Unknown author
Edited by Kuno Meyer
p.52The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn: From Egerton 1782
20b11.
Sealg romhōr rȯfairsing do commórad le Find ocus le fíanuib ágmura airmderga Ērenn fa Sīth na mBan Finn ocus fa Sīth ar Femind ⁊ fa oirrther Muighi Feimin ocus fa lerga Lūachra Deghadh. Ocus dochúadar maithe na fēne ⁊ a n-aiccmeda ūaisli leisin ríġfēinnidh do 5 chommōrad na selga-sin .i. clanna Bāiscne ocus clanna Morna ocus clanna Duibdīthrib ocus clanna Nemnuind ocus clanna Rónāin ocus clanna Smóil ocus aicme Duibdāboireann ocus in gnātḣfían uile archena.
2.
Dosuidhighedh ocus dosrethnaigedh in tsealg leó fo ̇feadhuibh ⁊ 10 fo ̇fāsaigib ⁊ fo ̇fánglenntuiph na ferann ba coimnesa dóip ⁊ fo muighib réidhe roáilli ocus fo chailltib clithardlúithe ocus fó dhoiredhuib dosleathna dīmóra. Ocus dochúaid gach duine fo leth d' fíanaib h-Ērenn 1 ina dumha sealga ⁊ ina lāthair licthe ⁊ ina berna báegail mar no 2 gnāthaighdís cosgur gacha sealga do chur roimi sin. Ocus nírb 15 inonn dóip in lá-sin ⁊ gach lái ele, oir do ceiled in selg-sin orra, co nāch fūaratur mucc nā míl nā brecc nā brocc nā dam nā eilit nā mang nā ógláegh allaid asa ndergfad nech díb a láim in lá-sin. Ocus tucsat as in oidhchi-sin co himsnímach aithmēlach, ocus do ēirgedur isin maidin mochsoluiss arnamārach ⁊ do srethnuiged sealg leō fan Sinainn 20 sribúaine ⁊ fan Eachtge aird adhfúair ocus fa seanmagh nAghar maic Úmóir ⁊ do ceiled conāch sealga in lā-sin orra amail do ceiled in cétlá
3.
Ocus a maidin in tres lá immorru do chōirgedar a cūanarta cícmura croibgliga co comáentadach fa Seiscenn na n-Aiged ⁊ fana crícha fa coimnesa dó. Et nīrfrecrad in lā-sin iat, acht mur gach lá ele. Ba 25 mór machtnugud menman le Finn ⁊ le fían Ērenn uili innī-sin. Eta p.54 haithle a sibail ⁊ a n-aistir ⁊ a sāethair dōib in tres lá do hsuidh Finn hi tulaig airechtuis do lethtāeb h-Sescinn na nAighedh, ocus tāngatur in fīan ina ndronguib ⁊ ina ndírmadhuip ⁊ ina mbuidhnib bega bélsgāilte, ina cuirib ⁊ ina cētuib ⁊ 'na connlánuib muin ar mhuin ⁊ 5 druim ar dhruim ⁊ diaidh i ndiaidh da innsaige. Ocus do suidetar i n-urthimchill in rígfēineda. Is annsin do fiarfaig ōglach d'fíanaib h-Ērenn d'Finn: “Cía in lāech dana fert so ara fuilmaid, a Finn?” ar sé. “Atá a ̇fīr-sin acom-sa duid-si,” ar Find. “Fert Failbi Finnmaisigh sin,” ar sē, “i. rígfēnid maith dom muintir-si arna 10 marbad do muicc annso .i. torc forbartach Formāile secht mbliadna gusinniud. Ocus do marbh in muc-sin deich coin ⁊ dā fichit dom chonaib-si ⁊ dechenbor ⁊ dā fichit dom laechaib maille ris in lā-sin ⁊ fa maith in lāech atá 3 isin fert-so,” ar Finn, “inūair fa cath nō comrac dona fīanaib,” ocus dorinne Finn in lāidh ann ag molad Failbe:
25
- 15 Fert Failbe frecrad in féin
a focus 4 nō i n-etercēin
nogur adhnacht in lāech de
do thaeb Seiscinn na nAighe.- Cōeco con 5 is cōeca fer
luidhsidar leis sunn ar seal,
nocho térno díb uile
acht cú ocus énduine.- Fūaratar bās do beruib
ōn muic dísgir druimremuir,20 20b2
ro marb coin ocus daoine
torc forbartach Formāile.- Fūair in muicc nduib delbda nduind
donānic tre cert comluind,
do cuir coin is daoine i fán,
gleō dar claided in fertán.- Ba hinmuin lim Failbe fland
in lá do cuir ár na n-Gall,
do frecrad imnedh is ágh
intē fuil isin fertān.
Fert.
“Ocus a fīana Ērenn,” ar Finn, “dogēnam-ne selg na maidni-si amāroch ar in muic úd ó do ceiled selg ocus fíanchosgur ele oruinn. Ocus is uimi do ceiled gach sealg ele oruinn, ūair do bī a tairrngeri dūin comracc risin muic-sin ⁊ díghēlum ar n-anfolta fuirri.”
4.
Ocus dochúaidh cona muintir in oidhchi-sin co dúnadh Máilléin 30 meic Midhna .i. óglach maith do muintir Finn. Ocus is amlaid ro būi Máillén ⁊ fled mōrchāin móradhbal aici d'Finn ⁊ d'fīanaib h-Ērenn uile. Do hesradh a do húrlúachradh in tech n-óla ara gcind ocus p.56 ro tógbad buird altacha órdacha ann ⁊ do suidhigedh 6 na slūaig fo mēd i n-ūaisli ⁊ i n-inmi ⁊ i n-onóra ar dánuib ⁊ ar gráduib isin bruidin ⁊ do folchad na buird do srōl ⁊ do sída ⁊ do sicir ⁊ do sindsnáth ⁊ do sgóraidib scíamglana ⁊ d'ēdaigib líghda lánáilli ⁊ do freslad ⁊ do 5 frithoiled íad do 7 rogha gacha sóidh ⁊ do tócbad aco annsin blededha buáiltecha buis ⁊ bánairgit ⁊ cuirn cáema cumdaighe clochbúadha, ocus ro tógbad ann corn Finn féin .i. Midhlethan a ainm ⁊ is amlaid robúi in corn-sin ⁊ dá ghilla imchuir aici .i. Íarratach ⁊ Athchuingech a n-anmanna, ⁊ fa maith dliged na deisi-sin .i. in duine maith da tabrad 10 gilla díb lán in chuirn, dogheibed cumāin óir nō airgit úadh ⁊ fa saidhbir immorru íad ō dliged in chuirn-sin. Ocus tarrla frithrusc feicheamnuis ⁊ fergi eturro in oidche-sin gurmarbsat a chēili hi fīadhnaise na fēni.
5.
Ro fás ceist mór ag Finn don ghním-sin, coraibe a fat ina thocht 15 gan digh, gan bíadh, gan urgairdiugud menman. “A ríġfēinnid,” ar Māillēn mac Midhna, “ná cuired hi socht nā i mbrōn tusa in dís úd do marbad a chéile, ūair mór ndeghlāech do marbad ara dosealbaib roimi sút ríam.” “Is olc lim-sa in dís út,” ar Find, “⁊ nī da marbad fén ̇fásus ceist acum, acht inní da fuil a marbad. Ocus tabraid in corn 20 cucom-sa,” ar Finn, ocus tucad in corn 'chum Finn. Ocus adubairt Finn: “In fetabuir-si, a óga,” ar sē, “cía thug in corn-sa dam-sa nō cāit a fúarus hé?” “Nī fetamar, a rīġfēinnidh,” ar síat. “Do ̇fetur-sa,” ar Finn.
6.
“Lá da rabusa ⁊ sib-si ac seilg ⁊ ac fianchoscur a fedhuib ⁊ a 25 fásaigib ocus do badusa im dumha sealga ⁊ dīas fénned imarōen rim ann .i. Cāilti ⁊ Oisín and sút. Ūair dobīdis días fa sech ar timcheall d'fīanuip h-Ērenn marōen rim-so acum foraire ⁊ acom forchoimēt isna hinadaib sealga a mbīnn. Is dóib ránic m' forchoimēt ocus m' foraire in lá-sin, Cāilti ⁊ Oisīn, ⁊ do bámhar ag ēistecht re mongur na 30 mīled ⁊ re seiselbe na sochaide ⁊ re greadhan na gillanraide ⁊ re 21a1gotha na ngadhar ocus re fetgaire na fer fiadaig ⁊ re lāidhedh na laechraide arna mórchonuib ⁊ re nūallgāirib na gasraide ⁊ re sestān na sealga ar gach tóeb dīnn ⁊ nīr chían do bámur ann, innúair do ēirigh doburcheō drāidhechta dūinn nārbo lēr do nech a chéli p.58 againn ar triūr ⁊ do ̇fágbamur in dumho ⁊ dochúamur fón fidh fa nessa dúinn ⁊ ro siremur in fid co fúaramar ess ⁊ inber ⁊ abann ann ⁊ doghabamur bradán ethrechbrec gacha fir ⁊ gacha con asin abainn ⁊ dorinnedh both ⁊ bēlsgálán linn ⁊ ro fadaiged morc mōrthinedh aguinn ⁊ do chaithemur ar lórdāethain don íasc.”
7.
