CELT document G402047

Éisd rem fhaoisidin, a Íosa

Donnchadh Mór Ó Dálaigh

Whole text

    Éisd rem fhaoisidin, a Íosa

     p.74

    DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct?

  1. Éisd rem fhaoisidin, a Íosa;
    re n-áireamh is áibhseach liom
    mo pheacaidh i gcionn a chéile;
    deacair fa a gcionn réidhe riom.
  2. Ó aois leinibh ag lot m'anma
    níor anas fós—fada an ruaig;
    tug dot óidh, a Dhé, mo dhocracht
    gion gur cóir mé d'fhortacht uaid.
  3. Féach oram, a Athair ghrádhaigh;
    gabh m'fhaoisidin go mór mion;
    a mheic Dé, is deacrach mo leigheas;
    peacthach mé cheileas a chion.
  4.  p.75
  5. Na seacht bpeacaidh go n-a bpréamhaibh
    peacthach dhíom go ndearna siad
    —thríd nach fuighinn grás dod ghuidhe—
    cuirim i gcás uile iad.
  6. Na hocht gcoire mar an gcéadna,
    gé do char sinn saobh an bhreath;
    grádh an dá cheathrar im chridhe
    do bheanfadh clár nimhe ar neach.
  7. Na deich n-aithneadha is eadh bhrisim;
    briseadh saoire is sé mo mhian;
    gidh bé ní nach ní dom anam
    is é do-ní an chalann chriadh.
  8. Deachmhadh mh'eallaigh agus m'arbha
    gidh olc dhíolaim, a Dhé bhí,
    lugha an deachmhadh cnú don chrobhuing:
    do leanfadh tú oruinn í.
  9. Fuil do bhall agus do bhruinne
    ní bhíonn lá nach laoidheann sinn;
    a fhir do thuit agus théarnó,
    do luit sin gach éanló inn.
  10. Bím ag ithiomrádh m'fhir chumuinn,
    rem chomhursain ní caoin bhím;
    díol id dhiomdha gion go ndearnadh
    iomdha gníomh neamhghlan do-ním.
  11. Brisim aoine i n-aimsir throisgthe,
    tréigim trátha ar chomhól chornn;
    gidh beag mo lón lá na tagra
    mór a-tá re a agra orm.
  12. Ar mh'anmuin—is adhbhar tuirse—
    a-tá agaibh madh áil libh
    moladh bréige, a Dhé, re a dhíoghuilt,
    's ní hé féige ar síoruilc sin.
  13. Cuid é dom fhaoisidin bheathadh
    béal cráibhtheach is croidhe díosg;
    budh aithreach liom lá na coinne
    a-tá i gcionn a chloinne ag Críosd.
  14. I ndóigh do thrócuire, a Thríonóid,
    do thocht oram—olc an chiall—
    níor sguireas, a Dhé, dom dhoighníomh,
    's níor chuireas é i roibhríogh riamh.
  15.  p.76
  16. Níor iarras m'fhaoisidin oraibh
    d'éisdeacht uaim d'éis gach uilc,
    a ghein shochair na sé líne,
    gur mhothuigh mé críne an chuirp.
  17. Ciontuighim dhuit inn, a Íosa,
    agus don óigh ór fhás sibh,
    im chiontaibh, a chinn an bheatha;
    ná ciontaigh sinn seacha sin.
  18. Absolóid, a Athair neamhdha,
    is neamh re a cois chuinghim ort;
    do lámh ós mo chionn dá gcuire
    budh slán sionn ón uile olc.
  19. A-tá agam d'éis mo chionadh
    codladh fada, fachain guil
    —a-tá a shliocht mon-uar ar mh'anam—
    suan ar th'iocht, a chalann chuil.
  20. Tugas an choiscéim-se chugad;
    gidh cóir m'obadh ná hob sinn;
    cuimhnigh ar ngaol ó fhuil Ádhaimh;
    cuir do thaobh an álaidh inn.
  21. Cuimhnigh an comhaltas mbunaidh
    's an mbráithreas damh, a Dhé bhí,
    ó shin dod réir gion go rabha,
    is sibh féin dar gcara i gclí.
  22. Tú féin do chum is do chruthuigh
    's do cheannuigh mé—mairg nach tuig;
    ná diult mé gidh créad mo cheana,
    a Dhé, 's méad mo dheala dhuid.
  23. T'óglaoch dúthchasa ní dhlighe
    do dhiultadh, a rí na ríogh;
    re neamh a-dearam ar ndúthaigh
    ná bean m'fhearann ndúthaigh dhíom.
  24. Do neamh ar dtús táinig mei-se
    i measg bréag an bheatha ché;
    dlighim súil re naomhbhrugh nimhe,
    ní gaolmhar dhúinn slighe acht sé.
  25. Beir leat sinn sa slighe gcéadna
    i gcoinne cáich gidh cuin thís;
    dom anmain gomadh léim loighe
    céim san adhbhaidh roimhe a-rís.
  26.  p.77
  27. Anois aithnim an t-iul díreach
    —déanamh síth, a Dhé, bhus dleacht
    má rugas chéim tharsna thoruibh—
    's nar léir damh-sa an chonair cheart.
  28. Do bhí mé—níor mhaith an creidheamh,
    cuid dom fhaoisidin 's eadh é—
    gus a-nocht ag cleith mo cheana;
    tocht id leith gur mheala mé.
  29. Máthair Íosa go n-a hóghaibh
    dom anacal ar fheirg nDé
    fearg re a bráthair ná bíodh uirre,
    máthair ríogh na cruinne cé.
  30. Míchéal aingeal go n-a ainglibh
    m'fhaoisidin go n-éisde siad,
    mac Dé go gcuire dar gcabhair;
    nár chuire mé im aghaidh iad.
  31. Sdeaphán mairtír go n-a mhuinntir
    maith do chaithfinn cur re a ndíol,
    níor dhligh mé a martra do dhearmad;
    dalta Dé go ndearnad díom.
  32. Go raibh liom do leigheas m'anma
    impidhe an dá easbal ndéag;
    dá dtoighinn is tráth dá nguidhe
    's do-chluinim cách uile ag éag.
  33. Lá na breithe go mbeid liom-sa
    Lúcas Marcus Matha 's Eoin;
    uaim-se gémadh ór an almsa
    is uaisle a lógh dhamh-sa im dheoidh.
  34. Naoimh agus bannaomha an bheatha
    —bheith dá muinntir mór bhus fhiu—
    go dteagaid linn i lá bágha
    mar tá sinn dá rádha riu.
  35. Córaide dhamh dul id chumann
    —a chroch Íosa ainic mé—
    nach raibhe liom loise t'fheirge,
    a mhionn croise deirge Dé.
  36. Éisdidh re moladh mheic Alpruinn,
    éarlamh as oirrdhearca teisd
    ní fhéad cách tuireamh a theasda;
    ní chuireabh fáth ceasda i gceisd.
    Éisd.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Éisd rem fhaoisidin, a Íosa

Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1777 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2012

Date: 2014

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402047

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, 70
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 8, 39 (alias 24 L 6: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 565, 504 (alias 23 N 33: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 14).
  4. Dublin, Royal Irish Academy, MS 546, 168 (alias 23 K 36: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 14).
  5. Dublin, Royal Irish Academy, MS 256, 233 (alias 23 G 23: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 6).
  6. Dublin, Royal Irish Academy, MS 209, 80 (alias 23 N 34: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 5).
  7. Dublin, Royal Irish Academy, MS 252, 109 (alias F vi 1: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 5).

Literature

  1. Pádraig Ó Macháin (ed), The Book of the O'Conor Don (Dublin: DIAS 2010).
  2. An English translation is available in the Irish Monthly 50, 28.

The edition used in the digital edition

‘Éisd rem fhaoisidin, a Íosa’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 74–77.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402047,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Éisd rem fhaoisidin, a Íosa},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {74–77}
}

 G402047.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Donnchadh Mór Ó Dálaigh, an Irish bardic poet. c.1200–1250?

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; religious

Revision description

(Most recent first)

  1. 2014-07-07: Daterange for creation revised, manuscript details revised; new wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2012-06-19: Addition made to bibliographical detail; new wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2010-08-13: Header updated; new wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2008-10-13: Keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  5. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  6. 2005-08-04T16:06:09+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  7. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1996-09-12: Text parsed using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
  9. 1996-08-27: Header constructed, structural mark-up entered checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  10. 1996-08-27: Text proofed. (ed. Margaret Lantry)
  11. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402047.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top