CELT document G109001

The Colloquy between Fintan and the Hawk of Achill

Witness list

  • E: London, British Library, MS Egerton 1782, 47a1-49b1
  • F: Dublin, Royal Irish Academy, Book of Fermoy, page 25
  • G: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 G 12, page 144

unknown

Edited by Kuno Meyer

     p.24

    The Colloquy between Fintan and the Hawk of Achill

    Fintan
  1. Arsaidh sin, a eoúin Accla
    innis dúinn adbur t' echtra
    atá accam co séghda
    h' accallam a hénbérla
  2. In t-én
  3. Gé thusu nochu n-óg ort
    is fada ó do cháel do chorp
    i n-Dún Tulchu fa ticc muir
    a Finntain, a ̇fir eóluigh
  4.  p.25
    Fintan
  5. Mó iss ínganta mo beth beó
    táinic ar mo chraidhe ceó
    cumha Rois Gredha 'gum roinn
    mó rom-chráidh aidhedh Illainn
  6. A eóin a h-Accuill na b-̇fían
    atú ar tí t'̇faicsina ríam
    arnat ̇faiccsin abair rinn
    ca cúis fa n-adhrai d' Accaill
  7. In t-én
  8. Soillsi a h-aeóir caoimi a cúan
    tess a fidbaidhe nach fúar
    torthaighe a sealg sáire a sreab
    ocus úaignighe a hinber
  9. A Finntain ní rabu ríam
    áen-adhaigh i n-Accaill tíar
    nach fuighinn mo sáith lem threóir
    d' íascc iss d' ̇fíaduch is d' oiṡfeóil
  10. A micc Bóchra in bérla báin
    ó ráinic ar chóir chomhráidh
    ar grádh Íssu innis dam
    do thaidhecht is do sáeghal
  11. Fintan
  12. Mo sáeghul roimh dhílinn duib
    cúig bliadhna déc do bliadhnuib
    tug Día tar éis dílinn damh
    cúig cét cúig míli bliadhan
  13. Fúarus-sa tuilliudh a eóin
    adhbar damh beth am senóir
    deich cét bliadhan damh mar sain
    adhbhur dom áeis beith arsaidh.
    Ars.
  14. A h-seabuicc a h-Accuill úair
    ber-si bennachtain is búaidh
    ón lo ro ghenis a h-uigh
    abair nuimhir do h-sáeghuil
  15.  p.26
    In t-én
  16. Inann sáeghal damh is duid
    a Finntain mheic Bóchra buicc
    cert-inann ré ní fáth fill
    inann degháes iar ndílind.
  17. A Finntain mheic Bóchra báin
    os tussa in fili 'san fáidh
    innis dúinn gan chairde anuis
    na h-uilc is aidhble ̇fúaruis
  18. Fintan
  19. Díth Illuinn aidhedh mo mhacc
    bás Cesra co n-gili glacc
    mó rom-chráidh ó sin immach
    m' adhaigh ar Ess Rúaidh rónach
  20. Ar ndíth Ladra is Bethadh binn
    ar n-dubhdortadh don dílinn
    rom-chuir in Coimdhe dom chrádh
    h-i richt égne ar gach n-úarán
  21. Fa gairit limm beth ar Bóinn
    ar toidhecht dom dar muir móir
    ar Búais ar Banna ar Bru duinn
    ar Succu ar Súir ar Sinainn
  22. Ar Sláine is ar Life thoir
    ar Maigh 's ar Ethne ̇findgloin
    ar Múaidh ar Modhuirn ar Muir
    ar Soláin ar Láigh ar Leamhuin
  23.  p.27
  24. Ar Sinuinn ar Dáeil 's ar Duibh
    ar Sligech 's ar sruth Munuidh
    gu ticcinn gan lén ille
    go hess inbir na hÉrne
  25. Adhaigh dhamh ar in tuinn túaidh
    ocus mé ar Ess rónach Rúaidh
    ní fúarus adhaigh mar sain
    ó thús co deiredh domain
  26. Nír ̇fétus anadh fon ess
    berim léim nirb é mo les
    ticc in t-aighredh mur ghlain n-guirmm
    etromm is Ess meic Modhuirn
  27. Tic préchán a h-Accuill úair
    ós cionn inbir Essa Rúaidh
    ní biu 'ca chelt cidh fáth rúin
    do ̇fúadhaigh leis mo lethsúil
  28. Goll Essa Rúaid do lean dím
    ón adhaigh-sin borb a brígh
    atú gan mo tsúil ó h-soín
