CELT document G303025

Tóraighecht in Ghilla Dhecair ocus a chapaill

Unknown author

Edited by Standish Hayes O'Grady

Whole text

 p.257 133

[Tóraighecht in Ghilla Dhecair ocus a chapaill in só]

[1] Rí uasal oirderc ro ghaib flaithes ocus forflaithemnas for Eirinn fecht n-aill, .i. Cormac mac Airt mac [Chuinn] chétchathaig, ocus do bí Eire co rathmar riagalta ocus co sona síthchánta ocus co saidbir somaoinech le linn in tréinríg sin. Ocus nír b'iongnad a beith amlaid sin, óir fa bhrugaid ar bhrugachas ocus fa fhile ar fhilidecht ocus fa rí ar rígamlacht in Cormac sin.

 p.258

[2] Do bí Fionn mac Cumaill mhic Thrénmóir úi Bhaoiscne i n-áirdchennas ar Fhiannaib Eirenn le linn in tréinríg sin .i. Cormac in t-áirdrí ocus ríg na gcúiced ocus in rígféinnid, ocus do b'é Fionn in sechtmad rí do h-áirimti in Eirinn in tan sin.

[3] Ba mhór tuillme ocus tuarastal Fhinn ocus na Féinne in tan sin .i. baile in gach tuaith ocus cethrama in gach baile, coilén con nó gadhair ann in gach tech ó Shamain co Belltaine ocus mórán sochar eile nach áirmither ann so. Ocus gér mhór na sochair iad sin fa mhó co mór na duaidh ocus na dochair do bí ar Fionn ocus ar Fiannaib Eirenn ina dhiaid, mar atá cosc [ocus] díchur danar ocus allmarach gada ocus díbfeirge ó Eirinn  134 maille le gach olc eile ar chena, innus gur mhór d'olc ocus d'imshníom do gheibdís in Fhiann ac cosnamh Eirenn mar foillsigter ann so.

[4] Laithe n-ann dá raibe Fionn ocus Fianna Eirenn in Almain lethanmhóir Laigen ac ól fleidhe meiscemhla medharchaoine Samhna, ocus do bátar maithe ocus móruaisle Féinne Eirenn ina fharrad in tan sin. Ro fhiarfaig Fionn díob inar mithig dóib dul do sheilg ocus do shírfiadach. Óir is é fa ghnáth le Fionn ocus le Fiannaib Eirenn in bhliadain do chaithem .i. ó Bhelltaine co Samain le fiadach ocus le fianchoscar, ocus ó Shamain co Belltaine [le] coimét cinntc comchoitchenn ar fheraib Eirenn.

[5] Cid tra acht do cinnedh as a h-aithle sin dul do chommórad na seilge móire sin aco, ocus is é inad fá ndechadar dá dénamh .i. fá dhá chúiced mórdhálacha Muman. Do ghluaisedar iarum i n-athgairid gacha conaire ó Almain co ráncatar crích ó mBuilc. Co lár bfer gcell ocus co brosnaig Bladhma, ocus co dá sliab déc Eiblinne, ocus co cnámchoill mic Raighne, ocus co Drom Collchoille re a ráidter Aine Cliach in tan so.

[6] Do srethad ocus do sraonad in t-selg le Fionn ocus le Fiannaib Eirenn fá imlib na foraoise risa ráidter [Fir] Muighe indiu, ocus fá dhiamraib dorcha ocus fá fherannaib aimréide ocus fá chríochaib caoináille caoinréide ocus fá shléibtib urárda Desmuman risa ráidter  135 Luachair Dhegaid indiu, fá shliab chaomálainn chrot ocus fá thulchaib mínáille [Sléibe] Muice, ocus fá chríochaib oirermíne na Siuire srebhuaine, ocus fá mhagaib féruaine fírghlasa Feimen ocus fá Dhéisechaib urárda agarba aimréide Eithne, ocus as sin co belach ngormchoilltech nGabráin.

[7] Cid tra acht ní raib fidh ná mag ná móirshliab in dá chúiced Muman nach raibe taoisech naonbair ac fiadach ocus ac fianchoscar  p.259 ac srethad ocus ac sraonad na seilge amlaid sin, is ann sin do shuid Fionn ina dhuma sheilge ocus d'fanadar drem do na deglaochaib ina fhochair .i. Oisín mac Finn, Oscar mac Oisín, Goll mac Mórna, Art Mórbhuillech mac Mórna, Sciath Brec mac Dathchaoin .i. fer iomchair scéithe Fhinn, na tri Bailbh ón mboirinn trí meic aoincherda Beirre, Caoilte mac Rónáin, Diarmait détsholus Ó Duibne, Liathán Luath ó Luachair Dhegaid. Conán [Maol] mac Mórna .i. fer aithise ocus mílabartha na Féinne, ocus Fionn [bán] mac Bresail. Acht atá ní chena fa bhinn le Fionn ocus le Fiannaib Eirenn guth ocus glám na ngadhar, ocus glaodhach groidmher na ngasradh, ocus tormán na dtréinfher, fedghail ocus fírgháir na Féinne isna foraoisib ocus isna fásaib ina dtimchioll.

[8] Is ann sin ro fiarfaig Fionn don druing sin do bhí ina fhochair cia do rachad d'faire ocus d'forchoimét na tulcha.  136 Do frecair Fionn Bán mac Bresail úi Bhaoiscne don rígféinnid ocus adubairt co rachad féin ann. Ann sin tuc Fionn bán lám tapaid deglaoich tar a lethanarmaib ocus do ghluais roime co h-árd na tulcha. Ocus ro ghaib ac féchain uada ar gach taobh de [mar atá] soir siar ba dhes is ba thuaid, ocus nír chian do in tan atchonnairc sin n-áird anair gach ndírech dá innsaigid in fomor ferrda fírghránda, ocus in dúil diablaide dodelba, ocus in mogh modarda mísciamach. Ocus is amlaid ro bí ocus sciath dron dubh dathghránda doilbir ar stuaigleirg a dhroma, ocus cloidem claislethan glainbhéimnech ar a chroisshliasaid chírdhuib chlí, ocus dhá shleig shénta shlinnlethna nár tógbad cian d'aimsir roime sin i n-aimsir throda ná thegmála rena ghualainn amach, brat briste bogshnáithech ar uachtar a eirrid ocus a éidid, ocus ba dhuibe iná gual gobhann arna bhádad i n-uisce fhuar oigreta cach aighe de. Capall modarda mísciamach cretlom le caoildeired liath lúdartha fannchosach ocus aghastar agarb iarnaide uirre ocus é acá tarraing ina dhiaid, ocus ba h-ingnad mór nach dtairrngedh a cenn as a caomcholainn nó as a muinél le cach tarraing dá dtugadh don aghastar agarb iarnaide ac iarraidh aistir ocus imthechta do bhuain aiste. Ocus ba mhó iná sin in t-ingantus nach tairrngedh sise na láma fada sithremra do bí ac in bfer mór as  137 chompar a chléib le cach stad ocus le cach fuirech dá ndénadh uaid ac dul tar a h-ais. Ocus ba shamail re tormán tuinne trénmóire cach buille bailcbhrígmar buanláidir dá mbuailedh in fer  p.260 mór don luirgfhersaid iarainn ar in gcapall ac iarraid aistir ocus imthechta do bhuain aiste. Ocus arna fhaicsin sin d'Fionn bhán mhac Bhresail do thuic aige féin nár chóir a leithéid sin d'echtrannach ná d'allmarach do léigen gan fhios ar Fhionn ocus ar Fhiannaib Eirenn, ocus do ghluais roime ina chéimennaib trénluatha ocus ina ghaisib cosluatha nó go ráinic Fionn ocus Fianna Eirenn, ocus adubairt in laoidh: —

