CELT document G100062

Caithréim Thoirdhealbhaigh

Sean Mac Ruaidhrí Mac Craith

Edited by Standish Hayes O'Grady

Caithréim Thoirdhealbhaigh

In Caithréim

 p.1

Ag so do'n phrímleabhar seanchasa dá ngairmid eolaigh Caithréim Toirdealbaigh: ina nochtar gach níomh tásgamail dá dtarrla a dTuadhmumain nó san Mumain budh tuaidh ar feadh tuille agus dá chéad bliadhan, nó ó ghabadar Goill beag nach urlamhas Eireann go bás an Chláraigh. arna chéidsgríobhadh le Seaán mac Ruaidhrí Mhic Chraith .i. prímseanchaide saoirshleachta Chais san mbliadhain d'aois Chríosd .1459. amhail is follas sin .19. leathanach do'n phrímleabar chianaosda chéadna atá re a fhaigsin aniu; agus arna nuaidhsgríobadh anois .1721. le hAindrias Mac Cruitín chum úsáide Thaidhg mhic Mhathgamma .m. Dhonnchaidh .m. Thaidg óig .m. Thaidg .m. Dhonnchaid .m. Ruaidhrí .m. Mhathgamma .m. Sheaáin .m. Dhomnaill bhallaigh .m. Mhathgamna dhoill .m. Mhicchon .m. Chonmeadha .m. Mhicchon .m. Lochlainn .m. Chonmeadha mhóir [.m. Néill .m. Chonmara .m. Dhomnaill .m. Chonmara a quo an slonnadh .m. Dhomnaill .m. Mhenman .m. Aedha .m. Enna .m. Aisedha .m. Shíoda .m. Bhuide .m. Mhaoilchluiche .m. Chuiléin a quo clann Chuiléin .m. Urthaile .m. Dhonnghaile .m. Eoghain .m. Athlainn .m. Fherghaile .m. Charthainn .m. Chaisín .m. Chais a quo dál gCais .m. Chonaill eachluaith .m. Lughadha mhinn .m. Aonghusa thírigh .m. Mhogha chuirb .m. Chormaic chais .m. Oilella óluim] ó na Ranna[ibh].

Ar dtecht d'urlamas Eirenn i seilb ghall isin mbliadain d'áis Chríst. 1172. [míle agus céd agus dá bliadain dég ar trí fichit] agus ar scarad cáimríge re gach cloinn d'fuil Míledh espáine, do gab Donnchad crannruad cathlínmar cairbrech tar éis a athar [.i. Domnall mór] flaithes fairsing forlethan agus cennas clúoirrderc cosantach ós tírthaib taithnemacha taobáilne Tuadmuman; agus fa hé imláine na ríge sm .i. ó léim chiantestach Chonculainn go háth na boraime, agus ó imlib brugaobda  p.2 Birra go cnoc Aine chliach, agus ó eoganacht chlármín Chaisil go tuaiscert na Bóirne bánchlochaige. dorigne foirgnemh agus flaithisdad circallda nó comchruinn comnaide i gcertmedón a oirecht agus a uasaltuath do'n táib tuaid do'n tsruth re hucht innse in laoigh [áit] re [a] ráiter cluain rígda riascaibnech rámfada in tan so; agus do gab ag caithem a mháine agus a mhórmaithis go céillide ||cunnail certbrethach, ag fognam do Dia agus do na dáinib maille re tógbáil imad tempoll agus mainistrech agus re dénam imad maithesa eile ar chena re reimhes a righintigernais. fa hé cédduine d'ar gairmedh O Briain é iar scaradh do na garmaib rígda ris fa gnáth agus fa dlecht dá shinnseraib riam roime; go bfuair bás ar mbeith ocht mbliadna dég ar fichit isin gcianflaithes sin isin mbliadain d'áis Chríst [míle agus dá chéd agus bliadain ar dá fichit]. 1241.

Cid tra acht ar ndul do Donnchad go sogh aingel co mbuaid ongtha agus aithrige, do chomtinóil cennadhart gacha ceneoil agus prímchodnach gacha pobail agus trénoirecht gacha tuaithe i nuirtimchell Chonchobair go magh nAdhair dá óirdned ina áirdríg i ninadh a degathar; is é in saorbile sluaglínmar Sída do ghairm ar dtús é agus do faomatar na flaithe eile ina diaid é. fa mór sén agus solamh in ardflatha sin: óir do bí síth agus sáime agus socharthainne rena linn; do bátar fínfleda fairsinge forbfáil techa agus tabarthais troma tiugtidlaictecha agus oinech árd agus flaithmedair ina reimes ar fedh a tuath agus a trénríge; agus do bí gach flaith ina chertdúthcus agus gach trombrugaid ina áit bunaid rena linn, innus gur línatar do gach leith do rath diada agus do sonas saogalta. óir dá gcosnadais gáidil Eirenn a natharda dilse re gallaib amail dorigne in tárdflaith so ní beith cuid aidbsigte ag na Gailldeoradaib ar inis Eirenn, do bhí fá'n am so tré imad uabair agus anntoile ag fás agus ag fiuchad innta ag imirt anflaithis agus égcóra broide agus buanairgne ar Gáidelaib, ag buain a bfola agus a bferann díob go foiréignech in gach áit dá dtigedh leo. agus mar tucatar gáidil sin dá naire, do togratar iat féin do réidechad ó'n anflaithes ainiochtach sin na ngall maille re haonáirdríg do toghad ós a gcionn dá ngéillfitis uile; innus go dticfadh leo Eire do chosnam dóib féin do'n dula sin amail fa dual || dóib. uime sin do chinnetar comairle im choinne do dénam re chéile ar bruach na hEirne oirerdoimne oilénaige, áit i gcomtinóltais uaisle agus árdurrada gáidel Eirenn.

 p.3

[A.D. 1252] Dála Taidg táibgil chaoluisge degmeic chian-testaig Chonchobair í cháimBriain: triallas maraon re hurmór uaisledh leithe Moga agus Chonnacht d'innsaigid na dála sin, agus tigit uaisle Ulad uile im O Néill ina gcoinne ann.

Ba nós imorro i nallód, gidbé rí triucha céd nó cúigid do glacfadh tabarthas nó tuarastal árdflaithe eile, go ngabadh maraon risin tuarastal sin umla agus óglachas air féin maille re beith umal do mar chodnach agus im díol císa agus cána ris; agus ré suide isin chomdáil do na huaislib sin, do chuir O Briain céd ech tar in sruth fó thuaid i nainm tuarastail dochum í Néill. Otchonnairc O Néill sin, ro órdaig co bfeirg fuirechair tar in sruth gcédna tar ais dá chéd ech cona sriantaib bláthórda ciumaisghléigela, do shaláthair sé i gcomair na dála sin dochum a mbronnta d'feraib Eirenn do'n dul sin, tré méid a chirt agus a chumais ar Eirinn do chosnam tar aon eile do Gháidelaib; agus fós gur aontaigetar fir Ulad uile é riasin tráth sin.

Ar bfaicsin na nech sin cona sriantaib d'uasalTadg chuires na heich cédna cona bfuirinn laochraide tar a nais d'fostadh in tuarastail d'ais nó d'éigen; agus in tan do tuig O Néill uaill agus ardmenma í Briain, triallas dá tig fá diomda. agus táinic do'n esaonta sin gur scáiletar fir Eirenn as in dáil sin gan árdchodnach do toghad ná d'óirdned orro féin, ná fós cinned ar chomairle im Eirinn do chosnam re gallaib; acht amáin go gcomtinóldais doridise i gcionn athaid ma diaid sin im in gcúis cédna. gided tángatar a nurmór d'énméin ar || árdtigernas do gabáil orro féin d'uasalTadg tré méid a thoirbert agus a trom tidlaicedh ó'n spirait náim; óir do bí persa álainn oscarda, nert adbal cuirp, cródacht agus calmacht intinne agus fós fios agus fírdénam flaithe ann, innus go ndechaid a chlú agus a oirdercas tar ógdamnaib Eirenn uile. do bátar dá bithin sin ag súil agus ag sírfeichem ris agus dob é a nénspréidh choigil agus a ndíon dóchais fíre é

Maith tra in taonrogha tucatar: óir ní raibe lá ná uair ó táinic ann nert airm ghaiscid do lámad, acht ag scrúdad agus ag sírfeichem re anbroid na nGáidel d'fuasclad; agus nocha raibe ainmint ná dúil fó neimh as mó dá dtuc fuath agus fírmiscais iná mac goill, agus nochar fulaing sé oired cnúboithe bochtáin do'n chine d'áitrebad ar fedh a réimríge rena linn. bíodh a fiadnaise sin ar a ghnímraib im Luimnech.1250. áit i dtuc  p.4 tromár trénadbal cniocht agus cennurradh orro, agus ar gach ruaig eile ina raibe a roinn riu. gidedh fa toil leisin áirdríg uilechomachtach tré aidbsige cenn na nGáidel, in dos dína deg-duillech agus in fínemain finnálainn fíre do gerrad sul táinic i naipchecht tromtoraid; amail tuigter as na rannaibsi do benad as in duain dorigne degollam dáil Chais tar éis báis na flaithe, agus do chuires ann so síos in méid d'fédas do léghad di tré doléire in tsenlebair:—

Ar ndul do Tadg do chuaid Eire. truag siansa a síréigme ; dá naosadh in segain slán. ní beith Eire ar siadhán Ua Donnchaid re ar chóir súil . dolaid a chur i gcomhúir ; 's nach guin énfir a ég sech . acht béd éignigte ar bisech Ní fuil tráth tar éise Taidg . acht mirbal crád is cianmairg ; testaig ré ndul i naipche . nír tairthig tes tromtairthe Os tré chenaib in popuil . táinic díth in trommoguil ar bfaghbáil fírdíola dil . ingnad fírfíoch in dúilim||

[A.D. 1267] Dála Chonchobair í Briain: do líon dogra agus drochmenma é tar éis báis a degmeic, óir dob é a chiall a chuimne agus a chroidelennán é; agus tuc táire agus tarcaisne sin tsaogal agus ní bfuigthi ól ná áibnes ná urgairdiugad menman uaid. cid tra acht tarrla dá bithin sin do chuid dá degoirechtaib, tré méid a máine agus a mórmaithesa ar mbeith gan chreich gan chianargain re haimsir imchéin roime sin, dul i nanumla ar Chonchobar maille re gan a chíos rígda ná a dhualgas dligtech do chur chuige. tinólas imorro Conchobar mórsochraite cloinne Chuiléin im Sída mac Néill agus cenél nduasbog ndergruathrach nDúngaile im Ainéislis O nGráda, agus triallait féin agus Brian rígbeoda ruatharborb roisclethan mac Conchobair tar in Sinainn sruthdomain soir go triucha céd ua mBloid; agus do léigetar fá na críchaib sin dá lomargain a sceimelta do gach leith, gur luathcrechad leo a raibe ó Birra go cnoc uráibinn Aine, agus ó eoganacht Chaisil go cill Dalua Flannáin. tucatar a mbraigde agus a mórchonách leo go cluain rígfoirgnemaig rámfada, óir is ann d'áitig in cáimrí Conchobar, agus is é cédduine dorigne longport comnaide criad isin inad sin é. agus sin am cédna, ria techt do na mórsluagaib sin tar a nais, triallas féin cona mórteglach agus cona móramsaib, maraon re cenél feramail flaithcosantach Fermaic im Donnchad O ndegDegaid agus im O nAichir échtoir-derc con a tromoirecht, gusin triucha uachtarach dá cennsugad;  p.5 agus ar ndul ar agaid Dubghlenna fo tuaid dóib, do fágbatar in tír ina dlúim donnruad derglasrach agus ina smúiténaib smól chorcra tromdetaig dá néis. agus ar ndul do bél in chlogaid siar láim re fairrge fo tuaid dóib, tig Conchobar carrach O Lochlainn cona ranntaib agus cona mórsochraitib ina nagaid; gur ferad coimescar naimdide nemchartanach etorro, áit ar marbad Con chobar maraon re himad dá muinntir: gníom dá dtáinic imad dochair agus diandíthe do' n dúthaig, mar bus follas sin trácht so inár || ndiaid. áis in tigerna in tau sin.1265. [míle agus dá chéd agus cúig bliadna ar trí fichit]; do hadlacad i mainistir oirthir Bóirne go huasal onórach é ag na manchaib, agus do tógbatar a lia ós a luige ar mbeith ceithre finnbliadna flaithlínmara fichet i nárdflaithes, amail nochtar isin rann so ina luaiter fad a ríge ós na tuathaib agus méid a dítha dá éis:—

A haon dég a secht a sé . fuair Conchobar do chianré ; do dorchaig már ngné ar a goin . tráth torchair sé ar in Siudoin

Dála Briain rosclethain ruaid meic chatharmaig Chonchobair: do chuir tinól iar sin ar uaislib na dtromairecht do gach leith go magh nAdair dá óirdned féin ós na tuathaib i ninad a degathar; agus ar dtecht go haonláthair dóib tuc Sída soilbir súlchorr a ghairm rígda ós árd, agus ní raibe énnech do na flathaib ag techt ina agaid.

[A.D. 1276] Cid tra acht ro chaith Brian urmór nái mbliadan mbláthtoirtech dá éis sin ós trebaib Tuadmuman; gur choméirgetar dá chlainn Chuiléin im Sída mac Néill tré báid bráithresa re Toirdelbach mac tresinnsaigtech tromchonáich Taidg sáirghil Chaoluisge, agus cenél nuasal narmneimnech bFermaic óir is acu do hoiled agus do bésmúined Toirdelbach. triallait go rechtaigentach rutharborb réimdígainn tromsluag tairptech go cluain réidfairsing rámfada mar a raibe O Briain in tan sin; agus ar bfaigsin na dtromsluag sin do Brian ag techt do gach leith ina ndrongaib diana dofrestail agus gan chosnam aige air féin, triallas ina chéimruathar cona macaib agus cona mórteglachaib tar in Sinainn soir go soinndírech go ráinic i dtriucha céd ua mBloid. agus ar ndul ann sin dó chuires cruinniugad ar airechtaib na tíre sin, agus ar dtecht go háit aonbaile dóib is ed do comairliged acu .i. iat féin dá ndianollmugad féin re cédghairm in áirdríg; é féin agus a mac Donnchad do dul gan fuirech go Tomás mac iarla  p.6 in Chláir do Saxaib do bí ina chomnaide in tráth sin i gCorcaig, agus do gab || re [a] ais cennas do dénam ar a rabatar do glasghallaib isin Mumain in tan sin; do bríg gur chedaig in tres Enrí do rígaib na Saxan dó techt i nEirinn do dénam gidbé gabáltais do ticfadh leis ar Gáidelaib. ar rochtain do'n áirdríg gusin gClárach, do snadmatar cumann agus connrad re chéile maille re a bfuil d'ferann ó Luimnech gusin áth solas do léigen do'n Chlárach agus dá oigredaib tré techt do chongnam ris i nagaid a nesgcarad.

[A.D. 1277] Dála in Chláraig: chuires tinól ós ísel go deithbirech ar gallaib Muman as gach áird ina rabatar, agus do hórdaiged acu techt lá cinnte go léirtinóilte go Luimnech i ndáil Briain, mar a mbeitis fir Chuanach agus ua mBloid maraon ris. do obatar Uaithne techt isin dáil sin óir nír maith leo techt d'aithrígad Toirdelbaig; tángatar ann clann Gherailt chaithéchtach agus gasrad ghuaisbertach in Buitiléir. triallait in tromsluag sin itir gháidel agus ghall do toisc aonoidche tar dóirsib Luimnig alé, agus ní dernad fos ná comnaide leo go rángatar faitce féruaine cluana rámfada sul d'éirig in ghrian ghnúistsolas, i ndóig go bfuigebtais Toirdelbach rena míchórugad; agus do deoin dia do'n triathmacaom beith in tráth sin i mBaiscnib, ag faghbáil dilse agus tairise ó Tadg buide agus ó Ruaidrí dá chennadhartaib na gcríoch sin.

O nach fuair Brian fer a toirmisc agus in baile fás folam ar a chionn, suides féin ann go himsnímach etarbuasach agus tinólait a rannta agus a lucht cumainn chuige do gach leith ina timchell: táinic tra Mathgamain O Briain [ .i. mac Briain mic Domnaill chonnachtaig] cona macaib agus cona mórcheiternaib; tigit fós cenél nDúngaile agus úi Chormaic lena mbraigdib do chaomnad a gcrech agus a gcaomchonáich. léigter sceimelta sárnertmara sruthluatha agus dronga diana doedranda dianfoglacha leo fá chenélaib Cualachta agus Fermaic, gur crechad agus gur com loscad uile iat trí uaire i nénmís ar locad dá nuaislib techt i gcenn Briain.

Dála Briain: triallas gan anad cona tromsluag gháidel agus ghall go Cuinnche d'argain agus do lomloscad ua gCaisín acht muna dtigtis le braigdib rómóra chuige, agus chuires techta go Sída imon dáil sin.

Imthúsa chlainne || Chuiléin: ar dtecht go haonláthair dóib is  p.7 ed do comairliged acu itir uasal agus árdbrugaid, iat féin cona ninnilib go léirtinóilte do dul dá ndítin féin ar in tromsluag [sin] Briain fá dlúthcoilltib ardduillecha uráibne Echtge, agus gan géill ná braigde do tabairt uatha. arna chlos sin do Brian agus dá borbfedain, triallait ina dtóraigecht agus do léigetar aonlaom ruadlasrach tar in lebairthír i gcoitchinne, agus do mesatar na coilénaig do tafonn as in gcúiged uile; gidedh ní dechaid achtmad begán díob ina ndlúithlenmain gan techt fó méla tar a nais.

Dála in Chláraig: dorigne caislén cumdaig caisiltiugh agus daingen dínta dítoghailte agus foirgnema fairsinge finnaolta i mbun réidoirerach Raite, agus do áitig féin ann maraon risin méid do na glasghallaibsi ráinic leis d'fastód ar chuma ná ar chennach ina farrad; gidedh fa héigen dá nuaislib uile triall dá dtírib féin. agus ar ndíbirt na senfhóirne do bí i bfonn Tradraige, tuc in grodChlárach do ghlasghallaib agus do diancheiternaib gáidel re háitiugad in roinn sin do'n tír uile; gidedh nír ba oigrecht gan iarsma agus nír ba gabáltas gan tromchíos dóib in fonn sin: óir ar scáiled d'imarcraid sluaig Briain tillit na triathcoilénaig tar a nais ó oireraib uráibne na hEchtge, agus gabait ag imruagad agus ag gnáthcrechargain in Chláraig cona mórairecht gan osad lái ná oidche, gur ba héigen do'n Chlárach agus dá muinntir cladh bunlethan bennárd do tógbáil ó'n sruth gusin muir dá gcaomnad féin ar fornert na nuasalchuilénach; agus nír ba tarba dóib go minic in cladhsin, óir do lingthi tairis dá sírargain.

Imthúsa Toirdelbaig meic Taidg [chaoluisce] í Briain: ar bfaghbáil na dtromscél sin .i. techt Briain agus na dtromdhanar sin dá dúthaig, ní ar tlás ná ar time do chuaid na grodscéla sin dó; acht do chruaid a chroide, do médaig a menma, do guidh in Trínóit trépersanach go dúthrachtach im degchomairle do múnad dó, agus dorigne féin agus uaisle na tíre tiar luathcomairle fá'n móréigen sin. agus gidbé eile ar ar chinnetar, nír faomsat clann Mathgamna coméirge i gcath || le Toirdelbach do'n dula sin d'egla Briain agus in Chláraig; gidedh do chuiretar in dias degmac: mar atá Donnchad dlúithinnsaigtech diantestach mac Ruaidrí réidaigentaig, agus Brian bruthbrígmar buantidlaictech mac tre sollam Taidg, agus Cúeba coscardlúith cruthniamda Mág Gormáin, maraon re begán do roignib rígmacám re héidedh cuirp in áirdríg; agus ba hé in Cúebha sin a chianchomla dlúthdorais i nam chodalta agus a sciath dína i láthair chatha go bfuair bás. triallas  p.8 maraon re huathad dá fírcháirdib mar sin fó thuaid go réimdírech, gur gab osad na haonoidche sin i dTromráith i dtig Domnaill meic Taidg álainn; agus chuires Domnall a dhias deghmac: mar atá Mathgamain agus Domnall óg ildelbach i gcoimdecht in áirdríg, go ndechatar sin oidche d'ár gcionn d'fios Domnaill buanoinig manntaig .i. í Chonchobair chorcamoruaid, mar a bfuair fáilte agus fírcharadrad agus mar ar snadmatar a mbuanchumann agus a gcáirdes re chéile.

Cid tra acht ní derna in táirdrí Toirdelbach achtmad begán comnaide go ráinic a chúil dína agus a log lesaigte re linn a lomothrais .i. i mesc saorchlainne sluaglínmaire Chaisín, áit i raibe seal ar a buanchaomnad. triallas i gConnachtaib ina diaid sin d'fios Uilliam Búrc agus Taidg í Chellaig, mar a bfuair onóir agus oirbidin; go dtuc leis i dtús in fogmair ba nesa rúta ruatharborb in rígbúrcaig agus gasrada mermenmnacha mainech im Tadg cos cairghlecach O Cellaig, agus síol nágmar nárdaigentach nAnmchada im Maolsechlainn O Madadháin. do bátar clann choscargnáthach chlechtinnsaigtech Cuiléin agus cenél nuasal bferchonta bFermaic ollam ar a gcionn, gur hinnrad agus gur luathloisced leo cenél ndlúithdígainn nDúngaile go deithbirech.

Dála í Briain agus in borbChláraig: fuaratar deimin na tromdáime sin do beith dá ninnsaigid, agus comtinólait do gach leith itir chniocht agus chathbarún agus uasalgháidel. triallait i gcoinne a nesgcarad go tromtairptech tóchestalach go magh nglémaisech nGresan, áit ar chumascatar na catha ar a chéile; gur ferad gleo neimnech nemchoigeltach etorro. do bí [do] dhúire agus [do] dhlúithdeithbir || in dá tromfedan sin dochum na himresna nár anatar le dlechtórdugad catha do chur orro féin, acht gach aon itir uasal agus deglaoch ag dochtdinged dochum tosaig in imbuailte, innus gur tuit imad dá ndegferaib re hedh nathgairit; gur sraonad in cath fá deoid ar Brian cona mórmacaib agus cona ranntaib, agus gur marbad imad dá míledaib. go háirithe tucad tromár doáirme ar glasghallaib in Chláraig, innus gur tuitetar forgla a dtrénfer im Pátraic Mág Muiris .i. mac agus oigre Még Muiris chiarraide, agus ba derbráthair do mnái in Chláraig in degdamna sin, agus ba héigen do'n méid nár marbad do sluag í Briain imtecht ina maidm míchoscair go bun Raite.

Dála in Chláraig: ar bfaigsin na finntíre do gach leith fó aonlasair agus ina conair chrech agus chuart, agus ar bfaghbáil  p.9 deimin ar díth a muinntire, do gab dásacht dofulaing agus fiuchad fíradbal feirge é; agus do léigetar mná agus banndala in dúnaid fáidhe fada fírtruaga agus éigme loma loiscnecha, go raibe in dún agus in degárus fó aongháir chomarc i ndiaid óigMég Muiris; agus adubairt ben in Chláraig gurab le hO mBriain do chaill sí a degbráthair, agus nach biadh rath dé isin áit ina mbiadh agus nach raibe sén ná solam ina chomlenmain. do médaig na briathra agus na bróngárrtha sin na mná ar dásacht in grodghoill, gur órdaig go brostaigtech drochcomairlech Brian do riagad nó do chrochad mar sásad dá mnái agus do Mág Muiris do bí isin tig in tráth sin; agus dorigned go deithbirech in dianoided sin ar degBrian gan anacul. chuires in Clárach techta go Toirdelbach go ndiongnadh síth ris tré impód óna dergruathar, agus mar chleth cengail ar in síthcáin sin foillsigit na techta mar do riagad in táirdríg ba náma dósan. impóas Toirdelbach turasbeoda in tráth sin co mbuaid choscair agus tiagaidh co líon a tromthinóil go magh nAdair, mar ar hóirdned ina áirdríg é is fáilid do bátar tromairechta Tuadmuman ar bfaigsin a bfínemna fíre ina áirdríg ós a gcionn: áis in tigerna in tan sin .i. 1276. [míle agus dá chéd sé bliadna dég agus trí fichit (1277 potius)].

[A.D. 1278] Dála in Chláraig: do smuain ina menmain aige féin gurab édtarbach do saláthair sé in cert cairte fuair sé ó rígaib Saxan ar tír Tuadmuman, dá mbad ríg Toirdelbach; agus is í comairle ar ar an, in sisma cédna || do biathad itir na saorchlanna go mbad traochta iat féin cona noirechtaib, innus go dticfadh leis féin dá bithin sin clipe do chur go celgach sin tír. leis sin chuires techta michairmilse go Donnchad mac mBriain dá nochtad dó méid a doilghesa féin tré bás a degathar, agus gidedh nach roibe éiric bud ferr ná bud dingbálta dósan d'faghbáil ann iná a óirdned i ríge Tuadmuman amail bud dual. leis sin tig Donnchad go deithbirech cona cháirdib agus cona bráithrib go bun Raite, agus gabas cennas ós na sluagaib do toil in Chláraig.

Sluaiged le Donnchad mac mBriain tar in Sinainn soir go sáraichbéil; go dtuc umla agus braigde leis ó bloidechaib, agus gur airg crích Uaithne ó a himlib go a hoireraib itir ech agus buar agus innmasaib, gur marb a dtárrla dá dáinib ris, agus go dtuc a dtáinte agus a dtromairgeda leis dá tig gusin gClárach.

Is grod ina diaid sin go ndechaid [Donnchad] mac Briain [ruaid] brígaigentach, agus Mathgamain O Briain cona mórso  p.10 chraitib, tromsluag tairptech go críchaib buacárda Bóirne, agus as sin go Corcmoruaid; gur gabatar nert mór ar sliocht Fergusa isna tírib sin, agus do dtucatar mórán dá máinib agus dá mórbraigdib leo, agus triallait siar bud dírech tré triucha na naicmed. as sin go Baiscnib, mar a bfuaratar gellamain tairise agus dilse ó chlainn mórchoscraig michairbriathraig Mathgamna; airgter agus crechtar úi Chormaic agus in imirc uaine leo go nemchoigeltach.

Otchonnairc Toirdelbach mac Taidg í Briain a tír uile agá taoblot agus a naimde agá timchellugad do gach leith, tréiges cluain rámfada go deithbirech agus téid do sechnad a lethtruim ar chomairche clainne Chuiléin. ótchuala Donnchad cona tromfedain imgabáil Toirdelbaig, lenas go réimdírech é go ndernad fos longport i gCuinnche in oidche sin; agus do léig sceimelta siubalghroda sárneimnecha fó'n tír dá crechargain agus dá comloscad.

Imthúsa chuingid chongbála na gcríoch, agus míled médaigte na nollaman, agus táisig trénchumdaig na dtrebh, agus anncoir urramhanta na bpoiblech .i. Sída sebhcamail sográdhaig sotalmir slegaichbéil meic Meiccon chlannálainn cholgfaobraig táthsluagaig: tig i mochdáil na maidne ar uathad sluaig d'innsaigid na trom fedhna sin, i ndóig || a dtafoinn tar ais tré anbuaine a mbedgtha; agus ar ngabáil dásachta do'n triathmílid nochar féch d'anfochain ná do guasacht dá raibe ina chionn, go ráinic i dtiuglár a námad. comchruinnigit do gach leith ina uirtimchell, innus gur b'éigen dá muinntir in méid nár marbad díob a tréigen; agus in uair fuair Toirdelbach agus Sída tigernas, ní fríth le bidba a baoglugad gér minic a nimresna re clainn mBriain ruaid go halt na huaire sin. ní ar metacht do chuaid do'n chrithleoman beith ina aonar i mesc a esgcarad; agus do gab agá serrnad agus agá sladbualad go ráinic féin agus Donnchad dianinnsaigtech mac Briain ruaid ruatharborb a chéile, agus do mes é féin do dígail ar in áirdríg; gidedh táinic d'imarcraidh na dtréntsluag gur tuit in triathleoman ar in láthair sin, gurab d'égcáined in degláich sin dorigne in file na rannasa:—

Truag sin a Sída soilbir. risnár gabad i nírgoilib ; sluaig Muman nír gab red gath. fa soilbir sám do degrath Nír b'é lá tángais ód tig. d,innsaigid linne Luimnig ; sin rian chlármín gan degail. do fill Brian ód borbgregaib Urlainn na háile nár duib. léigit dáib cróda in cháin soin; do rath t'airm uair in éigin. tréd ruaig ar úib Chinnéidid  p.11 Dámad isin ló chétna. [biadh] ár Briain ruaid ródétla; do chlú ní biadh go bernach. tú is in triath Toirdelbach Do chuairt sin choscar nír mín. ann sin a hucht in áirdríg; dá dtucais tar cách dod tig. d'ar gabais tráth O nAichir I maigh Gresan co ségda. mór d'ar dáilis troméga; derg ar maig Gresan do gha. ferg dá éis sin nír b'faomtha Aithes rena náithes ann. i ngleic Chuinnche ní chélam; imda i dtroid Chuinnche lann lib. [is drong] druimsínte ót írgail Nocha bfédfainn go bráth mbras. áirem t'écht agus t'áithes; bar dtecht go Cuinnche gan sluag. nocha limsa nach lántruag

Dála na gcuilénach: tar éis in léin sin do tuidecht orro ar ndíth a ndegtigerna agus a nuasalchodnaig, cruinnigit go hullam urmaisnech do toghad áirdríg ós a gcionn; agus tucad Cú mórdua sach malachdub || miantidlaictech meda chucu, agus do faomatar a áirdrígad go héscaid agus a ollamnugad i ninad in tsinnsir saorSída. nír chloch i ninad uighe in tórdugad sin achtmad ór i ninad airgit in imláid sin. is ann sin do éirig confad na Con re [a] cóigcríchaib, agus ro árdaig a aigned re [a] esgcáirdib, agus do chianoirdercasaig a chaithréim fá na cóigcríchaib agus fá na cóigedaib.

Imthúsa in Chláraig: do tinóil itir chniocht agus chathbarún agus cháimiarla gasrad ngall ngelsciathach go bun Raite ráith dígainn dá innsaigid. tángatar uaisle a fhinngáidel dá innsaigid mar in gcédna isin inad .i. Donnchad drechchorcra dédglégel dígainnréid mac brígaigentach Briain ruaid toirbertaig co nimad a uaisled agá imchoimét. tángatar rompa na rígfednacha sin ina ruathar toiscbeoda tinnesnach go Tulaig, agus do anatar i dTulaig in oidche sin; go dtáinic chucu Cúmeda ar maidin ar chomairche chlainne gnímáithesaige Gherailt go tig in Chláraig do'n chur sin, go néistedh re haigentaib na nallmarach fá na hairech taib, agus go mbeiredh breith ar rún gacha réidflatha tréna réidúir ghell. ro tairg sé síth do na saxanchaib d'anacul a airechta ar a bforrán agus ar a mborrfad, agus nír aontaig in Clárach in chóir sin ó Choin merghasda meda.

Iar sin téid Cúmeda dá mórlongport, agus do innsaig as sin d'innsaigid a triatha tresoirdeirc Toirdelbaig; agus do chinnetar a gcomairle cianairgsenach do'n chur sin .i. Toirdelbach agus Domnall cona ndegmuinnteraib agus Cúmeda mórchoscrach do dul go maothcoilltib Forbair. do faomsat anad d'airechtaib chlainne cianoirrdeirce Chuiléin ar síth ag na saxanchaib ag coimét a  p.12 dtrebh agus a dtrédairgedh; agus nír ba anad gan aithméla do na hairechtaib in tanad sin, óir do fell Donnchad agus in diabalChlárach ar na drongaib sin, agus do airgetar uile i naonló go hainiarmartach in dá airecht; agus ó nár faomsat roime a ríga do chianlenmain i gcríchaib coimtecha, || do innsaigetar tar éis a nairgte go haithmélach a nuasailchinn .i. Toirdelbach agus Domnall agus a ndegChú

Is ann sin táinic Toirdelbach ó choilltib finnbláithe féruaine Forbair siar tré Tuadmumain go tinnesnach d'innsaigid chlainne mórchoscraige Mathgamna, d,iarraid a nimpóid fá a áirdtigernas. is ann sin do gluais ina diaid Domnall degsnuadach dlúithinnsaig tech dergruathrach degmac taitnemach triathgel taobsolas Taidg chaoluisge, agus dá chlainn Chuiléin re a chois agá choimdecht, agus cenél bFermaic agus finnUaithne agá nanacul ar a esgcáirdib. rángatar rompa fá,n réim sin go druim nglasdairech nglantsrothach ngégdígainn nGrencha, go ndernatar comnaide ceithre dtráth i dtaobaib finnlinntecha féruaine fochlachbuana Forgais. is ann sin do éirgetar in fedan sin d'fios turais Toirdelbaig, nár faom nó nár ér in fialchlann do innsaig in táirdrí.

Nír chian imorro do'n fedain sin ag imtecht go dtarrla chucu ina chomnaide Mathgamain O Briain cona borbteglach agus cenél nDúngaile cona [n]degtinól i mainistir in Chláir ina chomfogus; agus ó'n uair do haithniged onchú digainn delbchomartach der geitrech dosneimnech Domnaill, agus suaichentasa slisamlacha clainne cathneimnige Chuiléin, agus cró corcra comaircech na bfialuaitnech agus na bfermacach leo, ro ba urlatu a naideda ó na hárdsluagaib sin. do faomatar uile d'aonchomairle dá dtigdis a nesgcáirde ina bfogus gomad faidide a saogal a nimgabáil, agus d'fágbatar i nénfecht dá bríg sin in láthair gan imresain do techt etorro; gurab maidm na mainistrech ar Mathgamain O mBriain mórainm in madma sin. do chruinnigetar crecha ceneoil Dúngaile go degtapaid; agus a bfuaratar dá bferaib is dá bfinnmnáib, dá macaib agus dá muinnteraib, dá ngilladaib agus dá nglaslaochaib, dá naraib agus dá naodairedaib, tucatar comach coitchenn ar in gcosair sin, gonad comach in Chláir a chianainm. rucatar céim cruadchroidech leisna crechaib sin gcrích iartaraig || d'innsaigid Toirdelbaigh go tinnesnach; agus nír giallatar treoin in tíre tiar do Toirdelbach do'n turas sin, agus ní bfuaratar re a agallmad in táirdríg do'n dul sin.

 p.13

Nír ba chian do Domnall ina degchomnaide in tan sin, in uair atchonncatar in Clárach cona chathmarcsluagaib agus Muirchertach mac Conchobair chailgneimnig co nimad onchon agus ech agus éidid dá ninnsaigid. ótchonnairc Domnall na deithbire sin, adubairt do guth rígairgsenach rómór na buara agus na braigde do chur amach ar móin na séd go tinnesnach, agus do fuagair do chách a gcommarbad [innus] nach bud adbar bogásaig dá naimdib a bfaghbáil acu in tan do fúigfedsan iat. do chóirig Domnall deired agus tosach ar a trénmuinntir .i. in deired ag dingbáil degsluaig in Chláraig cona chnichtgallaib, agus in tosach do trénscáiled tromairechta in tíre go tinnesnach.

Do gluaisetar in ghasrad ghormabrach ghnáthcoscrach ghním láidir fiartimchell na finntíre; agus ní rángatar tulaig gan tachar, ná áth gan imresain, ná glenn gan gníméchta, go gormchailltib bogtrédacha binneltacha braontoirtecha na bréntíre. do gabatar fos agus comnaide isna finntírib agus isna fáschailltib sin, agus do sáiletar fir Tuadmuman agus na triathgaill gomad toisc dá nach roichfitis tar a nais in ruathar sin. dorignetar cró caithise catha go comdaingen do gach leith ina lántimchell, agus dar le finnt sluagaib na foraire rob í doirseoracht Dubruis in róchathais ar a rabatar; agus do sáiletar nach roichfed fóirithin do flaithib na bfednach sin, agus n ach roichfitis arís d'innsaigid a náirdríg as in inad sin. do fóir Dia agus a degchroide Do mnall do'n dul sin, agu s is í slige do gabatar in ghlanfedan sin .i. itir in dísert agus in degráith, m ar a rabatar dá foslongport a nuasalbidbad; go rángatar slán go sliabchailltib Echtge airteraige.

Is insin oidche chédna gan chuntabairt táinic Toirdelbach trénchroidech || triathbeoda d'innsaigid na críche cédna gan chun tabairt; gonad ann atbertatar in dá bile bogdu asacha na briathra so ag commáidem a chéile do techt slán as na sásaib sin:—

Scíth mo chride dom chuairt siar. ar Domnall nár dian re dáim; a bfuair sinn [tráth] slios re slios. sámh linn a fios ag ár mnáib Sám linn Mathgamain O Briain. do chur ó'n ngliaid ina rith; is cenél Dúngaile donn. do chuired gach fonn ar crith Comach a bfer 's a mban mbán. do chuirsem i gClár na gcéd; dot iarraidse a triath in tslóig. tángamar go móin na séd Atchonncamar leith d'ár ndruim. sluag in Chláraig mar tuinn mir; marbmaid ár mbraigde is ár mbuar. do fregrad in dá sluag ann sin Nír léiged sinn port i bport. do fuaramar olc ó'n sluagh; dia is ár gcride sin choill. is edh ruc inn gan roinn uadh  p.14 I tir dá longport na dtriath. tángamar aniar d'ár tig; dámad chomlín dúinne is dóib. do finnfatais na slóig sin Sám lim do techt as gach tres. ar Toirdelbach ro fes fích; dá mbeinnse is Cúmeda mór. ann dobeirmis d'ár slóg scíth

A haithle in turais sin Toirdelbaig do tráchtad, dorignetar in glanchomairle degdígainn do grinniugad .i. gluasacht go hiathaib úrtoirtecha Uaithne. do anatar ina gcomnaide isna cailltib sin, agus do chuaid Cúmeda mochinnsaigtech milisbriatrach míngh ruadchorcra go mórDomnall Mág Carrthaig .i. cáimríg drechderg dédglégel donnabrach Desmuman, d'iarraid fóirithne sluaig ar in slaitbile sográdach ruadoirderc rechtborbchruaid ráidbinnghlic réimchiallchert rígfoistinech.

Do ferad fáilte ria bfialChoinmeda ag mórDomnall, agus nír ba chian do'n Choin ina chomnaide go dtáinic scríbinn scélchelgach re a chois ó'n gClárach dá chennach ó chaomDomnall; agus nír tairged ar choin dá cherdaige ina chomaimsir luach ba mó ná ba laomscaire iná corca Dhuibne cona degtuathaib. adubairt Domnall go degbriatrach || agus go conchair ciallnáirech, in cú nach leis féin nach láimeochad dul dá reic dá haimdeoin. táinic tra Cúmeda slán ó na sásaib sin.

Imthúsa dá airecht clainne Chuiléin: do chuatar dá éis sin cona ninnilib do chothugad a mbethadach ar bruachaib a ndúthaige do'n dul sin. do airgetar O Maoláin go mochtráth arna márach, agus do fuaratar cáin in Chláraig agá tidlacad agus ceitheirne ina diaid agá dlúithtimáin. do marbatar in ceitheirn agus rucatar in cáin ar gcúla i gcrích Echtge do'n ruaig sin. Imthúsa Chonmeda mínbriathraig: táinic slán tar sluag forfaire in Chláraig ar gcúla go caomToirdelbach, agus do chinnetar comairle ó nach fuaratar fóirithin as inad eile dá ninnsaigid; agus is amlaid do órdaigetar a gcathruathar cróda cétfadach go bruachaib is go boillscénaib in tíre dá trénchosnam, agus ag dul tar áth na Sinann sruthguirme srebuaine siar adubairt in file na focail so:—

Triallam toisc. nach toisc tréith. beirem báig. sraonam sluag. airgem iath. téchtam tír. cirrbam cuirp. tollam táib. seolam siar. trénmac Taidg. aon bud ferr. nír thenn triall

agus do ghoir dia ó'n degbél in fir do imráid in nórdugad sin. rucatar ruathar tinnesnach go hEchtge d'innsaigid a muinntire mermenmnaige féin, agus do airgetar úi Bloid do'n dara || borb  p.15 ruathar; agus tuc Tordelbach trénaiseg do na triath aib sin tar cenn a mbraighet agus a mbiadhcána, agus do aontaigedar na hairechta do'n ruatharsan righThordelbach itir faomadh agus aindeoin ar énslighidh, agus do cuired Donnchadh O Briain co bun righthorach Raiti do coiméd in Cláraigh ina certfagus.

[A.D. 1279] Is ann sin do fu agair in Clárach cathsluaghedh do díchur Tordelbaig as a thírthaib: sluaghedh in Fertáin a ainmsid hein; uair táinic in Clárach cona cathm arcsluag, agus Donnchadh O Briain cona borbsluaghaib cletharmacha coisidhedh, co clárma chaire in Fertáin a nimfagus na triath dá trénmescadh. agus is í seo slighi do ghabatar goill na Muman medhónaighi: a mbél chaille druinge go duaibsech, mar do stiur dia drochcomairle do na danaraib, co tarlaid oillbéim do'n fedain isin inad sin .i. Domnall dianrodcrechach dlúithéchtmarbhthach doetrana m ac tolgda taom arrachta Taidg. agus ó'nduair do aithnighetar na danair Domnall ina naghaidh dá ninnsaighe, dorinnetar ruagdeiredh ar tús do'n tosach agus tosach do'n taobdheiredh co tinnesnach, agus do inntódar na troich tuaicbel résan teichedh; agu s ótconnairc Domnall na drochairrdhena sin ag na danaraib, ruc sidhe sebhca mail ina medhón dá minscáiled.

Acht atá ní cena, do blaghadh barúna agus do rébchréchtadh rideredha, co nach raibe consapla gan chúlgherradh, ná oighre gan athbualad, ná seirsenach gan slistollad do na sluaghaib; mar adubairt Domnall na deigbhriathra || ac faicsin na cosrach cuip deirge craebchorcra cnáimghearrtha créchtamlaighi cianáithesaighi cédna:—

Buadhach in tres tucsabair. a degmuinnter datharmcruaid. nach gab scáth ó [a] scanrachadh. blagh do tsluagh in tsaobCláraigh. cuma a techt san turussa. dénaidh co luath laochéirge. fodbaighi na flaithisi. dícennaigid a ndegdáine. timsaighi co Toirdelbach. cloidhme is lanna is lúirecha. spuir is téda is targadha. scéith cotúin is corrslegha. imaircidh bar neiredha. acht gid trom is tothachtach. beirid buaidh is bemdachtain. ná gabaid ó glasghallaib. ó danaraib dímbuada

Cidh tra acht dorighnetar a righmuinnter amar adubairt Domnall agus do imaircedar a nairedha do'n faidb sin, itir lann agus sciath agus sciamlúirigh, tar Sinaind sruthaigméil siar gu longport Tordelbaig dá taisbenad; agus ba fáilid in finnsluagh ag faicsin na bfadb sin, agus nír b' aircisecht d'ar buidhech in barún aircisecht Domnaill ar na danaraib: uair do chuir cuigi gan  p.16 cunntabairt sbuir órda a uasalridiredh arna nathcuma, agus scéith a barún arna mblaghadh, agus cloidme a cnicht arna cathlúbadh.

Otconnairc in Clárach na cóirighthi sin do clódmesc a craidhe agus do irnascaid a aicned co haimréidh, agus do gell dola do díghail na dála sin sin maidin mochsolais. do urlamaighetar in fedhan sin iat a noircill na himresna: agus ní hed sin táinic a bréithir in barúin, achtmad élódh indurthosach na haidhche i réidfairsingib na || rigslighedh co ráinic Bunraiti ruagminic do'n ruathar sin, agus do gab Dondchad in dlúithaimréidh do dítin a nuadhmuinntire ar a nemcháirdib.

Odchuala sluagh Tordelbaig in tinndenus sin agus longport in Cláraig arna comfholmugad, do éirgedar na degsluaigh co deibed hach deinmnedach d'fasdád a nescarat; agus ó nach rucatar na maithi ar a marcsluag, do benatar cuidechta do na coisidhib dá nandeoin do'n dula sin, agus dorindetar righmarbadh rómór rua tharborb rechtaigentach ar Donnchad cona degmuindtir. agus dorinne in rodClárach síth re saorTorrdelbach agus do díchuir Dondchad dondabrach a nDesmumain; agus nír cian do'n coirsíd sin in Cláraig agá congmáil gur fhell air agus gur fhuláir éirgi ar Tordelbach: gur airg Tordelbach tradraidhe uile ar én slighidh, gur díchuirestair a danair dá degimlib, agus a cnichta dá cathbailtib agus dá cóigcríchaib, agus a brethnaigh dá boillscénaib. agus gér línmar na laomcrecha sin, fríth síth go socair gan cennairc ó'n Clárach tar a néis induair sin; óir isedh ba bés bunaidh do'n brégaire, sídh tar éis a chrech agus crech tar éis a sídha do snadm daingniugad.

[A.D. 1280] Isan errach ro bo nesa do'n nuadchogadh sin, is ann táinic triath deoradhlínmar Desmuman .i. Domnall rádh céillidhe roscabradgorm ruadh, d'iarraid impidhe ar Thordelbach i Tuadmhumain iman tír do roind re [a] rigbráthair; agus gér b'adbal in athcuinghi do iarr Domnall do'n dul sin, do fuair faomhadh a tabarta ó Thorrdelbach. || agus do roinnedh in tír ag na triathaib co cert ina cuibrennaib .i. in leth taobdaingen tráchtglégeal tonn geránach thiar fá chomhair a deghórdaighthi do Dondchadh, agus an leth toirthech triathimda taobfadréidh tromtidlaictech tresinn saighthech tair fá tigernas Tordelbaigh. agus nír cian do'n Clárach na comhnaide ic coiméd in choitchennais dá chaomógláchaib, in uair do iarr agus do fhuagair comsluaighedh coitcenn tré chommbáigh ar gallaib Erenn uile ar énslighidh, go nimad do  p.17 gasradaib Gháidel re [a] cois icá coimidecht, uair do bí Banba arna borbcengal. agus is amhlaid seo do órdaighetar tír Tordelbaig do taoblomrad .i. in tiarla agus in tardBhuitillér co nuaislib Laigen agus Ulad agus uasalConnacht na bfál timcill im tuaiscert in tíre dá tréncoiméd; agus Mac Gerailt agus in gallChlárach co ngasradaib gall agus gáidel dá cúigedh Muman ina mórtimcell do toighecht i ndeiscert in tíre dá tuathrodrébadh; agus tángatar na triathghaill co tibraid na huindsiunn as gach áird gu héninadh do'n dula sin. is ann sin do indsaigh Donnchad O Briain co borbtinnesnach mar gach nóglách niníseall do toighecht ina cenn d'furáil tendta ar Tordelbach.

Otcuala Tordelbach na triathghaill uile i néninadh agus Donn chad ar ndianimpódh leo ar a láthair sin, do chuir Domnall delbsolus O brighaigentach Briain agus Diarmaid micharmín Mac Matghamna agus Cú mórairgsenach meadha do thairgsin comad do'n Chlárach do'n chur sin, ar comairghe iarla Ulad agus ar enech in ardBuitilléir. agus ótconnaic in Clárach in cuire sin do thuig || ná badh cogad dá críchaib ó [a] comthuitim, agus do shandtaigh a aicned a nimfhas dádh, agus d o fhuabair simhin ar na saorclannaib. do fergaigh in tiarla do'n uirghell sin, agus do gab borrfad in Buitillér tré imrádh a chomairce do cuibriugad. gaill in tíre theas nidat lugha a labartha séin .i. in Clárach agus clann Gerailt gormsdédach gérfhaebrach gnáthimresnach; co nderna[dh] írna ar aimréidhe d'feraib Erenn uile san inadh sin, nó gur éirig cond na céille co righda dá réidhiughad .i. iarla uasalgnímach Ulad; agus rob é órdughad in iarla: ceathrar braighet do'n borbClárach, agus leth in tíre arís do righThordelbach; agus do cuaidh cách dá críchaib comnaidhe do na cnichtghallaib.

Agus nír bo cian do chách isin tsáime sídhchána sin co táinic Domnall O Briain co bórdaib Cuinci ina certfhagus, gur cennaigh fín do na flaithib tángatar fá [a] thoghairm do'n turus sin. is ann sin tuc in diabal gu deinmnedach sanuis do saxanach do saobhghal laib caisléin cladmúraigh céimslemain Cuince, fá techt do déchain Domnaill ina dlúithfagus. agus is amlaid fuair in saxanach saorDomnall ag dul ar a ech isin inadh sin; agus ódconnairc in tallmarach in tuaignes, agus fáth in buille brathdighlaigh, agus gell écórach gacha hallmaraigh uile ar énslighi aige, do rad buille buanainignech isin mbléin solusmín slisfhadréidh snascumra sing mílla séimfulamg gur thregd a thaobdruim threimhid. ó do  p.18 mothaig mórDomnall airrdena in éga dá innsaighidh co hanachainn, tucc scáthbhuille || scene tar a ais co haithmélach san allmarrach, agus ní ráinic in cnicht acht na céimruathar in caislén agus commáidhem Domnaill risna danaruib, in tráth do fuair ég cuma. agus cá fer[r]di in fer sin do ég do'n oidhidh sin.

Odcualatar na danair Domnall do dianoidhidh, ro innsaighetar. amach co merdhána gur fhasdádair ní dá niamfedhain; mar adubairt in tughdar ag aithméla na hoidheda sin, agus is amlaid adubairt: —

Brath Muman mac Taidg. tath curad a ceird; do chosnam teg Taidg. nír thairg fer dá fheirg Dociu gur tregd tír. derg aniu in mín mór; derg gach lerg fá sluagh. derg a snuadh 's a sróll Dearg in grian ó a ghuin. do searg gach sliab suin; do serg in gaoth glan. gach magh maoth gu muir Do tráig iasc is ith. do báidh riasc a rath; ní lacc celg dá cnuas. do sercc cruas na cath Sruth na mbrosgar mborb. a osnadh ós ard; Sinand na bferg bfuar. do treghd cuan a calg Domnall bog O Briein. comlann grod re gaib; gach troid dá tug tuaid. rug a buaid,s a baig Gach troid dá tuc tair. ruc ó Bloid a blaidh; gach troid dá tuc tiar. rucc a mian do'n maigh Na troda tuc thes. a tráchtad is cóir; colg tuinne re tír. ord in buille buain LaochDomnall na lann. nach léig a thecht tráth; craeb ché na lí luath. mac dé bí co bráth

[A.D. 1281] Mar atcuala Donnchad deghDhomnall do díth, do indsaig in Clárach ina céimruathar agus do aontaighetar énslua ghedh do díchur Thordelbaig as a thírthaib; agus do fág Tordelbach in tír gu tindesnach roim ruathar in dá rigsluagh sin sair co finncailltib Forbair. || agus nír bo cian do chách san comnaide sin in tráth tángatar arís na bfrithing d'imcosnam a natharda re Dondchad agus re danaraib, agus rucatar ruathar céimtrén cédfadhach ciallarnaidh fá na críchaib gur cosnadar a cuid féin do na finntírthaib; agus do faom in Clárach cóigcríchas etir na caomhsluaghaib, agus dorinne síd co sotal risin dá rand co reithenach, agus adubairt ag dealughad re Donnchadh agus re deagTordelbach: gidbé acu do indséghadh ar tús tír a chéli dá crechargain, comadh hé bud cara gan cundtabairt dóson ó shoin amach gan mhórceilt. agus nír léig Tordelbach tráthad ar an  p.19 tréncomairle sin, agus do indsaigh re [a] cois i cétóir isin crích siar co sotalborb, gur timcellatar crecha O Cuinn agus O caomDeghaidh, nach aon ro boi na nagaidh do na haicmeduib sin; óir do bátar dronga d'íb Deadhaigh ina nderbchomaltaib i timcell Tordelbaig do'n turus sin .i. Donnchad agus Aodh agus uasalMuiredhach; agus ro bo maith in cuid cosanta do chagad do'n chur sin cenél fadchre chach flaithuasal fialcraidhech Fermaic. agus do gáiretar na tromsluaigh co tinnesnach umon tír, agus tucatar buaidhred ar bailedhaib, agus fuardúsgadh námad ar nemcáirdib; agus do timsaigetar ellach iarthair in tíre go tinnesnach i cenn ellaig a hoirthir gu héninadh, agus do chóirgetar cró slemuingér dá sleaghaib ar a slesaib na sluaghimirghedh sin, agus tucatar dos donnmeirgedh ar a deiredh, agus elta marcach agá mórcoiméd, agus do órdaighetar a nglasláich agus a ngillanrada re grodimáin na táin||tedh tré thindenus, ó nár bert i bfaladh in fedhmannas sin. do éirghetar uaisli na crích comfhogus as gach énáird dá ninnsaighidh gur bo lia in tóir iná in tromsluagh, co tomdais in tóir ar gach taoblergain. is and sin do ráid Cúmedha in mór briathar ar deiredh na dlúithcreiche: nach roibe acht mórochtar marcach, agus co ndingébad ar gach réidh in righthóir dá muinntir, gan marbad gan ghuin gan ghabáil gilla ná gnáthógláich ná géguasail, agus do aincidis [s]in eisiun isna haimréidhtib; agus do gabatar cách in compáirt sin, agus tucatar slán na sluagchrecha sin co slis Echtghi uillendgairbe, agus do scáiletar dá sciamlongportaib gan scáthegla.

