CELT document G300014

The Fate of the Cildren of Lir

unknown

Oidhe Chloinne Lir

Edited by Eugene O'Curry

Oidhe Chloinne Lir siosana.

1.

Iomthus Thuath De Danann ó chath Taillten anuas.

2.

Do thiomsuigheadar as gach áird do chúig chúigeadhaibh Eireann, go rabhadar a n-aon aonach, agus a n-aon bhaile comhairle. Agus a dúbhradar maithe Thuath De Danann: “Is feárr dúinn,” ar siad, “aon righ do bheith oruinn, 'ná bheith fodhailte mar atámaoid, ag foghnamh do righthibh eile ar feadh Eireann.”

3.

Ba do mhaithibh na n-dream sin ag a raibh súil re righe d'fhághail dóibh féin for Thuath De Danann, Bodhbh Dearg, mac an Daghda; agus Ilbhreach Easa Ruaidh; agus Lir Shithe Fhionnachaidh; agus Míodhair mór-uallach Bhreagha Léith; agus Aonghus Og mac an Dághda, acht níor shanntaigh-sidhe righe Thuath De Danann d'iarraidh, óir dob'fheárr leis a bheith ina reacht féin, 'ná ina rígh for Thuath De Danann. Do chuadar na maithe sin uile a  p.2 n-aon chomhairle, acht an cúigear sin ag a raibhe súil le righe d'fághail. Agus is í cómhairle ar ar cinneadh aca, an righe do thabhairt do Bhodhbh Dearg mac an Daghda, ar tri h-ádhbharaibh .i. ar fheabhus a athar; ar a fheabhus féin, agus ar a bheith na shinnsear chloinne an Daghda dhó.

4.

O chualaigh Lir an righe do thabhairt do Bhodhbh Dearg, níor mhaith leis é, agus d'fhág sé an t-aonach agus an t-oireachtas gan chead, gan cheileabhradh do chách, óir do shaoil gur bha dhó féin do béarfaidhe righe agus tighearnas; agus ge gur fhág se an t-aonach agus an t-oireachtas, ní lúghaide do ríoghadh Bodhbh Dearg; óir níor ghaibh aoin fhear d'on chúigear sin chuige gan an righe d'fhaghail do féin acht Lir ann a aonar. Agus do cinneadh aco Lir do leanmhain agus a theach do loscadh, agus a chur féin fo ghuin gae agus cloidhimh, do chionn gan úmhla do thabhairt do'n té da d-tugadar féin righe agus tighearnas. “Ní déantar an chomhairle sin linn,” ar Bodhbh Dearg, “óir do chosnofadh an fear sin an chrioch ina bh-fuil, agus ní lúghaide is righ mise ar Thuath De Danann gan é sin do bheith úmhal dam.”

5.

Do bhádar seal fada fo'n samhail sin. Acht cheana, tarla tubaist mhór do Lir .i. a  p.3 bhain-chéile d'fhághail bháis do ghalar trí n-oidhche. Agus do chuir sin go mór ar Lir, gur bhudh tuirsioch leis a mheanmna da h-éis; agus do budh mór an sgéal eig na mná sin 'na h-aimsir féin.

6.

Agus do clos fo Eirinn uile an sgéal sin, agus ráinig go longphort mhic an Dághda mar a rabhadar maithe Thuath De Danann a n-aon ionad. A dúbhairt Bodhbh Dearg: “Damadh áil le Lir,” ar sé, “do budh maith mo chongnamhsa, agus mo cháirdios dó, ó nách mairionn a bhean aige, dóigh amh, atáid agamsa na trí h-inghiona is feárr dealbh, agus déanamh, agus tuarusgbháil dá bh-fuil a n-Eirinn .i. Aobh, Aoife, agus Ailbhe .i. trí h-inghiona Oiliolla Arann, agus mo thri bronn-daltadha féin.” A dúbhradar Tuatha De Danann gur mhaith an comhrádh sin, agus gur bh'fhíor.

7.

Do cuireadh feasa agus teachta ó Bhodhbh Dearg go h-airm a raibh Lir, dá rádh damadh áil leis cleamhnus do dhéanamh ré mac an Daghda, agus tighearnas do thabhairt dó, go d-tiobhradh dalta dá dháltaibh dhó. Iomthusa Lir, do budh maith leis a mheanmna do'n chleamhnus sin do dhéanamh, agus táinig roimhe air n-a mhárach, caocat cairptheach ó Shíoth Fhionnchaidh, a n-athghairid gacha conáire, go ráinig Síoth  p.4 Buidhbh Dheirg, os loch Deirgdheirc, agus do fearadh fáilte fris ann, agus do budh súbhach somheanmnach cách roimhe, agus do freasdaladh, agus do fritheóladh go maith iad an oidhche sin.

8.

Agus do bhádar trí h-inghiona Oiliolla Arann a n-aon chathaoir á bh-fochair bhainríoghan Thuath De Danann, óir is í bean Boidhbh Dheirg do budh buime dhóibh. A dúbhairt Bodhbh Dearg: “Do rogha do na h-inghionaibh dhuit, a Lir.” “Ní fheadarsa,” ar Lir, “cia is rogha dhíobh, acht gurab í an bhean is sine dhíobh is uaisle, agus is í is feárr dham do thabhairt.” “Maiseadh,” ar Bodhbh Dearg, “Aobh, inghion Oiliolla is sine dhiobh, agus racaidh sí dhuitsi más ail leat.” “Is áil,” ar sé. Agus do snadhmadh Aobh re Lir an oidhche sin.

9.

Cóicthídhios do Lir san bhaile sin, agus annsin, rug Aobh leis dá thigh féin go n-dearnadh ríogh-bhainis ró mhór leis ann.

10.

Agus ina dhiaigh sin tarla an inghion taobh-throm, torrach, agus do rug dias do'n toirbheart sin .i. inghean agus mac; Fionnghuala agus Aodh, a n-anmanna. Agus tarla toirchios oile dhi, ocus do rug dias mhac, Fiachra, agus Conn a n-anmanna; agus fuair sí féin bás ag a m-breith. Agus do chuir sin go mór ar Lir, agus muna m-beith méad do luigh a aigne  p.5 ar a cheathrar cloinné, is beag nách bh-fuighe bás da cúmhaidh.

 p.5

11.

Do ráinig an sgéal sin go Síoth Bhuidhbh Dheirg; agus tugadar lucht an t-síotha trí gartha ós árd ag caoineadh a n-dalta. Agus adúbhairt Bodhbh Dearg: “Is olc linn an inghion sin, ar son an fhir mhaith dá d-tugamair í, óir is buidhioch sinn dá charadradh, agus dá chomann, gidheadh, ní dhealóchaidh ar g-caradradh re chéile, óir do bhéarsa a deirbhshiúr eile mar mhnaoi dhó .i. Aoife.”

12.

O'd chualaigh Lir sin, do chuaidh a g-céadóir dá tabhairt, agus do snadhmadh iad re chéile, agus rug leis dá thigh í. Agus do bhí onóir agus muirn ag Aoife ar chloinn Lir agus a deirbhsheathar féin; agus gach neach do chífeadh an ceathrar cloinne sin do bhearfadh grádh anma dhóibh.

13.