  1. Na dee dot bennachad a Finn,
    a fir in chomráid chnesda;
    táncas féin dot ghrésachtsa,
    mar do bí oram egla.
  2. Crét fár fágbais t'foraire,
    a Finn bháin an [re] droichscél;
    crét as fáth dot chorrachad,
    fár léigis díot do choimét.
  3. Dúil co ndroichdeilb ndiablaide,
    as mó gráin don druing daonda;
    ac tiacht cusna Fiannaibse,
    atá le síubal saothrach.
  4. Ech modarda mísciamach,
    ina diaid cen chéim deithnis;
    agastar agarb iarrainn,
    atá ar chenn in eich sin.
  5. Dá shleig shéta shenlethna,
    atá aige dá n-imchar;
    is lorg d'iarrann aithleghta,
    a chloidem cruaid le ciorrbad
    ag so fáth mo dheithnisse,
    ní thiocfainn co tráthnóna.
 138

[9] A h-aithle na laoide sin atchonncadar in fer mór dá n-innsaigid ocus gér gherr uatha é is fada do bí ac techt ar olcas a aistir ocus a imthechta, ocus do bhennaig d'Fionn in tráth tháinic dá láthair ocus do chrom a chenn ocus do fhill a ghlún ocus tuc comartha umla d'Fionn. Tócbus Fionn a lám ós a chionn ocus tuc ced aithisc ocus uirghill do ocus fhiarfaigios Fionn scéla de. “Cia d'folaib uaisle nó anuaisle in domain mhóir thu?” ar Fionn. Adubairt seisen nach raib a fhios sin aige cia dhíobsan é, acht aonní amháin gur bfomór é do bí ag siubal ar rígaib certbhrethacha na crístaigechta ag iarraid tuillme ocus tuarastail i ngell air féin ocus co gcuala nár eitig Fionn duine ar thuarastal ariam. “Ní dherna go deimin” ar Fionn “ocus ní mó eiteochaid sé thusa. Créd dobeir gan ghilla thu a fhir mhóir” ar Fionn. “Is maith in t-adhbar” ar in fer mór “óir ní fhuil sin doman ní as decra liom iná gilla dó bheith agam, óir is próinn trí céd fer do bhiad ocus do thomaltus fhognus dam co cenn do ló, ocus is beg liom sin dam féin ocus is mór liom gilla ina thimchioll agam.” “Masadh créd é in t-ainm atá ort?” ar Fionn. “Atá orm in Gilla Decair” ar sé. “Créd fár tugad in Gilla Decair ort?” ar Fionn. “Is maith in t-adbar” ar in fer mór, “óir ní fhuil isin doman ní as decra liom iná aonní  139 do les mo thigerna ná aonduine agá mbím do dénam.” “A Chonáin mic Mórna” ar in fer mór “cia as mó tuarastal marcaig sin bféinn nó tuarastal coiside?”  p.261 “Is mó tuarastal marcaig” ar Conán, “óir atá dá oired risin gcoiside ag in marcach.” “Cuirim a fhiadnaise ortsa a Chonáin gurab marcach mé ocus co bfuil ech agam ocus fós gurab ar marcaigecht do bhíos ag techt i gcionn na Féinne, a Fhinn mhic Chumaill” ar in fer mór. “Léigfed féin mo ech amach ar do chomairchese ocus ar chomairce na Féinne i bfochair echrad na Féinne.” “Léig” ar Fionn. Tairrngios in fer mór in t-agastar agarb iarnaide do bí rena ech ocus do ghluais sí roimpe ina céimennaib trénluatha retha nó go ráinic echrad na Féinne, ocus do ghaib dá ledrad ocus dá luathmarbad. Ocus do bhained in t-súil do ghreim as ech ocus do bhained a chluais do ghreim don dara capall ocus do bhrised cos eich eile. “Tabair th'ech let a fhir mhóir” ar Conán: “ranna nime ocus talman i gcoraigecht orm muna mbiadh mar do léigis amach ar chomairce Fhinn ocus na Féinne í co léigfinn a h-inchinn tré fhuinneogaib a cinn ocus a cennmhullaig amach, ocus cid imda droch-thurchartha do fuair Fionn i n-Eirinn ariam ní bfuair turchair ba mhesa iná thusa.” “Ranna nime ocus talman i gcoraigecht ormsa” ar in fer mór “má thugaimse liom í, óir ní fuil gilla dogenadh gillaigecht dam ocus ní h-obair liom féin m'ech do beith im  1 láim agam.”

[10] Eirgios Conán mac Mórna in tan sin ocus ghlacus an t-agastar agarb iarnaide ocus chuirios re h-ech in fir móir é, ocus tuc leis mar a raib Fionn ocus Fianna Eirenn í ocus do bí i bfad ina láim aige. “A Chonáin mic Mórna” ar Fionn “ní ghéillfeá gillaigecht do dénam do dhuine bud ferr iná in fer mór i bfiannaigecht, ocus dá ndéntá mo chomairlese is é ní dogentá dul ar ech in fir móir ocus cnuic is cabháin ocus maga mínscothacha do chuartugad léi no co mbristeá a croide ina cliab tré ar mharb sí do echraid na Féinne.” Eirgios Conán in tan sin ocus tuc echléim ar ech in fir móir ocus bhuailios a dhá sháil co dian ocus co díchellach uirre ocus nír chorraig ech in fir móir leis sin. “Aithgnim in ní sin atá uirre” ar Fionn: “nó co bfaghbaid sí comtrom a marcaig féin do daoinib uirre ní bfoghabtar aister aiste.” Do chuadar trí fir dég d'Fiannaib Eirenn ar chúla Chonáin ar ech in fir móir ocus luigios fútha ocus éirgios arís. “Mesaim gurab ag magad is ag fonomaid atáthaoi faoi mo ech ocus ní saor mé féin uaib mar in gcédna. Ocus is mairg dam do chaithfedh in chuid eile dom bhliadain agat a Fhinn” do ráid in fer mór “ocus in mhéid so do bar sgige d'faicsin in chéd lá, ocus aithgnim gur teist bhréige do chuaid  p.262 ort ocus biad ag imthecht uait,” ocus adubairt in laoid mar lenus  141: —

  1. Biadsa anois ac delachad,
    riot a Finn is ret Fiannaib;
    ní bfuil ann acht merachad,
    do laoch tuidecht dot iarraid.
  2. Do muinter cid mórdálach,
    a Finn mic Chumaill chrechaig;
    ní mérad it ócláchas,
    ní anfa in Gilla Decair.
  3. Gid do chuaid do degtáscsa,
    a Finn ar fed na talman;
    is edh ort nach gceilimse,
    do chlú éirgenn gan adbar.
  4. Guth orainn ná tabairse,
    ná h-imthig uainn fá dólás;
    luigim fá na harmaibse,
    nár chailles riam ar óclách.
  5. Dá bfantása im farradsa,
    fedh bliadna a Ghilla Decair;
    dobérainn cen charrachad,
    ar ghellas duit na degaid.
  6. Dá mbud gan don bliadainse,
    a Finn acht aon lá beith ann;
    ní anfainn it Fiannaibse,
    tré a ndernsat orm do braflang.
  7. Cuirim suas dot muinterdas,
    a Finn cid maith do fregradsa;
    sin bféinn ó nár fuilngebar,
    ag imthecht uaibse biadsa.

[11] Eirgios in fer mór a h-aithle na laoide sin co meta míthapaid ocus co hanbfann atuirsech nó gur chuir tulach idir é féin ocus Fhianna Eirenn, ocus ar ndul tar binn áird na tulcha do tógaib ós mellaib a mhás co lánárd, ocus do ghluais roime mar luas áinle nó feirbe nó mar shíde gaoithe glóraige ag dul tar cenn machaire nó móirshléibe i medón mísa Márta. Ba hé sin trebarluas déine ocus dígaire in torainn tennretha do bí leisin bfior mór ag fágbáil na tulcha.

