anuas gurab í réim budh mhaith le Críost do choiméad 'san aithrighe na trí puinc so dorinne Pól ar a theagasg — mar atá, comhbhrughadh croidhe do bheith air, agus a pheacaidhe d'admháil do'n tsagart, agus leóirghníomh do dheunamh ina lochtaibh.

Léightear 'san gcúigeadh caibidil de'n cheathramhadh leabhar de Leabhraibh na Ríogh fíoghair as a dtuigthear an réim is indeunta 'san aithrighe — eadhon, mar dochuaidh Naaman, do bhí ina lobhar d'iarraidh teagaisg ar Eliseus cionnus do glanfaidhe ó'n lubhra é, agus mar d'orduigh Eliseus do Naaman dul go sruth Iordain, agus é féin do nighe seacht n-uaire ann, agus go mbiadh glan.

Go fáithchiallach, cia hé an Naaman úd acht an t-aithrigheach. Agus cia hé an lobhar acht an peacadh. Acht cia h-é an t-Eliseus acht an sagart faoisidine. Agus cia h-é an sruth Iordain acht an sruth dearchaointeach na haithrighe. Agus creud fá ndubhradh re Naaman é féin do nighe fá sheacht, acht dá chur i gcéill go ndligheann an t-aithrigheach é féin do nighe ó na seacht bpeacaidhe marbhthacha.

Agus is córaide so do thuigsin mar so, mar adeir Dia, 'san 28 caib. in Deuteronomi, go raibh a bhara fá Chloinn Israel raon madhma agus teithmhe do ghabháil chuca fá seacht slighthibh, agus gurab an aon ród amháin do lingfidís anaghaidh a namhad, do bhreith buadha orra. Ionann, iomorro, na seacht slighthe úd agus na seacht bpeacaidhe marbhthacha, agus is ionann an t-aon ród amháin in a mbearadaois buaidh agus aon raon na haithrighe, amhail adubhramar thuas.

Is fíoghair fós do'n fhaoisidin an nidh léightear ag Daniel, 'san treas caibidil deug, mar a n-abair go ngnáthuigheadh Súsanna í féin do nighe agus do fhothragadh go minic i dtobar áluinn do bhí ina hubhall-ghort féin. Agus, lá n-aon dá ndeachaidh d'á fothragadh féin anns an dtobar sin, do chuir uaithe an dá innilt coimhdeachta do bhí aice re ndul 'san tobar dí. Cia h-í an Súsanna so acht anam na haithrighigh. Agus cia an tobar acht an fhaoisidin, óir dobheir sí fhionnfhuaradh do'n anam do mhúcadh teasa na hanntoile, agus glanann í, amhail ghlanas uisge an tobair an corp foithrighthear ann. Tabhair dod' aire amhail do chuir Súsanna an dá comhail choimhdeachta uaithe re ndul 'san tobar di. Mar sin dhligheas an t-aithrigheach re ndul i dtobar déarach na faoisidine dó, dhá nídh do ruagadh as a inntinn — mar atá, eagla péine Ifrinn agus glóir diomhaoin. Oir ní d'eagla péine Ifrinn ná d'fhonn molta do fhagháil 'san tsaoghal dhligheas duine faoisidin do dheunamh, acht de ghráin ar an bpeacadh, agus de ghrádh agus d'eagla Dé, agus de mhian A réire agus A thoile do dheunamh.  p.87 Léightear 'san gceathramhadh caibidil deug de Lebhiticus, an dream do glantaoi ó'n lubhra, gur bh'éigin dóibh teacht do láthair na sagart, agus go mbeárradaois na sagairt a bhfionnfadh go léir díobh. Mar sin dligheas an lobhar — eadhon, an peacach — teacht d'ionnsuidhe na sagart soisgeulta, do bhuain fionnfaidh an peacaidh dhíobh le deimheas na faoisidine. Ní heugcosmhail, iomorro, an fionnfadh agus an peacadh le chéile: óir mar is líonmhar an fionnfadh is líonmhar an peacadh, agus, mar is de'n leith amuigh de shubstaint an duine ina iomarcadh bhíos an fionnfadh, mar an gceudna do'n pheacadh, is nídh é atá de'n leith amuigh de shubstaint an duine.

Léightear 'san gceathramhadh caibidil de Leabhar Ester, anuair do breathnuigh Assuerus Righ (ar fhuráileamh Aman) an Cineadh Iúdaigheach, do bhí fá n-a smacht féin, do dhíthcheannadh, go dtug Mardocheus, captaoin de'n chineadh cheudna, do comhairle do bhainríoghain darbh' ainm Ester earradh áluinn ionaonaigh do chur uimpe, agus dul do láthair an ríogh, do chur impidhe air fá grásaibh do dheunamh ar an gCineadh Iúdaigheach. Ar ndul di amhlaidh sin, agus an tan chonnairc an rígh inneall agus éagcosg na mná do líon d'á searc agus d'á síorghrádh, agus dorighne grása ar an gCineadh Iúdaigheach ar a furáileamh.

Go fáithchiallach cia hé an t-Assuerus úd, acht an Dia Athair. Agus cia hé an t-Aman úd acht an t-aidhbherseóir. Cia an Cineadh Iúdaigheach, acht na peachaigh. Cia hé an Mardocheus, acht an Spiorad Naomh. Cia an bhaintighearna, acht an fhaoisidin. Cia an earradh áluinn ionaonaigh úd, acht grádh Dé agus na comharsan, dlighthear do bheith i mbun bhfaoisidine.

Léightear 'san deachmhadh caibidil de'n dara leabhar de Leabhraibh na Ríogh gur chuir Dáibhídh Rígh teachta uaidh do fhiosrughadh Hanon (Righ Chloinne Ammoin) do thabhairt comhshóláis dó, iar mbeith ag deunamh cumha dhó andiaigh a athar. Agus is é do mheas Hanon gurab do bhrath a thíre féin thangadar na teachta, agus rug go heasaontach ortha, agus thug fá deara a n-éadaighe do ghearradh ó mhaolaibh a más síos, agus leath a bhfeasóg do bhuain díobh, agus do leig uaidh go dochrach dian-nocht amhlaidh sin iad. An tan dochualaidh Dáibhídh sin, do chuir sgeula ina gcoinne, d'á fhógradh dhóibh gan teacht ina radharc, acht dul go Gleann Iericho, agus fanmhuin ann go bhfás d'á bhfeasógaibh, agus go mbeith d'éadaighibh aindiongmhála umpa.

Go fáithchiallach cia hé an Dáibhidh Rígh úd, acht Dia Athair. Cia hé an Hanon úd acht an Diabhal; agus cia an dream d'á ndeárnadh Hanon cleasana acht na haithrighigh d'á ndéin an Diabhal amadáin go minic, an mhéid go gcuireann d'fhiachaibh orra le diúideacht a bhfaoisidin do chíorrbhadh, agus leath a bpeacaidhe go minic do cheilt innte. Tig de sin nach leigean Dia Athair d'á láthair iad, acht cuiridh teachta uaidh d'á fhogradh dhóibh fanamhuin i ngleann Ierico na haithrighe nó go bhfásaid a bhfeasóga  p.88 go hiomlán; ionann sin agus go ndéanaid fáisnéis iomlán ar a bpeacaidhibh ina bhfaoisidin.

Léightear 'san gceathramhadh caibidil deug in Ecsodus, ria ndul do chloinn Israel trés an Mhuir Ruaidh do'n Eigipt, gurab í treabh Iudais an chéad threabh thug ucht rómpa ar an mhuir, d'á chur i gcéill gurab í an fhaoisidin chialluighthear leis an treabh úd Iudais, do réir mar chruitheocham ina dhiaigh so, is tosach agus tionnsgadail ar oibriughadh na haithrighe. Go fáithchiallach, iomorro, is í an threabh úd Israel na peacaidhe, agus is í an Egipt staid an pheacaigh, agus is é Pharaoh an Diabhal, agus is í an Mhuir Ruaidh, tonn déor- chaointeach na haithrighe. Agus is é an fásach in a ndeachadar, príosún peannaide na haithrighe.

As na hionadaibh so, agus i mórán d'ionadaibh eile 'san Sgrioptúir nach airmhighthear linn do'n chor so, is inchreidthe go bhfuil an fhaoisidin ionghabhtha agus fós éigeantach chum slánuighthe an duine andiaigh pheacaidh ghníomhaigh nó mharbhthaigh do dheunamh.

Agus bíodh a fhios ag Cailbhin agus ag Lúitear, adeir gurab ionghabhtha an chéad chuid de'n aithrighe — eadhon, tuirse chroidhe — agus an treas chuid — eadhon, leóirghníomh — nach mó dearbhaid na fíoghracha so reamhráidhte ceachtar díobh sin do bheith éigeanteach ioná an faoisidin; agus dá réir sin, is le mailís agus le míorún as a riocht sheunaid an fhaoisidin do bheith éigeantach; agus saoilim gurab ó n-a Mhaighisdir féin — eadhon, an Diabhal — fuaradar an teagasg sin, do bhrigh go bhfacaidh sé nach raibh aon ród eile ag na peacachaibh chum dulta go Flaitheas Dé acht ród na haithrighe de dhruim na faoisidine.

Léightear 'san naomhadh disting de Sgathán na Sompladha sgeul as a dtuigthear gurab olc do'n tí nach creideann an fhaoisidin do bheith éigeanteach — “Dobhí (ar sé) prionnsa mór d'áirighthe tug a bheatha as go ró olc, agus ar mbeith d'á mhnaoi ag cur impidhe air fá fhilleadh ar Dhia fá Cháisg, agus fá n-a fhaoisidin do dheunamh go hiomlán ina pheacadhaibh go háirighthe uair san mbliadhain, do fhreagair seisean í, agus adubhairt — “Ní dána me (ar sé) ar fhaoisidin do dheunamh leis na sagartaibh so, d'eagla go gcuirfidís breathamhnas aithrighe ró mhór orm.” “O! (ar an bhean) maiseadh cionnus fhéadfas tú pianta Ifrinn d'iomchar?” Adubhairt seisean, ag fochmhuid fúithe-se — “An dóigh leatsa (ar sé), a bhean leamh, go bhfuil Ifrionn, ná Diabhal, ná beatha ar bith eile ann tar éis na beatha so? Ní bhfuil go deimhin (ar sé), acht is iad na sagairt so aguinne do chúm a mbeith ann, ionnus go mbiadh eagla rómpa féin.” O dochonnairc, iomorra, an bhean nachar bhféirrde di féin bheith ag á theagasg, do leig dhó fhanmhuin ina dhíthchreideamh agus ina amaideacht féin. Gidheadh níor bhfada ina dhiaigh sin go dtáinig sluagh doáirmhighthe de dheamhnaibh isteach do'n tseomra in a rabhadar araon, agus do thógbhadar an prionnsa leó go hobann,  p.89 idir corp agus anam, agus do theilgeadar é d'á ilphianadh i bhfódhomhain agus i bhfíríochtar Ifrinn.”

Léightear 'san gceathramhadh disting de'n leabhar cheudna sin sompla as a dtuigthear nach bí cuimhne ag an nDiabhal ar an bpeacadh innseas duine 'san bhfaoisidin iomlán. Feacht n-aon do bhí 'san Róimh bean uasal ró-chráibhtheach, agus do bhí sí aimrid nó seasg seal d'á h-aimsir, agus do mheudaigh sí féin agus a fear tríd sin ar a n-urnaighthibh agus ar a ndéirc, agus ar a dtrosgadh, agus ar a n-oilithre, agus tugsad móide fá dheaghoibreachaibh iomdha do dheunamh dá dtugadh Dia clann dóibh. Acht, cheana, iar sin do thárla gein mhic eatorra; agus iar dtúismeadh an mhic do ghabh spiorad crabhaidh an fear, agus dochuaidh de thoil a mhná ar an bhfásach do thabhairt bheatha dithreabhaigh suas. Dála na mná, iomorra, do hoileadh an mac go múirneach léi ar a cíochaibh féin, agus do bhí in a chaomhthach leaptha aice go bheith ionnuachair dó, agus, maille re séideadh an aidhbherseóra, do ghríos an mháthair é do dheunamh corbuidh ria féin, agus do thárla torrach uaidh í, agus, ar mbreith mic di, dochuaidh leis ós íseal, agus do theilg i ndíg do bhí lán de lathaigh é, ionnus gur bháthadh é, agus níor bhfeas do aon duine sin acht di féin amháin. Agus ina dhiaigh sin do ghabh uathbhás an bhean trés an ndroichbheart dorighne sí, agus ní dheunadh cómhnaidhe acht ag caoi agus ag deunamh urnaighthe agus déirce agus troisgthe ag iarraidh trócaire agus maithmheachais ar Dhia — óir fa ró-nár léi an peacadh sin d'fhaoisidin — i ndóigh go ndiongnadh Dia trócaire uirthe. Ar mbeith seal d'á haimsir amhlaidh sin di, tháinig an Diabhal, i gcruth chléirigh, do'n Róimh, agus dochuaidh do láthair na n-oifigeach, do bhí 'san bhaile, agus adubhairt riú — “Is de thrócaire Dé (ar sé) nach leagthar an chathair so ó mhullach go lár, óir atá bean innte do rug clann d'á mac féin agus do mharbh an ghein iarn-a bhreith,” agus thug sé ainm agus sloinneadh na mná do na hoifigeachaibh, agus do mhúin dóibh an t-ionad in a raibh, agus do gheall féin an sgeul do shuidhiughadh uirre. Dála na n-oifigeach, do ghabhadar an bhean, agus do hinniseadh di an choir do bhí ag á cur uirre. Do ghuidh sise iad um dul léi d'ionnsuidhe an Phápa, go ndiongnadh sí a faoisidin go hiomlán ris. Thángadar na hoifigidh léi annsinn do láthair an Phápa, agus, iarna rochtain di, dorinne a faoisidin go hiomlán ris, maille re deorchaoine, agus andiaigh absolóide d'fhagháil di, do rugadh do láthair an bhreitheamhuin í, mar a raibh an t-aidhbherseóir, i gcruth dhaonda, ar a cionn ar tí dearbhtha uirre. Ar dtoigheacht di do láthair, d'fhiafruigh an breitheamh de'n Diabhal creud do bhí aige re cur anaghaidh na mná, agus nácharbhfeas do féin a cionntadha. Adubhairt an Diabhal, ag á fhreagradh, gur dearbh leis féin í beith glan ó'n uile choir, agus nachar dhóigh leis go ndeárnadh sí peacadh riamh. Agus leis sin d'éirigh an Diabhal ina dhoighir mhorgaighthe tré mhullach tighe na cúirte amach. O dochonnairc  p.90 an breitheamh sin tug fá deara an bhean do leigean amach d'ionnsuidhe a tighe féin.

Is iontuigthe as an sgeul so gach peacadh chuireas duine síos 'san bhfaoisidin iomlán go dtabhair an diabhal i ndearmad é.

Léightear fós 'san ionad ceudna go raibh bean d'áirighthe thárla i gcoir na colna, agus do bhí do mhéid a náire trés an bpeacadh sin gur cheil sí ina faoisidin é. Gidheadh, do bhí de ló agus d'oidhche ag guidhe Dé go dúthrachtach, maille re deorchaoineadh, d'á iarraidh ar Dhia an peacadh sin do mhaitheamh di. Lá n-aon dá raibh an bhean so 'san teampoll ag guidhe Dé go dúthrachtach, agus tug an sagart feuchain thairis agus dochonnairc deamhan i gcruth adhfhuathmhar ós a cionn ag sgigeadh agus ag fochmhuid fúithe. “Cuirim ort de gheasaibh in Ainm Iosa, a dheamhain (ar an sagart), a innsin dham creud is adhbhar fochmhuide dhuit?” “Is é adhbhar m'fhochmhuide (ar an deamhan) an bhean so ag á snaigh agus ag á seargádh féin le caoi agus le trosgadh, agus gurab áirighthe di dul go hifrionn. Oir saoilidh an oinmhid dhithchéilligh go bhfaghadh maitheamh ar an bpeacadh trom úd dorinne sí, agus gan a chur i bhfaoisidin — nidh nach fhéidir di d'fhagháil dá mbeidheadh ag caoi go lá an bhreitheamhnuis.” Iar gclos an uirghioll sin do'n tsagart, do ghabh ag greasacht na mná dá fhuráileamh uirre an peacadh sin do fhaoisidin. An tan do thuig an bhean gur bhfíor gach nidh dá ndubhairt an deamhan, do leig ar a glúinibh í, i bhfiadhnuise an tsagairt, agus dorighne a faoisidin iomlán ina peacadhaibh uile, maille re deorchaoineadh, agus tug an sagart absolóid di. Dála an deamhain, an tan dochonnairc go dtáinig dá uirghioll féin an bhean d'fóirighthin ó'n diabhal, do ghabh aithmhéile mhór é, agus do sgread agus do sgreach go garg, agus do ling ina ghal bhreun dhorchadh tré mhullach an teampoill suas. Is ionntuigthe as an sgeul so nach bhfuil aon modh eile aguinn in a bhfeudfamaoid dealughadh ris na peacadhaibh marbhthacha doghníodhmaoid andiaigh ár mbaistidh acht an fhaoisidin.

Léightear i mBeatha an Abadh Egidius Naomhtha gurab re na linn do bhí Searlus Mór ina Rígh ar an bhFraingc, agus go dtigeadh go minic ag cur impidhe ar an Abaidh guidhe chum Dé ar a shon fá pheacadh ró-throm dorighne sé, nách leigeadh an náire dhó d'innsin do'n Abaidh ná d'aon duine eile ina bhfaoisidin, do mhaithfeadh dhó é, agus má's fíor, is corbadh dorighne re n-a dheirbhshiúr féin. Dála an Abadh, iomorro, lá n-aon dá raibh ag rádh Aifrinn, agus é ag guidhe Dé go duthrachtach ar son an ríogh, táinig aingeal de Neamh d'á ionnsaidh, agus do leig sgríbhinn ar an altóir, agus is é do bhí 'san sgríbhinn an peacadh sin dorighne an rígh, agus maithfeachus ó Dia chuighe ar choingheall go ndiongnadh sé an peacadh sin dorighne d'fhaoisidin, agus muna ndiongnadh gan maithfeachus do bheith aige ar chor ar bith. Iar gcríochnughadh an Aifrinn do'n Abaidh naomhtha, do thógaibh an sgríbhinn agus  p.91 do léighidh í, agus dochuaidh go luathgháireach mar a raibh an rígh, agus dorug leis i bhfód fá leith é, do thaisbeán an sgríbhinn reamhráidhte dó. Airna fhaicsin sin do'n righ, do ghabh machtnughadh meanman é, agus d'fheac a ghlún gan cáirde, agus do fháisnéis an peacadh sin agus gach peacadh eile ar ar chuimhnigh sé do'n Abaidh, maille re deorchaoineadh, agus fuair absolóid, agus is mar sin do fóireadh é.

