I took down this story from the dictation of Mrs. Mary King of Foreglas, who had it from her grandfather, a famous old shanachie. I have added the terminations for the prepositional cases, which are never now pronounced. The only other change made is in the word each, which the reciter made sometimes masculine, sometimes feminine. I have reatined the masculine form throughout.
D. O'Fotharta.
unknown
Edited by Daniel O'Foharta
An Cloidheamh Soluis agus fios fáth an aon sgeil ar na mnáibh
p.4771.
Bhí fear inn so fad ó agus is fad ó bhí, mar bhí Murchadh Bhriain Bhóimhreamhach. Chuaidh sé lá a' fiadhach agus a' fianchosgairt. Casadh fear do a raibh mullach a chinn amach tré na bhaireud, a uileanacha amach tré na chasóg a ghlúnaidhe amach tré na bhríste, a chosaidhe amach tré na bhrógaidhe. Bhí a bheul fhosgailte agus a brollach gan dúnadh.
2.
D'iarr sé de Mhurchadh an imer?ochadh sé cluiche leis. Dubhairt Murchadh nár thug sé aon ghleus imirthe ó'n m-baile. “Innseóchaidh mé”, arsa gaisgidheach leacaidhe crúadh, “do mhórshluaighte an domhain gur éiteadh tú cluiche imirt liom.” “Níos túisge 'ná dheanfaidh tú sin, imreóchad cluiche leat”, ar sa Murchadh.
3.
D'imir siad, agus chuaidh an cheud chluiche ar an n-gaisgidheach. “Tabhair do bhreith anois, a Mhurchadh Bhriain Bhóimhreamhach.” “Tugaim mar bhreith agus mar oireachtas ort, amharc mo shúil de bhóibh agus de chaoraibh romham amach; cúirt aoibhinn áluinn, agus an bhean is bhreághachta 'san domhan mar mnaoi.” A' dearcadh timcheall, bhí sin aige.
4.
“Bí inn so amárach”, ars' an ngaisgidheach leacaidhe crúadh. “Ar a bhfacadh tú ríamh”, ars' an bhean, “ná imthigh p.478 amárach gan mise, nó má imthigheann, ní'l aon rud a thug sé dhuit indé nach m-bainfeadh sé dhiot amárach.”
5.
Lá ar namhárach d'fhair sé go d-táinic an t-am lé n'imtheacht. Bhí a bhean 'na codla agus níor mhaith leis í dhúiseacht, agus d'imthigh sé aonraic. Chúaidh siad ag imirt cluiche, agus cuireadh ar Mhurchadh. “Tabhair do breith anois, a ghaisgidheach leacaidhe crúadh.” “Is é mo breith, gach a d-tug mé dhuit indé, a thabhairt ar ais chugam indiu.” Rinneadh sin.
6.
'Núair bhí an bhean ag imtheacht leis, chuir sí geasa air gan céile dheanadh dhi go ceann seacht m-bliadhna.
7.
Chúaidh Murchadh a bhaile, agus d'iarr ar a mháthair lón a ghleus dho go tapadh, go dtéidheadh sé ar thóruigheacht na mná.
8.
Ar maidin lá arnamhárach d'imthigh sé go moch maidneach agus bhí a' siubhal, go raibh deon agus deireadh an lae a' tarraingt air. Tharraing sé amach a ghleus teineadh; bhain teine chreasa as; d'fhaduigh teine; ghleus a shéire; agus thosaigh sé ag itheadh. Tháinic sin chuige seabhaicín, d'iarr cúilín nó cnáimhin, cuid ar leith, nó coimhlíson, “dhom féin agus do mo chuid seabhaicínidh.” “Cúilín a's cnáimhín, cuid ar leith, agus coimhlíon, agus dheamhan blas iosfad go d-tagadh tú i b-páirt liom.” “An é mo leithide-se de sheabhaicín ghránda ghliobach a gheobhadh i bpáirt le do leithide de righ? Is feárr go mór 'ná gaisgidheach leacaidhe crúadh, a chúaidh thart inn so indé, a d'iosfadh muc agus mart, agus nach n-iarróchadh dá mhnaoi bhreágh an raibh beul uirri; agus áit ar bith choidhche i mbeidh tú i n-géibhionn, glaodh ar sheabhaicín na coille líath agus béidh mise agat.”
9.