[12] Mar atchonnairc ech in fir móir a tigerna ag imthecht uaithe nír fuilnged sin léithe,  143 gé gur mór a h-eire ocus a h-ualach do ghluais roimpe ina buinne retha róghéir i ndiaid a tigerna, ocus mar atchonnairc Fionn ocus na Fianna na trí fir dég sín ar chúla Chonáin mhic Mhórna ar ech in fir móir ocus í ar siubal do scredadar le gáir fonomaid faoi. Ocus mar atchonnairc Conán nach raibhe ar a chumus túirling d'ech in fir móir do scred ocus do scréch ar Fhionn ocus ar Fhiannaib Eirenn fá gan é féin do léigen leisin bfer mór fírghránda aduathmar nár bfes cá chlann ná cinél do, ocus do ghaib dá n-aithisiugad ocus dá n-imdergad. “Nél marb ós uisce ort a Fhinn” ar Conán: “mac moghad nó ladrainn na fola anuaisle bud mhesa iná thu féin do mhac athar is máthar do bhuain do chinn is do choiméta bethad dhíot muna lenair sinn ocus gidbé iath nó inse nó oilén i mbéraid in fer mór sinn ár dtabairt let co h-Eirinn arís.” Éirgios Fionn ocus Fianna na h-Eirenn in tráth sin, ocus do lenadar in Gilla Decair tar maoilinn gacha mórchnuic, ocus co h-ísle gacha glenna, ocus tar snám gacha  p.263 h-inbir, ocus co Sliab lánaoibinn Luachra, ocus co Tulaig na Senghaoithe risa ráidter Berna Chabair, ocus co crích Corca Dhuibne. Ocus tuc in Gilla Decair a agaid roime gach ndírech dochum na fairrge falcmaire fírdhoimne ocus tar sálmhuir srebuaine, ocus bheirios Liagán  143 Luaimnech ó Luachair Degaid a dá láim i n-erball eich in Ghilla Dhecair ocus do mes a tarraing chuige i ndiaid a fuilt ocus a sithfinnaid ocus in lucht sin do bí uirre do chongbáil. Tuc sise suinnedh láidir lánchalma do Liagán Luaimnech ocus thairrngios i mbél mara ocus mórfairrge amach é, ocus ghremaigios Liagán Luaimnech d'erball eich in ghilla in uair sin, ocus do bí in fhairrge ina maoltonnaib móráibsecha ag éirghe ina ndiaid ocus ina tráig ghainme rompa in gach áit ina ngébdaois.

[13] Ba h-imshníomach le Fionn na cúig fir dég sin dá mhuintir do bhreith uaid ocus é féin d'fágbáil fá ghesaib. “Créd dogenam anois?” ar Oisín re Fionn. “Créd dogenmaois acht ár muintir do lenmain ocus gidbé iath nó inse nó oilén i mbérfaid in fer mór iad a dtabairt linn ar ais nó ar éigen co h-Eirinn arís.” “Créd dogénam gan luing?” ar Oisín “nó luathbarc againn?” “Atá” ar Fionn “gur fhágbadar Tuatha Dé Danann do bhuadaib ar chloinn Ghaodail ghlais mic Niuil mic Fhéiniusa farsaid gidbé aca re a mbiadh gnóithe le h-Eirinn d'fágbáil [acht] dul co Beinn Edair ocus gidbé líon do rachadh leis ann co bfuigdís a sáith do luing nó do luathbarc ann.”

[14] Fhéchus Fionn do thaob na fairrge in tan sin ocus atchonnairc dias gaisgedach sin  144 chonair chuige ba mhó do mhíledaib ocus ba láidre do laochaib ocus ba chalma do churaib, ocus sciath druimnech dathálainn ar stuaigleirg a dhroma ag in gcédfer díob co ndeilb leoman ocus onchon ocus gríob ingantach arna mbuain ocus arna mbechttarraing innte. Colg toirtemail trénbuillech cruadloinnerda lánáibsech ar shliasaid a choise clí, ocus dá mhanaois móirremra rena ghualainn, ocus brat buanchorcra uime ocus delg óir sin mbrot ós a bhruinne, flesc ingantach fhionndruine ima chenn ocus ór fá gach cois de ocus a leithéid sin d'innioll ar in dara fer, ocus ní fada in comnaide dorignedar co dtáncatar do láthair ocus do chromadar a gcinn ocus do fhilledar a nglúine ocus tucatar comartha umla d'Fionn. Tócbus Fionn a lám ós a gcionn ocus tuc ced aithisc ocus úirghill dóib. Fiarfaigios Fionn scéla díob cia d'folaib uaisle nó anuaisle in domain dóib. Adubradar gur chlann do ríg na h-Innia iat ocus gurab é fáth a  p.264 dturais co h-Eirinn .i. ar thí beith bliadain ar thuillem ocus ar thuarastal Fhinn in Eirinn, “ocus co gcualamar nach bfuil in Eirinn duine bud ghlice iná é, ocus breith do breith idir na cerda do bí aca.” “Créd na cerda atá agaib?” ar Fionn. “Atá agam do cheird” ar in chétfer acasan “.i. tuag saoir  145 ocus cranntabaill, ocus dá bfuighbinn deich gcéd fiched d'feraib Eirenn ar aon láthair dogenainn a sáith do luing nó do luathbarc dóib le trí builledaib dom thuaig do bhualad isin gcranntabaill, ocus ní iarrfainn do chuidiugad orra acht a gcinn do chromad in fedh do bheinn ag bualad na dtrí builied sin.” “Is maith in cherd sin” ar Fionn, “créd í in cherd atá ag in bfer eile úd?” ar Fionn. “Atá agamsa do cheird” arsa in dara fer “co mbérainn lorg na crannlachan naoi n-imaireda ocus naoi n-eitreda nó co mbérainn ina lebaid ocus ina h-inad uirre, ocus is comthrom dobeirim sin ar muir ocus ar tír.” “Maith an cherd” ar Fionn. “Ocus bud mhór ár bfeidm orraib dá dtuctáidhse congnam lorgairechta dúinn.” “Créd dorucad uait?” ar fer díobsan. Innsios Fionn scéla in Ghilla Dhecair dóib ó thús co deired. “Créd na h-anmanna atá oraib?” ar Fionn. “Atá orm Feradach Fírchalma mac ríg na h-Inaia” ar in cétfer díob.

[15] Is ann sin do chromadar Fianna Eirenn a gcinn, ocus éirgios Feradach Fírchalma in tráth sin ocus bhuailios trí builleda don tuaig do bí aige sin gcranntabaill co nderna ciumsa in chuain ocus in chaladphuirt lán do longaib ocus do luathbarcaib. “Créd doghenam d'iomad na iong úd?” ar Fionn. “Dogenam a gcur ar neimhní” ar Feradach “acht in méit ar a mbeidh feidm  146 agatsa.”

[16] Eirgios Caoilte in tráth sin ocus do léig trí glaoda móra mór-áibsecha as ocus atchualatar Fianna Eirenn sin in gach áird i r-rabatar. Ocus do shaoiledar gurab i n-airc nó i n-éigen do bí Fionn ocus in chuid eile d'Fiannaib Eirenn ag echtrannaib nó ag állmarchaib, ocus do ghluaisetar rompa ina gconlánaíb bega bélscaoilte co ráncatar clochán cinn chait i n-iarthar Chorca Dhuibne. Ocus fiarfaigios Fianna Eirenn scéla d'Fionn créd in t-éigen nó in t-uathbás doruc air in uair do tharraing as a láithrechaib léicthe ocus as a bforaoisib fiadaig ocus as a n-innellaib selga iat. Innsios Fionn scéla in Ghilla Dhecair ó thús co deired dóib.

