CELT document G402041

Do briseadh cunnradh ar cách

unknown

Whole text

    Do briseadh cunnradh ar cách

     p.58
  1. Do briseadh cunnradh ar cách,
    an cunnradh 'n-a bhriseadh bíoth;
    an cor do ceangladh re cách
    fáth meanman a dhol do dhíoth.
  2. Ar ndol fa reachd nDiabhail dúinn
    ar riaghail tar cheart do-chuaidh;
    do rad bean ubhall dá hóidh
    ler bhean an chóir {}
  3. Do-rinne ar námha rann rinn
    crann na cána nó gur chaill;
    an uaisle do-chuaidh ó cloinn;
    ar mbuain an chroinn fuair-se ar bhfaill.
  4. A éara ní fhuair ón mhnaoi
    —ar Éabha dá bhuain do bhí
    neimheagla as ar mealladh mé—
    sé ar ngealladh deigheagna dí.
  5. Don tuigse ar ar tréigeadh neamh
    an céidsheal mar thuig-se toil
    —mince as aimhleas dí ná dhamh—
    ainbheas do ghabh sí ar a son.
  6. An ghlóir ó do ghrádhaigh súd
    fan gcánaidh sul do-chóidh siad
    do chealg bean uathaibh tre éad;
    tréad gan bhuachail do b'eadh iad.
  7. Bioth 'n-a umhla budh ál leis;
    gan a chumhna is nár a-nois
    aingeal Dé gé a-dubhradh ris
    do bhris sé an cunnradh re a chois.
  8. A-tá fala ar gach droing díbh;
    don chloinn nach rabha dá réir
    do-bhir an breitheamh bheith cóir
    ar bhreith dhóibh nó a bhfeitheamh féin.
  9. Táinig a ghábhadh fa ghnaoi
    Ádhamh mar ráinig an rí
    is cara ler hagradh é
    fala Dé dá n-admhadh hí.
  10.  p.59
  11. Abhall na cána gur cheil
    's a námha d'fhulang 'n-a fhail
    ionnarbadh dá shíol ó shoin
    gach coir díobh d'iomardadh air.
  12. Truagh, a Éabha, is goire ar ngaoil
    —séana ar gcoire nír dhual dúinn—
    narbh ionann méin deit is dáibh
    —méin do na mnáibh reic a rúin.
  13. Ní dhiongnadh díoth budh díoth leis
    síoth ar mbiodhbhadh sul do bhris;
    oruinn ó do-cháidh 'n-a chrois
    toghuim a-nois an fáidh fis.
  14. Do chuir Éabha ór fhás gach teidhm
    séala ar bhar gcás—ní cás soirbh;
    is tearc nach tánaig fan ngairm
    snaidhm rer námhaid mar eacht oirn.
  15. Tualaing gach neach nighe a chean;
    dá mbeath ar mo chridhe ag cur
    sealbh an anma ó Dhia do dhol
    an cor snadhma ní bhia ar bun.
  16. Moch as a n-ucht léigthior leam
    —gá dulc—an céidchion im chionn
    —a-tá an baoghal gidh eadh ann—
    crann is bean ler saoradh sionn.
  17. Is í le chéile is an chroch
    is géire do bhí dar mbrath;
    liaide duine ag dul 'n-a teach
    cor na gcreach ar Muire a-mach.
  18. Grás Dé, gidh radhána a rádh,
    sás gabhála na sé slógh
    do hinnleadh le rígh na ríogh;
    díol an lín d'innbhear an ógh.
  19. Bean dá ránaig grás is gnaoi
    ní tlás re námhaid do-ní;
    ar ionchuibh mná dála Dé
    dána don té a-tá ar mo thí.
  20. Le ar dtagra go mbearar buaidh
    dleaghar a agra ar an óigh
    gur bhuing bean an dúthaigh dhíbh
    neamh do budh tír dhúthaigh dhóibh.
  21.  p.60
  22. Cia eile budh daingean damh
    Muire gar cailleadh an car;
    a gealladh ó bhíos n-a bhun
    gealladh dol síos ar ar son.
  23. An cunnradh nochar chead daoibh
    cungnamh gur chead dá bhar siair
    cor le a cairdibh ins an gcóir
    cóir don mhaighdin dol 'n-a dhiaidh.
  24. Ar gceangal dá bhféaghthaoi faoi
    a-déarthaoi gur mealladh mé;
    do tréigeadh san fhosadh hí
    crosadh sí más éidear é.
  25. Fuair eidhreacht tre ghníomh a ghaoil
    do dhíol ar seinshliocht re ar siair;
    gach sochar dá ndingne dhóibh
    cóir d'inmhe dochar 'n-a dhiaidh.
  26. An chóir dá mháthair do mharbh
    mo bhráthair nó gur fhóir orm;
    an uair fa rugadh lé an leanbh
    tugadh sealbh Uain Dé 'n-a dorn.
  27. Gar dá chéile ar bhfuil 's ar bhfeoil
    ní uil ar gcréi-ne acht dá criaidh;
    maith ar gceart ar Moire mhóir
    gidh tearc cóir duine 'n-a dhiaidh.
  28. Fuair nós ar a humhla ón fhior
    is le humhla ar dtós do threabh;
    Moire gin gur thruaill a tol
    ní har a gloine fhuair fhear.
  29. Le ar siair chridhe is dolta dhúnn
    slighe na bochta ar a mbíodh;
    do ghabh reamhaibh—ní réim chlaon;
    leanaidh a chaor féin an fíon.
  30. Monadh olc do budh olc lé;
    i dtalamh gidh bocht do bhaoi
    tug gach maith fa dheireadh dhí;
    deighfhear do-ní maith don mhnaoi.
  31. Do-chóidh an fhala ar a hais;
    a ghlóir nocha rabha ris
    go rug an leanbh céim san chrois;
    réidh a-nois an bhearn do bhris.
  32.  p.61
  33. Ó fríoth lat créachta an chló
    créachta nach fríoth le mac mná
    nír fhás go héag ceo ar do chlú,
    a chnú bheo don tréad dá dtá.
    Do briseadh.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Do briseadh cunnradh ar cách

Author: unknown

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1594 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402041

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  • Dublin, Trinity College Library, 1340, 5 (alias H. 3. 19; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921)).

Translation

  • Lambert McKenna, 'Devil's Pact with Men Is Quashed', in: The Irish Monthly 58 (no. 689, November 1930) 590–593 (available online on JSTOR).

The edition used in the digital edition

‘Do briseadh cunnradh ar cách’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 58–61.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402041,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Do briseadh cunnradh ar cách},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {58–61}
}

 G402041.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read three times and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By an unknown Irish bardic poet. c.1200–1600

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic poetry; the devil; original sin; legal terms

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-06-28: Queries resolved using information from the Irish Bardic Poetry Database. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-13: Header updated; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:05:53+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1997-04-30: Text proofed for the third time. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1996-08-30: Text parsed using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
  9. 1996-08-26: Header constructed, structural mark-up entered checked.Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  10. 1996-08-26: Text proofed for the second time. (ed. Margaret Lantry)
  11. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402041.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top