Is ionntuigthe as an sgeul so nach bhfuil furtacht ar dhuine ó'n bpeacadh marbhthach acht maille re faoisidin go hiomlán do dheunamh, de dhruim dhoilghiosa, agus maille re rún aisig do bheith aige 'san bhfolmhach dorighne d'á chomharsannaibh.

AN TREAS CAIBIDIL DEUG. In a dtráchtar go hathchumair ar an réim is cóir do dhuine do choimeád ag deunamh faoisidine.

O tá an fhaoisidin cómh éigeanteach sin ionnus nach bhfuil teacht as ina heugmais, ná slánughadh ar aonduine doghnídh peacadh marbhthach andiaigh an bhaistidh, acht maille re n-a dheunamh, ní fuláir do gach aon duine a fhios do bheith aige cionnus dodheunfaidh í, agus creud iad na coinghill dlighthear dóibh do bheith innte, agus creud an t-órdughadh is inleanta innte. Adeirid, iomorro, cuid de na dochtúiribh go bhfuilid sé coinghill deug 'san bhfaoisidin, agus cuid eile naoi gcoinghill. Gidheadh, ionnus nach measgfainn meabhair an aithrighigh, bíodh a fhios aige go bhfuil iomlánughadh na faoisidine i gcúig gcoingheallaibh, cialluighthear anns na cúig lithreachaibh atá 'san bhfocal so “Iúdas.” Ionann, iomorro, “Iúdas” in Eabhra agus “faoisidin” i nGaoidheilg. Agus is córaide a thuigsin gurab ionann Iúdas agus faoisidin an fhioghair léightear 'san gcúigeadh caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh na Mac-Aibei, mar a léightear go ndeachaidh Iúdas tionól sluaigh do theagmháil re Timoteus, captaoin Chloinne Amon, agus ar mbeith dóibh leath ar leath ar gach taobh de'n abhainn, adubhairt Timoteus re n-a shluagh (ar fhaicsin Iúdas dó) — “Dá dtriallfadh (ar sé) Iúdas tar sruth anall, ní fheudfadh cathughadh leis; gidheadh dá ngeabhadh meatacht é, lingfeam air, agus bhéarfam buaidh air.” Leis sin tug Iúdas fá deara caismearta catha do choimhsheinim, do léir-thionól a shluaigh, agus do thriall féin i bhfíorthosach an tsluaigh go dána, agus tug ucht ar Timotheus agus ar a mhuinntear, agus do chuir ina raon madhma agus míochosgair iad, ionnus gur fhágadar a meirgidhe agus a n-arm, agus gur theitheadar fá thearmann do bhí lámh leo. Go fáithchiallach, cia hé an Iúdas úd acht an fhaoisidin;  p.92 agus cia hé an Timotheus acht an Diabhal; agus cia an sluagh úd do bhí ag Timotheus acht daosgar-shluagh na ndubhailceadh agus na doibheus; agus cia an sluagh úd Iúdais acht na subháilcidhe agus na soighníomha; agus cia hé an sruth úd acht sruth deorchaointeach an doilgheasa agus na faoisidine; agus gibé aithrigheach do thaigeóradh buaidh do bhreith ar Timoteus — eadhon, ar an diabhal — ní fuláir dhó dul tar sruth deorchaointeach na haithrighe anonn le ceannas feadhna na faoisidine, nó dá ngabhadh meatacht nó diúideacht é do chuirfeadh toirmeasg ar gan an fhaoisidin do dheunamh, is áirighthe dhó go dtiocfadh Timoteus — eadhon, an diabhal — tar sruth an doilgheasa anall d'imirt neirt, bruide, agus báis air.

Atáid, iomorro, dá shúil ag an gcaptaoin so — eadhon, ag an bhfaoisidin — mar atá súil re faicsin roimhe, agus súil re faicsin ina dhiaigh, agus, dá raibh ceachtar de'n dá shúil so d'easbuidh air, ní bhiadh infheadhma chum buadha do bhreith. An chéad shúil re a bhfaiceann roimhe — eadhon, an tuirse chroidhe dlighthear do'n aithrigheach do bheith air trés na peacadhaibh dochuaidh thairis in a dtárla sé; óir ní fhéidir an faisidin do bheith ionghabhtha ná sochar ar bith do bheith innte acht muna raibh tuirse inntinne ar an aithrigheach le linn a dheunta (amhail adubhramar thuas); an dara súil, cheana, le a bhfaiceann ina dhiaigh, rún an leóirghníomha do dheunamh, óir ní foghnann an faoisidin acht muna raibh do rún ag an aithrigheach leóirghníomh do dheunamh, fá n-a dhithchioll, in gach lot d'á ndeárnadh d'á chomharsanaibh, dá raibh sé ar gcumas dó.

Ag so, i Laidin, na cúig coinghill tuigthear as na cúig leitreachaibh atá 'san bhfocal so “Iúdas,” mar atá - “Integra, uera, dolorosa, accelerata, et satisfactoria.” Ionann sin re a rádh agus a bheith iomlán, fírinneach, doilgheasach, deithfreach, lóirghníomhach. Ionann a bheith iomlán agus gan aon pheacadh do cheilt ar a gcuimhneóchadh an t-aithrigheach. Ionann a bheith fírinneach agus gan cumasg leithsgeul ná breug do chur innte. Ionann a bheith doilghiosach agus gan teacht le gáire ná le subhachas chuiche. Ionann a bheith deithfreach agus gan a chur ar cháirde. Ionann a bheith leóirghníomhach agus rún aisig do bheith ag an aithrigheach in gach gné in a ndeárnadh foghlach nó lot ar chlú, nó ar chorp, nó ar chuid a chomharsan, do réir mar órdóchas an t-oide faoisidine dhó é.

Ag so, cheana, an t-órdughadh dleaghthar do choimeád 'san bhfaoisidin, má doghnídh duine go minic í — a smuaineadh, a labhairt, a ghníomh, agus a fhaillighe do chur síos go hathchumair do'n tsagart. Gidheadh má's duine dodhéanas a fhaoisidin go hanamh é, dlighidh a pheacaidhe ar na cheithre modhaibh so d'fháisnéis go hiomlán nó go fóirleathan, do réir an úird so síos — eadhon, é féin do chionntughadh, ar dtús, i gcoir na gcúig gceudfadha; an dara feacht, ins na seacht bpeacaidhe marbhthacha. An treas feacht i mbriseadh na n-aitheantadh — mar atáid, Deich n-Aitheanta Dé agus Cúig  p.93 Aitheanta na hEagluise. An ceathramhadh feacht, in gach gné in a ndeárnadh faillighe ins na neithibh so síos, eadhon, i Seacht n-Oibreachaibh na Trócaire Corpardha agus i Seacht n-Oibreachaibh na Trócaire Spioradálta, agus i neamhthaithidhe na Sacraiminteadh, agus i neamhchur le Seacht dTíodhlacaibh na Spioraid Naoimh, agus i neimhchreideamh an aon airteagal de Dhá Airteagal Deug an Chreidimh, agus i neamhshaothrughadh na n-Ocht Sein-Bheannachta, agus i neamhchoimeád na dTrí Subháilceadha Dhiadha agus na gCeithre Subháilceadha Sonnrádhacha, agus in gach faillighe eile d'á ndéin duine ó sin amach. Agus, gibé dobhiadh in ainbhfios aon choda dhíobh so, dogheabhadh a mhúnadh dhó 'san Teagasg Críostaighe.

Tuig, a léightheóir, gurab uime nach tráchtaim níos fóirleithne ioná so ar Ord na Faoisidine, go measaim go míneóchar gach nidh dhíobh so go líonmhar do'n aithrigheach leis an oide bhfaoisidine eagnaidhe. Adhbhar eile fós atá agam, do bhrígh nach d'aontoisg chum na faoisidine do mhínughadh do thráchtas uirthe annso, acht tré n-a beith éigeantach do gach aon duine re h-ucht Chuirp Chríost do chaitheamh, ar a bhfuilim ag trácht do'n chor so, an mhéid go mbeanann ris an Aifrionn.

AN CEATHRAMHADH CAIBIDIL DEUG. In a dtráchtar ar na deich réasúnaibh atá ag an Eaglais Chatoilice as nach tabhraidh Corp Chríost do na tuatadhaibh fá ghnéithibh an fhiona.

An chéad adhbhar, ar eagla na fola do dhortadh le taisdiol lámh na dtuathadh.

An dara hadhbhar, d'eagla go ngeabhadh an fíon glaodhamhlacht chuige, amhail oighreadh nó cuisne.

An treas adhbhar, d'eagla go ngeabhadh an fíon truailleadh nó éideacht chuige.

An ceathramhadh adhbhar, teirce an fhíona i mórán de ríoghachtaibh, amhail atá an talamh so (Eire), in a bhfuilid mórán d'ionadaibh aimhriata i gcéin ó bhailtibh cuan nach bhfaghthaoi fíon dobhearthaoi do'n aithrigheach dobheidheadh anns na hionadaibh allta sin.

An cúigeadh hadhbhar, go mbíd mórán de dhaoine éisdealbhacha ann ar a mbiadh déistin fá'n bhfíon d'ól as aon chorn ris na daoinibh ar a mbiadh easláinte gráineamhla — mar atá bolgach, nó cláimhe, nó gearba, nó a n-ionnamhla eile d'easláintibh.

An seiseadh adhbhar d'eagla go mbeith ceann anbhfann ag an aithrigheach, agus go n-íbheadh iomad de'n fhíon, agus go mbeith ar meisge ag fágbháil na haltóra dó.

 p.94

An seachtmhadh adhbhar do sheachnadh neamhchadhais do bheith ar an Sacraimint, óir, dá mbeith an fíon d'á thabhairt dóibh mar Shacraimint, agus iomad de dhaoinibh maithe agus de fhodhaoinibh do bheith ag chaitheamh an Sacraimint, agus malairt fhíona do bheith aca — mar atá fíon maith ag na daoinibh maithe, agus droichfhíon ag na fodhaoinibh — dob' fhéidir an tan do dhlighfeadh an fodhuine bheith ag bualadh a uchta agus ag guidhe Dé go dúthrachtach, gurab ag ithiomrádh dobhiadh sé, ag á rádh gurab mó bhiadh a ghean ar dhuine mhaith nó shaidhbhir ann, ó is é an duine saidhbhir dogheibh an fíon is feárr tré chomaoin do chur ar an sagart, agus ó's aige féin nach raibh breith ar chomaoin do chur ar an sagart nach faghann acht an fíon is measa.

An t-ochtmhadh adhbhar go bhfuilid mórán de dhaoinibh ann nách féadann fíonn d'ól go bráth, agus do bhrigh nách fágbhann Dia an duine i nglas 'san mbeatha so gan dáil cabhra ar chor éigin ina chionn, is follus nach bhfuil Sacraimint na fola éigeantach re a chaitheamh do'n aithrigheach i bpéin pheacaidh mharbhthaigh.

An naomhadh hadhbhar, do sheachnadh iomaid cosdais do dheunamh; óir do budh deacair do'n tsagart ag á mbeith míle aithrigheach uair gacha míosa ag caitheamh comaoineach a riar uile d'fhíon ar a chosdus féin.

An deachmhadh hadhbhar, mar ghreannughadh ar na heiricibh, adeir go bhfuil d'fhiachaibh ar gach aon aithrigheach Sacraimint na Fola do chaitheamh fá ghnéithibh an fhíona.

Ag so cuid d'argúntaibh na n-eiriceach as a gcuirid rómpa a chruthughadh go bhfuil d'fhiachaibh ar an uile thuata Sacraimint na hAltóra do chaitheamh fá ghnéithibh an fhíona.

Ag so an chéad argúin bheanaid siad as an seiseadh caibidil ar fhichid ag Matha, mar a n-abair Críost 'san tSoisgeul, re linn an tSuipéir — “Ibhidh uile de so” — eadhon, de'n chailís.

Mo fhreagra orra annso, gurab ag labhairt ris na hAbstalaibh (d'á ndeárnadh Sé Féin an tráth sin sagairt) do bhí Sé, agus nach ris na tuathadhaibh do creid d'A sheanmóir roimhe sin. Agus is córaide a thuigsin mar so, go n-abair Sé Féin (andiaigh na mbriathra úd re a ndubhairt riú uile an corn d'ól) briathra fá n-ab' ionntuigthe gurab ris na hAbstalaibh do labhair — “Agus (ar Sé) d'ibhidear go léir as an gcorn,” ag ciallughadh na muintire do bhí ag caitheamh an tSuipéir maille ris, agus ní léightear 'san tSoisgeul go raibh maille fris acht an Dá Abstal Deug amháin do bhí ina sagartaibh. Ar an adhbhar-soin níor furáil sé an fhíon do chaitheamh acht ar an Dá Abstal Deug do bhí ina Sagartaibh, agus gach sagart eile dobhiadh ina bpearsannaibh sin. Agus is é adhbhair fá'r órduigh do na hAbstalaibh an tSacraimint do chaitheamh fá ghnéithibh aráin agus fhíona, do bhrigh gurab íodhbairt í fa dual d'ofrálughadh fá ghnéithibh aráin agus fhíona,  p.95 agus gurab ris na sagartaibh bheanas íodhbairt do dheunamh, agus go rabhadar-san ina sagartaibh an tráth sin.

Atáid, iomorro, dá nidh 'san Aifrionn, mar atá íodhbairt agus sacraimint. An íodhbairt, dlighidh sí Páis Chríost d'eisiomplárughadh dúinn; dá bhrigh sin, ó do bhí Corp Chríost agus A Fhuil sgartha le chéile 'san Pháis, dlighidh, mar an gceudna, íodhbairt Chuirp Chríost agus A Fhola do bheith dealuighthe re chéile 'san Aifrionn. Ionann sin re a rádh agus an Corp, do bhrígh na mbriathar coisreagtha - eadhon, “Hoc est enim Corpus Meum,” do bheith fá ghnéithibh an aráin, acht gé bhíos A Anam agus A Fhuil ina choimhdeacht, agus an Fhuil do bheith fá ghnéithibh an fhíona, do bhrigh na mbriathar gcoisreagtha — eadhon, “Hic est enim calix Sanguinis Mei,” etc. — maille ris an gCorp agus ris an Anam do bheith ina choimhdeacht.

An dara nidh atá 'san Aifrionn — eadhon, Sacraimint — agus an mhéid gurab Sacraimint é is leór a chaitheamh fá ghnéithibh an aráin amháin, agus is mar sin caitheas gach aon é, leath amuigh de'n Aifrionn idir shagart agus tuata, agus dá n-abradh Cailbhin nó Luitear go ndéin an sagart leathchumaidh ar an dtuata, an mhéid go gcaitheann féin Corp Chríost fá ghnéithibh an aráin agus an fhíona agus nach tabhair do'n tuata acht fá ghnéithibh an aráin amháin, bíodh a fhios aca go dtabhair an sagart annso do'n tuata an oiread agus dobheir do féin (an mhéid bheanas ris an Sacraimint) leath amuigh d'aicídibh tura an fhíona, óir ní thabhair do féin acht an Corp, Fuil, Anam, agus Diadhacht Críosd, agus dobheir na neithe ceudna do'n tuata. Ar dtús, dobheir an Corp gan amhrus dó, agus do réir Phóil, 'san seiseadh caibidil chum na Rómhánach is Corp Beo dáiltear ann. Ag so mar adeir Pól — “Iar n-eiséirghe (ar sé) do Chríost ó mharbhaibh ní fhuil anois ag fághail bháis ó so amach, ní dheunaidh an bás tighearnughadh air.” Agus, ó nach bhí corp beó gan anam, is iontuigthe go mbí an t-anam ann, agus do réir na bhfisigeadh nó na leagha ní bhí corp beó gan fuil, agus dá bhrigh sin bí an fuil ann. Bí fós an Diadhacht ann, do réir Damascenus, 'san ceathramhadh leabhar do sgríobh ar an gCreideamh gCoitcheann, “An nídh do ghlac an Diadhacht (ar sé) aon uair amháin, ní thréighfeadh sí go bráth é.” Agus is follus gur ghlac an Diadhacht corp daonda ó Mhuire, do réir Lúcáis, 'san chéad chaibidil, agus ó nach sgarfaidh an Corp ceudna ris an Diadhacht go bráth, do réir Damascenus, ní bhíonn sgartha re Sacraimint Chuirp Críost, acht bí táithte ris an tan beirthear do'n tuata é, agus gach uile tráth. Ar an adhbhar sin na cheithre neithe chaitheas an sagart ar an altoir dobheir do'n tuata na neithe ceudna — eadhon, Corp, Fuil, Anam, agus Diadhacht Chríost. Ar an adhbhar sin, ní dhéin an sagart leathchumaidh ar an dtuata.  p.96 Ag so, cheana, argúin chuireas Lúitear agus a lorgaireadha síos as a gcuirid rómpa a chruthughadh gurab saobh, éigcneasta doghníodh an Eagluis Chatoilice gan an Fhuil do thabhairt fá ghnéithibh an fhíona do na tuatadhaibh, amhail dobheirid an Corp fá ghnéithibh an aráin dóibh, agus adeirid go bhfuil d'fhiachaibh ar gach n-aon, i bpéin a shlánuighthe, an Corp agus an Fhuil do chaitheamh.