Agus to thigeadh Bodhbh Dearg go minic go Síoth Lir, do ghrádh na cloinne sin; agus do bheireadh leis dá thigh féin iad ré h-eadh agus ré h-athaidh fhada; agus do léigeadh tar ais dá d-tigh féin arís iad. Agus do bhídís Tuatha De Danann an tan sin ag caithiomh Fleídhe Aoise ann gach Síoth fá seach; agus an uair do thighdís go Sioth Lir is iad an ceathrar sin fá h-úrghardúghadh, agus fá h-óirfideadh dhoibh, ar  p.6 fheabhus a n-deilbhe ocus a n-déanmhusa; agus is ann do luighdís do ghnáth a n-iomdhaibh ar bhéalaibh a n-athar; agus d'eirgheadh Lir go moch do ló gacha maidne agus do luigheadh ameasg a chloinne.

14.

Acht atá ní cheana, do chuaidh doigh éada a n-Aoife dhe sin, agus tug fuath agus fíormhioscais do chloinn a seathar, agus do léig galar bréige dá h-ionnsaighe, go raibh bunadhas bliadhna 'sa ngalar sin, agus is eadh do rinne iar sin, meabhail ghranna, agus fionghal éadmhar iondúthrachtach do dhéanamh ar chloinn Lir.

15.

Agus lá n-aon do h-innliodh a carbad dhi, agus rug lé ceathrar cloinne Lir 'san g-carbad; agus rainig roimpe fá'n samhail sin d'ionnsaighe tíghe Bhuidhbh Dheirg; agus níor bh'áil le Fionnghuala dul ar aonrian lé, óir tug aithne uirre go raibh ar tí a millte, no a marbhtha; óir tárfas dhi rún feille, agus fionghaile a n-aigne Aoife. Acht cheana, níor fhéad sí a h-eimneadh do sheachnadh, 'ná an t-éadualang do bhí a n-dán dí.

16.

Agus do ghluais Aoife a Síoth Fionnachaidh; agus a dúbhairt Aoife re a muintir iar sin: “Marbhaidh,” ar sí, “ceathrar cloinne Lir ar ar tréigeadh mo grádhsa le n-a n-athair, agus  p.7 do bhéar bhur m-breith féin dhíbh do gach maithios ar domhan.” “Adh, idir,” ar siad, “ní muirbhfighthear linne iad, agus is olc an gniomh do smuainis, agus budh misde thú a luadh.”

17.

Agus ó nár faomhadar sin do dhéanamh, tug féin cloidhiomh amach do mharbhadh agus do mhilleadh chloinne Lir; agus do bhac a banndacht agus a bith-mheatacht, agus anbhfainne a h-aigionta dhi, sin do dhéanamh; agus tángadar as siar go tráigh Locha Dairbhreach, agus do sguireadh a n-eachra ann sin, agus do iarr sisi ar chloinn Lir a bh-fothraghadh do dhéanamh, agus dul do shnamh ar an loch: agus do rinneadar amhail a ndúbhairt Aoife leó. Agus mar fuair Aoife ar an loch iad, buailios do fhleisg doilbhthe droighiochta iad, agus do chuir a reachtaibh cheithre n-éaladh, n-álainn, n-aoinghil iad; agus do rinne an laoidh ann: —

    Aoife
  1. Amach daoibh a chlann an righ,
    Do sgaras bhúr síol ré séan;
    Do bhúr g-cáirdibh is sgéal truagh,
    Biaidh bhúr n-uall ré h-ealtaibh éan.
  2. Fionnghuala
  3. A bhaidhbh! ro fheadamair t-ainm,
    Do thraothais gan eathair inn,
    Sinn gé chuirthaoi tuinn ar tuinn,
    Biaidhmíd seal ó rinn go rinn.
  4.  p.8
  5. Ro ghéabham cabhair gan chleith,
    Do ghéabham rogha agus rath,
    Acht gé luidhfiom ar an loch,
    Ar meanmna do budh moch amach.

18.

A h-aithle na laoidhe sin tugadar clanna Lir ioná g-ceathrar a n-aighthe a n-éinfheacht ar an inghin, agus do labhair Fionnghuala lé, agus is éadh ro ráidh: “Is olc an gníomh do rinnis, a Aoife, agus fós is olc an comhall caradraidh dhuit ar milleadh gan ádhbhar, agus díoghaltar ort go follas é, agus tuitfir ann, óir ní feárr do chomhachtaso ar ar milleadhne, 'ná droidhiocht ar g-caradne ar a dhioghalt ort; agus tabhair tréimse agus ceann dhuinn ar an milleadh tugais orrainn.”

19.

“Do bhéar iomorro,” ar Aoife, “agus is misde dhuit a iarraidh orm .i. nó go g-comhracfaidh an bhean a n-deas agus an fear a d-tuaidh .i. Lairgnén mac Cholmáin, mic Chobhthaigh .i. mac rígh Chonnacht, agus Deoch inghean Fhinghin, mic Aodha Alainn, rígh Mhumhan; agus ni tualaing caraid na comhachta dá bh-fhuil agaibh bhúr m-breith as na reachtaibh sin, ó do shíriomhair é ar feadh bhur saoghail, nó go rabhthaoi trí chéad bliadhain ar Loch Dairbhreach; agus trí chéad bliadhain ar Shruth na Maoile idir Eirinn agus Albain;  p.9 agus trí chéad bliadhain a n-Iorras Domhnainn, agus a n-Inis Gluaire Bréanainn; agus budh h-iad sin bhur n-imtheachta feasda.”

20.

Agus do ghabh aithreachas ann sin Aoife, agus a dúbhairt: “Ó nách féadaim aon chabhair uile do thabhairt orraibh feasda, biaidh bhúr n-úrlabhra féin agaibh; agus canfaidhe ceól síreachtach síthe, fris a g-coideóldaois fir an bheatha, agus nocha m-biaidh ceól san domhan a mhacsamhla; agus biaidh bhúr d-treóir agus bhúr n-oirbheart agaibh; agus nocha g-cuirfidh orraibh bheith in bhúr n-éanaibh;” agus a dúbhairt an laoidh: —

    Aoife
  1. Eirgídh uaim a chlanna Lir,
    Go ngnúis ngil, go nGaoidheilg m-bailbh,
    Is mór oirbhir mhaccaomh mhaoith,
    Beith dha seóladh ris an ngaoith ngairbh.
  2.  p.49
  3. Naoi g-céad bliadhain dhaoibh ar mhuir;
    Is mise do chuir tré cheilg,
    No go rabhthaoi a n-Inís Gluair
    Don taobh shiar thuaidh d'Eirinn dheirg.
  4. Ionnsaighidh amach an Mhaoil, —
    Budh córa dhaoibh bheith dom' réir, —
    Go g-comhracfaidh Lairgnén is Deoch;
    Fada do neach bheith a b-péin.
  5.  p.10
  6. Croidhe Lir 'na chrotal cró,
    Cidh mór an urchar n-áigh ró theilg;
    Is saoth liom osnadh an laoich luinn
    Gidh mise ro thuill a fhearg.

21.

A h-aithle na laoidhe sin do gabhadh a h-eich d'Aoife, agus do h-innleadh a carbad, agus táinig roimpe go Síoth Bhuidhbh Dheirg; agus do fearadh fáilte fria ag maithibh an bhaile; agus d'fhiafraigh mac an Daghdha dhí créad um nach tug clanna Lir lé da ionnsaighidh féin.

