CELT document G201004

Betha Molaga

unknown

Edited by J. G. O'Keeffe

 p.12

BETHA MO LAGA

1.

Mo Lacca didiu d' Feraibh Muighe Feine a chenél .i. do Uibh Cúscraidh .i. do Cloinn Luchta an ti h-i-sin do sunnradh, ar ro bhattar  p.13 tri fine aireghda do Uibh Cuscraidh an tan-sin .i. Clann Luchta ⁊ Clann Dedhadh ⁊ Clann Dímma, ⁊ as óna finib-sin ro ghenair triar onórach i n-nimh ⁊ i t-talmain .i. Cuana mac Cailchin meic Dimma meic Findbhairr meic Findlogha meic Dece meic Fili meic Cúscraidh ro genair immorro a Cloinn Dímma .i. Cuana. Mo Chuilli mac Diuchuill meic Comain meic Degha meic Buidhi meic Colla meic Cuscraidh ro genair o Cloinn Degha .i. Mo Chuilli. O Cloinn Luchta immorro ro genair Mo Laga .i. Mo Laga mac Duibh Dlighidh meic Duibh Deochain meic Duibh Cuille meic Luchta meic Colla meic Cúscraidh meic Fir Ailche meic Buain meic Mogha Ruith.

2.

I n-Uibh Cumhscraidh didiu ro genair Mo Laga .i. h-i l-Liathmuine uair ro bháttar a thuistighe-siumh i n-aimritteacht go a seann-dataidh .i. Dubh Dlighidh ⁊ Minchollaitt, ben-séin do Cænraighe uair nocha berthi clann doibh ⁊ ro chinnset-somh de sin beith i n-aentaidh bethamhnais chena ⁊ gan beith i n-aentaidh colluidhi ar ro bhensat ceill do cloinn, ⁊ ro bhattar isin t-suidhiuccudh-sin go cenn trichat bliadhan, amhail as-bert an file:

  1. Ro bái Minchollaitt ga comhall
    gan coll riaghla
    fo leith gan a ceile caemhda
    tri deich m-bliadhna.

3.

I n-araile ló tra téitt Dubh Dlighid ⁊ a bhen do craobhadh iomaire lín do leth-táibh dess ráin an bhealaigh re h-Ath Cros atuaidh aniú go facattar cuca Cuimmin Foda mac Fiachna ⁊ Comhdhan mac Da Cerda go m-buidhin móir do cleircibh immaille friú. Is annsin as-bert Cummain: A senóir truaigh an tre tochar dhuit fri Día nach fil occat mac no úa not-saorfadh don monar-sin?  p.14 At-bert Dubh Dlighidh nach derna gaitt na gái na eissimul. Usaide linn cairdes frit ar coimhett na firinne duit, ar Cuimín.  130v At-bert Dub Dlicchidh: Ata cena biodba do Dhia i l-leith mo guirt ⁊ seacht mic aicci. Nachat geibhedh formatt fris, ar Cuimín, ar raghait for neimhfní a chlann-sin úair na derna réir n-Dé. Do-ní Dubh Dligidh aentaidh fri Cuimín annsin go ros-bennachsat an dís an lánomhain. Ro thirchan iarumh Cuimín go n-geinfedh mac sainemhail uaidhibh budh cenn ⁊ budh comhairleach do lucht na tíre ⁊ na talman uile, ⁊ adubairt go m-béradh an chailleach do Chaenruidhi seacht mhíosaidh budh laindeach lé ⁊ go madh eisen féin no-bhaistfedh ⁊ ní bá do uiscce dobhráin na lachan ná a fothraccadh ban na laochraidhe Líathmuine ro baistfidhi é acht a hess do shruth Iordanáin ⁊ adubairt go m-biadh fri leighenn iar sin ⁊ go madh h-i Tulaig Mín an Muighe in ard-ruire no bíadh féin. Adubairt an senoir íar sin na ro shaoil geinemhain úadha eter ge ro thairngirset na cleirigh dó ⁊ ro raidh: A cleirigh ror-bennach-ne fein. At-bert Cuimín: Bennachfat-sa an dís ó n-geinfe an mac mór rathmar ata ettorra ⁊ nemh ar at umhla do Dhía iatt ⁊ ad-bert Comdhán:

  1. Dubh Dlighidh is Minchollait
    is Cuimín ar c-cenn
    an oinmitt dia lenamain
    i mullach na m-benn.

4.

