CELT document G402060

Mairg mheallas muirn an tsaoghail

Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Whole text

    Mairg mheallas muirn an tsaoghail

     p.109

    GOFFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.

  1. Mairg mheallas muirn an tsaoghail
    gearr bhíos buaidh a mhóraonaigh;
    mairg nach rochaomhain é air
    re ré an drochshaoghail deacraigh.
  2. Flaitheamhnas mór ar mhuirn mbig,
    beatha shíor ar sheal ngairid,
    tréigean Dé is diombuaidh an dáil
    ar ré ndiombuain an domhnáin.
  3. Sógh na sochraide neamhdha
    a-tá thuas mun dtighearna,
    gach sódh fa nimh seacha sain
    is beatha fhir i n-uamhaidh.
  4. A dhaoine dá ndáiltear rath
    leis nach beag méad a meadhrach
    bhar sódh is uime as lor libh
    gan sódh as uille d'fhaicsin.
  5. Dá dhearbhadh sin ag so sgéal
    bheanas ris do réir fíréan
    —sgéal é ónab iontúir neamh—
    gidh bé sgriobtúir ór sgaoileadh.
  6. Bean torrach ag tuar broide
    do bhí i bpríosún peannaide;
    bearar do chead Dé na ndúl
    lé leanabh beag san bhríosún.
  7.  p.110
  8. Ar n-a bhreith do bhí an macámh
    ag fás mar gach bhfochlacán
    dá fhiadhnaibh mar budh eadh dhún
    seal do bhliadhnaibh i mbríosún.
  9. An inghean d'fhagháil bhroide
    meanma an leinbh níor lughai-de
    's í dá réir gé do bhaoi i mbraid
    mar mhnaoi gan phéin gan pheannaid.
  10. Do shoillse an laoi níor léir dhóibh
    achd a bhfaicdís—fáth dobróin—
    do dhruim iodhan an achaidh
    tré ionadh thuill tarathair.
  11. Mun n-orchra níor bh'ionann dál
    dá mháthair is don mhacámh;
    do athruigh dealbh dá dreich ghil
    is an leanbh ag breith bhisigh.
  12. An leanbh dá oileamhain ann
    do b' fheirr-de aige a fhulang;
    níor léir don bharrthais óg úr
    narbh fhód Parrthais an príosún.
  13. Sei-sean ag breith ruag reabhraidh
    si-se ag dul ar doimheanmain,
    mairg thrá nach tiobhradh dá aoidh
    ionramh na mná is a macaoimh.
  14. Ar bhfaicsin déar re dreich ngil
    ráidhis an leanbh lá éigin
    "ó tharla a fhuigheall ar m'óidh
    cluineam damhna do dhobróin."
  15. "Neimhiongnadh gé do-neinn maoith"
    ar si-se "a leinibh lánbhaoith
    "is rian chumhang nar dhleacht dún
    teacht d'fhulang pian i bpríosún."
  16. "An bhfuil" ar sé "sódh eile
    as aoibhne ná ar n-inmhei-ne
    nó an bhfuil ní as soillse ná so
    ó do-ní an toirse throm-so.
  17. "Dar linn" ar an leanabh óg
    "gé taoi brónach, a bhean-ód,
    is léir dhúin ar ndíol soillse;
    ná bíodh ar th'úidh athtoirse."
  18.  p.111
  19. "A n-abra ní hiongnadh dheit,"
    ar an inghean "a óigmhic
    dáigh treibhe an teagh do thaghais,
    treabh eile ní fhacadhais.
  20. "Dá bhfaictheá a bhfacaidh mei-se
    re dteacht don toigh dhoirchei-se
    do bhiadh doimheanma ort ann
    id phort oileamhna, a anam."
  21. "Ós agad-sa as fhearr a dhearbh,
    a inghean" ar an t-óigleanbh
    "ná ceil foirn fionnachtain de
    do mhoirn d'iomarcaidh oirn-ne."
  22. "Loise an tsaoghail mhóir-se a-muigh
    is eadh tháirreas ó thosuigh;
    mé i dtigh dhorcha 'n-a dheaghaidh,
    a fhir chomtha, is cinneamhain."
  23. Le cleachtadh deacrachta dhe
    's nach fuair se sodh budh aoibhne
    níor cheis a ghruadh ghríosúr ghlan
    ar an bpríosún bhfuair bhfalamh.
  24. Baramhail do-bhearthar dún:
    an dream do bhaoi san bhríosún
    lucht an bheatha ché an cúpla
    a ré is beatha bhríosúnta.
  25. Ag féachain meadhrach Mic Dé
    flaitheas aga bhfuil buainré,
    cúis bhróin beatha gach dúnaidh
    slóigh an bheatha is bríosúnaigh.
  26. A-tá idir neamh na naoi ngrádh
    is aoibhneas talmhan thonnbhán
    a mbí idir uaimh dhorcha dhuibh
    agus tolcha i n-uair aonaigh.
  27. Drumchla áluinn gach achaidh
    is grian tre tholl tarathair
    gach teaghadh gréine do-gheibh
    ag féaghadh réime an ríchidh.
  28. Ní bhí an tsoillse-se an tsaoghail
    seach múr nimhe nuabhraonaigh
    —taobh re a dáil is doibheas damh—
    acht mar shoiléas cláir comhladh.
  29.  p.112
  30. Fearr í ina loise as lugha
    aoibhneas ris nach ionchora
    ní buaininmhe an mhoirn-se a-muigh
    tuairim-ne an soillse suthain.
  31. Tuarasgbháil teaghlaigh nimhe
    's an bhrogha aird ainglidhe,
    go dtí an bráth agus bheith ris,
    ní reich re cách í d'aithris.
  32. Maith na cruinne ar chumas damh
    agus neamh éanuair d'fhéaghadh
    do leigfeadh mé an mhaith-sin uaim
    gan é d'fhaicsin an athuair.
  33. An talamh go n-a dtig de
    do thréigfinn ar theach nimhe
    's gan fhaicsin dúnaidh Dé dhamh
    achd mé ar culaibh a comhladh.
  34. Éisdeacht le héanlaith nimhe
    is cuid don cheol ainglidhe
    na heoin is díoghadha dhe
    fíorragha ceoil na cruinne.
  35. Iomdha oirfideach eoin bhinn
    ag mac inghine Iaichim;
    nocha léir dá nglar-san guth
    nach sásfadh i bpéin peacach.
  36. Iomdha i n-Ifreann 'n-a aghaidh
    —ní dá gcur i gcomhraghain—
    guil agus ualla arda
    'ga bhfuil uadha ar ionnarba.
  37. Ifreann aitreabh na ndeamhan
    príosún daor an Dúileamhan
    —rochtain ilphian triall don tigh—
    imchian ó rian an ríchidh.
  38. Dá bhfeasdais fir an domhain
    sgéala Ifrinn orchradhaigh
    re a gclaisdin do ba cóir sgeinm
    dóibh is gan fhaicsin Ifeirn.
  39. Do badh neamh leis gach neach ann
    bás d'fhagháil is ní fhaghann;
    ní dul ní téarnamh is-tigh
    brugh gan éanbhrugh a aithghin.
  40.  p.113
  41. Beag gach guais achd a ghábhadh
    losgadh ann is iombádhadh
    smuail bleachta nach báidhfeadh loch
    sneachta nach tráighfeadh teasbhach.
  42. Aghaidh uirre anba an teidhm
    piasd a-tá ar tairsigh Ifeirnn
    dá bhfaiceadh í eadh radhairc
    gach fear ad-chí a chontabhairt.
  43. Brugh Ifreinn nár fhaice mé
    i gcéin uadh ná 'n-a fhoigse;
    Rí na ndúl cá chuin do-chear
    an dún i bhfuil go bhfaicear.
  44. Ní treise ar Dhia an duine tréan
    iná an bocht bhíos 'n-a fhíréan;
    ní le teann tiaghair ar neamh;
    fearr a hiarraidh go háilghean.
  45. Croidhe uiríseal umhal
    tig de duine d'ardughadh;
    'n-a luaighidheacht is lór d'fhear
    guaillidheacht ógh is aingeal.
  46. Beatha gan aois gan orchra
    dóibh so ar son a adhartha,
    sláinte gan fhoircheann d'fhearaibh
    fáilte choitcheann chairdeamhail.
  47. Mairg do thréigfeadh teach nimhe
    ar ar mbeathaidh mbréigei-ne;
    gá haird nach baoghal a-bhus?
    an saoghal is mairg mheallas.
    Mairg.
  48. Nár mhealltar mi-se, a Mhuire,
    léir dom dhíon do dheaghguidhe;
    guidhe óghMhuire is lór linn,
    ógh as ghlórmhuire ghuidhim.
  49. Comhairle Muire móire
    do-ní mac na móróighe;
    ó treise san tigh neamhdha
    ní dhligh mei-se mímheanma.
  50. Ar gcomharg coitcheann do chuing
    ag Míchéal aingeal oruinn;
    is é crodh iarrfaithir air
    dol san ngrianchaithir nglórmhair.
    Mairg.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Mairg mheallas muirn an tsaoghail

Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 2234 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402060

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 151, 176 (alias 23 D 13: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 4).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 6, 150 (alias 23 I 40: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 2, 125 (alias 23 F 16: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  4. Dublin, Royal Irish Academy, MS 703, 56 (alias 23 H 8: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 17).
  5. Dublin, Royal Irish Academy, MS 8, 28 (alias 24 L 6: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  6. Dublin, Royal Irish Academy, MS 1, 40 (alias 23 D 14: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  7. Dublin, Royal Irish Academy, MS 492, 243 (alias 23 G 27: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 11).
  8. Dublin, Royal Irish Academy, MS 646, 344 (alias 23 B 31: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 16).
  9. Dublin, Royal Irish Academy, MS 256, 256 (alias 23 G 23: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 6).
  10. Dublin, Royal Irish Academy, MS 1067, 160 (alias 24 P 11: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 24).
  11. Dublin, Trinity College Library, 1340, 19 and 36 (alias H. 3. 19; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921)).
  12. Dublin, Trinity College Library, 1325, 628 (alias H. 3. 6; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921)).
  13. Dublin, Trinity College Library, 1280, 126 (alias H. 1. 6; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921)).
  14. Dublin, Trinity College Library, 1347, 164 (alias H. 4. 5; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921)).
  15. Dublin, Trinity College Library, 1351, 5 (alias H. 4. 10; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921)).

The edition used in the digital edition

‘Mairg mheallas muirn an tsaoghail’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 109–113.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402060,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Mairg mheallas muirn an tsaoghail},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {109–113}
}

 G402060.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are allowed stand temporarily.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Gofraidh Fionn Ó Dálaigh, an Irish bardic poet (1320–1387) c.1340–1387

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; 14c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2012-06-21: Header modified. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-16: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-10: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:06:46+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1996-09-20: Header constructed, structural mark-up entered checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1996-09-20: Text proofed. (ed. Margaret Lantry)
  9. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402060.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top