22.

“A déarsa riot,” ar an inghion, “nach ionmhuin le Lir thuso, agus nách tairise leis a chlann do chur chugad ar eagla a ngabhála dhuit.”

23.

“Is iongnadh liomsa sin,” ar Bodhbh Dearg, “óir is tairise liomsa an chlann sin, 'na mo chlann féin;” agus tug Bodhbh da uidhe gurab cealg do rinne an inghion chugtha; agus is éadh do rinn, teachta do chur budh thuaidh go Síoth Fionnachaidh. Agus fiafraighios Lir cidh uma d-tángadar. “Ar cheann do chloinnesi,” ar siad. “An é nach rángadar chugaibh maille re h-Aoife,” ar Lir. “Ní rángadar,” ar na teachta; “agus a dúbhairt Aoife sgur tuso nar leig lé iad.”

24.

Budh dúbhach, dobhrónach Lir do na sgéalaibh  p.11 sin, óir do thuig gurab í Aoife do mhill, nó do mharbh a chlann. Agus do gabhadh a eich a moch na maidne ar n-a mhárach do Lir agus ráinig 'san slíghe siardheas gaca n-díreach nó go ráinig go tráigh Locha Dairbhreach; agus do chonncadar clanna Lir an marcshluaigh chuca, agus a dúbhairt Fionnghuala an laoidh: —

    Fionnghuala
  1. Mochean do mharcshluaigh na n-each,
    Do chím láimh ré Loch Dairbhreach;
    Dream chúmhachtach chiamhair go beacht
    D'ar n-iarraidh, d'ar n-iarmhóireacht.
  2. Druidiom ré h-oirior, a Aodh,
    A Fhiachra, agus a Chuinn chaoimh,
    Ní sluaigh fá nimh fir na n-each,
    Acht madh Lir agus a theaghlach.

25.

A h-aithle na laoidhe sin, táinig Lir go h-oirior an chuain, agus tug da aire glór daonna do bheith ag na h-éanaibh; agus do fhiafraigh dhíobh cíd fó dheara dhoibh glór daonna do bheith aca.

26.

“Tuigse, a Lir, mhic Lúighdhioch,” ar Fionnghuala, “gurab sinne do cheathrar cloinne, ar n-ar milleadh dot mhnaoi, agus do dheirbhshiúr ar máthar féin, tré aingídiocht éada.” “An féidir  p.12 bhur g-cur ann bhur riochtaibh féin arís?” ar Lir. “Ní fhéidir,” ar Fionnghuala, “óir ní fhéadfaidís fir an bheatha ar g-cabhair, no go g-cómhracfaidh an bhean a n-deas agus an fear a d-tuaidh .i. Lairgnéan mac Cholmáin, agus Deoch inghion Fhinghín mhic Aodha Dhuibh, a n-aimsir an Tailginn, agus chreidimh, agus chrábhaidh do theacht a n-Eirinn.”

27.

Ar na chlos sin do Lir agus da mhuintir, tugadar trí gártha cúmhaidh, guil, agus caointe ós árd.

28.

“An áil libh,” ar Lir, “teacht a d-tir chugainn ó tá bhúr g-ciall agus bhúr g-cuimhne féin agaibh?” “Ní fhuil cumas againn,” ar Fionnghuala, “taobh do thabhairt re h-aonduine feasda, acht atá ar n-urlabhra Gaoidhilge féin againn, agus atá ar g-cumas dhuinn ceól síreachtach do chantainn, agus is leór do'n chineadh dhaonna uile do shásadh, bheith ag éisteacht leis an g-ceól sin, agus anaidh againn anocht, agus canfom ceól dhaoibh.”

29.

Dála Lir gona mhuintir, d'fhanadar ag éisteacht ré ceól na n-ealadh, ar bhruach Locha Dairbhreach, agus do chodladar go sámh leis, an oidhche sin; agus do éirigh Lir a moch na maidne ar n-a mhárach, agus do rinne an laoidh: —  p.13

    Lir
  1. Mithid éirghidh ó'n ionad so,
    Ní chodlaim, gé táim am' lúighe;
    Sgaradh rém' aos ionmhuine
    Is é chráidhios mo chroidhe.
  2. Olc an séan dá d-tugas in bhur g-ceann,
    Aoife, inghion Oiliolla Arann.
    Da bh-feasainnsi a bh-fuil dhaoibh dhe,
    Ní dhiongnainn an chomhairle.
  3. A Fhionnghuala, 'sa Chuinn chaoimh,
    A Aodh, 'sa Fhiachra arm-chaoin;
    O bhórd an chuain a bh-fuil sibh,
    Triall uaibh ní liom is mithid.

30.

Imthusa Lir, ráinig roimhe as sin go Síoth Bhuidhbh Dheirg, agus ro fearadh fáilte fris ann; agus tugadh achmhusán dó ó Bhodhbh Dhearg fa gan a chlann do thabhairt leis. “Truagh sin,” ar Lir, “ní mise nach d-tíobhradh mo chlann chugat, acht Aoife ann súd, do dhalta féin agus deirbhshiúr a máthar, ar n-a g-cur a riochtaibh ceithre n-ealadh n-aoingheal, ar Loch Dairbhreach a bh-fiadhnaise bh-fear na h-Eirionn, agus atá a g-ciall agus a g-conn, a nglór, agus a nGaoidhilg féin aca.”

 p.14

31.

Bíodhgas Bodhbh do'n sgéal sin, agus tuigios gur bh'fhíor a n-dúbhairt Lir, agus tug achmhusán athgharbh d'Aoife, agus a dúbhairt: “Budh measa dhuitsi an mheabhal úd, a Aoífe, ná do chloinn Lir, óir do gheabhaid siad cabhair a n-deireadh aimsire, agus biaidh a n-anmanna ar neamh fá dheoidh.”

32.

Do fhiafraigh Bodhbh Dearg d'Aoife cá riocht in budh measa lé bheith ar bith. A dúbhairt sisi gurab a riocht deamhain aéóir. “Cuirfeadsa tusa san riocht sin anois,” ar Bodhbh Dearg. Agus is cuma do bhí aga rádha agus do bhuail do Fhleisg doilbhthe droidhiochta ín gur chuir a riocht dheamhain aéóir í; agus do léig ar eitill fó chéadoir; agus atá fós 'na deamhan aéóir agus biaidh go bráth.

33.

Iomthusa Bhoidhbh Dheirg, agus Thuatha Dé Danann, tángadar go h-oirior Locha Dairbhreach, agus do ghabhadar longphort ann, ag éisteacht ré ceól na n-ealadh. Dála Mac Míleadh iomorro, ní lúgha tángadar as gach áird a n-Eirinn gur ghabhadar longphort ag Loch Dairbhreach mar an g-céadna; óir ní áirmhid eólaigh ceól ná óirfideadh dár clos a n-Eirinn riamh roimh cheól na n-ealadh sin; agus do bhidís ag innsin sgéil agus ag agallmhadh a  p.15 bh-Fear na h-Eirionn gach laoi, agus ag comhrádh ré a n-oideadhaibh, agus re n-a g-comhaltaidhibh, agus re n-a g-cáirdibh uile ar cheana; agus ro chandaois ceól sír-bhinn síthe gach n-oidhche; agus gach aon do chluineadh an ceól sin, do chodladh go sámh socair, gibé galar nó treabhlaoid fhada do bheith air; ro budh súbhach soimheanmnach tar éis an cheóil do chandaois na h-éin, gach aon do chlos.