“Ocus ina dhiaidh-sin do chúalamar in ceōl soinemhuil sírechtach síde da chantain inar ̇fochuir ⁊ adubairt Cāilti re hOisín: ““Ēirig súas,”” ar sé, ““⁊ déntar airechus acoinn nach mella in ceól sídi sinn.”” Ocus dorinnedh mar sin hé,” ar Finn, “⁊ tucamar ass in oidhchi-sin ⁊ in 10 fīan uile ag ar n-íarraid ar fud na crīch coṁfogus ⁊ dochūamur-ne hi mucha lāi arnamārach gusin duma sealga cétna ocus fúaramar aithech dub dodhealbda dí̇frecra dímór isin dumha ar ar gcind ina suidhi ⁊ dorinne coimérghi romuinn ⁊ ro fer fáilti rinn ⁊ tug a láim ina chuim ocus tug dá chuislinn órda as ⁊ do sinn slithi senma cuir ocus puirt ⁊ 15 adhbuinn dúinn, innus co coiteōlad aés gonta nō mná re lamnad nō fīallach galrach nō curaid crēchtnaide nō láeich leónta frisin ceól soinemail dorinne. ⁊ ar sgur don cheól dó tug corn co n-ór a clithar díamuir a édaig ⁊ tuc am láim-si in corn ⁊ a lán do midh somesga soóla ann ⁊ do ibus deoch ass ⁊ tucus al-láim Oisīn in corn ⁊ do ibh 20 deoch as ⁊ tuc al-láim Chāilti in corn ⁊ do ibh digh ass ⁊ tuc Cāilti in corn il-láim in athaig.”
8.
“Ocus is amlaid robūi in corn-sin ⁊ chóig imlenda āilli ilgrēsacha óraide co coimegur gacha cóirighthi ann ⁊ ól desi eter gach dā immlenn dīb. Ocus intan fa subach somenmnach sinn do connacmar in mbuidhin 25 móir mboirbnertmair mborrfadaig cuguind isin slíab ⁊ ro fīarfaig in fer mór dīm-sa: “Cūich in buiden mór út atcīm isin tulaig ar ar rochtain, a Finn?” ar sé Ro ̇fregrus-sa sin. “Fer nach gabann tār nā tarcuisne ō nech ar domun sút 8 {⬌} cenn na cathbuiden úd,” ar Finn. “Cūich in buiden{⬌}úd ele?” ar in t-aithech, “is mō nā tricha fer ar{⬌} {⬌}30 óem calma curata coimnertmar co{⬌} inti connruáthur trī cēt immedōn na bun{⬌} ⁊ folt fainnchlechtach fathmannach forórdha fair. p.60 Rosc lethard ina chinn ⁊ grinne{⬌} a choimnertmar fo{⬌} innill 'ma urth-imchill.” “Nī hansa,” ar Finn, “rīghfēnid Connacht in fer-sin .i. {⬌} coimnert fri cartib, is é mīn málla re{⬌}, is ē crōdha cobhsaid coimnert re cath, daingen di {⬌} ré dībeirg, is lám ris nach 5 gabthar cath nā comrac nā comlann{⬌} nā sochaide intī atā ann-sin .i. Goll mac Morna mic Cormic mic Nemain mic Morna Móir sin,” ar Finn. “Maith āmh,” ar in t-athech, “cia in buiden mór ūd ele is mō nā .l. laechfer mórmenmnach mīleta{⬌} .i. co ngrāin áigh ⁊ irgaile fair?” “Nī hansa,” ar Finn, “fer connúall ⁊ con{⬌} 21a2 10 āibnes ocus co n-engnum ⁊ co n-āinius ūair {⬌}na buidne-sin .i. Mac {⬌} láimderg Lugach{⬌}” {⬌} t-athech: “Cūich in buiden mōrúallach {⬌} sūaichenta imda ⁊ co n-ētach gacha datho{⬌} feramail finnrúadh fornertmur fírchalma{⬌} co léidmire leómain ⁊ co lainne ladrainn{⬌} is mó nā tricha cēt fer a fairgsi?” “Nī hansa 15 is muir {⬌} acht ⁊ is leoman ar luinni ⁊ is bethir ar burba ⁊ is tonn rabarta ar rúathur ⁊ is mathgamain ar miri ⁊ is cur {⬌} nach claiter ⁊ is fer nach fuilngther intan dogeib tenta catha nō chomraic. Tāisech na budne-sin .i. Osgur ēchtach anglonnach mac Oisín sin.””
9.
“Ro línadh in slīab anoir ⁊ aníar do chonaib ocus do dóinib fan 20 angbaid n-irgalach, fa Osgur,” ar Finn ⁊ dorinne Finn na rainn-si sīs ann-sin:
- Mac Morna in t-ōglach ēim ard
Goll in fuilech fóeburderg,
ris nī gabann cath cródha
ō maidin co híarnóna.
Mac Rethi súd ar in slíab
ocus a ̇fían uime aníar,25
gin go ghabann air in fer
nocha lughaite a ghaiscedh.
Mac Lugach is nesa dáib,
cidh cēt laech dech ina dháil,
ōn ló cuirid cenn hi cenn
is gairid co fobaighend.
Atchíu Osgur ina ndiaidh,
menic benus sē re gliaid,
mō les a menma nā in muir
ō rosoich co himarghoil.30
Do brecsatar uili in slíab
iter anoir is aníar,
gurab lán do buidhnib balcc
im Osgur imón mórmac.
Mac Morna.
10.
“Asa haithli sin tánic Goll cugainn,” ar Finn, “ocus tuc in t-athech in corn illáim Ghuill ⁊ atib digh as. Is annsin tāngatar p.62 fíana āghmura h-Ērenn co cosgur gacho fianchosguir ⁊ co n-eredaib fordergo fíadaig forra ar commáidim gacha selga chugainn ⁊ ro suidhsit na táisigh féni chuc(um) isin dumho sealga ⁊ tuc in t-athech lán in chuirn{⬌} féne dīb, gurbá subach somenmnach uili iat{⬌}5 soillsiugud dothiced don ló rȯfás dealb ⁊ dēnum ocus coimlí for in athech, innus co raibe cruth r{⬌} ālaind fair con nāch tánic ō thurcbāil gréne co fuin{⬌} dob ferr inneall ⁊ ēcusc inā ē, iter mēt ⁊ co{⬌} ime ⁊ chutruma ⁊ áine ⁊ ergna ⁊ urlabra{⬌} atha faí ⁊ inneall airdrígh air ⁊ āinius óglaig ina delb. “Maith ám, a 10 rígfēnnid,” ar Goll, “cia in t-óglach ālaind ilcrothach anaichnid sin it fochair?” ⁊ adubart-sa, ar Finn: “Nī fetar, ūair nī derna a lomsloinded dom deōin-sa.” “Anois,” ar sē, “mo sluinnthi duit{⬌} {⬌} Síth ar b-Femin misi,” ar in t-ōglach {⬌} annso,” ar sé, “doghēnum mo muinnter {⬌} 15 {⬌} amlaimsi annsin,” ar Finn, “⁊ na {⬌} h-Ērinn uili ⁊ do bí bliadain acum-sa {⬌} ⁊ tuc in corn-so dam. ⁊ cūig immlenna {⬌} imlinn dīp ⁊ cid usce línighi{⬌} {⬌} is mid somblasta soōla {⬌} adub-. 20 {⬌} in Cronánach rim-sa,” ar Finn, “in trāth do {⬌} gilla urchuir in chuirn a chēile comb{⬌} {⬌} isin bliadain sin no co fuighinn fēn ba {⬌} sgēla in cuirn ⁊ adhbar mo bróin-si,” ar Finn ⁊ adbert in lāid ann:
- 21b125 Cūig imlenna būi hi corn Finn,
maith in lám ruscuired inn;
ba hé in fer cert as gach mudh,
in lám ro chumm in cūiger.
Ēgōir a ndernsat na fir
gan anmuin re síth soinnim,
is messa ro hadhrad de,
cách do marbad a chēile.
Crōnánach Sīthi ar Femen
fúaramar sunn gan temel,30
ro ba robinn dord in fir,
is é tug in corn cúigir.
C.
11.
