CELT document G402096

Bean dá chumhadh críoch Ealla

Fear Feasa Ó'n Cháinte

Whole text

    Bean dá chumhadh críoch Ealla

     p.223

    FEAR FEASA ÓN CHÁINTE

  1. Bean dá chumhadh críoch Ealla;
    a-tá—ní taom soineanda—-
    neoil éachta impe re headh,
    linnte téachta 'n-a timcheal.
  2. Síona corracha ceatha,
    saighnéin lonna loisgeacha,
    tuile chumhadh ós a ceann
    nach duibhe dubhadh díleann.
  3.  p.224A-tá re hathaidh d'aimsir
    'n-a tír dhorcha dhoghailsigh
    nar bhean a déarchuladh dhi;
    ní bean éanchumhadh i-se.
  4. I gcrích Ealla na n-eas nglan
    iomdha comhartha cumhadh
    táraidh dá tochrádh re treall
    gur sháraigh ochlán Éireann.
  5. A haibhne i dteirce torchar;
    ní trom féar a fanntolchadh;
    iúl fraochmhar a slighthe sain;
    sirthe faolchon 'n-a fiodhbhaidh.
  6. A-tá—ní cumha chuimse—
    dá adhbhar 'gá hathtuirse;
    gibh bé dhíobh as dimbhríogh dhi
    do líon sé d'imshníomh i-se.
  7. I nEallaibh d'éis a leonta
    aimrid gach craobh cheineolta,
    luath ar an gcioth mheasdar mall,
    ní easgar ioth 'n-a ionam.
  8. Do cailleadh le crích Ealla
    —tug dorcha a dreach shoineanda—
    tuir iorghuile achaidh Fhinn,
    nathair ionghuire a himill.
  9. Do cailleadh fós—fada a ghomh—
    a mionn adhartha, a hollamh,
    caitheamh aimsire a sluagh sain;
    truagh an ainnsile d'Eallaibh.
  10. Domhnall Caoimh creach brughadh,
    Dálaigh díoth ollamhan,
    a mbeith mar táid 'n-a dtaisibh
    dá chreich an fháid Eallai-sin.
  11. Dá leonadh a fhlaith ngoile,
    dá bhuaidhreadh a mbanchoire,
    dá chúis daghra leasChláir Luirc
    dá dhamhna an easráin d'adhuint.
  12. Mór as easbhaidh d'iath Ealla,
    mór as díoth d'fhuil Oilealla,
    dá phudhair luighe gach lis
    don Mhumhain uile is éisleis.
  13.  p.225Díoth dá marcraidh mac Chaoimh;
    díoth dá n-ollamhnaibh d'aontaoibh
    —ní léir sreath adhmholaidh as—
    creach dá n-adhbhoraibh Aonghus.
  14. A-táid mar a-tá an Mhumha
    fa ndíth-sin ag déardhubha
    beithre fhoraire Fhóid Bhreagh,
    sgolaidhe na gcóig gcúigeadh.
  15. Gér mhór ag sgaoileadh don sgoil
    a n-orchra i ndiaidh Í Dhálaigh,
    níor lugha ag deaghail don droing
    a gcumha i ndeaghaidh Domhnaill.
  16. Ní bhíodh sgolaidhe don sgail
    dá mbíodh i mbaile Í Dhálaigh
    gan chomaoin éigin ón fhior
    d'fhorraoin nar bh'éidir d'áiriomh.
  17. Chuige do ghabhdaois trá ag teacht,
    do bhídís aige ag imtheacht
    go hionbhuidh sgaoilte don sgail,
    faoilte ionmhuin re a n-aghaidh.
  18. Oide sgagtha na sgoile
    's a gcompánach comhnoidhe
    re linn sídh nó i gcailg chagaidh
    mairg an tír re a dtéarnadair.
  19. Díoth don mholadh, olc don aoir,
    bás Aonghusa mheic Amhlaoibh;
    saoth don ghaisgeadh líomhtha lonn
    an baisgeadh díochra Domhnall.
  20. Mac Í Chaoimh ceardcha goile
    díobhadh uaisle a fhaonloighe,
    áladh doiligh dá gach dháimh,
    bádhadh oinigh is easráin.
  21. Níor mhian leis an lá do mhair
    gan chuaird ollaimh 'n-a fhochair;
    an fáidh ó bhfuair gach oideacht
    cáir do-chuaidh 'n-a chomhoideacht.
  22. Domhnall mhac Airt 's a ollamh
    dóibh is aoibhne—adamar—
    béine nar an ar-oile;
    gar dá chéile a gcomhnoidhe.
  23.  p.226A-táthar leo—leor do shníomh—
    ar gach thaobh d'fheart na n-airdríogh;
    tarthaidh sinne ar ndíobhdhúdh dhe
    i ríoghmhúr Cille Créidhe.
  24. Sáith Í Dhálaigh do dhamhna
    i nDomhnall dreach nathardha;
    sáith an donnaghaidh shing shéimh
    dar linn d'ollamhain ainn-séin.
  25. Suaimhneach dá gach dhuine dhíobh
    gan marthain d'fhulang fairbríogh
    i ndiaidh an chomthaigh ro chleacht;
    liaigh dá n-orchraibh a n-imtheacht.
  26. Ionnshamhail Domhnall dreach bhras
    ní dóigh go bhfuigheadh Aonghus;
    fa chrích ndaithghil mbraonghlais mBreagh
    aithghin Aonghais ní fhuigheadh.
  27. Bíoth gur mhaith le mac Í Chaoimh
    bheith is ollamh d'éantaoibh
    meisde é dul d'Ú Dhálaigh
    sé ag cur ar a chompánaibh.
  28. Do b'easbhaidh duas d'Ú Dhálaigh
    díoth céile agus compánaigh
    bás an fhialruire shéimh shing
    tar féin Fhiadhmhuighe Fhéilim.
  29. Is toirmeasg sgéal do sgaoileadh
    díoth dréacht agus duanlaoidheadh
    fa Chlár nOiligh dtonnmhall dtais
    do Dhomhnall oighidh Aonghais.
  30. Mór gcompánach croidhe Dhé
