CELT document G207005

Une version irlandaise du Dialogue du Corps et l'Âme

Unknown author

Edited by Georges Dottin

 p.8

Agallamh an chuirp ⁊ an anma idir mionoibrighthib an Dochtúir Dhiadha .i. Robert Easbocc Lincolin ai Sagsaibh.

1.

A cholann bhocht mhítrocairech, a chnu chraosach na n-anmhíana, a-reilic na mallachta agas éisdechta easgcaoine, créud do chuir san riocht sin thú, gan deilbh, gan dreach, gan bhíadh, gan eudach, gan tréoir, gan tapadh, acht amháin an peacadh; créud do leig ar lár thú gan mhuirnin, gan mhaóir, gan mhuinntir acht an peacadh; créud é an ní chuir bón ós cionn do smúaintighthe sanntacha saoghalta, acht h-uabhar, ⁊ honóir, do ghairm, ⁊ do ghlóir; nach fán breacadh do rinnis gach droch ghníomh dá n-dernuis; nach tusa do bhí ané go subhach, suaithnigh sotalach, go madhrach mórdhalach ⁊ go meardha p.10 meanmnach ar an t-saogul bhocht breagach so, lán dhiomus, ⁊ d'aimidecht? gídh ataoi thú aniodh faoí thorpán criadh, gan t-shuim, gan aráid, budh h-uaibhrecht ionghanntach míthuigseach go t-trasda thú; ca bh-fuil an forba, no an feronn, nó an finechus do bhí tú a chruinniughadh ariamh; ca bh-fuilid na cúirtiona no na caisléin do chuir tú súas; car ghabh an crodh, an clann, an conách do sholáir tú; ca bh-fuilid an buna ⁊ an bhanntracht, an t-aoibhnios, an t-ól, an céol, an comhlúadar, an lucht freasdail ⁊ fritheoilte do bhí agad dod réir.

Dar n-dóigh as aislin do chonnairc tú, acht cionnus thaithnighios leat anios an adhbhadh dheroil-sin ina bh-fuil tú tú anios ad luidhe id t'aonar san uaigh, gan lucht énleapadh, acht péisdeogadh na talmhan dod chrinn; uch, uch, is mairg do lesaigh lé h-iomad sóigh an corpan sin doibh; feuch anios muallach do thighe ag tuitim ar do shróin gan ced iompódh go deó agad; atá do shúile dúnta, do bhéul druite, do thenga gan úrlabhradh, do chluasa gan éisdecht, do chétfadh uile ar g-claochlódh, ⁊ do cháilidhecht ar n-dol seacha, acht do thruime amháin; d'imidh p.12 do lúth, ⁊ do lámhach, do ghoil, ⁊ do ghaisge, d'imidh do chommóradh oirechtus aoibhnis ⁊ aiéir, do charuid ⁊ do chompanach gacha taobh dhiot, do bhris blath do bheatha ⁊ caoindhealbhadh do phárta ré do mhnaoi, ré do chloinn, ré do chinnedh ⁊ ré cách uile go coitchionn, ar mhodh go bh-fuil na h-uile dhuine lán d'fuathfairecht ort, budh dheasda ní bhíadh do chumhaigh, na do thuirsi ag cur ar do bhancheile ní sia, óir do thruaghlidh h-ailne, ⁊ innioll do chuirp, ⁊ do sgéimhe, ⁊ farraor biodh nach mothaigion tú duagh, nó dochar, is géarr uait na píanta siorraidhe suathain ⁊ aontíghios daor an diabhail a n-dún bhróghach dhuaibhsech iffrinn ⁊ adubhairt: “mo mhallacht ort, a cholann ghearghuinioch fá dheoigh, is diombhúan ar g-comann, a chriadh fhollam, is mairg dar t-tugadh mar chompánach nó mar chéile thú, a drochbhean mhilltech mhallaighthe, is olc do mhíana, a phéisd ghranna, is tú do mhill mise, is truagh an tuigsi a t-tigh iffrinn a n-diol do mheisge, is búan me faoi dheacra.”

