CELT document G303010

Feis Tighe Chonáin

Witness list

  • H3: H.5.4. Trinity College Library
  • M: RIA 23 M 25, Dublin, Royal Irish Academy.
  • K: RIA 23 K 7 Dublin, Royal Irish Academy.
  • F: RIA 12 F 7 Dublin, Royal Irish Academy.
  • N: RIA 23 N 19 Dublin, Royal Irish Academy.
  • L: RIA 12 L 39 Dublin, Royal Irish Academy.

unknown

Edited by Maud Joynt

Feis Tighe Chonáin

 p.1

1.

 5 Sealg throm-thorthach shaor-aoibhinn árd-aigeantach mhōr-mheanmnach do comōradh le Fionn mac Cubhaill mic Tréinmhōir uí Bhaoiscne ⁊ le fianaibh gúsmhura gairg-bheódha gníomh-ēachtacha Gáoideal ō Theamhair Earna a theas go Sliabh ārd uráoibhinn Eachtuigh. As ann sin do suigheadh an tshealg leó, fō na coilltibh beandacha bārr-ghlasa mór-thorthacha ⁊ fō na daireadhuibh dlúithe daingne dīomhōra ⁊ fō na slēibhtibh fairsinge fraoch-ārda forruaidhe10  fō na maghuibh míne mōr-āille mbān-scothacha deaghbhalaidh ⁊ fō na cnocuibh corracha ceand-gharbha mōrthimchioll na bhfearann, ⁊ do bhí gach taoiseach féinnidh acu ann a ionadh urdhālta ⁊ ann a bhearnna bhaogail ⁊ ann a lāthair licthe annar chleachtadh 15  a beith go minic roimhe sin. Agus do scaoileadur da ngadhruib trom-chluasacha guth-bhinne mōr-ghlōracha ⁊ do greasuidur íad fō na mōr-dhaireadhuibh ⁊ fō na choilltibh ⁊ fō na slēibhtibh gacha taobha dhíobh ⁊ do chuireadur a ccoin fheargacha chraos-fhairsing 20  chliabh-dhomhuin ucht-leathann árd-aigeantacha ar a n-ialluibh daingne dath-āille deadhmhaiseacha. Agus do shuigh Fionn ann a dhúmha sealga, ⁊ níor fhan ann a fhochair nā ann a choimhdeacht an lá sin acht Dīorraing mac Doghair Dhámhaigh amháin. 25  Dob é do ba ceōl ⁊ dob oirfide ⁊ dob ealadha dhōibh a bheith ag éistacht le núadh-ghārrta na sealga, rē seasdān na bhfear bhfiadaigh, le laoghadh na laochraidhe risna sár-chonuibh, gur dhūisceadar fiadha faiteacha folúaimneacha, míolta mong-ruadha  p.2 30  mbuidhe ⁊ sionnuidh chorr-chluasacha chealgacha chaib-líatha ⁊ bruic cheananna thaoibh-thoruinn trēan-díana chomhruichacha, gurbha cinn-dearg coin ⁊ bha lāmh-dhearg laoich ⁊ gurbhá mōr-mhuirineach giollanradh acu an uair sin. Gurab í 35  sin úair ⁊ aimsir do  6ghabh funn súain ⁊ sáirchodhlata an rí-fhēinnidh ⁊ adubairt sē le Dīorraing mac Doghair faire ⁊ forchoimhéad do dhēanamh dō nō go ccodhludh cāil éigin tar éis na mochēirghe dorinne an lá sin. “Dodheāna cheana” ar Díorraing.

2.

40 Do luigh Fionn ⁊ do thuit a thoirrchiom súain agus sáir-chodhlata fair, ⁊ do bhí 'na chodhladh ōn trāth sin nō gur fhēuch an ghrían aníar ⁊ nō gur fhilleadar an fhían ōn tsheilg. Agus dob fada le Díorraing do bhí Fiond 'n-a chodhladh, ⁊ tug lám 45  tar fhormna ⁊ tar aghaidh dhó ⁊ do mhūiscail é ⁊ d'innis dō an fhían d'imtheacht ⁊ a n-ionadha sealga d'fagbáil dōibh, ⁊ adubairt nach ccuala fead nā fercheadh uathaibh. Arna chlos sin d'Fhionn, d'éirigh go hathlamh ⁊ tug lāmh tar a aghaidh ⁊ adubairt: 50  “Dar liom, a Dhíorraing, as deireadh láoi ann, ⁊ ni roichfeam an fhían anocht; ⁊ éirigh fōn ccoill ⁊ tabhair adhbhur boithe ⁊ bēlsgálāin chuguinn.”

Do éirigh Dīorraing agus do chuaidh an tan do chonnaic an dūnadh ríogha ro-mhaiseach ⁊ an 55  phíoláid āluinn iongantach 'na fharradh. Iontōigheas Díorraing mur a raibhe Fionn ⁊ d'innis sin dō. “Dēan d'ionnsuighe an dúnaidh,” ar Fionn, “óir nī bhíam rē saothar boithe feasta.” Do rángadar rompu go dorus an dúnaidh ⁊ do bhaineadur béim 60 baschrainn frisan dorus. Tāinic an doirrseóir chuca ⁊ ro fhiarfhaigh cia do bhí ann. “Días do mhuinntir Fhinn mic Cubhaill atā annso,” ar íad-sumh. “Gleō nimhe ⁊ āgha ⁊ urbadha oruibh” ar an doirrseōir,  p.3 “as olc an turus a ttāngabhair ann so; ōir as ē 65  Fionn do mharbh athair ⁊ māthair fhir an tighe-se ⁊ a cheathrar dearbhbrāithreach ⁊ triur dearbh-brāithreach a athar ⁊ athair a mnā .i. Dub mac Dubguill ar muigh Teasga a theas, agus as ē baile do bhí ann sin .i.  7 baile Conāin Chind-tslēibe risa 70  rāither Conāin Chind-tshugmuire Ruaidhe, ōir is leis do trāigheadh Loch Lorgān ag iarraidh Mic in Luinn ann .” Et dob fhīor don doirseōir a ndubairt uile ann sin rē Fiond, ōir is ē Fiond dorinne na hēachta sin uile. Fillidh an doirseōir go Conān et innsios an 75  beac-choindeam sin do bheith 'sa dorus. Fiafraigheas Conān: “Créad tuaruscbāil na buidhne atā san dorus?” “Tā ann” ar sé, “ōglāch forusta fionn-liath fearamail fīor-mhaiseach is mō do mhīleadhaibh et is lāidire do laochaibh et is āille don 80  druing dhaondha uile; ⁊ cú craosach cīr-dhub ucht-geal ina lāimh go michair rīoghnaidhe, go n-ingnibh iuchannda, go nimh nathrach, go slabhraidh snīthi, go muince ōir orloiscthe fāna brāgait; et ōglāch donn-dearg dath-ālainn ina fhochuir ⁊ 85  sadh bhreac bhuidhi uallach ina láimh.” “Is maith tucais tuaruscbāil na buidhne itā 'san dorus leat” ar Conān, “et dobheirim-si aithne forro, uar as ē Fiond flaithfēinnidh Gaoideal in t-ōglāch fā tuaruscbāil tucais leat ar tūs ⁊ Bran ina lāim, et Dīorraing mac 90  Doghair in t-ōghlāch sin eile fā tuaruscbāil tucais leat ar deireadh et Sceōlang ina lāim; ⁊ ēirghe amach go luath ⁊ leig asteach iat.” D'imigh in doirseōir ⁊ do fhoscail in dorus ⁊ tāngadur asteach ⁊ do gabadh a n-arma asa lāmhaibh ⁊ ceangladh a ccoin ⁊ dorinneadh 95  umhallfhosaic dhōibh, gurba subach somheanmnach iat; ⁊ iar ccaitheamh forgla a gcodcha dhōibh tāinic cóir comhrāidh ⁊ imagallmha idir Conān ⁊ Fhind ⁊ adubairt Conān: “A Fhiond”  p.4 ar sé, “is mōr in grādh bīdh ⁊ oīdheachta dhuit-se 100  teacht don thigh-si ⁊ méid a fhala ⁊ easaonta and”; ⁊ is amhlaidh do bhī Conān an uair sin ⁊ a bhean ara ghualainn, ⁊ ingean chruthach choīmh-ālainn do bhī ag Conān ar ghuallainn a māthur .i. Findearb inghean Conān. Do fhreaguir Fiond é ⁊ 105  adubairt: “Is fīor gach ní dā ndubrais, a Chonān,” ar sé; “is mōr m'fhala-sa ⁊ m'easaonta friot; ⁊ cidh eadh dorindius siachāin friot an tan do mharbhus h'athair ⁊ do māthair ⁊ do thriur dearbrāithreach ⁊ do dá mac ⁊ athair do māthar .i. Dub mac Dubguill 110  ⁊ a triur mac; do ainces thū féin ⁊ do bhean ⁊ hī  8 taobh-throm torrach, ⁊ do naisceadh an torrcheas sin damh-sa: dāmadh mac do bhiadh ann, go mbeith 'na dalta ⁊ 'na fianaidhe agum, ⁊ dāmad inghean do bhiadh and, a leasughadh ⁊ a hoilleamhain go maith 115  fām' chomhair féin dāmad diongmhāla dhamh í ⁊ munbad eadh go ttucainn do thaoiseach fēine maith ēigin dom' muintir hí; ⁊ dobheirim aithne forre gurab hí súd thall a bfochair a māthar í anois, ⁊ is diongmāla damh-sa mur mhnaoi: ⁊ dā taphairt 120  tānac-sa don tigh-si anocht ⁊ ní ar oīdheacht; ⁊ is cōra dhuit cuimne do bheith ar in maith sin dorindius ort nā cuimne do bheith agad ar fhala nā ar adhuhur.” “Leig as, a Find,” ar Conān; “do naiscead an inghean ūd d'fhior eile, ⁊ is dōigh liom-sa, 125  gi mōr do chonāch-sa ⁊ do neart, nach lugha leis a mheanma inā aicnead inā leat-sa, a Find.” “Cē hē sin?” ar Dīoraing mac Doghuir. “Itheach mac rí shīthi Easa Ruaidhe a ttuaith.” “For da ghrāín. ⁊ do cholluabais, a Conān,” ar Dīorraing, “⁊ do 130  badh cōir in bhél tara ttāinic in glōr sin amach do dluidhe ⁊ do dían-gearradh ⁊ dionbhas d'imbert fair , uar dā gcurtha Tuatha Dē Danann uile a pearsain ēan-duine, is fearr Fiond inā ē.” “Leig as, a Dhīorraing,”  p.5 ar Fiond; “nī d'iomurbhāigh nō d'imreasain 135  tāngamur don tigh-so anocht, acht do tabairt mnā, ⁊ dobēaram hí gidh olc maith le a bfuil a nEirinn ē” “Ní dhiongnuim-ne imreasain ar bíth uime sin, a Fhinn,” ar Conān; “acht geassa nach fuilingit fīorlaoich fort mura n-indisir damh-sa gach 140  nī fiarfeōchat d' imtheochtuibh ⁊ d'iongantaibh ⁊ do scéaluibh fhian Ēirionn dīot, go luidhir for do leabaidh anocht.” “Gach bhias agam-sa ar cuimne de sin, inneōsat iad,” ar Fionn. “Mās eadh,” ar Conān, “indis damh céad-ainm tugadh ort ⁊ an 145  dara hainm, ⁊ cā ndearnais do chēad-chreach ⁊ do chéad-eucht ⁊ do chéad-shnāmh,  9 ⁊ crēad fā linginn tú lēim na Brece Bladha gacha bliadhna.”

3.

“Indeosad dhuit āmh,” ar Fionn. “Glas Dige mo chēad-ainm ⁊ Giolla an chuasāin m'ainm 150  'na dhiaigh sin, ⁊ ag Tioprait Crithirlinde do leathtaoibh tshlēibhe Smóil mic Eighleachair dorinnius mo chéad-shnāmh ⁊ ag Dún mBrocna dorindius mo chēad-chreach ariamh .i. an preasleacha gona dá hén déig; ⁊ is aire lingim-si lēim na Brice 155  Bladha gacha bliadhna .i. an céad-lá do scarus rē mo bhuime .i. rē Boghmuinn, arna marbadh do chlannuibh Mōrna, do gabhus seachrān sligheadh cugum co rānac co Luachair Deaghadh theas, ⁊ mē am' ōg-macaomh bhaoth ēagiallaidhi and; ⁊ 160  nī raibhe d'ēadach umum ann acht beart do croicend ōglaogh allaidh; ⁊ ní cian do chuadhus an tan do concas an dá comhdáil, oireachtus fortamail fearamail fear ⁊ oireachtus bind comrāiteach ban, ar dhā cnoc chomārda re taobh a chēile, ⁊ all dubh 165  duaibhseach domain gāibteach grāineamail etorro; ⁊ tāinic misi an uair-sin mur a raibhe na mnā ar tūs ⁊ do bheannaigeas dhōibh treasna dēibh adharthae  p.6 ⁊ d'fhiauraigheas créad mā roibhadur an dá chomdáil sin leath ar leith 'mun all. Do innsidur na mnā 170  domh-sa gurab ē an adhpur .i. go raibhe Sēadna mac Oilealla ann .i. mac rī Ciarraidhe Luachra, ⁊ oireachtus fearda fearamail fear ina thiomcioll, ⁊ go ttuc searc ⁊ siar-grādh d'Athnait inghean Dāire an Sídhe go bfuil an t-oireachtus comālaind 175  binn-briathrach bhan-sa ina tiomcioll; ⁊ is í cobchi do iarr sī fair, lēim an aill-si do thabhairt; ⁊ thig gacha bliadhna ionna coinde ann so do tabhairt in lēime; ⁊ in uair thionscnas í tabhairt ⁊ thig go bruach an aill, tillighidh tar a ais arīs 180  gan a lēim do thabhairt. Do fhiafraighius don ingin 'nar chuma lēi cē dobeireadh an lēim. Adubhairt nār chuma, “⁊ cidh grānna h'eireadh-sa ⁊ h'éadach ⁊ do chulaidh, ⁊ ní do chaīneadh do dheilbe féin é, dá ttugteā in lēim, do bhiadh sisi agud ⁊ do 185  fuighfeadh leat.” Arna chlos sin damh-sa tugus lán-chruinughadh orm a meadhōn mo chroicinn ⁊ do scuchus ar mo chūl ōn all ⁊ tucus dighrim  10 reatha rind-luaithe dochum an aill, gur ēirgeas co hārd-ēadrum eaduruasach rum féin ōs cionn an aill, 190  gur turlingus ar taobh na tulcha don taobh thall don all, ⁊ do thillus a fritheing na conaire cēadna arīs cum an aill ⁊ tucus an lēim tar mh'ais, ⁊ dobēaraind nī ba mionca dāmad āil liom féin. Arna fhaicsin sin d'Aithnait, tāinic dom' ionnsaighe-si ⁊ do 195  chuir a lāmh fom urāguit, ⁊ tuc teōra pōg dam ⁊ do bhain mo croicend dhīom ⁊ tug ēadach mo diongmāla dam umum, ⁊ do chuadhas lēi dā teigh an oidhche sin ⁊ do ēirgheas co moch arna uhārach. Tāinic sisi cugam ⁊ do iair aiscidh maidne orum .i. an lēim-si 200  do thabhairt gacha bliadhna; ⁊ tugus sin dī; ⁊ do fhāg mur geasuibh orm, an bliadhain nach ttiurainn hē, ēag nō oigheadh d'fhagáil damh.  p.7 Agus is iad sin scéala d'fhiarfaigis dīom, a Chonān,” for Fiond.

4.

205 “Beir buaidh ⁊ beannachtain, a fhir amhnuis fhīr-eōlaigh, is mōr in t-urgāirdugadh meanman ⁊ aigceanta dhūinn a beith ag ēistacht friot; ⁊ ar grād d'einigh ⁊ h'eangnama, a rí-fhēinnid, indis dam co hēscaidh umhall gach ní fiabhreōchat dīot, ⁊ nā bīodh 210  tursi nā fearg ort uime.” “Ni bhiaidh,” ar Fionnd; “⁊ fiafraig gach nī is āil leat feasda do scéalaibh na fēinne ⁊ dogēabair gach ní bhias agam-sa dīobh.” “Fiafraigim dhīot” ar Conān, “cā laoch d'fianaibh Ereann lingis ar a leacht ⁊ ar a lighi féin gach laoi 215  ⁊ ē féin beō, ⁊ gurab ī a ingean a māthair, ⁊ go mbíonn ag agra aeruca ⁊ einioclann ar an bfear ros maruh é” “Indeōsat-sa sin,” ar Fiond. “Imreasain tarla idir dá thaoiseach fēine maith dom mhuintir-si fā congleic dā chon .i. eidir Oscur mac Croimchind ⁊ Daolgus mac Oillealla Cais, ⁊ nī raibhe 'sa mbaile don fhēin lucht a n-eadrāna, nō co ttorchuir Daoilgus le hOsgur. Tāinic inghean chruthach chaomh-ālainn do bhī ag Daolgus ōs a chiond ⁊ ē marbh, ⁊ do chrom fair ⁊ tuc pōg dhō, ⁊ do ling caor crōin-dearg 225  as a bhēal-sa ina bēl-sa, gur fāgadh taobh-throm torrach ī; co ceand naoi mīos dhī amhlaidh sin, co ruc mac don toirrcheas sin; ⁊ dona cēad-aistibh reapraidh dō beith ag lēimnigh ar a leacht ⁊ ar a lighe féin gach laoi;  11 ⁊ ō nach bfrītheadh athair dhō, 230  do baisteadh ⁊ tucad ainm a hathara féin .i. Daolgus fair, ⁊ atā aniudh ag tabach ēaruca ar an bfear ros mharuh hē. As iat sin fuascladh na gceist do cuiris orm, a Chonann,” ar Fiond.

5.

