CELT document G402088

A chros thall ar an dtulaigh

Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Whole text

    A chros thall ar an dtulaigh

     p.196

    GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.

  1. A chros thall ar an dtulaigh
    as damhna dam dhéarchumhaidh,
    tú urlamh gidh bé len báidh,
    is é ar dturnamh do thógbháil.
  2. Is tú, a chros an mheic mhuirnigh,
    thug mé a-nocht go neamhshuilbhir;
    a dhluthchros fa dtú ag tuirrse,
    tú mhúchfas mo mheadhair-se.
  3. Tú chuimhnigheas dúin-ne a dhol
    dá ndeachadh mh'aire dh'Eoghan;
    mo bheith mar tú, a chros-sa, is cáir
    do b'usa thú gan tógbháil.
  4. Truagh bhar gcuimhnioghadh cumhadh
    gidh cruthach do chórughadh;
    tú ós ar gcinn-ne, a chros Eoghain,
    m'inmhe ar a los laighdeobhaidh.
  5. Ag dul seochad san slighidh
    déara go lár léigfidhir;
    'gat aithne, a chros, badh corcra
    aighthe bas an bhantrochta.
  6. Gidh cúis athtuirse anba,
    maith an mhaise shaoghalda
    do cheathra druimne donna
    leathna cuibhdhe codroma.
  7. A mheic dar cumadh an chros
    'n-a lóchrann sheasmhach sholas,
    fuarais chrois bharrghloin bhláthmhair;
    marbhnaidh re cois commámthair.
  8. Is cros fhir do b'fhearr daghdhuas
    an chros ad-chiu eadarbhuas;
    loise na ceirde do cheil
    an mheirge croise ad-chíthir.
  9. Ní fiadhnaighthe i bhfogus di
    an chros-sa ná i gcéin uaithe;
    gidh bláith an mionn í is urchra
    sí ar cionn cáich 'n-a comhartha.
  10.  p.197
  11. A chros ós chionn na leirge,
    tuar leoin dar lucht aoincheirde,
    biaidh fros le bonnfhabhraibh dhe
    a chros d'ollamhnaibh d'aithne.
  12. Cúis a tógbhála ós talamh
    cros adhbhair an ollamhan
    an crann-sa dá ghruadh ghairthe
    budh tuar almsa is urnuighthe.
  13. Beannacht ar anmain an fhir
    isa chros do-chiu ar mh'aighidh;
    fearr iná tuile tuirse
    guidhe ar an seang séaghainn-se.
  14. A-tá an chros ler cráidheadh mé
    ar deilbh do chroise, a Choimdhe;
    ar a los go dtí dod thigh
    an tí dan cros an chrois-sin.
  15. Bheith ar chúl chroise Eoghain
    dom athtuirse oisgeolaidh;
    díon ar shlógh é agus gidh eadh
    ar brón, a Dhé, ní dídean.
  16. Tuilleadh cádhais don chill naoimh
    cros mhinghréasach an mhacaoimh:
    slógh fa chádhas don chrois-se
    budh lór d'árus eaglaise.
  17. Adhbhar ollaimh fhear Mumhan
    gion go bhfuair ainm ollamhan
    gan phearsain mar é d'ollamh,
    a Dhé, d'easbhaidh fhuaramar.
  18. Ní dhearna ar ndol a oidhre
    fulang mar ar bhfulaing-ne
    fear dar chomhainm Cathbhaidh Draoi
    ón Mhodhairn lachnaigh lionntaoi.
  19. Ní hiongnadh an fáth 'ma bhfuil
    ar gcomhráithne re Cathbhaidh;
    truagh bás an druadh a-dirim
    truagh an cás 'ma gcuimhnighim.
  20. Gidh bé damhna fo-deara
    sinn d'éagcaoine a oigheadha
    ní ar son an druadh bu-dhéine
    truagh fa a dhol ar ndeirbhéile.
  21.  p.198
  22. A-tú 'ma a bhreith don bhás rug
    ris an bhfilidh ag formad;
    truagh mh'éad re hoighidh an fhir
    éag fa a oidhir don fhilidh.
  23. Do-chuaidh do chumhaidh a mhaic;
    do b'é an mac fa mór éaraic
    Geanann Gruadhsholas fhuair eol
    nach cualadhas uaidh d'aithcheodh.
  24. Truagh leam-sa loighe Chathbhaidh
    ar fheart Gheanainn ghníomharthaigh
    dar ghéis ar loighe ar a leic
    a chroidhe d'éis a éinmheic.
  25. Téid Cathbhaidh fa ceann forais
    tar éis Gheanainn Ghruadhsholais
    i dtalmhain tre Gheanann nglan;
    ní leanam amhlaidh Eoghan.
  26. Cosmhail, a Dhé, damhna ar gcaoi
    mei-se agus Cathbhaidh caomhdhraoi;
