unknown
Whole text
- Éanlá coinne ag cloinn Ádhaimh
 dá chloinn as coinne bhaoghail;
 acht gidh gnáth an ghairm sluaghaidh
 fáth uamhain an t-ainm aonaigh.
- 'N-a dháil goirfidh a ghaolta
 'n-a bhfoithnibh ar ndáil drúchta
 ní hé a shluagh an sluagh séanta
 truagh gan chréachta Dé dúnta.  p.70
- Dlighthir an dóigh mar shaoiltir;
 sirfidh cóir i n-a chréachtaibh
 guth faobhrach é gé íocfair
 íocfaidh aonghuth Dé a ndéantair.
- Cóir Dé mar dhlighthir d'iarraidh
 sirfidh ar na sé línibh;
 dá leath dhíobh ar n-a dhéanaimh
 béaraidh breath ríogh dá- ríribh.
- Cuid dá chloinn 'n-a gcloinn ísil
 ar mboing re cuid dá gcúisibh
 ar léig sé leo ar an lá-sain
 ceo ar ghrásaibh Dé do dhúisigh.
- An lá-so lá na dála
 an tráth-so ní tráth séana;
 mar do thuil an tráth nóna
 ní tráth córa d'fhuil Éabha.
- Tug cuireadh do chloinn Ádhaimh
 don chloinn as cuireadh uamhain;
 gidh bé crioth i n-a gcéimibh
 rioth éinfhir hé as a n-uaghaibh.
- Ga mbia dá fheirg re a
fhine
 ar an leirg bhus lia duine
 dar lat nach máthair Moire
 bráthair oile mac Muire.
- Fearg an athar budh iongnadh
 ní fearg athar gan adhbhar;
 a mbia do láimh chlé an Choimdheadh
 coinnmheadh Dé dháibh a ndamnadh.
- Cách ag déachain 'n-a ndeaghaidh
 féachain as crádh ó chroidhibh
 súil nach bia súil a samhail
 súil sgaraidh re Dia as doiligh.
- Tiocfa an bráth gidh dál deacair
 an tráth nach tráth an fhriotail
 a bhfuair mé do sheal shocair
 focail Dé ar feadh a bhfriotail.
- {⬌}mar do cuireadh
 an ógh mása lé a leanabh
 a-muigh ní hé go n-anabh
 anadh fuil Dé dá dhearadh.  p.71
- An neach diúltar don domhan
 as diúltadh go teach dteineadh
 truagh dom óigh ós lé a leanabh
 dearadh Dé dhóibh fa dheireadh.
- Ithir na n-uile dtaradh
 mithidh Muire do mholadh
 sgoth an túir nó go dtreabhar
 treabhadh troch dhúin an domhan.
- Ná leanam don uan aosda,
 freagram an cuan 's an cósda;
 do-bheir sí ar nguidhe a grásda
 Muire a dtrásda is í ar n-ósda.
- Daghaighne hí agus ughdar
 ar gcabhair-ne is í an airdbhean;
 go cách uile ar an ardmhagh
 margadh gnáth Muire maighdean.
- {⬌}go raibhe
 sé 'n-a Dhia agus 'n-a dhuine
 fan leic do b'anba an t-oire;
 lamba toighe a meic Muire.
- Ní gnáth cairde ar a chrithribh;
 a grádh ní ar cairde cuirthir
 nach bí cás i n-a carthain;
 achraidh sí an grás sul ghuidhthir.
- Muire ó nach treabhann tharainn
 leanam uile go hinnill
 ní feas gá cáil don choluinn
 gcéin bheas romhuinn tráigh thirim.
- An tráth-sa um cheart na colla
 a neart ní grásta ganna;
 re Dia nach dingneadh cuma
 cia an urra acht inghean Anna.
- Ar n-iúl gé shéid
a
shíorlot
 ná léig, a shiúr, a shaorshlat,
 cur am cheann do chrú a ghléaghlac;
 tú an fhréamhshlat as fhearr aonmhac.
