CELT document G201020

Life of St. Declan of Ardmore

unknown

Edited by Patrick Power

 p.2

Betha Decclain

1.

Beatissimus episcopus Declanus de nobilisimo Hiberniae regum genere .i. an t-espoc naemhta re n-abartar Declanus as dho chinel ro uasal rioghraidhe Ereann dó neoch do caith flaithes agus cioscain Ereann i ttemraigh aimsear fhada. Agus do bí Declan ar na gheinemhain mar bhus follus asa geinemhain agus asa gheineleach úasal ó fhuil, oir is amhlaidh do bhí Eochaid Feidhleach chum a mberar a gheinelach romh ina airdrigh chumhachtach for Erinn uile go hiomlán da bliadain deag agus do bhattar triur mac aige .i. Bres agus Nar agus Lothola a n-anmanna agus as friu adbertí na tri Findemna, agus do gab móirsheisear agus céd rompa so, agus da sliocht ina ndiaigh agus da ccomhbrátraibh .i. sliocht Eiremhoin righe nEreann ria ccreidemh agus iar ccreidemh. Agus do luighettar an triúr mac sin in áenló lé na ndeirbhsíair féin .i. Clothra ingean Echaidh Feidhligh. Agus do toirrcedh í uathaib a ttríur agus an mac rucc si don toirrces sin do bhí roinnti ó trí sriabhaibh dercca da fhoillsiucchadh go raibhe ar na geinemhain on triúr sin. Agus do bhí deghmhaiseach do réir faicsiona agus láidir o bhríoghaibh in aimsir a lenbdachta mar nar gnáthach lenab a comhaesa do bheith. Agus is é ba hainm dó Lucchad Sriabh ndercc ona trí sriabhaibh derrca adubhramar. Agus is ann ro tionnsccain righe nEreann do gabail anbhlíadain fuair Gaius Cesair bás agus do bhí sé sé bliadhna fichet hirighe nEreann, ⁊ do bhí mac aicce dár bó hainm Criomtan Níanair ⁊ ní raibhe sé acht sé bliadna déag hi righe. Agus baoi mac ag Criomtan dar bainm Feradach Findfechtnach. Agus  p.4 mac doséin Fiacha Findolaidh. Agus mac doséin Túatal Techtmar. Agus do bi mac ag Tuathal dar bo comhainm Feidhlimid Rechtmar. Agus battar triur mac ag Feidhlimidh .i. Cond-céad-cathadh, ⁊ Eochad Find ⁊ Fiacha Suighde. Agus baoi Conn fichi bliadain hi righe nEreann ⁊ meraidh clú agus oirdearcais thoradh an talman ⁊ ineatha ⁊ inblechta bói inErinn re linn Chuinn-céad-cathaig go deired an domhain. Agus do marbhadh hi Maigh Cobha re hUltoibh é .i. le Tiopritte Tireach. Agus asíad ashíol go brát as mo gabhus rige nEreann. Agus is é Eochaid Find doba mac thanaiste ag Feidhlimidh Rectmar. Agus do chóidh iccoicceadh Laighenn. Agus is ann atád ashíol agus asliocht ó shin. Agus áirimhther mar Laignechaibh iatt. Agus atád morán do tigernaibh ⁊ do daonibh cumachtaibh dibh illaighnibh. Fiacha Suighde imorro is ann dobi ferann aicce attimcell naTeamrach. Gidedh fuair se bár ní as taoscca ina dobí righe nEreann aicce. Agus do bhattar triúr mac aicce .i. Rossa agus Oengus agus Eogan agus fa gníomach, galach, gaisccemail an triur sin hi ccathaibh agus hi ccomhlannaibh. Agus do dhersgnaigh Oengus díb ar cródhacht uile, agus as fris aderti Oengus Gaebuaibhtech. Agus is é fa rí Ereann an tansin Cormac mac Airt mic Cuinncéttchathaigh. Agus do bhí mac ag Corbmac dar bhainm Ceallach mac Corbmaic agus rucc sé inghen Eogain mic Fiacha Suighde ar aitheadh leir .i. Creidhe inghen Eoghain. Agus mar do chualadh Oengus Gaebuaibhtech sin .i. inghen adhearbratar do breith do Cheallach leis do gabh fercc mor he, ⁊ do len Ceallach go Temhraigh agus a dhalta lais .i. Corc Duibhne mac Cairpri mic Conaire mic Moga Lamha do bí ingíallnus ag Corbmac ó Mhuimhneachaibh. Agus as dó Engus da  p.6 coimheatt tucc Corbmac é. Agus ar ndol go Temhraigh do Éngus do chonnairc Ceallach ar cúlaibh Corbmaic ina shuidhe. Agus tucc sádhadh sleighe fair gur chuir trit ón taobh go araile. Agus ag tabhairt na sleighe ass do bhen a hurlann tar súil Corbmaic go rossbriss, agus do bhen a hurlann isin reachtaire go ros marbh agus ro imhtigh fein agus adhalta slán ar chula ina diaigh sin. A cceann aimsire tucc Corbmac da aire esbaidh amheic agus a shúl agus a rechtaire ó Aengus Gaebuaibhtech agus on a brathribh agus do bretnuigh sé a nionnarbadh óna ndúthaig féin .i. ó Deisibh Temrach agus ni h-uaithe amáin acht ón taobh thuaid dEirind uile. Agus tuccad recht ccatha ettorra nías taoscca ina do gabhattar ionnarbadh chuca. Agus do ronsat dighbhal mór do Corbmac agus da mhuinntir sna cathaibh sin, gidhedh as iadsan do cláidhedh ann, agus dob éiccen doibh fa deoigh an duthaig dfagbhail agus ionnarbad do gabhail chuca .i. tri meic Fiacha Suighde .i. Rossa agus Oengus agus Eogan, mar a dubramar romainn. Agus ar na nionnarbudh mar sin ó righ h-Erenn tangattar go righ Muman go h-Oilill Olum ar gaol Saidhbe ingine Cuinn-ced-cathaig roba ben dó. Agus fuarattar ferann ann .i. na Déisi Mumhain, agus as da sliocht sin .i. do shliocht Eogain Mic Fiacha Suighde atád rígu agus dúthchasa na nDéisi ósin anuas.

2.

Agus as do shliocht an Eoghain cettna sin an t-espocc naemta Declan da Laibheoram inar ndiaigh .i. Declan Mac Eirc Mic Trein Mic Luigdeach Mic Miaich Mic Briain Mic Eogain Mic Airt Cuirp Mic Moscorb Mic Mesgedhra Mic Mhesfore Mic Cuana Cainbhreataigh Mic Conra Cathbuadaig Mic Coirpre Mic Eoghain Mic Fiachaid Suighde Mic Feidlimid Rectmair Mic Tuatal Tectmair. Eirc mac Trein imorro ri na nDéisi ase rob athair do  p.8 Déclan agus do cuaidh fein ⁊ a bhen Deithin co teach combrathar dó dár bhainm Dobhran. Agus así sin aimser ina ttainic am tuismidh atoirrchesa do Deithin agus isé toirrces do bi aice Declan ⁊ ro tuisimh é gan tindes gan dólas gan docamhal, ⁊ aga toccbáil an diaigh abheirthe do bhen acend fri cloich móir. Agus bidh a fhis accuibh go ttucc Declan comharta naemhtacta leis, agus miorbuile a broinn a mháthar amhail atá sccriobhta on fháidh:—“De uulua sanctificaui te ⁊ prophetam in gentibus dedi te” .i. do naemhus tú imbroind do mathar ⁊ tuccus dona cinedaibh amhail fáidh tú. Agus is amlaidh sin do bí Declan ar na naemhadh imbroinn a mathar agus ar na thabairt ó Dia dona cinedhaibh ina a faidh ler hiompoidhedh moran dona daoinibh ó gheinntlighecht agus o sechran an chreidimh co hadhradh Criost agus an creidimh Catoliche mar bus follus in ar ndiaig óir do bhén mullach ro maeth a chind fon cloich cruaidh mar adubramar agus ar mbéin a chind fria do ronadh cabhan ⁊ toll isin cloich do reir formu 1 ⁊ cumtha achinn ⁊ nír urchoidech dó féin a modh ar bith. Agus na daoine do chonnairc sin do gabh iongantus mor iatt oir do bí Ére an tan sin in esbadh creidimh agus as annamh do cíthí comhartha naemhta no Criostaidhe ar aonduine. Agus an cloch arar thuit cend Declain isé as ainm di, Carracc Déclain. Agus an tuiscce nó an fhertain fheras isin caban a dubhramar inionadh cind Déclain sccriostar galair agus eslainte leis do grasaibh Dé agus do dherbudh anaemhtachta.

3.

In oidhce geine Declain do taisbéanadh iongnadh mór do chach agus don droing do bi accomhgar dáit agheinemhna .i. cáer theinntidhe dfaicsin tre lasadh ó mhullach an tighe ina raibhe Declán, agus no teigedh suas go nemh agus anúas arís, agus aingil imdha na timcell. Agus hí hi fioghair  p.10 dréimire amail do taisbénadh don Patriarc Iacob naemhta. 2 Agus na daeine do chonnairc agus do chualaidh in ní sin dob iongnadh leo he. Agus ní raibhe a fhios aca gur abe Dia do rinne foillsiuccadh a míorbuile fein isin naoidhin sin agus ina ócclach fein do brígh go raibhe esbaidh an creidimh orra agus ar an talamh da rabhattar uile. Agus gidhedh ar na aithris sin don fhior Chriostaidhe .i. do Cholmán, neoch do bhái an tansin ina saccart agus ina diaigh ina espoc naemtha, tainic se maille le gairdechus mór agus ar na lionabh do Spirat na Faidhettóracta chum an ionaid irraibhe Declan agus do shenmóir da tuistigibh creidemh Criost agus do fhoillsigh doibh go raibe amac lán do grasaibh, agus do foíllsighedh do mét gloire agus onóra na naidhen sin ag Dia agus ag Daoinibh, ⁊ do foillsiccedh do anaemhtacht agus achráibhtighe do bhéradh abeta ass. Agus tainic dfertaibh Dé gur creittsiot an drongsin .i. Erc agus Deithin do Dhia agus do Colmán. Agus tuccsat an mac sin da bhaisteadh do Cholmán. Agus tuccsat an mac sin da bhaisteadh do Cholmán, agus do baistt é. Agus tucc Declan dainm fair, agus ahaithle abhaistte atbert Colmán ag denam faistine don naoidhin hi fiadhnaise caich—“go firinnech, a mhéic gradhaigh agus athiccearna búd árd agus budh onórach innimh agus ittalmain tú agus lionfaidher ceithre h-airde Ereann do clú do naemhtacta agus do deigbhés agus sóidhfir do dhuthaig fein .i. na Déisi ó eitricecht go creidemh Críost. Agus ar an adhbar sin cenglaimsi cumann agus brathairsi riot agus aitnighim dot naemthact mé.”

4.

