Unknown author
Edited by Standish Hayes O'Grady
Whole text
Ag so turus Caoil an Iarainn meic ríg na Tesáille go h-Eirinn agus chom mífhortúnach is d'éirig a shiubal leis.
[1] Lá aonaig ocus árdoirechtais do commóradh le Fionn mac Cumaill mhic Airt mic Thrénmóir úi Bhaoiscne le secht gcathaib na féinne ocus le secht gcathaib na gnáithféinne ac beinn Edair mhic Edgaoithe. Súil dá dtugadar tar muir ocus tar mórfhairrge co bfacadar in long luchtmar lánáidbsech fána láinréim seoil sin bfairrge anoir co láindírech dá n-ionnsaigid. Innell cogaid ocus cointinne uirre, ocus nír chian dóib in tan atchonnarcadar in t-aonóglách mór míleta merchalma ac éirghe d'urlannaib a shleg ocus do chrannaib a chraoisech nó gur ghab leithed a dhá bonn don tráig ghelghainmide. Lúirech líomtha lánmhaisech air. Éidedh daingen dobhriste uime. Sciath donnálainn ós áird a ghualann. Clogad cruaidiarainn fána chenn. Cloidem claislethan cuilgdhírech ar a thaob chlí. A dhá shleig chrainnremra chróna ghéra ina dhá dhorn. Brat scíamach scáirléide fána ghuailnib ocus delg óir loiscthe ina lethanbrollach.
[2] Táinic i láthair Fhinn ocus na féinne ar in innell ocus ar in órdugad sin. Ocus do labair Fionn ocus is edh adubairt: “Cia thu a ghaiscedaig d'folaib uaisle nó anuaisle in domain. Nó cia h-áird do na ceithre h-árdaib inar ghabais chucainn?” “Caol an Iarainn as-ainm p.290 damsa. Mac ríg na Tesáille, ocus in mhéit do shiublas don chruinne ó d'fágbas mo thír féin conice so nír fhágbas ionnta innse ná oilén gan chur fá áirdchíos mo chloidim ocus fám láim féin, ocus is é as mian liom áirdchíos ocus cennas na h-Eirenn do breith liom don dulsa. Ní chualamar ariam laoch ocus ní fhacamar gaiscedach nach bfuightide fer dá chlaochlód in Eirinn” ar Conán. “Ní fuil acht glór óinmide ocus amadáin acam ad ghlórsa a Chonáin,” ar Caol. “Óir dá raibe a bfuair bás le secht mbliadnaib do na fiannaib i gcionn a mairenn díob dobérainnse braon báis ocus begshaogail orra uile i n-aonló amáin. Acht chena dogénad ní as réide iná sin lib. Má gheibtidh iomorro in bar mesc aonlaoch amáin bérus barr ormsa do rith ná do chomrac ná do chorraigecht ní dhénad ní as mó buaidertha ná trioblóide do chur oraibse ná ar nech eile acht filledh tar m'ais dom chrích féin arís.” “Maisedh in gilla turuis atá againne” ar Fionn, “mar atá Caoilte mac Rónáin, ní fuil sé sin mbaile in tan so ocus dá mbiadh do chaithfed sé rith letsa. ocus más duine thu a ghaiscedaig ar sé fhanfus i bfarrad na féinne nó dogénus caradrad ocus comall leo co dtéighedsa ar chenn Chaoilte co Temair na ríg muna bfaghbad ann sin é dogébad go derbtha i gcéis Chorainn na bfiann é.” “Déntar amlaid,” ar Caol.