- A Mhoire tar dom thogbháil,
 ó chroidhe glan mo ghroidmhéin
 a-nois is am dá eadráin
 teagmháil thall red bhois mboigréidh.  p.72
- Mo bhreith gá náire as neasa? 
 do leith do láimhe deise
 mé, a Dhé, is-toigh agus tu-sa;
 a Dhé an usa a-moigh mei-se?
- Má tagrair rinn dá-ríribh
 ná hagair inn sa gcánaidh
 muna fhuil t'fhearg re a díoghuil
 síodhuigh mar leanb fhuil th'álaidh.
- Do pháis gidh óg re a haithbhior 
 ar fód an bháis sul beirthir
 níor thuig mé ar chríon dom chrithribh
 dlighthir dhíom, a Dhé, deithbhir.
- Ní hé m'iúl-sa dá
ríribh
 gidh bé th'iúl-sa, a Dhé dhúiligh;
 ní hiúl glan acht iúl eolaigh;
 seolaidh iúl damh a Dhúilimh.
- Piana móra i ndíol dlighthe
 síol na córa ó nach cuirthe;
 truagh an teagh i n-a dtarthaoi,
 feadh athlaoi uadh ní fhuighthe.
- Tinfidh an bás re beagán
 m'ithir ar ar fhás faidfhéar
 duille an bheatha ché ar gcadógh
 fadódh ceatha hé um aigéan.
- Ógh do-bhir gairm an ghrádha;
 mó ná sin a snaidhm síodha
 gidh mór braithtir a buadha
 Caitir chuanna ógh Fhíona.
- Dia do thagh naomh go nuaidhcheol
 damh i n-a mhaor mar Mhíchéal;
 gion go glan mo sgáth sgáthán
 gnáthfhál dhamh sgáth a sgíthéan.
 Éan.
Éanlá coinne ag cloinn Ádhaimh
p.69Document details
The TEI Header
File description
Title statement
Title (uniform): Éanlá coinne ag cloinn Ádhaimh
Author: unknown
Responsibility statement
Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry
Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.
Edition statement
2. Second draft.
Extent: 1536 words
Publication statement
Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt
Date: 1997
Date: 2010
Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.
CELT document ID: G402045
Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.
Source description
Manuscript source
- Dublin, Trinity College Library, 1340, 52 (alias H. 3. 19; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921)).
Translation
- Lambert McKenna, 'The Last Judgement', in: The Irish Monthly 57 (no. 676, October 1929) 553–556 (available online on JSTOR).
The edition used in the digital edition
‘Éanlá coinne ag cloinn Ádhaimh’ (1938). In: Dioghluim Dána. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 69–72.
You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:
@incollection{G402045,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Éanlá coinne ag cloinn Ádhaimh},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {69–72}
}
Encoding description
Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling declarations
All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.
Editorial declarations
Correction: Text has been checked, proof-read three times and parsed using NSGMLS.
Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.
Quotation: There are no quotations.
Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.
Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.
Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.
Reference declaration
The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head element within each text.
div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).
The numbered quatrains provide a canonical reference.
Profile description
Creation: By an unknown Irish bardic poet. c.1200–1600
Language usage
- The text is in Classical Modern Irish. (ga)
Keywords: bardic poetry; crucifixion; the last judgement; legal terms; religious
Revision description
(Most recent first)
- 2016-06-28: Queries resolved using information from the Irish Bardic Poetry Database. (ed. Beatrix Färber)
- 2010-08-13: Header updated; new wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
- 2008-10-13: Keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
- 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
- 2005-08-04T16:06:04+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
- 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
- 1997-05-19: Text proofed for the third time. (ed. Margaret Lantry)
- 1996-08-30: Text parsed using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
- 1996-08-27: Header constructed, structural mark-up entered checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
- 1996-08-26: Text proofed for the second time. (ed. Margaret Lantry)
- 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))