Asa haithli sin do chuir Finn in corn úada maille re toirrsi p.64 móir ⁊ ceilter in comrād-sin acu ōsin amach ocus ro tōcbad muirn ⁊ medair na bruidhni ⁊ ro ēirgetar lucht fedma ⁊ frestail ⁊ fritholma na bruidne ar chornaib ⁊ ar chūachaib ⁊ ar chuiplestraib, gur bo subach somenmnach uile iat ⁊ gur uo cōinchomráitech milisbrīathrach 5 forne forúallcha na fēne re chéle. Acht chena ro éirgetar co moch arnamárach cum selga na muici remráiti .i. torc Formāile. Et ro suidh gach lāech d'fíanaib h-Ērenn ina láthair licthi ⁊ ina beirn baegail inn-oirchill na muici ⁊ do sgáiled da ngadhraib croma ceólbinne croibglica fo fedhuib ⁊ fo ̇fothrib ocus fo ̇fásaigib ⁊ fo10 fánglentaib ⁊ ro chóirgetar a n-ēnaighi sealga ar fairsinsib ⁊ ar forréitib na ferand ocus ro dhúiscetur in cullach congleca-sin, co facatur coin ⁊ cúanarta ⁊ curaid na féni uili hí. Fa lór immorro d'ūathbás túaruscbāil na mórmuici-sin .i. sí gorm garbgáisitech greitlíath gráinemail gan clūasa, gan erball, gan uirghi, ⁊ a fíacla 15 faidi fírgráinemla don tóeb muigh da mórchend. Is annsin doliged coimrith comnert con ⁊ curad co comthrom as gach aird da hinnsaighi. Et cuiris in bilga bésti bélderge-sin ár con ⁊ fer na féni ar in láthair-sin. Ōtconncatar dā mac Sgōrāin meic Sgannail .i. Dáolgus ⁊ Díanghus árach comlainn uirri, tāngatur da hinnsaighi ⁊ ro fersat 20 comlann crōdha calma curata frisin muicc ⁊ dothuitetar in dís-sin lé a crīchaib in chomlainn .i. Daelgus ⁊ Díangus. Is annsin tānic Lugaid lūathlámach Sidi Cairn chuici ⁊ ro fer comlann fria ⁊ dothuit Lugaid lé i crīchaib in chomraic. Tánic dono Fer taichim mac Uaithni Irgalaig ⁊ dorinne comrac frisin muic ⁊ dothuit lé hi25 crīch in chomlainn. Ōtchūala Finn na maithe-sin do thuitim leisin muicc, tánic fén ⁊ Oisín ⁊ Osgur ⁊ Cáilte ⁊ maithe na féne d'fēchain in chullaig congleca sin.
12.
Et ōtconnarc Osgur ēchtach anglonnach mac Osīn in láthair lāech ⁊ con ⁊ fer dothuit lesin muicc, ro éirig fiuchad fīrmór fergi30 ocus anfad ard anmīn uathbásach anaichnidh 9 a n-aigned in airdmíled ar faigsin in chnámchumaigh tuc in torc allaid urbadach ar conuib ⁊ ar feraib ⁊ ar ardtāisechaib na fēne, ocus nír míadh ⁊ nīr maisi leisin rígmílid lé hOsgur nech do díghailt a huilc uirri acht ē fēin. ⁊ fa mór a hegla ⁊ a himghābud arna slúagaib ⁊ fa mór a hadhūath p.66 ⁊ a hurgráin ar Osgur. Acht cena nīr fēt a himgabāil arna faigsin ⁊ ō thānic Osgur co lāthair, do liged dorusbél mór dó chum na bésti béldergi-sin ⁊ is amlaid ro 21b2búi sí annsin, ina bethir bodhbda ⁊ ina harracht aidhgill ⁊ ina hurdlochtan āigh ⁊ urbada ⁊ 5 fa samalta ré cubur rīgesa romóir gach cuip cróderg cróchbuidhe cubuir tiged tar a gin ⁊ tar a cráesaib cogantacha acarba ag dranntad a détbaig i n-agaid in airdmíled ⁊ cuiris frāech a dromo a n-airde, innus co n-anfad ubull fortamail fíadain for gach gūaire garb gráinemail dī. Ocus bertaighis Osgur in tsleg athgēr āghmur ina10 lāim ⁊ tug urchor indilldírech ar in muic ocus nīrb imroll urchair sin ⁊ cuiris in tsleig a n-urbrollach a hochta innte ⁊ do bo samalto co treghdfad in tsleg trithi hī ⁊ sginnis in tsleg a n-airdi esti amail dodechad do charruic nō do chongna. Beris Osgur cēim 'na coinni ⁊ tuc bēim brāthamail don chlaidim cuci gur bris in claidim fana15 hormna urri. Beris in mucc cēim d'innsaige Osguir ⁊ brisiss Osgur in sgíath fuirri ⁊ gabuis greim dá ghairbfinnfad ⁊ ro éirigh in muc ar a huathneduib dímóra derid do gerrad in rígmīled ar n-úachtar. Sínis Osgur a dhá dhóid rígda romóra mílita tar in muic ar n-īchtar ⁊ tuc cor dísgir denmnetach dī, gur chuir frāech a droma fri talmain,20 ⁊ tuc a glūn ar n-īchtur inte ⁊ a dá ghlaicc ré a bél ⁊ ré a carpat ar n-úachtur, conidh amlaid sin ro tharrngetur forni feróglach na féni a habach ⁊ a hinathar trithi síar sechtair. Conidh amlaid sin dotuit in mórmuc-sin le hOsgur hi crīch in chomlainn ⁊ roclaidedh lechta ⁊ ferta na fēnnidh ⁊ na ferōglach ro marbad lesin muic annsin.
13.
25Tánic Finn ōsna fertaib sin ⁊ atbert in láidh ann:
p.68
- Lecht Fir thaichim sunn amne
dorat brón for sochaide,
ba sgēl adhbal, fa gním guirt,
arna marbad don mórmuic.- In muc ro marb Fer taichim
ro marb mórān dar maithib,
nogo torchair lé hOsgur,
fá selg lāeich, fa lúathchosgur.- 30 Ro marb trīar eile dar slúag
in torc rúanata rorūad:
Dáelgus, Díangus, Lugaid balc,
ēirgid is claidid a lecht!- Atrochair le hOsgur ard
in torc rūanata rogharg,
dó nochur dam cóir ná cert
co fuil ōs mōin a tiughlecht.
Lecht.
14.
Do smúain Finn comairle annsin .i. Ére d'fágbāil ar egla na fáistine dorinne in Crónánach dō; ūair dogab uaman ⁊ imegla é fa ár do thabairt ar in féin nō fá bás d'fagbāil dó féin isin bliadain-sin, ⁊ is í comairli ro chinn, Ēri d'fāgbāil ocus dul tar muir soir do5 chaithim a ̇fíanaighechta 10 (ūair nīr lugha a rīghi thoir nā abus), gumad síaiti ūadha cend na bliadna-sin ⁊ na fástine dorinnedh dó. ⁊ ro innis sim in comairli-sin d'Oéngus in Brogha ⁊ do maithib a muintire ocus don fēin uili fa dul tar muir soir ⁊ atbert in lāeid:
- Tīagam tar muir medraig moill,
a fían Finn a Teamraig truimm,10
mina ̇faghar cabair ndaith
sgarfat re Ērinn mbithmaith.- Do Lúaighni atā i ndān in tres,
nī gnīm ūailli acht adhbur fras,
mina ̇fagur cabair ndeis
sgarfat rem fēin fēin abuss.- Ticfa Ōengus mac in Óg
dar cabair ar chairdes ngg,
dola don Brugh is é is réidh
re ndul ar in turus téig.
Tíagam.
15.
15Docúatar maithi na fēne íarsin a n-ēnchomairli ⁊ is í 22a1comairli ro cinnedh acu gan Finn do ligen tar muir in bliadain-sin. “Ní racha-si tar muir, a rígfēnnid!” ar síat, “ūair da ceilter selg ⁊ fíanchosgur h-Ērenn oruinni atámait-ni 11 do thāisechaib fēni ⁊ d'feruib feruinn agat-sa annso lín do chongbāla go cend 20 bliadna ocus dobēram fleid núad gach n-oidchi duit no co cuirem in bliadhain-si thoruind.” ⁊ do cinnedh in comairli-sin leó ⁊ do sgáiletar in ̇fían da ndúintib ⁊ da mbailtib fén d'ullmugud ar cinn Finn, innus co fuigbed sé fleid a tigh gach duine dīb. ⁊ is dó ránic Finn do frestul ⁊ do frithalem in oidhchi-sin .i. Fer tái mac Uáithne 25 Irgalaig ríġfénnid Conuilli Murthemne ⁊ Luaighne Temrach. ⁊ is í fa ben d'Fer thái .i. Iuchna Ardmór ingen Ghuill meic Morna ⁊ is amlaid robúi Fer tái ⁊ mac sūaichnid sainemail aci co ngaisced ⁊ co ngáis ⁊ co nglici ⁊ fa hí Iuchna māthair in mic-sin ⁊ Fer lí a ainm. Ba cosmail immorro rena senathair é .i. ré Goll ar mét ⁊ ar 30 maisi ⁊ ar mīletacht, ar neim ⁊ ar nert ⁊ ar nidhachus, ar enech ⁊ ar p.70 engnum ⁊ ar árrachtus, ar lúth ⁊ ar lámach ⁊ ar līnmairecht, ar chrúas, ar chalmacht, ar churatacht, ar mire ⁊ ar merdánacht, ar móraicned, ar deilb, ar détlacht, ar dāsachtaighi.
16.
Ocus ōtchonnairc Fer lí begān slúaig ⁊ sochaide a fochair 5 Finn ro smúain feall ⁊ meabal ⁊ mítháem do dénum air cona muintir, ūair ní raibi a farrad Finn annsin da muintir acht Cétach Cithach mac rígh Lochlann ⁊ Laegaire Lúathbémendach mac Duib mic Sálmóir mac ríg Fer Fánnall ⁊ cúig cēt 12 laech hi fochair gach duine díb ⁊ isin aimsir-sin tāngatar tar muir hi gcend Finn ⁊ tuc Finn 10 leis íat in oidchi-sin mar onóir dóip ⁊ ro ̇fáguib a chlannmaicne féin ⁊ a gnáthmuintir uile acht Aedh Baillderg mac Foéláin mic Finn ⁊ na trí Coin a Moenmuigh ⁊ cúic cēt laech aili a farrad in chethrair-sin, conid cúic cēt dēc uile ro būi Finn ann-sin. ⁊ ro lig Fer lí comairli in ̇fill re hĒmer nGlúnglas mac Aedha mic Garaid mic Morna. 15 “Is comairli chubaid choimnert in comairle-sin,” ar Émer, “ūair is bidhba bunaid dūinn é Finn, ūair do tuit Goll Mór mac Morna leis ⁊ clanna Morna uile ⁊ ar n-aithri ⁊ ar senaithri.”
