CELT document G402092

Ar iasacht fhuaras Aonghus

Donnchadh Mór Ó Dálaigh

Whole text

    Ar iasacht fhuaras Aonghus

     p.211

    DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.

  1. Ar iasacht fhuaras Aonghus
    ó Dhia gin gur dheaghcaomhnas;
    an té rug é nochan olc
    ó nach tug é achd ar iasocht.
  2. Móide an tuirrse tá ar gach neach
    fa bhreith uaim do Dhia dhúileach,
    glan an nuabhas, nuaidhe an corp
    do fhuaras uaidhe ar iasocht.
  3. An t-iasocht fhuaras do nimh
    nocha n-iodhlaicfinn idir;
    do b'usa leam a locadh
    gémadh fhearr a iodhlocadh.
  4. A Dhúilimh do dhealbh a chorp,
    nó go n-iodhlaicfinn m'iasocht
    nachar bh'é ceart badh fhearr ann
    gan teacht ar a cheann chugam?
  5. Ní hiasocht áruis nimhe
    a-tá ar Aonghus d'áiridhe;
    gearr gach sosadh achd mar sain
    do-san níor bh'fhearr ga athair.
  6.  p.212
  7. An tsealbh bhunaidh bhíos a-nois
    níor leam achd iasocht Aonghuis;
    ní fríoth uaidh achd athaidh dhe;
    do-chuaidh le a athair oile.
  8. Iasocht bunaidh do bhuain air
    ní iarrfainn ar an athair
    —níor léig sei-sean an leanbh linn—
    a shealbh leis-sean do léigfinn.
  9. Do Mhac Dhé bhí is beannacht lais
    deonuighim anam Aonghuis;
    ní fhuighinn neart budh fhearr air
    reacht fa a cheann nocha cosmhail.
  10. Croidhe Dhé d'fhurtocht orm-sa
    truagh nach táinig chugam-sa
    ar mhnaoi roimhe ráinig teagh
    mar tháinig croidhe an Choimdheadh.
  11. Lá dá ndeachaidh Mac Muire
    go teagh Martha míonghloine
    an bhean dar chinn an rí rath
    re a linn do bhí go brónach.
  12. Do fhiarfaigh Mac Dé dhi-se
    créad an chúis fa raibhei-se
    ar bhfaicsin déar le a gruaidh ngil
    an léan fhuair gé do fhidir.
  13. "An mac óg do b'aithnidh dhuit"
    ar si-se "a Athair orrdhruic,
    teasda an ghéag bhassolus bhinn;
    Lasarus créad nach caoinfinn?"
  14. "Gluais leam" ar Dia do dhealbh neamh
    "tuigim mar tá do chreideamh
    go léiginn uaim do mhac maith
    lat ón uaigh" ar an t-Ardfhlaith.
  15. Gluaisis leis—níor leasg an chéim—
    d'fhios an adhlaicthe ainn-séin;
    sona an flaith ó bhfuair proigeacht,
    maith do-chuaidh an chomhoideacht.
  16. Do ráidh Dia ag dul ós a chionn
    ris an mac—mairg nach tuigeann:
    "cuirim ort, a chalann chriadh,
    tocht 's an t-anam ar éinrian."
  17.  p.213An sgáth bréige do bhí ann
    as ar imdhigh an t-anam
    ní dhearna an Rí achd a rádh sin
    's do bhí slán is an slighidh.
  18. An cleas-sain, dá mbeinn buidheach,
    do-rinne an mac míorbhuileach
    a Dhé nach déanann a-nos
    is nach fhéaghann é ar Aonghus!
  19. Gion go bhfaghaim mar fuair sin
    do chionn guidhe Dhé dhúiligh
    d'éis a mhíorbhuile ar Mhartha
    dá fhíorghuidhe is adhartha.
  20. Gion go bhféagh Rí nimhe a-nois
    orm-sa um fhóirithin Aonghuis
    dámadh fiu mé a dhéanamh dhamh
    do-ghéanadh é is do fhéadfadh.
  21. Ó nach fiu a dhéanamh dhamh-sa
    Mac Dé d'fhurtocht oram-sa
    mairg más eadh do fhuirigh inn
    ris an mbuilidh ngeal nglóirghrinn.
  22. Níor shaoil mé gur mhaith an bhreath
    gan mhac re a athair d'fhuireach;
    ní hamhlaidh do an rem dhul
    achd anmhain damh re a dhol-san.
  23. Taosga thug mei-se ná an mac,
    Dia tug orainn an t-iomlat;
    gidh taosga rug sei-sean sain
    ní hei-sean thug ó thosaigh.
  24. Tosach uaim-se fhuair sei-sean;
    truagh dhamh gan dul reimhei-sean;
    d'óige ar meic-ne dar mhó ar gcean
    do badh leigthe dhó deireadh.