Agus ina diaigh sin do iompo Colmán da ionad fein agus do aithin Declán doilemhain go honorach deithitnech.  p.12 Agus a chur cum leiginn accionn asect mbliadan da ffaghtaí foghlainntidh ar bith accomhfhoccus dó do bheith ina criostaide. Agus do foillsicchedh subhailche agus sochartanaighe mór inaccaidh Deccláin in aimsir a bhaiste asar tuiccedh go madh mór a shubhailche agus a rúna spiratalta iar ffoirbtiuccadh dó. Agus ar bfaicsin agus ar ccluinsin na neithedh sin do chombrathair Eirc .i. Dóbran, do ghuidh sé Erc agus Deithin fan mac do tabairt dó da oilemháin agus tuccadh dó é. Agus is e dob ainm don baile sin Ait Dobrain conuicce sin. Agus is e a ainm o sin amach Ait Declain. Agus tucc Dobhrán an baile sin do Déclan ⁊ do athraigh fein abhaile ass go h-ionad ele. Agus ar mbeith do Déclán athaid fhada ina diaigh sin ina espoc do rinne sella onorach ann anonóir Dé. Agus is ann ata an tionadsin isin rann thes dona Deisibh don táoibh thóir do Maigh Scciath agus ní fada uadha cathair Mocuda .i. Lis mór. Agus do h-oiledh Declan maille le deithitin moir ag Dobhsan .i. ag brathair a athar go cenn a sheact mbliadan agus doba mór gradh Declain dó. Agus as mór do mhíorbuilibh do fhoillsigh Dia trit ar fedh na h-aimsire sin. Agus ar ccomhnuidhe do grasaibh an Spirat Naeimh ann do shechain gach uile locht agus gach uile mian nemhcedaighteach ris an aimsir sin amhail bad criostaidhe cráibteach iúlmhar é.

5.

Ar ccoimhlionadh a sheacht mbliadan do Déclán do cuiredh óna tuisdigibh agus ona cháirdibh agus ona lucht oileamhna do denamh foglama amhail do aithin Colman. Agus is chuicce do cuiredh hé go neoch craibhtheach eccnaidh do bí foirfe isin ccreidemh dár bhainm Dimma. Agus tainic go nuaidhean tan sin ó fhurailemh Dé i nEirinn ar mbeith dó aimsir fada ina h-eccmais ag foghlaim leighinn. Agus do rinne sella maith isin tir sin ina mbeith ag denamh foircettail do p.14 Declan agus ina mbeith a comhnuidhe féin do gnath. Agus do cuiredh leanab ócc ele dár bhainm Cairpre mac Colmain ar aen tsliccidh le Decclan chuicce dá fhoghlaim. Agus do bi an Coirpre sin ina easpoc naemhtha onórach na dhíaigh sin. Agus do bhattar an dias sin aimser fhada affochair achele ag denamh foghlama.

6.

Agus do battar moirseiser do daoinibh ina ccomhnuidhe isin aittreibh do bhí isin ionad sin .i. iMaigh Sciath. Agus do foillsiccedh doibh go minic an chaer theinedh a dubhramar do connarcas inam geinemhna Decláin. Agus tainic do grasaibh De gurabh iadsin ced daoine dosinne faistine agus fóillsiuccadh ar an saignen sin. Agus tangattar an moirseiser so mar a raibhe Decclan, agus do gabattar é mar maighistir agus mar thigerna. Agus do fhoillsigettar hi ifiadhnuse cáich accoitcinne go madh easpoc é iar tan. Agus a dubhrattar go fáidhemhail “Tiucfa lá a mheic grádhaig agus a sherbhontaidhe Dé ina tiubhraimne sinn féin agus ar nionad dheitsi.” Agus is amhlaidh sin do bhí oir do crettettar ina diaigh sin do Dia, agus do baistteadhíatt. Agus do bhattar eccnaidh craibhteach fuirechair agus do cumhdaigedh leo recht tteampuill mar onoir do Día attimcell Maighe Sciath.

7.

Do bi Decclan aimser fhada abfochair an duine naemhtha adubhramar .i. Dimma. Agus do foghlaim sé leigheann agus crábhadh, agus écsamhlacht eladhan, agus foircettail aicce. Agus do bí iúlmhar séim acfaineach ionnta. Agus tangattar daoine iomda dar bhaithnidh uaisle Décclain do réir fhola ar na chloistin dóibh métt anaemhtacta agus a ghrás. Agus do umhlaighettar íatt féin dó. Agus do gabhattar chuca a chuing riaghla agus crábaidh do chengal orra. Agus do brethnaigh Declán dol do Roimh dfoghlaim bés agus modh eccalsa  p.16 agus do ghabháil gradh agus gradam ann agus dfagail ceda a senmhóir do rádh dona poiplibh. Agus cum go ttiubradh sé riaghla na Romha leis do reir mar do bhattar san Roimh. Agus do imtigh fein agus drong da dheisciplaibh leis agus nir an go roctain na Romha dó, agus do rinne comhnuidhe innte le h-aimsir.

8.

Isi in aimser do bi espoc naemhtha .i. Ailbhe, ar ndol nuimir bliadan roimhe sin do chum na Roma agus do bí ann affochair Hilarius Papa, oir ise do rinne Espoc de. Agus ar ndol do Declán maille le na deisciplaibh chum na Romha do ghabh gairdechus agus luathgaire mór Ailbe roimhe, agus do fhoillsigh a naemhtacht agus a uaisle ó fhuil don popul Rómhánac. Agus fuair onóir agus gradh fírinneach on phopul agus on chléir Romanaigh air na aithne dóibh amhail roba diongmala dó, oir do bí deas deghdénmha o fhoirm, agus umhal ina oibrechaibh, agus milis ina bhriathraibh, agus mor ina chomhairle, agus saer ina cómhradh, agus subhailceach ina dreich, agus fairsing ina thiodhlaicthibh, naemhtha ina beatha agus taithnemach ina míorbuilibh.

9.

Agus ar cciomlionadh morain do laithibh do Declan isin Roimh do hordaigheadh ina Easpoc é on Papa, agus ar ttabairt leabhar agus riaglach agus uird na h-eccailsi dó do cuiread cum Ereann é on Papa ionnus go seanmoradh se innte. Ar cceilebhradh agus ar ffaghbáil bhennachtan an Papa do Declan do tionnsccain tect go h-Erinn. Agus do lenattar moran do Romancuibh é do theacht leis i nErinn do denamh anoilithre agus do tabairt ambeathad as fo chuing agus fó ríagail Espoic Declain. Agus etar gach nech da ttainic leis dibh tainic Runan mac righ Romhan. Agus rob ionmain le Decclan eisiumh.

10.

Agus tarla da céle ar sliccidh na h-Etaile, Espoc Declán agus Patruicc. Agus ní raibhe Patruic an tansin ina  p.18 epscop agus do bi ina diaigh ó Celtinus Papa agus do cuiredh é do shenmóir dona h-Eireanchaibh oir ase Pattruic íarffír as aird-easpoc innsi Ereann go hiomlán. Agus do ceilebhrattar da cheile, agus do cenglattar cumann agus brathairsi ettorra. Agus tuccattar pocca daroile mar comharta sithe. Agus do imtigh gach nech dibh le na toiscc fein .i. Decclán do cum nEreann agus Patruicc do chum na Romha.

11.

Do gabh Declán da radh aifrinn in ecclais do bi remhe ar in sliccidh. Agus do cuired cloc bec dubh chuicce do nimh tre fuinneoig na h-eccailsi astech. Agus do an ar an altóir hi ffiadhnuse Declain. Agus do gabh gáirdechus mór Declán aga faicsin agus tucc moladh agus gloir do Chriost ara son. Agus do bi inntinn daingen aicce inaccaidh ainffesa agus mírésuin na geinntlighechta ona beith aicce. Agus tucc sé an cloccsin don Runan adubhramar .i. mac rígh Romhán da coimhett agus da iomchar. Agus ise ainm do berar air in Érinn .i. Duibhín Déclain. Agus ona dath do gabhse an t-ainm sin chuicce oir as dubh do réir dhatha he. Agus do foillsigeadh ó ghrásaibh Dé agus Decláin miorbuile go minic trit agus maraid fos ind ecclais Declain.

12.

Ar ttect do Declan maille re na chuidechtain náem dochum mara h-Icht nír féad se long dfaghail duiresbaidh costtais óir ní raibhe an ní do sireadh air aige. Agus do eitigh aen long dibh é arashon sin. Agus do bensan a clocc, agus do rinne urnaighe chum nDe fana fhurtacht asin cás sin. Agus as gerr ina diaigh sin do ced De go ffacattar long chuca ar barr na tuinne go chele, agus hi folamh gan aon nduini innte agus gan seol fuirre. Agus adubairt Declan in ainm Criost denam isin luing utt. Agus an ti do chuir chuccainn hí treorochaid se fein hí go h-inill duinn chum an phuirt inab áil leis sinn do dhul, agus do chuatar le breithir Declain innte agus rosná an long maille le soirbheas agus re h-innilliur no gur gabh port hi Saxaibh. Agus ar ndol do Declán maille re na deisciplaibh  p.20 eiste do iompó an long agus do chuaid gus an ionad asa ttainic agus na daoine do connairc agus do chuala na miorbhuile sin do mhédaigettarainm Dé agus naomtacht Déclain. Agus do fíradh briatra Dauid an tan sin mar adubairt:—“Mirabilis Deus inh sanctis suis” 3 .i. as ionganthac Dia ina naemhaibh.

13.

Ina diaigh sin tainic Déclan chum nEreann acht aon ní robaoi Déclan glic mar nathair neimhe agus cennsa mar cholaim, agus cosmhail ris an mbeich ar sholatar, óir mar thiomaircces an bhech an mil agus sechas na luibhe urchoideacha is amhlaidh sin do rinne Declan, oir do tiomsaigh se smir milis na ngrás agus na sccrioptúiredh ndiadha ionnus gur líonadh de é. Agus do battar cethrar despoccaibh naemta i nÉrinn maille re na ndeisciplaibh roimh Patraicc do teacht innte do rinne senmoir agus foircetal Dé innte do shiolad. Agus is iatt an cetrar sin Ailbe agus Espoc Iubair agus Declan agus Cíaran. Agus do Tairrngettar so moran do dhaoinibh ó shechrán chum creidimh Críost, gidhedh ise Patraicc do shíol an creidemh i nErinn agus ise ro thionnto tigernaidhe agus righae na h-Ereann fri bathais agus creidemh agus iodhbairt agus breithemnus bratha.

14.

Agus do rinnettar an triur so .i. Declan agus Ailbe agus Easpoc Iubhair cairdes agus cumann ettorra fein agus an drong do thiucfadh ina ndiaigh co brath innimh agus i ttalmain. Agus do bhattar go grádach fa cheile. Agus ro gradhuig Ailbe ⁊ Déclan acheile gomór o gradh braithremhail ionnus nar báil leó sccaradh re cheile ó méd a ngradha daroile acht le cás eiccentach ar furaileamh a ndeiscipal muna sccardais seal aithgerre aroile. Agus do cuaidh Declan na diaigh sin da dúthaig fein dona Deiribh Muman agus do shenmóir doibh, ⁊ do bhaistt morán dibh i n-ainm Críost. Agus do iompó íatt chum an creidimh Chatoilice ó chumhachtaibh an diabhail. Agus do  p.22 cumdaighedh eccalsa iomda lais in ro orduigh morán da deisciplaibh fein do denamh seirbísi agus foghanta do Dhia agus do tharraing an phopuil o nert diabhailchum Dé.

