CELT document G402062

Mairg nach doirteann a dhéara

Fearghal Óg Mac an Bhaird

Whole text

    Mairg nach doirteann a dhéara

     p.117

    FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.

  1. Mairg nach doirteann a dhéara
    cioth déar do dhruim aithmhéala
    do bháidhfeadh diomdha an té as triar;
    do ba diongna é d'aimhríar.
  2. Do dhearbhadh ar dhéaraibh Póil
    san tigh thuas gur thuill onóir
    fuair a thoil ó thriath nimhe;
    ag soin fiach a aithrighe.
  3. Treall dá aimsir—anba an choir—
    do bhí Pól, posd an chrábhaidh,
    —ní hiúl é ag nach aghair fréamh—
    i n-aghaidh Dé 's a dheibhléan.
  4. Beantar dhé lá do na láibh
    an éaraic uile anbháil
    a amharc mar badh dual dó;
    a radharc uadh do éaló.
  5. Pól easbal ag iarraidh grás
    fearais cioth déar tre dhólás;
    do-ní d'aithrighe ann soin
    maithmhighe thall gur thobhoigh.
  6.  p.118
  7. A shíothcháin a dhéar budh dhéin,
    tugadh a amharc ainn-séin
    is glóir bhuan an Dúilimh dhó;
    a rúinnimh uadh do iompó.
  8. Peadar an t-easbal eile
    fríoth leis luach a aithrighe;
    a thriath fa thrí an tann do shéan
    do-chí gur bh'am don Fhíréan.
  9. Séana a thíghearna fa thrí
    le caoi do chuir ar neimhní;
    osna dhomhuin is dáil déar
    do bháidh fholaidh an Fhíréan.
  10. Fuair fós Muire Magh-da-léan
    luach a haithrighe on Fhíréan;
    do thuill choróin san tigh thall;
    do bhir onóir dá hanam.
  11. Le huisge a nuaidhéar do nigh
    Muire lá do na laithibh
    troigheach naomhdha ríogh na ríogh
    do bhíodh aobhdha re a heissíodh.
  12. Na seacht ndeamhain—díochra an tsearc—
    do bhean Críosd eisde i n-aoinfheacht;
    do radadh luagh a deor dhí
    ar n-a leodh d'Uan na hóighe.
  13. Loingíonus fós feacht oile
    dhó ar n-osgladh a uchtchroidhe
    fuair a shíoth do dhruim a dhéar,
    gé do thuill fhíoch on Fhíréan.
  14. Gach neach dá dtug triath nimhe
    flaitheas Dé ar aoi a n-aithrighe
    —a ghuidhe is díor dá gach dhruing—
    a ríomh uile ní fhéadfuinn.
  15. Go ndearnar aithrighe im ulc
    mar na deibhléana a-dubhart;
    laithe a bháis do hoirneadh inn
    páis an Choimdheadh go gcaoininn.
  16. An lucht fuair flaitheas nimhe
    le hiomarcaidh aithrighe,
    fa dheireadh gomadh díobh sinn;
    geimheal far-íor ar mh'inntinn.
  17.  p.119
  18. An glas cruaidh-se dom chridhe
    go mbeana braon aithrighe;
    fuaire mo bhéas ag reodh riom
    mo dheor do ghréas i ngéibheann.
  19. An cioth do chuir Dar-daoin de
    do ghuais péine na páise
    —cioth mo shúl do budh lór lais—
    gomadh lón dún an díoghrais.
  20. Uisge glas do-ghéabha uam
    tighearna na dtrí mórshluagh
    fan fhuil dheirg dhamh-sa do dháil
    do sheilg ar mh'annsa d'fhagháil.
  21. Fliuchad aighthe anba an grádh
    —nior bhréag é bláth an domhnán—
    's an chlí do thiormuigh dar dtal
    ar tí ionnluigh gach anman.
  22. Ar ndáil a fhola uile
    dia hAoine dar n-ionghuire
    ní raibhe ann aonbhraon d'fhuil;
    an taobhghaol thall do thiormuigh.
  23. Le haonbhraon d'fhearthain dá fhuil
    do cheinneochadh clann Ádhaimh
    's gan chrú a chlí d'fhearthain uile;
    do bhí an fhearthain iomuin-ne.
  24. Níor bh'fhiú a dtáinig 's a dtiocfa
    fuil an Choimdheadh choisreagtha
    sileadh phinn do dhortadh dhí
    gan sinn dom fholcadh eisde.
  25. Gér lor aonbhraon dhíobh dom dhíon
    cuirim m'fhaosamh tar m'eissíodh
    ar gach bhraon dar dhoirt damh-sa;
    do sgoilt a thaobh treamhum-sa.
  26. Cuirim m'fhaosam ar a fhuil,
    's ar a bhás 's ar a bheathaidh,
    's ar chúig croidhibh ríogh na reann;
    síodh an troighigh go dtuaiream.
  27. Cuirim ar an gcoróin sbín
    mo chomairce ar aoi m'eissídh,
