Fearghal Óg Mac an Bhaird
Whole text
- p.139
- Ní maith altuighim m'anáir
tríd nar bh'oircheas m'iongabháil;
ní altuighim a n-uair mé
ó ghartfhoirinn bhruaigh Bhóinne. - Feadhmannaigh dhó an uile fhear;
mo dhuasa ó mhacaibh Míleadh
triath na dtriath dhamh-sa do dháil;
is liach gan annsa d'admháil. - Fa-ríor níor altuigh sinn-ne
le hanuabhar intinne
ar chreid damhradh Dúine Breagh
dúin-ne agus adhbhar oideadh. - Níor altuigheas—olc an sduaim—
m'ísliughadh innte an athuair
Fódla linnte na learg sean
ná mo cheard innte d'oirneadh. - Ar n-ionnarbadh ó iath Ír
níor altuigheas rem Airdrígh,
mo thriall go Labháin tar linn,
dom anáir thiar ar dtoirling. - Ní hionann inn is I-óib;
an fortún fuair ón Tríonóid
do altaigh ris an té 's triar;
do sgé antail na n-ainmhian. - Clann oirrdhearc, táinte agus tír
fríoth le hI-óib ón Airdrígh
's groighe is tréada is cuirn corcra
cuirm is séada saoghalta. - Níor chuir toice i n-uabhar é
I-óib dil—díochra an fínné;
níor ghrádhuigh sé an saoghal bocht;
do naomhadh é as a umhlocht. - Do shmuain Íosa dá éis soin
fulung a óglaoich d'fhéachoin;
an uile ní badh ní lais
do bhí uile 'n-a éagmhais. p.140 - Do ráidh I-óib "ó thoil Dé
Dia thug Dia rug a-ríse";
do-chuala a chloinn láimh do láimh
ad-chuala coill a chonáigh. - An tuile easláinte air
do chuir Airdrí fhear ndomhain;
do fhéag ar n-uair a fhulung
bréag ní fhuair 'n-a urughull. - "Beirim a bhuidhe rem ching"
do ráidh I-óib tre uirrim
"ró cráidh do chara ar mo chorp
ba mana gráidh mo ghuasocht." - Do bhíodh do dhalta an Dúilimh
gur chneasuigh a chréachtchrúinimh
ag súr déirce ó bhrugh do bhrugh
a shéitche ar cúl na comhladh. - Do haltuigheadh re Dia ndil
's ris an óigh mhilis mhuirnigh
tabhairt coda déirce dhí
nó a shéitche d'oba impe. - Níor chaoin I-óib a othra
féin go fagháil cobhartha
's do-níodh caoi i gcróluighe a chneadh
ar aoi clóghuine an Choimdheadh. - Níor chaoin a ghalar goirt gnáth,
's níor chaoin a chlann ná a chonách
gér chaoi croidhe caoi I-óib
ar aoi thoile don Tríonóid. - Fríoth aisiog na sláinte iar sin,
fríoth tír is clann ón Choimdhidh,
fríoth a shealbh mar thuile ag tocht,
mar do dhearbh uile a annsocht. - Do ráidh mar do ráidh reimhe
go búidh umhal ainglidhe:
"an tí rug re ré ar ndeacra
is é thug na toirbhearta." - Níor mhóide a bhrón a bharr croidh
's níor mhóide a mheanma a fhagháil
a tháinte is a threoid troma,
a shláinte, a sheoid shaoghalta. p.141 - Ón uair-sin go héag idir
mar éaruic 'n-a fhoighidin
fuair sé an talamh ar a thal
's gidh é toradh na talmhan. - Fós mar éaruic 'n-a fhulung
an ghlóir naomhtha neamhchumhung
fuair ó thriath an tighe thuas;
fa sgiath dá chridhe a choguas. - Ní altuighim mar I-óib
boichte ná toice, a Thríonóid;
uch, nach déinim a ndearna
go dtéighinn rem Thighearna. - Mar I-óib do b'fhoirbhthe cuing
gá fios nach d'fhéachain m'fhuluing
fríoth an saidhbhreas muin ar mhuin
is fríoth daidhbhreas 'n-a dheaghuidh. - Eadamar is dom fhéagain
do gadadh dom ghaoilghéagaibh
na Conuill badh díonbhun damh;
do díoghladh oruinn m'uabhar. - Eadamar is dom fhéasgain
mo bhuar mo ghroigh gnímhéasgaidh
rugais a Dhé uile uam
níor bh'é an duille nar dhiombuan. - Eadamar is dom fhéagain
do beanadh mo bhruittéagair,
mo dhán is mo dhúthaigh dhíom;
cúthail mo dhál ón dimbríogh. - Go n-altuighear a rí ribh
bheith gan bhuar bheith gan mhuinntir,
's a brígh do bhreith óm meanma,
's bheith gan tír gan tighearna. - Go n-altuighear, a rí, ribh;
a-tá i gcúirtibh clann Mílidh
fál allmhurach druim ar dhruim
im chlár gcamdharach gCriomhthainn. - Go n-altuighear, a rí, ribh
mé gan fiú an bhaird do bhuidhin
i Labháin fa cheo cumhadh;