 p.14

2. Freagradh an chuirp ar an anam

A h-aithle na h-eolchaire, ⁊ an ghearáin-sin do dhéunamh don spiorad, d'eirghe an colann na seasamh amuil ⁊ mar do bheith sí beó, iar n-déunamh mórosna, ⁊ egcaoine dhi as e ró-raidh: “Cia thusa chanus na briathraibh buile sin liom, nach tú an t-anam do bhí ag stiuradh an chuirp si go t-trásda, má's tú cheana, ní fior dhuit a n-abair, óir is uait immorro tháinig an uile olc chugainne, ar an adhbhar gur chruathaigh Dia thusa mar dheilbh, ⁊ mar chosmhuileacht a n-aon anam amháin thú ⁊ go t-tug trí tiodhlaice dhuit, mur atá tuigsi, toil, ⁊ meabhair, tuillead oile, go t-tug cétfadh aille examhlaidhe uaisle dhuit maille lé h-ioliomad gsa ⁊ tiodlaice chuir 'na chenn, fós gur graidhigh comh mór ⁊ sin tú ar mhodh go t-tug a aonmhac féin ar do sgáth ar bhearaibh na croiche césda, chum do shaoradh ar sclabhuidhecht an diabhuil, thug mur an g-cedna mise bhochtóg dhuit chum do shaothair, ⁊ chum do sheirbhise, ionnus go n-dennmís léorghniomh, ⁊ leasughadh, ⁊ go bh-fuighmis loghadh ⁊ luaidhecht ar saoghal-so, acht atá ní cétna budh h-airm a laimh amide na tiodhlaicthe sin do thabhairt dhuit-si ⁊ budh p.16 maith ar an n-duine maith do dheanamh ort, óir do bhris tú an dlíghe ⁊ do ghlac tú slighe chodarsna na lochta, ar an adhbhar sin ó's tusa an bhantigherna ⁊ gur mise an bhanóglach ⁊ gurab agad-sa do bhí an chíall agas an tuigsi tré ar dhligh tú sinn ar aon do stiuradh ansa m-beatha iolchrothach shaoghalta so. Is truagh thug do thoil, ⁊ haonta chum na n-droch n-gniomhartha truaghlighthe toirmesgacha, ⁊ do deimhin ó thugais go h-egcorach eigceart, is ort féin is córa aith-bher gach uilc do bheith, ⁊ ní oram-sa donóg do bhí gan chéil gan reusún; a Dhia nach léor dham m'fhuil, ⁊ m'fhéol bheith ag leaghadh, loghadh, ⁊ ag morgadh go n-dearnaidh cnumha gniomhacha grana bios ag creim mo colla ⁊ mo chnámhadh san g-carcair chruaidh chumhang si anna bh-fuilim ar sgath uilc ⁊ do dhrochghniomhartha ⁊ gan mo dhamnughadh go siorraidhe acht mo núair is gin do-chuaidh ó fhurtacht me” ⁊ adubhairt an rann mar leanus:

  1. Anam nach dernadh mo leas
    druid uaim ó rinnis m'aimhleas
    A m-brigh iffrinn cúis gan cheilt
    budh soiléir ann ar g-comhghleic.

 p.18

3.

“Ní fhuigfiod-sa thú fós”, ar an spiorad, “acht seasfad ad t'aighed ⁊ tairgfidhd h-aighnios égcórach do chur ar g-cúl ⁊ as é adubhairt: 'A chollann thana, tholl, thruaillidhe, a bhochtóg, bhocht bhelsgaoilte, a shaeáin shiabhartha shalach, agas a chonablach mhillte, mhallaighthe, a sheanbhaidh sgaoilte sgannalaigh, amid uallach amhnaireach dhoilighthech, a dhrochomhairleach, cia mhuin duit labhairt comh gér ⁊ sin riom-sa, tuig chena gídh go n-abair tú móran don fhírinne gan fheuchuin do sin, an tan budh mían liom-sa srían do chur ré h-anmhíanaibh, ré píanta corpurdha, ré h-anshogh, ré tart, ré trosgadh, ré tuiruis, ré dusacht fhada, ré droch leabadh, ré smúaintigh diadha, ⁊ ré h-úrnaighthe, gurab ansin do thionsgnadh diomhaoines an t-shaoigil do thaithneamh leat-sa mur aliogán iongantach, gur tharraing brígh do chétfadh cuige féin go h-uile, ar mhodh gur léigis tharad an uile ghníomh grásamhuil 's gach brudach coinsias ⁊ tegasg seanmóra dá bh-fuairis ó Dia ariamh, ag muchadh soillsi na tuigsi, ag ithe, ag ól, ⁊ ag potairecht, ag briseadh na n-aithionta, ⁊ ag seachnnadh na suabhailce, ag labhairt go gáirseamhuil, tabhairt a sámhius féin dona cétfa corpurdha, do ghrés nó go rug teanndhaladh ⁊ anbhuaneadh an bháis a líonta damannta an t-sheannpeacadh p.20 ort nó gur thuit tú a g-cétóir san leabadh phíanta sin ann a bh-fuilir, as lár h-aoibhnis ⁊ h-acfainne, agas gan ar do sheilbh, acht an eisléine amháin, anios is fíor gurab dhamh-sa budh do stuiradh ó anfadh agus ó anbháin urchóide na beatha sin, óir is agam-sa do bhí árdthighearnus ort, gidheadh ó mheall tusa me ré clúaine saimhe shaogalta, ag tabhairt uirruimme dhuit go h-aibhrisc tuitmeach, aithrisim dhuit go firinnech gurab tú as mó tabhadh na b-píanta dhúinn; acht chena ní bhéram ar ar n-athrígh feasda” íar t-tuigsin don cholainn gur b'fhíor don spiorad an comhradh sin, do sgread, ⁊ do sgréuch ag gul ⁊ ag egcaoíneadh a lochta ⁊ do thionsgain ag comhrairc ar a mathair Eubha ⁊ adubhairt:

