CELT document G307001

Cú Bán an t-Shleibhe

unknown

Edited by Daniel O'Foharta

Whole text

 p.146

Cú Bán an t-Shleibhe

To Mr. Daniel O'Foharta of Calla National School, Ballyconneely, Galway, the author of Siamsa an Gheimhridh, the editors are indebted for permission to print the following modern-Irish fairy tale, as it was taken down from the lips of an old woman by one of Mr. O'Foharta's pupils. The story is here printed exactly as it was written down; solecisms, ungrammatical forms and constructions &c. have been allowed to stand. But I alone am responsible for the orthography adopted, as well as for the translation, which for the benefit of folklorists unacquainted with Irish I subjoin. The English translation is available in a separate file at CELT.

[1] Bhí righ ann fad ó agus fúair a bhean bás. Sul ar cailleadh í, chuir sí geasa ar an righ gan fear, bean ioná páisde do léigin iona seómra, go m-béidheadh sí lá agus bliadhain 'san úaigh, acht é féin amháin. Gheall sé dhí a geasa do choimhlíonadh.

[2] Budh í obair an righ gach uile lá, a bheith ag fiadhach agus ag fianchosgairt. 'Sé an cheud rud a dhéanfadh sé thar éis theachtain a bhaile 'san oidhche, an glas do bhaint agus feuchaint a thabhairt an raibh duine ar bith ann chomfhad a's bhí sé amuigh. Bhidheadh a thriur inghean i g-cionn a'tighe 'núair bhidheadh seisean imthighthe, acht ní bh-fúair siad úain ná am an seómra d'fhúasgailt, oir bhidheadh an eochair ar iomchur leis.

[3] Lá d'ar imthigh sé gan an eochair do thabhairt leis, fúaradar í agus d'fhúasgladar an doras. Shuidh an inghean is sine ar chathaoir a máthar agus rug sí ar na bláthaibh bána a bhí le na h-ais, ag rádh: “Iarraim ar Dhia agus ar miorbhaile na cathaoireach so, mac righ an domhain shiar a theacht a's mé phósadh.” Ann sin thuit an bláth as a láimh. Rinne an dara p.147 inghean an rud céadna agus dubhairt: “Iarraim ar Dhia agus ar miorbhaile na cathaoireach mac righ an domhain shoir a theacht a's mé phósadh.”

[4] Níor mhaith leis an tríomhadh inghin sin a dhéunadh, mar budh mhian leithi comhairle a h-athar do leanamhain. Níor shásuigh so an bheirt eile. Bhidheadar leithi gur chuireadar 'na suidhe 'san g-cathaoir i. Ann sin dubhairt sí mar so: “Iarraim ar Dhia agus ar miorbhaile na cathaoireach Cú Bán an t-shléibhe a theacht agus mé phósadh.” Dubhairt sí so le teas feirge, oir ní raibh fhios aici an raibh leithide Cú Bán an t-shléibhe le faghbháil.

[5] Um tráthnóna cia d'fheicidis ag teachtain iona chóisde, acht mac righ an domhain shiar? Níor bhudh fhada go d-táinic sé chum an tighe agus thug sé leis an inghean budh sine. Ní túisge bhí sí-sin imthighthe ioná tháinic mac righ an domhain shoir, agus rinne sé an cleas céadna leis an dara inghin. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc.

[6] 'Núair tháinic an t-athair a bhaile, d'innis an inghean óg cia an rud d'éirigh dhóibh, agus d'fhiarfraigh sí dhe an raibh rud ar bith beó dá d-tugthaoi Cú Bán an t-shléibhe mar ainm air. Dubhairt seisean go raibh. “Ní'l neart air”, ar sise, “cathfamuid cur súas le toil Dé.”

[7] Lá arna mhárach 'núair d'éirighdear, bhí Cú Bán an t-shléibhe ag an doras rompa le na chapall 's a chóisde ag iarraidh an inghean le pósadh. D'imthigh sí leis agus d'fhan sí leis go raibh sí le aghaidh cloinne. Ann sin d'iarr sí cead air a dhul a bhaile go m-béarfadh sí an páisde. Ní raibh sé sásta sin a dhéunadh, acht faoi dheire fúair si cead.