34.

Cidh trá acht ro bhádar an dá longphort sin Mhac Mhileadh agus Thuath De Danann a d-tíomchioll Locha Dairbhreach ar feadh trí céad bliadhain. Is ann sin a dúbhairt Fionnghuala ré na bráithribh: “An bh-feadabhair, a óga,” ar si,“go dtainig libh bhúr d-tréimse do chaithiomh annso, acht an oidhche anocht amháin?” Agus do ghabh tuirsi, agus dobrón ádhbhal na mic ó do chualadar an sgéal sin, oir dob' ionann leo agus bheith 'na n-daoinibh, bheith ar Loch Dairbhreach, ag agallmhadh a g-caradaibh agus a g-compánachaibh seach dul ar fhraoch-fhairrge fuachda na Maoile budh thuaidh.

35.

Agus tángadar go moch ar n-a mhárach d'agallmhadh a n-oide agus a n-athar, agus thiomnadar ceileabhradh dhóibh, agus do rinne Fionnghuala an laoidh: —  p.16

    Fionnghuala
  1. Ceileabhradh dhuit a Bhuidhbh Dheirg,
    A ghiolla d'ar ghiall gach ceárd,
    Duitsi mar aon is d'ar n-athair,
    Do Lir Síthe Fhionnachaidh cháidh.
  2.  p.56
  3. Táinig mithid dhuinn, dar liom,
    Sgaradh da nach cómhraicfiom,
    Go d-tí an bhráth, a dhream shuairc,
    Gan ar dul chugaibh ar chuaird.
  4. Biamaoid ón lá n-diu da'r n-aois,
    A cháirde chróidhe, chómhaois,
    Gan ghlór daonna 'nar ngoire,
    Ar Shruth na Maoile mearaighe.
  5. Rachfamaoid as sin dá'r b-pianadh,
    A g-cionn trí chéad ceirt-bhliadhan,
    Eólas is mó dá'r b-pianadh ann,
    Siar go rinn Iorrais Domhnann.
  6. Trí chéad bliadhain gan fheall
    Siar a rinn Iorrais Domhnann;
    O loch go loch, truagh an dáil,
    Go g-comhracfaidh Deoch agus Lairgneán.
  7.  p.17
  8. Ba h-iad ar g-cuilceadha cuanna,
    Tonna sáile searbh ruadha,
    Ionas g-ceathrar caomh cloinne Lir,
    Gan oidhche dhuinn d'á easbhuidh'
  9. A thriar bráthar as dearg dreach,
    Eirgheadh uainn ó Loch Dairbhreach,
    An drong chumhachtach so rómchar;
    Is dúbhach anois ar sgarad.

36.

A h-áithle na laoidhe sin, do ghabhsad ar eitiollach, go h-árd, éadtrom, aédhardha, nó go rángadar Sruth na Maoile, idir Eirinn agus Albain; agus ba h-olc lé fearaibh Eireann sin; agus do fógradh aca ar feadh Eireann gan aon eala do mharbhadh da mhéid cumas da m-beith aca re a dhéanamh ó sin amach.

37.

Dob olc an t-aitreabh do chloinn Lir bheith ar Shruth na Maoile. Mar do chonncadar crioslach an chuain chóimhleathain iona d-timchioll, do líon fuacht agus maoithe, agus aithmhéala iad, agus ní thugadar olc dá bh-fuaradar riamh roimhe sin da n-uidhe, a bh-farraidh a bh-fuaradar ar an sruth sin.

38.

Agus do bhádar ar Shruth na Maoile no go d-táinig gloim doininne, oidhche áirighithe  p.18 chuca. A dúbhairt Fionnghuala: “A bhráithre ionmhuine,” ar sí,“ is olc an nídh do nímid, óir is cinnte go n-dealóchaidh doinionn na h-oidhche seo anocht lé chéile sinn, agus órduighiom ionad cinnte coinne chum a racham, dá d-tugadh Dia orruinn sgaradh ré chéile.” “Gabham a shiúr,” ar siad, “ionad cinnte coinne ag carraig na rón, oir is cóimheólach uile uirre.”

39.

Cidh trá acht táinig meadhón oidhche chuca, agus do thuirn an ghaoth ré, agus do mhéadaigheadar na tonna a d-treathan agus a d-tormán, agus do lonnraigh teine ghealáin, agus táinig sguabadh garbh-anfaidh ar fad na fairrge, ionnas gur sgaradar clanna Lir lé chéile ar feadh an mhór-mhara; agus tugadh seachrán an chuain chrís-leathain orra, go nach fheadair neach dhíobh cá slighe, nó cá conair a n-deachaidh an chuid eile. Táinig trá féithchiúimh for san bh-fairrge tar éis na doininne móire sin, agus do bhí Fionnghuala 'na h-aonar ar an sruth; agus tug da h-aire a bráithre 'na h-easbhuidh, agus do bhí ag a n-éagcaoine go mór, go n-dúbhairt an laoidh: —

    Fionnghuala
  1. Am riocht is mairg atá beo,
    Mo sgiathain do reóidh reamh thaoibh
    Suaill nar mhionaigh an ghaoth dhian,
    Mo chroidhe am chliabh taréis Aoidh.
  2.  p.19
  3. Trí chéad bliadhain ar Loch Dairbhreach,
    Gan dul a reachtaibh daoine,
    Doilghe liom, is ní samhail,
    Mo sheal ar Shruth na Maoile.
  4. Ionmhuin triar, ón íonmhuin triar
    Do chodladh fá bhun mo chlúimh,
    Go d-tiocfaid na mairbh go cách,
    Ní chómhraicfead go bráth 'sa triar.
  5. Taréis Fhiachrach agus Aoidh,
    Agus Chuinn chaoimh, gan a bh-fhios,
    Is truaigh m'fhuirioch ris gach olc,
    Is mairg at a anocht am riocht.

40.

Iomthusa Fhionnghualann, do bhí an oidhche sin ar an g-carraig go tráth eirghe do'n ló ar n-a mhárach ag feithiomh na fairrge da gach áird, 'na tímchioll, go bh-faca Conn chúici go ceann-trom clúimh-fhlíuch; agus fáiltighios croidhe na h-inghine roimhe go mór; agus táinig Fiachra go fuar, flíuch, fíor-anbhfhann, agus níor tuigeadh innsge ná úrlabhradh uaidh, lé ro mhéad a fuair d'fhuacht agus d'imshníomh; agus do chuir sisi fóna sgiathánaibh é, agus a dúbhairt: “Da d-tigheadh Aodh chugainn anois, is maith do bheimís!”

 p.20

41.

Níor chian dóibh 'na dhiaigh sin, an tan do chonncadar Aodh chuca, go ceann-tirm, clúmh-álainn; agus fáiltíghios Fionnghuala go mór roimhe, agus cuirios fá chlúmh a h-ochta, agus a h-urbhruinne é, agus Fiachra fóna Sgiathán deas, agus Conn fóna sgiathán clé; agus do dheasaigh a clúmh társa fá'n samhail sin. “A óga,” ar Fionnghuala, “gidh olc libh an oidhche araoir, budh mór da macsamhla do gheabhthaoi ó so amach.”