“Beir buaidh ⁊ beannachtain, a Fhind, is 235  maith in t-urgārdiughadh meanman is aiceanta  p.8 dhūinn a bhēith ag eistacht friot; ⁊ abar riom, a rī-fēinidh, cia is measa nō cia is fearr a bfianaighecht Ēireann ⁊ cia is mō nō cia is lugha ⁊ cia is luaithe ⁊ cia is moille.” “Indeōsat-sa sin dhuit-se” ar 240  Fiond. “Misi féin duine is fearr a bfianaibh, ⁊ Dear Dubha Duibhslēibe duine is measa a ufianaibh Ēireann .i. baineachlach atā agam-sa bhīos ag taisteal crīoch ⁊ cinneadh an domain (?) rēm' gnōthaidhe, ⁊ nī maith rē hēann-duine ariamh acht 245  imdeargadh do tapairt do gach aon laphrus fria, ⁊ gach duine chīthfus ar chēad-longadh í, nacha dingeann a leas an lā sin. Agus Lipti Leascamail giolla tineadh coire mōir na hAlmaine aon-dhuine is moille a uhfianaibh Ēreann, uar is hé a theand oide 250  laoi samraidh teacht ōn topur atā a ndorus na hAllmaine conuice a leabaidh féin annsa cuchtar. Agus Legan Luath a Luachair Deaghadh aonn-duine is luaithe a ufianaibh Ēreann, ⁊ Daolgus mac Duibdhoiligh aonn-duine is āirde a ufianaibh Ēreann, ⁊ 255  mac Mēin in t-aphac bec aon-dhuine is lugha a ufianaib Ēreann, ⁊ misi féin aonn-duine is fearr i bfianaib Ēreann re clū einigh ⁊ lāime ⁊ oirdearcus conāigh.”

6.

Ann sin adubairt Fionn: “Nā bīmid mur 260 so nīs sia; mā tā lucht ciūil nó oirfide nó ealadna 'sa mbaile, tapurtar cuguinn iad, ōir nī gnāth damh-sa beith aon-oidhche gan oirfitheadh.” “Indis dam-sa” ar Conān “na ceōdla ⁊ na oirfitheadha is binde leat fuaruis ariamh.” “Inneōsat-sa sin duit,” ar Finn.

265 “An uair bhidh seacht ccatha na gnāthfhēine a n-aon-inadh ⁊ thōgbait a ccraindgal ōs a gceanduibh ⁊ buailuit na gaoithe glan-fuara ar feadh na ccraindgal ⁊ donīd treathan is tormān etorro, is dona ceōlaibh is binne  12 liom dā ccuala ariamh sin. Is 270  bind liom fōs an tan easgurthur teach mōr na  p.9 hAlmaine ⁊ tōgthur na cuirnn comhōla dā ndāil ar maithuibh na Fēine; is binn liom bloscadh donidh deireadh na ccoirnn 'gā ttōgbhāil an uair sin. Is bind liom fōs fogur na bfaoilinn ⁊ coigedal na gcorr 275  ⁊ fuaim thuinderāgha ⁊ comhrādh firscarde arscāth a sgēithe. Is bind liom fōs guth na gcuachadh 'sa céatteamain ⁊ sceamgal na muc agamuigmhoin daim Cerae a gcnoc Ruadh ⁊ nuallān sealga Doire Nouis ⁊ sgalguire loin Litreach Néid 280  ⁊ mungur na glais-sreab ⁊ aphrān trī n-ingean Bic mic Buain ⁊ aphrān trī mac Eathach. Is bind liom fōs tond fā thīr amach ⁊ asteach. Is iat sin na fuaslaicthe na gceist do chuiris orm, a Chonān” for Fionn.

7.

285 “Beir buaidh is beannacht” ar Conān, “is binn deagh-cheōlach do chomrādh, a Fhinn; ⁊ abar riom anois, a rí-fhēinidh,” ar Conān, “cā haonn-duine d'ēaruis ⁊ d'imchāinis ⁊ do chuaidh do rith ō fhianaibh Ēreann ⁊ ē ar leath-chois ⁊ ar leath-lāim 290  ⁊ ar leath-shūil, ⁊ crēad fā n-aburtur an gnāthfhocal: “mur rucadh Roc go tigh Finn.” “Indeōsat- sa sin duit-si” ar Fionn. “Aon do laeithibh do chuadhus-sa ⁊ maithe na fēine maille friom ō Theamhair Luachra amach, ⁊ nī fuaramur do 295  sheilg nō do fhiadach an lā sin acht aon-agh allaidh amāin; ⁊ do bruitheadh hí ⁊ tucadh ar mo bēluibh-sa dā roind hí; ⁊ nīr fāgbhadh agum-sa di fā deōig acht mad aon-cholpa amāin; ⁊ tāinic Gota Gaoithe asteach ⁊ do iarr in colpa orm-sa, ⁊ do fiafraighus-sa 300  de crēad fār iarr sē an colpa ⁊ gan do bhiadh agum-sa acht ē. Adubairt seision gurab ar son a reatha ⁊ a rinn-luais féin dub āil leis a faghāil; ⁊ tucus an colpa dō ann sin ⁊ dubhrus ris co caithfeadh a rioth d'fēachuin uime; ⁊ do chuadhamur ar an  p.10 305  bfaichthe ann sin ⁊ do reath Gota Gaoithe co dian dīscir dāsachtach; ⁊ nī mō nā leath na faichthe do chuaidh an tan  13 do ruc a dear-brāthair féin fair .i. Caoilte mac Rōnāin ⁊ tuc an colpa air an lāithir chēadna arīs cugum-sa, ⁊ nī 310  dearnadh d'imreasain nó d'iomurbāidh aguinn an lā sin acht sin; ⁊ niar chían dūinne amhlaid sin a ndiaigh dhol asteach dūinn an tan itchoncamur aitheach corr cartaighe cīordhub easbadhach grānda uathbhásach ag cromadh fān dorus d'ar n-ionsaighe ⁊ 315  ē ar leath-chois ⁊ ar leath-lāim ⁊ ar leath-shūil, ⁊ beannaigis dūinn trēsna dēibh aedarta, ⁊ níor suigh aguinn acht seasam ar laochlár na bruigne ⁊ ucht ar in luirg reamair iarnaidhe ro bhoī aige ⁊ naoi ndruimne furre ⁊ co ngerrfadh gach droim dībh 320  ruibe re sruth nó le gaoith. Fiafraighius-si don aicheach cā hionadh asa ttāinic nō cā raibhe a triall nó a forceand. 'Aitheach mē chuartaigheas mōrān don domhan” ar sé, “⁊ do chuala do chlū-sa ⁊ h'alladh ⁊ h'oirdearcus a mbēlaibh súadh ⁊ 325  seanchaidae ⁊ lucht lēighti lēags ⁊ leabhpur innisin oinigh ar caslibh ⁊ raite maithusa rē fleadhuibh, ⁊ fōs do chuala-sa gur do na daoinuibh dob fhearr fō thuilleadh ⁊ fā thuarustal, fā mhaon ⁊ fā mhaithusa dā raibhe 'sa domhan tū ⁊ nār diultuis aondhuine 330  ariamh ⁊ nār chaīnis aonn-duine ariam, ⁊ ar in adhpur sin tānac-sa d'iarraidh maoine ⁊ maithiusa fort-sa, a Fhinn mic Cumhaill.” Do fhreagras an t-aitheach ann sin ⁊ as eadh adubras: dā mbeith an bith uile agum-sa, nach thiubraind a bheag nā a mōr 335  dō-san de. Adubairt an t-aicheach gur brēag do haithriseadh uaim-si nār ēarus duine ariamh. Adubart-sa nār dhuine eisionnacht arracht grāna uathbhāsach.  14 Adubairt an t-aicheach arīs gurab brēag do hinnseadh uaim nach tucus aithis nō imdeargadh  p.11 340  d'aonn-duine riamh. Do freagair misi sin ⁊ as eadh adubras: dāmad duine eisionn nach ttiubrainn aithis dō. “Mās eadh” ar an t-aitheach, “tapur an colpa sin it' lāimh damh-sa ⁊ bīodh slān na fēine fām' fhastōghadh, ⁊ ní iarfad d'uigeachaibh 345  oruibh acht fad an cholpa fēin, ⁊ nā gabthur greim dīom nō co ttuca mē an céd-choisghēim don lāithir uaiph amāin.” Arna chlos sin dam-sa tucus-sa an colpa a lāim an aithigh ⁊ tuc an t-aitheach baoth-lēim ārd-aiceantach tar sonduibh sithārda in bhaile, 350  ⁊ do chuaidh a muinighin a reatha ⁊ a rind-luais co lūthmur léidmeach lān-ēadrom. Arna fhaicsin sin do seacht ccathaibh na gnāthfhēine, gluaisit 'na dhiaigh ina mbuidhnibh tuineda troma toirtamla trēan-luatha ⁊ ina siothaibh 1 siubhlacha 355  sār-luatha glan-reatha ⁊ ina bfeadnachuibh borba brīgmura gnīomh-aigmhēile ⁊ ina sluaithibh ceangailte cōridhe dosgaoilte, ⁊ nī mō an radarc do bhī ag an bfear ba neasa dhō don fhēin ar an bfathach ag dol tar gach mullach tulcha nō slēibhe nó a chēile. ”

360 “Agus do chuaidh mise ⁊ aois ciūil ⁊ oirfite ⁊ ealadhna na fēine ar taidhphlibh in dūnaidh ⁊ in grianán dā bfēachain; ⁊ ní mó nā aon-amharc do choncamur forro, ⁊ ō tchonarc-sa misi an taghraim ag dol a ffad uaim, do gabh machtnughadh meanma mē a 365  ndiaigh na fēine, ⁊ do bheanus dīom a raibhe d'eireadh ⁊ d'ēadach umam ⁊ do gabhus cugum eireadh reatha ⁊ ruaga ⁊ nī rugus d'arm liom 15 acht Mac in Luin am' lāim; ⁊ do rucus ar deireadh na fēine ar Sliabh Uige in Rí theas, ⁊ do fhāgus iat 370  sin amh' dhiaigh; ⁊ rucus ar in trian meadhōnach dhīobh ag Luimneach; ⁊ do fhāgbhus iat sin mur an céadna; ⁊ rucus ar in ngnāthfhéin ⁊ ar luathaibh na fēine ag Āth Mōr risí rāiter Āth Luain aniudh ⁊ do fhāgbhus iat sin; ⁊ do gabhus rind na  p.12 375  ruaga ⁊ tosach na tagrama chugum féin uathaibh uile ann sin lāmh dheas re Cruachain Connacht, ⁊ ar fiarlaoid Ēreann ar gach āth ⁊ ar gach aphuinn ⁊ ar gach all ⁊ ar gach machaire ⁊ ar gach sliabh dūinn cara in caomh-laī sin; ⁊ ní bfuarus ariamh 380  teannta? catha nō cumluinn do lō nō d'oidche macasamhla sin do teandtach reatha. Acht atā ní cheana, rāinic in t-aitheach go hEas Ruaidh mic Moghuirnd ⁊ do ling co cos-tirim an t-eas romham-sa, ⁊ lingim-si 'na dhiaigh ē mur in cēadna; ⁊ tic uam 385  lāmh deas rē tír a tiomcioll Ēreann go ttāinic do Beann Ēaduind mic Ēadghaoith in fhēineadha; ⁊ mur nach roibh a dhol ass aige, do shamail lēim do thaphairt 'sa bfairge. Is ann sin tucas sitheadh sanntach solāmaidhe ⁊ crōin-ruathur curata cēim-lāidir 390  ar in fhathach, go rucus ar chaol choisi air, gur buailus creat a dhroma fria lār ⁊ fria lān-talmain. Is ann sin do rāidh in t-aitheach: “Is ēagcōir dhuit, a Fhind, mo leanmuin, uair ní friot dorindius coimeas, ⁊ is olc dorinis theacht eadram ⁊ in fian nó 395  go bfaictheā cionnus do rucainn dōibh.” Adubhrus riseann nārbh ēagcōir a ndearnus, co tuc-san slān na fēine faī ⁊ nārb iomlān in fhian am' ēagmhais féin. Nī mō nā a dheireadh sin tairnic dūinn do rādha,  16 in tan tānic Leagan Luath ō Luachair 400  Deaghadh cugainn ⁊ Caoilte 'na dheaghaidh ⁊ luathfhēine uile a ndēigh Caoilte, ⁊ do fhōbhradur sleagh gacha fir accu do shāthad 'san bhfaitheach ⁊ a marbadh fōm' lāmuibh-si dom' aimdheōin: ⁊ gidh eadh, do ainceas orru ē ar ēigin. Garit dūinn ina 405  dhiaigh sin in tan rucadur tromlach na fēine uile oruinn ⁊ ro fhiabhraidur crēad tuc oruinn gan in t-aitheach do marbad. Adubairt in t-aitheach: “Do badh olc in comarle mo marbad, ōr do īogheōlthaoi oruibh mē go maith, ōr do muirfidhe  p.13 410 duine bad fearr nā mē fēin iondam”; ⁊ searb leo-san sin, do ainceas in t-aitheach orru ⁊ do creapladh ⁊ do cruaidh-chuibreadh co daingean ē. Agus nīar chian dūind 'na deaghaidh sin an tan do choncamur Bran Bec ō Buadhachān d'ar n-ionsaighe. 415  Do fhear fáilte romhainn uile ⁊ dubairt friom-sa co raibh fleadh urlamh ioncaithmhe aige fōm chomhair ⁊ gur maith leis mē dhol dā caitheamh in oidhche sin; ⁊ do chuamar leis in līón uāmur ann sin d'fhianaibh Ēreann, ⁊ do heagradh teach a 420  lān-oireachta ōla aguinn; ⁊ do tairngeadh in t-aitheach ⁊ creat a droma fria lār re lān-talmain, ⁊ do ceangladh do thoraidh in rīoghthoighe hē a bhfiadhnuise cāich uile; ⁊ in tan ba hāine dūinn ag ōl ⁊ ag aoibhneas ⁊ ag urgāirdiughadh meanman ⁊ aiceanta, do fhiafraigeas 425  don aitheach cia hē féin nō cā cindeadh dō “Roc mac Dichon ” ar in t-aitheach “m'ainm-se .i. mac reachtaire in Broga ōs Bōinn dom, ⁊ tuc mo bhean searc ⁊ sīor-grādh dh'fhear eile .i. do Sciath Breac mac Dathcaoin .i. do dhalta-sa féin, a Fhind, ⁊ do bhī 430  mo bhean-sa co mōr ag molladh luais ⁊ ratha na fēine; ⁊  17 mur do chuala-si isi dā rādh sin, adubras féin co bfūigfind féin luatha na féine ⁊ co bfūigfind in fhian uile ar ulca re Sciath Breac mac Dathcaoin. Arna chlos sin dīsi, do greamaidh sī 435  misi fā sin d' fēchain risin fhēin. Do chuas-sa ann sin mur a raibhe mo chāirde draaoidheachta ⁊ do ēagaoinius sin riú ⁊ do chuiredur insna reachtuibh-si mē; ⁊ is leōr dam ar imreabhar-si d'olc ⁊ do míomhodh orm, ⁊ scaoilidh dīom anois”; ⁊ dorineadh 440  amlaidh sin” ar Fiond; “do scaoileadh don aitheach; ⁊ is uadha sin gorther an seanfocal: “mar rucad Roc go teagh Find.” “Agus is iat-sin fuascladh na gceist do chuiris orm, a Chonān,” ar Finn.”

 p.14

8.

“Beir buaidh ⁊ beannachtain, a Fhinn” 445  ar Conān. “Is mōr in t-athgearrughadh aimsiri ⁊ dubrōin dūinn beith ag ēastacht rē do bhindchomrādh; ⁊ abar riom anois caidē na sé hionganta is mō atā 'san fhēin.” “Adēar-sa sin” ar Fionn, “.i. ōglāch bodhbhur atā 'san bfēin, ⁊ nī dearnadh duan 450 duchann nach biadh do dirm degh-foghluma ⁊ do glan-meabair aige. Iongnadh eile atā 'sa bfēin .i. fear coise croind itā innte ⁊ fāgbaidh sé an fian uile do rith idir choin ⁊ each ⁊ duine. Ingnadh eile itā inti .i. fear dall, ⁊ nī tuc urchur n-iomruill 455  a lō nō a n-aoidhche ariam. Iongnadh eile itā inte, bean atā agam-sa féin ⁊ bí sī marbh gach n-aoidhche ⁊ beō gach lā, ⁊ nī hannsa liom bean dā raibhe ariamh agum nō í. Iongnadh eile itā inte .i. ōglāch itā acu ⁊ bī gach rē mbliadhna 'na mhnaoi 460  ⁊ 'na fear ⁊ beiridh clann in tan bhus bean ē, ⁊ berthur clann dō in tan bhus fear ē.  18 Iongnadh eile atā 'sa bfēin .i. sleagh atā agum-sa .i. sleagh Fhiacha mic Croinghind, ⁊ an n-uair teilgtear a ndeōigh a hurluinne hī doní geōin ⁊ acuis ⁊ dīghbhāil 465  don tē nō don mbeadhadach rē teilgtear hí, ⁊ in uair caithtear a ndeōigh a reanna hí, nī dēan doladh nō dīghbhāil don duine nō don mbeathadhach rē ccaithtear í. Agus is iat sin ionganta is mō insa bfēin,” ar Fionn, ⁊ dorinde in laoi{} “As iat sin 470  fuascladh na gceist do chuiris, a Chonān,” ar Fiond.

9.