Nír bo cian tasd do Thordelbach co tuc fis ar finnsluaghaib a oirecht co héninad. crech dorinnemar roime, ar Tordelbach re [a] tháisechaib, agus dénam degsluaighed do'n dulsa co tugam ucht re hucht ar énmaighin. is cubaidh, ar cách, in comairle sin agus is aithghairit in timcosnum uaithi. agus do éirghetar co hurmaisnech as in inadh sin, agus ag gluasacht a traighedh do Tordelbach adu bairt in rannsa tré rócreidem:—

Ná fuabraid fáisdine beoil. ná ésgaid chaim ná chailleoir; creididh damsa dia do nim. ní bia ach fallsa isna fáidhib

agus tuc dia a torad do Tordelbach a thairise as in Trínóid. agus do tindscetlaighet a turus co tinnesnach ina réim cobsaidh cruaidcraidhech ciallfoisdinech d'indsaighid Duibghlenna gu dírech; || agus do éirigh ar an caill ina certaghaidh Donnchad O Briain cona  p.20 borbsluaghaib do thairmesc a turais agus d'iarraid a noidedha as in éigendáil. agus dorinnetar tromsluag Tordelbaig trí cóirighthi dá cathaib, agus trí cipedha dá chaomsluaghaib, agus trí hairbedha dá nuasalrighaib .i. córachadh clainne móréchtaighe mercalma maothcorcra míndelbaighe Mathghamna fá Diarmaid ndianfoisdi nech ndoedrana ndelbdígainn, fá tigerna na clainne cédfadhaigh[e] cédna, i tosach na caille dá cosnam; agus córachad ciallrodnáirech cathachnósmar cobsaidbeodha clainne Cuilén fá Coinmedha as a medhón, d'anacal in dá fedhan ar imdergad; agus córachad tria thárduasal táisechlínmar turasbeodha Tairdelbaig ar tréndeiredh, do brúdh a boillscéin agus do tendadh a thosaigh: ní nach rángatar riam a les ria in lá sin a tendad gu tresaib. agus tucsatar in tachar tolgda sin co badba brathbéimnech bithainmech laochda lannghér lámgerrtha fuilech fíchmar fiarchréchtach sotal sluagmarb slisrébtha nertmar nósmar nemúdmall tolgdha taobtholl tuaghbuil lech, gur legad ar in láithir sin in urdailsi d'uaislib in dá fedhan sul do faom Dondcadh dianmaidm Duibglenna do baistedh eir féin co fiadnach .i. Diarmaid michair móréchtach Mac Mathghamna i tús in tachair agus i tosach in tinóil, agus Anéislis óg O glan gradhach Gráda: do leith Tordelbaig na troméchta sin; agus Conchobar carrach || O caomLochlainn do'n leith eile ina naghaidh sein, agus O hAichir árdtáisech ó bfaircsenach bFlandchadha, agus in maidm d'imarcaid tar na héchtaib ar in leith sair co sunnrad ach; conad comáirem ceithre madmann a caithréim do'n cuairt sin .i. maidm dathlergach dianmarbtach dosgherrtha dergrodach Duibglenda ar dús, agus trí madmanna measgmarbthacha mergrodruathracha móraidble in lá arna márach; gur ba meirt nighthi na mórfedhnacha ó na sírcathaib gá snaighe, agus is suaill nár scaradh dá scíth ag na sciamcathaib. acht do médaigh a mhenma i Torrdelbach cona triathaib na catha do commáidem agus na madmanna do mhinugad.

Acht atá ní chena, fa bánderga benda dá mbraenfhuil agus fa snuadhcuipderg na srotha dá srebaib; agus gér b'imda cosair cnámgerrtha ar na cailltib do na comaighib, do b'aidhbsighi in marbad ar na macairib; mar adubairt fili na fiadnaise na focailsi:—

Coscrach sin a clanna Cais. do derg frais bánlerga benn; is imda sruth na crú ruadh. ag siled ó'n tsluagh re gleand Imda lám is cos is cenn. arna ngerradh trell sa tres; imda mairb ar slesaib learg. ó [a] raibe gu derg mór nes  p.21 O rainde tucad ar tús. marbad co ndlús cia nach cluin; gur thuit Mac Matgamna mór. trescuingidh ár slóig ann sin Do tuit ann Anéslis óg. O Gráda do'n ród nár scib; nochar toit leis ar an mbeirn. ach fer dorigne feidm fir Comraigidh Cúmara mór. is O Lochlaind go nglór ngarb; Conchobar adrochair thuaidh. ruc Cúmeda buaid na narm; A drochair O hAichir ann. do derg a lann ar claind Cais; táisech ó bFlanncadha bfial. nachar fill riam tar a ais Caill indáir in duibgleann dearg. corcra a learg is derg a dhos; gu néirget bí is mairb co dian. méraid in tainm cian ro clos Cethra madma tucsam tuaidh. dorucsam buaidh agus bla[i]dh; gér dobinn sin san leith tiar. fa binn a rian san leith tair Clann Cuiléin do congaib sinn. cenél Ferbhaic nár fhill báigh; ann gé do thuit in flaith fial. clann Mathghamna na ngliadh ngáidh ceithern uaithnech againn ann. cumma a mbeith re ham indáigh Feidm ar tuaghaib caithem colg. do derg agaidh do bolg bos; ar tegmáil dúinn cenn i ceann. do cuiredh re tenn mór cos

[A.D. 1282] Ní táinic tra Tordelbach acht dá tigh ó na tresaib sin, in tráth do fhuagair árdsluaghedh d'innsaighe Dondchaid dá díchur as a dúthaig gu deinmneadach; agus do gab Tordelbach na trichadha do'n turus sin, agus do díchuir Donnchan dá der gruathar i níb fialbheodha finnuaisli Fiachrach, agus do cóirigh Tordelbach co trebartéiglidhe in tír agus do cuir Cúmeadha i mesc in leithe sair dá saorcoiméd.

Nír chian do Dondchad ar a deoraidhecht in tann táinig co triathlongport Tordelbaig; agus nír mothaighetar maithi in mhórlongpuirt nó co bfacatar isin bfindfaiche in laom lasarmeirgedh, agus in tinntsádhadh onchon uathbasach, agus in cipe nertmar nemglórach ina mbidg athlam énuaire dá nindsaighidh. agus ní ráinic le triathaib Tordelbaig san teidm sin a nuaisli d'éidedh, ná a nairm d'indell, ná a m||buidhne do brosdadh, ná a catha do chórughad; gur scibset do'n láthair ó na laocscaindrechaib, cor marbad flaithi dá bfíruaislib agus maithi dá muinnteraib agus imad óg ele nach ináirmighthi; agus táinic Tordelbach do'n turus sin as slán ó na sluaghnaimdib tré foisdinighi a aigenta, agus tré laochdacht a lámthapaid, agus tré beith dá craide ina certinadh. agus is iat so na huaisli do hesbaighedh fá Torrdelbach isin tres sin .i. Concobar coscrach crechruathruch mac buanaigentac[h] Briain, agus Donnchad menmach medharmúirnech mac Muircer taigh, agus in flaith fosaidh fialmuinnterach finnLochlainn, agus Gillapádraic finn fialnáirech O Deadhaidh donnsciathach, agus  p.21 Aod[h] mac degrúnach Diarmada Mic Con menmnaig mara; conid ann atbert fili Donnchaid na degfocailsi:—

Cróda in ruathar rucsabair. a crích Connacht cathneimnigh. co trén longport Tordelbaig. co sliab Eillbe ardcnocach. nír b'órd dáib in deoraidecht. fearr sib ó na sluaghedhaib. a Donnchaid ro dianmes cais. a í Briain do borbnámhaid. mór anocht teidm Tordelbaig. fá sliab Eillbe eochargorm. is uasal a esbadha. díb Concobar cathé chtach. mac Briain nocha beg esbaid. is díb fós go fírindech. mac mórchalma Muircertaigh. cá fuille écht acuson. ná finnLochlainn fosadhglic. díb co derb O degDeadhaidh. Gillapádraic portgredhnach. a mic Briain a borbleomain. do ruathar is rócródha

[A.D. 1283] Imthúsa in dá árdrig: a haithle na himresna sin do thécht Tordelbach in leath toirthech tromfódach triathimda thair, agus do dianchosain Donnchadh in leth taob||uaine tuadcho náich tráighturcarach tiar; agus do bátar re hathaid co hécubaidh esaontadhach ar an órdugad sin, nó co ndernadh comfhuagra coinne co coitchenn ag na caomrigaib. agus do fregratar co comslán in coinde sin; agus is amlaid táinig trénDonncadh gu taob alltarach na habann agus do bí mesci medha gá medhrad, gur caith escháin a thengadh re Tordelbach gur grísruithnighedh a ghnúis tré gér fhuighlib dianaigentacha Dondchaid. agus nír tráigh in tuile righfeirgi ráinic dá rósh aighidh nó co ruc díl a saindti ar saor Donncadh, nó gur chelg agus nó gur cengail caomDomnall O Conchobair agus Conghalach O Lochlainn tar cenn dá Corcumruadh ris féin co fírinnech, mar adubairt in tughdar agá fhaisnéis:—

Glór dian Donndchaid. do díchraid in dos drongdelbach; celg ro cengail. ferg ó [a] thengaid ar Thorrdelbach

Is amlaid ro órdaigh Domnall in degcelg sin: na trí bailedha a mbiadh Donnchad re halt na haidhci sin, a nindsaigidh co calma gan choigill; agus nach biadh do congnam ag in cathmílid do'n chur sin acht a gnáthlucht tighi agus a teglach ó'nduair do fuagair Domnall agus degCongalach agus in dá oirecht uile ar aonslighid hé agus do gluais Tordelbach co tinnesnach ina ruathar rechtadbal re srebaib na sruthfairgi siar, agus do gháiretar in gasradh sin co grednach grodcomarcach fá trí dúintib Donnchaid co deglamaigh, óir ní fhedatar cá hinad acu inar fhoisdinigh isin oidchi sin.

Ar sin do gabadh d o Donnchad a ech álainn ardluth mar || agus  p.23 do ling uirre co haeerda; agus do iadhadar uathadh dá fírmuintir ina urtimchell, agus do haithnighedh in tárdmílid agá nimghabáil; agus do innsaighetar muinnter Tordelbaigh co trebardlúith tré díchracht a ndergnaimdenais gu Donnchad, gur scáilsetar co scá theglach a muinnter da gach táib ina timchell; agus do indsaig Ceinnédidh colgórda cráisechgorm mac beoda buantestach Briein Donnchad gu díchra, agus do indtó Donnchad in degh aghaidh co haigbéil airsim, agus tucatar dá buille colgda comesaontadhacha ina céle gan chaigill. do diangonadh Donnchad agus adrochair Cennéde do'n chuaird sin.

Gairit dá éisi sin co tarrla Mathghamain ua laomda Lochlainn agus Donnchad doinnsaighthech docum a céle, agus tucatar dá goin dícra doaigbéle ar a céli. agus do scarastar a ech frisin uasal mílid; agus ráinic féin co finnlinntib Forghais iartharaig do'n dula sin, agus do gab ig snám ar a sruth sin agus na sluaigh do gach leith agá lot agus agá léimthelgon, agus in Mathghamain cétna agá comgu in i cumusc gach áin. ro adhairsim tra in fírdia co fríchnamach agus do tógaib a láma tré luathaithrighe; agus do cuaidh co cobsaidh certbriathrach ciallfhoisdinech ó na harmaib fá'n abaind, gur scarastar na cetri dúile agus a diananam gu bráth ó shein gan athcumusc [ar mbeith secht mbliadna i gcomflaithes re Toirrdelbach an bliadain d'aois Chríst.1283.] mar adubairt in file na focailsi ic fothughad na fiadnaise:—

Aidhid Donnchad díth na ndám. scíth tresa conc[h]ar cach cliar; truag mar do tuit in mer mór. mar do loit slógh den co dian Diach Donnchaid faghus ó'n ngliaidh. abus a torcair triath Fáil; gnáthglaisi a ngart in gach sín. || do bac díb bráthairsi is báigh Tiar do thuit in conc[h]ar cas. Donnchad do loit gleieidh re [a] ghus; mac Briein ruaidh nachar thim tres. binn a buaid tes bind abus Atá agus úir fhuar na fhail. truagh dhúind trá mar tá na threib[h]; cend Sinna d'ar mhian gach muir. gilla suir seng fial ag fleidh

Rogabastar in réidhghlanbrethach rádhcertbriathrach rathmar chródha reannghormneimnech ruatharcrechach roscgruadhchorcra rinnabradghlan ruithenmhílla righThorrdelbach in righi arís gan roinn cóigcríchais dá rochtain; agus do ghealnuaddergdathballaig in grian a gnúis do glanTorrdelbach, agus do urniamnochtastar an fhirmamint a hagaidh do'n áirdrigh, agus do cuaidh in ghaoth gharbaigentach gérluaithláidir glórbalbcainntech grodimirech gu cobsaidh d á cotaltigh, ac cloisdecht triathrightha Torrdelbaig; agus  p.24 do tréig in muir a mórnuall merglórach, gur díchuir a hiasc as a himlib ar a haireraib gur bo lán gach tráigh dá turcarthaib; agus do brechtdathaighetar bogcaillti blichtcraebacha buantoirtecha ag breith a toirrches do Torrdelbach; agus fuaradar fir na Fódlasa cuidiughad coitchend do righi techt conáigh Tordelbaig ó na dúilib agus ó na degáirdrennchaib, agus do fhaomatar aigenta na nEren nach a uasalchendas ar a noirechtaib dá léigdis allmarraigh a airdrigadh.

[A.D. 1284] Cidh tra acht ar marbadh mórDonnchaid do'n turus sin le Torrdelbach, do imráidhetar acu indsaighid in nIrrus dá hargain co hamnáirech d'aind||éin a triatha tresminic trénloing sigh taomdána tidlaictigh Torrdelbaig óic armcorcra órdhuasaigh enechréidh mic Briain ruaidh, dá díchur nó dá dianmarbadh. agus tucatar a naighthi a naonfhecht ar na hairechtaib, a ndes re tír taobuaine agus a clé re sál sruthaigbéil; agus tucatar minscáiledh mórédálach as a mbailtib ar a mbidbadhaib, gur airgset uile a nénfecht na hoirechta sin gan díchell gan dermat a ngleann na ndún na ndlúithaimréidh. agus do fhág ógThorrdelbach in tír co tinnesnach ó nach facaidh árach aigi ar a himcosnam; agus táinic in triathlaomárdrigh toiscbeoda Torrdelbach ele d'indsaighid a longpuirt gu laomchobsaidh co cluain rathmair réidhfairsing riascaibnigh righfoirgnemaigh rámfoda [agus is é an Toirdel bach so dorigne caislén innte agus is lais fós dorignedh an chédobair chloiche i múr innse do'n taobh tiar di amail adeir an file san rann so:—

Toirdelbach na longport lán. do chédchuir cloch am chertlár; 's i múr innsi do'n taob tiar. nír lingsi aon re hainmian]

[A.D. 1285] Ar ndaingniughadh a degrighi do Torrdelbach turusbuan, isin errach ro bo nesa do na nuadhscélaib sin tángatar trénairechta Tuadmu man co triathlongport Tordelbaig, agus do grindighetar a ngerán ar na godgallaib ar congbáil a crích ina certaghaid, agus um comroind a tuath re [a] táisechaib, agus um beith ag siledh dá serbsluaghaib ar slesaib dúthaighe gacha deg brughad. agus do gab Tordelbach na trénchasáide sin, agus do tinóiled Tuadmuma co Torrdelbach gu tinnesnach agus tucatar borbdúsgadh ar na brethnachaib; agus ro bo drochmúsglad a degaislingthib do da brethnachaib an borbruathar sin, agus fa crech righ darírib in rianargain sin; óir dob é seo fad a bferandais:  p.25 ó tibraid fosadhmín aighedh|| [glain] na huinnsen go himellbórdaib bona rigthoraig réimchrechaig ruaigdíghainn Raite. agus dob é aidble anma na náirdchrech do'n dul sin .i. conách Thradraige do thimsugad ó thráig go habhainn ar éntslighid; agus do bí luach a aistir ag an áirdrig gan amhrus ó na hallmarchaib.

Otchuala in Clárach in laomthír do lomargain do éirig a chonfad re [a] cóigcríchaib; agus ó nár mothaig Toirdelbach i dTuadmu main ní ar a ndigeoladh dianchogad in dubChláraig, do smuain ar chomairle bud chóra do chríchnugad: do órdaig sluaiged slisimda sreithlínmar sluagdhaingen séimthriathach sleghneimnech snu adhamail.

[A.D. 1304] Tángatar tra as gach aonáird do'n chrích go héninad na hoirechta sin ina negarbuidnib uathmara armdhaingne éistechtchiuine eichdíghainne urmaisnecha, agus ina cipedaib colglethna clethruada cráibsciathacha cobsaide clogadghela cath neimnecha, agus ina ndrongaib dosmeirgecha dianonchonacha donnfaobracha dofastóidh. is í so imorro slige do órdaigetar a nárdsluaga d'innsaigid na Muman mórchairthe, i dtiugh na ngall dá ngnáthargain. agus do ghluaisetar in ghasrad ghormroscach go hobann as in inad sin ina gcéimennaib ciuinimthechtacha cobsaide cédfadacha tar in Sinainn slisfadréid soir go críchaib Cuanach do'n chéimruathar sin; gur ghiallatar gáidil || na gcríoch sin do chaom Thoirdelbach .i. in dá Eile agus Urmhuma agus Uaithne uile ar éntsligid, agus aos Gréine agus glanChuanach agus Eoganacht bheg cona bruachimlib. agus ó rángatar a mbraigde go Brian toirdelbach, do fuagair in táirdrí do Thuadmumain tinnscedal a thurais agus córugad a chath i gclármachaire mínfadréid na Muman .i. a nonchoin i nurthosach, a meirgeda i medón agus a nórscéith i nimell, a slegha ar a slesaib agus a marcsluag ar a mórdeiredh; gur derglas in donnaedher ós na degsluagaib, gur chlód croide a gcloistecht, gur uathbás aigenta a néistecht, gur saobad sluaig [a] sírdéchain, agus gur milled menman a mothugad. agus tugatar a naigthe i nénfecht ar in órdugad sin ar chathair chladhmúraig clochdaingin clárdígainn cianfhaircsenaig Chinnlis.

Cidh tra acht ódchonncatar na danair na deghsluaga sin d'in nsaigid béil dorais a biraidse na cathrach, tugatar na trénghoill side sanntach go deithbirech dá ninnsaigid dá gcosnam féin. agus ní raibe tarba sin tinnscedal sin gé tugad mór nduad agus ndocamail ina dhénam: óir do fuaratar a bfuairledrad ar dtús isin tachar,  p.26 agus do loisced go lándeithbirech na créchta sin gin gur chabair in cruaidleighes fuaratar; óir dorigned rigtheinid rechtfoghla rodfhairsing ruithengarb ruatharmer cithnélach cráibhneimnech ciachlínmar ina gcenn do'n chathraig ó'n || mbadhún go biraitsi. agus do fágbatar in dún go delbálainn dathsolas gan dubadh; óir do ba chomachta mhór do na míledaib sin go ndernatar [grianána] gelderga do na gnáthárasaib glédhuba ina mbítis balbghaill risna fichtib bliadan gan buaidredh roime sin.

Is do turasaib fós Toirdelbaig do'n toisc sin a thuras go taobaib gormsrothacha gelmaighrecha glanródacha Gréine dá grodargain, agus do mothaigetar glélasracha a thoisce do'n turas sin.

Do ba d'innsaigthib í fhinnBriain re na hinnisin a innsaigid ar innis uasalréid isdadcháim échtadbail Amhláib; d'ar fágbatar go réid in rigbaile, gé gur b'aimhréid leisna hallmarchaib a fhágbáil gan chrodh gan dáine gan dathisdadh.

Is do chuartaib úi chaomMogha .i. í Bhriain, a chuairt go fiadh mínlergach mórtrédach merdháinech mongstédach múrchlochtiugh Mogháin; agus tugatar lasair im a longbhruidnib, agus marbadh ar a muinnteraib, agus díth ar a dáinib, agus anacal ar a hellaigib.

Is do ruatharaib fós úi rigBloid a ruathar go magh niathfairsing naonachréid nistadchorr nAilbh; go ndernatar breo borblasrach do,n bhaile itir dháinib agus árasaib agus innilib, itir ór agus airged agus édaigib, itir chorn agus chupa agus chaomchatháir, agus nír ainicset acht na heich amháin do'n dul sin. agus is do chaithréi mib í Chormaicbhriain a bhorbinnsaigid ar belach échtmarbtach áithesruagach iathimellgblan Achaille; gur fágaib in tisdadh sin || ina mhúraib maoldubha ar múrloscadh a mhórghall ina mhedón.

Cuairt eile táinic Toirdelbach go letrach órchlogach áibhlergach uasalminnach Odhráin; d'ar loisgedh go grod in gallbhaile ag na gasradaib, agus do haincedh cuid in neimhid do na niamisdadaib, agus rugadh cinn agus cathfaidb gusin rigmachaire i raib Toirdel bach dá dtaisbénad.

Do loiscedh fós le Toirdelbach triatharmach do'n chuairt sin cell mínaightech múrdhomain macámlínmar mórAradh go hainiar martach; agus do ba rí Eirenn do'n dul sin in táirdrí acht muna biadh comairleda gusmara guthmilse gallbadhacha in ghlaniarla do thoirmesc Toirdelbach do'n turas sin.

Ag inntódh siar do na sluagaib sin láim re Deirgert ndianimir  p.27 ghech ndathgelghorm ndoschraobach, atchonncatar in nénmnái nuallaig nadhnáraig ningnáthaig naghaidcháim dá ninnsaigid; agus tugatar uile i nénfecht a naire do'n ingin sin tré nemgnáthaige a hégcoisc, agus tré dellradh a deilbe .i. ingen bhúilid bratnuadhonn bélchroidherg baschorrmaoth barrchamlag bánchíochach; agus ros aigletar in ingen go hoirbidnech uile i nénfecht, agus do fregair sí go nemdána ruadbriathrach na niamflatha; agus do gonadh ó ghríslasair a gradha na gasrada, agus do chomlas croidhe gacha curaidh agá cédfaicsin. léigidh secha na saobhaigenta sin, ar in ingen, go nagallainn tamall Toirdelbach. flaithes Eirenn m'ainmsi a áirdríg, ar in ingen; agus muna nimpádai s allmaraig thusa do'n toisc so, do biadh || flaithes Eirenn agat re haimsir gan uiresbaid. do dlúithigetar na fionntsluaig ina fogas tré áibnes a héistechta, agus do éirig ina solasnél suas ó na sluagaib; gonadh ann adubairt na briathra so:—

Toga Temrach Toirdelbach. mac Taidg í Bhriain bognáirech. airdrí Chaisil chlaidimdeirg. lennán Taillten taobuaine. macám Uisnig órchuachaig. dalta Oilig échtadbail. silled súla sáirEmhna. cruacha Chuinn gá chosnam sin. le gach rigain ruithenmóir. adeir Nás co naididin. nach ferr conách cáimchéile. mná eile dá niarrfadhsan. ná in chatháir chorr chlóghelbláith. an gcuala sib so Aine. gá rád go tug Toirdelbach. snaidm pósta dá bláthagaid. na prímthonna port uaine. do thóirnset dá dtriatháirdrig. tonn trom Tuaige taobremar. is tonn Chlidna chithbraonach. is tonn innbir iascsrothayh. mai rg do impó a nénlennán. nó go bfóiridh fionnFódla. is mé in flaithes fiarfholtcham. mairg romchráidh fám cháimlennán. fá Toirdelbach troméchtach. do bí ár súil re a sluagruathar. nó gur inntó in táirdrí sin. gid é bhus ferr agaibse. Toirdelbach nach tosc anbfann. le hEi rinn is aithméla. in sebac suairc súlchorrghorm. a dhul uaithe d'aon togha

Odchuala in cur cletharmláidir cobsaidbheoda cianinnsaigtech caomThoirdelbach cona chathsluagaib comráite fáistine in flaithesa, ro ba aithméla leo in luathimpód do léigetar dá laochraid agus dá lethanchóirigtib || nó gomadh leo Banba gan bruachesbaid. agus nír ba barr aithméla na hiatha ar ar anastar tar éis a shaothair dá socairdhergad .i. Tuadmum a cona táibimlib, agus Uaithne cona hoireraib, Eile agus Urmuma cona niathbórdaib, úi Lu ighdech cona lethanchlár, aos Gréine agus glanChuanach, Eoganacht agus aos trí muighe maighréidghlan, agus blagh bruachálainn d'iathaib Chon nacht. agus gémadh ferr leisin áirdrig Eire uile ar éntsligid iná  p.28 in tórdugad sin, do chinn a chonách isna críchaib sin ar gach cóiged oile; agus do tógaib a chlú ós gach clannmhaicne, agus do éirig a ainm agus a oirdercas ós gach áirdrig. agus do hórdaigedh aige sé histada in degdhuine, agus sé longpuirt laomtidlaictecha, agu s sé glanfhoirgnema gredhanmóra, agus sé cathracha cathslua gacha clárdígainne clochglégela, dochum comnaide innta do chaith em a chonáich agus do chertugad a chóigcríoch agus do choiméd imledh a fhinntírthad.

Acht atá ní cheana: do caithed in tromflaithes sin Toirdelbaig go tothachtach teresbadach tuathchonáich re ré cheitre finnbliadan bfichet gan uiresbaid innill ar aonduine ó ísel go huasal, gan chumgach ferannais ar filedaib, gan trághad fína ar flaithib, gan bernadh tréda ar táisechaib, gan esbaid bídh ná bogthorc ar brugadaib, gan daidbhre gan deróile gan díth máinech, acht gach duine ag fognamh dá fhírdúthchus féin.

Nach cuma a chuimniugad i gcrích na caithréime so bás Donn chaid í dhegDhedhaid .i. táisig tholgda tuathlínmair chróda || chonáich chiallnáirig, agus do ba derbchomalta do Thoirdelbach in Donnchad sin. agus do chuaid Donnchad go dianaigenta d, faghbáil gill ar a ghlanbráithrib féin; agus ódchonncatar a bhráithre i mbaogal in borbleoman do innsaigetar é tré ruathar a rachtchomairle, agus tré uabar a naigenta, agus tréna fhaicsin i nuaignes; go dtáinic díth Donnchaid do'n dianchomairle sin, gur marbadh go mochtinnesnach in mílid le Lochlainn riabach O Degaid agus le Macraith O Degaid. agus gér ba ghairit do bí Donnchad agá dhianmarbadh, ro ba fada a iarghnó dá éis ar na hoirechtaib. agus ráinic in scél sin go sciamlongport Toirdelbaig go tinnesnach, agus nír scél fáiltigte leisin bflaith in fer sin do thuitim isin tres sin; agus fa teidm croide le Toirdelbach a thuitim, go ndubairt in rosc so:—

Truag in teidm. táinic tiar. rug bás borb. táisech tenn. dainimh dam. Donnchad donn. conn is ciall. crú mo chuirp. craob dom chéill. in teidm truag

[A.D. 1305] Fecht eile d'ar éirig imresan itir na háirdrigaib agus na hallmarchaib, dá dtángatar ní do na tuathaib go toscairches go haltrom cintanais na gcinedach .i. go caislén crunntorach cloch denmnach Cuinnche, go dtarla imresan itir uathad dá nuaislib agus na hallmarchaib gur marbad O Leideda lethansciathach cona  p.29 laochbráthair. agus ótchuala Cúmedha merdánacht na saxanach ar a shaormuinntir, ruc in Cú ciallchertréid colgneimnech confa dach mershidhe dianaigentach dofhasdóidh d'innsaigid chaisléin Chuinnche gan choigill; gur múrlingedh a múrchladh agus gur rébgherradh a róchomlada, gur berrnadh a bhruachimle || agus gur cnestholladh a chloch slesa, gur glacad a ghallméine agus gur hairged fó echaib agus fá éidedaib uile ar éntsligid in tisdadh sin; agus tugad a lán fá mháil do'n mherlasair isin mórchaislén go raibe ina uamaidh uamhduib uathbásaig.

Is gairit ina diaid sin, iar bfaghbáil scél do'n áirdrig, tinólas Toirdelbach go tinnesnach na tírtha agus ru catar ruathar cróda cathlinmar céimneimnech do taobnochtad Tradraige ar tosach, agus do borbrébad bona Raite do'n ruathar thánaiste go tinnes nach. acht énní chena: fuair Tradraige in teidm do bí i ndán dá niamfhoirgnemaib, agus rucatar na borbsluaig go Bunraite go réimfhoistinech agus tucatar cath gacha cúla dá chiumastaobaib; gur himdergad im in árdbaile i nénfecht trésna háirdghnímaib sin, go ndernadh donnlaom dígainn dergaidbsech dobáidhte do'n degbaile, agus do dubadh arís a nimdergtha fá'n uasalphort. agus ro ba ghníom namhluaidh do na hallmarchaib in baile d'uasalchó rugad d'aimhdeoin in áirdrig; agus tugsat uile i nénfecht a naigte go cert ar an gcathraig, agus do fásaiged foslongport ag na fionntsluagaib ina fírfogus, agus do órdaigetar go prap saigdeoireda dá sírthelgon, míleda dá míniugad, curada dá coiméd, gasrada do ghrísad a gallméine, agus flaithe fialnáirecha dá bforaire.

Is do'n dula sin do órdaig Toirdelbach in triathobair nár hórdaiged i nEirinn [a] hintsamail roime riam .i. clárdroiched ciumasréid fiarláid na gaible mara gusin tráig; agus ro ba chorrtha in caislén ó na cóirigtib sin. tigit comairleda in iarla do'n dula sin d'innsaigid || Thoirdelbaig dá thoirmesc; agus ó'n ló do gab do láim laochToirdelbach do chomairliugad, ro fágaib in caislén ar in órdugad sin.

Fecht eile dá dtáinic Toirdelbach turuschróda tréninnsaigtech toscarrachta tromneimnech mac Briain ruatharmhir roscálainn ruaid i gcríchaib Chorcabhaiscinn do braithiarraid bhaogail ar a bhidba daib: agus ní cian sin tír táinic Toirdelbach in tráth do fuair a uasalbidba ina fhogus i nDísert murthaile míntráchtach. fa hiat so na saorbhidbada sin .i. Ruaidrí binnfoclach brethriaglach buide agus Tadg menmnach michairréid Mac Mathgamna; gur iadsat  p.30 timchell na solusbruidne, gur marbadh Ruaidrí agus rigThadg do'n ruathar sin, amail adubairt in tugdar agá innisin ar na himtechtaib sin:—

Uch is dianesbaid. na héchta so ní snímh suarcasa. na créchta so In rí Ruaidrí réid rathchalma glac ghlanchumra. Mac Mathgamna Tadg taobfadréid. triath tromghrednach saor sengdelbach. craob chonnmenmach In Ruaidrí sin. réid róbhuide a mhórbaile. fá mhórbuile Tug Toirdelbach. do'n teinnéigin ár druimfhine. d'úib Chinnéidid Crech cholgloingsi. na cuanbunad delb dianghalair. teidm Tuadmuman In cáimthírsi. bud chathfálach gargguthánach. árdachánach;

[A.D. 1306] Fa hiat so tra trí foirgnema fáltoirtecha solasbuana féithchlárghela fialToirdelbaig .i. foirgnemh áibinn oirdercrígda óirthidlaictech isdadhbreghda in oinig dá éis agá urdarcugad ag ollamnaib na hinnsi so na hEirenn. is é in dara foirgnem na flaithe sin, mainistir ilbhrec iascsrothach árdstuagach aolghelbláith aobhálainn órdghenmnach órlebrach fáthchlogbinn uaidhmínréid uasalmarbach Innse: itir chroich náim agus niamhlebar, itir ghrés agus ghormfuinneoig, itir chochull agus chaomchailech; agus méraidh go bráth in buanisdadh bennachta sin ar sliocht in áirdrig go hoiregda. is é tresbláthfoirgnem bunaid Bhriantoir delbaig .i. foirgnem niamsoillsech nemdorcha naomálainn nime, ina bfuil féin go foistinech go dtí an bráth gan baoglugad, nó go ndechaid domnach in dianbráith tadhall i dtalmain ar chenn a chuirp go cathraig nime dá niamghlanad.

Agus ó tháirnic do Th oirdelbach tairgsin a fh oirgnema do chríchnugad, do aontaig gan aithméla in saogal do shechnad agus dul go tech na Trínóide do dénam chomnaide na cathrach nemda. agus do bí formad na bflaithed do bí beo risin mbuanég; agus dá nórdaigtis na flaithe a bferannas tar a éis mar do órdaig seisen, do biadh Eire gan aimhréide ó shoin óna hoirechtaib mar adubairt in file na focailsi:—

Dorcha in brath so do báidh grian. do dorchaig Eire ar énrian; is cúis d'ég gan a dhul di. créd do dhub gnúis na gréini  p.31 Créd do múscail in gaoth glan. as m mad i nanad; créd sód a chairde gan chert. do tóg in fairge i nénfecht; Créd do chrín gach coill taraid. créd tug feidm ar foghadaib; mar ro ródhlig is béd balb. créd fár siredh gach senarm Créd fár iarr gach gilla a gha. créd fár sechnad na selga; bar nanbuain uile i ngar. a dhagsluaig muige Muman Adeir in gaoth is in grian. is in fairrge ar énrian; ní huair dá mn áib go menmnach. do chuaid ua Táil Toirdelbach Do chuaid Toirdelbach ua Táil. adeir in Ere d,aonláim; gan fer d,úib Chuinn dá cabair. ben Chuinn nocha ciallamail Atá ag buaidred Banba. féis le feraib allmarda; dá suidedh Toirdelbach tair. ro budh tromghrednach Temair Atá Cruachan go ciamair. is Emain a súirliamain; a glór nír ghnáth fá orchra. is mór fáth na fírdorcha

Ar ndul Toirdelbaig do'n turus sin go réid go rigthech nime, do rígadh a oighre gan aimréide ina inad sin uair sin. tángatar a tháisig ina thimchell go magh nAdhair dá áirdrígadh, agus ag rígad in rígbhile is ann do chan Cúmeda mórdálach bríg na mbriathar so:—

Sén dé duit a Donnchaid. duit go mb'é bar marthain do dhaigir a Donnchaid. i nagaid in anfaid Sén dé duit is dúinne. ní clé duit ar nduainne do taidgle ní tráighe. a áirdrí na huaille Dénaidh coiméd coitchenn. dá chrích dá chenél a chomhtaig a chuilén. na dorchaig do degshén

Cidh tra acht do chaith Donnchad re deghnós fá degsíthcháin a ríge go réimchonáich rígthoirbertach .i. ceithre bliadna braon toirtecha balbgaothacha gan brathmilled, agus ráithe || go riagail chert agus mí: gan mindaidbres, gan imrád ag áirdrig re [a] degdhuinecht, gan chomardad cúigedaig re [a] cathsluagaib, gan taobrádh ag duine ar a degheinech; gan chosmailes dá chathraig re caomfhoirgnem, gan chaithmige múr a gcomrannaib ag iarladaib ná ag áirdrigaib, agus gan énnech bud tánaiste dá thoirbertaib itir triathaib na tromFhódla. agus go rug rigbuad in áirdrig ar gach aonórdugad, go dtáinic teidm torannbuan tromneimnech tinnesnech fá'n triath sin d'ar tuathmilled in tír; agus brath borbchícrach beoghalarach briste gacha buanchom airle; agus adbar éirge gacha hesaonta .i. tuir congbála cathrach na cáimrige ina certinad, agus snáithe slisfuaighéla gacha síth chána dá slisairecht, agus táilliur taobchumtha na dtuath agá  p.32 dtáisechaib, agus comachtach cóirigte na nesgcarad fá aonaigned .i. Cú menmnachláidir medhairgríbda muirerdamhnach minicdua sach mósárdfosaidh malachstuagach maothfoltchuachach medha do ghabáil ghalair ghrodinnsaigte i míntosach mís Aguist gan amhrus, ar ndul sin dechmad ndegbliadain ar míle ar trí cédaib ó rug in ógh a haonmac go huasal agus go húirísel do chennach gach cionntaig go parrthas: óir ní do chabair na nemchionntach táinic in tairrngertach, óir nír fóir do'n dula sin acht gach aon fuair tré pecad Ebha esonóir. ní raibe tra acht na deich ndegbliadna sin ar trí cédaib ar míle [rectius A.D. 1306] ó techt do'n Trinóid d'ár dtesargain go hég Con mhórfaircsenaig medha i naonló agus óghMuire, gin gurab i naonaimsir; óir is i naonló do chuaid caomMhuire go cathraig a rigmhic dá rochtain agus Cú minnder cach medha, iar ndul || dá aimsir sin ló chédna, gan chunntabairt chum nime arna niamglanad mar ba chubaid re caomárasaib.

Créd nach bud chóir do chaomollam[ain] urrann do thesmhol taib an flatha so do thráchtad do'n turus so, óir is maith amugha gémad mórflaithes gach maith nach scríbtar tré sciamfoclaib. agus gémad é ugdardhás Auguistín naomtha d'foighénad dúinne go dlistenach, ní fédfamais cerda uaisle Chonmedha do chom áiremh: óir do chongaib na cóigcrícha ina gcertinad, do dhíchuired a nuilc dá nimlib, do choisced srengdacht na sotalrig do na saorchlannaib, agus ní léigedh aimhréir a áirdrig le huasal na le hallmarach. do chuired aigenta na nesgcarad dá naimdeoin ar éntsligid; ní thabradh foghlaide ar fuaslucudh, agus dobeiredh breith do gach bocht do bud anbfann. do théachtadh a thuatha, do bhogthoirbertaigedh a bhrugada, do onóradh a uaisle, do aincedh a anbfanna, do chaomnadh a dheróile, do uaisligedh a egalsa, do niamchóirigedh a náimthempuill, agus do imdaigedh a fhinnfhleda; go raibe ina hénfhleid gan uiresbaid ó aimsir a rigtha go bfuair bás in tráth sin, amail adubairt in file na focail so ag fiadnugad coscair agus conáich Chonmeda mhilisbriathraig:—

Do tuit rigthúr tige Táil. farír ní roichfe a tógbáil; goin cride romchráid go tinn. túr tige Táil do tuitim Do tuit túr gacha tige. tré tuitim ár dtréntige; ní beg orchra in fhine fhinn. dromchla in tige do tuitim Cáit i bfuigbter i bfedaib. sáith in tige táiblebair; do tuirid réidgil ghablaig. fuiglig séimmhir mongabraig Túr congbála na gcéd gcath. Cúmeda nár mion degrath; || do chongbad gach tech go tuinn. d'fognad gach cleth dá luaduill  p.33 Do chongbad na tigte tuaid. itir Chruachain 's m chraobruaid ; brig as gach bidbaid do ben. itir Chlídna is Chaisel Cogad Conmeda do mill. crích Muman mór a luaidill; tug síthcháin in Chon do chách. rígcháin is crodh is conách Do fríth ith is bliocht abus. ó'n ló fuair in cú cennus; is é tug na tairthe alé is rug as a haithle uainne Do tógaib cadhas na gcell. a chomairce fa chomtenn; tug rian a chéille do chách. réide is ciall is conách Ar nég Con menmnaig meda. do athraigset airrdena; is gaothglór fíre go bfuil. claochlód síne ar na sluaguib Gnáth ó dubas in grian glan. éirges doinenn is dárdal; sreba na síne a chlú adchiam. Cú meda ar míne in mórghrian Cúmeda comairce ár gcell. rélta nár dhorchad doinenn; a ríge fa glésda glan. ésca fíre gur folcad Gach dúil do dorchad dá dhul. gach neimed biaid i mbaogul; brath Muman gan a marthain. umal cách ó a chomarthaib Tré esbaid onchon Adair. docht gach caill fá chnuas taraid; tré flaith Eochaille aidble. leochaille na linnaibne Ní gébh do láim áig in fir. do chur i nénláidh itir; áig chuire na gcuirmtegh gcáin. ní tuillfedh uile i nénláid Tuillfid im láid lá ma[o]thla. do cuir in cú crechlaomda; mar Chuinnce chaidche gan chiaich. aidche Chuinnce ina certdiaidh Tar éis coscair Chuinnce ó chách. rígtar Cúmeda mochtráth; bile trén d'ar tech na tuir. fá sén chrech agus choscuir Fa chróda a choscar re gáib. ar sluag fherrda in Fhertáin; a chonfad ní fuil gan ainm. ar gcur Donnchad na dhianmaidm; Maidin chreiche Chinntsléibe. nír sechmaid ó a sáirchréide fir dá lergbruachaib dar lem. do dergruathar a nduibgenn Do hairged leis lá aile. go muir taobchlár Tradraige; in badb do gach aird dá ghuin. garb do brathairg na bretnuig Ar sechnad cath na gcurad. ar dtaobfuagháil Tuadmuman; téid tuir connmenmnach gan chor. Tordelbach soir ar sluagod Rángatar go clár Caisil. clann tolgda in Tálchaisin; a nderrna a cenn Cú meda. clú gan fhell a airrdena A hucht Toirdelbaig na dtriath. do éirig Cú na gcáimsciath; cathair Chinnlis do loisc sain. dá thoisc gur bris na breoghaib Do loisc gur las a slinntech. lá eile Grian gormlinntech do loisc gach fairb gur gab greim. do maig Ailb nochar b'áibeinn Ruathar Conmeda do mháid. crechloscad innsi úi Amláib; rian a dhíbfergach im dán. fá iath mínlergach Mongán Dian do loisc Cú na clainne. belach uasal Achaille; deigchrech na chomdáil gan chel. leitrech Odráin do hairged Cell mór Aradh is ard bríg. do hairg a hucht m áirdríg; fa choscrach a thoisc o [a] thaig. do loisc . . . allá sain Rug Cúmeda na dtres dte. ruathar fó chaislén Chuinnce; cé díob nár dlúthchoisc do'n droing. nó gur múchloisc a mórghoill  p.34 Cúmeda nár mín graighe. do athairg tír Tradraighe; do tairg in Clárach dul di. do airg bun rámach Raiti Do loisced Bunraite réid. leis arna argain ainnséin; imda ó chathchosdad in Chon. athloscad ar gach aoltor Do chédchoscraib Con meda. bile fosaid finnfeda; álainn do léidmig fó tuaid. ar a néignib i naonuair Is terc tír nach tnúth le fer. tres ar a échtaib d'áirem; || in ní as cáined do gach clainn. a náirem nocha nfédaim Do áirmhemar ina aghaid. síthcháin a deirc donnfaghaig; síthcháin cert agus cagad. is terc leisa dtángadar Tángatar le mac Mic chon. iat araon fá uaill onchon; rí na gcéd do fuair gan feirg. buaid go hég ar gach éncheird Galar croide ní crech gann. féchain a cholg 's a chathbarr; do'n chreich fa gléghar a gha. beith gá féchan is fada

Cidh tra acht ar nég Con mhóraigentaig meda agus arna adhlacad i bfochair a áirdríg i ninis chluana rígthechtaige rámfada, ro tinólatar na hoirechta go haoninad do ghiallad dá dhegmac do Donnchad; agus do bí comairle urlam ag na hoirechtaib sul do bí Cúmeda gan marthain. nír b'ingnad tra in aigned sin ag na huaislib agus ag na hairechtaib fá fialDonnchad: óir ro ba deghaigned dóib a fhírinne gan uirbhernad, agus do chongbadh énfer re feichemnas; agus nár chosmail cródacht re [a] choscraige, nár diall dath re [a] dheilb niamchrothaig, nár b'inann einech re [a] deghduinecht, agus nár chombinn glór re [a] ghlanbriathraib. óir nír b'inann duine agus Donnchad ar a uaibrige re esgcáirdib, ar a uirísle d'áirdríg, ar a thoirbertaige do tháisechaib, ar a bhoglaomscaire re brugadaib, ar a oi rbidnige re filedaib, ar a mhichairecht re mnáib, ar a mhilsecht re macámaib, ar a mhen mnaige re mórtheglach, agus ar oighredacht a fhínfhled; co nár b'ingnad fer na nuasalcherd sin do chomtogad do'n choraid chert riaglaig, mar adubairt in tugdar dá mháidem:— Giallad dúinn do Donnchad. nárab druid re deibech is uaibse gan fuirech. a uaisle is a einech || A binne is a breghdacht. a briathar chert chunnla táth na gclann ó [a] chonnla. is bláth na gcrann gcumra Múnad báis dá bidbaid. brégad maigden mílla gach breth d'aomhad uada. ní saobad a sína Trócaire ar na truagaib. traochad buirb dá borbdháil cladfocal dá chelgbuain. anocal gach ordghráid Nemhuise re námaid. náraige re neimed gach scél maith do mholad. ár bflaith trén gan teimel Mac Conmeda menmnaig. mín solas a shaorniam gné in fir mar is fírdual. is é sin a shaorgiall  p.35 Cidh tra acht ar ndiallad do Donnchad, ar noirdercugad dá bhésaib agus ar gcoitchinniugad dá chiantestaib, ro éirig tnú th miscais gacha táisig rena thoirbertaib; do fuathaig aigned gacha uasail a uasalréim, agus do miscaisig menma gacha míled mhór toirbertaig um Donnchad; gur adhain a fhuath i naignid gacha comarsan ina comnaide: mar bíos fírthobar tar a bfásann fairb agus fionnairthenn, agus congbaid sin re seal in sruthuisce; agus gé chongbann, ní mór in mhíghoin mhinigios ar mhedón in mhórtobair in tan doirtes ina taoscaib tonnuaibrecha tinnesnacha fá'n tír. acht do fulaing Donnchad redenas na ndroch ún sin.

[A.D. 1307] Cuairt dá ndechatar muinnter Sída snuadmhílla sluagaichbéil go sráidib buirghéis chille solasmíne Sárnatail, go dtarrla tegmáil itir muinntir Sída agus sherbchonsábla in bhaile go borbaigentach; agus tugatar a naigthe ar a chéile gan chun tabairt in dá fedain sin. do marbad in consábla go tinnesnach isin tres sin, agus tugatar dianchrech do damhaib in deghiarla leo tar || in lebarchóigcrích; agus nír lámh muinnter Shída re O saorBhriain a'gus re a shaorbráthair ar egla agus ar uaisle in iarla na tuatha do thathaige, go ndechatar do chaithem a dtermainn le teglaigib dá dtáinic roime ar in réim sin [go] mag nuasalchráib tech neo, gur anatar blagh dá muinntir isin mórchill sin; agus ó nach fuaratar a bfritheolam go fríchnamach, dorignetar drochabaise dá dhígail. do héighed umpu trésna háirdghnímaib sin, agus do fregratar clann Mháilruanaid í Chormacáin na ruadhéigme sin; gur marbsat derbchomalta degShída do'n dianruathar sin, agus O Cinndergáin fa sloinned dó

Ar dtecht do na scélaib sin chum sciamShída, fásaid fiuchad fírfeirge ann tré díth a dherbchomalta; go dtáinic Maccon agus caomShída, agu s Aodh mac Donnchada mac a nderbráthar, ina gcéimruathar tinnesnach fó termann maighe heo d'aithle na haideda sin, agus tugatar aonlaom árdlasrach tar tuathaib agus tar trebhfoirgnemaib in termoinn uile i nénfecht i bfégmais a uasaltempuill; agus muna beith Maccon, ní coigeoltai eisen do'n dul sin. agus do lomairgset lethanchlár in termoinn fá thrédair gedaib, agus tángatar ar gcúla dá gcríchaib.

[A.D. 1308] Do scáil in tromscél go deithbirech fá Tuad mumain, agus d'éirig bághborrfad bráithremail buananfadach i núib Bhloid tréna dtermonn dúthchais do dhianloscad. is iat so uaisle na combágha lér cogradh clann Chuiléin do chrechargain  p.36 agus do chathsraonad as a gcríchaib .i. clann táibéidithe Thoir delbaig agus clann Diarmada finn cona bfednachaib do gabáil do ghlanchloinn Bhriain [ruaid] iar mbunadas; agus úi Chinnéididh agus úi Chonaing, || úi Chédfada úi Shencháin úi Ogáin úi Eichtigern úi Máildúin, agus muinnter dhianaigentach Dhiu braicthe. fa hé so a dtoiscedal tar tír amuigh ina mórbháig .i. Urmuma co nuaislib ua gCinnéidid agá gcórugad, fir na Forghabála go feidmláidir, clann laochBriain agus úi Longargáin, ina laomchóirigtib lethansciathacha go lár in tíre do trénchosnam a ndúthchais agus a ndáinedh, do dígail a nesbad ar a nesgcáirdib, agus do díchur chlainne cath échtaige crechneimnige ciuininn saigtige calgbuailtige crechoirdeirce Chuiléin.

Is é so ro órdaigetar acu .i. gan anacul do tabairt d'uasal d'óg ná d'árdbrugaid, do truag ná do trén, do táisechaib do mnáib d'filedhaib ná d'anbfannaib, do macaib ná d'araib ná d'oighredaib, achtmad commarbad coitchenn ar gach cinedach. is amlaid do órdaigetar .i. suide ina nisdadaib tar a néis, agus termonn a dtíre uile do thaobnochtad fá tempullaib agus fá trénisdadaib i ndígail in ruathair rugatar clann Chuiléin fá'n gcédtermonn; mar adubairt fili síl Bhloid na briathrasa:—

Dénaid báig a chlanna Bloid. tabraid in troid mar nach nár; ná cluinter clann Chaisín chais. do bar gcur tar ais ó'n ág A bfuil againn do chlainn Briain. fregraid in gliaid cia nach cluin; dá bfuilngid agaid a narm. dogébaid go garb a nguin Eirget clann chalma Duinnchuan. muinnter Chonaing na smual áig; clann Chinnéidid toir is tiar. taob re taob isin ngliad ngáig Eirget suas clann Aichir fhinn. muinnter Ogáin nár fhill teist; ó ticfait linn síol Máildúin. díob nocha dénta dúinn ceist Ticfait clann Longargáin luath. ann sin is bud buan a mairg; ticfait úi Chétfada in chuain. co dtinól sluaig as gach aird ; Ticfait clann Flaithbertaig linn. muinnter Sencháin nar fill colg; ticfait úi Eichtigern sin mbágh. dá gcomraicem bud bráth borb S íol gCormaic coitchenn na gcnedh. fregrait siat a sel ann sód; úi Chongaile na gcrech gcruaid. do chosain buaid in gach ród Ná caiglid síol mBrénainn báin. ticfait,n bhar ndáil do'n táib tiar; úi Máildamnaig nach fuath lib. tabraid lib a mbuadh aniar Cosnaid bar dtír tabraid cath. congbaid bar rath láim i láim; cosnaid bar nuaisle is bar nuail. beirid buaid is dénaid báig

Otchualatar clann Chaisín in comtinól cobsadmór cathlínmar colginnsaigtech sin chucu, do chruinnigetar a n uaisle uile i  p.37 naoninad; tugatar a bflaith dá bféithfoistiniugad, agus innsetar a nanbuain do'n árdflaith .i. úi Bloid ina mbrathchóirigtib borb fuiglecha bailcbriathracha buanainmecha báiginnsaigtecha uile i naoninad ag iarraid a ninnsaigtesium. agus is edh so adubairt in flaith go foistinech fosaidbriathrach fadolta: cá bfios nach fóirfedh Dia in deinmne sin, ar Donnchad; agus do teigébadh nach é a les in luadhaill d'ar labratar, óir ní hinann dubad agus dianferthain. agus rachadsa d'innsaigid ar [in saorflaith .i.] in áirdríg d'innisin uabair na nuaisledh sin, agus do tairgsin chórach do [na] cinedachaib, agus do síthugad a nainmian tréna niam thermonn; innus go ndernaidh Donnchad féthchomairlech fáth foistinech fialtsoghradach O finnBhriain a bfastód gan techt do'n turus sin. óir ní raibe ag iarraid a nesgcáirdesa.

Do gluais Donnchad risna degthoiscib sin d'innsaigid longpuirt í laochBriain, agus do chan na comhada sin i bfiadnaise na bfinn tsluag uile ar éntsligid; agu s do innis a charadrad do gach cinedh acu [fá sech] go coitchenn cuimnigtech, go nár dligetar édtairech tad naigenta do beith acu fá'n árd||flaith. do shir O Briain braigde re comhall na gcomhad sin do Donnchad agus dá dhegairechtaib, agus adubairt Donnchad go degtigernais go dtiubradh gach braighe do shirfedh O saorBhriain do chionn na síthchána do na sluag airechtaib; agus is é líon do togh O Briain do braigdib .i. ceithre braigde dég do degmaithib na nuasalairecht ar éntsligid. do faom Domnall agus do chomaill agus do tidlaic a uasalmac féin agus a fhialmuinntir gan fuirech do'n áirdríg mar ro iarrastar.

