CELT document G402048

Fada deoraidheachd na ndaoine

unknown

Whole text

    Fada deoraidheachd na ndaoine

     p.78
  1. Fada deoraidheachd na ndaoine;
    déanaidh iompódh ar iul chóir,
    cidh bé do bhean díbh an dúthaigh
    neamh do bu tír dúthaigh dhóibh.
  2. Truagh mar thángadar a Parrthas
    peacadh Ádhaimh do b'é a dtós;
    is cian ó dhol 'n-a ndúthaigh
    an cor do-chiam fúthaibh fós.
  3. Imtheachd uile d'éis bhar gcuarta,
    a chlann Éabha, is é bhus libh;
    d'anamhain ní headh do-chuabhair;
    baramhail fhear sluaghaidh sibh.
  4. Ag teagasg dá dtug an Coimdhe,
    a chlann Ádhaimh, nír an sibh
    do aithin sé bhar síoladh
    caithir Dé do líonadh libh.
  5. Táinig fairge ar fud an talmhan
    tugadh i n-íoc feirge Dé;
    an chuairt thimchil tug a dhíle,
    do imthigh, rug líne lé.
  6. Smacht an Choimdheadh do chionn ubhaill
    uch, a Mhuire, mairg do bhris;
    cionnus lat tré chraoibh na cána
    mac an tsaoir do rádha ris.
  7. Féach a thruaigh mar théid an domhan
    díoth carad ná cuir i mbrígh;
    rachaidh na daoine d'éag uile,
    créad fa gcaoine duine dhíbh.
  8. An saoghal—ní slighe ghrádha—
    gearr go mbia mar do bhí ar dtós,
    deireadh bárdadh Dé ar an domhan;
    nír fágbhadh é folamh fós.
  9. Anmhain ort an uair do saoileadh
    ag sin a thráth, tig do ré
    do leagadh do sheol, a shaoghail;
    leagadh i mbeol aonaigh é.
  10.  p.79
  11. Rachaidh maitheas muighe an tadhaill
    mar théid bláth do bharraibh crann;
    is eagal dún dál a chonáigh,
    lámh ar gcúl nír fholáir ann.
  12. Go dtiobhruinn roinn do rígh nimhe
    dá ní féin ní foláir uaim;
    créad fa dtabhair don té chaitheas
    i n-aghaidh Dé an flaitheas fuair.
  13. Téid uadha gan fhios a dhíola
    deireadh bréige an bheatha ché;
    ní cóir don talamh go dtiobhra
    taradh dhóibh tar diomdha Dé.
  14. Mar leaghann an lá fa dheireadh
    déanaidh tapadh sul thí an bráth;
    tiocfa sgéala ann bhus eagail,
    a chlann Éabha, teagair tráth.
  15. Dá dtí cách i gcoinne an Athar
    aithnidh dhamh dearadh a síl;
    gearr ar gcuimhnei-ne ar ar gceanaibh
    fearr cuimhnighe a ndleaghair dín.
  16. Iomdha agat adhbhar feirge
    fada é ó fhochain bhig;
    do riar a Dhé muna dhearnam
    is é ciall na dteadhmann thig.
  17. Lá éigin re hucht an bhrátha
    biaidh fuil ag fearthain 'n-a cioth,
    biaidh teine uaibh ar a n-áitibh;
    uair eile báidhtir an bioth.
  18. Cló na boise, bior na troigheadh,
    trom an agra iad 'n-a ndís;
    do chlann ní hionchora ón eire;
    iomchora an crann reimhe a-rís.
  19. Mo leigin uait d'éis a ndearnais
    a Dhia Athar iongnadh liom;
    cia bhaoi san chrois ag ar gcoimhdhe
    má taoi a-nois, a Choimdhe, im chionn.
  20. A-tá ar bhreith dhúinn dul i n-Ifreann,
    a Uain Dé, nó dul id mhúr;
    is sibh ar gcara nó ar námha
    —ag sin ragha dála dhún.
  21.  p.80
  22. Tugais bláth tre bharr an fheadha
    d'éis a bhlátha do-bheire chnú
    táir is soillse slighe m'anman
    coimse nimhe is talmhan thú.
  23. Cion na mná do mhill an lubhghort;
    leanaim ort—ní hagra réidh:
    "cia dara goire gaol Éabha,
    a laogh Moire, féagha féin."
  24. Don chomhrádh do chan an t-aingeal
    do fhás mac ó Mhuire óigh
    do fhéad sé teachda mar tháinig,
    fearta Dé gá dtámaid dóibh.
  25. Dá oighidh i n-íoc ar gceana
    cionnus linn an lá do-chuaidh;
    i n-aghaidh meabhla mná Ádhaimh
    a-tá dearna an álaidh uain.
  26. Ionmhuin bas rer bhean an t- áladh
    ionmhuin troigh a-tá ar n-a goin;