[3] Is ann sin do ghluais Fionn sin mbelach ocus ní cian do chuaid in tan tarla ar choill aimréid dorcha ocus bóthar fírdomhain méise ag gabáil tré chertlár na mórchoille sin. Ní cian do chuaid innte in tan tecmaic ar in ndúil diablaide droichdeilbe ocus in n-arrachtach éigciallach ocus in fiadfathach 8 cretbuide cnáimremar ocus cóta fada lachtna co colpa a dhá cos síos air. Ba shamalta re crann seoil luinge lánmóire gach cos faoi ag iomchur chuirp aimriagalta in fhir móir, ocus ba shamalta re taob báid bronnfhairsing gach bróg don dá bhróig do bí fá chrúba crotacha caimingnecha in fathaig. Ocus leithed méise pétair d'íochtar dhóibe buide ar in gcóta lachtna do bí ar in bfer mór. Ocus gach coiscéim dá siublad do bhuailedh in t-íochtar dóibe buide sin colpada a dhá cos innus go mbainedh fuaim asta do chloisfide láinmhíle ferainn uada. Ocus gach uair dá dtógbadh a chos do scárdadh lán bairille don ghrellaig suas fána mhásaib ocus fána chorp cretbuide air. Do ghab Fionn ag féchain ar in bfer mór ar fedh tamaill fhada óir ní fhacaid a shamailsen riam roime. Ocus do bí ac siubal roime sin t-slíge nó gur labair in fer p.291 is co ndubairt: “Crét é in raon siubail ná sechráin so do bain duit, a Fhinn mic Chumaill,” ar sé “at aonar ocus at aonracht gan duine d'fiannaib Eirenn at fochair.” “Atá,” ar Fionn, “do mhéit mo bhuaidertha ocus mo thrioblóide nach bfuil faill acam ar sin d'innsin duit. Ocus dá mbiadh gan rnaith acam ann, muna n-innsi dam é,” ar in fer mór “beir fána dholaid ocus fána dhígbáil co bráth.” “Maisedh,” ar Fionn, “más éicen dam sin d'innsin duit bíodh a fhios acat gurab é Caol an Iarainn mac ríg na Tesáille tháinic istech co Beinn Edair mic Edgaoithe sin medón lae indiu ac gabáil áirdchíosa is áirdchennais Eirenn acht muna bfagbadh aonlaoch amáin bérus buaid air do rith do chomrac nó do chorraigecht. Cad as mian daoib do dhénam?” ar in fer mór. “Óir is aichnid damsa go maith é ocus ní fuil énní dá ndubairt in laoch sin nach dtic leis a choimlíonad. Ocus dogénad ár bfer ocus bferóclách do thabairt ar in bféinn go h-uilide.” “Is mian liom,” ar Fionn, “dol ar chenn Chaoilte co Temair na ríg. Ocus muna bfagbad ann sin é dogébad go derbhta i gCéis Chorainn na bfiann é innus co mbenfadh gell retha don laoch út.” “Maisedh,” ar in fer mór, “is duine gan rígacht tu más é Caoilte mac Rónáin do chrann bagair. Ní fhedarsa tra cad dogénad,” ar Fionn. “Atá a fhios sain agamsa,” ar in fer mór: “Dá nglacfá liomsa dar mo mhionna do bhainfinn gell retha don laoch út.” “Mesaimse,” ar Fionn “co bfuil do dhíchell le dénam acat do chóta is do bhróga móra d'iomchur aoinleithmíle amáin d'ferann sin ló ocus gan dul i ngell retha risin laoch út.” “Dar go deimin muna mbainedsa dhe é ní bainfidh fer d'feraib Eirenn,” ar in fer mór. “Déntar amlaid,” ar Fionn. “Acht crét as ainm duit?” “Bodach in Chóta Lachtna as ainm dam,” ar sé.
[4] Ann sin fillios Fionn ocus Bodach in Chóta Lachtna tar a n-ais ocus ní h-aithrister a n-aister ná a n-imthecht nó co ráncatar co beinn Edair mic Edgaoithe.
