unknown
Do fhogluim Chonculainn
Edited by Whitley Stokes
p.110Do ̇fogluim Chonculainn annso síos (Egerton 106).
1.
45aAntan do bhí Cuculainn 'na mhacaoimh óg go mbúaidh Antan do bhí Cuculainn 'na mhacaoimh óg go mbúaidh crotha ⁊ dealbha agas deghdhéanmha, innsgne, egna ⁊ urlabhra 1 , mét agus maise ⁊ menmna, go ttainic mét menman chuige gur bháil leis dol do dhéanamh foghlomtha fan domun mhor.
2.
Cidh as í a ndernadh tús a foghlamtha, a Glenn na hUathaidhe ag Uathaigh an Ghlenna, a gcoíge mórghairg Muman, ⁊ ní ní fada dobhi ann antan thainigh 2 tarais go cóige Uladh, ⁊ dorinnedh comhairle dol do dhenam foghlamtha don domun soir, ⁊ donug diás do lucht cumainn leis .i. Laoghaire Buadhach ⁊ Conall Cernnach, ⁊ do chuirsed an Engach .i. long Chonaill, ar an sail serbhghlas ⁊ ar an muir tháobhuaine ttrenghairbh, ⁊ tar na srothaibh sárlúatha sáobhthonnacha, ⁊ tar na ciséalaibh chladhardha cubharanfacha, go rangadur criochaibh eochairghormai na hAlban, ⁊ as í budh banghaisgedhach dhoibh 'san chríoch sin, Dórdmhair ingen Domhnaill Mháoil teimhil.
3.
Antan doriachtadur da hionsaighe do feradh fíorchaoíne failte friu, ⁊ doroinedh umhla fosaich ⁊ foirticidh doibh. Ro ansad ann an aoidhche sin, ⁊ ro fiafraigh an ingen díobh cidh uma ttangadar.
Thangamur d'̇foghluim gaisge ⁊ clesa riderachta chugadsa, ar siád.
4.
Thainig an ingen rempa amach an lá soin, ⁊ do ghabh ag denamh a cles goile ⁊ gaisge iona ḃfiadhnuise, oír is meinic leis na hoideadha techt mur sin lé diamhair a gcles ngoile ⁊ ngaisge do lathair na ndaltadha do thig dá n-ionnsuighe ó criochaibh imchiána, ⁊ is é cles do ro ghabh an ingen an lá soin p.112 dona hógaibh, óir tugadh slegh choigrinne do hionnsaighe ⁊ do sáith a crann a ttalmhain ⁊ a rinň áithgher ailtnidhe ós a cionn go direch, gur ling iar soin an bhandráoi a n-aírde san aedheór 3 ⁊ do leíg anuas doridhise, gur léig a hucht ⁊ a hurbhruinne ar rinn na slegha slinngheíre, ⁊ ní tug tolg 'na hearraidhe na iona headach, ⁊ dobhí a ḃfad 'na comnaidhe ar rinn na slegha mursin.
5.
Iar soin do ghabh ag agallmhadh Chonaill ⁊ Laoghaire Buadhaigh, ⁊ adubairt: “Tigedh nech éigin agaibh do dhenamh an chlesa úd, a óga”, ar si.
“Cia uáinn rachus da denamh?” ar síad. “An fer is uaisle don tríar atatháoi”, ar si.
Agus adubhradur san gur'b é Conall Cernach mac Aimergin duine dob uaisle ⁊ dub urrumhanta díobh, ⁊ adubradur ris dol d'fuabairt an chlesa ar thús. Acht chena ger budh láidir a lámh ⁊ gér' budh cruadh a chroidhe, ⁊ gér'bhudh dírech a dhiubhracadh, ⁊ gér' budh leadurthach lúathghoinach ar bhiodhbhiodhuibh é, nír ̇fét an cles do dhenamh.
6.
Agus do thairg Laoghaire a dhenamh, ⁊ níor ̇fét é
7.
Adubairt Cúchulainn: “dobudh nár dhúinn ionur ttríar Ulltach gan an cles do dhenamh le duine eígin aguinn. Acus d'eirigh iona sesamh ⁊ dochuaidh d'ionnsuighe an chlesa, ⁊ do ling a n-airde go heturbhúasach, gur léig anúas a ucht ⁊ a urbhruinne ar rinn áithgheír na sleighe, ⁊ do budh beg an bhrigh leis da madh í sin áit comhnaidhe car an chaoimhláoi”.
8.
Thainig an ingen chugtha iarsin, ⁊ as edh adubairt: “Anni as a ttarabhairsi bladh ⁊ oirdercus 45bgo ttrasda, a dhiás oile úd, congmaidh uime an gein mhairfidhe, óir do thiormuigh bur ḃfuil, ⁊ do chruadhaigh bur bfeithe, ⁊ ní ḃfuil bur n-aighedh fesda le clesaibh riderachta na re foghluim gaisge, ⁊ madh maith libh coimhdecht nó amhsainecht dogheabhthar sin agamsa”.
“Ní righmid a les”, ar Connaill.
p.114“Masedh”, ar si, “anadh an macaoimh óg úd agamsa .i. Cúculainn. Agus d'áontuigedhur soin”.
9.
Do hiomnadur an días soin cheiliubhradh do Coin chulainn ⁊ don ingin, ⁊ thangadur tarais go hEirinn, ⁊ ro an Cúchulainn a nAlbain ag foghluim na gcles riderachta.
10.
Lá n-áon a gcionn bliadna do ghabh Cúchulainn ag denamh a chlesa uile gachar' foghluim sé ar fedh na bliadhna soin, ⁊ mur dobhí ann do chonairc an t-áonduine adhbhalmhór ar brú an mhara dá ionnsaighe, ⁊ comhdhubh re gúal gach n-ailt dhe o bhonn go a bhathus.
11.
“Crét soin agad da dhenamh?” ar an fer mor.
“Dognímse”, ar Cúchulainn, “bheth ag denamh mo chloise 4 ngoile ⁊ ngaisge noch do ̇foghlumus fedh na bliadhna so anall”.
“Cred sin a mhacaoim? oír mur a bfuilid na cleasa riderachta aga ḃfoghluim, ní háirmheathar na clesa sin orraibh ann”.
“An fíor soin?” ar Cúchulainn.
“Is fior go derbh”, ar an fer mór.
