CELT document G402090

A Ghearóid, déana mo dháil

Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Whole text

    A Ghearóid, déana mo dháil

     p.201

    GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.

  1. A Ghearóid, déana mo dháil;
    dá ndearna déana i gcéadáir;
    tug, a óigleanaibh, th'úidh ruinn,
    a úir dhóidleabhair dhearccuirr.
  2. Dídin mé, a mheic an Iarla,
    ar fheirg flatha finnLiamhna
    gidh bé fachain feirge fuair
    t'athair a mheirge an mhórshluaigh.
  3.  p.202
  4. Is ort iarraim gidh óg thú
    síodh na bhfréamh asad fionnchrú;
    ód thromaicme a-tú fa choill;
    dar gcomairce is tú as tualaing.
  5. Mairg file re bhfuil a móid
    aicme Ghearailt, a Ghearóid;
    is fachain dá gcar um cheann
    dá rabh th'athair dom imdeall.
  6. Níor chleacht sinn siobhal oidhche
    ná imirt arm bhfaobhairthe;
    ní poinnidhe ar ngníomh le ga;
    coillidhe dhíom níor dhéanta.
  7. Fóir mo ghuasacht, a Ghearóid,
    tair romhuinn don ríphealóid;
    ar th'eineach dhamh diall oirn-ne
    gabh, a chiall, mo chomairghe.
  8. Inneosad uirsgéal cumtha
    dhuit im dháil mo chobhurtha;
    a-déar mar dhleaghar a rádh
    sgéal ar leanabh do leanbhán.
  9. Táinig lá ar Leic na dToradh
    Fionntan is é ar n-arsoghadh
    dá bhfuair naoidhin n-óig th'aithghin
    'n-a aoighigh fhóid anaithnidh.
  10. Iongnadh leis a leithéid sin
    re taobh na haille d'fhaicsin;
    rug an naoidhin n-óig ón aill,
    tug póig don aoighidh áluinn.
  11. Mar thug an príomhóglách póig
    don naoidhin áluinn fhíoróig
    téid dealbh a aighthe i n-óige
    ón leanbh d'aithle éanphóige.
  12. Beiris leis an leanbh síthe
    gus an mnaoi nglic nglóirbhíthe;
    ní thug dá mhnaoi a fhios re headh
    's do bhaoi 'n-a chrios an céidsheal.
  13. Fionntan ar bhfios a fréimhe
    beannuighis dá bhainchéile;
    freagrais a bhean go ngné ghil
    hé agus gidh eadh níor aithin.
  14.  p.203
  15. Ar bean Fhionntain dá aithle:
    "cia thú tú do mhearaithne,
    a ghil bhláith dhódghlacshaoir dhuinn,
    a ógmhacaoimh áith éadtruim."
  16. "Gidh cúich mé, a bhean, beanfad daoibh
    madh áil leat leannán macaoimh;
    ní hamhdháigh sinn cneas re cneas
    deas linn t'fhaghbháil i n-uaigneas."
  17. "Sguir, a mhacaoimh óig, t'ábhacht,
    cian óm leithéid leannánacht;
    nocha gaol ábhachta inn,
    a chraobh árrachta fhoiltfhinn."
  18. "Fearr dhuit céile séitreach slán,
    a bhean mhaith" ar an macámh
    "ó taoi ag seanóir seachain soin;
    re beathaidh ndearóil dealuigh."
  19. "Ní aontóch ó nach óg mé
    —níor aontuigheas as mh'óige—
    fear gémadh céim deaghshóigh dhamh
    acht mo sheanóir féin Fionntan."
  20. "Dod bhréagadh ní bhia sinne
    ó fuaras fhios th'intinne;
    ó nach éidear é d'fholach
    mé do chéidfhear carthannach."
  21. "Ná habair sin" ar si-se
    "seanóir críon mo chéilei-se
    sé go neimhsheadhmhar a-nocht
    ar gceileabhradh dá chalmacht."
  22. "Mei-se seanóir sluaigh Ealga
    ar ndol i ndeilbh naoidheanda,
    a bhean" ar sé "nám seachain;
    is mé t'fhear i n-óigbheathaidh."
  23. "Dá dteaghmhadh gomadh tu-sa
    an céidfhear do charas-sa
    nocha bia, a Fhionntain, im fhail
    go bhfionntair cia rod chruthaigh."
  24. "A ríoghan a Ros Greadha,
    gheas airrdheanna
    gach fód go naoidhe ón naoidhin;
    naoidhe óg rom athnaoidhigh."
  25.  p.204
  26. Innisis Fionntan mar fuair
    an leanbh ar an leic dtaobhfhuair
    —cóir a n-innisin uadha—
    innisidh a iolbhuadha.
  27. An leanbh óg 'n-a hucht féin
    gabhais bean Fhionntain ainn-séin;
    re haghaidh an uair do ghabh
    fuair cabhair mar fuair Fionntan.
  28. Ní taosga ar n-a thabhairt dí
    ráinig a anál impe
    ná do sgar sí re seandacht
    's do ghabh ní dá naoidheandacht.
  29. Gá dú, achd do bhí siad mar sin
    seal buan oile dá n-aimsir
    is do bhí 'n-a láimh re linn
    gach ní do b'áil le a n-intinn.
  30. Éanmhac airdríogh na Sorcha
    fríoth ann aisgidh chobhartha
    folt i n-a óiridhibh air
    ar dtocht d'fhóiridhin Fhionntain.
  31. Go tráigh nDúna Tolcha Thé
    do chur Fhionntain i n-óige
    tar an moir sriobmall srothach
    a-droigh Iollann Iolchrothach.
  32. Tú, a Ghearóid, a ghein shochair,
    leithéid Iollainn Iolchrothaigh;
    go bhfionnam, a chnú cridhe,
    an tú Iollann th'aimsire.
  33. Anál Iollainn, a ucht glan,
    tug fóiridhin ar Fionntan;
    cuir mar thúis anáil th'ochta
    fam ghnúis d'fhagháil fhurtochta.
  34. Tair ar chuairt sonn, suidh im ucht,