[A.D. 1309] Nír chian do chloinn Chuiléin isin gcomnaide sin ar snadmfuagáil a síthchána agus ar dtídlacad a nuasalbraigded, in tráth táinic techtaire ó O Bhriain tré borbthinnenas dá innisin nár fhéd fosad na bfednach sin gan dul dá ninnsaigid dá nargain agus dá ndíláithriugad. ódchuala Donnchad na deith bire sin .i. scáiled ar scáth na sída dá shaorshluagaib; agus a bhraigde uile ina égmais gan a gcongnam aige le cathugad, agus gan faghbáil tsída tar a gcenn ó chóigcríchaib; do lonnaig go lasairderg a lethanghnúis lergballach laomainbthenach, agus do éirig re hanfad na feir.ge fiuchadghroide fáthrechtmaire féthchongbálaige foistinige do tinóil a theglaig ar dtús go tinnesnach. do chuir fios ar na féinnedaib ina ndiaid go deinmnedach, agus dob ingnad leisna laochairechtaib na luathchomairleda sin .i. febas agus fírimad a bfialbraigded, agus athgairde a bfírfhosaid dá chionn ó na cóig  p.38 críchaib. óir dob é sin deired cáirdesa na gcinedach, agus tosach mesctha na Muman, agus críoch flaithesa fionnToirdelbaig agus fialChonmeda míntsíthcháinigte.

Tángatar [na] tromairechta go tinnesnach tóchestalach, do fregratar na || saorchlanna go sotalborb in sruthsluaiged sin, agus do iarratar in dobhuiden d'innsaigid. tángatar do'n tinnscetal sin go cnoc mbláithlergach mbraonférach mbaile í Chuilinn ina gcéimruathar; agus ní rabatar flaithe a bforthu ath, ná imle a noirechta, ná cineda cenéil Dúngaile sin degthinól sin, achtmad corpláthair chloinne Chuiléin agu s blogh d'úib doinnsaigtecha Dobarchon. agus ro féch Donnchad ar a dhegsluag agus adubairt agá bféchain: is maith atáthai a thrénmuinnter, ar in triathflaith; is imda bar nuaisle gin go bfuil bar náirem; is tairise gid nach imda bar dtromtinól; is cengal cáire connailbe bar gcórugad, agus is gritháil aonmhuice bar ninnsaigid. is mairg laochrad fá [a] léigfidhe, mairg cath ar a gcuimeoscai, mairg fedan ar a ninnsóchai, is mairg dúithche ar a ndoirtfide bar bforrán do'n dula so. agus is usaide dáib in tachar do tennad atá éntigerna orraib do bar nórdugad; ní hinann agus in fedan úd aga bar ninnsaigid: ní chreidenn fer dá chéile dá gcinedaib. agus a dubairt Donnchad na degbriathra so ag tabairt a aigthe ar a fhírmuinntir:—

Sib féin sin a shíl Aoda. gid uathad ní hintaoba. fríth síol glan Aoda go gar. ní hanaobda gid uathad Gid línmar in lucht so tair. tig na ruaig do bar rochtain; gach sluag tenn do tráig sibse. is ferr báid is bráithirse Fer mar Domnall mac mic Chon. cá bfuil acu cá hinod; cóir a mháidem uaibse ainn. áinfer as uaisle againn Lochlainn Maccon Sída seng. Ruaidrí is in dá Aod áirmem; scor nach fann grega gábaid. clann Chonmeda mórdálaig; Clann Taidg Ruaidrí na rád séim. Mathgamain is Tadg táibréid; a bfaghla do tairg lám lib. is mairg tarla ina naigid Clann Ghillamochainne i gcéin. Gillamochainne a gcenn séin; do chongain líga a lann lib. agus clann tSída shoilbir Clann Donnchaid do dianscáil droing. agus clann maith Máilsechloinn; clann rádglan nach fann fine. clann ágmar in Airchine Clann in Chláraig do chlecht áig. clann laochinnsaigtech Lorcáin; clann Ghillamáil glórda a ngal. agus clann mórda Menman Ui Máildamna dergus cath. úi Allmaráin na nárdrath; fir nach boigthim fá bladaib. sin [troid] choitchinn chomramaig Ui Slatra na sluag ngríbda. is clann ágmar Aisida; rád glan a rann nach begán. is clann ágmar Artagán  p.39 Clann Aille éirget do,n chath. is clann Chinndergáin chliarach; sluaig na cáille i gcathfál. úi Máille is úi Miadacháin Am buidech a aicmed oll. tic gach lá catha chucom; brígmar ní gann bar ngrega. a chlann línmar Leideda Eirgid suas iadaid umam. nochtaid scéith na sciamdhrumann; mo bann ní bud tais sin tír. a chlann Chais a chlann Chaisín Beirid céim go cill nGuaire. ar a gcóigcrích gcraobuaine; is lór d'fagail bar nairet. anaid nó go ninnsaiget Scoiltid scéith lúbaid lanna. brisid slega a shaorchlanna; [marbaid f]odbaide flaithe. codnaide bar gcóraigthe [Doirtid] fuil fuagraid in maidm. cosnaid coscar is cianainm; [a ne]lbada bud derb duib. selb in engnama aguib Dá gcuirthí go tenn mon tír. in cédchath so a chlann Chaisín; [cr]óda re gach noirbert ib. bud oirderc ó bar néigsib

[A haith]le na himagaillme sin Donnchaid rena deghmuinntir, ro || éirig go hurmaisnech oscarda dá éided féin isin inad sin. tugadh ar dtús a uasaléided dá innsaigid .i. cotún daingen degchumtha dlúithimairech díneitrigech derganfadach deschiumasbláith delb snuadach dathcroiderg dígraise; do cuir uime go héscaid in téided órchiumsach sin, agus is é comfad do díon a dhegchotún Donnchad .i. ó íchtar a mhaothbrágad mínchorcra go mullach a ghlún ngasda nglégelchorr. do gabadh uimesiun ar uachtar in inair sin lúirech lántrebraid lúbghlégel lebarchruinn adbalfairsing órbórdach dirraid druimnech dlúithchliathach degfighte bláith buantsochair cneistiugh cráibghlic certriaglach suaichnid slisghel soghrádach. ro gab cathchrios cáiltiugh ciumasbláith cróichniamda clochbúclach cennrachórda, cona lannlúth lúthmar cruinnfhedánach certimlech acht munar bud aidbsige a áirde os a fedhnachaib. do thennastar in crios corr certbláith cruinnréltanach cédna sin tar a chathlúirig, agus ennach imfada faobarghorm iarannghlan trénrennach táib lethan tresurlam bánchúlach bláthmaidech piastamail claisréid cáiltiugh certfoirgnemach i gcengal in chresa bláithréid brecdathaig sin. do gabad scabal féithgel fairsingréid fionnfraigtech fáithgresach feidmláidir fighte uime tar uachtar a órlúirige. do gab clogat clárdhaingen ciumaschruinn corrchertbláith coinnellmórda craob thairgnech cianfhulaing fána chennbaithis [isin] inad. do gabastar a chloidem colgda clár[lethan] claisleitrech cianainignech corrdésach cathmini[c craob]thruaillech crosórda crisamlach chuige, gur tenn asdar go taomathgairid tar a thaob. do gabastar a gha gasd[a] || gérfaobrach gormdathach grésmílla ina ghlaicdeis fá chomair a dhiubraicthe fá na degsluagaib. tarraid sé a chráisech chrann  p.40 adbal chródaingen cholgdírech ceoneimnech comnaide chuige ina chléláim dá dinge agus dá dianbualad. agus nír bheg torann na dtrénfedhnach isin tráth sin ag cuingid a gcotún gcraobchorcra, a lúirech loinnerghlan, a lann lasarmór, a gcráisech gcuartaichbéil, agus ag athchur a nech tar a nais dá naradaib ó nach raib a naire re himgabáil a dtáisig, agus ag togad na dtrénarm: a nógbaid ag adhrad ar a náille dá nórarmaib, na hógláich ag saigid na senarm dá ndernadar áithes i nimresnaib go róminic roime sin; na mílid ag fugháil na meirged risna mórchrannaib, agus na honchoin agá gciumasdaingniugad ar na cráisechaib.

Is ann sin adubairt Donnchad do ghuth réidsholus rígfaircse nach ráidhmílla: éistet bar nóig, agus follamnaigidh bar bferga, maolaidh bar medhar, múinidh bar macáim, árdaigidh bar naigenta agus bar nonchoin gomad fútha mhaothlasfait na meirgeda; déntar trí cóirigte do bar gcathaib. agus dorigned ar Donnchad go degórdaigte mar adubairt. dorigned go tinnesnach na cóirigte do chomaontugad .i. laomchórugad lethanchloidmech lasairneimnech línmarchróda laochinnsaigtech látharchobsaid luathéchtmarbtach laochDomnaill mic mic Con agus caomLochlainn cona coméirge; agus córugad mínchiuintolgda merghrodruathrach mianimresnach macámcholgda mochinnsaigtech móraigentach Miccon agus cáim Shída; agus córachad datharmchoinnlech dlúithnertlínmar dos chorneimnech donnmaothmeirgech dergonchonach dathachlínmar duaibsechláithrech dianrodchróda daithinnsaigtech Donnchaid cona dhegtáisechaib agus || cona bhrugadaib agus cona bhorb theglach.

Is ann sin táinic Mac catharrachta ciallfoistinech con d'agallaim a óigríg agus a uasaltigerna agus is edh adubairt re Donnchad: is mise, ar in macám sin, agus Sída soghradach na fir as adbar do'n imresain so; agus mar do gabamar go grodchomairlech tosach in chogaid do chomtógbáil, derlaicter dúinn andiu niamhtosach in chatha do chruadugad: óir is sinn as sanntaige innseochait na hárdsluaig úd, agus is rinn as mó ferg a bflaithed, agus bud tromaide in marbad ar na mórsluagaib a bfaghbá il i bfaicsera. éistidh re a naibeorsa a dhegsluaig, ar Donnchad, agus bud chomfhogas do bar gcóirigtib tosach in tachair do tarrachtain. biadsa, ar Donnchad, isin deghmedón, gomad dam thegmus tiugh na trénimresna; agus bididhse in dá brathchórugad oile da gach táib im timchell in bar sciathánaib gan scáthegla, agus [in] bar  p.41 gcraobaib crithneimnecha re sliostollad na sluagh dá saigthí in uairsi go haonláthair.

Nír chian do Donnchad ag in degtegasc sin go bfacatar lasairtheine in luchta fesaigechta agá bfoillsiugad féin. nír chuiredh gan chomfregra in comartha sin, agus rugatar céim ciuinfoistinech cobsadluath cédfadach go cóigcrích cladhuaine cille glanlergaige Ghuaire. agus ní rabatar go cian isin gcomnaide sin in tan adchonncatar chucu na trí catha colgneimnecha cráisechremra crechinnsaigtecha cinidhlínmar críochfoirgnecha cobsaide, agus na trí cóirigte ciantestacha cédfadacha, agus na hairbheda órarmacha innellchróda uasalbeoda indeghdáine, dá ninnsaigid ina niamfogus. is ann sin adubairt [Donnchad] rena dhegmuinntir: ná héirgidh nó || go ninnsaiget na sluaig tar slios na cóigcríche chugaib. nír chian in cáirde sin go dtugatar na sluaig síde sotalborb d'innsaigid na rígláithrech i rabatar. do éirgetarsom tra go fosaid fírésgaid dá bfregradh; tugatar ucht re hucht ar in láthair agus do tinnscnadh aibgitir na himresna: do léigetar a saigde ar sruthlegan d'innsaigid a chéile gan choigill; do dáiletar na fagha[da] frithirneimnecha féithsiansacha i nochtaib sciath agus sciamlúirech; agus dorigned crithnél dá gclocharmaib um chennaib agus um chlogataib um armaib agus um mórminnaib a chéile.

Cidh tra acht ódchonncatar clann Chuilein in cathláthair agá congbáil ina gcertaghaid, rugatar céim cruadchroidech ciuinamh náirech ciallfoistinech as in gcathláthair. ódchonncatar úi Bhloid in borbruathar sin, dorignetar aonchomairle esgcarat oirdercnár áithesbuan ainédálach amhrathmar aithmélach uile isin uair sin ó ísel go huasal uile ar éntsligid.

Odchonncatar clann Chuiléin in comairle sin, tugatar tromgháir ag commáidem in choscair ar nimpód d'úib Bloid ó'n mborbláthair. is ann sin do gab in flaith fialDonnchad foistine, agus do gabatar [na] clanna ó sin amach agá merinnsaigid: do gabatar clann Taidg agá dtimchellad, clann tSída agá sírlenmain, clann Donnchaid agá sírbualad, clann Máilsechlainn agá nuasalmarbad, clann Lorcáin agá luathchirrbad, clann in Airchinnig agá noirchesmarbad, clann in Chláraig agá gciumasrébad, clann in Ghillamháil agá ndianinnsaigid, clann Menman aga minroinn, úi Máildamna ina ndergruathar agá ndlúithimáin; agus na hoirechta uile ó sin amach agá móraidhid amail adubramar i ndegtosach in chatha so ag córugad sloinnedh gacha saor||chenéil.

 p.42

Acht énní chena: rob imda is na hinadaib sin clogat agá chrosbualad, bratach arna bratrébad, cotún agá chamgherrad, lúirech agá luathfágbáil, bráige agá brioscbualad, láma agá luath gerrad, agus slesa agá sliosfosclugad; gur leth tuile taoscfhola tar taobchlár in machaire inar brisedh dá maithib, go rabatar na rígcholna ina réidairbedaib ar na raonródaib sechnón na sligedh. fa hiat so uaisle na nécht sin rena ninnisin isna hirsib so .i. Toirdelbach michairbinn mac Toirdelbaig triathláidir, Mathgamain menmnach mac Diarmada mic Dhiarmada fhinn fhosaid-briathraig, Uilliam einechréid uasalrathmar O hEichtigern táisech ua bFloinn brethnaide, Ruaidrí ruatharborb O Sencháin agus Eislis árdchonáich, O fionnOgáin na Forghabála in fer sin, gan áirem cúig ndáine dég dá degchined. do haincedh aonduine dég d'úib Chinnéidid isin gcosarláthair; Maolsechlainn uasalgnímach mac mórduasach Murchaid í shaoraigentaig Shencháin agus Aodh O Sencháin in sinnserbráthair táisech oirechtach ua Róngaile leo i láim dá dtigh do'n turus sin. is iat do tuit ar taobláthair in trénchatha i négmais madhmann na mórsluag sin .i. deichnebar agus trí fichit flathuasal do táisechaib cennadhairte na gcinedach, agus nír leth a náiremh dá nesbadaib ó sin amach; amail adubairt deghollam cloinne Chuiléin agá chuimniugad:—

Derg in chríoch so um chill nGuaire . re hathlam na haonuaire; imda fá chill nGuaire nglain . linn uainne tré na hiathaib Imda faidb is cinn is cuirp . ar fud a chríoch 's a chlárghuirt; ná sénaidh in bfáth fá bfail . méraidh go bráth in bág sain Do tuit isin troid menmnaig . Toirdelbach mac Toirdelbaig; glac iarnfada sin ghlinn ghlain . mac Diarmada finn fáthaig || Cúig fir dég d'úib Ogáin ann . áirem uile ní fédfam; a sódha nír bfell éidid . drem cródha d'úib Cinnéidid Do tuit lér narmaib sin áig . Maol seingshechlainn O Sencháin; in chraob ghrednach tiar gár dtaig . Aodh fial menmnach mac Murchaid Fuille iná deich bfichit fer . áirem a nég gá náirem; atá ó'n ló sin ár láime . i gcosair na combáige Tug sib go tenn in tressa . ba mana móráithesa; féchaid faghla tall go trén . dénaid calma a chlann Chuilén Do bérthai uaisle fá a bfuil . dogéntar mór nécht orruib; ní chélaid slóg fíoch bar bferg . dobhéraid mór gcríoch comderg

A haithle in toscaid turasbuain tresoirdeirc sin thugatar clann Chuiléin ar a gcathrennaib, do léig O laochBriain a nuasalbraigde  p.43 dá ninnsaigid ó'n uair ba fesach dó nachar b'iat ba chionntach do'n choméirge.

Imthúsa triucha céd ua mBloid: arna mborbscáiled agus ar dtollad a dtinóil, ar dtuitim a dtáisech agus ar mberrnad a mbrughad, ar gcrínad a gcathrach agus ar bfásugad a bfinnlerg, do gab truaige tromairechta Tuadmuman fá'n toice toirtimnedach táinic d'innsaigid na nuasal sin re hathgairit; agus dorigned snáth snadmchonailbech do shíol shaorBloid toir agus tiar ar éntsligid acht a náirdrí amáin. lucht miscaise agus mírúin Mhic Chonmara do médaig a menmasan ag cloistecht in chomloinn sin chille Ghuaire. fa hiat so na sluaig do éirig do'n dula so d'iarraid chloinne Chuiléin do chumgugad .i. cenél bflathuasal bfialarrachta bFermaic, cenél ndonnmeirgech ndegchloidmech nDúngaile, agus Domnall mílla malachdub mórtoirbertach mac mic Con cona choméirge: do bríg gur bfergach Domnall nach dó féin d'fognatar na hoirechta gan || uiresbaid. agus is iat so cumtha do chuiretar uatha do'n choméirge sin i gcenn Mic Conmara dá mhórtraochad .i. úi Flaithrí do Lochlainn O Dhegaid; cenél nDúngaile do shíor do tréigen; cert a dhúithche do chomroinn re Domnall mac mic Con .i. a dherbráthair féin do'n chur sin; agus éiric do tabairt d'úib Bloid ina mbrathdígbáil.

Nír ba des le Donnchad na dála sin; nír chomarléigetar clann Chuiléin dó a naontugad, agus ó nár faom a ndénam do léigetar na sluaig remráite ar éntsligid for loscad agus for argain ua gCaisín. mar adchonnairc Donnchad in degruathar naimdide sin, do chuir tinól agus timsugad ar a dhegmuinntir; agus ar dtecht go haonláthair dóib d'innsaigetar go colgda céimdígainn a mbidbada, gur feradh cath naimdide nemchartanach agus gleo gáibtech grodinnsaigtech etorro, gur brisedh do degDonnchad agus gur marbadh urmór a oirecht agus a uasaltáisech: mar atá Aodh aradach mac Conmeda, O Máildamna, Conn agus Mathgamain clann Taidg táibréid, Maolsechlainn mac Sída, O hAllmaráin, agus Conchobar mac Conduibh í hAille. agus ag triall do laochDonnchad ó'n dtachar sin, ar mbeith i nuathad sluaig dá imchoiméd do comairliged ag cuid dá mhuinntir féin in borbleoman d'innsaigid, do druim na drochcomairle sin gur marbad in rígmílid leo; amail adeir in tugdar ag cuimniugad na ngníom agus na finghaile sin:—

 p.44

Ar mbrath ré mbrath do Donnchad . tré [a] dtáinic ár dtromdorchad; méraid a dhíth go bráth binn . in bláth dína do tuitim Suaill gach duine go Donnchad . beg engnam fá [a] uallchonfad; ciall chobsaid gan a dul di. ní cosmail brug re baili Ní cosmail tigte re tech . ní cosmail triath re táisech; mar nach faghair ar lár ler . samhail do'n chlár um Chaisel Ní cosmail glaine re glór . ní cosmail cách sin chomól; brath ré mbrath do'n gasraid dil . ní casmail cách re céirdib || Atá i núir arna fhalach . is esbaid Aodh aradach; craob ghlanfaghach arna ghuin . Aodh aradhach is esbuid O Máildamna ar ndul i núir . is esbaid gan a impúid; in fonn grednach ó [a] ngalaib . Conn menmnach is Mathgamain Dá dtíset slán ár sluaig linn . is eisen tiar do tuitim; in fer sain rosfill ar bás . ro bud esbaid linn Lúcás Maolsechlainn mac Sída finn . Murchad mac Micraith chiallbinn; a mbresghuin nocha mbladfál . is esbhuid í hAllmarán Conchobar mac Conduib nár . cubaid O hAille d'imrád; atá a engnam gan fala . is degblad úi Donnchada Cuirem d'ár naimdeoin uaine . cumha Donnchaid dercuaine; léig flaith cé ar sechmall mar sin . sechnam go maith é ar éigin Anacul Donnchaid go derb . ar ilpianaib ar ifern; flaith léna ina luide ghlan . déna [a] Muire máthar

[A.D. 1310] Cidh tra acht ódchonncatar sluaig í shaorBriain agus sluaig Mic Uilliam ar éntsligid in tárbach fuaratar clann Chuiléin chathéchtaig .i. Mac Conmara do mharbad go míchomairlech agus cuid do maithib a mhuinntire do mharbad mar in gcédna, do léigetar sruthruathar sirtachais tar slesaib na críche dá crechloscad, nó go dtarrla ina nagaid do na hárdsluagaib sin .i. Diarmaid degbrethach mac Donchaid dianéchtaig mic Briain ruaid roscmílla, agus úi Bloid ina fharrad agus fuigell in chatha do chloinn Chuiléin; gur chomiadatar ina dtimchell go tinnesnach. nír hanadh agá bfaicsin ag na hárdsluagaib, go dtugatar rígmaidm rómór siar ar na sluagaib sin; agus do marbad i dtosach in mórmad ma sin Domnall delbda degtestach dianimresnach delb- chorcra glanbrethach || gasradach gomanáisech O Gráda .i. táisech tabartach tuathlínmar cenéil dergruathraig Dúngaile. ar dtaircsin na dtres sin agus ar scáthimpód dona sceimeltaib do chuaid Uilliam tar ais go coscrach i gConnachtaib do'n chuairt sin, agus do an O Briain ag borbchoiméd in tíre nó go dticedh Uilliam arís chuige.

Imthúsa cloinne Chuiléin: ar ndíth a ndegthigerna Donnchaid dércaig degnósmair do toghatar tigerna go deithbirech gan énfer  p.45 ina agaid do'n fialchoraid .i. in flaith línmar lethanchloidmech lonninnsaigtech látharchróda longportach .i. Lochlainn. do toghatar na tuatha ar a thoirbertaib in trénmílid, agus a chine ar a chonailbe; a laochrad ar a ghníméchtaib, a bhrugada ar a bhognáraige, agus a fhileda ar a fhialbuada; a amhais ar a innsaigtib, a chléirig ar a chertriaglaigtib, a óig ar a airbidnige, agus a mhná ar a mhilisghlóraige; nár chinn táisech ar testaib trénLochlainn i réim ná i rígteghdais.

Isin luan i ndiaid na himresna sin do chuaid in Clárach cona chathsluagaib, agus Diarmaid O Briain cona bhráithrib, agus dá chloinn Chuiléin cona gcinedachaib , gur loiscetar agus gur lomairgetar cenél bflaithimda bFermaic agus gur chrechatar is gur dianloiscetar mar in gcédna cenél nDúngaile; agus tángatar taobslán tar a nais dá dtírib féin. do delaig deghMaccon agus cáimSida riu do'n ruathar sin, go rángatar go tuaiscert Echtge ara haimréide.

[A.D. 1311] Imthúsa Uilliam Búrc cona brathsluagaib: táinic arís go deithbirech go hO rígBriain i mbél na sliged réidfoistinige cédna in ch édáin tar éis Mic Chonmara do mharbad, gur ansat in oidche sin isin gcrích ina gcomnaide gur timsaigetar lucht na tíre go tinnesnach as gach aon áird dá ninnsaigid ar in maigh sin. agus ar dtecht i néninad d'Uilliam Búrc agus d'uasalO Bhriain do || éirgetar re cédshoillse na maidne medhairchiuine arna márach, agus dardáin fresgabála go fírinnech in fionnlá sin, agus rugatar borbruathar buanimráitech báiginnsaigtech go Bunraite ruatharchróda.

Imthúsa in Chláraig cona mharcsluagaib agus cona ghasradaib Gáidel agus gallchoisidedh: tángatar ina dtromnél teinntide taobloinnerda tar tréndóirsib in baile go borbchomairlech amach, agus innsaigit go mullach in chnuic chédna do frestal chatha do na cathsluagaib sin í Briain. ó rángatar tra na hesgcáirde i nimfogus dá chéile ar láthair in chatha, d'árdaigetar aigenta na nuasalghall, do ghríoslas gnúis gacha gáidilríg, do dhriuch folt gacha ferógláich, agus do chlódhmesc croide gacha cédmacáim; go dtugatar ruathar torannborb trethanbuan tinnesnach i gcenn a chéile gan choigill, gur ba bedhg do'n mbráth a mbaramail. cidh tra acht rob imda acusan do'n dul sin mionn órda arna dhian scáiled, agus drech aobda agá duaichniugad, agus sciath ar scáthcongbáil, agus claidme ag créchtnugad, agus slega ag slistollad;  p.46 gur brised in maidm ré nO Bhriain cona bhúrcachaib ar in gClárach cona ranntaib carat, nó gur fríth Uilliam Búrc i neidirlén agus uathad sluaig agá imchoiméd, gur lámadh is gur grodbuailedh Uilliam leisin imarcaid. ódchuala sluag Uilliam a nurradh agus a nuasaltigerna do rochtain go rígchaislén in Chláraig dá chuibriugad, do inntótar uile a naighthe i nénfecht ar a ndúthaig féin is dorignetar coimlenga cianfairsenga comtinnesnacha com luatha.

Cidh tra acht ar ngabáil Uilliam go hanfochain do'n dul sin, agus ar gcur in áirdríg .i. fialDonnchaid ina raon madma dá aimdeoin ó'n imresain, do gab menma in Clárach gin gur mó a nesbada ná a néchta i ningnáis Uilliam do'n ruathar sin; go dtáinic laochBrian lebhair||thestach laomscarchroidech mac Briain ruaid tré tegasc dianinnsaigtech Domnaill Mic Chon móiréchtaig mara. do léigetar laomchrecha lebairdígainne línmarsceimeltecha fá chomarba Chrónáin cona chomairecht, agus tugsat leo na rígchrecha rómóra sin go Bunraite do'n ruaig sin.

Fecht oile dá ndechaid Diarmaid delbda duasachréid mac dianfoistinech Donnchaid mic Briain rathmair ruaid, cona dheg-bráithrib is cona dhegsluag uile ar éntsligid, ina laomannaib cobsaide cóirigte go clárúrlár cluana rámfoda ina ruatharchéim; gur chuiretar in cluain réidhfaithchech ródfairsing réimchonáich rígturchairtech fá ruadlasair. is mairg duine d'ar dúthchas in degbaile sin do fulaing in díol sin do tabairt ara degisdadaib: óir dob í sin isdad fosaid gacha héirennaig, ina huachtarán agus ina cennport ós cathrachaib gacha cóigedaig. táinic Diarmaid go degmenmnach ó'n drochruaig sin, agus do bátar leith ar leith re haimsir fada go hansóghach ar in órdugad sin: gan sógh ferannais ar a bflaithib, gan ghainne innill ar a noirrigaib, agus gan teist bogchánach ar a mbrugadaib gur leth fiadhail tar a bfionnfaithcib.

Iar sin do fuagair in Clárach comsluag coitchenn do gháidelaib is do ghlasghallaib; do fregratar uile i nénfecht in fuagrad sin, agus rugadar ruathar céimfoistinech rompa go réimdírech go Corcamruad oirterach. do lethnaigetar a longport, do tógbatar a dteinnte is a dtendala, agus do anatar in oidche sin isna hinadaib sin .i. Diarmaid mac doinnsaigtech Donnchaid mic Briain i gCrichmaill ina chomnaide cona ghlantsluagaib gáidel agá ghrinn-fregrad go grodurmaisnech; in Clárach i gcnoc Dloghain tar a néis in oidche sin.

 p.47

Imthúsa Donnchaid drechálainn delb||nuadeirg donnarmchruaid dotraochda degmic thestadbail triathimda treschróda toscoirdeirc Toirdelbaig: áirdrí Muman ar menmnaige in mílid sin, agus rí tabartach tuathchonáich Tuadmuman re tréimse; agus do ba áirdríg bladach ar Banba ar borbengnam is ar briantidlacad dá mbiadh foladh ag fionngháidelaib; ro an in táirdrí in oidce sin ar sliab chairn na foraire ina chomnaide. agus do bátar airdenna nemgnáthacha ag uaislib ina nárdlongport isin oidce sin, go nár léigedh suan do na sluagaib le siabarthaidbred na saobaislingedh; gur ba léir solas gacha sída tréna solaslabrachaib agá soillsiugad. do choméirgetar na ceithre tonna go dtugatar a dtromosnada ós árd go tinnesnach i nénfecht ar éntsligid, go ro líon árdmacalla na nosnad sin i gcailltib agus i gclochaibnib na caomFódla; agus atchualatar cách go coitchenn trí fascadha fáidhanbfanna féthmairgnecha follaschiuine fionnáibne sin oidce chédna gan chunntabairt. do anatar na huaisle isna huathbásaib sin nó gur éirig in fionnmaiden; agus do éirig in táirdrí i nurtosach in lái go láthair in chatha dá chomalnad. is í in buiden nachar fell ar in áirdríg nach raib ina fharrad sin inad sin, agus in dá buidin do dianfhell ar Donnchad is iat do bí go díthchellach agá dhlúthchoiméd .i. Mathgamain agus Murchad cona muinntir, agus cenél nDúngaile ina ndlúthchóirigtib. do choméirgetar i nénfecht leisin gcomairle coirpthe craobainignig sin: is mairg aigned do urmhais ar a hadbar agus is mairg duine do delb in drochcomairle sin. do gluaisetar ó'n sluag siar leisin saobchomairle sin ó sliab chaolródach chairn; agus in tan fa mithid le Murchad buille traochta in triatháirdríg do tabairt, tug a thraig re taca taobdaingen agus tug tuagbuille trénchroidech || go cert sin chenn do'n chaomairdríg. do ba usaide is do ba docraide dó in buille sin do tabairt óir is é féin do órdaig in náirdríg etorro agus in sluag oile agá chúlchoiméd: is mairg ar fhuráil in diabal na drochbuilleda dianláidre sin do tabairt. do fágbatar uile arna oidhid in náirdríg sin inad sin; agus is ann sin tángatar a fhileda agus a uasalchléirig dá innsaigid, mar adubairt in tugdar ag innisin bróin na Banba agus imshníma na hEirenn in láidsi ós cionn in áirdríg:—

Toirsech anocht Eire árd . cumha na Fódla is fírgarg; is céile d'ar chóir casra . fár léig Eire in asnadsa  p.48 Temair na ríg rád dírech . a hosnad is égcáintech; osnad Uisnig tré falaid . gá cluinsin is ciallamail Osnad ag Emain macha . tré aithméla in árdflatha; ní huallcha cosnam d'ar chinn . ná osnad Cruachna chucainn Osnadach Caisel na gcliar . tréna breith uada ar énrian; coscar a báide is a blad . osnad Aine ní hingnad Is imda osnad aile . ag cáined chinn Maonmaige; ag gach dáim do na dámaib . ag mnáib is ag macámaib Rí ní taitheocha i dTemraig . d'éis mharbta mhic Toirdelbaig; Muma chuirc do dorchaig di . cuma Donnchaid ghuirt ghailli Buille Murchaid fá mian uilc . do mac Sadba síl saorLuirc; truag in béd in buille garb . is mó iná céd do chommarb Is imda oirrig gan ech . is imda tuath gan táisech; ár mbidba ag sníom ár slat . imda rígan gan rígmac In buille sin do chríon cerd . do scáil mór mbanntracht mbéilderg; tug sluaig imda ag seolad sair . imda deorad do'n druing sin Bud imda finnchell go fás . bud imda éigse i nuathbás; tré flaith imda is borb a mbróin . is imda ord gan onóir || Ní teirce cách na crecha . bud línmar na leithbretha; táinic gach cinned do chách . ráinic gach milled mochtráth Do mill Murchad in Muma . dul innte ní hindula; do balb Muma tuaid is tes . luga a huail ná a háibnes Do chuaid fíráibnes Fódla . táirnic in tiocht d'urfógra; imda fer gan ual gan ech . agus ben go truag toirsech

Cidh tra acht ar ndianmarbad Donnchaid duasbogréid déircimda mic thestadbail treschróda tuathchonáich Toirdelbaig do Murchad go mallachtach míchomairlech amail adubramar, do chengail in Clárach na cinedaig re chéile dá gcomriar, agus do aontaig énríg orro dá riaglugad .i. Diarmaid doinnsaigtech delbchorcra dath-snuadach dédghlégel mac donnarmach deghailemnach desúrlabrach drechoirbidnech Donnchaid mic Briain roscghlain ruaid, agus do iadatar a tháisig uime go magh nAdhair dá óirdned ina áirdtigernas. do rígadh go réidurmaisnech ag na rígtáisechaib in réidbile, agus is é in flaith línmar lanchloidmech lethansciathach .i. Lochlainn mac Con milisbriathraig medha do ríg ar dtús in triatháirdríg; agus do faomatar na hairechta dá éis in comairle sin gan chlaochlód, amail adubairt fili Diarmada na degbriathra so:—

Gairem gairm ríg . bud rád fá blad in tír rostogh . do'n ghríb bud ghar Mac Donnchaid deis . is docht fá rún ua fialBloid fial . Diarmaid na ndún  p.49 Cubaid re cill . cennas ar chách croide na gcríoch . bile fó bláth Diarmaid dúin móir . mín beoda borb tug giall do'n gharg . a chiall 's a cholg || Aáibh 's a uaill . do scáil fá scéim in dos ó [a] dháil . do clos i gcéin Mumha na ndám . dutha dó sain riar a theglach thair . go grednach gair

Cidh tra acht ro chaith Diarmaid re denas go grodinnsaigtech gredanmór guasachtach in glanflaithes sin. isin bfogmar thosanach do tigernas Dhiarmada ar na deghoirechtaib, is ann do éirig in tiarla agus Uilliam Búrc tré báid agus tré buandúthchas, agus na búrcaig uile ar éntsligid, do trénchosnam Thuadmuman dá triath áirdríg tresoirderc .i. do Muirchertach mílla malachdub menmnach mórtestach mac triathlínmar turaschróda tresinnsaigtech taob-fadglégel teglachlínmar Thoirdelbaig; óir do ba chara gan cheilg do na cniochtghallaib caomThoirdelbach, agus ro ba dalta dó in táirdrí dob áil leo d'óirdned do'n dul sin .i. Muirchertach michairglic míleta; gonad aire sin ro éirgetar i nénfecht na hárdsluaig sin fá Uilliam mbélchorcra mbarraide mBúrc i dtimchell Muirchertaig dá mhórad.

Is í so slige do gabatar na sluaig sin .i. d'innsaigid in Fiadhail in noirchill na himresna, óir is ann toghtai leo in láthair ina gcuimeoscadais a gcatha do chosnam na críche tré chathimresnaib; óir do bí Diarmaid delbdígainn duasbogréid mac donnabrach Donnchaid co maithib a mhuinntire i mbél in Fiadail ag imfuirech risna sluagaib dá sraonad agus dá slisbernad, acht clann crechinn-saigtech Chuiléin amáin. óir do inntótarsan roime sin a nagaid risin rígiarla ag faicsin na fínemna fíre dá bfóirithin .i. in plannda d'fás ina naballghortaib, agus laogh ochta a nuasalrígan, agus sruth timchill a dtuathchóigcríoch, agus cúl comairce gacha cuilénaig chucu .i. in mílid maothfoltchaom || mórtoirbertach Muirchertach.

Imthúsa in dá sluag .i. Uilliam Búrc cona bhrathsocraite agus Diarmada í Briain cona bhorbfednachaib: d'innsaigetar a chéile gan choigill. is ann sin ro innsaig Muirchertach mac taobghasda Toirdelbaig, agus Lochlainn riabach O degDegaid, agus degchlann Donnchaid blogaig buantestaig, agus fionnairecht Fermacach tosach na caille ina gcéimruathar dá cosnam, gáidil Chonnacht re a gcois dá gcúlchoiméd; agus ní dernatar acht deilb in diantachair in  p.50 tráth do brised do muinntir Dhiarmada go deglamaig. do doirtetar na sluaig go tinnesnach fá'n tír agus do téchtatar na tuatha do'n turus sin, ar niadhad do chloinn Chuiléin re a gcomdalta ré gcách. do díchuired Diarmaid do'n dul sin go bun réidúrlárach Raite i gcertfogus in Chláraig, agus do gluaisetar gáidil Tuadmuman go tinnesnach go mag nAdair d'áirdrígad in fhinnbile fhírdúthchasa fialMuirchertaig, óir d'éirig aignedh gacha huasalríg agá fhaicsin; agus táinic in triath línmar lethanchloid-mech línmarbruidnech laomscarchroidech .i. Lochlainn mac Conmeda dá rígad ina ruathar réimfoistinech, gonad ann adubairt na degbriathra so:—

Rí Muman Muirchertach . nach meth fá'n mórainmsi biaid gríb in ghrianfuinnsi . ag sním in slógairmsi Rí triathach Tuadmuman . traochfaid gach tromnáma flaith fírghlan fionnghaola . línmar a longdála Bennacht trom Toirdelbaigh . na tuile táibglégel flaith líchenn cáimdeoraid . rí seng ár saorgháidel ell delbna dígainne . ar dath úi donnMogha gell féile is senghníma. le chéile ag congnomha Gell ratha is rígachta . rug in barr bunchlesach cenn féile fionnchorcach . gell méide Muirchertach || Mac Saidbe súlghuirme . slatbile sográdach féinnid saor sengnélach . craob chéillid chomdálach Echtair a innamail . ós iathaib Laoghaire rian Banba boraime . Brian amra ár naodhaire

Cidh tra acht tar éis Muirchertaig menmnaig mic mórdálaig Toirdelbaig do rígad, agus ar dtecht do táisechaib in tíre fána thigernas, do bátar in dá áirdríg aimsir fada ar in órdugad sin; go nderna in Clárach comtinól sluaig agus Diarmaid cona bhráitrib maraon ris, go dtángatar ina dtromnél tinnesnach tresamhnáirech doedranda dianinnsaigtech go longport triathMuirchertaig. agus ní raibe róchumas a aince ag uaislib in longpuirt ar na laochnaimdib re a línmaire, gur folmaiged in flathlongport ag na flaithib sin. rángatar ríguaisle in longpuirt ó'n luathchumasc, agus anatar uasalrúta in iarla re cathugad ó nachar b'eolach iat re hingabáil. do fuaratar briathar ó'n mbarún is ó'n mborbleoman dianfoistinech Diarmaid mac donnabrach Donnchaid, agus rugatar leo in rúta ar in réimchórugad sin go rángatar i bfogus bona réimchonáich Raite.

Odchualatar dá chloinn Chuiléin cathruathar in Chláraig go  p.51 longport a rígtigerna, dorignetar tinnscetal tinnesnach agus éirge urlam agus imtecht obann ar lorg in Chláraig dá chomfasdód go Bunraite do'n ruathar sin, go bfacatar na teinnte is na· tendala ar in sligid ina bfogus. do gabatar ar chéill gan chunntabairt gurab é in Clárach agus caomDiarmaid adchonncatar. do innsaigetar in laochrad go lúthgáirech in láthair, agus ní bfuaratar sin longport ar a gcionn achtmad rúta in rígiarla do gab in Clárach ar a chomairce isin chédscainner. ba chrád aithméla le clannaib Cuiléin nach iat na flathgoill || agus na fionngáidil fuaratar, agus do chuiretar in rúta tar a nais go Connachtaib.

Do bátar tromairechta Tuadmuman re hed in fógmair ar in órdugad sin, gan uasal d'impód orra i gcoinne Diarmada ná in dubChláraig, nó go ndernadh comfu agra coinne itir Mathgamain mborbruathrach mbrígaigentach mbuantestach O mBriain agus Lochlainn rathmarbog rígtoirbertach réimchonáich ruatharmer roscabradghorm riabach O nDegaid; agus do chóirigetar cuinnemh cille sruthguirme srebhuaine síthoilénaige sográdaige [na] subhalach. do gab mac í Briain ag brégad Lochlainn go mórtuarastlach a hucht in Chláraig agus caomDiarmada, agus ní raib tarba isna tuarastlaib sin óir ní tréigfedh Lochlainn Muirchertach mac taobghasda Toirdelbaig ar innmus Tuadmuman cona táibimlib; agus do fágaib go hesaontadach in cuinne ar in órdugad sin.

Odchonnairc Mathgamain míchórugad muinntire Lochlainn ag lethanscáiled dá dtigtib féin agus meirgeda donnchraobacha Diarmada í Briain cona bhloidechaib do leith a chúil chuige, mar do chóirigetar in celg acu um tosach; do léig Mathgamain mórmenmnach é féin cona mhuinntir tar in abainn siar go sotal-borb do lenmain Lochlainn go luathurmaisnech. do chuaid in toirechtas uile uatha do'n dul sin, agus ní dechaidh aonduine gidh nemgnáthach ó impód laomscarcroideeh Lochloinn go hu rlam i ndáil éga do diantabairt chatha do na triathrígradaib tángatar dá ninnsaigid sin inad sin. agus ó nár dingbála le hO nDegaid fregra na ndlúthfednach, rug side sanntach sáthadmer i medón na mórsoch raite; agus do fágbatar a bhegán fednach féin in fláithmílid ina aonar itir a esgcáirdib. agus do chuiretar cathspairn || égsamail nemgnáthach sin inad sin, nár cuiredh ó chath Sceua sciamfoclaig re scáthsluagaib portuaine pobalghlana Poimp cath bud nemgnáithche iná énfer ag cathugad re cédaib. ||

 p.52

Is ann sin do gab glanLochlainn agá marbad agus agá minscáiled, agá dtollad is agá dtaobscoltad, agá sraonad is agá slisbualad, go dtugatar uile i nénfecht a naigthe ar in árdmílid. do léigetar saitheda dá slegaib agus sruthlega dá saigdib agus cithnéla dá gclochaib i nénfecht ar in árdflaith, gur níthed a nert ó na neithib sin; gur fhaom a ghabáil do na glantsluagaib arna iarraid dóib féin ar in rígmílid. do chreidetar cenél bFermaic do Diarmaid do'n dul sin ódchonncatar a dtor congbála ar a chumns. do éirgetar na fermacaig agus fionnbloidig uile fá Diarmaid do'n dul sin, agus tugatar uile i nénfecht a naigte ar chloinn Chuiléin uachtaraig dá hargain go hainiarmartach; gur taobnochtad in tír fá trédairgib is go rugad uatha i nénfecht a neich is a néided is a ninnile, agus gur folmaiged a bfionnbruidne; go ndechatar a nuaisle as ar éigin gusin bflaith línmair lethan-bruidnig Lochlainn.

Imthúsa Diarmada doinnsciathaig mic delbchorcra Donnchaid: do gab gialla agus braigde na nglanoirecht i bfégmais Mic Chon menmnaig mara amáin. do chedaig Lochlainn do Ruaidrí mac taobsolus tresinnsaigtech Taidg dul ré gcloinn Cuiléin uachtaraig do innsaigid na sluag ó [a] bfuaratar a rígargain roime, tar cenn a narbhonn agus a nisdadh. do chinnetar clann Chuiléin comairle, agus is í comairle ar ar cinned leo do'n chur sin .i. Domnall mac mic Chon coscardlúith co mbrugadaib téchtchonáich in tíre ina thimcell do anad sin tír dá tesargain, agus braigde ó Domnall do Diarmaid do'n dul sin tar cenn a chríoch agus a chinedach; agus Lochlainn cona laochbráitrib .i. clann Chon mórfoirgnemaig meda do dul as in tír amach cona || theglachaib cona mharcsluagaib agus cona mhórchethirnib, go mínchlár maothuaine múrghlégel Maonmaige d'innsaigid in áirdríg fhíre .i. Muirchertaig mic tresoirdeirc Thoirdelbaig. nír chian do chloinn Chuiléin sin chomnaide sin in tráth do chuaid Mac crechinnsaigtech cloidemderg con agus in slatbile sográdach sluaghgrod Sída ar cuairt i gcríchaib a námat go nemchoigeltach, co ndernatar loscad agus luathcrecha agus lethanmarbad i núib Róngaile ar O Sencháin, agus rugatar na crecha go coscrach leo i gConnachtaib.

Imthúsa Tuadmuman: tángatar uile i naoninad dá fhios cá hórdugad dogéndais ar ghlanLochlainn O nDegaid; agus is amlaid do órdaigetar acu a chur chum báis gan fuirech, ar egla go soichfedh slán as na sásaib sin. do chuadar lucht a mharbta  p.53 dá bhráitrib go héscaid dá innsaigid, agus dorignetar in míchomairle móresbadach merdána mochtriallach sin .i. marbad Lochlainn go luathchomairlech. ro ba chrád chroide le cloinn Toirdelbaig in triathécht sin, agus ro bátar dilsigte dá ndúthaig re dénam a dígbála; mar adubairt in tugdar ag innisin churta in chath míled:—

Esbadach fidchell clann Cais . testa fer do'n fhéinn armglais; gníom ó nach desbladach drem . is esbadach in fidchell In cluiche conach ní glic . cluiche milledh go minic; dobeir sé in finnchlár go fás . is imchnám é 's is uathbás Ar nguin fhir do'n fhéinn ghlaine . sé sin chill na chomnaide; fer do ghuin 's a chor i gcill . cor nach fuil ar in bfidchill Is é in fer gonta glan sain . Lochlainn fial ní féil esbaid; flaith ché ní rug a chenn cor . is é tug gach fonn folom Clann Toirdelbaig nír tréig sé nó gur dorchad a deghgné; biaid tall i ndoinnlebraib den . clann Toirdelbaig ní thréigfed Ná tréigedh anam in fir . clann Toirdelbaig chrích Chaisil; do toghfainn ua dTáil na dtres . Lochlainn dáib ro ba díles || Adeir Cáid na gcomrád nglan . gan tigerna do trégan; [siat] fir téit sin tech nemda . gach fer nár tréig tigerna Dogébaid Lochlainn lis brain . tech Dé más fíor in rád sain; do bhrug buada a Dhé is des . dul uada is é as aimles

A haithle na tromoidheda sin Lochlainn í Degaid fa chomim-snímach clann Toirdelbaig ó'n tromesbaid sin.

Imthúsa Shída sholusghlóraig: do chuaid i gcrích na Bóirne dá buaidrem, dorigne crecha cédimda agus rug leis i gcrích Chonnacht chlártorthaig iat; agus rob é críoch in chogaid sin cáimSída tar éis na creiche sin gur gab galar gáibtech in gégbile gredhanmór grodinnsaigtech guthaobda. do fuaratar a esgcáirde scéla Sída do beith isin tslaodán sin, agus do dlúithigetar tar ciumsaib na cóigcríche ina dhiaid. ódchuala Mac crechruathrach con na cóirigte sin, agus clann Ghillamochainne ar a ndeoraidecht ina chomfogus ag agallaim a chongbála ó'n gcrechargain sin, agus is é Tadg mac Donnchaid í Briain ro ba thrénráidtide do'n tromaicme sin; do éirig ferg Miccon résna cóirigtib sin, go rug ruathar rachtfoghla rígtechtach tar a roinn cóigcríche anoir dá rochtain. tug lám tar a lethanbuailtib, do gab in tech ar Tadg mór gur mochdúscaig as a mhínlebaid é, agus do glacad Tadg go tromarrachta le trénMhaccon cráisechgorm. tugad lám tar na luathcrechaib soir go slioschlár sluagMhaonmaige, agus Tadg féin  p.54 ag na fionntsluagaib ag fiadnaise a airgthe dá aimdeoin go baile breclocha rannturcharthaig réimingnáthaig Riach, gur cuiredh i gcaislén in iarla i neidirecht a uasalbráthar; agus ní cian go dtáinic a dherbráthair oile ina dhiaid le[isin] ndegMaccon cédna agus crech mór maraon ris: Mathgamain donn a ainm sin, go rabatar conachlonn carat isin chaislén chédna.

Imthúsa Shída: do tromaig a esláinte go himarcach air agus do tuig gur deired dá dhálaib ar in saogal so. do adhair in náirdríg, ||do diult is do tarcaisnig in doman go díthcellach deithbirech, do timain a chorp do cháimBrénainn agus a anam d'áirdríg nime agus niamhtalman, agus fuair bás ar in órdugad sin; mar nár sáiledh in sluagbile sideghrod d'faghbáil báis acht i nimresnaib.

Do hórdaiged is do hadhlacad go honórach i gcill Bhrénainn i mBirra in bláthcorp sin: tugad bláithleca bordriagalta gusin degduine imon adhlacad; agus tugatar a theglaige trí tréngárrtha tromchumad fá'n trénmílid nó gur choiscetar a gcuingeda agus a gcomairlig in cuma sin, agus adubratar go degmenmnach nár dual a dénam ar deoraidecht; mar adubairt in tugdar ag uaisliugad na hoideda sin:—

Toirsech na sluaigse im Sída . ar ar cuired tromlíga; ní brón coimse in fáth fa bfuil . is tráth toirse d'ar dtriathuib Do bí i ningnáis a airecht . truag a dhul ar dheoraidecht; uair rachait síol dTáil dá dtaig . gníom gan a dháil na dhúthaig Cáinfid cách ua [mer] Moga . ar banlergaib boroma; bud buan spéis úi Moga mir . tar éis dola ina dhúithig Cáinfit mná ar maig Adair . gach ansógh uile fuarabair; brón erraig ag gach airecht . ná denaid ar deoraidecht Mo chomairle gid cóir dam . dáibse is doilig a dénam; beith gan luad binnfagla úi Brain . sluag intsamla da athair

Do chuir go mór ar Muirchertach gan Sída agá slioschoiméd; agus gidh fuaratar clann Chonmeda in móresbaid sin do chalmaigetar in cogad go catharrachta.

Imthúsa ua nDegaid Diarmada .i. cloinne Donnchaid agus donnFlaithbertaig: ar luathmarbad Lochlainn tángatar féin go féthcháirdemail uile go haoninad do roinn fedhmanais í uasalBriain etorro .i. táisigecht cheitheirne Diarmada; agus is é trénroinn tugatar clann Flaithbertaig duinn ar in degfedmannas sin .i. dianfell do dénam ar degmacaib Donnchaid go dobriathrach ina  p.55 ndrochoirechtas .i. Lochlainn || ruad agus Ruaidrí ruaigéchtach; agus tugatar oidid anabaid ar na huasalchoilénaib sin, mar adubairt in file na focailse:—

Esbaid mór . marbad triath táib re táib . do chráib Chliach Lochlainn ruad . is Ruaidrí réid fá'n iad úir . fa fial re féin Dá chrann chuir . dá chráib chnó beith nach bia . do chleith chró Cruth is calg . ciall is conn rosfuair fell . gach uaill oll Trén is tolg . tenn is tres buaid is blas . tuaid is tes

agus fa gníom mór le glanchloinn Toirdelbaig na troméchta sin gidh i leith a mbidbad do bátar.

Imthúsa muinntire í Briain: do gabatar ag cruadugad a gcogaid, ag comfásugad na gcríoch go coitchenn, ag imadugad a nécht agus ag coitchennugad a gcrech, go nár fágbatar bruach ná boillscén gan buaidrem agá mbidbadaib, re himad a gcrech agus a gcumasc, a dturas a dtachar agus a dtulán; go ndernatar aontonn ar crith do'n cháimthír ó chill Dalua go léim Conculainn.

[A.D. 1312] Imthúsa Domnaill donnabhraig degsnuadhaig mic mic Chon choscardlúith cholgfaobraig chríchálainn: do cóiriged a thír go téiglide leis risin tréimse sin. i bféil Pádraic in erraig échtadbail sin is ann do riacht tinnscetal tromghalair in trénmílid, go bfuair bás ó'n troméigen sin agus rugad dá adlacad go honórach le hoirechtaib a uasalchorp; amail adubairt in tugdar ag innisin na hoideda sin:—

Síth dé duit a Domnaill . a dos fialglan fíre go bfagha a ghég ghaille . do méd is do míne T'einech is t'aingne . taob re dáim dá derbad is laomdacht do longbrugh . t'aobdacht is t'engnam Do chiall is do chédfad . nach clos tréd ghlór ngégda || croide nach fes foghra . a bile des dédla Clann Chuiléin bud chorrach . ód chur i nuaidh naolbláith bruinne sin fá'n siangaidh . fir gan chuimne ad chaomráith Drecha derga ar ngormad . gorm gach derc gur dergad scél nachar iarr ugdair . gach ciall arna celgad Fuath re Domnall daire . déine buirbe is braise dún deoraid a ndeise . ag leoman úr aise

 p.56

Do órdaig Diarmaid O Briain degmac nDomnaill ina inad ós na hoirechtaib .i. Maolsechlainn armláidir uasalghnímach einech-buan, agus adubairt Maolsechlainn nach fáimeochadh in ngairm sin gan chedugad do chaomLochlainn. do chedaig Lochlainn na laochoirechta do beith fá tigernas in trénfir sin nó go roiched féin dá bfóirithin, agus do gabatar muinnter Muirchertaig ag min-chuartugad in tíre agá taoblomrad dá crechad is dá críochargain. dorignetar clann Chuiléin fá'n am sin crech ua nDobarchon agus crech cille eo na súilech ar a sálaib sin, agus crecha imda oile nach áirmither; agus do bátar cenél bferchonta Fermaic ag folmugad a bfinntíre fírdúthcasa féin tré beith dá mborbnaimdib agá himchosnam ina nagaid.