[8] Ní raibh sí a bh-fad 'san m-baile no gur rug sí inghean óg. Bhí sí 'na leinbh bhreágh, agus bhí fleasg óir i g-clár a h-éadain agus fleasg airgid i g-cúl a cinn. Bhí an mháthair lag go maith agus d'fhág si a cailín i g-cionn a páisde. Ni raibh sí a bh-fad ag tabhairt fhaire dhí, 'núair sgiob rud éigin thríd an simléir i. Ar maidin lá arna mhánach tháinic Cú Bán an t-shléibhe le na bhean a thabhairt leis. D'imthigh léo ar aon, agus níor sgar siad le chéile no go d-táinic tinneas cloinne uirri arís, agus chúaidh sí a bhaile, acht is air éigin fúair sí cead óna fear. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc.

[9] 'Núair rugadh an dara inghean, ní raibh an mháthair láidir go leór le faire dhéunadh uirri, agus d'fhág sí ag a cailin p.148 í le fhaire thabhairt dí. Ní raibh sí a bh-fad dá faire, 'núair tháinic dhá láimh síos thríd an simléir, agus sgiob siad leó an páisde, sul do bhí fhios ag an cailin cad é bhí sí a'dhéunadh. Ar maidin lá arna mhárach tháinic an Cú Bán an t-shléibhe le na chapall a's a chóisde, a's dubhairt sé a bhean agus a chéile a chur amach chuige. Rinneadh sin chomhtapa a's bhí ionnta, a's thóig sé leis í. Níor sgar siad le chéile don iarradh sin go raibh an bhean le aghaidh cloinne aris. Ann sin d'iarr si cead a dhul a bhaile. Dubhairt an Cú Bán leithi go bh-féudfadh sí a dhul a bhaile, acht nach rachfadh sé féin 'na coinne níos mó.

[10] D'imthigh leithi go d-táinic sí a bhaile, agus ruc sí mac breágh. Bhí fleasg óir i g-clár a éadain agus fleasg airgid i g-cúl a chinn. Ní raibh sí a bh-fad 'sa m-baile, 'núair tháinic an dá inghin eile a bhaile, agus iad gan folach orra. 'Núair chonnaic siad ise agus a cuid seóid, bhí siad grúamach go leór. Fa dheire thug siad amach annsan g-coill í agus níor fhág siad folach dá cuid éadaigh uirri, agus bhí siad ag dul dá búaladh, 'núair chúaladar torann agus an búireadhach ag teacht chuca amhail 's dá m-béidheadh na crainnte ag dul thriona chéile. Cia bhí ann acht Cú Bán an t-shléibhe? Thusaigh sé 'gá m-búaladh ann sin no go raibh siad i n-gar a bheith marbh. Bhí sé ag imtheacht leis ann sin gan focal a labhairt le na bhean, acht dubhairt sise leis ó thárla gur chuir Dia ina h-amharc é, go leanfadh sí é chomfhada 's bhí siubhal aici.

[11] Thusaigh sí dhá leanamhaint ann sin go raibh an oidhche a'tuitim. Dubhairt an Cú Bán leithi a dhul isteach i d-teach beag bhí le h-ais an bhóthair, agus go bh-fanfadh sé leithi go maidin. 'Núair tháinic sí isteach, chuir bean an tighe fáilte roimpi agus ghléas sí séire dí. Bhi sí ag itheadh go raibh sí sáthach. 'Núair bhí a dóithin itte aici, shuidh sí síos le hais na tine.

[12] Bhí cailín beag breágh a'búaladh báire ar an urlár. Bhí liathróid óir aici agus camán airgid. Bhí fleasg óir i g-clár a h-éadain agus fleasg airgid i g-cúl a cinn. Tháinic sí agus chuir sí a ceann i n-ucht na mná agus thuit sí 'na codladh. D'éis sin chuir bean an tighe 'na codladh iad ar aon. 'Núair d'éirigh sí ar maidin agus thusaigh sí a'fághbhail réidh len'imtheacht, dubhairt an chailleach leithi nach raibh aon mhaith dí ag iarraidh theacht súas le Cú Bán an t-shléibhe; acht 'núair connaic sí nach raibh aon mhaith leithi thug sí cíairín bheag p.149 di ag rádh go m-béidir go m-béidheadh úasáid éigin aici dhe fós. Ann sin d'imthigh leithi a'siubhal.

[13] 'Núair connaic Cú Bán an t-shléibhe i, thusaigh sé a'rith, agus lean sise dhó. Níor stop siad, acht ag rith no gur thuit an oidhche orra. Ann sin dubhairt an Cú Bán leithi a dhul isteach i d-teach bheag a bhí le h-ais an bhóthair agus go bh-fanfadh sé féin leithi go d-tí maidin. Rinne si sin.

[14] 'Núair tháinic sí isteach, chonnaic sí cailín beag deas a'búaladh báire ar an urlár le liathróid óir agus camán airgid; bhí fleasg óir i g-clár a h-éadain agus fleasg airgid i g-cúl a cinn. Tháinic sí agus chur sí a ceann a n-ucht na mná agus thuit si 'na codladh.

