Eochaidh Ó hEoghusa
Whole text
- Bíodh aire ag Ultaibh ar Aodh—
díochoisg meanma na macaomh;
eagal go bhfuighthear ar faill
dreagan cruithgheal Ó gConaill. - Éagcóir do léigfidhe libh,
a shlógh iomthnúthach Oiligh,
dé do ghabháil 'n-a ghoire;
níor bh'fhaláir é d'ionghoire. - A Ultaigh féin féachtar libh
nar bh'fholáir d'Aodh Mhág Uidhir
fear amhairc fionnMhuighe Fáil
malairt ionghuire d'fhagháil. - Do-ní-sean Ultaigh d'fhaire;
comaoin dóibh é d'ionghuire;
ógbhaidh chathardha Chláir Breagh
ratharbha dháibh a dhídean. - Ó Éirne go Binn mBoirche
caomhnaidh Aodh re haonoidhche,
's ó Bhóinn úir bhionnfhoclaigh bhrais
go fionnochtaibh brúigh Bhearnais. - Coimhéadaidh Aodh amhlaidh sain
Dún Sobhairche, slios Murbhaigh,
goirmthealach fa ngealann grian
fearann oirthearach Oirghiall. - Ní fhuil leaba mhíl mhuighe
i ndroibhéal dá dhiamhruighe
fan taobh thuaidh ó Aodh Uladh
ná taobh cuain gan chuartughadh. - Ní choideoladh ciabh na sreath
bíodh go luighfeadh Ó Luighdheach
d'eagla faghla fear nUladh
feadh an fhabhra d'osguladh. - Ní bhí aonlá 's ní hé a-
mháin
gan imshníomh éigin d'fhagháil
bos fhionnchorr nach dáigh Danair
i dtiomchall chláir Chonchabhair. - p.237A lucht eolais fhuinn Uladh,
a chliar, a aos ealadhan,
tabhraidh mór n-impidhe air
fa shlógh bhfinntighe bhFiachaidh. - Ná léigidh d'Aodh Mhág Uidhir,
neamhghrádh fleadh, fuath fíonchuiridh
ar ól sreabh bhfíorthobar bhfionn
re síorchogadh fhear nÉireann. - Súr deabhtha, diúltadh cána,
grádh foghla, fuath síothchána,
ursa sluaigh bhoinnleasgaigh Bhreagh,
toirmeasgaidh uaidh an t-aigneadh. - Beag leis iomdha 'n-a aghaidh
nó bheith d'fhéin ar aonaraidh
d'éis a dtug d'anachain air
ar fhud gcladhachaidh Chobhthaigh. - Gan riar sgol, gan duais do dháil,
gun ghleo, gun troid, gun teagmháil
a-tá sluagh Éireann uile,
(a) sduadh mhéirsheang Mhucruimhe. - Do léigsead díobh déanamh cean;
tairseach cogaidh chlann Míleadh
do sguir críoch Éibhir d'oineach;
bíoth go céillidh comhnuidheach. - Ní hinbheithte dá ghruaidh ghloin
'n-a aon i n-aghaidh phobuil
laoch na ngreagh síodhbhuainmhear seang
ag síorbhuaidhreadh fhear nÉireann. - Do rinneadh do rádh gach fhir
d'Éirinn is d'Aodh Mhág Uidhir
slat gan ainimh acht óige,
"glac i n-aighidh ordóige." - Do-ghéanaid amadán d'Aodh
mar nach beid is é ar aonraon
críoch eighreadhta na sreabh seang
re neimhghlioca fhear nÉireann. - Dá gcluineadh onchú Uladh
toisg an tríochad Feallsamhan
fear dar chóir fionnmhagh na bhFionn
dóigh nach diongnadh a ndéineann. - p.238Tríocha feallsamh fada ó shoin
thall-ód i dtosaigh dhomhain
do shir diamhair néal nimhe
ar séan d'iarraidh fáisdine. - Do-chíthear dhóibh dá dhruim soin
éinchioth uaithmhéalta d'fhearthain
—ceadh acht tuile gan tarbha?—
feadh na cruinne ceathardha. - Tarfás dóibh—diamhair an fios—
a mbeith gan chéill gan chuibhdhios
re hucht an cheatha do chur
lucht an bheatha dá mbeanfadh. - Tiaghaid an tríocha feallsamh
i ndóigh cáigh dá gcreideamh-san
re sgéalaibh dá chur i gcéill
ar sgur d'fhéaghain an ai-éir. - Do hinniseadh leo an lá-sain
a mhéad d'ulc is d'uathbhásaibh
—damhna caoi don uile fhear—
do bhaoi don chruinne i gcinneadh. - A-dubhairt an drong chéadna