Do bátar leith ar leith go héchtach imsnímach nemsuaimnech ar in órdugad sin .i. Diarmaid ag dlúthugad na ndegoirecht agus clann Toirdelbaig go tinnesnach agá dtrénscáiled. do bátar re hedh ar in órdugad sin, nó gur comfuagrad coinne ag na cniocht-gallaib Connacht agus ag gallaib glanMuman .i. itir iarla Ulad agus in árdChlárach; agus tángatar in dá borbsluag sin agus [in] dá O Briain go braonlergaib fonnbláithe féthúrláraige ua bFiachrach .i. itir Muirchertach agus mórDiarmaid.

Is í sin uair agus aimser do chuaid begán do brugadaib cloinne crithtortaige Chuiléin ag lorgairecht tar ler i núib fethnaide Floinn. ní tugad aisec imlán do'n buidin sin, agus ní tugad in dá thuras orro ag na hesgcáirdib .i. dul agus techt dá dtigtib; agus in fer ar a rugatar do na rígbrugadaib dorignetar a sráighled go taom||ghallda tubaistech. tángatar dá dtigtib in chuid eile do'n buidin sin agus d'innsetar a nesbaid dá noirechtaib. do éirgetar clann Chuiléin agá chlos sin dá léigen féin fá lebairtriucha céd ua mBloid ina mborbruathar; agus nír chian do na cuilénchaib isin gcomairle sin in tan adchonncatar chucu flatha na bfionnbloidech uile ar éntsligid dá ninnsaigid ina marcsluagaib menmnacha medhardána, ag techt ó'n gcomdáil chonnachtaig ar gcomroinn in glantíre itir na géigrígaib .i. itir Muirchertach agus mórDiarmaid. ódchonncatar clann Chuiléin in comtinól colgórda clethcorcra sin chucu, ro ba chuid chroide leo faicsin na bflathuaisled do dígail a mbrugaided ar a ndergnaimdib; agus tugatar a naigte i nénfecht go hamnáirech ar na huaislib sin gan urrad gan árdtigerna rompu dá rígseolad, achtmad coméirge na gclannmaicne tré combáid do thoisc na hesonóra fuaratar. nír congbad go fada in chathláthair  p.57 ag na fionnbloidechaib sin; gur madmad ar a muinntir go deithbirech, gur trénglacad a dtáisig, gur hesonóraiged a nuaisle agus gur hairged uile iat fána nechaib fána narmaib agus fána nédaigib. dorigned échta oirchesda dá nárdbrugadaib, agus dob í dímiadh a nuasalbraigdedh gur b'é a dtimáin rompa dorignetar dá mbailtib féin. agus ní fada do beitis úi Bloid sin mbraigdenas; muna biadh Maolsechlainn i niathaib ua mBloid in tan sin, ní haineochtai na huaisle sin. in uair táinic Maolsechlainn uasalgnímach dá ninnsaigid, do fuagair sé gan fuirech gan a mbásugad agus tugad a naisec do'n uasalárdríg tar a nais.

Do bí in chomroinn sin ag na cáimrígaib ina gcertinad ó ghaire na glanlughnasa go ndechaid in tsamain secha, gonad ann sin táinic O degBriain tar || druimlergaib in tíre go tinnesnach toscarrachta; agus nír fuilngetar na hoirechta a fhaicsin gan éigem go hilgáirech uime, agus do fregratar na rígtuatha as gach aonáird na héigme sin. do fuair in táirdrí áithes ar fírrinn na fednach sin gur marb maithe dá muinnteraib, agus do gab in tír go tinnesnach re trénchathugad; go ndechatar cách fána chéile do na cóirigtib sin, gur combuaidredh in tír itir imlib agus ós a boillscénaib go coitchenn; go ndechaid Diarmaid ar dtús sin triucha céd uachtarach dá cosnam, gur marb imad dáine dá deguaislib agus gur chosain in cáimtriuca uile i nénfecht do'n dula sin. tug tres téchtaidh ar Tuadmumain uile go taomláidir treschróda; go nár fágaib do'n tír gan argain acht Mac Conmara cona oirechtaib, do chuaid ar daingnib a ndúthaige agá ndeg-choiméd féin go nár b'urusa a ninnsaigid re cródacht a gcomtinóil agus re hágmaire a ninnsaigtedh agus re toiscbeodacht a dtigerna go róminic d'fios in oirechta sin. ní tigtí uatha aonchuairt acht fá aithméla; go rabatar ar in gcogad comguasachtach sin cor in gheimrid ghlanfuair gaothláidir garbosnadaig, go dtáinic tosach in erraig dá ninnsaigid. gurab ann sin do thriall triathLochlainn dul tré chomairle a chlannaicmedh agus a chaomoirecht go baile in Chláraig ar a chomairce; agus dorigne Diarmaid brathaimles ar chaomLochlainn, agus adubairt gomad dilside Tuadmuma do'n trénChlárach dá gcongbadh é i négmais a oirechta do'n dula sin. do gab in Clárach claonbrethach crechfallsa ciallainbfírinnech chuige ina chroide na comráite sin agus || do glacadh glanLochlainn go láidir ag na ladronnaib agus do cuiredh imad iarainn go grodfírinnech [air].

 p.58

Do faomatar na hoirechta síth risin saobChlárach d'faghbáil na flatha ar fuasclad; agus is iat so na fuascailte aidbsecha d'órdaigetar d'faghbáil as ó na hoirechtaib .i. a dhá mac i mbraigdenas bunaid do'n borbChlárach, trí céd bó blénghasda do chionn ghabála na nglanbraiged sin uatha do'n dula sin, agus Lochlainn i láim Diarmada donnabraig i ngioll re braigdib in oirechta dá fhuasclad. rugatar as in nerrach agus urtosach in tsamraid ar in seolad sin nó go dtáinic teidm tubaistech do triathríg Thuadmuman .i. legan na gcuislenn tré chlechtad do'n cháimríg, agus ní ro oil in táirdrí in esláinte sin: óir dorigne rith agus fiadach agus marcaigecht go míchomairlech, agus imchar éidid tré faitches agus tréndegduinecht. do chuiretar na neithe sin a nénfecht ar in árdflaith; gur tiughaig in teidm sin go tromadbal ar in trénáirdríg, gur luidestar in laochmílid re himarcaid na hesláinte.

Is ann sin táinic Maolsechlainn armchorcra Mac Conmara toisc toirtimech drochamail d'fios i Briain isin mborbéigen sin. ód chonncatar úi Bloid in bithesgcara borbinnsaigtech i nuaignes etorro, agus caomLochlainn dá chumus go ródaingen i ruad-gheimlib, do gabadh go grodinnsaigtech garbfelltach in gégbile guthaobda glan Maolsechlainn uasalréid agus do geimhliged go greimdaingen é.

Dála í Briain: do bí borrfad bisig ar a ghalar gérneimnech nár dhelaig agus a dhianesláinte go nderna in tég a nimscarad; mar adubairt in file ag foillsiugad báis in áirdríg ||: —

Táinic crech ríg go ráith Briain . dorigne fásach d'finnchliaig; ráinic ar gach leth go ler . táinic in chrech go Caisel Táinic go trom na tuile . in chrech go bord Boruime; is í in chrech sin in chrech the . gach nech i nesbaid uaithe Do hairged do'n chreich tiughtroim . ó'n áth go léim gConculoinn; do luig a chuibrech's a chacht . ó Luimnech go clár Connacht Diarmaid mac Donnchaid dúin cháin . crech Muman nár mór anáib; in chrech sin ar ndula di . luga gach esbaid uaithi Beg dúinn gach scél go [ro] scaich . dorus ár nég uile a ég sain; má atá i nuaim gen go bfoil. is é ár lá luain in lá soin Is é ár lá brátha bunaid. ég í Briain a braontulaig; fá chéd 's ár nDiarmaidne ar ndul . iarrmaidne ég ár naonur B ud imda esbaid dá ég . biaid gach [én]chríoch gan choiméd; réid do bíodh in rogég rib . dogníodh coméd na gcríoch sin Do choimédaig cell is tuath . brég agus fell a dhergfuath; éscaid gríobh aobda na nech . dogníodh go laomda léirchrech  p.59 Do chongbadh do gach cill cáin . dobeiredh sóg is síthcháin; dul do'n chill le fer ferta . tinn gach cnedh ó'n gcuidechta

Agus táinic crech chianainchech choscardlúith chruaidinn-saigtech chréchtadbal chríchesbadach oile chum cloinne Chuiléin re cois na creiche sin .i. drochcomairle dhianfelltach dlúithmiscnech dergnaimdemail do dénam do chloinn Briain ruaid ruithenmóir agus d'úib Bloid fá chenn Lochlainn liosbruidhnig agus Máilsechlainn órduasaig. dar let ní raibe duine degchomairlech ag in drochórdugad sin; agus is iat clann Ghillamochainne ro ba chanánaig choraidh ar in gcomairle gcruadchroidig sin, agus ní fríth énfer ina hagaid do na hairechtaib; óir ní tuigenn fer na fingaile go bráth olc dá bfaghaib féin trésna feillbertaib, acht amáin go bfuigbe a fher tnútha dá thréinmilled. do cinned ar in || gcomairle sin ag na cinedaib, agus do chuatar dá críochnugad go crích cinnte agus go hinad áirithe. nír chosmail re cóir mar do chóirigetar na caomhtáisig; agus do scáiletar in tír na sciam-flatha scáithlínmara scainnerchruaide, agus rugatar Lochlainn leo go loch cithbraonach cláranfadach caladréid ciumasuaine cúla mín dá martradh. do imretar a nuaisle uile i nénfecht lám ar a laochmilled maille re cloinn Gillamochainne dá chédbhualad, agus tugatar na bloidig bás Póil phortuaine pennchorcra paiderghlain ar Lochlainn ar in láthair sin .i. a chenn do bádhad iarna bhuain dá cholainn tré chelgfelltaib ua mBloid trénnaimdide. agus rugad Maolsechlainn uada as in inad sin i nuaignes aithmélach dá bhásugad; agus do díchennad go dianláidir in degflaith, agus nír fágbad ar egla a fhaghbála dá fhírcháirdib i néninad é itir chenn agus chaomcholainn. agus tái[r]nic dá scél scíthmairg agus dá teidm traochta na dtriathchinedach, agus dá lá brátha na mbrughfoirgnem so, mar adeir deghéiges cloinne Cuiléin agá gcuimniugad i nirisib in áirdlebairse. óir is ann fuaratar na huaisle so a naideda .i. i gcalaind iuin ghrianamail i gcenn dá bliadan dég ar trí céd bliadan buanchuimnech ó ghein Chrísta i gcorp daonda go dianbás na déise sin:—

Teidm ós gach teidm díth déise . béd mór é rena innisin; truag mar do chumgaig sé ár seilb . dá urdail é is énteidm Dá olc i nénfecht fuair sinn. dá chráib Tuama do tuitim; díth na dtréinfer sain rom thruaill. ní héinesbaid gid aonuair Dá marcach Adhair uaine. dá chráib Echtge infuaire; dá chride gan chaomna ghliaid. dá bile aobda i nénchriaid  p.60 Dá dtuitedh duine díob sain . ro bud teidm truag nár dtírtaib; bró tulcha in fhírchuaine fhinn . urchra a bfírthruaige againn Gar tar éis Donnchaid daile . go bás dá craob Crechmaile; créd tuc gan a ndula di . ruc a gcuma ar a chéili || Cuma Lochloinn dár legad . a uaill nochar b'imegal; a áibh gan tlás nach sechnaim sin . bás Máil sechlainn rom íslig Cuma Máilsechlainn echtga . mór in anbuain oirechta; cuma Lochlainn ar gach ler . do toghfainn tar gach énfer Lochlainn i láim nár lámad . énscél air ní bfuaramar; craob in genchroinn na dtres dte . Maol fionn sechloinn des daile Maolsechlainn óg mar Echtair . gá imrád gár noirechtaib; cride go calma go droing . gach file ag labra Lochloinn Lochlainn as lerg a sechnad . da bfaghta fer finnchechnad; craob gan tlás ó Echdruim fuar . bás Máil sechluinn is anbuan Maolsechlainn nír bog in fer . terc curad ar nach cinnfed; [terc ní ar nach cingfedh le a lainn]. terc rí nach lingfedh Lochlainn Do chuaid tré chirrbad na gcleth . in tengnam is in teinech; bud fada a ndeibech dá ndul . in teinech is in tengnum Loch cúla mín nach mín stair . aile i núir Lochlainn línmair; tré stuaig úir daire dechair . ní haile an úir foilechair Maolsechlainn nár ér ollam . tair fá'n sliab do sliostollad; leoman fial gar ngaire ó gréin . in sliab a aile núirséin Tar éis da onchon Echtga . beg nuaille na hoirechta; fírliag na ndagfocal dte . ag anocal na háite

[A.D. 1312] Cidh tra acht ar ndíth na déise so agus ar ngabáil menman do na mórnaimdib, nír sáiletar gomad éirge do na hairechtaib ó na héchtaib sin; nó go dtug dia go degchungantach láim re degoirechtaib cloinne Chuiléin do'n chur sin. do toghatar a dtigerna, agus is é fa togha agus fa tigerna dóib in tráth sin .i. Mac ciallghlicnáirech cathachnósmar cobsaidbeoda con; agus ní raibe do togha ar in tréinmílid acu acht Mac Conmara do ghairm go gléithinech do'n ghlanchurad.

Odchuala tra Muirchertach na mórscéla sin, do gab ag comtinól a charad connachtach go dtángatar do'n turus sin d'innsaigid a náirdríg go héninad .i. Tadg taobfadréid triathlínmar tidlaictech || críchfairsing cruaidimresnach cinedlínmar O Cellaig cona chom-éirgib catharrachta crechminca do chabair a dhegríg dúthchusa; óir is dúthchus do chloinn Chellaig sech gach cined connachtach clann buanáithesach Bhriain bhoraime, óir is tré raithbennachtaib Briain buanaigter maith na mórchlainne sin. táinic fós go buanaisech isin choméirge chobsaid chédna .i. Amláib aomh- glórách aignedghlan éscaid uasalréid oirbidnech mac Murchaid  p.61 mínuirghellaig mórdercaig í Madadháin cona mhersochraite mhór-choscraig; agus do bí áilges in imchosnama ag in mbuidin sin tré dúthracht a nderbchomaltais, agus fós tré Murchad ag mianadhrad do mórThoirdelbach O Bhriain ria sin. táinic fós sin bfedain sin rúta rígUilliam rósaigte roscálainn baschuirr bántroigthig beoda binnchomairlig Búrc agus ceithern chatharmach chneiséidigte bhorbláidir bhuaninnsaigtech in Bhuitiléir. agus ní raib in tan sin ag adrad d'fialMuirchertach O finnBhriain .i. áirdríg tresarnadh Tuadmuman achtmad uathad nó begán d'aicmedaib dúthchusa Tuadmuman .i. Macraith delbsnuadach drechchorcra déidgléigel desráitech O Degaid agus gléire a [chinid] fhial-beoda foistinig fionnuasail fermacaig, agus do iadadais sin um Muirchertach in gach imresain; agus cuire cróda crechminic ciallchomairlech ciuinbeoda cruthnáirech cloinne Taidg fá trén-Domnall mac Taidg triathgasda; agus muinnter laomda lebair-chrechach luathinnsaigtech látharchoscrach lescimpódach Lochlainn fá laochMuirchertach laomtidlaictech O Lochlainn; agus clann chróda chiuinbeoda chrechminic cholgneimnech choscairdian in Chuimínig do choim éd in áirdríg i nimresnaib. do éirgetar in taos gérarmach glanéidigte gormchloidmech grinnchomairlech gredhanmín gradha, agus tángatar rompa ar in ruathar sin go baile cladhréid cúlfairsing críchsléibtech í Chonbhaig do'n chur sin. dorignetar tendala táiblethna tiughárda torannborba || go tinnesnach agus do gabatar ag glanchórugad a bfeolbaig. nír chian dóib sin chomnaide sin in tan adchonncatar chucu ina chéimruathar chomtinnesnach aonmarcach le hoirchisecht rabhta chum [in tsluaig]. O Sennaig fa sloinned do, agus do ghoir chum chogair in caomáirdríg chuige agus is edh so adubairt go deg-chéimennach: tángatar ámh ar eisen Tuadmuimnig ina dtuile tromadbal trethanborb torannbuan téchtadbal tonnremar tresúrlam tinnesnach, agus ina gcathaib cinedlínmara clethneimnecha craob-sciathacha cianinnsaigtecha cóirigte, agus ina nárdbuidnib ech-dígainne éidedbláithe onchonacha, i naoninad go taobaib Tulcha anois in bar niamchomdáil fá dá mac dianchoscracha dlúithéchtacha degnósmara Domnaill mic Donnchaid í degBriain .i. Donnchad agus degBrian; agus clann mórchoscrach Mathgamna agus úi Bloid ina mborbchóirigtib; agus cenél nDúngaile ina ndlúth-buidnib agá dtaobchosnam ina ndlúithtimchell; agus Mathgamain O Briain cona macaib agus cona muinnteraib agus cona mór- teglachaib;  p.62 agus muinnter dianaigenta Degaid ina gcathaib ciumaisneimnecha cianaingnecha; agus is fó láim laochMathgamna luigit uile.

Do fregair O Briain go búilid brígchéimennach bláthúrlabrach é: léigter damsa in deithbir sin do chórugad, ar Muirchertach malachdub mórduasach mac testadbal Toirdelbaig; agus tug na scéla sin go hurmaisnech do Thadg thaobsolus O Chellaig, d'Amláib armneimnech O Mhadadáin mhongabrach, agus do uaislib a oirechta féin go foistinech.

Nír b'imda imorro agus nír b'édtairise a chuidsen do na cinedachaib do chosnam na cathláithrech do'n chuairt sin, mar adubairt Conchobar coscardlúith mac cianfesach Cathbaid ag dul chum catha Finnchorad go féithcéimennach forusda follusglic: ní gab uathad ó imad édtairise ar in tárdflaith; agus is amlaid do aigill Muirchertach na maithe sin go menmnach michair móraigentach || innus go bfeictis fáiltechas i nagaid in áirdríg tar éis uirghill in techtaire táinic le scélaib dá sciamflaithib. agus ní hé in ní adubairt in degtechtaire adubairt in táirdrí risna huaislib sin acht in ní ó [ar]ro bferr menma na maith ed sin, agus is edh adubairt degMuirchertach re a sluag ar in láthair sin: “táinic techtaire tairise ó tromairechtaib Tuadmuman dom agallaim, agus atáit ina gcathaib cianaidbsecha agus ina gcipedaib cróda cruad-móra agus ina gcóirigtib tiughlínmara ar taobaib Tulcha tes. agus ná gabadh gráin bar ngasradasa re himad na dtréntsluag úd in bar nagaid; óir is é so adubairt in degtechtaire úd táinic ó na huaislib dom innsaigidse: gomad bud leth dá laochcóirigtib a dticfadh im leithse do na laomtriathaib. óir is iat so m'fírcharaitse do na sluagaib sin nachar faom acht dá naimdeoin .i. clann Diarmada delbchorcra Mic mórchoscraig Mathgamna; atá ann fós go fírinnech céd do chloinn Chuiléin mhuirbfios fer gacha fir go fóirniata do na flaithib le [a] dticit sin tres. agus nír trácht in techtaire na tréinbriathra sin, agus ní mó do ghell duine dianfell do dén am do na degsluagaib, acht mar d'urmhais féin go follasbeoda ar na fosaidbriathraib sin do tógbáil menman ina dhegmuinntir. agus adubairt risna degsluagaib a nuaisle d'éided, a dturus do tinnscetal, a suaichentais do solustógbáil agus a gcóirigte do chiun-foistiniugad; gonad ann sin ro chan in táirdrí na haithesca so:—

Tabraid cath a chlann Moga . bud réim do na sársluagaib; biaid coscar a ngliad nglémar . gá dhénam inár nduanaib  p.63 Biait ár scéla gá scríobhad . ní bud míghar in séd so; cuirfemaid cách i gcostad . bérmaid coscar na gcéd so Is gairit uain go hédáil . nocha négcáir a nabraim; biaid faidb is buaid na mborrthorc . 's a mbiaid na longphort againn||; A Taidg úi Chellaig charadh . is nár banadh i gcathaib; dénaid maith a thuir tháiden . cóir do mháidem ós mathaib A í Madadáin mérsheing . a Amláib séghainn suilbir; ní socair cath d'fir t'fedma . a fir bregda ós na bruidnib A chlann Chais a chlann chréchtach . a chuire échtach armtach; tabraid andiu cath calma . cascaid fagla bar bfaglach A chlann Taidg na dtreb núide . a Domnaill dúine gaola; a Muirchertaig do molfainn . a í Lochlainn ilaobda A Micraith na rád ngégda . a mílid gégda grednaig; beoda t'feidm ós gach fedain . a triath ua nDegaid delbaig A chlann Chraith a chlann menmnach . a chuire delbach dígainn; cosnaid ríge ar chách uile . a chlann Máilmuire in mínfuinn Is a í Dubluin na ndeigech . ar t'einech ní fuil aonghuth; éirig le cách fá'n gcostad . do choscar ní bud chaoltsruth A Chú eba a chú chróda . móra ós cách do cheirde; coitchenn do chách do chaomrath . a scáth úrfaobrach Eilge Rachat ré cách sin chaithréim . nocha mbér aithléim uatha; finnat na fir re [a] nabraim . cá flaith againn bus uallcha Scarfait baidb lasfait maothsróill . beit || gnúisi ar claochlódh datha; muirfed do'n tsluagh na chertlán . triath ar certlár in catha

Is and sin do gluaisetar a glanaos gradha gu hO mBriain dá buanédedh, agus do gabatar mon airdrigh a éidedh san inad sin .i. cotún cnestiugh cadasach clumglégeal craebcorcra cruinn-fhairsing certriaglach fá'n cathmílid; agus lúirech lebardruimnech lethanfhairsing lasarbláith bláithmaillech buanfhulaing bórdórda breicíchtarach drumandchert dlúithriaglach dínarrachta gorm-fighthe gelsogradhach gráinemail ar uachtar a inair dá díden sa degláithir; agus cris tiugréidh taobcasda tar a thaob ag imarchor a sceine scáthghuirme scothneimnighe scaindertrice sciamfaighnighi; agus do gabad glanmuince gresidhlaighi glicfaircsenach fá brágait in borbleomain sin, agus muince craebdosach cliathrindáith certainmidhech cimusderg fá cenn in caomrígh certbrethaig crichtorthig cathmenmnaigh cétna; mar adubairt in file na focailsi:—

Echtair Muman Muircertach . mac Torrdelbaig triathlaomda . mac Taidg í Briain barrlúpaig . mic Concobair cosgardlúith. mic Dondcadha deghcairbrigh . mic Domnaill móir mongabraigh . mic Torrdelbaig taobgléghil mic Diarmada diancrechaig . mic Torrdelbaig tresúrlaim. ||  p.64 do gab Erind oilénaigh . cuibde d'ua Taidg taobfadréidh . do Muircertach malachdub. Ere ná tír Tuadmuman . ní fédann cách comardadh . 's an géagbile gormabrach . ar méd is ar mórtesdaib . ar deilb is ar degcéirdib . ar lámach 's ar luthcosgar . mairg d'an órd a innsaigidh . anois isin niamláithir . bud mór cath re comairem . ó so suas in slatbile . ag timcell na taobFhólla . iadfaidh a glac gégdíghaind . fa giallaib na glanFódla . Samson menmach mórláidir . innamail í fhial-Mogha . Ercail árd na nérennach

Iar nimrádh na naithesc sin do éirig in tEchtair einechbreghda isdadhcuanna árdMuircertach le [a] fedhain isin inadh sin, agus rucatar ruathar ríghthrén réimthend rianfoisdinech radhbithe rechtadbal gu réidláithir comhnaidhe na cathsluagh sain; agus dorinnedar dá rígcórughad rathmaro renncorcra rodcumusgacha ruagdíghainde, agus dá caithir crisdaingne clethneimnecha colgbrechtacha cianfaircsenacha, agus dá fedhain indsaighthecha fáthcomairlecha aignedhcródha anradcalma in deghdhuine .i. có rughadh cimusdlúta cloidhemneimnech clethmanáisech cruadhláidir claind[e] Cellaig agus muinntire Madagáin; agus córugad uathmar onconta órcomarthach áithesminic urradhlínmar aignedhmenmnach ésgaidcrechach oirrdercbronntach áithesruagach fá'n || áirdrígh: fá Muircertach malachdub merdígaind maothfoltcam mórtesdach mílidnár mac taobsolus Tairrdelbaigh co triathaib trénchonáich Tuadmuman ina timchell agá taobcoiméd; agus cona trí gall-ceithernaib glansogradhacha gnímláidire gelsciathacha ag adradh do'n ardrígh agus do'n fírthosach, ag indsaighid na himresna gu haindiuid ogalborb tré imrádh a nathcair do na hairechtaib do faom a nárdcennus d'ua uasalBriain roime co róminic. agus do léigedh tosach do'n triatháirdrígh do chur egla ar a uasalbid-badhaib; agus rob é sin in córughad cóir ar an caomárdrígh: óir gé do beith in dregon dúnadhchorr donnabrach dergsciathach ar deired, do bo soiléir ós na sluaghaib suas in slatbile. agus is í seo comairle do chóirgedar na tromsluaigh cum ar innsaig in tardrígh do'n dula sin: longport do gabáil a nglantulchaib re hedh na haidhchi sin, agus lucht coiméda do chur ar an caomáirdrígh nach élódh tréna uaitecht ar egla na himresna ó na hairechtaib. agus fa hiat in lucht lonnindsaighthech laomcoiméda lethanruagach sin .i. Murcadh in marbtha malartaigh ar mórDonnchad mac taob-fadréidh Torrdelbaig; agus ní badh faire fírcáirdemail fhial-connalbach féithfoisdinech dadhénad Murcad do Muircertach gu  p.65 maidin. || agus in tráth do bí triathMurcadh co tindesnach ag indsaighe in fhedhmannuis sin, atconnairc in glansluagh grodind-saighthech dagairiughadh na gléfhogus nach léigdis hé a naisdear go [a] fedhmannus; agus do teigémadh nach mó riam ráinic a les laochMuircertach a faire re hedh na findaidhche sin co féithmaidin nás an macám mícomairlech Murchadh.

Otconnairc Murchadh Muircertach cona mersocraidib maoth-meirgecha móronconacha ag merlasadh isa maghsliab mínúrlárach d'indsaighidh lethanchláir longpoirt lebairdígaind na laoch socraide sin, agus do inntó Murcadh ó [a] fhedmannus do'n dula sin, agus táinic dá longport gu lúth[g]áirech agus do innis scéla co scáthamail do na sciamcathaib. do chuadhas ám bar eisiun d'innsaighidh an fhedmannais do imráidhes adraibsi, agus ni ránag a les dar lium leisce orum um a indsaighid: óir ní cian do chuadhas in tan atconnarc chugam am certaghaidh in dá córughadh ciuintechta céimduthrachtacha cletharmacha cloidhemnochta craebonconacha ag indsaigidh agus ag iarraidh na himresna co himarcrach oruibsi. agus is dóigh lium fós co fírinnech nach aidble ná ocht céd a comáirem re [a] bféchain na bfírfocus, agus atáthisi trí míle do mórsochraide uasuil || inengnama isna hinadaibsi. agus cá bfríth turchurthe budh toicthighi ná in turus tegait uar nescarait da bar nindsaighidh co réidfairsing in righmuighi seo; mar nach roichfe le [a] nuaislib a ningabáil, ná le [a] bflaithib a bfalach, ná le [a] muinntir a minscáiled. agus atá maith ele ar a nórdughadh ám bar eisiun .i. in té is árdrígh dá naicmedaib agus is uasalbidbadh d'ár nairechtaib tarraid fírtosach na fednach résna findsluaghaib, agus is é is áirde agus is oireghda agus is armláidire do na hairechtuib iadhus uime co himresnaib . conid aire sin is urusa dá escáirdib a aichne; agus tabradh gach duine dó a dúthracht ina dlúithfogus, uair is dá thidhlacadh táinic do'n turussa. is deimin ám a deghmaithi coma lib in lebarthírsi ó'nl ló so co laithi brátha do bunad; óir ní fuil acfaing anta ná hingabála re [a] nuaiti ga bar nescáirdib, agus re réidhfhairsingi in righmuighi ar a roichit da bar rochtain. agus ní tuc Matghamain agus Murcadh ac cantain in comráid sin dá naire co hurmaisnech uaisle agus oighrecht in áirdrígh fial-Muircertaigh; agus cairt a chosanta tré cóirdhúchus a athar ag an findbile, agus a bfell d'imarcraidh acoson arna dénom ar a ndegtigerna ar Donnchad mac trebconáich Torrdelbaig.

 p.66

Sáilmid féin corab fír na follus||briathra sin, ar na flaithi, techt do'n fedhain sin d'ár nindsaighidh; uair is iad súd iad féin co fiadnach agá bfoillsiughadh co hantaidh urmaisnech urramanta aignedhcruaidh da bar nindsaighidh gan crith gan corraighi gan costacadh.

Otcondcadar sluagh in longpoirt in lebarbró tasdach tiughadbal sin gá tréninnsaighidh, do éirgedar go hurmaisnech a nénfhecht in uair sin agus dorinnetar dá chath dá cóirightib ar a cathláithir. agus do órdaighetar co hairegda a nuaisle na hárdcatha sin .i. dá mac Domnaill dathsluagaigh mic Briain ruaidh ruithenmir, co clethegor clainde mercalma mórgnímaighi micharbinde Mathghamna tréna caradradh a coiméd clainde caomDomnaill; agus sluagh borbruathrach buantesdach baighindsaighthech na mblaidech fós ina bfarradh agá bfeithcoiméd; agus cenél forniata flaith-línmar fialconaich Fermaic fós ina bfarradh agá bfoisdiniughad. agus dob iad so maithi agus móruaisle in darna catha do na caomsluaghaib .i. Mathghamain menmnachláidir micharbeoda mac brighaigentach Briain mic Domnaill cuanturcartaigh connachtaigh, agus Brian agus Murcadh a meic sein cona muinnteraib agus cona mórteglaighib; agus cenél ndergruathrach ndlúithéchtmarbtach ndonnarmchainnlech nDúngaile re cois Mathgamna cona macaib ||; agus ceithern cosgrach colgrindáith crechneimnech cuilénach: sé fichit saorfer solusmór slisétrom sogradhach fa hed a lín na laochceitherne sin . agus do éirgetar na hárdcatha an uair sin, agus do héidedh a nuaisli, agus do hullmaighed a nairm, agus do hórdaighedh a ninada, agus do hárdaighedh a nonchoin co huath-básach ós na hórmeirgedhaib; agus táinic fialMuircertach O finn-Briain ina bfaicseradh faoi sin cosan sluaglongport, agus adbert co foillsech feidmdhaingen na focailsi:—

Beiridh buaid . cosnaid crích . legaidh láich . treghdaidh triath . tollaid taoib . cerbaid cinn . ledraid lám . dallaid derc . buailid beoil. cosgraid cuirp . leonaidh lúth . sáithid slegh . scoiltidh scéith . adraid d'uaill. tabraid troid . gu mín mer . gu garb glic . ní hiad ind . in sluagh saob . adrus d'fell . bus tim troid. budh díth dáibh . báigh dobeir

Agus do árdaighetar aithesca í uasalBriain aigenta a fial-muindtire co hindeghdhuine isin inad sin, agus rucatar na rígcatha ruathargarba radhurmaisnecha céimcédfadach- ciuintindesnach cobsaidhnár a cenn a céle gan chaigill. ag dul cum in catha da chóirighthib í cobsaidhBriain, is ann tarla uchtach árdfuachda  p.67 eochargharb re [a] naghaidh. do gabadh ag tromthindsaidin in tiughsluaigh da chaolarmaib cianu[rmaisne]acha do'n uchtaigh isin íselglenn, conad ann sin do éir||igh in táirdrigh .i. fialMuir certach flaithlínmar O findBriain do tennad in tosaigh gu tindesnach; agus dob é féin rinn in róthosaigh ag ruathartennadh a naghaidh na huchtbeinde, agus adubairt do ghuth glansholus gredhanbind gégaobda: an bfuil agaib, a fhianlaochraidh feidm-daingensa iadhus umam co himresnaib, rand in deighfir dána arna dénam re hathaidh d'findbliadnaib résin imresain seo .i.

Maidm a naghaid uchtaighi. ré mbaidb calaidh chorcaighi;

Cidh tra acht do thenn in triathsluagh co tinnesnach i taob-aghaidh na tromuchtaighi co tucatar a troighthi a coimneinfhecht co cert ar an comfarusda; agus do nochtastar in niamleoman a cloidem clasdomain coindelgorm gu comtinnesnach ré gcách, agus rucc rígMuircertach ruathar curadh na certlár ótconnairc a bidbada agá borbtindsaidin da gach leith ina lántimchell .i. clann Briain ruaidh cona ríghfedhnachaib. agus do imláidedar na sluaigh a slegha re céle co comtindesnach; agus nír caigil cur arm dá uaisli ar an imláid sin, óir do bí do thruma na tochlaighthi nár fhédadar leochaillecht ar na laocharmaib. agus is é Domnall dathsnuadhach dianurdraicc O Dubluin do caith in cédgha fá na cathsluagaib, ar a beith do síl sindsir saorFerghusa .i. Mogruith rádfoglaindtigh; agus is é fós tuc in trénchéis taob||daingen do'n triatháirdrígh ar tosach dá telgon i tús in tachair co tindesnach. agus do cuaid ciunas na cathsluagh sin a ruadhgháirib ingnáthacha adbalgréchacha .i. balbglór na mbratach agus na mbrighoncon mbeomharb mbiasdaidhi, agus tiughtormán na treathangáithi torannmire taobfadglaine ag iarruidh slighthi trésna sluaghaib, agus slatbriscbéimnech saobfregarthach serbsiansánach sotalcródha na slegh agá slisblaghadh, agus íselgair adbalciuin obondgrod na néidedh agá nurscoltadh dá nainndeoin do na hanradhaib, agus cruaidhcomgháir cianadbal cosgarluath colgneimnech na claidem re cendaib is re cnámaib is re clogadaib na cathmíled.

Is and sin ro gab in tEchtair érendach, agus in tEarcail uasal-gnímach, agus in tAichil armdaingen, agus in Pirr puballglan, agus éncuraidh na haimsiresi gan a indcosmail d'érendchaib .i. uasalMuircertach, ag imirt a lám ar a laochbidbadhaib .i. ag taobscannradh a tiugoirbedh, agus ac cosgarfalmughad na cath  p.68 láithrech, agus ag follsuaichniughadh a bflaithedh co faillsechbuan. óir nír comtrom comrac Muircertuigh agus a mórbidbad: uair do tromscoilteadh co talmain cona taobédedh gach triath do tegmadh tuindsem a thrénchlaidim, || agus ní fuilighedis a uasalbidbada ar in áirdrígh tar a egla agus tar a éidedhaib.

Imtúsa Murchaid na mícomairle mic Mathgamna mórmenmnaigh, mar do sdiur dia gach drochcomairle dó tréna dianfhell ar Donncadh: rug side saobchomairlech i slisboillsgén catha na mainech agus na móranmchadhach agus do fuabair tanughad na triathfednach, gur tuit Murcad cona muinntir ag na mainechaib agus ag na móranmchadhachaib mar ba cubaid re [a] claonábaisib mídiach dá malartnughadh. agus ó nár fhéd tromshluagh Tuadmuman tréncongmáil in chatha i gcertaghaidh í cháimhBriain re brathlínmairecht a béimend, agus re haidboighe a urcur, agus re gráinemlacht a ghnúisi gruadhdergi gríslasraighi, agus do urmaisedar ar éncomairle dá nanacal ar in áirdrígh .i. ingabáil na himresna agus a cúl do chur a coimnéinecht risin cathláithir; uair do fhedadar nach muirfedh Muircertach mílid dá maithib ó'n uair dobérdais taob risin teithedh dá tesargain. agus tucatar a néinecht athchur coitcenn ar a cloidhmib, agus ar a clogadaib, agus ar a cráisechaib, agus ar a cotúnaib lasarcorcra, agus ara lúirechaib; óir ní ruc duine do'n dlúthsluagh sin éided dá uaisle acht dá ainndeoin ó'n imresain, óir rob ingnadh a rún fá [a] righédedhaib: gur fearr leo a mbeith agá naimdib [iná a]gá nuadhmuinnteraib. agus do sgáil in scaindermaidm ina sceim||eltaib scáthuaimneacha fá na sciamchailltib; agus is edh so ro ainic na flaithe gan a bfágbáil uile san írghail sin .i. faicsi na haidhche do na huaislib, agus nár b'eolach na deoraidh in dlúithaimréidh san dorchadus, agus a tercacht do Tuadmumain féin a bfochair na flatha re fichlenmain na bfindsluagh.

Cidh tra acht ar maidm do na mathib do'n mórláithir táinic triathMathgamain taomghaosmar timcell in tréncatha, óir ní ro tairling dá ech co himresain do'n dula sin. agus ráinic d'innsaighid na nuasalmacám nár léigedair a cuingidh hi cathláithir, agus do tuit dá tromécht le Mathgamhain do na macámaib .i. muimnech agus mainech míndelbach. agus is amlaid ro boi Diarmuid delb-nuaderg dercmongach dígaindbláith mac Torrdelbaig tacharcruaidh ina lenam laomscarnár lasarborb luathairbertach ag féchain Mathgamna ag marbad na mórécht sin; agus do léig Diarmuid co  p.69 degcraidech dianaigentach dofhasdaidh d'innsaighidh in árdflatha fialMhathghamhna, agus tuc a lám fá'n lebarcráisigh co luathur-maisnech i laochclár a ochta in árdmíled; gur scáilbris in sciamlúirech, agus gur cnestholl in cotún, agus gur créchtnaig in cathmílid. ó dho mothaigh Mathghamain an fhírfhrém agá innsaighidh, do fhágaib in láithir do'n laochlenam; agus fa sén mór maidm ó shein amach re mórDiarmaid || a maidm lenmbaidhechta ar laochMathgamain in lá sin. agus táinic triathMuircertach ós cind na cosrach corpuaisli cloidhemlúptha cráisechbrisde sin agus do ghab ag breith a buidhechais ar a deoradhaib agus ar a deaghmuindtir flaithuasail fírduchusae féin; mar adubairt file na flatha na focailsi:—

Mairg nach cungain leisin cóir . treisi aice ní hédóigh; mór in égóir dimda di . gach bidba is édóigh uaithi Gach nech gébus greim tré goim . di bud é [a] dhíl díl Murchaid dobeir in fírsíl fíre . mídíl ar gach minríghi Síl gan chogal gá cráib tais . síl Torrdelbaig tuir bernais; fírliag na cruthnert cagaidh . cruithnecht iad nach anabaidh Cóir creidem dlúith do'n druing sin . gébaid dia gun deghclaind sin; gab a coimde gár cathaib . bladh oirne ní hanachain Do gabais lind san ló aniudh . dá ndernsam marbad mórtiugh; maith ár bféis um nóin anois . is leisin cóir do cungnois Crísd ic cungnum leisin cóir . crích maith urraidh ní hédóigh; ní hégóir gach cert ro chin . is édóig nert gár naimdib Ní hégoir marbad Murchaid . lér cathaib i corrthulchaib; cóir tré bás Dondchaidh dala . sás Murchaidh go míballa Dob é in táirdrígh ár nEchtair . gur innsaigh na hanechtaigh; ferg in ghil chobsaid gá clódh . fa cosmail sin 's an Samsón || Cosmail gach tréinfer is Tadg . ní gnáth adchuala a chomgarg; coimde gan minfedma amuigh . tigerna chloinne Chelluigh O Madadáin muige Máin . is cosmail cách re Amláib; slat na gcennacht tuaid gá thaig . bennacht uain ar mac Murchaid I s terc ag dul d'ár dtírib . cosmail risna cuimínchib; a gcomlonn d'iarr mar Ercail . Domnall fial O Flaithbertaig Tucsat a dtroigte go tenn . dogníodh combualad coitchenn; maith ag sloighe re slegaib . gach duine d'ár ndeoradaib Maith clanna Cais ní chél sain . maith Domnall mac Taidg triathglain; barr buinchlechtach aobda [loinn] . Muirchertach laomda O Lochloinn Maith Macraith gan fáth falaid . O Degaid go dianfagail; maith ruathar ó'n droing adér . gér b'uathad do chloinn Chuilén Maith clann Craith na dtachar dte . clann mór michair Máilmuire; maith benait coscar na gcath . dlegait coscar na córach  p.70 Maith againn in taos gráda . i gcoscar na comdála; do chuir i núir a bflaithfir . maith í Dubluin do'n druing sin Bennacht cháich ar Choin eba . cú nár athraig airrdena; ní thréig ar fhiad a fhiad féin . do'n ghéig is ciall in chiall séin Lám in áirdríg mar Ectair . do dín muinntir Muircertaig; saor aniugh gach aon d'ar chailg . do scaoil gach tiugh 's do thromairg ||

Agus bud fada a mhairg, ar Muirchertach, do na mórairechtaib do éirig dom aimdeoin im agaid do'n dula so. agus do gabsat longport ar láitrechaib longpuirt na laochtriath sin do teith rompa do'n ruathar sin.

Imthúsa Mathgamna mínráitig mórmenmnaig í degBriain: táinic ina thromruathar tinndeithnis teithid go hinnse clochdenmach caladréid ciumasgarb í Chuinn, agus ní raib sin oilén acht ré athgairit in uair sin ar egla Muircertaig agus na muinntire cétna do chuidiugad in chiuinoiléin air dá aimdeoin. do chodlatar na sluaig go socair agus go sám tar éis a naistir agus a nimsníma, óir do athcuir Muirchertach a imsníomh uile ar a escáirdib in oidce sin, agus dorignetar commoichéirge agus in chaomgrian chlárlethan chianfogus chabairdlúith chraobsolus. táinic cenél bflaithéchtach bFermaic dá ninnsaigid isin maidin iar bfaicsin na firfréime fial-duthcasa .i. flaithMuirchertach; agus do innsaigetar rompa do'n ruathar sin go réimdírech i gcorca Baiscinn do breith ar a mbid-badaib sin tír tiar go tinnesnach. do gabatar braigde na mbaisenech, agus do díchuirset dá mac Domnaill í Briain ina mborbruathar go Bunraite ruagdeithbirech.

Otchuala Mathgamain uaisle na tíre tiar do ghiallad do degMuirchertach, táinic do chuingid choinne ar na coilénchaib go cáirdemail tré báid a gclemnasa; agus do iarrastar ar Mac Conmara go muinnterda sluaiged sruthlínmar a hucht in Chláraig do chosnam na críche go coitchenn re cloinn Toirdelbach do'n turus sin. do chinnetar clann Chuiléin comairle agus a dubratar na degoirechta go rachdais a rígsluaig ag lenmain chloinne turuschróda Thoirdelbaig; agus adubratar gid bé aca bud édtrén sin imresain nach bud cabair dá chlannmaicnib. agus do dílatar a ndegbraigde .i. Mathgamain mórthuicsech mínbriathrach milis-ráitech || mac Conmeda michairghlic, agus dá mac Lochlainn lebairchrechaig laomscarchróda látharchobsaid laomthidlaictig, agus sinnser cloinne Mic Con chruthmílla chráisechréid chloidemguirm chríchlínmair. ba mór in téigen do na fialoirechtaib faomad  p.71 dilsigte na ndegbraigded sin tré fialcháirdes agus tré uasaldúthcas cloinne Thoirdelbaig do trénchosnam. agus do imthig Mathgamain go mórbriathrach merglórach go Bunraite ina ruathar rechtfergach.

Imthúsa í Briain cona bhorbsluagaib: táinic roime aniar ar niamdhaingniugad na tíre tiar do'n turus sin agus do léig sé a ndeorada uadha dá ndúthaigib féin do'n dul sin. táinic féin go foistinech go fosadchlár cloinne cráibniamda Chuiléin, agus do fáiltigetar [aigenta] na noirecht agá fhaicsin a ndamhna agus a nuasaltigerna, a gcroide agus a gcomdalta agus a gcáimríg fíre. do gluaisetar in glansluag gredhanmór gégthabartach sin i gcrích ua mBloid dá buaidrem; agus ag dul soir do na sluagaib sotal-chróda is amlaid do bí O Briain begán fednach ar fírdheired na bfionntsluag, gur éighetar imad dá esgcáirdib do gach táib ina thimcell go ruc O Briain borbruathar beoda bríginnsaigtech tar ais. do lenatar a bhorbbidbada go degsluagach é agus do chumatar clann Chuiléin celg ar na cruadnaimdib. do chuiretar dá cheithern cuiléncha do chomdebaid ar a chéile gan chaigill; agus ódchonncatar na bloidigh in dara borbcheithern ag sírlenmain na sluag go dlúth do druidetar in tóir go tinnesnach d'innsaigid a nesgcarat, agus ro ba aithmélach do'n fedain sin in taob tucatar i riocht charat dá gcolgnaimdib. do inntaigetar uatha go haith-mélach tar a nais iarna naithne dóib; do léigedh orro go héscaid agus dorigned tiughmarbad tóthachtach tresathgairit ar na trén-cheithernaib, agus do obatar fuighell na fednach sin cách do lenmain dá láthair. do éirig in tuasalrí cona shluagaib isin maidin mochsolais arna márach || agus do léigetar crecha gan chaigill fá chuanachaib dá gcrechargain; do hairged na cineda agus na hoirechta go hurmaisnech itir bloidech is binnuaithnech. do rucadh na crecha sin go cluain na náirnedh go longport in áirdríg; do chomtinólatar a charait chuige ann sin .i. clann in Chuimínig agus blagh do na búrcachaib, agus do léigetar na laomsochraideda sin lebairchrecha fá iarsmada na noirecht do hairgedh in lá roime sin le hO mBriain, agus do chuatar na sluaig na solasghall tar in Sinainn sruthséimide soir lena nédálaib.

Dála in Chláraig: do chomtinól cathmarcsluag cneiséidigte clármachaire chúlfairsing in dá chóiged go himlán, agus do tinól mar in gcédna tromsluag trénchoisided na dtírthad go tinnesnach, agus tángatar ina dtromchathaib línmara go borbtinnesnach go  p.72 Bunraite sin réimtsligid. nír bheith nár b'eolach eisen in tan sin, óir d'adnaid etorro go tresminic d'aithed a esonórach i bfosadchlár na prímsligedh do gabáil neirt ar a naimdib. agus do fágbatar na hoirechta in cóigcrích do chathsluagaib in Chláraig; agus do druidetar sin triucha céd uachtarach dá nanacul ar na hallmarchaib, agus do táiblínatar in tír dá dtromchonáchaib.

Imthusa in Chláraig: do comairliged aige a cháimghéill do chrochad go tinnesnach, agus nír b'imda lochta na luathcomairle sin ar in láthair do ghasradaib gáidel agus glasghall. tugad mac í Bhriain dá bhorboidid, agus do loc ben in Chláraig a bhásugad; do ainic in eglais agus a uasalghrada agus a árdchonách Mathgamain mac Conmeda ar a mharbad, óir tuc se nóchat marg ina mhórfuasclad féin; do crochad caomhoigre Mic Chonmara go mochtinnesnach. agus do gluaisetar na sluaig ina sotalchóirigtib sruthruathracha d'innsaigid a námat go nemchoigeltach .i. clann Bhriain ruaid go réimfoistinech sin rígtosach, agus clann Domnaill chonnachtaig go ciuininnsaigtech re a gcois ina gcomfogus, agus cathsluag cleth||imda colgneimnech coméidigte in Chláraig ina mbróin tiughadbail tothachtaig ar a ndeired agá ndegchoiméd. tángatar go taoi terclabarthach i gcertlár na noirecht gan airiugad d'aonduine agus do léigetar laomchrecha luathtinnesnacha fá'n lebairthír, agus tucatar trénmescad go tinnesnach ar na tromairechtaib agus scáiled ar na sciamsluagaib gur mharbatar dronga do na degsluagaib, agus tucatar trénchlann Toirdelbaig sciath tar lorg ar a laochmuinntir fo tuaid i gcrích Chonnacht cloidimdeirg. agus nír len triathchlann Toirdelbaig ar in turus sin acht clann chianinnsaigtech Chuiléin agus clann fosaidbeoda Fermaic amáin.

Dála in Chláraig: do chuaid i gConnachtaib ina gcomlenmain; agus ag dul fo tuaid do na tromsluagaib tarrla chucu do'n chur sin ceithern choscrach chrechminic do chloinn armneimnig Aodha .i. Aodh bláthsolas buanchoscrach binnsoghradach búilidbriathrach buide mac laomscarghrednach Lochlainn mic Sída sholasghlóraig, agus Ruaidrí ruaigdígainn réimfoistinech a dherbráthair ina fharrad sin inad sin; gur iadatar na sluaig fá na saorchlannaib, gur gabad na gégslata sin agus gur díchennad iat go dianláidir leisna bloidechaib, mar adubairt in degfile:—

Táinic teidm nár dtír . arna dheilb nár nduain is bás degfer dúin . ní hagaid re huaill  p.73 Scél rom loisc go luath . toisc na dtrén ro taoth ní hegal gan fáth . aithlegad na laoch Aodh buide co mbríg . ós cuire fa chruaid agus Ruaidrí réid . a snuaidlí ní suaill Fann ó'n troid atá . ua mBloid mar do bá bud lén buan nach beo . scél truag mar atá

Iar sin do tinólatar in tairise fednach fírcharat fuaratar .i. clann tresinnsaigtech Toirdelbach, agus clann chianáithesach Chuiléin, agus cenél bfadinnsaigtech bfosadchroidech bFermaic, agus do gluaisetar || in glantsluag sin soir tré maothclár Maonmaighe gusin Sinainn solasguirm séimsrothaig snasálainn sotalmir. do chuatar tar in sruth anonn agus rángatar i niathaib úrtortacha imellghlana Urmuman, agus dorignetar áigecht foiréignech dá naimdeoin ar úib Ogáin na Forgabála. tángatar as sin co hur-maisnech éscaidchróda go hiathaib árdchnocacha ilchoilltecha iasctoirtecha Uaithne, agus ro bátar re hedh d'aimsir d'aimdeoin a noirecht isna tírthaib sin. do éirgetar na huaisle sin go haos trí maige mínférghlas machaghlan múrdaingen do dhrud i bfoicsi na bfíresgcarat agus do chur bratha ar na bloidechaib. do gluaisetar féinnfedhan éscaid uathaidinnsaigtech échtadbal uasalghlan arm-láidir re cois in bratha tré borbtinnenas, fá Diarmaid ndlúthcoscrach ndesráitech ndochtrúnach ndáimlínmar ndegbriathrach ndianfoistinech mac tromairmneimnech Toirdelbaig, agus fá Mac cráisechlínmar cinedchróda craobchorcra coscarmarbtach cathruagach coscairdelbach casbarrdhualach crithbogtoirtech con cona choméirgib crecháitesacha ciantestacha do chlannmhaicnib gallanmacha gáidelda gredhainbinne agus do ghasradaib barrdualacha na mbúrcach. do fágbatar O mBriain ag bruachaib slismíne na Sinann agus rángatar do'n ruathar sin go réidúrlár mbraonlergaig mbláthfoistinech ua mBloid; agus ro airgetar a dá nacfaing do na hoir||echtaib co hurmaisnech aignedhbheodha, co ndernsat dian-bualad ar drongaib, agus comach ar clannmaicnibh, agus folmughad ar finedhaib, agus fásughadh ar finnbruidnib. gur éirgetar uaisle na nairecht dá nindsaighidh ri hilgarrthaib a nardcomarc, agus re comfhuagradh na cinedhach agá cloistecht, agus re garrthaib géimtinneasnacha na nglanbuar agá ngrodimáin, co ná roibe ní budh docra ná dol ar merughad ag mochinnsaigid na mersochraide sin. gur iadhsat imat na nuasalbloidech da gach taoib ina timcell, agus do gab ingantus na huaisle fá [a] nuaiti agus fá imad na  p.74 trénchrech do timchellatar. agus do fáiltighedh fós fá na find-blaidechaib ag faicsin a bfírnamad co huathadh eatarru gan arus a bfágbála ag na flaithib; co ndernatar fál feidmdaingen dá bflaithib fá'n bfialsochraide, agus do léigetar ceatha i comnéinfecht dá clocharmaib agus dá cráisechaib as gach énáird fá [a] nescáirdib, gurab é taoebdaingne agus tromlínmaire in tiugfáil sin na tórach do congbadh na táinti gan techt ar dásacht fá na dosschailltib. agus is é sin cédinadh cathláithrech coscardlúith i roibe in ríghbile rádchéillidhe ruatharborb ruithenmór nertcalma nósóirderc niam armach Nicól Mac Conmara mao[th]||fholtcham; agus do imir a arm co haniarmartach ar a escáirdib agus do congaib selb an engnama aigi ó sin gan imscaradh.