15.

Do chuaidh Declan aimser eiccin dfios an ionaidh ina ruccadh é. Agus doroine comnuide da ficet la ann agus do chumhdaighedh leis ionad onorach ina raibhe gnatuccadh lochta crabaidh do shír. Agus is annsin tangattar an moirsheiser adubhramar romhoinn do roíne a naittrebh a ttimceall Maighe Sciath, agus do rinne an fhaidettoracht dionnsuighe Declain agus tuccattar iatt féin agus a nionadh dó mar do gheallattar agus is iad so a nanmanna .i. Mocelloc agus Riadain, 4 Colman agus Rachtain, 5 Findlogh, Caeman, 6 &c. Agus do bhattar an drongso fo riaghail Espoic Declain ina diaigh sin, agus tuccattar ambetha go conaigh as, agus do rinnettar miorbuile iomda asa h-aithle.

16.

A ccinn aimsire ele do cuaidh Declan mar a raibhe Aengus mac Natfraich ri Caisil agus do shenmoir dó. Agus do thaircc a chur ar creidemh na h-eccailsi. Agus do bhattar ag Declan dias derbhrathar do thaoibh a mathar do cloinn Aengusa .i. Colman agus Eogan ananmannae. Agus ar nadhnadh grás an Spiorait Naeimh i cColmán do chúaid mar a raibhe Ailbhe Imligh, agus do ghabh baisteadh uadha agus aibítt crabhaid agus do bí ina fharradh sealat ag foghlaim leiginn, agus do rinne fear náemhta foirfe fa déoig de. Agus do bí Eochaid ina cruth fein ag fuirech le righe Muman indiaigh a athar, agus do ghuidhedh a athair fa onoir do tabhairt do Declan da brathair. Agus dorinne an rí sin, óir nir toirmiscc sé Déclan ina shenmoir. Agus do thaitned ris crabhadh agus ceccuscc Decclain gidedh nír chreitt dó, agus nir gabh baistedh uadha. Agus adeiritt drong gurab edh fodera sin .i. Declan do beith dóna Déisibh, agus Leth Cuinn, agus Aengus do beith  p.24 dEoghanacht Caisil Muman as nama dona Déisibh do gnath. Agus ní do nemhthoil don creidemh nár chreitt mar derbhtar as so .i. an tan do cualaidh an ri, Patraicc airdeaspucc na hEreann do beith chuicce neoch do bí ar na ghenemhain don chinél Bretnach da nach raibhe fuath na n-Eirenneach aicce ni hé amháin gur creid dho act do cúaidh ina choinne ona chathair féin o Chaisiol agus do chreid dó agus do gabh baisttedh go luath.

17.

Ina diaigh sin do cuaidh Declán ar sioladh breithre Dé agus ar senmoir don righ gion gur creid se dó dá dhúthaigh féin agus rocreittsettar sein agus ro gabhsat baistedh acht an rí amáin agus drong da muinntir do bídh gach lái ag gealladh creidimh agus baistte do ghabhail chuca agus do thiccedh ó fhurailemh an diabhail go rabhattar ag iomfuirech agus aga cur ar cáirde.

18.

Agus adeirit drong ele go ndechaid Declan morán duairibh don Roimh, gidedh ni faghmaittne sccriobhtha ona senndaoinibh condechaid sé acht tri h-uaire amáin da h-ionnsaighid. Agus uair eiccin dibhsin do ghabh Declan ar cuairt go h-easpoc naemhtha boí imBratnaibh dar bainm Dauit gus ar ecclais re raiter Ceall Muine mar a raibhe an t-espoc sin a ccois tragha roinnes etar Erinn agus Bretnaibh. Agus do gabh an t-espoc sin go honorach Déclan. Agus do bí da ficet la ina fhochair maille re gradh agus le gairdechus, agus do chanadh aifrionn gach lái. Agus do chenglattar cumand, agus carattradh ettorra féin agus luct an ionadh ina ndiaigh go brath. Agus ar ccoimhlionadh an dá fichet lá sin do Declan do glac a ced ag Dauit agus tucc pócc dó a ccomharta sídha. Agus do chuaidh fein agus a deiscipuil cum traga an mara do dhol illuing dionnsaighi Ereann.

19.

Agus an clocc adubhramar do cuiredh do nimh chum Decláin do bí se an tansin ag Runán da iomchor mar adubhramar óir nír bhail le Déclan sccaradh ris ar aenchor agus tucc  p.26 Runan an lá sin hé do neoch ele da raibhe ina chuidechtain ag teact chum na luinge doibh. Agus ar ttecht chum na tragha doibh do leicc an clocc ar carraicc ar lár. Agus do dhemaitt an clocc isin ionad sin no go rabhattar leth slicchedh san ffairrge. Agus is ann sin ro cuimhnighsett he. Agus, ar ccuimhniuccadh air, do bhattar go toirrseach tre na dhermatt. Agus do bi Declan go ro thuirsech ar son an tiodlaicthe do cuiredh do nimh chuicce ona thigerna do dhermat in ionad nar saoil sé a faghail coidhce. Agus do fhech Declan osa cind ar nemh agus do rinne urnaighthe ina inntinn cum nDé. Agus adubairt ris na deisciplaibh, “Cuiridh bhar ttoirrse dibhóir as eidir le Dia do thiodhlaic an clocc utt do nimh o thosaig achur anossa illuing iongantaigh eiccin as.” As mór agus as iongantach agus as degh-maisech mar do umhluigh an cretúir gan résun gan tuiccsin inacchaid nadúra da cruthuigteor féin óir do snái an characc ro throm dogluaiste go direch ionnus gur bó gerr in aimser go ffacatar cuca hí ina deaghaidh, agus an clocc uirre. Agus ar ffaicsin na neithe iongantach sin do muinntir Decláin do lionadh iatt o grádh Dé agus donóir a maigistreach .i. Declain. Agus adubairt Déclan go fáidheamhail leiccidh remhaibh an clocc ar se agus lenaidh go dírech hé, agus mo theghdais espocoide agus as eistte rachat go flaithemhnas, agus as innte bhias meiseirge. Agus do chúaid an clocc riasan luing agus do sccuir don triubhal mór do rinne roimhe óir do an sé beccán roimhe an luing ionnus go ffaictí este é agus nach béradh an long air. Agus do dhirigh an clocc roime cum n-Ereann ionnus gur gabh cuan isin taobh thes .i. is na Deisibh iMumhain ag an inis dárab ainm Inis Aird na gCaorac an tansin. Agus do ghabh an long an port cedna amail adubairt Declan. Agus do chúaidh an fer naemhta sin i ttír agus tucc grasa agus moládh do Dhia ar son go ttainic se go h-ionad a eisérge.  p.28 Agus is annsan inis sin do bhattar cáoirigh mna righ na nDéisi do ghnáth aga ccoimhett. Agus is uadha sin adeirti Inis Aird na Ccaorach. Agus do bí cnoc ard innte. Agus dob aoibinn deghmaisech é. Agus adubairt nech dá mhuinntir ré Declán ar ndol ar mullach an chnuic sin:—“Cionnus fhéadfas an t-ard becc so do phopulsa do chothuccadh?” Agus adubairt Declan: “Na habair sin a mheic grádhaigh, ní h-ard becc hé acht ard mór.” Agus do len an t-ainm sin don chathair .i. Airdmóir Déclain. Agus ina diaigh sin do chúaidh Declan go righ na nDéisi agus do iarr an inis adubhramar air. Agus tuccadh do hí.

20.

Agus do iompo Declán go hAit mBresail 7 mar ambittis loinges agus artrighe na h-innsi a port leth atuaidh anonn agus anall este. Agus do fhoilgettar muinnter na h-innsi a nartraige uile ionnus nach fedfad Déclan aittrebhad innte, óir as mór do bí eccla orra Déclan daittrebad innte deccla iatt féin do sccrios este. Agus adubhrattar a dheiscipail re Declan:“A athair,” ar síad, “as mór neithe reccar ales agus as minic imlochtadh cum na h-innse so agus budh mioncu andhiaigh tusa do dol ar nemh ina anosa agus guidhmít tú go sechna tú hí nó dan go ffagha tú o Día an fhairrge so do drud amach o tir ionnus go ffeadfaidhear dol do chosaiph thiormaibh innte, oir adubairt Criost gibe ní iarrfair ar mathairsi im ainm fein do bhera daibh é 8 oir ní h-éidir an tionadsin daittreabadh go hurasa acht muna druiti an fhairrge amach uaithe. Agus ar an adbar sin ni h-éidir duitsi do chathair do chumhdach innte.” Do freccair Declan dóibh agus adubairt: “Cionnus do fhedfainnsi an tionadh do gealladh damh o Dhia agus inar gealladh madhnacal agus meiseirge do bheith do shechna?” 'Agus an ní adeirtísi  p.30 tré dhocra aa aittreabaidh in áil libh go nguidhfinn Día inacchaid athoile .i. agluasacht nadúrta féin do búain don muir. Gidhedh ar bhar ffuráilemhsa cuirfett urnaighthe cum Dé agus gibe ní bus toil le Dia do gentar é.' Agus do éirgettar muinnter Declain agus adubrattar ris: “A athair gabh do bhachall cuccat amhail do rinne Móysi, risin slait, agus búail an fhairrge dhi agus foillséochaidh Dia athoil duit mar sin.” Agus do guidhettar a deisccipuil leis ar an adbar sin óir doba daoíne derbhta náemhtha íatt agus tuccadh an bhachall illamh Decláin agus do bhuail an tuiscce le in ainm an Athar agus an Mic agus an Spiorait Naeimh. Agus do chuir comorta na croiche césta lé ar an uiscce. Agus go luath ó fhuráilemh agus ó ched De do thionnsgain an fhairrge drud amach ona h-ionnadféin comh luath sin go rabhattar piasta an mara ag snamh agus oc rith agus gurab ar eiccin rangattar amach leis an muir. Agus do fhaccaibh iascc iomda ar an traigh tirim le na luáithe do gluais. Agus do len Déclan an fhairrge roimhe mar sin agus a bhacaill ina laimh. Agus do lenattar a deiscipail eisiumh agus do bí gáis agus foghar mór ag an muir agus ag na piastaibh ag imtecht. Agus an tan rainic Déclan an t-ionad ina bfuil crioch na fairrgi anossa adubairt lenab ócc da deisciplaibh se Declan dar bhainm Mainchin ar ngabháil eccla dó roimh thorann an mhara agus ria ngáir na bpiast nanaithnidh. Agus ambeoil osluiccthe 9 ag lenmain an uiscce: “A Athair” ar sé, “ní becc duit afhad ro dhiochuiris an mhuir óir atá eccla na bpiart nadhuathmar so oruinn.” Agus mar do cualaidh Declan sin agus an mhuir ar nanmhain le breithir an leinimh nir maith leis hé, agus do iompo ris agus do bhuail do bhuille bhecc ara ssoin he. Agus do fearattar tri bráoin  p.32 fhola uadha co lár fo cosaibh Declain attri hionadaibh. Agus do bheannuigh Declán ashrón agus do sccuir an fhuil go luath. Agus adubairt Déclan: “ní meisi do díchuir an fhairrge” ar sé, “acht ase Día ona chumhachtaibh mora féin do ionnarb í, agus do dhenadh ní bud mó muna abartása an dubartais.” Agus an t-ionadh inar thuitettar na tri bráoin sin do muighettar tri topair bhecca duisge milis sholas fo chosaibh Declain. Agus maraitt na toipre sin fós. Agus do cíther go hannamh i ndath fola iad do cuimniucchad na miorbal sin. Agus ata mile ar leithett san traigh sin do tiormaighedh on uiscce. Agus as fada an tslicche ar fad hí agus ina timcell agus as maith agus as torthach an ferann treabtha, agus feir hí sin fo mainistir Declain. Agus an bhachall do bí illáimh Décláin ag denamh na miorbal sin isé as ainm dhi .i. “an fhertach Décláin” ona fertaibh agus ona miorbuilibh dorinnedh uaithe. Agus adéram tuilledh da miorbhuilib in ionadh ele inar ndiaigh.

