CELT document G402036

Déanadh go subhach síol Ádhaimh!

Tadhg Mac Dáire Mac Bruaideadha

Whole text

    Déanadh go subhach síol Ádhaimh!

     p.47

    TADHG MAC DÁIRE MAC BRUAIDEADHA cct.

  1. Déanadh go subhach síol Ádhaimh!
    san oidhche a-réir rug ar siur
    mac ler beanadh dhínn ar ndoirche,
    leanabh cígh ó n-oighthe an t-iul.
  2. Tógbhaim-ne an la-so lá Nodlag,
    nuachlann Éabha ó mhór go mion,
    ar gcroidhe suas le méid meanma
    don ghéig go gcnuas neamhdha a-niogh.
  3. Oircheas daoibh déanamh go subhach;
    suairc an toradh tháinig dínn,
    leanbh aobhdha do fhóir ar ndoghruing
    ó óigh mhaordha mhongdhuinn mhín.
  4. Inneosad daoibh madh áil éisdeacht
    iomthús beirthe deighmhic Dé;
    ní coiscéim ná léim tar líne
    achd réim soisgéil fhíre é.
  5. Do bhí an uair-sin—is é a thosach—
    troimchíos Séasair ar sliochd fhíor
    dá dhíol ag gach aon don uile;
    ní saor do bhíodh duine dhíobh.
  6. D'íoc an chíosa i gcathair Dáibhí
    —diadha an turas—tháinig sí,
    Muire ógh is í re n-iodhnaibh;
    ógh do bhí gan iomdhaidh í.
  7. Fuair Io-seph ar súr na cathrach
    ar chionn oidhche dá hucht slim
    áit i dtigh éandaimh is asail
    don réadlain ghil fhasaidh fhinn.
  8. Beiris Muire ar meadhón oidhche
    d'éis a haisdir éanmhac Dé
    gé do bhí uathadh fan aim-sin
    uathadh ní nar fhaillsigh é.
  9. Tug an damh trá tug an t- asal
    aithne ar an rígh rugadh ann
    ó chuaird bhúidh thaidhligh an tighe
    ag ainglibh múir nimhe a-nall.
  10.  p.48
  11. Tug an talamh, tug an t-ai-éar
    aithne i n-éinfheachd ar Uan Dé;
    tearc, gé do bhí i n-adhbhaidh fhalaimh,
    ní ar talmhain nar adhair é.
  12. Do fhoillsigh an réalta ríoghdha
    do na ríoghaibh ón rann thoir
    an chéim-se fa céim saortha
    {} céim naomhtha a-noir.
  13. Lucht coimhéada cruidh na cathrach
    do-chíd-sean chuice i gcruth neoil
    an ainnear i n-uair a thuismhidh
    sluaigh aingeal go gcuislibh ceoil.
  14. Do bhí an néal-sain 'n-a néal sholuis
    —níor shoillse gné iná a ghné sin—
    oidhche neamhdhubh dhóibh go ndearna
    dealramh an tslóigh neamhdha ó nimh.
  15. Labhrais riu neach as an néal-sain
    dar nocht an sgéal nar sgéal rúin;
    ar chan a ghnúis neamhdha ó néallaibh
    cúis meanma do dhéanamh dhúinn.
  16. "Ná bíodh sgáth ná uamhan oraibh"
    ar an t-aingeal d'aitheasg chaoin
    "do-bhéar don labhradh dá leanaim
    sgéal bhus adhbhar deaghfhuinn daoibh.
  17. "Rugadh slánuightheoir sluaigh domhain
    dhaoibh a-niodh mar naoidhin mbig
    i gcathair Dái-bhíoth—dáil oircheas;
    láinshíoth cháigh don toircheas thig."
  18. An mac rugadh do ráidh sei-sean
    ós é Críosd ní cóir a chleith,
    fear feithmhe gach aoin don uile
    beirthe dhaoibh a bhuidhe a bhreith.
  19. Canuid na haingil an uair-sin
    aointiuin cheoil nach cuala cluas
    samhail a bhfuinn sin ná a slighe
    ag druing ó thigh nimhe a-nuas.
  20. "Glóir do Dhia is dá dhiongnaibh arda"
    do b'é labhra lucht an neoil
    "síodh do lucht daghthaile an domhain"
    lucht athlaimhe ar choraibh ceoil.
  21.  p.49
  22. Mar sin do fhoillsigh an t-aingeal
    ar uair a bheirthe breith Dé;
    teacht don bhláth neamhdha mar naoidhin
    fáth meanma gach aoinfhir é.
  23. Adhbhar meanman an mac ruig-se
    ó fhréimh Ádhaimh d'íoc ar gcion
    gein sin do chothuigh an chruinne
    gein shochair don uile fhior.
  24. Táirtheamar do thaobh an toirchis
    a-tá ó rug ní ré as sia
    gnáthaidh aga ghairm a ghuidhe
    bráthair mar ainm duine ar Dhia.
  25. Táirtheamar don toircheas chéadna,
    a chlann Ádhaimh—ard an cion—
    rí dín is fear dar bhfine
    'n-a rígh ar teagh nimhe a-niodh.
  26. Táirtheamar do thaoibh an leinibh;
    i ló a bheirthei-sean—báidh linn;
    do leanbh mar é is obar chéillidh—
    cogadh Dé do réidhigh rinn.
  27. Táirtheamar fós—is fáth meanma—
    don mhac chéadna ar gcrann ós fhiodh;
    an dún ór fosdadh ar bhfine
    do hosgladh múr nimhe a-niodh.
  28. Táirtheamar de do dhruim toirbhirt;
    tugsad aingil—ard an bhríogh—
    ar bhfás d'fhiodh chumhra na cruinne
    umhla a-niodh do dhuine dhíonn.
  29. Táirtheamar de i ndiaidh ar seachráin,
    sliocht Éabha na n-ainchion dtrom;
    do mhún dá gach aon dá fhine
    an raon go múr nimhe a-nonn.
  30. Gá dú, ní fhéadfainn a n- áireamh
    iomad na dtoirbheart thug dúinn
    an mac do shás ógh an uair-se
    pór na ngrás do b'uaisle úir.
  31. Má do-chíthei-se, a chlann Ádhaimh,
    gurbh adhbhar meanma a maoidh mé
    lúdh i ngach éantoigh rer n-aoighidh
    déantair do rún aonfhir é.
  32.  p.50
  33. I ló a bheirthe bíom go faoilidh,
    féasda 'n-a ainm dealbhthar dhúinn,
    bíodh gabháil uainn ris gach n-aoighidh
    d'anáir dá ghruaidh fhaoilidh úir.
  34. Canam molta don mhac oirrdhearc
    éisdeam briathra beoil an ríogh;
    oircheas dúnn mun am-sa uile
    rún almsa ag gach duine dhíonn.
  35. Ní craos ní huabhar ní himirt
    ní huaill meanman mholaim libh;
    beanaidh an chéill 's fhearr as m'fhuighlibh
    más dream go méin suilbhir sibh.
  36. Caitheam san chruth-sa—cás molta—
    maith dhiombuan an domhain ché
    do shúil re hanáir nach athraigh
    d'fhagháil dúinn i ndaghthaigh Dé.
    Déanadh.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Déanadh go subhach síol Ádhaimh!