    nem-ingnadh dúinn beith arsaid.
    Ars.
  29. In t-én
  30. Is misi do sluig do súil
    a Fintain in aicnidh úir
    is mé in seabac líath co ladh
    bís a coim Accla m' óenar
  31. Fintan
  32. Massa thusa sin gidh sáeb
    d' ̇fácbuis mé co cíamair cáech
    atá i ndliged 's a n-dúla
    ícc rimm éruicc m' énsúla
  33.  p.28
    In t-én
  34. Éraicc bec do-béruinn duit
    a Finntain mheic Bóchra buig
    in áe-nsúil-sin h-it chinn chrín
    prap do sluigfinn am óenmír
  35. Fintan
  36. Searb a cana a mir-eóin móir
    binne cach fethim co fóill
    do-ghén-su osa mé is míne
    comrádh ar mo choimdíne
  37. Cúig cét bliadhan dam-sa am gholl
    am égni tháeib-leaphur thromm
    ar lochaib ar aibnib sain
    ar gach muir saidhbir sruth-ghlain
  38. Cóeca bliadhan mé amm ilar
    tercc éun do dénad minadh,
    iss cét bliadhan damh fa muirn
    am séghdha h-seabaic h-súl-ghuirm
  39. Gur mithidh le rígh n-gréne
    mo chur am richt budhéine
    ca fuighinn ní bud fiú sain
    acht cé tú indiu co harsaidh.
    Ars.
  40. Ó ré Sláinghe mheic Dhela
    cét-rígh Fódla fúair fledha
    co linn Láeghuiri mheic Néill
    co toidhecht Phátruic phenn-réidh
  41. Is mé fa hairdbrethim binn
    da gach rígh dar' ghab h-Érinn
    mé do roinn gach crích co cain
    accu gan ̇fích gan ̇fogail
  42.  p.29
  43. Trí chét bliadhan gan temeal
    óigi m' áisse fa dheriuth
    re linn mo dalta gan táir
    Illainn sgíamaigh mheic Sgannláin
  44. Gan temheal choidhchi ar mo chuirm
    nír sgar mo macrad ré muirn
    cách aca n-díl riam a m-brugh
    gan chrínadh criadh ná chomluth
  45. Beg co bás Illainn gach ní
    min gach díth gur cláechlódh lí
    crín anocht mo chalann chain
    fír a canam, cid arsaid.
    Ars.
  46. A eóin, is arsaidh do chlúmh
    ó dho léiges rit mo rún
    inniss dúinni tré rechtaibh
    blogh ale dott imthechtaib
  47. In t-én
  48. Atá accom duit uile
    a mheic Bóchra barr-buidhe
    fiss gach catha cenn a ceand
    da tucodh i n-iath Hérenn
  49. A cath Muighi Turith thiar
    h-i Cunga nír chlódh mo chiall
    do bídh a mheic ger mhór in ail
    fuil do chlainne fam chrobaib
  50. Ann torchair do dá mac dég
    'ga faigsin adhbul in béd
    do chognus da gach géig úir
    lám nó leth=choss nó leth- súil
  51.  p.30
  52. Do-chúadhus turus budh sía
    assin Chunga nertmur níadh
    i n-deguidh Eochaidh mic Eircc
    co Tráigh n-Eóthuili n-oirdheircc
  53. Tar éis uisci d' ól don rígh
    turus nachar búadach brígh
    do chomthuit issin chath chrúaid
    iss clann Nemidh co nert-búaidh
  54. Ar n-inntódh chum in chatha
    doconncus ní réim ratha
    ó Chunga co Sruthair sair
    lán do chorpaib 'na cossair
  55. Ar n-dul damh a mescc ind áir
    do-chím dom leth-táeib an láim
    fainne don derg-ór mar ̇fuil
    fa gach énmér da méraib
  56. A l-láechdacht fa lór a mét
    iss mairg dar gerradh in ghég
    a cáeimhe 's a fad 's a fedh
    derge ocus áille a h-ingean
  57. Muinchille sreabnaidhe sróill
    is muinchille inair óir
    do bí uimpi ar a muin-sin
    fedh na láime don lúirig
  58. Tógbaim hí 's nírb fann in treóir
    in lám itir ̇fuil is ̇feóil
    berim lim fa h-anba in fedh
    go Druim Ibair na n-inber
  59. Lám Núadhat do ̇fúarus ann
    airdrígh Thúaithe Dé Danann,