Shiubhal sé an dara lá go raibh deon agus deireadh an lae ag tidheacht; rinne sé teine mar rinneas an cheud lá; ghleus sé a shéire; agus thosaigh sé ag ithe. Tháinic sin chuige madr' uisge na sior-shíonteadh, d'íarr sé mar d'iarr an seabhac, agus fúair sé. Ag imtheacht do dubhairt, “áit ar bith a mbeidh geibhionn ort, glaodh orm-sa agus beidh mé agat. Is feárr go mór 'ná gaisgidheach leacaidhe crúadh a chúaidh thart inn so indé, agus nach bhfhiaróchadh den mnaoi bhreágh a bhí leis an raibh béul uirri.”
10.
Shiubhal sé an treas lá go raibh deon agus deireadh an lae a' teacht. Rug sé ar a ghleus teineadh; rinne teine; ghleus sé a shéire agus bhí ar tí é itheadh, 'núair tháinic sionnach na p.479 haille breághdha agus d'iarr: “cúilín nó cnáimhín, cuid ar leith, nó coimhlíon dom fhéin agus do mo chuid sionnaigh bheaga.” “Cúilín a's cnáimhín, cuid ar leith agus coimhlíon dhuit féin agus do do chuid sionnaigh bheaga, agus tar a leith agus ith i bpáirt liom-sa.” “An é mo leithide-se de shionnach ghliobach ghránda a dhul i bpáirt le do leithide-se de mhac righ. Is feárr go mór 'ná gaisgidheach leacaidhe crúadh, a chúaidh thart ann so 'réir agus nach bhfiaróchadh den mnaoi bhreágh a bhí leis an raibh bhéul uirri. Áit ar bith a mbéidh tú i n-géibhionn, glaodh ar shionnach na haille breághdha agus béidh mise agat.”
11.
'Núair bhí an séire ithte, dubhairt an sionnach leis: “Is feárr dhuit-se a theacht liom-sa go maidin. Cuirfidh mé croicne úainíneadh faoi do cheann agus clúmhach éiníneadh le do chosaib.” Chúaidh Murchadh leis. Ghleusadh a leaba agus thuit sé 'na chodla. 'Núair mhusgail sé ar maidin, bhí an sionnach imthighthe agus na bróga agus an lón leis.
Budh éigin do Mhurchadh siubhal cos-nochtaidhthe thridh mhuing bhog bháidhte, bonnachaidhe a chos lotaidhthe ó'n sioc, no go d-táinic se go brúach aibhne, áit a bhfacaidh sé an sionnach a' damhsa 'sna brógaibh. “Is olc an cleas do rinne tú orm”, arsa Murchadh, “ar éis an mhaith do dhean tú dhom.” “Is mé rinne do leas”, ars' an sionnach, “'tá do bhróga teith teólaidhthe le cur ar do chosaibh, agus beidhir ag an dó dheug ag an áit a bh-fuilir a' triall.”
12.
D'imthigh Murchadh leis chum an tighe. Fúair roimhe an bhean do bhúaidh gaisgidheach leacaidhe crúadh úaidh. Chuir sí fáilte roimhe. D'éirigh sí 'na suidhe; mhúch sí le pógaibh é, bháth sí le deóraibh é, thirmthe sí le brataibh míne síoda é agus le grúaig a cinn féin. Chaith siad an lá sin go súbhach, sáthach, socamhlach, go raibh deon agus deireadh an lae a' teacht, agus an fáthach ag triall ar an m-baile. Chuir sí Murchadh i bhfollach ann sin.
13.
Tháinic an fáthach faoi an dorus agus dubhairt: “Fú, fá, feasóg! faghaim boladh an Éirinnigh bhreugaigh bhradaigh.” “Bhí fhios agat go maith go bhfuighfeá boladh an Éirinnigh orm-sa, oir is Éirionnach mé”, dubhairt an bhean. “'Tá sé chomh-maith dhom bliadhain de na geasaibh a bhaint diot.”
14.1.
“Cia an fáth”, ar sé, “a bhfuil sról agus síoda agat ar an gcrann sin amuigh?” “Nach cuimhin leat gur dhubhairt tú liom gur ann bhí d'anm?” “Ní ann atá m'anm-sa, acht i n-uibh p.480 atá i mbolg lachan, atá i mbolg reithe, atá i lár sail, atá thíos 'sa' seiléir, agus ní'l i ndán mé a mharbhadh go bhfaightear fear a bhéidheas ionann breith ar an gródh mór súd thall, agus a chuireas síos é de aon iarradh, agus an sail a thógbhail de aon léim, ann sin í a sgoilteadh de aon bhuile. Rithfidh an reithe amach, agus má beirtear air, rithfidh an lacha amach as a bholg, agus má beirtear ar an lacha, rithfidh an ubh aisti agus deanfadh sí ar an loch agus deanfar eascuin di; agus má beirtear ar an uibh féin, ní féidir mé mharbhadh nó go mbúailtear í ar an ball dórán atá faoi mo chíoch chlé.”