Ag so an barántas dobheirid ar a son féin as an mBíobla, mar a n-abair Críost ag Eóin 'san seiseadh caibidil — “Muna n-ithear libh Feóil Mhic an Duine (ar Sé), agus muna n-ibhthear libh A Fhuil, ní bhiadh an bheatha maille ribh.”

Ag so mo fhreagradh ar Lúitear, ar an adhbhar gurab é nidh in a gcuireann sé brigh, mar a n-abair Críost, “Muna n-ibhthear libh Mo Fhuil,” etc. Bíodh a fhios aige an coimhcheangal úd “agus” gurab ionann é, de mhódh labhartha na n-Eabhrach, agus an t-iar bheurla so “nó.” Ag so suidheamh ar sin ó Mhaoise, 'san 21 caibidil in Ecsodus, mar a n-abair — “An mac mhuirfeas a athair agus a mháthair cuirthear chum báis é.” Ionann sin re a rádh agus — “Gibé muirfeas a athair nó a mháthair cuirthear chum báis é.” Oir is follus nach é is ciall do'n chomhrádh úd gan an mac do bhásughadh acht muna marbhadh an t-athair mar aon ris an máthair. Mar an gceudna is ionntuigthe na briathra úd Chríost amhail adéaradh, “Muna n-ithidh sibh Feóil Duine, nó muna n-ibhidh sibh A Fhuil, ní bhiadh an bheatha maille ribh.”

Ag so ionad eile ag Eóin, 'san gcúigeadh caibidil deug, ag neartughadh leis an tuigsin so bheanmaoid as briathraibh Chríost 'san seiseadh caibidil úd. Ag so, mar adeir Críost, 'san gcúigheadh caibidil reamhráidhte — “Muna thiginn agus muna labhrainn, ní bhiadh peacadh aca.” Ionann sin re a rádh — “Muna dtigeadh nó muna labhradh Críost ní bhiadh peacadh orra.”

An dara freagradh dobheirim ar Lúitear — eadhon, an tí chaitheas Corp Chríost fá ghnéithibh an aráin amháin go gcóimhlíonann an aithne úd, do bhrígh an tan chaithtear an Corp nach Corp gan Fuil chaithtear ann, do réir mar do shuidheadh linn thuas. Ar ar adhbhar sin, ó's Corp in a bhfuil Fuil caithtear linn, cóimhlíontar an aithne úd Chríost linn, mar a n-abair A Chorp agus A Fhuil do chaitheamh. Oir ní abair Críost 'san text reamhráidhte a chaitheamh fá ghnéithibh an fhíona.

Ag so an treas freagradh dobheirim ar Lúitear — eadhon, adeir Críost 'san seiseadh caibidil ag Eóin na mbriathra so — “Gibé íosas (ar Sé) an t-arán so biadh beó go síorruidhe.” Is ionntuigthe as na briathraibh so nach fuil d'fhiachaibh ar an dtuata, i bpéin a shlánuighthe, an Fhuil d'ól fá ghnéithibh an fhíona, óir má dogheibh sé an bheatha mharthanach trés an arán amháin d'itheadh, do réir an ghealladh úd tug Críosd, is follus nach fuil d'fhiachaibh air, i bpéin a shlánuighthe, an fíon d'ól, agus d'á réir sin gurab  p.97 olc thuigeas Lúitear briathra Chríost ag Eóin 'san seiseadh caibidil, mar a mheasann gur cheangail Críost ar gach aon duine chum na Fola do chaitheamh fá ghnéithibh an fhíona.

Ag so síos neartughadh leis an bhfírinne so, do réir mar léightear 'san dara caibidil de Ghníomharthaibh na n-Abstal ag Lúcás, mar a n-abair, dá chur i gcéill go dtugthaoi Comaoin fá ghnéithibh an aráin do na tuatadhaibh gan an fhuil fá ghnéithibh an fhíona do thabhairt leis dóibh — “Dobhadar (ar sé) ag buanughadh i bhfoghluim na nAbstal agus i mbriseadh an aráin.” Is é, iomorro, chialluigheas le briseadh an aráin annso, mar do dáiltí Corp Chríost fá ghnéithibh an aráin do na tuatadhaibh. Gidheadh, tabhair dod' aire nach luaidheann Lúcás fíon annso, agus, dá réir sin, in aimsir na nAbstal, go dtabharthaoi Corp Chríost fá ghnéithibh an aráin do na tuatadhaibh, agus gan an Fhuil fá ghnéithibh an fhíona do thabhairt leis dóibh. Ar an adhbhar sin níor thuigeadar na hAbstail go raibh d'fhiachaibh ar gach aon duine i bpéin a shlánuighthe Fuil Chríost do chaitheamh fá ghnéithibh an fhiona.

Léightear fós ag Lúcás 'san gceathramhadh caibidil ar fhichid ar ndul do Chríost leis an ndís deisgiobal go Caisleán Emaus, gur roinn Sé an t-arán orra, gidheadh ní tigthear tar an bhfíon. Measaid, iomorro, cuid de na doctúiribh gurab é A Chorp Féin tug Sé fá ghnéithibh an aráin do na Deisgioblaibh reamhráidhte.

Is follus as gach reasún dá dtugamar anaghaidh Lúiteir nach éigeantach do na tuatadhaibh Fuil Chríost do chaitheamh fá ghnéithibh an fhíona i gComaoin choisreactha na haltóra.

Bíodh a fhios agat, a léightheóir, gurab é adhbhar fá dtugthar an fíon do'n tuata andiaigh Chuirp Chríost do chaitheamh, d'eagla go mbeith an tSacraimint nó aon chuid di ag leanmhain d'á charbad no d'á fhiaclaibh, ionnus go mbéarfadh an fíon an chuid sin do leanfadh d'á bheul de'n taobh istigh, síos ina chorp mar aon ris an gcuid eile, agus is cuma do'n duine fíon nó uisge d'ól, óir ní cuid de'n tsacraimint ceachtar dhíobh, agus dá sluigeadh an t-aithrigheach an tSacraimint go hiomlán, gan fíon gan uisge d'ól ina dhiaigh is féidir leis gan ceachtar dhíobh d'ól.

AG SO AN CUIGEADH CAIBIDIL DEUG. In a dtráchtar ar an modh ar a ndlighthear do'n t-aithrigheach Corp Chríost do chaitheamh.

Léightear ag Maoise 'san dara caibidil deug in Ecsodus, an modh ar a n-ithtí an t-Uan Cásga le Cloinn Israel. Ag so síos trí coinghill do'n  p.98 modh sin. Ag so an chéad choingheall díobh — Fá héigeann do gach aon re h-ucht a chaithmhe bheith ina sheasamh. An dara coingheall, maide do bheith ina láimh. An treas coingheall, luibh dárab ainm fiaidhleitiús do chaitheamh mar abhlann leis. Agus do bhrigh gurab fíoghair do'n tSacraimeint so na h-Altóra an t-Uan Cásga, ní fuláir do'n aithrigheach na trí coinghill ceudna úd do bheith aige re hucht na Sacraiminte do chaitheamh. Ar dtús, ní fuláir dho seasamh do dheunamh do thoil agus do rún a láib na locht, do réir mar léightear 'san naomhadh caibidil deug de'n treas leabhar de Leabhraibh na Ríogh ar Elias. An tan, iomorro, do bhí Elias ag teitheamh roimh an mbainríoghain urchóidigh — eadhon, Iesabel — ag dul go Sliabh Oireb dó, do chodail ar an slighe, agus tháinig an t-aingeal d'á mhusgladh, do thabhairt furtachta agus lóin chum na sligheadh dhó. “An bhfaice (ar an t-aingeal) láimh red' cheann an toirtín fá luaith aráin? Eirigh (ar sé) agus ith nídh dhe, is fada an ród atá rómhad.” Tabhair dod' aire, a léightheóir, mar adubhairt ris “Eirghe” ar dtús agus annsin an t-arán do chaitheamh. Mar an gceudna, adeirthear rinne “Eirghe as suan na locht,” agus annsin Corp Chríost do chaitheamh. Tuig cheana go fáithchiallach, gurab é an t-Elias úd an t-aithrigheach, agus gurab í an bhainrioghan aingidhe úd an antoil, agus gurab ionann an díbirt úd dorighne Iesabel ar Elias as a dhúthaigh agus an díbirt doghnídh an antoil ar dhuine ó dhúthaigh Fhlaithis Dé. Is ionann, mar an gceudna, an codladh úd dorighne Elias agus an codladh nó an suan doghnídh an duine ina pheacadhaibh. Ionann, fós, an t-arán fuair ag á cheann agus Sacraimint na hAltóra. Ionann Sliabh Oireb gus a raibh Elias ag triall, agus Flaitheas Dé is ceann chomhsanta dhúinne.

An dara nídh, ní fuláir Maide an Chreidimh do bheith i láimh an aithrighigh, do chongnamh d'á dhá chois nádúra — eadhon, d'á thoil agus d'á thuigsin, óir ní tualaing iad-san ar aon d'iomchar fírinne na Sacraiminte so, acht muna raibh Colamhuin an Chreidimh do chongnamh riú.

An treas nidh dligheas an t-aithrigheach do bheith aige mar abhlann leis an Sacraimint so, fiaidhleitiús — eadhon, an aithrighe, in a bhfuilid trí codcha, do réir mar adubhramar. Agus is córaide dhúinn an aithrighe do bheith againn mar abhlann ris an Sacraimint so, nó fós ag á fhromhadh róimpe, gurab í amháin is íocluibh sláinte dhúinn d'ár dtabhairt ó bhás an pheacaidh go beatha na ngrás, do réir mar do shuidheadh linn thuas. Agus, ó's biadh spioradálta Sacraimint na hAltóra, agus nach téid biadh ar bith i soileas na sláinte acht do dhuine beó, agus nach féidir linn bheith beó go spioradálta acht maille re híocluibh na haithrighe do fhromhadh, ní fuláir dhúinn a fromhadh, ionnus go rachadh an biadh úd, .i. Corp Críost i sochar dhúinn; agus is córaide dhúinn sin do dheunamh an tan chaithtear linn i  p.99 bpeacadh marbhthach é, nach é amháin doghnídh linn gan sochar do dheunamh dhúinn, acht gurab damnadh dhúinn a chaitheamh, do réir mar adeir Pól 'san t-aonmhadh caibidil deug de'n chéud Eipistil chum na gCoirinnteach, mar a ndubhairt — “Gibé itheas agus ibheas go neimhdhlisdeanach, ithidh agus ibhidh damnughadh do féin, gan dochar do Chorp an Tighearna.” Adeir, fós, 'san caibidil céadna — “Gibé ar bith íosas an t-arán so, agus íobhas an corn so an Tighearna go neimhfhiúntach, budh cionntach é tré Chorp agus tré Fhuil an Tighearna” — eadhon, dogheabhaidh peannaid tríd sin, amhail do mhuirfeadh Críost, do réir Ambrós.

Adeir Pól 'san seiseadh caibidil chum na nEabhrach, ag labhairt ar an droing théid go neimhfhiúntach do chaitheamh an Sacraiminte — “Crochaid (ar sé) arís ionnta féin Mac Dé.” Creud is iontuigthe as na briathraibh so acht gurab é meas Phóil ar an ndroing théid go neamhghlan do chaitheamh Chuirp Chríost gurab lucht dúnmharbhtha nó diamharbhtha do dheunamh ar Chríost iad.

Is córaide dhúinn toidheacht go humhal, eaglach, ionnraic do chaitheamh na Sacraiminte so, an sompla tugsad na hAbstail dúinn mar go rabhadar féin fáiteach fá bhuain re Corp Chríost ar mhéid a n-onóra air, do réir mar léightear ar Marcús Soibhsgeulaidhe gur gheárr sé órdóg a láimhe amach d'eagla go n-aibeóradh sé Aifrionn; óir do mheas nacharbhfiú é féin bheith ag glacadh Chuirp Chríost. Mar an gceudna adubhairt Peadar, an tan tháinig Críost chuige gus an loing iasgaireachta in a raibh — “A Thighearna (ar sé) druid uaim, do bhrigh gurab duine peacach mé.” Léightear fós ag Matha, 'san ochtmhadh caibidil, mar adubhairt an centurion re Críost, an tan do thogair dul d'á thigh do leigheas a bhuachalla — “A Thighearna (ar sé) ní fiú mé do theacht fám' chleith,” etc.

Is follus fós, 'san treas chaibidil deug ag Eóin, nach déin chaitheamh na Sacraiminte maith ar bith do'n tí bhíos neamhghlan ag á chaitheamh, acht go ndéin olc rómhór dó, do réir mar adeir 'san gcaibidil ceudna sin, go ndeachaidh an diabhal i gcorp Iúdais, iar gcaitheamh Chuirp Chríost 'san tSuipéir dhó, tré bheith neamhghlan dó ag caitheamh Chuirp Chríost. Adeir S. Tomás, 'san iomun dorighne do Chorp Chríost gurab bás do na peacadhaibh Corp Chríost do chaitheamh, amhail is beatha é do na fíreunchaibh an tan chaithidh é.

Dá bhfiafruigheadh duine cionnus is féidir a thuigsin go ndiongnadh an tSacraimint, bhíos ionann innte féin do ghnáith, olc do'n pheacach agus maith do'n fhíreun, mo fhreagra air go ndéin an mhairtfheóil, bhíos ionann innte féin, dochar d'fhear an fhiabhruis agus sochar do'n duine slán. Mar an gceudna do Chorp Chríost téid sé i ndioghbháil do'n tí ar a mbí fiabhrus an pheacaidh agus téid i sláinte do'n fhíreun.

 p.100

Léightear ag Plinius gurab falláin do'n duine “amigdolum” re n-a ithidh, agus gurab nimh do'n fhaolchoin é. Mar an gceudna, is falláin Corp Chríost do na daoinibh dobheir a mbeatha as go maith, agus is nimh do'n fhaolchoin — eadhon, do'n pheacach — é. Is cosmhail Corp Chríost i gcáilibh ris an gcloich dárab ainm “diaseses,” óir atá íoc gacha heasláinte dá mbí ar dhuine, an feadh bhíos beó, innte; gidheadh, ní dhéin furtacht ar chorp duine andiaigh a bháis. Mar an gceudna do Chorp Chríost, íocaidh gach easláinte nó gach easbuidh spioradálta d'á mbí ar an té bhíos leath amuigh de pheacadh mharbhthach (iar ndeunamh faoisidine agus aithrighe), ghidheadh ní théid i bhfoghnamh ar bith do'n tí chaitheas é i bpeacadh marbhthach.

Is cosmhail, fós, Corp Chríost ris an gcloich dárab ainm “esgites” — cloch sin dogheibhthear i nead an fhiolair, agus ní mó ioná oiread gráinne pise bhíos innte. Dearbhthar léi an nimh is easláinte do'n othar. Má's nimh is easláinte do'n othar, ní fhéadfaidh ar chor ar bith le biadh ná le digh ná le nidh eile dá mhillse, an chloch do shlugadh in a chorp. Gidheadh, muna nimh is cúis easláinte dhó, féadfaidh a chaitheamh go soiréidh. Mar an gceudna do Chorp Chríost, an tan chaitheas an t-othar — eadhon, an t-aithrigheach — E, maille re rún peacaidh marbhthaigh, ní fhéadann a shlugadh go spioradálta ina anam, ná a chaitheamh go cóir, acht gídh chaitheas i mbeul agus i ngoile an chuirp é. Gidheadh, an tan nach peacadh marbhthach is easláinte dhó, sluigthear leis go hiomlán i ngoile na hanma é. Ní heugcosmhail, iomorro, an nimh ris an bpeacadh; óir bí an nimh omh, fuar, marbhthach. Mar an gceudna do'n peacadh, bí sé cómh fuar sin go múchtar leis teasghrádh Dé agus na gcomharsan; bí fós cómh omh sin nach loisgfeadh teine ifrinn go síorruidhe aon pheacadh amháin marbhthach, agus is cuid do na h-adhbharaibh fá mbíonn pian síorruídhe ar an anam in ifrionn sin.

Atáid trí hadhbhair fá n-a daoire do'n droing téid go neamhghlan do chaitheamh Chuirp Chríost ioná do'n Chineadh Iúdaigheach le'r crochadh Críost. An céad adhbhar díobh, do bhrígh gurab in A Chruth Féin, mar Dhia agus mar Dhuine chaithid na peacaigh E, agus do réir Phóil 'san seiseadh caib. chum na n-Eabhrach is ionann Corp Chríost do chaitheamh go neamhghlan agus Críost do athchrochadh. Ní mar sin do'n chineadh Iudaidheach ní in A Riocht féin do chrochadar Críost, do réir mar adeir Pól 'san dara caibidil de'n chéad Eipistil chum na gCoirinnteach — “Dá n-aitheantaoi (ar sé) Righ na Glóire leó, ní chrochfadaois go bráth E.” An dara hadhbhar, do bhrigh gurab mó comaoin Chríost ar na peacachaibh úd ioná ar an gCineadh Iúdaigheach, an mhéid gur dheónuigh Sé A Chreideamh agus A Reacht agus a Shacraiminte socharacha féin do theacht ó'n gCineadh Iúdaigheach chuca. An treas adhbhar, do bhrígh gurab uaisle an staid in a mbí Corp Chríost dá chaitheamh ag na peacachaibh ioná an staid in a raibh d'á chur chum báis ag  p.101 na hUidhilibh; óir Corp domharbhtha, glórmhar, chaithid na peacaigh, agus Corp neamhghlórmhar, somharbhthach, do chuireadar na hUidhil chum báis. Ar na hadhbharaibh sin, is cionntaidhe na peacaigh théid go neamhghlan do chaitheamh Chuirp Chríost ionáid na hUidhil.