“Rod-fia buaidh ⁊ beannachtain, a rīgh- fhēinidh,” ar Conann; “⁊ abar friom anois crēad ō bfuil “oīdhachtus Find co teach Cuanna.”” “Inndeōsat-sa” ar Fionn. “Aon do laeithib do bhādus-sa 475  ar mullach Cairn Fearadhaigh gairid bec ō Luimneach. Cūigear ōglāch dūinn ann .i. misi ⁊ Oisīn ⁊ Caoilte ⁊ Mac Luigheach ⁊ Diarmuid ō Duibhne, ⁊ ar  p.15 ccúig ccoin innar bhforradh .i. Bran ⁊ Sceōlang ⁊ Caoldubh ⁊ Adhnuall ⁊ Luath Luachar, ⁊ ní cian 480  do bhāmur ann sin an tan do choncamur aitheach adhuathmur urgrānda seachainn ⁊ gabhul iarruinne re a ais ⁊ muc a nglaic na gabhla sin ar a mhuin ag scrēachadh ⁊ inghean ōg ālainn na ffaradh ⁊ hí ag iomāin ⁊ ag brostugadh an aithigh rimpí; ⁊ adubhras 485  neach do dhol dā n-agallaimh. “Rachat-sa” ar Diarmuid. Reathas Diarmuid co dian dīscir dāsachtach ⁊ ní ruc orru. Do greimeamur uile ⁊ do reathamur 'na ndeaghaidh ⁊ ní rucamur ar Diarmuid nā orru-san. Feadh tamaill dūind mur sin gur cuireadh 490  ceō doilfe draoiachta dūinn, conār bfeas dūinn cār gabh in t-aitheach nā in inghean nā in mhuc uainn; ⁊ ar scaoileadh  19 don ceō sin uainn ⁊ sinn ag fēaghain na ceithre n-airdhe gach taobh dīnn, co bhfacamur in teach  2 Cuanna Cindam ⁊ in dūnadh 495  rīoghdha ro-mhaisseach inar comhfogus leith-iomeal in fheadha mōir, ⁊ do chuadhmur dā ionsaighe ⁊ do concamur dā thioprait ar in bfaithche amuidh lamuidh don dūnadh.i. thioprait dībh ⁊ eascra ālainn umhaidhe ar a bruach ⁊ tioprait eile ⁊ eascra agh-gharbh 500  iarnaidhe ar a bruach. Tāncamur don dūnadh ann sin ⁊ as eadh do bhí do daoinibh astigh .i. ōglāch forusta fionnliath a gcaithaoir ālainn ōrrda d'ar lāim dheas ag dol asteach dhūinn, ⁊ ingeann ōg ālainn ina fharradh, ⁊ aitheach ar broinn na 505  teineadh ag bruith muice, ⁊ ōglāch mōr mīleata don leith eile don teinidh ⁊ dá shúil dēg ina chionn ⁊ dá mac imleasain dēg in gach sūil. Do bhī peata reithe astigh ⁊ bolgān glē-geal aige ⁊ ceann cīor-dubh ⁊ dá adhairc dubh-ghorma ceithre cosa uainne 510  faoi; ⁊ cailleach a n-iarthur an tighe ⁊ brat odhur-ghlas uimpi; ⁊ ni raibhe do dhaoinibh astigh ann acht mur sin; ⁊ ro fhear in t-ōglāch do bhī 'san  p.16 ccathaoir fáilte frinne ⁊ do shuidhemur ar laochlār na bruighne. “Dēantur friotheoladh d'Fionn ⁊ dā 515  muinntir” ar in t-ōglāch do bhī 'san gcathaoir. “Fuath liom sin” ar in t-aitheach “impidhe do thapairt ⁊ gan a bec nō a mōr do dēanam ar an impidhe sin!” Agus cērbh eadh, dorinne umallfhosaig dhūinn. Agus nīarb fada dam-sa mur sin in uair do gabh 520  an īota ba mō ar domhan mē ⁊ nīar glac a macasamla mē ariamh roimhe sin; ⁊ nīr mothaigh duine dá raibhe astigh mē mur sin acht Caoilte ina aonur, ⁊ do uhī dom' ēagaoine-si co mōr ⁊ nī raibhe fhios aige cionnus d'furteōchadh sé orm. “Crēad ē in 525  ēagaoine sin ort?”  20 ar fear in tighe re Caoilte. “Acht ēirghe amach ⁊ tabhar deoch leat as an dara tioprait atā 'san bfhaithche aga bfhuighe tū an t-eascra ālainn cum an rí-fēindidh.” Arna chlos sin do Caoilte, do gluais Caoilte roimhe cum na 530  tiopraiti ⁊ do chuir an t-eascra fōn tioprait ⁊ tuc a lān leis cugum-sa, ⁊ tuc amh' lāimh-si ē; ⁊ ibim-si deoch as ⁊ do uhī blas meala fuirre an fad do bhīos ag a hōl, ⁊ in uair do cuirius dom chionn í, do bhī blas an domlais ae um' bhēl dā hēisi ⁊ do 535  ēirgedur mo gaoi crō ⁊ na huile ghallradha ⁊ easláinti orum; do badh bec mā bhī anaithnidhe mē, mur tāncadur airgheanna bāis ⁊ becsaoghail damh; ⁊ gēr mōr ēagaoine Caoilte orm-sa roimhe sin, do ba ro mō a ēagaoine an uair sin orm inā sin. Is 540  ann sin do labhair in t-ōglāch arīs re Caoilte ⁊ adubairt ris a dol amach ⁊ deoch do tabairt leis as an dara tioprait do uhī amuigh cugum-sa.”

“Do chuaidh Caoilte amach ann sin ⁊ tug lān an eascra aghghairbh iairnaidhe cugum-sa as an dara tioprait. 545  Ibhim-si deoch as, ⁊ in comhaired bhādhus ag a hōl nocha fuarus teandta catha nō comhluinn ariamh badh doilge liom nō fad do bhīos dá hōl ar a sheiruhe,  p.17 ⁊ in uair do cuirius dom' chionn í tāinic mo dhath féin orm arīs. Is annsin do fiafraigh in t-ōglāch 550  'nar bhruithe an mhuc do bhí 'sa gcoire. “As eadh co deimhin” ar an t-aitheach. “Do concus damh féin in mhuc do ruind” ar in t-ōglāch. “Ciondus sin?” ar in t-aitheach. “Bēarad an ceathramha deiridh d'Fionn ⁊ dā choin ⁊ bēarad an ceathramha 555  deiridh eile dā ceathrur ōglāch  21an ceathramha cind dā ceithre conuibh, ⁊ biaidh in ceathramha eile agum féin ⁊ ag an scolōg ūd thall ag in teinidh ⁊ ag in cailligh út thiar 'sa ccuilidh, ⁊ bēarad a droim ⁊ a tarr ⁊ a huruscall duit-si ⁊ don inghin ōig sin it' 560  fharadh.” “Is briathar dhamh-sa” ar in t-aitheach “gur maith do roindis-se í.” “Is briathar dhamh-sa” ar in peata reithe “gurab olc do roindis-se orm-sa ⁊ gurab ēagcōir do dearmuidis-se misi fān muic.” Agus is cuma ro bhī dā rādha ⁊ tug sithi sanntach 565  solāmhaidhe ar in cceathramain do bhī a bhfiadhnuise mo ceathruir ōglāch-sa ⁊ ruc leis insa ccuilidh í ⁊ do gabh ag a hithi ina bhfiadnuise. Do ēirgedur mo muinntir-sa ⁊ tucadur a cceithre ccuilg amach ⁊ do gabhadur ag bualadh in reithe a n-aonfeacht; ⁊ 570  nīrb fearrde fordeargadh air ⁊ nīr scuir eisean d'ithe na ceathramhan.”

“Is ann sin do labhair in scolōg go rabhadur na sūile iomda ina cheann ⁊ as eadh adubairt: “A chomhdhe cumhachtaigh, is mairg gā bfuil in ceathrur ōglāch do leig don reithe a 575  ccuid d'ithe dá n-aimdheōn féin ina bhfiaghnuise.” Agus is cumha ro bhí dā rādha ⁊ tuc in scolōg sithe ar in reithe ⁊ do cuir a cheithre cossa ina lāimh ⁊ tug urchur dhe don taob amach don dorus; ⁊ ní fhacamur in reithe an fad do bīmur asteigh acht sin.”

580 “Nírb fada dhūinn 'na dhiaidh sin in tan do ēirge in chailleach ⁊ tuc urchur don uhrat odur-glas do uhī uimpe ar mo ceathrur ōglāch-sa, ⁊ dorineadh ceithre  p.18 seanōiridhe crīon-croma cūil-liatha cnāim-arrsaidh dīobh; ⁊ mur do chonairc misi sin” ar Fiond, “do 585  ghabh  22eagla mōr mē co ccuirfidhe mē féin insna reachtuib sin. Agus mur do mothaigh in t-ōglāch do bhí astigh in eagla sin orum-sa, do goir sé misi cuige féin, ⁊ do chuadhas ann sin gan fhuireach ⁊ do shuidhios ara gualainn; ⁊ tāinic āilgios codhlata 590  damh ⁊ adubairt in t-ōglāch riom mo cheand do cur ar a glūn ⁊ codladh do dhēanam; ⁊ dorinnus amhlaidh sin, ⁊ is gairit do bādhus ann in tan do mhūscail mē as mo chodladh, ⁊ do ēirghe in cailleach ⁊ do bhain in brat dom' cheathrur ōglāch-sa ⁊ do chuir 595  ina reachtuibh féin iat arīs.”

“Maith, a mh'anam, a Find,” ar in t-ōglāch, “an iongnadh leat cōrughadh an tighe-si ina bfuilir ?” “Adubras” ar Fionnd, “nach bfaca-sa ariamh ní badh ionganta nā ē,” “Inneōsat-sa duit-si, a Fhind,” ar in t-ōglāch. 600 “ordughadh ⁊ samhladh in tighe-si. An t-aitheach ūd do concais ⁊ in mhuc i nglaic na gabhla aige, an leisge tuigtear as sin; ⁊ in inghean do concais ina fharradh, meanma an duine tuictear as sin; uair as í is luaithe ar bith, uair cuiridh an duine a 605 meanma rē prap na sūl isan eōlus nach rachfadh sē féin ann rē dhā fhichid bliadhan; ⁊ as ī an inghean ruc uaibh-si in t-aitheach ūt itconcais; ⁊ in scolōg ūt itconcais ⁊ na sūile iomdha ina cheann an saogal tuigtear as sin, uair is ionnan airgionna 610  dhōibh; ⁊ an reithe ūd itconcais, cosamhlacht an duine tuigtear as; an bolgān geal atā aige, subhachus in duine sin; ⁊ in dá adhairc dubhgorma itconcais, cosamlacht in ēaga sin; ⁊ na ceithre cossa uaine itconcais aige .i. ceithre tallona na haimsire 615  sin .i. ceithre rāithe na bliadhna.”

“Agus an bfacatū mur do ēirghe an saogal cum an reithe ⁊ cuir  23 ar neimhthnī a gcēadōir ē ? ōir téid āgh an tshaogail ar gach crēatūir ar in domhan. Agus  p.19 in cailleach itconcais, an crīne tuigtear aisde, ⁊ do 620  conairc tú féin mur do chríon a hēadach an ceathrur laoch arar chuir ē; ⁊ in fhīrinde ⁊ in breug tuigtear as in dā thiobraid asar ibhis in dā dhigh, ōir gi millis le duine in breug dhā dēanamh, is searbh fā dheōigh í, ⁊ in fhīrinde imorro, gidh searbh le duine “gā dēanamh, 625  is millis fā dheōigh í. Agus is iat sin scéala ⁊ iomthūs in tighe-si, a Finn,” ar in t-ōglāch; “⁊ ní ann so do ghrēus bhīm-si; ⁊ co ttugus grādh éagmaise duit-si ⁊ gur chuirius in t-aitheach ūt ar do cheann dot thaphairt don tigh-so anocht ar tī neamhshuimh 630  do bheith agad ionnsa saogal ⁊ a chosmalacht do thaisbēanadh dhuit; ⁊ bēarair-si fios mōr leat a haithle h'oīdhachta anocht ⁊ badh ē “oīdhachta Find go teach Cuanna” ainm in sceōil-si co brāth. Agus a n-Innsibh Ciūil bhīm-si do bhunadh,” ar in 635  t-ōglāch.”

““Do bhīmur mur sin in oidhche sin” ar Fionn, “⁊ ag ēirge dhūinn as ar ccodhladh arna mhārach, is ann fuaramur sinn féin, a mullach Chairn bhFearadaigh ⁊ ar ccoin ⁊ ar n-airm aguinn go hiomlān”; ⁊ itbert Fiond:”

  1. 640 Cūigear do chuadhmur do sheilg
    co Cairn bFearadaigh bhforrdeirg,
    Oisīn, Mac Lugach má le,
    Caoilte is Diarmuid ō Duibhne.
  2. Ar ccūig coin ba coscrach rēim,645 
    Bran agus Sceōlang co scēimh,
    agus Adhnuall co luas luin,
    Caoldubh is Luath Luachair.
  3. Atchoncamur, comhall nglē,
    ēan-bhean is aitheach rimpe;650 
    gabhal trom úir iarruinn fair,
    muc leō 'na glaic ag scrēachaigh.
  4.  p.20
  5. Cuirmid-ne dia bhreith scéal
    Ua Duibhne fā derg a bhēl;
    do chuadur uadh leath ar leath655 
    an ingean is in t-aitheach.
  6. Do bhī in reithe tharla astigh
    g cheathrur-sa fa proinnigh;
    is eadh do bhīmur astigh  3
    a bhfēagmais ar ccon cūigear. Cūigear.

10.

660  24 “As iat sin fúaslacadh na gceast do chuiris orum, a Conāin,” ar Fionn. “Beir būaidh ⁊ beannachtain, a rí-fhēindidh,” ar Conān; “is mōr maith in oirfide dhūinn bheith ag ēisteacht red' scēlaigheacht.” Is annsin adubairt Dīorraing mac Doghair: 665 “Crēad dobeir dhūinn gan codhladh do dhēnamh? Óir in chéad-oidhche dobeir fear bean, is luaithide is āil leō codhlad ē.” “Ēist, a Dhīorraing,” ar Conān, “is gairid lind a bheith mur atāmuid, bheith ag friochnamh comhrāidh re chēile, úair atā ar ndiongmhāla 670  do shean-mhiodh so-ōla ro-mhillis aguinn. Agus abair riom anois cia aga ndearnadh an dord fían ar tús a nĒrinn ⁊ cā líon bhí dhā dhēanamh.” “Inneōsat-sa sin” ar Fiond. “ Ag ceithre macuibh Cermada mic Milbheōil mic in Dagdha do rinneadh é, ⁊ 675  naonbur laoch lān-chalma donīodh maille friú é; ⁊ gach aon aga ndearnadh ó sin i lleith é, is naonur do chanadh é”; ⁊ itbert in láoi ann:

  1. An dord fiansa cídh día ttá
    ní fheadrait fir ināit mnā,680 
    isfeadruinn duine dhe
    cia dorad dona fianaibh.
  2.  p.21
  3. As dōibh do radadh ar ttús
    in dord fiansa re iomthús,
    ionmhain buidhen donīodh in chōir,685 
    macne Cearmada Milbheóil.
  4. Cass mac Corāin cruaidh a ainm,
    trí bliadhna aige a n-Olltaibh,
    do canadh aige re a lá
    risin fhēin in dord fiansa.
  5. 690 Gach aon do ghabh flaithios fíor
    ar na fianaibh gan dimbrīgh,
    naonur laoch gach fear don droing
    co ttāinic mac mic Cubhaill.
  6. Ōn lá tānac-sa sunn seal695 
    am' fhlaith fhēinne Gaodhal ngeal,
    aon fear dég ar fhichid rem' lā
    donīodh agum in dord fiansa.

11.

“As iat sin fuaslacadh na gceist do chuiris orum, a Conāin,” ar Fionn. “Beir búaidh is beannachtain, 700  a rífhēindidh,” ar Conān; “ is maith in oirfide ⁊ in ealadha dhūinn a bheith ag éisteacht rē do mhilis- 25chomhrādh. Agus innis dūinn anois, a mic Cumuill, caidhē caradradh Bruin ⁊ Sceolang friot, ⁊ cionnus fuarais iat, ⁊ cia hiat na mic mhāthar 705  atā acu a fianaibh Ereann ⁊ iat 'na ndaoine.” “Indeōsat-sa sin” ar Fionn. “Feacht n-aon dā ttāinic mo mhāthair féin chugum-sa ar cuairt ⁊ a deirbhshiūr maille fría .i. Muirnn Mīonchaomh inghean Taeidhg mic Nuadhat mo mhāthair-sa ⁊ 710  Turrnae Durrbhēl inghean Taoidhg a siūir, ⁊ dob í sin uair ⁊ aimsir fā ttarla dhā rí-fhēinidhe Ulladh am' fharradh-sa .i. Oilioll mac Eathach ⁊ Daolgus  p.22 Fionn mac mic Cais Cuailgne; ⁊ do bhí Oilioll ag suirghe le Turnae inghin Taoidhg .i. deirbhsiūir na 715  māthur sin agum-sa, ⁊ do grādhaigh co mōr í; ⁊ arna grādhughadh mur sin dō, do iar orum-sa mur mnāoi í, ⁊ do fhaomhus a taphairt dō ar acht fāna fagháil slán iomlān damh féin arís in úair do iarfuinn í; ⁊ is uime do rindius sin .i. leandān bantshīoghaidhe 720  do uhí aige-sion .i. Uchtdhealbh inghean Collamhair a ttuaidh, ⁊ dob í sin dob eagail liom-sa do mhilleadh deirbhsethuir mo mhāthur; ⁊ gidh eadh tucus dō í, ⁊ tucus as mo lāimh féin í a lāimh Oisīn ⁊ Chaoilte ⁊ as lāim Caoilte a lāim Mic Luigdheach 725  ⁊ as lāimh Mic Luigdheach a lāim Dhiarmada uī Duibhne ⁊ as lāimh Diarmadha a lāim Ghuill mic Mórna ⁊ as lāim Ghuill a lāimh Lugdach Lāgha mic Eogain Taīdhligh; ⁊ tuc Luighaidh a lāimh Oillealla mic Eathach í ⁊ adubairt: “Is amhlaidh 730  do bheirim-si in bhean sin duit-si, a Oillill, fāna fagáil slán iomlán d'Fionn ⁊ do na slánaibh ar cheana, nó do cheann-sa do taphairt a lāimh Fhind.” Do fhaomh Oillill sin; ⁊ tar ēis sin rug Oillill Turnae leis dā thigh ⁊ do uhí aige nō gur toircheadh í. Is 735  ann sin tāinic leandān ban-tsīoghaidhe Oillealla mic Eathach a riocht bhain-eachlaighe do mhuintir Fhind chuici ⁊ aduphairt ria: “Do cuir Fiond beatha ⁊ slāinti cugad, a rīogan,” ar sí, “⁊ adubairt friot eineach maith do dhēnamh; ⁊ tarr amach co lapraind 740  friot, ōir atā deifir orum-sa.” Do chuaidh an rīogan amach,” ar Fionn, “⁊ gairrit do chuaidh in tan tuc an uhain-eachlach slat draīachta amach ōna coim  26 ⁊ do bhuail buille ar in rīogain dí, co ndearna sadh bhreac-dearg di dob āille do connuibh in 745  domhain ar in lāthair sin, ⁊ ruc léi í co teach Feargusa Findlēith in oidhche sin í .i. rí Ātha Cliath; ōir is amhlaidh do bhī Feargus Findliath ina dhuine do  p.23 ba neamhchonchuire ar domhan, ōir ní lamhthaī cú do thaphairt a n-ēan-toigh fris; is tāinic in 750  uhain-eachlach mur a raibh Feargus Finnliath ⁊ adupairt fris: “Do chuir Fiond beatha ⁊ sláinti chugad ⁊ aduphairt friot in cú-sa do choimhéad co maith ⁊ maith mōr do dhēanamh dhí, ⁊ go bfuil cúan maith inti. Agus nā tapur sealg nā fíadach 755  uirthi ⁊ go hāiridhe in úair mhēideōchus a brú iomchuir léi co maith.” Iomthūsa Fearghusa Fhinnléith, tāinic lā ēigin lena choin do sheilg ⁊ d'fhiadhach ⁊ d'fhēachain 'nar chú maith í, ⁊ marbhus caogad fíadh in lá sin, ⁊ co ceand mīosa 'na dhiaigh 760  sin níor bhlais mōrān beathadhach, ⁊ do mhéadaigh a brú ann sin ⁊ ní tugadh sealg nō fiadhach uirthi. Ní raibhe mórān a nEirinn learbh annsa na coin nā Feargus Finnlíath ō sin amach. Dob í sin uair ⁊ aimsir fā ttarla bean Feargusa Findléith taobh-trom 765  torrach ⁊ do ruc sī mac don toirrcheas sin, ⁊ ruc in cū dhā chuilēn .i. sadh ⁊ fearchū. Agus do bhí olc eile ag leanmhuin mnā Feargusa Findléith .i. fomōir mōr do thigeadh don bhfairge ag breith gach leinimh dā mbeireadh sī leis; ⁊ is amhlaidh do beireadh leis 770  iat .i. do chuireadh in cruadh-lām fada fhēitheach fhorgrānna do bhí aige trē mullach in tighe anúas ⁊ mur sin do beireadh leis iat uathaibh uile.”

