CELT document G402075

Rugadh báire ar an mbochtacht

unknown

Whole text

    Rugadh báire ar an mbochtacht

     p.155

    DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.

  1. Rugadh báire ar an mbochtacht;
    tearc fhuilngeas a hanshocracht;
    nír chás duine a-bháin dá breith,
    do-cháid an uile d'éinleith.
  2. I n-aimsir Pheadair is Phóil
    —ag trághadh gé tá a honóir—
    do bhí an bhochtacht 'n-a linn láin
    gur shocracht linn í d'fhagháil.
  3. A-tá ag na daoinibh do dhligh
    leanamhain an luirg dhírigh
    beatha as táire ná bheith bocht
    ag breith báire ar an mbochtacht.
  4. Gin gurab air as mhó meas
    is buidheach Dia dá dhaidhbhreas
    bochtacht gin go mbeath dá thoil
    neach leis nach olc a easbhaidh.
  5. 'N-a comhthrom ní budh cuirthe
    conách gémadh ceaduighthe;
    an daidhbhreas gurab é as fhearr
    is é a aighneas go haithghearr.
  6. Don chruinne mar chuid ronna
    Íosa ar n-oide foghloma
    an almsa rug do roghain;
    tug annsa dá heasbhadhaibh.
  7. Fada ó a báire do bhreith dhí
    Muire ógh d'imtheacht uaithe
    bean a carthana ó chroidhe,
    banchara na bochtaine.
  8. do beanadh dhí—dia do chor—
    gur fágbhadh hí na haonar
    rí na n-uile 's a easbhail;
    Muire ní hí a héineasbhaidh.
  9. Ní fhuair fa dheoigh—is dó tám—
    do dhíoth carad ná compán
    d'éis na n-easbal go héanar
    easgar ó nach éiréaghadh.
  10.  p.156
  11. Gabhthar i ngaisde an éaga
    Froinséis fear a coimhéada
    —gár fhearr bráighe—ag an mbochta,
    ceann báidhe na bochtachta.
  12. Fear do ba treise ar a thoil,
    fear iomchuir cuinge crábhaidh,
    bráthair nachar char a chorp,
    damh nar ghnáthaigh a ghreasocht.
  13. Béal tana dá dtugadh fios,
    bas gheal nach glacadh díleas,
    croidhe ler chuma a dhochar,
    urra a oire d'iomachar.
  14. An traigh míon ná an mhala cham
    ní thug oilbhéim don anam,
    ná an chiabh mhaoth nar mhaoth gcrábhaidh,
    far bhaoth ciall a chompánaigh.
  15. Ní as ar bhaoghal a bhréagadh
    don tsúil chuirr do choimhéadadh
    an t-abhra gan díon ar dheoir
    gá dtarla a díol do dhoirrseoir.
  16. Le a chrábhadh ag breith breithe
    do bhí a héisdeacht d'áireithe
    an chluas do ba caol tuigse;
    saor do-chuas ón chéadfaidh-se.
  17. Dá gcur fa umhla an anma
    na céadfadha corpardha
    gá dtú acht nocha dtabhradh sbéis
    i gclú dá bhfaghbhadh Froinséis.
  18. A bhriathar mhilis mhálla
    nír fhéad fear a faghála
    neamhdhóigh as an ní a-deireadh;
    seanmhóir í do oibrigheadh.
  19. I gcontabhairt ná cuiream
    go n-éisdfeadh rer n-urfhuigheall:
    ní dochuirthe aghadh air
    gabhal chothuighthe an chrábhaidh.
  20. An dtibhreá d'éarlamh eile
    dá threise d'fhior impidhe,
    a rí na n-uile, ar a éis
    an ní nach fuighe Froinséis.
  21.  p.157
  22. Bráthair Mionúr do rádh ris
    dá umhla—gá dtám thairis—
    sé dá ainmniughadh as a hucht
    daingniughadh hé ar a umhlocht.
  23. Na géaga as airde san fhiodh
    ón ghaoith gé ghabhaid briseadh
    gach géag dá mbí umhal ann
    pudhar dhí nocha déanann.
  24. An chnú thoraidh téid sa sruth
    do réir fheasa na n-eolach;
    bheith ar talamh is dú dhí
    's an chnú fhalamh i n-airde.
  25. Gach tuar as truime geamhar
    le a gort is gnáth ísleaghadh;
    an tslat chumhra gidh hí ann
    is í as umhla dá hubhall.
  26. Móide an toradh tháinig dhé
    nír bhean bráthair dá ísle
    —fán gach achaidh as fhearr gort—
    geall dar n-athair ar umhlocht.
  27. Is córaide dá chlannaibh
    an t-athair ór fhásamair
    na baramhla do-bhearar
    a n-aradhna d'ísleaghadh.