Cid tra acht ótconnairc Maccon in cró catharrachta craeb-neimnech do iadhsat uime dá uasalbidbadaib, tuc crathadh ar a cráisechaib agus árdughadh ar a aignedh, agus adubairt co dédla desráitech co scáilfedh in sciamisdadh ó nach roibe a sáith d'foirgnem san findcró úrslatach uasalclethach da hórdaighedh agá tromnaimdib ina timcell. agus ruc ruathar ruithenmer tar a ais fána escáirdib; gurab leith dá chúl do cédbern Mac cathlínmar con in fál findcleathach sin, gur tuit tuile dá troméchtaib ar a trénláithir sin, gur léiged isan sligidh re selat na saorclanna nó go ruc in rígmílid ruathargarb rádhcalma Muircertach mac doindsaighthech Donnchaid orro fá'n am sin. agus dar leis féin gémad urdail ro bad úrlata do'n árdmílid na hescaraid ar a nuirmeosadh, nó gur chuir Maccon ar cúla in céadfaidh sin. agus fa hingnadh le hárdMuircertach tighi agus tromlínmairc na tórach agus siad ar daingnib agus ar dlúithchailltib a ndúthaighi, agus tercacht na triathsocraide; co tuc borbshuinnen brath[fh]ogla isan mbruach-deredh. [gidedh] ní raibe acht guala fri carraic isan céimthubhadh sin, óir is tind leisna laochaib a lebarguaille agus anaidh an carrag na certinadh. ||

Is and sin atbert Maccon do guth glansholus gégdígaind: nomfágbaid ar fírdeiredh a óga bar eisiun, agus nachamaincedh énfer agaibsi, agus coimédaidhsi dá taob agus tosach na tromcreiche co triathShinaind. agus dob é seo fregra na fedhnach sin ar a bflaithmílid: fad mairfid cairrgi ós caladhaib, agus srotha ar sírimtecht, agus grian a nglanrothaib, agus ésca ag imláidib, agus talam gan taobimpód, ní theichfemne; agus nó go tuca uasal-parrthus imláid áirde d'uaim ifern ní fúigfemne thusa gan tuitim  p.75 d'ár trénairechtaib ad timcheall. do coimletar cách na comráiti sin leth ar leth gu lánbeodha, co nach féadaighther rímh a ruagthres, ná comairem a cumasc, ná tuirem a tulán, ná áirem a nimresan isin imrubha énlái sin; co rángatar co solusclár Sinna fó'n seol sin, agus do cruindigetar na crech [a] amach co minic isan merbuinne, agus do inntódis re hanaichentus an uisci ar fuasgar-dásacht trésna fedhnachaib. agus an blagh nach dechaid re sruth do na solustáintib, do scáiletar fá na sciamcailltib, agus do léigetar na luaimairedha a lethanchoitedha re sruth trésan saobegla ag faicsin na cinedach ar na caladhbruachaib ag comthuitim. agus do fágatar a bhegán búrcach co beodha beogonta Maccon isan cathláithir ag scáiled a sceimeltadh, agus ag cosarmarbad a cinedach, agus ag tollad a tiugairbedh, gur mó ná fer com||laind céd in cathaidhe tré échtaib in énlái sin. ar línadh in muighi dá móréchtaib, agus ar bfágbáil a aigenta dá uasalechsun, agus ar nuaitiughad dá fhírcháirdib ina urthimcell, agus ar tuitim dá tromlucht tighi na timcell, do innsaigh eo hurmaisnech in ténsoichech imlochtaidh no fuaratar a fírcaraid ina aghaidh san éigen sin; agus do ling co coslúthmar isan coiti, agus do gab a ech ar eradhain agus tuc leis tar an lebarbuinne co tír taobuaine. agus fa coindem craidhi agus fa tidhlacadh tairisi agus fa haiseg oirbidnech le Muircertach Mac cruthnáirech con d'fagháil ar ais ó [a] eascáirdib da fhoghnam dó féin co feidmláidir.

Dála na degceitherne do fágbad tall do'n triathfhedhain: dorindetar tigerna co tindesnach dá [n]díghail ar tromnaimdib agus tucadar aghaidh re himguin, co ndernatar dianmarbad dígaind dlúithéchtach ar a ndergnaimdib; uair is é imsním fa mó ag na míledhaib nach anta re [a] nimresnaib, acht a nescaraid agá naidhidh uathau | dá nurcoraib. agus in fer do mothaighedh acu in tég ina faicserad, dobheredh cend gacha láma co lethanbruachaib na Sinna dá soléiriughadh dá saortigernaib; agus do teilged uadh san íchtardubaigén agus do fágadh féin a anam co hurmaisnech dá éis. agus donídis táisech cuanairte || ar a ceithern ar éis a céle cum cathaighthi, gurab tigerna deigseisir fa deoigh do bí ar an mbuidhin sin, co nach dechaidh énduine a naiscidh do na héchtaib sin; mar adubairt in tollamh ag agallaimh Miccon cuartaig-béil cathéchtaigh:—

A Miccon is cródha sin . tucais fir a bfertaib fód; cródha do treghdais in sluagh . gur dergais gu ruad gach ród  p.76 Gid mór cath do fuaruis riam . a mhílidh Cliach na nár tiugh; ní fuarais a churaidh rath . samail do cath in lái aniudh A bile donnabrach derg . agá roibe ferg ag fás; mór aniugh dá tucais ég . mór céd ro aincis ar bás O'n ló d'fastaigh Sída seng . na trí crecha fa tend clú; ní dernaid énfer is ech . ó shin leth a ndernaidh tú Duit is adbuidhech O Briain . fa techt ó'n ghliaidh a Miccon; muna tísta as an tres trom. dobéradh sé dá cond cor Gu tuca dia saoghal sír . díb araon is dír gach maith; cosnaidh co tenn in tír thiar . ina mbídh gu fial gach flaith As lughaide gébus cách . ó na cathaib co bráth mbuan; mar tugais t'énar a nár . mar tanagais slán ó'n tsluagh Do fágbais and imad marb . do cuiredh gu garb gach gleic; do thuitset bloidigh do'n réim . is do muinnter féin a Mic Adbur ár náirdrígh gidh óg . Diarmaid O Briain do tóg gleic; léig díl a fer mar atá . d'fágaib a mná gan a meic (isam scíthech bodesta).||

Imtúsa Tuadmuman: tángatar gu triathmagh Adhair do ríghadh uasalbile d'íb findBriain ina bflaithemnus, agus is é ro toghsat na triathrígha do'n turus sin .i. Donncadh degnósmar dúnadmór donnarmach drechcorcra dianinnsaighthech doedrana deghcomairlech degmac Domnaill dlúithéchtaigh. agus do ríghsat gu tindesnach in triathbile i nagaidh an áirdrígh fialMuircertaigh, uair do sáiledar gu cuingébadh in craebslat sin na crícha ina certaghaidh; mar adubairt in tughdar ag aithne a árdríghtha:—

Uaisligh ainm Dondchaid . nach docht fá indmhas maith in ciall congbus . cid dian ní dimbras Gid borb is búilidh . gid beodha is bíthe teand gacha tuaithi . ceann gacha críchi Gidh mer is michar . gidh mín is mórda mór do taoth le [a] trénga . gidh gaoth ní glórda Gid mór is macaom . mílid des dércach maith ro thóg Táltech . gidh óg is échtach A dbar gíd airdrígh . ainechas Muman mac Domnaill dala . dograing gan duba S óiser gid sindser . saorceand na sluagh sin bud tairm istír sin . a ainm ó do uaisligh

Imthúsa Muirchertaigh menmnaigh cróda mílidlínmair mi-charcéillidh minicchathaigh meic tasdgaosmair tresruidchéillid Torrdelbaig: tar éis catha in chalaidh do críchnughadh, iar techt Diarmada delbsnuadhaigh dianéchtaig dosneimnigh dergruathraigh dáimlínmair a derbráthar agus Miccon coscarneimnigh || a comalta agus a cuing catha agus énurraide a uasalmuintire fá'n  p.77 am sin slán as na cumusgaib, arna sluagscíthughad rángatar a nais i nUaithnib as in inad sin. agus do chuir in Buitillér fis ar na flaithib sin indus gu naomdais a nárduaisle anadh ag in uasalbarún dá numalosaig fá nodlaig móir medarglain. agus tuc in triathBuitilér coindmed dá ceithernaib ar na gallbrughadhaib na glantíre, co tarla etarru agus na hallmarraigh tré anaithentas in coinnmidh do na cnichtaib, gur iadhsat na hairechta fá na huaislib as gach áird gu hescáirdech; gu tuc imad a nimpód, agus dlúithi a ndianruag, agus cobsaidhecht a céimenn, agus urmaisnighi a nurchar, na saorclanda ó na sluaghaib ó áth ciuinsrothach cimasuaine clochadbal na cuirre gu magh nadbalcáin nisdd|ad bláith nAilb. agus ro ba dána deoraidhecht na degfhedhnach ar na danaraib, uair gen gur bo deoraidh ar dúchas dob edh ar oilemain as na hinadaib sin; agus do cosnadar a cuid do na cathrachaib risna consaplaib.

Ott|cuala Muircertach a muinnter san mórghuasacht sin táinic co tindeasnach dá teasargain maille re hárduaislib a fialmuind-tire .i. Mac cosgarbeoda curadlínmar con, agus Macraith delbdenmach dígainnréidh O Deadhaidh, agus Lochlaind uasalgnímach || áithesruagach úrlamcrechach O hAichir; agus an fialbile finemnach fáthaigentach foscomairlech, agus in taonchrand do lebarfhás ós na lughortaib, agus in sruth nach serg sliabtuile, agus éntigerna na noirecht in gach imresain, agus carrag trénscáilti gacha tuinde báiti borbneimnighi, agus dos dídin a deghcinidh isna diancathaib .i. Diarmaid duasbogréidh dathcorcra mac tachargrod Torrdhelbaig. rugatar ruathar rótindesnach go [a] ríghmuinntir, agus do fhaomadar uile a nénfhecht imdecht as na hinadaib sin d'inn saighidh a nimfhagus a ndúthaighi dá diancosnam i críchaib Connacht clárthorthaighi, mar nach biadh uisce ná himarcor etarru agus lethanbruachaib a lebardúthaighi. do suidhset a ndeiscert Connacht ina comnaidhe taob re taob agus tuaiscert Tuadhmuman, agus nír b'urchosc codalta do na cóigcríchaib in córughad sin: cloisdecht a mbídbad ar bruachaib a tíre dá taoblomradh. co rabatar muindter Muircertaigh cor inderraigh ar in órdugadh sin ag crechadh na críchi gu cianfhogus, [ag] cuartairches agus ag taobnochtadh an tíre tar na triathnaimdib, gu ndernadh comdhál itir na cúigedaib agus comraind itir na caomríghaib .i. itir Muircertach mórgnímach míledrod micharbind mac Torrdelbaig triathcéillidhe tuathchonáich, agus Dondchadh  p.78 donnmeirgech dergruathrach mac dehuirghlech || Domnaill. agus dob é seo corughadh na comrainde sin .i. cluain réidhfairsing rígturcartach ruithenmór rám[f]ada agus í lethanCormaic ina lenmainsein d'imarcraid ag uasalMuircertach, agus gach re tricha do na tuathaib ó sin amach ag na míledhaib.

Otcondaic in Clárach a crích arna cimasfhuaighéal, do seol i Saxanaib d'agallaim a carat isna críchaib sin agus d'órdughad a ferandais, agus do techt arís ina ruathar tindenuis gu Tuadhmu main.

Otconncatar cland Torrdelbaig turas in Chláraigh tar caladhmuir nír bo hait leo córughadh comrainde na caomthíre do clechtatar uile ar énslighidh acu, agus tucatar triathclann Mathghamna ar mórsluagheadh gu clármachaire ó Caisín cathlínmar. agus tucadh Diarmaid donnabrach mac taobsolas Torrdelbaig agus corughadh clainde mórgnímaighi Mathgamna tar an sliab sair ós cind ó Rónghaile dá róchoiméd, agus in tárdrí fíre fialMuircertach agus clann chathéchtach Cuilén do'n leith tiar gá taobcoiméd; agus do siredh ar íb Seancháin braighde co borbtindesnach, agus tucsat a togha féin d'ua Briain do na braighdib sin ar egla in tíre do taobnochtadh.

[A.D. 1314] Cid tra acht ar sidchórughad ó Sencháin agus ar certugadh ó Cendédigh, d'innsaigh in tardrígh uas || alMuircertach d'iarraidh a charat cumachtach do chosnam a tíre cona taobimlib .i. Uilliam binnglórach brethfoisdinech Búrc, agus Tomás Buitilér cona borbsluaghaib, agus na cuimínigh cona comérgi. gen gob énslighidh do imthighset is gu héninadh ro innsaighitar.i. Uilliam tre fosadhclár Echtgi cona fedhnachaib; agus tángatar do'n turus sin i toichesdal Muircertaigh dá mórcosnam muinnter Chellaig ina cathruathar fá chaomTadhg, agus muinnter Madagáin ina nairbedhaib uathmara armláidre fá Eogan, agus Tomás Buitilér a mbél átha ardcille Dalua, ina lebarcóirigthib laomaidbsecha lethansciathacha gu clárúrlár ó Caisín ina ciunruathar céimthenn i comdáil Uilliam Búrc agus í Briain cona brath-sluaghaib. co tucatar a naighthi a nénfhecht ar cenél nDúngaile ndianruatharach, gur gabsat glanlongport gredhanmór a nindse na móna do miniarraid in tíre ina timchell, gur anatar re dá aidhche san inadh sin. gur éirgedar d'innsaighid na críche dá cuardughadh, co rángatar daingen í Grádaigh gormcloidmigh, co ndernatar tenidh dingmála deghsluaigh do'n dúnadh dathgrésach desfoir  p.79 gnemach uile a nénfecht ar énsligid. do órdaigset a nistadhlongport an aidhchi sin a muigh mínfhérglas Maoláin. nír bo cian do chách san comnaidhe sin ar crechloscad in tíre ina timcell, induair tángatar lucht || taighertha ar na triathaib gu taob in longpoirt dá luathmescadh; agus do fágatar cúig céd catharmta cneséidighthi ina celgaib comnaidhe ar a cúlaib. agus rob iad so urraidhe na nuasalcelg sin.i. Dondcad agus degBrian dá mac Domnaill delbsolais í Briain, agus Mathghamain menmnachbeoda michar-céillidh cona macaib agus cona mórairechtaib.

Otcondcatar clann Cuilén in lucht taigherta gá taomadh agus na héighme gá nimdughadh, rucatar ruathar ina ndlúithcipe dásachtach dianinnsaighthech dofhresdail ina ndeghaidh co certlár na cathcelg. ótcondcatar na nertcelga na námaid gu nemchaigeltach gá nindsaighidh, do éirgetar co hetarbuasach a néinecht as a ninadaib comnaide do'n chur sin; agus fútha féin tucatar tromcelg in luct ro theith agus táinic i bfaicseradh na fedhnach ór teichetar co tinnesnach. agus do lenadh co laomda in lebarmaidm fó na lethanchailltib, gur urmaisetar ar na hinadaib i rabatar ríghtháinti na ndúngalach ar a ndlúthaimréidh ar córgadh cathfál crand-gherrthaidh comdaingen ina timchell dá tesargain ar a trom- naimdibh. agus ó nach rucatar clann Cuilén díl a saindti ar na saorclannaib re [a] marbad isin maidm sin, tucatar dianruathar fá daingenbuailtib na ndúngalach agus tucatar comach ar na clandmaicnib sin, gur ba díth dá ndáinibh || itir mnáib agus macámaib agus muindteraib, gur bo cruach coitcenn cosartiugh in cepach échtadbal iarcúlach sin; agus rob imda acu andsein óig ar a naghaidh agus mná ag mairgnigh agus buar ag bodharbéicedhaigh, gur coiscetar clann Chuilén muirighin a nellaigh agus a nógdáinedh do cenél Dúnghaile do'n dergruathar sin. agus tángatar co cosgrach ar cúla co cathlongport in cobsaidhsluaigh agus do innsedar scéla do na sciamcathaib; agus dob ingnad leisna huaislib in tarach fuaratar in ténoirecht ar na hairechtaib imda do indsaighetar. agus rucatar as an oidhchi sin ar an órdughadh sin, agus do éirghetar na sluaigh résin solasmaidin d'innsaighidh na caille cédna gu certdírech; agus tángatar ina comdáil gu cathláithir cumaisc do na caomsluaghaib dá mac Domnuill dédsolais mic Briain ruaidh ruatharmir, agus Mathgamain buancomairlech O Briain agus cenél ndonnmeirgech nDúngaile, agus do taisbénatar na huaisle a naighthi a nénfecht dá nescáirdib  p.80 nó gur aithnedar in tárdrígh fíre fialMuircertach co fíchda fraechda feidmneimnech roim na fedhnachaib agá nindsaighidh. do fhaomatar impódh ó'n árdrígh agus do locatar láithir do chongmáil dá cathsluaghaib, gur minbrisg maidm mórfairsing ar gach áird do na hairechtaib. do lenad siar || síl mBriain gá mbuandíghlaim as a mbruachslesaib gu bél an Fidhail eochar-daingin; agus da inntódar na findsluaigh co forbáilid dá bfosadh-longport agus rucatar na fadhba dá bféghad co fialMuircertach, agus nír terc géill a escarat ag an áirdrígh an oidhci sin a lenmain a cend arna cúlgearrad; mar adubairt in tughdar ag innisin brianruathair in mílidh ar a mórnaimdib: —

Mílidh Muircertach . mál trén Tuadmuman flaith cé ar cuanbroghad . is é ar sluaghbunadh As é ár sluaghbunadh . in seng súlmongach fear saor snuadballach . craeb den dúnlongach Mac trén Torrdelbaigh . triath in tírise óg na huaillisi . ród na rigisi Cosgar cathláidir . ag cleith craobruaidhe cride clárGréne . bile braonMuaide Tucc in tacharsa . ní tres mindálach tadglí tendálach . árdrígh ildánach Acht mac Torrdelbaigh . triath bend mboghaine ná hiarr énduine . mar Brian mboraime

Cid tra acht do anatar in oidhce sin isna hinadaib cédna co cosgrach commáidmech comfháiltech co maidin arna máirech. agus do éirgedar san findmaidin, agus tucatar tosach tiughdaingen tromarmach triatharrachta tréncobsaidh trebar || dlúith résna sluaghaib isan slighidh; agus do órdaighetar in datmarcsluagh dlúith-egair donnarmach dergsciathach dosgáilti gu daingen ar deredh, agus a lucht gonta agus a nglassluaigh, a naos ógbaidh agus a nanbanda, ar a lár dá lebarcoiméd. rucatar fíchruathar foisdinech gu tulaig ndonnfledhaigh í Deaaidh agus do ansat co huallach osgurda indoidchi sin indti. agus do comérghedar i comnéinfecht agus an caomlá; do roinnetar a ríghfhedhnacha agus do tógatar a suaicenta sliscomartacha agus a slegha slinnfaobracha, agus do órdaighetar flaithe résna fedhnachaib, agus urraidhe résna hairechtaib, agus cuingid résna cethernaib. agus do léigedar sirthe sluaghneimnecha slisfairsinge co tindeasnach fá na tírthib, co nár fágadar áird gan imdergadh, ná cimas gan cuardachadh, ná boillscén gan buaidredh, ná glend gan grindargain, ó taobuib  p.81 tondbláithi Tulach co follbruachaib na findfhairrgi; gurab aniar co nertcródha do timsaighetar táinti agus treoid agus tromconáich na corcamach gu coitcenn. agus do lomairgedh do na lebar-crechaib sin laochmuinnter Mathgamna í Briain co bríghthindes nach, co nach táinic do na tromsluaghaib dá tighib ó'n turus sin duine lesar dingmála a degcoiméd gan adbar conáich ó na crechaib sin aigi. ó da mothaighetar || na sluaigh a sáith do na crechaib gu coitcend acu do'n dula sin do imtighetar a nógbaidh le [a] nédálaib, agus do gluaisetar a ngaill agus a nglandeoraidh co tindesnach dá tighib leisna tairbertaib tarrtadar do'n turus sin do triathMuircertach, agus do innsaig in tárdrígh a nairther na críche dá coiméd.

Imtúsa in roidbartaigh: dorigne ríghthinól rómór ruadarmach agus rángatar ina ruathar tinndenais i tír Tuadhmuman; agus do tinóiletar tromsluagh clainde Briain ruaid ina ruathar céimluath coslúthmar cucu, agus táinic Mathghamain cona muinnteraib co hésgaidh dá ninnsaighid, agus dorinnetar árdsluaighedh aontadhach ar énslighidh d'athchur clainne Torrdelbaig as a tírthibh, agus tángatar co cuirr ó Cormaic in chédadhaig.

Dála Diarmada donnabraigh meic turascróda Torrdelbaig: do thogh féin co fosadhbeodha dul i Corcumruadh righiartharach dá nanacul ar a escáirdib, co ruc sidhe sebcamail láim re [a] naimdib co nertcalma co hiarthar na huasaltíre.

Imthúsa in áirdrígh cona fírmuinntir.i. fosadMuircertaigh: do indsaigh cona fedhain as in inad sin gu bun ródfhairsing ruad-armach rigmaighrech Raiti, gur fhadódar tene taoblethan tiugh-leathan torannborb treathanchiuin, gur cuiretar na sluaigh saothar mór || amugha re hathlam na hénuaire. agus ó táirnic lesna sluaghaib sennid na Saxanach do coill co cianainignech agus adbadha na ruadhfoichen do rémthochailt, do tim saighetar tégar tóthachtach na hadbadh sin ar énslighidh agus tángatar co fáiltech forbfáilid co findclár ó Róngaile ruatharcródha.

Imthúsa na nallmarach agus na nuasalgháidhel ar énslighidh: do chualatar órdughadh a nisdadh agus aidhidh a nadhbadh dá néisi, do gab ferg na flaithe, agus tucatar tromruathar tindesnach a ndeghaid a námad co nemchaigeltach.

Imthúsa í Briain cona borbsluagh: do sciamgluaisetar tar Scairb sair co sotalciuin, agus do órdaighetar acu fedhan uasal armneimnech dá nógaib innsaighthecha do thaigherad in trom  p.82 sluaigh.i. sé fichit fer fallbuanbeoda fíchrodcróda feidmchiuin-bregda findcuilénach. agus fuaratar na fosadcatha ag fáthluath-loscad na finntíre ar a fiarfad agus ar a fiartarsna; agus tucatar in tromceithern taomneimnech tulán do cimsaib in cathsluaigh gur teilgseat a cimsa na certlár, agus do chuireatar techta co tinnesnach co triathclainn Torrdelbaig d'indisin imthecht in ardsluaigh: dá rád co roibe in sluagh || ag saighidh tar slisclar ó Róngaile dá rochtain, agus rángatar na techta co triathMuircertach.

Dála na ceitherne: do cindtighetar comairle cianindsaigtech cruaidhcraidhech, agus adubratar co ríghaigentach nach rachdais in dá áth uatha do'n dul sin; ó'n ló do chuadar na cathsluaigh ar réidhclár ó Róngaile nach raibe tarbadh na taigheradh, agus adubratar co ndigheoldais ar dergnaimdib ele esein. agus rob iad so dá uasalcheand na hardfednach sin .i. Ruadrí rathmar rádhbindmichar rodbarrdualach rosccorrmongach renngormneimnech mac trescrodha toscamnáirech taomindsaighthech Taidhg, agus Aodh óg mórmílla armnuadneimnech aigned-ríghda mac delbcruthach damimdae Donnchaid. agus rucatar side sotalmher siar co slisclár cille sruthmaigrighe Subalaigh, agus do gáiredar co grodarrachta fá glanbuailtib na mbrughadh mbrectháintech, agus tucatar drochdíl ar dúngalachaib do['n] dul sin: do loiscid a lisbruidhne, agus ro marbait a muinntera, agus do scáilit a scálbotha, agus do borbglacadh a mbrughaid, agus dorinded énimirce dá naindeoin dá nell || aighib; agus do gluaisetar gu céimluath crechimtechtach gu cenél bféruaine Féichín.

Dála í Briain agus na mborbsluagh do bátar agá lenmuin gu luathindsaightech: in tan rob áil leisin ardrígh impód co himresain do na hárdcathaib, is ann do fell O Sencháin gu saobcomailltech mar do sáiledh ar saorMuircertach.

Otconnaire O Briain in brathimpódh sin na mblaidech agus uaiti a fedhnach, do órdaig sciath tar lorg tar na lebartáintib línmara. agus do éidset a nárdchuraidh, agus rosfoillsighit a bféithonchoin, agus rosgairmid a ngillanraidh do timáin a táintedh agus d'imarcur a nédaighedh, agus rosmúinid a marcsluaigh, agus do gluaisetar co ciuinmalla céimfoisdinech casimpódach tré clár-lergaib in cnuicsléibe. agus rucatar tosach in trénsluaigh ar deiredh na degdruinge; agus da hintadh co hurmaisnech ag na huaislib, gur teilgetar in tosach as a taobderedh agus co rabatar  p.83 isin éncaithimh imruagtha sin ó áth na scairbe co sciamForbor. agus gér bo scíth an sciamceithern tángatar ó'n argain iartharaigh do innsaighedar co hésgaidrod in imresain, agus is ar ndegail re céle fuaradar na flaithi.

[A.D. 1315] Dála na nuaisle do'n dulad sin .i. í Briain cona bráithrechaib agus Meic Conmara cona mórairecht: do || ansat ag in iarla ar imlib Connacht ag crechargain a námat gu neméddána; gurab and sin do fhaom Uilliam árdsluaighedh a ndeghdhaine do cosnam in tíre dá triathurraidhe , gur gluaisetar na sluaigh les O saorBriain ina tuile tonngarb treathanmór co bél Crotáin cranngégaigh. mar atcualatar clann Cuilén na córaighthi sin, do éirgetar co coslúthmar comthindesnach i coimnéinecht: itir árrsaid agus óg agus árdcuraidh, itir mnáib agus macaib agus maothlenmaib, itir echaib agus almuib agus indilib, gur indsaighetar tar atgairdib na hEchtghi co hésgaid co [a] natharda. do gabatar dlúithlongport isna daingenchailltib, agus do thógatar a tennala co tinnesnach, agus do gabatar sealb na solastíre gu sotal.

Imtúsa Uilliam Búrc: do brégtinghellatar Tuadmuma co tromghelltach in triathmílid, gur impód tar ais dá isdadhaib gur léig a trénsluaig dá tighib.

In tráth da sháiledair na soluscuilénaigh na sluaigh sin d'faicsin dá ninnsaighidh d'imcosnam a natharda leo re [a] laochnaimdib, is ann do cualatar a clód dá críchuib. agus ódcualatar na cóirighthi sin agus a bfágbáil a naonar agá nescáirdib, do éirigh aicnidh fercon gacha fírcuiléin do na find-cuainedaibh sin, agus menma míled gacha macáim dá mór-clannaib, agus aicnedh anradh gacha || hénfir dá nógdáinib, co nár b'urasa a ninnsaighidh re calgdacht agus re crithneimnighi na caire connailbe do cóirgedar dá cosnam. co rabatar cor in geimrid gaothfuair gnédorcha isna guasachtaib sin, agus egla orro ré [a] nuasalbidbadhaib agus egla reampo go róimarcach ar na ríghtuathaib, co táinic tosach erraig dá nindsaighidh; gurab ann sin da faom Maccon a cennas do clainn caomDomnaill mic Briain ríghferaigh ruaidh. agus nír domhail craide in cedugad sin, agus ní tré gradh do aoidhetar in uasallánomain.i. Maccon agus in cialláirdrígh caomDonnchadh mac Domnaill déadghléghil. agus tuc trénMaccon braighde d'ua Briain, agus is amlaid seo do cenglatar a cunnradh: gémad imda na hanbuaine, agus gémad  p.84 tiugha na tromchogaidh, gan tuil[l]ed uasalbraighead d'iarraid orro. co rabadar na flaithi re forgla indearraigh ar an órdughad sin, gur fuagrad feidmsluaiged fadindsaighthech ag in Clárach cennairrcech cianaisdrech críchaimréid ciallimpoidhtech i crích Laighen dá luathmesgadh. agus do ullmaighetar cách in cath-sluaighedh nó co táinic lá gluasachta do na gasradhaib; agus do cinnetar comairli nach rachdais ar an ríghsluaighed, agus do faomadair a néinfecht cagadh || ar na críchaib agus ar na cnicht-gallaib, agus do fuagratar énlá oirechtais d'órdughad an árdcogaid. agus tángatar co héninadh in uair do gellatar na gasradha, agus dorinnedh rómícomall ag claind Briain ruaidh risna rígcuilénchaib, arna furáil orr[o] dá nescáirdib, agus imad giall do grodiarraid mar nach roibe na cundradh agá chéddénam. is iad so na huaisli d'iarratar.i. Aodh mac Donnchaid dúnadhmóir, agus Mathghamain mac Domnuill dercuaine; agus nír cert le claind Cuilén in comall sin, acht as éigen gach ní do na nertnaimdib dá niarfat géma[d] himarcraidh. agus tucadh i láim laochMathghamna í Briain na braighdi sin, agus do gabatarsan ag coitceandughad a cogaidh agus ag oirrdercughad a nimtechtadh agus ag scáiled a scél.

Imthúsa in uasalrígh échtcathaig adbailcaoim oirrdeircréidh fialMhuircertaigh mic Saidbe agus saorTorrdelbaigh: do thinóil co tindesnach ar thuaras [t]laib tromsluagh allmarrach agus uasal-gháidhel.i. cland Briain mic Murcaid mic mórDonnchaid, agus na cundúnaigh cathairbreca, agus na cuimínigh cráisechremra, co táinic reime ar an réimórdughad sin co taobclár tláithférglas toradmór Tuadhmum an; gur gabsat gredhanlongport a nucht a nallmarrach ina himeltaob || re haighidh a nescarat. agus do druidetair cách co coitcend ar cimsaib na cáigcrích, gur fágatar fosadclár na findtíre folam, co rabatar leth ar leth ar a bfairb flesgaib agá fheithem etarru.

Imthúsa Dondchaidh dotrao[ch]ta mic Domnaill delbnósmair: táinic tromfedhan taobéidighthi tailcarmach ar aoidhecht d'inn saighidh Mic Conmara mórteglaigh, agus ro fres[t]ladh co frích namach na fedhnacha re hedh na haidhchi sin. agus ní cian do bí O Briain san baile in tráth táinic trénrobadh tnúthmiscnech ó ua ríghSencáin dá rochtain, agus táinic in dara robadh co ruagdeibedhach dá rochtain, ar egla cáirdiusa Miccon agus caomDonnchaid do beith na cengal caradraid; agus nír creid in rí co róimarcrach na raibte sin, agus do faom anmain ar gar  p.85 indurrigh in oidci sin. agus do éirgetar risin solasmaidin arna márach, do imtighetar co faitech fuirechair ó na fedhnachaib sin, agus adubairt Maccon ag clódhimpód ó ua Briain dá bladlongport: ní haobda ár nórdugad amlaid seo a áirdrígh, bar eisin; nach legaid imat m'escaratsa agus iadsein it uasalgradhaibsi duitsi egthaob do tabairt riumsa im ríghbruighnib, agus egla orumsa trésin étairisi sin do beith ag rígh romum. agus do tuig in triathrígh gur celebrad na comráiti sin, agus fa dimdach Donnchad da gach || duine dá táinic etarru agus na hairechta sin; uair do sáil agus do thuig nár tu alaing iadsan oiret re Mac Conmara do dénam dá díden ná dá dhianinnsaighidh.

Dála Me[g] Conmara: ar ndelugadh dó ag s do Donncadh re chéli do'n cuaird sin, do cuir Matghamain mórindtlechtach mínglicráitech micharbriathrach mac mhic Conmeadha co mórcaitir in Cláraigh do daingneghadh degcomadh Me[g] Conmara agus a mórairechtadh. agus dob é bunadh na mbuancomadh sin tricha céd ó Caisín i cartaigh ó'n Clárach do Maccon catharrachta, agus do fuaratar gu hésgaid gach uasalcomaid d'ar iarratar. ar ndaingniughad na dála sin co deimincóirighthi is ann do cuir Mathgamain mincomarta gu mac nDonnchaidh ndergruathraigh, co hAoedh ógoirderc aignedréidh uasalglic, dá rádh ris élódh ur maisnech mar adcífedh a comartha. agus dorinne Aoed mar do haithnedh de co deghlamaigh: do élódh co hollamglic isin aidhche sin ó isdadh Mathgh amna múrndadbail, co táinic slán co [a] sluaghaib acht slicht imtechta innaimréitig ar in uasalbile nabradgorm.

Imthúsa í Briain cona borbsluaghaib agus in Cláraigh cona cathmarcsluagh: do léigedar ríghchrecha ruagdígainde rianainig necha raonaidbsecha ruatharbeodha rúngúdhúnacha || fá íb Rón gaile, agus do an in Clárach na comnaidhe ar clárúrlár na caomtuaithi ag tabairt gradha gallraidiredh do na glasgallaib. is ann sin ro suidhedh saorDondchad sluaghlínmar mac Domnaill dercabradguirm cona degfedhnachaib ar bél in bánátha na Scairbe cum scainnerthroda.

Otcualaid Muircertach agus Maccon comnaidhe caomDonncaidh, rugatar dianru athar dilennda co bruachaib indátha dá indsaighidh. ótconncatar aghaidh indardrígh ina nimfogus, do aontaigetar énmaidm anurmaisnech a nénfhecht: uair is gonuigi sin bís crích comnaidhe gacha cathnámad, nó co naithnighther uasalMuir  p.86 certach. agus do len Maccon in cathmaidm sair re sealad ar na sluaghaib, co nár fédadh rímh ná róáirem ar échtaib ná ar echaib ná ar airgedhaib na héncreichi sin; agus tángatar dá tighib le tromédálaib do'n turus sin. agus do timsaighetar tar a éis induair sin i néninadh, agus do indsaighetar in crích cétna dá crechloscad. agus rosloiscid in lebarthír co laomaidbsech, co nach tísad tromneim in galair cétna re cinedhachaib in diuma[i]s dá ndianmilled. agus táinic O Sencáin ar saorcomairgi Ricaird binnglóraigh brethfhoisdinigh bélfírindigh a Búrc hi tech in Cláraigh do'n cur sin; agus do snaidmedh sidh í Sencáin ag na slu || aghaib, agus do hórdaighit a uasalbraighde, agus tugadh lá re comall do'n coinde sin. agus ó nach fuair O Seancháin na saorbraighde sin in lá ro ghell do na gallaib a ngrodinnlacadh, táini c féin co fírindech i teagh in Cláraigh dá comall; gur gabadh a ngill re [a] braighdib in bile buantesdach, agus ní táinic tar a ais ó sin allé do'n lebarcuaird sin agus ní ticfaidh co tráth in brethemnais bunaidh d'fis a fírcharat: óir is éigen da gach duine indsaighidh an inaidh sin, itir óg agus arrsuidh, itir uasal agus urísel, itir mnái agus maothlenabh; óir ní théid énduine dá olcus tar cenn a céle san comdáil sin, uair ní bí énduine gan agra ar leith san ló sin air agá aoighidh agus agá éntigerna.

Imthúsa Matgamna miniccrechaig: táinic i tech in Cláraigh ar cloistecht gabála a glanmic do claind Cuilén cathéchtaigh, agus do bátar ag imrád imláide i bfiadnaise in Cláraigh do'n cur sin.i. Matgamain míleta malachdub mongsúilech mac Domnaill mic Taidhg triatharmaigh do bí a láim ag laochMathghamain ga tabairt do chinn Briain bríghmic Mathghamna mintuigsigh.

In tan do bátar ag dénum na dála sin, is ann táinic Mathgamain menmnachláidir mac Mic Conmara cucu san cath raigh i rabatar || ag rádhimláidib; agus fa fáiltech leisna findsluaghaib in fríthe fuaratar, agus do fiarfaighedh scéla co sciamfáiltech do'n scáthbile, uair ní roibe acu énfer gan fháiltechas fá'n aiseg sin acht Mathgamain O huasalBriain na énar. agus do indis Mathghamain Mac Conmara gu mínráitech adbar a fhuas laicthi do'n duladh sin: gurab iad cenél fialcraidhech ferconta forniata Fermaic do fuaslaic eisium ó [a] escáirdib dá naindeoin; agus fa haoibind leisna hoirechtaib éstecht indúrsceoil sin.

Is and sin táinic techtaire ó cenél armneimnech Fermaic d'indsaighidh í Briain co borbtindesnach, dá rádha ris a rochtain  p.87 co ruagdeibedhach co tísdais fá tigernas in trénmíled; agus do gluais in Clárach agus in caomáirdrígh agus dá claind Cuiléin ina céimruathar cucu dá cabair co bél carad saoilech ina sruthruathar. agus táinic Mathghamain mórtesdach leo sealad san slighidh, agus do indsaigh as sein i cenél Dúngaile co deglamaigh, agus fuair fosadcórughadh clainde dianruathraighi Domnaill ar a cind san crích sin. do fiarfaigset scéla do'n sciamfl aith. atáid agam deghscéla dáibsi, bar an degfher: a néinfecht do gluaises agus in glansluagh gáidheigall gá raba agallamh gustrásda, bar a triath flaith, agus no beimis ní badh faide ar énslighidh muna ind saighindse cugaibsiu im céimruathar do indisin na tosca fá tángatar.i. cenél Fermaic gár bfarg || báil, agus is na naghaidh ro innsaighsetsom. agus mad áil libsi an fasdad aguib, indsaighidh co tindesnach na tromairechta sin; agus muna fédaighthi a bfasdadh agaib, bud lib féin a ninadh agus a nárdconách agus ní fuil guth dáibsi isna degh édálaib sin. agus má tá do craidi in bar cathaib cumasc ar na calgnaimdib, is lia dáib ná da deg marcsluagh í Briain agus in borb Cláraigh agus do'n córughadh cuilénach atconnarcsa. agus do gluaisetar na sluaigh ris in solasbrosdadh sin d'innsaighid cené[i]l Fermaic co hurmaisnech ina cóirightib comtenda, agus ina tondaib tiuguaibrecha, agus ina saithedhaib sotalcróda, fá slisbruachboillscén na sluagimrighedh. agus is amlaid ro bói cenél Fermaic ar bfiarscáiled le [a] bflaithconáichib, agus gach duine ag indsaighidh a eolais agus a athgairdi le [a] imirghib, nach fríth tarba chum troda ar na tromairechtaib. gur legadh le [a] naimdib gu nemchaigeltach drong dá ndegdáinib, agus mórán dá minéchtaib, agus dorindedh éncrech fairsing adbal échttruagach miscnech marbtach malartach do crodh agus do cethraib na caoimtricha céd uile ar énsligidh.

Otchualatar sluaigh í Briain in borbruathar brathogla búiredh mór tugadar tréncland Briain ruaidh fá na ríghthuathaib, do éirgetarsein co hésgaid aignedhbeoda d'indsaighidh na himarc[r]ach. ro gabaid a nglésgraidhe, || agus rosglacaid a ngormslegha, agus rosiarraid a noncoin, agus rosdaingnigid a ndedcloidhme, agus ro seolaid a soighdeoraigh, agus do indsaigetar a néinfecht tar Forgas srebuaine sruithiasgach siar d'indsaighidh na fednach feidmlínmaire flaithfoisdinighi fraechneimnighi fírescarat, co ruccatar ruathar rodurmaisnech réimtindesnach do rochtain na ríghfedhna. agus is móide rob engnom an indsaighid sin ní roibe O Briain agá  p.88 mbuancórughadh, agus ní roibe gid Mac Conmara agá mórtendadh na mersocraide sin. agus dorindetar féin co fedmannach urrumas amnáirech ar na huaislib; agus tucadar mic Me[g] Conmara fá mórbriathraib, agus do luidedar na cuilénaigh fá [a] cubusaib, nach impóbdais ó'n imresain ar aba gan tigerna agá tendadh gusan trénimresain. agus tucatar taomtolgadh tindesnach i certaghaidh in cathsluaigh, co nach facatar na finnsluaig a céle agá cominnsaigidh, co tarladar ucht re hucht ar énláithir. agus do léigedar cith dá caolarmaib fá [a] céle do'n cedfrais; agus ó rob iad clann Briain ruaidh rob uaisle agus rob imadlínmuiri do,n dá fedain sin, do faomadar ingabáil ingnáthach résin uathadh sin agus do falmuighetar indéchtláithir re hathghairid: uair ní coiréchamne in cathírghal nár chuireadar, || uair nír anadar re héncloidhem do nochtad gu náirechbeodha in tráth do muigh do na mórsluaghaib ina madmandaib mínáirecha. agus dorindedar na dathsluaigh droch imláide diultadacha do'n dul sin: tucatar a n engnam ar ingabáil, agus do tídlaicetar a tirtedh i comáin tei chidh tindesnaigh, agus do imláidetar a naigenta arrachta ar anbfainde, agus do reacatar a réimfoisdine ar ruagdeibed, agus a bfétacht ar foluamain. agus do obadar éncuidechta gen gur b'étairisi dá céle na cinedaigh; uair rob é aigned gach éinfir do na haicmedaib gur bé gach inadh ann nach robe a rócomairce, co raibe in rígmaidm ruatharmer ruagéchtach sin isna ceithre háirdib a nénfhecht ar scáiledh co scíthúdmhall sgáthuaimnech do na sciamchathaib, co ndernadar na cuilénaigh tiugmarbad taom arrachta tailcdeibedhach ar na tréncathaib. agus do b'usaide dóib a dénam go dlúithéchtach fuair gach fer glaice do na gasradhaib iasacht lámairm ó [a] laochnaimdib, gur coimdeas do cách in commbualad; agus do b'usaide do na gormarmaib a ngabáil tucatar a tromédidh ar taoblomnochtaighi. agus do cóirgedar cairn dá cennaib, agus eiredha dá néidedhaib, agus feidmualaighi dá fadbaib, agus brosnadha dá mbláitharmaib, co mullach Droma deirg || dá taisbénadh dá trí tigernaib.i. do triathMuircertach turasminic thacharcródha, agus do'n Clárach crechindsaighthech, agus do Maccon ciallarrachta cosgarbeoda; mar adbert in tugdar ag faicsin na fosadhláithrech fadbuaisli sin: ní hingnadh ám, ar eisim, druim nderg do gairm do'n glandruimsi aniugh arna niamcorcrad d'fadbaib agus d'armuib agus d'uasalchendaib ár nescarat:—

 p.89

Díles in tainmsi ar Druim nderg. ainm fíre nach báigh buancealg; gairm do cearb colla san tres. ainm Droma deirg is díleas Maidm Droma deirg co deimin. do rad oruinn fhóiridin; sluag raith roscoisc dá cagad. ní maith in toisc tángadar Dá tángadar turas te. ar énláithir is sinne; bud réim tairtech gár tighib. ro b, aithrech in indsaighidh Mairg do'n tsluagh táinic ille. nár loigh a nénfecht óirne; dá docra in ruathar do rad. le ár nuathad is lé [a] nimad Biaid againd ó sho suas sin. Tuadmuma na tír cloidim; in fond mínsi do thúir tres. in tírsi dúinn is díles

Cid tra acht ar minu gad madma Droma deirg co dianarrachta, agus ar scáiledh do scathshluagaib sciamcloinde Domnaill gu deglamaig sair siar fá na sluaghthírtaib, agus do cuaid Dondcadh gu deimneadach a nIrrus gan airisim.

Otcualaid O Briain a bráithir do dul a nIrrus ar ingabáil, do indsaigh re [a] cois i cétóir do buain in tíre tiar do'n triathmílid mar do ben in leth tair || ar an trénflaith; agus do gluais glansluagh gall agus gáidelrígh i ngormsléibtib Irrais iartharaigh, gur airgeadar in uasaltír itir imlib agus iarcúlaib, itir bruachaib agus bendcnocaib, itir uaim agus iselgleann, a ningnáis a ceall agus a comairgedh, ó léim Con ciantesdaigh culaind co cnoc lerguaine lebartondach línmargrednach in locha; agus nír fágatar dún gan dóghloscadh gu deibedhach in gach tír d'ar thaobairgedar, gur tathaigetar na tíre do'n turas sin.

Dála Dondcaid dondmeirgigh mic Domnaill degnósmair: do innsaigh tromfedan dá tairisib agus uasalcórughad dá fírcháirdib, co rángadar in rígsocraide ruath argarb sin d'iarraid a congbála cum clainne crechneimnighi Cellaig, agus fuaradar fáilti ó Tadhg do'n turas sin.

Do gab O Briain ag foisdiniughad na finntíre agus ag ciunfuaighél a cim as, ag órdughad a horrigh agus ag triath córughad a taoisech, agus ag roinn a ríghferandais agus ag grindiughad a giall agus ag snaidm a sídhchána, gur comcengail in tír gu taobdaingen do'n turas sin.

Imtúsa Briain borbruathraigh buanfoisdinigh mic dércaigh dianindsaightigh Domnaill: ar cloisdecht a uasalbráthar d'athrígad agus ar bfagháil deimin dó ar a dénom, d'indsaigh co háithesach amnáirech éscaidbeodha i taobclár Tuadmuman || co tindesnach, agus táinic roime co ruagdeibedhach co Corcamruadh rígcnocach agus do an an oidce sin a ndaingen na degthíre.

 p.90

Otcualaid O Briain a bráithir do techt in turas sin do thinóil co tindesnach dá tharrachtain. ótcualaid Brian in borbthinól sin do éirigh co hu rmaisnech as an inad sin d'fágbáil in tíre dá triathbráithir. agus do gluais in sluagh sin sair tré taobslis Tuadmuman co rángatar rígchenél Aodha uasalglan, agus gach tuath i tigdis gá taobtollad agus siadsan ag tiugmarbadh ar gach tuaith, gur gabadar a ngormdruimnib glanlergacha gaothaid bsecha oirrdercbuana induarglana imelldaingne na hEchtghi; agus tángatar tromsluagh Tuadmuman gu tindesnach na taobairr. chist co bfacatar fedh a bfaircsena uathu do'n tsliab in tsochraide.

Otconnairc borbcórachadh Briain imad na nuasal agá ind. saighidh adubairt co desráitech degórdaighthi: a degmuindter ám bar eissium, as sibsi cosnus gach clú dá bfagaimsi isna fedmaib catha i cumasgmaid; agus gé do beith sibsi in solascórughadh so ga[n] scíth gan scáthegla, ní bud lucht tochair do tromslua ghaib triathclainde Torrdelbaig adabarnurdail ar énslighidh re [a] nuaisle agus re [a] nim adlínmaire || agus re [a] beith na bféigi engnama ós na hérendchaib. agus ó tarrlaidh mar sin na saor sluaigh sin, dénaidsi dianscáiled deibedach agus anad bar naigenta na ninadaib. éirged bar marcsluagh tré mínúrlár muighi ó Torrdelbaigh co tindesnach, agus a mbél átha uasalcille Molua gu lándeibedhach, agus dá roichdis as ar an órdughad sin nocha dá náithes; agus gach aon leis nach étairisi agaib crích clárnaide Connacht, legad indti co hurmaisnech. agus rachadsa féin fír uathad do na fedhnachaibsi d'iarraidh ár traighedh, gidh amharas, co hinis caladhréigh Celltra[ch]. agus do faomadar cách gu coitchend in comairli sin; agus gach a roib éidighthi do na huaislib sin do cuiredar uatha a nimarcaidh fá comair na coimlenga, agus do rinnedar co réiméscaidh gach ní adubairt degBrian do'n dul sin. agus rángadar a nuaisle as ar an órdugad sin, gach duine do réir a menman ag mianindsaighidh ó [a] mórnaimdib; agus dorinned marbadh ar a muinnteraib agus do fhágsa t a néidedh uile a comaidh na cuarda sin. agus do inntó O huasalBriaiain dá thighib ó'n turus sin agus do shuighesdar co téiglidhe trebardaingen in tír re tréimsi; nó co táinicc in tond báiti beocrithrech brathneimnech bruthaigm éil buanainignech barrgégánach borbsuinnenach brisde gacha bruaich || agus gacha binde agus gacha báncairrghi , agus in duibnéll  p.91 doscraebach dlúmdorca dofresdail dlúithalbanach do leth ina tuile tonnremar taranngarb tar finnclár na Fódlasa.

Mar adcualadar cách gu coitceand gu tángadar in tromdám sin agus [in drong dosmachtaighthe sin] ina toigthi tinnesnach ar n argain Uladh agus ar milledh Midhe agus mórLaighen, gu tángatar co m edón cláir na Muman mínórláraighe ar naidmilledh Erenn, co tángatar trénclann Briain ruaidh ar a rígsluaighedh sin re cois rígh Alban agus Edabaird; uair do bí D onncadh degmac Domnaill tall a nUlltaib indfhochair na nAlbanach, ag iarraidh a techta in turais sin mar thángadar. agus ní hiad a nimtechta indismidne do'n dulasa, acht do innsaighedar co solasbruachaib na Sinda co sotalborb, gur tinóiledar Tuadmuma do'n taob ele dá nindsaighidh; agus do anadar na hAlbanaigh i caislén í Conaing ina comnaidhe, co ndernadh debaidh ag na sluaghaib imon sruth. ar loiteadh do na hAlbanchaib ní hiat égáinmidne; agus do loitedh do'n leith abus bile uasal do na haicmedhaib sin.i. adbar indorrigh agus impe in aballghuirt fírcumra.i. Aodh mac Dond chaid duasbuigréidh Mic Con mórfairccsenaigh mara, agus táinic Aodh as ó'n uathbás sin.

[A.D. 1316] Imtúsa laochbarúnadh leithi Mogha: do mór tinóiledar uile co héninadh re hadaigh na nAlbanach, itir iarla agus árdtigherna, itir cnicht agus cathbarún, || itir ríghfer agus ridire, itir oighre agus ógmacaom. agus do cuadar a nuaisle a néncomairle ar techt dóib co daingenLuimnech do toghadh énárdrígh orro co himresain; agus is é triath ro toghatar in tréncoraidh sin.i. Muirchertach mac Torrdelbaigh mic Thaidhg tresbuirb tidlaicthigh mic Concobair críchfairsing rígh tromarmach Tuadmuman. agus do tuigeadar na triathghaill gur b'é uasalMuir certach do b,fír[fh]rém agus do b'oighre do'n Eirinnsi dá ndamtai cóir dá cinedhachaib, agus do sáiledar sobhartain ar a sluaghuib fá beith in dá seilb ar énslighidh.i. sealb neirt na niamghall agus selb dúchais in degairdrígh; agus do ríghad co réidhtindesnach in ríghbilidh rádhurmaisnech.i. Muircertach mac triatharmláidir Torrdelbaig ag gallgáidhelaib in dá cúigedh.

Imtúsa na nAlbanach: do indtódar ó'n imresain agus do clóadar ó'n cath ar cloisdecht deghrígh dú[th]chasa na hErenn agá ninnsaighidh.

Cid tra acht ar nimpódh na nAlbanach, agus ar bfágbáil clainne Briain ruaidh ruatharmir ar an tráigh do'n tuile sin, agus  p.92 ar nachur cucu do ceinél dondmeirgech Dúngaile: scéla na sciamoirechtadh, do scáiledar ar eagla na nAlbanach agus do b'fír do n a dúngalachaib in d ergbrath sin. agus rucatarsun ruathar réimthend rodamnáirech as an ríghthír gu bél átha deirg co dofasdóigh, co tarlatar cucu || do'n cuaird sin urrand d'imirgib Mic Conmara ag mochindsaighidh a tíre co tindesnach ar cloisdec ht na nAlbanach d'imthecht dá natharrdaib. agus d'airg etar uasalclann Briain ruaid gu róésgaid bladh do na brughadaib sin agus do cuadar san leth iartarach as sein, gur gabadar Corcam ruadh do'n ruath ar sin.

Dála Me[g] Conmara: do éirigh cona fednachaib a deiscert a dúthaighi co hinis cladmúraigh í Chuind a naghaidh a imircedh do bí ar buancomairce ag Mathghamain mórthesdach ua Briain bláithúirghellach, agus rucatar tar a nais na himirgedha dá nair echtaib; agus do sáiledar gurab tré nert catha do coiseondais gér leo féin na ríghtháinti.

Dála degclainde Briain ruaid rádhbeodha: dorinnedar rígh thinól fáthindsaighthech folaigh agus do indsaighedar gu hur maisnech as in inadh sin d'fis a nescarat, co nach facas na finnsluaigh ar slighid fá'n seol sin nó gu tángadar gu taobclár Tuadmuman agus gu Cuince, a certfhagus a námad dá neam chaigill.

Otconncadar cách na trí cóirighthi catharrachta cucu gacha certdírgi do éirgedar co huathbásach agus do indsaighedar a neich, agus do iarratar a narmghaisced, agus do thimsaighetar a táinti, agus do éideadar a nuaisle, agus do brosdatar a mbuidhni, || agus do ulmaighetar a nimergedha, agus tucatar trí heisi armcorcra a ndeghdáine ar a ndruim dá ndíden. agus in uair téighdis na tromsluaigh déighenchu as a ndlúithcóirighthib, do bhídh brath marbad orro tar a nais arís ina rithing co brollaigib na cóir igh[th]edh cétna; gur tuitedar fuilledh le fichit do na findsluaghaib le trénmuindtir triathcloinde Torrdelbuigh in tráth sin. agus rángatar acht mad suaill na sluaighimergedha co bun réidhfairsing Raiti, agus do cuadar cland Briain ruaid co ruatharmer d'innsaighid O bFlaind bfeidmcrodhae, agus do tuit buiden do'n borbsluagh sin le hAoed Mac Con midcormara um O Cuilén ciantesdach. do ansat in aidhche sin ar na hórdaighthib sin; agus do éirigh a néinfecht agus lebarsoillsi in lae in sebac sáthadmergrod sluagh nemnech seigimpódach sotalcuardach selgturchairthech saoráb  p.93 aisech súlchorrmallmongach, agus in finnbile fáthgusmar fíchainig nech feidminnsaightech fi uchadhneimnech fialrodcreachach fínemna, Feidlimidh mac Domnaill drechnáraigh [dá ngoirti Feidlimidh an oinigh]: óir dob é in Domnall delbcorcra sin O Concobair cathéchtac cloch rígthomais gacha rígheinigh, do nach faghthai comtrom i cúigedaib na caomFodla. agus ruc in Feidlimidh fosaidcraidech sin sidhe fá na sluaghaib sair do déchain a oibri || a énar ar na huaislib, agus tuc triatFeidhlimidh leis do'n luathcosgar sin eiredha dá nuasalcennaib dá taisbénad do na tromsluaghaib; agus fuair Feidlimid nós ó na niam cathaib trésin nertruathar sin, agus ní dechaid trághadh san tromnós sin acht is bisech beires ar gach ló co lebardígaind.