14.2.
Ar maidin lá arnamhárach, 'núair d'imthigh sé, d'innis sí do Mhurchadh an nós ar bhféidir an fáthach a mharbhadh. Rug Murchadh ar an gródh, chuir síos d'aon iarradh é, thog sé an tshail de aon léim, sgoilt sé í de aon bhuile. Amach leis an reithe. “Cá bhfuil tú anois, a shionnach na haille breághdha?” “Tá mé inn so, agus an reithe i ngreim agam.” Amach leis an lacha as bolg an reithe. “Cá bhfuil tú anois, a sheabhaicín na coille líath?” “Tá mé inn so, agus an lacha i ngreim agam.” Súd ar siubhal an ubh a' deanadh ar an loch. “Cá bhfuil tú anois, a madr' uisge na síor shíonteadh?” “Tá mé ann so, agus an ubh agam dhuit-se.” Rug Murchadh ar an uibh. Bhí gaisgidheach leacaidhe crúadh a' deanadh air, oir chúalaidh sé an chéud mhéighil a chur an reithe as. Bhúail Murchadh leis an uibh ar an ball dórán é, agus thuit sé. Dubhairt, agus é ag fághbháil bháis: “Cuirim de gheasaibh ort den an dara oidhche a chodladh ar aon leaba, 'ná an dara béilidh d'itheadh d'aon bhord, go dtugadh tú ann so an cloidheamh soluis atá 'san domhan shoir agus fios fáth an aon sgéil ar na mnáibh.”
15.
Dubhairt a bhean leis: “Bhí sé chomh-maith do chailleadh indé le do chailleadh amárach. Is ag mac dearbhráthra liom-sa 'tá sé sin; agus ní'l aon spíce in a ghardha nach bhfuil cloigeann mac righ le bainrioghain, acht aon spíce amháin, agus le aghaidh do chloigeann-sa atá sé sin. Fan go ceann sgathadh no go léigfidh tú do sgíth. 'Tá tú sáruighthe; agus ní fuláir dhuit thú féin a neartughadh sul má n-imeóchadh tú.” Do rinne amhlaidh.
Faoi dheire dubhairt: “Tá sé chomh-maith a bheith ag imtheacht.” “Gabh amach”, adubhairt a bhean, “agus beir ar m'each beag gliobach corr, agus tabhair leat é.” Chúaidh sé amach, agus da mbéidheadh sé a' rith i ndiaidh an eich ó shoin, p.481 ní bhearfadh air. Chúaidh sí féin amach ann sin, agus tharraing sí srían beag as a póca, agus tháinic an each agus shac sé a cheann isteach ann. “Tabhair aghaidh ar an gcúirt, agus feuch a gcaithfeá an chúirt trí úaire.” Thug sé aghaidh ar an gcúirt, agus chaith sé an chúirt. “Deanfadh tú an marcuigheacht, ar chaoi ar bith”, arsa bhean, “cia ar bith rud eile a dheanfas tú.”
16.
“Ná stop go bráth go dtéidh tú go dtí teach m'athar, agus ná suidh ar aon chathaoir no go suidhfidh tú ar mo chathaoir óir 'tá 'san seomra is airde 'san teach; agus ar éigin a leigfir dhuit sin a dheanadh.” Bhí sé ag imtheacht agus bhéarfadh sé seacht n-úaire ar an ghaoith Mhárta a bhí roimhe, sul dá mbéarfadh an ghaoith a bhí 'na dhiaidh ar aon úair amháin.
17.
D'éirigh ceann de na searbhoghantaib amach, agus dubhairt: “Dheamhan pictiúr each beag gliobach corr na maighistreasa a chonnaic tú ariamh mar an each 'tá a' tidheacht aníar.” “Ná bí ag caint uirri”, arsa ceann eile aca, “'támuid fada go leór go míoshuimhneach, agus ná tarraing chugainn anúas í.” D'éirighdear amach an dara úair agus d'aithnidear go maith gurb é bhí ann. 'Núair tháinic sé go dtí an stábla, chúaidh uile each eile a bhí ann ar a ghlúnaibh ag cur fáilte roimhe. Tháinic Murchadh isteach, agus níor stop gur chúaidh sé go bárr an tighe agus shuidh sé 'san gcathaoir óir a d'ordaigh a bhean dhó. “Fóil, a dhuine úasail”, arsa fear an tighe, “ná suidh ann sin; níor léigeadh do dhuine ar bith suidhe inti ó d'imthigh mo inghean féin.” “Suidhfidh mise inti”, arsa Murchadh, “oir is mé féin is feárr a shaoruigh í.”