ní beo anáir m'ealadhan. p.142 - Ionann is altuighthe dhamh
cách dom dhíol nó dom dhiúltadh,
nó bheith ós chách ceann i gceann,
nó bheith fa chách go coitcheann. - Ionann is altuighthe dhamh
bheith fa dhiombuaidh san domhan
nó bheith fa bhuaidh nó bheith slán
nó bheith ar n-uair go heaslán. - Ionann is altuighthe dhamh
mo bheith rem beo i mbeirt mhoghadh
nó beirt ríogh do chur fam chneas
badh díon damh ar mo dhímheas. - Ionann is altuighthe dhúinn
bheith go maidin ar mhaothchlúimh
nó bheith i lionnmhuir gan luing
nó bheith i n-iomdhaidh iaruinn. - Ionann is altuighthe dhúin
bheith im luighe ar lár m'fhortúin
nó siobhal sneachta ar sliabh lom
nach biadh ag ealta a fhulong. - Ionann is altuighthe dhúin
luighe idir mo lucht míorúin
nó luighe idir mo lucht gráidh
dom churp croidhe gach chompáin. - Ní fáth faoilte, ní fáth
bróin
clann oirrdhearc, earradh deargóir,
nó bheith gan choim idir chách,
nó bheith gan chloinn gan chonách. - Ní fáth faoilte, ní fáth
bróin
cúirt áluinn iomad comhóil
nó iomad tarta is teach lom,
nó neach gan acra d'fhearann. - Cré gach colann san chruinne;
breith nó oighidh éanduine
ní fáth faoilte ní fáth bróin;
ní caointe cách i gcéadóir. - Dá ndídean do dhoirt a fhuil;
níor chaointe do chloinn Ádhaimh
rí n-a dheoidh ná rí reimhe
le a dheoin acht rí an ríthighe. p.143 - An rí tá is bhias is do bhaoi
is tríd ba dhéanta déarchaoi;
ceo gach triath acht triath na ndúl,
beo mo thriath ar n-a théarnúdh. - Mairg nach caoinfeadh an chruinne;
a bhás ní bás éanduine
do b'é uile an uile fhear;
ní duine an té nach tuigfeadh. - Mairg nach caoinfeadh iad uile
tráigh, tír, coillte claonbhuidhe,
éisg na mara is neamh na néall,
's an lear uile is an t-ai-éar. - Do gonadh an ghrian 's an ré
is buidhne an bheatha sheinché
lá fuile an tairnge do theacht
's na haingle uile i n-éinfheacht. - Ann sin do saobhadh síona,
do bhéicsead na bleidhmhíola,
agus an fhairrge re headh
is na cairrge dá chaoineadh. - Do chaoinsead saor a gceangail
na huisge is na hairdreannaigh,
is eoin lúdhmhara deoidh i ndeoidh,
is neoil úrghlana an ai-eoir. - Níor dhiongna a dhúile féine
do chaoineadh a gcoigcéile;
do-róine gach ní fa nimh
rí na glóire rí an ríchidh. - Ní fhuil thuas ar neamh na néall
dúil acht ar dhealbh an fíréan;
dúil mar soin acht dúil do chum
fúinn nochan fhuil i nIofrunn. - Ó fhlaitheamhnas Dé budh-dhein
síos go híochtar an aigéin
ní fhuil dúil acht dúil do chum
do mhuir ná d'úir ná d'fhochann. - Ón bhreac bheag gus an míol mór
tighearna na dtrí bpríomhshlógh
don duine do dhealbh gach dúil;
ar sealbh uile do b'iontnúidh. p.144 - Uaidh fhuaramar neamh na néall,
's an bioth uile is an t-aigéan,
uaidh fhuaramar an t-anam,
uaidh fhuaramar uraghall. - Rí gach dhúine téid 'n-a theagh;
uaidh fhuaramar an t-aingeal
ar leathláimh gach duine dhíonn;
neamhcháir don duine a dhimbríogh. - Uaidh fhuaramar—foirbhthe an tsearc—
a dhealbh féin—gá fearr toirbheart;
uaidh{⬌}inn féin
do rala sinn ar saoibhchéill. - Gér ghabh sin caomhchorp dar gcionn
naomhthacht ar nach fuil foircheann
dar sdiúir gus an bhflaith bhfíre
ré iúil na sé seinlíne. - {⬌}
{⬌}
do thoirling san óigh iodhain
coimhling dan cóir creidiomhain. - Do b'fhiú an toircheas tharla dhí
ar sgaoileadh cáigh ó chéile
gur tháthuigh an uile fhear
Muire an mháthair 's an mhaighdean. - Ógh iodhan dar bh'ainm Muire,
máthair an Mheic shíordhuidhe,
do b'é rí na soillse sin,
do bhí 'n-a broinn-se ó bréithir. - Talamh í as airde ná neamh
bainríoghan máthair maighdean
mionn órdha fhuile hÉabha
Muire óghdha fhíréanna. - Tríd do fhágbhas Inis Bhreagh
m'onóir do dhiúlt maic Míleadh
flaith d'Íbh Airt agus Oilill
ní maith ní huilc altoighim. - Teach na n-ógh is na n-easbal,