“An bfuil san domun bainridire is ferr na an bhainridire aga bfuilimse anois?” ar Cuchulainn.
“Ata”, ar an fer mór, “oir is ferr Sgathach inghen Búanuinne .i. rígh na Scithia ata a n-oirther an domuín, na í”.
“Do chualamur a hiomrádh go ttrásda”, ar Cúchulainn.
“Is dóigh go gcualuis”, ar an fer mór, “⁊ is móir chriócha ⁊ ḃforbaidh ⁊ a bhferonn uaitse anois, a ̇fir bhig, don Scithia”.
p.116“An ttiubharthasa eolus damh, a ̇fir mhóir?” ar Cúchulainn.
“Ní hiubharsa eolus dhuit go bráth”, ar an fer mór.
“Ort do chlé ⁊ do chol dúabhais, a sillide siabhartha searguithe, ⁊ is a ḃfegmuis t'oirberta ⁊ t'eoluis thanagsa riamh”, ar Cúchulainn.
12.
Agus ro imthigh an fer mór uadha iar soin, ⁊ do chuaidh Cúchulainn 'cum an dunaidh angnáthuigigh do bhunadh, ⁊ níor sáimh leis codladh na comhsanadh an oidhche sin, ⁊ ró eirigh a ttosach laói ⁊ lánsoillse 'arnamhárach, ⁊ do ghabh a chlesa goile ⁊ gaisge uime iona thimchioll, ⁊ is uathadh dona heolchuibh aga bfuil fios na slighedh dorinne Cúchulainn 'chum na Sgeithia, 'acht ní dhernadh oiresedh na coimhnidhe no go rainig mura raibhe Sgathach ingen Bhuánuíne .i. rígh na Sgithia.
13.
Agus do chonnairc Cúchulainn an macraidh aluinnédrocht ag cor iomána ⁊ cluiche, ⁊ gér' budh meirtnech dobhí andíaidh a siubhail ⁊ aisdir d'ionnsaighe sé a n-iomáine, ⁊ díamadh gairdiughudh le neach do macraidh ní thug-san iomagallamh air go rug an líathroíd leis tar bhord an bháire uatha. Agus go riacht leathtaoisech na macraidhe chuige ⁊ adubairt: “a macaoimh”, ar se, “créd ima ruguis an baire orm?”
“Má rugus báire ort”, ar Cûchulainn, “béarad leat arís é”.
Dar ar mbreithir amh, ar an macraidhe, ní bhéartha an baire ruguis ornn da n-airighmis tú ó thósach.
“Atá a ̇fios agaibh anois”, ar Cúchulainn, “⁊ béarad báire oraibh”.
14.
Agus rug Cúchulainn an báire sin orraibh, ⁊ rug fo thrí é gan cuidiugudh na congnamh ó nach oile leis.
15.
Is annsoin thainic cethrar Eirennach 46adobhí san mbáile dá ḃfghluim chuige, ⁊ tugsad póga íomda do, ⁊ do bhadar ag fiafraighe sgéal a ttíre ⁊ a ttalman féin dé, ⁊ ro ̇fiafraigh seisen sgéala dhíobh-san mur an gcétna.
p.118“Máith amh, a óga”, ar Cúchulainn, “cá foghluim dona cleasaibh goile ⁊ gaisge doníther libh san mbliadain?”
“Doníther linne”, ar síad, “droichitt na n-alt”.
“Cá fád bíthidh da ̇foghluim” ar Cúchulainn?
Foghluim raithe ⁊ miosa ⁊ bliadhna ⁊ trí lá ⁊ tri n-oidhche.
“Maith ámh a óga”, ar Cúchulainn, “an ttiubhra sibh eolus dhamhsa air?”
“Truagh sin, a macaóimh”, ar síad, “ca tarbha dhuitse sin nogo raibhe Sgáthach da thegasg dhuit féin ⁊ do chách eile”.
“Is maith lem a ̇feicsin”, ar se.
16.
Agus do ghluaisedur rempaibh d'ionnsaighe an drochit. Is annsoin bhádur na huile mhacáoimh bhadur ag Sgáthaigh re foghluim ar ur an droichid, ⁊ is amhlaidh ro bhi droichet na n-alt antan soin .i. antan do lingthidhe é ro chaoladh go mbíodh comhchaoiledh re ruibe ⁊ gomadh comhgher ré hórrladh ⁊ coimhsleamhain re héimh easguinne, ⁊ ro eirgedh fecht oile go mbíodh comhard re seolchrann, ⁊ ro ling Cuchulainn an droichet iarsin. ⁊ do ghabh ag sliomradh ⁊ ag tuisledh ar druim an droichit.
17.
Agus do chonaircus 'san ngrianáin iona raibhe Sgathach Coinculainn do bheith ar an ionnioll sin, ⁊ is amhlaidh dobhí an grianán soin, ⁊ secht ndoirse díomhora air, ⁊ secht bfuinneóga idir gach dá dhorus dhióbh, ⁊ secht n-iomdhai idir gach dá ̇fuinneóig, ⁊ trí chaogad ingen ann gach iomdhai díobh sin go mbrataibh corcra ⁊ gorma, ⁊ do bhadur trí caogad macáoimh iomhaoíse 5 , tri chaogad macaomh morghlonnach, ⁊ trí caogad curadh crúaidhchalma fa chomhair gach doruis díobh, amach ⁊ asteach, ag foghluim gaisge ⁊ cleasa riderachta ag Sgáthaigh.
18.
Agus is amhlaidh ro bhí Sgathach féin antan soin, ⁊ a hingen na fiadhnuise .i. Uathach a hainm, ⁊ budh í sin p.120 an ingen mhéirgheal mhacánta mhaladhuibh, ⁊ is amhlaidh bhi a cenn ón chluás go céile go ndath óir orloisgthi ar gach ruainni dhí, ⁊ coirce cas cruinnchlechtach ag cumdach a cinn ⁊ a cennmhullaigh, ⁊ ciumhus adhluinn orsnáithe iona láimh, ⁊ cloidhemh caoimhédrocht corthrach ag dinge innigh uirre.
19.
