CELT document G402030

Cia do fhéachfadh ar m'éigin?

unknown

Whole text

    Cia do fhéachfadh ar m'éigin?

     p.34
  1. Cia do fhéachfadh ar m'éigin?
    tarla a lán dom leithéidibh
    san ghlas i dtámaid gan tail
    nach tánaig as gan eochair.
  2. An glas do hiadhadh oirne
    d'osgladh muna fhéadoim-ne
    ná fuilngeadh sé ar n-osnaidh air
    an té as cosmhail dár gcobhair.
  3.  p.35
  4. Fear is dáil cobhra chuige
    méad a éigne is usaide;
    gníomh nó go ndearna fa dheoidh
    mo dhíon ar meanma Mícheoil.
  5. Mo chion do-chuaidh i roimhéad
    gomadh obair m'iomchoimhéad;
    mei-se is m'óige re holcaibh
    móide an treise ar dtarochtain.
  6. Ar m'fhoghnamh ní huair chairde,
    anois tráth ar dteasairg-ne;
    an lá as ghoire as fhearr mh'fheitheamh
    m'oire ós 'n-a ceann cuirfithear.
  7. Ní hé a dhíoth áirmhim uile
    Dia dá ndiulta a theachtoire;
    damh-sa muna thoibhghe tréan
    doilghe a mhasla do Mhíchéal.
  8. Ó bhias liom lá na tiomna
    maor tobhaigh an tighiorna
    créad acht éara deise dhó
    mei-se dá n-éara Íoso?
  9. Ní dhlighfeadh gan mo dhearadh
    bráth díreach an Dúileamhan;
    dá mbeath m'éag 'n-a éag inill
    an bhreath créad nach cuimhnighim.
  10. Ag coill reachta ríogh nimhe
    a-tú ó thús m'aimsire;
    do caithfidhe ar sgáth mo sgeoil
    bláth ar maithmhighe Mhícheoil.
  11. Leis do díolfaidhe a dhiomdha
    bheith do thoil an tighiorna;
    a síodh a-raon do-roighne
    maor an ríogh dá riaroim-ne.
  12. Ní áiréamhainn m'éara féin
    acht Dia do dhiultadh Mhíchéil;
    ní budh comhnáir damh-sa is dó
    masla d'fhoghbháil ó Íoso.
  13. D'éanfhuil is usaide ar ndíon
    mei-se is máthair an airdríogh,
    Muire i n-ar seilbh gach ré seal
    gan m'fheidhm uile ar an aingeal.
  14.  p.36
  15. D'fhior m'éigne is adhbhar diomdha
    ar theachtaire an tighiorna
    ní caitheamh do-chóidh 'n-a tréan
    an chóir dá maitheadh Míchéal.
  16. "'N-a fhíoch dá bhfásadh fuinneamh"
    m'fhuigheall ris an archaingeal
    "suidhidh sinn ar saor nimhe
    ná taobh inn re himpidhe."
  17. A réadla iuil na n-uile,
    bean a truaill don trócuire;
    tairg tráth mo locht do leigheas
    bláth ar n-olc sul aibghigheas.
  18. Gé tám ag tuar do dhiomdha
    cia tu-sa acht mo thighiorna?
    ní tuilltir é mar budh eol
    mé dod mhuintir, a Mhícheol.
  19. Ionnsaigh an uain as neasa,
    mithid cuimhne an chairdeasa
    ag sin an bráth ag bagar
    nó sir tráth dar dteasragadh.
  20. Ga cur a-rís 'n-a riocht féin
    i ló an mheasraighthe, a Mhíchéil,
    cré a chéile i gcách ní chuirfe
    ar gcréi-ne an tráth thiomsuighthe.
  21. Cuma gan t'aithearrach ann,
    a chroinn fhosgaidh na n-anam;
    gá seise ar budh déanta id dheoidh
    dá séanta mei-se, a Mhícheoil.
  22. Tabhair m'éigean dot aire;
    lamhthar thart id thrócaire;
    an chóir is a rinn riom-sa
    fóir inn as an éigion-sa,
  23. Mo lochta i ló na breithe
    ar deoir liom ní leigfeithe;
    lá ar ndaorthai-ne ag crann an chígh
    ní ham maothchroidhe, a Mhíchíl.
  24. Don anmain nó go n-ionnla
    gabh treise ar do thighiorna;
    ar sal do ghabháil glanta
    fagh i n-anáir th'umhlachta.
  25.  p.37
  26. Mithid mo chosg do chiontaibh,
    do-chuaidh thort mo tháirriochtain;
    is treise dhúin-ne fa dheoidh
    gé mhúine mhei-se, a Mhícheoil.
  27. Tair dá n-iadhadh im ionadh
    gona doimhne an Dúiliomhan;
    an taobh dearg dá ndúine dham
    searg is a úire an t-áladh.
  28. Ní fhoghnann acht 'n-a am féin;
    cuir-se ar múnadh, a Mhíchéil;
    biaidh lá bhus cás ar gcoimhdhe
    an grás gé tá ar tábhoirne.
  29. Feitheamh m'anma ós díot dleaghar,
    a mhaoir mheic an Dúileamhan,
    féachar cia do héaradh ann
    Dia muna fhéaghadh oram.
  30. An té tharla ar mo leas-sa