12.

“Mo dhāla-sa,” ar Fionn, “tarla mē in lā sin ag dēnamh sealga a nUisneach Mhidhe ⁊ mē 775  am' shuidhe am' dhumha sealga, ⁊ nī cían do bhī mē ann in úair do chonairc mē aon macaomh dēag ag teacht dom' ionnshaighe co mbúaidh ccrotha ⁊ ndatha ⁊ ndealbha ⁊ ndēanmhusa, ⁊ do bheannaigheadur damh tresna déibh adharta; ⁊ do 780  fhreagras-sa iat fān cuma cēadna ⁊ do fhiafraighius-sa cia hiat féin nō can asa ttāngadur. “Do iarramur  p.24 mōrān do chrīochaib in domuin ag iarraidh tiagearna dilis diongmāla ō bhfuighmís sēan ⁊ maoine ⁊ maithius” ar fear dhīobh.  27 “Crēad iat na cearda 785  nó na healadhna doní sibh?” arsa misi. Do chuadur-san a gceann scéal d'innisin damhsa ann sin. “Mise” ar in céadfear dhīobh “Freagartach mac Fir Mōrfeasaigh .i. fear fuaisluicthi ceasta is fearr ar doman misi.” “Mise” ar in dara fear dīobh-sumh “fear fadōighthi 790  teneadh is fearr ar bith.” “Mise” ar in treas fear dīobh “Dāil-gan-easbaidh .i. dāileamain is fearr ar bith.” “Misi” ar in ceathramhadh fear dhīobh “Mac Sobhartain .i. ronnaire is fearr ar bith.” “Misi” ar in cūigeadh fear dhīobh “fear cluais-ēistechta 795  is fearr ar bith.” “Mise” ar in seiseadh fear “trēanfear is fearr ar bith.” “Misi” ar in t-ochtmhad fear “Comhluath-rē-gaoith .i. duine is luaithe ar bith.” “Misi” ar in naomadh fear “Sgread mac Urchuir .i. fear lāmhaigh is fearr ar bith.” “Mise” ar in 800  deachmadh fear dhīph “Mac Drintere .i. dreapaire is fearr ar bith.” “Misi” ar in t-aonmadh fear dég dhīoph “Faill mac Teltōigh .i. telltōigheach is fearr ar bith; uair is amhlaidh bhīos an chorr is a leath-shūil dūnta is a leath-shūil eile fosluicthe, ⁊ 805  fionaim-si in tsūil dūnta gan fhios don tshūil fosluicthi.””

13.

“Adubhras-sa gur maith na cearda sin uile” ar Fiond, “⁊ adubras go bhfosdeōbhuinn féin iat; ⁊ dorinnedur a ccoraidheacht riom ⁊ do geallus 810  a mbreith fēin do thuarustal dōibh ⁊ do fhiarfaighius: “Cā háit a bfuil an fear feasa ⁊ fíor-eōluis?” “Atāim sunda” ar sē. “Crēad na huilc is mō donīthear a nĒirinn anocht?” “Inneōsat-sa sin” ar in macaomh; “.i. Feargus Finnliath rí Ātha Cliath, 815  ⁊ is amlaidh atā in fear sin ⁊ fomōir mōr fairge ag  p.25 breith gach leinimh dā mbeirionn a bhean uadha rē seacht mbliadna diaigh a ndiaigh; ⁊ ruc a bhean mac aniudh ⁊ bēaraidh in fomhōir leis anocht é.” Adubhrus-sa ann sin gur bec an t-olc sin a 820  nĒirinn, gēr mōr in t-olc lena muinntir féin é. Adubhrus-sa fōs go ndēnainn féin bréag nó fīrinne dē-sin .i. go rachainn fēin in oidhche sin co teach Fearghusa Finnléith. Agus do gluaisimur romhainn co hĀth Cliath ⁊ do chuadhmur insa 825 ccuchtair {} ⁊ ní fhuaramur ann acht daoscairsluagh in toighi; ⁊ do bhī Fearghus Finnliath ag seilg an lá sin ⁊ do bhī a bhean a ngrianān ārd uraoibhinn a ndiaigh an leanamh do breith dhi; ⁊ do hinniseadh dī sinne do bheith  28 'sa mbaile, ⁊ tāinic an rīogain 830  chugainn ⁊ in leanamh eidir a dhá lāimh ⁊ fearus fāilte frinde, ⁊ cuiridh in leanamh am' ucht-sa ⁊ adubairt: “Ar do chomairce féin, a Fhind, ⁊ ar cumairci fhian Ēirionn uile in leanamh bec sin do cuireadh it' hucht go lān-shoillsi an láoi amāraigh.””

835  Do imidh an rīogan roimpi ann sin, ⁊ tucadh ceathramha thuirc ⁊ measuir mheadha cuguinn, ⁊ adubart-sa: “Taiscaighthear súd nō co dtī Fearghus Finnliath,” ⁊ dorōnadh amhlaidh sin. Gairit dūinn ina dhiaigh sin in trāth tāinic Fearghus 840  Finnliath don bhaile ⁊ fearus fāilte frinde ⁊ do chuir fios ar lucht an bhaile ⁊ do līonadh in teach mōr uile dona maithibh aguinn ar gach taobh, ⁊ do goirius-sa ar fhear fadōighthe na teineadh ⁊ adubhrus ris teine d'fhadōgh co luath dona maithuibh. Do 845  ēirghe an fear sin co humal ēascaidh ⁊ do glac maidi fuair astīogh ⁊ do sgoilt é ⁊ do fhadōgh teine mhór ann conār fadōigheadh a ttigh mōr na hAlmaine a macasamhla do teinidh. Tucadh cugainn ann sin an ceathramha thuirc do taiscaigheadh reimhe sin 850  uaind. Adubras-sa risan ronnaire ēirghe ⁊ sin do  p.26 roind. Do éirghe in ronnaire ⁊ do roind an fheōil ⁊ ní raibhe 'san ccūirt uili gan a bheith subhach sāitheach di. Agus adubras-sa mur in gcēana frisin dāileamhain ēirghe ⁊ in mheasair mheadha sin 855  do dhāil for cách. Do ēirghe in dāileamhain ⁊ do dhāil in mheasair for na sluaghaibh, guruho measca meadhair-caoin uili iat, gur thuit gach aon dīobh seacha. Agus do dēargaigheadh iomdha dhamh-sa ann sin ⁊ do chuadhus uirthi ⁊ do ghoirius ar an fear 860  éistachta ⁊ ar in tréanfear ⁊ adubrussa leō bheith ar colbha mo leaptha féin ⁊ faire ⁊ forcoimēad maith do dhēanamh dhūinn ⁊ thairis gach ní in leanamh do choimēad co maith ar eagla in fhomōir.

14.

“Do uhāmur mur sin trēimsi ⁊ tamall. Is 865  ann sin do labhair in fear éistachta ⁊ as eadh adubhairt: “Do chluinim tairm ⁊ treathan in fomhōir ag teacht ar in fhairge fo thuaith.” “Cā háit a ttiocfa fā thír?” ar in trēanfear. “Ag Beinn Ēadain” ar in t-ēistōir. Nírbh fada dhōibh mur sin in tan adubhairt 870  in t-ēistōir  29 risin trēanfear; “Tāinic in fomhōir fō thīr a mBinn Ēadainn” ar sé. Agus nír shiubhail āth nō cnoc nó tulach ō Bhind Ēadain nó co raibhe ar in bhfaichthi nach inniseadh in t-ēistóir don trēanfear; ⁊ ar tteacht don fhomór ar an bfaichthi 875  amuidh, do dhūisigh mise,” ar Fiond. “Ar ndūscadh damh, is ann sin do shín in fhomōr an cruadh-lāmh fhada fhēitheach ro-neartmur trē fhír-mhullach an tighe anúas. Do fhiafraighius annsin cā raibhe in trēanfhear. “Atāim sunda” ar in trēanfear. 880  Adubhrus-sa fris breith ar lāimh in fhaithigh. Is ann sin do ruc an trēanfhear ar in lāimh ⁊ thug tairring neartmur uirrthi, gur bhúail ceand an fhathaigh ar mullach na bruighne don taobh amuigh co hanshocair. Tuc in fomōir tairring eile air-sean,  p.27 885  gur bhúail a cheand ar mhullach na bruighne don taobh astigh. Tug-san an dara tairring ar in lāimh gur thairring in lāmh fada fēith-reamhar as a ghualing ⁊ as reamhar-chorp in fhir mhóir, gur thuit in lāmh 'na heaslainn mhóir mhīmhasaigh ar fīorlaoid na 890  bruighne ⁊ na caithreach, gur chuir torann ⁊ treathan na lāimhe soilsi na bruighne ⁊ na caithreach uile ass. Do ēirghios-sa in sin” ar Fiond, “⁊ tucas fō deara lōchraind sholus-mōra do lasadh arīs, ⁊ do uhāmur ag fēachain ⁊ ag ionghantus na lāimhe; 895  ⁊ mur do conairc in t-aitheach sin, do shín in lāmh do bhī aige ⁊ ruc in leanamh beag leis do chliseadh uaidh, ⁊ ní raibhe acht áit in leinimh aguinn. Tāinic bean Fearghusa chuguinn ann sin ⁊ tuc imdeargadh mōr dhūinn ⁊ as eadh adubhairt: “Ní bfuil acht 900  clú ⁊ alladh brēige oraibh, a Find agus a fhiana Ēreann” ar sí; “uair is doiligh daoibh cumairce eile do dēnamh in uair nach ttairnic libh aon leanamh bec do choimhēad rē headh aon oidhche amhāin.””

15.

905 “Arna chlos sin damh-sa” ar Fiond, “do ghlac nāire mē ⁊ dob ē sin imdeargadh do ba mhō liom dār bhfuarus roimhe sin ariamh. Agus do ēirghius mochtráth arna mhārach ⁊ m'aon macaomh dēag maille friom ⁊ do goirius ar in lorgaire ⁊ ruc lorg 910  in fhir mōir go Binn Ēaduin. Do fhiarfaighius-sa cáit a raibhe in fear dionguhāla ceist. “Atāim sunda” ar sē. “Ceist dot cheastuibh curach cailg-dīreach d'fagāil dūinn uhéarus ar muir ⁊ ar mōr-fairrge sinn.” Agus ní mór co ndubrumur sin in uair do choncamur 915  curach cailg-dīreach  30 luchtmur lēidmeach blāith-bheandach sleamhain slios-bhlāith luath-rēimeandach dar n-ionnsaighe ar feadh mara ⁊ mōr-fairrge, ⁊ dā rāmh gheal-airgit fair ⁊ é ag frais-iomramh na mara  p.28 ina thiomchioll, ⁊ do chuaidh misi ⁊ m'aon macaomh 920  déag insa curach. Trí lá ⁊ teōra hoidhche dhūinn ar muir ⁊ ar mōr-fairrge nō co bhfacamur oilēan uaind ar in muir ⁊ do chuiremur ar ccurach a dtír ann. Ní cian do uhāmur dā shiubail in uair do choncamur an dūnadh rīogha rō-mhaiseach ⁊ pīolāit ālaind 925  iongantach ⁊ sunnach íarnaidhe ina tiomchioll ⁊ mōrān do chuaillibh fada reamur maille ris ⁊ ceand duine ar gach aon cuaille dhīobh. “Is adhuathmur grāineamhuil suidhughadh an bhaile-si” ar Fiond. “An fhuil fhios agat-sa, a Fhinn,” ar na macaoimh, 930  “cia hē in baile-so nō cia is tigearna fair?” “Ní fheadur” ar Fionn. “Aodh Ruadh is ainm d'fhior in baile-so” ar iad-san; “⁊ atā inghean aige ⁊ as ī fear nō bean is luaithe ar bith í, ⁊ as ī comha iarrus ar gach fear thig dā hiarraidh, coimhrith fria; ⁊ 935  mad ē in fear fhūicfus isi, bíaidh mur mhnaoi aige ⁊ mad isi fhūicfus eision, baintear a cheand dē gan fhuireach. Is amhlaidh sin do līonadh in cuaille ūd do cheanduibh.” Do gluaisimur-ne docum an bhaile ann sin ⁊ fuaramur Aodh Ruadh a n-oireachtus 940  ar cnoc lāimh raisin mbaile, ⁊ nīr shuiluhir ē ag ar bhfaicsin chuige; ⁊ gērbh eadh, do fhiafraigh scēala dhínn. “Fiond flaith-fhēindidh Gaoideal sút” ar fear dom' mhuinntir-sa, “⁊ is é as fearr aguinne; ⁊ tāinic sē d'iarraidh h'inghine-si mur 945  mnaoi ⁊ mur uhainchēile dhō féin.” “Baoth in toisc ⁊ in turus dā chomhaosta theacht d'iarraidh m' ingine-si” ar Aodh Rúadh co gruama feargach doichleach; “⁊ gidh eadh, mā thic dhe-sion na comhtha atā 'na chiond d'fhuaslacadh, biaidh sī 950  aige .i. coimhrith ría, ⁊ madh fhāgbhann seision issi bīodh sī aige, ⁊ madh fhāgbhann sisi eisean, a cheand do uhain de gan fhuireach.” Adubhrus-sa” ar Fiond “a taphairt a lāthair chuguinn; ⁊ do  p.29 cuireadh fios uirrthi ⁊ is amhlaidh tāinic sí amach 955  ⁊ corn dighe ina lāimh a ttuillfeadh deoch trī chaogad ōglaoch ann ⁊ léine sreaphnaidhe srōil rēa geil-chneas. “Cia hagaibh doní coimhrith fria sūt?” ar Aodh Ruadh.  31 Adubraus-sa rē Comluath-rē-gaoith comrith do dhēnamh fria.” “Is annsin do gluaisidur 960  co ceand na coimhreatha ⁊ ag turnadh don faighthe amach dhōibh, tōgbhus an inghean an cornn uirthi ⁊ d'ibh d'aonn-digh é, ⁊ as eadh adubairt: “A macaoimh” ar sí, “is dōigh liom, an aontumha fada ina bfuilim-si gur duit-si atā a ndán a caitheamh fā 965  dheireadh.” Agus is cuma ro baoi dā rādha sin ⁊ do iadh a dhā lāimh fō uhrāgait in macaoimh ⁊ do chuir ortha ina chluais ⁊ do thuit seisean 'na thoirchim súain ⁊ sīor-chodlata. Arna fhaixin sin damh-sa” ar Fiond, “do fiafraighius-sa cā 970  raibhe m'fhear lāmhaigh. “Atāim sunda” ar sē. “Caith urchur ādhmur urmuisneach ar Comhlúath-rē-gaoith ⁊ dūiscigh as an ccodladh draoidheachta ina bfuil sē é.” Níor faillaigheadh sin leision; do ēirghe ina sheasamh ⁊ do chuir a mhēar a suathnimh 975  na sleighi sith-fhoda do bhí aige ⁊ tuc rogha n-urchuir dī, gur chuir ceand na sleighi tar in macaomh ⁊ gur bhúail crand na sleighi ar droim a chind siar seachtair, gur fágadh coimreamhar an craind d'feilbh reamhair fair, gur chuir an tsleagh a talmain feadh 980  lāimhe laoich don taoibh eile de.” “Is ann sin tuc in macaomh cliseadh fair ⁊ do ēirghe 'na sheasamh ⁊ tuc lāmh tar a ghnūis ⁊ tar a aghaidh ⁊ dēachus gacha taobh dhē ⁊ do chī in macaomh mnā tar ēis forlonn na faichthe do chur tairsi; ⁊ nār luaithi 985  siodān do ghaoith Mhārta ag dol tar gach binn chnuic nó slēibhe co chēile inā in dighrim reatha ⁊ rinn-luais do bhí léi. Arna fhaicsin sin don macaomh, tuc cliseadh codla fair ⁊ ēirgeas don talmain co hārd  p.30 ⁊ reathas a ndiaigh na mnā; ⁊ dar leat féin ní 990  mō nā tort chomchruinne luaithe do bhí aige a ndiaigh na mnā ōn ccruinnughadh tuc sé air féin chum reatha, ⁊ nī mō nā ttrian na faighthe do chuaidh an bhean an tan do chuaidh an macaomh reimpi ⁊ do ruc buaidh na coimhlinga. Arna fhaicsin 995  sin damh-sa” ar Fionn,  32 “do labhrus ⁊ is eadh adubhrus: “Neart ar do choraibh ⁊ ar do shlāntaibh, a Aodh, is linne an inghean feasta.” “Is fíor gurab libh” ar Aod Ruadh, “ō rucabhar a búaidh.” “Na dhiaigh sin do chuamur don uhaile ⁊ do heacradh 1000  teach ālainn ōla aguinn, ⁊ do uhāmur ann go ceann caoicidhsi ar mhīos gan easbaidh bīdh nó dighe oruinn.””

16.

“As ann sin do ghlac nāire mōr mise fā a bheith a fhad sin a bhfēagmais luirg an fathaigh; 1005  ⁊ do laphrus re mo mhuinntir ⁊ as eadh adubhrus, gur mhithe dhūinn lorg in fhathaigh d'iarraidh ⁊ co ndeachaidh fo dimhairiund dā fhad do bhīmur 'na fhēagmais. Do laphair in lorgaire ann sin ⁊ adubhairt riom-sa gan nāire do bheith orm ⁊ nach fearr do 1010  béaradh féin lorg in fhathaigh in céad-lá ar tír nā do bēaradh a ccionn bliadhna ar muir é ⁊ ar mōr-fairge.”