Agus ódchonnairc ann ingen sin an t-aonmacaomh ar druim an droichitt tuc grádh a hanma ré hedh na húaire sin dó, ⁊ do síabhradh a haignedh go mór do ghrádh an macáoimh arna faicsin san eádualang soin. Agus antan budh dúdhí snáithe óir do chur fan gciumhus do bhí 'na láimh is snáithe airgid dochuiredh, ⁊ do thigdís datha iomdha don ingin, óirfa bánuighther ré bánsgoith fa corcrach cróidhearg andara fecht í.
20.
Agus dorála aire ⁊ menma a máthair uirre, ⁊ is edh adubairt: “a ingen, cred í so ro chlaochladh do dhealbh ⁊ do dhenamh?”
Aónmacáomh do chim ar an droichiod, ⁊ is truágh lem beith aga feithiomh san riocht iona ḃfuil se, ⁊ intan sgíorrdus a chosa ⁊ a lámha do druim an droichit is é dobheir an mídhealbhad-sa oram, ⁊ intan ghabhaid a chosa ⁊ a lámha greidher ar an droichet is faoilidh lémsa mo mhenma, ⁊ is baoghul lem gan a rochtain slán d'ionnsaighe a a athar ⁊ a mháthar féin arís, 46b agas is derbh go bfuil drem leis budh iargná a bheith mur sud.
21.
“Maith amh”, ar Sgathach, “feichsa go maith an macaomh soin, oír tarfus dhamhsa gairid aimsire uaídhe aónmhacaomh óg naoidhenta nemharsa do thecht a hiathaibh Eirionn aniar dom ionnsaighe, ⁊ go mbéara sé búaidh droichit na n-alt a n-aonuair, ⁊ go bfuil foghluim ráithe ⁊ míosa ⁊ bliadhna ⁊ tri lá ⁊ teora n-oidhche do gach duine oile ann, ⁊ da dhenumh p.122 a n-áonló ⁊ go mbiádh a ghniómha goile ⁊ gaisge dá n-innisin go deiredh an domain, ⁊ go mbadh mac tairangthach é”.
22.
Dála Conculainn imorro, do gabh ag slíomradh ⁊ ag tuisledhach ar druim an droichitt, gur lingestar iar soin go lâr ⁊ go lántalamh, go ttugsad trí príomhsgolaidh an domuin iolach ⁊ iolgarrtha fochmuide ⁊ fanamhuid fáoi ar mét a léimhe dhó dol do dhenamh na foghlamtha soin gan Sgáthach dá thegasg dhó, ⁊ ro fergaighedh Cúchulainn tridsin, ⁊ ro ling a n-airde go headarbhuasach ag coimhdecht na gaóithe, go ttarla don bháothleim sin 'na sesamh é ar lár an droichit .i. ar uaithne boillsgéanach an droichit, ocus níor chaoladh ⁊ níor 'ghearadh ⁊ níor sleimhnighedh an droichet fáoi.
23.
Agus tucsad an macradh Eirionnach gáir mhóir ós aird ag commaoidhemh an chleasa do denamh dó ⁊ ar ̇feabhus leo a thecht as Erinn nech da ttainich a dhenamh amhlaidh soin, gonadh annsoin adubairt an ingen re Sgéthaigh go rainig leis an macáomh foghluim droichid na n-alt do dhenamh.
24.
“Maith amh, a anaim”, ar Sgáthach, “eirighsi 'na chuinne, ⁊ fáiltigh roimhe uaímsi ⁊ uait féin, ⁊ tabhair eolus oireghail dhó anocht. i. go tegh na mbearrthoiridhe”.
25.
Agus dochuaidh an ingen 'na aghaidh, ⁊ ní dhechaidh ríamh turus budh luinne ⁊ budh lúthghairidhe lé iona an turus soin, ⁊ do ̇fer fáilte 6 o Sgathaich ⁊ uaithe féin risan macaomh, ⁊ tug lámh tar a bhrághaid dó, ocus do thoirbhir pog go díl ⁊ go deghthairise dó, ⁊ is edh ro rádh: “Maith amh, a mhacaoimh”, ar si, “tair leam go ttugar eolus aireghail dhuit anocht”.
26.
Agus do ghluáisedur rempaibh go dorus tighe na mbearrthoiridhe, ⁊ adubairt: “Maith amh, a óga”, ar sí, “goirridh chugaibh an macaomh-sa, ⁊ denaidh míne ris anocht, oir is macaómh óg Eírionnach é”.
p.12427.
Antan do rainigh Cúchulainn etorraibh adubhradur ris: “a oíg”, ar siád, “gidh bé ní do dhenuimne riot anocht na ferguither thú uime, ⁊ trí naonmhair atamaoidne ann so, ⁊ secht mbeara fiched d'iaron aithleghtha ar gach fer aguinn, ⁊ gach áon roiches droichet na n-alt is chugainne bhios a cheadughudh 'na dheaghaidh”.
28.
“Créd doníthear aguibhsi ris?” ar Cúchulainn.
“Doníther”, ar siád “.i. a dhiubhracadh a bhféige ⁊ a ḃfiormhullach an tíghe suás, ⁊ na beara ⁊ na reanna tá aguinne d'innioll ar a chionn go ría a corplán, go nach bíadh aít beara iona corp uile gan crú a chroidhe ⁊ fuil a cuirp do léigen as”.
29.
“Crét an fáth fa ndentar sin ris”, ar Cúchulainn.
“Doníthear”, ar siád, “gidh mór da slóghuibh ⁊ do sochadhuibh, do dhúagh ⁊ do dhochair bhías romhad nach bíadh sgáth na gigliochus ort rempaibh a ḃfarradh a ḃfuighe tú do dhochair ann so tigh-si anocht”.
30.
“Is bríathar dhamhsa”, ar Cuchulainn, “nach bfuil ar 47atuinn talmhan nech da léigfinnse mo corp do tholladh d'forálamh gaisge ar éigin orm; acht muna léiginn do láoch do bhiadh am aghaidh a gcath no a gcomlann é”/
“Is cóir sin”, ar fer dhiobh, “dá leígther ar do chumus feín tú”.
30.
“Dar mo bhréithir féin amh”, ar andara fer, “ní gheabhthar uaít sin, ag gabháil Conculainn ar cháoil choise chuige ⁊ dá dhiubhracadh a mullach a tighe súas, ⁊ do hinnledh na beara ⁊ na reanna uile aracheann, ⁊ is amhlaidh do thainig Cúchulainn anúas go foill fírghlic fíredttrom, ⁊ dorinnedh fos ⁊ comhnaidhe ar cenn na beara fa nesa dhó, ⁊ rainig iarsin gus an mbior tanaisde do thadhall an tres bior, ⁊ mursin ó bhior go bior go rainig ar an mbior ndédhenach”.
p.12632.
