CELT document G402087

A chnuic thoir re taoibh Ealla

Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Whole text

    A chnuic thoir re taoibh Ealla

     p.192

    GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.

  1. A chnuic thoir re taoibh Ealla
    fa dtáid aicme Oilealla,
    giodh 'mud bhruach do hoileadh inn,
    fuath dot oirear im inntinn.
  2. Is tú cnoc na ndéar dhúin-ne,
    a thulach ard fhéarnúidhe;
    is mó théid ar dhéaraibh dhamh
    t'fhéaghain iná ar mhéid meanman.
  3. Ní guth oram dimbríogh dhuit,
    a Chláraigh Ealla orrdhruic;
    a-taoi ar n-am chrádh, a chnuic thoir,
    do bhaoi i ndán duit a dhéanaimh.
  4. A Cláraigh, is tú an tulach
    mar thuit an Fionn Forbharach;
    mo ghrádh nó gur thuit red thaoibh,
    a chnuic a-tám do thathaoir.
  5. Mac Diarmuda—dia do chor—
    do tairngireadh go dtiocfadh
    dá lot ar bhrú do bhearna;
    is tú cnoc na cinneamhna.
  6. An lá tugadh thort a ndeas
    an chreach ler ceileadh m'áineas
    fríoth basgadh id chuim, a chnuic,
    is trasgradh do chloinn Chormuic.
  7. Don turbhaidh thug ar an dtóir
    i n-ucht Cláraigh i gcéadóir
    marbhthair 'gun ghéig gach nar ghabh
    gabhthair an mhéid nar marbhadh.
  8. Díobhraigis duine don tóir
    mac ríogh Mis—mairg dar chusbóir—
    gur bháidh inn tar a déis dairt
    d'éis an áir thinn do thabhairt.
  9. Éanghoin duaibhseach na dairte
    ní feas fear a díobhraicthe;
    torchair lé flaithbhile Fáil
    achd ré n-aithrighe d'fhagháil.
  10.  p.193
  11. Aithghin an té thorchair ann
    achd an flaith Fathadh Canann
    níor thuit tiomchall do ghleanna,
    a chnuic fhionnchlann Oilealla.
  12. Ar ngabháil ghiall an domhain
    dó go hÉirinn n-éarlamhaigh
    'mud chaomhachadh, a chnuic thall,
    do thuit caomhFhathadh Canann.
  13. Do thuitsead re taoibh th'imil
    Fathadh agus Féidhlimidh;
    tugais d'Éirinn, a chnuic, cor
    'nar thuit Féilim is Fathadh.
  14. Féidhlimidh mac mheic Domhnaill
    fuair goin 'n-a guin anfhorlainn
    ar an bhfánaidh uaid i-le,
    a Chláraigh, 's a ruaig roimhe.
  15. Fathadh Canann ceann an tsluaigh
    ar an uillinn uaid sor-thuaidh
    do thuit ar gcaithimh a chleath,
    a chnuic, le maithibh Muimhneach.
  16. Bean Oilill airdríogh Mumhan
    —toisg dá dtáinig mórphudhar—
    rug Fathadh—ní feis gan bhrón—
    leis ar athadh 's ar éalódh.
  17. Táinig is an gcnuc ad-chí
    i n-a aghaidh an t-airdrí;
    do bhaoi brath 'gun fhoirinn air
    gur laoi is Oilill cath Cláraigh.
  18. Caoga mac ríogh na rosg mall
    leathtrom é d'Fhathadh Canann
    gér chalma neart flatha Fáil
    's na seacht gcatha 'n-a chomhdháil.
  19. Gá dú achd fuair Fathadh Canann
    bás ann d'éis a mhórtharann;
    ní dhó gér dhluigh a chaoine
    as mhó fhuil ar n-éagcaoine.
  20. Do bhí i ndán i n-a dhiaidh soin
    an dara gleo ar ghurt Cláraigh;
    an céadchath níor theo gér the
    iná an gleo éachtach eile.
  21.  p.194
  22. Fear croidhe náraigh neimhmin
    mac na flatha Féidhlimidh;
    fachain anfaidh d'fhás ar loch
    bás Í Charthaigh i gClárach.
  23. Dursan leam a los Fhéilim
    na tréidhe tá ar seinÉirinn;
    milleadh fás a craobhchall gcuir
    bás a saórchlann 'ma sliabhaibh.
  24. Re bás an churadh Con Raoi
    ar Sléibh Mis—mana déarchaoi—
    bás an fhéil chreachnáraigh dhuinn
    ar Sléibh seanChláraigh samhluim.
  25. Ar Sléibh Fuaid fuair a roghuin
    Cúmhsgraidh Meann mhac Conchobhair;
    do thuit ionnshamhail an fhir
    ar fhionnaghaidh chnuic Chláirigh.