Tiagait iar sin na cleirigh for a c-cuairt i n-deiscert Erenn. Adubairt immorro Dubh Dlighidh fria bhann-sccail: Eircc-si budhes go h-Ath Cairn Chuilind, risa n-abar Ath Cros aniú, ⁊ raghat-sa go h-Ath Ichtair Fhedha, risa n-abar Ath na c-Caérach aniú, dus an tochradh do neachtar de úainn lánamhain fora n-erailfimís coimhriachtain, ar ro thirchan Cuimin an ghein do-dingéntai ind uair-si go madh lán Éiri ⁊ Albu dia clú. Do-ronsat iarumh amhlaidh-sin díblínaibh acht ni tarla doibh lánamhain dia n-earbtais sin ⁊ fa  p.15 doiligh ón leo-somh sin ar ní ro shaoilset itir geinemhain uaidhibh fein ara fhad ro bháttar h-i f-fégmus coimhleaptachais. Ro iompoiset iar sin for cúla gusan ionadh as a t-tangatar  131r et at-bert Dubh Dligidh fria-si: Cia thusa, a ingen? Minchollaitt sunn, ar issi, do chétt-séitigh ó thosach do bhethad. Masa thusa fil ann, ar eissiumh, as beouccudh nó náidhentacht fil fort ar iss edh tuccadh for mh' aire gurbho inghen ócc chorr-chigheach ⁊ a pudrall comh-ard fria clúais tainic cuccam as in raith. Is edh sin, ar issi, tuccadh ar mh' aire-si gurbho gillae amhulcach ócc tusa ⁊ do púdrall comh-ard frit cluais. Is annsin as-bert-somh fria-si:

  1. Tairr a chailleach,
    ar Dubh Dligidh,
    re toiscc fia.
    findgart fúa.
    bhes as duinn
    do-ridhnacht Día.
  2. Densat naidhin
    forsa roænaid
    gein garta gradhuill.
    ni lag luaidhim
    gurbat lanamhain
    óg alainn.
Ba firt amhra iarumh dona næmhaibh ro thircansat an ghein-sin ⁊ don mac naemh ro tirchanadh ann. Et an lánamhain-sin d' feidhliughadh i n-óitid o sin amach go cenn seacht mís .i. no co ruccadh Mo Laga naemh díar' bo cet-ainm Lachin.

5.

O 't-cúala tra Cuana mac Cailchin an lánamhain n-aésmair sin do theacht i ndáididh ⁊ an c-cailligh do beith alachta tre rath an spirtu naémh tuccadh chuicci dia lesuccudh íatt ar onóir an mhic ro tirchanadh ann ⁊ do-beirthi cuibhreann coiccir doibh gach n-oidhche dá gach biadh ⁊ da gach lind no caiththe ann ⁊ bó bhalláin os í bith-bliocht tria bithe doibh dia frithailimh ⁊ ro ba da trian muirir do Chúana fir Erenn ag saighidh do dechain na lanamhan ar n-dol i n-óicce dorísi. Et ro ba mór an rath do Mo Laga a airdercugadh amhlaidh-sin riana ghein.

6.

O ro genair tra Mo Laga ruccadh dia bhaistedh do saighidh Mo Chuille ⁊ Dubh Dlighidh lais co rochtattar Áth an Chairn ⁊  p.16 do-chuattar tar an ath budhthúaidh ⁊ is annsin tainic Cuimín Foda mac Fiachna cona cléircibh seach Carn Cuilinn indes ar ammus an átha cétna ⁊ at-bert Cuimin: cuideachta romhainn, ar se, ⁊ timthirecht aingel úasta ó nimh go lár. Dubh Dlighidh sin, ar Comhdán, ⁊ a mhac tairngertaidh aicce. As día bhaisttidh berar, ar Cuimín, d' ionnsaighe Mo Chuilli ⁊ na léigem uainn daigh as sinn ro-thairrngir ⁊ as linn a bhaistedh. Fostaighter iarumh íatt ag Croiss in Tuinidhi  131v i m-beola an róitt fri h-Ath Cros anúas. Et o do-ruachtatar aén-ionadh at-bert Cuimín: Masa mac tairngertidh Dé an mac-so ⁊ ma ata ag Día ferta ⁊ miorbuile do denam dó siredh féin dó uiscce as a m-baistfidher ar ni ba h-uiscce ele raghas tairis amail ro thirchansaim-ne feacht oile. Berar iar sin in náidhe tre forchongra Cuimine gusan torpán luachra at-conncatar na cleirigh isin phurt don leith atuaidh don ath. Et coraigther os é fáon ann é ⁊ ro shín iar sin an naoidhe a lamha amach ⁊ do-ralatar dí shimhin gacha lámha dó ⁊ do-ratt a ghreich as re h-airiuccadh an fhuachta ⁊ ro tógbadh in náidhi do lár iar sin ⁊ at-ract suas.