Author: Tadhg Mac Dáire Mac Bruaideadha

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1760 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2012

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402036

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 6, 16 (alias 23 I 40: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 7, 1 (alias 24 L 13: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 354, 177 (alias 23 A 8: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 8).
  4. Dublin, Royal Irish Academy, MS 492, 59 (alias 23 G 27: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 11).
  5. Dublin, Royal Irish Academy, MS 254, 4 (alias F ii 2: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 6).
  6. Dublin, Royal Irish Academy, MS 252, 5 (alias F vi 1: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 5).

The edition used in the digital edition

‘Déanadh go subhach síol Ádhaimh!’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 47–50.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402036,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Déanadh go subhach síol Ádhaimh!},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {47–50}
}

 G402036.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read three times and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are allowed stand temporarily.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Tadhg Mac Dáire Mac Bruaideadha (1570-1652), an Irish bardic poet. c.1575–1652

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; religious; 17c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2012-06-22: Header modified; new wordcount made; new SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-16: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-09-01: File validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2008-07-30: Keywords added. (ed. Ruth Murphy)
  5. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  6. 2005-08-04T16:05:39+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  7. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1997-04-17: Text proofed for the third time. (ed. Margaret Lantry)
  9. 1996-08-30: Text parsed using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
  10. 1996-08-21: Header constructed, structural mark-up entered checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  11. 1996-08-21: Text proofed for the second time. (ed. Margaret Lantry)
  12. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402036.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top