21.

Agus a ndiaigh an mara do thiormuccadh mar adubramar don naomh oirderc sin edhón Declán sa ainm agus aclú do chuaidh fo Erinn ona fhiortaibh moraibh examhlaibh do thionnscain a mhainistir mór do chumhdach don taoibh thes don tssuth ata tre san mis isin fairrgi. Agus as onorach deghmaisech an mainistirsin. Agus isé as ainm dhi Airdmóir Declain, mar a dubhramar. Agus na diaigh sin tangatar daoine iomda a rannaiph imchiana Ereann fo clú anaomhtachta agus a deighbhes an tí Declain agus tuccattar iatt fein ettar anam agus chorp do Día agus do Déclán. Agus do cenglattar íad féin fo chuing agus fo riaghail dó, agus do cumhdaighedh leis ina duthaig fein sna Déisibh in gach aon aird teampuil agus mainistreacha agus ni hedh amain  p.34 ina dúthaig fein acht ittíribh ele Ereann fo cuairt. Agus as mor do míltib do mnaibh agus dferaibh do bí fona cuing agus fona riaghail is na hionadaibh sin adubramar ar fud Ereann aga ttuccattar ambetha as go conaigh. Agus ro ordaigh drong da dheisciplaibh ina nespuccaibh agus do chuir íad is na h-ionadaib sin do shíoladh creidmhe agus crabaidh inntu. Agus do bfollus búidhe agus socharthanaighe in epscop naemhtha Déclan an méitte sin gomadh ferr le na deiscipal a bheith fona smacht agus fona riaghail agus ina dheiscipal aicce ina neach díbh do bheith ina uachtarán imainistir ele.

22.

Na diaigh sin tainic an t-epscop naemhtha glormhar cend irse agus creidmhe insi Gaóideal in Erinn .i. Patraicc ó Chelestínus Papa, agus do chuaid Aengus mac Natfraich ina choinne mar do cualaidh a thuarusccbáil da ionnsaighidh agus tucc leis maille re gloir agus le honóir móir da catraigh rioghda féin go Caiseal hé. Agus do bhaistt Patraicc eisuimh agus do bhennuigh é féin agus a cinedh agus a chathair. Agus do cualaidh Patraicc go raibhe rí na nDéisi gan creidemh na baistedh do gabail cuicce agus gur eirigh esáenta etar he agus Déclan, agus gur eittigh foircetal do ghabhail uadha. Agus do chuáid Patraicc do shenmoir ⁊ an cetrar easpoc adubramar do bi in Erinn roimh Patraicc, agus do bí san Roimh. Agus ní rabattar dáontoil le Patraicc acht Declan amhain gidedh do chenglattar sídh agus pairt fris iar sin. Agus do umhlaigettar do. Ciaran imorro do rinne gach uile aiditte agus umhla dó agus do bi dáontoil fris da lathair agus rechtair. Ailbe imorro  p.36 mar do connairc righa agus ticcernaidhe Ereann acc umhluccadh do Patruicc agus ag techt ina coinne tainic fein go Caisiol da ionnsaicchid. Agus do umhlaigh dó, agus do ghabh mar maighistir chuicce he hi fiadhnuise an rígh agus cáich uile. Agus biodh a fhios accaibh gurab é Ailbe do ordaighettar an drong naémheaspocc sin ina mhaighistir orra. Agus ar an adbhar sin tainic ar tús mar arraibhe Patraicc ionnus nach beittís sion asa ucht accontrardhacht do, agus go mbudh usaitte leo teacht fona smacht agus fona riaghail eisiumh ar tus do theacht ann. Espocc lubair imorro nír fhaomh sé ar chor ar bith umlaccadh do Phatruicc óir nír báil leis cineadhaig ele do bheith ina bpatrunaibh in Erinn. Agus is amhlaidh do bai Patruicc do ba Bretnach é iar mbunadhus. Agus do hoiledh in Eirinn é ar na tabairt i mbraighdenus innte in aois a mhacdachta. Agus do bí easáenta agus cennairrce ar neirge etar Patruicc agus espocc lubhair o tús gidhedh ar ttecht daingeal na siodha ettorra do ronsat comáenta agus braithreas do cengal ettorra; agus do bhattar reidh o sin súas. Agus nír báil le Declán contrardacht do Patruicc ar aon modh oir do cenglattar muinnterus re ceile ar slighidh na hEtaille agus is amhlaidh do aithin an t-aingeal de techt go Patruicc agus a thoil do dhenam.

23.

Tainic aingeal Dé chum Declain agus adubairt ris: “Eircc go luath mar a bfuil Patruicc agus toirmiscc uime do chinedh agus duthaig do mallacadh oir ata attredhenus ar ar in rígh anocht san magh ra raiter an Inneoin. Agus da mallaighe sé do chinedh beitt mallaighthi go brath.” Is ann sin do ghluais Declan maille re deithneiss mór ar furailemh an aingil go hInneoin .i. áit sin atá ar lar Maighe feimhin isin rann tuaidh dona Déisibh. Agus do ghab tarsna na sleibhe Cua agus tar Síuir agus rainic isin maidin ar na marach mar a raibhe  p.38 Patruicc. Agus mar do chúalaidh Patruicc agus a dheiscipail go raibhe Declan da nionnsaicche doba forffáilidh iad roimhe, óir do chualatar nar báil leis techt. Agus do gabh Patruicc agus a phopul é maille le honóir móir. Agus do gabh Patruicc agus a phopul é maille le honóir móir. Agus do umhlaigh Declán do Phatruicc agus do ghuidh é go dútrachtac nach dernadh sé a chinedh desccaine na do mhallachadh ná an talamh da raibhe se. Agus do gheall a thoil féin dó dá chinn sin. Agus a dubairt Patruicc ar son do ghuidhesi ni hedh amháin nach mailleoch íatt acht do ghén a mbennachadh. Agus do chuaidh Declan an tan sin mar a raibhe rí na nDeisi dó bi accomhfhoccus do. Agus do thaircuisnig Patruicc agus nír fhaomh creidemh dó ar impide Décláin agus do gheall Declán luaighidheacht dó do chind dola mar a raibhe Patruicc agus baisttedh do ghabhail agus an creideamh daontucchad agus nir faomhsomh sin ar chor ar bith nó ó résun ar domhan. Agus o do chonnairc Declan sin .i. rí na nDeisi, Ledban ar nanmain, ina micreidem agus ina diabhaltacht ro iompo gus an oireachtus deccla go mailleocad Patruicc a chinedh, agus a duthaig beittís féin malluighthi ara shon, “Óir do bhaistesa sibhsi agus do bennaigheas agus teccaidh lim,” ar sé,“ dionnsaige Patraicc neoch do chuir Dia cuccaibh da bhar mbennucchad óir ata sein ar na togha ina airdespocc agus ina ardpatrún in Erinn uile óir dlighimse mhatharda féin agus a bheith im righ oruibh inar dligheas an fer útt.” 10 Agus leis an nguthso do eirgettar agus do leanattar Declan. Agus rucc Declan iatt dionnsaighe Patruicc, agus adubairt ris: “An ffaicenn tu  p.40 mar tangatar cinedha na nDeisi liumsa mar tigerna do tionnsaighe agus mar do faccbatar an ticcerna malluighthi aga rabhatur. Agus biodh a fhios agatt go ffuilit siatt ullamh chum onora do dénam duitsi agus chum do thola do choimhlionadh óir as uaimsi do gabhattar siatt baisteadh chuca.” Agus do éirigh Phatraicc ina sesamh leis an mbhreithir sin agus a dheiscipuil maille fris agus do bhennuigh cinedh na nDeisi agus ní headh amháin acht a ccoillte agus a nuiscce agus a ttalamh. Agus adubhratar maithe na nDeisi agus a núaisle an tan sin: “Cia bús rí nó bús tigerna orrain anossa?” Agus adubairt Declan: “As meisi as tigherna oraibh, agus gibe nech oirdéocas meise oruibh ina thigernae beinneochaid Patruicc hé agus do genam uile a bhennuccadh. Agus biaidh ina righ oruibh uile”. Agus isé nech do ordaigh Declan annsin Fergal mac Corbmaic nech ócc do cinedh na nDeisi agus fá do gháol Déclain féin eisein. Agus do chuir sé i medhón cáich in ionad righ é. Agus do thaitin le cách uile, agus do bheannuigh Patruicc agus Declan é agus do ghoir gach nech dibh fo leith ina righ é. Agus adubhairt Patruicc ris an occlach gomadh crodha laidir i ccataibh agus go madh torthach an talamh re a lind. Agus is amhlaidh sin bíd ríghu na nDéisi do gnath.

24.

Ina diaigh sin tucc Declan agus Fergal mac Corbmaic .i. rí na nDéisi agus a chinél ferann mor do Phatruicc accomhfoccus do Magh Feimhin agus ata aga chomhardaibh osin alle, agus tigernas mor ann. Agus ni fada on tSiuir an tionadh tuccadh dó. Ata topar mor rolas ann re nabarthar topar Patruicc agus rob ionmain re Patruicc an topar sin. Agus ina dhiaigh sin ar cceilebhradh da cheile maille le bennachtain do chúaidh Patruicc go Caisiol aris accenn Aengusa mic Natfraich agus do chuaidh Declan leis.

25.