7.

Feacht da rainic Mo Lacca do Chathair Lemhainchi in Armumain bail i r-raibe moir-sheiser do gheinntibh cona muinntir ag adhradh díabul  132r co n-dechattar bás ar lár a c-cathrach ⁊ go ro h-adhnaicthi innte ⁊ go ros-féimdetar naeimh Erenn a t-taithbeouccudh go t-torracht Mo Laga, amail as-bert an fili:

  1. Co taithbeoaigh
    in moir-sheiser
    geinnti granna reimenn
    triallaidh luaidim
    ó ros-feimdetar
    naeimh Erenn.

8.

Feacht didiu do-rala Mo Colmog ⁊ Mo Laga do tigh Cathail mac Aedha Flaind Cathrach rí Muman. As eisidhe lá do-rala ecc mná an righ do breith meic go c-cualattar na cleirigh cai an mheic. Cia do-gní an chái? ar na cleirigh. Mac becc ruccadh don rígh ⁊ as dia breith as marbh a mathair. As cúi meic gan mathair, ar Mo Cholmog. Bidh é a ainm, ar Mo Laga, Cúi Gan Mathair. Conidh de ro len  p.17 Cúi Gan Mathair. Geallaidh Mo Cholmócc annsin nemh don mnai ⁊ tathbeoaighidh Mo Laga h-í on tráth go céile. Gabaidh tra an mac-sin iartain righe Mumhan tria bhennachtain Mo Laga .i. Cúi Gan Mathair mac Cathail, conidh uadh Eoghanacht Glendamhnach.

9.

Feacht ann didiu gabaidh galar trom an ri-sin i medhon a righe go ro díchuir uadha a n-gialla do cach go ro thionolsat fir Muman go h-aén-baile ⁊ ro fiarfaidhset don righ. Cidh ara n-diochrae uait do righe? Secht fingala do-rónus, ar eisiumh, ⁊ maith lim dol dom ailithre. Go ro troiscset fir Muman fair gu ro gabhadh a righe úair dar leó ní fuighbittis rí badh amhra inás. At-bert immorro Cúi Gan Mathair na gebadh uatha go t-tardtha dó a rogha anmcharat. Cia eissein? ar firu Muman. An t-í Mo naemh-Lagga, ar eisium, ar ro-fettamar conidh onorach ag Día an fer dianat umhla na h-aighi allta, amail as-bert an fili:

  1. Is maith lem, ar Cúi Gan Mathair,
    moiltha deiblen
    loichi lind-bán
    an fínd-mál
    for-osnai an ednén.
Tiagait tra fir Muman iar sin h-i c-coccur im chomairci do therman Mo Laga ⁊ do-níatt trosccadh for Mo Laga go ro gabadh Cúi Cen Mathair ar a shoiscela im trocaire. At-bert Mo Laga nach gebadh go tárdta dó sáire  132v a thermainn ⁊ co tardtha dó eidire fris ⁊ co tístais fir Muman ina thimchell .i. ó Dharaigh Mo Chua go h-Inis Gubain ag Uinnsinn don taoibh-sin ⁊ ó Fheirn Leabáin go h-Uinnsinn don taoibh thoir ⁊ ó Ath na Lec go Dairmagh ar medhón ⁊ do-radad sin dó, ⁊ it íad na h-eidire .i. Cuan mac Amalgaidh ri Áine Cliach ⁊ Conaing Ua Daithil comarba Ailbe tar cenn an t-slúaigh ó Cláire go h-Echtge im comhalladh, Cúi Gan Máthair immorro ⁊ Ruisine mac Lapai comarba Bairri o Claire budhdes, Cuimín  p.18 Foda mac Fiachna didiu ⁊ Fursa isin eidires cetna ⁊ Victor aingeal ⁊ Patraicc do thichtain do nimh día naidm ⁊ naidmidh didiu Patraicc annsin for Mo Laga teacht dia accallaimh gach dardáin for nemh.

10.