"fearfaidhear frais uaithmhéalda
fan mbioth do choimhfhliochadh cháigh
do chioth foirleathan anbháil. - "Bíodh agaibh-se" ar na hughdair
"tuir dhíoghuinne dheaghcumhdaigh
'n-a srothaibh corra ar n-a gcar
do chlochaibh troma an talmhan." - Do ráidhsead d'aitheasg éinfhir:
"ní bhia acht óinmhid éigcéillidh
i nduine ar bioth dá mbeanfa
an cioth buile buaidheartha. - "A shluagh an domhain, déanaidh
uamha doimhne i ndroibhéalaibh"
ar lucht eagna an bheatha bhí
"ar eagla an cheatha ad-chluintí." - Ní chreideadh duine ar domhan
fáisdine na bhfeallsamhan;
dream dhreachbhoiggeal dar chóir cion
neamhchroideamh dhóibh níor dligheadh. - p.239Mar nar chreid cách a gcomhrádh
rug an bhuidhean bhriatharnár
céim luath dá bhfírdhídean féin
fa bhruach ndínlíggeal ndroibhéil. - Níor bh'fhada dhóibh 'n-a dheaghaidh
an cioth gáibhtheach gráineamhail;
ní mór do-chóidh seacha sin
slóigh an bheatha do bhuaidhir. - Tar éis an cheatha do chur
táinig an tríocha feallsamh
a huaimh dhorcha na gclach gcuir
a-mach ar dhromchla an domhain. - Do bh'é iomthús fear ndomhain
fuaradar na feallsamhain
níor thuig duine iad idir
's iad uile n-a óinmhidibh. - Gidh eadh do chuir cách i gcéill
don bhuidhin ughdar ainn-séin
dream dhreichmhíolla na ngníomh nglan
neimhchríonna dhíobh go ndearnadh. - Do b'é riu rádh gach éinfhir
a mbeith óinmhideach éigcéillidh;
níor fhéad ceannsughadh na gcath
an tréad feallsamhan bhfáthach. - "Déanaim-ne aimhghlic amhail
sinn féin" ar na feallsamhain
"beag díol na cruinne dar gcéill;
ná bíom 's an uile acht d'éinmhéin." - Dá ndéanamh féin mar gach bhfear
do b'é a gcríoch dul fa dheireadh,
tuigse an bheatha mar do bhuaidh,
fa uisge an cheatha i gcéaduair. - Éirgheadh fa uisge an cheatha
leomhan Locha seinBheatha;
bíodh re gcéimeannaibh a chor,
bíodh is Éireannaigh d'éantol. - Go bhfagha aoinneach éigin
chuirfeas leis dá leithéidibh
bláth na ríogh ó ráth Doire
bíodh mar chách 'n-a chomhnuidhe. - p.240Bheith mar chách ní hiongnadh d'Aodh;
féachadh uime ar gach aontaobh;
fa chríoch dtaoibhghil gcnuaistigh gCuinn
ní gluaistir aoinshleigh d'ealchuing. - Gan fiú na sleagh i láimh laoich,
gan cheinnbheirt um cheann óglaoich
—ní ham fhoghla fa iath mBreagh—
gan sgiath re formna bhféinneadh. - Failligheadh an lámh fan loinn,
ná bíodh an t-each san orsoinn,
ná feilm óir na gcraobh gcorcra
um Aodh ar chóir gcodalta. - Caitheadh fhleadh gan lucht feithmhe
—ní tráth dhó bheith buaid- heirthe
fa chlár bhfoirbhthe mbogglan mBreagh—
codladh oidhche gan éideadh. - Gan choirm, gan leabaidh, gan fhleidh
ná bíodh Aodh Mág Uidhir,
slat bhoisleabhar ón mBóinn mir,
dá thoirseaghadh d'fhóir Oiligh. - Ní bhiú dhó, gé deirim sin,
dá bhféadadh d'áis nó d'éigin
naithir na gcéimeann gconfaidh
maithimh Éireann d'Allmhurchaibh. - Rinn bhaoghlach go mbriocht neimhe,
dreagan uathmhar aingidhe,
gríobh dhroibhéil d'fheithimh Uladh,
beithir oiléin d'fhásughadh. - Leomhan coimhéadach cogthach,
onchú doiligh díoghaltach,
draig lonn gach áite d'fhaghail,
tonn bháidhte dá bhiodhbhadhaibh. - Caomhna Mumhan na múr ngeal,
sgiath chumhdaigh cóigidh Laighean,
—cia an duine (do) diongbhuidhe dhe?—
ionghuire mhuighe Meidhbhe.
Bíodh.
Bíodh aire ag Ultaibh ar Aodh
