CELT document G402029

Ceithearn coilleadh clann Ádhuimh

unknown

Whole text

    Ceithearn coilleadh clann Ádhuimh

     p.30
  1. Ceithearn coilleadh clann Ádhuimh,
    clann ler coilleadh a riaghail;
    buain re crann as a gcánaidh
    clann Ádhaimh uaidh ar iarraidh.
  2. Cé tá Dia ag díon gach pheacthaigh
    dá shíol cia nachar chiontaigh?
    is truaigh an tráth fá dtuigthir:
    tuitfidh cách uaibh 'n-a gciontaibh.
  3. Gan sheilbh an ubhaill d'Éabha
    níor fhulaing gér fheidhm dána;
    dá cloinn do bhean a mbuadha
    bean bhuana croinn na cána.
  4. Crann na haithne tré iomadh
    a aithne is ann do cailleadh
    do chuir sé mnaoi dar milleadh
    do bhaoi i gcinneadh hé d'aingeal.
  5. Seal péine ar chorp an Choimdheadh
    tre ar bpéin-ne i bport a bhíodhbhadh
    ar loit sinn más é a adhbhar
    damhnadh Dé inn ro b'iongnadh.
  6.  p.31
  7. Do fhulaing bheith fa a mbreathaibh
    do leith ubhaill a fhachain;
    sé i n-uaigh gan fhear 'n-a fhochair
    teagh othair fhuair ar n-athair.
  8. Cuir, a dhuine, re a dhéanamh,
    guidh ar Muire red mhúnadh;
    doilghe dheit é ná a dhéanamh
    séaladh Meic Dé gan dúnadh.
  9. Re feadh diomdha Dé, a dhuine,
    do bhiodhbha is é t'fhear faire;
    biaidh sé ort 'n-a dá eire
    an t-olc reimhe is é ar th'aire.
  10. Nocha bí acht ar bhrú baoghail
    san ní nach dú do dhéanaimh
    biodhbha Dé ar th'olc 'n-a fhiadhain
    gidh diamhair é ort ar fhéaghain.
  11. Saor na cruinne ó nar charais
    ní thuille an t-aobh ór ailis;
    fuath do reacht Dé níor dhlighis,
    milis é re dteacht dthairis.
  12. Foghnamh go bás dó dhlighe;
    mó sa mhó an grás do-gheibhe;
    má tá ar-aon re Mac Muire
    cuire lat gach aon eile.
  13. Céim deacair dul ó a fhalaidh
    gan chur peacaigh i bpudhair;
    gidh suairc bhím fa mbí im dheaghaidh
    dleaghair dhínn ní ó a-nuraidh.
  14. Lámh linn níor fhéad an umhla,
    is lán inn do mhéad meanma;
    níor fhaomh mé díol a dhiomdha
    biodhbha Dé dhíom go ndearna.
  15. Mé an gort nach tig a thoradh;
    tig gach gort mar a gheamhar;
    is mé an síol nar ghabh glanadh
    ní taradh glan díom dhleaghar.
  16. Saor sinn ar fhalaidh t'othair,
    sinn it aghaidh re hathaidh;
    nír fhaomh mé an corp do chaithimh,
    braithidh sé ar mh'olc, a athair.
  17.  p.32
  18. Síol Ádhaimh is síol sligheadh
    síol dá nach tárair toradh;
    dá chloinn do thuit a dtaradh
    coill fhalamh dhuit an domhan.
  19. Tre ar fhás gach laoi d'fheirg t'othair,
    a leinb do bhaoi sa Bheithil,
    breith ar chách uaibh, a Athair,
    rachaidh uair nach tráth teithidh.
  20. Fa-ríor is olc dot iarraidh
    gach olc do shíor im shúilibh;
    múin do réir dhúinn do dhéinimh
    réidhigh féin dúinn, a Dhúilimh.
  21. Níor lór deit gach dál eile
    gan an ngrádh, a Mheic Muire,
    mo chradh tar cheann a ndlighe;
    fagh cridhe i ngeall do ghuidhe.
  22. Maith mo dhíon ann ar aoibhneas
    fad dhíon an dann do-chuadhas;
    car red réir má do-ríneas
    díleas damh féin a bhfuaras.
  23. A bhfuil reamhuin-ne id ríthigh
    dar bhfearainn-ne a bhfuil fúthaibh;
    bráthair dhuid mé ód mháthair
    druid bráthair Dé red dúthaigh.
  24. T'fhearg, a rí, um cheann do chloinne
    re searg dí bu fhearr inn-ne;
    do shíodh, a chinn na cruinne,
    buime an Ríogh rinn do-rinne.
  25. Do bhí raon dod ráth roimhe
    do bu caol re cách uile;
    súgh a cígh is a cridhe
    slighe sídh go múr Muire.
  26. Do shíoth re cách do ceangladh
    bhar bhfíoch an tráth do toirneadh;
    breith t'fhine dhuit ó an damnadh
    adhbhar luit cridhe an Choimdheadh.
  27. Tú it aonar fhuair a n-eire
    do saoradh uaibh an uile;
    dul sa leath chlé dod chridhe
    slighe i dteach nDé 'gun duine.
  28.  p.33
  29. Do theachta ón chóir 'n-ar gcoinne
    is eachtra do fhóir inn-ne;
    ón lán do bhíodh 'n-a bruinne
    's ó bhuime an ríogh is slán sinn- ne.
  30. Tréan tú ar gach éinní eile
    is tú éinrí na n-uile;
    ort, a rí, go ria ar n-aire
    caidhe an ní as Dia don duine.
  31. Diomdha ag uan Dé 'n-a dheaghaidh
    is truagh don té nach airigh