[5] Is ann sin do chruinnigedar fianna Eirenn uile i dtimchioll in fhir móir uair ní fhacatar a shamail riam roime. Táinic Caol in Iarainn do láthair ocus d'fiarfaig an tuc Fionn leis in fer do rithfedh ris féin. Ocus adubairt Fionn co dtuc ocus do thesbáin do é. Ar bfaicsin in Bhodaig do Chaol adubairt nach rithfedh rena leithéid do bhodach smertha choidche. Arna chloistin sin don bhodach dorigne glámrad garb gáire ocus adubairt: “Is mellta ataoi dom thaobsa a ghaiscedaig,” ar sé, “ocus tabair dam fios na scríbe rithfios tu ocus muna rithedsa sin riotsa ocus p.292 tuilled más é do thoil é is letsa breith 8b in ghill. Ni h-áil dam ní bud lugha iná trí fichid míle do scríb retha do beith reomam,” ar Caol. “Is maith mar tharla,” ar in fer mór: “Trí fichid míle go cinnte ó Beinn Edair mic Edgaoithe co Sliab Luachra na Muman. Ocus muna rithedsa sin riotsa ocus tuilled más é do thoil é is letsa breith in ghill.” “Déntar amlaid,” ar Caol. “Maisedh,” ar Bodach in Chóta Lachtna, “is é ní as cóir dúinn do dhénam gluasacht siar co Sliab Luachra na Muman ocus comnaide na h-oidche inocht do dhénam ann innus co mbiam réid do chum ár n-aistir ocus ár n-imthechta ar a márach.”
[6] Is ann sin do ghluais in dias deglaoch sin. Mar atá Caol an Iarainn mac ríg na Tesáille ocus Bodach in Chóta Lachtna. Ocus ní h-aithrister a n-imthús co ráncatar Sliab Luachra na Muman ac dul faoi don ghréin. Is ann sin do labair ín Bodach ocus is é adubairt: “A Chaoil in Iarainn,” ar sé, “is cóir dúinn árus toige nó botháin do dhénam bhias ós ár gcionn inocht. Dar go derbta ní rachad do dhénam toige ar Shliab Luachra na Muman mar ghell ar chomnaide aonoidche is gan súil agam re techt tar m'ais lem ló arís.” “Déntar amlaid,” ar in Bodach, “acht má thic liomsa árus toige nó boithe do dhénam is fada uada immach bhias cach aon nach dtiubradh a chongnam dochum a dhénta.”
[7] Is ann sin do ghluais in Bodach fán gcoill aimréid dorcha ba choimnesa do. Ocus ní stad ná mórchomnaide dorigne nó gur shnaidm sé ceithre cúpla fiched do móradhmad ocus co dtuc leis iat fóna ndíol taobán gcoille ocus d'úrluachair in t-sléibe don ualach sin. Ocus gur chuir tech fada fairsing ina shesam fó dhíon ocus fó thégar. Ina diaid sin do chuir mórthorc móradbal móirtheined d'úrach ocus do chríonach na coille ar úrlár in lóistín sin ocus do labair in dara h-uair le Caol: “Más duine thu thiocfus liomsa d'fiadach ar bith fó na coilltib so.” “Ní fios damsa é,” ar Caol. “Ocus dá mb'edh ní led leithéidse do rachainn d'emhnad.”