[15] Ar maidin lá arna mháireach, 'núair bhí sí ag imtheacht, thug bean an tighe siosúirín beag dí, ag rádh go m-budh fhéidir go bh-fuigheadh sí úasáid éigin fós de. Bhí sí ag rith i n-diaidh an Cú Bán an lá sin no go raibh an oidhche ag tuitim orra, agus chuir sé istcach i m-botháinín beag í go maidin. Bhí búachaillin beag deas ann ag búaladh báire le liathróid óir agus camán airgid; bhí fleasg óir i g-clár éadain agus fleasg airgid i g-cúl a chinn. Leag sé a cheann iona h-ucht agus thuit sé 'na codladh.

[16] Ar maidin lá arna mháireach, 'núair bhí sí ag imtheacht, thug bean a'tighe snáthaidín bheag dí i bh-faitchios go d-teasthódheach sí úaithi. Sul ar imthigh sí, d'iarr sí cia bhain an t-shúil as an gasúr, mar nach raibh aige acht leath-shúil. Tugadh leith-sgeul éigin dí. Ann sin bhain an bhean an t-shúil asa póca, agus ar an móiméid a bh-facadh sí an t-shúil eile, léim sí iona h-áit féin, agus bhí sé chomh-maith agus bhí sé ariamh.

[17] D'imthigh leithi ann sin no go bh-facadh sí Cú Bán an t-shléibhe. Tháinic sé súas chuici, agus dubhairt leithi nach raibh aon mhaith dhí 'ga leanamhaint, mar nach bh-feicfeadh sé amharc uirri arís go bráth, agus gurb í féin a bhí 'na cionnt-shiocar leis, agus dá bh-fanfadh sí leis féin agus na páisdidhe a breith iona theach féin, go n-imtheóchadh na geasa úaidh. Ní raibh sí i bh-fad ag rith an lá sin, 'núair tháinic sí go cnoc bheag. Chúaidh Cú Bán an t-shléibhe isteach ann, acht ar dul isteach dhó, rug sí ar bhrollach a léine agus d'fhág sí ceithre bhall fola ann. Dhúin an chnoc air, agus rinneadh cloch mhór disi.

[18] D'fhan sí mar sin ar feadh seacht m-bliadhuaua, 'núair tháinic sí dí féin arís. Bhí ag dul roimpi go d-táinic sí go teach p.150 an mhaoir. D'fhiarr sé ciar'd a chas ann so í. D'innis sí dhó. Dubhairt sesean go m-budh h-olc an rud dí a bheith ann, mar nach raibh duine ann le fada nár mharbhaidh seanchailleach ghránda a bhí 'na comhnuidhe astig 'san g-cnoc. Dubhairt sise nár mharbhaidh sí an Cú Bán, acht gur phós sí é, agus gur raibh sé 'na chomhnuidhe ann fós, agus dubhairt sí leis go m-budh mhaith leithi é fheiceál.

[19] Níor bh-fada go d-táinic cailín a bhí ag an t-sheanchailligh lé léine ag loch a bhí ann dá nigheacháin. D'fhiarr an bhean dí cá raibh sí 'dul. Dubhairt sí gur a'nigheacháin léine a maighistir. Go raibh ceithre bhall fola innti nár bh-féidir bhaint amach, agus go raibh dhá cheud cailín marbh ag an t-sheanchailligh 'núair nár fheud siad an fhuil a bhaint aisti. Dubhairt an bhean leithi an léine a thasbaint dí agus go bh-feuchfadh sí lé iad a bhaint amach. Chúaidh síad ar aon don loch, agus ní túisge leag sí lámh uirri ná tháinic an fhuil amach. Bhí faitchios ar an g-cailín bocht go marbhóchadh an seanchailleach í, 'nuair a gheobhfadh sí a bhaile, acht dubhairt an bhean leithi a rádh go raibh preachán á dul thart le láimh duine mhairbh iona ghob, agus gur thuit an lámh síos ar an léine 's gur bhain sí an fhuil aisti.

[20] 'Núair tháinic an cailín a bhaile, d'iarr an t-shean-chailleach dí, cia an nós ar bhain sí an fhuil amach. D'innis sí dhí mar dhubhairt an bhean leithi. Bhí luthghair mór ar an g-cailligh, 'núair a chúalaidh sí sin, mar shaoil sí gurbh í bean Cú Bán an t-shléibhe a bhí marbh agus go m-budh í sin ceann dá cuid lámh. Bhí go maith. 'Núair tháinic Maolcharrach (budh é so ainm an chailin, tugthaoi Cúl Carrach ar an g-cailligh) go dtí teach an mhaoir lá arna mhárach, leag bean Cú Bán an t-shléibhe an cíairín ar a ceann, agus bhí grúaig uirri chomh-deas a's chonnaic tu ariamh.