[17] Is ann sin do chuaid Fionn ocus Oisín i gcomairle etorra féin ocus is é atconncus dóib ó nach rucad acht cúig fir dég dá muintír ó Fhionn é féin ocus cúig fir dég eile do dhul dá lorgairecht  p.265 ocus Oisín d'fácbáil i gcennas na Féinne ag coimét na h-Eirenn. Ocus do chum Oisín ocus Fionn in laoidh: —

  1. Tusa ar écht ac imthecht,
    a Fhinn a armruaid fhuilig;
    do thoidecht i lluing lebair,
    co h-oirecht in fhuinn fhuinid.
  2. Tusa uainn ag anamain,
    i ndáil in t-slóig cen ailbéim;
    a dhuis díona in degshlóig,
    is a ruisc mhíonla mhaillréid.
  3. Echt ort a Fhinn almaine,
    écht as oirches ort d'fógra;
    iompádh isin chuan chétna,
    co tí fionnchlár fuar Fódla.
  4.  147
  5. Tusa uainn ac anamain,
    ní bfuil céim nach bud usa;
    cé do chuaid do chlú chatha,
    is derb co racha tusa.

[18] A h-aithle na laoide sin do desaiged long luchtmar lánáibsech d'Fionn ocus dá mhuintir, ocus do cuired biad i n-inad a chaithme ocus ór i n-inad a bhronnta innte, ocus do shuidetar na h-óicfir arrachta sin ocus na curada caomchalma ar shlesaib ocus ar bhórdaib na luinge ina rabatar, [ocus do ghabatar] na ráma fada slislethna sithrigne ina ndóidib détla dóidlethna doleointe, ocus dorignetar imram tinnesnach trénláidir tar crioslachaib na fairrge falcmaire fírdhoimne, ocus tar glenntaib na mara móraidbéile mellghruamda, ocus tar glenntaib druimlethna drechduba dianluatha in chuain chraoislebair chubarbháin.

[19] Is ann sin d'éirig in fhairrge ina h-uathbás ingantach blaoisc- ghéimnech, ocus ina bróintib borba brecuallacha baothtroma. Ocus ina cnocaib corracha camthacha cennghruamda, ocus ina bruachaib dorcha duba doscaoilte, ocus ina tonnaib craoislethna cnisghela, ocus ina maoilennaib mongruada mera míchéillide. Ocus ina srothaib gáibthecha glaisimda, ocus ina linntib luchtmara lethangharba lí-uaine. Ba cheol codalta ocus ba mhochchorrugad maidne d'Fionn ocus dá mhuintir beith ac éistecht re coicetal na mara mongruaide mórfairsinge ac crónán ocus ac congháir ocus ac  148 coimdecht le slesaib is le bórdaib na luinge i r-rabatar.

[20] Trí iá ocus teora oidche d'Fionn ocus dá mhuintir nach bfacatar taob críche innse ná oiléin. I gcionn na ré sin éirgios fer do mhuintir Fhinn i gcorr tosaig na luinge ocus atchonnairc garbalt glasmhór uaidh, ocus do sporadar in long d'innsaigid na h-aille sin, ocus fuaratar carraic cerchaille comdhaingen ar bhruach na h-aille ocus ba shleimhne iná mong escuinne i n-íochtar aibhne a slesa, ocus fuaratar lorg in Ghilla Dhecair ac dul d'innsaigid na cairrge ocus ní bfuaratar aon lorg acá fácbáil. Do labair Fergus Finnbheoil ollam Fhinn in tráth sin ocus atbert: “is meta ocus is  p.266 míthreorach do theichis, a Dhiarmaid úi Dhuibne” ar sé, “óir is ac Manannán mórchomachtach mac Lir dorignis foglaim ocus oilemain i dTír Thairrngire i gcríochaib na gcuan, ocus ac Aongus óc mac in Daghda do bechtmhúined thu, ocus is égcóir nach bfuil cuid dá ngoil ná dá ngaisced agat ocus Fionn is a mhuintir dobhreith i n-agaid na buinne nó na cairrgesi.” Dergtar fá ghnúis Dhiarmada a h-aithle na mbriathar sin ocus bheirios ar chrannaib buada Manannáin do bí aige, ocus ar n-aithdergad do Dhiarmaid do éirig do léim ocus do chlesaib goile ós crannaib a chraoisech nó gur ghaib lán a dhá bonn don talam tromfhódach ar bhruach na fairrge. Fhéchus mac úi  149 Dhuibne faoi síos ar Fhionn ocus ar a mhuintir ocus cémad mhian leis dul síos nír fhét Fionn ná a mhuintir do bhreith suas. Fhácbus mac úi Dhuibne in charraic ina dhiaid ocus ní fada do chuaid in uair atchonnairc in fiodh fásaig foithremail, ocus na coillte díona dosmhóra duillebair as mó fuaim srotha foghar gaoithe glór én ocus dórd bech dar shiubal ariam. Do bhí mac úi Dhuibne ac siubal in mhaige anoir is aniar andes ocus adtuaid ocus féchain dá dtuc sé uaid atchonnairc in bile flescach foithgégach ar in maig, ocus carraic commór cloiche ac in mbile, ocus benn bláithgér buabaill ar bheinn na cairrce, ocús tiobraid álainn fíruisce fá bhun na cairrce. Ocus do bí tart ocus tiormlach ar mac úi Dhuibne i ndiaid shiubail na mara ocus do b'áil leis lán na beinne buabaill d'uisce na tiobrad d'ól ocus chromus uirre, ocus atchualaid in torann ocus in trostán mór dá innsaigid. Tuicios mac úi Dhuibne gur do ghesaib na tiobraide gan aonbhraon dá h-uisce d'ól, ocus [ar a aoi atbert] “Ólfad mo dhóithin de.”

[21] Ní fada ina dhiaid sin do mhac úi Dhuibne in tan atchonnairc in gruagach chuige ocus innell ocus agaid íorgaile air, ocus ní bennugad dorigne do mhac úi Dhuibne in tráth táinic do láthair acht achmasán ainiarmartach do thabairt do, ocus adubairt gur b'égcóir do beith ac siubal a fhoraoise ocus a fhásaig ocus ac ól a choda uisce. Tuc mac úi Dhuibne ocus  150 in gruagach agaid ar a chéile co dásachtach ocus co nimnech míchéillide, ocus co calma curata, ocus co fraochmar foirniata, co rabatar ac frestal ocus ac fritheolam a chéile do bhuilledaib gáibthecha gérluatha ocus do bhéimennaib borba nó co ruc nóin ocus deired lae orra. Ocus ba mhithid leisin ngruagach delugad re comrac mhic úi Dhuibne ocus tuc a thennléim i n-íochtar na tiobraide uaid, ocus ba h-imshníomach  p.267 le mac úi Dhuibne a chéile comraic do dhelugad leis mar sin. Féchus mac úi Dhuibne na ceithre h-árda ocus atchonnairc elba fiad ac gabáil na foraoise, ocus dhruidios ina gcoinne ocus tuc roth n-urchair ar in n-áigh allaid ba choimnesa do gur léic a h-abach ocus a h-inathar co lár. Ocus tuc leis í ocus bheirios tenlach teined amach, ocus dorigne mac úi Dhuibne teine thrénmór ocus dorigne aigeda beca bélscaoilte d'feoil na h-aige ocus chuirios ar beraib fada fionnchuill iat, ocus ithios a sháith d'feoil na h-aige in oidche sin ocus d'uisce na tiobraide le chéile.