18.
D'ínnis sé dhó fios agus fáth a aisdir, agus dubhairt gur a thóir an chloidheamh soluis agus fios fáth an aon sgéil ar na mnáibh tháinic sé. “Is ag mac dham-sa 'tá sé sin, agus ni'l spíce in a ghardha nach bhfuil cloigeann mac righ le bainrioghain, acht aon spíce amháin, agus 'táim dearbha gur le aghaidh do cheann-sa 'tá sin, acht ní'l neart air.” “Tabhair leat anocht an each caol dubh, agus téidh go dtí an dorus, agus abair le mac na stríopuighe an cloidheamh soluis a chuir amach, agus ná spáráil spuir air go mbéidh tú ann so chugam-sa ar ais.”
19.
Do rinne sé sin. Rith an fear 'na dhiaidh agus an cloideamh soluis aige, gur lean sé go teach athar é. “Ní féidir, a mhic, go bhfuil tú a' teacht faoi mo thighe-se agus fearg ort?” “Ní fheidim, athair”, ars' an mac, a' tarraingt an cloidheamh, agus a' deanadh dhá leith den each. “Ní'l neart air” ars' an t-athair, p.482 “is feárr anm duine ná sin féin. Imthigh leat anocht”, ars' an t-athair, “agus tabhair leat an each caol bán, agus congbhaidh a dteas a chuid fola é, agus má dhean tú deifir aréir, dean dhá dheifir anocht.”
20.
D'imthigh leis, an each caol bán faoi, agus dubhairt le mac na stríopuighe an cloidheamh soluis a chur amach, agus d'imthigh go deifreach ón gcaislean. Lean an fear é agus an cloidheamh soluis aige, no go dtáinic go dorus tighe athar. “An bhfuil tú a' teacht agus fearg ort, a mhic?” “Ní féidir liom sin a dheanadh, athair.” Leis sin tharraing sé an cloidheamh soluis agus bhain sé an trubal (iarball) den each. “Geobhar sin le leigheas”, ars' an t-athair. “Tabhair leat anocht do each beag gliobach corr, agus bain do bhróga dhiot, agus imthigh in do stocaibh. B'fhéidir, ó 'tá sé gan súaimhneas le dhá oidhche go bhfuighfeá 'na chodla anocht é; agus má fhághann, gabh isteach in do stocaibh, agus feicfidh tú an cloidheamh soluis crochta ós cionn na cloidhmheadh eile, beir air agus tabhair leat é, agus leanfadh sé féin ann sin thú.”
21.
D'imthigh leis agus fúair 'na chodla é; thug sé leis an Cloidheamh Soluis, agus lean fear a chúmhdaighthe é go teach athar. “Atá an Cloidheamh Soluis agat anois, acht ní féidir fios fáth an aon sgéil ar na mnáibh a thabhairt duit no go dtagadh mo bhean a lathair, agus go dtugtear ceangal na gcú gcaor go daor agus go docrach (docht) orm, go dtiubhradh ladharaicín mo choise sanas do mo chlúaisibh, agus go gcuirfir an braon atá i mbarr mo chinn amach thrídh m'ordóg; go dtugtar sileadh na righ-choindle (rae-choindle?) orm, go dtéidh sé ó smior go smiontán, agus ó smiontán go smantán.”
22.
Chúaidh a gcoinne na mná ann sin, agus thugadar a lathair í.
“Bhí mise pósda ag mo mnaoí féin faoi mhórchion, agus thosaigh sí a thabhairt gean do mhucaidh na muc. Thug sí slaitín draoidheachta leithe agus rinne sí tarbh ar na beithidh(ibh) dhiom-sa. Mar bhí ciall an duine agam féin, ní raibh lá ar bith nach mbéidheadh trí nó ceathar de na beithidhibh is feárr marbh agam-sa. Budh mhór leithe a raibh mé a' marbhadh de na beithidhibh, agus rinne sí seanghearran bán diom. Bhídheann ag obair ag gach uile dhuine: ann sin an té a thaithneochadh liom, dheanfainn a chuid oibre go sásta; acht an té nach dtaithneochadh liom, dheanfainn míonós air. Bhídheann a' leagaint na p.483 gcladhacha ar na ngardhantaibh agus ag léigint na beithidhe isteach ionnta. Rinne sí madr'alla 'san gcnoc ann sin diom. Bhí mé a' marbhudh na gcaorach ann sin uirri; agus bheidheadh sé nó seacht de cheannaibh de na caoraibh is feárr marbh agam gach uile lá.”
