CELT document G402093

A-tám i gcás eidir dhá chomhairle

Eochaidh Ó hEoghusa

Whole text

    A-tám i gcás eidir dhá chomhairle

     p.215

    EOCHAIDH Ó hEOGHUSA cct.

  1. A-tám i gcás eidir dhá chomhairle;
    gá cás as rodhailghe ná an dál a- direim-ne?
    guais teacht ó chríochbhun an dá chomhairle
    dá neart chomhaidhbhle dar síorchur dar slighidh-ne.
  2. Dá chúis rom-ghoin le diamhair ar ndoimheanma
    toil na hoileamhna ag iarraidh ar n-aradhna
    ó fhairche ráthaigh ghartghloin gheilEamhna
    'gar máthair gheineamhna is m'antoil anamhna.
  3. Measaim triall le mearbhail ar mórchumhadh
    ó fhiadh na n-órchuladh, ó sheanmhaigh shíothMhumhan,
    go hadhbhaidh mbuig sruithbhinn na saorchuradh
    is cuid dar saothrughadh ar nach cuirfinn críochnughadh.
  4. Measaim dá éis i n-aimsir ar dtriallai-ne
    go géis ngrianDaire ros faillsigh gach fáidhfhile
    is mé go haoinchéim ar ndul sa dréimire
    nar chéillidhe sgur re baoithréim ar mbáirei-ne.
  5. Anfad re cuma ar nduaine deiridh-ne
    sunna i neimhinmhe—gá cruaidhe comhairle?
    mása thruagh leo—gidh eadh dá n-anaim- ne
    ní raghaim-ne beo go sluagh mear Modhairne.
  6. Ó chrích chaillghil na gcaladh síodhamhail
    dá n-anar san ríoMhumhain mhaighrigh mhíondoirigh
    gá dulc dhún ar sealadh go sírrighin?
    dleaghar do ríghfhilidh súr gach síodhoirir;
    an dara bliadhain gan triall fa thuaidheamhain
    ní bhiam ó shluaighfheadhain riaraigh ríoghOiligh.
  7. Gér linn ón droing do ghnáth a nguailnidheacht
    do luaighidheacht tar cách is roinn a ríoghadhart,
    is luibh chabhra dhúin ar ar ndeoraidheacht
    ó cheoloireacht Ghabhra ar súil re a síorradharc.
  8. Dursan ar dtriall ó oirear fhionnDaoile
    na moigheadh ndionnnaoidhe go fiadh bhfionnÁine;
    gidh ionmhuin clár sreathghlan seanDáire,
    neamhthal ar leannáin-ne fa dál diombaidhe.
  9.  p.216
  10. Uchán ar gcéim-ne ón talmhain thuaidheamhain,
    's ó Éirne chuainealaigh bhalbhghlain bhraondoirigh,
    is ó fhréimh armruaidh rúnbhrais ríoghUidhir,
    's ó shíodhuidhibh glanshluaigh shúlghlais shaorOiligh
    'sh óm Aodh féine mo ghrádh tar Ghaoidhealaibh,
    as céile d'aoigheadhaibh 's as fhál d'aoghairibh.
  11. Is í ar ndáigh nach ba cian ar gcéilidhe,
    ar gcéilei-ne riamh a-mháin dá mhóirfhine,
    ó Mág Uidhir dá roiseam 'n-a ríobhaile,
    síodhaidhe boisseang ó bhruighin ar mBóinneine.
  12. Do-ghéabh i síothlios fhionn an Aodha-sa
    mo dhínchrios taobha-sa, mo lionn lúdha- sa,
    is gan ar dtriall a hamharc an aoilleasa
    radharc gach aoibhneasa san fhiadh Úna-sa.
  13. Budh mór saorchlann dom fhios do b'inríoghtha
    is fraochlann rinnlíomhtha ar slios na sean-bhóchna;
    budh iomdha béinne úr airmniamhtha
    is glainbhriathra cléire san dún dealbhórtha.
  14. Budh iomdha le moltaibh fáidh fan bhfionnorlár,
    's gáir bionnorghán le hochtaibh imeilmhéar,
    's ceo doilbhthe ar gach leath fan loinnearmhúr
    ó chroibmearlúdh bhoirrthe each n- ingeinghéar.
  15. Budh iomdha ag triall don ealtain éigseighil
    éigsfhilidh dá riar ón ghreantaigh ghéagsdaraigh;
    badh iomdha rithlearg áith le hógsgolaibh
    go ráith bhfódsgoraigh na n-ilcheard n- éagsamhail.
  16. Badh iomdha sompla úr ar óireangaibh,
    is lúdh ag sróillearraibh corcra ós chaoilrean-naibh,
    gáir ag seilg, bionngháir ag buabhallaibh
    fan leirg mbuabhallaigh lionnbháin laoidheangaigh.
  17. Do-ghéabh róm gan fholta gan imreasain
    an slógh re finnleasaibh corcra an chuirmlissin;
    do badh díol teineadh don uallchath Eamhna-sain
    dealbhlasair buadhchlach bleidheadh na bruighneisin.
  18. Do-ghéabh Aodh romham 'n-a ríoghshuidhe,
    síodhuidhe saor nach bloghann a bhéalluighe,
    's a ógbhadh thréan ar ar thinne caomhfhile
    's ar bhfréamh chraobhei-ne ime go héanduine.
  19.  p.217
  20. Dá roicheam don bhrugh fhionnfhuar oireaghdha
    budh diombuan ar ndoimheanma ar ndul san deaghadhbha;
    do-ghéabh san phurt mo ghaol geineamhna
    is Aodh seinEamhna go n-a lucht leanamhna,
    lámh ler sgaoileadh teagar gach tighearna,
    dreagan nach infheadhma re haoinfhear n-ealadhna.
  21. Fuath na dreime ó raonchlár ríoBhóinne,
    baothghrádh fíoróighe seinge síodhshaoire,
    fa nochtaid fialmhná a meanma mímhéine,
    grianlá rífhéine meardha míonDaoile.
  22. Beithir Eamhna dar fuilngeadh fíorfhoghal,
    ríoghobhal Teamhra na mbuidhneadh mbéinneimhear,
    seabhac d'ealtain na gcuradh gcaolfhoghadh,
    saoraghadh deargthair gan omhan éinfhileadh.
  23. Mo chéile rúin, caomhthach gach chomhuidhigh,
    ón saothrach ar sgoluidhibh múir Muireadhaigh,
    fear síorchuir óir ar ar n-ealadhain
    tar deaghfhalaibh an tslóigh fhíochmhair fhuineadhaigh.
  24. Mo chean fionnbharr na bhfeadh ndruidfheactha
    dá dtiobhram cuideachta re feadh bhfaideachtra,
    's an learg neamhchruinn fhionnghlan fhadochta
    mo chearchuill chodalta, ionnladh mh'aigeanta.
    A-tám.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): A-tám i gcás eidir dhá chomhairle