    fionnam feabhas do chumhacht,
    tabhair póig i n-a dhiaidh dhamh,
    cabhair ciaigh mo chóig gcéadfadh.
  35. Ar Mhuiris gCliach 'gar chleachtas
    athnuaidhigh ar n-aitheantas;
    san chruth i mbínn roimhe a-rís
    ag rígh Broine go mbeimís.
  36.  p.205
  37. Saor mhé ar oirbhire th'athar
    go mbeinn agad bheannachadh;
    ar gcomairghei-ne is doirbh dhi
    tromoirbhire oirn aige.
  38. Tairre led bhriathraibh binne
    d'aithearrach a intinne;
    fill tar ais fheirgh an Iarla,
    a dheirg chais fhinn fhuiltniamhdha.
  39. Mo theagasg, a Ghearóid, gabh:
    "feirrde macámh a mhúnadh";
    dá dtugthar éara oirn-ne
    déana mar a-déaraim-ne.
  40. Nó go raibh sinn síodhach ris
    ná héirgheadh fúd muirn Mhuiris;
    rí Áine ná han re a phóig;
    gabh ar do gháire, a Ghearóid.
  41. 'N-a ucht ar chrodh ná ar chomhaidh
    is a fhearg ret ollamhain,
    a anam, ná haontaidh dol
    go bhfagham aontaidh t'athar.
  42. Ná cealgadh cleas dá áille
    thú, a mheic marcaigh fhionnÁine;
    braithtear fraoch ar th'aghaidh n-óig;
    labhair go gaoth, a Ghearóid.
  43. Dá ndearna tú is tuar deighshídh
    mar deir mé, a mheic Aibhilín;
    th'éara dot athair ní háil,
    rachaidh séala ar an síothcháin.
  44. Biad agad im fhior ghrádha
    budh hé séala ar síothchána;
    rinn th'aoibhe, a Ghearóid, do-ghéabh,
    a naoidhe gealfhóid Gaoidheal.
  45. A ubhall abhla cumhra
    as uaisle náid órubhla,
    a bhláth niamhdha, a chnú cheiníl
    do chrú an Iarla is Aibhilín.
  46. A leinbh a Lunnainn na ríogh,
    fóirfidh t'urlabhra mh'imshníomh,
    innsgne bhinn do bheoil chorcra
    i n-a rinn ceoil codalta.
  47.  p.206
  48. A Mhuiris, maoluigh do mhóid;
    déana mar a-deir Gearóid;
    dá ngada dhíom ní dhlighe
    síodh ar aba th'oirbhire.
  49. Flaitheas nach gabhaid Gaoidhil
    geallmaoid dóibh i nduanlaoidhibh;
    a ráthughadh dhúibh níor dhluigh,
    gnáthughadh dhúinn a dhéanaimh.
  50. Dá chineadh dá gcumthar dán
    i gcrích Éireann na n-uarán
    na Gaoidhil-se ag boing re bladh
    is Goill bhraoininse Breatan.
  51. I ndán na nGall gealltar linn
    Gaoidhil d'ionnarba a hÉirinn;
    Goill do shraoineadh tar sál sair
    i ndán na nGaoidheal gealltair.
  52. Na Goill is Gaoidhil Bhanbha
    fa seach re hucht th'agallmha;
    is tú ceann an dá chineadh,
    geall red chlú ní cuirfidhear.
  53. Do sgar mé red mhúr bhfleadhach,
    a chinn an dá chinneadhach;
    muirn t'ardphuirt-se agus t'fhíon glan
    rom líon d'antuigse is d'uabhar.
  54. Dol ar deabhaidh ód dhreich mhoill
    ní thug achd uabhar oruinn;
    logh an chuairt-se do-chuamar;
    dol uait-se do b'anuabhar.
  55. An t-aingeal do b'áille ar nimh
    do ionnarb Dia 'mun gcúis-sin;
    nochar bheag d'fhior a fheitheamh
    an cion do leag Lúisifear.
  56. Do thonn fheirge gé do fhás
    rinn, a Mhuiris mheic Thomás,
    díon, a Mhuiris-se, ar do mhóid
    bríogh na guidhei-se Gearóid.
    A Ghear.
  57. Ar measrughadh maidne an Luain,
    a Míchíl, is mór m'anbhuain;
    tú ar sgiath, a mheic, ar maidean,
    a fhiach dheit go ndearlaigear.
    A Gh.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): A Ghearóid, déana mo dháil

Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 2050 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402090

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 1, 121 (alias 23 D 14: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 5, 325 (alias 23 D 4: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).

The edition used in the digital edition

‘A Ghearóid, déana mo dháil’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 201–206.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402090,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {A Ghearóid, déana mo dháil},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {201–206}
}

 G402090.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are temporarily retained.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Gofraidh Fionn Ó Dálaigh, an Irish bardic poet (1320–1387) c.1340–1387

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; 14c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2012-06-21: Header modified. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-10: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:08:10+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1997-05-22: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402090.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top