17.
Ocus ro crīchnaigsit Finn cona muintir do marbad a fill. ⁊ is iat dorinni in comarli-sin .i. Fer lí mac Fir tái ⁊ Ēmer Glūnglas mac 20 Aeda mic Garaid ⁊ cúic mic Uirgrenn do Lúaignib Midhi ⁊ na trī Taiblennaigh a fosadlār Fernmaighi ⁊ ro molatar sin uili Finn cona muintir do marbad ocus ro chóirgetar ⁊ ro cumatar in feall .i. in begān slūaig do bī ag Finn do sgáiled ⁊ do connmáil, ūair nī raibi acht cūic cēt dēc a n-ingnāis con ⁊ gilla a farrad Finn ⁊ is í celg 25 ro cumadh acu: daeine dísgiri derglomnachta do thecht co dūnad Fir thái mic Uaithni Irgalaig co hairm hi raibi Finn hi coinnmedh a muintire, ocus comad edh aderdáis airgne ⁊ esbada do dēnum do muintir Finn ar muintir Fir thāi ⁊ gumad é in sgél sin bud tosach cogair ⁊ coimērgi cum Finn do marbad.
18.
30Et ar gcuinnmedh a muintire d'Finn ro cóirged bruidin brotla bélfairsing dó a ndúnadh Fir thāi mic Uaithni Irgalaig go n-édaighib ēxamla ⁊ co n-ūrlúachair ⁊ do faidiged morc mórthinedh a fiadnaise p.72 Finn ⁊ Fir thāi ⁊ in begáin 22a2 mac rīgh ⁊ roflatha ro búi ina fochair. Intan do suid sīs Finn cona muintir cum fledi do chaithem, doconncatur lucht in chogair ⁊ in ̇fill cuco isin mbruidhin co n-ēteth ⁊ co n-armuib ocus co sgíathuib sgemelbrectha ar druim gacha5 tréṅfir díb. Ōtconnairc Finn gné ̇fola finghaili arna feraib-sin tuc aithne orra ⁊ nírléige assin urgnam do dēnam, acht robūi a comair fritholma na foirne fīrnāmat tānic don bruidhin cugi. ⁊ is amlaid ro būi Finn ⁊ cotún clíaḃfairsing uimi ina rabatar secht ciarlēnti fichet ciartha clārtha comdlúta a n-imdítean a chuirp re congala ocus 10 re comthógbāil chatha.
19.
Fa gairit asa haithli sin ro bātar ann intan dochūalatar na hiṙfuágarta arda angbaide ⁊ daeine dísgire derglomnachta ac sestān ⁊ ag sírēgheam dochum in dúnaid airm hi rabatar na maithi-sin. ⁊ is ed adubratar, argain ⁊ innrad do dēnum don ̇féin ocus do muintir15 Finn ar búar ⁊ ar brughadhuib in tíri. “Ní maith linne na lúathchrecha-sin,” ar Fer lí. “Budh maith immorro,” ar Finn, “úair leiseóchar co dingbāla na díghbāla,” ar sé, “ūair dobértar dā boin 'sa mboin ⁊ dā cháirigh 'sa gcāeirig díb-si ann sin,” ar Finn. “Nī huime sin tánagais,” ar Fer lí, “acht dár marbad-ne mar do marbais20 ar n-aithri ⁊ ar senaithri romuind.” Et is amlaid adubert sin ⁊ ro insaig 13 Finn co denmnetach dásachtach dícheillidi, ⁊ nírb innsaige gan airaegadh in innsaige-sin, úair do fregradh sin ac Finn cona muintir co brígach bághach borrfadhach ⁊ ro cuired in imresain aturra co ferrda feramail fráechaigméil ar lármedón na bruidhni ⁊ ro búi25 Fer tái ag edracāin ⁊ ag imdítean Finn. Acht chena nír fuilgetar na hánraid a chéili d'faicsin co torchratar trī nōenmuir do deglaechaib aturra ar lár na bruidhne.
20.
Is annsin do chūala Iuchna Ardmór ingen Ghuill mic Morna sestān na sochaide ⁊ lētgairi na laechraide ac letrad a chéile ⁊ tánic30 dochum na bruidni ⁊ benais a bricín da baithis ⁊ sgáilis a folt finn buidhe ⁊ nochtais a cíche ⁊ is ed adubert: “A mic,” ar sī, “is meth enich ⁊ is maslugud míled ⁊ is imchāinedh re inn isin ⁊ is díscailed conáich feall ar in flaithfēinnidh Finn, ocus fāgaib co lúath in bruidin anoiss, a mic,” ar sī. Ocus ro fāgaib Fer lí in bruidhean dá35 māthair. Ocus adubert ac dul immach: “Do chath rim-si duit amārach, a Finn,” ar sé. “Frecērthar duit-si in cath-sin, a Fer lí,” ar p.74 Finn, “oir nī bud cás oruinni,” ar Finn, “damad coimlín sinn cath da thabairt duit-si.” Et do frithoiled Finn in oidhchi-sin gur ba sāithech sonairt somenmnach é cona fēin ⁊ adubert Finn: “Is olc m'onóir-si do beith Fir lí dam-sa inocht ⁊ ní damann sé cert dam,” ar5 Finn, “ocus ticfa aimser ann,” ar sé, “⁊ nī dēma nech cert dá chéile,” ⁊ dorinne in láid ann:
- A Fir lí,
22b1
gid fada gairit co tí,
an tan fa ticfa in fer fēig
nī dingna réir do lethēid.- 10 Biaidh ass
hi comaimsir nȧnGall ̇nglas,
is ní fuighi Ēre úaim
acht maidm thúaidh ocus maidm thess.- Ticfa am
hi gcuirfither ár na ̇nGall,
gid fada gairid go tí,
is borb sráinfius cách a clann.- Is mē Finn,
maith bar linn is ibidh 14 digh,15
ō nach damaidh 15 cert nā cóir
biaidh do lecht ōs Bōinn, a ̇fir.
A fir.
21.
A haithle na láidhi-sin adubert Finn: “A óga,” ar sé, “is ecal lium na briathra-sa adeir Fer lí rinn hi gcuimnechad a ̇fala dúinn. Ocus is fír ám,” ar sé, “go facusa Garad mac Morna a cath Chrunnmóna ag slaidi na féne co nār fuil̇ngetar hi n-urchomuir a20 aighthe re fiuchad fergi in churadh ⁊ atconnarc-sa ámh fós” ar Finn “in t-airsidh 16 hi tenta 'con féin,” ⁊ adubert in láidh ann:
- Iuchna Ardmór ingen Ghuill,
máthair Fir lí, seng a ghlacc,
sochaide sa ceand do crom,
re Goll is cosmuil in mac.- Fer lí mac Fir thái gan locht,
Éimer mór comlann ro chlecht,25
tuitfit mo dá dalta lium,
dam dar lium ní damhuit ceartt.- Atconnarc Garad co moch,
do íbadh loch gema sruth,
in lá atbath risin féin
adubert fēin ach is uch. Iuchna.- Do bí Goll ag scoltadh scíath,
ag sin in tríath do dáil fuil,
hi cath Crundmóna nār cerb
a lám is a ferg rusfiuch.
I.
22.
30Asa haithli sin tánic Fer tái mac Uáithne Irgalaig isin tech hi raibi Finn ⁊ ro suid ar lethláim Finn ⁊ ro fer fáilti ris ⁊ ro ̇furáil p.76 ól ⁊ āibnis air ⁊ adubert Fer tāi: “Is uime ro fúagrad in cath-so ort amārach, a rīġfēinnidh, 17 gan slúag nā sochaide maróen rit.” “Nī hamlaid sin idir atú-sa,” ar Finn. “Uáir atā mac ríg fer Fánnall im fochuir-si .i. Láegaire lūathbéimendach ocus dingēbaid trí cēt 5 lāech lasamuin lángēr isin cath-sa dīm. Et atā Cétach Cithach mac ríg Lochlann im farrad tánic do díghuil a derbrāithrech orum-sa ⁊ ar in bféin ⁊ ōtconnaircc coin ⁊ fir na féne tug grād dímór dóib ⁊ ro léig fo lár a ̇foghuil ⁊ a dībeirg ⁊ ro an acum-sa ⁊ dingébaid tri cēt cuingid catharmach isin cath-sa dím-sa, a Fir taí,” bar Finn.10 “Ocus is imda lāech loinnghnímach lānchalma ō soin himach maróen rim-sa is tnūthach re troit ⁊ is athlum i n-imguin ⁊ is ēsgaid a n-eangnam ⁊ is fíchda re forrán,” ⁊ isbert in láid ann:
- Mac Duib mic Sálmóir na lend,
Laegairi Lúath na mbéimęnd,
mairfid trī cēt fer ngaili,
nī budh brég in ̇fáistini.- 15 Atā mac rīg Lochlann ann,
Cétach Cithach na comlann,
tuitfit leis trī cēt don tslúagh
curad cródha claidhemrúad.- Mairg bías ar cind na féne
da ̇ngaba cách coimérge,
ar ní obuid in cath crūaidh,
is mer érgit re haenūair.- Da tigit Lúaighne 'sa cath
isin maidin-si himārach,20
illos scīath is land is glacc
budh himda māthair gan mac.