42.

Do bhádar, iomorro, clanna Lir re h-eadh imchian, agus re n-amisir fhada ag fulang fuachta, agus anshocrachta ar Shruth na Maoile mar sin, go d-tainic oidhche áirighthe uile chuca, agus ní bh-fhuaradar riamh roimpe, coimhmhéad a reóidh, agus a fuachta, a sneachta agus a gaoithe; agus do rinne Fionnghuala an laoidh: —

    Fionnghuala
  1. Olc an bheatha so,
    Fuacht na h-oidhche so,
    Méad an t-sneachta so,
    Cruas na gaoithe so.
  2. Is ann do chúmhluighsiod
    Fám' chaomh-sgiathaibh,
    Tonn d'ar tréan-thuargainn,
    Conn is caomh-Fhiachra.
  3.  p.21
  4. Do cuir ar leasmháthair
    Sinn, an ceathrar so,
    Anocht 'san dochar so,
    Is olc an bheatha so.

43.

Cidh trá acht do bhádar clanna Lir ag fulang fuair-bheatha mar sin go ceann bliadhna ar Shruth na Maoile, go rug oidhche orro ar bheinn Chairrge na Rón, a g-callan Ianuair go sonnradhach, an t-am sin, agus teachtaighios an t-uisge, agus fuaraighios gach aon aca iona áit; agus mar do bhádar ar an g-carraig do leanadar a g-cosa, agus a g-clúmh, agus a sgiatháin d'on charraig, go nár fhéadadar cor do chur dhíobh 'san ionad a rabhadar; agus tugadar feadhmanna fiór-chruaidhe fá na g-collaibh, gur fhágbhadar croicionn a d-troightheach, clúmh a n-ochta, agus barra a n-eiteadh a leanmhain na g-cairrge an tan sin.

44.

“Truagh amh; a clanna Lir,” ar Fionnghuala, “is olc a táthar againn anois, óir ní fhéadmaoid fulang an t-sáile, agus is geis dhuinn bheith ina éagmais; agus má théidh an sáile ionár g-créachtaib do gheabham bás;” agus do rinne an laoidh: —  p.21

    Fionnghuala
  1. Eaccaointeach againn anocht,
    Gan clúmh ag tuighiodh ár g-corp,
    'Sas fuar d'ár m-bonnaibh bláithe,
    Ar chairrgibh andóbhráidhe.
  2. Dob olc ar leasmháthair ruinn,
    D'ar imir droídhiocht orruinn,
    D'ar g-cur ar fad mara amach,
    A riocht ealadh n-iongantach.
  3. As é ar bh-folcadh ar dhruim cuain,
    Cúbhar an mhara mhong-ruaidh,
    As í ar g-cuid thall do'n chuirm,
    Sáile an mhara mhong-ghuirm.
  4. Aoin inghion, agus triar mac,
    Cleachtmaoid a g-cuasaibh carrach,
    Ar na cairrgibh cruaidh do neach,
    Ar m-beatha as éaccaointeach.

45.

Cidh trá acht tángadar for Shruth na Maoile arís, agus géar-dhoiligh, agus géar gharbh, ghoirt leó an sáile, níor fhéadsad a sheachnadh 'na iad féin do sháir-dhídion air. Agus do bhádhar ar an g-cuan fá'n ionnas sin, no gur fhás a g-clúmh, agus a n-eiteadha, agus gur chneasaigheadar a g-créachta go h-iomlán; agus  p.23 do théighdís gach laoi go h-oirear Eireann agus Alban, agus do thighdis go Sruth na Maoile gach n-oidhche, óir fa h-é fa h-ionad bunaidh dhóibh.

46.

Tángadar aon do ló go bun na Banna budh thuaidh, agus do chonncadar marcshluaigh álainn, aondatha, go n-eachaibh gasda, glan-gheala fúthaibh, ag sír-shiúbhal na slighe a n-iar n-deas gacha n-díreach. “An d-tabhair sibh aithne ar an marcshluaigh úd, a chlanna Lir,” ar Fionnghuala. “Ní fheadamair,” ar iadsan, “acht gurab dream éigin do Mhacaibh Mileadh, no do Thuathaibh De Danann is dócha do bheith ann.”

47.

Do dhruideadar re h-oirear an chuain ann sin, go d-tiobhradaois aithne orro; agus ód chonncadar an marcshluaigh, iadsan, do dhruideadar 'na g-coinne, agus 'na g-cómhdháil, go rangadar a n-ionad iomagallmhadh d'a chéile.

48.

Is iad is feárr do bhí ar an marcshluaigh sin .i. Aodh Aithfhiosach, agus Fearghas Fithcheallach .i. dá mhac Bhuidhbh Dheirg, agus an treas rann do'n mharcadh shíodha már aon riú; agus do bhádar an marcshluaigh sin aga n-iarraidh re tréimsi roimhe sin; agus ar rochtain a chéile dhóibh, do fhearadar fáilte fíorchaoin  p.24 fria aroile, go miochair, muinnteardha; agus d'fhiarfruigheadar clanna Lir cionnas do bhádar Tuatha De Danann, agus go h-áirighthe Lir, agus Bodhbh Dearg, agus a muinnterdha ar cheana.

49.

“Atáid go maith, a n-éinionad,” ar siad, “a d-tigh bhur n-atharsa a Síoth Fhionnachaidh, agus Tuatha De Danann mar aon ríú ann, ag caithiomh na Fleighe Aoise, go súbhach, soimheanmnach, gan imshníomh gan anshocracht, acht bhur m-beithsi 'na bh-féagmais; agus gan a fhios aca cá ar ghabhabhair uatha, ó'n ló a d'fhágabhair Loch Dairbhreach.” “Nocha í sin ar m-beatha-ne re na h-innisin,” ar Fionnghuala, “óir is mór d'olc agus d'eadfhulaing, agus d'anshódh fuaramair seachnón na mara so Shrotha na Maoile go d-trásta;” agus dúbhairt an laoidh: —

    Fionnghuala
  1. Aoibhinn anocht teaghlach Lir!
    Iomdha a miodh agus a bh-fíon;
    Gídh tá anocht a n-ádhbhadh fhuar,
    Dream do chuan róghlan an ríogh.
  2. Is iad ar g-coilcibh gan locht,
    Folach ar g-corp do chlúmh chas,
    Gidh minic do deargthaoi sróll
    Iomainn ag ól mheadha mhas.
  3.  p.25
  4. Ag sin ár m-biadh agus ar bh-fíon,
    Gainimh fhionn is sáile searbh;
    Minic do ibhmís meadh cuill,
    O chuachán cruinn cheithre g-cearn.
  5. Is iad ár leapacha, is iad lom,
    Carraig ós cionn na d-tonn d-tréan;
    Minic do deargthoi dhuinn,
    Leaba do chlúmh ochta éan.
  6. Gidh í ar n-obair snámh san sioc,
    Ar Shruth na Maoile is trom toirm,
    Fá minic marcshluaigh mhac ríogh,
    Ag dul 'nár n-diagh go Síoth Bhuidhbh.
  7. Is é do chlaochlaidh mo neart,
    Beith ag dul 'sag teacht tar an Maoil,
    Mar na'r chleachtas roimhe riamh,
    'Snách fághaim grian a maigh mhaoith.
  8. Leaba Fhiachra, agus ionad Chuinn,
    Luighe fá thuinn m'eite, ar Mhaoil:
    Ionad ar sgáth m'ochta ag Aodh,
    Sinn 'nar g-ceathrar taoibh re taoibh.
  9. Teagasg Mhanannáin gan cheilg,
    Cómhrádh Bhuidhbh Dheirg ós Dhruim Chaoin,
    Glor Aonghusa, milsi a phóg;
    Do chleachtas gan bhrón ré a d-taoibh.

 p.26

50.

