CELT document G402053

Íocadh Críost cumaoin a mháthar

unknown

Whole text

    Íocadh Críost cumaoin a mháthar

     p.91
  1. Íocadh Críost cumaoin a mháthar
    mór re a dhíol a ndearna sí;
    an chíoch asa teann ar dtagra
    gearr ó fríoth re hagra hí.
  2. Measfaidh cumaoin cích a mháthar.
    measadh sain a n-uair dá ulc;
    naoi míosa do bhí 'n-a bruinne
    Íosa ní as uille 'n-a hucht.
  3. A beith n-a hóigh d'éis a toircis
    fa tualaing saor na sé gclann;
    teacht i gclí d'oidhre na hóighe
    do bhí coimhdhe a hóighe ann.
  4. Tar éis ar fhear d'fhuil an chridhe
    cneadh an taoibh fa tobar díosg;
    go rug an bás céim 'n-a choinne
    a ghrás féin fa choille ar Críosd.
  5. Ní dhiongna Dia an dícheall céadna
    do chloinn Éabha—is adhbhar sgís;
    tús an dubhaidh a-tá ag teachta
    gan lá turaidh reampa a-rís.
  6. Cia nach daor ó na deich n-aithnibh
    uan Muire dá maithe an pháis;
    a dtéid liom go lá na deaghla
    a-tá im chionn ar bearna an bháis.
  7. An mac do mhéaduigh a huaisle
    óighe a mháthar nír mhill sé;
    a glún dá heidhir do b'iomdhadh
    gur dhún gheimhil diomdhadh Dé.
  8. Do cheannaigh—fa cunnradh sochair—
    síoth a dalta ar a deoir ndeirg
    go bhfuair féin croidhe dar gcoimhéad
    Moire ag béin fhoighéag dá fheirg.
  9. Mar fuair an lot do Long-ínus
    grása Dé re ndul fan lia
    ní as tinne ná mo lucht leasa
    do-rinne an t-ucht deas-sa ar Dia.
  10.  p.92
  11. A-tá ag an óigh iúl na sligheadh
    dá seachna an Coimdhe cur linn;
    grása ar seathar seol an arthraigh
    eathar i mbeol anfaidh inn.
  12. Guin an chló do-chuaidh 'n-a throighidh,
    trom re híoc i n-aice ar ngníomh;
    ní hurra an chlí ris na ceanaibh
    is cuma dhí a ndleaghair díom.
  13. A adhbhar d'iomchar na croiche
    i gcoinne an bháis do bhí ag drud;
    do bhí teas na ngrás 'ga gharadh
    bás don treas tamhan go dtug.
  14. Dá mbeinn saor ó na seacht bpeacthaibh
    páis an mheic do mhaithfeadh sé;
    luach an deilge dhó dá ndearnainn
    do b'fheirrde cló i ndearnainn Dé.
  15. Go dtiocfa mar tháinig roimhe
    rádh gach eolaigh—ní hiúl cam;
    biaidh dhod sgáth ar na sé sluaghaibh
    nach é an tráth as uamhain ann.
  16. Mithidh liom leanmhain a éarca
    áladh an chroinn do-chuaidh tríbh;
    do chionn a mhaithmhe, a Dhé, dham-sa
    ní mhaitfe mé an crann-sa id chígh.
  17. Gé thugais linn do lá bágha
    beag an éaraic iarrfa id ghuin;
    ní móide díol th'fhala a huaisle
    dá bhfagha síodh uaim-se it fhuil.
  18. Do chneadha doimhne, a Dhé Athar,
    eidhreacht cáigh do cheannaigh siad;
    ceannchaidh crú th'álaidh an uile
    's nír shlánuigh tú uile iad.
  19. A-tá 'n-a thosd ar tí ar meallta
    móide an baoghal bheith 'n-a fhail;
    nochar an tu-sa ar an talamh
    an usa dhamh anadh air?
  20. Do mháthair nír mhaol a cumha
    an cíoch gonta gur ghabh táth
    gur bh' uisge ionnlaidh dhí a deora;
    do bhí ar th'iomdhaidh teora thráth.
  21.  p.93
  22. Do chaoin an ógh d'fhuil a croidhe
    cneadh an bhuinn do bhí fan chló;
    ní i n-aisgidh do bhí ga bosaibh
    t'fhaigsin, a rí, id chosair chró.
  23. Eigean dúinn déanamh 'n-a éagmhais
    gidh é an cruinne carthar linn;
    a-tám a-moigh feadh na fáilte
    goir go teagh na sláinte sinn.
  24. Do ghabh Muire Magh-da-léana
    leat, a Dhé—gár dheacra ar gclódh?
    dar leat do budh usa mh'fheacadh
    do fheac tu-sa ón pheacadh Phól.
  25. Gér mhó martra meic na hóighe
    is ionráidh re hearla nocht;
    "bás do bhráthar duid gér dhoiligh
    cuid máthar dá oighidh ort."
  26. Ceilt an mheic i measg a námhad
    do-ní an ógh fa híseal sdair;
    do b'eagail lé teachta thairsibh
    fearta Dé nar fhaillsigh air.
  27. Long an anma d'éis a seolta