  28. Go breith an chluiche ó chianaibh
    ní bhíodh aca acht éinriaghail;
    reacht an chlann-sa 'n-a dá cuid;
    ní do theacht tharsa támuid.
  29. Do filleadh orra dá éis
    an chlann do chin ó Fhroinséis
    an báire do bhí rompa;
    do bhí a n-áille iasochta.
  30. 'N-a gcloinn tabhartais a-táid;
    ní ghabh leo acht an lá iompáid;
    bheith dháibh amhlaidh ar a éis
    do tharngair an fáidh Froinséis.
  31. Ní hiomdha dhínn 'n-a dheaghaidh
    bráthair bhíos gá hoileamhain
    an riaghail gá dámaid dí
    fiadhail acht tánaig thairse.
  32.  p.158
  33. Nach fiú aonmhonadh hé féin
    dá ionnmhus is iúl soiléir;
    ní beag do dhímheas é air
    do dhíleas dá mbé ag bráthair.
  34. Is cóir sa chás i bhfuilim
    gan fhailleachadh m'urfhuighill
    —ar síoth re laogh nDé dlighe—
    ní saor é ó oirbhire.
  35. Deacra dhúinne iná dhuit-se
    dul beo ón bheirn ghábhaidh-se;
    beag an phian do bhí id bhochtacht,
    do mhian do bh'í an anshocracht.
  36. Ar n-éigean muna fhóire
    maoidh ar Mhac na banóighe
    buirre na glaice gonta
    duinne i n-aice th'umhlochta.
  37. Maoidh fós ar oidhre an Athar
    tú go héag dá hiomachar
    —neimh an bhuinn gár dhocra dhuid?—
    cuing na bochta fad bhrághuid.
  38. Is tugtha gan mo theibe
    d'eineaclann it fhoighide
    Mac Dé dá n-eitghe th'umhlocht
    leigthe mé led mheasardhacht.
  39. An ghuin bháis do bhaoi id chridhe
    ar Críosd ciodh nach maoidhfidhe?
    a dhoigh gár dhocra treabhlaid?
    goin th'ochta ní hindearmaid.
  40. Im ionadh is tú thoghaim
    d'aighne agus d'fhior uroghaill;
    do bhiadh ar námha réidh rinn
    mo námha féin dá bhfuilnginn.
  41. Ní as a ndoirtfinn mo dhéara
    bean osgladh as m'aithmhéala,
    a dheochain, a chnú cridhe,
    ós tú eochair m'aithrighe.
  42. A oide, a athair dála,
    a sgiath dídin diongbhála,
    mo locht as a thruaill tugadh,
    do-chuaidh thort mo theasrugadh.
    Rugadh.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Rugadh báire ar an mbochtacht

Author: unknown

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1717 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402075

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Dublin, Trinity College Library, 1340, 7 (alias H. 3. 19; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921)).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 1235, 11 (alias C ii 2: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 27).

The edition used in the digital edition

‘Rugadh báire ar an mbochtacht’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 155–158.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402075,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Rugadh báire ar an mbochtacht},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {155–158}
}

 G402075.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: Although the poem has been attributed to Donnchadh Mór Ó Dálaigh, an Irish bardic poet, the Bardic petry Database dates it to the mid-fifteenth-century, which is at odds with his floruit. c.1440–1460

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic poetry; religious; body and soul; legal terms

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-06-29: Queries resolved using information from the Irish Bardic Poetry Database. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-10: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:07:27+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1997-05-21: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402075.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top