[8] Is ann sin do ghluais in Bodach fón choill aimréid dorcha ba choinmesa do, ocus ní cian do chuaid innte in tan do mhúscail sé scaoth muc bfiadhain, ocus do ghab i n-aghaid na scaoithe ocus in torc ba threise atchonnairc sé do scar risin scaoith ocus do len i réim gacha conaire ocus gacha diamrach é gur sháraig le tréine retha ocus saothair é. Do thrascair co lár ocus co lántalam é. Do chóirig co glan degthapaid é, ocus do chuir i gcionn na teinedh lánmóire sin dá róstadh é ocus glés iompóidh ar na p.293 beraib sin uathaib féin. Is ann sin do ghluais in Bodach ocus ní stad ná mórchomnaide dorigne co toigh mbarúin innse Úi Chuinn do bí deich míle fichet ó Shliab Luachra. Ocus tuc leis dá bairille fíona dá méis petair ocus a rraibe d'arán ollmaighte sin tech, bórd ocus cathaoir. Ocus tuc leis don ualach sin iat corráinic co Sliab Luachra na Muman tar a ais. Ocus do fuair a chuid feola rósta roime. Do chuir leth an tuirc leth an aráin ocus bairille fíona i n-oirchill na maitne. Ocus do chuir leth aile ar bórd faoi féin. Do suid síos co sadhail sochma. D'uaid a leordóithin bídh ocus d'ól bairille fíona ina chorp síos ina dhiaid. Do chroith lánbhrat luachra ar úrlár in lóistín sin, ocus do bí ina thoirrchim shuain ocus shírchodalta nó gur éirig grian lántsoillsech arna márach ocus co dtáinic chuige Caol an Iarainn do bí in oidche sin ar taob in t-sléibe gan biad gan dig ocus gur mhúscail as a chodlad é. Ocus adubairt: “Éirig a Bhodaig,” ar sé “is mithig dúinn dol dochum ár n-aistir ocus ár n-imthechta 9 festa. Is ann sin do múscail in Bodach ocus do chuimil bos dá shúilib ocus adubairt: atá uair dom chodlad gan dénam agam go fóill, acht ós deifir atá ortsa dobeirim mo thoil duit beith ac imthecht ocus biadsa ad dhiaid gan amrus.”
[9] Is ann sin do ghluais Caol roime sin t-slige ocus ní raibe gan móiregla air fón nemshuim atchonnairc ac in mBodach acá dénam de. Acht in tan do chodail in Bodach a leordóithin d'éirig ina shuide, d'ionnail a agaid ocus a láma, do chuir biad ar bórd faoi, do suid síos go sadhail sochma, ocus d'uaid leth in tuirc leth in aráin ocus d'ól bairille fíona ina chorp síos ina dhiaid.
[10] Is ann sin d'éirig in Bodach ocus do chuir cnáma na muice co bailech i mbeinn a chóta lachtna. Do ghluais roime mar luas áinle nó ferbóige nó mar ghal ghaoithe ruaide mhárta ac gabáil fó mhaoilinn chnuic nó chairrge cennghairbe nó co ruc Caol in Iarainn istech. Ocus do theilg cnáma na muice tarrsna sin t-slige roime ocus adubairt: “a Chaoil in Iarainn,” ar sé, “féch in bfuigtheá creinnt ar bith ar na cnámaib sin. Óir is derb co bfuilir lán d'ocrus ar mbeith ar Sléib Luachra na Muman aréir ad throscad.” “Do chrochad dogébthá a Bhodaig,” ar Caol “sul rachainnse ag iarraid bhíd ar na cnámaib do bís ac creinnt led chraoisfhiaclaib.” “Maised,” ar in Bodach, “ní mór duit cor siubail do chur ort bhus ferr iná chuiris co fóill.”
[11] Is ann sin do ghluais in Bodach ina réim siubail amail do p.294 rachadh i bfírgheilt ghlinne nó co ndechaid deich míle fiched dá shlige don scríb sin. Is ann sin do ghab in Bodach ac ithe smér do na driseogaíb do bí ar dá thaob in bhelaig nó in bhóthair co dtáinic chuige ann sin Caol in iarainn co ndubairt: “a Bhodaig,” ar sé, “atáit trí míle fichet as so siar in áit i bfaca beinn dod chóta lachtna casta fó bhrágaid tuim ocus benn aile fá bhrágaid tuim deich míle uadh sin siar.” “In iat benna mo chótasa,” ar in Bodach ac féchain síos air féin. “Is iad co deimin,” ar Caol. “Maisedh,” ar in Bodach, “is é as cóir duitse do dhénam fuirech ann so ac ithe smér co bfilledsa ocus benna mo chóta do thabairt liom.” “Is derb nach ndénfad,” ar Caoi. “Déntar amlaid,” ar in Bodach.