    's ar an digh dhomblais ad ibh,
    's ar donnbhais dhil an Dúilimh.
  28.  p.120
  29. Ar an gceann do chlaon re chrois
    cuirim mo dhíon tre dhíoghrais
    ar ndín-ne ar an troigheach thinn
    do ríne an t-oineach inghill.
  30. Tuir chothuighthe na córa
    m'fhaosamh re hucht n-iarnóna;
    is díon mo mhíothaom go moch
    bíodh ar a chlíothaobh chréachtach.
  31. An crann i ndeachaidh dar ndíon
    is nochtadh oidhre an Airdríogh
    do shaor tre chonnailbhe ar gcoir;
    mo chomairghe ar-aon orraibh.
  32. Dá fhaosamh daoine an domhain
    do shaor a uaigh fhíordhomhuin
    's a eisléine an uile fhear
    cneischéile Muire maighdean.
  33. M'fhaosamh ar a éirghe ón uaigh
    is ar chreich Ifrinn adhfhuair;
    mo choimhdhe ar leic far luigh;
    a reic oirn-ne do fhuasguil.
  34. An toil thug Críosd dar gcabhair
    ag sin éideadh m'anaghail
    grádh buan an Dúilimh dhamh-sa
    mar lúirigh uadh umam-sa.
  35. Muire óg earla glúineach
    damh-sa gomadh díonlúireach
    ó tharla a lán d'éigion ann
    a grádh 'n-a éidiodh umum.
  36. Muire corm an chrábhaidh the
    ní daorfuidhear sinn seice;
    earla glan na ngéigfhiodh bhfionn
    budh éideadh dhamh a dícheall.
  37. Do gonadh is i n-a ghoin
    dia hAoine í ar a aghaidh
    an choirpsheang tre chailg an gha;
    mairg nach doirteann a dhéara.
    M.
  38. Ainm Beadair na mbriathar nglic
    carrag chothuighthe an chreidimh
    fuair is-tigh an-uas an ainm
    sgaradh ris ro bu romhairg.
    Mairg.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Mairg nach doirteann a dhéara

Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1640 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland— http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2012

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402062

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  • Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, 91.

Secondary literature

  1. Pádraig Ó Macháin, 'Poems by Fearghal Óg Mac an Bhaird', Celtica 24 (2003) 252–263. [Survey article about Mac an Bhaird's oeuvre with further literature.]
  2. Lambert McKenna, 'Sorrow for sin', Irish Monthly 56 (1928) 437–440.
  3. Pádraig Ó Macháin (ed), The Book of the O'Conor Don (Dublin: DIAS 2010).

The edition used in the digital edition

‘Mairg nach doirteann a dhéara’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 117–120.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402062,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Mairg nach doirteann a dhéara},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {117–120}
}

 G402062.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the poem. Page-breaks, metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Fearghal Óg Mac an Bhaird, an Irish bardic poet. c.1575–1625

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; 16c; 17c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2012-06-19: Addition made to bibliographical detail; new wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-18: Conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-13: Header modified; keywords added; new wordcount made, file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:06:52+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1997-08-25: Text parsed using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
  8. 1996-09-20: Header constructed, structural mark-up entered checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  9. 1996-09-20: Text proofed. (ed. Margaret Lantry)
  10. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402062.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top