    dá raibh leam lá an aighneasa
    do chóir gé admha an t-aingeal
    ní dóigh agra an t-archaingeal.
  31. Gin go maitheam do mhaor Dé
    gan chur liom i ló an fhínné
    fuair ar mbiodhbha d'áth oirn-ne
    nach fáth diomdha ar ndiultaidh-ne.
  32. Fa chéile nocha coimhthe
    mei-se is maor an mheadhaighthe;
    damh-sa a-tá mar nar tuilleadh
    an lá annsa an t-archaingeal.
  33. Créad acht toibhéim dá threise
    Dia dá ndiultadh m'oirchis-se?
    maor Dé, dá ndearnadh ar gcóir,
    nach bearnadh é dá anóir?
  34. Luach m'fhoghanta d'fhagháil damh
    ionann dó agus mo dhearadh;
    nach géabha acht gun té do thuill
    is é m'éara go háluinn.
  35. Maor Dé do dhíon an uile
    ullmha iná do hiarrfuidhe;
    re cabhair d'iarraidh ní an;
    triallaidh i n-aghaidh m'anman.
  36.  p.38
  37. A aithearrach mar aighne
    it aghaidh ní iarrfaim-ne;
    cia a-déartha do dhíol mo chean
    fa síodh dá n-éartha an t-aingeal?
  38. Goin an chroinn id chíoch dheas-sa
    gémadh fachain faitcheasa
    beag m'eagla fa chrú an chroidhe
    dá bhfreagra tú ar dteachtoire.
  39. A-tá an t-aighne im ionadh
    rem cheanaibh dá gcúirtioghadh;
    teacht id theagh muna thuillear
    lean th'eacht ar an archaingeal.
  40. A-tá do thruime ar n-éigne
    's gan im chorp dar gcoimhéid-ne
    go gcaithfidhe a rinn reimpe
    maithmhighe ar gcinn choimirce.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Cia do fhéachfadh ar m'éigin?

Author: unknown

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1684 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402030

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. Dublin, Trinity College Library, 1340, 39 (alias H. 3. 19; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921)).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 1235, 19 (alias C ii 2: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 27).

Translation

  • Lambert McKenna, 'St. Michael', in: The Irish Monthly 58 (no. 688, October 1930) 514–517 (available online on JSTOR).

The edition used in the digital edition

‘Cia do fhéachfadh ar m’éigin?’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 34–38.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402030,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Cia do fhéachfadh ar m'éigin?},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {34–38}
}

 G402030.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read three times and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are allowed stand temporarily.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By an unknown Irish bardic poet. c.1200–1600

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic poetry; crucifixion; legal terms; St Michael; religious

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-06-28: Queries resolved using information from the Irish Bardic Poetry Database. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-16: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-09-01: File validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2008-07-30: Keywords added. (ed. Ruth Murphy)
  5. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  6. 2005-08-04T16:05:23+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  7. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1997-04-12: Text proofed for the third time. (ed. Margaret Lantry)
  9. 1996-08-30: Text parsed using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
  10. 1996-08-20: Header constructed, structural mark-up entered checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  11. 1996-08-20: Text proofed for the second time. (ed. Margaret Lantry)
  12. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402030.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top