Sléchtaidh tra Cúi Gan Mathair do Mo Laga iar sin ⁊ do-bert almsana dó .i. a dá each ⁊ a erradh ⁊ cuach lán d' arccat ⁊ mías óir thairis ⁊ dealg lán-eccoir ⁊ seisrech gacha bliadhna ⁊ airmitti anmcharat righ Muman do grés for a comharba ⁊ caingen a cluicc do denamh ria gach clog acht clocc Pattraicc. Geallais immorro Mo Laga nemh tar cenn a comhaill-sin do ghrés da gach righ no gebhadh Caisel go brath ⁊ gan dul d' écc gan anmchairdes fair tria rath Mo Laga.

11.

Isin aimsir-sin didiu tainicc Flann mac Eirc ri Gabhra do acallaimh Con Gan Mathair co socraitte móir lais go Tulaigh Airthir i t-termonn Mo Lagga gur gabh longport ann ⁊ ba fercc la Mo Laga sin. Madh íar m' écc-sa, ar sé, ni comaillfidher anní ro gealladh frim. Teid Mo Laga iar sin forsna h-aigibh alltai do díchur an t-sluaigh. O ro-síacht iarumh Mo Laga ro criotnaigh an talamh fon sluagh ⁊ ro gabh eccla Flann go ro luigh fó charpat Mo Laga ⁊ go t-tainic fo seacht an carpat thairis. Bennachais tra Mo Laga annsin Flann mac Eirc ⁊ fáccbaidh seacht riogha dia shiol for Mumhain ⁊ a fhlaithes fein aga shíl do grés ⁊ gerait ghaisccidh for a feraibh coidhche.

12.

Luid didiu Mo Laga iar sin do Charn Sidai h-i Corca Baiscinn.  133r Is annsin tairnic lasin m-Buidhe Conaill lucht an tire do dith acht ceithre nonbair d' feraibh ⁊ ceithre móir-sheisir do mnaibh. Et ro aincestair Día íatt ar dáigh Mo Laga don teidm-sin gan nech dib d' écc go rócht a síl go naoi cétaibh ⁊ ro moradh ainm Dé ⁊ Mo Laga don firt-sin.

13.

Is h-i immorro cathair as mó do bí ar sccath Mo Laga isin aimsir-sin  p.19 .i. Carn Cuillenn gurab an tan-sin tangattar tri druidh Guaire mic Colmain righ Connacht cona c-cliaraibh do chuingidh neich for Cuana mac Cailcin .i. laoch Liathmuine, co nar gabsat ní úadh acht an baile d' argain doibh nó a glámhadh. Deonaighidh tra Cúana crodh an bhaile dona druidhibh-sin .i. do macuib Lir .i. Fiach et Erriach et Eniach. Móa immorro do-ronsat-somh ina amail do deonaigedh doibh ar ro múrsat uile an baile et ro loisccseat et ro marbhsat a dhaeine acht aen-bhen ro élo uaithibh ⁊ lámh a leinimh triana taobh iarna guin. Slánaighis Mo Laga an mnaoi-sin ⁊ cuiridh lamh an leinib anunn et geallaidh gomadh h-í an lamh-sin no muirfedh Cuana iarttain, et is edh ón ro comhallnadh.

14.

Is iar sin tra ro comhalladh gach tairingire do-rinne an drai .i. Grona Ilceolach mac Buain sen Corca Mogha, do Mo Laga fada riana gheinemhain. Co n-ebert:

  1. Ticfa buanadach
    do Síl mor-Mogha
    a cind ceirt-fhichet
    's dá cet ceirt-bliadan
    tar ar n-eisi-ne
    caindel cosnamha
    cach fó chumachta
    cumdach (?) caemh-relig
    im Charn Cuillindglas p.20
    fer non-díchuirfe
    mac Eoin il-crothaid
    go trí caém-drúthaibh
    mic Lir ledartaigh
    olca iartaighe
    do chuain chumhachtaigh
    cethrair conntrachtaigh
    dichur deg-Tailgind
    don luaim laitine
    Grona Il-ceolach
    mac Buain bríathar-gloin
    is e thirchanus
    gein an Táilginn-so
    acht co tocomla
    bim fo cumachtaib
    luag a tharrngire
    glais becc bunadh-glan
    ticc seach garbh-thulaigh
    ría athuaidh thairisfes
    is chumass a caémh-reilecc
    ainm tri codarsna
    trid bús onorach
    iar c-cuairt cæmh-relic
    da chuairt choimlíonfas
    a tír feisine
    fó fer nos-tig.
    Ticfa.