[22] Mhúsclus mac úi Dhuibne co moch arna mhárach ocus fuair in gruagach ac in tiobraid roime. “Dar liom féin a mhic úi Dhuibne” ar in gruagach “nír leor let siubal mo fhoraoise ná mo fhásaig do bheith agat gan fiadach mo fhoraoise.” Acht chena tucatar goin sin ngoin ocus buille sin mbuille ocus sáthad sin t-sáthad dá chéile nó co ruc nóin ocus deired lae orra.  151 Trí lá ocus teora oidche do mhac úi Dhuibne ocus don ghruagach ac comrac re chéile ocus agh imdhíscir allta gacha h-oidche ac mac úi Dhuibne. Ar in lá déidenach don chomrac tuc in gruagach a thennléim ó mhac úi Dhuibne d'innsaigid na tibraide, dob áil le mac úi Dhuibne lám do chur fá brágaid in ghruagaig ocus do chuatar faoi in tibraid re chéile. Fácbus in gruagach mac úi Dhuibne ar ndul faoi in tibraid, lenus mac úi Dhuibne in gruagach ar bfácbáil na tibraide ina dhiaid ocus fuair in mag mínscothach fairsing mórálainn roime, ocus in chathair rígda rómhaisech ar lár in maige, ocus tiug slóig ocus sochaide ar fhaitche in longphuirt. Ocus mar atchonncatar siubal ac mac úi Dhuibne ar in ngruagach do léicetar ród ríg ocus conair coitchenn do nó co ndechaid tar dorus in dúnaid istech, ocus do dhruidetar dóirse na bruidne air ocus tucatar na slóig sin agaid ar mac úi Dhuibne. Ocus ní ar metacht ná ar mílaochas do chuaid sin do mhac úi Dhuibne. Óir do chuaid fútha ocus trítha ocus tarsa mar do gébadh sebac tré mhineltaib, nó mar fhaolchoin tré thrét caorach, nó mar thrénbuinne shrotha shaobháird ac dul tar faill mara nó mórfairrge acá sírledrad ac marbad ocus ac mórmúchad na slóg sin, co ndechatar fá fhedaib fásaig fírdaingne na críche ocus in chuid eile tar dorus in dúnaid istech aca ocus do dhruidetar dóirse na bruidne ocus na cathrach ina ndiaid.  152 Ocus luigios mac úi Dhuibne ar in maig ocus do bí co cnedhach créchtach crólintech a h-aithle na troda trénmóire sin.

 p.268

[23] Táinic gruagach láidir lánchalma chuige ocus buailios do phreib do leith a dhromá é. Músclus mac úi Dhuibne ocus tuc a lám tapaid laoich tar a armaib. “Fóill ort a mhic úi Dhuibne” ar in gruagach: “ní do dénam díthe ná dochair duit táncas chugat acht dá innsin duit gurab olc in t-inad suain ocus sírchodalta i bfuilir ar faitche do bhiodbad ocus th'esgcarad, ocus tar liomsa is do ghébair inadh suain ocus codalta as ferr iná sin duit.” Lenus mac úi Dhuibne in gruagach ocus do chuatar i bfad ocus i gcéin as sin, ocus fuaratar cathair cennárd ar a gcionn, ocus trí caogaid laoch lánchalma sin gcathraig cona ndíol do mhnáib banamla maraon re h-ócmnaoi déitgil goirmdercaig glaicmínla malachduib ar slios na cathrach sin ocus brat sróil ina timchioll, ocus inar engach órsnáithech impe, calla bláithcert banrígna im a cionn. Do ferad fírchaoín fáilte re mac úi Dhuibne ina ainm ocus ina shloinne féin, do cuired mac úi Dhuibe i n-adhbaid íocshláinte do bí sin chathraig, ocus do cuired luibe uaisle ina chnedhaib ocus ina chréchtaib ocus ba slemain sláinchréchtach é. Ocus do suided búird ocus binnseda na cathrach, ocus nír cuired ísel i n-inad in uasail ná uasal i n-inad in ísil acht gach aon ina inad imchubaid do réir a uaisle ocus a atharda ocus a eladan ar na bórdaib sin. Tucad biada  153 saora sochaithme chuca ocus deocha blasta brígmara, ocus tucatar in chétshel don oidche re h-ól, in dara sel re ceol ocus re h-aoibnes ocus urghairdiugad menman ocus aicenta. Tucatar in tres shel re suan ocus re sírchotlad do dénam nó gur éirig in ghrian ina círchaill teintide ós cionn na talman trom- fódaige arna mhárach.

[24] Trí lá ocus teora oidche do mhac úi Dhuibne sin gcathraig ocus in fled as ferr dá bfuair aríam acá tabairt do. Fiarfaigios mac úi Dhuibne i gcionn na h-aimsire sin cia hí in chathair nó cia in chríoch ina raib nó cia ba chenn uirre. Adubairt in gruagach gurab í sin tír fá thuinn, ocus gurab é rí thíre fá thuinn in fer sin do bí ac comrac ris, ocus gurab gruagach na tibraide ba fhorainm gaiscid do, ocus gurab náma ocus esgcara láime deirge do féin é. Innsios do mhac úi Dhuibne mar in gcétna gurab é féin gruagach in ghaiscid, ocus co raib bliadain ar thuillem ocus ar thuarastal Finn mhic Chumaill in Eirinn ocus nár chuir tairis bliadain ba h-aite leis iná í. Fiarfaigios gruagach in ghaiscid scéla do mhac úi Dhuibne créd in siubal nó in timthecht do bí roime. Innsios mac úi Dhuibne scéla Finn ocus in Ghilla Dhecair do ó thús co deired.

 p.269

[25] Acht [atá ní] chena in uair ba fhada le Fionn ocus lena mhuintir  154 mac úi Dhuibne do beith ina n-écmais dorignedar dréimreda do thétaib na luinge i n-agaid na beinne ocus na cairrge ar lorg mic úi Dhuibne. Do fuair Fionn ocus a mhuintir fuigell feola mhic úi Dhuibne ocus ní dhuaid fuigell feola dá raib aige ariam. Féchus Fionn do gach leith de ocus atchonnairc marcach sin maig dá innsaigid ocus stéd dubdhonn dathálainn faoi shrian degmaisech dergóir ria. Bennaigios d'Fhionn in tráth tánaic do láthair, ocus do chrom a chenn ocus tuc teora póc do ocus iarrus é leis dá árus. Do chuatar i bfad ocus i gcéin as sin ocus fuaratar longport lethanmór lánarmach rompa ocus tiug slóíg ar faitche in dúna. Trí lá ocus teora oidche d'Fionn ocus dá mhuintir sin dún sin ocus in fhled as ferr dá bfuair ariam acá degthabairt dóib. Fiarfaigios Fionn i gcionn na h-aimsire sin cia hí in chathair nó in chríoch ina raibe. Adubairt gurab í sin críoch na Sorcha ocus gurab é féin rí na Sorcha, ocus co raib bliadain ar thuillem ocus ar thuarastal Finn in Eirinn ocus nár chuir thairis bliadain ba h-aite leis iná í.

[26] Do commórad lá aonaig ocus árdoirechtais le Fionn ocus le ríg na Sorcha in uair sin ocus atchonncatar bainechlach ag techt sin aonach dá n-innsaigid .i. bainghilla turais. Fiarfaigios in rí scéla di. Adubairt sise co raib scéla aice .i. co rabatar ciumsa in chuain ocus in chaladpuirt  155 lán do luathbarcaib, slóig ar fad na tíre ocus [iat] ac dénam édála na críche. “Aithgnimse sin” ar rí na Sorcha, “áirdrí Gréc atá ann” ar sé “ac dénam ghabáltais ar fedh in domain, ocus do b'áil leis in doman mór do chur fá smacht ocus fá chíos do féin ocus gabaidh in chríchse mar gach crích eile.” Féchus rí na Sorcha ar Fionn in uair sin ocus do thuic Fionn aige féin gurab ag iarraid chabartha ocus chuidigte air féin do bí in rí. “Gaibimse cosnam ocus coimét na críchese orm” ar Fionn “nó co bfácbad í.”