Dala an bhiorchleasa, ní frith ag Uathaigh na ag Sgathaigh na ag Aoífe, né ag Abhlaigh, na ag bainrioghain Tíre an tsnechta, na ag Eisín Chinne, na ag ridere no ag bainridere ttá 7 ttainich riamh foghluim an bhiorchleasa do dhenamh no go ttainig Cúchulainn, ⁊ do diubhracadh fo thri amhlaidh sin é, ⁊ 'na dhíaidh sin thainig luinne Conculainn risna bearrthoiridhe, ⁊ do ghabh armgaisge, ⁊ do ghab aga marbadh ⁊ aga miochóruighedh, gur bhean a gcinn díobh go huilidhe, gur chuir fur dhorsaibh an dúini íad fa cosaibh na sluagh ⁊ na sochaidhe ionnus go madh moíde a ngráin ⁊ a n-egla re cách é, ⁊ ro thuitedur na trí chaogad curadh cruadhchalma do bhí fá chomhair an doruis ag Sgáthaigh ris mur an gcétna.
33.
Agus ro an féin 'san tigh an oidhche sin, ⁊ tainich roimhe 'san maidin arna mharach go dorus an grianán ana raibhe Sgathach, ⁊ d'fíafraigh an raibhe Sgáthach ann.
“Crét soin, a macaomh?” ar Sgáthach.
An mhét do sétuibh ⁊ do mhaoínibh ⁊ d'ionnmhus macraidhe an domain atá agadsa gan tabairt dóibh atáimsi d'iarraidh ort anois.
“A macaoimh óig”, ar sí, “is iomdha deghlaoich annso dana chóra sin sin d'iarraidh ⁊ do dhíoghailt ioná thúsa”.
“Ní thainich díobh e”, ar Cúchulainn, “⁊ is diomsa thig a dhioghailt ⁊ a iarraidh”.
34.
“Crét an díoghalhus doghénta ormsa, a macaoimh”, ar an inghen.
“Eirigh súas”, ar Cúchulainn, “go ḃfearmáois comhrac ⁊ comhlann re chéile”.
“Rachadsa annsoin”, ar sí.
“Ní tú rachus ann”, ar Cuar ⁊ Cat .i. dha mhac Sgáthaige, acht sinne.
“Ní bu sibh rachus ann, a macaibh ionmhuine”, ar Sgáthach.
“Rachadsa im aonur ann”, ar Cuar mac Sgáthaighe.
35.
Agus is amhlaidh ro bhí an fer sin, ⁊ é corpremhur p.128 clíabhfairsing 'na ̇fomór ̇fíormhór, ⁊ do eirigh ina sesamh gona thrí náoi gcleasa air, mur do bhí ubhall-chleas, torainncleas ⁊ fuamchleas, roithchleas, corpcleas, cét- chaithchleas, ⁊ iach n-earradh ⁊ coir ndealann ⁊ leím tar neimh ⁊ cleas fur anala ⁊ foibhéim ocus fáithbheím ⁊ beim go gcomus fáithréim andíaidh do reannaibh slegh, go mbídis sin úaidh chuige amhail beacha ag tionól a ttromchnuasaigh go treabhruighthe do bharraibh na mbánsgoth.
36.
Agus do ghabh a sgíath chobhradhach gona slabhradhuibh línecha tar a gelghualainn, gona secht gcobhradha muin ccobhradh medhóin 47bgo raibh é an sgíath soin ar na choimhegair do chruadhan ⁊ do chriosdal ⁊ do charmhogaill, gur budh mionn súla re húair nfaicsiona an sgíath ioldhathach soin.
37.
Agus doghabh a chlaidhemh trom tortbhuillech go ḃfed, go ḃfigh ⁊ go bfosgadh, go gcruas cruaidhiaroinn, go cciocrus fola flannrúaidhe go tesgfadh fionna anaghaidh srotha, ⁊ a n-iomad do chorránaibh crédumhai ag leodh ⁊ ag leadradh a bhiodhbadh, go ttruaill ̇fadu fiondruinne, go ccresaibh aille airgid a n-ardghabháil goile ⁊ gaisge ar a thaobh.
38.
Agus roghabh a dhá slegh choigrinne chró̇fairsinge crannreamhra comhmora gona semanuibh soidhiubhructhe isna crannaibh cubhairdearga coimhdhiorga iona lámhaibh.
39.
Agus rangadur iarsoin go lathair an chomhlainn, ⁊ tucsad troighthe re talmain ⁊ aighthe re hiomghoin, gur' p.130 fosuighedh troighthe ⁊ gur' lúaithighed lámha, ⁊ gur' bailcedh beimionna, ⁊ gur' harduighedh aigenta, oir dobudh chlos a macalla a n-innsibh, a n-oilennuibh ⁊ a gcarrachuibh cenngharabha na gcríoch badh coimḣfoigse dhóibh.
40.
Agus ro aithin Cúchulainn gan bheith ag diothughudh a neirt anaghaidh an ̇fir mhóir, acht do leíg dó a bhraith- bheimenna móra mileata do thabairt gan freastal no friotholadh uáidh féin orraibh, gur eirigh crioth ⁊ comhbogad a gcosa an ̇fir mhóir risan sírsesamh, ⁊ dochuaidh a nert asa lamhaibh risan uirbheimnech ⁊ risan ttuarguin sin. Agus ó do aithin Cúchulainn an fer mór aga thraothadh mursin d'eirigh a luinne ⁊ a lúaitḣfearg, a briógh ⁊ a nert, ⁊ tuc beím don ̇fear mhor gur bhen a láimh agus innleth a ghualann dhé, ⁊ tuc andara beím dó gur bhen a chos des dé, ⁊ tuc an tres béim gur bhen an oenchos do bhí ag iomlat a chuirp faoi dhe.
41.
Agus dothuit an fer mór iar soin ⁊ aghaidh ar Coinchulainn, go ttarla cláirfiacail an ̇fir mhóir a mullach a ghualann, gur rug a ch uid feola ⁊ leathair go hiomlán dí go barr a mheór, gonadh é sin Lomradh Conculainn.