15.

 133v Iar losccadh tra an baile dona druidhibh et iarna múradh amail ro raidhsemar romhainn tainicc díghal cíach forsan tír .i. ro mheabaidh saighnen a h-ifern for lar Liathmuine .i. sruam teinedh ag losccadh an talman go c-cluinte a fuaim fon tír ⁊ ro bái go fatta amhlaidh-sin go n-dernadh sith fri Mo Laga.

16.

Do-chúaidh tra Mo Laga for deabhaidh ⁊ ar imghabail a criche trena argain amlaidh-sin go rocht go Coindire i n-Ulltoibh co n-deachaid lá ann fri toiscc tar Fertais Camsa ⁊ ní fhuair curach acht  p.21 cliabh gan seiche. Teitt-siumh ind, et téitt tairis cosaibh tiormaibh ⁊ sóais for cula fon ionnas cedna. Faccbais tra Mo Laga clocc dia cloccaibh annsin i n-dermat et tainicc tri míle ceimenn úadh an tan ro cuimhnigh et is e-sin termonn an cluicc o shin ille in cech mudh a m-bi.

17.

Luidh Mo Laga i nd-Albain iar sin go t-tuccadh balbh shecht m-bliadan n-dég cuicce. Bennachais Mo Laga iar sin é et ticc a erlabra dó.

18.

Teitt iar sin Mo Lacca do saighidh Dauid Cille Muine et luidh dalta do Dauid dia fritholamh et as-bert-séin mí-fhocla fri Mo Laga. Benaidh aignedh Mo Laga fris et téitt bás eter an cuchtair et an aracal. Foda la Dauid ro bai et foillsighther dó oididh a dalta et ticc féin do fherthain fáilti fri Laithin. Bidh an dalta-so aga bhar frithalamh. Nibu h-e itir bhías, ar Laithin, ag ar frestal acht an fer táinic ar tús. As i an cóir, ar Dauid. Is h-í, ar Laichin. Bás acc adhnacol an dalta annsin et araidhe tathbeoaighis Laichin é et bái occ frithailimh Laichín go mattain et tétt bás íar mattain. Do-ghniatt iar sin an aéntaidh Dauid et Laichin et rob e Mo Laga. Brethnach immorro ainm an dalta at-bath ann et tuccadh an t-ainm-sin for Laichin do comalladh na h-aéntadh etturra et Dauid, conidh de sin rod-len Mo Laga Laichin o sin ille é.

19.

Do-rad didiu Dauid clocc do Mo Laga annsin .i. Boban Mo Laga ⁊ at-bert an t-aingel risiumh tiachtain go Cluain Mic Nois ⁊ go madh ass  134r do-ghniadh sith fria bunadh-cenel féin. Tainicc iar sin roimhe go Dun Duibhlinne go h-Ath Cliath. Is annsin do-ratt-somh an Boban frisan aillsi bai for gruaidh righ an dúine go ros-íc et ro len an aillsi don clucc. Ro chinn iarumh an rí pinginn gacha srona i n-Ath Cliath gacha tres bliadhan do Mo Laga annsin et baile h-i Fine Gall .i. Land Bechaire uair is innte-sin ro fost Mo Laga na beocha do-rad Mo Domhnócc lais tairis anall dochum n-Erenn ⁊ for-feimidh féin a fastadh.

 p.22

20.

Do-riacht tra Mo Laga go Cluain Mic Nóis iar sin ⁊ ro-chualatar Fir Muighe anní-sin ⁊ do-chuattar a firu ara chenn et ro ghealsat comhadha móra dó et ni tainic leó et do-chuatar a macaimh ⁊ ni tainic leó et do-chuatar a mna iar sin et nochtait a cíche fris ⁊ ro ghabhsat-sein forra gach ní ro geallsat na buidhne rompa do comhall ⁊ a c-cuid féin .i. sgrepall gach aén-duine gacha bliadhna et caoga bó a c-coitcennus uaithibh uile le taobh almsan et duthracht cena amail ass-bert an file:

  1. Dlighidh Mo Laga d' Feraibh Muighe
    mine riaghla
    caecca bo bith-bliocht bána
    gacha bliadhna.
Do-deochaid tra Mo Laga lasna mnaibh ⁊ tangattar Fir Muighi uile ina comhdail go Tulaigh Mín ⁊ ro ghabhsat do laimh gach ní ro gheallsat féin ⁊ a macaimh ⁊ a mná do chomall fri Mo Laga ⁊ fria comharbaibh do grés tara éissi.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Betha Molaga