“Is ann sin do ghabhamur ar ccead ag Aodh Ruadh ⁊ do chuadhmur i n-ar gcurach ar feadh mara ⁊ mōr-fairrge ⁊ do caithemur seal d'ar n-aimsir uirrthi; 1015  ⁊ a gcionn na rée ⁊ na haimsire sin do choncamur beann mōr chloiche uaind ar lār na mara, ⁊ do rucamur lorg in fhathaigh conuice an mbeinn ⁊ ní fhuaramur ōn mbeinn amach é, ⁊ adubhradur na macaoimh sin do bhī fariom-sa gurab ann sin do 1020  bhí an fathach. Arna chlos sin damh-sa, adubrus risin dreapaire dol súas ⁊ scéala na cloiche do thaphairt chuguinn. Arna chlos sin don dreapaire, do  p.31 ghluais roimhe súas nō co bhfaca an t-aitheach 'na chodhladh ⁊ in leanamh bec lāimh ris ⁊ ceangal 1025  ar ghualinn an fhaithigh i n-āit na lāimhe; ⁊ do chonairc seisear macaomh ag reaphradh ar feadh urlāir na caithreach ⁊ dā cuileán chon ⁊ do amhairc in tor uile amlaidh sin ⁊ tāinic anúas 'na dhiaigh sin ⁊ do innis innioll in tuir uile. Adubhairt misi 1030  leision ann sin” ar Fionn, “an tealthōigheach do breith leis ar a mhuin suas ⁊ a fhēachuin in bhfēadfadis na macaoimh sin ⁊ na culēin chon sin do chur cugam anuas.  33 Do chuadur-san suas ⁊ do goideadur an leanamh bec ⁊ in seisear macaomh 1035  ⁊ in dá cuileán con, ⁊ ní hē amhāin, acht tucadur leō a raibhe d'ór ⁊ d'airgit ⁊ d'arm ⁊ do maithus annsa gcathraigh uile ⁊ tāngadur féin anúas ann sin ⁊ do leigeamur ar siubhal sinn ar feadh mara ⁊ mōr-fairrge.”

“Agus ní cían do chuamur an tan do ēirghe in 1040  t-aitheach ⁊ do lean sinne gan laige gan mhailis ⁊ nī ruc oruinn nō gur gabhamur cúan ⁊ caladhport a mBeind Ēaduin mic Cēidfhir; ⁊ mur do chonairc an cuileán fear-chon eision chuguinn, do ēirghe 'na sheasamh ⁊ do anfadh mion-ubhall nō mōr-āirne ar 1045  gach ēan-ruibe dā raibh uirri; ⁊ ar tteacht don aitheach do lāthair, do comhraic ris co fīochmur feargach formata; ⁊ tuc in cuileán scrīob dā chrobh ⁊ tairraing dā fhiacliabh fá ucht ⁊ fā urbruinde an fhathaigh, gur leig a abach ⁊ a ionathur uile amach; 1050  ⁊ ag tuitim dhō tugus-sa bēim claidhimh dō gur bheaneas a cheand de; ⁊ rucamur a cheann ⁊ a sheacht meic ⁊ in dá? cuileán chon co teach Fearghusa Finnléith an oidhche sin, ⁊ do uhāmur an oidhche sin ann fā lān muirne ⁊ luthghāra; ⁊ ar maidin ara 1055  bhārach do ēirgimur ⁊ do fhāgamur a sheacht mic ag Feargus Finnliath, ⁊ a raibhe d'ór agus d'airgit ann tucus dona macaomhuibh sin do uhī fariom  p.32 é, ⁊ do chongbhus in dá cuileán con agum féin; ⁊ a ndhiaigh na ronna sin do fhiafraighius dona 1060  macaomhuibh cia d' folaibh uaisle nó anuaisle in domain mōir dhōibh. Adubhradur-san gurbh iat féin mic Eithleanda ⁊ go ttāngadar dom' furtacht-sa don cur sin ōn ēigion a rabhus, ⁊ gach gābadh a mbia mē co brāth ō sin co ttiucfaid dom furtacht re mo 1065  dhōigh do cur ionntadh nō re smuaintiughadh orrthu; ⁊ do ghabadur a ccead agum-sa ann sin; ⁊ dorinius an láoi an uair sin ⁊ as ī so hí:”

    Fionn
  1.  34A buidhean is ālainn dreach,
    abraidh riom ar bur n-eineach:1070 
    ōs dom' mhuinntir-si sibh abhus
    cā hāit a bfuil bur mbunadhus?
  2. Na macaoimh
  3. A tTír Thairngire treabthaigh
    bhīmaoid-ne eidir cheathaibh;
    mic Eithleanda sinn gan ghus,1075 
    bīmid a reachtuib amhus.
  4. Do hoileamhadh sinn, ní breág,
    ag Manannān na mōr-tréad;
    ó'r n-oidi tángamur a le
    cugad-sa, a rí na féine.
  5. 1080 An uair riocfus tusa leas
    a gcath nō a ccomlann nó a ttreas,
    smuaintidh oruinne ann sin
    is tiocfum dot' fōiridhin.
  6. Fionn
  7. Gurab soraidh dhaoibh bur ttreōir1085 
    a gcrīochaibh an domain mōir;
    ōs scarthain dhūinn is dūibh-se,
    budh fada re mo croidhe.
    A bhuidhean.

 p.33

17.

“Do imghedur an t-aon macaomh dēag uaim-si ann sin ⁊ tānac-sa co hUisneach Midhe mur 1090  a rabhadur fiana Ēirionn, ⁊ tucas mo dhá cuileán con liom ann ⁊ tucus anmanna orro .i. Bran ⁊ Sceōlang, ⁊ do insios mo scéala féin dhōibh ō thús co deireadh. Acht aonn-ní cheana, do cuala misi nach raibhe deirbhshiūir mo mhāthur ag Oillil mac 1095  Eathaich, ⁊ do cuirius fios ar a chionn ⁊ tāinic dom' ionnsaighe, ⁊ do fiafraighios dhe cā raibhe in bhean tucas dhō ⁊ tuc maithe fhian Éirionn uile maille riom. Adubairt-san nach raibhe a bec nō a mōr dā scēaluibh aige. Do iarus an bhean ar na slāntaibh 1100  do bhī agum air-sean. Tāinic Lughaidh Lāga a lāthair arna chloss sin ⁊ tuc a bhriathur co ttiobhradh ceann Oillealla mic Eathach am' lāimh-si ⁊ a lāimh na féine mura bhfaghadh Turne inghean Taidhg mic Nuadhat annsa cruth a tuc sē uadha 1105  í. Do íarr Oillil mac Eathach cairdi orm ⁊ arna slāntaibh uile ionnus co ndeachadh d'iarraidh na hinghine ⁊ tuc a bhriathur co ticcfadh chucu-san arís dā bhfagadh í nō dá mbeith gan a faghāil.  35 Tucamur-ne uile in chairde sin dō. Do imidh Oillill 1110  Electronic edition corrects a hardcopy error in line numbering (+5) from here on. roimhe mur a raibhe a leandān ban-tshīoghaidhe ⁊ do innis dī in t-adhbur fā ndeachaidh sē dā hionnsaighe. Adubairt sisi: dā ttacadh seision a breath féin dī co saorfadh ōn ccás sin ē. Do gheall seision4 sin dī; ⁊ do gluaisidur rompu co teach 1115  Fearghusa Finnléith ⁊ tucadur in chū leō co longphort na féine ⁊ tucadh na cuir céadna dhī-si fāna breith d'faghāil, ⁊ as í breath ruc sī, Oillill do bheith aici 'na fhear tairis mnāibh in domain. Agus a ndiaigh na slāna sin do daingniughadh tucc si fleasc dhoilbhthi 1120  draoidheachta ōna cuim ⁊ do bhúail in chū dhī ⁊ dorine rīogan cruthach chaomh-ālainn di; ⁊ do innis in rīogan .i. Turnae, gurab í féin do ruc an dā chuileán  p.34 chon sin a ttigh Fearghusa Finnléith an uair do bhí sí 'na coin ann. Do thairg Uchtgheal damh-sa .i. 1125  an ban-tsīoghaidhe, na cuilēin sin do chur a reachtuibh daoine ⁊ adubart-sa: dāmadh mē féin a n-athair comadh fearr liom a mbeith mur sin nā a mbeith 'na ndaoinuibh. Imthūsa Lugdhach Lāga, dob ēigion Turnae d'faghāil dō féin do luach choraidheachta 1130  ⁊ tōraidheachta 'na tiomchioll, go ruc sī triur mac dō .i. Sciath Breac ⁊ Caol Crodha ⁊ Eoghan Ruadh ⁊ as iat-sin na trī mic māthur atā ag Bran ⁊ ag Sceōlang a bhfianaibh Ēireann” ar Fionn. “Agus as íad sin fuaslacadh na gceasd do 1135  chuiris orum, a Cannāin” ar Fiond.

18.

“Beir buaidh ⁊ beannachtain, a rí-fhēinidh” ar Conān; “is mōr in t-urgāirdiughadh meanma ⁊ aigeanta dhūinn a bheith ag éisteacht read ' bind-briathraibh; ⁊ abair riom anois crēad fār liath tú ⁊ h'óige, ⁊ crēad 1140 fā bfuil aoiphle aithise ar do ghnūis ⁊ neim naithreach ar do theanghaidh ⁊ mosrughadh mairph ar do chloinn ⁊ fuaire an umha id' leathor, nō cā fad do bhī tū mur sin nō an bfuilir mur sin fós.” “Inneōsat-sa sin” ar Fionn. “Aon 1145  do lō dā raibhe misi ⁊ maithe fhian Ēirionn a nAlmhain ag ól ⁊ ag aoibhnus, ⁊ tarla aimhsiughadh mōr cugum ann .i. días ban do Tuathaibh Dé Dananntuc grādh damh-sa a n-aoinfheacht; ⁊ is amhlaidh tarla dhōibh a bheith 'na ndias ndeirbhseathur dhā 1150  cēile,  36 eadhōn Miodhluachar ⁊ Aighne a n-anmanna, ⁊ tug an dara bean dīobh freiteach nach rachadh sī le fear liáth co brāth .i. Aighne. Arna chlos sin do Miodhluachair .i. a derbhshiur eile, do thionōil sī draīdhthe Tuath Dé Danann a n-aon-ionadh ⁊ 1155  do dhealbhadur loch doilbhthe draīdheachta ar leath-taoibh Shlēibhe Cuillinn Chúailgne .i. do budh  p.35 de chloind Cuillinn Chuailgne an días ban sin féin; ⁊ dā ndeachdís fir domain faī in loch sin, do badh liath iat dā éis. Agus ō thairnic dhōibh an loch do 1160  dēanamh amhlaidh sin, tāinic sí féin a riocht eilidi ēadtruime eadarbhuasaighe ar in bhfaighthe chugum: ⁊ is amhlaidh tarla damh-sa a bheith am' aonur ar in bhfaighthe, ⁊ ōtchonairc an eilit uaim, dorionnus fead ar na conuibh, ⁊ ní chuala cū 1165  nō duine dā raibhe isin mbruighin nō 'san mbaile an fhead acht Bran ⁊ Sceolang, ⁊ tāngadur amach a gcéad-óir, ⁊ do leigios don fhiadh iad ⁊ do ghluaisedur rompu ⁊ ní ruc na coin ar dhol ionnsa bhfiadh co rāinic Sliabh Cuillinn Chuailgne a gcōicidh 1170 Uladh; ⁊ do leanus féin iad am' ghaisibh gāibteacha gēar-luatha glan-reatha gan aonn-duine dom' mhuintir agam, ⁊ gēr ghairid an eilid ō na conuibh, do ba giorra nā sin na coin uaim-si; ⁊ ō rāinic in eilid in sliabh, tuc sī cor dona conuibh, conār fheidir síat 1175  cā haird d'airdibh an domain a ndeachaidh sí uathaibh. Do ghabh ionghantus mōr misi uime sin” ar Fionn, “.i. co bhfūigfeadh fíadh ar doman Bran ⁊ Sceōlang, ⁊ dorinnus comhnaidhe ar in tsliaph ag amharc uaim gacha taobha; ⁊ ní cían do uhādhus 1180  ann an tan do choncus loch linn ālainn griansholusda fo bhun an tshlēibhe ⁊ inghean chruthach chaomhālainn ar brū in locha lān-sholusda sin ⁊ í co dubhach dēarach dobrōnach; ⁊ tānac-sa mur a raibh an inghean ⁊ d'fhiarfaighius fāth ⁊ adhbhar a 1185  dubhrōin don inghin. “Ag snāmh do bhīos ar in loch-so ō chianaibh,” ar in inghean, “⁊ do bhīdur dhā fail óir agam ⁊ do thuiteadar isin loch uaim, ⁊ as é sin adhbhar mo dubrōin,” ar in inghean. Is ann sin do fhiafraighe an inghean cía hē in gaisgeadhach anaithnidh 1190  do bhī ag fiafraighe sgéal dí. Do innisius gur mē féin Fionn.  37“Mās eadh” ar in inghean,  p.36 “do chualus féin do theist ⁊ do thuarusgbāil ⁊ do ghal ⁊ do ghaisceadh ⁊ do bhuadha iomdha ⁊ gur tearc én-ní 'sa doman nach ēireōchadh leat ionda 1195  ccuirfeā dúil; ⁊ ō tā sin mur sin, cuirim geassa nach fuilngit fīor-laoich fort-sa an dā fhail óir úd do thabairt chugum as an loch. Arna chlos sin dam-sa” ar Fionn, “nīr mhaith liom mo chur fo geassaibh, ⁊ gidh eadh nír fhuilngeas co fada fō na geassaibh in 1200  tan do chuirius mh'ēadach dhiom ⁊ do chuadhus isin loch; ⁊ ní fada do bhādhus ann an tan fuarus in dā fhail óir sin ⁊ tucus urchur dīobh d'ionnsaighe na hinghine, ⁊ do gabh iad 'na lāimh ⁊ tuc cūl don loch ⁊ nir fhedir misi cā conair ina ndeachaidh uaim; 1205  ⁊ tānac-sa fō thír a gcēad-óir ann sin; ⁊ gēr ghairid uaim mh' éadach, nī raibhe do shiubal nō do lāidireacht ionnam dol conuige é an tan dorineadh seanóir crīon cūl-liath cnāimh-arsaidh dhīom; ⁊ tāngadur mo dhā choin cugum ⁊ nír aithnighdur mē, ⁊ do 1210  imgedur uaim a ttiomchioll in locha ar gach leith dom' iarraidh-si. Agus ní cían do bhādhus mur sin an tan do chonairc mē Caoilte ⁊ tosach na féine dom' iarmhōiracht ⁊ tāngadur ōs mo chiond-sa ⁊ (an ní nárbh iongnadh) nír aithnidar mé. Do labhair 1215  Caoilte ann sin ⁊ as eadh adubhairt: “A sheanóir ” ar sē, “an bhfacuis eilid ⁊ dā choin 'na diaigh ⁊ aon laoch a ndiaigh na gcon?” Agus d'fhiafraigh dhīom-sa narbh íascuire mē, ⁊ adubhrus nārbh eadh ⁊ nach raibhe neart nō lāthur ionnam asa ndēanainn 1220  iascuracht; ⁊ adubhrus co bhfacus an eilid ⁊ na coin 'na diaigh ⁊ an gaisceadach ag ēirge isin slíabh ⁊ nach raibhe mōrán dā bhfios agam ō sin a leith. Tug Oisīn baramhail ann sin co raibh fios Fhinn ⁊ na gcon agam-sa; ⁊ gidh eadh nīr lamus 1225  a innisin dōibh gur mē féin Fionn. Agus tāinic tromshluagh na féine cugainn ann sin ⁊ do bhādur  p.37 ag fiafraighe scéal dīom-sa ann, ⁊ adubairt Caoilte in láoi: ””

     38
    Caoilte
  1. Cā fad ō thāinic tú a leith,
    a fhir mōir, a iascuire?1230 
    an bfacais eilid ag teacht
    agus coin 'na coimeadacht?
  2. Fionn
  3. Do choncus ō chíanaibh gach ní
    dā bfuil sib d'iarraidh 5:
    dā choin lúatha go ttraite1235 
    ag leanmhuin na heilidi.
  4. Aon chú díobh do bhī ar tús,
    is meabhair liom a n-iomthūs,
    agus ōglāch lúath 'na ngar,
    nocho ndeachadur uadh a bfad.
    Cā f.

19.