  1. Nior bh'eol di an chain do chomhall
    mo thruaighe nach raibh ar a bhfuighioll
    bean do chuaidh ar fad abhall
    do rug m'anam uaim ar ubhall.

4. Freagradh na Colla

Do fhreagair an corp an t-anam ré briathraibh guilighthe, ⁊ as é adubhairt: “A chara ionmhuinn go t-trasda atá ar g-cuirrthedh a bh-fiadhnuisi Dé ⁊ an t-shaoigil ⁊ a lathair ar t-tigherna p.22 Iosa Criosd, ar an adhbhar tar éis é dar g-cennach, go daór doilighthe dó-fhaisneisi, do leighidhmair lúach fholla ⁊ fheola amudha, ⁊ a n-aisge a n-geall ar mhaithes deareoil ⁊ ar sholás géarrbhúanach shaogaltha ⁊ atámuíd anios na eiraic sin dar n-dóth a g-cuidechta chéile chum na b-píanta siorraidhe súathain, tre mhór cheart Dé, ní h-ionann cuir dhúinn ar aon ar an adhbar gurab agad-sa do bhí stiuradh na beatha d'imirt go maith, ⁊ dá bhrígh-sin, is córa an breithemnus as truime, ⁊ is cruaidh do thabairt ort, óir is féidir a dhearbhadh ré h-aoliomad résúin; dá mudh áil leat-sa Dia orrdhercach uilechumhachtach d'adhradh go foirfedh ⁊ gan onóir Dé do thabhairt don t-shaoghal, na don chollainn ar chomhairle an dhiabhail, acht an deileamhuinn do ghradhugudh go critheglach comhdach macamhuil ós cionn an uile chrétúir, d'eireochadh dhúinn arís go maith; dá n-déanta cóir ⁊ comhthromh idir an trén ⁊ an truagh, ⁊ gan do lámh láidir do leagadh go trom ar an anbhfhann, acht do dheirc do thabairt do locht an gill ar Dhia, ⁊ ar dhiollechta ⁊ baintreachadh do chumhdach, ⁊ gan díbeirt do dhéunamh ar eaglais, do dentaoi trocaire fá dheoigh orruinn, an treas feacht, dá seachanta drochchomhlúadar na n-droch dhaoine millte mailisecha do bheir aighedh ar an uile p.24 olc go míchoinsiasach, ag imirt, ag altrannus, ag déunamh feille fionghaile, ⁊ ag dúnmharbadh ⁊ ag creim ⁊ ag cainedh daoine eille, ag tabhairt na mionn mór, ag imdheargadh Dé 's na naoimh, ré h-ithibh, ré blasphemia, ré tiomantaibh diabhlaighthe dó-coisgidhthe, ní daméontaoi mur so choidhche sinn, ⁊ ní bhearadh dimhaoines ar chechtar dhínn; anios tharrlaidh mise cengailte posda leat-sa ann ar m-beatha ⁊ go bhfhúarus rann dod shochar talmhande ⁊ dod shólas saogalta, acht as fíor nach t-téid maith amughadh, nó olc gan dioghuilt, acht is é as luaidhecht damh-sa ar son do mhailíse do-chí tú anios a láthair, 's na baill a n-dernmar na lochta atáid agat, ag líonnadh, breantus morgadh, ⁊ drochbhaladh ag techt dhiobh, atáid ciorogadh cnumha, ⁊ péisde, aithreacha nimhe, agas deamhuin aiéir ag dul trid eochair mo chleibh ⁊ mo chluasa, tre fhuinneogadh mo chétfa, ⁊ tre adhbhadh mo bhronn ⁊ as measa na sin an teghdhais caol cumhang so ann a bh-fuilim go dúnta daingen druidte go h-aonnaránach go lá an breithemhnuis deighnigh, mo thruaighe mo thruaighe biadh siad dom chrádh go méinig míthrocairech, gan fheuchuint do sin, atá fhios agam go n-eireochadh me lá éigin id chuidechta-sa, ⁊ farraor ní h-athrugudh ar ghlan sin ón úaigh go sliabh Sion, ⁊ as sin go teinntibh tenndhala iffrinn, áit a m-biam dar b-píanadh an feadh bhias Dia ag caithemh na glóire, ó bhás go bas do chuaidh ós cionn an uile uathbhás, ó bheatha go beatha ⁊ ó phéin go peannuid, gan crioch, gan foirchionn, is truag sin ag dul d'éug gach momint, ⁊ gan ar ar g-comus dul ar neimhní, acht a bheith gan críoch, gan foirchionn, croithbhéo go siorraidhe, a chriosdaidhe p.26 croidhe cuireadh na briathradh-so eagla ort, ⁊ dén aithrechus, tuig go grinn na roinn-so romhad.”

