CELT document G400046

A bennáin, a búiredáin

Unknown author

Whole text

     p.122

    A bennáin, a búiredáin

    Suibne in the woods

    Ō ro thairis Suibne ar barr chraoibhe urairde eidhnighe ann sin, ro thairis an chailleach ar crann eile ina ̇farradh {}. At-chúalaidh-siomh búiriudh an doimh alla, & do-rinni an laoīdh, & tuc teastmholta crann Ēireann ós aird innte, ag foraithmheadh ar-aill dīa dheacruibh & dīa imsníomh budh-dhéin, go n-débairt ann-so:

  1. A bennáin, a búiredáin,
    a béicedáin binn,
    is binn linn in cúicherán
    do-ní tú 'sin glinn.
  2. Éolchaire mo mennatáin
    do-rala ar mo chéill —
    na lois isin machaire,
    na h-ois isin t-sléib.
  3. A dair dosach duilledach,
    at ard ós cinn chruinn;
    a cholláin, a chráebacháin,
    a chomra chnó cuill.
  4. A ̇fern, nídot náimtide;
    is álainn do lí;
    nidat {} scenbaide
    ar in m-beirn i m-bí.
  5.  p.124
  6. A draignéin, a delgnacháin,
    a áirnecháin duib;
    a birair, a barrglasáin,
    do brú thopair luin.
  7. A minéin na conaire,
    at milse gach luib,
    a glasáin, a adglasáin,
    a lus forsa m-bí in t-suib.
  8. A aball, a ablachóc,
    trén rot-chraithenn cách;
    a cháerthainn, a cháeracháin,
    is álainn do bláth.
  9. A driséoc, a druimnechóc,
    ní dama cert cuir:
    ní ana 'gum letradsa
    gursat lomlán d' ̇fuil.
  10. A ibair, a ibracháin,
    i reilgib bat réil;
    a eidinn, a eidnecháin,
    at gnáth i coill chéir.
  11. A chuilinn, a chlithmaráin,
    a chomla re gaíth;
    a uinnes, a urbadach,
    a arm láma laích.
  12. A beithe bláith bennachtach,
    a borrfadach binn,
    álainn gach cráeb chengailtech
    i mullach do chinn.
  13. Crithach ara chrithugud
    at-chluinim 'ma sech;
    a duille for rithugud
    dar lem is í in chrech.
  14. Mo miscais i fidbadaib
    (ní cheilim ar cách)
    gamnach darach duilledach
    ar sibal go gnáth.
  15.  p.126
  16. Is olc sén ar milles-sa
    ainech Rónáin Finn;
    a ̇ferta rom-búaidretar,
    a chlocáin ón chill.
  17. Is olc sén i fúarus-sa
    eirred Congail chóir,
    a inar cáem cumtachglan
    co cortharaib óir.
  18. Rop é guth gach áenduine
    don t-slóg détla daith;
    “Nā tét úaib fán célmaine”
    “fer in inair maith”.
  19. Gonaid, marbaid, airligid;
    gabaid uile a eill;
    cuirid é, cid lór do chin,
    ar bir is ar beinn.
  20. Na marcaig dom thárrachtain
    dar Mag Coba cruinn:
    ní roich úaidib áenurchar
    dam-sa dar mo druim.
  21. Ac dula dar eidnechtaib
    (ní cheilim, a laích)
    degurchar na gothnaite
    damsa résin n-gaíth.
  22. A eltéoc, a luirgnechóc,
    fúarus-sa do greim;
    mise ort ac marcaigecht
    as gach beinn i m-beinn.
  23. Ó Charn Chronáin chomramaig
    co beinn Slébe Níad,
    ó beinn Slébe Uillinne
    ricim Crota Clíach.
  24. Ó Chrotaib Clíach comdála
    co Carn Liffe Luirc,
    ricim re tráth íarnóna
    co Beinn Gulban Guirt.
  25.  p.128
  26. M'adaig ría cath Congaile
    robo sirsan lem,
    'síu no beinn for utmaille
    ac siriud na m-benn.
  27. Glenn m-Bolcáin mo bithárus;
    fír fúarus a greim;
    mór n-aidche ro ̇frithálus
    rith rothrén re beinn.
  28. Dá sirinn im áenaide
    sléibte domain duinn,
    ferr lim inad áenboithe
    i n-Glinn Bolcáin buirr.
  29. Maith a uisce idan-glas;
    maith a gáeth glan garg;
    maith a birar birar-glas;
    maith a ̇fothlacht ard.
  30. Maith a eidnech idnaide;
    maith a sail glan grinn;
    maith a ibar ibraide;
    ferr a beithe binn.
  31. Dá tístasu, a Loingsecháin,
    chucum in gach richt,
    cech n-aidche dom acallaim,
    bēs ní anfainn frit.
  32. Ní anfainn ret acallaim
    munbad scél rom-gét,
    athair, máthair, ingen, mac,
    bráthair, ben balc d'éc.
  33. Dá tístea dom acallaim
    ní bad ferrde lem;
    ro sirfinn ría matanraid
    sléibte Boirche Benn.
  34. Do muilenn in menmaráin
    no meiltea do thúaith,
    a thrúagáin, a thoirsecháin,
    a Loingsecháin lúaith.