1240 “Tāngadur in fhian uile gacha taoibha dīom-sa ⁊ do uhādur ag sīor-leanmhain scéal orum; ⁊ do innisius dōibh fā deōigh gur mē féin Fionn; ⁊ nír chreididur mē ⁊ do mhaslaighdur mē co mōr re teangaidh ⁊ do fhōbradur sleagh gacha fir do 1245  shāthadh ionnam. Is ann sin do ēirgios am' sheasamh ⁊ do ghoirius Caoilte ar fód fō leith ⁊ do innisius mo scéala féin dō ō thús co deireadh, ⁊ do chreid Caoilte in sin gur misi Fiond, ⁊ do ēirghe atharughadh dealba ⁊ crotha ar Caoilte ann sin re misi d'fhaicsin ionnsa 1250  riocht sin, ⁊ do innis sin don fhéin uile. Arna chlos sin don fhéin, do līonadur do thuirsi ⁊ do dhobrōn ⁊ do leigedur trī gārtha mōra ōs aird a ttiomchioll in locha; gurab de sin atā Loch nDoghra ar in loch sin ⁊ biaidh co brāth. Is ann sin dorinnedur an fhian 1255  eilitrom damh-sa do chaolach na coilleadh ⁊ do iomchradur mē co mullach an tshlēibhe co sīth  p.38 Cuillinn Cuailgne, ⁊ do thiomsidur seacht ccatha na gnāthfhēine cum an tsīodha ⁊ do uhādur trí lá ⁊ teōra hoidhche ag toghail ⁊ ag briseadh an tsīodha. 1260  A ccionn na trī lá sin tāinic Cuillionn amach as in sīth dar n-ionnsaighe ⁊ eascra ālainn ōrdhuidhe ina lāimh, ⁊ tuc am' lāimh-si é ⁊ adubairt riom deoch d'ōl as; ⁊ do ibhios deoch ⁊ ar n-ōl na dighe damh, tāinic mo dhath ⁊ mo chruth ⁊ mo neart féin ionnam 1265  ann sin,  39 ⁊ do imgedur na huile aimsiughthe ⁊ adhghaill dā raibhe orum acht in lēithe amhāin, ōir do bhí mo leath-fholt mur airgead aon-gheal arna niamhadh do dheagh-cheard ⁊ do bhí mo leath-fholt eile mur ōr-snāth arna niamh-ghlanadh; ⁊ do 1270  thairg Cuillion Cuailgne dhamh-sa ann sin co ccuirfeadh sē dath mo fhuilt féin ar mh'fholt-sa ⁊ urchra fair; ⁊ do rucus do roghain in dath tarla ar m'fholt a bheith air ⁊ a bheith gan urchra. Agus ar n-ōl na dighe dhamh, tucus in courn i lāimh Mic Reithe 1275  ⁊ do ibh deoch as; ⁊ in uair dob āil leis in corn do shīneadh a lāimh an fhir ba neassa dhō, tuc an t-eascra cliseadh as a lāimh ar in talmain, ⁊ do reathadur an fhían 'na dhiaigh ⁊ gēr maith do reathadur ní rucadur fair, co ndeachaidh 'sa talmain 'na bfhiadhnuise; 1280  ⁊ ba mōr dubrōn ⁊ tuirsi fhian Ēreann uime sin ⁊ nírbh iongnadh dhōibh, uair dā n-ibheadh in fhian uile deoch as, do bhīadh fios ⁊ fíor-eolus acu uile mur atā agum-sa ⁊ ag Mac Reithe. Agus ag sin duit-si, a Conāin, mur do líath misi ar tús.” Agus 1285  adubairt Fionn an láoi ann:

  1. Miodhluachair is Aignae fhial,
    dhā bhan-draoi do bhí 'sa sliabh,
    do charsat mē cechtur dhe,
    dhā inghin Chuillinn Chuailgne.
  2.  p.39
  3. 1290 Freitighus Aighnae fhial
    a dhol co brāth re fear líath
    's nach rachadh le fear dhā thoigh
    acht madh fear óg anarsaidh.
  4. Tionōlus Miodhluathchair mhall1295 
    draoithe Tuatha Dé Danann
    nō gur dhealbhustair-sean trá
    an loch doilbhthe draoidheachta.
  5. Tēid roimpe Miodhluathchair mhais
    gusin tTeamhraigh treathain-ghlais;1300 
    do chuaidh a riocht eilidi de
    inghean chaomh Chuillinn Chuailgne.
  6. Do leansum an fíadh luaimneach
    ēattrom eirluath iomshuaimhneach,
    agus níor sguiremur de1305 
    co loch Sīthe Cuilinn Cualgne.
  7. Aon-bhean ar brū in locha láin
    gan uamhan, gan iomurscáil
    do rat a gceist misi de
    fā dhāltaibh na hingine.
  8. 1310 Crēad do rad ann sin thū, a bhean,
    a inghean luachair lāim-gheal?
     40Dhā fhail óir do bhí fōm' laimh
    do chuadur 'sa loch lind-bháin.
  9. Geassa ort-sa, a Fhind fhéil, 1315 
    mun' ttucadh tusa in lēim
    ar ceand m'uincceadh ōir 'sa loch
    's a ttaphairt dham gan lān-locht.
  10.  p.40
  11. Ann sin do lingus an lēim,
    nocharbh ē dob fearr dom' chēill;1320 
    an leath do lingus fōn loch
    as eadh ro líath co lān-mhoch.
  12. As ī sin an cheist iar bhfíor,
    a Channāin gusan gcaom-ghnīomh,
    folt mo chind ro líath co mbladh1325 
    as eadh ro mhill mad liathadh6.

20.

“Beir buaidh ⁊ beannachtain, a rí-fhēinidh,” ar Conān, “is binne nā céol crot bheith ag ēisteacht re bind-chomhrādh do bheōil; ⁊ ar grādh h'einigh innis damh anois, a rí-fhēinidh, cionnus fuarais an 1330  fios forbhartach fíor-eōlach atā agad; ⁊ ní hé fios an bradāin nō fios thoighe Cuanna atāim d'iarraidh ort.” “Inneōsat-sa sin” ar Fionn. “Tiobraid atā ag Bec mac Buain ⁊ is do Thuathaibh Dé Danann an fear sin, ⁊ gach duine ibhus deoch eisdi, bīdh fios 1335  forbartach aige dā ēis ⁊ budh fáidh é go bás re fīrinne; ⁊ síad bhīos ag coimhēad na tiobraide sin .i. trī hingeana an Bheic .i. Cēibhfionn ⁊ Teacht ⁊ Arbach 7 ⁊ as ī Cēibfiond as sine dhíobh ⁊ as í dhāilius an tiobraid ar gach duine cheandaighius hí; ⁊ dobeirthi trī 1340  céad uinge do dearg-ór ar lān gach ēan-eascra don tiobraid sin. Agus tarla misi aon do lō ag seilg na feadh-sa mur a raibhe iomat fiadhaigh, ⁊ tānac ar mhullach Cairn bhFearadhaigh ⁊ ní raibhe fariom annsin acht Dīorraing mac Doghuir ⁊ Mac Reithe; 1345  ⁊ ní cían do bhāmur ann an tan do choncamur dorus an tshīodha osluicthe romhainn ⁊ do ionnsaighmur é gan fhuireach. Arna fhaicsin sin do trī hingeanaibh Bheic mic Buain, do ēirghedur go hath-lamh do dhūnadh an doruis, ⁊ tugadur a lāmha 1350  uile a n-aoinfheacht do thaoiph astigh ag dūnadh  p.41 an doruis romhainn ⁊ tucamur-ne ar nguailne ⁊ ar lāmha a n-aoinfheacht don taoibh amuidh dā fhoslacadh orra-san; ⁊ is amhlaidh tarla do Cēibh-fionn a bheith an uair sin ⁊ lān an eascra don tiobraid 1355 ina lāimh;  41 ⁊ ag iadhadh na comhladh oruinn dī, do dhort taosc mōr don digh innar mbēil-ne, gur fhan fios fīor-eōlach aguinn ō sin a leith,” ar Fionn. “Agus as īad sin fuaslacadh na gceist do chuiris orum, a Cannāin,” ar Fionn; ⁊ itbert in láoi:

  1. 1360 Trī hingine Beic mic Buain,
    is acu ibhid na sluaigh;
    is uatha sin atā thall
    fios dearbhtha Tuath Dé Danann.
  2. Tobur atā thall 'sa lios1365 
    is ann dogeibhthur gach fios;
    is dearbh do gach aon ros blais
    gurab ī sin an tseaghais.
  3. Gē do fuarus in t-eō fis,
    neimhthnī co rānac an tseaghais;1370 
    as ē in fios forburtach damh
    ō rānac an triur inghean.

21.

“As iad sin fuaslacadh na gceist do chuiris orum, a Conāin,” ar Fionn. “Beir búaidh ⁊ beannachtain, a Find,” ar Conān, “is mōr in t-iontalas 1375  meanman ⁊ aigeanta dhūinn bheith ag ēistacht friot. Agus abair friom, a rí-fhēinidh, caidhē na headha oeisi fuilit agad fēin ar nach eagal leat bās d'faghāil nó co ccailtear iad; ⁊ anois innis damh caidhē “oīdhacht Finn co teach Neōid.”” “Inneōsat-sa 1380  sin” ar Fiond. “Aon do ló tharla misi am' aonar ⁊ mē am' giolla ōg anarsaidh, ⁊ do chuadhus co  p.42 teach Neōid; ⁊ is amhlaidh do uhī Neōid: is tearc do bhī 'sa doman duine badh doichlighe nā é ⁊ co hāirithe ní raibhe a nEirinn a gcoimaimsir ris féin 1385  duine badh doichlighe ⁊ do badh measa eineach inā ē; ⁊ do ba mōr a mhaoin ⁊ a chonách, uair do bhādur seacht ndoirse ar a dhūnadh ⁊ do uhādur seacht n-airghe fā chomhair gacha doruis dīoph; ⁊ gēr mōr in conách sin, nī dheachaidh aon-duine 1390  ariamh buidheach nō sāitheach as a theach nō as a bhaile; ⁊ tānac-sa am' aonur don tigh, ⁊ ní raibhe do dhaoinibh ann acht Neōid ⁊ a bhean ⁊ a ingean .i. Aoife inghean Neōid; ⁊ ar ndol don tigh damh-sa, do shuidhios ar lār na bruighne. Is ann sin do 1395  laphair Neōid ⁊ as eadh adubairt: “Crēad é adhphur in tshuidhe úd thall?” ar sē. Adubhras-sa gurbh āil liom oīdheacht na hoidhche sin d'fhagāil uadha-san. Adubhairt Neōid gur cosmhail  41bis> nach ccuala misi scéala in tighe sin an tan do chuadhus 1400  ar oīdhacht nō d'iarraidh bhīdh ann, ⁊ gurab uime 'tucadh Neōid orum-sa .i. gurbh ainm don doithchioll neōid, ⁊ mur nach bfuil a nĒirinn duine is doithchlighi nā misi, is uime tucadh Neōid orum.” “Adubhrus-sa ann sin” ar Fionn, “gur chuma liom féin é bheith 1405  olc nō maith fā bhíadh ⁊ co ccaithfeadh sē oīdhacht na hoidhche sin do thabairt damh dá dheōin nō dā aimhdheōin. Arna chlos sin do Neōid, do ēirghe Neōid 'na sheasamh dom' chur-sa amach d'aimdheōin ⁊ do ēirghe mise chuige-sion, ⁊ tucamur cuir ghleaca dā 1410  chēile; ⁊ gidh eadh, do leagadh Neōid a bhfiadhnusa a mnā ⁊ a inghine ⁊ do chuirius ceangal daingean doth-scaoilte fair, ⁊ rucus a bhean liom isan leapaidh fā coimhneasa dhamh ⁊ dob āil liom luidhe fria. Do laphair Neōid ann sin ⁊ as eadh adubairt: “Nā mill 1415  mo bhean, a ghiolla,” ar sē, “⁊ dodhēan cumann ⁊ caradradh friot ⁊ dobh ēar m'inghean do mnaoi  p.43 dhuit ⁊ is cneasta duit mur mnaoi í nó mo bhean-sa.” Do thuicius-sa gurabh fīor sin ⁊ do leigios bean Neōid uaim ⁊ do scaoilius dhe fēin; ⁊ do cheangail 1420  Neōid cumann ⁊ caradradh friom ⁊ tuc mo shāith bīdh ⁊ dighe damh ⁊ tuc a inghean ar feis leaptha ⁊ dēaruighthe an oidhche sin damh .i. Aoife inghean Neōid. Agus do ēirghemur a mucha na maidne arna mhārach ar in bhfaithche amach, ⁊ do íar Aoife 1425  aiscidh mhaidhne orum-sa ann sin ⁊ do geallus-sa sin dī, ⁊ as ī aiscidh do iarr orum, lon dā raibhe 'sa doire choilleadh lamuidh don uhaile a chur as a doire amach ⁊ coimhrith fris ⁊ a ghabháil ⁊ a thabairt beō dī féin. Agus do ghluais misi fōn doire ann sin, 1430  ⁊ do dhūiscighius an lon ⁊ do reathus ris ⁊ do ghabhus é ⁊ tucus d'Aoife é; ⁊ arna thabairt dī, as eadh adubhairt: “Geassa nach fuilngit fīorlaoich ort, a Find,” ar sī, “muna reathair risan lon-sa a gciond gacha bliadhna; ⁊ an bhliadhan rachus sē dhīot 1435  gan breith air, do bhās ⁊ h'oigheadh do theacht an bhliadhain sin.” Do labhrus re Neōid ann sin ⁊ adubhrus ris ullmhughadh bainnsi  41terdo dhēanam fām' chomhair ⁊ co ttiubhruinn féin urmōr fhear nĒireann am' fharradh; ⁊ do freastladh co maith 1440  sinn. Acht aon-ní cheana: ōdchonairc Neōid iomarcaidh na sluagh ⁊ iomarcaidh an bhīdh ⁊ na dighe 'gā ttaphairt do chonuibh ⁊ do giollanradh, do bris an cochall doichill do uhī ina chroidhe ⁊ do scēith ar a bhēl amach é; gurab ē an treas duine nō an 1445  ceathramhadh duine dob fearr eineach do uhí ō sin amach a nĒirinn ē. Agus sin eadh dom' eadhuibh-si, 8corrections not integrated in the following instances as in some cases there is no verb and/or tense agreement. a Conāin” ar Fionn.

22.

“Agus eadh eile dom' eadhuibh-si: aon do lō dā rabhus-sa a Magh na Cēidi theas, co bhfacaidh 1450  inghean ālainn iolchrothach ann, ⁊ d'fhiafraighius  p.44 di crēad tuc ina haonur í. “Ag iarraidh fir” ar sí. Do fhiafraigh misi dhi cē hē an fear. Adubairt an inghean nach raibhe fear do sunradh aici, acht an fear dobhēaradh dī in choibhthe do bhī sī d'iarraidh. 1455  Agus do fhiafraigh misi crēad í in choibhche sin. Adubairt an inghean: “Nī bfuil acht lēim do tabhairt ar in gcloich úd am' fiadhnuise.” Arna. chloss sin damh-sa, do leigios mh'airm ar lár ⁊ do lingas an lēim gan fhuireach. “Nī mur sin is maith 1460  liom in lēim do thaphairt” ar in inghean, “acht in leagān cloichi úd is comhfad riot féin do chur ar do dhearnainn ⁊ in lēim do thaphairt mur sin.” Arna chlos sin damh-sa, do chuirius an leac ar mo dearnaind ⁊ tucus in lēim amhlaidh sin; ⁊ is bec mā dorinnus 1465  ariam gnīomh ar thalmain badh doilghe liom do dhēanamh inā in lēim sin do thaphairt. Agus do fhiafraighius don inghin cā hainm nō dūthchus dhí. “Éadaoin Slēibhi Caoin m'ainm-si” ar sí, ⁊ do chuir misi fō gheasaibh fāna dol lēi dā hārus 1470  féin an oidhche sin; ⁊ do chuadhus léi ⁊ do uhí ar feis leaptha ⁊ dēaruighthe agam an oidhche sin, ⁊ arna uhārach dūinn do chuir misi fō gheasaibh fān lēim sin do thaphairt gacha bliadhna ⁊ in bliadhain nach ttiubhrainn é, ēag nō oigheadh d' fhagāil 1475  an bliadhain sin.”

23.

“Eadh eile dom” eadhuibh-si, fothragadh dabhcha Coirill, uair is brōn báis dam an bliadhain nach dēanaim é. Eadh eile dom' edhuibh .i. fleadh doní Blāthnat inghean D eirg Díanscothaigh .i. 1480  mo leandán ban-tsīoghaidhe, uair as ī coiphche do iarr orum-sa, dol dā caitheamh gacha bliadhna.  42 Eadh eile dom' eadhaibh-si, an t-urchur do naisc Damhnad inghean Raighne Réil orum-sa ar son a coiphehe .i. mo shleagh diupraicthe do  p.45 1485  theilgion a Mhullach Rātha go Bealach Iolata, ⁊ nī taphair aon-duine a nĒirinn an t-urchur sin acht misi amhāin, ⁊ in bhliadhain nach ttiubraind é co bhfuighinn ēag nó oigheadh an bliadhain sin. Eadh ele dom' edhuibh .i. fleadh doní mo mháthair 1490  dhamh ⁊ do gach duine uhīos am' fharradh, ⁊ gach neach dā ccaitheann í, ní fhaghann brōn bec nō mōr in bliadhain sin. Agus eadh ele dom' eadhuibh-si .i. muc do mucaibh Slāngha do mharbadh acht co ccoimhioltur a geassa dī; ⁊ geis dī ēirge dā leapaidh 1495  riana guin. Is geis dī scrēachadh arna goin; ⁊ is geis dī an duine goinfeas í muna ttuca féin do lāthair in fholachta í; ⁊ is geis dī an gaoth a ttuaith 'gā dōgh; ⁊ geis dí dorus dochum a mbearthar hī d'fhagāil dūinte ar a haighidh; ⁊ geis dī duine eile 1500  dā roind acht an tí ghonus hí; ⁊ geis dī aonn-duine dā mbia a n-aon-toigh nō a n-aon-uhaile fría do dearmad 'na tiomchioll. Agus dorinne Fiond an laoi:

  1. Fuilit eadha dom' chaphair1505 
    aincios mē ar urbadhaibh;
    gach áon dhā ccaitheann ar feis
    slān go ceand mbliadhna ar aincis.
  2. Comrith re lon Leithreach Nēid
    donīm d'Aoife, dāil gan brēig,1510 
    nō go rom sāruighe in lon
    nō co tteagar rem' shaogul.
  3. Aon-mhuc do mucaibh Slāngha
    gacha bliadhna, līth n-ágha,
    is eadh dom' eadhaibh a bfad1515 
    gan mheing gan mheabail fuilat.
    F.

 p.46

24.

Is iatt sin fuaslacadh na cceist do chuiris orum, a Chonāin,” ar Fionn. “Beir buaidh ⁊ beannachtain, a ri-fhēindidh,” ar Conann, “nī cualamur ceol ariamh bud binde inā fogur do bheōil; ⁊ abair 1520  riom anois caidhē na trī hiomruisg is doilge leat dorinnis ariamh.” “Inneōsat-sa sin” ar Fionn. “Aon do lō do bhādhus ag seilg muici .i. Brothur bán troimlīne a hainm do shunradh, ⁊ do dūisgceadh an mhuc sin linn ⁊ tānic sī seacham-sa; ⁊ mur do 1525  uhādur na laoich ⁊ na coin 'na leanmhuin, do chuirius mēar a súaithnimh  43 na sleighi sith-fhada do uhī a n-aice an scēith agum ⁊ tugus ro-urchur di chum na muici; ⁊ tarla an sleagh nimhe a ttaoiseach fēine maith dom' mhuinntir gur mharbhus ē .i. 1530  Miodhbuilg mac Luachair, ⁊ uadh hainmnighter Miodhbuilg ag Coir Comhraidh aniudh. Agus rucus ar in tsleigh an dara feacht ⁊ tucus urchur eile cum na muice, ⁊ tarla an tsleagh a ttaīseach eile dom' mhuintir, eadhōn Eadarsa mac Maīn, ⁊ ní ruc a anam 1535  co lár leis; ⁊ tucus an treas urchur don tsleigh cum na muice ⁊ do chuirius an tshleagh i ttaoiseach maith eile dom' mhuintir .i. Iomus mac Luachair , ⁊ do marbhus é, ⁊ uadh goirtear Sliaph Iomuis iniudh; ⁊ do scuirios do theilgion na sleighi annsin, uair 1540  tucus aithne gur mōr dom' aimhleas dorinnus risna hurchuraibh sin; ōir dob annamh liom urchur a n-imroll do tabhairt ariamh gonuige sin. Do claoidheadh fearta na ttrī laoch sin aguinne ⁊ do tōgbadh a líag ōs a leachta ⁊ do fearadh a ccluithe 1545  caointe. Agus is iat sin na trī himreasna is doilge liom dorinnus ariamh, a Channainn,” ar Fionn. “Rod fia buaidh ⁊ beannachtain, a rí-fhēinidh,” ar Conān. “Is ro-mōr in céol ⁊ in t-athgearradh aimsire dhūinn a bheith ag éistacht red' chaoin- 1550 chomhrādh.”

 p.47

25.