Léightear ar sagart soisgeulta d'áirighthe go raibh sé ag rádh Aifrinn, agus ar mbeith do dhuine caondúthrachtach eile ag éisteacht an Aifrinn, re hucht Chuirp Chríost do chaitheamh do'n tsagart (ar mbeith do'n tSacraimint ar an bpaiteana), dochonnairc an fear craibhtheach úd Críost i gcruth naoidhne ar an bpaiteana, agus an tan do bhí an sagart ag tógbháil na Sacraiminte suas de'n phaiteana, chum a chaitheamh, dochonnairc an fear úd an Naoidhin ag filleadh a dhroma ris an sagart, agus ag cur A lámh i mbruach an phaiteana, d'á thoirmeasg ar an sagart E Féin do chaitheamh, agus fa minic an duine craibhtheach ceudna ag faicsin an nidh sin. Ina dhiaigh sin thárla an sagart i gcomhluadar agus ag cómhlabhairt ris an fear úd, agus adubhairt ris — “A chompánaigh ionmhuin (ar sé), is mór atá ina iongnadh orm méid an docamhail bhíos orm ria chaitheamh na Sacraiminte.” “Guidhim thú (ar an fear eile) déin leasughadh ar do bheatha agus ceartuigh thú féin, óir dochonnarc-sa go ró-mhinic an toirmeasg bhíos ag á chur ort,” agus d'innis an sgeul reamhráidhte dó. Gabhas bíodhgadh an sagart trés an nidh sin, agus dorighne aithrighe dhiochrach dhuthrachtach ina pheacadhaibh. Agus i gcionn aimsire ina dhiaigh sin, iar mbeith do'n tsagart ina fhíreun, do bhí sé ag rádh Aifrinn, agus thárla an fear ceudna do láthair an Aifrinn, agus dochonnairc sé Críost i gcruth naoidhne ar an bpaiteana idir lámhaibh an tsagairt (re linn na Sacraiminte do chaitheamh dhó), agus é maille re gean gáire, agus le forbhfaoilteachus ag táthadh a lámh re chéile, agus ag feitheamh gnúise an tsagairt, agus dochonnairc ag lingeadh go luathgháireach i mbeul an tsagairt isteach é, agus fós níor mhothuigh an sagart docamhal 'san mbith air féin fá n-a chaitheamh amhail do chleachtadh roimhe sin.

Is iontuigthe as an sgeul so nach maith le Dia duine neamhghlan do bheith ag caitheamh Chuirp Chríost.

Is móide is iontuigthe fírinne na neithe so an nidh léightear 'san seachtmhadh caibidil ag Matha, mar adubhairt Críost, ag labhairt ar na peacachaibh théid go neamhghlan do chaitheamh Chuirp Chríost — “Ná tabhraidh (ar Sé) an nidh naomhtha do na madradhaibh.” Ionann sin re a rádh agus “A shagarta, ná dáilidh an nidh naomhtha so — eadhon, Corp Chríost — do na daoinibh madramhla bhíos i bpeacadhaibh marbhthacha.” Adeir fós Críost ris na sagartaibh gan na liaga loghmhara dárab ainm “Margarita” do chur i bhfiadhnuise na muc, dá chur i gcéill nach dlighthear A Chorp Féin do thabhairt do na peacachaibh bhíos ag á measga féin  p.102 i muilleach na mailíse agus i lathaigh na locht, agus an tan caithtear mar sin é ní caithtear go spioradálta socharach é. Agus is córaide a thuigsin mar so go léightear fíoghair ro ghaolmhar do'n nidh so 'san gcuigeadh caib. deug in Ecsodus, mar a n-abair nachar fhear Dia aon rud de'n phlúr neamhdha do Chloinn Israel an feadh do mhair aoinnidh de mhin na hEigipte aca ar an bhfásach, iar dteacht trés an Mhuir Ruaidh dhóibh. Mar an gceudna do'n pheacach chuireas roimhe teitheadh ó Pharaoh — eadhon, an diabhal — as an Eigipt — eadhon, as staid an pheacaidh agus na hurchóide — trés an Mhuir Ruaidh — eadhon, trés an ndoilgheas intinne ar fhásach na haithrighe, ní bhfaghadh an plúr neamhdha — eadhon, Corp Chríost — re a chaitheamh go spioradálta, an feadh mhairfeas aon rud de mhin na mailíse nó de phlúr an pheacaidh mharbhthaigh i gciste nó i gcliabh an chogúais aige.

Ag so dá sgeul as a dtuigthear go ndéin Dia dioghaltas ar an ndroing théid go neimhfhiúntach do chaitheamh Chuirp Chríost: —

Léightear ar dtús go bhfacaidh sagart d'áirighthe ag teacht do chaitheamh Chomaoine chuige féin neach dorighne a fhaoisidin ris roimhe sin, air nach raibh aithreachas 'san mbith, ná doilgheas, ná rún a pheacaidhe do thréigeann. An tan do mhothaigh an sagart mar sin é, adubhairt ris fanmhuin ó'n gCorp Naomhtha do ghlacadh. Adubhairt sean go dásachtach nach bhfanfadh, agus go gcaithfeadh an Corp Naomhtha d'fhagháil mar aon re cách. “Ní misde (ar an sagart) go ndéinigh Dia breitheamhnus eadrainn araon.” Agus leis sin tug an sagart an tsacraimint dó, agus ní ráinig leis a shlugadh síos ina chorp an tan do bhris dorus ar a bhraghaid agus tháinig an tSacraimint tré n-a bhrághaid amach, agus fuair bás mar sin. Is iontuigthe as an sgeul so, go ndéin Dia díoghaltus go minic ar an saoghal so féin ar na daoinibh théid do chaitheamh na Sacraiminte go neimhfhiúntach.

Ag so an dara sompla. Léightear i Leabhar na bPápadh go raibh drong d'áirighthe 'san Róimh lé'r caitheamh Corp Chríost i Ló Cásga, agus tug iad féin 'san ló ceudna do chraosól agus do mheisge, agus do dhroch-chomhairle, agus dorighne Dia díoghaltus orra an lá sin féin, ionnus go dtárla dorta fola as a mbeulaibh dóibh, agus do bhí de bhreuntas agus de dhomboladh ar an bhfuil gur múchadh iad go hobann. Agus an lá ceudna tháinig díle fearthana agus tuile adhbhalmhór tar fhonn agus tar fhearann na muinntire sin, ionnus gur sgriosadh de gach feur agus gach geamhar agus gach sochar eile dá raibh air; agus tháinig sgáileadha na droinge ceudna i riochtaibh dragún ar an bhfearann, agus ní leigidís duine ná ainmhidhe ann gan marbhadh. Thárla do dhuine naomhtha do-bhí 'san gcathraigh do bheith ag guidhe Dé go minic, maille re dúthracht, ar son na droinge sin, agus tháinig aingeal do labhairt ris, agus adubhairt ris —  p.103 “Innis damsa (ar sé) creud dob' indeunta ris an tí do chuirfeadh aonmhac impire i bpriosún dorcha in a mbiadh breuntas dofhulaing?” Adubhairt an duine naomhtha gurab teasgadh ball budh dhual do thabhairt ar an tí dodheunfadh an t-olc sin. “Maiseadh (ar an t-aingeal) creud an bhreith dobhearthá ar an tí do chuirfeadh an chómhra in a mbiadh Corp Chríost cumhdaighthe (i bhfiaghnaise an tsluaigh) i láib nó i lathaigh, agus do mheasgfadh i gcamra breun truaillighthe é?” “Is é so mo bhreitheamhnas (ar an duine naomhtha) ar an tí dodheunfadh sin, gurab eiriceach agus gurab ceallairgtheach é, agus gurab'é a losgadh budh dhual.” “An é nach deárnadar (ar an t-aingeal) a ionamhuil so, an ndrong ar a bhfuilise ag guidhe? Oir do chuir siad i Ló Cásga Corp Chríost i gcómhraibh — eadhon, ina gcorpaibh agus do mheasgsad an Corp ceudna sin i meisge, i gcraos agus i gcampa iliomaid cean agus peacadh ó sin amach. Agus dá bhrigh sin, ní bhfuil tairbhe dhuitse ná do dhuine eile 'san domhan bheith ag guidhe ar a son, óir atáid damanta an feadh bhias Dia ag caitheamh na glóire síorruidhe.” Ar gclos an sgeul sin do mhórán dá raibh 'san gcathraigh, do chuir siad druim re dubhailcibh, agus agus tugsad ucht ar aithrighe, agus doronsad leóirghníomh ina lochtaibh.

AN SEISEADH CAIBIDIL DEUG. Tráchtas ar an gcuid eile de'n Aifrionn, nó de'n Chanóin.

Iar gcaitheamh Chuirp Chríost fá ghnéithibh an aráin, agus iar n-ól na fola fá ghnéithibh an fhíona, téid an sagart go corr deis na haltóra do ghlacadh fíona nó uisge 'san gcailís, agus dlighidh a chur innte i gcaindigheacht is ró mhó ioná sliocht na fola bhíos 'san gcailís, agus is é adhbhar fá ndlighthear a dheunamh mar sin, ionnus go ndiongantaoi claochlodh ar an bhfuigheall sin na fola i substaint fíona nó uisge sul dobhiadh sé do ghnáith 'san eudach bheag le a nglantar an chailís, agus is é fáth fá n-abraim go ndeuntar claochlódh ar fhuigheall na fola i substaint an fhíona nó an uisge, do bhrigh nach bí Fuil Chríost go sacraiminteamhail ann acht an feadh mhairid aicíde an fhíona ar a ndéintear an coisreagadh; agus an tan thig fíon eile nó uisge i gcaindigheacht is ró mhó ioná an chaindigheacht do bhí 'san fíon do bhí fá na haicídibh úd, fa fhuigheall na Fola ina mheasg, múchtar aicíd na caindigheachta is lúgha.

Ag so sompla ar sin. An tan chuireas an t-aithrigheach Corp Chríost ina ghoile ní bhí Corp Chríost ar marthainn ann acht an feadh mhairid ghnéithe an aráin gan claochlódh do ghabháil chuca i gcruth eile. Mar sin do'n fhuigheall  p.104 úd na fola, ní mhaireann 'san gcailís acht an feadh mhairid na haicíde fíona fá mbí i bhfolach go sacraiminteamhail; agus ó cuirthear iadsan ar gcúl, tréigidh Fuil Chríost an t-iarmhar sin do bhí 'san gcailís, de nós dá mbeith braon fíona in íochtar gloine, agus uisge do dhortadh ina cheann i gcaindigheacht budh ró mhó ioná an braon, go ndiongantaoi claochlódh ar shubstaint an bhraoin ó bheith ina fhíon chum bheith ina uisge, amhail is follus do'n tí do chuirfeadh roimhe so do dhearbhadh; óir ní fhaicfidh blas ná dath an fhíona ar an nidh do bhiadh 'san ghloinne, acht dath agus blas uisge, agus dá réir sin ní bhí ann acht uisge, agus mar an gceudna do'n nidh thuas.

Is é chialluigheas an “Communio” an t-altughadh buidheachais dlighthear do thabhairt do Dhia tré mar do fhágaibh Sé an fleadh sobhlasda so na haltóra mar oileamhuin spioradálta ag na Críostaighthibh. Agus is é an t-altughadh so chialluigheas Dáibhidh, 'san 21 Sailm mar a n-abair (ag tairngire an altaighthe so) — “Iosfaidh na boicht (ar sé), agus sáiseochar iad, agus molfaid an Tighearna,” dá chuir i gcéill andiaigh an tsásaighthe dogheibhidís na boicht — eadhon, na haithrighigh — iar gcaitheamh na proinne úd na haltóra go ndlighid buidheachas do thabhairt do Dhia. Cialluighidh fós an t-altughadh úd an gáirdeachas do bhí ar na hAbstalaibh iar bhfaicsin Chríost d'éis na heiséirghe, do réir mar adeir Innocentius agus Alecsander.

Is é chialluigheas an “Dominus bhobiscum” adeirthear ina dhiaigh sin an impidhe chuireas an sagart 'san Aifrionn d'á iarraidh ar Dhia grása do thabhairt do'n phobal san mbeatha so, agus glóire 'san mbeatha mharthannaigh.

Is é adhbhar fá dtéid an sagart chum láir na haltóra i ndeireadh na horrthann, d'á chur i gcéill go raibh Críost ina mheadhon idir an gCineadh Iúdaigheach agus na cinibh eile, agus fós go raibh ina mheadhon idir an dá reacht — eadhon, an Seinreacht agus an Reacht Nuadh.

Is é chialluigheas an “Dominus Bhobiscum” adeirthear ina dhiaigh sin, impidhe do chuireas an sagart re hoibriughadh do thoil agus d'inntinn re Dia, do réir Albertus.

Is é chialluigheas “Ite Missa est,” cead do thabhairt do'n phobal filleadh d'á n-árusaibh féin iar n-éisteacht an Aifrinn, dá chur i gcéill nach dligheann an pobal an eaglais d'fhágbháil ó'n oifig dhiadha acht d'aonta an tsagairt, agus is síos bhíos aghaidh an tsagairt re rádh na mbriathar sin, do bhrigh gurab ris an bpobal bhíos an sagart ag labhairt.

Is é chialluigheas “Benedicamus Domino” furáileamh an tsagairt ar an bpobal uim altughadh re Dia tar éis íodhbarta an Aifrinn.

Is é adhbhar fá n-iompuigheann an sagart a aghaidh ar an altóir ag rádh  p.105 “Requiescant in pace,” do bhrigh gurab ar na marbhaibh nach bíonn do láthair labhras.

Is é chialluigheas an bheannacht doghnídh an sagart ar an bpobal i bhfóircheann an Aifrinn, ag tógbháil a láimhe i bhfíoghair na Croise, an beannughadh dorighne Críost ar na Deisgioblaibh ag tógbháil a láimhe ós a gcionn re hucht dulta ar Neamh dhó, do réir mar léightear ag Lúcás 'san gcaibidil ndeighionaigh — “Ar dtógbháil A láimhe (ar sé) do bheannuigh iad agus do thriall uatha, agus dorugadh ar Neamh É.”

Léightear, fós, fíogharacha 'san mBiobla ar an nidh ceudna so. Ar dtús 'san naomhadh caibidil in Lebhiticus, mar a n-aithristear go ndeárnadh Maoise agus Aaron, iar gcríochnughadh na híodhbartha, an pobal do bheannughadh.

Léightear an nidh ceudna ag Solamh 'san ochtmhadh caibidil de'n treas leabhar de Leabhraibh na Ríogh.

Is é chialluigheas an Soisgeul Deighionach na comaoineacha do chuir Dia orruinn an mhéid gurbhfiú leis a Mhac Féin do chur i gcolann d'ár bhfuasgladh, agus A Fhuil agus A Fheóil féin do thabhairt dhúinn mar oileamhuin spioradálta.

Adeir S. Augustín 'san 118 eipistil do sgríobh chum Ianuariuis gurab ó na hAbstalaibh dofrith mar ghnáthughadh an t-Aifrionn do rádh ar céadlongadh, agus ní gan adhbhar do lean an Eagluis de sin ó shoin anuas. Ar dtús go n-abair Dia linn Flaitheas Dé d'iarraidh ó thosach, agus ina dhiaigh sin gach nídh saoghalta, agus do bhrigh gurab nidh diadha an t-Aifrionn, do réir mar suigheadh linn thuas, is cóir tús do thabhairt dó tar na biadhaibh shaoghalta; agus fós beanaidh re honóir na Sacraiminte caithtear 'san Aifrionn a chaitheamh ar céadlongadh, ó's ar céadlongadh is mó caondúthracht an duine chum crábhaidh; agus fós gurab ar céadlongadh is glainne bhíos ciall agus inntleacht an duine, agus is mó a shuaimhneas agus a thromdhacht agus nach andiaigh bídh nó díghe do chaitheamh. Dá bhrigh sin is maith an fáth do bhí ag an Eagluis fá'r órduigh an t-Aifrionn do rádh ar céadlongadh, óir dá mbiadh cead ag an dtuata an tSacraimint do chaitheamh tar éis bídh nó dighe, dobudh fhéidir gur re linn bheith ar baoithchéill dóibh ó mheisge nó ó chraos dorachadaois dá chaitheamh.

Biodh a fhios agat, a léightheóir, an t-uisge coisreagtha croithtear ar an bpobal andiaigh an Aifrinn go bhfuil ag á ghnáthughadh ó aimsir an chéad Phápa d'ar bh'ainm Alecsander do réir mar léightear ag Decretales 'san gceathramhadh disting de con. caibidil aqua; 106 bliadhna andiaigh Chríost do bhí an Alecsander so ann; agus fa hé an seachtmhadh Pápadh andiaigh Pheadair é. Agus fa fíoghair do'n uisge coisreagtha an nidh úd doghnídhthí le sagartaibh na Seinreachta, do réir mar léightear 'san  p.106 gcéad caibidil deug in Lebhiticus do croithtí leó, iomorro, do naomhadh an phobail, luaith laoigh tré na measgthaoi fuil.

Atáid trí h-adhbhair fá ndlighthear go speisialta Aifrionn d'eisteacht go dúthrachtach. An chéad adhbhar, do bhrigh go bhfuil sé d'fhiachaibh ar gach aon duine Aifrionn d'eisteacht, i bpéin peachaidh marbhthaigh, go háirighthe gach aon Lá Saoire agus Domhnach, má's féidir dhó a fhághail, acht muna raibh cúis dlisteanach aige, do réir mar léightear ag Decretales.

An dara h-adhbhar, áirde na neithe chialluigheas an t-Aifrionn, óir cialluighidh an t-Aifrionn íodhbairt Críost do réir S. Tomás, 'san gcéad alt de'n 83 ceist de'n treas rann d'á Dhiadhacht. Mar an gceudna adeir S. Augustín, 'san leabhar ro sgríobh ar Bheatha Phrosper — “Aon uair amháin (ar sé) do híodhbradh Críost ann féin, gidheadh doghnídhthear A íodhbairt go laetheamhail 'san tSacraimint so.”

An treas adhbhar, tré mhéid na dtairbheadh dogheibhthear ó n-a eisteacht, ar dtús doghnídh duine páirteach re sochar Pháise Chríost; doghnídh fós páirteach é le sochar an mholta bhríoghmhar bhíos i mbriathraibh an Aifrinn, agus an treas fheacht re guidhe caondúthrachtaigh an tsagairt fhíoraonda.