  35. A chaillech in muilinn-se,
    cid 'mā n-geibe m'eill?
    M' écnach duit at-chluinim-se
    is tú i-mmuig ar in beinn.
  36. A chaillech, a chuirr-chennach,
    in raga for ech?
    “No ragainn, a thuirr-chennach”
    munam-̇faiced nech.”
  37. “Dá n-dechar, a Suibnecháin,”
    “rop soraid mo léim.”
    toraissiu, a chaillecháin,
    ní rís slán céill.
  38. “Ní cóir, éim, a n-apraidsi”
    “a meic Colmáin cais;”
    “nách ferrde mo marcachas”
    “gan tuitim tar m'ais?”
  39. Is cóir, éim, a n-apraim-se,
    a chaillech gan chéill;
    deman acut aidmilliud:
    rot-millis fa-déin.
  40. “Nach ferrde let m' eladain,”
    “a geilt sáerda seng,”
    “mo beith acut lenamain”
    “i mullaigib benn?”
  41. Dosán eidinn imúallach
    ásas tré chrann cas,
    dá m-beinnse 'na chertmullach
    no ágsainn techt as.
  42. Teichim ríasna h-uiséoca;
    is é in trénrith tenn;
    lingim tar na guiséoca
    i mullaigib benn.
  43. Ferán eidinn imúallach
    in tan éirghes dúinn,
    gairit bím dá thárrachtain
    ó ro ás mo chlúim.
  44.  p.152
  45. Crebar oscar antuicsech
    in tan éirges dam,
    idnar lim is derg-náma
    in lon do-ní in scal.
  46. Gach áenúair ro linginn-se
    co m-bínn ar in lár
    co faicinn in cremthannán
    thís ac creim na cnám
  47. Sech gach coin i n-eidnechaib
    lúath no geibed m' eill;
    is é lúas no linginn-se
    co m-bínn ar in beinn.
  48. Sinnaig beca ac brécairecht
    chucum ocus úaim;
    meic thíre ar a lécaidecht
    teichim-se re a fúaim.
  49. Ro thríallsat mo thárrachtain
    ac tocht 'na rith tenn,
    gur theiches-sa rempu-som
    i mullaigib benn.
  50. Tánic frim mo thairimthecht
    gipé conair thías;
    is léir dam ar m' airchisecht
    am cáera gan lías.
  51. Bile Cille Lugaide
    i tuilim súan sáim:
    ba h-aíbniu i ré Chongaile
    Áenach Line láin.
  52. Do-raga in réodh réltanach
    ferfas ar gach linn;
    isam súairrech sechránach,
    's mise faí ar in binn.
  53. Na corra go corrgaire
    i n-Glinn Aigle úair;
    elta d' énaib imlúatha
    chucum ocus úaim.
  54.  p.134
  55. Ní charaim in sibenrad
    do-níat fir is mná;
    binne lim ac ceilebrad
    lon 'sin aird i tá.
  56. Ní charaim in stocairecht
    at-chluinim go moch;
    binne lim ac brocairecht
    bruic i m-bennaib broc.
  57. Ní charaim in cornairecht
    at-chluinim go tenn;
    binne lim ac damgairecht
    da dá ̇fichet benn.
  58. Atá adbar seisrige
    as gach glinn i n-glenn,
    gach dam ina ̇freslige
    i mullach na m-benn.
  59. Cid imda dom damraid-se
    as gach glinn i n-glenn,
    ní meinic lám aireman
    ac dúnad a m-benn:
  60. Dam Sléibe aird Éiblinne,
    dam Sléibe Fúait féig,
    dam Ella, dam Orbraige,
    dam lonn Locha Léin,
  61. Dam Seimne, dam Latharna,
    dam Líne na lenn,
    dam Cúailnge, dam Conachla,
    dam Bairne dá benn,
  62. A máthair na graige-se,
    ro líathad do lenn;
    ni ̇fuil dam it degaid-se
    gan dá ̇fichet benn.
  63. Mó ná adbar leinníne
    ro líathad dot chinn;
    dambenn ar gach meinníne,
    beinníne ar gach minn.
  64.  p.136
  65. A doim do-ní in fogarán
    chucum tar in n-glenn,
    maith in t-inad foradán
    i mullach do benn.
  66. Is mé Suibne sirthechán;
    lúath reithim tar glenn;
    nochan é m' ainm dligthechán;
    mó is ainm dam Fer Benn.
  67. Tiprait is ̇ferr ̇fúarus-sa
    tipra Leithit láin,
    tipra is áille innúaire
    úarán Dúine Máil.
  68. Gidat imda m' imirce
    m' étach in-díu is gerr.
    Mé féin do-ní m'̇foraire
    i mullach na m-benn.
  69. A raithnech, a rúaḋfota,
    ro rúadad do lenn;
    ní h-ossair ̇fir ̇fúacartha
    i n-gablaib do benn.
  70. Bid ann bías mo bith-lige
    tes ac Taídin teinn;
    ac Tig Mo Ling bith-ainglide
    táethus-sa do beinn.
  71. Do-rat mise it chumman-sa
    mallacht Rónáin Finn,
    a bennáin, a búiredáin,
    a béicedáin binn.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): A bennáin, a búiredáin