    secht m-bliadhna di a n-adhba m' én
    ac sin a Fintain ursgél
  60.  p.31
  61. Do-gheib muicith Núadhat náir
    beriss co Carnn Lámha in láimh
    is trithe do thuitsit tair.
    Miach is Oirmedh gérb easbaid
  62. Deich mbliadhna fichet ro fess
    ó chath Muighe Tuired thess
    co cath Muighe Tuirith thúaid
    ar' thuit Balur in mór-slúaigh
  63. Ar n-díth Fomóruch in áigh
    uch rob í in t-sáimrighe sáim
    gan chreich gan ghalur gan ghuin
    gan ̇fúath gan ̇feall gan ̇fingail
  64. Ó Muigh Cétni itir dá choill
    gu Céis cráeb-thorthuigh Coruinn
    dob imda grecho gábaidh
    ó armmuib in Illdhánaigh
  65. A n-diaidh meicc Ethne na n-armm
    fa h-imda brain-éun iss badhb
    do bo mana crimb chnáma
    táeph re Lugh na láech-lámha
  66. Nochu n-̇facco missi riam
    thair ná thúaidh ná thess ná thiar
    's nochu chúala láech mar Lugh
    ón laithiu ro ghein Ádhumh
  67. Fada lim-so la toghu
    mór in sgéul glacc na gonu
    a h-aithle mic Guill dá ghuin
    atát na fuinn gu harsaidh.
    Ars.
  68. Fintan
  69. Is mór m'̇fala rit ann sin
    a eóin a h-innsi in ̇fiadaig
    crimm corp mo chlainne nár thaiss
    leth mo ruiscc ríghdo rinn-glaiss
  70.  p.32
  71. Budh hé h'ícc'sa ̇ngním nách gar
    mádh táesca dhuit iná dham
    mana biad fo thalmain thinn
    soimmled do chuirp gan choicill
  72. In t-én
  73. Inniss a úa Láiṁfiach láin
    ar do bhréthir ar do bháigh
    imthúsa Míledh don muigh
    is a chlainne 'na dheghuidh.
  74. Fintan
  75. Trícha mac ocus dá mac
    ac Mílid co ̇n-gile ̇n-glacc
    ní ráinic díb demin linn
    acht óenseiser co h-Éirinn
  76. Ar tocht a h-Espáin in áigh
    ochtur derbráithrech don dháim
    do báidedh h-Ír is Dunn dil
    ar muir úathmuir ilpíastaigh
  77. Do thuccsat cath Tailltin tall
    maróen is Túatha Dé Dhanann
    'ar n-díth clainni Cermuit crúaidh
    le clannuib Míled mong-rúaid
  78. Do roinnsit Banbha gan brón
    Émer ocus Érimón
    co tánaic úabur a m-ban
    bliadhain gan chreich gan chogadh
  79. Do ráidh ben Éirimóin na cath
    mun budh le druimm cáein Cesrach
    Druimm Bethi Druim b-Fingin finn
    nach biath áen-oidhchi i n-Érinn
  80.  p.33
  81. Ainm dílis gacha druimmni
    budh búan am chridhe a chuimni
    Tír Maine is Cnoc Medha mór
    is Cenn Mara gan cláechlódh
  82. Torchuir Émear anba in fer
    le h-Érimón mac Míled
    fúair a Túaith Ghéisil a ghuin
    'sa maitin ar Muigh Smerthuin
  83. Ó Éremón anba in rath
    co Conuing meann m-boc-̇foclach
    do bí Ére 'na tuinn técht
    gan olcc gan ̇feall gan ainécht
  84. Do bámar lá hi Temraig thoir
    re tóeb Echach tind tolccoigh
    a Múr Tea i n-aitreb thair
    rissi n-abur tra Temair
  85. Glúaisis Conuing a Temraigh
    ocus a slúaigh 'na lenmain
    co h-áenuch Dromma Léith láin
    maithi Midhe 'na mhór-dháil
  86. Mar do bhámar i n-Druimm Léith
    slúaigh Innsi Fáil fir nár tréith
    co facamar in fer mór
    cucuinn ag techt 'nar tinól
  87. Beirt ghlé-gheal mun gillu mór
    sí arna h-úaim ule d' ór
    do ̇faluigh oirn in gréin ̇n-glain
    a sgáile ac tocht co Temraigh
  88. Cráeb thoruidh i l-láim in láeich
    maith a boludh glan re gáeith
    do bí ar in cráeib-sin chena
    cnái ublu ocus áirnedha
  89. Dergbuidhe nán t-ór a ̇folt
    gile ná cubur a chorp