[27] Eirgios Fionn ocus a mhuinter ocus rí na Sorcha ocus do lenadar in sluag sin, ocus tucatar ár féinned ocus feróglách orra ocus dorignedar-sceolanga scainnerda scélbhuaidertha díob, ocus elta imeclach édtualaing, ocus ní mó iná lucht scéil d'innsin do léicetar as díob. Do labair áirdrí Gréc in uair sin ocus is é adubairt: “Cia dorigne in dianmarbad út ar mo mhuintir?” Adubairt-sen nach gcualaid énréd do ghoil ná do ghaisced fer n-Eirenn ar marthain nó ar mórchuimne ariam roime sin, ocus co n-díbeorad  p.270 sé sliocht nGaodail Ghlais mhic Niuil mhic Fhéniusa Farsaid as Eirinn co deod ocus co deired in domain. Is ann sin do thógaib Fionn ocus rí na Sorcha puball uaine ilchrothach ós comair choblaig áirdríg Ghréc. Is í in phuball i r-raibe Goll mac Mórna ocus Oscar mac Oisín puball fa choimnesa dóib do shlógaib na críche.

[28] Do labair áirdrí Ghréc in tráth sin  156 ocus is é ro ráid: “Cia do ghébainn do dhígail maslaid ocus marbtha mo mhuintire ar Fionn ocus ar ríg na Sorcha?” “Do ghébair mise” ar mac áirdríg Frangc. Ghluaisios roime ac tinól a thromteglaig ocus tuc agaid ar in b-pupaill i r-raibe Fionn ocus rí na Sorcha, ocus mar atchonnairc Goll mac Mórna sin éirgios ina choinne ocus ina chomairchios. “Crét sin do b'áil let do dénam a Ghuill?” ar Oscar. “Do b'áil liom comrac in lae andiu do dénam ar son Fhinn” ar Goll. “Ná dén,” ar Oscar, “óir is í do lám as mó do fionnad i gcathaib ocus i gcomlannaib ocus léic damsa comrac in lae aniu do dénam ar son Fhinn.” Tuc Goll ced in chomraic d'Oscar ocus tuc Oscar ocus mac áirdríg Franc agaid ar a chéile in tan sin mar dhá dhrecan ar dhásacht, nó mar dhá ruadbuinne lasrach lethanmóire, nó mar dhá thuinn robarta róghéire ac dul tar bennaib cairrce. Ba hí sin teist ocus tuarascbáil na déise deglaoch sin.

[29] Do éirig Goll mac Mórna ar gcengal a chuirp ina chaithéided ocus tuc ruathar léidmech lánchalma faobrach fuiltech foirniata borb tréinbheoda coimnertmar nemheclach fá mhuintir ocus fá mhóirtheglach mic ríg Franc nó co nderna duille siabartha sechránach soghluaiste díob, gur fágbad cinn gan cholna ocus cuirp gan anmanna ocus mná gan feraib ocus máithrecha gan mhacaib don mhórruathar sin.  157

[30] Is ann sin do dhlúthaig Oscar armghlonnach áthasach ar díchennad ocus ar tabairt aididh ar mac ríg Franc, ocus arna dhíchennad do fíllios ar Ghoil ocus chuidigios leis in méit nár marb do mhuintir ocus do theglach mhic ríg Franc do marbad. ocus do chroith cenn mic ríg Franc i bfiadnaise choblaig áirdríg Ghréc, ocus do léicetar gáir coscair ocus commaoidte re Fionn ocus rena mhuintir ocus gáir dubachais ocus domenman re muintir coblaig áirdríg Ghréc.

[31] Do labair rí Ghréc fán am sain ocus is é ro ráid: “Cia do gébainn do dígail mo mhaslaid ocus maslaid mo mhuintire ar Fíonn ocus ar ríg na Sorcha?”. “Do gébair mise” arsa in macám mór mac  p.271 ríg na h-Afraice. Gluaisios roime co l-líon a shlóig cus[in b-pupaill i r-raibe] rí na Sorcha. Mar atchonncatar clann rig na h-Innia sain do éirgetar ina choinne. “Crét do b'áil lib do dénam?” ar Fionn. “Do b'áil linn comrac in laoi andiu do dénam ar do shonsa” ar Feradach fírchalma mac rig na h-Innia. “Ní dénfair” ar Fionn “óir ní bfuiltí sel comraic ar mo thuarastal.” “Luighim fóm armaib goile ocus gaiscid nach biam ní bud fhaide ar do thuillem ná ar do thuarastal muna dtugair ced comraic dúinn” ar iatsan. Is ann sin do éirgetar na h-uaithneda coimchliste catha, ocus na h-onchoin oirbertacha  158, ocus tucatar in gleo gáibthech gráinemail ocus in úirlech aduathmar ainiarmartach ocus in torann trénmór dá chéile, gur bhrisetar craoisecha crannremra cinnderga crófhairsinga ocus gur scaoiled a gcathbairr chunna cherdamla re tuargain ocus re tinnios na dtrénlaoch sain. Imthúsa chloinne ríg na h-Innia do díchennad in macám mór mac ríg na h-Afraice leo i bfiadnaise na sluag sin, ocus chraithios [Feradach] in cenn i bfiadnaise chatha áirdríg Gréc. Do léicetar gáir coscair ocus commaoidme re Fionn ocus rena mhuintir. Ocus gáir dubachais ocus domenman re muintir áirdríg Gréc.

[32] Do labair áirdrí Grec in uair sin ocus is é ro ráid: “Cia do gébainn do dígail maslaid mo mhuintire ar Fionn ocus ar ríg na Sorcha?” “Do gébair mise” ar mac áirdríg Gréc féin, “óir dobérad cúig fir déc liom do chomrac risna cúig feraib déc atáit ac Fionn ocus dobérad féin cenn Finn chugat ocus dobéraid cach fer dom mhuintir cenn fir dá mhuintir leis.”

[33] Do bí ingen óc aontuma ac ríg Gréc .i. Taise Thaoibghel a h-ainm, ocus amail téit in mhuir ós na srothaib ocus in t-Sinann ós na h-aibnib ocus iolar ós in énlaith is amlaid do chuaid ar dheilb ar áilne ocus ar fhaicsin tar mnáib na cruinne, ocus tuc grád écmaise d'Fionn  159 ar méit a theiste ocus a thuarascbála ar fedh in domain. Ocus iarrus mar athcuingid ar in ríg í féin do léicen d'féchain in chomraic sin do bí itir Fhionn ocus a derbbráthair. Tuc in rí in ced sin di ocus ruc a cumal coimdechta léi.

