CELT document G402065

Meitheal do bhí ag Dia na ndúl

Giolla Brighde Ó hEoghusa

Whole text

    Meitheal do bhí ag Dia na ndúl

     p.129

    GIOLLA BRIGHDE Ó hEOGHUSA cct(?)

  1. Meitheal do bhí ag Dia na ndúl
    —cia ar nach breitheamh rí na ríogh?—
    coibhéis ga roinn ón rígh mhór
    nír lór le droing díbh mar dhíol.
  2. Dream fa phríomh don phobal fhionn
    gus an ríogh gan chogar gcam,
    lór ríoghdhacht a cheirt 'n-a gceann
    dream san bhfíonghort fa theirt thall.
  3. Toradh abaidh fhuair an rí
    ón madain ga bhuain do bhaoi
    ní dheachaidh a bhuain do bhreith Dé
    tar an té fhuair i leith laoi.
  4. Tig i gceann nóna dream díbh
    —nochan ónna earr mo sgeoil;
    nocha sia a-nonn iná nóin
    do-chóidh go Dia an drong fa dheoidh.
  5. Coibhéis tug díbh dá gach dreim
    dá rug gun rígh ar a phroinn;
    meitheal Dé gomadh díbh inn
    go mbé sinn gun rígh fa roinn.
  6.  p.130
  7. Ar an chéaddrong ann tré éad
    ón géaglom gach crann do-chiad:
    "meitheal dar bh'aghaidh sinn súd
    grúg linn ar samhail is siad."
  8. "Créad an tnúth do bhí ar dhreim díbh
    gé do-neinn" ar an rí "a réir;
    cóir congbháil gach chuir go cóir
    do-chóidh dhuibh ar bhformháil féin."
  9. Cia an chéaddrong fhormhála úd
    nach éadtrom gcomhdhála ad-chiad?
    dream do chinn crábhadh go hóg
    nach sgirr fód go háradh iad.
  10. Cia tháinig i leath an laoi
    dá nach ráinig neach gan ní?
    dream théid tar bloigh dá n-aois é
    do thoigh Dé ón mbaois i mbí.
  11. Cia tháinig i dtráth re sgur
    dá ráinig mar chách a gcor
    a itghe fhíre ghearr ghlan?
    dream do sgar críne re col.
  12. Dream ó nóin díbh, dream go moch,
    nír fhearr a mír dóibh ná a deoch;
    cidh óg cidh sean thí 'n-a theach
    is í bhreath neamh dá gach neoch.
  13. Neamh i n-a dhíol ó Dhia ar ndul
    fear gá mbia críon as a chul;
    ní fhuighe ar aba ní achd neamh
    fear ga mbí aga as a ugh.
  14. {}bearar an bhuain
    a-deir an leabhar go léir
    na soisgéala i n-a gcurp chóir
    dóigh lucht nach coisgéara a gcéill.
  15. Mairg nach do mheithil Dé ar ndul,
    sé re a mheithil nocha mion
    bronnta ó leagar neach ar neamh;
    meadh na mbreath is eagal d'fhior.
  16. Nocha beir Dia cách ó chiort
    i meidh an tráth bhus lia a locht;
    mo shoighníomh a Dhé ba dheacht
    gomadh seacht gcoimhlíon é is m'olc.
  17.  p.131
  18. Olc m'ar agus olc mo thuar,
    isam gort nach gabh a shíol;
    go mbé a Dhé gráinne dod ghrádh
    ar lár gach áighe, a Dhé, dhíom.
  19. Fóir a Dhé m'anmain is air,
    is mé an chré 'n-a talmhain tigh;
    a mbí im thromcholuinn d'fheoil oimh
    fuin, a eoin ghormcholuim ghil.
  20. Glan mo chridhe, a Dhé na ndúl,
    ag snighe go mbé do bhraon
    im inchinn im churp im chliabh;
    iadh fam ucht, timchill mo thaobh.
  21. Mo mheanma—is tobar fuar fliuch—
    ag luadh meabhla ag cogar creach;
    mo chaoin ar n-a cur a-mach
    dubh mo dhath don taoibh is-teach.
  22. Mé dom breith do-chí gun gcurp
    ní bhí achd gar mbreith ó chiort;
    a pholl camra, a chalann bhocht
    olc tharla an t-anam ar th'iocht.
  23. {}fallsa a neimh
    fuaradh dhamh-sa agus a ndoigh;
    bréaga doilbhthe muin ar muin
    géaga do chuir toirthe im thoigh.
  24. {}measgadh a méar
    cam mo sheasamh is mo sheol;
    comuil dom dhéad do bhas bhán
    lágh blas na mbréag as mo bheol.
  25. {}is each
    nocha cóir is mo chré fliuch
    fearthain i n-eas ruaidh mo rath
    clach i dteas go n-uair do fhiuch.
  26. {}do dhál
    nach anfuidhe ó dhún do dhún
    a thruaigh, ná toirche gan lón,
    smuain gan do chlódh choidhche ar gcúl.
  27. {}cat
    ach a mbí ar láthair láimh riut;
    tiomna th'each do bhó 's do bhrat
    dod mhac is breath do ró riut.
  28.  p.132
  29. {}
    {}croig
    is fíor Dé nochar dhú dhuid
    an dtuig tú do ghné dhá goid.
  30. Seang san Aoine is eadh nach
    an naoidhe 's an bhean ga mbia
    ní dhleiseadh naoidhe ní dhó
    san ló do bhí daoire ar Dhia.
  31. Trí sáir do fulngadh le ar bhflaith
    —ar gcunnradh ní cáir do chleith—
    a thaobh geal do chur fa chloich,
    dul i gcroich, is bean dá bhreith.
  32. Dá ró 'n-ar ndáil-ne Dia féin
    ní bhia bó ná áirghe ar m'óidh;