42.
Agus dodhíchenn Cúchulainn Cuar mac Sgathuighe gan ̇fechuin dá chomhaltus, ⁊ tuc an cenn go dorus an ghrianáin anna raibhe Sgathach, ⁊ fiafraighios an raibhe Sgathach ann.
“Cred soin, a macaoimh?” ar Sgáthach.
“An ttabhrair aithne ar an gcenn so, a rioghain?” ar sé.
“Do bheirim”, ar Sgáthach, “⁊ is mór an gníomh dorinnis, a macaoim, ⁊ tair astech go lán” ar sí, “go ndentar leabaidh dhuit fam chosa féin, ⁊ go ndéntar do leighes ⁊ do leasugudh go cenn treimsi”.
43.
Oidhche ann dochuaidh Uathach ingen Sgathuighe d'ionnsaighe ar Coinculainn 'san iomdaidh iona raibhe.
“Crét do rad ann so thú 'san ttráth so, á ingen?” ar Cuchulainn.
Gach sloigh nach soith soithfidher, ar an inghen.
p.132“Nach bhfuil a ̇fios agadsa, a inghen”, ar Cúchulainn, “gurb coll ccesa 8 do nech bhías a n-othar teacht a coimhdecht mná?”
44.
Agus ro imthigh an inghen iona leabaidh féin ⁊ niór mhór gur théighedh a héadach uimpe antan tainigh aris d'ionnsaighe Conculainn ⁊ luighes 'san iomdaidh ré a tháobh. Ró thogladh Cúchulainn go mór tridsin, ⁊ do sín an lámh slán do bhi aige d'ionnsaighe na hinghine, ⁊ tharla mér na hinghine iona láimh, gur bhen an croicionn ⁊ an feoil d'áontoirbert dé, gur gheoghoin ⁊ gur ghortaigh go mór í
45.
“Olc ort do chlé ⁊ do chol duabhais, a silide siabhartha searguithe!” ar sí. Is ainfial dhuit bainecht do dhenamh, agus 48ad'féaduis mise do chor slán uaít ⁊ gan mo threighdedh go mór mur sin.
“Is ferr leam do chor amhlaidh sin uáim”, ar Cúchulainn, “ar go madh moide a tháir ⁊ a tharcuisne dhuit é.”
“Do maithfinn dhuit anóis”, ar an inghen, “an gortugudh adhbulmhór tucuis orm, ⁊ gan mo chor asan iomdaidh anocht”.
“Is a n-óirchill d'fasdadh do bhios”, ar Cuchulainn, “⁊ nocha n-anfair annso anocht”.
“Do bhráithfinnse comhthaigh maithe dhuitsi”, ar an inghen, “⁊ gan mo chor uait anocht amáin, ionnus go ttiubra mo mháthair dhuit na trí cleasa ata aice nach tuc d'aonduine riamh .i. cleas Cuair ⁊ cleas Cait ⁊ cleas ocht uisgé”.
46.
Agus ro naisg Cúchulainn na comhthaigh sin ar an inghin, ⁊ tuc toil a menman ⁊ a higenta dhí an oidhche sin, ⁊ d'fiafraigh dhí 'arnamárach: créd íad na comhthaigh úd do gheallais dhamh, nó cionnus do gheabhad iád?
47.
“Inneosad sa sin dhuit”, ar an inghean. “Is amhlaidh théid Sgáthach d'agallmha na ndee, ⁊ clíabh clis fuithe, ⁊ díairm do théid ann, ⁊ dá ḃfúighthesa a n-égmhuis a hairm ⁊ a hiol̇faobhair í do bhainfea na comthaigh úd uile dhí, ⁊ eirigh p.134 amach amárach iona díaidh, ⁊ abair go mbainfídher an cenn dhí muna ttuga dhuit na comhthaigh iarrfus uirre”.
48.
Agus do ghlúais Cuchulainn roimhe 'arnamharach d'ionnsaighe droichit na n-alt, ⁊ is amhlaidh do bhí Sgathach antan-sin, ⁊ í iona clíabh clis, ⁊ níor' mhothaigh si Cúchulainn uaisde ⁊ cloidhemh urnocht iona laimh, ⁊ do chonnairc sí taithnemh agus taidhlech an chloidhiomh idir í ⁊ léas, ⁊ fillios Sgáthach ar sesárd a ghualann, ⁊ is edh ro ráidh: “Crét soin, a Chuagain?” ar sí.
“Maith leam”, ar Cuchulainn, “bás ⁊ ég d' imirt ortsa”.
“Is ferr m 'anacol”, ar Sgáthach, “⁊ comthaigh maithe d' faghail uaim”.
“Créd iad na comhthaigh?” ar Cúchulainn.
“Na comhthaigh is áil leat féin”, ar Sgáthach.
“Is edh onn”, ar Cúchulainn, “na trí cleasa ata ugad nach tucuis do duine riamh romham, ⁊ cardes do sliásda, ⁊ inghean fós”.
49.
Agus do gheall Sgáthach na comthaigh soin uile dhó, ⁊ dorad sí na tri cleasa dhó, ⁊ dobhi ar fes laimhe ⁊ leaptha ag an inghin an oidhche sin, ⁊ dobhi cairdes slíasda ón ríoghain aige o soin amach: ⁊ do an go cenn bliadhna na fochar.
50.
Agus tuc lam ar imthecht a gcionn na bliadhna soin 'chum dúnaidh ⁊ degh mhaile na bainridere oile .i. Aoife inghéan ríg Grég 'san nGréig Mhóir, acht dorainigh roimhe go dorus an ghrianáin iona raibhe Aoife, ro ̇fer sí fáilte go miochair muinnterdha roimhe. Agus do bhí ar feis laimhe ⁊ leaptha agan inghin sin an oídhche sin, ⁊ ro an go cenn bliadhna na fochair, ⁊ tuc lamh ar imthecht a gcionn na bliadhna soin.
51.
Ní coír d'fior do mhenmasa imthecht no go raibhar derbhtha isna hilcleasaibh goile ⁊ gaisge go hiomlán.
p.136“An é nach bḣfuilim dearbhtha ionnta anois?” ar Cúchulainn.
