CELT document G402061

Mairg nach diongnadh dán do Dhia

Fearghal Óg Mac an Bhaird

Whole text

    Mairg nach diongnadh dán do Dhia

     p.114

    FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.

  1. Mairg nach diongnadh dán do Dhia
    is mairg nach diongnadh dán dó;
    ar tí ar gceannuigh ar do chrú
    do bhí tú idir cheannuibh cló.
  2. Díol a mholta Rí na ríogh;
    mo Rí go molar ó mhian;
    a thuilleamh go dtí dom dhán;
    go dtuillior grádh an tí as triar.
  3. An t-éasga lán lán do ghlóir
    iar mbás do éirigh ón úir;
    do shúil re grádh créachta an chígh
    dán don rígh is déanta dhúinn.
  4. Tar éis a ghonta go grian
    dá éis do b'fholamh an uagh;
    mar so do shéalaigh mo shíodh;
    do ba díor déanaimh na nduan.
  5. Molta séimhe ó gach dhroing dhínn
    do thuill ar n-éirghe as an uaigh;
    do mhúch dhe ar ngluasocht le glóir,
    do fhóir ar ghuasacht sé sluaigh.
  6. Lá bloghtha brogha na bpiasd
    —a mholadh níor mholadh díosg—
    do-chuaidh ón uaigh ar chreich Chásg,
    i leith na ngrásd do-chuaidh Críosd.
  7. Na haithre umun fios fíor
    mo chion tharla 'n-a riocht riamh;
    ionmhuin an lucht thug ón tár
    rug tre ghrádh ó Phurt na bpian.
  8. Do fhágaibh an gcreich nar clódh
    an ghein dá dtánaig a dtriall
    i bParrthas na mbile n-úr
    múr barrghlas fan gile grian.
  9. Flaith fial nach neamhchonáigh nós
    go a dheasghabháil Dia na ngrás
    go teach Dé ní dheachaidh suas
    's é thuas 'n-a bheathaidh iar mbás.
  10.  p.115
  11. San deasghabháil ma-raon ris
    don fheadhanfháir far fhaomh crois
    tug a uille ais re hais;
    rug lais an cuire re chois.
  12. D'éis bháis 'n-a beathaidh do bhaoi
    an chreach-sain far chráidh a chlí
    rug iar mbuadh go dúnphort Dé;
    lé níor bh'fhuar a dhúthracht dí.
  13. Urra na creiche Críost mór
    níor theine gan ghríos a ghrádh;
    go dtí leam a thoil do thuar
    'n-a cheann ba dhual dol re dán.
  14. Gréas do naidhm ní neamhchóir dhúinn
    don chreachthóir do airg an uaimh;
    lorg na gcló tre choigle cáigh
    do badh cáir 'n-a oigdhe d'uaim.
  15. I gcuilt chumhuing is í fuar
    dúinn do fhuluing an tí 's triar;
    ar son roghan ríogh na ndúl
    díor dún a mholadh ó mhian.
  16. Díoghrais {} is déanta dhúinn
    'n-a éaraic dom éasga eoil;
    tre ar n-olc dá chrochadh do-chuaidh
    fuair a chorp dochar dá dheoin.
  17. Uch nach dán díchill mo dhán
    don rígh-sin tá i n-a thriar
    ar son roghan ríogh na ndúl
    díor dhún a mholadh ó mhian.
  18. Móide 's dual déinimh na ngréas
    don uan do éirigh iar mbás
    a-tá i neart ar an treibh thuas;
    ní tearc duas ag gein na ngrás.
  19. Urusa duas d'iarraidh air
    ní tre fhuath tiaghair dá thigh;
    is é mo rí an rí ag a bhfuil
    an chré 's an mhuir 's gach ní ar nimh.
  20. An t-éasga dearg as dearg snuadh
    is le ceard déanta na ndúl
    leis gach lionnmhagh, leis gach sliabh,
    leis an ghrian 's an fhiodhbhadh úr.
  21.  p.116
  22. Leis na haingle ó láimh go láimh,
    's na maighe 's an tráigh 's an tír,
    leis na luibhe, leis na heoin,
    leis na neoil 's gach duine dhínn.
  23. Dá mbeinn re ríomh a bhfoil faoi
    níor leinn soin do ríomh rem ré;
    mar sin is leis uile í
    leis gach ní san chruinne ché.
  24. Tre ghuin chígh is dearnann dúinn
    go ndearnam an rígh do réir;
    ar a thol ó tá gach dúil
    ní lá dhúinn dom chor ó chéim.
  25. Gríos grás ar nach deachaidh dlaoi
    iar 'n-a bhás do bheathaigh sé;