Title (translation, English Translation): Life of Molaga

Author: unknown

Editor: J. G. O'Keeffe

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Elva Johnston , Mavis Cournane , Donnchadh Ó Corráin , and Beatrix Färber

Edition statement

1. First draft.

Extent: 3550 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2015

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G201004

Availability: Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. B: Brussels, Bibliothèque royale, MS 2324-2340, folio 130, by Michael O'Clery in Cork in 1629.
  2. A: Dublin, Royal Irish Academy, MS Stowe A 4 1, p. 41, written in Cork by Domhnall Ó Duinnín in 1627.
  3. F: Dublin, Royal Irish Academy, Book of Fermoy p. 89a, written in or about 1453.

Editions and translations

  • A Latin translation was published in Louvain by John Colgan 1645, Acta sanctorum veteris et majoris Scotiae seu Hiberniae ... sanctorum Insulae, reprinted Dublin 1947.

Literature

  1. Pádraig Ó Riain, 'Traces of Lug in early Irish hagiographical tradition', Zeitschrift für Celtische Philologie 36 (1977) 138–56.
  2. Pádraig Ó Riain, Beatha Barra, Saint Finbarr of Cork: the complete Life, ITS 57 (London 1994) 40–52.
  3. Máire Herbert, Observations of the Life of Molaga in J. Carey, M. Herbert & K. Murray (eds), Cín Chille Cúile: texts saints and places: essays in honour of Pádraig Ó Riain (Aberystwyth 2004), 127–40.
  4. Pádraig Ó Riain, A dictionary of Irish Saints (Dublin 2011), 480–82 (with bibliography).

Internet availability of O'Keeffe's edition

  1. http://www.ucc.ie/academic/smg/CDI/PDFs_textarchive/IrishTexts3_pt1.pdf
  2. http://www.ucc.ie/academic/smg/CDI/PDFs_textarchive/IrishTexts3_pt2.pdf

The edition used in the digital edition

‘Betha Molaga’ (1931). In: Irish Texts‍ 3. Ed. by J. Fraser, Paul Grosjean and J. G. O’Keeffe, pp. 11–22.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@article{G201004,
  editor 	 = {J. G. O'Keeffe},
  title 	 = {Betha Molaga},
  journal 	 = {Irish Texts},
  editor 	 = {J. Fraser and Paul Grosjean and J. G. O'Keeffe},
  address 	 = {London },
  publisher 	 = {Sheed and Ward, 31 Paternoster Row},
  date 	 = {1931},
  number 	 = {3 },
  pages 	 = {11–22}
}

 G201004.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

The electronic text covers pages 11–22

Editorial declarations

Correction: Text has been proof-read three times.

Normalization: The electronic text represents the edited text excluding footnotes. The text is edited from B with variants from A and F. The electronic edition represents only the text and no variants are cited. Word-divisions and capitalisation are normalised in accordance with CELT practice. Expansions are marked in italics in the edition. Characters supplied by the editor are integrated into the electronic text.

Quotation: Direct speech is not enclosed in quotation marks.

Hyphenation: When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word (and punctuation).

Segmentation: div0=the life; div1=the section (numbered in sequence throughout the chapters). Metrical quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Personal names and place names have not been tagged.

Reference declaration

A canonical reference to a location in this text should be made using “section”, eg section 1.

Profile description

Creation: By unknown monks in Irish scriptoria

Date: Middle Irish Period?

Language usage

  • The text is in Middle Irish. (ga)
  • Some words are in Latin. (la)
  • The translated title is in English. (en)

Keywords: religious; hagiography; prose; medieval; Saint's Life; St Molaga

Revision description

(Most recent first)

  1. 2015-07-15: File proofed; expansions marked up; structural markup added to; file parsed and validated, SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  2. 1996-04-16: List of manuscripts compiled. (ed. Elva Johnston)
  3. 1996-04-05: Checking of word segmentation and mark-up; introduction of mark-up for Latin in text. (ed. Elva Johnston)
  4. 1996-01: Segmentation of words and checking of structural mark-up. (ed. Donnchadh Ó Corráin)
  5. 1995-06: Structural mark-up applied. (ed. Mavis Cournane)
  6. 1992-04-12: Data capture. (capture Students at the CURIA Project)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G201004.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top