Mac.
23.
Do bātar in oidhchi-sin ag imrád in chatha ⁊ na hirgaile urrdálta arnamárach. Ro éirigh Finn isin maidin mochsoluis ⁊ ro cuir techta a n-agaid a muintire ⁊ do fregradar co brígach bághach borrfadhach hé 22b2 as gach aird, ocus dochúaid Finn ⁊ a chúig 25 cēt dég laech co h-Āth mBrea for Bōuinn budhes ⁊ ro chóirigh Finn a chúig cét dēg laech ar ur in átha co mbróin scíath ⁊ claidem 18 ocus cathbarr.
24.
Sgēla Fir thái mic Uaithne Irgalaig ⁊ Fir lí mic Fir thái, ro thinóiletar a slūag ocus a sochaidi ⁊ tāngadar ina ̇ndírmadhuib data30 dímóra deghslúaigh co haen inat, go rabatar deich cēt ar fichit cēt curad catharmach ⁊ tāngatar co Āth mBrea don réim-sin. Et p.78 ōtconncatar in becān slūaig ar ur in ātha don táeb ali, roches a menma forru. ⁊ is í comairli dorónsat: ro ghabsat a n-erredha catha ⁊ comlainn umpu ⁊ dochúatar a n-ētromuib a n-étach ⁊ a n-imthromaib a n-arm. ⁊ is íat-so na húaisli ro cóirgedh a tús in chatha-sin na 5 coloman .i. Fer tái mac Uaithne Irgalaig ocus Fer lí mac Fir thái ⁊ Ēmer Glúnglas mac Aedha mic Garaid mic Morna ocus cúig mic Uirgrenn do hsentúathaib Temrach ocus na trī Táiplendaigh a fosadhlár Fernmuighi ocus Lúaighne Temrach arcena.
25.
Ōtconnairc immorro in flaitḣfēinnid 19 ferdo fortamail fedmlāidir10 frāechaicméil fīchinnsaigthech ⁊ in cui̇ngid comlonnach crúaidh conglecach .i. mac cathlínmar Cumaill in cipi catha sin ag a chōrugud ina agaid: “Dar lim,” ar sé, “is dárírib atáit na fir út ag tabairt catha dúin. Ocus a Birgad banechlach,” ar Finn, “ēirig ⁊ aicill in lucht úd ⁊ tairg comadha dóib.” “Ca comada sin ón?” ar Birgad. 15 “Nī hansa,” ar Finn, “is misi tug dóib a conāch ⁊ a crīch ocus a cȯngbāil hi ferund ⁊ doberim a cutruma ⁊ a coméid ali dóib ⁊ gan techt im agaid don chur-sa. ⁊ māidh orra gurab daltadha dam-sa iat,” ar Finn.
26.
Tānic tra Birgat banechlach co hairm i rabatar na maithi-sin20 ⁊ ro chan sin riu. “Is cōir na comadha do gabāil,” ar Fer tái, “uair is mór do grādh-sa ag Finn', a Fir lí,” ar sé. “Oir is tú indara fer dēg do bīdh ina luing ac Finn ocus do bīdh tosach coguir ⁊ comairle agot ūadh ⁊ deredh comhóil, ⁊ is dalta dó tú,” ar sé. “Doberim dom brēthir ris,” ar Fer lí, “nach dingnum comól cairdeamail 25 choidhchi misi ⁊ Find,” ar sé, “⁊ fós nāch rach ina luing co bráth.” “Is olc in comairli-sin,” ar Fer tái, “ūair is flaith úasal fortamail forglidi Finn,” ar sé, “oir is ágmar urlam innsaigthech hé cona ̇féin. Ocus do connac-sa Finn” ar sé, “a cathuib ⁊ a comlannuib ⁊ ní ̇faca a macsamla ríam ar déne, ar tairpige, ar dechrad, ar chrúas, ar 30 chalmacht, ar luinne, ar laechdacht ag slaidhe slúag ⁊ sochaide” ⁊ atbert in lāidh and: p.80
- Mairg dobēradh cath don fēin
da mbet ar cēill garb a ̇ngluind,
dob ferr anad ag Finn féin
ocus dul da rēir 'na luing.- Nocha racha mé go Finn,
5
bet ar a chinn 'sa cath cruinn,
is nī anab gan é fēin,
nocho rach da rēir 'na luing.- Maith do slaidhi catha cirb,
Finn lám a sráinti in gach aird,
gach nech tachrus ré rīg rēil
dar lim is dó fēin a mairg.
M.
27.
23a1“Is olcc in chomuirli sin,” ar Fer tái, “cath do tabairt d'Finn, ar a úaisli ⁊ ar a aingidhecht ⁊ ar a ághmure.” “Ac idir ón,” ar 10 Fer lí, “ní gébam-ne ní ar talmain acht cath úad. Ar ní ̇frecéra in díbinn senláich úd sinni,” ar sé, “ar lámach nō ar laechdacht ré comthógbāil catha.” Ocus ro impáidh in echlach roimpi arís ⁊ ro fritháil na briathra-sin d'Finn. “Doberim dom brēthir ris,” ar Finn, “dá tístaís ar sochraiti chugainn, nach bíadh úainde na 15 comadha-sin dóib. Ēirig-si aridhisi, a echlach,” ar Finn, “ocus tairg tuilled comadh dóib.” “Ca tuilled sin ón ?” ar in echlach. “Breth bretheman ⁊ a mbreth féin fōs dōib air sin anúas.”
28.
Ocus tánic in echlach aridhisi ⁊ targaid na comadha-sin. “Is cóir na comadha do gabāil,” ar Fer tái, “⁊ gach nech tug cath go 20 hēgóir ríam d'Finn, is roim Finn ro meabaid orra” ⁊ isbert Fer tái láidh air sin:
- Doconnarc-sa Finn ag slaidhe slúagh
ar ar bris báigh,
tachur ris is comlann cláen,
mairg thét 'na dáil!- Ní racha Finn gan tachur ris
gidh garb a ghlonn,25
go raibi mur is mían lem
gan chíall, gan chonn.- Betid na fir ó Móenmuigh ann
go fóebraib uill,
ō bar tachur, a ̇fían nach timm,
bet daim gan cuing.
Do.
“Is mithig dam-sa imthecht budesta,” ar in echlach. “Ní gabthar crodh nā coma ele úaib acht cath,” ar Émer Glúnglas mac 30 Aedha mic Garaid ⁊ ar mic Uirgrend mic Lúidhech Cuirr ⁊ ar Lúaighni Temrach.
29.
Tánic in echlach roimpi ⁊ ro innis scéla derba d'Finn “⁊ aderuit is senóir dīblidi dolámaigh thusa, a Finn,” ar in echlach. p.82 “Doberim brīathar ris,” ar Finn, “gurub cath gilla óig dobér dóib- siun.” Ocus isbert in láid ann:
- Sen-Lūaighni Temrach
co mbríathraib gúa,
da rīsat Brea
dobēr cath núadh.- 5 Mac Aedha mic Garaid,
mac Ēmir Glúnglais,
is é crīch a ríghbais
bith 'sa cath ag tnúthgreis.- Clannmaicni Uirgrenn
tuitfit ina forgolld,
gach olc da tuirmim
bu dóib bus aidhgeall.- Budh ait le nāimdib
da ̇ndáilit bera,10
bērait ina mbélaib
leó na sgéla seana.
Asa haithli-sin adbert Finn: “Ērig, a echlach, ⁊ tairg tuilled comadh dóib súd ar sotlacht a slúaigh ⁊ ar feabus a n-engnama ⁊ ar détlacht a ndeghdáinead ⁊ ar cródacht a comairle, úair nemaithmech gach náma, a echlach,” ar sé, “⁊ tabair a mbreith féin dóib,15 ár ní maith cath gan chomha.” Tānic tra Birgod banechlach co hairm hi rabatar na maithi-sin ⁊ targaid a mbreith fēin dōib. “Ní ghébum crodh nā coma nā tír nā talmain, acht cath co ̇ndíglum ar seṅfolta co sunda,” ar in senlāech. Ocus fóbrais Fer lí marbad na hechlaigi ⁊ nīr liged dó. “Doberim dom brēthir ris,” ar Fer lī,20 “a Birgad, da faicther tú doridisi, co n-imérat gairdi thsāegail fort.”
30.
Et ro impōidh Birgad isin sligid ⁊ ro tōgaib a hétach ós meallach a más ⁊ tebesł fécheamnus 'na cinn ⁊ a tenga ar folúamain ré mét in imgábaid a raibi, co ríacht Finn co hairm hi raibe. 23a2Ótconnairc Finn na hairdena-sin ar Birgad, dorinni in25 frithlerg-so:
p.84
Ocus ro frecair Birgad hé ⁊ atbert so ann:
- Ale, a Find imnedaigh,
fada atá ga tharrngere,
biaid tú hi gcosguir cró5
Tegait chucut Lúaigni
's a scēith ar a ̇ngúaillib
is na fir ō Chūailgne
is Émer ar ōen leó.