“Ní bfuilir chena”, ar Aoifé, “oír ataíd trí cleasa buadha agumsa, ⁊ ata foghluim bliadhna ionnta, ⁊ ansa agum an bliadhain si, ⁊ dobheara ós ogaibh an domhain da rabheid agad”.
“Anfad”, ar Cúchulainn.
52.
Agus ro an go cenn na bliadhna sin, ⁊ iar caithiomh na haimsire sin dó, tuc lamh ar imthecht, ⁊ adubairt Aoife ris: “ní coír dhuit imthecht anois, óir ata mise torrach ⁊ nogo ḃfesair 48bcá chlann bhías agam”.
“Madh inghean bhéarar”, ar Cúchulainn, “is leis gach máthair sochair a hinghine, ⁊ tabhair don ̇fior bhus áil leat féin í, ⁊ mas mac bheárus tú, oil go maith é, ⁊ múin cleasa goile ⁊ gaisge dhó, ⁊ múin na huile chleasa dhó acht cleas an ghá builg amhain, oir múinfed féin sin dó ar rochtain a nEirinn dó”.
53.
Ro cheiliubhair Cúchulainn don inghin iar sin, ⁊ fa dubhach dobronach dobhí sí an lá soin 'ar ndealugudh Con- culainn riu. Gidh edh Cúchulainn féin, fa himsniomhach leis a mhenma ag techt an slighe an lá soin sech gach lá, nogo rainigh go drochet na n-alt, ⁊ do connairc an turcharthach urbhadhach athduamur iongantach anaithne fan chenn aile don droichet .i. caillioch ard anadhbadh, ⁊ athchlasg iarnaidhe iona laimh iona raibhe medhláin glaice d'iaronn aithleagtha.
54.
“Maith amh, a Chuchúlainn”, ar sí, “leíg seachad an tslighe dhamh”.
“Aniontaithighe an t-ionad-so iona bfuilim”, ar Cúchulainn, “munach ndéanadh uathadh, oír is comhcháol re ruáinne ⁊ is coimhghéar re horrdladh, ⁊ is coimhsleamhain re héimh easguinne, ⁊ da ttengmadh dealg fothbhannain 'san áit iona bfuilim, ní greamóchadh ann ionad a ttoirisfedh no go roiched an mhuir mhór amach”.
p.13855.
Gesa ⁊ airmearta ort, ar an challeach, munach leigedh an tslighe dhamh.
Truágh soin, ar Cúchulainn, béo dē déis a anma ⁊ ní beó deís a oinigh, ⁊ as í an tslighe leigfedsa dhuitsi gidh bás no aoidhedh do gheabadh féin dé
56.
Is ann soin do iathadh Cúchulainn a dhá laimh ⁊ a dhá chois timchell an droichit, ocus do leíg fáon fortharsnadh ar an droichet é, ⁊ do ghabh an chaillech ag toirnchleas go gairbh ainiarmurthach ar alt a dhroma ⁊ ar a chosaibh ⁊ ara lámhaibh, go ngeoghoin ⁊ go ngoirtedh go mór é, ⁊ 'ar ndol thairis don chailligh, do ling an-airde go hétrom etairbuasach, ⁊ tuc beim don chailligh ar ndol tairis, lear' bhen a cenn da coluinn, ⁊ fa maith an marbadh dorinnedh Cúchulainn annsoin .i. Eisin cninne.
57.
Agus is amhlaidh robhí Sgathach, ⁊ í ag denamh foghlumtha do chuid dona ridiribh Eirennachaibh do bhí 'na fochair ris an mbliadain sin do bhi Cúchulainn 'san nGreig Mhóir ag Aoife, ⁊ fa híad so anmanna na rideridhe sin .i. Fer díadh mac Damhain ⁊ Fer Démain mac Damháin ⁊ Fráoich Fáil mac Fiodhaigh ⁊ Naoísi mac Uisnech ⁊ Lóit mór mac Mogha Feibhis ⁊ Fergus mac Lúach leabharmongach. Agus an lá do thainich Cúchulainn 'chum an dúnaidh is ann thainich am imthechta dona rideribh sin 'chum na hEirenn, ⁊ ro ansad bliadain oile ag sgathaigh leath ar leath ionnus go ndernadh gach áon díobh uiret foghluimtha re Coinculainn, idir chleas ⁊ ghal ⁊ ghaisge, acht madh cleas an ghá builg amháin; ⁊ ro cheiliubair siád do Sgáthaigh iarsoin.
58.
“Maith amh, a inghen”, ar Cúchulainn, “is cóir dhamhsa dol leis na rideribh eile so go hEirinn”.
“Nocha tteighirse léo”, ar si, “no go gcenglarsa cró cadat ⁊ caradraidh eattraibh uile, ionnus nach cuirfedh fir an domain a gcenn a cheile sibh dochu comhraic no comhlainn, ar ní baoghul daoibh nech oile isan doman dabur mbáoghlugudh muna ttiasar úaibh fein fribh. Agus is iad so gesa ̇fágbhuim orruibh .i. mas é anti is ferr aguibh iarrfus comhrac p.140 ar an tí bhus mesa gomadh é an ti bhus ferr chlaoifidhear. ⁊ mur an gcetna dontí bhus mesa, da n-iarrfadh comhrac aran tí bhus ferr; ⁊ ná téighedh nech aguibh tar na fágbala soin”.
59.
Agus tucadur a lámha da cheile le comhall an chonnartha soin da cheile go bruinne an brátha 49a.
60.
Is ann soin ro ceiliubhradur do Sgáthaigh, ⁊ ro iócsad fiacha a bfoghlumtha le, ⁊ rangadur rempaibh an oidhche sin, ⁊ ní haithrisdur a sgéala go rangadur críoch na bhfer cCat.
“Cia an chrioch so”, ar fer dhióbh, “nó cía rígh uirre”?
“Ríoghacht bfer cCat so”, ar Cúchulainn, ⁊ Áodh Ruáidh is rígh uirre. “Caídhe dhuinne gan aoidheacht na hoidhche anocht do bhuain dí”, ar Cuchulainn.
“Cíat a bfuilfirsi ag dol?” ar siád.
“Rachadsa fa eochairimlibh an mhara so síos”, ar Cúchulainn, “d'fios an bhfaghuinn eóin no eatuidedh dobheiruinn d'ionnsaighe an dunaidh, ionnus gomad moide m'iongantus ag mnáibh ⁊ ag macaóimh ⁊ ag bantracht an dunaidh a mbeith béo da n-ionnsaighe.”
