CELT document G402100

Dá bhrághaid uaim i nInis

Tadhg Óg Ó hUiginn

Whole text

    Dá bhrághaid uaim i nInis

     p.243

    TADHG ÓG Ó hUIGINN cct.

  1. Dá bhrághaid uaim i nInis
    triall cugtha is cuaird neimhmilis;
    adhbhar sgís a sgaradh rinn
    anadh ón dís ní dhlighfinn.
  2. Dá bhrághaid—buan an phudhar—
    nach fuighthear re bhfuasguladh
    —do bhá uair is do b'ionmhuin—
    a-tá uaim i n-éiniomdhaidh.
  3.  p.244
  4. Dias brághad—ní beithte ris—
    do-chuadar uaim go hInis;
    mé gan sheise ó shain a-nall
    do sgair mei-se dá marann.
  5. Is é ar leas gan í d'fhaicsin
    Inis d'éis na mbrághaid-sin;
    mar shaltraim ar úr Innse
    achmhaing mo shúl shilim-se.
  6. Truagh mo chomhrádh ós a gceann
    ag ceileabhradh don chuibhreann;
    do-bhir mo chridhei-se i gceas
    sibh san Inis-se i n-uaigneas.
  7. A-tá i nInis—uch do bhroid!—
    Tadhg Ó Briain i n-a bhrághoid,
    a-tá Gráinne—doilghe dhamh—
    bráighe nach foighbhe a fuasgladh.
  8. Gé a-tú beo ní fhuilim ann
    Ua Mathghamhna ó nach marann;
    mo sheise mná ó nach mair
    a-tá mei-se gan mharthain.
  9. A-tá gach éigeas oile
    ar fhud Innse Laoghaire
    mar tám i ndiaidh na deise;
    lán do chiaigh an cridhei-se.
  10. Mo dhoimheanma 'n-a ndeaghaidh
    ní hurusa a hoileamhain;
    sul do bhí acht éantoirrse ann
    ní fhéadfoinn-se hí d'fhulang.
  11. A-tá doigh éigneach oile
    im thaoibh chlé 'n-a comhnoidhe,
    doigh ag iomghoin ar mh'árainn
    im iomdhaidh nach iompághainn.
  12. Ríoghan do fhréimh na gColladh
    is í ar tús do thoghamar;
    truagh dhamh-sa i ndiaidh a togha
    mh'annsa d'Ú Bhriain Bhóromha.
  13. Ní liom nach cian bhus cumhain;
    tángadar a TuadhMhumhain
    sgéala do-chuaidh fam chridhe;
    déara uaim 'n-a n-ainnsile.
  14.  p.245
  15. Gion go ndeachadh—dia do chor—
    inghean ríogh Rátha Cruachon
    Ó Briain do budh bráighe ghill
    gáire 'n-a dhiaidh ní dhlighfinn.
  16. An chríoch-sa Mhumhan Mheic Con
    méad a hanshóigh ní hiongnadh
    's a mbuain dí i ndiaidh a chéile
    rí Ó mBriain 's a bhainchéile.
  17. Bheith dod lot ar do lár féin
    idir fhiodhbhaidh is eichréidh,
    a Mhumha-sa, ó nach maraid
    urusa dot eascaraid.
  18. Ní raibhe i ndán dá deirc mhoill
    inghean mhiochair Mhaoil Sheachloinn
    teacht tar ais—is crádh cridhe—
    ó Dhál Chais dá céilidhe.
  19. Is amhlaidh budh áil linne
    ó chaladh Chuain Duibhlinne
    sí nó a taise do thoigheacht
    gér mhaise dhí a deoroidheacht.
  20. Ní guth d'ealaidh Átha Truim
    gan a hadhlacadh aguinn;
    mac Sláine 's sé nar cheaduigh
    gan Ghráinne 's é i n-éinleabaidh.
  21. Mh'uabhar a hucht na deise
    chuireas inn i n-éidtreise;
    as mo threise thángas riom
    rángas mei-se ó nach maireann.
  22. Gé do thréigeas iad uile
    ar choinnil Chláir Mhaonmhuighe
    níor thoill an chlann-sa Cholla
    gan roinn mh'annsa eatorra.
  23. Ag síol Cheallaigh 'gar chleacht mé
    ní anabh ar éis Ghráinne;
    mo chuid ronna dhíobh ar ndol
    ó shíol Cholla do-chuamar.
  24. Ionmhuin teagh a-tá folamh
    rer dheacair mo dhealoghadh;
    neach don dís nochan fhoil ann
    don toigh a-rís ní racham.
  25.  p.246
  26. Ag ól buabhall is bleidhe,
    ag ceannach ar gceirdei-ne
    do bhádar lá san tigh thall
    fir agus mná nach marann.
  27. Béim budh iomnár dá n-aighthibh
    ní fríoth 'gun aos anaithnidh
    mo lucht comtha an gcéin do mhair
    gan bhéim ortha 'ga n-eolchaibh.
  28. An dias fa dtá mo thoirse
    —is í breath do-bhéaroinn-se—
    rem ré ní fhaca a aithghin,
    gidh bé aca fhiarfaighthir.
  29. Ar éis Thaidhg mar thángas ruinn
    crodh ná ionnmhus ní iarruim;
    crodh do-bheirim ar ndol dí;
    crodh do-gheibhinn ó Ghráinne.
  30. Gotha ísle 's éigean dóibh
    a mbíodh aice fa onóir;
    a charaid ó theasda Tadhg
    ní lamhaid feasda acht fodhard.
  31. Ar n-éag inghine hÍ Cheallaigh
    is Taidhg fa dtáid Éireannaigh
    —ní háil bas do bhuain umha—
    do-chuaidh as an ealudha.
    Dá.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Dá bhrághaid uaim i nInis

Author: Tadhg Óg Ó hUiginn

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1478 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Date: 2016

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402100

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. Dublin, Trinity College Library, 1318, 185 (alias H. 2. 16 alias Yellow Book of Lecan; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921)).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 3, 24 (alias 23 L 17: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 7, 33 (alias 24 L 13: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  4. Dublin, Royal Irish Academy, MS 943, 29 (alias 24 C 21: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 22).
  5. Dublin, Royal Irish Academy, MS 257, 443 (alias 23 G 24: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 6).

English Translation

  • Lambert McKenna (ed), Aithdioghluim Dana: an anthology of Irish bardic poetry, Irish Texts Society, 2 vols (London 1939–1940), no. 14.

The edition used in the digital edition

‘Dá bhrághaid uaim i nInis’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 243–246.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402100,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Dá bhrághaid uaim i nInis},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {243–246}
}

 G402100.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Tadhg Óg Ó hUiginn, an Irish bardic poet c.1440–1460

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic poetry; elegy; death of patron; Tadhg Óg Ó hUiginn; 15c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-06-30: Queries resolved using information from the Irish Bardic Poetry Database. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-10: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-10: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:08:46+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1997-05-27: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402100.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top