[34] Is ann sin tuc mac áirdríg Ghréc agaid ar in b-pupaill i r-raibe Fionn ocus rí na Sorcha. “Aithgnim so” ar Fionn: “comrac énfir do b'áil le mac airdríg Grec d'faghbáil uaimse .i. é féin do chomrac liomsa ocus fer dom muintir do chomrac leisin bfior dá mhuintir-sen.” Is ann sin tuc Fionn ocus mac áirdríg Ghréc agaid ar a chéile mar dá leoman lánchalma, nó mar dá nathair nime ar  p.272 naimdenus, nó mar dá ghríb ingnecha ina n-gaisib casluatha nó cor chrithnaig in talam tromfhódach fána gcosa ocus gur theilgetar a gcuilg comdírecha á ndóidib ocus á nglacaib re deithnios ocus le degbualad na déise deglaoch sin gur clos i n-altaib ocus i n-imchianaib iat. Is ann sin tuc Fionn béim toirtemail trénbuillech do mhac ríg Gréc gur dhiubraic a chenn dá cholainn ocus dá chaolmuinél don bhéim sin. Do léiced gáir coscair ocus commaoidme le Fionn ocus lena mhuintir, ocus gáir dubachais ocus domenman le muintir choblaig áirdríg Gréc. Is ann sin do  160 tócbad a lia ós a lecht ocus do scríbad a n-anmanna i n-ogaim ós cionn cach énfir díob, ocus cé mór in grád tuc Taise Thaoibgel d'Fionn roime sin tuc a shecht n-oiret do ghrád do le linn a derbbráthar do marbad, ocus chuirios techtairecht ós ísel dochum Finn dá furáil féin air ocus ba luthgáirech láinintinnech re Fionn sin.

[35] Elaigios Taise Thaoibgel in oidche sin dochum Finn ocus músclus in rí arna mhárach ocus atrubrad leis Taise Thaoibgel d'élódh dochum Finn. Nír chaoin sé díth a mhuintire acht Taise Thaoibgel ocus adubairt gidbé dobéradh chuige ó Fionn í co dtiubradh seoid ocus maoine do. Do labair taóisech teglaig do mhuintir in ríg ocus is é adubairt: “comaill damsa a n-dubrais ocus dá gcomallair dobérad in ingen chugat ó Fionn, óir atá craob derscnaigte álainn agam ocus dá bfuighbinn slóig in domain ar aonláthair do chuirfinn ina dtoirchim suain ocus sírchodalta iat re foghar mo chraoibe do chrothad ós a gcomair.” Gluaisios in taoisech teglaig ocus tuc agaid ar in b-pupaill i r-raibe Fionn ocus rí na Sorcha, ocus chroithios in chraob ós a gcomair ocus do chuir ina dtoirchim suain ocus sírchodalta iat ocus ghoidios Taise Taoibghel in oidche sin. Ocus is é comairle dorigned le ríg  161 Gréc ó rucad Taise Taoibghel chuige arís gan ní bud mó dá mhuintir do marbad le Fionn, ocus do chuaid roime co críochaib na Gréice.

[36] Chrithnaigios Fionn arna mhárach Taise Thaoibgel d'élódh ocus do bí co dubach domenmnach i ndiaid ingine in ríg. “A Fhinn” ar rí na Sorcha “ná bíodh dubachas ná domenma ort do chumaid na h-ingine, óir rachadsa co dtiug slóig let co críochaib na Gréice ocus dobéram ingen ríg Gréc linn ar ais nó ar éicin.” ocus adubairt in laoid: —  p.273

  1. Buadach sin a mhic Chumaill,
    fuaras doilges ón debhaid;
    ar mbreith buada do bidbad,
    ingnad do bheith it bethaid.
  2. Slóig na Gréice co dtuille,
    do bátar uile ar th'agaid;
    acht triar ocus trí cetrair,
    nocha raib d'fedain agaib.
  3. Letsa is led becán buidne,
    a mhic Chumaill na mórslóg;
    duitse ba bec in pudar,
    rí na gcurad do chlaochlód.
  4. A onmac áirdríg in domain,
    do fuair aided ret armaib;
    le do muintir as a aithle,
    do thuitset maithe in chablaig.
  5. Taise Taoibgel do breith uait,
    don áirdríg saidbir sluagach;
    fán gcás ná bí co dubach,
    biaid do thuras co buadach.

[37] A h-aithle na laoide sin do commóradh lá aonaig ocus árdoirechtais le Fionn ocus le ríg na Sorcha, ocus atchonncatar na bratacha bláithbreca  162 breclíomtha ocus na meirgeda maothsróil ocus na glaschloidhme comrigne catha re guailnib na gcurad ocus na gcathmíled, doireda dlútha dianmóra do shlegaib séta sithrigne ós a gcennaib, ocus Diarmait détsholais ó Duibne i dtosach na fedhna fírmóire sin. Aithgnios Fionn é ocus chuirios Fergus Finnbheoil chuige dá fhiarfaigid de cia in elada sin, nó cia in chuidechta i r-raibe, nó in bfuair scéla a mhuintire chuige. Adubairt seisen gurab é sin gruagach in ghaiscid, ocus gur fhoillsig do tréna eladain draoidechta gurab é Abartách mac Allchaid tuc na cúic fir déc sin ó Fhionn co Tír Tairrngire. Is í comairle dorigned le Fionn ó do ruc mac úi Dhuibne ar Gholl ocus ar Oscar a gcur co críochaib na Gréice ar chenn ingine in ríg ocus Fergus do chur do maoidem a n-échta ocus a n-áthasa leo, ocus é féin ocus in chuid eile dá mhuintir do dhul co Tír Tairrngire ocus gidbé aca bud luaithe ann fuirech leísin gcuid eile.

[38] Is ann sin do desaiged long luchtmar lánáibsech d'Fionn ocus dá mhuintir ocus ní h-aithrister scélaigecht orra nó co rabatar í dTír Tairrngire. Ocus atchonncatar in t-aonach ocus in t-árdoirechtas i r-raibe Abartach  163 mac Allchaid, ocus chuirios Fionn techtairecht chuige d'iarraid a mhuintire air nó cath do thabairt do. Is é comairle dorigned le h-Abartach aisioc a mhuintire do thabairt d'Fionn ocus a bhreth féin do thabairt do ina mhasla ocus ina mhóirsiubal. Ocus ruc Fionn abhaile dá longport féin ocus do bí in fhled as ferr dá bfuair Fionn ariam acá degtabairt do ann, ocus fhanus Fionn i dTír Tairrngire nó co mbérfaitís Goll ocus Oscar air.

[39] Do desaiged long luchtmar lánáibsech bhennchorr bhláth-daingen do Gholl ocus d'Oscar, ocus tucatar cúl le tír ocus  p.274 agaid do mhuir ocus do chiumsaib na bóchna brecuaine is do bhennaib fergacha fiarghruamda fuairfhliucha na fairrge. Ocus do ghluaisetar rompa co láidir saothrach siubalghrod co rabatar ac éistecht re faoidh na muc mara ocus na murduchan ocus re piastaib ingantacha na h-aibéise gur ghabatar cuan ocus caladphort i gcríochaib na Gréice glanáilne. Ocus do thairrngetar a long i dtír i n-inad nár fhét tonn a tuarcain ná a minroinn ná carraic a combrised, ocus atchonncatar uatha cathair na h-aithne isin nGréic. Ocus ar ndul ar tír dóib fuaratar aodhaireda na cúirte ocus cethra na críche. D'fiarfaigetar scéla do na haodairedaib cia h-ainm in chathair atchonncatar, nó cia  164 hí in chríoch ina raibe, nó cia ba chenn uirre. D'fiarfaigetar na haodairedha díobsan in i nglenntaib diamra doeolais rucad iat in uair nach raibh fios na cathrach sin ná a h-ainm aca, ocus adubradar gurab í sin cathair na h-aithne isin nGréic, ocus nach raibhe isin doman cathair ba lia lám láidir laoch ocus curad ocus dronga dianmóra le goil ocus gaisced iná í. “Crét dogénam anois?” ar Oscar re Goll. “Crét dogénmaois?” ar Goll “acht dul isin gcathraig ocus Taise Taoibgel do tabairt linn ar ais nó ar éicen.” “Ní dénfam” ar Fergus Finnbeoil: “Tabraidse fighe cethardualach ar bar bfolt ocus innsid gurab fileda faobracha focailcherta sib atá ar siubal ar rígaib corónta certbrethacha na crístaidechta.” “Crét dogénam” ar Goll “dá n-iarrthar elada orrainn?” “Dogénadsa elada ar bar son” ar Fergus Finnbeoil. Dorignetar amlaid sin, ocus do ghluaisetar rompa dochum in dúna ocus do bhuailetar béim fleisce fri fárdorus na cathrach. Ocus adubairt in dóirseoir nach raibhe in rí sin mbaile, co ndechaid sé dochum seilge ocus nach raibhe istig acht Taise Taoibgel ocus a cumal coimdechta, ocus nach dticfad aonduine  165 ina cionn nó co dticfad in rí abaile.