  26. Diarmuid ar Beann Ghulban Ghuirt
    do thuitim re péisd bpríomhthuirc
    cointinn is géirrinn dá ghoin
    Féilim ar chnoicbheinn Chláraigh.
  27. Muircheartach Mór mhac Earca
    is Féidhlimidh finnEachtgha
    fríoth a n-árach leath ar leath
    im Chlárach is im Chleiteach.
  28. Rí Éireann dar bh'ainm Dá Thí
    marbh ar Sléibh Alpa an t-airdrí
    fríoth oilbhéim re samhluigh soin
    ar coirrShléibh challghloin Chláraigh.
  29. Trí meic Tuireann—tearc nar chaoin—
    tuitsead im Chnuc mac Miodhchaoin;
    mó chaoinim do thuitim thoir
    ar maoilinn chnuicfhinn Chláraigh.
  30. Créad fa mbeinn ar bruach t'imil,
    a chnuic thall, d'éis Fhéidhlimidh?
    san chnuc thealghlas nó gur thuit
    níor dheaghlas rut, a rochnuic.
    A chnuic.
  31. Do shíol Bhriain do bhuing Teamhraigh
    lucht marbhtha mheic Thoirdhealbhaigh;
    tug fhás ar orchradhaibh slóigh
    bás Conchobhair i gCaolmhóin.
  32.  p.195
  33. Go dtorchair tighearna an chnuic
    Art Ó Caoimh cneas mar bhánchuip
    fríoth an-allan bruit is ba
    it fharradh, a chnuic chéadna.
  34. A Chláraigh, ceileabhradh dhuit;
    ag súd mé uait, a ardchnuic,
    fear nach seachnann comhlann cleath
    go Domhnall gcleathchorr gCairbreach.
  35. Gé taoi, a ThéaGhaimh, a chnuic thiar,
    eadrainn is an fhionn foiltfhiar
    go hEoghan dleaghair dola
    leomhan Bhealaigh Bhóromha.
  36. A chnuic thiar ga dtá Buadhach,
    is tú an dumha deaghdhuanach;
    samhail Chrot gCliach ar chaoimhe
    an cnoc ós iath Fhormhaoile.
  37. A chnuic ós chionn Locha Léin
    gá bhfuil Tadhg na dtreas n-aigmhéil,
    gar dhuit is dóigh mo thochta,
    a chnuic mhóir, a Mhangarta.
  38. Sealbh dhíleas Domhnaill Í Chaoimh
    tú, a chnuic uaine an fheoir bharrchlaoin;
    mo chean duit tre robhaidhbh rath,
    a chnuic dan comhainm Clárach.
  39. A Shléibh Luachra don leith thuaidh
    i riacht Mór mín an bhanshluaigh,
    id ghoire 's dóigh mo dhola
    tre Mhóir Mhoighe Mhucromha.
  40. Freagarthar linn líon ar slóigh
    do shlóigheadh go Sliabh Si-óin;
    Mhíchéal oirn bhus fhear garma
    seadh 'n-a mhoirn ní míotharbha.
    A chnuic.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): A chnuic thoir re taoibh Ealla

Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1626 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402087

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  • Dublin, Royal Irish Academy, MS 743, 657 (alias A iv 3: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 18).

The edition used in the digital edition

‘A chnuic thoir re taoibh Ealla’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 192–195.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402087,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {A chnuic thoir re taoibh Ealla},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {192–195}
}

 G402087.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the poem. Pagebreaks, metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Gofraidh Fionn Ó Dálaigh, an Irish bardic poet (1320–1387) c.1340–1387

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; 14c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2012-06-21: Header modified. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-15: Header updated, file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:08:02+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1997-05-22: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402087.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top