Tabhair dod' aire, a léightheóir, gurab córa dul d'fhios an Aifrinn ná d'ionnsuidhe ar thaisibh na naomh ná ar mhionn dá uaisle ar talmhain, mar atá an Chroch Naomh, nó Bainne Cíoch Mhuire, nó ionnar Chríost, nó Geibhionn Phóil, nó Bachall Pheadair, nó fós Coirp na n-Apstal féin, nó naomh eile d'á uaisle, ar dhá adhbhar. An chéad adhbhar, do bhrigh gurab ró uaisle an nidh atá 'san Aifrionn, mar atá Diadhacht agus Daonnacht Chríost, amhuil do suidheadh linn thuas, ionáid na neithe do luadhmar. An dara h-adhbhar, do bhrigh go bhfuil d'fhiachaibh orruinn i bpéin peacaigh marbhthaigh gach aon Domhnach agus Lá Saoire an t-Aifrionn d'fhios agus d'eisteacht, do réir órdaighthe na hEagluise, amhail adubhramar. Ní hionann agus na neithe eile do luadhmar, óir ní bhfuil d'fhiachaibh ar aon duine fiosrughadh do dheunamh ar na neithibh reamhráidhte, acht muna raibh móide air um dul d'á bhfios, no muna gceangaltar do leith aithrighe air é.

Tuig, a léightheóir, gurab leór gach nídh d'á ndubhramar do shubstaint an Aifrinn, agus do gach nídh éigeantach eile bheanas ris ó sin amach; agus biodh a fhios agat nach le dearmad do fhágbhamar an Phaidir gan mhíniughadh, acht do bhrigh go gcaithfidhmís trácht fada do dheunamh uirre, dobhiadh liosda re a léaghadh, agus fós a mhionca do mhínigheadh go fóirleathan le húghdaraibh eile í. Atáid fós poingc eile de'n Chanóin ar nachar leanamar d'á léirmhíniughadh nach righid na tuatadha a leas do mhínughadh dhóibh, agus d'á bhrigh sin d'fhágbhamar amuigh iad gan teacht tarsa.

Anois, cheana, ó críochnuigheadh linn suim an Aifrinn go soiche so, ní fuláir dhúinn a fhoillsiughadh agus a fhionnochtadh go cinnte creud an sochair  p.107 in a dtéid sé do bheódhaibh agus do mharbhaibh. Agus an mhéid bheanas ris na marbhaibh, do bhrígh go seunaid na héiricighe go hamhnáireach nach bhfuil ionad eile ann tar éis na beatha so (mar atá purgadóir) in a mbeith dáil cabhra i ndán do na fíreunachaibh ar a mbí sal na péine aimseardha tré nach deunaid leóirgníomh iomlán ina gceanaibh, do réir na breithe aithrighe cuirthear orra 'san mbeatha so. Cruitheócham 'san gcaibidil so síos go bhfuil purgadóir ann, agus dá réir sin go bhfuil ionad ann tar éis na beathadh so in a bhféadthar furtacht do thabhairt do na fíreunachaibh.

AN SEACHTMHADH CAIBIDIL DEUG. In a suidhtear Purgadóir do bheith ann, agus dá réir sin go dtéid an t-Aifrionn i sochar do na h-anmaibh bhíos innte.

Adeirid na heiricighe nach bhfuil Purgadóir ann, agus dobheirid Sgrioptúir (dar leó féin) dá áitiughadh sin as an gcéad caibidil deug in Ecclesiastes, mar a n-abair Solamh — “Dá dtuiteadh an crann chum na háirde budh dheas nó chum na h-áirde budh thuaidh, gibé ionad in a dtuitfeadh is ann bhias.” Is ionann sin re a rádh agus dá ndeachadh an t-anam go Flaitheas Dé, chum na háirde budh dheas, nó go h-ifrionn, chum ná hairde budh thuaidh, gibé dhíobh gus a rachaidh is ann bhias. Ar an adhbharsoin (ar an t-éiriceach) ní bhfuil ann acht an dá ionad sin amháin do réir na Sgrioptúra, agus dá réir sin ní bhfuil an treas ionad ann — eadhon, Purgadóir.

Mo fhreagradh ar an eiriceach gurab é tuigeas Solamh 'san ionad reamhráidhte úd nach bhfuil acht dá ionad ann chum áitighthe go síorruidhe ionnta, mar atá Flaitheas Dé agus ifrionn, agus nach ionad áitighthe go síorruidhe Purgadóir, agus dá bhrigh sin nach ráinig a leas labhairt ar Purgadóir 'san áit úd; agus is córaide dhúinn a thuigsin mar so go bhfuilid áite 'san Sgrioptúir in a labharthar go heidirdhealbhtha ar ifrionn íochtarach agus ar Phurgadóir.

Ag so, iomorro, mar adeir Iób, 'san seachtmhadh caibidil, ag labhairt ar Ifrionn íochtarach — “An tí théid síos (ar sé) ní rachaidh suas, agus ní fhillfidh d'á thigh féin” - eadhon, go Flaitheas Dé.

Adeir fós an Sgrioptúir in ionad eile nach bhfuil fuasgladh ar bith ar an tí bhíos in ifrionn, gidheadh adeir Isaias, ag labhairt ar Phurgadóir go fáthrúnda 'san gceathramhadh caibidil fichead — “Iadhfuighthear iad (ar sé) 'san phriosún, agus tar éis iomad laethe fiosróchar iad,” dá chur i gcéill an mhuinntear bhíos i bpriosún purgadóra go mbíonn dáil cabhra  p.108 a gcionn, agus 'san bhfioghair so léightear ar Iónas, mar do fóireadh i mbroinn an mhíl mhóir é, óir, mar do fóireadh eisean i mbroinn an mhíl mhóir, is mar sin atá i gcinneadh do'n droing bhíos i bpríosún peannaideach Purgadóra, tiocfaid as andiaigh coimhlíonta na péine aimseardha bhíos d'fhiachaibh orra do íoc ann.

Agus is córaide so do thuigsin mar so an nidh léightear ag Pól, 'san treas caibidil de'n chéad eipistil do sgríobh chum na gCoirinnteach — “Gibé aiteóchas (ar sé) ar fhundaimint an chreidimh foirmeamhuil, ór nó airgead, nó clocha buadha, nó crannghal, nó feur tirm, no barrach lín, dá ngabhaid losga chuca biaid slán.” Ionann (do réir Lisa) na trí neithe úd — eadhon, crann, feur tirim, agus barrach lín, agus na peacaidhe thug duine i ndearmad ina fhaoisidin, nó na peacaidhe do chuir duine ina fhaoisidin, agus gach nach ráinig leis leoirghníomh do dheunamh, nó na peacaidhe sologhtha, dá chur i gcéil gibé rachas le ceachtar de na trí gnéithibh úd go purgadóir go nglantar a anam uatha le teine purgadóra.

Is maith fós an suigheamh ar purgadóir an nidh léightear 'san dara caibidil deug de'n dara leabhar de Leabhraibh na Machaibei, mar a n-innistear gur chuir Iúdas Macabeus suim mhór airgid go Cathraigh Ierusalem, d'á ofrálughadh mar íodhbairt ar son peacaidh na marbh; agus fós adeir i ndeireadh an chaibidil ceudna gur naomhtha agus gur socharach an smuaineadh guidhe do dheunamh ar na marbhaibh d'á sgaoileadh ó n-a bpeacadhaibh.

Is follus as an áit so go bhfuil Purgadóir ann; óir do budh diomhaoin guidhe do dheunamh ar son na marbh atá in Ifrionn íochtarach, do bhrigh nach bhfuil dáil chabhra 'san mbith i ndán dóibh, agus nach fóghnann guidhe ná maith ar bith d'á ndeintear ar a son dóibh, do réir na Sgrioptúra. Mar an gceudna, ní dlighthear guidhe do dheunamh ar na marbhaibh atá i bFlaitheas De, do bhrigh go bhfuil an uile shásughadh dlighthear do bheith aca ina seilbh, do réir Dáibhidh 'san 18 Sailm, mar a n-abair, i bpearsain an anma, ag labhairt go fíoraonda — “Sáiseóchar mé (ar sé) an tan bhus leór dam dod' ghlóire-se.” Do bhrigh nach féidir fortacht do thabhairt do na marbhaibh bhíos i n-Ifrionn, agus nach bhfuil riachtanas ar na naomhaibh atá i bhFlaitheas Dé, ní fuláir an treas áit do bheith ann d'á rachadh déirc, guidhe, agus deaghoibreacha na droinge bhíos ar an saoghal so i sochar, agus fós bhíos i ngeall na nguidhe agus na ndeaghoibreacha ceudna; agus ó nach é Ifrionn ná Flaitheas Dé a ionamhiul so de ionad, ní fuláir an treas ionad d'fhághail, agus ní bhfuil an treas ionad ann acht purgadóir, nó má tá, inniseadh an t-éiriceach é. Ar an adhbharsoin atá purgadóir ann.

Agus is córaide a mheas go bhfuil purgadóir ann an nidh léightear ag Matha 'san dara caibidil deug — “Gibé dodheunadh peacadh (ar sé)  p.109 anaghaidh an Spioraid Naoimh, ní maithfidhear dhó é 'san mbeathaidh so ná andiaigh an bháis.” Creud is ionntuigthe as na briathraibh so Mhatha acht go bhfuil peacadh éigin ann in eugmais an pheacaidh úd anaghaidh an Spioraid Naoimh, mar atá peacadh sologhtha, maithtear tar éis na beathadh so. Gidheadh ní maithtear peacadh ar bith i n-ifrionn íochtarach, agus ní théid peacadh ar bith go Flaitheas Dé, agus ar an adhbhar sin atá ionad eile ann in a bhféidir peacadh éigin do mhaitheamh tar éis na beathadh so in eugmais an dá ionaid úd, agus is é sin purgadóir, amhail adubhramar.

Léightear 'san gceathramhadh caibidil ag Thobias briathra as a dtuigthear purgadóir do bheith ann, mar a labhrann leis an ndéirceach — “Cuir (ar sé) d'arán agus d'fhíon féin ar uaigh an fhíréin, ionnus na boicht sáiseóchar leó sin go nguidheadaois ar son anmann na marbh.” Adeir, fós, Solamh, 'san seachtmhadh caibidil in Ecclesiastes, nídh thig leis an áit ceudna — “Sín do lámh (ar sé) chum na mbocht, ionnus go rachadh do thrócaire agus do bheannacht i soileas dóibh; agus ná cuir toirmeasg ar ghrásaibh d'fhagháil do'n mharbh.” As na hionadaibh so, agus as mórán d'áitibh eile 'san Sgrioptúir, is iontuigthe go dtéid guidhe na mbocht agus na bhfíreun agus an deaghmodhmhartha i sochar do na marbhaibh bhíos i purgadóir. Agus is iontugtha dúinn d'ár n-aire gurab iad an drong bhíos beó ar an saoghal so fhóireas an drong úd bhíos i mbruid i bpurgadóir, agus nach iad féin fhóireas a chéile an feadh bhíd i bpurgadóir, agus is ina fhíoghair so atá an nidh léightear 'san treas caibidil in Ecsodus mar a n-abair nach daoirseach ar bith dá raibh 'san Eigipt féin do chuir Dia d'fhóirighthin Chloinne Israel as an mbruid agus as an moghsainne in a rabhadar ag Pharaoh, acht Maoise ó thalamh Midian, do bhí ina dhuine shaor. Mar an gceudna, amhail adubhramar, ní haon anam dá mbí i ndaoirse i bpurgadóir fhóireas na hanmanna eile bhíos i bpurgadóir an gcéin bhíos féin eatorra, acht saoirsigh beathadh an tsaoghail so. Agus dá mbeith ina iongnadh ar neach creud as nach go Flaitheas Dé théid anam an fhíréin gan cháirde andiaigh an bháis, biodh a fhios aige gurab é snas nó sal an pheacaidh, mar atá salachar na coire agus salachar na péine aimseardha, agus má tá de dhruim na haithrighe agus na habsolóide go nglantar an t-anam ó salchar na coire, bídh cáidheach ó shalachar na péine, muna ndeárnadh leóirghníomh 'san tsaoghal so re linn a bheathadh, agus is sé sin chongbhas ó dhul ar neamh é, do bhrigh go n-abair Eóin 'san dara caibidil deug de Leabhar na dTaisbeántadh nach téid nidh ar bith cáidheach nó neamhghlan isteach 'san bhFlaitheas Neamhdha.

Ag so sompla ar an nidh ceudna. Dá mbeith sladaighe i bpriosún tré chionn bó do ghoid ó ná chómharsain, féadaigh an rígh an choir do mhaitheamh dhó, agus gan a chur chum báis, gidheadh, is éigean dó fanamhuin 'san  p.110 bpriosún go deunamh lóeirghníomha le n-a chomharsain 'san ngaduigheacht dorighne air. Mar an gceudna do'n tsladuighe — eadhon, an peacach — gidh dobheir an Rígh Uile-Chumhachtach pardún 'san gcoir dó, gan a dhamnughadh go síorraidhe i mbás Ifrinn, dobheir air bheith i bpriosún purgadóra go deunamh leóirghníomha dhó in gach lot dá ndeárnadh 'san mbeatha so, do réir mar adeir Matha 'san gcúigeadh caibidil — “An tí (ar sé) nach déin réidhteach re n-a chómharsain ina fhiachaibh 'san mbeatha so, cuirfighear i bpriosún é, in a mbeith ceangailte ag na ceustúnachaibh nó go ndíolann an phighin deigheanach.”

Adeir Pól 'san dara caibidil chum na bhPhilipenseach briathra as a dtuigfeam go bhfuil purgadóir ann — “In Ainm Iosa (ar sé) feacfuighear an uile ghlún ar neamh, ar talmhain, agus in Ifrionn.” Agus adeir Eóin, 'san gcúigeadh caibidil de Leabhar na dTaisbeántadh, go dtabhair an uile chreatúr ar neamh, agus ar talmhain, agus fá thalmhain, cádhus, glóire, agus onóir do Dhia tré shaoghal na saoghal.

Tuig, a léighthóir, go bhfuilid dream fá thalmhain do réir an dá ionad so, doghnídh feacadh ghlún in Ainm Iosa, agus dobheir onóir agus glóir do Dhia, ghidheadh adeir Dáibhidh, 'san 118 Sailm, nach molaid na mairbh théid go h-ifrionn íochtarach an Tighearna. Ar an adhbhar sin atá ionad eile fá thalmhain in a moltar Dia, agus is í sin purgadóir, nó munab í, abradh an t-éiriceach an t-ionad eile.

Tig Chrisostomus leis an nidh so, 'san 21 Homilia ar Ghníomharthaibh na nAbstal — “Ní diomhaoin (ar sé) doghnídhthear íodhbairt ar na marbhaibh, ná úrnaighthe, ná deirc.” Adeir S. Augustín, 'san 22 Seanmór ar Bhriathraibh na nApstal, nidh thig leis an bhfírinne so — “Ní hionchur (ar sé) i gconntabhairt, urnaighthe agus déirc agus íodhbairt na hEagluise, go dtabhair furtacht ar na marbhaibh.”

Léightear 'san 31 caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh na Ríogh go ndeárnadh fir na Galaad trosgadh seacht lá andiaigh adhlaicthe Shauil agus Ionathan. Léightear 'san chéad chaibidil de'n dara leabhar de Leabhraibh na Ríogh, an tan dochualaidh Dáibhídh bás na droinge ceudna gur chaoidh sé féin agus an drong do bhí ina fhochair, agus go ndeárnadh siad trosgadh go heaspartain.

Léightear fós 'san dara caibidil deug de'n seiseadh leabhar do sgríobh S. Augustín in a “Fhaoisidin,” go n-abradh an t-Aifrionn go minic ar anam a mháthar, d'ár bh'ainm Monica. Adeir Dáibhidh, 'san 85 Sailm, nidh as a dtuigthear purgadóir do bheith ann — “Is mór, a Thighearna (ar sé), Do thrócaire orm, do bhrigh gur shaorais m'anam ó ifrionn íochtarach.” Creud is ionntuigthe as so acht go n-admhann Dáibhídh go bhfuil ifrionn íochtarach ann, mar atá purgadóir.

 p.111

Is follus, do réir a ndubhramar, gibé thuigfeas go glinn na háite do haithleigheadh linn go bhfuil purgadóir ann, in a mbíd anamna na bhfíreun ar a mbí sal na péine aimseardha; agus, fós, go ndlighthear guidhe do dheunamh orra, agus go bhféadthar a saoradh agus a nglanadh ó'n tsalachar le déirc agus le deaghoibreachaibh na droinge bhíos beó ar an saoghal so.

Adeir S. Augustín 'san naomhadh caibidil de'n leabhar dárab ainm “Enchiridion” briathra as a dtuigthear go dtéid an t-Aifrionn i bhfoghnamh do na marbhaibh — “Ní bithte bheith ag á sheunadh (ar sé) go dtugthar saordháil d'anmaibh na marbh an tan ofráltar íodhbairt an tSlánuightheóra ar a son.”

Léightear ag Greagóir Naomhtha, 'san 55 caibidil de'n cheathramhadh leabhar de Leabhraibh na hAgallmha go raibh sagart d'áirighthe in Eaglais Eóin 'san mbaile dárab ainm Taurena, agus go gcleachtadh dul d'á fothragadh i dtobar do bhí 'san mbaile ceudna as a mbuinnigheadh uisge teith do ghnáth. Agus lá n-aon dá ndeachaidh an sagart reamhráidhte dá fhothragadh féin 'san áit sin, agus iar ndul isteach do'n árus do bhí ós cionn an tobair, fuair óglaoch anaithnidh ar a chionn istigh, agus dorinne an t-óglaoch timpireacht go h-umhal, agus do bhain a eudach de'n tsagart, agus doghníodh an nidh ceudna dá mhionca thigeadh an sagart ann. Dála an tsagairt, uair éigin dá dtáinig chum an tobair, tug leis dá bháirghín aráin chum a dtabhairt do'n fhear reamhráidhte. Agus an tan do bhí ag á dtairsgin do'n óglaoch, do labhair-sion go truaighmhéileach, tuirseach, agus adubhairt nachar dhuine beó é féin, acht gurab é spiorad an tighearna dobhi ar an bhfearann sin é uair éigin. “Gidheadh (ar sé), déin-se an t-arán so d'ofrálughadh do Dhia Uile-Chumhachtach ar son mo pheacaidh, agus is amhlaidh bhias a fhios agat an éistfighear led' ghuidhe, muna bhfaghair mise annso ar do chionn.” Leis na briathraibh sin d'imthigh sé as amharc an tsagairt, ionnus gur bhfollus do'n tsagart gur spiorad do bhí ann. Dála an tsagairt, do bhí ar feadh seachtmhuine ag rádh Aifrinn gach aon lá, agus i gcionn na haimsire sin, táinig d'ionnsuigh an tobair, agus ní bhfuair an fear reamhráidhte ann, agus do thuig gur fóireadh ó phurgadóir é.

