CELT document G402057

Mair chungnamh lem chairdibh

unknown

Whole text

    Mair chungnamh lem chairdibh

     p.102
  1. Mair{}chungnamh lem chairdibh
    cabhair uaim ní fhaghann siad;
    mór dtaobh a ngabhad ga ngaoltaibh
    caor charad ar aontail iad.
  2. Urusa a aithne ar m'fhear chogaidh
    a gcairdeas nach cabhair ghann;
    gidh cia le gcarthair na caraid
    sia ná an charthain anaid ann.
  3. Tearc agam i n-am an chunntais
    ar chionn an bháis gidh ard mh'uaill,
    dam dhíon acht combáidh na gcarad;
    gníomh folláin ní fhaghad uaim.
  4. Do thaghas mar chairde croidhe
    ar chionn mh'agra—ni hiúl gann—
    dá cheathrar nó a trí nach tréigeabh
    neamhchur dá dtí an t-éigean ann.
  5.  p.103
  6. Dom fhior cogaidh is cúis faitchis
    gidh iomdha im chionn cunntas doirbh
    an dá sheisear re hucht n-aighnis
    sei-sean 's a lucht aimhlis oirn.
  7. Gidh iomdha romham bearn baoghail
    dom breith suas ní slighe ghann
    —is é an t-iúl go neamh do nochtadh—
    triúr is fear is ochtar ann.
  8. Lucht eadrána fheirge an áirdríogh,
    iúl fíre as a bhfuil ar ndóigh,
    mogall géag nach cumhang gcabhra,
    dá ubhall déag abhla óir.
  9. Do bhraitheas gur mhogal milis,
    mian gach neich do-chiú 'n-a chnuas,
    da chóigear 's dá chnaoi san chrobhuing
    is sgaoi óigfhear thoghaim thuas.
  10. Gidh éigean dáibh dul dom chumhdach
    cóir cungnamh as lia sa lia;
    mór ní dá neamhthail do-ním- se
    trí ceathrair as dísle ag Dia.
  11. Do leanadar lorg a n-athar,
    d'éis a bháis nír bheag a ngrádh;
    mogal cumhra an dá chnó déag-sa
    umhla dhó ná an tréad-sa i dtám.
  12. Ní féadthar nach fionnfadh mi-se
    —minic fhéachthar í dá boing—
    dá chnó dhéag d'iompuibh na humhla;
    fionntair an ghéag chumhra i gcoill.
  13. An fad do bhádar 'n-a mbeathaidh
    briathra an sgrioptúir do sgag siad
    na sé chúpla fa caoin freagra;
    braoin drúchda na heagna iad.
  14. Cúitéaghthar i n-am ar n-aighnis
    —annamh fhuairsead taom budh theo—
    ón éinfhear déag páirte is Peadar
    ar bpáirt-ne a mhéad leagar leo.
  15. Ar bhfás tríom do thoradh m'ainmhian
    iomdha fréamh as a bhfuil géag
    a ndul i seilbh mh'anma d'fholcadh
    calma an feidhm dhá dhoctar dhéag.
  16.  p.104
  17. Ar n-imtheacht dá n-oide mhúinte
    mogal cumhra an dá chnó dhéag
    do líon ceo cumhadh gach duine,
    nar phudhar leo uile a n- éag.
  18. Ar n-anamhain uile i n-éintigh
    do bh'í a n-orchra dar ghar glóir
    —a dtoirse fa cumha choimhthe—
    soillse ar ndula i ndoirche dhóibh.
  19. Dá bhfuasgladh as a n-aitreibh iadhta
    d'éis a n-athar—is iúl fíor—
    táinig an Spiorad Naomh neamhdha
    ionad saor go ndearna dhíobh.
  20. Táinig gus an teaghdhais ndúnta
    an deachmhadh lá dá láibh bróin
    an Spiorad Naomh i dtairm theineadh;
    saor an snaidhm fa dheireadh dhóibh.
  21. Do fhoillsigh Dia san dúil teineadh
    teangtha an domhain dóibh 'n-a rioth;
    fir sin gan doghruing a ndéanmha
    fir gan fhoghluim béarla ar bioth.
  22. A n-eachtra nír bh'adhbhar guaise;
    grás a n-eagna as lia sa lia;
    an deaghsgol nír thréad gan teangtha
    dá easbol déag dearbhtha ó Dhia.
  23. Foillsighthear dhóibh dul dá dteagasg
    na trí ranna—ní rian gann;
    mar bu dú sgaoileadh an sgrioptúir
    aoinfhear rú nír bh'iontnúidh ann.
  24. Do cuireadh leo fa chuing creidmhe
    na ceathra triair do thogh mé
    —gan chairde budh beirthe a bhuidhe—
    ceithre hairde an chruinne ché.
  25. Ní tháinig ar dteacht dá dturas
    —troma a ndochair ní dáil ghann—
    éinfhear dhíobh gan easgar d'fhagháil
    díol na n-easbal d'anáir ann.