    do-chuaidh ag iarraidh éigse
    —ró doghruinne nar líoth lais—
    do dhíoth fhoghluime Aonghais.
  31. Gréas marbhnaidhe meic mheic Airt
    dámadh beo an t-oide orrdhairc
    do snoighfidhe 'n-a ghréas ghlan
    gréas badh sgoithghile sgiamhadh.
  32. Níor ghuais dí 'n-a dheaghaidh sain
    toibhéim oide ná adhbhair;
    níor bheag d'fheitheamh, a Dhé, dhi
    gomadh breitheamh é uirre.
  33.  p.227Do bhí—níor bheag do thuigse,
    níor ghuth dhóibh é an ionbhuidh- se—
    geall gach oide 'ga ucht shlim
    a hucht a oige n-inghill.
  34. Do nós Í Dhálaigh sa dán
    do bhí Domhnall díon forrán
    re súr feadh, re feitheamh cruidh,
    'n-a bhreitheamh cean is coguidh.
  35. 'N-a láimh leadartha biodhbhadh,
    'n-a ghríbh chuirthe caithiorghal,
    'n-a dhóigh oinigh, 'n-a eo ghlan,
    'n-a dhoighir bheo gan bháthadh.
  36. Mac Í Chaoimh, cuingidh Ealla,
    troigh luaimneach lá doineannda,
    bas dána dhíobhraigthe sleagh,
    brágha míonmhaicne Míleadh.
  37. Ursa troda, túr deabhtha,
    fuigheall iarainn aithleaghtha,
    lámh éachtach áladh docrach
    bádhadh céadchath gcumhacthach.
  38. Mac Eilionóir, abhra slim,
    ní hé a inmhe acht a inntinn
    thug ainm d'iomarcaidh gach fhir
    don bhaidhbh iongantaigh éigsigh.
  39. Rogha foghluma fríoth lais,
    cur feadhma, foghal ionnmhais,
    cosg díbheirge cháigh dá chrích,
    rímheirge áigh is eissíth.
  40. Geall gach oide taoibh re taoibh
    mar fhuair Aonghus mhac Amhlaoibh
    geall gach ríodhamhna rug sin
    ar fud fhíonadhbha Éibhir.
  41. Ó Dálaigh an dréachta ghloin,
    mac ochta chloinne Carthaigh,
    dalta an chróchshlóigh mhálla mhir,
    órthóir an dána dhírigh.
  42. Bádhadh tnútha, tobar fis,
    cosg dubha, dúsgadh áinis,
    léaghadh meall nglanrolla ngeal,
    ceann foghloma na bhfileadh.
  43.  p.228Ursa breithnighthe gréas ngill,
    sgolaidhe d'ollamh inghill,
    altra cháigh i n-ar gceird-ne,
    fáidh glanta na Gaoidheilge.
  44. Dursan, a Dhé, a ndeaghail ruinn
    mh'oide, mo chéile cumuinn;
    san gcruth i rabhadar rum
    uch nar anadar agam!
  45. Géarsam uaibhreach orra sain
    mo lucht comtha, mo chomthaigh,
    teidhm as tinne do threaghd mé
    a bhfearg rinne ní raibhe.
    Bean.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Bean dá chumhadh críoch Ealla

Author: Fear Feasa Ó'n Cháinte

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1911 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2016

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402096

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 2, 202 (alias 23 F 16: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 3, 30 (alias 23 L 17: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 257, 53 (alias 23 G 24: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 6).
  4. Dublin, Royal Irish Academy, MS 490, 178 (alias 23 N 15: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 11).
  5. Maynooth, Russell Library, MS M56, written by M. mac P. Ó Longáin, 18th century.
  6. Maynooth, Russell Library, MS B3b, written in the late 18th century.

English translation

  • L. Mc Kenna, 'Elegy', in: Irish Monthly 48 (no. 560, February 1920), 107–112.

The edition used in the digital edition

‘Bean dá chumhadh críoch Ealla’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 223–228.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402096,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Bean dá chumhadh críoch Ealla},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {223–228}
}

 G402096.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Fear Feasa Ón Cháinte, an Irish bardic poet c.1600–1625

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic poetry; elegy; praise of patron; poet-patron relationship; education of poets; Fear Feasa Ón Cháinte; Domhnall Ó Caoimh; Aonghus Ó Dálaigh; 17c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-06-30: Queries resolved using information from the Irish Bardic Poetry Database. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-10: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:08:29+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1997-05-23: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402096.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top