    braon a chroidhe tar mo cheann-sa
    laogh oighe ceannsa do chuir.
  27. Cionnus libh, a lucht an bheatha,
    beag do shocracht do shir sé;
    ní re lighe ar leabthaibh chlúimhe
    leantair slighe dhúinn-ne Dé.
  28. A-tá a ndearnais i ndiaidh th'anma
    ó aois leinibh—lór a mhéad;
    cionnus thiocfa dhíot, a dhuine,
    íoc do chionta uile ar n-éag.
  29. Ar do chomairce, a chuirp dhaonna,
    dá ndeach mé ní maith an tarm;
    a cholann, budh truagh do theasda
    oram Luan measda na marbh.
  30. Tar go humhal d'iarraidh grás;
    glan 'n-a choinne an croidhe díosg;
    gul 'n-a leith ní maith do mholfuinn
    ná caith re breith chomhthruim Críosd.
  31. Tig chugam i gcrothaibh fallsa
    fear mo mheallta, a mháthair Dé;
    tiocfa mo námha ní as ghoire;
    sul thí, tárra, a Mhoire, mé.
  32.  p.81
  33. Dia Athar i n-ucht a bhuime
    do bhí ag teitheadh—truagh na cuir:
    go n-íoca mé d'eiribh oile
    eidhir Dé, a Mhoire, ar do mhuin.
  34. Leantar máthair Mic an Athar;
    íoc an leinbh do luigh fa a brat
    —ag sin congnamh uaim don uile—
    ar chonnradh fuair Muire mac.
  35. A thrí Mhuire, maith do chaithfinn
    congnamh liom fam leigin suas;
    ná tréigidh mé, a naomha nimhe,
    a chré dhaonna an tighe thuas.
  36. Le chéile gur chaitheas m'aimsir
    amhlaidh a-táim—truagh an brad—
    gan lá do ghuidhe Dé dhamh-sa;
    mo ré uile is fallsa ar fad.
  37. Fada a-táid gan toil a seathar
    síol Ádhaimh—ní hoirchios dáibh,
    ni fhuil cúl díona ag an duine
    achd súgh cíogha Muire a-mháin.
  38. Gá n-iarraidh, an uair nach teagaid,
    a-tá Muire—mór an brad;
    ní bhí sí tráth ar a dteitheadh
    sí ar cách ag feitheamh i bhfad.
    Fada.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Fada deoraidheachd na ndaoine

Author: unknown

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1642 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402048

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  • Dublin, Trinity College Library, 1340, 30 (alias H. 3. 19; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin1921)).

The edition used in the digital edition

‘Fada deoraidheachd na ndaoine’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 78–81.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402048,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Fada deoraidheachd na ndaoine},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {78–81}
}

 G402048.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are allowed stand temporarily.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By an unknown Irish bardic poet. c.1200–1600

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic poetry; judgement day; original sin; brevity of life; renunciation of world; religious

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-06-28: Queries resolved using information from the Irish Bardic Poetry Database. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-08-13: Header updated; new wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-13: Keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:06:12+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1996-09-12: Text parsed using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
  8. 1996-09-09: Header constructed, structural mark-up entered checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  9. 1996-09-09: Text proofed. (ed. Margaret Lantry)
  10. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402048.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top