Do rinneadh míorbuile an tan sin ar Dheclan tre  p.42 impidhe Phatraic agus tre na guidhe, óir do bí Déclan ag siubhal go nemhaireach isin slighidh, agus tárla iarann gér fris agus do gherra chos, agus do theilg fuil go dásachtach agus do thionnsccain Declan beith bacach agus do bí Ailbhe Imlig do lathair na miorbuile sin agus Sechnall espucc descipal Patruicc agus aderar gurab é sin ceid-espucc do cuaidh fo úir Ereann riamh. Agus do ba naemhta eccnaidh é agus do chuir orra go mór an cnedh sin tarla ar Declan. Agus do hinniseadh do Patruicc in ni sin; agus dob olc leis. Agus adubairt: “Slánuigh a thiccerna cos do sherbhontaidhe féin fhuilinges mór do dhúadh agus do dochar ar do shon.” Agus do ghlac Patruicc an chos agus do chuir comharta na croiche césta ar an ccneidh agus do sccuir a fuil go luath, agus rucc bél na cneidhe chum a chéile agus ticc sele fuirre agus do bi slan agus do eirigh Declan ina sesamh agus a chos slan leis. Agus tuccatar uile moladh do Día. Na sluaigh, agus na ceiterna do bí ar an latair annsin tuccatar gáir mor os aird ag moladh Dé agus na naemh.

26.

Ar mbeith do Patruicc agus dona naomaibh sin ar aon ris i cCaisel .i. Ailbe agus Déclan cona ndeisciplaibh i ffarradh Aengusa mic Natfraich do cuireadh leo moran do geinntlighecht agus do shechrán an creidimh ar cúl. Agus do iompóidhettar íatt cum an chreidimh Chriostaidhe. Agus do orduigh Patruicc agus Áengus mac Natfraich i fiadhnuise cáich uile a ccoitcinne airdespuccoide Muman do beith ag Ailbe, agus do órdaighettar do Dhéclan mar an ccedna a chenél fein .i. na Déisi, óir isé do iompó íad ona sechran agus ambeith aicce ina paraiste agus ina espuccoide. Agus mar do dhéndais Ére do Patruicc gur ab amhlaidh sin do dhéndáis na Déisi do Déclan da bpátrun féin agus adubairt Patraicc an rann:—

  1. Ailbhe umhal; Patraicc Muman, mó gachrath,
    Déclan, Patraicc na nDéisi: na Déisi ag Declan gan brath. 11
 p.44 Agus as ionann sin re a rádha agus gur abé Ailbhe an dara Patruicc na Muman, agus gur abé Déclan dara Patruicc na nDeisi. Ina diaig sin ar cceilebradh don sigh doibh agus doibh uile le céle do chuattar na naoimhsin da níathaibh féin do shíoladh an chreidmhi.

27.

Tarla Declan agus Fergal mac Corbmaic le ceile .i. rí na nDeisi cona sluag agus cona coimhtionol dona Déisib ag Indeoin agus do daingnigettar an recht Criostaidhe isin popal. Agus an rí adubhramar romhainn .i. Ledban diultaightéoir anma Críost do dichuisedh o gach aon é agus do cuaidh ar neimhtní gan fios ascél mar ata scriobhtha do naimtibh an chreidimh:—“Go ttiagat a ccuimhne as mar fhoghar”. 12 Agus do ordaigh Declan agus Fergal agus Maithe na nDéisoch gurab annsan ionad sin do goirfidhe rí ar na Déisib go brath, do bríg gurab ann do bhennuigh Patruicc agus Declan an ri sin .i. Fergal agus adubhrattar na senndaoine gurb annsin doriogthaoi riogha agus do chaithdis afflaiteas roimh creidemh is na Déisibh.

28.

Is in aimsir sin tainic plaigh gránna isin Mumain agus do bí i cCaisiol ní badh mó ina in ionad ele. Agus is amhlaidh doniodh ris na daoinibh andath do claochlad imbuidhecht ar tús agus amarbadh ainnsein. Agus do bhattar moirseiser do braigdibh uaisle ag Áengus hi cCaisiol don taoibh thiar do Chaisiol san áit re nabarthar Raith na nIrlann, agus tarla doibh oidhce ann go ffuarattar bás don pláigh adubhramar. Agus rob olc lasin rígh a mbás agus adubairt a cheilt deccla go néreochad sccannail no coccadh tríotha oir do bhátar inaccloinn dona daoinibh fa treise agus fa nertmhaire do bí san Mumain. Agus tainic Declan go Caisiol ar na márach. Agus do labhair re hAengus agus doba fáilídh an rí roimhe agus do goir chuicce he. Agus adubairt ris hi ffiadnuise druinge dá cáirdibh féin:—'Guidim tú, a Dhéclain, a searbhontuidhe Dé, go tti  p.46 diot in ainm Criost an moirsheiser braghat do bi agam imbraighdenus ó thigernadhaibh Muman anaithbéougadh damh oir atáid ar ffaghail báis don plaighsi do chluine agus is eccail lemsa anaithre do thóccbáil coccaidh agus cennairrce imagaidh, óir as dáoine nertmara láidire íatt, agus as nár linn go deimhin a mbás, óir aderaitsion gur ab dínn féin tainic a mbás.' Do freaccair Declan don rígh agus adubairt:—“A leithéite sin do chás .i. daoine daithbeougadh o bhás go bethaid as ris an ccumhachta ndíadha amháin bhenus. Agus an ní bhenus rimsa de .i. dol mar a bfuilit a ccuirp agus urnaighe do chur cum Dé arason do ghen é. Agus do déna Dia mar as ferr do cífidher dó annridhe.” Agus do chúaid Déclan agus drong ele maille réna deisciplaibh agus luct eolais an rígh rempu 13 mar a rabattar cuirp na muinntire sin tesda. Agus do len an rí íatt ar a lorcc ionnus go ffaca se uadha cuirp na ndaoine marbh. Agus do chúaid Declan ar na lionadh on chreidimh díada isin tigh irrabhattar, agus do croith uiscce coisrecctha orra, agus do rinne urnaighe hi ffiadhnuise caich agus adubairt:—“A thiccerna, a losa Criost, a áoin meic De bi in onóir tanma fein dúisigh na mairbh so ionnus go ndaingnightar iad isin creidemh Chatoilice tré nar noificne.” Ina dhíaigh sin do haithbheoaighedh an drong sin do Déclan agus do bhattus ag glúasacht a bfabhradh agus a dubairt Declan riú:—“In ainm Criost ar slanaighteora éirghidh in bhar sesamh agus bennaighidh Día, agus tabraid glóir dó.” Agus do éirghettar leis an nguth rin go luath agus do labratar ré chách agus do fóccair Declan don rígh iatt ar mbeith slan beo doibh. Agus ar ffaicsin na miorbailedh niongantach sin do chách tuccattar uile gloir agus molad do Dia agus rainic clú Decláin fo Erinn de sin agus roba fáilid an ri résan aisecc sin fuair.

29.

Ina dhiaigh sin do ghuidhettar popal Caisil espocc De go mbennaighed sé an chathair agus go ndíochuiredh sé an  p.48 plaigh uatha agus go nguidhedh sé chum Dé air shon na ndaoine do bi eslán isin teidhm sin gan dol de. Agus air ffaicsin creidme na druinge sin do Dhéclan do ghuidh Día, agus do chomharthaigh ó comarda na croiche cesta ceithre hairde an aeoir. Agus as deimhin gur bo follus briatra Criost re na deisciplaib an tansin mar adubairt aga bfagbáil agus ag dol do chum nimhe:“Super egros manus imponent et bene habebunt,” 14 .i. cuirfead mo lamha ar na heslanaibh agus beitt slán. Agus déis an aeóir do chomhartucchadh ó chomhartha na croiche cesta do Déclan gach duine do bi easslán do bhattar slan, agus ní híad amáin do bí slan acht an tír uile ina timceall gibe hionad ina rabhattar daoine eslána do bháttar slán. Agus do dichuiredh an phlaigh sin o gach uile tír agus do ba mór gairdechus cáich tríttsin agus tres na dáoinibh marba adubhramar daithbeoucchad. Agus do orduigh an rí cíos agus onoir uadha, agus o gach rígh do ghebadh Caisiol ina diaigh do Dhéclan agus do luct a ionad. Agus ina dhiaigh sin do bhennuig an t-epscop glórmhar Declan an rí Aéngus cona catair agus cona chinedh agus do iompo iassin do chum a ionaid féin.

30.

Do bai Déclan oidhche áiridhe ar aidhigecht ittig duine saidhbhir isin rann thes do Muigh Feimhin agus is amlaidh do bí an fer sin agus é ina aincriostaidhe gan creidemh do ghabhail chuicce. Agus is é do bainm do dercan. Agus do bhrethnuigh sé fanámatt do dénamh fona criostaigibh oir adubairt re na sherbhfogantaidhe madadh do marbadh gan fhios agus a cheann agus a chosa do bhúain de agus a ffolach i ttalmain agus a fheoil do bruith go maith agus a tabairt do muinntir Décláin da caithemh agus adubairt riú an madadh do bheith meith go maith, go ngabdais a fheoil mar fheoil caorach. Agus an tan roba bruite tuccaidh hi ffiadhnaise Declain agus a mhuinntire maille re haran agus le biadhaibh ele. Agus do bí a choladh ar ttuitim ar Declan an tan sin agus do duisccedh hé p.50 le na deiscioplaibh do bhennachad accoda. Agus adubairt riú “Go firinnech do címse fritháilemh an díabail attimcell na feola utt.” Agus do fiafraigh don luct frithólmha cred hí an fhéoil no cionnus fríth í. Agus a dubhrattar san:—“Ar tticcerna adubairt rinn reithe méith do mharbadh daibhsi agus do rinnemairne sin air.” Agus adubairt Declan: “Ar ttighernaine Iosa Criost ⁊ foillsighedh duinn créad dobheir timthirecht an diabhail attimcell na feola so agus toirmiscc do sherbontaidhe ó bhíadhaibh urcoidecha do caithemh doibh.” Agus do connairc Déclan, ar na radh sin ionga an mhadaigh imescc na feola oir do bruithettar cethramha an mhadaigh cona cois féin uirre gan fios doibh féin. Agus do saoilettar gur foilghettar i ttalmain mar do ronsatt na cosa ele. Agus adubhairt Declan:—“Ní coss cáorach so acht coss mhadaigh.” Agus mar do cuallattar an luct fritholm sin do chuattar go luath dionnsuighe a tticcerna agus do insettar sin dó. Agus tainic Dercan dionnsaige Declain agus do creid dó agus do gabh baistedh uadha, agus tucc é féin agus a shlioct do Declan go brath. Agus tucc an baile sin do Declan agus do baisttedh a mhuintir. Agus do iarr ar Dheclán ní eiccin do bhennachadh isin mbaile sin do hainmneochtaoi dó féin go brath. Agus do bhennaigh Declan clocc do connairc sé; agus is é as ainm dó — clocc Dercain. Agus adubhairt Declan — “Faccbaim mar bhuadaibh ar in cclocc so da ngabha rí na nDéisi na timcheall agus é ag dol do chathuccadh lé na easccairdibh nó do dioghail a indlighid go ttiucfa se slán agus go mbera buaidh.” Agus do fíradh sin go minic gidhedh na daoine diomsacha tionnsgnas dol hiccath no i ndeabaidh go haindlightheach agus gabas ina thimceall ní búaid beirit síatt acht fagbhaitt buaid ga naimhdibh. Agus isé fa hainm don bhaile sin Tech Dercain. Agus isé a ainm anois Coningen 15 ó ingin na con, nó an mhadaidh a dubhramar. Is annsin tangatar an drong naomhso mar a raibhe p.52 Declan .i. Coman, agus Ultán mac Eirc, agus Mocoba, agus mac Laisrein, agus tuccattar iatt féin do Dia agus dochuattar fo riaghail agus fo smacht Declain.

