CELT document G402086

A bhráighe tá i dtor London

Eoghan Ruadh Mac an Bhaird

Whole text

    A bhráighe tá i dtor London

     p.188

    EOGHAN RUADH MAC AN BHAIRD cct.

  1. A bhráighe tá i dtor London,
    a ua Chonaill chaomhGhulbon,
    do gheimhil-se is lór do léan
    ar shlógh seinInse Saimhéar.
  2. I ndiaidh ar gcarad do chaill
    a-nois, a Néill Domhnaill,
    is é an bann dar mbreith ar gcúl;
    níor am dod bheith i mbríosún.
  3.  p.189
  4. Ní tu-sa a-mháin, a mheic Cuinn,
    don chur-sa i láimh i Lonnuinn;
    sliocht bhar n-iarnaigh ar fhóir mBreagh
    do iarnaigh ghlóir na nGaoidheal.
  5. An feadh nach fuil ar do thol
    iomdha ó Bhóinn go Beinn Gulbon
    i ndaoirsine 'ma-raon ruibh
    gan shaoirsine ag aon d'Ultaibh.
  6. A-táid eidir thuaith is chill,
    eidir fhuil aird is ísill,
    ag roinn bhar rodhochair ruibh
    boill comhothair dod chneadhaibh.
  7. Na mná, na boicht, na brughaidh,
    na huird is na hollumhain,
    gach mac robhras, gach rinn áigh,
    id chomhghlas, a chinn Cruacháin.
  8. Ionann ualach, ionann cneadh,
    ionann cóir dhaoibh is dóibh-sean,
    ionann innreamh, ionann ceas,
    ionann imneadh is áineas.
  9. Do ghabháil, a ghéag Eanaigh,
    —lór do ghlas ar Ghaoidhealaibh,
    cách uile i láimh as do los—
    ní le duine a-bháin bheanas.
  10. Dóchas laochradh Leithe Cuinn
    gaisgeadh curadh chlann gConuill,
    a-táid, a Néill Ghairbh, id ghlas
    a n-ainm, a gcéim, a gceannas.
  11. An glas re fada i bhfuil sibh
    ní glas é ar Rígh an ríchidh
    do bhreith as dámadh é a dheoin
    dá gach ghlas ós sé as seighleoir.
  12. Ós sé seighleoir gach geimhle
    Rí nimhe ar gceann coimeirghe
    do dhruim do ghiallchuibhrigh guidh,
    a thriathbhuidhnigh Fhuinn Fhiachuidh.
  13. Le guidhe Meic Dé na ndúl
    mór mbráighe do bhí i mbríosún
    romhaibh do saortha mar sain
    ar modhaibh naomhtha a-nall-ain.
  14.  p.190
  15. Do bhí—ní cúis as ceilte—
    neach róibh fa rígh Éighipte
    nar tharbha an chóir ar a chúl
    go ndamhna bróin i mbríosún.
  16. An chúis do cuireadh 'n-a leith
    ar n-a dealbhadh i ndíchleith
    —ní chuala an rí an failcheas fill—
    do bhí i n-aincheas a hinnill.
  17. An Patri-arca Ios-éabh
    ar ar chum méirdreach mísgéal
    dar leathnaigh gnaoi Dé na ndúl
    is é do bhaoi san bhríosún.
  18. Le toil Athar na n-uile
    táinig dá thaom trócaire
    an rí ar gcromadh ar an gcoir
    sí ar 'n-a lomadh dá láthair.
  19. An rí Forann mar fhuair fhios
    nach dearnadh air acht aimhleas
    do saoradh é as a haithle
    is é i mbaoghal básaighthe.
  20. Ní hé amháin gur saoradh sin
    rí Éighipt trá ar n-a thuigsin
    ar feadh a thíre do thogh
    'n-a fhear ríghe do riaghladh.
  21. Ar gclos do neamhghair, a Néill,
    mar so ar aithris an fhíréin
    a-tá ar ndóigh a Dia na ndúl
    nach a-mháin nach bia i mbríosún;
  22. Acht go gcuimhneocha an choróin
    duit a-rís le ro-onóir
    gach a bhfuair sibh ar a son
    is gach buaidh libh dar leanadh.
  23. Ar an bhfáth fa bhfuile i nglas
    acht go gcroma Cing Séamas
    ná meas nach saorfaidhe sibh
    's ar leas fraochmhuighe Fuinidh.
  24. Súil Banbha red bheith a-muigh,
    a mheic Cuinnmheic an Chalbhaigh,
    ag cur beochroidhe i gcloinn Cuinn
    's ag buing eolchoire oruinn.
  25.  p.191
  26. Do thoil aonMheic Dé na ndúl
    biaidh trá, a thriath Seandún,
    do dhaoirsine rú 'ga roinn
    'n-a saoirsine ag crú Chonuill.
  27. Rí nimhe, a Néill Í Domhnaill,
    ad-chluin th'osnaidh n-éagcomhlainn,
    ad-chí ar gcruth, do-chí bhar snaidhm,
    a ghuth go dtí fan dtoghairm.
  28. Dóchas cháich ar chanas rut;
    nár léige Dia a dul seachat
    an tsúil chabhra ad-chualaidh mé
    ag sluaghaibh Banbha, a bhráighe.
    A bhráighe.
  29. Mó an príosún fós i n-a bhfuil
    inghean ríogh fhréimhe Dálaigh
    a bhfuilnge ag crádh a cridhe
    doilghe dál a daoirsine.
  30. Dá mbeith nach biadh do dhochar
    do chách uile it iarnochadh
    acht an brón i n-a mbí soin
    do budh mór an ní a-nall-oin.
  31. Ní hionann tuirrse is tuirrse,
    ní grádh grádh 'n-a focair-se,
    ní himneadh as doghrainn dí
    inghean Í Domhnaill Daoile.
  32. Fa sgaoileadh Néill is Neachtain
    muna bheith sunn saoileachtain
    do bhiadh an brón mar nach fuil,
    ní bhiadh clódh ar cumhaidh.
  33. Nár tháire—ná táire mé—
    Aodh Ó Domhnaill i ndaoirse;
    nár chluineam i láimh re a linn
    ar bhfuigheall áir dá fhoirinn.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): A bhráighe tá i dtor London

Author: Eoghan Ruadh Mac an Bhaird

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1522 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402086

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 625, 290 (alias 3 C 12: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 16).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 4, 75 (alias 24 P 27: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 564, 52 (alias 23 N 26: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 14).
  4. Dublin, Royal Irish Academy, MS 727, 256 (alias 23 C 33: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 18).

The edition used in the digital edition

‘A bhráighe tá i dtor London’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 188–191.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402086,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {A bhráighe tá i dtor London},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {188–191}
}

 G402086.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the poem. Pagebreaks, metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Eoghan Ruadh Mac an Bhaird, an Irish bardic poet (c.1570?-1630?).

Date: c.1625

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; 17c; political; Niall Garbh Ó Domhnaill

Revision description

(Most recent first)

  1. 25-August-1997: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  2. 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-15: Header updated, keywords added, file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:07:59+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-05-22: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402086.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top