  25. Ní deireadh don tuirrse thruim
    d'éis an laoigh d'fholach oruinn;
    fa romhoch cré tar a chneas,
    sé d'fholach nochar bh'oircheas.
  26. Ní béas eilte d'éis a laoigh
    agam d'éis an ghil ghlacshaoir;
    ní thabhar laogh oile air
    go saor mo chroidhe ón chumhaid.
  27.  p.214Sódh na heilte ní holc dhi
    a laogh féin ó théid thairse;
    do laogh oile do-gheibh grádh
    a croidhe féin ag síothládh.
  28. Buan mo chumha um cheann mo mheic,
    ní hionann is an eilit;
    d'éis an laoigh re a dtabhrainn taobh
    ní thabhraim m'aoidh ar aonlaogh.
  29. Laogh mo chroidhe an mac muirneach,
    mo chara, mo chomhairleach,
    níor bhean tuirrse roimhe rinn
    mo chuisle croidhe caoinim.
  30. Mo chruit chiuil as caoine nglóir,
    mo ghlór caoin as cosg dobróin,
    éinfhear cumainn mo chridhe,
    mh'urraim agus mh'áisighe.
  31. Mo chraobh chnuais, (mo bhile bláith),
    mo ghéag fíneamhna fhíorbhláith,
    mo mhac ochta agus anma,
    mo shlat chorcra chraobhabhla.
  32. Mo chiall, mo chuimhne, mo chonn,
    mo mhac, mo dhalta drólann,
    mo mhochmhacámh, mo mhionn súl,
    mo fhochlacán fionn foltúr.
  33. Do oileas d'Airdrígh nimhe
    Aonghus ar gcuid cridhe-ne;
    fuaras doimheanma uadh as
    do luagh mh'oileamhna ar Aonghus.
  34. I ndoilgheas re Dia athar
    —do b'éagcóir an t-ordachadh—
    do-chuadhas—is do b'é m'olc—
    fan té fhuaras ar iasocht.
    Ar.
  35. Fuair Fionnghuala fód bunaidh
    d'éag Aodha, d'éag Fearadhaigh;
    do-chuaidh siad is siad gan locht
    ní fhuair iad acd ar iasocht.
    Ar iasocht.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Ar iasacht fhuaras Aonghus

Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

3. Third draft.

Extent: 1616 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Date: 2014

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402092

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 6, 144 (alias 23 I 40: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  2. Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don (1631), 370.

Literature etc.

  1. Pádraig Ó Macháin (ed), The Book of the O'Conor Don (Dublin: DIAS 2010).
  2. An English translation is available in the Irish Monthly 48, no. 565 (July 1920) 371–374.
  3. This poem is listed in the Irish Bardic Poetry Database (see http://bardic.celt.dias.ie/main.html) and dated to the early 13th century.

The edition used in the digital edition

‘Ar iasacht fhuaras Aonghus’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 211–214.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402092,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Ar iasacht fhuaras Aonghus},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {211–214}
}

 G402092.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are temporarily retained.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Donnchadh Mór Ó Dálaigh, an Irish bardic poet c.1200–1225

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic poetry; Donnchadh Mór Ó Dálaigh; personal; religious

Revision description

(Most recent first)

  1. 2014-07-16: Daterange for creation revised, manuscript details and literature revised; new wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-10: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:08:16+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1997-05-23: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402092.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top