Léightear ag an úghdar ceudna, 'san áit ceudna, go raibh in aon mhainistir ris manach d'ár bh'ainm Iustus, ag á raibh trí coróinnidhe d'ór i bhfolach, fuair sé de shochar leighis do dheunamh, agus an tan do ghabh galar euga é, frith na trí coróinnidhe sin i bhfolach aige. Do gabh fearg Greagóir uime sin, agus tug imdheargadh mór do'n mhanach, agus tug fá deara (ar bhfághail bháis do'n mhanach go haithrigheach) a chorp d'adhlacadh 'san gcarn aoiligh, agus na trí coróinnidhe mar aon ris; agus níor fhulaing ghuidhe do dheunamh air go ceann triochad lá; agus i gcionn na rae agus na h-aimsire  p.112 sin do ghabh truagh Greagóir d'anam an mhanaigh, agus d'fhuráil ar mhanach eile do bhí istigh triochad Aifrionn do rádh ar a anam. Agus, iar rádh na n-Aifrionn uile do'n mhanach, do thaisbéin an manach-soin fuair bás é féin do bhráthair d'ár bh'ainm Copriosus, agus d'fhiafruigh Copriosus de creud an cruth in a raibh, agus do fhreagair-sean é, agus adubhairt gur bh'olc an riocht in a raibh go soiche sin, gidheadh go raibh an tan-soin slán ó'n uile phéin; agus leis sin dochuaidh as amharc Copriosuis. Dála Chopriosuis, dochuaidh d'fhios na mbráthar, d'innsin an sgéil sin dóibh, agus fuaradar gurab é an lá-san do chríochnaigh an manach an t-Aifrionn deighionach, agus as sin do thuigeadar gurab de bhuadhaibh na n-Aifrionn sin do saoradh anam an mhanaigh ó phurgadóir.

Léightear i “Sgáthán na Sompladh” gur chuir easbog naomhtha, d'ár bh'ainm Tiobóid, drong d'iarraidh éisg in aimsir an fhóghmhair, agus gur gabhadh leó blodh mór de leic-oighreadh ina líon, agus fa luathgháireach leó sin d'fhagháil do bhrigh go raibh tinneas cos ar an easbog. Tugsad leó an t-oidhreadh, agus do chuireadar re bonnaibh an easbuig, ag tabhairt ionnfhuaradh dó. Feacht n-aon, ar mbeith do'n leic-oidhreadh re bonnaibh an easbuig, dochualaidh an t-easbog guth duine 'san oidhreadh, ag labhairt go truaighmhéileach. Iar gclos an ghotha sin do'n easbog, do chuir fá gheasaibh (as hucht Dé) ar an spiorad do bhí ann, sgeula d'innsin dó cia hé féin, nó creud a thoisg. Freagras an guth, agus adubhairt — “Anam mé (ar sé) atá ag á phianadh 'san oidhreadh so trém' pheacadhaibh, agus do fuaisgeóltaoi mé dá n-abarthaoi tríochad Aifrionn tríochad lá, diaigh in dhiaigh, ar mo shon, gan aon lá eatorra.” Dála an easbuig, do thionnsgann na hAifrinn do rádh, agus an seiseadh lá deug, ria ndul dó chum an Aifrinn do rádh, do shéid an diabhal cogadh agus coinbhliocht idir cathruigheoiribh nó lucht áitighthe na cathrach; agus leis sin do cuireadh teachta d'ionnsuidhe an easbuig, d'á iarraidh air teacht do cheannsughadh an chatha sin. Cuireas an t-easbog leis sin an chulaidh Aifrinn de, agus téid d'á n-ionnsuighe ionnus go ndeachaidh ó Aifrionn an lae sin, agus i gcionn aimsire ina dhiaigh sin, iar gcríochnughadh dá dtrian na n-Aifrionn do'n easbog, do foillsigheadh dó sluagh líonmhar do bheith re hucht na cathrach ar tí mórmhadhmaighthe uirthe, ionnus gur bh'éigean do'n easbog Aifrionn an lae sin do leigean de. Agus iar tionnsgnadh an Aifrinn deighionach dhó, dar leis féin, dochonnairc an baile go léir agus a theaghlach féin tré theine, agus adubharadar cuid d'á mhuinntir féin ris an t-Aifrionn do leigean de, agus dul d'fhóirighthin a thighe. Agus adubhairt-sean dá loisgthí an baile go léir tríd nach leigfeadh an t-Aifrionn de. Agus, iar gcríochnughadh an Aifrinn dó, do ghabh an leac-oidhreadh in a raibh an t-anam leaghadh chuice, agus an teine fanntaiseach dochonnarcadar cách  p.113 dochuaidh sí in eugaibh, gan dochar ar bith do dheunamh.

Is iontuigthe as an sgeul so go bhfóirighthear leis an Aifrionn ar na hanmannaibh bhíos i bpurgadóir.

Léightear 'san leabhar ceudna go raibh i mBreatannaibh bráthair d'ár bh'ainm Iuo, agus fa “prior” 'san Talamh Naomhtha seal d'á aimsir an fear so, agus fa dhuine umhal, caondúthrachtach, grásamhail é. Acht, cheana, ar mbeith dhó 'san oidhche ag rádh a thráthadh 'san eagluis, dochonnairc sé samhuilt bráthar eile ina sheasamh láimh ris an lochrann do bhí 'san gcorr, agus aibíd shalach, riabhach, athchaithte uime. “Cia thú?” ar Iuo. “Mise (ar sé) an bráthair so d'áirighthe fa hionmhuin leatsa lá éigin, fuair bás beagán de laethibh ó shoin, agus atá d'fhiachaibh orm bheith i bpurgadóir cúig bliadhna deug, muna bhfaghad furtacht, agus táinig dá iarraidh ortsa guidhe ar mo shon chum Dé.” Dála Iuo, iar dteacht na maidne, adubhairt Aifrionn ar anam an bhráthar sin, agus silleadh dá dtug seacha, iar rádh an Aifrinn, dochonnairc an bráthair reamhráidhte ina sheasamh láimh ris an lochrann, agus earraidhe áluinn ionaonaigh uime. “Cia thú?” ar Iuo. “Mise an bráthair (ar sé), agus, go raibh maith agatsa, fuarais ó Dhia, maille red' ghuidhe, mo shaoradh óm' phianaibh, agus atáim anois ag dul i gcaidreamh na spiorad mbeannuighthe.” Agus leis sin dochuaidh ar neimhnídh uaidh.

Is iontuigthe as an sgeul so go dtabhair íodhbairt agus guidhe an Aifrinn furtacht do na hanamnaibh bhíos i bpurgadóir.

Léightear 'san treas leabhar do sgríobh Béda ar Ghníomharthaibh na Sagsan go raibh dhá rígh ar Shagsaibh do bhí ag cogadh anaghaidh chéile, agus tugsad cath dá chéile, agus do fágbhadh i gcruth mharbh duine-uasal óg de mhuinntir an righ ar a dtugadh an maidhm, agus rug an righ le a rugadh buaidh leis é d'á thigh féin, agus do chuir leigheas air; gidheadh, do chuir geibheanna faoi, agus do sgaoileadh gach geibheann d'á mbiodh air uatha féin ar an naomhadh buille de'n chlog gach lá, agus do bhí amhlaidh sin go bheith slán dó. An tan dochonnairc an rígh go sgaoiltí na glais do ghnáth go míorbhuileach gach aon lá uatha féin, do budh hiongnadh leis é, agus tug uaidh an bráighe d'iarla onórach d'á mhuinntir i ngeall re fuasgladh, agus do sgaoilidís na glais de ag an bhfear sin amhail doghnídhdís roimhe. Do fhiafruigh an t-iarla lá éigin de an raibh a fhios aige creud an t-adhbhar fá sgaoilidís na glais. Adubhairt-sean náchar bhfeas do féin sin, acht amháin go raibh abb do dhearbhráthair aige do chleachtadh Aifrionn do rádh timcheall na huaire sin de'n ló, “agus is dóigh (ar sé) gur mheas an t-abb gurab bás fuaras-sa, agus dá bhrigh sin go n-abradh sé Aifrionn gach lá ar mo anam, agus go mbudh de sin dothiocfadh na glais do sgaoileadh.” An tan dochualaidh an t-iarla na briathra sin dorighne grása ar an duine uasal, agus tug  p.114 cead imtheachta dhó d'fhios a charad ar choingheall go gcuirfeadh fuasgladh tar a éis gus an iarla. Ar dtoidheacht dó-san mar a raibh a dhéarbhráthair — eadhon, an t-ab — fuair sgeula uaidh go n-abradh sé Aifrionn gach lá ar a anmuin ó'n uair fá'r gcualadh a thásg gus an tráth sin.

Is iontuigthe as an sgeul so go saorann an t-Aifrionn as bruid na daoine bhíos beó 'san bheatha so.

Léightear, fós, go raibh duine uasal d'áirighthe ag fághail bháis, agus go dtug de theagasg d'á mhac trí neithe do choiméad. An céad nidh dhíobh, gan bheith i gcaidreamh ná i gcómhluadar droch-chuideachtan. An dara nidh, Aifrionn d'éisdeacht gach laoi. An treas nidh, é féin do chur in oireamhuin do na deaghdhaoinibh. Agus ina dhiaigh sin do fhágaibh sé cúram an mhic ar rígh na críche in a raibh. Do ghlac an rígh an macaomh go honórach, agus do bhí fá cion aige. Dobhí, iomorro, feadhmannach formadach ag an rígh, agus de líon sé de thnúth ris an macaomh ar mhéid an cheana dochonnairc air, ionnus go ndeárnadh tuaithleas agus tromuidheacht air ris an rígh, annsacht antoile do bheith aige do'n bhainríoghan, agus d'á dhearbhughadh gur bhfíor an sgeul sin, an tan dobhiadh brón nó dólás ar an mbainríoghan go mbiadh-san lán de dholás léi ar mhéid a ghrádha dhi. Dála an rígh, go grod ina dhiaigh sin, ar mbeith dhó ag comhrádh ris an mbainríoghain, do bhuail sé bas cruaidh ar a leacain uirre, ionnus gur ghuil sí. Ar n-a fhaicsin sin do'n mhacaomh, do ghuil sé go hobann ar a cómhair tré rói-mhéid a ghrádha dhi. Gidheadh, ní grádh mailíseach do bhí aige dhí, amhuil adubhairt an feadhmannach. An tan dochonnairc an rígh sin, do thuig gur bhfíor gach nidh d'á ndubhairt an feadhmannach, agus do fhiafraigh de cionnus do chuirfeadh chum báis an macaomh go foluightheach. Adubhairt an t-aimhleasach gur mhaith an gliocas do'n righ fios do chur ar lucht aoil do losgadh do bhí aige i gcoill dhiamhair láimh ris an mbaile, agus a fhógradh dhóibh an chéad duine dothiocfadh in ainm an rígh d'á n-ionnsaidhe, do theilgeann d'á losgadh 'san tsoirnéis teinntigh imeasg an aoil, agus rún do dheunamh ar an ngníomhsan. Dála an righ, do chuir sé an macaomh go moch arna mhárach le gnóthaibh go lucht an aoil do losgadh; agus, ar mbeith dhó ag triall trés an gcoill dobhi roimhe, dochualaidh sé clog an Aifrinn ag á bualadh i séipéal beag do bhí láimh ris an slighe, agus, arna chlos dó, dochuaidh d'á fhios, agus do fhan ag éisteacht an Aifrinn no gur chríochnuigheadh é. Iomthusa an fheadhmannaigh, do lean sé go moch an macaomh 'san gconair cheudna d'eagla nach diongantaoi cómhairle an rígh ris, agus do budh luaithe é go lucht an aoil do dheunamh ioná an macaomh, agus do fhiafraigh díobh a ndeárnadar an nídh adubhairt an rígh riú do dheunamh. Adubhradar-san nach dearnadar fós, acht go ndiongnadaois gan mhoill é. Leis sin, do ghlacadar an feadhmannach go hobann, agus do theilgeadar 'san tsoirnéis  p.115 teinntigh d'á losgadh é; agus an tan tháinig an macaomh d'á n-ionnsuidhe, ní dheárnadar dioghbháil ar bith dhó. d'fhill an macaomh tar a ais mar a raibh an rígh, agus do fhiafraigh an rígh sgeula de, agus do innis-sean a sgeula agus a iomthusa féin ó thús go deireadh dhó, amhail a dubhramar. Ar leanmhain an sgéil go hiomlán do'n rígh, do innis an macaomh dó na cómhairleacha-san thug a athair dó, agus mar adubhairt a athair leis Aifrionn d'éisteacht gach laoi, agus gur mheas gurab de thairbhe na gcómhairleach sin agus de bhuadhaibh an Aifrinn tháinig a shaoradh ó bhás. Ar n-a chlos sin do'n righ, do thuig gur cealg dorighne an feadhmannach ar an mbainríoghain agus ar an macaomh, agus do thréig sé an míodhóchas do bhí aige asta roimhe sin. Is iontuigthe as an sgeul so go bhfóireann an t-Aifrionn duine ó bhás obann.

Léightear i Sgathán na Sompladh go rabhadar drong de lucht oibre ag saothrughadh mianaigh airgid in ionad d'áirighthe, agus ar ndul dóibh i bhfad i dtalmhain, do thuit blodh mór de'n talmhain orra, ionnus gur mharbh iad uile acht aon duine amháin, a tárla i gcuas de leathtaoibh na huaimhe. Agus an tan dochualaidh bean an fhir sin a thásg, rug sí báirghean aráin, agus buidéal fíona, agus coinneall, d'fhios an tsagairt, d'á iarraidh air Aifrionn do rádh ar anmuin a fir, agus doghníodh sí an nidh ceudna gach lá ar feadh bliadhna, acht trí lá amháin do thoirmisg an t-aidhbheirseór í, ar mbeith i gcruth dhaonda, dá chur i gcéill dhi go raibh an t-Aifrionn ráidhte gach lá dhíobh sin róimpe. Acht, cheana, i gcionn bliadhna iar marbhadh na droinge adubhramar, tangadar drong eile do thochailt na háite ceudna d'iarraidh mianuigh ann, agus fuaradar an fear reamhráidhte beó ar a gcionn, agus an tan do fhiafruigheadar de cionnus do saoradh ó bhás é agus creud do chothuigh beó é ar feadh na haimsire sin, do innis do chách go mbíodh báirghean aráin, agus buidéal fíona, agus coinneall aige gach lá go n-oidhche, acht trí lá amháin; agus dofrith gur bh'iad sin na trí lá do chuir an t-aidhbhirseóir toirmeasg ar an mhnaoi gan an Aifrionn do chur d'á rádh, amhuil budh follus do lucht mheasda na haimsire é. Is iontuigthe as an sgeul so, go bhfóireann an t-Aifrionn duine ó bhás chorpordha.

Léightear go raibh duine saidhbhir in ionad d'áirighthe do ghnáthuigheadh dul ar marcuigheachd d'fheuchain a fhuinn agus a fhearainn an tan dochluineadh sé clog an Aifrinn ag á bualadh. Lá n-aon, dá ndeachaidh amach mar sin in aimsir an Aifrinn, thárla an diabhal air, agus adubhairt ris tuirling d'á each, agus a aifrionn féin d'éisteacht ó nach éisteadh Aifrionn cháich. Agus leis sin do tharraing anuas go heasaontach é, agus rug leis ós cionn deirce doimhne é, agus do theilg i bhfodhomhain agus i bhfíríochtar ifrinn idir chorp agus anam é.

 p.116

Is ionntuigthe as an sgeul so go ndéin Dia díoghaltas ar an droing dobheir tarcuisne ar an Aifrionn.

TUILLE EILE SUIGHTE AR PHURGADOIR.

Léightear 'san gcúigeadh caibidil deug de'n seiseadh siosmadh de Chomhairle Thriont go mbíd peacaidhe sologhtha ar na fíreunchaibh. Tig Solamh leis so 'san 24 caibidil de Leabhar na Seanfhocal — “Tuitidh (ar sé) an fireun seacht n-uaire 'san ló, agus aithéirghidh cheana; tuitidh an míothrócaireach 'san olc.”

Is iontuigthe as na briathraibh so nach tréigeann duine neamhurchóideach bheith ina fhíreun tré thuitim i min-cheanaibh, agus nach tuilleann eascairdeas Dé ná bás síorraidhe ifrinn, agus de na min-cheanaibh goirthear peacaidhe sologhtha.

Adeir Eoin mar an gceudna 'san gcéad caibidil de'n chéad Eipistil Chanónta nidh as a dtuigthear peacadh sologhtha do bheith ann — “Dá n-abrainn (ar sé) nach bhfuil peacadh againn, atámaoid d'ár mealladh féin.” Agus adeir S. Séamus 'san treas chaibidil — “Is ciontach sinn go léir (ar sé) i mórán de neithibh.”

Is follus as an dá áit sin go mbíd peacadh sologhtha ann, mar go n-admhuighid an dá Abstal so go raibh peacadh aca féin agus gurab ciontach iad i mórán de neithibh, gidheadh ní dheárnadar peacaidhe marbhthacha ó ghlacsad an Spiorad Naomh i Ló Cingcíse, do bhrigh go rabhadar an tan sin arna ndaingniughadh i ngrásaibh Dé nach féidir do bheith maraon ris an bpeacadh marbhthach 'san anam.