    iss h-é iss áille at-chonnucc ann
    da táinicc i n-íath h-Éreann
  90.  p.34
  91. Suidhiss accuinn amra in rádh
    ticcmait ule da ghnúis grádh
    laphruiss re Conaing na cath
    assin bérla glan ghrécach
  92. Cé thussa a láeich iss lór mét
    laphrus bérla na fer n-Grécc
    inniss dúinn co fír a bus
    ca tír a ̇fuil t' urradhus
  93. Is missi Tréfuil̇ngidh trén
    a airdrígh nime na néll
    iss ass tánagus anair
    a parrthus a purt Ádhaimh
  94. Uidhe is faite ná sin síar
    nochon tairinn go gnáth-ghrían
    nochon ̇fuil feronn ná fód
    táeb thíar do Dún Mo Cháemóg
  95. Do siublus-sa in cruinne
    ó tháeb leabhar gach thuinne
    nochur ̇fácbus treab ná tonn
    acht in tír si gan todholl
  96. Don doman iss tairsech tair
    parrthus port chlainne hÁdhaim
    tairrsech talman tíar ón tuinn
    Iniss Glúair baile Brénuinn
  97. Do ráidh Conuing fa rádh gann
    nochon ̇fétfamaeis t' ̇fulȧng
    ar romét do sátha thair
    a Thré̇fuilngid trén-̇foclaig
  98. Do ráidh Tré̇fuilngid na tráth
    ni beg limm do biadh gu bráth
    balad mo chráibi cáimhe
    gach n-énlá 's gach n-énaidhche
  99.  p.35
  100. An chráeb-so at-chíthi im láim
    sásadh d'̇feruib h-í 's do mnáib
    fóirid a búadha gin ghus
    fúacht iss íta iss occurus
  101. Da caithea iss t' agaid fathúaid
    torad in chraind-si fo búaidh
    in t-arracht ghlacus h-í de
    téit a n-óicce assa h-aithle
  102. Da caithea iss t' agaid budess
    torad in chrainn-si fo mess
    ní h-egail duit galar drenn
    i céin mairius in draigheann
  103. Trí lá dó hi Temraig na trét
    a comrádh bind nocho brég
    co táinic slúagh finn fuinidh
    hi n-óen-̇fecht da innsaighidh
  104. Ceilibhraiss d' ̇feruibh Fódla
    glúaissis na réim rochródha
    fágbais don chráib nar tír thall
    cnú is áirne is uball
  105. Meissi do thóguib in mess
    iss do chuiris é rem chress
    noco tairnicc limm a chur
    nochon ̇fúair nech mo báeghul
  106. Cuirim-si na trí toraidh
    táinic chucuind d' ar cobair
    Eó Rossa cráeb Mughna móir
    bile Tortan in trom-slóigh
  107. Ac sin duit a h-sebuic h-suairc
    sgél bec comuinn ar do chúairt
    ar in máil-̇finn ̇n-gel-bláith n- glain
    mun senráith áibinn arsaidh.
    Ars.
  108. In t-én
  109.  p.36A Finntoin mic Bóchna báin
    ber-si bennachtain co m-báigh
    gacha ̇fúarus dod sáeire
    budh sgél do chinn chummaéine
  110. A n-aimsir Chonchobair chaéim
    fa mór m' allud ocus m' aéib
    ac sibul chnocc ocus glenn
    fam rí ar énlaith Érenn
  111. Ar tháibleóir Trágha Bale
    tarrla m' úid ocus m' aire
    fer cúarta gacha cúaine
    Cúchulainn na Cráebrúaide
  112. An úair do thuit 'sa mebail
    Cú Rúi rí Clainne Deghuidh
    do chaithius mo sáith da ̇fuil
    arna thuitimm 'san imghuin
  113. An úair do thuit Garb mac Sdairn
    leisin Choin do bíathad baidhb
    dá súil in Grégaig co n- gnái
    do chaithius a tús degh-lái
  114. Menicc fúarus feóil is faidhb
    ó Náissi fa nimnech airmm
    nír chaithius a ̇feóil ná a ̇fuil
    ar a ̇feabus a n-imghuin
  115. Tarrla chucum-sa cenn Cet
    tar éis a ghona 's a ghlecc
    do bud grimm dásachtach dhamh
    tarmmuirt a súil mo thachtadh
  116. Do chaithius fa h-anba a mét
    corpán Monodhair meic Cécht
    fúarus mór corp druimm ar dhruimm