  1. fiodhbadh chrionn chnámhadh na colla
    cumhdach fallsa féoil mo bhall
    uir gan tora criadh na colla
    talam me ⁊ anam ann
  2. úir mo charad tar uir oile
    ní aithnighim in san úaig
    ag so um láimh é 's ní aithnighim
    cnaimh an té d'aithnin uaim.

5. Nuallghubha an anma

Is annsin d'éigh an spiorad ré nuallan truagh tuirsech, ⁊ ré truaghthuirsi aighmhéil treabh aoineach, go gruamdha geránach ⁊ go dían diocra diochoisgedh, ⁊ as é ró-ráidh: “Uch, uch, is truagh do rugadh me, uch, uch is truagh do ginnedh me, uch is truagh do cuireadh san g-colainn ghranna-so isteach mé, is mairg dham nach mo chloich, nó mo mhaide do bhios ó nádúr, na neithibh neamhurchóidech. Mo sheacht mallacht ar lá mo thuismighthe, is truagh nar éirigh crainn, ⁊ clocha, gaoth, ⁊ aiéir, ranna, ⁊ relanna an chethardhuil a g-coitchinne um aighedh dom chur ar neimhní i m-broinn mo mhathar sul tháinig dham dul san riocht-si an aighedh mo thigherna; acht mo chrádh crét far chruthaigh Dia me, ⁊ a fhios aige go rabhus ar sligh dhamannta; acht is ró bheannaighthe cóir conáigh gleas na n-ainmhintibh bruideamhla, óir téid ar neimhni uile éidir anam, ⁊ chorp tar éis a m-báis, gaoi féin gan damnughadh, a rígh nimhe, is truagh nach mar-sin éirghios don p.28 peacach bhocht tar éis euga, ⁊ níor sharbh a dháil fa dheireadh, acht farraor is searbh, ⁊ is ró shearbh mar chim-si”, is annsin do ghlac racht gola ⁊ olchuire an t-anam, ⁊ do-chan na briathradh-sa:

  1. Mo sgread is truagh mo chás-si
    mo bheith beo is trúagh an trath-si
    créud fá n-dearnus cionta grana
    a n-aigheadh De, ⁊ maithes m'anma.
  2. 's nach don chloinn me shíolradh ó adhbha
    acht creatúr do chruthaigh rígh na n-grasa
    chum na beatha siorraidhe sasda
    ré toil na colla is mairg do tharrladh.
  3. Mo thruaighe mur chonnairc me an lá-si
    innar chaillios an uile thairbhe,
    flaithios Dé le méud meanma
    ar an saoghal ag iarraidh garma;
  4. Ó sé an samhín aithreach merda.
    a bheith choidhche i b-píanta searbha
    ré saogal na saogal feth mo thigerna
    i-ttigh iffrinn gan dáil garma.
  5. Ó phíanta ifrinn is ró mór m-uall;
    a righ na sluagh ní maith gach ní
    mo techt ar an saogal ariamh is truagh
    i leabadh fhuair dam ós crioch.