Is inmheasda fós (do réir reasúin) go mbíd peacaidhe sologhtha ann do bhrigh nach inchreidte go mbiadh Dia chomh díothchúiseach sin, go n-aigeoradh ina choir bháis ar dhuine briathar dhiomhaoin do rádh, nó gáire neamh-mhailíseach do dheunamh, nó a ionsamhail eile sin.

Is follus do réir a ndubhramar go mbí peacadh sologhtha ann, fhéadas bheith ar anam an fhíréin (ria fagháil bháis dó) tré na mbí pian aimseardha ar an anam; agus, ó nach bí pian aimseardha in ifrionn íochtarach, acht pian síorraidhe, agus nach ionad péine d'fhághail Flaitheas Dé, ní fuláir an treas ionad de bheith ann, in a mbí pian aimseardha, agus in a bhféadtar a fhulaing, agus ní fhuil an treas ionad sin ann, acht purgadóir.

Tuigthear a mbriathraibh S. Augustín 'san 41 Seanmóir ro sgríobh ar na Naomhaibh go bhfuilid peacaidhe sologhtha agus purgadóir ann — “Na min-pheacaidh (ar sé) nach marbhann an t-anam, acht gidheadh cuirid in eugcruth  p.117 é; ó nach bhfuil tearmann ag na naomhaibh 'san bheatha so gan teagmháil ionnta, tig díobh na fíréin do bheith i dteine phurgadóra nó go nglantar uatha iad, muna ndeárnaid leóirghníomh ar a son 'san tsaoghal so.”

Adeir Ieronimus Naomhtha, ag cur gluaise ar an chúigeadh caibidil ag Matha, briathra as a dtuigthear peacadh sologhtha agus purgadóir do bheith ann — “Ní rachaidh (ar sé) an fíreun as an gcarcair nó go dtugaidh díoluigheacht anns na min-pheacadhaibh is ró-lugha dorighne.”

Adeir Pól, 'san gcúigeadh caibidil de'n Dara h-Eipistil chum na gCoirinnteach go gcaithfidh gach aon teacht do láthair chathaoireach breitheamhnuis Chríost, agus go roinnfighear leis gach aon duine do réir a uilc agus a mhaitheasa. As so is iontuigthe an drong chaitheas a n-aimsir go holc ar an saoghal so, agus doghnídh aithrighe re línn a mbáis, ó nach bí aga aca ar leóirghníomh do dheunamh 'san mbeatha so, go gcaithfid a dheunamh tar éis a mbáis, agus ní bhfuil áit eile ann in a ndeuntaoi an leóirghníomh so andiaigh an bháis acht purgadóir. Ar an adhbhar sin atá purgadóir ann.

Adeir Ciprian Naomhtha 'san 25 Eipistil do sgríobh chum Anthonius, go mbí teine ann le n-a nglantar na hanmanna ó pheacadhaibh d'áirighthe, agus is inmheasta gurab í sin teine phurgadóra.

Atá Ambrós Naomhtha ag teagasg na fírinne ceudna, ag sgríobhadh ar an 14 caibidil de Leabhar na Taisbeántadh — “Atáid (ar sé) anma na naomh gan smal, óir má ghabhadar tímheal ar bith ó bheith ag áitiughadh an tsaoghail so, sgriosadar é le haithrighe agus le deoraibh agus le hoibreachaibh an ghrádha, nó le sgiursadhaibh, nó go deimhin tar éis a mbáis le teine phurgadóra.”

Adeir fós S. Augustín 'san gceud caibidil de'n leabhar ro sgríobh ar an gcuram dleaghthar do bheith timcheall na marbh. “Dá mbeith (ar sé) nach biadh Sgrioptúir ag suidhiughadh purgadóra, do budh leór úghdarás na hEagluise ag á rádh go bhfuil sí ann, do bhrigh gurab é ainm ghoireas Pól di, “Colamhuin agus Fundaimeint na Fírinne,” do réir mar léightear 'san treas chaibidil de'n chéad Eipistil chum Timotheus,” agus fós go bhfuil seanchuimhne sinnsir aguinn ar phurgadóir do bheith ann glún ar ghlún ó aimsir na n-Apstal i leith, do réir fiadhnuise na n-Aithreach do haithléigheadh linn, agus iomad eile nach luaidhfeam de'n chor so. Agus dobheir Pól oiread measda ar shean-chuimhne shinnsir agus dobheir ar Sgrioptúir sgríobhtha, amhuil léightear 'san dara caibidil de'n dara hEipistil chum na Tessalonisenses, agus, mar go n-abair an tsean-chuimhne shinnsir linn purgadóir do bheith ann; ar an adhbhar sin caithfeam a admháil go bhfuil sí ann.

Do bhárr ar gach suigheamh dá dtugamar linn anuas, adeir Clemens  p.118 Mairtíreach 'san gcéad eipistil ro sgríobh go S. Séamus Abstal, bráthair an Tighearna, go mbiodh cion ag na daoinibh re na linn féin ar dhéirc agus ar urnaighthe do dheunamh ar na marbhaibh. Tig Tertulian leis an nídh ceudna 'san leabhar ro sgríobh do Choróin an Ridire, agus Isidorus 'san ochtmhadh caibidil deug de'n chéad Leabhar ro sgríobh do na hOifigibh Eagluiseamhla, agus Origines i ndeireadh an treas leabhar ro sgríobh ar Leabhar Iób. Admhuidh, fós, Lúitear féin purgadóir do bheith ann, 'san diosbóireacht do bhí idir é féin agus doctúir d'ár bh'ainm Esticus.

As gach nidh dá ndubhramar go soiche so is inchreidte go bhfuil purgadóir ann in a nglantar anmanna na bhfíreun ó shalchar na péine aimseardha le deaghoibreachaibh fíreun an saoghail so agus go háirighthe de shochar an Aifrinn.

AN T-OCHTMHADH CAIBIDIL DEUG. In a dtráchtar gá mionca dlighthear Aifrionn do rádh, nó d'éisteacht, agus an áit in a dlighthear a éisteacht, agus cia ó ndlighthear a eisteacht.

Bíodh a fhios agat, a léightheóir, an mhéid bheanas ris an gcéad nidh, do bhreathnughadh mórán doctúr, nach bhfuil d'fhiachaibh ar an sagart (an mhéid gurab sagart é) i bpéin pheacaidh mharbhthaigh Aifrionn do rádh acht ceithre huaire 'san bhliadhain — mar atá, Lá Nodlag, agus Lá Cásga, Lá Cingcise, agus Diardaoin Aluinn. Gidheadh ní bhfuil aon lá 'san bhliadhain nach feudfadh an sagart Aifrionn do rádh acht Aoine an Cheusda amháin, agus atáid, do réir Tolesus, cúig adhbhair fá bhfeudann an sagart dá Aifrionn do rádh in aon ló: — An chéad adhbhar, má bhíonn dhá pharráisde ina gcúram ar an sagart ó'n Eagluis, agus nach féadfadh a riar araon le haon Aifrionn, feudaidh dhá Aifrionn do rádh, mar atá Aifrionn in gach parráisde dhíobh. An dara hadhbhar, dá raibh an sagart i ndeireadh an Aifrinn agus easbog do theacht do láthair, agus gan sagart eile ann adéaradh Aifrionn do'n easbog, feudaidh an sagart an dara hAifrionn do rádh dhó, má lá saoire nó oibre bhíos ann. An treas adhbhar, dá dtigeadh iomad oilithreach do láthair re deireadh an Aifrinn i ló shaoire, agus gan sagart eile ann adéaradh Aifrionn dóibh, feudaidh an sagart bhíos do láthair an dara Aifrionn do rádh dhóibh. An ceathramhadh hadhbhar, dá dteagmhadh duine easlán ar a mbeith easbaidh Comaoine do chaitheamh, agus gan Sacraimint ann re a thabhairt dhó, feudaidh an sagart an dara  p.119 hAifrionn do rádh, chum Comaoine do thabhairt do'n easlán. An cúigeadh hadhbhar, feudaidh an uile shagart trí hAifrinn do rádh lá Nodlag, gion go bhfuil ceangailte air do rádh acht aon Aifrionn, mar nach bhfuil ceangailte ar an dtuata d'éisteacht acht aon Aifrionn 'san ló cheudna, acht gidheadh is somholta na hAifrinn eile do rádh agus d'éisdeacht.

Atáid cheithre reasúin ag an Eagluis fá'r orduigh sí na trí hAifrinn do rádh Lá Nodlag, do réir na gceithre gciall atá ag an Sgrioptúir — mar atá ciall liteardha, ciall áirdeagnach, diamharchiall, agus fáthrún. Do réir na céad chéille, is é chialluigheas an chéad Aifrionn adeirthear i meadhon oidhche, an fiosrughadh dorinneadar na haingil ar na haodhaireadhaibh i meadhon oidhche. An dara hAifrionn, adeirthear ar maidin, cialluighidh an fiosrughadh dorighneadar na haodhaireadha ar Chríost maidin Laoi Nodlag 'san Bheitil. Cialluighidh an treas Aifrionn, adeirthear timcheall meadhoin an lae, an fiosrughadh dorighneadar pobal na Beitile ar Chríost timcheall meadhoin Laoi Nodlag.

Do réir na dara céille, cialluighidh an chéad Aifrionn mar do fóireadh corp gach fhíréin ó bhás síorruidhe. Cialluighidh, fós, an dara hAifrionn mar do saoradh le Críost anam gach fhíréin ó bhás síorruidhe. Cialluighidh an treas hAifrionn mar do osgail Críost dóirse an Fhlaithis Neamhdha i meadhon laoi Nodlag.

Do réir na treas chéille, is é chialluigheas an chéad Aifrionn adeirthear i meadhon oidhche, an chéad dlighe do órduigh Dia ar dtalmhain, mar atá dlighe na nádúra; óir, mar is i ndorchadas na hoidhche adeirthear an chéad Aifrionn, do budh dorcha, diamhar, doiléir, dlighe na nádúra i gcroidhthibh na ndaoineadh. Cialluighidh an dara hAifrionn, adeirthear ar maidin, an reacht sgriobhtha; óir, mar bhíos dorchadas na hoidhche agus soillse an lae ag dréim re chéile 'san maidin, is mar sin bhíos dorchadas dlighe na nádúire agus soillse an Reachta Soisgeulta ag dréim re chéile 'san reacht sgríobhtha — eadhon, i nDlighe Maoise. Cialluighidh an treas Aifrionn adeirthear i meádhon an laoi, soillse agus soiléire an Reachta Soisgeulta.

Do réir na ceathramhadh céille, is é chialluighid na trí hAifrinn úd adeirthear, na trí modha ar a mbeirthear Críost, mar atá go síorruidhe ó'n Athair, go spioradálta i n-inntinnibh na bhfíreun, go hinmheádhonach agus go foirimealach ó Mhuire Oigh.

Cialluighidh, fós, an chéad Aifrionn adeirthear i meádhon oidhche, geineamhain an Mhic go síorruidhe ó'n Athair, óir amhail bhíos an meádhon oidhche dorcha, mar sin is diamhair doloirgthe do geineadh an Mac ó'n Athair, amhail adeir Isaias 'san 53 caibidil, ag labhairt ar gheineamhain an Mhic ó'n Athair — “Cia inneósas (ar sé) A gheineamhuin súd?” — dá cur i gcéill  p.120 gur deacair lorgaireacht do dheunamh uirre. Is é chialluigheas an dara hAifrionn adeirthear ar maidin, mar geintear Críost go h-inmheadhonach i n-aigeantaibh na bhfíreun, amhail léightear ag Matha 'san gcéad caibidil — “An nidh (ar sé) rugadh uaithe (eadhon, ó aigneadh an fhíréin) is ó'n Spiorad Naomh é,” agus do bhrigh nach gabhthar ó'n Spiorad Naomh acht Mac Dé, is é Mac Dé ghabhthar i n-aigeantaibh na bhfíreun, agus tar cheann go mbí solus folaightheach ó ghrásaibh an Spioraid Naoimh i n-inntinn an fhíréin, ní dearbh leis féin an solus sin do bheith aige, amhail adeir Pól nach feas do dhuine cia dhíobh do dhíol grádha nó fuatha é féin, agus is uime sin adeirthear an t-Aifrionn, idir iomdhorchadas na h-oidhche agus soillse an laoi. Cialluighidh an treas Aifrionn an treas modh ar ar gineadh Críosd — eadhon, ó Mhuire, agus is uime sin adeir Críost 'san seachtmhadh caibidil ag Eóin (dá chur i gcéill gur follus do na daoinibh E Féin do bheith ar n-a bheith ó Mhuire) — “Atá M'aithne (ar sé) agaibh, agus atá a fhios agaibh cia ó dtánag.”

Tuig, a léightheóir, nach féadann an sagart tré aon adhbhar de na chúig adhbharaibh reamhráidhte, an dara hAifrionn do rádh in aon ló, dá raibh tar éis an fhiona churthar 'san gcailís (andiaigh na Fola do chaitheamh) d'ól. Gidheadh, dá dteagmhadh a bheag nó a mhór de bhruar nó de mhinbhriseadh na habhluinne coisreagtha d'fhanmhuin 'san gcailís nó ar an bpaitena nó ar an gcorporas nó i n-ionad eile andiaigh ibhthe an fhíona, no an uisge re a nglantar an chailís, dlighidh sé a chaitheamh, do bhrigh gurab ar céadlongadh thionsgantar an Sacraimint do chaitheamh, agus nach bí oifig an Aifrinn críochnuighthe an tan sin.

Adeir S. Augustín, 'san Eipistil chum Ianarius, briathra fá nab iontuigthe go bhfuil sé ina ghnáthughadh 'san Eagluis ó aimsir na n-Abstal i leith, Corp Chríost do bheith d'á chaitheamh ar céadlongadh — “Fa thoil leis an Spiorad Naomh (ar sé) agus d'ordiugheadar na hApstail é, agus atá dá choimeád ar feadh an domhain, gan bhiadh do chaitheamh roimh Chorp Chríost.”

Is ina fhioghair so atá an fhógradh thug Dia d'Aaron agus d'á chloinn, amhail léightear 'san deichmheadh caibidil in Lebhiticus, mar do thoirmeasg Dia orra gan fíon ná nídh ar bith eile do chuirfeadh ar meisge iad d'ól re hucht dulta isteach 'san tSanctóir dóibh.

Acht, cheana, dá mbeith sagart nó tuata ag nighe nó ag glanadh a bheoil re hucht na Sacraiminte do chaitheamh dhó, agus go rachadh braon de'n uisge re n-a anáil dá aimhdheoin, ní bhriseann an céadlongadh agus ní lughaide dhligheas an tSacraimint do cháitheamh go somholta é; agus, fós dá mbeith duine anbhfann easlán re broinn bháis, ní lughaide dlighthear an tSacraimint do thabhairt dó re a chaitheamh go mbiadh air dul ó chéadlongadh.

 p.121

Ní dlighthear, iomorro, Sacraimint Chuirp Chríost do thabhairt do leanbhaibh ag nach beith ciall, nó nach roichfeadh i n-aois deiscréideach, nó do lucht buile, nó baoithchéille, ná d'oinmhidibh, nó d'amadánaibh ar a mbiadh easbaidh céille folláine.

Ní dlighthear, fós, do shagart ná do thuata do chaithfeadh biadh ná deoch tar éis meadhoin oidhche, Comaoin do chaitheamh arna mhárach, dá mbeith go gcodladh iar gcaitheamh an bhídh nó na dighe dhó; gidheadh, dá mbeith gan biadh ná deoch do chaitheamh tar éis meadhoin oidhche, ní lúghaide fheudas Comaoin do chaitheamh, dá mbeith sé ina chodladh, ó do chaith sé biadh roimhe sin, má sagart nó tuata é.

Tuig, fós, dá dteagmhadh do dhuine roimh Chomaoin bruar nó iarmhar an bhidh do bheith ina fhiaclaibh do shlugadh go neamhthoil do féin, nach cuireann sin toirmeasg air gan an tSacraimint do chaitheamh go fiúntach.

Tuig, fós, nach dlighthear do thuata ar bith Comaoin do chaitheamh in aon ló acht aonuair amháin. Ní hionann agus an sagart, bhíos ina phearsain phuiblidhe, le a bhféadtar Aifrionn do rádh níosa mhionca ioná aon uair amháin, do réir an riachtanais, amhail adubhramar.

Dá bhfiafruigheadh duine ar bh'ionchaithmhe do'n Chríosdaighe Comaoin gach aon lá, mo fhreagradh air go bhfuil dá nídh 'san gCríosdaighe mar atá grádh agus eagla, agus dá raibh grádh an Chríosduighe ag méadughadh gach lá, feudaidh Comaoin do chaitheamh gach laoi; gidheadh, dá raibh eagla air chomh mór sin, ionnus nach measfadh é fein do bheith ionchuibhe do ghlachadh na Sacraiminte, feudaidh go somholta fanmhuin uaidh, agus is uime sin dobheir S. Augustín sompla uaidh ar Sacheus tug cuireadh do Chríost le rói-mhéid a ghrádha dhó, agus ar an Centurion do ghabh leithsgeul ris ar mhéid a eagla roimhe, mar a n-abair go rabhadar araon somholta leath ar leath trés na neithibh sin do dheunamh dhóibh.

Bíodh a fhios agat, a léightheóir, gurab i dteampallaibh nó in ionadaibh beannuighthe amháin dlighthear an tAifrionn do radh, acht muna raibh cead speisialta ag an sagart chum a ráidhte in ionadaibh eile neamhchoisreachta.

Tuig, fós, nach dlighthear éisteacht re hAifrionn an t-sagairt ar a mbeith coinnealbháthadh, nó insce na hEagluise; agus ní dlighthear fós, i bpéin pheacaidh mharbhthaigh, Aifrionn do rádh gan altóir ná gan solus gcoinnleadh; gidheadh, do réir Toletus, ní héigeantach an choinneall do bheith de chéir, i bpéin pheacaidh mharbhthaigh. Feudaidh, fos, an sagart, tré chúis dlisdionach Aifrionn do rádh sul a déaradh a thrátha.

 p.122

AG SO SIOS FUASGLADH

Ar na cásaibh teagmhaiseacha in a dteagmhann an sagart ria rádh an Aifrinn, agus creud is indeunta dhó re hucht gach cáis díobh.