23.
Budh mhór leithe an slad a bhí mé a' dheanadh, agus chúaidh sí faoi dhéin a h-athar, agus dubhairt go raibh madr'alla 'sa gcnoc a' marbhadh na gcaorach; a' rádh leis cunfuirt a chrionughadh agus fiadhach a chur air. Thug leis na cunfuirt, agus chúaidh a' fiadhach, le suil mise do mharbhadh. Mar bhí ciall an duine agam féin, 'núair bhí na cunfuirt a' teacht súas liom, chúaidh mé ar mo ghlúnaibh a bhfiadhnuise an righ. Thóg sé eidir a dhá láimh mé agus níor thug cead de na cunfuirtibh mé mharbhadh. Thug sé a bhaile ann sin mé 'un (chum) a thighe féin. Ní raibh splanc ná spreó aici-si leis, 'núair nár mharbh sé mé d'aon léim. Dubhairt an t-athair inn sin leithe nach marbhóchaidh sé mé, agus nach mbeidheadh aon duine buidheach dhe féin a dheanfadh dadamh air; gur chaith sé é féin ag a chosaibh ag iarradh pardún, agus bhfúair sin úaidh.
24.
Bhí fáthach mór iona chomhursanacht agus ní'l aon mhac a rugadh don righ nach sgiobfadh sé leis é oidhche a bheirthe; agus 'sé an obair a bhidheadh orra, 'núair tháinic crúadhas ar bith ionnta, i gcionn gabhar. Rugadh mac dó an oidhche so a thug sé an maidrín leis. Tháinic an fáthach agus shaoil sé an paisde a thabhairt leis; acht rug an maidrín ar greim láimhe air, agus sgiob sé an lámh ón ngúalainn de, agus thug sé an lámh agus an leanbh isteach faoi an leaba. Thuit an righ 'na chodla agus thusaigh a' brionglóidedh go raibh an páisde ag an madadh faoi an leaba. 'Núair dhúisigh sé, d'innis a bhrionglóide dá inghin, agus d'iarr coinneall go gcúartóchadh sé faoi an leaba. Dubhairt sise leis nach raibh aon lá aríamh nach raibh seabhóid air. Mar sin féin b'éigin solus d'fhághbháil. Fúair sé an maidrín agus an leanbh eidir a chosaibh, agus lámh an fháithigh aige faoi an leaba. Cia ar bith cion a bhí aige ar an maidrín ar dtús, bhí dhá eirid cion aige air ann sin.
25.
Budh mhór leithe-se an cion a bhí ag a h-athair ar an maidrín, agus thugh an leanbh i dtigh eile 'gá oileamhain. Chuimil sí fuil do bhéul an mhaidrín, agus dubhairt le na h-athair, gur mharbh sé an páisde, agus gurb aisdeach an rud a rinne sé, madr'alla a thabhairt ón gcnoc gan é mharbhadh, agus go mbudh p.484 cóir dhó é mharbhadh anois. Dubhairt se-sean nach marbhóchadh sé go deo é, acht go ndibireóchadh sé é. Dhíbir sé ann sin an maidrín.
26.
Bhí sé ag imtheacht gur casadh an triúr mac a tugadh ó'n righ, i gcionn gabhar, agus íad ag caoineacháin. D'iarr sé dhiobh ciar'd a bhí orra. Dubhairt síad leis gur baineadh a lámh den fháthach i dtigh an righ aréir, agus gur raibh sé le íad féin a mharbhadh anocht.
27.
“Má 'tá aon rath orraibh-se agus congnamh a thabhairt dham-sa, cuirfimid caoi shocraighthe ar an bhfáthach. Thosaigh sé ann sin ag marbhadh na ngabhar agus 'ga bhfeannadh, gur mharbh sé ceithre cinn. Chuir sé croicne na ngabhar air féin agus orra féin, agus dubhairt, 'núair glaodhfas an fáthach isteach ar na gabhairibh, rithfidh mise isteach agus bainfid an t-shúil as le m'adharc. Glaodhfaidh sé orraibh-se, ag feuchaint a bhfuil sibh istigh. Ann sin glaodhfaidh sé ar na gabharaibh, mar 'tá ainm ar leith aige orra. Bidheadh sibh-se amach ar dtús, oir ní aithneóchadh sé sibh, mar 'tá croicne na ngabhar orraibh. Béidh mise amach 'nar ndiaidh. Tarraingeochaidh sé an cúaille atá a' congbhail súas an tigh. Tuitfidh an teach air féin agus na gabharaibh eile, agus marbhochar iad.”