    grádh do Dhia an tann nach tabhair;
    cia as cabhair ann 'n-a aighidh?
  32. An crann do-chóidh 'n-a chroidhe
    is ann do fhóir ar n-eire;
    gidh feidhm dhó deilbh na n-uile
    mó ná an duine a fheidhm eile.
  33. Rí an Luain ag breith an bháire
    do-chuaidh ar gcreich na cróine;
    iomdha a bhfuar d'ulc san Aoine
    aoighe i bpurt fhuar na hóighe.
  34. Aighneas ag maor na meidhe
    fa thaom thaidhleas ar gcridhe
    seal dí dá gach dhuine
    meadh na n-uile is sí ar slighe.
  35. A shíodh ní headh do oileas
    neamh do shíor gé do shireas;
    is tearc acht an té thaghas
    ghabhas reacht Dé mar dhligheas.
  36. Cur re teachta i dteagh nimhe
    ná lean ar eachtra eile;
    foghnaidh sí dheit, a dhuine
    guidhe is í ar n-a reic reimhe.
  37. Dom dheaghail re dáil cheana
    'n-a dheaghaidh níor cháir cumha;
    críoch ar do ré ní ragha
    dá bhfagha shíoth Dé ar ndula.
  38. An fear len mian mo mhúnadh
    triall i n-a theagh go dtúirear;
    gidh mór n-almsa dhó do dáileadh
    mó as dáileamh damh-sa an Dúileamh.
  39.  p.34
  40. Éiric áladh Dé im dheaghaidh
    mé i ngábhadh ó na gonaibh;
    gaol na craoibhe dar gcabhair,
    craobh tharaidh daoine an domhain.
  41. Ní ghlac sé maith nach millfe
    gidh bé do chaith re caibhthe;
    gidh bé ag a mbí bean choibhche
    an teagh doirche is í a fháirche.
  42. Gaol Muire maith an choimhdhe
    do chách ar chréachd na sleighe;
    mór gcás far chóir na huile
    gan ghrás Muire ar óidh eile.
  43. Míorbhuile máthar Íosa
    iomdha fear fhuair a n-aithne;
    fios a sgéal cia nach cluinfe?
    lia uirthe ná féar faithche.
  44. Mór dtáin ar tí ar mbáidhte,
    bás m'anma eagail linne;
    ó bhaoghal beoil na tuinne
    Eoin Bruinne saoradh sinne.
  45. Rinn lasrach leice Ifrinn
    iomdhadh uaighe i n-am loite
    cás truagh téaghadh na leice
    déanamh seice as tuar toice.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Ceithearn coilleadh clann Ádhuimh

Author: unknown

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1910 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402029

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  • Dublin, Trinity College Library, 1340, 51 (alias H. 3. 19; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921)).

Translation

  • Lambert McKenna, 'Men Are Outlaws of God', in: The Irish Monthly 57 (no. 670, April 1929) 210–214 (available online on JSTOR).

The edition used in the digital edition

‘Ceithearn coilleadh clann Ádhuimh’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 30–34.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402029,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Ceithearn coilleadh clann Ádhuimh},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {30–34}
}

 G402029.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read three times and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By an unknown Irish bardic poet. c.1200–1600

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic poetry; devil; pains of hell; original sin; religious

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-06-28: Queries resolved using information from the Irish Bardic Poetry Database. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-16: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-09-01: File validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2008-07-30: Keywords added. (ed. Ruth Murphy)
  5. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  6. 2005-08-04T16:05:20+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  7. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1997-04-11: Text proofed for the third time. (ed. Margaret Lantry)
  9. 1996-08-30: Text parsed using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
  10. 1996-08-20: Header constructed, structural mark-up entered checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  11. 1996-08-20: Text proofed for the second time. (ed. Margaret Lantry)
  12. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402029.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top