As a h-aithle sin tángadar an marcshluaigh go Síth Lir, agus do innisiodar do mhaithibh Thuath De Danann imtheachta na n-éan, agus a richt. “Ní fhuil cumas againne orro,” ar na maithe, “acht gur maith linn a m-beith beó, óir do gheabhaid cabhair a n-deirne aimsire.”

51.

Iomthusa cloinne Lir, d'ionnsuigheadar a n-adhbhadh bunaidh budh thuaigh, ar Shruth na Maoile, agus do bhádar ann go ráinig leó a d-tréimsi do chaithiomh ann; agus a dúbhairt Fionnghuala: “Is mithid dhuinn an t-ionad so d'fhágbháil, oir táinig ar d-tréimsi ann;” agus do chan an laoidh: —

    Fionnghuala
  1. Táinig ar seal sonnana,
    Is mithid dhuinn a iomghabháil,
    Ón cuan so 'nar chleachtamair
    Trí chéad bliadhan buan t-solais.
  2. Go Rinn Iorrais iartharaigh,
    Ní budh h-usa a fhulang sin,
    Luídhmídne gan mearughadh dhe,
    Ré fulang na fuar-ghaoithe.
  3. Gan osadh, gan oiriseamh,
    Gan aoindíon ar dhúr-dhoininn;
    Ní mochean a g-cualamar,
    Táinig ar seal sonnana.

 p.27

52.

Cidh trá acht, d'fhágbhadar clanna Lir Sruth na Maoile fá'n samhail sin, agus rángadar rómpa go Rinn Iorrais Domhnainn, agus do bhádar ann ré h-eadh agus ré h-aimsir imchian, ag fulang fuachta agus fuair-bheatha, go d-tarla óglách saorchlandha dhóibh do lucht [aithreibhte an fhearainn, eadhon, Aibhric a ainm]; agus do bhí a aire ar na h-éanaibh go minic, agus fá bhinn leis a g-ceileabhradh, gur char iad go h-iomarcach, agus gur charadarsan éision; agus is é an t-óglách so do leasaigh agus d'fhaisnéis a n-imtheachta uile.

53.

Acht atá ní cheana, do bhádar Clanna Lir, oidhche áirighthe ann, agus mar fuaradar an oidhche sin, ní bh-fuaradar aon oidhche roimpe 'ná na diaigh riamh, lé méad a seaca agus a sneachta; óir do fhás leac oighre uile ar an sruth idir Iorras agus Acaill; do leanadar a g-cosa do'n lic oighre go na'r fhéadadar cor do chur dhíobh; agus do ghabhadar na bráithre ag éagchaoine go mór, agus ag déanamh n-ualldhúbha dearmhár, agus doghrainge díomhóir; agus do bhí Fionnghuala aga g-cosg, agus níor fhéad si; agus a dúbhairt an laoidh: —  p.28

    Fionnghuala
  1. Truagh gáir na n-ealadh anocht;
    Is tráigh fódheara nó is tart;
    Gan uisge lionn-fhuar fá n-a n-ucht,
    A g-cuirp is diombhuan ó'n tart.
  2. Gan uisge tana, tailc, tréan,
    Gan tonn mara ag teacht ré d-taoibh;
    Do theacht an mhuir mheadrach mhór,
    Go bhfuil na clár cóimhfhliuch caoin.
  3. A righ do chúm neamh is lár,
    Agus tug slán na sé shluaigh,
    Foirthior leat an ealtan éan,
    Leantar an tréan go m-badh truaigh.

54.

“A bhráithre,” ar Fionnghuala, “creidigh an fir-Dhia forórdha na fírinne do chúm neamh go n-a néallaibh, agus talamh go n-a thorthaibh, agus an fhairrge go n-a h-iongantaibh, agus do gheabhthaoi cabhair agus cómhfhurtacht o'n g-Coimhdhe.” “Creidmíd,” ar iad; “agus creidimsi libh,” ar Fionnghuala, “do'n fhir-Dhia fhoirfe, fhír-eólach.” Agus do chreidiodár ar an uair chóir, agus fuaradar cabhair agus cobhsanadh ó'n g-Coimhdhe da éis sin, agus nior chuir doinionn ná doirbhshíon orra ó sin amach.

55.

Agus do bhádar a Rinn Iorrais Domhnann  p.29 nó go d-táinig leo a d-tréimsi do chaithiomh ann, agus a dubhairt Fionnghuala: “Is mithid dhuinn dul go Síoth Fhionnachaidh mar a bh-fuil Lir go n-a theaghlach, agus ar muintir uile.” “Is maith linne sin,” ar iadsan.

56.

Agus do ghluaiseadar rómpa go h-uréadtrom, aédheardha nó gur rangadar Síoth Fionnachaidh; agus is amhlaidh fuaradar an baile, fás, folamh ar a g-cionn, gan acht maolrátha glasa, agus doireadha neannta ann, gan tigh, gan teine, gan treibh. Agus tángadar a n-éinionad iona g-ceathrar, agus tugadar trí gártha éagchaointe ós árd, agus a dúbhairt Fionnghula an laoidh:

    Fionnghuala
  1. Iongnadh liom an baile so,
    Mar 'tá gan tigh, gan toighe,
    Mar do chím an baile so,
    Uchán is cráid lem' chroidhe.
  2. Gan cona, is gan conartha,
    Gan mná, 'sgan ríoghraidh rathmhar,
    Mar 'tá anois ní chualamar,
    An áitsi riamh ag ár n-athair.
  3. Gan corna, gan copána,
    Gan ól 'na múraibh soillse;
    Gan marcraidh, gan macámha,
    Mar tá anocht, is tuar tuirse.
  4.  p.30
  5. Mar atáid lucht an bhailesi,
    Uchán is cráidh lém chroidhe,
    Atá anocht ar mairesi,
    Nach marionn triath an tíghe.
  6. A bhailesi 'na bh-facamar,
    Ceól is imirt, agus aonach,
    Dar liom is é an t-atharach,
    Mar atá anocht a n-aonar.
  7. Méid na n-dochar fuaramar,
    O'n tuinn mara go chéile,
    A leithéid ní chualamar
    D'imtheacht ar dhaoinibh eile.
  8. Dob' anamh an bailesi
    Taobh ré féur is ré fíodhbhaidh,
    Ní mhair fear ar n-aithnidne,
    Sinn san áitsi leis gé'r bh'iongnadh.

57.