28.
Tráthnóna glaodhadh ar na gabharaibh, agus chúaidh síad isteach i dtigh an fháthaigh. D'íarr an raibh an triur búachall istigh. Dubhairt síad leis go raibh. Thosaigh sé a' glaodhach orra, agus dá léigint amach. 'Núair bhí an comhaireadh amuigh aige, tharraing sé an maide a bhí ag congbhail súas an tigh. Thuit an teach ann a mhullach agus marbhuigheadh é. Tháinic an triúr mac a bhaile ag an righ, agus bhí práinn mhór aige asta.
29.
Dubhairt an maidrín leo go raibh slaitín dheas 'san cofra, agus í d'fhághbháil. D'íarr síad í, agus 'núair nár bhfíar í thosaighdear a' caoineadh, a' caoineadh, go mb'éigin an cofra osgailt agus an t-shlat a thabhairt dóibh. Bhí greim arán i láimh anté fúair an t-shlat. Léim an maidrín súas leis an arán d'fhághbháil. Búaileadh buille den t-shlaitín draoidheachta air. Baineadh an draoidheacht dhe, agus bhí sé 'na dhuine úasal mar bhí i dtús a shaoghail.
30.
Gurb é sin agaibh sgeul an Cloidheamh Soluis agus fios fáth an aon sgéil ar na mnáibh.
Críoch.
Document details
The TEI Header
File description
Title statement
Title (uniform): An Cloidheamh Soluis agus fios fáth an aon sgeil ar na mnáibh
Title (translation, English Translation): The Shining Sword and the Knowledge of the Cause of the one Story about Women
Author: unknown
Editor: Daniel O'Foharta
Responsibility statement
Electronic edition compiled by: Beatrix Färber
Funded by: University College, Cork, School of History
Edition statement
1. First draft.
Extent: 3685 words
Publication statement
Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of the Department of History, University College, Cork
Address: College Road, Cork, Ireland — http://www.ucc.ie/celt
Date: 2016
Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.
CELT document ID: G307002
Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.
Source description
Digital images of the text
- Volume 1 of the Zeitschrift für celtische Philologie is available in pdf. format on http://www.archive.org.
The edition used in the digital edition
‘An Cloidheamh Soluis agus fios fáth an aon sgeil ar na mnáibh’ (1897). In: Zeitschrift für Celtische Philologie 1. Ed. by Daniel O’Foharta, pp. 477–485.
You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:
@article{G307002, editor = {Daniel O'Foharta}, title = {An Cloidheamh Soluis agus fios fáth an aon sgeil ar na mnáibh}, journal = {Zeitschrift für Celtische Philologie}, number = {1}, address = {Halle/Saale}, publisher = {Max Niemeyer}, date = {1897}, pages = {477–485} }
Encoding description
Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling declarations
The present electronic text covers Daniel O'Foharta's edition on pp. 477–485. The English translation is available in a separate file, T307002.
Editorial declarations
Correction: Text has been proof-read twice.
Normalization: The electronic text represents the edited text. The rendering is not quite consistent in the use of the síneadh fada, and on occasion has been made more consistent.
Quotation: Direct speech is marked q.
Hyphenation: CELT practice.
Segmentation: div0=the whole text. Paragraphs are marked and numbered p n=""; page-breaks are marked p n="".
Interpretation: Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles.
Reference declaration
A canonical reference to a location in this text should be made using “section”, eg section 1.
Profile description
Creation: Written down during field work
Date: c.1896
Language usage
- Text is in late nineteenth-century Irish. (ga)
- Opening remarks are in English. (en)
Keywords: folklore; prose; 19c; folktale; animal helpers; external soul
Revision description
(Most recent first)
- pre-1998: Text keyed in, basic markup added. (ed. Staff of the CURIA Project)
- 2016-08-08: File parsed and validated; SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
- 2016-08-08: TEI header constructed. (ed. Beatrix Färber)
- 2016-08-06: File converted to XML; text proof-read (2); new structural and content markup inserted. (ed. Beatrix Färber)