- Finn
- Da roisi hi gcend catha,10
bud forderg 21 in fatha,
is olc tachar flatha
re fatha gan chin.
Ar n-érgi na féne
da muidhi hi cond cēilli15
ticfat a cend clēithi
da mbía mēidhi ar bir.
A Birgad.
“A rīġfénnidh,” 22 ar Birgad, “dochuiretar sūt a comuirli dēntáib chugat-sa,” ar sí, “⁊ déna calma a n-agaid na cuinged catha út ⁊ Lúaighne Temrach.” “Dogēntar immorro,” ar Finn, “ūair budh20 forderg forránach fergarnaidh 23 na fuighle feichemnuis dogēn-sa friú,” ar Finn.
31.
Is annsin éirgis rígfénnid 24 h-Ērenn 25 ⁊ Alban ⁊ Saxan ⁊ Bretan ⁊ Leódus ⁊ Lochlann ⁊ na n-ailēn cendtarach et gabuis a chatherred catha ⁊ comraic ⁊ comlainn uime .i. léne thana sídaide do sróll25 súaichnidh sainemail Tíri trebarglaine Tairrngire ré grían a geilchnis ⁊ gabuis a cheithri cīarlénti fichet cíartha clártha comdlútha cotúin uime tarsi-sin amuigh anechtair ⁊ gabuis a lūirig tigh treabraid trédúalaig don fúairíarann athlegtha ar a n-úachtar sin ⁊ a sgaba engach óirchimsach im a muinél ⁊ gabais clārchoilér cressa30 comarthaigh comdaingin co ndealbaib dúaibsecha dracconn fo chóel a chuirp, co ngabad dó ó tarb a slíasat co derc a osgaile, da sgendis renna ⁊ fóebuir. ⁊ ro congbad a slega crandremra curata cōigrinne a n-urchomair in rígh ⁊ tarraid a chlaidhem órdorncair i n-echruis 26 for a chlíu ⁊ glacais a manáis lethanglas límtha lochlannach ina35 láim ⁊ tarraid a scíath scothamlach scáthūaine co mbúailtib breca p.86 bitháilli do bánór 27 ⁊ co comradaib finnáille finndruine ⁊ co slabraduib sníthi sesmacha senairgit for sdúadhlerg a dhruma ⁊ gabais a chathbarr círach clárach cethireochrach don ōr álainn órloisgthi co ngemuib glémaisigha glainidhi 28 ⁊ go leguib lainderdha lánáilli5 lōghmura arna n-egar do lámaib súadh ⁊ sáircherd ind do dítin chind in churad isin chath.
32.
Ocus tánic roime fón samla ina chlothbili chongbāla catha ⁊ ina dos dítin deghlāech ⁊ ina sonn sesmach slūagh ⁊ sochaide ⁊ ina chomlaidh chothaigthe curad ⁊ cathmíled íarthair domuin ⁊ nír10 an don réim-sin co ríacht co hur in átha. Dōigh ám nírb ingnam ríghi nh-Ērenn ⁊ Alban ⁊ rīġfēnnidecht 29 in domuin uile do beith ag Finn Mac Cumaill mun amm-sin, ar fa hē in cūiged sái re gach sáircheird é ⁊ tres gein sochuir h-Ērenn .i. Lugh Lāmfota mac Cēin ro díchur 23b1 fine Fomra a h-Ērinn ocus Brían Bóruma 15 mac Cinnédigh tuc h-Ére a dáiri ⁊ a dochraiti co nach raibi cáithlech ātha i n-Ērinn gan Gall dáer ic a frithālom fair no gur díchuir Brían íat ⁊ Find mac Cumaill in tres gin tsochuir h-Ērenn ac díchur danar ⁊ díbergach ⁊ úath ⁊ arracht ⁊ ilphíast ocus loingsidh lánmór ⁊ gach ̇ndoccamuil árchena a h-Ērinn. Ocus tánic bódíth 20 ind-Érinn ón uillind co arali ⁊ rusbithnaig Finn fir h-Ērenn re bliadain ⁊ tuc secht mba ⁊ tarb in gach ēnbaile i nh-Ērinn.
33.
Acht atá ní chena, tánic in seanōir sūaichnidh sonairt sithchenach-sin .i. Finn ⁊ gabais lāma for in úathad slúaigh robúi ina ̇farrad im calma do dēnom a n-agaid na sochraiti robúi ar a cinn.25 Et ro érgetar na cūig cét déc fíangaiscedhach robūi hi fochuir Finn re gairbgresad gotha a tigerna ⁊ ro ling gach lāech ina lúirig dīb ⁊ roglacc gach curaid a claidem ⁊ do gab gach mílidh a manáis, co rabatur fó bróin scéith ⁊ claidim ⁊ cathbairr fa Finn mac Cumuill ⁊ fa Cétach Cithach mac rīg Lochlann ocus fa Laegaire lūathbéimnech30 mac Duib mic Sálmóir mic ríg bfer Fánnoll ⁊ fa Aedh ̇mBaillderg p.88 mac Fóeláin mic Finn ⁊ fa trí Conuib Móenmuighe. Et rothógbatar doiredha dlúithe díghainne dímóra donnrúada derglasrach da crāisechaib crannremra curata cōigrindi ⁊ da laighnib lethanglasa ⁊ da fogháithib fuilecha fóebarderga ⁊ dorónsat mainner áthusach ogulborb aintrenta5 ⁊ léibend daingen dlúith dīthoghlaidi doscáilti do scíathaib scíamda scellbolgacha ocus do scíathaib áille āingheala ⁊ do scíathaib engacha úainidhe ⁊ do scíathaib corcra cróderga ⁊ do scíathaib ētrochta aladhbreca ocus do scíathaib dubchorcra deilgnecha ⁊ do scíathaib brecbuidhe búabalda. Fa lór immorro d' úathgráin ⁊ do chridhenbás10 da ̇mbidbadaib a faigsin fon innus-sin ar nemnighe a n-arm ⁊ ar ághmuiri a n-innill ⁊ ar crúas a craided 30 ⁊ ar cródhacht a comairli. ⁊ rucatar sidhi arnaid athlum imēsgaid antrenta ina cippi chóirigthi ⁊ ina ̇mbróin badhba ⁊ ina tuinti trethanborb co lár medhōin 31 ind átha.
34.
15Tāngatar immorro na deich cēt ar fichit cēt curad catharmach ro bātar columna na Temrach don leith ele don áth ⁊ rogabatar a n-erreda catha ⁊ comraic ⁊ comlainn impu ⁊ rosinnedh a sduicc rompo ⁊ rocronaiged a comairc ⁊ ro cóirged a cath léo ⁊ rohegradh ⁊ rohordaiged a mílid merchalma ⁊ a curaid confadacha ⁊ a n-ánraid ēchtmara a 20 n-urthosach in imbúalta acu .i. Fer tái mac Uaithni Irgalaig ocus Fer lí mac Fir thái ocus Ēmer Glúnglas mac Aeda mic Garaid ⁊ cúic mic Uirgrenn ⁊ Aithlech mór mac Duibrend ocus Uirgrenn budesin ⁊ na trí Táiblendaigh a fosadlár Fernmuighe. Et rugatar sidhe saidemail sārlúath sruthlúaimnech co lármedōn in átha don tóeb araill25 ar agaid Finn ⁊ a muintire.
35.
Ocus nír fuilnged co fada in fēghadh-sin acu intan ro brúcht-doirtet na catha cechtarda hi gcend araile. ⁊ tugsat gáire arda osgurdo ōs aird, innus co raibi a mac alla a crandaib ⁊ a clochaib, 23b2a n-allaib ⁊ a n-inberuib ⁊ a comúamannaib in talman ⁊ a 30 cresuib fúara fraighimellacha na firmamenti. Ocus ro dībraicedh aturra p.90 frasa d'fogáithib fuilecha faoburgéra ⁊ do lethgāethib lethna licthi ⁊ do chlochuib crúaidhi comnerta. Et ro iṁfaigsigh in irghal ⁊ ro tendadh in troid ⁊ ro haidbligedh in t-ár ⁊ ro crūadhaigh in comrac ⁊ ro innsaigh 32 gach curaid a chēli dīb go dían duáibsech denmnedach5 dásachtach díchéillide ⁊ dorinnetar gleó fíchda fergach forránach forsmachtach urlum agarb innsaigthech ⁊ ro caithsit cetha comóra cloch do chrúadhbrised chend ⁊ chlogad ⁊ chathbarr a chéile ⁊ dorinne cimsa comchomuisc dona cathaib mesg ar mesg. Dóigh ám rob imdo annsin slegha sithrighne 'ga sīrbrised ⁊ claidme crúadh-slípthi 10 'ga camplumpad ⁊ scéith scellbristi 'ga scáiled ⁊ clogaid ⁊ cathbairr ag cominugud ⁊ amuis ⁊ ánruid ag a n-athchuma. Rob imda ann dano cuirp chirrfa 33 ⁊ cnis cerptha ocus taóib tolla ⁊ láich lonna ledartha ⁊ ánraid arna n-airlech ocus colla curad hi cosair chró. Fa lór immorro do marbad múadhlāech ocus midhlāech féchain15 ̇fíarletartadh na fíarlann ar formnaib na feróglach ⁊ tairm na trénfer ic toitim ⁊ scolgaire na scíath ag a scoltad ⁊ drongáir na lúirech línech ag a láechbrised ⁊ coicetal na claideb ré círuib na cathbarr ⁊ lētgaire na lāechraide ac ursclaighe 34 ar na hánradaib.