Cidh trá acht do bhádar Clanna Lir an oidhche sin a n-ionad a n-athar, agus a seanathar mar ar h-oileadh iad; agus do éirgheadar a mocha na maidne ar n-a mhárach, agus do ghluaiseadar rómpa go h-Inis Gluaire Bréanainn; agus do thionóladar éanlaith na críche  p.32 go coitchionn chuca, ar Lochán na h-Eánlaithe a n-Inis Gluaire Bréanainn; agus do thigdís d'ingheilt gach laoi fa reannaibh imchiana na críche .i. go h-Inis Geóidh, agus go h-Achaill, agus go Teach Duinn; agus gus na h-oiléanaibh iartharacha ar cheana; agus do théighdís go h-Inis Gluaire Bréanainn gach oidhche.

58.

Agus do bhádar ar an ordúghadh sin ré h-eadh, agus ré h-aimsir fhada, go h-aimsir creidimh Chríost, agus go d-táinig Patraic naomhtha a n-Eirinn; agus go d-táinig Mochaomhóg naomhtha go h-Inis Gluaire Bréanainn. Agus an chéad oidhche táinig do'n inis do chualadar Clanna Lir guth a chluig aga bhuain 'san iairméirge láimh leó; gur bhíodhgadar, agus gur bhuain-sginneadar go adhfhuathmhar aga chloisdin; agus d'fhágbhadar a bráithre Fionnghuala 'na h-aonar.

59.

“Créud sin, a bhráithre ionmhuine,” ar sí. “Ní fheadamair,” ar siad, “cia an guth anbhfhann adhfhuathmhar do chualamar.” “Guth cluig Mhochaomhóig sin,” ar Fionnghuala, “agus is é sgarfas sibhsi lé péin, agus le peanaid, agus fhóirfeas sibh maille le toil Dé;” agus a dúbhairt an laoidh:  p.32

    Fionnghuala
  1. Eistigh ré clog an chléirigh,
    Tógbhaidh bhur n-eite agus éirgidh,
    Beirid a bhuidhe ré Dia a theacht,
    Agus altaighidh a éisteacht.
  2. Córaide dhaoibh bheith dhá réir,
    Is é sgarfas sibh ré péin,
    Sgarfaidh ribh cairrge is clocha,
    Agus sgarfaidh garbh shrotha.
  3. A deirimsi ribhse, dhe
    Déanaidh creideamh cóir cinnte,
    A cheathrar chaomh Chloinne Lir,
    Eistigh ré clog an chléirigh.

60.

Cidh trá acht, do bhádar Clanna Lir ag éisteacht leis an g-ceól sin do rinne an cléireach, nó gur chríochnaidh a thrátha. “Canam ar g-ceól anois,” ar Fionnghuala, “d'áird-righ nimhe agus talmhan.” Agus do chanadar a g-ceadóir, ceól síreachtach, sír-bhinn, síthe ag moladh an Choimhde, agus ag adradh an Áird-righ.

61.

Agus do bhí Mochaomhóg ag éisteacht leo, agus do ghuidh Dia go dúthrachtach fá n-a fhoillsiúghadh dhó, cia ro chan an ceól sin;  p.33 agus ro fhoillsigheadh dhó gurab iad Clanna Lir do rinne é. Agus iar d-teacht na maidne ar n-a mhárach, gluaiseas Mochaomhóg go Loch na h-Eanlaithe agus do chonnairc na h-éin uadha ar an loch; agus do chuaidh go h-oirear an chuain mar a bh-facaidh iad, agus do fhiafraigh dhíobh: “An sibh Clann Lir?” ar sé. “Is sinn go deimhin,” ar iadsan. “Do bheirim a bhuidhe sin lé Dia,” ar Mochaomhóg, “óir is ar bhur son tangusa chum na h-innse-si, tar gach n-innsi eile a n-Eirinn; agus tígídh a d-tír, agus tabhraidh taobh liomsa, óir is annso atá a g-cinneadh dhíbh deaghoibreacha do dhéanamh, agus dealúghadh ré bhur b-peacthaibh.”

62.

Tángadar a d-tír iar sin, agus tugadar taobh leis an g-cléireach; agus do rug leis da adhbhuidh féin iad; agus do bhídís ag déanamh tráth, agus ag éisteacht aifrinn a bh-fochair an chléirigh. Agus tug Mochaomhóg céard maith chuige, agus d'fhuráil air slabhradha airgid aoinghil do dhéanamh dhóibh, agus do chuir slabhraidh idir Aodh agus Fhionnghuala, agus slabhraidh idir Chonn agus Fhiachra; agus do bhídís 'n-a g-ceathrar ag urgháirdiúghadh intinne, agus ag méadúghadh meanmna ag an g-cléireach; agus níor chuir imshníomh ná  p.34 atuirre ar na h-éanaibh aon ghuasacht ná aon riocht d'ar imthigh orra conuige sin.

63.

Is é bá righ ar Chonnachtaibh an tan sin, Lairgnén mac Cholmáin, mhic Chobthaigh, agus Deoch inghean Fhinnghin mhic Aodha Alainn, .i. inghean righ Mhumhan, is í bá bhancheile dhó.

64.

Agus do chualaidh an inghean tuarusgbháil na n-éan agus do líon da searc agus da síorghrádh; agus do iarr ar Lairgnén ha h-eóin d'fhághail di. Agus a dúbhairt Lairgnén nách iarrfadh ar Mhochaomhóg iad. Agus tug Deoch a briathar nách bheidh féin aon oidhche ag Lairgnén, muna bh-faghaidh na h-eóin; agus do ghluais roimpe as an m-baile. Agus do chuir Lairgnén teachta go luath da tóruigheacht, agus ní rugadh uirre go ráinig Cill Dalua. Agus táinig sisi tar a h-ais do'n bhaile iarsin; agus do chuir Lairgnén teachta d'iarraidh na n-éan ar Mhochaomhóg; agus ní bh-fuair iad.

65.

Do bhí fearg mór ar Lairgnén uime sin, agus táinig féin go h-airm a raibh Mochaomhóg, agus d'fhiarfraigh dhe ar bh-fíor a rádha gur dhiúlt im na h-éanaibh é. “Is fíor go deimhin,” ar Mochaomhóg. Ann sin do  p.35 eirigh Lairgnén, agus tug sítheamh ar na h-éanaibh, agus tug chuige do'n altóir iad .i. dá éan ann gac láimh dhó; agus gluaiseas roimhe go h-airm a raibh Deoch, agus leanas Mochaomhóg é. Acht ar n-glacadh na n-éan dó, do chuaidh a d-tlacht cochaill dhíobh, agus do rinneadh trí seanoire críona, cnámhacha dona macaibh; agus sean chailleach, lom, arsaidh, gan fhuil, gan fhéoil, do'n inghin.

66.

Agus do ghabh bíodhgadh Lairgnén iar sin, agus do ghluais as an m-baile amach.

67.