An chéad chás, dá dteangmhadh anbhfainne nó bás do'n tsagart sul a dhéaradh na briathra coisreactha, ní rightear a leas an tAifrionn do chríochnughadh le sagart eile. Gidheadh, dá dteagmhadh ceachtar de na neithibh sin andiaigh na mbriathar coisreactha do rádh, feudaidh an sagart eile theagmhas do láthair, an tAifrionn do chríochnughadh. Gidheadh, ní abraim go bhfuil d'fhiachaibh ar an sagart beó, dá raibh gan a bheith ar chéadlongadh, an tAifrionn do chríochnughadh, agus, dá ndeárnadh é, atá sé somholta aige, acht muna raibh sagart eile ar chéadlongadh do láthair. Agus is uime sin adeirim gurab ceaduightheach do'n tsagart an tAifrionn do chríochnughadh dá mbeith gan a bheith ar chéadlongadh, do bhrigh go bhfuilid dá aithne 'san chás so nach féidir do chóimhlíonadh i n-aoinfheacht — mar atá aithne Dé fhógras an íodhbairt do bheith iomlán; agus aithne na h-Eaglaise, adeir bheith ar chéadlongadh ag deunamh na h-íodhbartha. Agus, 'san gcás so, is córa aithne Dé (adeir an íodhbairt d'iomlánughadh) do choiméad ioná aithne na hEagluise (adeir dul ar chéadlongadh). Gidheadh, dá teagmhaidh i gcás gan sagart eile do bheith do láthair, dlighthear Sacraimint an Chuirp agus na Fola do choiméad no go gcaithtear le sagart eile iad, nó dá mbeidis an fad sin i gcoiméad nó go ngabhadh an fíon truailleadh sul dothiocfadh sagart eile dá chaitheamh, dlighthear a dhortadh 'san choisreacán — eadhon, 'san “Sacraris.”

An dara cás, dá dteagmhadh do'n tsagart re linn Aifrinn do rádh go gcuimhneochadh ar pheacadh mharbhthach ar bith d'á ndeárna sé agus náchar chuir ina fhaoisdin, má's andiaigh na mbriathar coisreactha thiocfas sin chum a chuimhne, dlighidh dul ar a aghaidh go deireadh an Aifrinn, agus doilgheas do bheith air trés an bpeacadh sin, agus rún a fhaoisdine do bheith aige, agus dá ndeárnadh amhlaidh sin, ní dhéin peacadh nuadh, do bhrigh an Aifrinn do rádh; agus, fós, dá dteagmhadh an cás ceudna dhó sul adéaradh na briathra coisreactha, déanadh an nídh ceudna. Gidheadh, dá n-airigheadh an sagart é féin ar neimhchéadlongadh, nó bang, nó insce, nó coinnealbháthadh air roimh na mbriathar coisreactha do rádh, dlighidh an chuid eile do'n Aifrionn do leigeann de, acht muna raibh i nguais a chlú do chailleamhuin do thaoibh an neith sin.

An treas cás, an tan theagmhas nidh ar bith i bhfíon na cailíse do chuirfeadh toirmeasg fá n-a chaitheamh, ag so an nidh dlighthear do dheunamh; teagmhaidh so, iomorro, ar trí mhodhaibh. An chéad mhodh dhíobh, dá gcurthaoi  p.123 go neimhfheasach do'n tsagart nidh i bhFuil na Cailíse nach dlighfeadh do chaitheamh, agus go bhfaghadh sgeula sul do chaithfeadh an Fhuil, is é dleaghthear do dheunamh riú, a gcur 'san gcoisreacán — eadhon, an “Sacrario,” nó go ngeabhadh aicíde an fhíona truailleadh chuca, agus go dteilgthear ina dhiaigh sin é 'san ghuitéar dárab ainm “piscina”; agus dá dtuiteadh ainmhidhe neamheamhuil 'san gcailís, deuntar an nidh ceudna ris. Dá dtuiteadh, fos, ainmhidhe nach biadh neimheamhuil, agus do bhiadh déisteanach 'san gcailís, buaintear as an gcailís é, agus nightear é, agus ibheadh an sagart an nidh le'r nigheadh é, agus loisgthear an beathadhach, agus cuirthear an luaith i gcumhdach in ionad choisreactha. Gidheadh, má's beathadhach neimhdhéisteanach é, mar atá cuil nó coirrmhíoltóg, sluigeadh an sagart é, maraon ris an bhFuil; agus má's roimh an bhfíon do choisreacadh theagmhas aon nidh dhíobh so i gcás, doirtear an fíon as an gcailís, agus cuirthear fíon eile ina áit.

An ceathramhadh cás, dá smuaineadh an sagart rés na briathraibh coisreactha do rádh, nachar chuir uisge i bhfíon na cailíse, cuireadh ann é rés an gcoisreagadh. Gidheadh, má's andiaigh na mbriathar gcoisreactha chuimhneóchas gan an uisge do chur ann, ná cuireadh ann é ar chor ar bith; do bhrigh nach de shubstaint na Sacraiminte an t-uisge. Gidheadh, dá dteagmhadh do'n t-sagart gan an fhíon do chur 'san gcailís go caitheamh na habhluinne dhó, dlighidh an fíon do chur 'san gcailís, agus na briathra coisreactha do rádh ós a chionn, agus a chaitheamh mar sin, ar an adhbhar gurab éigean an íodhbairt do bheith iomlán, agus nach féidir a bheith iomlán gan an Corp do chaitheamh fá ghnéithibh aráin agus fíona.

An cúigheadh cás, dá dteagmhadh go miorbhuileach de chomhachtaibh Dé an abhlann nó an fíon d'iompódh i gcruth Feóla nó Fola, is follus nach fuil d'fhiachaibh ar an sagart a gcaitheamh 'san chruth sin, acht a gcur i gcoiméad 'san gcoisreacán. Gidheadh, ní bhfuil d'fhiachaibh ar an sagart athchoisreacadh do dheunamh do bhrigh go saorann an miorbhuil ó'n gceangal sin é.

An seiseadh cás, dá dteagmhadh le seachmall nó de mhainneachtna an tsagairt braon de'n Fhuil do dhortadh ar chlár, feudaidh an clár do líghe agus a sgrios re sgin ina dhiaigh sin; agus dá dtuiteadh ar talmhain loisgthear an úir, agus cuirthear an luaith in ionad choisreactha agus deunadh an sagart aithrighe ar feadh dá fhithchid lá. Gidheadh, dá dtuiteadh ar an altóir, sughadh an sagart le n-a bheul é, agus deunadh aithrighe ar feadh trí lá; agus dá dtuitfeadh ar an mbrat uachtarach, agus go rachadh gus an dara brat sughadh as é, agus deunadh aithrighe cheithre lá, agus má théid gus an treas bhrat, deunadh an nídh céadna agus aithrighe naoi lá. Gidheadh, ní bhfuil an aithrighe so ar gnáthughadh anois, má tá go ndéin an sagart peacadh nuadh ró-throm ann; agus is é orduighthear anois, an chuid de'n líonbhrat le a mbeanann an Fhuil do losgadh, agus an luaith do  p.124 chur i gcoiméad. Dá teagmhadh urrshlugadh do dhruim chraois nó eugcumais do dhuine ar bith andiaigh na Sacraiminte do chaitheamh dhó, má do bhí i nguais urlaighthe do theagmháil dó rés an tSacraimint do chaitheamh, nó gur bh'eagal leis a theagmháil dó ina dhiaigh, doghnídh peacadh ró-throm ann, agus is é dlighthear do dheunamh ris an urrshlagadh, a chur i gcoimeád 'san gcoisreacán.

An seachtmhadh cás, dá dtuiteadh an tSacraimint 'san gcailís sul bristear í, ionnus nach bheith aon chuid dí gan bheith fliuch, dlighidh an sagart dul ar a aghaidh 'san Aifrionn, gan aithfhriotal aon nidh dhá ndubhairt roimhe, do bhrigh nach de shubstaint na híodhbartha an briseadh. Gidheadh dá n-anadh aon chuid de'n abhlainn gan fliuchadh dlighidh an roinn ghnáthach de dheunamh uirthe.

An t-ochtmhadh cás, dá dteagmhadh do'n tsagart aonfhocal do thabhairt i ndearmad ionnus nachar dheaghchuimhin leis go ndubhairt é, ní righthear a leas aithfhriotal do dheunamh air, acht dul ar a aghaidh, acht munab focal de na briathraibh coisreactha é. Gidheadh dá raibh i gcontabhart aon fhocail díobh sin, dlighidh a aithfhriotal, ar coinghioll muna ndubhairt roimhe sin iad.

An naomhadh cás, dá dteagmhadh do'n tsagart go mbeith an teach ag tuitim ar ria rádh an Aifrinn dó, nó go mbeith a namhaid ar tí thoigheacht d'á mharbhadh, agus gur roimh na briathraibh coisreactha do theagmhadh sin dó, feudaidh dul ar teitheamh, agus an chuid eile do'n Aifrionn do leigeann de; nó má's andiaigh na mbriathar coisreactha theagmhas aon ghábhadh díobh sin dó, feudaidh an tSacraimint do chaitheamh do láthair, nó a bhreith leis mar aon ris an gcorporás. Gidheadh, dá mbeith aon duine ar tí a mharbhtha, mar tháir nó mar tharchuisne ar an gCreideamh, acht muna leigeadh dhó an t-Aifrionn do chriochnughadh, dlighidh sé bás d'fhulaing níos taosga ioná do leigfeadh dhé an t-Aifrionn do chríochnughadh, dá mbeith gur roimh na briathraibh coisreactha theagmhadh an ghuais sin dó, agus is é Toletus chuireas na cáis so síos go soiche so.

Ag so Cáis Eile Theagmhas do'n tSagart.

Bíodh a fhios agat, a léightheóir, gurab de phlúr cruithneachta agus d'uisge nádúrtha dlighthear an abhlann do dheunamh d'á ndeuntar Corp Chríost; agus gurab d'fhíon dogheibhthear i bhfíneamhuin dlighthear Fuil Chríost do dheunamh, agus go ndlighthear uisge nádúrtha do chur 'san bhfíon, re linn bheith 'san gcailís dó, roimh na briathraibh coisreactha do radh, agus a chur ann i gcaindigheacht is ró lugha ioná an fíon, dlighidh na neithe so bheith gan truailleadh. Is éigean fós a bheith d'aigneadh ag an sagart  p.125 a mbeannughadh go speisialta, agus is uime sin, dá mbeith busga na habhluinneadha nó cuirbhéad an fhíona ar an altóir, nach ghabhaid na habhlanna ná an fion bhíos ionnta coisreacadh chuca, do bhrigh nach bí d'aigneadh ná d'inntinn ag an sagart a choisreacadh do'n chor sin.

Dá dteagmhadh i gcás go bhfuadóchadh an ghaoth an abhlann choisreactha ó'n tsagart, má dogheibh airís í, cuireadh ar an altóir í, agus caitheadh í amhail mar is gnáth; nó, dá dteagmhadh nachar bhféidir a fághail, gabhadh abhlann eile chuige agus tionnsgnadh na briathra coisreactha do rádh, agus abradh roimhe an tAifrionn do réir ghnáthuighthe na h-Eaglaise.

Dá dteagmhadh uisge 'san gcailís i riocht an fhíona, agus gan an sagart dá mhothughadh nó go n-íbheadh é, dlighidh fíon arís do chur innte, agus na briathra coisreactha do rádh ó's a chionn, agus a chaitheamh mar sin, tar cheann go mbriseann an ceudlongadh, do réir an reasúin tugamar thuas 'san gcéad chás.

Dá dteagmhadh do'n tsagart iomad abhlann do chur ar an gcorporás le haghaidh an phobail do riar, agus gurab é fa rún dó a gcoisreacadh uile maraon ris an abhlainn is mian leis féin do chaitheamh, bíd arna gcoisreacadh maraon ris an abhlainn gceudna, tar cheann nach cuimhneóchadh an sagart orra re linn na mbriathair coisreactha do rádh dhó.

Is follus nách féidir do'n tsagart Aifrionn do rádh ina aonar, acht munab angcaire nó dithreabhach é, agus ní ceadaightheach do mhnaoi ar bith Aifrionn do fhriothólamh. Dá ndeachaidh an cléireach re gnóithibh nó re toisg éigeantaigh i n-am an Aifrinn do rádh, dlighidh an sagart an chuid eile de'n Aifrionn do fhriothólamh dhó féin, dá raibh an cléireach gan filleadh chuige i dtráth chóir.

Dlighidh an iomaltóir bheith do chloch, agus a bheith d'fhaid agus de leithead inte go dtuillfeadh bonn na cailíse agus an abhlann uirre.

Dá mbeith an sagart gan amharc, ionnus nach feudfadh nídh do léigheadh, nó comh balbh sin, i gcruth nach feudfadh na briathra do chantainn; nó dá mbeith i n-easbuidh na méar le a dtadhallann an tSacraimint; nó comh bacach, agus sin i gcruth nach feudfadh seasamh ná sleachtan do dheunamh gan maide do bheith ina láimh; nó dá mbeith ar buile, nó i ngalar na sligheadh, i gcruth go gcuirfeadh cubhar tar a bheul, nó iachtach shiabhartha as, re linn bheith 'san teidhm sin dó, ní dlighthear dó Aifrionn do rádh.

Is leór a ndubhrmar ar na cásaibh teagmhaiseacha in a mbí conntabhart ag na sagartaibh re linn an Aifrinn do rádh; agus gach cás eile bheanas ris an nídh ceudna feudtar a léigheadh ag Nauar, nó ag na hughdaraibh eile thráchtas ar na cásaibh coguais.

Finis.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Eochair-Sgiath an Aifrinn

Title (translation, English Translation): An Explanatory Defence of the Mass

Author: Geoffrey Keating

Editor: Patrick O'Brien

Responsibility statement

Electronic edition (based on a file donated by Foclóir na Nua-Ghaeilge) compiled by: Beatrix Färber

Funded by: School of History, University College, Cork

Edition statement

1. First draft.

Extent: 75185 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland.—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2017

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G100056

Availability: Available under a Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa).

Notes statement

This text was first published in electronic form on http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx. CELT is grateful for permission to use it under a Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike. You can purchase the book containing this text via the DIAS bookshop website (https://books.dias.ie/index.php).

Source description

Manuscript sources

  1. Dublin, Trinity College, MS 1353 (H 4. 12), 18th century.
  2. Dublin, Trinity College, MS 1325 pp. 64–257.
  3. Trinity College Library, H 3 6, written by Stephen Ryce, c. 1711, according to O'Brien.
  4. Maynooth: St. Patricks College Library, Ms. B. 7, written by Philip Ó Ciarbhalláin, 1675. Digital Images are available on the ISOS website (https://www.isos.dias.ie).
  5. Dublin, National Library, G 49. 17th century; paper. Scribe: Seaán mhac Torna uí Mhaoilchonaire, 8 August to 11 September 1657, in Muigh an Ratha for Domhnall mhac Uaithne uí Chearbhaill.

Edition

  • Patrick O'Brien, Eochair-Sgiath an Aifrinn [...] An Explanatory Defence of the Mass [...] Dublin 1898. The volume is available in PDF format on www.archive.org.

Literature

  1. Pádraig Ó Fiannachta, 'Seán mhac Torna Í Mhaoilchonaire agus Eochair-sgiath an Aifrinn', Éigse 10:3 (1961–1963): 198–207.
  2. Tadhg Ó Dúshláine, 'Dr. Geoffrey Keating on transubstantiation', In: Treasures of Irish Christianity (2012), 29–131.

The edition used in the digital edition

O’Brien, Patrick, ed. (1898). Eochair-Sgiath an Aifrinn‍. 1st ed. One volume. Dublin: Patrick O’Brien.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@book{G100056,
  title 	 = {Eochair-Sgiath an Aifrinn},
  editor 	 = {Patrick O'Brien},
  edition 	 = {1},
  note 	 = {One volume},
  publisher 	 = {Patrick O'Brien },
  address 	 = {Dublin },
  date 	 = {1898}
}

 G100056.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

The present text represents pages 1–125 of the volume. All additional materials compiled by the editor are omitted. No English translation is provided in the volume.

Editorial declarations

Correction: Volume 1 has been proofread at Foclóir na Nua-Ghaeilge, and further checking has taken place at CELT. Any further corrections of errors are welcome and will be credited to the scholars who submit them.

Normalization: The electronic text represents the edited text with corresponding line numbering created at Foclóir na Nua-Ghaeilge. This has been left intact, although it does not always correspond to the linebreaks in the printed edition.

Quotation: Quotation marks are tagged q.

Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break or line-break, the break is marked after completion of the hyphenated word (and accompanying punctuation mark).

Segmentation: DIV0=the whole work; div1=the chapter; paragraphs are marked. Page-breaks are marked pb n="".

Standard values: Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.

Interpretation: A small selection of personal names and titles of works have been tagged. A more complete encoding is envisaged in a future edition.

Reference declaration

A canonical reference to a location in this text should be made using “Chapter”, eg Chapter 1.

Profile description

Creation: 1615? This date is suggested by O'Brien.

Date: 1615

Language usage

  • The text is in Early Modern Irish. (ga)
  • Some quotations, terms and phrases are in Latin. (la)
  • A few terms are in English. (en)
  • One word is in Greek. (gr)

Keywords: Catholic religion; prose; Ireland; Catholic theology; Mass; 17c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2017-06-06: File parsed and validated; TEI header created. SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2017-05: Text encoded in accordance with CELT standards: renumbering of lines acording to printed edition, encoding and numbering of divisions, subdivisions and headings. Encoding of passages of verse as embedded texts; insertion of Latin text where necessary, limited amount of content encoding applied for personal names and book titles; correction of some typos in the Latin passages. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2017-03: Text with basic XML encoding and integrated addenda and corrigenda donated. (ed. Foclóir na Nua-Ghaeilge, Royal Irish Academy, Dublin)

Index to all documents

Standardisation of values

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G100056.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top