  6. ⁊ cetera.

7. Ceisd an chuirp ar an anam

Is annsin do labhair an corp ris an anam go truagh treamhnach: a h-aithle na cluidhe-caointe sin ós cionn na h-uaigh, as é ró-raidh: “cuirim foircheadal ort, a spiorad”, ar si, “fan aithris damh crét íad na pianta is mó do chonnairc tú a n-iffrionn, nó an bh-fuil fáth dóchuis ag an drong dhamannta as p.30 trocaire, nó as páis Chríosd, ⁊ fós an bh-fuil sochar ag na daoine uaisle onóracha, ag na ríoghthaibh, nó ag na ró thighernaigh nó ag na prelaidibh bheth go t-trasda a bhflaithemhnus an t-shaoigil-si, nó an bh-fuil fáth dothchais aca fuasglaidh d' faghail as forba, feronn nó finchecuis ór airgiod, no olla mhaithiosa.” ‘In inferno nulla est redemptio.’ (Luc. 11.)

8.

“A chollann” ar a spiorad, “atá do chéisd gan chéil gan resún, mur budh meinic lé do chomhrádh go t-trasda a bheth, ar an adhbhar, nó go n-airmighther rélanna nimhe, gainemh traighe ⁊ féur na talmhan, nó go t-tiomsighther an fhairrge mhór na mionbhraonaibh, ní féidir innsin nó aithris ar mhéud, ⁊ ar a examhlacht, óir atá arus na b-pian go h-allta a n-úir medhón na talmhan go domhuin díamhair, ar mhodh go m-bearaidh duine ar lán a dhoirnn don dorchadus ann, gan féuchuin do sin, do chidhfithi tú an uile ní rachus chum dochair duit, ⁊ ní fheicfidh tú éin ní rachadh chum sochair dhuit, acht biadh an uile ní a riachtanus ort, ⁊ ní bhiadh riachtanus ar bioth ar faghail agad, amháin an bás a c-cionn gach móméint, agus tú mar sin ag searga éuga do gnáth, agus dod athnuadh arís chum an bháis, agus tú ar an modh sin do ghnáth, gan bhás, gan bhetha ar mhodhaibh examhladh go siorraidhe súatháin, bíad tú lán d'aibhrios, lán don uile thinnios ⁊ thrioblóid 's t-teallach tinntighe na b-pían, ball a bh-fuil ioliomad breantuis, ⁊ drochbalaidh, ball a bh-fuil gorta plaigh, ⁊ ocurus, ball a bh-fuil comhairc osnaidhe ⁊ dórta dér, ball a bh-fuil siansán truagh tuirseach na n-deamhan na n-diabhal n-athgharbh neimhnech, p.32 ag freasdal ⁊ ag fritheoladh na b-pian tinntighthe dó-fhaisnéisi dona daoinibh damannta do réir méud, ⁊ miosúr a b-peccadh acht atá ní cena: tá drong dhiobh dhá b-pían go h-examhuil, dá g-caisgairt ⁊ dá n-gearradh, drong dá leaghadh, ⁊ do lomadh, drong dá rostadh, ⁊ dá bh-fritheoladh, drong dá m-bruith, ⁊ dá m-bearradh i b-pic, ⁊ i roisín ⁊ a miotolaibh examhladh eile, ⁊ a srothaibh tairpighe teinntighe; suilfior, ⁊ salchair léna n-gnúis ⁊ léna n-aighedh farre gach pían mhór adhbhal eile, anna bh-fuilid; atáid aithreachadh neimhe, ⁊ peisde granna ag siubhal ar gach ball dhiobh dá snoidhe ⁊ dá sniomh; atáid i t-tinne nach muchan uisge, ⁊ a sneachta nach leaghan ré teinne ar leacaibh oidhre ⁊ anródh dá síorchradh léim aca san teas, ⁊ léim eile san bh-fuacht, ⁊ léim eile san tornn teinntighthe, dá t-tleigionn i m-beul na n-óilphéisda n-oirrderca n-iffrionnda, nó go n-ionarbháid uatha íad tríd an uile uathbhás tarr anios chum na toirneadh cédhna, ⁊ atáid cnumha a g-cóinsias mhaillaighthe ag deunamh fiadhnuisi na n-aghaidh, gur chóir ⁊ gur chomhthrom a m-beith san bréin bhroidh-sin, atá an t-édóthchus dá seargadh, atá an tuigsi dá n-gearradh, atá an toil na sgrúdadh, racht na feirge dá t-tachta, innbher na b-peacadh dá sgíuradh, ⁊ bíadh mar sin ag clamhadh ⁊ ag imdheargadh na trínóide tre bheith síor.”