[12] Is ann sin do ghluais Caol roime ocus fillios in Bodach co bfuair benna a chóta mar adubairt Caol. Do suid ocus do tharraing immach a shnáthaid is a shnáithe gur fhuaig ina n-áit féin iat arís. Is ann sin fillios in Bodach tar a ais. Ní fada do chuaid Caol in tan ruc air ocus adubairt leis: “a Chaoil,” ar sé, “is cóir duit cor siubail do chur ort bhus ferr iná mar do chuiris fós más mian let áirdchíos na h-Eirenn do breith let mar adubrais chena. Óir ní biadsa ac fiiledh tar m'ais festa.”
[13] Is ann sin do ghluais in Bodach mar luas áinle nó ferbóige nó mar ghal ghaoithe ruaide mhárta ac gabáil fo mhaoilinn chnuic no chairrge cennghairbe amail is go rachad i bfírgheilt ghlinne. corop é sin tréinréim ruathair shiubail do bí fán mBodach co ndechaid fó mhaoilinn chnuic do bí fó chúig míle do bheinn Edair mic Edgaoithe. Is ann sin do chrom an Bodach ac ithe smér do na driseogaib co nderna sac sughlíonta de féin. Cid tra acht chuirios an Bodach a chóta lachtna de. Ocus do tharraing immach a shnáthaid ocus d'fuaig a chóta co nderna mála fada fairsing fírdhomain de. Líonus in Bodach a chóta co bél do na sméraib ocus do chuimil a lán díob dá chroicionn co raibe chom dub re gual gobann. Do thógaib in Bodach in tualach smér sin ar a ghualainn ocus do ghluais roime co talcanta 9b traigésga ac innsaigid bheinne Edair.
[14] Is amlaid do bí Fionn ocus in fhiann co coitchenn lán do mhóiregla gurab é Caol in Iarainn do bí i dtosach, óir do chuiretar uile a muinigin i mBodach in Chóta Lachtna is gan fhios ar bith aca cia ar bh'é. Do bí techtaire áirithe ag Fionn immuich ar mullach na tulcha d'féchain cia aca don lucht retha do bí i dtús. Ar bfaicsín in Bhodaig do do chuaíd istech ocus d'innis Fionn co p.295 raibe Caol ac techt i mbél in róid ocus in Bodach marb ar a ghualainn. Culaidh airm ocus éididh ar Fionn don té dobérus chucainn scéla as ferr iná súd. Do chuaid in dara techtaire immach ocus d'aithin gurab é in Bodach do bí ann. Do chruinnigetar fianna Eirenn uile co ró luthgáirech i dtimchioll in Bhodaig ocus d'fiarfaigetar scéla de. “Atáit scéla maithe acam dúib,” ár sé, “acht atá do mhéit m'ocrais nach bfédaim a gcraobscaoiled nó go n-ithed mo dhóithin mine loiscréin ocus sméra le chéile. Tucas féin na sméra liom ocus tabraidse mo dhóithin mine loiscréin dam.” Is ann sin do scarad brat mór ar in mbeinn fán mBodach ocus carn mine loiscréin ina chertlár. Ocus do dhoirt in Bodach a tsac smér ar fud na mine ocus do chrom ac ithe fó thenn.
[15] Ní cian dóib in tan atchonnarcatar Caol i mbél in róid ocus a lám i ndornchur a chloidim ocus a dhá shúil ar derglasad ina chenn ocus é réid le dul fán bféinn dá gcoscairt ocus dá gcnáimgherrad. Ar bfaicsin Chaoil ar an órdugad sin don Bhodach thócbus lán a chráige don mhin ocus do na sméraib ocus thucus urchur nertmar ar Chaol díob gur chuir a chenn fedh maith ferainn óna chorp. Rithios in Bodach mar a raib in cenn ocus tucus in dara urchur de d'innsaigid na colna gur dhaingnig é chom daingen is do bí riam. Acht is amlaid do bí a agaid ar a dhruim ocus a chúl ar a bhrollach. Do rith in Bodach mar a raib Caol ocus do bhuail compar a chléib ocus a chuirp go h-athlam sin talam ocus do chengail co cruaid docrach doscaoilte é ocus adubairt: “a Chaoil,” ar sé, “nár dhrochbaramlach duit a rádh co mbiadh áirdchíos ocus áirdchennas na h-Eirenn let don dul so. Acht ní biaidh lena rádh re fiannaib Eirenn co dtiubradaois braon mbáis nó mbegshaogail d'aonlaoch amáin is gan nech aige acht é féin dá chosaint. Ocus más duine thu bhérfus grian ocus ésca i dtacaidecht le cíos na Tesáille gacha bliadna red ló do chur fó dhéin Fhinn ocus fhiann Eirenn biaid t'anam let ar in dóig i bfuilir anois.” Tuc Caol grian ocus ésca i dtacaidecht rissin do choimlíonad gacha bliadna rena ló. Ann sin beirios in Bodach ar barr láime ar Chaol ocus treoraigios dochum a luinge é ocus chuirios ina shuide innte é. Ina dhiaid sin bhuailios in Bodach preb i ndeired na luinge ocus chuirios secht léige ar fairrge immach don phreib sin í.