31.

Agus do rinne Declan mainistir isin mbaile sin a Coningin agus do órduig sé an drong naomhso innte maille le buidhin ele da deisciplaibh gidhedh ruccsé Ultán leis féin mar a ndeachaid.

32.

Aimsir ele ina diaigh sin do cuaidh Declan go Breghaibh .i. a cédduthaigsiumh ria nionnarbadh a sinser. Agus fuair onóir mór ó rígh Temrach agus ó thiccernadhaibh na Midhe oir dob ionmain leo hé do brigh gur ab uatha fein do chuattar a shinnsir agus gur bí an tírsin a dúthaig firinnech agus gurab innte ata Temhair. Agus do cumhdaigh Déclan mainistir chanánach ann sin a bferann fuair ré ón rígh. Agus is uadha ainmnigter an t-ionad. Agus do facaibh mionn no leabhar cumhdaigh agus soiscél onórach do bídh aicce féin do gnath ar iomchar ann sin. Agus atá an soiscel inonoir móir isin ionadsin agus do gníther miorbuile uadha. Agus ina diaigh sin do iompó sé isin Muman.

33.

Do bi Declan la acc siubhal tre Osraighe agus do báil leis anadh iccaislén ann. Agus tuccattar luct an chaislean. The text wants a few lines at this place. A translation of the approximate missing portion has however been supplied on the other side, from the Latin Life. Agus tangattar na fir agus na mna sin ar na marach go humhal mar a raibhe Declan. Agus do innsettar dó a truaighe fuaratar an drong sin bás mar do bí afhios aicce sion. Agus do ronsatt sin aitricche agus tuccatar ionad onorach do Déclán ina nderna sé mainistir agus fuair tuilleadh ele ferainn agus tucc fo dera na mairbh sin dadhlacadh mar anderna an mainistir. Agus isé as ainm don mainistir Ceall Colaim Deircc. Agus is amhlaidh do bi an Colaim Dercc sin ina fhear búidh naomhtha do dheiscipal do Declán don rann toir do cuigedh Laighen iar mbunadhas .i. do Dál Messcorb. Agus is uadha ainmnigter an  p.54 mhainistir sin agus a ndiaigh an t-ionad sin do lesuccadh tainicc da ionadh fein tar a ais .i. dona Deisibh.

34.

La náen tainic Declan gus in ionad ris araiter ait mBreasail agus nis leiccettar aittrebaigh an bhaile sin ina ccaislen hé, agus do fhoilgettar anartraighe uile ionnus nach fedfadh dol da inis féin óir tuccatar an drong sin fuáth ro mór dó, gidedh do rinne Dia na nuile chumhacht ar son naomhthacta aóccláigh féin do guidh é maille le foighittin gur ionntó sé an mhuir na talamh tirim mar do chualabair thúas, agus do an Déclán an oidhce sin istápla fholamh do bí amuigh ar in ffaithce agus ní fhúair teine amáin o luct an bhaile. Agus as oirches táinic inneachadh o Dhía orrasan o nach raibhe do trocaire ionnta tene do thabairt do dheiscipal Dé óir tainic teine do nimh orrasan do loiscc iatt uile etir baile agus caislén ionnus go ffuil oshoin ina fásach mallaigti mar atá sccriobhtha on fáidh:—“Ciuitates eorum destrusti” 16 .i. discaoiltear cathracha na ndaoine míotrócairech.

35.

La ele do bí Declan ina duthaig fein ag suibhal Sleibhe Cúa is na Déisibh. Agus do bacaighedh aeach ó adhbhar eiccin, ionnus nar bheidir lé siubhal do dhenamh. Agus do connairc Déclan almha fhiadh acc siubhal an tsleibhe do thaobh dhe. Agus a dubairt le neach da mhuinntir: “eirig agus tabhair cuccam fíadh dibh sutt fom carpat in ionad mheich agus beir an bhraigdeach so let ar a cend.” Agus do imtigh an deisciopal agus nís chuir sin a cconntabairt no go rainic an fiadhach, agus do anattar go min cendsa ris, agus do ghlac an fiadh do ba mó agus rer cosmaile beith láidir dibh. Agus tucc leis hé, agus do chuir fon carpat agus do iomchair an fiadh go cennsa láidir easpoc Declain no go rainic sé Magh Feimhin. Agus do ghabh tech leaptha ann sin agus do leicc an fiadh uadha, agus adubairt ris a denamh amhail fa gnath leis. Agus le breithir an fhíreoin do iompó an fiadh iffiadhnaise cáich  p.56 uile sin slighid cedna tar a ais. Agus an neach a dubramar tucc an fíadh chum Déclain isé fa hainm dó Dormanach agus do bhennuigh Declan hé agus tucc ferann dó isin rann tuaidh do na Deisibh leth le hEoghanact agus mairid a slioct gus aníu isin ionad sin.

36.

La ele do baoi Declan ag siubal agus cuidecta mór maille ris mar fa gnath leis, agus do thuit neach dibh isin slighidh agus do brisedh a lurcca ar dó agus do connairc Déclan sin agus do ghabh trocaire do e agus adubart le nech ele an chos do chengal gunach faghadh se bás ó roméd a tinnis agus ateilccin fola. Agus adubhrattar uile nar fhettattar tré uathmairecht na cneidhe. Agus do bi nech ele don chuidectain dár bhainm Dalúadh agus do cuaidh go dána láidir do cum na cneidhe agus adubairt “In ainm Criost agus Declain ar bpátruin biaidh meisi im liaigh ag in ccois so” agus as dábhoct adubairt sin: gidhed do chengail go maith an chos agus do bhennaig go maith í in ainm Dé ⁊ Declain hi fiadhnuise cáich agus fa ferr sa các do bi sí an uair sin féin. Agus accionn tamaill bicc do chnesaigh an chnedh agus do bí slan. Agus tuccatar uile moladh do Dia, agus a dubairt Declan re Daluadh, “Do ghellais go mbeithea it liaigh ag in ccois sin in ainm Criost agus im ainmsi agus tucc Dia dhi bheith slan ris na briatraibh sin. Agus ar an adbhar sin biaidh tusa it liaigh dearbhtha, agus bhiaidh do cland agus do síol it díaigh go brath. Agus gibe do shaothrochad leighes in ainm De agus im ainmsi act nach raibhe fuath agaibh na saint iomarcach im luach leighis do bhéra Dia agus meisi furtacht dó.” Agus do coimhlionadh briatra Declain don druing sin.

37.

La ele do bi Declan ag siubhal isin rann tuaidh iMuigh Feimhin laimh le Siúr, agus tarla doibh duine aga raibhe lenab becc gá breith dia baistedh agus a dubairt Declan re na muinntir: “Anaidh ann so go mbaisttinedh an naoidhe útt,” 17  p.58 óir do foillsigedh dó on Spirat Naomh gur ab do do 18 Dhía do fhoighénadh sé. Agus adubairt an tocclach ris nach raibhe soidhtech no salann aicce chum an bhaistthe. Agus a dubairt Declan, “Atá soidthech fairsing aguinn an tSiúir agus do bhéra Dia salann dúinn chum na náiden so óir bádh naemhtha miorbhuilech é.” Agus do thoccaibh Declan lan a dhuirn dúir na talman agus do rinne urnaighe ina inntinn cum Dé agus do chomharthaigh o chomharta na croiche cesta hí. Agus do rónadh saland tirim geal di agus tuccattar cách uile aga fhaiccsin sin moladh agus onóir do Dhia agus do Declan. Agus do basttedh an naoidhe ainnsein agus tuccadh Cíaran dainm fair. Agus a dubairt Declán: “Oilidh go friochnam 19 an mac spioratalta so accamsa, agus cuiridh do denamh leighinn in aóis iomcubaidh é, chum duine craibhdhigh aga mbía an creidemh go maith óir bud solas dealraighteach an posta isin ecclais e.” Agus dob í an naoidhe sin Ciaran mac Eachac do chumhdaigh iar ffoirbhthiugadh dó mainistir onorach as a ndeachaid fein chum nimhe agus inaid ele maille fria; agus do rinne móran do mhiorbhuilibh agus do chomharthaibh naomhtachta. Agus isé ar ainm don mainistir sin— Tiprut, agus is ann atá sí isin leith thíar dona Deisibh in Uibh Faithidh ettar Slíabh Crot agus Slíabh Cua agus is deaspuccoidecht Declain hí.

38.

La ele tainic bean do mhainistir Déclain agus ni fada ón chathair mar ambiodh a comnuidhe. Agus do rinne gadaighect an lá sin isin mainistir mar do rinne go minic remhe, agus ise ní do goid sí .i. habellum, agus do imtigh on mbaile agus sin lé agus tarla uirre luct sliccedh moire agus do shluicc an talamh ina fiadhnaise hí agus do teilcc si an tabellum asa huct, agus do ronadh cloch dhe go luath agus do thoccbhattar luct na sliccedh an cloch agus ruccattar leo hí chum Déclan agus do conaircc Declan féin go spioratalta gach ní da ndearnadh ann sin ar in mnaói sin in inneachadh na  p.60 gadaighecta agus as mór do méadaighead ainm Declain ona miorbuilibh sin agus do gabh eccla cách uile ina fiadhnaise agus don taoibh amuigh de. Agus maraidh fós an cloch sin irreilic Decláin ina bhaile féin in Ardmór Declain agus hí ar na suidhiuccadh in ionad ard innte accuimhniuccadh na míorbuili sin.

39.

Duine saidhbir dar bhainm Fionntan do bi gan cloinn aige dáigh ba haimritt aben aimser mór do bliadhnaibh, agus tainic féin agus abhen cum Declain, agus do gheallsat almsana iomda do, agus gnathucchad dhegh oibreach, agus eisiumh do guidhe ara son chum cloinne dfágail doibh oir doba deimhin leosam act go nguidedh Declan ara son go ttiubradh Día clann doibh. Agus adubairt Declan an sin ar nguidhe Dé agus ar mbennachad na deisi sin: “Tiaghaidh dá bhar ttigh agus do ghebtáoi clann othiodlachad Dé.” Agus do imghettar an lanamhain sin maille le gairdechus mór an bhennaighthe, agus gheallta ar cloinn dá ttigh for ccúlaibh agus anoidche ina diaigh sin do chodail Fionntan a bfochair amhná agus do gabh sí toirrces chuice agus rucc dias mac .i. Fiacha agus Aodh, agus do battar síad, maille le na ccloinn agus le na slioct, fo chios agus fo mhancine do Día agus do Declan.