Title (translation, English Translation): Suibne in the Woods

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Donnchadh Ó Corráin

Funded by: University College, Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft, revised and corrected.

Extent: 2095 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland— http://www.ucc.ie/celt

Date: 1996

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G400046

Availability: The hard copy on which the present electronic edition is based is copyright by Oxford University Press, and is here used by kind permission of the publishers.

Source description

Manuscript sources.

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 236, 88a-b (olim B iv 1, see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 5, 586).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 58, 153-58 (olim 23 K 44, see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 2, 165).

Editions.

  • J. G. O'Keeffe, Buile Shuibne (London 1913; Dublin 1932).

Translations.

  • J. G. O'Keeffe, Buile Shuibne (London 1913).

The edition used in the digital edition.

‘Suibne in the Woods’ (1956). In: Early Irish lyrics, eighth to twelfth century‍. Ed. by Gerard Murphy. Oxford: Clarendon Press, pp. 122–136.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G400046,
  editor 	 = {Gerard Murphy},
  title 	 = {Suibne in the Woods},
  booktitle 	 = {Early Irish lyrics, eighth to twelfth century},
  editor 	 = {Gerard Murphy},
  address 	 = {Oxford},
  publisher 	 = {Clarendon Press},
  date 	 = {1956},
  pages 	 = {122–136}
}

 G400046.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All editorial introduction, translation, glossary, notes and indexes have been omitted. Editorial corrigenda are integrated into the electronic edition. Only the text of the Murphy's edition is retained, and for this electronic edition the variants cited by Murphy are not reproduced. A full citation of variants is likely in a future electronic edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked and proof-read. All corrections and supplied text are tagged. Further checking is required.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Words are segmented in accordance with CELT practice, but this segmentation may not be yet complete.

Quotation: Quotation marks are rendered q.

Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break or line-break, the page-break and line-break are marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation: div0 encloses the whole text; div1 is the poem. Typographical line-breaks in prose passages are not marked. Page-breaks of the printed text are marked.

Standard values: There are no dates.

Interpretation: Names of persons (given names and surnames), groups (dynasties, tribes, peoples etc.), places are tagged. Numbers and dates are tagged.

Profile description

Creation: By anonymous authors in Irish monastic scriptoria c.1150–1200

Language usage

  • The text is in Middle and Early Modern Irish. (ga)
  • The subtitle is in English. (en)

Keywords: poetry; medieval; Suibne; Geilt

Revision description

(Most recent first)

  1. 2010-11-16: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-09-01: File validated. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-09-01: File validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2008-07-30: Keywords added. (ed. Ruth Murphy)
  5. 2008-07-30: Keywords added. (ed. Ruth Murphy)
  6. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  7. 2005-08-04T16:04:05+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  8. 1997-09-05: Header created; text normalized using SGMLNORM and parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  9. 1996-02-05: Creation and insertion of TEI Header for the anthology; revision of structural mark-up. (ed. Donnchadh Ó Corráin)
  10. 1996-02-05: Revised text parsed and mark-up verified using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
  11. 1995-08: Checking and proofing text. (ed. Tiarnán Ó Corráin)
  12. 1995-02: Checking and proofing text. (ed. Mavis Cournane)
  13. 1994: Checking and proofing text. (ed. Aideen O'Leary)
  14. 1994: Proofing and correction of edition. (ed. Patricia Kelly)
  15. 1993: Data capture completed. (ed. Donnchadh Ó Corráin)

Index to all documents

Standardisation of values

  • There are no dates.

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G400046.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top