[21] 'Núair tháinic si a bhaile, d'iarr an chailleach dí, ca bh-fuair sí an ghrúaig breágh sin. Dubhairt sí go raibh cíairín ag mnaoi éigin a bhí i d-tigh an mhaoir a leag sí ar a ceann agus go d-tug sí grúaig dhi. Dubhairt an chailleach leithi, fiafraigh dhí cia r'd a bhéidheadh aici air. Chomh lúath agas d'éirigh an lá, chúaidh si soir go tigh an mhaoir agus d'iarr sí den mhnaoi ciar'd a bhéidheadh aici ar an g-ciairin. “Abair leithi”, dubhairt sí, “gur oidhche mo chodla le na fear.” Thug sí dí annsin é. Agus tharraing sí amach an siosúirín agus leag p.151 sí ar an cóitín beag stróicidhthe é, ar an moiméid bhí séoididh agus srólaidh uirri thart timchioll.

[22] Chúaidh sí a bhaile ann sin. D'iarr an t-sheanchailleach dí, cá bh-fuair sí an t-éadach breágh sin. Dubhairt sí go d-tug an bhean a bhí ag tigh an mhaoir dhí é le siosúirin beag a bhí aici. Dubhairt an chailleach leithi iarraidh dhi ciar'd a bhéidheadh aici ar an siosúirin. Ar maidin lá armháireach chúaidh sí faoi dhéint na mná agus d'iarr sí uirri mar dhubhairt an chailleach leithi. “Abair”, arsan bhean, “gur oidhche le na fear a bhéidheas mé ag iarraidh.”

[23] Tháinic an cailín beag a bhaile a's d'innis si don t-sheanchailleach ciar'd a dubhairt an bhean leithi. “A, a”, a dubhairt sí, “tiubhradh mé sin dí, acht is beag an mhaith dhí sin.” D'innis sí cailín sin don mhnaoi agus chodail sí an oidhche sin leis an Cú Bán. Bhí go maith.

  1. Dhiultigheas iarlaidh agus fearu maithe,
    Thug mé grádh dhuit thar na fearaibh.
    Is tú mac Artuir Bharr-na-gcrannaidh
    A bhí seacht mbliadhna 'na chliamhain ag m'athair,
    Agus má 's iul leat é, ná raibh maith a't (agat).

[24] Lá arna mháireach tháinic an cailín go d-tí teach an mhaoir arís. Bhí snáthaidín ag mnaoi Chú Bán a leag sí ar na seóidibh agus tháinic ballaidh beaga óir agus airgid orra ó bhun go bárr. Bhí go maith. 'Núair chonnaic an chailleach an chuma a bhí ar an g-cailín, d'iarr sí dhí ca bh-fúair sí an t-ór agus an t-airgead. D'innis sí dhí, agus theasta an t-shnáthaidín úaithi. D'innis sí sin don mhnaoi. Dubhairt an bhean go m-béarfadh sí dhí í, dá d-tiubhradh an chailleach dhí oidhche le na fear. Bhí an chailleach sásta sin a dheunadh, mar shaoil sí go m-budh bheag an mhaith dhí é.

[25] An lá sin, 'núair bhí Cú Bán a'fiadhach, dubhairt a ghíománach leis go n-innseódhach sé rud éigin dhó dá m-béidheadh fhios aige nach g-cuirfidh sé fearg air. Dubhairt an Cú Bán nach g-cuirfea. “Tá go maith”, arsa 'n gíománach, 'so agat anois é. 'Núair bhimid 'nar codladh aréir agus athrughadh aréir', (chodlochadh an gíománach i seómra ós cionn a mhaighistir), 'bhí bean i n-aondaigh leat-sa agus bhí sí ag innsin duit gach uile rud thárla dhíobh 'núair a bhí sibh pósda i n-éirinn. Acht níor chúalaidh tú focal de, mar bhí deoch súain annsan naigin a thug an chailleach duit len'ól; agus má dhéanann tú mo chomhairle, déanfamuid máilín beag leathair, agus anocht, 'núair thiucfas sí isteach leis an deoch, léig síos 'san máilín í a bhéidheas faoi do mhúinéal acht ar a bh-facadh tú ariamh, ná cur cor asat. Ann sin cuirfidh sí coinneal le bonnachaibh do chos agus dóghfadh sí íad go dtí an cnáimh, acht ná corraigh ar a bh-facadh tu ariamh.'