36.
Et nīr ansat na curaid don chongail comarbtha sin gur bo20 corcra comaiscthi in t-áth ón uillinn goraili ⁊ co mbo cuire cróderg cubrach buinnedha borba búaidherta na \Bóinne# ōn áth sís le himat na fola ac siled as cnesuib na curad. Is annsin tāngatar días do muintir Finn a cath na columon .i. Tnúthach mac Dubthaig ⁊ Túarán mac Tomair ⁊ tucatar in días-sin búaidred ar buidhnib, co torchratar25 nōenmur laech lé gach duine díb, co tarrla días do macaib Uirgrend ina n-agaid isin chath gur fersat comrac a cethrar ⁊ dorochratar in días-sin di muinntir Finn lé macuib Uirgrenn hi crīch in comlainn.
37.
Is annsin immorro tānic laech arnaid annsergach do muintir Finn hi cath na columon .i. Laegaire Lúathbéimnech mac Duib mic 30 Sálmóir mac ríg fer Fánoll ocus do bris bern cēit isin cath i n-urchomair a aigthi ⁊ ro imir a ̇ferg ar Lúaighni Temrach, co torchratar cét lāech lasamoin lángér leis do muintir Fir lí. Ōtconnairc Fer lí immorro in sernad slige ⁊ in rorēidhiugud ríghda p.92 romór-sin ⁊ in cumach catha tug Laegairi for a muintir, tánic Fer lí a cend conaire dó. “Is baranta na borbrúathair-sin, a Laegairi,” ar Fer lí. “Is fír ón,” ar Laegairi, “⁊ nī frit-sa bērtar a buidhi. Ní comchogur carat tucabair-si ar ar muinntir-ni,” ar Laegairi. Is 5 annsin tāngatar cēt laech lasamuin lángēr do muintir Fir lí ar a bélaib isin irgail ⁊ torchuirsit in cét laech-sin lé Laegairi ar inchuib a tigerna. ⁊ gonuis Láegairi Fer lí ⁊ gonais Fer lī ēisin i 35 comáin a ghona. ⁊ tāngatar cét laech arnaid ansergach eili do muintir Fir lí ar a inchaib isin uair-sin ⁊ torchratar in cēt-sin do lāim Láegairi hi críchaib in10 chomlainn. ⁊ gonuis Fer lí ēsim ⁊ gonuis sim Fer lí. Acht chena tárratar in días sin árach comraic ⁊ comlainn ar a céli, gur sáithetar slegha crannremra curata crōrighni a taobaib ⁊ a torcasnach a chēile. Acht atā nī chena, fa būaidhred arna buidhnib 24a1 ocus fa crithnugud ar na cathuib beth hic fēchain comruig na desi-sin, co15 torchair Laegairi hi críchaib in chomlainn le Fer lí ⁊ comáidis Fer lí in cosgur.
38.
Ní har tlás nā ar time dochúaidh sin d'Finn ná dá muintir, acht ro crúadhaighsit in cath ⁊ ro thennsat. 36 Ar tuitim Láegairi immorro tánicc Cétach Cithach mac ríg Lochlann hi cath na columan20 ⁊ ba húathbásach na hírnadha aimrēidhe dorinni dona cathaib ina urthimchill co mbenadh bonn fri bonn ⁊ dóid fri dóid ⁊ méidhi fri mēdhe dá bidhbadaib cach conairi no théghedh. Ótconnuicc Émer Glúnglas mac Oedho mic Garaid in cumach curad ⁊ in rúathar rígmíled-sin fa mac rígh Lochlann tānicc féin hi gcenn conaire do25 Chētach amail tarp tnúthach troda hi comarchis choinglecca ⁊ ōtconcatar a chéili tucsatar dá sidhi tenda troda d'arali, gurba mescaithi cách hic a coimfēchain. Acht atā ní chena, torchratar trī cēt curad comlannach crúaidh aturro ⁊ torchratar a n-amus imdegla ⁊ nī frīth fóirithin ar na feruib ⁊ ro bo cinti crīch i mbethaid i n-iṁfogus dóib.30 Nīr coigletar corp arali go torchratar comthuitim le chéle hi fíadnaise na cath .i. Ēmer ⁊ Cétach Cithach.
39.
Is annsin tánic Aedh Ballderg mac Fóelāin Finn fa slúagaib na columan ⁊ ro léiged dorusbél mór dó isin chath gur úathbásach ré fēchain ē gach conuir no théged. Et tarrla Aithlech Mór mac p.94 Duibrend ⁊ Aedh da chéli isin cath co torchratar trī nōnmuir lāech lé hAedh mBaillderg do ghlēri muintire mic Uirgrenn, go tarrla iter Aichlech ⁊ Oedh Baillderg gur ̇fersat comlann crōdha curata fria chēli. Fa húathbásach na hálaid-sin ⁊ fá gáibthech na gona ⁊ fá5 fíartharrsna na ferchrēchta tucatar ar corpaib a chéle go torchair Aedh Baillderg le hAithlech i crīch in chomlainn.
40.
Ōtconnuic immorro in flaithfénnidh Find ferchuingedha na féni arna falmugud ⁊ a tréṅfir ar tuitim ⁊ a óes grādha arna n-airlech, ro dēch in senóir forbthe fírglic gur búaine bladh inā sáegal dó ⁊ gur10 bferr dó bás d' fagbāil nā māithmighe do dénum réna nāimdib. Et is annsin tánic in ríġfénnid fa slúagaib na columan ⁊ ro métaigh a menma ⁊ ro ardaig a aigned ⁊ ro lúathaig a láma ⁊ ro brestaig na béminna, gur éirig a én gaile os anáil in rígmíled go nār fētatar forni feróglach fulung i n-urchomair a āithi go fágbad in fer hi fail15 a glūin ⁊ himad a traiged díb ina tortuib 37 tamnaigthi ⁊ ina mēidhib móilderga ⁊ ina cosuir chró gach conair no thēged isin cath, ocus do chúaidh fúthu ⁊ tríthu ⁊ tarsa mur dam ̇ndían ̇ndásachtach arna drochbúalad nō mur leoman arna chrád fána chuilēnaib nō mur buinni ̇ndían ̇ndílinn scēithes a hucht airdslébe i n-aimsir thuili brisis ⁊20 minaighes gach nī gusa roichend. Ocus ro timchell cath na columan fo thrī amail timchilles féth fidh nō mur chenglus ben bāidh a mac, gur ba samalta fri hurlaidhi gabann hi cerdcha nō fri fúaim crínchrann hig a coimbrised nō fri lecuib aigri fo chosuib echraide fúaim les ⁊ laorg ⁊ lethchend fo dhéis a chlaidim isin chath. ⁊ ro gáiretar 24a2 25 bánánaigh ⁊ bocánaigh ⁊ badhba bēlderga ⁊ ginite glinne ⁊ demna aieóir ⁊ arrachta folūaimnecha na firmamenti hi comórad áigh ⁊ irgaili ós cinn in rígfēinned gach sligid da ̇ngabad isin cath ⁊ nīr scuir in rígmílid don rūathur-sin nogur díthláithred cath na columan iter thuitim ⁊ teched, 38 acht Fer lí ⁊ Fer tāi ⁊ cúig mic Uirgrenn.
41.
30Ōtconnairc Fer lí Finn ina óenar gan amus ac a imdeghail ⁊ gan charait ic a chūlchoimēd, tánic hi cend conaire dó ⁊ ro chuimnig p.96 a escairdes don ríg ̇fēinnid. Fregrais Finn Fer lí ⁊ isbert: “Tuitfer-si fēin isna foltaib sin,” ar sé. Acht chena ro {⬌} comrac ōenláthair don dís-sin. Fa crūaidh conamail comnert in cominnsaige-sin. Fa dúthrachtach dígaltach duáibsech díanbuillech comrac na desi-sin. 5 Fa grāinnemail gúasachtach glétnighe crūadhchoigetal na claidem 39 ⁊ na colg ̇ndét ré cendaib ⁊ re clogataib a chéli. Ō thairnic d' Fer lí a chlaidim do chaithim re cend ⁊ re colainn in rígfēnnid, tárraid in tsleg crannremur chóigrinne ⁊ tuc urchor séitrech sírchalma certchoimsech curata ar Finn, gur chuir in tsleig tresin édach imdo ro bōi10 imon rígmílid, gur treghdastar in tsleg trít é ar cirrbad a chuirp. Fa fergach forrānach ro fregair in rígfénnid in t-anbforlonn álad sin tuc Fer lí fair, go tuc béim barranta borrfadach crūadh cnáimletartha claidim d' Fer lí, gur ben a chend da cholainn. 40 ⁊ comáidhis Finn in t-áirsidh 41 irgaile ⁊ in sond sídgaile-sin do thuitim leis.
42.