teach daoineach an Dúileamhan,
easbal as tréan an tighe
Peadar fréamh na fírinne.
Ní.
Ní maith altuighim m'anáir
FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
Document details
The TEI Header
File description
Title statement
Title (uniform): Ní maith altuighim m'anáir
Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird
Responsibility statement
Electronic edition compiled by: Margaret Lantry and Margaret Lantry
Proof corrections by: and Margaret Lantry
Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.
Edition statement
1. First draft, revised and corrected.
Extent: 2330 words
Publication statement
Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
Address: College Road, Cork, Ireland— http://www.ucc.ie/celt
Date: 1997
Date: 2012
Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.
CELT document ID: G402069
Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.
Source description
Manuscript source
- Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, 83.
Secondary literature
- Pádraig Ó Macháin, Poems by Fearghal Óg Mac an Bhaird, Celtica 24 (2003) 252–263. [Survey article about Mac an Bhaird's oeuvre with further literature.]
- Lambert McKenna, 'Ingratitude to God', Irish Monthly 56 (1928) 263–268.
- Pádraig Ó Macháin (ed), The Book of the O'Conor Don (Dublin: DIAS 2010).
The edition used in the digital edition
‘Ní maith altuighim m’anáir’ (1938). In: Dioghluim Dána. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 139–144.
You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:
@incollection{G402069, editor = {Láimhbheartach Mac Cionnaith}, title = {Ní maith altuighim m'anáir}, booktitle = {Dioghluim Dána}, editor = {Láimhbheartach Mac Cionnaith}, address = {Dublin}, publisher = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]}, date = {1938}, pages = {139–144} }
Encoding description
Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling declarations
All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.
Editorial declarations
Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.
Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.
Quotation: Quotation marks are allowed stand temporarily.
Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.
Segmentation: div0=the poem. Pagebreaks, metrical lines and quatrains are marked and numbered.
Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.
Reference declaration
The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head element within each text.
div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).
The numbered quatrains provide a canonical reference.
Profile description
Creation: By Fearghal Óg Mac an Bhaird, an Irish bardic poet.
Date: c.1626[?] (See P. Ó Macháin)
Language usage
- The text is in Classical Modern Irish. (ga)
Keywords: bardic; poetry; 16c; 17c; religious
Revision description
(Most recent first)
- 2012-06-19: Addition made to bibliographical detail; new wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
- 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
- 2008-10-13: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
- 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
- 2005-08-04T16:07:11+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
- 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
- 1996-10-04: Header constructed, structural mark-up entered checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
- 1996-10-04: Text proofed. (ed. Margaret Lantry)
- 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. Staff at School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))