40.

Ar na fhios do neoch naomtha .i. dAilbhe Imligh lubhair dardeaspoc Muman go rabattar a laithe deighioncha a bfoccus dó, adubhairt lena deiscioplaib: “A braithre gradhacha isé do bail limsa mo chompanach rogradhach dfiossucchad ní as taoscca ina do gébh bás .i. Declan.” Ina diaigh sin do ghlúais Ailbe chum a slighedh agus tainic aingel Dé chum Déclain agus do innis dó Ailbhe do bheith ar slighidh da ionnsaighe. Agus do fhurail Declan la breithir an aingil ar na deiscioplaibh an tegh dullmugadh fa comhair Ailbe. Agus do chúaid ind airrcis Ailbhe gus an ionad re nabarthar Druim Luctraidh. Agus tangattar le ceile don bhaile agus do bás go roonórach ris ag Declan, agus aga phopul agus do bí Ailbhe ina focair ceithre la dég in onóir agus in gairdeachus. Agus ina dhiaigh sin do iompó p.62 an sennáomh tar a ais arís da cathraigh fein go hImlech lubhair. Agus tainic Déclan agus dáoine iomda lais go Druim Luchtaradh do thiodlacadh Ailbhe. Agus do fhurail Ailbe ar Declán iompódh da catraig féin agus do bí a fhios ag an días sin nach faicfittis a chele go brath arís ar an saoghal so. Agus ag delucchad le cele doibh do theilgettar dera treundoilge agus do chenglattar pairt agus cumann ettar luct anionad ina ndiaigh go brath. Agus do bhennaigh Ailbhe cathair Decláin agus a clíar, agus a popul agus do rinne Déclan mar sin dósan. Agus tuccattar pocca a ccomarta gradha agus sioda da ceile agus tainig gach neach aca da chatraig fein iarsin.

41.

La náen do ghabh teine caislen righ na nDeisi .i. Cinaedh, agus do las go dasactach. Agus tarla go raibhe Declan ag dol dionnsaighe an chaislein le gnouigibh eiccin, agus rob olc leis mar do connairc an caislen ar lasadh agus tucc urchar don bachaill adubramar leis ar traighedh an muir dionnsaighe an chaislein agus do chúidh si ona scciatanaibh diadha ar foluamhain isin aer go rainicc medhon na lasrach agus do much go hopann an lasair uaithe fein do grasaibh Dé, agus tre miorbhuilibh na bachlae agus Declain ag a raibhe sí. Agus dob fada an mile on ionadh asar chaith Declán an bhachall gus an ccaislen agus ar bfaicsin na míorbuili sin don rígh .i. do Chinaed agus do chách uile rob iongnadh leo hé. Agus tuccattar buidechus do Dhía agus do Dheclan ar na aithne doibh gur ab e do rinne sin. Agus ní fada on tSiuir an t-ionad ina bfuil an caislen sin .i. don taobh theas dhi. Agus is ann atá an t-ionadh asar chaith Declan abachall laimh sir an ath atá ar an Siuir, no sruth gabhus laimh sir an mainistir do rinneattar na hogha naomhtha ingheana righ na nDeisi, .i. Cinaodh, a nonoir do Dhia dar ab ainm Madlaca agus ata carn cloch agus cros annsan ionad sin do cuimniughad na míorbhuile sin.

42.

Araile aimser tainic cobhlac eactrann dionnsaighe cathrach Décláin agus asé doba sún doibh an baile do milleadh p.64 agus do creacad ettar dáoinibh agus cetruibh oir doba daoine do bí inacchaid an creidimh íatt. Agus tangattar móran do luct an baile le deibidh 20 móir dá innsin do Dhéclán an coblach sin do bheith ag tect dionnradh an bhaile agus da rádh furtact Dé diarraidh in anaghaid. Do bí a fhios ag Declán an nech doba naomhtha conaighe dá deisciplaibh féin agus tar attangamar túas .i. Ultán, agus do fhuráil air guidhe Dé do denamh in acchaid in cobhlaigh. Agus do gabh trocaire Ultan don phopal Criostaighe agus do cuaidh Ultan go luath le breithir Decláin in acchaid in chobluigh agus do togaibh a laimh clí ina nacchaid. Agus ar in lathair sin do shluig an fhairrge íatt mar shacaibh lán do luaighe. Agus do tionntóidhedh na mairnealaigh déis a mbáitte hi cclochaibh móra. Agus ní fada amach o tír an t-ionad ina bfuilit imbél an chuáin agus as follus iad isin bfairrge go hard ó shin anúas agus gac uile Criostaighe do connairc sin do gabh gáirdechas agus luathgaire iad, agus tuccatar moladh agus gloir do Dhia agus do Declan da bpatrún féin da ttainic na iniorbuile sin do dhénamh agus morán do mhíorbhuilibh ele maille friu. Agus do bí imresain etar Ultan agus Declan fán míorbhail sin óir is a leith Declain do chuireadh Ultán iad, agus is ar Ultan do chuireadh Declan íad. Agus ata mar shenfhocal ar cuimhne in Erinn an tan docluinit periacail no guasact con abraitt siatt:—“Lámh clé Ultáin it aghaidh.” Agus do bí Ultan indiaigh báis Declain ina abb miorbhuilech ar móran do mhancaibh naomtha ele.

43.

Do chuir an t-airdespoc naomhtha glórmar .i. Patraicc neach da deiscioplaibh fein cum Declain le cumhactaibh agus le haithne an airdespuic. Agus ar ndol dó isin rann teas dona Deisibh do baidhedh in abhainn ainnsein he da mile ó chathair Declain. Agus ar na chlos sin do Declan rob olc leis agus adubairt:—'Go deimhin as olc lim deiscipal Dé agus Patraicc do chuir dom ionnsaighe é (abhann im dúthaig féin da bhathad) déis Ereann do shiubhal dó agus gabaidh mo carpat damh  p.66 go luath go ndechainn dfechain a thaise ionnus go ccluinedh Patraic deithite agus toirsi do bheith agam fa bhás a deiscipail.' Agus do tóccbadh roimh Declan an corp ag daoinibh ele do bi accomhfoccas dó. Agus do cuiredh in eletrom é dá bhreith cum Ciárain da adhnacal agus tarla do Declan iátt isin sliccid. Agus do fhurail an corp do thurnamh go lar. Agus do ba doigh leosamh gur abe a ord marbh dob áil leis do radha. Agus do chuaid mar a raibe an teiletrom agus do toccaibh an brat do bi ar acchaid agus do connairc teimlighthi mignéthech í mar bíd aighthe na ndaoine báitter. Agus do rinne urnaighthe and sin cum Dé agus do dhoirt dera agus ní chúala énduine ni da ndubhairt. Agus a dubhairt ina diaigh sin:—“In ainm na Trinoide, in ainm an Athar agus an Meic agus an Spiorait Naoimh dá niomchuirimse cuing crabaidh eirigh cuccainn oir do aisic Dia do bheatha damsa.” Agus do eirigh go luath leis an nguth sin agus do bhennaig do Dheclán agus do cách uile. Agus do ghabh Declan é maille le honóir agus a dheiscipuil. Agus do bí sé ann sin gan beith slan 21 act mar dhuine ar néirge a heslainte no go ttainic se an diaigh achele chum slainte. Agus do chúaid le Declán agus do bí aimser ina fhocair agus do fhás gairdechas mór iccathair Declain dona miorbuilibh sin agus do lethnaigh a ainm agus a clú fona criocaibh accoitcinne. Agus do bé ainm an deiscipail sin Phatraic, Baillin. Agus do iompó chuicce maille le gairdechas mór agus ro innis dó Déclan día aithbhéougadh agus do innis do mhóran ele narbhé. Agus ar ccloistin na míorbhuile sin do Phatraicc hi ffiadnaise móran do dhaoinibh tucc grasa agus moladh do Dhía agus do mheádaigh ainm Declain.

44.

An diaigh na miorbhuile nemhgnathacha sin do dhénam do Declán dob áil lind crioc do cur ar ar comrada. Agus na p.68 miorbuile iomda do rinne sé nach scriobhthar annso do tuiccsin agus daithne as an méitt do scriobhamar dibh. Agus dob ail linn fós a fhios do bheith aguibh gus slánuigh sé daoine esslána agus gur shoillrigh sé súile daoine ndall, agus gur ghlan daoine ó lubhra agus go ttucc siubhal do bhacachaibh agus go ffuair eistect do bhodhraibh agus moran decsamlact tinnis in ionadhaibh iomda ele ar fud Erinn do shlánucchad ag nach sccriobhtar annso iatt lena ffad, agus ar a lionmairect le na scriobhadh deccla go madh eimhilt le lucht a legtha no a neistecta moran do labairt daon pearsain amháin. Agus ar an adhbhar sin leiccfem torainn íatt.

45.

Agus ar na thuiccsin do Dheclan gur bó gerr alaithe deighioncha uadha agus go rabhattar angar dó tuccsé a dhalta féin da ionnsuighe .i. Macliag as an mainistir ata san taoibh toir dona Deisibh ar chomair Fhear-nGailian ionnus go ngabadh se Corp Criost agus a Fhuil agus Sacramainti na hEcclaise asa lamhaib in uair a bháis. Agus do foillsig se la a báis da dheisciplaibh agus do fhurail a breith da catraigh fein oir ni hinnte do bí an tansin act i sella bhecc onorach do ordaigh se do denamh dó, etar an cnoc re nabarthar Árdmor Déclain agus an mhuir in ionad chumang ar bruach na fairrge agus as laimh ris gabhas an srutan glan solus on cnocán anuas chum an mhara agus atád croinn agus biledha aga timchealladh re nabartar Diseart Declain. Agus as becc an mile uadha go nuicce an cathair. Agus ise adhbhar far gnataigh Declan beith ann do theichead o trioblóid agus o chongáir, ionnus go ffetfad sé bheith ag leghadh agus acc urnaighe agus ag trédhenas ann, agus nir burasa do beith annsin fein ger buáignech e ar iomat a dheiscipal agus a bhocht agus a oilitrech agus a ceithirne do bídh ina diaigh. Agus do bí se deigheinigh búidh trocaireach, agus ar an adhbhar sin aderar ona senndaoinibh go mbíttis  p.70 slúagh mor do ghnath i ccoimhitecht Declain agus do ba ro ionmhain leis an sealla becc ar an adhbhar sin adubhramar agus aittreabait daoine iomda crabhaidh ann do gnath. 22

46.

