CELT document G402055

Iomdha fear suirghe ag San Mairghréag

unknown

Whole text

    Iomdha fear suirghe ag San Mairghréag

     p.97
  1. Iomdha fear suirghe ag San Mairghréag
    a muinntir do mhéaduigh sí;
    diallaidh re gach fear dá bhfhaghann;
    bean fhiadhaigh na n-anam hí.
  2.  p.98
  3. D'éis a héaga is fearr do bhaoghal
    an bhean dar cheisd cosg an uilc;
    'n-a beathaidh níor bhean re suirghe
    bean i ndeachaidh cuimhne a cuirp.
  4. Is é as chiontach ris an gcumann
    —comhthrom uainn ní fhaghann sí—
    an fear le ndiultar a dhéineamh;
    bean nach diúltadh éinfhear hí.
  5. An lá as chumhain liom mo lochta
    ar leas m'anma is ann do bhiath;
    is í ar suirghe re San Mairghréag
    cuimhne dhamh ar ainmhéad m'fhiach.
  6. Grádh tairise do thaobh cumainn
    créad an fáth nach fuighe sí?
    bean nach tug náire dá naomhthacht
    rug báire ar gach aonlocht hí.
  7. Ní hiongnadh gomadh í an bhanógh
    do bhéaradh d'fhear annsacht lán
    bean do ba chuibhdhe mar chéile
    don fhear suirghe as ghéire grádh.
  8. Sealbh na humhlochta ó aois leinibh
    go lá an bháis níor beanadh dhí;
    do cheangail síoth re méad meanman
    díoth go héag nach dearnadh dhí.
  9. Bean dá ráinig rogha anma
    adhbhar don ainm do rádh ria
    a mhéad do mhaith do-ní an néamhann
    maith gach ní dhá ndéanann Dia.
  10. Dá héis is iomdha 'n-a beathaidh
    —gá beag uirthe d'adhbhar gráidh—
    cloch líoghmhar an anma uasail
    míorbhal tharla i gcluasaibh cáigh.
  11. A Dhé, ní dheachaidh it aghaidh
    gion gur eol dí dul id ghar;
    sul do chreid an ógh it ainm-se
    mór do leig thairse tal.
  12. Iúl nochan fhuair ar an gcreideamh
    an chéadchuid gur chaith dá ré;
    d'éis a baisde do bhaoi a námha
    i ngaisde ag mnaoi dhála Dé.
  13.  p.99
  14. Cosg mo námhad naisgim uirre
    ós í roimhe rug a bhuaidh;
    ní théid ar feadh iadhaidh m'fhabhra
    fear fiadhaigh an anma uaim.
  15. Is móide chuirim i gcomhrádh
    an comhrag rer chaithis dlús;
    buain rem fhurtocht gomadh usa
    a dhocracht fuair tu-sa a thús.
  16. Ná leig eadrom is m'fhear cogaidh;
    do chlaoidhis cheana—trom an clú,
    iomchuir a-rís oire m'anma—
    dís roimhe re dtarla tú.
  17. Don tromdháimh tháinig a hIfearn
    dá aingeal do b'í do chuid
    do choisg tú ar-aon an dá aingeal
    taobh rú gomadh daingean duid.
  18. Feirrde bean gé do bheadh láidir
    lámh carad ag congnamh lé;
    níor fhéad námha teacht red threise
    tar neart lámha deise Dé.
  19. Breith na cloinne is cean do mhartra
    —móide as deacair déanamh thort—
    nach bí do bhean pháirte i bpianaibh
    acht feadh sláinte d'iarraidh ort.
  20. Ón mhaith do thionnsgain ar dtosach
    ní troigh ar gcúl do-chuaidh sí
    sealbh na ngrás nó gur ghlac Mairghréag;
    slat as nar fhás ainghéag í.
  21. Tráigh ar a dtiomsaightear cnuasach,
    crann toraidh nach téid i ndíosg,
    bean do luaidheadh fa fhear uile,
    bean ler fuaigheadh croidhe Críosd.
  22. Do bhí ag fear dá fearaibh suirghe
    searc don óigh—gá huaisle modh?
    iomdha líon do hinnleadh uirre
    inghean ríogh dar thruime a thol.
  23. An grádh ar dtús thug dom banóigh
    brath ar a háille an uair rug
    do bhí gá choimhéad 'n-a chroidhe
    dí ar roimhéad a thoile thug.
  24.  p.100
  25. D'fhior nochar iongnadh a carthain
    caol a mala, mín a traigh;
    dearna a láimhe acht a lámh oile
    clár do b'áilne snoidhe sain.
  26. Ar an mbéal dtana tug féachadh,
    an folt cas do-chonnairc uadh;
    níor luibhe chabhra dá chridhe
    duibhe a habhra is gile a gruadh.
  27. Annsacht nar urusa a caitheamh
    dá cruth ar dtosach tug sé;
    tug grádh dochaithmhe dá deighmhéin
    lámh chothaighthe deibhléin Dé.
  28. Is moladh ar áilne a haighthe
    an inghean nar fhéad do chlódh
    a chridhe ar n-a chor ar meisge
    ar son dighe eisde d'ól.
  29. Breath gion go mbeirthe le a faicsin
    ní foláir go bhfuighe sí
