CELT document G402082

Toghaim Aibhisdin mar aighne

unknown

Whole text

    Toghaim Aibhisdin mar aighne

     p.176
  1. Toghaim Aibhisdin mar aighne,
    a ghrádh riamh go roibh im chionn;
    fóireadh bláth na heagna m'éigean;
    fáth eagla nár léigeadh liom.
  2. Minic thugas do thaoibh gníomha
    an ghlóir thall—gá truaighe as mhó?—
    mar chunnradh do chionn an pheacaidh;
    cungnamh liom is deacair dhó.
  3. Aighne géar nach géabha ar leithsgéal
    lá an bháis re breitheamh na sluagh
    do fhreagra an aighne nír fhoráil
    faighdhe eagna d'fhagháil uadh.
  4.  p.177
  5. Gá léaghadh re linn an chunntais
    cairt mo locht an lá fa mbia
    námhaid mh'anman d'fhagháil masla
    faghbhadh d'anáir dhamhsa ó Dhia.
  6. Naisgeadh Aibhisdin ar Íosa,
    ós éigean damh dul fa a chuing,
    a gabháil tar cheann mo cheana
    leam i n-anáir beara an bhuinn.
  7. Fear do ba teo teagasg briathar,
    béal milis leis nar mhian sgur
    a diamhair do bhean don bhochta;
    fear fiadhaigh dar dhocra dul.
  8. Munacha fa máthair thorrthach
    toirrcheas uasal is eadh rug;
    a cré féin gur ghabh a glanadh
    léir dhamh ar an taradh thug.
  9. A ndéanadh do cheilt a crábhaidh
    ar a clú do chuireadh brat;
    a gnaoi ní bhíodh acht ga báthadh;
    do bhaoi a dhíol máthar ga mac.
  10. A héanmhac i n-aghaidh creidimh
    re chlódh ón bhás do bhí i ngioll;
    a bheart cháis do b'adhbhar urchra
    damhnadh báis cumtha 'n-a chionn.
  11. Sé dá lorg do lean a mháthair
    a mac dhí gér dhiúlt a toil;
    do char a riaghail chruaidh chrábhaidh
    do-chuaidh d'iarraidh áraigh air.
  12. Nír bh'iongnadh dar dhoirt do dheoraibh
    d'éiric braighe do bhuain a glas
    —a chur ar céill gér chás deacair—
    a grás do bhéin fheacaidh as.
  13. Salm darab tosach Té Deum
    dealbhthar an lá-sain leo ar-aon;
    do Mhac Dé ar ndéinimh an mholta
    do réidhigh sé rompa an raon.
  14. Oidhre Pádraig na bpeann solas
    i saidhbhreas cáich nír chuir sbéis;
    a mhéad do las fa leanbh Moire
    searbh gach blas oile dá éis.
  15.  p.178
  16. Mar théid an fuacht tig an teasbhach;
    táinig as gur ard a nós
    —do bhí a bladh gan dlaoi fa dheireadh—
    gnaoi do ghabh teimheal ar dtós.
  17. A fhad gur iompuigh re creidimh
    ar an gcrábhadh do chuir bail,
    feirrde an bláth do bhaoi ar a naomhdhacht;
    "ní gnáth saoi gan aonlocht air."
  18. Diúltadh na ngrás gur ghabh baisde
    nochar bhean de dul 'n-a theach;
    do-rinne síoth Dé 'n-a dheaghaidh;
    an críoch is lé bearair breath.
  19. Do bhaoi—nochar bheag an toice—
    mar thug druim re déanamh locht
    gach méin do budh maith 'n-a mháthair
    's a mhaith féin san bhráthair bhocht.
  20. A Íosa, gárbh usa a chobhair
    an céidfhear rer chuiris dlús;
    críoch mo ré ná rabh it aghaidh,
    do ghabh mé tharaibh ar dtús.
  21. Do-bheir an deor do dhruim tuirse
    toradh fós go bhfagham bás;
    san aimsir thall ní tráth deoire;
    ní gnáth le crann feoighe fás.
  22. Ná fuilngeadh Aibhisdin m'anam
    ar iocht mo námhad ní as sia;
    is mairg leanas ón iúl fhire
    an triur bheanas dínn-ne Dia.
  23. I n-aimsir ar n-athar naomhtha
    gach neach do sgaoil sgéala Dé
    ní bhíodh ag sgaoileadh an sgrioptúir
    aoinfhear dhíobh rer bh'ionntnúidh é.
  24. An t-uabhar is as do claoidheadh
    cuimhne an bháis do bheith 'n-a fhail;
    do bhíoth a eagla ar an éarlamh
    gan díoth eagna i n-éanmhadh air.
  25. Do dhochar i ndiaigh an anma
    do fhágaibh d'fhiachaibh air féin
    an léigheann cruaidh do char i mbuige
    an uair do ghabh chuige céim.
  26.  p.179
  27. Dá ordaibh ní hionann riaghail