Iar mbeith do Declan easlan agus anbfann ina bhrioghaibh do leith a chuirp agus slan ó dotcus agus ó creidemh agus o gradh De tainic da chatraigh fein ar ccrunniucchadh a phopail agus a deiscipal agus a chleirech ina timhcell. Agus de shenmoir doibh aithenta Dé. Agus do teccaiscc doibh a mbetha do thabarth as go maith andiaigh a bháis féin agus beith umhal dona huactaránaibh agus a lorcc fein do lenmain mar as mó do fedfattáis agus achathair do coimhéatt i staid agus irriaghail crabaidh. Agus ar neistect an chomráid sin do cach do chuir orra go mor a fhis do beith aca go rab trit adubairt siumh sin go raibhe a fhios aicce gur gherr in aimser go rachadh sé chum nimhe uatha féin. Agus do chuir solas orra o bhriatraibh cennsa agus tuccadh chuicce ann sin an nech naomtha adubhramar .i. Macliag a dubairt fein agus do ghabh sé Corp Criost agus a Fhuil agus Sacraimint na hEcclaise da láimh etar a naomhaibh agus a dheisciplaibh agus do bhennuigh a phopul agus á serbhóntaidhe agus a dheiblein agus do pócc íatt a ccomhartha gradha agus siodha. Agus mar sin ar sccrios iomháighedh agus edbartha na na modal agus ar hiompódh morain do phoiplibh chum creidimh agus ar norducchad mainistreach agus órd na hecclaisi in ionadhaibh ecsamhlaibh agus ar ccaithemh a aimsire go conaigh agus go naomhtha do cuaid an t-epscop glormar sin .i. Declan, leis na hainglibh go flaithemhnas glórmhar isin náomhadh Kl 23 do mí August agus do naomadh a chorp agus do honóraigeadh o Aiffrionnaibh agus o channtairecht le naomhaibh agus le popal na nDéisi agus le na mhanchaibh agus lena dheisciplaibh fein ar ttiomarccain chuicce as gach aird in aimsir abhais. p.72 Agus do hadhlaicedh go honorach e ina catraigh fein in aird Declain isin tumba do comhartaigh se fein o fhurailemh an aingil neoch do ní miorbuile agus comharthadha naomhta osin anúas agus do cuaid in áentadh an Athar agus an Mheic agus an Spirait Naoimh in scecula sceculorum, Amen. Finis.

An brathair boct Michel O Clerigh ro scriobh an betaso Décclain icCaiseal an ceidfeacht as leabhar Eochada Ui Ifearnain. Aois Criost an tráth do scriobhadh an seinleabhar sin Eochada 1582. Agus ro aithsccriobhas anosa an bheta cettna i cconueint na mbrathar ag Dhrobhaoís aois tigerna an tansa, 27 Febru 1629.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Life of St. Declan of Ardmore

Author: unknown

Editor: Patrick Power

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Benjamin Hazard

Proof corrections by: Paul O'Rahilly

Funded by: University College, Cork and Professor Marianne McDonald via the CELT Project

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 12575 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland — http://www.ucc.ie/celt

Date: 2004

Date: 2008

Date: 2012

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G201020

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching.

Series statement

Title (): Irish Texts Society [Comann na Sgríbheann Gaedhilge]

CELT document ID: 16

Notes statement

You can purchase the book(s) containing this text via the ITS website (http://www.irishtextssociety.org/). Click on the link to the RIA shop.

Source description

Manuscript sources

  1. Brussels, Bibliothèque Royale MS 4190–4200 [in the handwriting of Mícheál Ó Cléirigh].
  2. Dublin, Royal Irish Academy MS 23 M 50, pp 109–120. This is a copy (dated 1740) of one imperfect exemplar.

Edition

  • Charles Plummer (ed.), Vitae Sanctorum Hiberniae (2 vols, Oxford 1910) ii, 32–59. (Latin Life)

Literature

  1. James Ussher, A discourse of the religion anciently professed by the Irish and British (Dublin 1631).
  2. John O'Donovan (ed.), Miscellany of the Celtic Society (Dublin 1859) 1–144.
  3. Eugene O'Curry, Lectures on the Manuscript Materials of Ancient Irish History (Dublin 1861).
  4. Patrick Power, Log-ainmneacha na nDéise: The place names of Decies (Dublin 1907).
  5. P. J. O'Donnell, The Christian episcopate in Ireland before St Patrick, Ecclesiastical Review 58 (1911) 258–74.
  6. Charles Plummer (ed.), Beatha naem nÉrenn (Oxford 1922).
  7. James Kenney, The sources for the early history of Ireland (2 vols, New York 1929).
  8. Patrick Power, Ardmore-Deaglain: its founder and early Christian memorials (Dublin 1931).
  9. Paul Grosjean, Notes sur quelques sources de Antiquitates de Jacques Ussher, Analecta Bollandiana 77 (1959) 154–87.
  10. M. A. O'Brien, Corpus genealogiarum Hiberniae, vol. I (Dublin 1962).
  11. Kim McCone, An introduction to early Irish saints Lives, Maynooth Review 11 (1984) 26–59.
  12. Tomás Ó Cathasaigh, The Déisi and Dyfed, Éigse 20 (1984) 1–33.
  13. Richard Sharpe, Quatuor Sanctissimi Episcopi: Irish saints before St Patrick, in: Donnchadh Ó Corráin, Liam Breatnach and Kim McCone (eds.), Sages, saints and storytellers: Celtic Studies in Honour of Professor James Carney (Maynooth 1989) 376–99.
  14. Richard Sharpe, Medieval Irish Saints' Lives (Oxford 1991).
  15. A. A. Colmcille, Where was Sliabh gCua?, in Decies: Journal of the Waterford Archaeological & Historical Society 46 (1992) 5–9.
  16. T. G. Fewer, The ruined church of Killea: a consideration of its date and foundation, in Decies: Journal of the Waterford Archaeological & Historical Society 52 (1996) 151–167.
  17. F. J. Byrne, Irish kings and high-kings (London 1973, reprint Dublin 2001).
  18. Dónal Ó Conchúir, Ardmore and Lismore: the Christian antiquities of Ardmore and the legacy of the Lismore monastery (Waterford 2001).
  19. Philip Rance, Attacotti, Déisi and Magnus Maximus: the case for Irish federates in late Roman Britain, in Britannia 32 (2001) 243–70.
  20. Pádraig Ó Riain, Irish saints' cults and ecclesiastical families, in: Alan Thacker and Richard Sharpe (eds.), Local saints and local churches in the early medieval west (Oxford 2002) 291–302.
  21. Pádraig Ó Riain, A dictionary of Irish Saints (Dublin 2011), 258–260 (with bibliography).

The edition used in the digital edition

Power, Patrick, ed. (1914). Life of St. Declan of Ardmore, Life of St. Mochuda of Lismore, with an introduction, translation and notes, by Rev. P. Power, M.R.I.A., University College, Cork‍. 1st ed. xxxi + 202 pp. (Errata; v Preface; vii–xxxi Introduction; 1 plate [Principality of Decies]; 1–73 Life of St. Declan; 74–147 Life of St. Mochuda; 150–177 Notes to Life of Declan; 178–195 Notes to Life of Mochuda, 196–202 Index.) London: Irish Texts Society.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@book{G201020,
  title 	 = {Life of St. Declan of Ardmore, Life of St. Mochuda of Lismore, with an introduction, translation and notes, by Rev. P. Power, M.R.I.A., University College, Cork},
  editor 	 = {Patrick Power},
  edition 	 = {1},
  note 	 = {xxxi + 202 pp. (Errata; v Preface; vii–xxxi Introduction; 1 plate [Principality of Decies]; 1–73 Life of St. Declan; 74–147 Life of St. Mochuda; 150–177 Notes to Life of Declan; 178–195 Notes to Life of Mochuda, 196–202 Index.)},
  publisher 	 = {Irish Texts Society},
  address 	 = {London},
  date 	 = {1914}
}

 G201020.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

The electronic text represents pages i–xxxi and even pages 2–72 of the printed edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been proofread twice.

Normalization: The electronic texts represents the edited text. Variant readings from RIA MS 23 M 50 are omitted, but editorial footnotes are marked note type="auth" n="". Text in Latin and English is indicated.

Quotation: Direct speech is marked q.

Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, this break is marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation: div0=the saint's life; the front matter contains the introduction, and is tagged div. In the main text, div1=the chapter. Page-breaks are marked pb n="".

Standard values: There are no dates in the text.

Interpretation: Names of persons, groups and places are not tagged.

Reference declaration

A canonical reference to a location in this text should be made using “caibidil”, eg caibidil 1.

Profile description

Creation: copied by Michél Ó Clérigh from the book of Eochaidh Ó hIfearnáin 1582–1629

Language usage

  • The text is in Early Modern Irish. (ga)
  • Some text is in Latin. (la)
  • Some footnotes are in English. (en)

Keywords: religious; prose; medieval; Saint's Life

Revision description

(Most recent first)

  1. 2008-09-30: Keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2007-12-14: Note inserted in header. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  4. 2005-08-09T12:06:59+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  5. 2004-09-16: Minor changes to header; file re-parsed; HTML file created. (ed. Beatrix F¨rber)
  6. 2004-09-16: Bibilography compiled; file proofed (2); footnotes and additional markup added; file parsed. (ed. Benjamin Hazard)
  7. 2004-07-03: Text keyed in and proofed (1). (text capture/ed. Paul O'Rahilly)

Index to all documents

Standardisation of values

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Other languages

T201020: Life of St. Declan of Ardmore (in English Translation)

Source document

G201020.xml

Search CELT

  1. formu written in later hand above line. 🢀

  2. Gen. 28, 12. 🢀

  3. Psalm 58, 36. 🢀

  4. Beanus, in the Latin version. 🢀

  5. Lachnyn, in the Latin version. 🢀

  6. Caminanus, in the Latin version. 🢀

  7. Lacuna ends. 🢀

  8. John 15, 16. 🢀

  9. See this form in Keating (Three Shafts) &c. 🢀

  10. Declan's alleged speech is of course a paraphrase from the writer's purpose of the judgment of Moses on Core and his impious adherents. 🢀

  11. Thus in text; usually go bráth. 🢀

  12. Psalm 9, 8. 🢀

  13. Le, as alternative, above line. 🢀

  14. Mark 16, 18. 🢀

  15. Note on margin:—Coinionga potius ó ioiguin na con. The text has ingin, filia, and the marginal note is thus corrective and not explanatory. 🢀

  16. Psalm 9, 7. 🢀

  17. Recte, go mbaisttim &. The original had ann annro go mbaisttim annaoidhe útt but the scribe's eye went back to the first ann, and instead of writing the letters preceding the second ann, he wrote what preceded the first. 🢀

  18. Thus the MS.—i.e. dittography. 🢀

  19. Probably 'friochnamach'. 🢀

  20. Thus in the text it ought be deabaidh. 🢀

  21. uile is written above the line. 🢀

  22. The corresponding chapter in the Latin Life ends thus “Ipse enim largus ualde pius et clemens erat et inde fertur nobis ab antiquis ejis discipulis quia magnus exercitus in comitatu ipsius consuete fuerat. Et predictam suam cellulam multum diligebat in qua poterat saltim breui tempore theorice Deo uaccare, et uiri religiosi semper in ipso loco habitant”🢀

  23. i.e. Kalends. 🢀

CELT

2 Carrigside, College Road, Cork

Top