“Déanaidh amhlaidh”, ar iadsoin, “⁊ ag so sinne 'chum an dunaidh romhad”.
61.
Do sgaradur re cheile ann soin, ⁊ do ghluáis Cúchulainn ⁊ tuc aghaidh ar an mhuir mhóir amach. Mur dobhí ann dochonnairc an t-oireacht adhbhalmhóir 'san tracht fa nesa dhó .i. cét d'feruibh ⁊ cét do mhnaibh, ⁊ iád na suidhe a gcoim an chuáin ⁊ an chalaidh, ⁊ inghen cruthach cáomhaluinn etorráibh fa inghean dersgnuithe do mhnáibh an domhain, ⁊ íad ag gol ⁊ ag doghra tiomcioll na hinghine.
62.
Thainich Cúchulainn do láthair ⁊ do bheannaigh dhóibh. “Crét an doilghios nó an doghra so oraibh?” ar Cúchulainn.
Ro ̇fregair an inghen ⁊ is edh adubairt: “cios ríogh bheirid fine Fomorach asan thír-si gacha sechtmadh bliadhna .i. cétghein chloinne an riógh, ⁊ is damhsa rainic dol ann anuair-se san gcíos soin, uair is mé is dile leis an ríogh día chloinn”.
“Cia lión thig da togbháil an chiósa sin?” ar Cúchulainn.
“Tri maic Alatruim d'Fomorchaibh”, ar si, .i. Dubh, Meall ⁊ Dubhros a n-anmanna.
p.14263.
Agus niór chián doibh ar na hiomraidhtibh sin an tan do connacadur an loing luchtmhair lanmhoír tar mhearthonnuibh an mhara da n-ionnsaighe, ⁊ antan do chonncadur munter na hinghine an long ag techt do thechiodur uile uaíthe, ⁊ niór tan aonduine iona fochair acht Cúchulainn iona aonar.
Agus is amhlaidh do bhí an long-soin, ⁊ áonóglaoch dubh dúaibhsech diabhluidhe a ndeiredh na deghloinge sin, ⁊ do rinnedh gaire garbh ainiarmurthach, ionnus go bhfacadair cách a abach ⁊ a ionathar tri choimpir a chraóis.
“Crét an subhachus úd ar an bfer mór?” ar Cúchulainn.
“Ar feabhas leis tusa do bheith do bhiseach ar a chíos a mbliádhna seach gach bliadhan oile”, ar an inghen.
“Mo chubhuis amh”, ar Cúchulainn, “níor chóir dhósan mise do chommaidhiomh amhlaidh soin da ḃfeasadh a mbeith dhé”.
64.
Is annsoin thainich an fer mór a ttír chugtha 'san tracht asteach, ⁊ sinis a láimh ̇fada ̇féithremhar fíorghránna do ghabhail Conculainn a n-urthosach a chiósa ríogh. Togbhus Cúchulainn an láimh dhes dhirioch ⁊ nochtus a chlaidhemh, go ttuc béim don fer mhór, gur'bhen an cenn dé, gur'b é sin cétduine do thuit le Coinculainn iar ttecht ó dhenamh a foghlumhtha dó, ⁊ do thuitedar an días eile leis iar soin, ⁊ fagbhus mur sin íad muin ar mhuin.
65.
Dala Conculainn immorro, ní thug uidhe na aire don inghin, úair níor' mhíadh ⁊ níor' mheabhair leis labhairt ría ⁊ í iona háorur ar tteichedh a muinntire úaithe, ⁊ do ghluáis roimhe andíaidh a aosa comhtha, ⁊ nior' innis an gníomh soin dóibh, ⁊ rancadar iarsoin go dorus an dunaidh, ⁊ benuid beim baschrainn 'san dorus, ⁊ fiafraigheas an doirseóir cia dobhi ann.
49b“Buidhen do rideribh Eireanchaib sinn”, ar siad, “ata ar ttecht as an doman anoir iar ndenamh ar ḃfoghlumtha”.
66.
Dochuaidh an doirseoir mur a raibhe an rígh, ⁊ é go cumthach dobrónach andiaidh a inghine, ⁊ ro innis dó buidhne do rideribh éirennchaibh do bheith 'san dorus.
“Leigther astech iád”, ar an rígh.
Thangadur astech, ⁊ dofer an rígh fiorchaóine fáilte ríu go milis muinnteardha.
p.14467.
Agus ní cían do bhadur mursoin antan do concadur an inghin chugtha.
“Maith amh, a inghen”, ar an rígh. “in cumhtha andíaidh do mhuintere, no an t-egla tuc ort teichedh amhlaidh soin?”
“Ní hedh go deimhin”, ar an inghen, “acht aonmhacaomh ôg nemharsa thainich dom ionnsaighe, ⁊ do an im ̇fochair ar tteichedh mo mhuinntire uaim, ⁊ do chomraic tar mo cheann le trí macaibh Allatruim d'Fomórchaibh ⁊ do thuitetur leis, ⁊ da dhearbadh soin téigedh duine uaitsi ar cheann na coda oile don chiós, ⁊ tabharthar chugad é”.
“Beir búaidh ⁊ bennocht, a inghen”, ar an rígh, “is maith na sgéala innisiostú dhamh, ⁊ chuir óglaoch ar chenn na coda oile don chiós, ⁊ tucadh chuige é”.
68.
Agus budh luthghairioch Áodh Ruadh don sgél sin, ⁊ adubairt re bantracht ⁊ le bandálaibh an dunaidh: Eirgidh, ⁊ foilcedh ⁊ foirthicadh do dhenamh dona rideruibh.
69.
D'éirghetur an bantracht iarsin. i. ben a gcomhair gach rideri dhiobh da nighe ⁊ da níamhghlanadh, ⁊ is í Aoife inghen Aodha Ruaidh tharla ós cionn na daibhche 'na raibhe Cúchulainn, ⁊ tarla lámh Conculainn iona láimh, ⁊ adubairt: “Maith amh”, ar sí, “is mór cuid goile ⁊ gaisge na láimhe si”.
“Crét sin, a inghen?” ar an rígh.