Author: Eochaidh Ó hEoghusa

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1532 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Date: 2016

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402093

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 2, 149 (alias 23 F 16: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1), Ó Gara MS, 1655–59.
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 502, 30 (alias 23 D 3: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 12).
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 744, 34 (alias A v 2: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 18).
  4. Dublin, Royal Irish Academy, MS 540, 135 (alias C iv 1: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 13).
  5. Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, c. 1631, 336.
  6. Edinburgh, National Library of Scotland 72 1 44 (alias Advocates Library, 44, 9: see Mackechnie, Catalogue of Gaelic Manuscripts in Selected Libraries of Great Britain and Ireland (Boston MA 1973)).

Literature

  • Pádraig Ó Macháin (ed), The Book of the O'Conor Don (Dublin: DIAS 2010).

The edition used in the digital edition

‘A-tám i gcás eidir dhá chomhairle’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 215–217.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402093,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {A-tám i gcás eidir dhá chomhairle},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {215–217}
}

 G402093.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Eochaidh Ó hEoghusa, an Irish bardic poet (1567–1617) c.1590–1600

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic poetry; praise of patron; poet-patron relationship; education of poets; house furnishings; Eochaidh Ó hEoghusa; 16c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-06-30: Queries resolved using information from the Irish Bardic Poetry Database. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-10: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:08:19+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1997-05-23: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402093.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top