Dála clainde Briain ruaidh: rángadar [t]ar éis na n esbadh sin do fuaratar a niartardhaingen a ndúthaige, agus do gab in Clárach comosadh itir na hárdríghaib do'n duladh sin. agus da ansat air re hathaid, agus do gelladh in Clárach cealgmelltach comsluaighedh le clainn Torrdelbaig do díchur degclainde Briain ruaidh as a ríghdúthaigh, agus do fhelladh air re [a] chois i cédóir. agus do cuaid in saobClárach gu sisa Atha cliath cladmúraigh do cennach sidha do saorclaind Briain ruaidh ruathardlúith; agus do cuiredar clann Torrdelbaig agus na tromairechta in triatháirdrígh trén Muircertach ar buancomairgi in Buitilléir cosan sisa cédna i certaghaidh in Cláraigh, dá brúdh ina brégchelgaib agus dá faisnéis a ndénadh do degcomand ris gach ndíanfoghlaidh ndásach tach a naighid oighrechta na háirdríghi. agus tucc Muircertach malachdub menmachréidh mínglicdian mórgarbciuin mac turas cródha Toirrdelbaigh a caomríghi ar comairce Diarmadae a derbbráthar.i. co tísad in findbile flaithlínmar féin arís dá ríghthesargain. agus do gluais in gégcrand guthaobda glórbind glic leisna gallaib da grodaimles || in Cláraigh claonbrethaigh; agus ro bo maith in seol aimlesa allmaraigh in tárdrígh, uair rob eolach é a nilbérlaib re [a] nimluad na naghaidh in gach imresain. agus fa delbsnuadhach dondabrach dédglégheal díghainnmór in deighrígh re [a] dhéchain do na danaraib, agus is í in cóir a canfadh fá cend oighrechta na háirdríghi gémadh hí Ere d'aidbredh ar na hallmarchaib. agus do gab findDiarmaid in fedmandas sin do láim ó laochMuircertach, agus adubairt adbar árdrígh Erind co haithremail: in deghdaine nach meathfad fá,n mórfeidm sin, agus in taiscidh tucadh na láim nach tesdobadh do'n turas sin  p.94 gidh fedh do cuirfedh le dá lebarbruachaib; mar adubairt in tughdar ag tabairt tuarasgbála in triathcoimédaidhi sin:—

L endán Fodla finnDiarmaid. mac Torrdelbaigh taobfadghil. mic Taidg í Briain barrdualaigh. risnach cubaidh comardadh. crann coiscc gacha cúigedhaigh. Diarmaid duine Duiblinde. comla catha craob neimnech. tar nach roich feidm fraechnámad. tond báiti gach fidbarigh. sruth nach soichend sluaghnámaid. ó hEimir ó hEogan briain. d'an dual Banba braonimlech. créd anois in nuadhghairmsi. na géimgéised gáirechtach. ag leic na ngiall ngnáthuasal. Temair agá tromgerán. a bfuair d'ulc na haontuma. ó bás mic áirdFergasa. co bfacaidh sí saorDiarmuid. Emain agá égáine. beith gan céle cruth || nuaderg. ó Fergus indaonfhogha. gu mac Saidbe súlguirme. cruacha Cuind is críchfeoide. ó ré ríghdha Raghallaigh. co Diarmaid dúin dondMaisden. atá Nás co nemgredhnach. ó Cerbull co caom Diarmaid. Caisel craebglas cladmúrach. gan áirdrígh na isdadhaib. ó ré Cormaic chiallbrethaigh. co mac mic Taidhg tresneimnigh. na cúig longpoirt laomdha sin. cóireochaidh ó Cormacbriain. abaisi na hárdrighi. atáid riam [a]g ua rígMogha. laomscar céillidh cert brethach. aindiuid náirech nemuaibrech. delb flatha ar ó bfindluirc Briain. barrdonn buidhe dualfo tach. adhaigh bile buannaiti. as ésga gan urduba. rosc gormglondach géguaine. is bél buanderg bláithbriathrach. féige deilbe díghainne. bile doschaom dath ingnech. glanchorr gruadhderg gríscorcra. d'Erind áird na énlendán

[A.D. 1317] Dála in Diarmada dercmongaig dianimresnaigh delbdíghaind sin: tuc fis co féithfhoisdinech ar na finncinedha chaib gu coitcenn chuigi d'accáinedh a anbuaine re [a] oirechtaib. lá éitsechta ógh Mhuire do sundradh in solaslá sin: in cúiged deglá dég re [a] áirem d'uasalmís Ugaisd indáirdrígh, uair rob árdríg na cruindi gu comlán in certrígh ciallbrethach sin ó nach fédaightar bíbla do brégnughad. agus is fái do gein Crísd corpsolus i colaind, in caomrígh ó [a] sloindter in solasmhí sin. || agus tángatar uile co héninudh na huasalmaithi co ráith laithín lethanmúraigh; agus do éisdedar aifrind d'óghmáithir Isa co hoilemanda uasalriaghlach, agus do ghuidhetar indógh cona haitirmac co hinísiul um sdiuradh ratha dá ríghcomairlib. agus tucatar a nuaisle a néninadh agus do imráidhetar indsaighidh a nuasalbidbadh; conad ann adubairt Diarmuid dúnlongach delb ríghdha dathchorcra desárdcaom dédglégheal dercchorrmall do fresdail a ndiancathaib na deighbriathra so ag furáil na fosadh comairle agus ag tennad in tindscedail agus ag iarraid na  p.95 hindsaighthi, agus nír beith gan engnom a himrád re himad a huathbás:—

Dénaid comairle a cland Táil. bíd bar naigenta d'énláim; fáth rógairbe in fáth fá fil. bláth na comairle cóirgidh Taisbén gu glic gan gairbe. a Miccon do comairle; gach port glantar co daith di. gid olc maith antar uirri A Mathghamain a mic Taidg. comairle ár trénfer timairg; t'forfuigle ná dún rér ndruing. comuirle dúinn a Domnuill A cland Mathghamna mór mer. ar bar comairle cindter; a Briain a Dondchaid dáile. a dhá oncoin Formáile A Feidlimid is árd rath. a mic Domnaill na ndianchath; osod óg d'an gnáth gairbe. tóg ós cách do comairle í Deadhaid nach docht ferg. a flaith gormroscach gruadhderg; ná tagair acht múin go mall. abair dúinn mar adéram || Rún do comairle ná ceil. a Lochlaind fhéil í Aichir; déna a leoman na ngrian nglan. ár seoladh siar co sotal A Mathghamain as mór sdair. do comairle ceart córaigh; léig a craide is calma cuing. na haire anma oraind Dol i ngleic ni dela duib. a mic Conmeda menmnaigh; mad hí bar comairle cruaidh. indsaighidh breghda in borbsluaigh san gliaid ní dairbrigh fallsa. biaid in airdrígh agomsa Lasfà.id sróll re bar sleghaib. bieid menma in bar míledhaib; dobéra fích fir gá roind. bud lib in crích gan comraind Tabraid cath ní feidm falaigh. beiridh side sebcamail; bud calma indágh a rún rib. gach ní nach nár dúinn dénaidh

Agus dénaid comairle cumarbriathrach ciuinmíntarbach cian áithesach cosnamtarbach céimdlúithláidir caithimresnach cáirde mail. aontaighidh bar naigenta, agus comuamaidh bar craidedha, agus ullmaidhigh bar narmgaiscedh, cinntighidh bar céimruathar agus indsaighidh bar nescaraid. ó'n uair adubairt Diarmuid na deighbriathra sin do fhuaighedar a naigenta gu cimasdlúta re chéile gu cáirdemail, agus do ghell Maccon cruthnuadnáirech céimrodríghda cathniamneimnech cráisechlínmar cuartachbe[o]dha coméirgi gan claonghelladh re cois na comairle. agus adubradar cland Cuilén a comurlamughadh na comairle: agus gen gu [n]dechadh d'fis na nuasalcath acht sinde na sluaghairechta so solus || clainne Cuilén, ní bad tarba do na tréncathaib techt co láithir catha d'ár clódimpódh. agus do gabatar glancland menm nachdáinech macámcródha minicduasach micharbriathrach mílidh beodha Mathghamna ag mianinnsaigh id go mochinnsaighthech d'indsaighid a nescarat, uair ní hescáirdes is lugha ná [a]  p.96 laochaithrecha do tuitim leisna triathaib tiar do bí etarru re fírcuimniughadh. agus do bádar clann tresurlam turascróda taomoirrderc tidlaicthech Taidhg ag tendad in tindenais do traethadh a triathbidbadh. agus do ghab in findbile fialnáirech fosadrod fíchneimnech Feidlimidh ag furáil na hindsaighidh gan aidleisci. agus do bátar muinnter dosmeirgech dedcloidmech dondarmach dofresdail dlúithsluaghach Deaaidh ag fásdine fá triall in turais sin. agus do bí Lochlainn laomtidhlaictech lethan cloidhmech laomscarcraidhech O hAichir aignedhbeodha ag tindes nachad in tindscetail. agus do bádar cland ciallaigentach chiunfoisdinech cianfoghlomach cinedhnárach Craith fá Ruadhrí ríghaigentach réim foisdinech rádchéillidhe ag oidecht ar na huaislib, ag indisin na hurrainde ro b'ferr dá nuasalcomairlib, agus gur b'í in indsaighidh gan édánacht isidein. agus do gabadar in glanaos gradha gérgormcloidm ech grodborbcródha glanbindbriath rach gnáthfialnárach grísgruadchorcra || glasroscmongach guthard aobhdha gnáthimresnach ag greimdaingniughad an glansluaighidh um Domnall O nDuibdúin cona degbráithrib: um Concobar céillid cathéchtach, agus fá'n abartach áithesach fá Aodh nur rumanta naignedbeodha, uair nír cindedh ar a céimruathar isan cagadh; agus fá Choin uasalcéirdigh isdadbregda aignidhbeoda oirrdeircnáraigh eaba, comairlech dingbála in deighinigh agus in dlúthcoscair, agus donídh féin co fosadnárach in teinech agus in tengnom ma do furáiledh; mar adubairt in tugdar ag iarraid na hinnsaighthi.—

Tigidh ar toisc. tógaidh bar ngráin triallaid istír. d'iarraid in áigh Eidigh bar nóig. indligh bar nairm faomaid in feidm. maolaidh in maidm Lasfaidh sróll slim. re sleghaib laoech | cum leirgi is luath. gac mergi maoth Beirid céim ciuin. do cosc in tsluaigh ní ba nert náir. ag techt atuaidh Trodfaighthi thiar. bud turas gar ó'n laoch mar Lugh. bud maoth gach magh Diarmaid dúin Lóich. in laoch seng séim docí gach cóir. in rí gu réid Mac Domnaill móir. mic Domnaill dor Brian bláith ó'n brugh. mian cáich gan col Seolfaidh sé suas. ní saob a dul slat órda ós fídh. Mac cróda con  p.97 Cindfid re [a] cois. bud céim d'ár ndín cland Cuilén cruaid. na ruidhél rígh Mathghamain mór. bud mer a cland bud dian in drong. fá Brian na mbenn || Fá Dondchad ndes. nach docht re dáim mac Ruadhrí réidh. na snuadhlí sáim Clann taobgel Taidhg. ticfuid san tres n[í] huaill gan fhis. bud cruaid in cleas Bud ruathar rod. bud ríghda rún ó nDeaaid ndian. ag deagail dún Cindfidh ar chách. a cloidem corr Feidlimid find. trénlingidh tonn Lochlaind na laoch. laomda na múr flaith fír rosfaom. O hAichir úr. Mar táid clann Craith. ós cách san cheird beid uann ós áird. gá luadh san leirg Mic i Duiblúin. Cú eaba indáigh gaos ro char cóir. in taos glan gráidh Do cluinfe cách. ár cuaird san nglenn gliaid nach locht lium. biaid corp gan cend Esbadach cách. ar cor indáigh sluagh dúine dáil. truagh dúinne is dáib Diarmaid dúin liag. in lá bus rí condech a dhé gu tech dá thí

Agus do scáiletar na sciamsluaigh scainnercruaidhe gan scáthegla dá tighib co tindesnach, do rochtain deibidh in dian ruathair dofrestail do órdaighetar d'imcosnom a natharda co sotal re [a] sluagnaimdib. agus is é inadh ar órdaighetar indsaighidh co hénmaighin d'ullmhughadh a ninthechta agus do chinntiughad a céimruathair, co Ruadhán réidhmuighi na poll portférghlan. agus do éirghedar gu náirech nemanfhírindech nuadbláithonchonach neimarmláidir nósárdfoisdinech do deim niughadh in || deiminruathair daingincródha dídinbreghdha dos armneimnigh dianamnáirigh dochtglicrúnaigh do gellatar na glangaothguthghrind gaothghlórgarbglic gnímgruid ghnáthgáidhel sin; agus tángadar i taomcoimne in bfecht tosccomailtech tresmianindsaighthech trodglicgnátharrachta co taobimell in Ruadáin cerncruind cúlfairsing cláráirdfhoisdinigh críchmínmaoth férglais cétna. agus do feradh fáilti co fáilidcródha ag na finn sluaghaib re céle ar an críchláithir sin; agus ní roib énfer do na hairechtaib armnuadneimneacha oirdeircnósmara indelldlúith cimsacha éisdechtciuincéillide sin gan beith ag iarraid an imtechta,  p.98 agus ag tindenas in tindscedail, agus ag tresiarraid in tindenuis, agus ag tendad in tresruathair. agus ro bo comartha maithiusa do na míledhaib in dianborbruathar deiminchéllidh daingenarmach dlúithegairthi tucatar gan taomgrodlocad gu tindesnach do'n tromláithir; agus ní fes cé ro ba mó menma do na míledhaib ó'n ríghborbruathar réimfoisdinech rugadar fá aicned énfir a nénfecht do'n indsaighidh. acht adubairt Mac ciallglicfoisdinech cathnem caigeltach ciuinguthnemchainntech con in begán briatharsa risna borbsluagaib: am fáidh co firfhoghlaim ar an fíorflaith, agus inneosad anois ní do'nd || fáisdine sin dáib ar an deighfher; dogébtai cath cróda cosartiugh do'n cuaird seo bar an cathmílidh, nár cuiredh ó cianaimsir cath budh cródha críchscarad aná in cath sin. agus toitfid an oired so dá nuaislib ar fosadhlár an árdcatha.i. Dondcad dercsúlmall a ndegáirdrígsiun, agus Muircertach mór grodgarb mac dlúithcosgartrom Dondchaid, agus Brian bláith nuaderg bélcruindcimascorcra bascorrbláithfhada begaltachderg dondingnech bríghdergdondabrach Berrae, agus Tadg láithir cruaidcobsaidh lebarciantesdach Luimnigh. agus dobérsa mo lendán lúirighe atá ag ua laochBriain lium dom tigh in turassa, agus rachatsa féin i tosach in tréncatha gan tacimpódh do deimniughadh na degfáisdine sin, uair ní abair flaith ach t fírinne re huair imresna [amail adubairt] degMedb leithderg laochcróda re Catháir re [a] caoincéle:—

Ráid in ngn ái síráidh nach saich. dáigh is prímfáid gach fírflaith

agus nocha d'fáisdine uil agamsa gach a nindisim, acht mar tegmus cum gach flatha fírinde. agus ba fáilid na findslu aigh risna follasbriathraib sin, co rucatar sruthréimruathar sotalcéim ciuin slisimelltiugh siartuaidh co sonndírech go sluagnaimdib.

agus is í so slighidh ar sheoladar || na sluaigh sin lesin bfuachadh fraechaindiuid forniata fíchinnsaighthech feirgi sin: ó ma[i]gh na poll puballglan, agus do bernaidh craebtorthigh í Chaillín, agus do lecht laomscarcraidhech ingine í Lochlainn leabartesdaigh, agus i claind Cuilén uachtaraigh co hindeldírech, agus i caraidh ech[d]roma co haithcobsaidh éstechtchiuin, agus lá[i]m clé re caomthulaigh ndrúchtbraonglais ndathlergmao[i]th ndegthesdaigh í Deadhaid, agus tar bruachaib bánsrothacha Besgnatan, agus a caraidh mic amboirend mbélchumgi bórdsleimne. agus dorindetar ceinél comnaidhe caladhcorrach isin crích sin,  p.99 agus dorindetar lepthacha dá lúirechaib agus dá lebarchotúnaib, agus adarta dá mórmuincedhaib, agus cneascáimtigh dá claidhmib, agus ro daingnighid doscorrglaca na curadh fá crandaib cráisech fá comair in codalta. agus do éirghetar as co hobann re sithlóthaighi na solasmaidne, agus do imtigheadar arna nilcóruchadh a mbél bóthair na mac rígh co réimdírech: agus dob ainm cóir san ciunmaidin sin cianainm bunaidh in bóthair sin.i. bóthar na mac rígh do rád ris, agus i mullach ghaoil glasbánclochaigh, agus do na línánaib lachtmaothféracha, agus do cill mic í Dondáin dochtglicbriathraigh docaircráibdigh, agus trí certlár Crich||maille gu céimfoisdinech, agus tré daingenlergaib Duibglenna co dírech dítencróda. agus ar dlúithbruachlergaib Duibglenna do sáiledar na sluaigh sin snaidmcathcumasg na sluaghnámad dá saighidh ar slesaib daingengharba a ndúthaighi agus Duibglenda, agus ní uaratar imresain san inadh sin. agus ó do chuaidh a ciall do'n cathírghail do'n cur sin do crechtimsaighetar crodhellach in cianghlenna a néinfecht ar énslighidh; agus tucatar ellach a oirechta d'ua Echtigern do bí ag buanfheitheam Diarmada tré derbcomaltas agus in tairecht an fochair a nescarat ina naghaidh. agus do comaontaighetar comach ar crodairgedhaib aosa gradha glanDonncaidh, gurbat dathcorcra deargdlúithghné Duib glenna do'n dianruathar sin. agus do imthighetar co himtecht cobsaid indellbadbda tré chaill in áir amach i mínfiadh na mainisdrech, agus do cuiretar a crechimirghedha i cladmúr clochdaingen [na] mainisdreach mínsduaghaighe maothcloch ghuirme; agus dorindetar réimcomnaidhe a ríghbláithforgnemaib rinngresglana na ruithenmainisdrech re hedh na hoidchi sin, mar adubairt in deighfhilidh.—

Gabaid longport a sluagh Adhar. is árd bríghdha a cinedh ághmar in ágha. rádglan rígda O tángamar turas uathbáis. a hiath Adar dobéra sinn comairc sona. cuairt na caladh || Anam anocht i naomisdadh. na niamsolas nó go rab in tír d'ár turus. ar ár cumas A sluagh féta fíchda fosad. fialnár foirnech a cined drechnár na ndeigbreth. clethbán cloidmech Tug sib sidhe sebcamail sotal. isan sluaghadh dobertaisi i tír na trénfer. rígh gá rua[dh]adh Codlaidh coméirgi san maidin. co moch menmach ní gébhtar a sluagh bailc buidnech. re bar teglach  p.100 Bieidh trén bar troid triat ag tuitim. is taom tromderg dobéra bar ferg fá findbord. dearg gach donnlearg Géisfid badb ós bendaib gérarm. bud guth glórda ná ba terc ar a ród rígda. tré óg órgha

Cid tra acht ar nanadh in aidchi sin isindisdadh aolgelbláith uaghlecach úrlárglan sin, táinic techtaire tindesnach dá fírcháirdib d'indsaighidh indáirdrígh fialD ondchaid mic drechnáraigh Domnaill agus do indis scéla do'n scáithbile gan scáithegla. a áirdrígh ám ar eisim, tinóilter do tromsluaigh, agus ullmaighter bar narméidigh, agus deibidhigh bar ndronga, agus tindesnaighidh bar treoin agus bar taoisecha. ná dermadaidh ba[r] ndeoraid agus bar ndeg ceitherna, agus teagat bar rúta co ruagdeibedach da bar rochtain tar bánlergaib bennghéra bruachslemna boglachtmara braonférglasa Bóirne. agus adeirim fós ar an fer sin, ná bídh dícell deagthinóil agaib do'n duladhsa re haghaidh na nuasalcath úd; uair atáid trí catha clethruadremra cloidem| |nochta cathéidighthi céimfois dinech [a] ciuinindsaightecha ciallcongantacha le céle in gach cathláithir, agus dá sirthása fá sech in slu agh sin a triatháirdrígh, ar an techtaire, ní bfuigbiteá etarru énfer acht fer fromta ar ruadhad a ríghairm co rómenic i rodcathaib, nó uasalmacaom athaircródha aignedhbreaghdha ag iarraid na himresna ar tendenas do tógbáil a tromnóis. agus is docraide dréim na fednach flaithuaisle sin, ní dá naindeoin tángatar ar an trénsluaigedh agus ní d'foghlaim teichidh tángatar.

Agus do dergdathlasadh um Donnchadh agus adubairt: bud scél guasachta do'n gáidheltacht in grindscél sin, ar glanDonncadh, agus is adhbar imsníma do na hérendchaib an innsaighidh sin, agus is cairt do na glasghallaib ar gach ngaoidheltír saorclanda sotalcródha sluaighlínmara síl solasBriain agus clanna Cais mic Conaill echluaith ag indsaigh [idh] co hénláithir do commarbad a céle gan chaigill. agus do gair gilla grád[a] do chuigi ar cantain in comráidh sin: gluais ar an triathmhílid gu tindesnach ar [in] triathmílid, agus tinól ár tréinfir agus ár tromsluaigh co ndechmais d'fis ár nuasalbráithrech; uair ní haidhigh is oirches do léigean a bfaill fresdal na fednach úd, óir muna faghbat a nóighréir an uasaltromdáimh aindiudcródha aignedamnáirech sin sirfidid | | slisbánlerga na solastíresi co sruthfairrgi. agus éirigh ar tús a techtaire, ar trénDondcad, co Brian mborbchiuincruaidh mbreth certnár mbailcbéimtend mac dédcruindglégeal Domnaill agus  p.101 tiged ar tinndenas do cosnam a dúthaighi agus a derbbráthar. agus tabair let co luathdeibedhach in mílid míngarbcróda Muir certach mac dathglangnúisderg Donnchaid, agus tigedh in cuilén na céimruathar dá cédmúnad gu bárr in enaigh do'n duladhsa.i. Brian bríghdelbach buancrothach bláithúrfoclach Berrai. agus tigeadh Tadhg luimnig ina laomruathar tar lebarbórdbennaib na laochBóirne d'ár luathcosnam, agus comérged clann móréchtcródha menmachláidir Mathgamna agus clann tresurlam tachargrod taomfortil Taidhg a hiartharaib a tíre d'ár tréncosnam. agus tiged tricha na taoisech ina tromtheindtennchair tiughneimnigh triathbladaigh co tindesnach san tinól sin, agus luathaiget í lonnlaomgrednacha Lochlaind cosan láthair cédna cona comtinól, agus comgluaisid cenél ndianimergech ndergruatharac nDúngaile i cuinne na cuilénach. agus éirged Aongus feidmfhosdinech fialnárbeodha O Flaithbertaigh do cosnom na cathláithrech, agus tiged clann Gillamochainde cosgardlúith isan com || tinól cédna sin, agus indsaighid usalcland Flaithbertaigh duuind diancathruathruigh í Deaaidh co deimin san deghtinólsa, agus mochindsaighedh mac í Donnagáin ina dianruathar d'ár ndídenne. éirigh fesda ar an flaithmílid, agus ná fág fer i nuaim ná i nuaignes, a niarcúil ná i níselglenn, gan tinól san tóichesdalsa. mar adubairt ag tráchdadh in tinóil:—

Eirigh suas a gilla glain. dén tindenas gór triathaib; abair riu is timsaigh techt. agus indsaigh gach airecht Eirigh co Brian in brogha. mac Domnaill í dondMogha; saighedh selbláthair na slegh. a derbráithir ar deibedh Déna gruide gluais amach. innsaigh Murcertach menmach; slat glégar do'n choin re hedh. dénad mac Donnchoid deibedh Tógadh a cosgar ós cách. tigedh Brian berrai mochtráth; dénad báig garbadh a ghnímh. ráid re hadbar in árdrígh Tiged Tadg longcorr luimnigh. cugaind cona cathbuidnib; dá tí Tadg luimnigh ille. budh garg suilbir ár sluaghne Tegad na tinól ó'n tuind. clanna Mathghamhna in mínfhuind; isat bráithri fá dó dam. d'ár táthne dá ró ar ruathar Scainfid rompo in cath cernach. clanda Taidg fá Thorrdelbach; dá tí Torrdelbach san tres. bud ollbernach a náithes I Sencáin saiched in tágh. í Echtighern is í Ogán; gu tindéigen drud do'n droing || tucc í Cennéde cugoind Clann Gillamocainne cruaidh. tabair let uile i nénuair; cenél nDúngaile is loind lib. na ndroing chulbuidhe chneisghil Tegad gid imda uathadh. í Deaaid na ndianruathar; tegad í Lochlaind ille. do toghfaind tar gach tréidhe  p.102 Tigedh in triath lér techtaib. Aongus fial O Flaithbertaigh; O Sédna slat nach lagfhál. is mac dédla í Dondagán Biadsa féin fogus dá cath. do locht tighi is do teghlach; ní cuire bus terc tarad. ar techt uile i néninadh Timsaig co daith re denas. déna co tric tindenas; dén scaradh do scél mar sin. ná dén anad acht érigh

Agus do imtigh in techtaire co tinnesnach fá'n tír agus do timsaigh na tromsluaigh adubrad ris co tinnesnach do tinól, agus do fregratar na flaithi co fírésgaidh fuirechair in fisrughadh sin. agus tángatar co himtechtrod ai.gnedhchéillidhe aobcomairlech d'innsaighidh in áirdrígh ina mbuidnib bláithmaothmeirgecha baothárdonconacha buangormcloidmecha briatharborbciuine, agus ina tuiledhaib tonngarbneimnecha tiugniamnaimdemla tarand tinnesnacha, agus ina ceithernaib crechindsaighthecha comarc línmara ciallúthgháirecha, agus ina nairbeduib armnuaderga édedbregda oirdeirci d'innsaighidh énlongpoirt in oidche || sin.i. gu cill mínleitrigh maothfhérglais maghniamglain Maoilodhráin; agus do luathgabsat longport línmar leathancruind cródha cleath ruadh caismertach niamsgá [i]th neamscáith nemdorcha fosaid feidmdian flaithimda adbal aindiuid eochartiugh.

Ba hingnadh tra órdughadh in dá fhedhan in oidhchi sin.i. in borbsluagh do bí do buna[dh] isan buantír, is iad do bí immuigh co maidin re hedh na hoidchi sin; agus in técttiughthromsluagh tángatar istír na tresruathar, is iad ro bói i mbláithisdadhaib buansescra ag sádaile agus ag suanchodladh co neimeglach in niamoidhchi sin. agus rugadar as leth ar leth fá aoibneas gan adbar in adaigh sin; uair ní roibe énfer gan esbuidh a anma nó fírcharad air arna márach isan borbláithir. agus do éirgedar isin finncamaraigh árdsluaghedh clainde Brian ruaidh co réim fhosdinech radurmaisnech rígórdaightech ruithencaom. agus do éirigh tiughtromgeoin tarannmór tretanborb i triatlongport na trénfer ag éidedh a nuasal, agus ag aithniughadh a narm, agus ag cengaltsuidiughad a clogat, agus ag cimasdúnadh a coiléar, agus ag leabardaingniughad a lúirech, agus ag crisdaingniughad a cloidem, agus ag slindgérad a sleg, agus ag fasbert || ughadh a bfaghadh, agus ag cnuasachthaisgidh a crundcloch, agus ag sliscomailt a srengboghadh, agus ag aithne anta dá nógaib, agus ag tegasg tachair dá triathaib, agus ag uráil maithiusa ar a míledaib, agus ag bláithsínedh a mbratach re [a] mborbcráisechaib.  p.103 gur árdbaothéirgesdar gu hésgaid uathbásach onchú Donnchaid ós na degsluaghaib; agus ó rángatar a siuil ar na solastsluaghaib agus cóir na gaoithi lesna gresglangaothseolaib sin, dob ullam tindscedal in triathsluaig do'n turas sin. mar adubairt file fialDondchaidh na focailsi: airisid agus éisdid a óga re [a] naibérsa, agus cuimnighidh in bar craidhedaib gurab í seo in toisg re [a] téighthi in turasruatharsa: do cosnam na cathláithrech tré críchnughadh cendairce, ar comtuitim da bar cinedhchaib nó da bar naidhidh uile ar énláithir. agus ná smuainidh maidm do minughad ar na maithib úd, uair ní do teichedh tángatar do'n turassa acht do toitim nó do trénchosnam a ndúthaigi do'n dulsa. agus ná bídh aire énduine agaib re anmuin ar aba ingabála do na huaislib, óir is cianaichnidh da bar cathsluaghaib garbcluiche na gasraidhe úd. agus indsaighidh clanda Cais gu céimfhoisdinech, a clanna Cais ciallfoisdinech[a]; uair is do || clandaib Cais bar cathnámcharaid agus bar comtinól, agus bud cruaidh i cruaidh bar cumasg earadra[i] d do'n cursa. amail adubairt aga uráil na hindsaighthi:—

Dénaid foisdine a clann Cais. ag nach mór onóir indmais; ná tóirnid fraechniam bar bfer. fóirnid bar maothcliar meirgedh Ardaighther idna catha. fá oncoin in árdflatha; ní tacach a seol fá sech. gach bratach na neol neimnech Beirid bann ar bar naghaidh. imtighidh is ullmaighidh; cromaid fá'n saobéigin slegh. is taobédidh gach trénfher Caithidh bar cleatha ruadha. nochtaidh cloidmi cnesbuana; toitidh ann nó beiridh báidh. co deimin a clann Castáil Anaid gu tuitea gach taob. guma fliuchderg gach fódraon; scaradh deibidh is an dream. is demin nocha dingnem Siangar ár sleg do shil falc. is árdgotha ár nadarc; bud brígh borb ár snaidm mar sin. budh ord mairb do na maithib Léghfuighther isna lebruib. ár cath is clann Torrdelbuig; ár nglieid gnáth ní ba cáined. bieid ag cách ár comáirem Dinne bud buidech badhba. aniugh nár cath catharda; atáid ag fuirech re feoil. agus bud buidhech braineoin Indsaighid agus anaid. risin bfrithi fuarabhair; gach derbadh raith cia nach cluin. engnam maith ar dia dénaidh ||

Agus do gelladar in gasraidh gaothfhairgsenach glanbeo dha sin gu gégda guthfhírindech gnímcomailltech co ndingnedis a ndubairt, agus ro bo lughaide a naire do na niamcathaib nemtrochamla fá fhaillidhe in comuill ná in cédgellaidh. agus  p.104 tucatar na tromsluaigh tailctuindsem techtchiuintenn ar a nim thecht as in inad sin d'indsaigid an inaidh áirithi ina bfuigdis a fraochnámaid; agus nír cindedh i cosnam na cladFodla crích tortighisi céim bud cruaidhe ná in caiscéim sin acht céim na caomsochraide ele dá nindsaighidhsiun. agus tángatar in laochrad lethancloidhmech línmardlúith láim re loch Rasga gu ruathar chiuin; do silletar na sluaigh ar an solaslind gu coitcenn i coimnéinfecht, co bfacatar ann ós bruachaib in bánlocha arracht adbalcrom aighedhghorm abachtruagh fiacalglas findfadgarb in gencrom árdchaolruadh énchaillighi. agus dob é seo córachadh in créatúir cruthsiabarthi claonfliuchshúiligh camlaobluirgnigh sin.i. folt fraechda fathmandgarb flescláidir faechgarbruadliath fem nachda r fuirre, agus úrlár cnocach clasdom ain camimairech craeb eitrigech créchtaithisech caoilédain ag an chailligh. agus fa samalta re dubán daingen dorrdha || gach roibe dá ruadliath mailgib, agus súili subamla slismaothcorcra siledhluatha serbdéch anacha saoblasamna ag féchain tré slisgarbfindfad a seanmalach. agus srón mórgormglas maolfairsing mámlethan múchghothach ag siled co sruthurraith tar slesaibh na senaighthi, agus bél bórd imlech brecuaine brúchtfhairsing bolgimda báncimsach ag filled ar a sróin agus ar a saobulcain. agus dá charaidh cipíngherra caolodra crínfiaclacha na cind arna caithim gan caigill ó'n cédló gan cnesglanadh, agus tengaidh birach barrgrodluath borb serbrod billabharthach ag an baidb sin, agus sduca fennta folam fáinn echgorm fiadmuiné[i]l ag fothugad a cind ar an cailligh. agus dá cnocmell clochamla cenngorma corrghualand ag congmháil snadma itir a seathnach agus a slisgormdhóide, agus láma caolrigthecha cruaidhuillendcha calgféithecha caslethracha cnám aidbsecha crobgérgorma a caolghuaillib na caillighe, agus ingne fi arcroma féithgéra fedáncha ferconta forro. agus dá lagsbarán lictha luathfalma letharloghtha lóncích ar liathucht na laoch baidhbe, agus brú fairbfairsing uchtcnámach iarcúlach adbaltend ag lethadh tar a taobaib ina tulchaib tanaide tarannmóra, agus dá caolghégán cruaidoircnecha camluirgnecha crínglúinecha chorr|| sliasdacha caolmásacha cromórdógacha clúmduba commbreaca sáiti san sruthbolg sin. agus dá lethantrosdán lomdeilecha lúbméracha laobgloithnecha lebarsálgorma liathgormingnecha ladharbrénfliucha lanntrusgacha ag imachar a haighedhcnám. agus carn do chennuib agus eire d'fadbaib agus cual do coslámaib  p.105 ag in cailligh agá tonach agus agá trénnighe ar bórdaib in bruachlocha, gur bo lán d'findfadh agus d'fuilincind in tuisgi uili an aonrian ó urobair na haimide.

Sochtaidh in sluagh gá sírdféchain agus ai glidh in tárdrí gan ursgáth in naimid: cá hainm dá nadhrai ámh bar eisiun' nó cá haicme dot fírcáirdib, no cia d'an muinnter na móresbadha míchóirighthi ar an maothbruach sin. agu s do fregair gan aimleisgi in tárdrígh: brónach Bóirne mo buanainmsi agus do tuaith dé Danann mo degsloindedh; agus bar cindsi in cosairsi a caomáirdrígh bar an crínaimid' agus do cennsa na certmedhón; óir ní let féin é gé imairchi. agus cid uallach imthighi co hinadh na himresna, is gairid uaib go bar noidhidh uile d'faghbháil acht madh uathad ar énslighidh.

Bidhgais in sluagh re serbfáisdine na saobaimide agus fuabraid co tindesnach a telgon; agus do éirigh sí gu ródeibedhach lesin réimgruidgháith || ós na ríghsluaghaib agus adubairt co hurmais nech ar néirghi:—

M aircc téid in toiscc. bud turus truagh. bud fíchda in feidm. bud garb in gleo. budh bidg do'n bráth. samail na sluagh. ag techt san tres. bud imda ann. cráisech gan cend. cloidhem co cnáim. folt bláith fa bonn. is corp gan ceand. iachtadh is uch. díth cloinde Cais. ní scél gan scíth. clanna in rígh ruaidh. is dóib bus díth. taotfaid san tres. toitfidh a triath. a Donnchaid dheis. ní thigi ó'n troid. Brian berrai bláith. fúicfithear faon. Muircertach mór. gontar gid garb. cirrthar a chorp. adeirim dáib. is truagh bar toisc. ag seoladh sair. bud mór a mairg

Léigid sechaib sruthfáisdine na saobaimide, ar Dondcad re [a] degsluaghaib, uair ní fuil acht badb bancharad do briancloind Torrdelbaig san troich úd ag iarraidh bar nindtóidhsi ar egla a noidhedsun; agus ar [a] ái sin ná hindtádh aigenta bar nuaisledhsi, acht beiridh in céim lér cinnebair co cenncrom catharrachta d'indsaighidh bar nescarad. agus do éirgedar aigenta na nuaisledh agus rucatar fíchréimruathar gu fosdinech re fáthciunbrosdadh na flatha fialDonnchaid.

Imthúsa indárdsluaigh ele indister [seal oile]: do bádar co sádal sescarchiuin suanfois || dinech i slisbláithforgnemaib na snuad mainisdrech, agus is fá'n uair sin do'n findlaithi do éirigh énóglách d'fírmuinntir in árdrígh do bí i bfochair Diarmada san deithbeir sin: O Gríbtha gaothgrindcomairlech a gégsloindedh.i. Tomás  p.106 mac Urthaile esidhein. agus ní roibe co cian ina comnaide ag féghadh na finntíre in tan adchondairc cuigi gu certdírech in tuile toirtemail taobloinnerda tonnmerneimnech tromsluaigh, agus in oirbe adbalcruind éisdechtchian onconbláith órmeirgech uath básach, agus in grinde gredhanchiuin guthrechtmar grísballach gormnéllach gérrendach gráinemail, ag malltenndeanas gu mín foisdinech isan machaire. ó do aichnigh Tomás in toicthi sin, tuc a aghaidh ar a fírmuinntir agus adubairt do ghuth solasmór sotuigsenach: aighidh a árdríghe re huasalDiarmaid bar eisiun, agus selb gach ratha dá ríghaib, agus tosach gacha toicthi dá thaoisechaib, agus im arcraidh gacha conáich dá chinedachaib. agus atá turchairthi flatha in bar bfogus ann so, bar an saoróglách, nach facamar riam ríghthurcairthi bud uaisle ná badh édálaighi ná bar nuasalbídbada d'faghbháil a néninad re [a] noirlech do'n dula so. éirgid co sotal dá saighidh agus dénaid énobair || arrachta orro nach bia imad na catl aga bar cnámchaithem. éidid bar nuaisli gu hurmaisnech, agus nochtaid bar curaidh a cloid me, agus seoldírghed bhar sluagha a slegha, agus síned bar soighdeoraigh a srenga, agus cuimnighedh gach cathmílid a clochairghidh. agus adubairt in rosgadh agá rád:—

Mithidh do cách cathchomérgi. indsaighidh cath cianainignech. cródha cloidmech cosgardergdlúith. échtach armderg aignedhgarbthenn. tuillidh buaid is bithbendachtain. érgedh Diarmaid derc[c]orr mongdhond. in Lug dédla daingencloidmech. Cúculaind na clár braonFhodla. éirgedh in tóg árdurmaisnech. na éided co hésgaid náirech. gabadh léne lethanglégheal. etarru sa uasaléidedh. gabthar cotún cráibdergcorcra. cnesmín clúimthiugh cruindíchtarach. gabthar lúirech lúbcruindmáillech. degfighthi dlúith drumannriaghlach. ar uachtar a uasalcotúin. gabtar cris ceart conclannclochach. co scin scáthguirm scaindercródha. tar cneaslár a cathlúirighi. gabar scabal scáthghormgresach. tiugcruind taobdlúith techtcaoltrebraidh. fá braghaid í Brianluircmogha. gabtar clogat clárgreschaindlech scáth ghel sgiamcaom sceimelcrundbláith. tabar cloidem cnes || gormind fhuar. neimnech niamderg nuadbláithlitrech. i láim í Luirc lethan tesdaig. tabar cráisech crandruadremar. co mac Saidbe súlcorr mongduinne. bile ar néirghi ós úrfidbadaib. risnach gaband glicdaingencath. éirged Maccon cosgarneimnech. le claind Cuilén cathéchtmarbtaigh. éirghed fós co féithfosdinech. clann mínráitech mórMathgamna. agus clann Taidg tresruatharaigh. cenél fosaid fialfinn Fermaic. is Feidlimid fichindsaighthech. is í Chormaic cloidemderga. dénaid co léir luathlaochéirghi. d'indsaighidh bar nuasalbidbad. a clanna Luirc laochboraime

 p.107

Cid tra acht ro fregradh gu héscaid gan aimlesci risna haithesgaib sin, agus do héided mar do haithned in tárdmílid uasalDiarmaid, agus do éirigh Maccon cona comthinól laomad bal leabaréidighthi laochmanach amach as an mainisdir. agus rob ingnadh córughadh gacha cuilénaigh ina céimruathar crom dírech agá éidedh agus agá nindsaighidh tré tindenas a néin fhecht cum na trénimresna. agus nír éirigh a hénmainisdir órd bud aniarda do choisénadh a bferandh re [a] bfraechnaimdib iná in fialcomthinól sin. agus do iadh gach oirecht co hurmais nech ésgaidgrod tiugtend trebardlúith taobdaingen || tosachdian fá [a] tigernaib ar leith isin láithir sin. agus is iad ro iadh fá Diarmaid co dlúithegarthe doscáilte docum na deithbire do'n dul sin.i. deaghaos gégda guthfírinnech glanbriathrach gnímláidir gnáthcosgrach gaothgrindcomairlech grádha indáirdrígh fialMuir certaigh do fágad um Diarmaid igá dlúithcoiméd nó co tísad in slatbile saoerMuircertach.i. Cú indellcróda fhiadhachbregda armnuadaingean enechdíghaind isdadcuanna eaba, agus trí mic Donnchaidh dergruathraigh dianruidchosgraidh dúnadlínmuir í Duibdúin dianarrachta, anneoch da fríth feidmcosgar i cogad Torrdhelbaig co tresminic. agus rob é sinnser na saorclainde sin re solaslégadh.i. Domnall dianbriscbronn tach deasarmneimnech dlúithcosgargarb O Duibdúin delbsográdhach; agus Concobar ciallglicnárach cobsaidbeodha cathéchtruagach céim indsaighthech cruthniamcorcra O Duibdúin a derbráthair; agus in cenél beo lasrach brígsolas brathneimnech buanfoghnomach, agus aonmacám agus uachtarán fedma agus fesaighechta agus fíroinigh.i. Aodh O Duibdúin degfer na derbthuarasgbála sin, co nuaislib indaosa grádha na nurtimchell ag iadhadh a timcell in triathrígh deig brethaigh Diarmada.||

Is and sin do cuaid Maccon ina cathéidedh.i. lúirech daingen dínarrachta agus inar sénta sligenglégeal. agus ag gabáil in éidigh sin fá'n árdflaith adubairt co seghach in slatbile arna gabáil cúl ar aghaidh uime a inntódh co foisdinech: óir is ferrdi co deimin in dermad sin, óir ní fuil acht manadh édála ann gan amaras; agus iadh co daingen dúnlúptha in scabal agus in sciam lúirech, agus certcruindcengail in clogat fá'm cendbaithis, uair ní athróchsa in téidedhsa nó co cosnar as éidedh bus fearr ó'n fedain úd.

Is and sin do grithcruindighetar grinne glansluaigh Cuilén co  p.108 tindesnach uma tigherna, agus dob iad so uaisle armneimnecha na hindsaighthi sin.i. Nicól neimnech nósoirrdheirc fortil fraechborb ferconta búilid bríghdian beoghonach láimderg lonndian láithir cruaidh sotalslis[s]eng sluaghbuidnech, Conall caom na cuilénach, fírrind gacha fírthosaigh, énfer scéith na scaindercath, aignedh árd gan aninde: Nicól neimnech. agus dob é seo tuarasgbáil deilbe deghNicóil gan bréig re [a] buanaithris.i. gilla donn drechlethan delbsnuadhach dlúithulcach dergbélach donningne[ch] dígaindmór dianfoisdinech, degmac Conmeada mínurfuighligh; agus tarraid guala deas a derbbráthar isan deithbeir sin, agus ní mairg || uair in tuasalguaillidh sin fá taca in trátha sin. agus Aod armdeasláidir urradhlínmar aignedlaomscar adbaltesdach ógoirdercnár urru manta mac dianinnsaigtech daingenrúnach dígainnbregda derc monguaine dosbarrlúbach dergdathingnech Donncaidh mic Con meadha mórtairbertaigh, oidhre fíre na bfindcuilénach, agus do gluais ar gualaind ele a uasalbráthar dá imdíden. agus tángatar tréncland Taidhg fá Ruadhrí rádcéillidhe rígórdaightech ruathar mer riantesdach ruithenmór roscruaderg rathmarglic mac Taidhg tresbuirb nósmair taomconfadhaig mic Miccon fa ciallathair do Coinmeadha agus do'n mórTadhg sin. agus tángatar ann dá uasalmac delbda dígainne dianruathracha Domnaill mic [in] Taidhg tresimresnaigh cosgarneimnigh cédna.i. Mathghamain agus mórTadhg in dá mílid menmacha sin. agus do cruinnighedar clann sogradach solasbriathrach séimaigentach sluaghmuinnterach Sída man solasrígh; agus clann dédla dúnadhmór dianimresnach dofresdail Dondchaidh ag iadhadh ima nurradhaib; agus clann míleta menmachtrén maothmeirgech mórduasach macámrod Móil. tsechlainn échtoirrdeirc ag tinnesnughad na troda || gu taomláidir; agus cland urradlínmar ésgaidhgnímach aindiuidbeodha einech dígaind in Oircinnigh ag comghrodadh in catha agus ag feithem a bflaithrígh; agus clann línmarclethach longportcródha laomscar duasach lebartesdach Lorcáin ag aighedcoiméd in árdtigerna san imresain; agus clann céillidnáirech cloidemderg críchtoirtech an Cláraigh ag comaontughadh in catha gu cobsaidhrod; agus clann micharbind mórconáich mílidhnár Menman ag mochindsaighi[d] in mórcatha; agus gabal in Gilla mháil co mindgrodbeoda mór aigentach ag iarraid na himresna; agus í Máildomnaigh ina ndergruatharlasair dosneimnigh diancrithrigh dobáiti, agus ina saighnén sliscethach sruthneimnech sotalcruaid snuadildathach,  p.109 agus ina rígbuinne ruatharmer rechtainmtinech rodgarbláidir rabarta ima bflaithib féin agus um a bfindrígh; agus muindter uasal urradhbeoda fialciuincobsaidh oirechtlínmar oirrdercnárach armdaingencruaidh Allmaráin ag iarraidh na himresna; agus í Comromaigh ciallconáiche, agus í Slatra sotalcróda, agus muinnter armneimnech Aisidha, agus cland muindterach Máille, agus í Artegáin aignedmóra, agus í Cenndergáin crechruatharaigh, agus í Ailli échtcosgracha, || agus Mec Conduib niamfoirgnemacha, agus í Miadhacháin micharbeodha; agus Brian borbruathrach bladhach beoda brathbéimennach mac Domnaill dédchuirrcloidmigh mic Domnaill dlúithbarrc huachaigh mic Taidg tresborbneimnigh ag rachtfuráil na róinnsaighthi ar na rígsluaghaib; agus imad oirecht agus aicmedh ele na núrtimchellsein. agus mugénair urraidhe im ar in[n]saighedar gu himresain, agus mairg láithir fár léigedar dá laochcosnom. agus do seolsat a slega, agus ro suaichnighid a solasbratacha, agus ro comnochtuid a cloidme, agus do gellatar co coitcenn mar do comaillset. conad tóicesdal clainne Cuilén co nuigi sin.

Imtúsa mínclainne mórgnímaighi Mathgamna: tángadar gu tindesnach cum in tréncatha ina tuile techtchiuin tondcithneim nech taobimelltiugh fá'n mbile mbrethfoisdinech mbrughdáinech mblaghghéagánach: fá Brian mac nDiarmada delbdígaind, agus fá,n dregan ndianéchtach ndercuaine ndelbcorcra: fá Dondcadh mac Ruadrí radurmaisnigh, agus fá Ruadrí mac Ruadhrí ruithen mir, agus fá claind ruadarmuig roscabradguirm Ruadhrí, agus fá claind taobsolais Taidhg mic [m]ílidcruaid Mathgamna.i. Donn chad agus degMurchadh. agus do faidhset uais||le na naicmedh gu tindesnach ina timcell.i. í Loingsi línmarbruidnecha, agus muinnter cotcend ciantesdach Caollaidhe, agus Meig Riagáin ríghthairbertacha, gu tromaicmedaib toicthecha in tíre ina timcell. agus do comullmaighedar cland Mathghamhna gu cródha cum na cathláithrech; agus tángatar clann triatharmláidir Taidhg ina cóórughadh comthenn cimasdlúith cruaidaigentach cathéidighthi cloidhemnocht corrgothmanáisech gusan certláithir cédna d'ind saigid a bfraochnámad co forniata fá'n mílidh menmnachdáinech: fá Mathghamain mac Taidhg tresruidruatharaigh triathimresnaigh, agus fá Domnall ndonnlongach ndúnadhmór ndígaindcrechach, ag dianindsaighidh na deithbire co doedrana; agus in fírleoman fialaigentach fáthcomairlech fíchgudhunach Feidlimidh O Con  p.110 cobair ciallbinnbladhach coscarneimnech cédfadhach. agus aseadh fadera in dregan degnósach do beith agá áirem gan airecht ina farradh isin inadh sin, tend tarradar clann Briain ruaidh ar a ríghoirecht. agus ní dechaid Feidhlimidh tar [a] fhírinne, acht do an co huathadh a bfochair a áirdrígh agus da fríth oired re hoirecht d'agh agus d'engnom agus d'órdughadh uadh isin inadh sin, agus ro bo gar d'éis na himresna sin gur b'imda do sluaghaib in tslat bile; n ar adubairt in tughdar ar nuair d'éis na || himresna ag admolad indorrigh:—

Mith do thuill gég in gosa. in nós fuair ó Fergosa; gég dean ar gach cing cindigh. nír cind fear ar Feidhlimidh

Agus tángatar and fós gu foisdinech fiancródha flaithéidighthi na fermacaigh co nimat a nógtháisech náithesborb néidedhbláith [n]oirechtcruaidh fá Domnall agus fá degMuiredhach.i. fá dá árdmac Aoda rodimresnaigh ríghmuinnteraigh réidhtoirbertaigh ruaidh, agus fá dhá dígainnmac Donnchaid borbruatharaigh brígtesdaigh buanimráitigh blosccaigh.i. fá Flaithbertach agus fá laochDonnchad, agus fá Ruadhrí ruatharborb rádhaobda rian tesdach rígmac Gillapádraig puirtghredhnaigh, agus fá Domnall cneaséidighti carrach; uair do bói a nárdtaoisech a néigendáil arna esgar in lá roime ar a rígsluaighedh sin agus is é sin ro ingaib hé ar an inadh sin.i. Maccraith dlúithcomairlech O Deaaidh.

Agus tángatar tromaicmedha in degairechta docum na him resna dho,n dulad sin.i. muindter gnáthimresnach guthfhírindech gégtídlaictech Gríbtha, agus muindter einechnár aignedhbuan oirrdercréidh Imair, agus Mic Concróich cathéchtacha cosgar neimnecha cona cinedhachaib, agus muindter leabartesdach Lighda, agus muinnter deigheinigh delbnáirech dúnadhcaom Dubghuill, agus muinnter gércloidhmech grodimresnach || Gelbain co nimad aicmed ele ag imcoiméd na nuaisledh sin ar aonrian. agus do cinnedar í Cormaic céimciuinborbbreghda cobsaidneimnech[a] isan certláithir cédna fá'n bflaith laomscar: fá Lochlainn lethancloid mech O laochAichir. agus táinic co tresborbarrachta trénrodrua thrach taomgrodnáirech toirtemail.i. in craebgéagbile coscarcródha cloidemneimnech Concobar mac taobsolas tachardian tuinnsemtenn in togha; uair ní roibe do ríghclanduib Donnchaid dercmongaigh dúnadmóir dercadbail deigmic Briain bor.aime: finnáirdrígh na  p.111 Fodlasa in fialDonnchad sin, acht Concobar isin cathláithir sin, uair is do clandaib Donnchaid degclann Briain na hAtharlaighe uile gan amarus; agus do cosain Concobar a chuid báighe do'n buanruathar sin.

Cidh tra acht ar néirgi do na hairechtuib, agus ar néidedh a nuasalrígh, agus ar tréncórughadh a taoisech, agus ar bfíchbrosdadh a bflaithbrughadh, agus ar narmindell a nógdáinedh, agus ar comgrésacht a cinedhach, adubradar dronga do na degsluaghaib anadh risna cathaib do córughadh cum na cathláithrech. agus adubairt degMaccon do guth árdsolas fogarciuin: || ní cóireochar cinedha isan cathláithirsi mása maith lib, ar an laochmílidh, acht gach aon atá ag togha in tosaigh, tairtedh co tinnesnach in trénimresain mar tharfadsa; agus gach aon leisan maith in medhan, anad ann gan údmaille; agus gach duine leisan dingmála deiredh, anad mar is áill leo féin ina bfedmannaib.