[16] Ag sin mar d'éirig a thurus le Caol in iarainn mac ríg na Tesáille. A léigen a bhaile ar ghlés óinmide ocus amadáin ocus p.296 gan do nert aige buille do bhualad i gcath ná i gcruadchomrac rena ló arís. Fillios in Bodach tar a ais mar a raibh Fionn ocus fianna Eirenn ocus d'innis dóib gurab é síogaidhe rátha Chruachan tháinic dá bfuascailt as in ngéibionn i rrabatar. Is ann sin dorigne Fionn fleid ocus fésta lae ocus bliadna don tsíogaide.
[17] Gurab é sin echtra Chaoil in Iarainn mic ríg na Tesáille ocus Bhodaig in Chóta Lachtna conice sin.
.Finit.
Document details
The TEI Header
File description
Title statement
Title (uniform): Bodach in Chóta Lachtna
Title (translation, English Translation): The Adventure of the Carle of the Drab Coat
Editor: Standish Hayes O'Grady
Responsibility statement
Electronic edition compiled and proof corrections by: Beatrix Färber
Funded by: UCC, School of History
Edition statement
1. First draft, revised and corrected.
Extent: 3410 words
Publication statement
Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork
Address: College Road, Cork, Ireland
Date: 2016
Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.
CELT document ID: G303022
Availability: Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching.
Source description
Manuscript sources
- London, British Library, Egerton 154 (19th century), 7b–9b.
Edition and translation
- See below.
The edition used in the digital edition
‘Bodach in Chóta Lachtna’ (1892). In: Silva Gadelica. Ed. by Standish Hayes O’Grady. Vol. I. London: Williams and Norgate, pp. 289–296.
You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:
@incollection{G303022, editor = {Standish Hayes O'Grady}, title = {Bodach in Chóta Lachtna}, booktitle = {Silva Gadelica}, volume = {I}, address = {London}, publisher = {Williams and Norgate}, date = {1892}, pages = {289–296} }
Encoding description
Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling declarations
The electronic text covers pages 289–296. The English translation is available in a separate file, T303022.
Editorial declarations
Correction: Text has been proof-read twice.
Normalization: The electronic text represents the edited text, but punctuation was modified. There are no expansions marked in the printed text.
Quotation: There is no direct speech.
Hyphenation: When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word (and punctuation).
Segmentation: div0=the tale; p=the paragraph; paragraphs are numbered. Page-breaks are marked pb n=""/; manuscript foliation is marked mls unit="MS folio" n="".
Interpretation: Names are not tagged.
Profile description
Creation: By Irish scribes.
Date: Modern Irish Period
Language usage
- The text is in Early Modern Irish. (ga)
- The translated title is in English. (en)
- One word is in Latin. (la)
Keywords: saga; prose; medieval; Finn mac Cumhaill; Finn Cycle
Revision description
(Most recent first)
- 2016-02-25: SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
- 2016-02-05: File captured, proofread (1,2); encoded; header created; file parsed and validated. (ed. Beatrix Färber)