15Ōtconnairc immorro Fer tái mac Uaithne Irgalaig a mac do thuidim, tánic co dísgir domenmnach denmnetach hi cend conaire d'Finn ⁊ is ed ro rāidh: “Is mór ám na héchta-sin, a Finn,” ar Fer tái. “Is fír ōn,” ar Finn, “⁊ cidh nach gustrásta tánac-si ?” ar Finn. “Ba menmanrad lem co tuitfeá-sa le Fer lí ⁊ ro bu luinne lim do thuitim 20 leis nā lim fēin.” “In dom airchised tānacais-si,” ar Finn, “nō in dom innsaige?” “Is dot innsaige ām,” ar Fer tāi, “ar nír hordaiged do thigernus nā d{⬌} nā d'innilib ní ara maithfinn-si mo mac do marbad.” Is amlaid ro ch {⬌} ocus ro innsaig sé Finn gan chéill gan chuimni gan choigill. Ro fregradh in fēndid 42 fírchalma sin ag 25 Finn. Ro thógbatar in dīas-sin clesa coimimda curad do díth ⁊ do dílgend araili, acht ba doirb dȯfaisnési do dóinib túaruscbāil na hirgaili-sin do thabairt, úair fa tarbda tinnesnach na tairberta ⁊ fa garb gáibthech gúasachtach na gona ⁊ fa harnaidh aigméil na hálaid tucsadar for a chéli ⁊ tárraid Fer tái bóeghal gona forsin rígfénidh,30 go tug sáthadh slegi fair co nārba lugha a hoslugud don tōeb araill p.98 innās don tóeb ar bean. Ocus tug Finn crúadhbéim claidhim d'Fer tái a ̇ndígail a ghona, co nár bó dín lúirech leburlaidsech nā cotūn comdlúta nā édedh arnaid allmurdo d'Fer tái, co torchuir in tréṅfer for talmain 'na dá ordlach imthroma. Ocus comáidis Finn in mórécht-sin 5 do thuitim leis.
43.
Is í-sin úair fa tāngatar cūic mic Uirgrend go lāthair ⁊ tugsat a n-agaid ar Finn. Ōtconnairc Finn na fírnāimde-sin da innsaige, nír ingaib íat gur sáithsetar sleig gacha fir díb isin ríg féindid ⁊ ro fregair-sium in cōicer curad co comthrom, go tug guin 'sȧn guin 10 dōib. Ōtconncatar clann Uirgrenn in curaid arna chrēchtnugud isna comraguib roimi ro chuirestar fri Fer tāi ocus friana mac .i. fri Fer líí ⁊ é anbonn ó sīled a ̇fola {⬌} 24a2 (end of)
Document details
The TEI Header
File description
Title statement
Title (uniform): The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn
Title (extended): [Egerton 1782 fo. 20b1 to 24a2]
Editor: Kuno Meyer
Responsibility statement
Electronic edition compiled by: Beatrix Färber
Proof corrections by: Hilary Lavelle and Beatrix Färber
Funded by: the HEA via PRTLI 4 and the HEA via the LDT Project
Edition statement
1. First draft, revised and corrected.
Extent: 11150 words
Publication statement
Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork
Address: College Road, Cork, Ireland
Date: 2010
Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.
CELT document ID: G303015
Availability: Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching.
Source description
Manuscript sources for the Irish text
- London, British Library, Egerton 1782, fo. 20b1–24a2. (The manuscript dates from the 16th century (c. 1517); 125 folios; origin (for the most part) Cluain Plocáin, the Ó Maol Chonaire family home in Co. Roscommon; four scribes, namely, a son of Seaán (mac Torna) Ó Maol Chonaire, his brother Iarnán, and two others; patron Art Buidhe Mac Murchadha Caomhánach.) For details see BL Catalogue ii 259–98.
Editions and translations
- John O'Daly, Seilg Sléibhe na mBan. The Chase of Slieve na mBan, in: Laoithe Fiannuigheachta; or, Fenian Poems. Second Series, Transcactions of the Ossianic Society, volume 6, 126–131 (poem).
- W. J. Watson, review of Meyer's edition, The Celtic Review, 7/25 (Feb. 1911) 95–96.
Literature
- Ernst Windisch, L'ancienne légende irlandaise et les poésies ossianiques. Trad. E. Ernault, Revue Celtique 5 (1881) 70–93.
- Heinrich Zimmer, Anzeige von 'Essai d'un Catalogue de la littérature epique d'Irlande', Göttingische gelehrte Anzeigen (1887) 169–175; 184–193.
- Henri d'Arbois de Jubainville, La littérature ancienne de l'Irlande et l'Ossian de Mac-Pherson, Bibl. de l'École des Chartes 41 (1888) 475–487.
- Alfred Nutt, A new theory of the Ossianic Saga, Academy 39 (1891) 161–163; 235.
- Heinrich Zimmer, Ossin und Oskar. Ein weiteres Zeugnis für den Ursprung der irisch-gälischen Finn (-Ossian-) Sage in der Vikingerzeit, Zeitschrift für deutsches Alterthum 35 (1891) 1–176.
- George Henderson, The Fionn Saga, Celtic Review 1–3 (1904–1906).
- Edmund Curtis, Age and Origin of the Fenian tales, Ivernian Society Journal 1 (1909) 159–168.
- Kuno Meyer, Fianaigecht [Introduction]. Todd Lecture Series 16 (Dublin 1910).
- F. Mezger, Finn mac Cumaill und Fingal bis zum 17. Jahrhundert, American Journal of Philology 48 (1929) 361–367.
- R. D. Scott, The Thumb of Knowledge in legends of Finn, Sigurd and Taliesin. Studies in Celtic and French literature (New York 1930).
- R. Th. Christiansen, The Vikings and the Viking wars in Irish and Gaelic tradition (Skrifter Utgiff av det Norske Videnskaps. Akad. i Oslo II. Hist.-Filos. Kl., 1930, no. 1) (Oslo 1931).
- Roger Chauviré (tr.), Contes ossianiques (Paris 1949).
- Josef Weisweiler, Die Kultur der irischen Heldensage, Paideuma 4 (1950) 149–170.
- Josef Weisweiler, Vorindogermaische Schichten der irischen Heldensage, Zeitschrift für Celtische Philologie 24 (1954) 10–55; 165–197.
- Gerard Murphy, Duanaire Finn. The Book of the lays of Fionn, part 3. Dublin 1953 (=ITS volume 43.)
- Gerard Murphy, The Ossianic lore and romantic tales of medieval Ireland (Dublin 1955; reprinted 1961; reprinted Cork, Mercier Press, 1971 with revisions.)
- Josef Weisweiler, Hintergrund und Herkunft der ossianischen Dichtung, Literaturwissenschaftliches Jahrbuch 4 (1963) 21–42.
- Seán Mac Giolla Riabhaigh, 'Ní bía mar do bá.' Scrúdú téamúil ar na laoithe Fiannaíochta, Irisleabhar Mhá Nuad 1970, 52–63.
- James MacKillop, Fionn mac Cumhaill: Celtic Myth in English Literature. Syracuse 1986. [With useful, well-structured bibliography on pp. 197–249].
- Daithí Ó hÓgáin, Fionn Mac Cumhaill: Images of a Gaelic Hero. Dublin 1988.
- Máirtín Ó Briain, Review of Ó hÓgáin, Bealoideas 57 (1989) 174–183.
- Donald E. Meek, Review of Ó hÓgáin, Cambridge Medieval Celtic Studies 22 (Winter 1991) 101–103.
The edition used in the digital edition
‘The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn’ (1993). In: Fianaigecht. Ed. by Kuno Meyer. Dublin: School of Celtic Studies, Dublin Institute for Advanced Studies, pp. 52–96.
You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:
@incollection{G303015, editor = {Kuno Meyer}, title = {The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn}, booktitle = {Fianaigecht}, address = {Dublin}, publisher = {School of Celtic Studies, Dublin Institute for Advanced Studies}, date = {1910}, date = {1937}, date = {1993}, pages = {52–96} }
Encoding description
Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling declarations
The electronic text covers even pages 52–96.
Editorial declarations
Correction: Text has been proof-read twice.
Normalization: The electronic text represents the edited text. The editor's annotations are integrated into the markup and numbered sequentially. Expansions are marked. Letters supplied by the editor are marked sup resp="KM".
Quotation: Quotations are rendered q.
Hyphenation: When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word (and punctuation).
Segmentation: div0=the saga; div1=the editor's paragraph; page-breaks are marked pb n=""/; manuscript foliation is marked mls unit="MS folio" n="".
Interpretation: Place-names are tagged; names of persons (given names) and groups are not.
Reference declaration
A canonical reference to a location in this text should be made using “paragraph”, eg paragraph 1.
Profile description
Creation: By an Irish scribe at Poulmonty, Co. Carlow; the material itself is older.
Date: 1419
Language usage
- The text is in Early Modern Irish. (ga)
- A few formulaic words are in Latin. (la)
- English appears in the editor's notes. (en)
Keywords: saga; prose; medieval ; Finn Cycle; aided (death-tale)
Revision description
(Most recent first)
- 2010-01-18: File parsed; bibliographic details added; SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
- 2010-01-08: File proof-read (2); footnotes integrated; more structural and content encoding added. (ed. Beatrix Färber)
- 2009-11-25: Header created; file parsed; XML encoding modified according to CELT practice. (ed. Beatrix Färber)
- 2006-08: File proofed (1). (ed. Hilary Lavelle)
- 2005-10: Text captured and XML encoding applied. (data capture Data capture company)