Is ann sin a dúbhairt Fionnghuala: “Tar d'ar m-baisdeadh a chléirigh, oir is gairid uainn dul do'n éag; agus is dearbh nách measa leatsa dealúghadh linne; na linne, dealúghadh leatsa, agus déan ar n-adhlacadh as a h-aithle, agus cuir Conn dom' leith dheas, agus Fiachra dom' leith chlé, agus Aodh do leith m'aíghthe;” agus a dúbhairt an laoidh: —

    Fionnghuala
  1. Tar d'ar m-baisteadh a chléirigh,
    Gabh umat agus éirigh,
    Glan dinn ar n-iomad smáil,
    'Sar g-cionta uile, a chompáin.
  2.  p.
  3. Guidh-si Dia do dhealbh neamh,
    Go d-tigh leatsa ar m-baisteadh;
    Gurab luchtmhar ar n-uaigh,
    'Sar m-buinn re h-altoir aonuair.
  4. As amhlaidh órdaighim an uaigh,
    Fiachra, is Conn for mo dhá thaobh,
    Am ucht, idir mo dhá láimh,
    A chléirigh cháidh cuir Aodh.
  5. O Mhochaomhog an ghlóir ghlic,
    Sgarthainn ribh cia doiligh liom,
    Déan go h-éasgaidh an uaigh,
    Imthigh go luath is tar a n-am.

68.

A h-aithle na laoide sin, do baisteadh; agus do éagadar, agus do h-adhlacadh, Clanna Lir; agus do cuireadh Fiachra agus Conn for a dá taobh, agus Aodh do leith a h-aighthe, mar do ordaigh Fionnghuala; agus do tógbhadh a lia ós a leacht, agus do scríobhadh a n-anmanna oghaim, agus do fearadh a g-cluiche caointe; agus do fríth neamh do n-a anmannaibh.

69.

Agus do bhí Mochaomhóg go cúmach, tuirseach ina n-diaigh: —

70.

Conadh í Oidhe Cloinne Lir conuige sin.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): The Fate of the Cildren of Lir

Title (original, Irish): Oidhe Chloinne Lir

Author: unknown

Editor: Eugene O'Curry

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Beatrix Färber

Funded by: School of History, University College, Cork

Edition statement

1. First draft.

Extent: 7325 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of the Department of History, University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2016

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G300014

Availability: Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research agus teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. Edinburgh, National Library of Scotland, Adv. MS 72.1.38 (Gaelic XXXVIII) (17th century) pp. 155–170. [The scribe of this story was Charles O'Conor of Belanagare]. Digital Images of this ms are available on the ISOS website.
  2. Edinburgh, National Library of Scotland, Adv. MS 72.2.6 (Gaelic LVI) (18th century) pp. 410–431. Digital Images of this ms are available on the ISOS website.
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 24 A 13 (19th century).
  4. Dublin, Royal Irish Academy, MS E vi 4 (19th century).
  5. London, British Library, MS Egerton 164. ["A collection of tales agus Ossianic verse in Irish. 205 ff. 6 x 3 1/2 ins. Scribes Pádraig Ó Doibhlin, co. Meath, 1726-1727, with additions by James Mac Quigge, c. 1816."]

Editions agus translations

  1. Eugene O'Curry (ed agus tr), "The 'Trí thruaighe na scéalaigheachta' of Erinn: II. "The fate of the children of Lir", The Atlantis 4 (1863) 113–157.
  2. Richard J. O'Duffy (ed), Oidhe chloinne Lir: The fate of the children of Lir (Dublin, Society for the Preservation of the Irish Language 1883). ["Text, translation agus notes taken, with some revision, from Eugene O'Curry's edition".]
  3. P.W. Joyce (tr.), Old Celtic romances (London 1879, second revised edition 1894, third expanded edition 1907, many later reprint editions).
  4. Isabella Augusta Lady Gregory, Gods agus fighting men: the story of the Tuatha de Danaan agus of the Fianna of Ireland (London 1904, repr. 1905) 140–158.
  5. Seán Ua Ceallaigh, Trí Truagha na Scéaluigheachta (Dublin, 1927) 42–64. [Modern Irish].

Literature

  1. Rudolf Thurneysen, Die irische Helden- und Königsage bis zum siebzehnten Jahrhundert (Halle 1921) [Thurneysen only mentions the tale in passing.]
  2. Gerard Murphy, Fianaíocht agus rómánsaíocht: The Ossianic lore agus romantic tales of medieval Ireland. Irish Life agus Culture 11 (Dublin 1955) 32–33.
  3. James Carney, Studies in Irish literature agus history (Dublin: DIAS 1955) 60ff.
  4. Caoimhín Breatnach, "The religious significance of Oidheadh Chloinne Lir", Ériu 50 (1999) 1–40.
  5. Aisling Byrne, "The earls of Kildare agus their books at the end of the middle ages", The Library, 7th series, vol. 14 no. 2 (Oxford, June 2013) 129–153.
  6. Lisa van der Zanden, A cultural interpretation of Oidheadh Cloinne Lir through the ages: the 19th, 20st agus 21st centuries (Bachelor Thesis in Celtic Studies, University of Utrecht, 2015).

The edition used in the digital edition

O’Duffy, Richard J., ed. (1883). Oidhe Chloinne Lir‍. 1st ed. xvi+147 pages; v–xn Preface; xiv–xvi Argument; 1–36 Oidhe Cloinne Lir; 39–78 The Fate of the Children of Lir; 81–89 Notes; 93–132 Foclóir; 135 to end Appendix (National Schools: Programme of Examination in the Irish Language for Pupils of 5th agus 6th Classes in National Schools). Dublin: Society for the Preservation of the Irish Language.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@book{G300014,
  title 	 = {Oidhe Chloinne Lir},
  editor 	 = {Richard J. O'Duffy},
  edition 	 = {1},
  note 	 = {xvi+147 pages; v–xn Preface; xiv–xvi Argument; 1–36 Oidhe Cloinne Lir; 39–78 The Fate of the Children of Lir; 81–89 Notes; 93–132 Foclóir; 135 to end Appendix (National Schools: Programme of Examination in the Irish Language for Pupils of 5th agus 6th Classes in National Schools)},
  publisher 	 = {Society for the Preservation of the Irish Language },
  address 	 = {Dublin },
  date 	 = {1883}
}

 G300014.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Editorial declarations

Correction: Text has been proof-read twice.

Normalization: The electronic text represents the edited text. The place-name Loch Dirbhreach has been capitalized throughout, and some question marks have been supplied where necessary. Explanatory footnotes are omitted. Text supplied by the editor is marked by square brackets.

Quotation: Direct speech has been tagged q.

Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, line-break or milestone (such as a line number or ms page number), this break is marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation: div0=the text; div1=the section; poems are treated as embedded texts, with verses marked lg. Paragraphs are marked p.

Interpretation: Personal names are not tagged, nor are terms for cultural agus social roles.

Reference declaration

A canonical reference to a location in this text should be made using “section”, eg section 1.

Profile description

Creation: The translation is by Eugene O'Curry, with some corrections by Richard J. Duffy.

Date: Between the 18th agus 19th century.

Language usage

  • The text is in Early Modern Irish. (ga)

Keywords: saga; prose; medieval; mythology; three sorrows of story-telling; children of Lir; swans

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-12-07: Online proofing (2). (ed. Beatrix Färber)
  2. 2016-12-06: File parsed. SGML agus HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2016-12-05: File proofed (2), TEI header constructed. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2016-12-02: File proofed (1); structural agus basic content markup applied. (ed. Beatrix Färber)
  5. 2016-11-24: Data capture by keyboarding. (capture Beatrix Färber)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Other languages

T300014: The Fate of the Cildren of Lir (in English Translation)

Source document

G300014.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top