    —seol an arthraigh budh í an pháis—
    is baoghlach mo leabaidh luinge;
    eagail saobhshruth buinne an bháis.
  28. Ní mó ná beo do bhí an ríoghan;
    rí an talmhan gér thruime a phian
    a ghoin fa martra le Muire;
    nír oil dalta roimhe riamh.
  29. Do bhí an diomdha ag fadódh fúithe
    fearg an mheic gur maoladh lé;
    soghuidhe an rí tres an ríoghain
    sí ag forfhaire ar dhíoghail nDé.
  30. Gin go mbeath liom lá na breithe
    buime mhúinte mheic an ríogh
    a-tá a grás 'ga char 'n-a chrithribh
    nach cás damh a ndlighthir díom.
  31. Tig 'n-a luighe ar leic a dalta
    i ndiaidh Íosa d'éirghe ón uaigh;
    do chreid Moire a theacht ó thalamh;
    croidhe ón fheart fhalamh ní uair.
  32.  p.94
  33. Nír fhulaing ar eagla a ghonta
    grása Dé do dhul i ndíosg;
    mac na hóighe i gclí gur cuireadh
    do bhí a hóighe ag cuireadh Críosd.
  34. Do chloinn Ádhaimh gidh é as coimhéad
    créachta an bhuinn—ní beag an tóir—
    is í a pháis do chách bhus conair
    áth an bháis madh domhain dóibh.
  35. A fhir nach adaimh a cheana,
    ceilt an uilc ní headh budh dú
    —féach an corp a-tá 'n-a thaisibh—
    th'olc an lá do thaisigh tú.
  36. A hosnaidh re hucht na croiche
    cneadh a mheic fa móide a nimh;
    fuair do mhartra is í 'n-a fhochair
    dí nar dhalta sochair sin.
  37. Do íoc ar gcuid do chion Eabha
    oidhre Dé do dhiúl a cíoch;
    nús a bhuime a-tá 'ga thairmeasg
    ruinn-ne an lá as aimhleasg a fhíoch.
    Íoc.
  38. A Mhíchíl, a mhaoir an Dúilimh,
    díol mo cheana ná cuir díot;
    ó taoi ar mo sgáth id sgiath dhaingean
    is tráth m'fhiach, a aingeal, d'íoc.
    Íoc.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Íocadh Críost cumaoin a mháthar

Author: unknown

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1773 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402053

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Dublin, Trinity College Library, 1340, 39 (alias H. 3. 19; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921)).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 1235, 18 (alias C ii 2: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 27).

Translation

  • Lambert McKenna, 'To the Blessed Virgin', in: The Irish Monthly 58 (no. 687, September 1930) 467–471 (available online on JSTOR).

The edition used in the digital edition

‘Íocadh Críost cumaoin a mháthar’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 91–94.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402053,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Íocadh Críost cumaoin a mháthar},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {91–94}
}

 G402053.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are allowed stand temporarily.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By an unknown Irish bardic poet. c.1200–1600

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic poetry; sin and penitence; crucifixion; legal terms; religious

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-06-28: Queries resolved using information from the Irish Bardic Poetry Database. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-16: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-10: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:06:25+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1996-09-12: Text parsed using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
  8. 1996-09-09: Header constructed, structural mark-up entered checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  9. 1996-09-09: Text proofed. (ed. Margaret Lantry)
  10. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402053.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top