    grádh gach éinfhir ar a huaisle;
    lán do thréidhibh uaisle hí.
  30. Níor labhair ón lá do mhothaigh
    leis an maighdin dar mhó a thoil
    acht fuighle do bhíodh mbogadh;
    suirghe an ríogh ar hobadh air.
  31. {}
    {}ní raibhe a cion
    bean nochar bhean as a riaghail
    bean ler shearbh a hiarraidh d'fhior.
  32. {}Dia dá dtug masla
    a mhian ar gcúl do chuir sé
    go roibhe lán d'fhuath don inghin;
    grádh is luath do imdhigh hé.
  33. An uair do agaill a briathra
    do bhí an baoghal ag drud ria
    an té ar ar tréigeadh a námha
    gurbh é a céidfhear dála Dia.
  34. An sgiúirse as teo dá dtug fulang
    ní fríoth lé ó lucht a pian
    acht gur ghéire a galar eile
    garadh péine reimhe riamh.
  35.  p.101
  36. Fuighleach dar fágbhadh 'n-a créachtuibh
    an cíogh trom an tráth do sguir
    nar thuil a béal chréacht a colla
    muir théacht a déar orra d'fhuil.
  37. Tugadh pian trom do thaobh fhuachta
    an inghean óg nar óg nós
    le huisge fhuar dhí fa dheireadh
    is í i ngual teineadh ar dtós.
  38. An goradh gur bhean dá brághaid
    an bheatha thall níor thréig sí;
    do mhian an bháis do bhaoi ar Mairghréag
    nar chlaoi páis dá ainmhéad í.
  39. {}mháil fhoghanta an chinn- se
    caraid na hóighe is eadh bhíd;
    a maith gur moladh le a námhaid
    do thoradh mhaith thánuig tríd.
  40. Cúig mhíle fear fa chuing creidimh
    do chuir an ógh—níor fheidhm díosg;
    fuair 'n-a haonar d'ulc an phobail
    gur saoradh lucht cogaidh Críosd.
  41. {}ní dhleisinn
    mo dhán molta is mé 'n-a gioll;
    sí re n-éag do chuimhne an chumainn
    réad suirghe chumaim dá cionn.
  42. Mo ghuidhe go ngéabha si-se
    is í tuigsin i dtú faoi;
    budh anáir fa dheireadh dhamh-sa
    deighfhear d'fhagháil masla ón mhnaoi.
  43. Do gheall tú a thabhairt dá cairdibh
    cur linn fa leigheas ar n-olc;
    ní dulta, a rí, tar an riaghail,
    gach ní as mholta d'iarraidh ort.
  44. Sgaoiltear{} sgéalaibh milse
    le méad an ghráidh do-gheibh sí
    mian le a fear a n-ól 'n-a n-éindigh;
    an ógh ní bean éinfhir í.
    Iomdha.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Iomdha fear suirghe ag San Mairghréag

Author: unknown

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1891 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402055

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  • Dublin, Trinity College Library, 1340, 47 (alias H. 3. 19; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921)).

Translation

  • Lambert McKenna, 'To St. Margaret', in: The Irish Monthly 57 (no. 677, November 1929) 593–597 (available online on JSTOR).

The edition used in the digital edition

‘Iomdha fear suirghe ag San Mairghréag’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 97–101.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402055,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Iomdha fear suirghe ag San Mairghréag},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {97–101}
}

 G402055.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By an unknown Irish bardic poet. c.1200–1600

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic poetry; religious; poetry offered to saint; the devil

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-06-28: Queries resolved using information from the Irish Bardic Poetry Database. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-16: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-10: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:06:31+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1996-09-22: Text parsed using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
  8. 1996-09-20: Header constructed, structural mark-up entered, checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  9. 1996-09-20: Text proofed. (ed. Margaret Lantry)
  10. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402055.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top