p.236EOCHAIDH Ó hEOGHUSA cct.
Document details
The TEI Header
File description
Title statement
Title (uniform): Bíodh aire ag Ultaibh ar Aodh
Author: Eochaidh Ó hEoghusa
Responsibility statement
Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry
Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.
Edition statement
2. Second draft.
Extent: 1920 words
Publication statement
Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt
Date: 1997
Date: 2008
Date: 2016
Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.
CELT document ID: G402098
Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.
Source description
Manuscript source
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 3, 94 (alias 23 L 17: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
- Copenhagen, Royal Library, MS 268, 39b.
Literature and English Translation
- L. C. Stern, Eine Sammlung irischer Gedichte in Kopenhagen, Zeitschrift für Celtische Philologie 2 (1899) 360–361.
- L. Mc Kenna, 'Poem to Aodh Mág Uidhir', in: Irish Monthly 48 (no. 569, November 1920), 593–598.
The edition used in the digital edition
‘Bíodh aire ag Ultaibh ar Aodh’ (1938). In: Dioghluim Dána. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 236–240.
You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:
@incollection{G402098, editor = {Láimhbheartach Mac Cionnaith}, title = {Bíodh aire ag Ultaibh ar Aodh}, booktitle = {Dioghluim Dána}, editor = {Láimhbheartach Mac Cionnaith}, address = {Dublin}, publisher = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]}, date = {1938}, pages = {236–240} }
Encoding description
Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling declarations
All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.
Editorial declarations
Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.
Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.
Quotation: Quotation marks are temporarily retained.
Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.
Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.
Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.
Reference declaration
The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head element within each text.
div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).
The numbered quatrains provide a canonical reference.
Profile description
Creation: By Eochaidh Ó hEoghusa, an Irish bardic poet c.1590–1600
Language usage
- The text is in Classical Modern Irish. (ga)
Keywords: bardic poetry; description of patron; life of warriors; war with foreigners; Eochaidh Ó hEoghusa; 16c
Revision description
(Most recent first)
- 2016-06-30: Queries resolved using information from the Irish Bardic Poetry Database. (ed. Beatrix Färber)
- 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
- 2008-10-10: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
- 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
- 2005-08-04T16:08:38+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
- 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
- 1997-05-23: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
- 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))