    an fhréamh orrdhraic ór fhás siad
    —ní hionann méin gach chroinn chnuasaigh—
    dá choill a fréimh uasail iad.
  28. Sint Aibhisdin san iúl díreach
    dual dá bhráithribh breith a luirg,
    géag mheasa na mogal gcumhra
    tobar feasa is umhla an uird.
  29. Ní hiongnadh gurab é a-dearainn
    nach dlighthear breath do bhreith lais;
    an tslighe ghlan ó nach gabhaim
    gabh nighe m'anaim ret ais.
  30. Rí an bheatha—nír bheag an conách,
    is cisde nar chóir do dhrud—
    tug a reic 'n-a dheaghaidh dhuit-se;
    meabhair dheit is tuigse tug.
  31. A bhfuil ar admháil dot fhiortaibh
    d'éis do bháis ní bheid gan chlú;
    do nós ní nós falaigh feasda
    maraidh fós gé theasda tú.
  32. Do thionnlaic duit do dhíon t'anma
    eagna chaol do chaitheadh ria;
    do dhula i dtlás as a thuigse
    nír lugha an grás duit-se ó Dhia.
  33. Léighthear insan Léigheann Órdha
    uirsgéal fós ó bhfuighthear am
    ar méar do láimhe ós dá labhra
    ní háille sgéal amhna ann.
  34. Dá fhichid nar bh'ionann martra
    moladh dod thaisibh tug siad;
    lámh nach meath a dhóigh ar dhuine
    do fhóir fa seach uile iad.
  35. Ní dearnadh lé ó ló th'éaga
    an uaigh fós i bhfuil do chorp
    —ar do ghníomhraidh ní fhuil áireamh—
    míorbhail nar chuir áireamh ort.
  36. Do ibh an fear le bhfríoth sláinte
    —Sint Aibhisdin do b'é a liaigh—
    uisge glan do iarr a ibhe
    nar ghabh mian dighe 'n-a diaidh.
  37.  p.180
  38. Gur bhac do mhnaoi dar mhúin crábhadh
    'n-a codladh do-chonnaic fhís
    an bhean ar dtéaghadh a toile
    déanamh na gcean roimhe a-rís.
  39. Fad a chaithréime re a cumadh
    córaide dhamh dul dá roinn;
    ceilfidh mé go fóill na fearta
    acht gur fhóir sé dearca an doill.
    Nír iompó a shaidhbhreas ná a shocracht
  40. Sint Aibhisdin ón iúl ghlan
    a chorp nó gur fheith don anmain;
    bheith bocht i dtalmhain do thogh.
    Toghaim.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Toghaim Aibhisdin mar aighne

Author: unknown

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1735 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Date: 2016

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402082

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Dublin, Trinity College Library, 1340, 5 (alias H. 3. 19; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921)).
  2. Dublin, National Library of Ireland, MS G 447, 'Rossmore MS', 1738?
  3. Dublin, National Library of Ireland, MS G 29, 18th century, fragments.

The edition used in the digital edition

‘Toghaim Aibhisdin mar aighne’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 176–180.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402082,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Toghaim Aibhisdin mar aighne},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {176–180}
}

 G402082.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are temporarily retained.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By an unknown Irish bardic poet c.1475–1500

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)
  • A phrase is in Latin. (la)

Keywords: bardic poetry; religious; Legenda Aurea; caithreim; legal terms; 15c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-06-29: Queries resolved using information from the Irish Bardic Poetry Database. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-10: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:07:48+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1997-05-22: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402082.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top