  26. Tiomsaighid timcheall na hóighe
    re hucht a báis—ní beart chlé—
    a dá dhalta dhéag i n-aoinfheacht
    'n-a dtréad sgagtha ó dhraoidheacht Dé.
  27.  p.105
  28. A dteagmháil is-tigh i n-aoinfheacht
    d'éis a n-eachtra ó thír do thír
    —ní raibhe snaidhm as sia ar Mhuire—
    gairm ó Dhia ar gach nduine dhíbh.
  29. Ag sin iomthúsa na hóighe
    inghean Iaichim fa hard nós
    dul dí ó ghrás gus na grásaibh
    's í gan bhás ón bhás-sain bhós.
  30. Ós chionn a cuirp—cóir a chreideamh—
    ní chuala cluas nír chuir súil
    a gclos do cheol ógh is aingeal
    —eol as lór do dhaingean dúinn.
  31. Iarraim ar éininghin Iaichim
    a hucht a gaoil 'n-a ghaol ghar
    i n-anáir an dá fhear déag-sain
    seal d'fhagháil dá déagsain damh.
  32. Ar impidhe an dá fhear déag-sa
    do dhíon cáich tar ceann a locht
    do-ní a muime agus a máthair
    ní as uille ná an bráthair bocht.
  33. Seol mo luinge re hucht n-anfhaid
    —iomdha slighe don tigh thuas—
    ná leagadh sé muna seolfam
    Peadar is é ar seolchrann suas.
  34. Uaidhe nó go bhfaghar fortocht
    —fada dhamh i n-easbhaidh eoil—
    ní ghéabha mé an cuma comha
    gidh é tunna ola Eoin.
  35. Go gcuire Tomás lámh linn-ne
    i ló an bháis—budh tachar te
    lámh i dtaobh Dé mar do dheaghcuir
    as ar shaor sé a dheacair dhe.
  36. Parr-thalon agus Ta-théus
    mo thonn fheirge—ní gníomh gann—
    Aindrias muna chabhra ó chroidhe
    tarla an daighdhias oile ann.
  37. Dom shaoradh ar fheirg, a Íosa,
    acht Eoin Bruinne as bhráthair dhaoibh
    ní mhar tréan as mó go Muire
    San Séam nó a dó ar ghoire gaoil.
  38.  p.106
  39. Suibhisgéal is easbhal orrdhraic
    gidh é Matha nar mhaol sdair
    tarla dhó glóir an dá ghradam
    ag só dá choir agam air.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Mair chungnamh lem chairdibh

Author: unknown

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1673 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402057

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  • Dublin, Trinity College Library, 1340, 50 (alias H. 3. 19; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921)).

The edition used in the digital edition

‘Mair chungnamh lem chairdibh’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 102–106.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402057,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Mair chungnamh lem chairdibh},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {102–106}
}

 G402057.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read three times and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By an unknown Irish bardic poet. c.1200–1600

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic poetry; religious; legal terms; judgement day

Revision description

(Most recent first)

  1. 2010-11-16: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-10-10: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  4. 2005-08-04T16:06:38+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  5. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  6. 1997-05-20: Text proofed for the third time. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1996-09-22: Text parsed using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
  8. 1996-09-20: Header constructed, structural mark-up entered checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  9. 1996-09-20: Text proofed for the second time. (ed. Margaret Lantry)
  10. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402057.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top