Otchualadar cách co coitcenn in comrádh sin do éirgedar menmanda ina míledaib, agus náire na niamflaithib, agus gríslasadh ina cinedhaib, agus rodbuirbe ina rudceithernaib, co ndernaidh dlúithéntosach do na deghsluaghaib docum na dianimresna. agus adubairt Maccon arís co rádcéillidhe: cáit i bfuil in cét eruadh chaom cruthniamtha clethneimnech cloidemderg coscartiugh cui lénach do ghell toitim im timcell résiu do faomdais ingabáil do'n duladh sain. átamaid and so, bar na solascuilénaigh uile a nénfecht. nír cuirsiun acht ar cédchantain in comrád sin agus do dianinnsaighedar deich céd dá comall ina céimruatharaib.

ar techt do na sluaghaib uile a néninad i timcell na flath[a] finnDiarmada mic triathgnímaig Torrdelbaig, adubairt Diarmaid co feichemanda fichindsaighthech na focailsi: do fedamair ám, ar adbar indárdrígh, is maith lib bar laochaigenta isin lósa; uair is || gairid uaib co díth bar ndergdlúithnámad do'n dulsa, agus co himad éided d'fagbáil da bar nuaislib, agus gu bfuighed bar bflaithe fairsinge na bfindtírtedh indus co bfédfaighther fríchnom fresdail bar bfiled in bar bféithfoirgnemaib. agus cosnaidh socracht agus sadailecht da bar saormnáib, indus co bfásadh conách in bar críchaib, agus go scuirther d'imarcor bar nógnáiden agus d'údmullughad bar nimerghedh agus d'anbfoisdiniughadh bar nuasalcléirech. agus beidid na trí buada co bráth oraib ó'n imresain seo.i. buaid mbuancosgair ar mbrisedh in borbcatha, agus buaidh neinigh ar nimdughadh da bar ninnmasaib, agus  p.112 buaidh tromconáich ar téchtad na tuathairecht. conid aire sin adeirim rib: fuilngidh bar bfírcaraid in bar bfiadnaise do tuitim san tromírgailsi; agus cáit i bfuighdis bar bflaithi inad bud ferr do dígail ár nderbcarad aná dul i tiugh a tromnámad dá ndíghail re cois a cédóir. conad grésacht Diarmada ar a degmuindtir gunuigi sin, mar adubairt deigfile Diarmada risna deghslua ghaib:—

Eirged bar nuaisle. agus soillsigidh bar suachentais. agus dlúthaigid bar ndegoirechta. agus cromseolaidh bar cráisecha. agus ullmaighidh bar nairm. agus indsaighidh bar noibrecha. agus coimédaidh dorn chair bar || ndédcloidhmedh co daingencruaidh. agus imcosnaid bar natharda. agus eadarghuidhe in taonáirdrígh ilchumachtach ógh máithrech. agus táinic tráth in tinnscedail agus uair na himresna agus am na hindsaighthi fesda, bar an filidh. adcimsi agus adciabtaisi na cath[a] cithneimnecha ina céim ciuin cruaid cobsaid colgfaobrach cugaib gan chagill. agus gluaisidh a saorcland tsíl Cormaic chais corrmongdonn craobgormsúilech

mar do ráid in randsa:—

Gluaisid a clann Cormaic. a cuire na céimenn dondaid buaile bándond. cromaid guaire gérreand Sáithid slegha i slesaib. slaitidh seichidh curadh gliadh nach serg cúis cinad. biaidh gnúis derg ag dubadh Fuilngedh cách a cirrbadh. cosnaidh tír d'ár triathaib Tadgdíne rostáthaig. ardríghe ós na hiathaib Ní anfam gu nahad. árd gach dún dá ndluighfeam tend gach fích dá bferfam. gu mbeam scíth ní scuirfeam Ná coiscet bar catha. nó co clódh in dream dána bar ruathar bud raona. ní ba huathadh ágha Beired cách a cosgar. cuirid iad cum égluais scél ratha ní rodbais. ár catha do cédgluais

Odconncatar na catha co coitcend a céle i comfogus, gan taca agá triathaib, agus gan lagad agá laoch| |aib, agus gan anésgaidh echt gá nógaib, acht siad gu fraechda fáilidh forniata ag indsaigidh a céle gan caigill: agus nír terc troich taobáille tidhlaictecha tuinnsemcródha tromarmacha triathaigentacha ag tindenas isin tréncath gu coitcenn ar an dá cuidechtain sin; agus is amlaid tángatar trénclann Briain ruaidh co réidhláithir in ruadchata, agus buiden do badbaib agus elta d'fiachaib agus ealma d'faolconaib agá lenmain ina lánfhogus.

Is ann sin tángatar na catha co dromlurgain in daingenmuighi dathlergaigh donncraebaigh. agus iar techt dóib do léigetar  p.113 lucht feidmneimnech forfógra fá [a] céle do'n chuairdfisrughad sin do clochaib agus do cráisechaib, d'foghadhaib agus d'figursoighdib, co ndernaid ceo cruaid cithnéldorcha crannbrisgbrúiti cloch armneimnech do na cédoirighaib sin fá cendchoslámaib na cath; gu scoiltidis na sciamcráisecha a céle isna cithnéllaib sin, agus gu cennlúbdais na clocha na caolsoighdi re tiughneimnighi na trom fertana sin.

Is and sin rugatar na glancata garbturrac dian grodláidir gníméchtmarbtach re cois na forfuagra gu fraoechaindiuid; agus gé fuaradar na fialcatha na foighdeda dá ndechadar d'iarraid, ní roibe dícheall doichill ag na degsluaghaib; || agus do bidhgdlúith gáiredair na borbsluaigh ag buain re bruachbláithimlib na mbrath cathchóirighthi re céle do'n cuairt sin. agus nír comarc gan comfregra in grodcruaidhgáir guasachtach guthingnáthach gréch comarcach gráinuathbásach sin ó dúilib nime agus niamtalmun: uair do búirgéisedar bruachimle na Banbasa tré brianbáigh na brathdígla sin; agus do tréig in glangrian gnáthfóirighnech a glégealgné, gur falaigh a haghaidh ar na hérendchaib re hedh na huaire sin; agus do u abair in muir mongarcainntech mórtonn uaibrech mergarbdomain scéith tar findbruachaib na Fodla fá fhos adhclár na hErenn.

Agus ar teagmáil do na tromsluaghaib dá céle san cathírghail sin tucatar caithem ar a cráisechaib nó gur crannbrisetar tré comthendadh na curadh i certaghaidh a céle gan camsduaghad, co nár fuilngedar na ruadcrainn in róéigen gan rianblaghadh, gurra batar ina lesgailtech fliuchderg ar na láithrechaib. agus do bernbrisetar gach cloidhem ó corrdéis gu crosdornchor ar clogad cendaib a céli gan chaigill, co rabatar na nírnadaib ainmecha adbalcréchtacha ar comtelgadh a corrgeindead, || agus ar camlúbadh a croseltadh, agus ar legadh a leabardéd, agus ar ndians[c] oltadh a ndernand. do cuadar na flaithchuraidh gu fíchcuimnech ar bfalm ughadh a bfaighen, agus do léigetar deithbeir bunaid na deg láithrech ar a ndegdáinib in uair sin isin cathláithir; gur scáiledar a lúirecha leabartrebraid, gurab ina codcandaib arna camcomraind do tinóilte na tromlúirecha gar beg taréis in catha, agus gur cnestaoibtesgaid a cotúin cimasuaine craebderga corcardathacha; uair gér geal ag techt isin troméigen, ro bo corcra gach cotún rena clódimpódh, uair ní táinigh agus a fhírimad faidb bud étarbaighi re himad a nesbadchrécht, muna beith díth a dáine dá degfóirightin.

 p.114

Cid tra acht ar bfulang a bfaigseradh a céle do na cathmíledh aib, agus ar naomadh anta do na huaislib, agu s ar clárscáiledh a clogat uma cennaib, agus ar minroinn a muincedh uma maoth braighdib, do aithin gach aon a oirches buailti san borbláithir: gu mbeirdis na saorclanna sidhe sandtacha sotalcruaidhe as a cléith na céle ar a caraidbidbaidh, gu tabradh ar chuachfolt agus ar ceindéidedh chuigi amesg a muinntire, nó do anadh aigi dámadh anbainde é féin ná in fer sin. gu rabatar re tresi || in tomaidh, agus re tinne in tolgáin, agus re tindesnaighi in turraic tugadar, gu tugatar imláid inaid dá céle do'n cathruathar sin: gu roibe in tromsluagh tiugarmneimnech tresrodcróda táinic aniar anair co neimcaigeltach gá nertbualadsun.i. cland Briain ruaidh ina ríghoirbedhaib, agus cland triathborbcruaidh tresgarbdlúith Torrdelbaig ina bfál timcill do'n taob tiar dá tromnaimdib.

Is and sin ro éirigh Diarmaid dédla datgnúisderg míleta mórtrén maothfoltcam, fálcoimédaigh finnMuman, caithir clainne Casluircbria[i]n, dín tromflaithis Tuadmuman, Temair ós gach triathlongport, Sinann briain ós bánsrothaib, dingmaid fich et fialcúiger, comland í Briain boroma, nír chinn ach Lugh lám fada ar a engnam dáiridhi: Diarmaid dédla dathgnúisderg; agus do cromastar Diarmaid co díghair fá na degsluaghaib, gu tuc oirrlech ar a nuaislib, agus athcuma ar a néidedhaib, agus cnestollad ar a curadaib, agus díthmarbadh ar a ndegdháinib.

Dála Miccon: do cruaidcertcongaib gu cosgrach in cathláithir i certagaidh in caomáirdrígh ciallDonnchaid cona clannmaicnib; gur fásadar oirbedha do na huasalmarbaib eatarru, co nach roich dis a céle tar na carnaib cosairmarbtha, gu tigdis na trén| |mílidh timcell in tiughmarbtha do congmáil na cathláithrech. agus rob imd a and sin árdmílid ag iarruid a fírescarad re [a] innsaigidh, agus curaidh ag créchtnughad, agus laoch ag lámgerradh, agus féinnid ag fiargerradh, agus óig ag armdebaidh; gur gab gach oirecht a feidm gan fuaradh eir san inadh sin.

Do gab Diarmaid cona degaos grádha ag grindscáiled in glancatha gu grodláidir, agus do gabadar glanaos grádha í Briain ag borbúrlaidhe; agus do congbadar corcamaigh cuing in catha gan corraighi na certinadh, óir adubradar agus do degcomailledair: gidbé ronéth corraighi do'n cathláithir nach bad corcumach. agus do gabadar glanclann Matgamna ag mergrodrébadh a mórbidbadh; agus dorinnedar cland Taidhg timcellcuardugad ar an tréncath;  p.115 agus dorinde rígBrian mac mic Domnaill mic mórThaidg rígh marbadh ruathargharb a cathláithrechaib in catha, nó gur cnáim gherradh agus nó gur cenncréchtnaighedh in catmhílid. agus do gab Feidlimidh ag féithcruindiughadh agus ag feidmscáiled na bfindsluagh; agus is é ríghFeidhlim idh dorinne marasgalacht ar na mórsluaghaib ag dul i cend a chéle do na cathuib, nó gu bfuair luach a dénma do dlúitharmaib a escarat ina fhedhmandas nó gu rucc ruathar céim || thend ciallainndiuid fó na cathaib ré cách. agus do gabadar cenél fichindsaighthech Fermaic ag foisdiniughadh agus ag fulang a cirrbaid ó na cathaib do cinn a cosgartha as a certlár. agus do gabadar í Cormuic cnámcaigedal na cathláithrech cucu, uair tug a bflaith agus a bfialtáisech Lochlainn laomscar lethancloidhmech O laochAichir a anam d'imcosnam a einigh agus a engnoma agus a atharda.

Is and sin do crom Concobar cráisechremar cloidhemhleathan dá cédferaib fá'n cath.i. mac tresgarbinnsaighthech in togha, gur buail buidni, agus gur dícend deghdháine i mbrollach in catha a cédóir; agus tugatarson tindsaidin dá tromarm aib a néinfecht ar an áirsidh, gur fuirmeadh re himarcaid na narm in tárdmílid. do éirigh as gu hurmaisnech ó na harmaib, co rucc díthruathar deinmnedach fá na dlúithnaimdib. agus gé ro bói gach rígmílid ar na ruatharaib sin, agus gach oirecht ar na hindsaighthib, do bí cuing in catha ar Maccon ina comnaidhi ag fosughadh na fích láithrech, agus ag imdughad na nécht, agus ag tercughadh na tromescarad. uair is terc má táinic aniar do na nertsluaghaib mílid, ná mac áirdrígh, ná orrigh, ná uasaltáisech, nach biadh || ag buangairm Mec Conmara gu merdána; agus ní bfuair in torrigh dá aimréir ó [a] airechtaib acht gach flaith ag fregradh i richt Me[c] Conmara co mochindsaightech i comdáil na curadh cosgar beoda do bídh ag mianinnsaighid Miccon isan cathláithir. agus gér b'é Maccon, nír cosgar mín a córachadh i cosgarláithir in catha na certlár agus fialcró feidmtenn fíchrod flaitimda findcuilénach uime gá uasalcoiméd, agus Feidlimidh fialbrethach ar an órdughad cédna ag congmáil na caithláithrech. agus do léigedar laochmílid clainde Cuilén cum cuardaighthi in catha, gach cathmílid ar leith ag laochiarraid oircis imbualta do thógbáil oirrdercais eir féin ós na flaithib. agus do gab Nicól ag nertborbbualad na niadh, agus ag cendcoscréchtnughad na curadh, agus ag mertresroind na míledh, gur thuit lesin tr[i]athmílid do'n turas sin a rogha échta  p.116 do fine in árdrígh. ro bad toisc do nach roichfithea in ruathar sin muna fóiredh a sciath in scáthbile. agus do éirigh Aodh mac Donnchaid do dluighe agus do dianmarbad a dergnámad, agus do imir mac mic Conmeadha co míleata hé gér macám ar a mór naimdib, gu tuc díth bratha ar na blaidechaib. agus ruc Ruadhrí mac tresindsaightech Taidhg side sotalmer fá na sluagaib, gur leag láich agus gur scáil a sciathn andracha || agus gur thanaigh a tiughairbedha. agus dob urusa da gach uasal a aignedh na inadh san inadh sin, ag féchain in dosbile dígaindréidh dédcloidmigh dianruataraigh Diarmada mic triathurrumanta Torrdelbaig ag lechtadh na laoch, agus ag traethad na trénfer, agus ag oididh na nuasalrígh.

Cid tra acht ódcondairc Dondchad drechnárach degáirdrígh clainde Briain rígh échtaigh ruaidh a thiughcóirighthi gá tanughadh, agus a muindter agá minroind, agus a derbfhoigsi gá ndíthbrath, rug in rígh ruathar recht [f]ogla i certlár na cathborbláithrech, co tarlaidh cuigi do'n chuairt sin in ferchú feidmcródha fraechneim nech Feidlimidh. do cromastar in caomrí in cráisech cródruimnech cruaidhfaobrach crandláidir colgrinnáith, gur sháithesdair in sleigh trésan bfindláim fadméraig feidmcosgraigh a bFeidlimidh. is ann sin do thóg triathFeidlimidh in tuaigh taobslemain tarrachta trénboghach faobargorm aitchorrach iaranncruaid, gur léig tuindsem na tréntuaighi tarrsna cum an triathmíledh gur ben in tuagh tailc tuinnsemneimnech tar trebarlúirigh agus tar taobáraind in triathrígh, gur bris a bhántaoeb agus gur dianscáil a dubán, agus nír gerr énmáille isin bfindlúirigh. agus ó do mothaigh in mílidrígh mórDondcadh a calmacht gá clódh agus a nert || ag níthadh agus a brígh ag begughadh ó'n buille sin, d'indsaigh co harrachta cró catha Diarmada mic tresoirdeirc Torrdelbaig agus do gab ag slaidhe na sluagbidbad agus ag athcuma na nóg ag indsaighid a uasalbráthar; gur tuighset do tromarmaib in triatháirdrígh, agus gur gonsat dá ngormslegh aib in gégbile, agus gur buailset dá mbláithgércloidmib in brathmílid buanbéimnech basdondingnech; condrochair in degáirdrígh Donn cadh le himad na narm agus le foisdinighi na bféinnedh le lucht feithme findDiarmada.

Cid tra acht ódconnairc Brian mac Domnaill a derbráthair Dondcad arna díth isan dianéchtláithir, agus Muircertach garb arna gheodhnadh agus arna gégscathadh, agus Brian berrai ar  p.117 toitim arna taobscaltadh, agus Tadg luimnigh arna lebarcomraind do landcloidmib, agus a uaisle uile ar énslighid arna noididh, tug amus ar a ningabáil agus ruc ruathar réimtindesnach sair gu sleasaib Bóirne bánclochsleimne. agus do lenadh in luathmaidm gu léidmech laochéchtmarbthach tar lomcnocaib na leathanBóirne; agus rob imda i ninadh na hírgaile san uair sin agus ar cum asgláithir in catha flaithi i bfaonloigib, agus curaidh cosgairthi, agus óig ag uchbadaigh, agus uaisli ag aithrighi. agus rob imda caoim||tech cendairrcech nemgradach naimdemail certláim re céle nó ar muin a chéle ag na cathmíledhaib, agu s adbalgreama dá nulcanaib acu ag fasdógh na bfer ina bfaicseradh. agus rob imda and fer beo briatharciuin fa bíthi na marb do mórán a láim ag na laochmarbaib, ar seacad a nglacgreamand fá géglámaib agus fá gormlúirechaib na gasraidhe. agus nír b eg do na borbcathaib sin do bí ag dul cum dianéga agus ag dícennadh a fraechnámad dá fiaclaib, agus ag sróncognom a sluagbidbadh, agus ag suinnenugadh a sotalnámad ar luathgerradh a lám gu lár do na laochradhaib; agus ag techt fá tuairim gotha a céle gu céimúdmall ar roindgerrad a rosc craebdonnmongach do na cloidmib, co nár b'urusa d'aonduine a fírchara d'aichniughadh san inad sin. uair rob imda and corp agus cenn coimightech i comfochraib dá chéle, agus láma a bfad ó [a] bfrémguaillib, agus méra ar merughadh ó [a] mínglacaib, agus traighthi ar se chrán ó [a] slatcolptaib; agus rob imda and folt fedánach finnchuirnínech fiarbarrlúbach ar faan re féithsiansán na figargáithe, arna corcrad do'n cédtes.

Agus do timsaighetar triathsluagh clainde caomThorrdelbaig gu coscrach créchtimda cinedbernach || cathesbadhach cosgar máidhmhech cu m éninaidh d'áirem a nesbadh agus do comáirem a coscair, d'indraichne a nuaisledh agus do cur súla tar a saor clandaib. co ndechaid tinól gacha tromairechta ar leith isan láithir sin d'fisrugadh a nesbadha, agus is and sin adubairt Diarmaid delbcruthsnuadach degmac Torrdhelbaig turascródha: ná cuiredh bar nesbadha [oraib], agus ná laighdighedh menmanda bar míled imad bar nesbad isin inadsa. acht tabraidh da bar núid a dá oired d'uaislib bar nescarad da gach taob ina timcell, agus féchad bar bflaithi gu fáilidh fírindech guma lib in lebarthír ó'n lósa im mach gén mairthai. agus is lugaide is cóir cuma da bar cáirdib a néraic d'faghbáil gan esbaid. agus adubairt in roscad dá rádh:—

 p.118

Dénaid calma a caomsluaghu. a clanna Táil triathnertmair. ní feidm míled maothcuma. gataid oraind anbuaine. is mó ár níc ná ár nesbadha. atáid agaib oibrecha. bad cóir dáib do deghdénam. ar tuit lib san láithirsi. do clandaib Briain boroma. onóir uagh is adlaicthi. do tabairt do'n triathfedhain. mórthinól bar marbcharad. ar leith as an laochraidsi. faidb is cind do comáirem. beocréchda do beochengal. dul.i seilb na sluaghríghe. menma ar éigin d'ard || ughadh. calmacht ar dia deighdénaid

Agus do suidedar cland Cuilén ar leith uma laochrígh agus do áirmedar a neasbadha; agus nír dochair deghaithne gu bfuaradar cendairc in catha, re [a] méd dá míledaib do tuit i crislach na cathláithrech ar comtuitim agus a cru aidbidbaidh. agus tucadh Aodh mac Donncaidh dédcloidhmigh arna daingenbualad na cenn dá cathnaimdib ar mbreith borbruathair ar na bloidechaib, ar toitim tuile do troméchtaib leisin triathmacám; gur comraig O Seancáin agus in slatbile, condrochratar comtuitim ar an chathláithir. agus gen go fríth aiseg bunaidh do bile Adair as in inadh sin, do caithedh corp agus comna gu céillidh gu cenn caictighis itir a cháirdib. agus do gab a tigerna agus a thriath bráthair Maccon ag acáine Aodha ar in órdughad sin agus ochtar dá uasalchinedh ina urtimchell arna noirlech, agus trí duine dég dá degoirecht ar an díol cédna san cosair sin; mar [a]dubairt Maccon ag aithméla Aodha ar indórdughad sin:—

M aith saich in sluaigedsa. cróda in tres tugsambair. gid imda ár nesbadha. is dédla in dergruathar. rucc sind fár sluaghnaimdib. n aith in tíc fuaramar. findríghdha ár bflaithnámad. uchán gan Aoedh agomsa. craebslat chaom mo craidhesi. mo conn is mo chia || llanam. rob é ár sebac selgdígainn. is aoedhaire ár noirechtadh. in gégbile gormabrach. luathlendán na laocraidhe. taréis Aodha órarmaigh. is aithméla ár naontoma.

Agus tángatar cland Mathghamna gu menmnach ós cinn clainde Briain ruaid dá rímáirem, agus do bádar ag déchain Donnchaid, agus deigBriain berrai, agus brígMuirchertaigh gairb, agus glanTaidg luimnigh, agus laochmuinntire Cendéididh na cosrachaib. agus do grísfáiltighed ba glancloind Mathgamna trésan mortlaidh sin, ar toitim trí naithrech na nuasalclann le sindseraib na saormarb sin.i. clann dígainn Diarmada, agus clann ríghéchtach Ruadhrí, agus clann Taidg taomcródha Mic michair Mathghamna. mar adubairt Brian mac Diarmada na deigh briatrasa:—

 p.119

S luaighedh ratha in ruatarsa. tángamar gan tairmesgclódh. inár tuili tondgharbrod. gu tuaiscert in tírisea. maith ár cuid do'n cath sluaighedh. ag díghailt ár ndegaithrech. le cloind Briain do brath marbadh. Diarmaid mór Mac Mathghamna. ós druimlergaib Duibglenna. Toirrdelbach óg armchorcra. tug dergruathar Díserta. dár marb Ruadhrí ríghduasach. agus Tadg do'n tresruathar. córughadh ó Ceinnéididh || sám lem chroide in chosairsi. aite é iná gach innmas luaigh

Agus tángatar trénchlann Taidg fá Mathgamain agus fá mórDomnall ar fud in áir dá bféchain, agus ní hé a gcaoinedh do fóbratar taréis athar Domnaill do dianmarbadh i bfell do na clannmaicnib cédna. tángatar ós cionn Toirrdelbaig dá thógbáil dá onóru gad, agus adubratar ag féchain a ndegbráthar: is truag dúinn gin gurab || dainimh in díol sin ortsa a uasalmílid, ar iadsan; agus is olc bar dtoisc uile isin innsaigid, gidh ait linn in turas tángamar. mar adubairt Mathgamain agá mháidem:—

Olc toisc na dtriath. ní loscad linn. ní sám in seol. in chosair chró na mbrainén mborb. inar cuiredh corp. Toirdelbach tenn. is truag a thoisc. i mesc na mál. tuitim do'n tur. ní uain in tolc

Agus do tógbad Feidlimid as fosadláthair in catha do chengal a chrécht agus a chnedaladh, agus do féch Feidlimid ar na flathmarbaib do gach ta ob ina thimcell: ní hanait linn in laochobair so ar na flaithib, ar Feidlimid, gin go bfuilmid féin slán ó na sluagnaimdib; atá ár sáith d'íoc againn gin gurab deired dúinn féin taréis na deithbire so. mar adubairt:—

Coscar flatha in forbad so. dorin Diarmaid donnabrach mac taobsolas Toirrdelbaig. bud sén ratha in ruatharsa S ám lim techt in ruathair so. ní hé mo bás egcaoinim gid mad é do gébainnse. tré treghdad mo triathláime Ag féchain na flathchosrach. créchtledartha cnámgerrtha ár gcaithréim is cianchoscrach

Agus do siretar cenél bFermaic fiafraigid in áir ag aichniugad a nesgcarat, agus is iad a naicmedha ba fírescáirde dóib ar na drongaib sin, agus adubratar nár doithim leo na maithe ar in díol sin; mar adubairt file na bFermacach na focailse:—

Tángamar toisc. bud chuairt gan chlód. ní roichti arís. ar gcúla ó'n ngleo. sám linn bar lén. maith dúinn bar ndíth. síol bFermaic finn. fuatn lib gach laoi. d'ár dtír bud sám. ár dtoisc mar atá

Is and sin do aigill O hA ichir ré nég in oirecht, agus adubairt: dobeirimse a buide do brathrígh nime agus naomthalman in  p.120 dianoidhed so, ar degLochlainn, d'faghbáil damsa agus in díth bruinechderg úrchréchtach adchimse dom chiannaimdib isin chosairchró mar adubairt agá róchuimniugad ||:—

Truag mo toisc do'n turassa. i mórchath na mainistrech a dtírbennaib na bánBóïrne. ní hég innte mo aidhedsa Trésin áithes fuaramar. ar dtuitim d'ár dtriathnaimdib bud lér bflaith na finntírtha. as so suas go somáinech Clann triathlínmar Toirdelbaig. tímnaim dóib mo degbennacht áirdrígh fial na fírinne. guidim thu go gléthenach d'fóirithin a ninnmas[san]. mar fóirios gach nanbfann truag

Is ann sin do éirgetar in taos grádha agus do gabatar go dérach ag féchain Domnaill í Duibdúin arna dianoidhid sin dergláthair; agus do bátar go haithmélach agá égcaoinedh nó gur éirig áirdsciath áibnesa eturru agus cumha in degláich sin, tré áibnes in árdflaithis gan urberrnad ag uasalMuircertach agus tré dlúithlínmaire in dergáir atchonncatar go coitchenn do gach leith ar in láthair. mar adubairt in tughdar agá imrádh:—

Scíth fáilidh in finntsluagsa. taréis oibre in árdcatha. coscrach créchtach cathberrnach. sluag Diarmada donnmeirgigh. esbadh dúinne degDomnall. O Duibdúin in dianghaiscid. acht nach cóir a chomairem. re taob échta ár nesgcarat. adbar menma is móraignidh. mairit fós ár bflaithene. atá slán in saorleoman. áirdrí Muman Muirchertach. mairid Diarmaid degchloidmech. mairid Maccon coscardlúith. mairit flaithe ár bfíruasal. acht uathad d'ár ndeg flaithib. is fedhan d'ár bfialaicmib. ní mair triath ár dtromnámat. bídh againne d'imarcraid. mar íc tuille Tuadmuma. faoilfit tráth ár scélane. go bráth agá mbuanléghad. ó so suas ag senchadaib. bud áibnes gan adbalscíth

Is ann sin do ráidh Ruaidrí ríghórdaigtech rathmarchéillid rinnfaircsenach ruadairmneimnech Mac Craith.i. in file risna huasalchathaib: —

Dénaid tra, ar sé, na huasalchinedasa agaib d'adlacad go honó rach, agus cuimnigid bar gcaradrad do na fionnchraobaib fínemna so ar ndiultadh a ndergnaimdenais agus ar dtréigen imchosnaim na háirdríge in bar nagaid dóib. agus in uair nach coiseondais in flaithes tré chennairc in bar nagaidsi, is mór || díth na gcraobshlat so do bar gcathaib. ó do comrígadh O Briain go bláthórdaigte, buanchóirigter innas nó fert cuibde do Donnchad in degháirdríg ar órdugad bus oirderca ná a uasalbráithrecha.i. Brian agus Muirchertach agus mórThadg. cóirigter Brian berrai go buanáithesach re táib in áirdríg Donnchaid, agus cuirter  p.121 corp cruadhmac dígainn Donnchaid re táib in triathmacáim, agus cuirter Tadg luimnigh le a remhartáib sin. cuirter Toir delbach rígchoscrach mac Taidg re táib na cosrach sin mar in gcédna. cóirigter cosair d'úib Chinnéidid, agus fuarálach d'úib Ogáin, agus snaidter solasleca tar úib Sencháin. órdaigter adbada d'úib Eichtigern, agus cóirigter caoilleca ar chloinn Ghillamochainne choscarmhir. órdaighter aolchloch leicriaglach d'O Flaithbertaig, cuirter i ndeginad O Donnagáin; agus mar do marbad lib na degchineda sin go trásda sin trénchath degchóirigid anois a niamleptacha, agus déntar clais múraig ar a gceithernaib agus réidadhlacad ar a rútadaib. adlacaidh festa na fednacha, ar in file; agus scaraidh a néideda re a nuaislib, agus féchaidh bar bflaithesbada féin agus esbada bar noirecht ann sin. agus ní hesbaid gan égcaoined agus gan fuilldígainn tromesbaid chloinne Chuiléin isin gcathláthair so fá Aodh mac ndígainntestach ndúnadghrednach nDonnchaid mic Chon míleta medha, agus fá ochtar dá fhinnchine ina fhochair, agus dias agus fiche d,uaislib a fhionnoirechta arna marbad ar úrlár na himresna. agus is ad bal in móresbaid fionntáisech ua bfialChormaic.i. flathLochlainn O hAichir co mórán dá mhuinntir arna marbad ina fharrad isin gcath sin. fuaratar clann Taidg tromesbaid do'n turus sin.i. Macraith mac mic Aodha doill í Chonchobair in nathair neimnech do mharbad ar dergláthair in diancatha. agus innsaigedh gach aon agaib a fhírcharaid dá onórugad, agus tabraidh bar rogha rómha do marbaib bar muinntire féin. agus cuimnigidh bar gcomraic, agus comáirmidh bar gcoscair, agus déntar marbnada do bar maithib, agus tabartar leiges ar loitib bar laochmíled. agus is créchtach croiderg bar dtromsluag anois, is niamderg bar niaméideda, agus is créchtach go coitchenn bar || gcineda, a chlann Chormaic chais. mar adubairt in tugdar ag áirem a nécht do gach leith ar in láthair sin:—

Créchtach sin clann chais Chormaic. ós leirg uaine in fochonbrait; a shluag des échtach Adair. créchtach in tres fuarabair Clann Briain ruaid fa ruad slega. ní hinann ár nesbada; sluag desbladach binn ó'n mbruig. esbadach inn is iadsoin A r nesbaid Bóirne ní beg. fuáirsetsan a secht noired; siad ag ár ngesgoin tré goim. nocha nesboid gan faloidh Donnchad mac Domnaill dúin scí do bí acu ina áirdrí; nochar truime crécht d'ar chin. écht fa fhuille d'ár bflaithib  p.122 B rian berrai nachar cáined. écht as cóir do chomáirem; marbad Briain berrai do beir. réide ina diaid d'ár ndáineib Nír an ag oirlech na bfear. Muirchertach garb na ngredan; slat dúin adrochair sin tres. mac Donnchaid dúin nír díles Dar limsa ní linn ro gab. Tadg luimnig nó gur legad; go bfuair [sin] Tadg luimnig léim. garg ro chuimnig ar chaithréim Do siredh in cath cernach. le mac Taidg le Toirdelbach; do tuit Toirdelbach in tor. gér choimmenmnach a chétfod Cá huaisle fert dá bfertaib. iná leba úi Fhlaithbertaig; gér dlúith gliad síl mhín Mhoga. cúich agh síl Bhriain bhoromha Clann Toirdelbaig do tuit ann. clann Diarmada finn Fremann; slata d'fedaib na hairce. úi D egaid is úi Dubairce Do tuit ann ba trén in tor. Conchobar mac des Donnchod; mór teidm ua Cormoic cnedach. do chomloit a chinedach Uaisle ua gCinnéidid sin gcath. Macraith is Pilib prasach; nochar scuir faghbáil na bfer. dá thuir E bha gur h áirmed Gur tesgad gur tuit sin ár. do bí in saorbile O Senchán; leoman úr na ngégbonn nglan. édtrom a lúth gur legad Tuit síol Eichtigern sin ár. do tuit ann uaisle ua nOgán; in sluag nír siredh sona. is cinedh ua gCétfoda Mac Gillamochainne cruaid. do tuit i mesc in mórsluaig; nocha naonmac gan falaid. is craobslat d'úib Chonchabair || Do tuit O Donnagáin donn. nír cinned ar a chomlonn; ní cáined do nech fó nim. beith gá áirem sin ár sin [A n]áirem ó sin amach. go bráth ní fédfaid eolach; a dherb ní bia ag cách gan cor. in bráth is dia dá dherbad Gé tucad ár na sluag seng. agus a náird go hísel; sluag as ferr ráinic gach racht. ní táinic is ní tórracht Sluag bud ferr lúth gan lénad. sluag as ferr do innségad; sluag bud ferr anad re hág. ní fuil ar talam tonnbán S luag bud sotla ar gach sluagad. sluag bud chorcra combualad; ná labair re luad ille. sluag a samail acht sinne Dámad re báidh do beimis. dámad d'aonleith d'imrimis; ní biad do'n ród gléglais grinn. fód inár négmais d'Eirinn Ní ticfaid ní táinic riam. do sluag gháidel ná ghailian; buan a bfaghbáil nár bfarrad. slu ag d'anad mar d'anamar Do tuit d'ár gcathaib dá gclód. sul do fédsam a nimpód; ní détla forba dá bfuil. forgla céda d'ár bflathuib Aodh mac Donn chaid nár docht blad. do tuit ann lesc a labrad; eire buan is béd nach gann. truag nach céd eile d'fágsam Truag nár fágsam fiche fer. sul d'fágmais Domnall dédgel; mac Menman nár chaith a chrann. maith a engnam gé fhágsam Do tuit ann truag a loise. a mac fós na fiadnoise; is truag mar iarmaidne ann. ár nDiarmaidne is ár nDomnall Aodh mac Sída slis re ga. Aodh mac in Chláraig chróda; gur scíth in dá Ao h ann sain. ní fríth clann d'faom na nagaid  p.123 Maolsechlainn mac Néill co nim. mac Lugada lannghaiscid lethroinn na gcraob nocha chél. dá Maolsechloinn ni hénscél Cethrar curad do chlecht ág. d'úib Máildomnaig sin dergár; do tuit mac luinn Uilliam ann. do chruinniad ar gach comlann Mac Domnaill nach dorcha snuad. in tres Maolsechlainn armruad; do tuit Maol sechluinn ann sain. craob gelchuill na gcrann gconfaid Ruaidrí mac Cellaig sin gcath. Gillaísa na nárdflath; gleic nach sár síth sás mar sin. bás meic Dábíth sin deithbir || Tadhg mac Duindléibe na lann. adrochair cruaidh a comland; in craeb da codnaigh in cath. O Mael domnaig gan dianbrath Dá ú Allmaráin gan faill. Tomás michar Maol sechlainn; mór in díth fine na fir. scíth glór is craidhe ó'n cuairt sin Mairg doman as a ndechaid. Menma cróda O Céilechair; slat na fód nár braith begán. Mac craith óg O hAirtegán O Comromaig Aodh na nech. do tuit ann laochda in léirchrech; fá Donncubar na ndergár. Concubar O Ceinndergán Tadhg O Cuinnín cródha i cath. Seoinín Mac Binde brighach; sloind a cnesguin nocha cél. dá esbuidh do chloind Coilén Fiche deithnebar do'n droing. is trí deithnebair derbaim; dá céd sin is trícha tend. do dligh crícha gu coitcenn. mar rudhél do'n droing ar dath. do cloind Cuilén gu créchtach Maccon gu créchtach ní cél. tigherna clainne Cuilén; ní minfedma tug dá tigh. rug a tigerna ó'n troid sin Do ben cloidem nír crécht fóill. tar aighidh niamdeirg Nicóil; gach fích do cloidhedh gon cráib. do fríth cloidem na comáin Mór in esbaid cleth collán. O hAichir uair anbforrán; bás Locl luinn re [a] méd gá mes. rocruinn is céd re [a] commes Ní celeand dergnáma dáib. uaisli in airechta d'fágbáil; lén ó Cormaic nocha cheil. scél do comloit in crích sin; Mac í Concobair cnes bán. mac mic Aoda daill drechnár; do tuit Maccraith fá feidm ann. ní meirb do chaith a comlann || Bás Pilib do fóired airc. saoth le cenél find Fermaic; O Gríbtha in gach tres dá tuc. fíchda a cles in gach comrucc Do cuaidh le [a] chloidem is le ga. a hucht in aosa gradha; Domnall O Duib dúin na ndám. comlann suin do múin mórán Táinic Feidlimidh flaith luain. as ar éigin ó'n anbuain; ticfaid gu flaith luain re [a] linn. gath maith nach fuair gu Feidlim Cródha do cuiredh in cath. ní hingnad cách co créchtach; ingnadh ár selg ar a sluagh. d'ar derg in finnmagh forruad D' ar sruth corcra na sreaba. d'ar brecadh na bailedha; ár cuairt fa mochlongadh mer. d' ar comtholladh gach cinedh D' ar diangerradh ár ndrecha. d'ar caithed ár cráisecha; d' ar fríth gach dagdlighedh de. d'ar hainm[n]ighed ár nuaisle Gach nech díb dá ndernaid sin. ní mair énfer dá nuaislib; ár ngeall san bfalaidh ní fóill. ní béim d'fagail in árdslóigh  p.124 S inde gidh créchtach ó'n cath. do cosnamar ár críchrath; dleghair mar adchí gan chol. dá deghailsi agus siadson Do deghail socracht re [a] sluagh. ní ba[d] deoraidhecht dímbuan; lín cath do'n fedhain ní fhuil. do deghail rath re a ríghuib In tírsi is linn féin ra fes. dénam báidh agus bráithres; ad móra i cosnam na gcath. cródha gach cosgar créchtach

Cid tra acht ar nadlucadh a nuasalmarb, agus ar mbélcengal a mbeochréchtadh, agus ar bfáisedniughadh a bflaithanband, agus ar timargadh a triathfadhbadh, agus ar carnadh a cend: agus ro bo ghar re cois || na buana in brathcarnadh bidbannda sin. agus do bádar a bfedhmandais ar na fedhnachaib sin ag fulang a bfích domaincrécht gá lámughad ag na leghaib, agus ag iarraid a noighredh agus a nuasalmac dá nagallaim, agus dream eile acu ag breith a buidhe na brathdíghla sin ó da chosnadar crích dá cinedhachaib. [do bádar] aithrecha and ag imachar a mac gu meirtnech mallcéimnech agus mic ag imachur a naithrech go [a] ninadhaib comnaidhe criadhúire, gur bo comderg criadh úrlár na clármainesdrach agus na cobsaidhreilgi ó imarcraidh na nuadhadh laicedh.

Cid tra acht do benadh a néidedh dá nuaislib d'iarraidh fhinnuartha taréis na hurlaidhe; uair nír seol cáimthigh in caithéidedh, gér cosgrach a córughad lán d'finnfodh agus d'fuilin chind a nescarad agus dá bfalaib féin ó na fíchfhedhmannuib fáthghrodborba fosgarbláidire fuaradar. gur foisdinighedh ag na findsluaghaib taréis na nurobar sin: araill dá nuaislib ag bogásaigh a mbidbad agus ag comáirem a cosgar, araill ele ag égáine a nesbadh agus ag imrádh a nécht, araill ele ag fáthroind a bfadhb agus ag áirem a nédáladh, araill ele ag crothadh a cotún agus ag nighi a niamlúirech, araill ele co huchbadhach osnadhgharb trésna húrcréchtaib agá nanbfainniughad.

Ní rabatar co cian isan comnaidhe céirdingnáthaigh sin in tan || táinig techtaire gu tinnesnach gusna triathaib: éirged bar nuaisle da bar nórdughad agus bar flaithi da bar bfoisdiniughad; agus luathéididh bar laochcuraidh, agus tindesnaighi[dh] bar ceitherna, agus tigid co tromciuin tindesnach taomarrachta tapadhmer ar an techtaire amach as an mainisdir; uair atá tuile tromnámad, agus córughadh catharmtha craebonconach, agus airbe uathbásach éidedhblsith imarr.cradhach escarad da bar  p.125 nindsaighidh. do fáiltighedh. um na flaithib agus um na finn sluagaib risna fuighlib sin: ní re hedh ná re hathgairid ám, bar iadson, atá in conách in bar comlenmain agus in bar coimedacht, ó'n ló do thidlaic in toicthi tuairsena bar tromnámad da bar nindsaighidh san inadsa. agus rob imda aoen gan escáirdes agaibsi re [a] nuaislib ó cianaib ag cromad san cathláithir; agus ní fuil énduine agaib anois gan naimdenas bunaid risna bidbadhaib úd, ar toitim da bar tromaicmedhaib le [a] triathaib, agus ar toitim dá nárdrígh agus dá nuaislibsiun le ár naicmedhaibne. agus ní fuighbed cugainde do'n cur so cinn catha bus commaith risna caomríghaib ó chianaib; agus congbaidh agaib in táithes fuarabair gan urbernadh, agus aincid bar nderbfoigsi ar a ndíchendadh. adlir bar laochraidh ar na lotcréch tnughad, conad aire sin || nach urusa dúinne gan a ndlúithcosnam do'n dulsa. mar adubairt fili na bfialcath:—

E irged suas bar sluaghcatha. a clanna Cais cloidemdeirg. darab aitnidh imresain. a ghasraidh grind gormroscach. bar bfeidm bunaid bríghfuilngidh. anois ó na nertnaimdib. bud é dergcath déighenach. bar mbidbadh in borbtressa. crích bunaidh a mbeodhachta. dá nderntaisi dlúthcosgar. éirgedh ferg bar bflaithuaisledh. agus recht bar ríghtáisech. grísdergaidh bar ngnúsaighthi. daingnighid bar ndergbasa. fá dornchoraib dédcloidmed. crandglacaidh bar crái secha. cé anois lín bar lámaighthi. isin Erinn fínfledhaigh. is mithidh dáib dianéirghi.

Agus do éirgetar na sluaigh risna solasbriathraib sin co sotal slisarmneimnech go [a] sluagnaimdib dá saighidh; agus do éirgedar a lucht go nta go grodurmaisnech agus dorindedar réidleighescong[b]háil ar a cnesaladhaib: taréis urcoir chuanu dá corpthollaib tugadar daingen in dlúithéididh agus lethan na lebarchris tar bélaib na mbeochrécht. Do ghluaisetar gu gredhanchiuin leisin garbleighes sin agus adubradar co deithberach: is dúinne is fherr an imresainsi ám, bar iadson, agus is ar conách tucad in toicthise ár tromnámaid do thoidhecht || co fíchindsaighthech, uair nach fuil fáth ár caigelta ag ár cinedhachaib, co caithmis crích ár neirt re ár naimdib. agus do gabadar agus a nárdtigernadha ag impódh na laochraide loitighthi dá lepthachaib leighis: ac ámh, bar iadsom, ní cóir do cóirgedh in comuirle sin; uair ní fhuil uaib fedhan darab córa in cathughadh gu catharrachta iná in cuire créchtnaighthisi: uair is  p.126 iad is mesa acfaing ar a hingabáil agus is lugha díth re [a] ndianaididh, arna mbeith ceana n a cundtabairt. agus ní bad onórach ár nanadh san inadhsa ar bar néisisi; ní biadh ann acht [ár] ndíchendadh d'ár ndergnaimdib. conad aire sin is cóir ár caithemne re brollach in borbcatha i nucht in imbualta, uair do tréigsem ár teichedh agus do lénadh ár luathluaigill; ní fuil acfaing againd ar a ningabáil, gé mairid ár nengnam gan uiresbaidh.

Ní cian do bátar a haithle na nimrádh sin co fíchda fraechaindiuid, in tan adcondcadar techtaireda tindesnacha ó'n fedhain ele dá ninnsaighidh. agus do indsetar scéla do na sciamcathaib gurab é Concobar coscarneimnech cathéchtruagach cruaidimresnach O Deadhaidh in dlúthcórughad adcondcadar cucu: agus is d'iarraidh tairisi tángamair ar na techta, indas co tíssad in tuasalmílidh da bar nagallaim. ||

Is and sin ro gab aithméla na huaisli ag cloisdecht na comráitedh sin, agus adu bratar co deinmnedach dianurfuighlech nach tibradis tairisi do trénConcobar: beiridh mallachtain, ar na maithe, ní maith a amus ar ár nanbandaib do'n [d]uladhsa. fa truagh aindsein indell na nuasalcath: in lucht is uallcha do imaircc a néidedh acu co hinadh na fraechimresna ná fuaradar, is iad da toitedh co tinnesnach as a sesum na slisluidhe. agus induair do deghailtea a néidedh re [a] nuaislib, do sceinndis buindedha braonsduaghchorcra bogcraobacha bláithcróderga tar na borbcréchtaib agus tar fiardóirrsib na bfíchaladh agus tar brathfhoslaigthib na mbeocrécht, gur bo gléderg in glanláithir glasmaothférach ar ar gabadar ó créchtsrothaib crúderga na curad agá corcradh. agus ní clos ciungháir budh truaighi aná torandchles na tromsluagh in tráth sin ag comindsaighidh a carad, agus ag óighréir a nanbann, agus ag luathgairm a leghadh, agus ag indrachlínadh a núrcrécht, agus ag grindiughadh a nglanfhaoisid nedh, agus ag féithimarchor a bfialaicmedh. uair is sochaidhe do na solassluaghaib táinic gu trénmer taomnertmar i tosach in tromslua ig gu tindesnach i comdáil na cathimresna amach as an || mainisdir, tugadh ar imachar gan urlabra indti tar a nais co hanbandciuin ar mbuain céille do'n chathughadh. uair is é sin in tres féigi fialengnoma agus fírnáire na bfuinedhach ó'n ló do gluaisedar Gaoidhil ó gairbimlib na gormEsbáine gu glanErind co mórcath na mainisdrech; agus ní beith nach dímbáigh do na  p.127 deighérendchaib énuasalciniudh d'urmaisin ar na trí féigedhaib fíchnáirecha sin. agus is í cédchuairt d'ar cosnadar clanda Briain in buanchosgar báighnáirech sin, lá catha cluana tarb d'ar tiughdíthláithrighedh gáidhil agus glasgaill gu coitcend ar a cathláithir; gur brisedh in cath le cobsaidhecht na cosgargáidhel ar toitim a nurradh uile ar énslighidh fá Brian agus fá buan Murcadh. agus do biadh mór d'échtaib ann re [a] nindisin ar techt do na findlochlandchaib fuartha, agus do lucht coiméda a cathrach uile, a néninadh d'indsaighid indfuighligh anbandshaoir do fágbadar gaill do na gaoidhelaib, gur éirgedar dál Cais gér chréchtach, gur chuiredar dianmaidm ar na dubghallaib. agus is í in darna cuairt do cosnadar clanda Cais in coscarbáigh sin, ar techt do Donncadh ó [a] diancrechaib, agus ar ngluasach t do['n] géigbile le fuigligib na fialaicmed, d'ar tinóiledar || osraighi ina nuasalcathaib a ndeghdáine re haghaid dáil Cais, do cuingi braighed ar brianDonnchad. agus ro bo crádh craidhe le clannaib Cais na comráiti sin: cuinghidh braigh et dá mbuanógláchaib bunadhdú[th]chasa orro tréna nuaiti agus tréna nanbainde; gur éirigh ferg ina bfíchanbandaib, agus calmacht ina créchtchuradaib, agus lasair ina laochraidh loitighthi ag cloisdecht in andú[th]chais ag iarraid chendais ar clandaib Cais do'n chur sin. gur teilgedar osraidhe dá naindeoin ó na hinadaib catha inar cuinghedar braighde ar an mborbsluagh sin; ar teichedh do na tromsluaghaib sin gur bo marb mórán do clandaib Cais ar cur céille do'n cathimresain. agus is í seo in tres cuairt do cosnadar dál Cais in chosgarbáigh sin; agus dímbáigh do chách gu coitcend clanda Cais do cosnam na commbáighi sin sech gach nairecht érennach, acht gid uasal dóibsinn a ndénam mar adubramair. agus do thógatar a tromualaighi leo anund isin nuadhmainisdir: dob imda acuson and sein fer gonta guasachtach, agus laoich ledairthe, agus triatha i tromnéllaib, agus óig ag acáinedh; mar adubairt file na fedhnach na focailsi ag aithméla in athghluasachta tucad ar na tromsluaghaib:— ||

Uathbás anachain uair sib. a clann Táil gan triall teichid; teidm nach rángabair a les. gé tángabair ó'n tromtreas E irgi suas er sluagh mar sib. mairg anmain d'furáil oraib; dá tuc sluagh ós adba imach. ina smual calma créchtach Dar let nír loited ann fher. do míledhaib ár muinnter; foghlaighi ná gach flaithi. tré chodhnaighi a córaighthi  p.128 Tráth do chuirset céill do'n cath. in sluag scaindermer scíthach; sluagh dá cabrand gach caladh. rob anband a nórdaghadh Dob imda ann fích is ferg. dob imda crécht gu cróderg; slóigh imda ag dubadh a ndath. dob imda curadh créchtach I s créchtach ó'n cath roime. anois maithi ár muindtire; ní hingnadh ár lúth gu lag. ó imad crécht is comrag Do comraic cách co calma. re cloinn Briain na brathfaghla; clann Briain ruaid na renn nime. d'féghain nochar bh'áiridhe Do comraicc fa feidm findib. Donnchad fial is Feidhlimidh; do créchtnaigh cách a chéle. do na flaithib findréidhe [n]ó cor tuit and duine díb. Feidlimid is an flaithrígh Do comraic Nicól nárach. is Muircertach mórdálach; do thuit Muircertach garb glan. i comrac in dá churadh A oed Mac Conmara na mál. is an slatbile O Senchán; adrochair cách le chéle. do dá bile braonGréne Pilib pusach cruaid i cath. Domnall O Duibdúin damach; in dá bile nár bogthim. a comrag fa comtuitim || Dob imda comrac san cath. dob imda mílid menmach; fa derg gnúis gach láich gur las. dob imda óig i nuathbas

Iar mbrisedh catha menmnaigh mercomlandaigh medargredh nuigh mongarduaibsig mílidcalma máidhemlínmair móréchtaigh manáislethain na mainisdrech ar maithib a mbidbad agus a mórescarad do maithib tenda Tuadmuman, le Diarmaid ndírmach ndegimresnach ndatharmchaindlech mac trénchalma tacharborb tulángharb taoblebar Torrdelbaig í Briain cona bráithrechaib, agus le Mac cródha calma cosgrach con Mac Con menmnaigh mertresaigh mórgnímaigh mara cona maicne agus cona mórbráith rechaib, agus le claind créchtaigh crechághmair cráisechgéir cathághmair cruadhthresaigh chumusgbeodha Cuilén, agus le cloind merdána mórmeirgigh marcsluaghniamda muindtirlínmair milchonáigh Mathgamna, agus le cloind trénaigentaigh tromnert mair tacharchalma talchairláidir nDeadaidh, agus le Feidlimidh fialghargnáirech fosadhbeodha fuilechághmar O Concobair cor cumruadh: tárlaidh é leth amuigh dá muindtir i le[i]th cloinde Torrdelbaigh, agus le cenél ferrda fraocharrachta fuilechbeodha Fermaic, agus le híb cródha cendárda cédfadh || acha catharmacha cliathachbeodha Cormaic. agus ar cur dóib áir a nescarad d'urmór andsan imresain sin im Dondchad O mBriain co maithib a muindtire.i. Brian berrai mac Concobair, agus Muircertach garb mac Dondchaid, agus Tadhg luimnigh mac Domnaill í Briam, agus Tairrdelbach mac Donnchaid mic Taidhg, agus Ruadhrí  p.129 O Flaithbertaigh; agus urmór ó Ceindédidh, agus ó nAchthighern agus ó nOgáin agus ó Sencháin agus ó Conaing agus ó Cédfadha agus ó nDibraicthi, agus clainde Murcaidh móir Mic Mathgamna agus clainde Flaithbertaigh duinn í Deadhaid h; agus Concobar mac Donnchaid óig í Aichir, agus Mathghamain mac Gillamocainde Mic Conmara, agus Domnall O Lidedha, agus an blagh fa mó dá muindteraib sin uile ó sin amach. agus ná dechaidh as achtmadh begán brúiti beoghonta dá mbidhbadhaib le Brian tar Boirind bo tuaidh; agus gér b'é Brian féin, fa créchtach cnedhach do chuaidh ó'n cumasc cliathca agus comlaind. agus is ed badeara an Gillamochainne sin Ma[c]| Conmara cona degclaind agu s cona dheirbfine do beith i bfochair clainde Briain ruaidh, ar mbeith a bfarradh tricha céd ó mBloid ic cuidiughadh fill agus finghaile ar a tri ath agus ar a tigerna agus ar a ndeghbráithir: ar Lochlaind mac Conmeadha Me[c] Conmara.i. ardtigerna ó Caisín agus ó bFlannchadha agus Echtghi agus cenéil Aoda iartaraigh agus fher||ann imda eile. agus is agá uirghell sin dorigne in file in rann so:—

Mac Conmara do bí i mbraid. mairg deirbfine do dúthraic; mairg lémad áil díon do'n droing. tré díol a lám ar Lochloinn. innsa in phian ar chleith cunga. a bheith mar fhiad eturra ||

Agus do fellatar fós ar Maolsechlainn Mac Conmara san ló chédna leisan triucha cédna sin. agus is do tromfoichnib cath agus crech agus cogadh Tuadmuman ó sin anuas, [agus] écht agus írghal agus innarbtha cinedh agus aicmedh ó [a] natharda, an mebail sin agus an míchomairle do dénamh i gcumhangrach agus i gcuibrech ar dá Mac Conmara.