    gidh eadh ní comhthrom gcumhadh
    an conchlann fhear n-ealadhan.
  27. Dámadh comhthrom ar gcumha
    'mar saormhacaibh súlchara
    —teasda Cathbhaidh—créad do-bhir
    Gafraidh gan éag fa a oidhir?
  28. Cathbhaidh mar do-chuaidh reamhainn
    d'éag do chumhaidh chaoimhGheanainn,
    mó a fhachain gá dás gan dol
    an t-athair ór fhás Eoghan?
  29. Truagh gan fhóirithin aga
    mar do bhí ag bás Chearmada
    ar n-a ghuin do láimh Logha
    do mhuin áigh a iomghona.
  30. Comhrag do-chuala idir Lugh
    is Cearmaid na gcleas lúthmhar;
    Cearmaid milbhéal ba marbh dhe
    d'arm rinnghéar mar an rinncne.
  31. Rún an Daghdha i ndiaidh a mheic
    sgaradh le hÉirinn n-oirrdhreic;
    triall tar muir do labhradh leis
    go bhfaghbhadh luibh a leighis.
  32.  p.199
  33. Téid do thaisdeal an domhain,
    fágbhais Éirinn n-iorgholaigh
    gur chuir an Daghdha dá dhíon
    ar a mhuin damhna an deighríogh.
  34. Cearmaid le athair n-éachtach
    táinig sleamhain sláinchréachtach
    mar bhláth na slat dá ghruaidh ghil
    dar lat ní fhuair a oighidh.
  35. Ciodh na ba déanta dhamh-sa,
    gémadh aisdreach oram-sa,
    réim an Daghda, a Dhé, ar n-a dhol
    dámadh tarbha é d'Eoghan.
  36. Mo mhac-sa ó nach mé an Daghdha
    súil le éirghe is éadtarbha;
    ní faghair dar mbuain a broid
    an bhuaidh do chabhair Cearmoid.
  37. Muireadhach mhac Eoghain aird,
    Cearmaid—gidh cia do theasairg—
    do-chuala ar ndol don dís ghloin
    a-rís a gcor i gcorpaibh.
  38. Truagh nach tabhair d'fhurtocht oirn
    an lus fhuair inghean Loghairn
    nó aiceacht an Daghdha dhamh
    d'aithteacht a anma i nEoghan.
  39. Mac i n-ionadh an athar
    do b'oircheas é d'ordachadh;
    a athair 'n-a oidhre dhó,
    a Choimdhe, as fhachain iarghnó.
  40. Ní fhuilnginn an uair do mhar
    do mhéad ar n-annsa d'Eoghan
    choidhche gé do-near a-nois
    an fear dá oidhche im éagmhais.
  41. Mar tú dá bhás ní bhiadh mé
    dámadh neach eile a oide;
    cúis as ar fhoide, a Dhé, a dhol
    is mé do b'oide dh'Eoghan.
  42. An t-Eoghan-sa is éigin dún
    déanamh seach an bhfionn bhfoltúr;
    tairnig a sheal gá dám dhó
    gidh eadh gá dál as deacra.
    A chros.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): A chros thall ar an dtulaigh

Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1673 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402088

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  • Dublin, Royal Irish Academy, MS 743, 678 (alias A iv 3: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 18).

The edition used in the digital edition

‘A chros thall ar an dtulaigh’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 196–199.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402088,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {A chros thall ar an dtulaigh},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {196–199}
}

 G402088.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the poem. Pagebreaks, metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Gofraidh Fionn Ó Dálaigh, an Irish bardic poet (1320–1387) c.1340–1387

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; 14c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2012-06-21: Header modified. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-15: Header updated, keywords added, file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:08:05+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1997-05-22: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402088.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top