Is annsin adubairt Fionn: “Dēantur leaba dhūinn, uair is lōr a fhad atā tū ag leanmhuin ag fiafruighe scéala dīom; ōir do innsius mōrān d'iongantuibh ⁊ d'imteachtuibh ⁊ do scéalaibh 1555  fhian Ēireann duit, a Channāin, ⁊ atá deireadh oidhche ann anois” ar Fionn, “⁊ is mithe dhūinn codhladh.” “Is fīor sin” ar Conán, “⁊ is cóir a dhēanamh.” Is ann sin do cóirigheadh leaba d'Fionn ⁊ do cuireadh Findearbh Fhindchiabach inghean 1560  Conāin faris an oidhche sin; ⁊ ar ccodhladh d'Fhionn, do chonairc aisling huathbhāsach ⁊ biodhgustair fō trī as a chodhladh, gur ēirghe comhārd rē húathnibh na leaptha ón ccliseadh tuc air. “A rí-fēindidh” ar Findearbh, “créad do choncais asar chlisis mur sin?” 1565  “Aisling itchonairc ” ar Fiond, “mur do bhīdis Tuatha Dé Danann ag loscadh na bruighne-si orum ⁊ ag marbadh na fēine am' thimchioll.” “Nārab duit-si nā don fhēin bhīas donus nā nimh na haislinge sin!” ar in inghean.

26.

1570  44 Iomthūsa na fēine imorro, do thiomsaighdur as gach ionadh co hēan-áit ⁊ dob iongnadh ríu gan scéala Fhind do bheith acú, cā raibhe sē an oidhche sin; ⁊ do ēirghi Bran Bec ō Buadhachān ⁊ Bran mac Feargusa a mocha na maidhne arna 1575  uhárach ⁊ tāngadur mur a raibhe Mac Reithe ⁊ adubhradar ris scéala d'innisin dhōibh ō uhī fios aigi-siomh cā raibh sē aréir. “Mā tā a fhios sin agam” ar Mac Reithe, “nī hāil liom fios nō fāistine d'iarraidh orum ar eagla mnā nō mionn-dáoine bheith 'gā 1580  leanmhuin orm; ⁊ ar a shon sin innsim dīph-si Fionn do bheith a ttigh Conāin Chinntslēibhi aréir ⁊ co raibhe inghean Chonāin ar feis leaptha ⁊ láimh-dhéaruighthe aréir aige ⁊ co bhfuil 'na luidhe ar iomdhuigh fós, ⁊ nī hiongnadh dhō; as fada do uhī 'na 1585  dhúscadh aréir ag Conann.”  p.48 Arna chlos sin don dias sin, do ghluaisidur rompu gan mhailis co teach Conāinn ⁊ fúaradar Fionn ag ēirghe dā iomdhuidh, ⁊ ro fearus fáilte friu ⁊ as eadh ro rāidh siat-san: “A Fhinn” ar siat, “is mōr 1590  an t-iongnadh dhuit a bheith ar banuis mnā id' aonur mur so ⁊ gan duine ar bith ad' fharradh ⁊ gan a fhios ag maithuibh na fēine cā conair a ndeachais uathaibh.” “Nocho dearnadh banuis d'Fionn fōs” ar Conann, “⁊ dodhēantur banuis a dīonguhāla 1595  dō ⁊ taphradh Fionn maithe fhian Ēreann leis dā caitheamh.” “Tiocfad-sa annsin” ar Fiond. “Tabhair do bhriathar dam-sa fāna theacht” ar Conann. Tucc Fionn a bhriathar dhō uime sin.

27.

Do imidh Fionn roimhe co longphort na 1600  féine. Is ann sin do laphair Bran Bec ō Buadhachān ⁊ adubairt: “A Finn” ar sē, “atā fleadh urlamh ionchaithfe agum dhuit a nAlmain, ⁊ tair féin ⁊ maithe na feine dā caitheamh.” “Rachat” ar Fionn. Do gluaisidur rompu co teach Brain ⁊ do heagradh 1605  an teach ālainn ōla acú, co raphadur  45 co subhach suilbhir deagh-chomhrāiteach; ⁊ nīr chian dōibh amhlaidh sin an tan itchoncadur Carpri Lifeachair mac Cormaic chucu don uhaile. “Nī tarla sin dúinn” ar Fionn, “uair is geis dūinn ar tteach 1610  n-ōla do sgaīleadh nō go rapham sīothamail subhach, ⁊ nírb furāil do mac rí Ēreann gomad uime fēin do suidheōchadh an teach n-ōla ina mbeith sē” “Ní hamhlaidh doghēantur aguinn” ar Oissīn, “acht leigtear don féin 'sa leith-si abhos ⁊ tucthar an leath 1615  úd thall do mac rī Ēireann.” “Is cóir sin” ar Fionn, “⁊ dēantur é.” Agus do uhí urscardadh an leath thall uile fā chomair mic rí Ērenn. Agus do uhī dias ōglaoch do Tuathaibh Dé Danann astigh ⁊ do gabhadur chucu co mōr ⁊ co aingithe a ttōgbhāil as  p.49 1620  an leith thall ar in urscardadh sin, ⁊ is mō do ghabadur cucu sin nā do ghabh an mhēid do uhī ann do chlannuib aithreach maith ō sin amach; ⁊ is iat in dīas sin féin .i. Fālfeadha Bec mac Find ⁊ Fālfeadha Mōr mac Domhnaill Deirg; ⁊ is eadh adubradur an días 1625  sin: “Is cugainne uile dorineadh in t-urscardadh úd ar tí oil ⁊ athuis ⁊ masla do thaphairt dhūinn ⁊ ar in treibh dā bhfuilmid uile; acht gidh eadh, atā a mhāthur-san dīoph.” “Is urus sin aithne” ar Fālfeadha Mōr, “ōir is mór in tár ⁊ in tarcuisne tuc 1630  Fionn aréir ar Thuathibh Dé Danann .i. an bhean do naisceadh don dara fear nō don treas fear is fearr atā beō do Thuathaibh D. D., a bheith aige fēin arēir d'aimhdheōin a hathur ⁊ a māthur re olca re Thuathaibh D. D.” Agus do imgedur an dias sin 1635  rompu arna bhārach co Sīth Fionbhar Mheadha Siuil ⁊ do innsidur dō gach ní dā ndearna Fionn ⁊ mur do thuc inghean Chonāin ⁊ mur do gheall fā chionn mīosa dol do dhēanamh baindsi. Arna chlos sin d'Fionnuar, do ghlac doith aingidhachta ⁊ ēada é 1640  ⁊ chuir fios ⁊ teachta úadha do thionōl ⁊ do thiomsiughadh Tuath D. D. ar gach leith; ⁊ do freagradur é co hēscaidh as gach  46 aird a rabhadur co bādach priaitheamail, co rabhadur sē cēad déag do ghlēre glan-tsluaigh fā chionn na mīosa sin.

28.

1645 Do gheall Conān banais a inghine do dēanamh ⁊ ar bruach Locha Derdeirgertaigh do ghabhadur fos-longphort. As ī sin uair ⁊ aimsir rāinic do Conān bainuis d'ullmughadh ⁊ do chuir a bhain-eachlach .i. Duibhtireach co Teamhair 1650  Luachhra mur a raibhe Fiond ⁊ maithe na fēine dā rādh riú theacht do dhēanamh na bainnsi ⁊ a briathur do chomhall. Adubhairt Fionn co gcoimheōladh a gheallamhuin do Conān ⁊ co rachadh do  p.50 dhēanamh na bainnsi ⁊ do chaitheamh na fleidhe 1655  gan fuireach, ⁊ adubhairt rē Duibhthirigh glúasacht roimhe  9'sa tshlighe ⁊ co leanfadh fēin gan mhailis í. Do imidh an bhain-eachlach roimpi ⁊ as í slighi do ghabh sī lāimh re Loch nDergertaigh; ⁊ do choncadur Tuatha D.D. uathaibh í ⁊ tāinic drong 1660  mōr acú 'na cuinne ann sin a ttiomchioll Fhāilfeadha Bhic mic Find, ⁊ do fhiafraigdur dī cā raibhe sí. Adubairt sisi co raibh sī a tTeamhair Lúachra mur a raibhe Fiond ⁊ maithe fhian Ēireann 'na fharradh. “Cā līon atāid ann sin?” ar Fāilfeadha. “Atāid 1665  deich cēad ann” ar in bhain-eachlach. “Cā conair nō slighi ina ngēabhuid?” ar Fālfeadha. “Go teach Conāin” ar in bhain-eachlach. Arna chlos sin d'Fālfeadha, do nocht a lann ⁊ tuc buille don bhain-eachlaigh fā chaol a droma, co ndearna dā 1670  n-ordain dī, ⁊ do thairing í 'san abhainn bhī rena thaobh ar eagla go bhfaicfeadh Fionn nō fiana Eireann í ar in tshlighe; gurab Dubhthireach ainm na habann ō sin i leith.

29.

Iomthūsa na fēine imorro, tāngadur 'sa 1675  tshlighi a ndiaigh na bain-eachlaighe mur do ghealladur, ⁊ is bec do uhī a bhfarradh Fhind ionsna deich céadaibh sin do uhī 'na fharradh uile acht Goll ⁊ Clanna Morna uile, lamuidh d'Fhionn féin ⁊ do Chaoilte ⁊ do Mac Reithe ⁊ d'Eochaidh mac 1680  Luighdheach ō Loch Léin ⁊  47 do Dhoilbhscoinde mac Oisīn do uhī ina mhacaomh ōg anarrsaidh ēagciallaidhe. Tarla ann sin caoinius coimhrāidh eidir Fionn ⁊ Goll, ⁊ as eadh adubairt Fionn: “Ní dheachus ar banuis nō ar cuireadh ariamh fār mhó 1685  mh'eagla inā so.” “Cad uime sin?” ar Goll. “Ar eagla Tuath D. D.” ar Fionn, “úair atā a bhfiodhair ⁊ a bhfāistine dhōibh ionnsaighe bruighne do thaphairt  p.51 orum-sa ⁊ urmōr mo muintire do mharbadh, ⁊ ní dōcha liom úair dā ttiocfaidh an tairngire sin asteach 1690  inā anois.” “Gabhuim-si orum h'anacul ar Thuathaibh D. D.” ar Goll “an fad bhíos tū a ttigh Conāin.” Agus tucadur cucu Mac Reithe ⁊ do uhādur ag iarraidh fāistine air; ⁊ nīr maith le Mac Reithe fāistine d'iarraidh air acht gē do bhī sī aige, 1695  uair dob eagail leis dā n-inniseadh dhōibh gach olc dā raibhe a ndān dōibh, co ccuirfidhe mur ghealtacht nō mur mī-laochacht air é; ⁊ adhbhur ele, mur do uhī mionna ar Fhionn fāna theacht do dhēanamh na bainnsi sin inghine Conāin ⁊ nach ccuirfeadh 1700  féin rena fāistine trīd mhionnuibh é; ⁊ ar gach adhbur dhīobh sin ní dearna fāistine dhōibh. Agus do ghluaisidur rompu co teach Conāin; ⁊ do éirghe Conān ⁊ a mhuintir ⁊ a bhainchēile ⁊ a ingheanampersir; do fearadur fīor-chaoin fāilte riú uile, ⁊ do chuadur 1705  don dūnadh ⁊ do heagradh na sluaigh uile 'san dūnadh ālainn deagh-maiseach sin Conāin .i. do cuireadh Fionn a leath-ursainn in tighe ⁊ do cuireadh Findearb inghean Conāin ar ghualainn dō ⁊ Goll ar ghualainn eile dō, ⁊ do cuireadh gach duine ina ionadh cinti 1710  coimhaoisi ō sin amach do rēir a n-uaisle ⁊ a n-athardhacht; ⁊ do uhīdur ag aoibhnius ⁊ ag urgāirdiughadh meanman ⁊ aigeanta.

30.

Iomthūsa Tuath D. D. imorro, do chuireadur an fē fia umpadh fēin ar ghlēss nach bhfaicfidhi 1715  iad ⁊ do ghluaisidur rompu 'na sē ceadaibh déag armtha ēidighthe inilti sin, ⁊ nī scur nō anadh dorōn adh leō co rāngadur faichthe dūnaidh ⁊ dheagh-bhaile Conāin ina n-ēan-brōin dhorcha doilēir draoidhachta, gan robadh gan rathughadh; ⁊ ar fhosughadh 1720  dhōibh ar in bhfaichthe adubhradur gur bec an tarbha dhōibh theacht ann sin ⁊ neart lāimhe Goill  p.52 ina n-aghaidh ag anacul Find forra. Is ann sin do labhair bain-eachlach Fhindbar .i. Eithne bain-eachlach ⁊ adubairt: “Cealgfad-sa  5010 Fiond 1725  chugaibh as in mbruighin amach gan mhothughadh d'áonn-duine dhā bfuil inte ⁊ dēanaidh fēin meisneach fair.” Agus is cuma ro uhoí dhā rādha ⁊ do gluais roimpe chum an dūnaidh ⁊ do chuaidh ōs comhair Find don taobh amuidh ⁊ do fhiafraigh co 1730  hārd: “Cia atā 'sa dūnadh so thall?” ar sise. “Atāim-se” ar Fionn “ann,” 'gā freagra; uair do chuir sī trē draoidhachta buidhre ar a raibhe astigh nach gcuala aonn-duine í acht Fionn. “Mās eadh” ar in uain-eachlach, “geassa nach fuilngit 1735  fíor-laoich fort muna ttī tū do labhra friom-sa amach as an mbruighin.” Arna chloss sin d'Fionn, do ghlac a arm ⁊ tāinic amach ar in bhfaichthe, ⁊ nír airigh duine dā raibhe astigh é acht Caoilte 'na aonur ⁊ do lean sé Fionn amach; ⁊ fuaradur an 1740  bhain-eachlach ar a gcionn amuidh ⁊ as eadh adubairt friu: “Geassa nach fuilngit fíor-laoich ort, a Fhind ⁊ a Chaoilte, muna ndēana sibh coimhling friom-sa.” “Cā fhada an coimhling?” ar Fionn. “Ō Dhoire Dhā Thorc anoir” ar in uain-eachlach. 1745  Do gluaisidur, gērbh fada sin uadha, ⁊ co hĀth Leathan, ⁊ do chuaidh Fionn rimpi ann sin ⁊ do bhī Caoilte 'na dhiaigh, ⁊ déachus Fionn 'na dhiaigh ⁊ do chonairc Caoilte 'na diaigh ⁊ do greis é ⁊ adubairt gur mōr an nāire dhō a bheith a ndiaigh na bain-eachlaighe 1750  ⁊ in tuaruscbāil reatha do bhí air ag fearuibh Ērenn. Ar cclos greasacht Fhinn do Chaoilte, tuc teanda air ⁊ do chuaidh rimpi ag dol dōib co Doire an tshean-leóin , ⁊ tillis fria ⁊ tuc buille ina hucht dhī ⁊ do mharbh í ⁊ do bhain a ceand dī. Do 1755  chuala Fionn tairm in bhuille ⁊ fēachus 'na dhiaigh ⁊ do chonairc í gan ceand. “Beannacht ar in lāimh  p.53 sin; cidh mōr buille maith tucuis ariamh, ní thucuis ariamh buille is fearr liom do thabairt dhuit inā in buille sin.”

31.

1760 Iomthūsa Tuath D. D., ar mbreith Find uathaibh don uhaineachlaigh ón dúnadh, do leigidur ealta d'ēnuibh dubha fón dūnadh ⁊ guib theineadh forro, gur luigheadur ar ochtaibh ⁊ ar urbruindaibh ban ⁊ fear, co rabhadur 'gā ndōth ⁊ dā loscadh ⁊ 1765  'gā leadradh, gur theitheadur mnā ⁊ mionn-dáoine an dūnaidh as amach ⁊ gur  51 theith bean Chonāin mur gach nduine .i. Caoineach , ⁊ gur bāitheadh í 'san aphuin leath thīos don tigh, gurab Eas Caoineach ainm na haphan ō sin a leith; ⁊ ar leigion 1770  na healtan uathaibh do Thuathaibh D. D. cum an dūnaidh do loscadh ⁊ do dhōgh a raibhe ann, do leigidur féin 'na ngaisibh gāibhteacha gēr-luatha glan-reatha iat ōn dūnadh ⁊ in fē fía umpa a ndiaigh Find ⁊ Chaoilte ⁊ na bain-eachlaighe; ⁊ ní mōr 1775  an fosadh dorinne Fionn ⁊ Caoilte ag leigion a n-anāla an uair do choncadur Tuatha D. D. cucu ina mbrōin armtha ēidighthe innilti ⁊ do chuiredur in fē fía dhīobh. Is ann sin do laphair Caoilte ⁊ as eadh adubhairt: “A rí fhēine” ar sē, “tarla ar lár ar 1780  nāmhat sinn; ⁊ dēanam calmacht ⁊ nā fionntar ar mī-laoichacht.” “Ní fionnfaidhtear” ar Fionn, “⁊ nír fionnadh ariamh, ⁊ ní furāil dūinn; is fada furtacht uainn.”

32.