    ó láim choscuraig Chonuill
  117.  p.37
  118. Ó deabuigh nocha dechuith
    in gcén ro búi 'na bethaid
    do bídh na h-aibni lán d' ̇fuil
    ón Chúlglaiss Chonaill Chernaig
  119. Fa hé in mílid 'sa mét móir
    Fergus roghasta mac Róigh
    fer comlainn cét crúaid a ghal
    ó faghuinn feóil is fulrad
  120. Fa mana glíadh iss gábaidh
    a n-diaigh in t-slúaigh ar Tánuidh
    lór a déne 's a demne
    breisslech Muighe Murthemne
  121. Tar éis ar marb Cú na cles.
    nír sguir gur cirrbad a chnes
    do bí a agaid lán da ̇fuil
    's a dhruimm re cairthe in chumpuir
  122. Tánac ós cinn in churad
    ocus a drech ar n-dubad
    d' ithi a súla nír thoisc áigh
    crumaim mo chend 'sa chongháir
  123. Mothaighis mé ar a agaid
    tógbais súas in láim lagaig
    cuiris a chletín curad
    trem cholainn don chéttulad
  124. Berim-si eteall angbaid
    co h-Inis Géidh dar glennmuir
    tairṙngim assamm borb an brígh
    crann crúaid-righin in chletín
  125. Anaidh am cholainn in cenn
    mo chraidhe do chráidh go tend
    co slán ní fuilimm ó h-soin
    's ní cheilim ótú arsaid.
    Arsaid sin.
  126.  p.38
  127. Mé do marb mór na sgéla
    óenchorr do bí ar Muigh Léna
    ocus ilar Droma Bricc
    do thuit lim 'san áth oirdirc
  128. Mé do marb súaircc in sére
    énchorr Innsi guirm Géidhe
    iss mé do choguin fam chír
    dá én lán-méthi Léithín
  129. Is mé do marb ríghda in rúaig
    Dubchosach seng Slébe Fúait
    lon Droma Seghsa na sreb
    fúair bás i crobaib m' ingean
  130. Re linn Logha láech gan lén
    do-berinn co hadhba m' én
    am chrobaib síar gan sínedh
    cuirp curadh nó cathmíledh
  131. I ré Iúghaine co m-búaid
    dam-sa ro budh croib-nert crúaid
    tar gach gort is tar gach n-glinn
    torc na bliadna do-berinn
  132. Re linn Chuinn Chétchathaig cháim
    fa mór m' allud ocus m' áib
    do-berinn lim a cíana
    báethán lúath na leth-bliadna
  133. I n-aimsir Chormaic meic Airt
    dam-sa fa feidm fuillmech failc
    do thógbuinn in muc nó in banb
    co h-eturuhasach aggarb
  134. Do sírinn Midhe co l-lí
    resiu do-chúaid sair Dathí
    da gach táib do Themraig tair
    i l-lenmuin in láeigh allaidh
  135.  p.39
  136. Ar n-arrsugud dhamh 'na dhiaigh
    fúarus gábud ocus gliaid
    do bí mire a cuirr chíamair
    i n-aimsir Néill Nóigíallaig
  137. A reimes Diarmata duinn
    meic Fergusa meic Cherbuill
    do-nínn scíth fa chorp in luin
    fo thrí ocus fo chethuir
  138. D' éis gach gnímraid ar gach gort
    'sa fúarus d' ág ocus d' olc
    is uime tánac anair
    re h-aghaidh h' ȯngtha a Fintain
  139. Ac sút misi ac imthecht úait
    a Fintain co h-Accaill úair
    sír-si lóghadh ar Dia damh
    amárach ticc mo h-saeghal
  140. Fintan
  141. Ná bíth uaman ort a eóin
    ammárach bud maith do threóir
    biaid th' anum ar neam na néll
    dochan aingel mar ursgél
  142. Rachaid misi a n-dáil éga
    isin laithi chóir chétna
    is mé Fintan fial rus-fail
    tar éis na fían co h-arsaid.
    Arsaid sin.
  143. Creidim do Chríst nocha chél
    do airdrígh nimi na néll
    triath nembras na ̇fód rod-fail
    dhealbus gach óg 'gach arsaid.
    Arsaid sin.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): The Colloquy between Fintan and the Hawk of Achill

