CELT document G402071

Olc íocthar ar luagh leighis

Fearghal mac Domhnuill Ruaidh Mac an Bhaird

Whole text

     p.145

    Olc íocthar ar luagh leighis

    FEARGHAL MAC DOMHNUILL RUAIDH MAC AN BHAIRD cct.

  1. Olc íocthar ar luagh leighis,
    a fhíonfhuil sa luan leanais,
    guin cáigh don luibh do leighis,
    luibh leighis re báidh beanais.
  2.  p.146
  3. Do shín a fhearg fa oighidh
    an rí tar ceann ar gcuiridh;
    liaigh nach geabh gráin re a ghonaibh
    do chabhair chneadh cáigh choirigh.
  4. Re ghuin chíghe i gcéill cuiris
    na sé líne gur leighis
    sé slóigh do bhí ar a bhanais;
    sanais do-chóidh dhí ar dheighfheis.
  5. Ní bhia a fhearg uann gan fhaobhar
    a fhearg go luan dá líomhadh;
    nár dá rann dí do dhéanamh
    clann le ngéabhadh rí is ríoghan.
  6. Fiu an ógh do lean ar loirg-ne
    an ceart do-chóidh ar cairde;
    luaithe iná fás na feirge
    meirge grás uaithe i n-airde.
  7. Ó fhleidh gan obadh d'aonar
    ná creid m'obadh im éinfhear
    a teach óil lé ga líonadh
    ríoghan ar cóir nDé ag déineamh.
  8. Mac Dé gar ndíon 'n-a dheoraidh
    re ré a shíol nó gur shíodhaigh
    tarla dhó a dhíol do ghuaillidh;
    buailidh i gcló ríogh ríoghain.
  9. Luach a chneadh d'íoc nach eagal
    ar ndíon 'n-a leith ná leigeadh;
    nír bhean re hóigh é d'obadh
    cogar Dé is cóir do creideadh.
  10. Lór do cheilt doirre an Dúilimh
    feis do-roinne re ríoghain;
    fada é i gcás fan gcánaidh
    gur sháruigh grás Dé an díoghail.
  11. Ní séanta cách do chabhair
    ón séala a-tá sa troighidh;
    ná creid fíoch Dé mar dearair,
    síoth an dearaidh é d'oighidh.
  12. Cneadh chíche as slán ar síodha;
    bean go síne a snáth uama
    dá fhleidh ní lón do-ghéana;
    ná geibh m'éara, a ógh, uadha.
  13.  p.147
  14. Ní taradh gaoil do-gheibhthir
    a branar taoibh nó troighthigh;
    ar mbarr ní fhoil gar n-aithribh
    a n-aithghin soin ann d'fhoichnibh.
  15. Do-bheir sé d'óigh a n-iarraid
    ó chóir Dé mar soin sínid;
    grás Dé ina thós a-támuid
    ní ránuig sé fós fínid.
  16. Ní dar ngrádh an glas bíodhbhadh
    a bhas re clár do ceangladh;
    an síoth an uair do b'urlamh
    fríoth cunnradh cuain nar ceannghadh.
  17. Mar ceiltir cóir do chneidhe
    re hóigh as bheirthe a bhuidhe;
    dlighidh tú a íoc mar t'fhine
    crú an chridhe dhíot a dhuine.
  18. Bean do ghnáthuigh cosg córa
    ort a slánuibh ar síodha;
    clann ar óigh sin dá séana
    déana a ndligh do chóir cíogha.
  19. Feis fhóirthe cáigh a cinneadh
    dáil na hóighe—as dáil daingean;
    do theacht i gclí do cumadh
    beart ullamh hí ón aingeal.
  20. Síoth na cána do coilleadh
    fa shlánaibh ríogh do-rinneadh;
    tug an cíoch cóir sa gceangal;
    do gealladh d'óigh t'fhíoch d'fhilleadh.
  21. Neamh ó ar bhfoltaibh nír féagadh
    gur fosgladh an feart líggeal;
    dar dtaoibh do fhás an t-éigean
    éideadh grás daoibh nar dhídean.
  22. Tearc do chách ód fhleidh leagar,
    ód fhleidh ní tráth dar dteibeadh;
    fleadh grásd do cheil an cagadh;
    madan Cásg libh do leigeadh.
  23. Clódh t'fhine ní ceard chubhaidh
    's an tslighe dhearg id dheaghaidh;
    raon dearg id chíogh ná cronuigh,
    conuir ríogh as dearg dleaghair.
  24.  p.148
  25. Mór an cás far fhear t'fhíonfhuil
    seal red bhás ina braonuibh;
    cóir do-gheabh fheidhm uamhain
    fear th'ualaigh i mbeirn baoghuil.
  26. Seachna gaoil ar cóir gcroidheadh
    ag óigh do bhaoi ga bhranar
    bean do bhac fás na foladh
    lat ag comhar grás gabhar.
  27. Fuair ríghbhean am ar n-eagair,