 p.152

[26] Bhí go maith, 'nuair chúaidh siad a codladh, tháinic an chailleach isteach le naigín agus dubhairt sí leis an Cú é ól. Dubhairt sé leithi a dhul agus rud éigin a thabhairt aige as an g-cistionach. Chomhfhad a's bhí sí shíos, chur sé an deoch an a mhailín leathair, agus thuit sé 'na chodladh má budh fhíor dhó féin. Acht bhí aimhreas uirri nár ól sé í. Dhógh sí bonnachaibh a chos isteach go dtí an cnáimh, acht níor chorraigh sé. D'imthigh si amach ann sin, mar shaoil sí go raibh sé go dearbhtha 'na chodladh. Thusaigh an Cú Bán agus a bhean á comhrádh ann sin, agus níor stad siad go rabhadar sáruighthe. D'innis sí dhó gur raibh ubh faoi chois na leaptha agus dá m-búailfidh sé an chailleach leithi, go marbhóchadh sé í. Níor budh fhada go d-táinic sí isteach a rís. Chaith sé an t-ubh leithi agus mharbh sé í. Bhí na geasa briste ann sin, agus bhí caisleán na caillighe agus gach uile rud dá fheabhas ag Cú Bán an t-shléibhe agus a mhaoi. Phós an gíománach Maolcharrach. Chúadar trasna na h-aibhne agus báthadh iad, acht tháinic mé féin slán.

Críoch.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Cú Bán an t-Shleibhe

Title (translation, English Translation): The White Hound of the Mountain

Author: unknown

Editor: Daniel O'Foharta

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Benjamin Hazard

Funded by: University College, Cork and The HEA via the LDT Project.

Edition statement

2. Second draft, corrected.

Extent: 3250 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of the Department of History, University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2005

Date: 2010

Date: 2016

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G307001

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Literature

  • Daniel O'Fotharta, Siamsa an gheimhridh; no cois an teallaigh in iargconnachta (Baile Átha Cliath [Dublin] 1892).

Digital images of the text

  • Volume 1 of the Zeitschrift für celtische Philologie is available in pdf. format on http://www.archive.org.

The edition used in the digital edition

‘Cú Bán an t-Shleibhe’ (1897). In: Zeitschrift für Celtische Philologie‍ 1. Ed. by Daniel O’Foharta, pp. 146–152, 492.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@article{G307001,
  editor 	 = {Daniel O'Foharta},
  title 	 = {Cú Bán an t-Shleibhe},
  journal 	 = {Zeitschrift für Celtische Philologie},
  number 	 = {1},
  address 	 = {Halle/Saale},
  publisher 	 = {Max Niemeyer},
  date 	 = {1897},
  pages 	 = {146–152; 492}
}

 G307001.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

The present electronic text covers Daniel O'Foharta's edition on pp. 146–152 and an addendum by O'Fotharta from Zeitschrift für Celtische Philologie 1, p. 492. The English translation is available in a separate file, T307001.

Editorial declarations

Correction: Text has been proof-read twice.

Normalization: The electronic text represents the edited text.

Quotation: Direct speech is marked q.

Hyphenation: CELT practice.

Segmentation: div0=the whole text. Paragraphs are marked and numbered p n=""; page-breaks are marked p n="".

Interpretation: Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles.

Profile description

Creation: Written down during field work

Date: c.1896

Language usage

  • Text is in late nineteenth-century Irish. (ga)
  • Opening remarks by Kuno Meyer are in English. (en)

Keywords: folklore; prose; 19c; folktale

Revision description

(Most recent first)

  1. pre-1998: Text scanned and proof-read (1); some content markup added. (ed. Staff of the CURIA Project)
  2. 2016-08-08: One verse added from Zeitschrift für Celtische Philologie 1, p. 492. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2011-02-19: Header updated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2010-04-30: Conversion script run, header updated; new wordcount made; file parsed; new SGML and HTML versions created. (ed. Beatrix Färber)
  5. 2008-10-07: Keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  6. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  7. 2005-08-04T16:01:53+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  8. 2005-08-01: File parsed and HTML file created. (ed. Benjamin Hazard)
  9. 2005-07-25: File converted to SGML; text proof-read (2); new structural and content markup inserted; header constructed. (ed. Benjamin Hazard)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Other languages

T307001: The White Hound of the Mountain (in English Translation)

Source document

G307001.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top