“Ata”, ar an inghen, “gur'b leis an laimh-si do thuitetur trí mic Alatruim d'Fomorchaibh, ⁊ as é tuc mise asan mbroid moir iona rabhus”.
“An fíor súd, a rideruibh Eirionnchaibh?” ar Aodh Rúadh. “An raibhe duine ar bioth da bur muintir ionbur n-égmuis ag techt isan dúnadh diobh?”
“Dobhi Cúchulainn ata ann súd”, ar siád, “oír do chuaidh sé fa eochairimlibh na mara so siós d'fios an ḃfuigedh eoin no ethaite dobhéaradh leis d'ionnsaighe an dúnaidh”.
70.
“An é súd an Cúchulainn oirderc ata ̇fogur aguibhse a nEirinn?” ar an rígh. “Masedh”, ar Aódh Rúadh, “ag súd an ciós ríogh do chosnuis feín dhuit, ⁊ an inghen fós”.
p.146“Ort do chlé ⁊ do chol dúabháis”, ar Fer díadh mac Damháin, “ní ḃfuighe duine ar bioth bladh nó nós na buánoirdercus ar choimhslighe riot go bráth”.
71.
Dala Conculainn immorro, ni tuc sin da uidhe na da aire áoṅfocal da ndubairt Fer diádh, acht roinnios an cíos soin na bFomorach .i. a thrián dona rideruibh ⁊ an dara trían do bhíatachuibh bhfer cCait, ⁊ an tres trián a gcoibhche na hinghine, ⁊ robhi sí aige ar feis leaptha an oidhche sin.
72.
Ocus do bhadur caoigcidhis ar mhí iona gcomhnaidhe 'san baile sin chaóinfresdail ⁊ fritheoladh, ⁊ a gcionn na haimsire sin tucadur lámh ar imthecht 'chum na hEirenn, ⁊ do ghabhadur cúan ⁊ caladhport a ttráigh na Foladh a n-Ulltaibh, ⁊ rangadur iarsoin go hEamhain míonalainn Mhacha mur a raibhe Conchubhar mac Fachtna Fáthaigh airdrígh Uladh. Ro fásdaigh Connchubhar aige féin iád ar fedh bliadhna, ⁊ tuc Conchubur cíos na coíge dhoibh iona thúarusdal, ⁊ is edh áirmid uchdair ⁊ eolaigh nach raibhe ag riogh no ag roflaith 'san doman mhór an tan soin laochradh na curadhaibh na táoisechuibh comhchalma na comhchrodha ris an mbuidhin do bhí a nUlltaibh an tan soin da ngairthe curadhaibh na Craoibhe Ruaídhe, mur atá Conaill Cernach ⁊ Fergus mac Rosa Ruaidh, cona gcloinn, Laoghaire Buadhach, Cormac Couloinges mac Concubhair, ⁊ an t-ochtar oile sin tainich le Coiuculainn a n-Eirinn.
73.
Agus a gcionn na bliadhna soin do roinn Conchubur fuinn ⁊ fer ainn etorraibh an mét díobh nach bfúair ferann roimhe sin, ⁊ do roinn íad fa imiollbhorduibh Uladh, ⁊ do thugdáois móirchiós na n-oilén léo, ⁊ móran do criochaibh oile don cruinde fa chiós ⁊ fa umhla dhoibh a los a ngoile agus ngaisge. Gonadh í soin cuid d'imthechtaibh Conculainn gonuige sin. FINIS.
Document details
The TEI Header
File description
Title statement
Title (uniform): The Training of Cúchulainn
Title (original, Irish): Do fhogluim Chonculainn
Author: unknown
Editor: Whitley Stokes
Responsibility statement
Electronic edition compiled by: Ruth Murphy
Proof corrections by: Hilary Lavelle and Ruth Murphy
Funded by: The HEA via the LDT Project and PRTLI 4
Edition statement
1. First draft, revised and corrected.
Extent: 9600 words
Publication statement
Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork
Address: College Road, Cork, Ireland
Date: 2009
Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.
CELT document ID: G301038
Availability: Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching only.
Source description
Manuscript sources for the original
- British Library, Egerton 106, written by Richard Tipper, 1715.
Further reading
- Ruairí Ó hUiginn, Oileamhain Con Culainn: 'Cú Chulainn's Training', Emania 19 43–52.
The edition used in the digital edition
‘The Training of Cúchulainn’ (1908). In: Revue Celtique 29. Ed. by Whitley Stokes. 109–147 (even p. nos. only).
You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:
@article{G301038, editor = {Whitley Stokes}, title = {The Training of Cúchulainn}, journal = {Revue Celtique}, number = {29}, address = {Paris}, publisher = {Émile Bouillon}, date = {1908}, note = {109–147 (even p. nos. only).} }
Encoding description
Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling declarations
The electronic text covers even pages 110–146. The English translation is available in a separate file.
Editorial declarations
Correction: Text has been proof-read twice.
Normalization: The electronic text represents the edited text including footnotes. The ae-ligatures have been rendered ae; f/s with overdot are rendered fh/sh. Text supplied by the editor is marked sup resp="WS"; footnoted editorial corrections take the form of corr sic="" resp="WS". Missing portions of text are indicated by gap. When displayed in HTML format (due to its constraints) both expansions and supplied text appear in italics. When in doubt, users are asked to consult the SGML/XML master file to identify the markup.
Quotation: Quotations are rendered q.
Hyphenation: When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word (and punctuation).
Segmentation: div0=the tale; div1=the section.
Interpretation: Names of persons (given names) and places are not tagged.
Reference declaration
A canonical reference to a location in this text should be made using “section”, eg section 1.
Profile description
Creation: This version was copied by Richard Tipper, but is based on medieval models
Date: [1715]
Language usage
- The text is in Irish. (ga)
- Some words in the notes are in English. (en)
- Some words are in Latin. (la)
Keywords: saga; Ulster Cycle; prose; medieval
Revision description
(Most recent first)
- 2009-08-12: Header created; file parsed; SGML and HTML file created. (ed. Beatrix Färber)
- 2008-08: Text proof-read (2); structural and content markup added, including footnotes. (ed. Ruth Murphy)
- 2006-08: Text proof-read (1). (ed. Hilary Lavelle)
- 2006: Text scanned and basic XML markup applied. (text capture Data capture company)
Colophon
Arna sgriobadh le Riosdard Tuibear, anno domini, 1715.