“Do thaobh na ceisde eile do fhiafraigh tú dhiom, a chollan, cionnus atáid na prionsuidhe saogalta a n-iffrionn, atáid mac Péil, Sáesar Dompinus, Alasdrann uaibhreach, ⁊ ríghthe diomasacha an domhuin ⁊ na cruinne cethardha fá phíana dáora docharacha, acht atá ní cedhna: is mesa ⁊ is truime an pheannaid agus an philóid ann a bh-fuilid, na droch ghuibhernoirígh Chriosd, prelaidigh claonbhreacthacha na h-Eagluisi na iad uile, óir atá lucht an fhuarchrabhadh, lucht dúnmharbadh, lucht druise graineamhuil, lucht fóghla, ⁊ losgairt an domhuinn a b-fhioriachtar iffrinn fá thuile na b-pian agas gach drong eile mar thulliadar an gniomhartha ar an saogal-si.”

“Anios glac fá dheoigh uaim fuasgladh san treas ceisd do p.34 chuiris oram .i. a n-dentar trocaire ar an droing dhamannta, nó a n-glacar fuasgladh asda, biodh a fhios agad dá m-beidaois naoimh na cruinne ara n-úrnaighthe go bráth, ⁊ úird riaghialta an domhuin 'na síorthrosgadh go h-éug ⁊ fíréin an domhuin ag tabhairt maithios na talman mar dhéirc lé h-anam aonchretúir amháin dá m-bíadh a n-iffrionn ichtarach, nach deandís fáoithe furtacht no fuasgladh dhó ó na phíantaibh, ar an adhbhair nach féidir lé h-ainglibh fhlaithios Dé ar ór an domhuinn foiríghthin dá laeghad do thabhairt don drong dhamannta. In sæcula seculorum.”

  1. Is brónach an treabh bruith ifrinn
    Fuair a n-driothlionn gher sias iad
    An dún díchumann daoradh
    Priosún na b-pían.

  2. R.

Smaoinígh, a chriosdaidhe croidhe, gur fíor na briathradh-so, ⁊ cuiruidh srían ré h-anmhianaibh.