[40] Táinic in rí ocus do commórad selg móráibsech leis, ba chennderg coin ba láimderg laoich ocus ba chenntrom gillanrad ocus gairbteglach in ríg i ndiaid na seilge tromtorrthaige sin. Bennaigit don ríg ocus fiarfaigios in rí scéla díob ocus ruc leis istech co cathraig na h-aithne iat, ocus aithgnios Taise Taoibgel iat ocus nír labair riu. Ocus in tráth táinic am codalta ocus suain chuca iarrus Taise Taoibgel in t-aos eladan anaithnid sin do léicen léi féin dochum scélaigechta do dénam léi, ocus do chuatar i n-éntseomra ocus do léicetar a n-aithgne dochum a chéile, ocus fhiarfaigios Fergus di crét in t-innell i n-élóchad sí dochum Finn  p.275 arís. Adubairt sisi co rachadh in rí dochum na seilge cétna arna mhárach ocus co n-élóchad féin le Goll ocus le h-Oscar d'innsaigid na luinge ó a dtáncatar. Do chuaid in rí dochum na seilge ocus élaigios Taise Thaoibgel le Goll ocus le h-Oscar co rabatar i dTír Tairrngire, ocus ótchonnairc Fionn in cúicer sin uada tuc baramail aithgne dóib ocus adubairt gur b'inmain leis na daoine re a saimeoladh iat, .i. Goll ocus Oscar  166, Fergus Finnbeoil, Taise Taoibgel ocus a cumal coimdechta.

[41] In uair rucatar a mhuinter uile ar Fionn adubairt Abartach mac Allchaid le Fionn a bhreth féin do bhreith ina mhasla ocus ina móirshiubal. Adubairt Fionn co léicfedh sé in tuarastal do ghell sé d'Abartach ocus in bhreth i n-agaid a chéile. “Ní fhuil maith damsa ann sin” ar Abartach “ocus fer aithise ocus mílabartha na Féinne mar atá Conán mac Mórna gan a bhreith féin do tabairt do.” “Renna nime i gcoraigecht ormsa” ar Conán “nach bud réid mise muna bfuigbed sin.” Ghellus Abartach sin do Chonán, ocus is í breth ruc Conán ar Abartach na ceithre mná déc do b'ferr i dTír Tairrngire do tabairt leis re cois a mhná féin. Ocus a bhen féin do chur i n-erball eich in Ghilla Dhecair mar do bí Liagán Luaimnech ó Luachair Dhegaid, ocus na ceitre mná déc eile sin dá mhuntir [ac marcaigecht uirre] nó co mbiadh i n-iarthar Chorca Dhuibne.

[42] Ocus bíodh a fhios agat nach ór ná airget tuc Conán do bhreith acht amail mar adubramar .i. na ceitre  167 mná déc do b'ferr i dTír Tairrngire do tabairt leis mar aon le mnaoi Abartaig, ocus ben Abartaig do chur i n-erball in eich mar do bí Liagán luaimnech. Ocus na ceitre mná déc eile do chur ar marcaigecht mar do bí seisen ocus in chuid eile dá mhuintir nó co mbeidís i gClochán Chinn Chait i n-iarthar Chorca Dhuibne.

[43] “Ag sin do mhuintir a Fhinn” ar Abartach. Féchus Fionn do cach taob de ocus ní fhaca sé Abartach shíos ná shuas. Ocus ruc Fionn Taise Taoibgel leis co h-Almain lethanmóir Laigen ocus dorigensat banais na déise sin.

[44] Gurab í sin tóraigecht ocus echtra in Ghilla Dhecair ó thús co deired.

.Finit.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Tóraighecht in Ghilla Dhecair ocus a chapaill

Title (translation, English Translation): The Pursuit of the Gilla Decair and his Horse

Editor: Standish Hayes O'Grady

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof corrections by: Beatrix Färber

Funded by: UCC, School of History

Edition statement

1. First draft, revised and corrected.

Extent: 8544 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland

Date: 2016

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G303025

Availability: Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching.

Source description

Manuscript sources

  1. London, British Library, MS Additional 34,119 (1765), a paper manuscript, scribe Labhrás Mac Analla, or Lawrence Mac Nally of county Meath, 133ff (used in this edition).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS E v 4.
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 A 21.
  4. More information is available on the Codecs webpages: http://vanhamel.nl/codecs/T%C3%B3ruigheacht_an_Ghiolla_Dheacair.

Edition and translation

  • See below.

Literature

  1. Christophe Vielle, 'Du Tóraigheacht an Ghiolla Dheacair au Jaimimyāsvamedha. Mythe hippique et cheval(eresque) épique d'Irlande et d'cInde', in: Hily, Gaël, Patrice Lajoye, and Joël Hascoët (eds), Deuogdonion: mélanges offerts en l'honneur du professeur Claude Sterckx, Publication du CRBC Rennes 2 (Rennes 2010) 675–696.
  2. James MacKillop, Fionn mac Cumhaill: Celtic Myth in English Literature. Syracuse 1986. [With useful, well-structured bibliography on pp. 197–249].
  3. Sharon J. Arbuthnot and Geraldine Parsons (eds.) The Gaelic Finn Tradition (Dublin 2012).

The edition used in the digital edition

‘Tóraighecht in Ghilla Dhecair ocus a chapaill’ (1892). In: Silva Gadelica‍. Ed. by Standish Hayes O’Grady. Vol. I. London: Williams and Norgate, pp. 257–275.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G303025,
  editor 	 = {Standish Hayes O'Grady},
  title 	 = {Tóraighecht in Ghilla Dhecair ocus a chapaill},
  booktitle 	 = {Silva Gadelica},
  volume 	 = {I},
  address 	 = {London},
  publisher 	 = {Williams and Norgate},
  date 	 = {1892},
  pages 	 = {257–275}
}

 G303025.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

The electronic text covers pages 257–275. The English translation is available in a separate file, T303025.

Editorial declarations

Correction: Text has been proof-read twice.

Normalization: The electronic text represents the edited text, but punctuation has been modified, and proper names have been capitalized. There are no expansions marked in the printed text.

Quotation: There is no direct speech.

Hyphenation: When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word (and punctuation).

Segmentation: div0=the tale; p=the paragraph; paragraphs are numbered. Page-breaks are marked pb n=""/; peoms are rendered as embedded texts, and manuscript foliation is marked mls unit="MS folio" n="".

Interpretation: Names are not tagged.

Profile description

Creation: By the Irish scribe Labhrás Mac Analla, based on earlier material.

Date: 1765

Language usage

  • The text is in Early Modern Irish. (ga)
  • The translated title is in English. (en)
  • One word is in Latin. (la)

Keywords: saga; prose; medieval; Finn mac Cumhaill; Finn Cycle; an Gilla Deacair

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-03-15: SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2016-03-10: File proofread (2). SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2016-03-08: Header created; file parsed and validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2016-03-07: File captured, proofread (1); encoded. (ed. Beatrix Färber)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Other languages

T303025: The Pursuit of the Gilla Decair and his Horse (in English Translation)

Source document

G303025.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top