Author: unknown

Editor: Kuno Meyer

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Ivonne Tummers

Funded by: University College, Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

1. First draft, revised and corrected.

Responsibility statement

Proof corrections by: Philip Irwin, Donnchadh Ó Corráin, and Ivonne Tummers

Extent: 2 489 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland

Date: 1996

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G109001

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. London, British Library, MS Egerton 1782, 47a1-49b1 (see Catalogue of Manuscripts in the British Museum by Robin Flower, vol. 2 (London 1926).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 1134, 25 (olim 23 E 29 olim Book of Fermoy: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 25, 3091)).
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 12, 144 (olim 23 G 12: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1, 58)).

Editions

  • Kuno Meyer, The colloquy between Fintan and the Hawk of Achill, Anecdota 1 (1907), 24-39.

Sources, comment on the text, and secondary literature

  1. Lebor na hUidre 120 b 30 (RIA MS 1229 (olim 23 E 25)).
  2. Eugene O'Curry, On the Manners and Customs of the Ancient Irish, ed. W. K. Sullivan, vol. 3 (London: Williams & Norgate 1873), p.59.
  3. Whitley Stokes, Lives of the Saints from the Book of Lismore (Oxford: Clarendon 1890), xxv.
  4. Eleanor Hull, The Hawk of Achill or the Legend of the Oldest Animals, Folklore 43/4 (December 1932) 376–409.

The edition used in the digital edition

‘The colloquy between Fintan and the Hawk of Achill’ (1907). In: Anecdota‍. Ed. by Kuno Meyer. Vol. 1. Halle/Saale: Max Niemeyer, pp. 24–39.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G109001,
  editor 	 = {Kuno Meyer},
  title 	 = {The colloquy between Fintan and the Hawk of Achill},
  booktitle 	 = {Anecdota},
  address 	 = {Halle/Saale},
  publisher 	 = {Max Niemeyer},
  volume 	 = {1},
  date 	 = {1907},
  pages 	 = {24–39}
}

 G109001.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text has been retained.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations. Where there are verse conversation the speeches of the participants are tagged sp.

Hyphenation: There are no soft hyphens.

Segmentation: div0=the poem. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered lines provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By an unknown clerical writer 750-900

Language usage

  • Whole text is in Old Irish. (ga)
  • Witness list and title are in English. (en)

Keywords: mythology; poetry; medieval; colloquy

Revision description

(Most recent first)

  1. 2008-09-30: Keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-07-23: Value of div0 "type" attribute modified, content of 'langUsage' revised, encoding of titles modified. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  4. 2005-08-04T15:35:18+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  5. 1997-09-15: Header modified; file parsed using SGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  6. 1997-08-29: Header created; text parsed using SGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1996-09-20: Text proofed. (ed. Philip Irwin)
  8. 1996-08-23: Text parsed using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
  9. 1996-08-22: Word-segmentation applied; markup corrected. (ed. Donnchadh Ó Corráin)
  10. 1996-08-14: Text proofed and structural markup inserted. (ed. Ivonne Tummers)
  11. 1992: Text captured by scanning. (data capture Assistants)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G109001.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top