 p.36

Urghairdios na n-diabhal ag breith an anam go h-ifrionn, a h-aitle na truagh agallamh sin do bhí ar an spiorad ⁊ ar an anam iar sgaoileadh ó chéile dhoibh agas iar t-tuitim don chollainn san uaigh ⁊ iar g-clos uthbhás iffrinn do chonnairc an t-anam bocht chuige idir dhá dhiabhal ghreanacha ghranna, budh duibhe shiabhartha, na gúall gaibhidhe gabhan, ⁊ locht fidhlídheacht, agus pintéireacht an domhuinn, níorb' fhéidir dhoibh égcosg nó macasamhladh na díse reumhráitte so do sgriobadh, nó d'fhaisnéis ara n-úthbháthas, ⁊ ara n-droch dheilbh, ⁊ iar t-tiacht do láthair dhoibh a g-cétóir, do shaithadar an dá chrucadh chama chrumadh cruaidh iarneadh abhus ⁊ thall san spiorad dhamanta sin, ⁊ do róladar etorra é dá cheasadh go doirsibh uathbhásacha iffrinn, ⁊ eision ag búirfeadh, ⁊ ag béicedh; tangadar na chomhdháil ansin slúaghtedh di-aibhlaighthe deamhnaidhe ág ulgháirdios fan anam chriosdaidhe sin do dhamnúgadh, mar budh suabhach luagháirech léo a bheith ag commhaoideadh an cosgair sin, ⁊ is amhlaidh do bhadar ag tabhairt buidhchuis dhó fá na sheirbhís ar an saogal, óir budh iomdha duine eile do mhill sé le droch éisiompláir, misge, agus stripachuis, ⁊ dá chionn sin go bh-fuigh luach ⁊ luaidhecht on Lucifer .i. a bheith dhá chnaoílosgadh na bh-fochair féin i t-tinntéan na b-pían go bráth, ag éisdecht lé h-uirluidhecht na n-diabhal, lé confadh na b-piasd n-deamhnaidhe, lé súisde na druinge damannta, ⁊ na n-diabal ar gach taobh dhe, gan tús, gan deireadh ó sin amach go siorraidhe suathain; do chriothnaitaidhe an t-anam p.38 bocht go h-abhalmhór ar bh-faicsin iffrinn fhosguilte, ⁊ na b-píanta ollamh imfeadhma chuige, ⁊ adubhairt: “a éin mhic Dé dén trocaire ar do chretúr bocht féin”; is annsin do sgairt na diabhail ag fonmhód faoí ⁊ adubhradur “is ró mhall a ghoires tú ar chabhair, ⁊ ar ainm do thigherna Dia, ⁊ as egcóir dhuit, ó's dhuine thú do bhí ag fóghnamh, ⁊ ag déanamh seirbhisi ar feadh do bheatha, nach orruinn fein iarrus tú cabhair ⁊ coimeirce anios tar éis breith dhamannta do bhreith ort, ⁊ tú ag techt ar ar láimh, gan súil athbreithemhnuis no cet gairmedh ar ais go bráth agad; ⁊ da bhrigh sin tuig feasda go m-biadh tú a g-cosamhlacht nádúir lin-ne mur gach diabhal eile ag mallugadh Dé go suathain”, ⁊ iarna rádh sin, do chasadar an spiorad thruaillidh sin 'na mheall tinne, ⁊ do theilgiodar a m-béul iffrinn annsa tinne é, níor chían amhlaidh don anam bocht an úair do chuadh a n-eadóthchus ar Dhia, ⁊ ar an g-cúirt neamhdha, ⁊ do ghabh ag griosiugh an t-aonndia, ⁊ na n-ainglibh ⁊ adubhairt an rann mar leanus:

  1. Mo thigerna dom threigion ó atá
    ag iarraidh grasa air ní bh-fiugh.
    duiltuim don ghlóir duiltuim do Dhía.
    ni bhiam ní sia ag ríogh ríu.

Finit.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Une version irlandaise du Dialogue du Corps et l'Âme

Title (extended): [attributé a Robert Grosseteste]

Title (translation): An Irish version of the Dialogue of Body and Soul, attributed to Robert Grosseteste

Editor: Georges Dottin

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: John Carey and Beatrix Färber

Funded by: University College, Cork and Professor Marianne McDonald via the CELT Project

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 4500 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland — http://www.ucc.ie/celt

Date: 2004

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G207005

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript Source

  • Paris, Bibliothèque Nationale de France, fonds celtique, no. 101 (An eighteenth-century book of prayers belonging to James Purcell) p. 76–102.