Imthúsa Tuadmuman: ar gcommáidem in chatha sin do anatar isna longportaib agus isna láithrechaib sin d'áirem agus d'fisrugad a nécht agus a nesbad, ar tesdaig dá maithib agus dá muinnteraib; agus do chengal agus do chórugad ar cnedhaiged agus ar créchtnaiged do chách isin gcath sin, agus d'onórugad agus d'adlacad ar tesdaig dá gcáirdib agus dá gcaradnaim dib, agus do na clannmaicnib do tuit leo. agus gé ro bádar áithesach ro bádar imsnímach; agus rucatar as in oidche sin ag cuimniugad a dtest dá dtréinferaib, agus ag éisdecht re hiachtadaib agus re hosnadaib agus re hégcaointib a bfer ngonta, ag cengal a gcnedh do legaib; agus gach nech fa slán do na sluagaib ag córugad cróchar d'imarchur a bfer ngonta, drem eile agá nimarchur ar  p.130 chrannaib slegh agus cráisech. agus rob iat esbada in tsluaig do bris in borbchath borrfadach sin.i. fer agus fiche do chloinn Chuiléin, agus ochtar díobsan do síol uallach échtach áithesach Aodha im Aodh mac [n]dírmach [n]dédghel [n] donnmalach nert chalma [n]Donnchaid Mic Chonmara. trí hAoda ro marbad díobsan.i. in tAodh uasal sin do luadamar romainn: oighre cóirdhíles cinid Chaisín, agus Aodh óg mac Sída agus Aodh mac in Chláraig; agus na trí Máilsechlainn.i. Maolsechlainn mac Néill beod a buide agus Maolsechlainn mac Domnaill mic Shída agus Maolsechlainn mac Lughada; agus Domnall rathmar rosclethan ruatharbeoda ruad.i. mac menmnach merchalma Menman, agus Diarmaid ruad a mac. agus cethrar cróda calma cosantach do muinntir derrlaictig dronglínmair muinnterda Maoildomnaig.i. Uilliam mac Glúinfinn agus Tadg mac Doinnsléibe agus Ruaidrí maol mac Cellaig agus Gillaísa mac Isóg; agus dias do muinntir ferchonta imghonaig airmneimnig arrachtaig Allmaráin.i. Tomás mac Taidg agus Maolsechlainn mac Mathgamna. agus énlaoch d'úib calma || cróda Cétfada.i. Aodh mac Domnaill, agus fer d,úib erlama ágmara Artagáin.i. Macraith óg, agus fer d'úib calma clethremra comlainnbeoda Céilechair.i. Menma mac Céilechair, agus aonfer do úib colgda catharmacha comascdána Cuinnín.i. Tadg mac Domnaill, agus aonfer d'úib comraicmera clethuillecha créchtimghonacha Cinndergáin.i. Conchobar mac [in] Gillaruaid, agus aonfer do chloinn bheobadbda béimnertmair Binne.i. Seaán, agus aonfer d'úib garga gusmara Géráin.i. mac Conchobair. agus mórseiser díobsan tarraidh ongad agus fáisidin agus do chaith corp Críst agus rae naithrige, agus tugadh dá dtigtib i mesc a mban agus a maccám. is díobsan Aodh mac Donchaid Mic Chonmara.i. i nInis, ar mbeith ré sechtmaine ag agallaim a charat agus ag gabáil aithrige; agus mochen do chuaid fá'n gcrích sin ar dtecht fá nós as in gcath go róim adlaicte a shenathar.i. go hInis. agus is d'foirgioll in scéil sin dorigne in file in rann so.—

I bfuil Aoda is é sin troid. torchair leis a lucht comroic; ní tuc craob uire dá fhuil. taob re duine dá dhíguil

Agus is iat in cúiger eile.i. Domnall ruad mac Menman agus Uilliam mac Glúinfinn agus Tomás O hAllmaráin agus Aodh O Comramaig agus Seaán mac Binne. ba iat esbada ua gCormaic  p.131 isin gcath chédna.i. Lochlainn laomda luathbuillech lánchalma arrachta airmniamda echlínmar O hAichir: triath agus tigerna ua gCormaic, agus cúiger dá aos ghrednach ghrada ina thimcell; agus aonfer do Chorcmodruaid.i. Macraith O Conchobair, agus aonfer d'úib Fermaic.i. Pilib [O] Gríbtha, agus aonfer dá aos ghrada.i. Domnall dédbán dergbélach deghoinig O Duib dána deglámaig dérrlaictech dúin. tángatar clann Mathgamna gan échta gan esbada gér chalma isin gcathláthair sin iat. do borbloitedh Brian mac Domnaill mic Taidg úi Briain ann, agus do cuiredh slegh tré troig míngil Mic Chonmara, óir ní fríth aonball do'n onchoin nach raib éidigte sin imresain sin acht in tinad sin. agus ní ráinic a les in troig sin do tromghoin dá trénfastód, óir ba chobsadmall comnertbeoda coiscéimdána a céim i gcathaib agus i gcliathaib agus i gcomlannaib; agus ba luath ar a láim laochda láidir lérghonaig, || agus ar a lainn límtha lonnraig lebarghuirm lochlannaig, ag léirgerrad agus ag ledarbualad agus ag luathurlaide in gach láthair lér comlannadh risin laoch sin. ba chobsaid cathinnsaigtech cruadchomairlech a chroide isna cathaib agus isna comlannaib. nír gab [a] aigned uaman ná imsníom, urlathacht ná úrscáth, tré imad a esgcarat d'faicsin ina agaid; agus is do frital in scéil sin dorigne in file na fáthroinn so:—

Tréithe míled ag Maccon. fer co gciuinghellad curod; scél ní fag || thar ar in bfer. trén a fhadbad 's a engnam Mall céim a coisi i cathaib. terc aonfer a intachair; luath a lám ag ledrad cnes. ag fregrad ágh is áithes Cróda cobsaigh craide in fir. garb a spairn le loind láidir; ag cur fedma ar gach fine. a menma 's a mórcridhe Mac Conmara muighi Fáil. is mairg re [a] triallfad tegmáil; mór uaill an fir 's a fhéili. mochin fuair na fírtréide

Do gonad a timcell a triatha agus a tigherna.i. in tréinfer sin dá derbfine agus dá deghoirecht agus dá dílismuindtir.i. do cloind cródha cosgaraigh cosantaigh cliathachmir Cuilén, aonfiche dég agus deithnebar a ningnáis an fir ar fichit torcair isin tachar sin díb.

Agus do héirged ag na maithib sin isin maidin mochtráth agus do fágad in longport sin leo gu léir; agus do gáiredar a comairc agus a caismerta, gu bfregradh gach aon do na hágaib sin a fheidm agus a inadh d'imachor ar tromgonad agus ar trénloitedh  p.132 díb: óir do bói a lán dá luct gonta nár cuiredh ar crócharaib achtmadh eich agá nimarcor, agus drem ele dá cois d'ar cnedhaighed. agus do gabadar rompo fá'n samail sin i críchaib cloch faobracha carragmóra carcardaingne cnocaimréidhe cumang dlúithe críchi Cuirc, agus tré borbslightib bernchumga belachcama boirendgarba bendáird || géra Bóirne, agus a mbél bóthair na mac rígh. agus ótcualaid Mathghamain O Briain in sluagh sin gu hesbadach aladhach aicmeidech utharmuirighinech, do tinóil agus do timairg a oirechta agus a fhírcomérghi re [a] naighidh, óir rob aithrech agus rob aithméla leis gan a chungnam agus gan a choméirgi do cloind Briain ruaidh ar an ruathar roime.

Otchualadarson a nemcaraid agá noirchill agus agá bfuirech do gabadarson ag tegasg a tosaigh, agus ag dídean a ndeirid, agus ag tiughadh a tana, agus ag timcellad a tinóil, agus ag indraitne a nóg, agus ag oirchisecht a nanbann, agus ag órdughadh a negair i cend cliacha agus cumaisg.

Otcondairc Mathghamain O Briain in menmain sin agus in meisnech ag na maithib sin do locadh leissim a nindsaighidh do'n duladh sin, óir rob fer glic gaosmar gudhanach línach luaighillech hé; agus ro sechain in tsligidh dóib agus do chuir techta dá nagallaim agus d'fiarfaighi[d] scél díb. agus rob imda díb and sin nech do bí ag iarraidh a airm agus a éididh a nuirchill na himresna sin co hullam, [agus] nech do bí as a haithle co hanmand ó cnedhaib agus ó créchtaib ar mbuain céille do cumasg d' faghbáil dóib. agus dob imda i bfarradh Mathgamna í Briain agá folach fer do muindtir clainde Briain ru aidh ar techt ó chatughad in lae roime na maidm; agus ní roibe díchell dóibsiun ag toirmescc in || tachair ele sin do tabairt dóibsein, gen gob ar a ngrádh. agus ní tángas ó'n toiscc táinic Dondchad mac Briain boroma taréis catha cluana tarb ó chill Máighnend gu cend coradh toisc budh beodha ná bud brígmeanmnaigi ar méd fedma agus fearrdachta agus forlaind, ar méid menman agus meisnighi agus móraignidh, ar méd cridi agus cródachta agus calmachta na toisgi sin.

Agus do cuaid Diarmaid O Briain dá longport féin, agus do cuaidh Maccon Mac Conmara dá leiges co longport cluana rámada, agus rugadh Aodh mac Dondchaid Mic Con mara dá leighes gu hInis: gen gur térna a corp táinic leighes a anma as sin.i. beith co maith ag dia. agus rugad in lucht gonta dá tighib, agus do  p.133 scáiledar na sluaigh itir a slán agus a neslán dá nárosaib. agus is ann sin adbert in file in láid h:—

C oscrach sin a clanna Táil. bar toisc go Boirind mbennbáin; do brisebair cath calma. d'ar tuit rígh is rígdamna A cht gé táithí co créchtach. bar toisc is ághmar échtach; sib ó'n írghail gid cneadach. bar mbídbaid is esbadhach I s sib is calma do cách. méraid bar scéla co bráth; in céin roib dam ar bar néis. biaidh bar nagh agá faisnéis T ar bar méid menman ní cuir. im[s]ním ná urladh oruib; ná imad crécht is cneadha. náid échta náid esbadha N ír iarrabair re hucht trod. cumáin ná cungnom carod; geibid gach nuaire || in bar cenn. sluaig gach tíre in bar timcell B endacht díb a clanna Táil. rugabair buaidh gach tuláin; ní tángabair riam a cath. ná ar cur gliadh acht gu créchtach N á ar tuit and as a leith féin. mó da thuit do claind Cuilén; fer is fiche do'n gasraid. torcair isan tacharsin T rícha fer agus dá céd. do tromgonadh díb ní brég; ag sním sleg cendcorr calma. i timcholl a tigherna N ír tuit fer do'n foirinn tsáir. nár tuit mac rígh na chumáin; ní fuaradar crécht ann sin. ná dernad écht na aghaidh C lann Cuilén and ba calma. forra ba lia a comardha; is iat ba héchtach sin cath. agus ba créchtach cosgrach

Agus as a haithle sin táinic Muircertach O Briain a triath agus a tigerna istír; agus isedh tuc nach uime tucadh in cathruathar sin, a dul d'Ath cliath i cuidechta in Buitiléir na hErenn do chasáid in Cláraigh re hárdghallaib Erend.i. re muindtir in rígh, tréna beith ag cungnam le cloind Briain ruaidh noch do chuaid ar cenn albanach i nUlltaib, agus in nech do sdiur na catha sin na cuidechtaib agus na cóirighthib gu Caisel na rígh, agus as sein do'n Aonach dá rabadar na cosdadh agus na comnaidhe, agus as sein co caislén í Chonaing re trell ele: agus do bídar tromsluaig Tuadmuman re hagaidh na sluagh sin man Sinaind; agus as sein co Saingel do na sluaghaib, d'iarraid catha ar maithib Erenn. || agus is í comairle do cinnedh agus do comchenglad ag árdbarúnaib na hEirenn: in cath do chur i Saingel ar seilb Muirchertaig í Briain, agus gomad férrde a bfíor catha é.

Odchualaid rí Alban agus Edbard in comairle sin, do locatar in cath do chur ar egla conáich catha agus crannchair in chatha sin; óir dob ingnad in chomairle sin ó,n Clárach: in té do bí le muinntir in ríg ar in ruathar sin, a beith ag congnam le cloinn  p.134 Briain ruaid.i. in té do bí i bfochair albanach agus ina bfilúnaib ó'n ríg.

Do táthaigetar Tuadmuma cona táisechaib agus cona trén urradaib agus cona tuathaib agus cona trebaib le a dtigerna.i. le Muirchertach O Briain. achtmad blagh nó roinn bheg do bí ar a chom air féin ag Mathgamain O Bhriain ó'n Clárach; agus is mogenair tigerna d'ar muinnter in drem do chosain a chrích ina ingnáis féin.

Do éistetar cor in fógmair taréis in chatha sin, agus cor in geimrid; agus do an gach rí ina ríglongport, agus gach táisech ina thrénisdad, agus gach tánaiste ina thegdais, agus gach mac ógláich ina inad, agus gach brugaid ina árus, agus gach ollam ina ráith, agus gach uasalchomarba ina áirdchill, agus gach mac degduine ina dúnad, agus gach laoch ina lios, agus gach espoc ina uasal chathair. go rucatar as mar sin go háibinn ólmar oiregda subach somenmnach síthcánta socair selgach soinennghlanach fóirnech fledach fínlongach múirnech medach mílchonach duasach dámach deigheinig trédach tidlaictech tuarastlach fial fírénta fírchert brethach, agus do chongbatar a gcrícha mar sin go soghamail sáimrígech síthcánta.

Acht énní chena: nír miad is nír maise le Muirchertach O n Briain gan Mathgamain O mBriain do chreidem dó féin amail do chreid dá athair agus dá dherbráthair.i. do Toirdelbach agus do Donnchad, agus ba chrád croide || leis a beithsiun i longportaib a athar.i. i nisdad uasal innse úi Chuinn; agus ba hannsa leis Irrus agus na dúinte agus úi Brecáin, agus blagh do Chorcmo druaid iartharaig, agus leth tricha céd uachtarach, agus úi Flann chada agus cenél Aodha iartarach i gcionn a chéile, gan techt eturru ó'n léim aniar go cill mic Duach, do beith fái a hucht in Chláraig.

Dorónad tra sluaiged sin geimred sin le Buitiléraib na hEirenn agus le sir Uilliam Búrc agus le Muirchertach O mBriain fós d'innsaigid Bhriain í Bhriain agus Donnchaid fhinn í Cherbaill i nEilib, agus dob é sin sluaiged in ghlasdaire. do chuiretar aroile dáine ar Mathgamain O mBriain na gáidil agus na gaill dá raibe sé ina bfarrad do tréigen do Bhrian agus d' O Cherbaill. nír gabatar tenn ar in turas sin: do benad cuid dá ndáinib agus dá nechaib agus dá néidedaib díob, agus muna mbiadh Mac Uilliam ag gabáil deirid orra ní ticfaitis a maithe as. agus tarrla imresan  p.135 bréithre itir Muirchertach agus Mathgamain, d'ar ghell Muir chertach Mathgamain d'argain agus d'innarbad; agus adubairt Mathgamain: ní himsníom linn sin, óir in ní ghellus tu is é nach cómailli; agus tuc O Briain a bréithir go gcomólladh sé a ndubairt. agus is edh fodera gan Mac Conmara do beith ar in sligid sin.i. gan a beith ullam i néinfecht riusan, agus gan iatsan d'fuirech ris; agus do b' ferr dóib féin go bfuirigdis, óir ní biadh a ndáil mar do bí dá ndernadais. agus do len cona thír agus cona thromtinól iat, agus is ann tarla dó ina agaid iat isin Aonach. do gabatar ag millén ar a chéile: eision riusan tré gan anmain ris, agus iatsan rission ar a fhaide gur ainic iat, agus do scáiletar na sluaig gach aonáird dá nárasaib.

[A.D. 1318] Imthúsa Muirchertaig í Briain: ar dtecht i dTuadmumain dó do tinól maithe a muinntire chuige agus do gab agá innisin dóib in oil bréithre tuc Mathgamain O Briain air i bfiadnaise gall. agus do gabad agá dhígail air féin d'foghlaib agus d'fuadaigib agus d'éignib || go dígaltach ar oirechtaib Mathgamna, óir nír b'áil leo a síth risin Clárach do brised go fiadnach.

Imthúsa Mathgamna í Briain: do chuir sé a mac do bí der scnaigte sin tengaid bérla na ngall.i. Domnall O Briain, d'agallaim in Chláraig go Corcaig d'égnach agus d'aimles agus do chasáid í Briain agus Tuadmuman ris.

Imthúsa in Chláraig: táinic go Bunraite i gcétóir i dtosach in erraig, agus do chuir fios ar O mBriain is ar mai thib a muinntire do techt ina fhiadnaise do tabairt córach do Mathgamain O Bhriain ina agarthaib agus ina anfhaltaib, agus dó féin tré ar milled ima óglách. agus do chuiredarsan techta d'iarraid comairce agus tairise dá gcolnaib air sin re dul agus re techt, in gcéin do beitis ag tabairt na córach sin; óir do chuimnigetar in tainiocht dorigne Tomás da Clára a athairsion ar Brian ruad agus é ar ndul ina thech, agus rob aithne dóib airsion féin a mhebla agus a menga agus a mírún. do diult in Clárach in comairce sin do tabairt dóib; agus is í comairle do chenglatar agus do hórdaiged acu in tráth sin, agus ag O mBriain agus ag maithib Tuadmuman uile: ó dob éigen dóib cogad do dénam chena, Mathgamain O Briain d'argain agus d'innarbad go nach biadh sé ina lár ag dénam cogaid orro, agus in Clárach do'n leith eile díob; óir ro bud usa leo a nesgcarait d'ingabáil agus. do airchill d'aonleith iná  p.136 blagh díob do beith ina lár. agus dorignetar na crecha sin i nénló isin cáinmaitin ó léim Chonculainn go cill mic Duach, go neimnech is go nertmar, go nemchorrach is go nósmar, go nemhuis is go naimdemail, agus go fraochda fuilech forránach, agus go fíchda faobrach fortamail, agus go haingide aindiuid ainiarmartach, agus go gu smar ághmar arrachta, agus go laomda lomairgtech. agus do timsaigetar go trédach táintech tromchrechach, go nár fágbatar d'echaib ná d'árdghroidedaib, do buaib ná do baoth táintib, do mucaib ná do minellaigib, d'elmaib ná d'innilib, do trédaib ná do seisrechaib, do chonaib ná do chuanartaib, d'araib ná d'innmasaib, d'armaib ná d'édaigib, ní nár luathlomléirairgetar leo. gurab agá fhaisnéis sin adubairt in file:—

F ada figrach ferg in ríg. Muirchertaig co maoidh mórgním; || trén do dígail a fhalaid. in mílid ar Mathgamain B eg do Tuadmumain nár thrian. do bí ag Mathgamain O mBrian; gan chreidem dá ríg co rath. acht ar leith ag in Clárach M uirchertach O Briain co rath. air nó gur fell in Clárach; nír bris a síth tré falaid. nír áith [a] fích ar Mathgamain T ecmaing eturru má le. ar ndul ar sluaiged Eile; i dtig gall gen gur chubaid. Muirchertach is Mathgumain T uc Muirchertach is nír cheil. re Mathgamain a bréitheir; go ndingnad ar dtecht dá tig. a innarbad nó a oidid T éid O Briain iar dtecht dá tig. mar do chuimnig a bréithir; cona chóiredaib calma. ar móirchrecha Mathgamna D o hairged leosan ó'n léim. go cill mic Duach go laomléir; gan degfonn gan chúil turaid. d'ár bferonn ag Mathgumain I s ar élód ráinic féin. ó'n lucht do airg é go léir; nír len acht begán marcach. i gcríchaib na gConnachtach N ír suidh Mathgamain O Briain. isin tír sin riam na diaid; sé ar torad a lann 's a gha. a fhogail ge gur b'fada M airg nech gémad mór a lín. éirgios i nagaid áirdríg; ní saoglach é is biaid gan ba. ré mbeith ferg faobrach fada

I ndiaid Mathgamna í Briain d'argain agus d'innarbad a Tuad mumain amach, do chóirig O Briain na crícha do bí i láim Mathgamna dá mbunadaib dilse dúthchais féin. do suid féin i ninnse í Chuinn, agus do chóirig a rechtaireda ar a saortuathaib ina timchell, agus do táthaig a tír agus a tuatha ar fedh Tuad muman. do chuaid mac Conmara a hucht í Briain ar chomairce mná agus mic agus muinntire in Chláraig do taircsin comha do'n Chlárach; agus do obastar in Clárach n a comtha sin, agus do gab féin ag tin gh ell agus ag trénfastad Meic Chonmara do saoirsib  p.137 agus do tromthuarastlaib, agus gan aithbior creiche ná cena ná cogaid d'ar chuidigetar do tabairt air féin ná ar a oirechtaib, acht a mbeith ar a chomairce féin dá ninntócha dais ris. ||

Adubairt imorro Mac Conmara nach gébadh síth dó féin acht muna bfuigbedh O Briain í: uair is aigesion anfad, ar sé, do síth do chogad. ceilebras ann sin do'n Chlárach agus táinic dá tig, agus do aigill O mBriain agus maith e Tuadmuman agus is edh ro ráid riu: ní bfaghtaidh sáirse ná sosad ná síthcáin ná sochumann ó'n bfuirinn fhuathmair allmarda ghruanda ghallda ghráinemail dhorrda doriarthaig douirghill miscaisig mírúnaig míchomairlig úd, acht mar choiseontái ar torad cogaid agus comlainn agus calmachta agus áig agus áithesa agus gusa agus gnímrad agus glicasa. dá bríg sin is cóir dúinn ár náirdchrícha do chosnam risin gClárach go calma tré nert slu aig agu s sochaide.

As a aithle sin do druid in Clárach cuige do na cóigcríchaib ina chomgaire chum coméirge, a ghillada óga agus a ógláich agus imirgeda a lochta fedma agus fognama agus foirimill. agus do druidetarsan fós do bruachaib mínréide magháille maigenghlana a machaire a mic ógláich agus a nárdbrugaideda agus a noirechta cona naicmedaib agus cona nimircib, ó chomarsanacht agus ó chimasbórdaib cóigcríche in Chláraig go hucht a ndína agus. a ndaingen agus a ndúinted agus a ndegháras; innas go rabatar fásaige folm a [agus] férmaighe fairsinglethna foirgnemnochta férghormuaine itir na flaithib sin.

Tarla tra ina diaid sin gur suided ag árdbarúnaib na hEirenn coinne choitchenn ar lár Luimneich do réidechad itir O mBriain co maithib Tuadmuman agus in gClárach agus Mathgamain O mBriain. do fregrad ag cách go coitchenn in choinne sin: ag maithib gall agus gáidel; agus do chuatar sin choinne sin Muir chertach O Briain agus Mac Conmara co mórán do maithib ele, ar chomairce in Bhuitléir móir agus sir Muiris, fái Thomás agus sir Uilliam óg a Búrc, do taircsin chóra do'n Chlárach agus do Math gamain O Bhriain ina chrechaib.

Do tairgetar in chóir sin, agus cuir na mbarún le torad do tabairt uirre; agus do ob in Clárach na cuir sin, acht a léigen ar a innchaib féin torad na córach mar bud dú do tuitim, nó a mbeith i ngiull na córach do chomallad. do locatarsan sin; óir do tuigetarsan na grása dogébtais dá numlatais dósan, óir do derbad in fhírinne sin ar a athair roime fá leithéid || na breithe  p.138 sin ar Brian ruad, agus do iarratar a dtidlacad saor slán ar na barúnaib ar a rabatar ar a gcomairce. dorignetarsan inní sin agus tángatar leo go cenn droichid Tuadmuman, agus is edh adubratar gurab égcóir do bí agá dénam orro: agus tecmaing go maith dáib, ar iatsan, óir atá in muir agus in tésca imlán re bar nagaid ag imtecht dáib i gcionn bar séda agus bar sliged; agus guidim sib, [ar] an Buitilléir, ná millid énní anocht iman gClárach nó go bfaghbaid sé cái mara re dul do Bunraite, óir adeir sé féin nach fuil imsníom bar gcogaid air gach tráth dá dteigémadh dó féin beith re bar nagaid. agus ro bad sorad dáib agus ná melltar sib isin leith chétna.

Do cheilebratar dá chéile, agus do gluaisetar gusin áit i rabatar a neich agus a ngraifne agus a ngillanrad ag fuirech riu. agus do gluaisetar rompa go gusmar gaosmar glonnmenmnach láim re críchaib cluthardaingne craobthortacha coillmesacha na gCretshalach, i núib árdchnocacha áibinnréide echréidghlana iascmaigrecha abannghorma Aimridh, agus do baile úi Máil chrícháibinn chnocálainn chollchoillréid chaisil, agus i gcomair chumair chomchoitchinn chaladlecaig chnocdeghradairc carraig rianaig Cuiléin, agus go tulaig árdoiregda uasalmírbuilig óirlegh minnaig aiffrendlógmair fosgadchlogbinn fírchadasaig oirecht línmair fialchomarbaig erlamchoitchinn na nespoc. do anatar sin isdad uasal áirdchille sin in oidche sin, agus do aithnigetar dá noirechtaib feithme agus faireda do dénam ar a mbernadaib beogail, agus ar áthaib coitchenna na cóigcríche, agus na conaireda [doi choiméd], agus beith go fuirech feithmech fuirechair do frestal na ruathar agus na robhad agus na rodchogad sin. do suidh Muirchertach O Briain foslongport ar foirimell na cóigcríche dá cosnam; agus do innsaig Mac Conmara marcsluag mór go bun ródlethan rámlongach réidportach Raite, agus tuc leis do bruachaib in baile fuadán cruidh agus caorach agus capall, agus do len in Clárach ar gomad cosmail leis go bfuigthí ag lorglenmain luirg na creiche é agus go bfuigtí leis arach fasdaithe air; agus go bfu air féin in lá úd dá mbud lín dó.

Imthúsa dá mac Math gamna í Briain: tángatar marcsluag || sin oidche tré Tuadmumain a Connachtaib go Bunraite, d'agallaim in Chláraig agus d'iarraid air stiurad do tabairt ar imirgib Math gamna í Briain agus ceneoil Dúngaile, agus a iarraid ar sir Uilliam Búrc agá rabatar ar a chomairce a dtidlacad tar na  p.139 cóigcríchaib adtuaid go clármachaire ua gCaisín, agus dá iarraid air féin techt ina gcoinne gonuige sin agus a mbreith leis go Bunraite ar a dhín féin.

Imthúsa í Briain agus fer dTuadmuman: is í sin oidche do gluaisetar do dénam crech ar in gClárach, agus do iarratar féin [dul] na lenmain agus d'faghbáil araig ar a fasdód. do bátar na ba is na buailte is na muinntera i maothail, agus is innte do fágbatar meic Mathgamna í Briain a neich agus a ngillada; agus is ann d'órdaig O Briain suide do na sluagaib, ar na sligtib inar dóigh leis techt in Chláraig i gcionn na gcelg agus na gcóirigtedh. do léig sceimelta mera menmnacha meirgecha fá maothail sin maidin, gur airgetar agus gur folmaigetar í fána hechradaib agus fána hairgedaib, fána helbaib agus fána hinnilib, fá maoinib agus fá maithesaib go náirech nertmar nemurladach.

Otchonnairc in Clárach na crecha sin agá gcruinniugad go calma ag cách ar a chomair, agus agá ngluasacht i mbél in róid go dírech gan cham gan chor gan chorraige gan sechnad gan tegmáil ná toirmesc, do tuig in Clárach ina chroide gurab a hucht tréntsluaig talcharláidir tulánbuirb tachairbeoda Tuadmu m an, agus in ríg rathmair róghlic ruaigdígainn róchoscaraig rígMuir chertaig roisclethain í Briain, rucad in ruathar róchalma sin dá innsaigid féin. nír léig do nech dá thóir ná dá tromtinól ná dá sochraide dul i lorg ná i lenmain na laochraide ná na léirchreiche dá cosnam re clannaib Cais.

O do mothaig O Briain gan in Clárach do techt sin tóraigecht, do léig dá sluag éirge as in bforaire ina rabatar; agus do [th]aithin leisin gClárach ann sin a chomairle féin ar néirge do na cóirigtib as na celgaib, agus is mogenar nech do sechain ágh na nóigfer non chonda náithesach naichbéil nairmneimnech sin gan a ninnsaigid.

O nach fuaratar na flaithe sin gleo ná guasacht || ó na gallaib sin, do lenatar a dtromchrecha agus a dtimána agus a dtáinte go cróda calma coscrach ágmar áithesach édálach go críchaib coilltecha cumardoimne cnocárdmóra carraigbána cích bennacha cabáinlethna conardaingne na cráibEchtge, agus do roinnetar a náirdchrecha agus a nédála ann sin. ba maith is dob oirches leo imorro marcsluag cloinne Mathgamna í Briain do beith acu.i. in fir do chuaid ar chenn in Chláraig i nagaid imirgedh a nesgcarat, agus do bí ag innell agus ag aimles agus ag órdugad sírchogaid do dénam orro.

 p.140

Imthúsa in Chláraig: do chuir fesa agus techta go sir Uilliam óg a Búrc, dá rád ris Mathgamain O Briain agus cenél nDúngaile cona noirechtaib agus cona nimirgedaib do díon agus do tidlacad go coraidh cille suaichenta solasgainmige srebinfuaire sruthgairb mire Subalaig, agus go rachad féin lín a sluaig agus a sochraide ina gcoinne agus ina gcomdáil gonuige sin. agus gér b'é Mac Uilliam, do tinóil a tromsluag agus táinic leo in lá sin go hArd raithen; agus do gluaisedh isin ló chédna leisin gClárach go hisdad críchfairsing clármachairech caomsrothach cochallmaigrech caislén ghrednach clogbinnghlórach coitchinnlínmar celloiregda Cuinnche. do an in oidche sin i náirdchill uasaláibinn aiffrendghnáthaig Fhingin; agus do gluais mochtráth arna márach isin chaoimfiadh choitchinnréid chonairlethain chríchféruaine aballtorthaig oirecht beoda uachtaraig, agus i mbél coradh nemechréide niamaibhnige nertborbsrothaige Néill. agus mar do bátar ag dul tar fuairlinntib fóirlethna fiuchaidmera falctuilecha fíriascmóra féithtobarghlana Forgais, go bfacatar ar in áth ar a gcionn badb ghér ghoblom gharmanmór ghnúisdub gharbliath ghráinemail ghlacgharb ghruad chorr ghlenntsúilech ghruaidfliuch ghrennach gherrfoltach ghiunach ghimach ghoinech ghuthgarb ghobchruaid ghlifidech ghlórach ghailbech gheránach ghruamda ghránda ghrennmailgech ghranc ach ghoiblech ghebach ghlúncham || ghablánach ghedglach ghér ghlúinech sheirthech shálcham shiamhsúilech shopach shalach shenársaid chennmór chnabgherr chosfada chrúbach chrobghér chastsrónach chluaslag chraosdub chlaonbraigdech chiabfliuch chretlom chorrguailnech éitchid uathmar fholuaimnech úrchrom uchtchruaid iscadchaol fholttercainmech fhiacalghorm altchorr fholtchríon ingainghér orthruag adarcchaol árddronnlam chíchbeg chrapach chasleicnech mhérchruaid mhainntfliuch mhuinéltruag bhrachda bhlénlag bhronnchrapach chamchaol chrapshliastach dheilech dhornchrom dhromailtghér thonnchuar thárnocht throig tharsna shrónghorm shremach shruthdérach lomlecanchas lurg ainbrec luath luaighillmór lámsaothrach; agus sí cainntech conntrachtach cruaidchelmainech, agus í ag níge agus ag saothartonnach na senéided, agus na sróilbertad, agus na saorchotún snáthórda, agus na séimléinted srebnaide sídamail, agus na nerrad nálainn nallmarda, agus fadb agus édach na sluag ar na srothaib; go nderrnad aonghlas uisce agus fola do'n abainn uaithe síos, agus gérsreba grianáilne glanuiscecha  p.141 gainimréide gormglasuaine ina ngargsruth gredanmór agá roch tain anuas.

Ba dian buinneda duaibsechmera dathcomascacha donnruad chorcra dímsachluatha dásachtacha dergfola ó dornaib na droch aimide duaibsige síos, agus in sruth ina chrú agus ina chréchtfuil in gach áird. tuc in Clárach cona chathmarcsluag agus cona chóirigtib dá núid is dá naire abaise agus airdénam agus urobair na haimide, agus claochlód datha in degsrotha dí msaig sin; agus ised ro chan in Clárach re huaislib glana na ngáidel do bí ina fharrad fá'n am sin, a fhiarfaigid do'n arrachtbaidb uathmair urghránda ingnáthaig isin tengaid as a dtuicfedh, cá hirra is cá héided ro bí agá nige aice. do fregair sí agus is edh ro ráid riu:—

Faidb agus éided agus édaige in Chláraig cona macaib cona rígbarúnaib agus cona ridiredaib, cona || gilladaib uaisle óga, cona árdscuid héraib, cona allmarchaib agus cona uasalgháidelaib, na faidbsi nigimsi anois; agus is í fuil agus crú a gcorp a gcrécht agus a gcnedh na srotha cróderga so atchí risin mbuinne so ag sruthlinged. agus gid dímsach sibse ag triall sin turas so, is gairid uaib bar noideda uile ar éntsligid achtmad begán.

Is ann sin ro fiarfaig a fer comagaillme na truagaimide di cá a hainm agus a himtechta agus a háras bunaid. adubairt in badb: is mise in dobarbrónach, agus is minic chomnaigim i sídib in tíre so; agus is do tuaith iffirnd dam do bunad, agus is do bar gcuiredsa tánac, óir is gerr gomad aondúthaig dúinn.

Is ann sin ro fiarfaig in Clárach: créd toisc na haimide úd. atá, ar a fer comagaillme, go dobrónach geránach guthainmín ag dénam míchelmaine is drochfáistine dúinne do'n turas so; agus is dóchaide dúinn gach sonas do beith inár gcomlenmain a tecmáil orrainn, ar sé, óir aithnigmid gurab ar maithe le cloinn Toirdelb aig táinic sí do tairmiosc na tosca so orrainn.

Ní haice atá, ar in Clárach, agus ní holc dúinne a nabraid, óir ní héidir do'n baidb beith fírinnech; agus nocha dtig léi ár bfostad go dtucmaid saorchuairt Tuadmuman do'n turas so, agus go gcuirfem fó chánachas dúinn féin í óir ní fuil Muirchertach O Briain cumasach ar techt rinn féin, agus atá sluag na mbúrcach ag triall do chongnam linn chum Muirchertaig do tafonn as in tír go bráth. agus leis sin triallait secha ar a nagaid; gided táinic d'imagallaim na fuathaimide gur ba héigen dóib comnaide na hoidche sin ar in Ruadán réidmaighe na bpoll bportférghlan.

 p.142

Dála Chonchobair chiallaigentaig í Degaid: ticit a lucht foraire le scélaib in Chláraig do beith ag innsaigid chuige; agus chuires techta go deinmnedach go Lochlainn O nAichir agus go Feidlimid fialchoscartach O gConchobair ag faisnéis turais in Chláraig dóib, agus agá iarraid orro techt go léirtinóilte gan anadh cona [n]oirechtaib i nagaid || in Chláraig, innus gomad ferrde a síth do gach leith uaid a gcongnam féin do beith d'aontáib dámad éigen dóib; agus chuires Tomás mac Urthaile í Ghríbta táisech cenéil Chuallachta gusin gClárach do taircsin chumad agus chánach dó.

Dob é fregrad in Chláraig, ná tabarfadh síth ná cóir ar bith do'n dul sin dó féin ná do nech eile dá raibe ina naimdib bunaid aige féin agus agá cháirdib riam roime. agus ar bfaghbáil na ndrochscél sin do Chonchobar O Degaid, chuires cruinniugad ar a degmuinntir do gach leith agus nochtas fregrad in Chláraig dóib; agus dognít luathcomairle ar in imnid sin, agus is é ní ar a dtángatar.i. urmór a ndegfer do chur i gceilg ar a gcúl a hamarc sluaig in Chláraig, agus áth in imbuailte do chosnam do dín a gcrech go techt d'Feidlimid agus do degLochlainn O hAichir dá bfurtacht. agus chuires techta doridise dá ninnsaigid le fregrad in Chláraig air féin, innus gomad móide a dtinnenas é.

Dála in Chláraig: ar ndegail na maidne fa hingna leis nemchorraige in tíre ina thimcell, amail do beitis i síth ris. agus dogní trí cóirigte dá tromsluag do léirchrechad in tíre do gach leith, do marbad a mban agus a mbaothmacám. agus d'órdaig córugad díob do ghluasacht do tulaig taobtaithnemaig ua nDegaid siar gusin ráith radarcáibinn; córugad eile láim re Forgas tré chenél gCuallachta go magh mínférghlas nDomnaig; agus triallas féin go réimdírech maraon re huaislib a tromtinóil gusin ndisert siar gach ndírech, mar a raib isdad comnaide í Degaid in tan sin, dá lomargain. ar rochtain ann sin atchonncatar drong degegair m arcsluaig agus coisided ag seolad tromchreiche tar sruth siar go deithbirech; agus leis sin lenait go nemchoigiltech in tiugsluag sin in Chláraig iat, agus marbtar leo blagh mhór do deired na tóra sul soichetar tar in áth go sotal. leis sin impóas O Degaid go merdána móraigentach do chosnam in átha re a naimdib, gur tuit drong doáirme do gach leith ré || naimsir nathgairit.

Mar atchidh imorro in Clárach in táth agá dianchosnam leisin mbegán buidne sin ina agaid, téid féin go dásachtach i dtosach na  p.143 himresna ag brostugad a degsluaig; agus re faicsin in Chláraig féin dá ninnsaigid do'n begsluag sin í Degaid, gabait ag troid agus ag dul ar gcúla gusin áit ina raib in chelg i bfolach i bfogus dóib, agus gabait na goill agá ndochtlenmain agus agá ndianoirlech, innus gur soich drong mór díob tar in áth siar go brostaigtech i gcoimdecht in Chláraig.

Dála na celgbuidne: dognít éirge athlam urmaisnech; agus téid fedan díob gan taca do chosnam in átha i nagaid antruim in mórsluaig, agus gabait in chuid ba luga díob maraon re fuigell na tórach ag borbledrad agus ag laochbualad in Chláraig cona muinntir, innus gur chommarbatar é féin agus in méid do bí ina fharrad sul ráinic im arcrad in tréntsluaig dá bfurtacht. gided fa héigen do na fermacaib, in méid do mair díob, imgabáil gusin coill cétna, agus dognít a nesgcáirde cathfál tromnertmar díob féin ina dtimchell. leis sin tic in bile buantortach bith neimnech, agus in curad cosantach crodaigentach cathruathrach cloidemderg.i. Feidlim flaithbeoda feidmláidir, do druim Scamhail na sciamrátha aniar; agus ar bfagbáil scéla na dtromécht sin do médaig menma in mórmíled cona merghasradaib, agus triallas gan chor gan chaime gan chianeola[s] go ráinic tiuglár na himresna, go ndernaid belach blaghberrnach briste agus conair choitchenn trésna sluagaib do na fermacaib, re techt ina dháil as in coill amach. agus ar mbeith d'aontáib dóib gabait ag leodh is ag ledrad a ndergnámat agus agá nimchosnam féin, agus sluag in Chláraig ag sírtecht fá'n láthair ina ndrongaib diana dóedranda ar bfágbáil a gcrech agus a mórédáladh dá néis.

Cid tra acht gabait in dá fedain sin itir ghall agus gháidel ag serrnad is ag slisbualad a chéile: drong díob || ag tennad agus ag tréninnsaigid na hírgaile agus ag tabairt traighed re taca, agus drem eile ag scannrad agus ag scáithteichem ó'n cathláthair, innus gur marbad mórán dá nuaislib agus dá ndeglaochaib do gach leith.

Ba truag tra mar do bátar na gáidil in tan sin; óir ar ndíth urmóir a ndegfer ina slaodmarbaib sínte ar a gcomair, fa héigen dóib cró daingen doscáilte do dénam díob féin innus nach roichtis a naimde trítha, agus in nech ba luga feidm díob do bátar cethrar dá borbnaimdib aga bródinnsaigid. tairis sin tra tarrla mac mórchúisech meraigentach in Chláraig, ar ngabáil dásachta agus dergruathair tar éis a athar, agus in flaithbile Feidlimid  p.144 chum a chéile; agus gér chomluath a mbrathbuilleda nír ba buanchomtrom a gcomlann, óir ghonas agus athgonas agus tresghonas Feidlimid in grodghall innus go ndernaid marbán míchóirigte de ar in láthair sin d'aimdeoin a uasaloirecht uile.

Imthúsa í Briain agus fer Tuadmuman: taréis creiche Math gamna í Briain do bródtimáin do bátar go fosaid ar imellbórdaib na hEchtge úrchoilltige, agus cuirit cuid dá fírcháirdib agus dá lucht chumainn do bí ar sluag in Chláraig scéla go deithbirech cuige ar in dianinnsaigid sin in Chláraig agus ar fáth a thurais. ba teidm dianbáis le Mu irchertach a cháirde tairise bunaid do beith fá ainiocht na ngall sin; agus leis sin cruinnigit na huaisle agus na hoirechta uile go haonláthair itir in marcsluag agus troigtech, agus gluaisit ria nglanad in lái go lántsoillsech tar maigib mínférghlasa in machaire siar, agus do chnoc úráibinn uarchaille agus gusin bForgas siar go síraichbéil. agus ar ndul tar lebarbórdaib in Forgais dóib, atchít in tír ina haondlúimh derglasrach agus fó aongháir grodchomairc do gach leith; agus nír ba chian dóib in tan atchít dronga diana dofastaithe agus sceimelta sárluatha dá ndianinnsaigid, agus ba mór in feidm do na sluagaib uile a bfastód óna ngrodimtechtaib, || agus nochtait scéla na nár agus na nesbad sin dóib go himnedach édtualaing.

Dála na nuasal agus na ndeglaoch: dognít coméigniugad deithbire d'furtacht a gcarat gcombaoglaigte. fágbait blagh díob a mbruit agus a múrarma, agus drem eile a neich agus a nirrada imthroma dá néis; óir ba soimtechta leo dá gcosaib, in méid nach raib éidigte díob, tré aimréide na rianród go háit in imbuailte. agus ar ndul i bfogas na feidmláithrech dóib gan anad gan órdugad gan aonurraim ó'n troch do'n tigerna, ná ó'n laoch do'n árdflaith, adubairt Feidlimid go fíchguasach agá bfaicsin uada: truag sin, ar sé, is mó léigmidne in tiarmar begsluaig so na ngáidel tuille cabartha dáil ná d'ár naimdib. gided ó nach éidir dúinn dul ó'n dianimnid so do bríg nár chuibe ingabáil do dénam, díglam sinn féin go dingbála ar ár ndergnaimdib innus nach biadh lín catha díob d'ár néis fá chomair ár ndegcharat.

Leisin ngrésacht sin in triathleomain ro éirig a mbruth agus a mbríg agus a mborrfad, go ndernatar berna curaid agus conair coitchenn dóib féin trésna glasghallaib ag dul d'innsaigid a nuanámat; agus ar naichne a chéile dóib do léigetar trí  p.145 tromgártha ós árd.i. gáir lúthgára agus forbfáiltechais, agus gáir coscair agus commáidme a nécht agus a náithes, agus gáir osnadach égcáinte a gcrécht agus a nesbad. leis sin téit na créchtaig ar gcúla cáich sin imresain, agus lingit cách ar a chéile acu do gach leith go naimdide nemchoigiltech, go nach éidir a ríom ná a rófaisnéis ar thuit díob ar fed na huaire sin le saint a rochtana dochu m a chéile. do bí do dúire na himghona nár tréig uasal ná árdurrad díob inad in imbuailte, gur chomtuitetar a nurmór ar in láthair sin. agus ní raib Lochlainn O laochAichir cona uasaloirecht dímáin sin dlúithírgail sin, || ar dtecht fá,n láthair athaid ria sluag í Briain.

Cid tra acht ar dtuitim d'uaislib na nglasghall itir chniocht agus chathbarún, [itir] ridire agus ródamna, do gabatar a ndaoscarsluag in méid do mair díob ar ingabáil; agus mar tucatar na gáidil sin dá naire do gabatar go dian dásachtach agá ndlúith lenmain agus agá dtimchellad, innus nach roichfed aonduine dá nuaislib as uathaib. óir do mesatar gur chuir in tecmáil sin deired re a ngrodroinn, ar dtuitim in Chláraig agus a meic, agus déise mac Mathgamna í Briain agus uaisled a noirecht agus a nuasalmuinntire. gided do térna Brian mac Domnaill meic Briain ruaid as tré nert imgona, agus ní dernaid fos ná comnaide nó go ráinic tar in Sinainn sair, mar a ndernaid gabáltas dá sliocht do toil Muirchertaig í Briain.

Dála í Briain cona degmuinntir: lenait in ruaig go tinnesnach ag legad agus ag luathmarbad a buanbidbad go Bunraite roddígainn; agus ní ba annam leis, is amlaid fuair in baile fás folam ar a chionn fá aonlasair, óir ar bfaghbáil scéla na himresna agus oideda in Chláraig dá mnái agus dá mórteglach, triallait d'aonchomairle go deinmn edach ina luathbarcaib ar in Sinainn amach; agus beirit rogha séd agus máine in baile leo, agus cuirit teinnte agus tendála in gach áird de dá néis, go nach táinic nech dá sliocht dá héiliugad ó sin illé

Imthúsa í Briain: do chomuaim is do chomchengail a oirechta le chéile, do díchuir is do dianmarb gach aon acu re a raib a dhianfaltanas, agus do gab cennas ós a gcionn; óir do b'ferra leo aige é ná ag in gClárach tré imarcraid a dhogníom, óir ba duine celgach uaillmianach drochcoingiallach. agus ar mbeith dá bliadain dég agus fiche d'uasalMuirchertach isin bflaithes sin amail do chualabar romainn, fuair bás i gCluain rámfada agus do  p.146 hadlacad i nInis é, in bliadain d'áis Chríst míle trí céd agus trí bliadna dég ar fichit.1333. ||

Gabas Diarmaid drechsolas dianinnsaigtech O Briain.i. sósar cloinne thrénToirdelbaig taréis Muirchertaig a dherbráthar cennas Tuadmuman ar fedh dá bliadan is fiche, agus ní haithrister mórán dá imnedaib in fedh sin; óir do bí in tír go sona síthcánta rena linn, go bfuair bás agus gur hadnaiced i múr Innse é, in bliadain d'áis Chríst míle trí céd agus cúig bliadna dég ar dá fichid.1355. (teasda begán do shuim an leabhairse).

Foirchenn.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Caithréim Thoirdhealbhaigh

Author: Sean Mac Ruaidhrí Mac Craith

Editor: Standish Hayes O'Grady

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Emer Purcell

Proof corrections by : Hilary Lavelle

Funded by: University College, CorkThe HEA via the LDT Project and The IRCHSS via the Digital Dinneen Project

Edition statement

2. Second draft, with additions to bibliography.

Extent: 55000 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of the Department of History, University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2008

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G100062

Availability: Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching only.Copyright for the printed edition rests with the Irish Texts Society. The electronic edition was compiled with the kind permission of the copyright owner.

Notes statement

You can purchase the book(s) containing this text via the ITS website (http://www.irishtextssociety.org/). Click on the link to the RIA shop.

Source description

Manuscript sources

  1. Royal Irish Academy, 23 Q 16 a large fragment on vellum written in 1509.
  2. Trinity College Dublin, H. 1. 18 (no. 1292) written by Aindrias Mac Cruitín for Tadhg Mac Conmara in 1721.

Literature

  1. Thomas Johnson Westropp, 'The Normans in Thomond', Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 21 (1890–1891) 284–293, 381–387, 462–472.
  2. Thomas Johnson Westropp, 'On the external evidences bearing on the historic character of the 'Wars of Torlough' by John, son of Rory MacGrath', Transactions of the Royal Irish Academy, C, 32:2 (1902–1904) 133–198.
  3. Goddard H. Orpen, Ireland under the Normans (4 vols. Oxford, 1911) Vol. 4, 53–106.
  4. Edward Curtis, 'The wars of Turlogh: an historical document', The Irish Review 2 (1912–1913) 577–586, 644–647; 3 (1913–1914) 34–41.
  5. Vernam E. Hull, 'The preterite passive plural in Caithréim Thoirdhealbhaigh', Éigse 8 (1955–1957) 30–31.
  6. Leo F. McNamara, 'An examination of the medieval Irish text 'Caithréim Thoirdhealbhaigh': the historical value of the 'Caithréim Thoirdhealbhaigh'. North Munster Antiquarian Journal 8 (1958–1961) 182–192.
  7. Leo F. McNamara, 'The Caithréim Thoirdhealbhaigh manuscripts and O'Grady's edition', Modern Philolology 59 (1961) 122–125.
  8. Leo F. McNamara, 'Traditional motifs in 'Caithréim Thoirdhealbhaigh', Kentucky Foreign Languages Quarterly 8 (1961) 85–92.
  9. Aoife Nic Ghiollamhaith, 'Dynastic warfare and historical writing in North Munster, 1276–1350', Cambr Medieval Celtic Studies 2 (1981) 73–89.
  10. Brendan Bradshaw, Review of reprint of G. H. Orpen, 'Ireland under the Normans', Irish Economic and Social History 23 (2006).

The edition used in the digital edition

O’Grady, Standish Hayes, ed. Caithréim Thoirdhealbhaigh‍. 1st ed. 1929 (Reprinted 1988). London: Irish Texts Society.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@book{G100062,
  title 	 = {Caithréim Thoirdhealbhaigh},
  editor 	 = {Standish Hayes O'Grady},
  edition 	 = {1},
  note 	 = {xvi + 237 pp., ix–xvi Introduction, 1–146 Text, 147–224 Tuilledh Senchais sonn, mar atá: A. Senchas Búrcach, B. Senchas Butlérach, C. Senchas Síl Bhriain, and E. In Cogadh Catharda, 225–237 Index.},
  address 	 = {London},
  note 	 = {1929 (Reprinted 1988)},
  publisher 	 = {Irish Texts Society}
}

 G100062.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

The present text represents pp. 1–146 of the volume. The remainder of the editorial introduction, as well as notes and indexes, has been omitted.

Editorial declarations

Correction: Text has been proof-read twice.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Text supplied by the editor is tagged sup resp="SOH". Expansions to the text are marked ex. The editor does not make his editorial policy clear. Therefore, editorial work has not been encoded (as insertion, variant reading, unclear, etc.) but left to stand as it is.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editor's hyphenation has been retained.

Segmentation: div0=the text; div1=the section; paragraphs are marked p.

Interpretation: Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles.

Reference declaration

A canonical reference to a location in this text should be made using “section”, eg section .

Profile description

Creation: The earliest extant MS was written in 1509, using materials from the 14th century.

Date: 1509

Language usage

  • The Text is in Early Modern Irish. (ga)

Keywords: histor; prose; medieval; pseudohistory

Revision description

(Most recent first)

  1. 2011-02-24: Addition to bibliography made. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-04-01: Header updated; new wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-09-29: Keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2008-07-06: Additions to bibliography, new wordcount; SGML and XML files updated. (ed. Beatrix Färber)
  5. 2007-12-14: Note inserted in header. (ed. Beatrix Färber)
  6. 2007-06-29: Minor additions to header; minor editorial changes to text. (ed. Emer Purcell)
  7. 2007-06-28: Minor editorial changes to text; SGML and HTML file created. (ed. Beatrix Färber)
  8. 2007-04-23: Header modified; file parsed. (ed. Emer Purcell)
  9. 2007-04-10: Text proof-read (1); structural and content markup inserted; header compiled with bibliographical details. (ed. Emer Purcell)
  10. 2006-07: Text proof-read (1); some markup added. (ed. Hilary Lavelle)
  11. 2006: Text scanned, basic XML markup applied. (data capture Data Capture Company)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Other languages

T100062: Caithréim Thoirdhealbhaigh (in English Translation)

Source document

G100062.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top