    —an ríghfhleadh ann do b'abaidh,
    fleadh grás nar chóir do chogail,
    cás cogair re hóigh aguibh.
  28. An rí i gcrothuibh dhar gcinn-ne
    nar chronuigh na trí thairnge;
    rángas grian fhala th'oidhre
    doimhne an mhara Mian maighre.
  29. Má taoi ag meas éarca ar t'fhine
    leath na héarca ní fhuighe;
    cuimhnigh thú id mhac ag Muire
    ní lat uile crú an chroidhe.
  30. Crann gar gcoimhdhe i gcíoch t'oidhir
    a fhíoch oirn-ne do fhalaigh,
    gar súr nír ghabh ga ghonuibh;
    ar domhuin túr an toraidh.
  31. Saor dhiongbhas claon na córa
    iongnadh an saor dar séana;
    do chuir don chrann-sa an chíogha
    fonnsa díona um fhuil Éabha.
  32. Dulta i dtráth beirthe an bháire
    ar sgáth cneidhe na cíghe
    sgiath i bhfuil díon, a dhaoine,
    d'fhuil taoibhe an ríogh do-ríne.
  33. Mór do bhí ar dháil na dighe
    do dháil a rí re ró toile;
    mairg nach díol fear na fleidhe
    fíon dar bhleidhe cneadh croidhe.
  34. Guin taoibhe Dé 'n-ar ndeaghaidh
    ní maoidhte a méid a oinigh;
    gé tá bás Dé 'n-a dheimhin
    ceilidh a ghrás é d'oighidh.
  35.  p.149
  36. Dá fhuil im dháil do dheithbhrigh
    muir gan tráigh ar a toirthibh;
    linn grás fam luing do leathnuigh
    do fhás d'fhearthain thruim throighthigh.
  37. Iomchrais eire rer fhuirigh
    nar hiomchradh eire a shamhuil;
    tug sé a throm ar a throighibh
    oidhir Dé i gcrann dar gcabhair.
  38. Úir mar a tásg ar thoradh;
    úir grás an úir do hoireadh
    tuar sídh an tann do treabhadh;
    leanabh cígh ann do b'oireamh.
  39. Ceo dhoirche ag cách ó a gceanaibh
    nach foighthe leo lá turaidh;
    crú an chíghe ón chiaigh do chab- hair
    samhail shíne i ndiaigh dubhaidh.
  40. Luibh re chneadhaibh nír cuireadh;
    a fhuil d'fhearadh as omhan;
    guais damh gan triall sa turadh;
    gar dubhadh riamh don raghal.
  41. Cóir linn fa lár do leigeadh;
    don Chóir ní tráth dá teagar;
    fuil bhas is chígh ad chogar
    obadh sídh as nach eagal.
    Olc.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Olc íocthar ar luagh leighis

Author: Fearghal mac Domhnuill Ruaidh Mac an Bhaird

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1728 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402071

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. Dublin, Trinity College Library, 1340, 27 (alias H. 3. 19; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921)), 16th to 17th century.
  2. Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, c. 1631, 80.

The edition used in the digital edition

‘Olc íocthar ar luagh leighis’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 145–149.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402071,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Olc íocthar ar luagh leighis},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {145–149}
}

 G402071.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Fearghal mac Domhnuill Ruaidh Mac an Bhaird, an Irish bardic poet c.1540–1560

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic poetry; religious; crucifixion; judgement day; legal terms

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-06-29: Queries resolved using information from the Irish Bardic Poetry Database. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-10: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:07:17+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1997-05-20: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402071.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top