Secondary literature

  1. For literature about the Apocrypha, click on http://celt.ucc.ie/Apocrypha.pdf
  2. A website dedicated to the Latin works of Robert Grosseteste (c. 1170–1253), with extensive source material, is available at http://www.grosseteste.com/
  3. Henri Gaidoz, Le débat du corps et de l'âme en Irlande, Revue Celtique 10 (1889) 463–70.
  4. St. John D. Seymour, 'The Eschatology of the Early Irish Church', Zeitschrift für Celtische Philologie 14 (1923) 179–211.
  5. St. John D. Seymour, 'Notes on Apocrypha in Ireland', Proceedings of the Royal Irish Academy 26 (1926) class C: 107–117.
  6. St. John D. Seymour, Irish Visions of the Other-World: A Contribution to the Study of Medieval Visions (London 1930).
  7. Louis Gougaud, Christianity in Celtic lands: a history of the churches of the Celts, their origin, their development, influence and mutual relations by Dom Louis Gougaud, translated from the author's MS. by Maud Joynt (London 1932; reprinted Dublin 1992).
  8. Brian O'Dwyer Grogan, The Eschatological Doctrines of the Early Irish Church, [unpublished doctoral dissertation] (Fordham University 1972).
  9. David N. Dumville, 'Biblical Apocrypha and the Early Irish', Proceedings of the Royal Irish Academy 73 (1973) C: 299–338.
  10. Martin McNamara, The Apocrypha in the Irish Church (Dublin: DIAS 1975; corrected reprint 1984).
  11. Bernard McGinn, Apocalypticism in the middle ages: an historiographical sketch, Medieval Studies 13 (1975), Pontifical Institute of Medieval Studies, Toronto, 252–286. Reprinted in: Bernard McGinn, Apocalypticism in the Western Tradition (Brookfield, Vermont 1994).
  12. The Irish Adam and Eve story from Saltair na Rann. 2 vols. Vol. I: Text and translation by David Greene and Fergus Kelly; Vol. II: Commentary by Brian O. Murdoch. (Dublin: DIAS 1976).
  13. Bernard McGinn, Visions of the End: Apocalyptic Traditions in the Middle Ages (New York 1979).
  14. Máire Herbert, Martin McNamara (eds.), Irish Biblical Apocrypha. Selected texts in translation, Edinburgh 1989.
  15. Martin McNamara, 'Early medieval Irish eschatology'. In: Próinséas Ní Chatháin and Michael Richter (eds.), Ireland and Europe in the early Middle Ages, learning and literature: Irland und Europa im früheren Mittelalter, Bildung und Literatur (Stuttgart 1996) 42–75.
  16. Thomas O'Loughlin, 'The Celtic homily: creeds and eschatology'. Milltown Studies 41 (1998) 99–115.
  17. J. C. Vanderkam, Calendars in the Dead Sea Scrolls: Measuring time (London, New York 1998).
  18. Milton McCormick Gatch, Eschatology and Christian nurture: themes in Anglo-Saxon and medieval religious life, (Aldershot 2000).
  19. Benjamin Hudson, 'Time is Short: The Eschatology of the Early Gaelic Church', in: Caroline Walker Bynum and Paul Freedman (eds.), Last Things: Death and the Apocalypse in the Middle Ages (Philadelphia 2000) 101–23.

The edition used in the digital edition

‘Une version irlandaise du Dialogue du Corps et l’Âme’ (1902). In: Revue Celtique‍ 23. Ed. by Georges Dottin, pp. 8–38.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@article{G207005,
  editor 	 = {Georges Dottin},
  title 	 = {Une version irlandaise du Dialogue du Corps et l'Âme},
  journal 	 = {Revue Celtique},
  number 	 = {23},
  address 	 = {Paris},
  publisher 	 = {F. Vieweg},
  date 	 = {1902},
  pages 	 = {8–38}
}

 G207005.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

The present text represents even pages 8–38 of the published edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been proof-read twice.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Names are capitalized and words segmented in line with CELT practice. Lenition by point has been rendered as corresponding consonant plus h in fh, mh, nh, sh. Editorial expansions are marked ex, and corrections are marked corr sic resp="KM", with the erroneous form retained in the 'sic' attribute. Footnotes are marked note type="auth" and numbered.

Quotation: Direct speech is tagged q.

Hyphenation: When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break or line-break, the break is marked after the completion of hyphenated word and punctuation mark.

Segmentation: div0=the religious dialogue; div1=the section; page-breaks are marked pb n="". Poems are treated as embedded texts, with line-groups and metrical lines marked and numbered.

Interpretation: Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles.

Reference declaration

A canonical reference to a location in this text should be made using “section”, eg section 1.

Profile description

Creation: By (an) unknown monastic author(s); the attribution is uncertain. c. 1200–1300

Language usage

  • Text in Late Middle and Early Modern Irish. (ga)
  • Some text is in Latin. (la)

Keywords: religious; prose; medieval; eschatology; dialogue; Body and Soul; translation

Revision description

(Most recent first)

  1. Pre-1997: File proofed (1). (ed. Staff at the CURIA Project)
  2. Pre-1997: Text captured by scanning. (Data capture Staff at the CURIA Project)
  3. 2019-06-05: Changes made to div0 type. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2010-04-26: Conversion script run; header updated; new wordcount made; file parsed. (ed. Beatrix Färber)
  5. 2008-10-01: Keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  6. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  7. 2005-08-09T12:17:56+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  8. 2004-10-26: File parsed; HTML file created. (ed. Beatrix Färber)
  9. 2004-10-10: File converted to ascii; proofed (2); content markup checked/updated. Header and bibliography inserted from companion file and modified. (ed. Beatrix Färber)
  10. 1997/98: Structural markup applied. (ed. John Carey, Irish Department, UCC)
  11. 1997/98: File proofed (2). (ed. Staff at the CURIA Project)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G207005.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top