    adhbhar teasbhruithne a-tá im dháil
    is gráin lá an mheas- roighthe mhóir.
  33. Ní rí a-dearam gidh eadh é
    re fear agus fearann faoi;
    re a thabhairt d'aoidh is é is rí
    an té do-ní craoibh don chnaoi.
  34. Do dhealbh ar rí-ne an mhuir mór
    do shnoigh na tíre gan tál;
    talamh neamh do-roighne a-raon
    doilghe craobh le a bhfear i bhfál.
  35. Tug gréin thoir sa mbioth dar mbraith
    tar gach toigh 'n-a rioth do reich;
    tar gach n-uilinn siar do soich
    grian 'n-a cloich muilinn ar mleith.
  36. Dá léasboire Dhé na ndúl,
    ar n-éasgai-ne a ghné is grian;
    an bioth dá loinnir do líon
    dá choinnil ríogh 'n-a rioth riamh.
  37. Ro badh iongnadh le gach fear
    gémadh fiodhbhadh tres an ar;
    dámadh neamhghnáth éan a hubh
    nó sméar dubh a gealbhláth ghlan.
  38. Do shuidhigh Dia re gach ndúil
    i n-a suidhidh Dia ba- dhéin
    an talamh chongbhas go cóir
    nó an gabhal óir ghabhlas gréin.
  39.  p.133
  40. An saor do shuidhigh gréin ngil
    a réir nocha duiligh dhuibh;
    a chumhang gidh cia do-bheir
    do-gheibh Dia ar ubhall nó ar uibh.
  41. Le Dia is annsa íorna mná
    ná almsa ríoghdha dá ria;
    táin ríoghna ná raighne bó
    mó an t-íorna ó mhnáib daidhbhre ag Dia.
  42. Comhairle uaim dá gach fhior
    —ní comhairle ar n-uair bhus omh—
    gan eallach san chró do char;
    ní mhar dó a cheannach 's a chrodh.
  43. A dtabhair duine do Dhia
    maraidh san chuile gan cheo;
    mairg nach tabhair bloigh na bó
    san chró a dtaraidh 'n-a boin bheo.
  44. Leiseochaidh Dia cisde ar gcradh;
    brisge nocha bia 'n-a fhiodh;
    cisde damh-sa créad a chan?
    ní mhar séad achd almsa d'fhior.
  45. Ba le marbh don chill ad-chiu
    is a fhadhbh linn mar is leo
    an almsa do budh fhearr dó
    ná bó ón marbh-sa 's a beann bheo.
  46. Laogh dhamh-sa agus céad bó mbliocht
    m'almsa rem éag budh mó mart;
    maith an chuire 's a chéad torc
    do dhuine ar dtocht d'éag do-n- ort.
  47. Ní beag le laoch ar nimh naomh
    an ghaoth i n-a digh gá diul;
    ní háil fromhadh ní háil ól,
    lór dáibh a bholadh do bhiudh.
  48. Sruth fíona sruth meadha mall,
    sruth meala bhus míolla leam,
    tobar trí gcíoch ar mo cheann
    lionn nach fríoth cogal 'n-a cheann.
  49. Mór an baoghal m'ord gach laoi
    —is faobhar go gcolg mo chré;
    lór a-tám 'n-ar mbeithidh bhí
    lágh a rí ar do mheithil mé.
    Meith.
  50.  p.134
  51. Brighid Bhreagh as bharr na n- ógh
    'n-a teagh tall gurab mór mé;
    gnáth rádh a gille 'gar ngairm
    ní nár linne mar ainm é.
    Meith.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Meitheal do bhí ag Dia na ndúl

Author: Giolla Brighde Ó hEoghusa

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 2082 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402065

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  • Dublin, Trinity College Library, 1340, 1 (alias H. 3. 19; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921)).

The edition used in the digital edition

‘Meitheal do bhí ag Dia na ndúl’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 129–134.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402065,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Meitheal do bhí ag Dia na ndúl},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {129–134}
}

 G402065.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotations are allowed to stand temporarily.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Giolla Brighde Ó hEoghusa, an Irish bardic poet, who died in 1614. c.1590–1614

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-06-28: Queries resolved using information from the Irish Bardic Poetry Database. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-10: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:07:01+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1996-09-23: Header constructed, structural mark-up entered checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1996-09-23: Text proofed. (ed. Margaret Lantry)
  9. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtics Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402065.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top