Is ann sin do iadhadur Tuatha D. D. 1785  iomut curadh ⁊ cath-mhīle a ttimchioll Fhinn ⁊ Caoilte, gur chuir Fionn ⁊ Caoilte a dhā ndroim re chēle dā ccumhdach fēin; gur luidh iomarcaidh na ccuradh ⁊ na ccath-mhīleadh orra fā deireadh, gur ghēis sciath Fhinn ⁊ co ttuc Fionn féin osnadh  p.54 1790  ēagoimhlinn ōs aird, co gcuala Goll sin, ⁊ as eadh adubairt: “Is truagh sin” ar sē; “do ghoididur Tuatha D. D. Fionn uaim gan fhios damh, ⁊ as ē a osnadh ēagoimhlinn sin do chluinim ⁊ é 'gā 1795  mharbadh ag Tuathaibh D. D., ⁊ go rabhadur sē céad déag armtha ēidighthe ar in tshlighi romhuinn ⁊ is iad do chuir an ealta-sa ⁊ guib theineadh orro chugainn da ar ndōgh ⁊ dar loscadh ar tí faill d'faghāil ar Fhiond; ⁊ gabaidh bur n-arma, a chlanna Mōrna, ōir is bec atā don fhēin annso aniudh 1800  acht sibh; ⁊ nā fionnuim bur bhfhuruaacht  11 nā bur miscuis a ttimchioll Fhind aniu; ⁊ cathaidhe co calma lāidir rē Thuathaibh D. D. a ttimchioll Fhinn mā tā a ndān dībh tuitim ann”; ⁊ dorinne an láoi:

  1. 1805 Gabaidh bur n-arma, a fhiana Find,
    ionsuigh an t-āgh gan ēislinn,
    fearuidh an cath, clú nach gann,
    a n-aghaidh Tuath Dé Danann.
  2.  52 Sē céad déag dōibh isin muigh,1810 
    deich céad dhūinni 'san mbruighin;
    gidh deich deich céad beithdis ann,
    dhūinne nī badh hanforlann.
  3. Ēirghidh dhūinn chum an chatha,
    a chlann-macne an ārd-flatha;1815 
    12dēantur gnīomha trēana libh,
    bur n-arma gēara gabaidh.
    Gabaidh.

33.

Ciodh trā acht, do ēirghe Goll ina cholamhain lasamhain ⁊ ina bhuinne teintighe ⁊ ina dham dhāsachtach ⁊ na deich céad do bhī don 1820  fhéin maille fris; ⁊ do ēirghe Conann ⁊ sé céad laoch  p.55 maille fris; ⁊ ro gabhadur a sciatha mōra mīlita dath-niamhdha ar dromanuibh deagh-laoch ⁊ ro gabhadur a sleagh slinn-gēara sith-righne sith-fhoda re guaillaibh na gasraidhe ⁊ ro gabhadur a ccloidhme 1825  tana taithneamhacha faobur-gēara dias-fhoda for thaobhuibh curadh ⁊ cath-mhīleadh, ⁊ dorinnedur lēiphion dhlūith daingeann doscaoilte dā sciathaibh ina ttimchioll; ⁊ rucadur in cathrēim curadh coscrach comhchalma sin leō co rāncadur Tuatha D. D. 1830  Is ann sin tucadur in dā shochraidi dhiana dāsachtacha dofreastail sin a n-aghaidh ar a cheile ⁊ fā hadhbail re innisin an torann tucsat dā chēile ann sin ag cur a ccraoiseach crō-fairsing catha a sciathaibh a chēile ⁊ ag búaladh a ccolg tuinidhe lān-trom ar 1835  chorpaibh ⁊ ar cathbharthachuibh ⁊ ar sciathaibh a chēile ⁊ coigedal na lann bhfada bhfiorga dā mbualadh a n-aghaidh a chēle.

Cidh trā acht, ōd' chonairc Goll an crō catha dorionsat Tuatha D. D. a ttimchioll Find ⁊ Caoilte, 1840  do ionnsaigh féin go laochdha lāidir lán-chalma in lāthair sin; ⁊ as í uair ⁊ aimsir fā raibhe Fionn dā chlaoi ansa ccomhlann, ⁊ dobeireadh Fiondbar dhā buille fān mbuille ⁊ dā shāthadh fān tshāthadh d'Fhionn; ⁊ ar ndol do Gholl do lāthair, do chuaidh 1845  eidir Fionnbar ⁊ Fionn; ⁊ nīr chobhair gan fheidm d'Fionn an chophair sin tuc Goll dō an úair sin, ōir nírbh fada dō bheith 'na bheathaidh muna mbadh Goll.  53 Is ann sin tharla Fionn ⁊ Eochaidh mac Luighdheach dā chēile 'sa chath ⁊ do thuarcnedur 1850 a chēile co trēanmhar tinnasneach ⁊ co grod gābhtach grāineamail ⁊ co mear mearrdha mīchēilidh, go ttuc Fionn bēim cloidhimh d'Eochaidh gur sgar a cheann rena cholainn. Agus adorchuir Eochaidh Dearg re Dolbhscoine mac Oisīn, ⁊ attorchuir Aodh Eassa 1855 Ruaidh le Garadh Glūndub, ⁊ attorchuir in dā Dhonn  p.56 le Mac Reithe ⁊ le Dāire, ⁊ attorchuir na trī Cuinn le Conán mac Mōrna, ⁊ attourchuir in dā Cairpri le Conān ⁊ le Cairpri mac Conāin, ⁊ attorchuir Fāilfeadha mac Domhnaill Deirg le Dubchosach 1860 mac Mēine. Ciodh trā acht, nī hēidir gnīomhartha gacha fir fā leith d'innisin 'sa chath. Gidh eadh, is bec mā tucadh a nĒirinn ariamh uiread catha (⁊ gan mórān toichiostail do dhēanamh cuige) is fearr tucadh inā in cath sin; uair do chuadur 1865 fiana Ēireann deich céad ann ⁊ Tuatha D. D. sē céad déag ⁊ Conān sē céad, ⁊ ní dheachaidh dhīobh sin uile acht madh aon chéad cruaidh ⁊ íad cneadhach easbadhach crō-linteach.

34.

Iomthūsa Oisīn mic Find, innistur sunn 1870 seal eile. Leanus féin ⁊ clanna Baoiscne Fionn co teach Conāin ⁊ nī fhuaradur ann acht daoiscirshluagh in dūnaidh, ⁊ do innisidur scéala Fhind ⁊ Conāin ⁊ Tuath D. D. d'Oisīn ⁊ don fhēin. Arna chlos sin imorro d'Oisīn ⁊ do chlannaibh Baoiscne, gluaisit 1875  rompu ina mbuidhnibh borba barbartha buan-ōglacha ⁊ ina ccuradhaibh calma comhchōridhe ⁊ ina gceithearnaib cliste crand-ruadha go rabhadur ag dol a lāthair chatha. Iomthūsa Tuath D. D., ōdchoncadur Oisīn ⁊ clanna Baoiscne chucu ⁊ a 1880  mbratacha maiseacha maoith-srōil re cranduibh na sleagh sioth-fhada sār-reamur ⁊ a sciatha dualacha dath-āille deagh-mhaiseacha ar leath-lāmhuibh cur aidh ⁊ cathmhīleadh ⁊ a ccindbearta solusda dath-ōrrdha ar cheanduibh triath ⁊ trēanfear, do ghabadur 1885  in fē fía umpu ⁊ do ghabhadur maidhm ⁊ mōr- theitheadh chucu ionnus nár léar don fhéin iat is nach fhios acú cār gabhadur uathaibh;  54 ⁊ nīr leig Fionn dōibh a leanamhuin as a mball amach.

Is ann sin do thuit Fionn a ttaisibh ⁊ a ttāmhnēlluibh  p.57 1890  ⁊ tāinic Oissīn ⁊ in fhian ōs a chionn. “Is truagh nach rucamur-ne oruibh gan an cath do taphairt” ar Oissīn, “⁊ dā mbearmaois, ní imeōchadh an mhéid a d'imigh do Thuathaibh D. D. uaibh, a rí-fhēinidh,” ar Oissīn, “⁊ is mōr in t-ár deagh-dhaoine 1895  sin tucadh oruibh; ⁊ dobheirim dom' bhrēithir co saoilfinn, gē mōr do shluaguibh ⁊ do sochuidhibh biadh ionn bur n-aghaidh, nach tuitfeadh an uiread-sa aguib leō.” “Nī hiongnadh tusa dā rādha sin” ar Conān; “is mōr mo dhīth féin insa 1900  cath-sa, ōir tāngus-sa sé céad laoch ann ⁊ ní bfuil aonn-duine 'na bheathaidh acu acht becān atā ionnam féin.”

Agus do hiomchradh Fionn ⁊ Conān dā ndūnaibh ⁊ dā ndeadh-bhailtibh féin ⁊ tucadh leagha na 1905  féine cucu ⁊ do uhādur caoicís ar mhīos dā leighios; ⁊ ar n-ēirge dhōibh, do uhādur ag ēagaoine a muintire; ⁊ as gairat gurab amhlaidh sin do scar Fionn ⁊ fiana Ēireann re bruighin Conāin.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Feis Tighe Chonáin

Author: unknown

Editor: Maud Joynt

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Emer Purcell, Caoimhín Ó Domhnaill, and Emer Purcell

proofread by: Caoimhín Ó Domhnaill, and Emer Purcell

Funded by: University College, Cork and The HEA via the LDT Project

Edition statement

2. Second draft, revised and corrected

Extent: 20140 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2006

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G303010

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Availability: Hardcopy copyright lies with the School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies).

Source description

Manuscript sources

  1. Dublin, Trinity College Library, 1337 olim H. 3. 18 a vellum of the 16th century; pp. 196–197 contain the beginning of the tale under the title: Fic. d. Cannain ann so sis. This fragment is printed as an appendix on p. 61 of this edition.
  2. Dublin, Trinity College Library, H. 4. 14, Dublin, a paper MS. containing a collection of tales written (from p. 7 on) by Cathal Mac Searraidh, a northern scribe. The first four pages contain fragments by various scribes, dated from 1694 to 1700. Our tale begins on p. 5; pp. 5 and 6 are the work, not of Mac Searraidh, but of a later scribe, apparently written to supply the beginning of Mac Searraidh's copy which had been lost. Mac Searraidh seems to have written two slightly different hands, one more angular than the other, both of which recur through the volume and are witnessed by his signature; both are found in the present piece, the change occurring abruptly in the middle of p. 23. Our tale ends on p. 54 and is followed by date and colophon: "Finis an deachmadh lá do mhi April an bliadain d'aois an tigearna 1686. Gach duine da leighfidh an sdair tugadh luach a shaothuir don scriobhnóir eadhon beannachtain ar anam an ti rod scriobh .i. Cathal mac Searraidh". This is the text chosen for the present edition.
  3. Dublin, Trinity College Library, H. 5. 4, a duodecimo paper volume in a much frayed condition; our tale occupies pp. 149–212 and is imperfect, the first three leaves being lost; on p. 212 is the signature of the scribe Eoghan Ó Caoimh 1700–1701.
  4. Dublin, Royal Irish Academy, 23 M 25, written by Eoghan Ó Caoimh in the south of Ireland; the Feis Tighe Chonáin occupies pp. 86–111, followed by a colophon: Arna sgriobhadh le hEoghan O Caoimh on 15 (?) lá don July 1684 a nDún Ciaráin [Dunkerron, Co Kerry?] a bhfarradh O Suilliobháin Móir. This is the oldest text we possess except the fragment in H 3 18.
  5. Dublin, Royal Irish Academy, 23 K 7, pp. 173–201, with the signature of Domhnall Ó Mathúna and date March 20, 1744–1745.
  6. Dublin, Royal Irish Academy, 12 F 7, pp. 164–199, written in a very clear script by Uillióg a Búrc in Co. Cork, finished Jan 10, 1750.
  7. Dublin, Royal Irish Academy, 23 N 19, written by Seaghán Ó Conuill in Co. Cork about 1766.
  8. Dublin, Royal Irish Academy, 12 L 39, written 1777–1778 by John Doyle.
  9. Other later MSS in RIA Library containing our tale are 23 C 13, 23 C 36, 23 B 2, 23 B 15, 23 M 19, 23 E 11 (written in the latter half of last century with an English translation; these I have examined but have not thougth it worth while to collate).
  10. The British Museum (now British Library) Irish MS. collection contains three copies of our tale: No. 1715 (Eg. 106 f. 112), written 1715–1717; No. 1711 (Eg. 133 f. 170), written in 1720 by Diarmuid Ó Conchubair of Limerick; and No. 1808 (Eg. 145.1) transcribed from Eg. 106. These I have not seen.

Editions

  • Maud Joynt, Feis Tighe Chonáin (Dublin 1936).

The edition used in the digital edition

Joynt, Maud, ed. (1936). Feis Tighe Chonáin‍. 1st ed. xi + 98 pp.; iii–x Introduction; x Abbreviations; 1–57 Text; 59–61 Variae Lectiones; 61–62 Variant text from H 3 18; 63–68 Notes; 69–94 Vocabulary; 95–96 Index of persons; 97–98 Index of places. Dublin: Stationery Office.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@book{G303010,
  title 	 = {Feis Tighe Chonáin},
  editor 	 = {Maud Joynt},
  edition 	 = {1},
  note 	 = {xi + 98 pp.; iii–x Introduction; x Abbreviations; 1–57 Text; 59–61 Variae Lectiones; 61–62 Variant text from H 3 18; 63–68 Notes; 69–94 Vocabulary; 95–96 Index of persons; 97–98 Index of places.},
  publisher 	 = {Stationery Office},
  address 	 = {Dublin},
  date 	 = {1936},
  UNKNOWN 	 = {seriesStmt}
}

 G303010.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

The present text represents pages 1–57 of the edited text; with variants and corrigenda integrated, and the appended text from H 3 18 on pp 61–62.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked and proofread twice. All corrections, including some by the editor and supplied text, are tagged. Line-breaks are numbered every five lines. From line 1110 onwards, there is an error of +5 in the hardcopy edition; and from line 1810 (numbered 1820), there is another error, bringing the count to +10. These are corrected in the electronic edition. The difference in numbering should be borne in mind when referring to lines.

Normalization: The electronic text represents the printed text. The editor's corrigenda and variant readings have been integrated. As start and end of each variant reading is not marked by the editor, and sometimes various readings are nested into one, there are cases in the electronic edition where the encoding of the apparatus had to be tentative. We have not collated the manuscripts afresh. The letter h has been hyphenated off when prefixed to nouns. Expansions shown in italics in the hardcopy have been marked ex. Letters supplied in square brackets by the editor are tagged sup. Page-breaks and line-breaks are marked pb and lb respectively, and numbered.

Hyphenation: When a hyphenated word (hard or soft) crosses a line-break, the break is marked after the completion of the hyphenated word.

Interpretation: Names of persons (given names), places and group names are not tagged. Direct speech is rendered q; except where it cannot be nested within/outside the apparatus; then it is rendered '. Poems and passages of rhetoric speech are treated as embedded texts, with speakers marked. Foliation is marked using the tag mls unit="folio" n="nn".

Reference declaration

A canonical reference to a location in this text should be made using “Section”, eg Section 1.

Profile description

Creation: By one or more unknown author(s).c.900–1200

Language usage

  • The text is in early Middle Irish, but later spellings occur. (ga)
  • Some words in Latin. (la)
  • Witness list in English. (en)

Hand list

  • H1: unknown (MS p 5–6)
  • H2: Cathal Mac Searraidh (MS p 7–54)

Keywords: saga; prose; medieval

Revision description

(Most recent first)

  1. 2010-04-16: Conversion script run; header updated; new wordcount made; file parsed. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-10-05: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2006-05-05: Header and file modified; hyphenation, apparatus and line-break numbers checked; appendix inserted; minor corrections made; file parsed. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2006-03-30: Changes made to header and content markup; file parsed. (ed. Emer Purcell)
  5. 2006-03-10: Second proofing; structural markup and apparatus added. (ed. Emer Purcell)
  6. 2005-07-20: First proofing and DTD compiled. (ed. Caoimhín Ó Domhnaill)
  7. 2005: File captured by scanning, basic xml markup applied. (Text capture Data capture company)
 p.61

H. 3. 18 p. 196

Fic .d. Cannain ann so sīs.

 196aSealg trom-thoirrtech tochtach turcartach do comōrad la Finn mac Cumaill maic Trēnmōir ⁊ la fiannaib glan-āille Gaeidhal ō Temhair Ēirne aneas ⁊ is ann do suideadh in tselg sin, ar Slēibh uraībhinn Echtgi theas do Sinaind; ⁊ do suiged in tselg sin leō ima caillib biledha bārr-glasa ⁊ ima deribh dlúithi dīmōra ⁊ ma sleibtib forruadha fairsinga na ferann ⁊ ma cnocaib corracha cenn-ruadha na crīch a comfogus; ⁊ do innsuidh gach taīsech fēnne don fēin a inadh urcuarta ⁊ a baegal berna laitir lici mur do clechtdus a cosgur gach lae, ⁊ do hoslaigedh dā ngadraaibh sporacha crobacha crom-cluasacha (?) fān caill ba comnusa dōibh, gur dūisgedur fiadha foluaimnecha fuaisgrecha ⁊ muca lūb-fiaclacha lān- mōra ⁊ mīla gramasacha Muidhe Sinna celgacha corr-cluasacha caib-liatha fuaradur a fāsaidibh ⁊ a foglenntib Ērenn. Is ann sin do ligedur seastun sl— bruidhen na selga go comtrom fān caill, [196b] gur ruaigedur fiada ar ferannaib ⁊ mīla ar mullibh ⁊ sinnaig ar seachrán (?) ⁊ lai ar luaigrem ⁊ eōin ar eitil, ⁊ do ligedur a cona fergacha fīr-luatha ar a fiadach go feramhai ag na fianaib in lā sin. Acht aen-nī cena, ba cenn-trom laīch ⁊ ba cenn-derg con ⁊  p.62 ba cenn-trom gillai fōs ba comaidh fianna Érenn in lā sin ar sgur na selga saethraide srathleicthi sodhānaide sin; ⁊ ní roibe a farradh Find ina inadh tselga in lā sin acht ma Dirring mac Dodhair amāin. Agus adubairt Find frius: Coimēt mē gu maith, a Dirring, ⁊ déna m’aire ⁊ m’ forcomēt gu maith, uair is moch d’ēirgius aniugh ⁊ ba maith mochor (= moch-oirgech?) in tī do bī ann sin .i. in uair doberedh aithne ar sgāilib a cheithre mēr eter ē ⁊ lēs ⁊ an uair doberedh aithne ar duillib na habla sech duillib in cuill.

Cid trā acht, do tuit a suan trom-codlata ar in rīg-fēnne ⁊ is ē fad do bī ’na codlad, ō ārd-trāth nōna go ndechaid in grian cum suangairi ...


Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G303010.xml

Search CELT

  1. or sithibh 🢀

  2. Text indistinct. 🢀

  3. do chuamur asteach? 🢀

  4. (with tall e) 🢀

  5. leg. oca iarraidh? 🢀

  6. leg. rom mhill ma [=fá, imb] l.? 🢀

  7. om KN 🢀

  8. & so in the follg instances 🢀

  9. leg. roimpe? 🢀

  10. pp. 48, 49 of MS left blank. 🢀

  11. leg. bhfuaracht (or bhfuath)? 🢀

  12. Hardcopy has 1820 here; subsequent hardcopy line numbering is incorrect by +10. 🢀

CELT

2 Carrigside, College Road, Cork

Top