CELT document G402052

Garbh éirghe iodhan bhrátha

Donnchadh Mór Ó Dálaigh

Whole text

    Garbh éirghe iodhan bhrátha

     p.86

    DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.

  1. Garbh éirghe iodhan bhrátha
    ní bu hanfadh aontrátha;
    gach síon mar do róigh reimhe
    do sgríobh go cóir Cirine.
  2.  p.87
  3. Cirine is cách dá shaighidh
    fuair a bhfios ag Eabhraighibh;
    sgéala laoi an Luain re leanmhain
    fuair an saoi sna seinleabhraibh.
  4. Do fhágaibh Cirine ag cách
    cúig lá déag rias an ndianbhráth
    plágha troma do thoigheacht
    tonna trágha ag teachtaireacht.
  5. A-tá ar an mbráth sonn slighe
    nach fríoth go bhfuair Cirine;
    más fhíor Cirine is ceart soin
    tearc ar slighei-ne ag seanchoidh.
  6. Dá fhichid cubat ceart dó
    fuair Cirine san chéadló
    go mbí an fhairge ós gach eisgir,
    is í a hairde innistir.
  7. Tráighfidh muir ar n-a mhárach
    go hiongantach ioldánach
    go ró gach bánuisge a bhun
    san ló thánuisde ar dtrághadh.
  8. An treas lá líonfaidh gach áth
    ar dteacht na maidne i mochthráth
    go mbí an fhairge 'n-a hionadh
    gan airde gan íslioghadh.
  9. Búirfidh gach péisd sa mhuir mhóir
    an ceathramhadh lá lánchóir
    nach fidir neach an ní a-dir
    acht Rí na mBreath, Rí an ríchidh.
  10. An cúigeadh laithe budh lán
    d'uisge gach cladh 's gach cabhán;
    bádhfaidh glasmhuir ruadh gach rinn
    lasfaidh gach cuan mar choinnill.
  11. An seiseadh lá budh lán d'fhuil
    gach ní thiocfas tré thalmhuin;
    ní bhia craobh ná cora clach
    gan bhraon fola gá bhfolach.
  12. An seachtmhadh lá—lór d'ainimh—
    budh hé an lá-sain leagfaidhir
    na clocha arda eagair:
    anba an fotha foircheadail.
  13.  p.88
  14. An t-ochtmhadh lá—lór do dhoirr—
    do-níd na clocha comhroinn
    do-ní gan chairde agus croid
    trí cairrge dá gach charraig.
  15. Troidfidh gach trian rer-oile
    mar budh clocha ciallaidhe;
    roithe agus budh teo ná te
    gleo gach cloiche re chéile.
  16. An naomhadh lá cian ó ad-chlos
    géisfidh an talamh tonnghlas,
    tiocfa fan mbioth torann tréan
    crioth oram ris an uirsgéal.
  17. An deachmhadh lá léighthear de
    muirfidhear cnuic na cruinne
    gan fhán fan gcruinne gan chéim
    gan uille acht 'n-a chlár choimhréidh.
  18. An t-aonmhadh lá déag a-droigh
    cách a huamhaibh 's a hallaibh
    's a mbéal re lár an lá-soin
    le hár is le uathbhásaibh.
  19. Tuitfid sin uile d'éag de
    réaltanna is reanna nimhe
    tuitim dá gabhlaibh don ghréin
    go talmhain gcnuicfhinn gcoimhréidh.
  20. Ní urmhais neach ní do rádh
    acht bheith ar sraon 's ar seachrán;
    ge dheach ar aghaidh gach fhir
    ní labhair neach re naoidhin.
  21. Sgarfar gach fear re mhnaoi a-muigh,
    sgarfar gach mac re mháthair,
    nocha bia dias ar domhan
    bhias ó Dhia gan dealoghadh.
  22. Truagh bhar dtoisg ar an dtalmhain,
    a chlann Ádhaimh éadtarbhaigh;
    a shluagh déarach an domhain,
    truagh an féarach fuarobhair.
  23. An treas lá déag—doirbh an dáil—
    marbhthar cách uile d'aonláimh;
    nochan ria duine dearmaid
    nach bia uile i n-aointreabhlaid.
  24.  p.89
  25. An ceathramhadh lá déag a-droigh
    comhard airde re n-uaghaibh;
    ní cheil féar taise nach tig
    i mbéal gach claise i gcuirid.
  26. An cúigeadh lá déag don dáil
    lasfaidh talamh mar theannáil;
    do ria an mráth ar n-a mhárach
    ó mbia cách go ciulánach.
  27. Cuirfidh Dia a dheaghMhac dia Luain
    do mheasrughadh an mhórshluaigh
    Luanchar Dé do mheas na marbh;
    budh é an treas uathmhar athgharbh.
  28. Do-bhéara Críosd—cruaidh an airc—
    dúin-ne an t-achmhusán orrdhairc;
    Rí na ndúl a-déara riom
    a éara dhún tre dhoichioll.
  29. "Cuin do bhí againn t'éara"
    cantar uainn tre aithmhéala
    "duit do-bhéarmaois bú ar sealbha
    dá bhféaghmaois thú, a Thighearna."
  30. "Mé an bocht do bhí san doras
    i n-íotain 's i n-ocaras
    gan luagh ar mhír ná ar dhigh dhamh
    do bhínn is sibh go seasgar.
  31. "Mé gach fear do bhí go bocht,
    mé an bhansgál do bhí tárnocht,
    mé gach aonbhocht do b'fhíor dáibh
    do bhiodh taobhnocht gan tógbháil.
  32. "A lucht rom fheith amhlaidh sain
    téighidh i dteaghdhais nDiabhail
    is caithidh mar as cubhaidh
    an chaithir do cheannchubhair."
  33. Budh hiomdha ann soin gáir guil
    ag lucht dealuighthe Diabhail:
    truagh, is diabhail ghá ndeaghail,
    nuall an fhiallaigh imneadhaigh.
  34. Mairg cheannchas a chur san mbeirn
    i gcathraigh uathmhair Ifeirn;
    ní cumhaing lucht an lis-sin
    a bhfuluing d'olc d'innisin.
  35.  p.90
  36. A chur ón gcathair neamhdha
    mairg thuaras, a Thighearna;
    mairg sgarthair—nár sgarthair sinn—
    ris an gcathraigh n-aird n-aoibhinn.
  37. A-déara Críosd chongmhas smacht
    "tigidh do bhrígh na mbeannacht,
    a dhream-sa nach deachaidh uaim,
    leam-sa san mbeathaidh mbiothbhuain.
  38. "Gach aon do fhágaibh a fhleidh
    im onóir" ar Rí an ríchidh
    "do-ghéabha teagh n-óil bhus fhearr
    ar nach róigh feadh nó foircheann."
  39. Oisgeolaid dhóibh na doirrse
    aingil gheala ghruadhshoillse;
    budh feidhm aithne ar an ngréin ngil
    tar néimh aighthe gach aingil.
  40. Lánamhna is ógha is feadhbha
    suidhid suas fan Tighearna
    'n-a dtrí naoimhshreathaibh ar nimh
    ar aoinbheathaidh le hainglibh.
  41. Máthair Chríosd 'n-a colainn féin
    ar nimh do chách is coimhléir;
    do-chíthir i gclí duine
    Rí an ríchidh 'n-a ríoghshuidhe.
  42. Soraidh don lucht bhéaras bás
    ria n-a gciontaibh don chéadfhás;
    saoghal don ulc ó nach an
    baoghal don lucht dá leagar.
    Garbh.
  43. Peadar Pápa na Rómha
    soighid dronga díomhóra
    cách fa seach do sóigh Peadar
    mar theach óir gá oireagar.
    Garbh.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Garbh éirghe iodhan bhrátha

Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1894 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Date: 2014

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402052

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 1223, 90 (alias D iv 2: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 26).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 252, 103 (alias F vi 1: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 5).
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 502, 35 (alias 23 D 3: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 12).
  4. Dublin, Royal Irish Academy, MS 9, 1 (alias 24 L 5: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  5. Dublin, Royal Irish Academy, MS 255, 293 (alias F ii 3: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 6).
  6. Dublin, Royal Irish Academy, MS 646, 333 (alias 23 B 31: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 16).
  7. Dublin, Royal Irish Academy, MS 125, 174 (alias 23 E 14: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 3).
  8. Dublin, Royal Irish Academy, MS 20, 439 (alias 23 M 30: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  9. Dublin, Royal Irish Academy, MS 209, 44 (alias 23 N 34: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 5).

The edition used in the digital edition

‘Garbh éirghe iodhan bhrátha’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 86–90.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402052,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Garbh éirghe iodhan bhrátha},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {86–90}
}

 G402052.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are allowed stand temporarily.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Donnchadh Mór Ó Dálaigh, an Irish bardic poet. c.1200–1225

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; religious; Judgement Day

Revision description

(Most recent first)

  1. 2014-07-07: Daterange for creation revised, manuscript details revised; new wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-16: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-10: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:06:22+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1996-09-12: Text parsed using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
  8. 1996-09-03: Header constructed, structural mark-up entered checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  9. 1996-09-03: Text proofed. (ed. Margaret Lantry)
  10. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402052.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top