    glóir ar marthain uile hí
    an uile ní ar dhaghthail Dé.
  26. Dar gcaomhna do-cháid fan lia
    le a dhaonnacht do dháil a chrú
    do bhí a chlí 'n-a cosair chró
    rí as mhó do chosain a chlú.
  27. Do bhí ós chách is é i n- úir,
    do bhí sé iar mbás fá bhuaidh,
    fa rí é agus é san óigh
    an tí do fhóir na sé sluaigh.
  28. Do dhearg romhuinn an rian ríogh
    triall 'n-a cheann dá bhfaghuinn uadh;
    lorg ceise 'n-a chlí do-chiam
    rí fial ara treise truagh.
  29. Ní hé ar éanchor obus róinn,
    mo lochta dom éara uaidh;
    ní ghabhaim mo chor i gcéim;
    dom thol féin anaim uaidh.
  30. Cairt ar gcomhthruim Muire mhór
    ó athair na n-uile ndúl;
    níor cailleadh an réalla ríogh;
    do-ghéabha síodh daingean dún.
  31. Maighdean nar bh'iomarcaidh uaill,
    an mhaighdean bhionnfhoclach bhúidh
    'n-a dál go ndighear iar nóin
    sireadh glóir ar mo dhán dúinn.
  32.  p.117
  33. An chaor bhuaidh ler saoradh sionn
    tre dhaonnacht i nduais mo rann,
    gidh fiú mo choir cor im cheann,
    go rabh leam is an toigh thall.
  34. Ógh ler slonnadh síodh gach uird
    bíodh dom chosnamh ar an chailg
    do dháil go lór t'fhuil gan fheirg;
    guin an deilg is mór an mhairg.
    M.
  35. A sheachna is cumann go gceilg
    —Peadar umam i ngach aird—
    mairg danab sódh seachna a uird;
    seachna a luirg is mór an mhairg.
    M.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Mairg nach diongnadh dán do Dhia

Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1670 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland— http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2012

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402061

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  • Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, 88

Secondary Literature

  1. Pádraig Ó Macháin, Poems by Fearghal Óg Mac an Bhaird, Celtica 24 (2003) 252–263. [Survey article about Mac an Bhaird's oeuvre with further literature.]
  2. Lambert McKenna, 'The duty of praising God', Irish Monthly 56 (1928) 379–383.
  3. Pádraig Ó Macháin (ed), The Book of the O'Conor Don (Dublin: DIAS 2010).

The edition used in the digital edition

‘Mairg nach diongnadh dán do Dhia’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 114–117.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402061,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Mairg nach diongnadh dán do Dhia},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {114–117}
}

 G402061.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the poem. Page-breaks are marked pb n="". Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Fearghal Óg Mac an Bhaird, an Irish bardic poet. c.1575–1625

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; 16c; 17c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2012-06-19: Addition made to bibliographical detail; new wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-13: Header updated; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:06:49+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1996-09-22: Text parsed using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
  8. 1996-09-20: Header constructed, structural mark-up entered checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  9. 1996-09-20: Text proofed. (ed. Margaret Lantry)
  10. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402061.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top