CELT document G402102

Dealg athálaidh othras Taidhg

Eochaidh Ó hEoghusa

Whole text

    Dealg athálaidh othras Taidhg

     p.249

    EOCHAIDH Ó hEÓGHUSA cct.

  1. Dealg athálaidh othras Taidhg;
    dar n-antráthaibh tochta an tuilg;
    créacht oile ar fheolfhoghail ndeilg
    loighe an deirg bheoghonaigh bhuirb.
  2. Ar n-eagla tar éis gach chráidh
    an té ro budh teasgadh dhúin;
    is sádhadh deilg deoidh i ndeoidh
    i n-áladh bheoil dheirg nar dhúin.
  3. Rugadh uain-ne—anba an choill—
    na huaisle fa hannsa linn;
    fuighleach áir chathshlóigh Ó gCuinn
    do bháidh i dtuinn athbhróin inn.
  4. An Aodhchlann rer dheacar dréim
    do heasgradh go haonchrann siuil;
    damhraidh as daithe do-chuaidh
    saithe sluaigh bharrghlain Ó mBriúin.
  5. Gan iarsma leanfas a lorg
    ar ealbha na ngliadhchath ngarg
    ní tearc m'aithghin trá ro threaghd
    dealg san aithchneidh mar tá Tadhg.
  6.  p.250
  7. Táinig d'othras eidhre Briain
    gan dochar eile ar ar n-úidh
    —ar dtreabhlaid fa súgradh sáimh—
    dúbladh cráidh gur dhearlaig dhúinn.
  8. Níor theinn go heasgar an fhir;
    níor theidhm achd teasgadh mar sein,
    beag más tinne an tí ar a bhfuil;
    níor doigh linn-ne ní achd a neimh.
  9. Ní rángas deacar go a dháil,
    go a theasgadh ní tángas fúinn;
    do b'í an chreach-sain críoch ar leoin;
    easbhaidh 'n-a dheoidh ní díoth dhúinn.
  10. Beo ar n-aignidh, éanlaogh ar léis,
    ar ngéagcraobh go n-aibche fháis,
    snáithe ar saoghail, seadh ar gcruais,
    ar nguais, ar gcneadh bhaoghail bháis.
  11. Ar meadhar, ar macámh búidh,
    ar mbradán beathadh, ar mbrígh,
    ar n-aon d'fhine, iarsma ar n-áir,
    dile ar ngráidh, ar siansa sídh.
  12. Iomdha cruth i n-éagcruth uadh
    is céadfadh dá cur ar gcúl,
    títhe greanta ar mhíonbhun méar,
    dearca fréamh gcíordhubh dá gcrúdh.
  13. Ní tearc triathfhlaith gan chur gcrú
    is fiallach nach glac a ngó
    'n-a los-sain 'n-a loighe a-tá
    's croidhe mná 'n-a chosair chró.
  14. Ní cleachtar corma ná ceol,
    leantar don orchra mon-uar
    folcadh feadh gciabhchorach gclaon
    niamhthonach taobh ngeal na ngruadh.
  15. Iomdha ó leathbhruach Léime an Chon
    go hÉirne na ngealchuan ngeal
    beochroidhe ar n-a ghoin ón ghal
    goil ban is eolchuire fhear.
  16. Le dubhadh eagla mon-uar
    don chur-so ní leagar lámh;
    níor fheac sinn le sealadh fúnn
    ní bearar glún linn do lár.
  17.  p.251
  18. Ní dó uile is eagal linn
    a thuisle achd go dteasgfa sinn,
    buille ar mbuana, béim ar gcroinn;
    fa coill gan fhréimh uadha inn.
  19. Ní hé caointear achd cách féin;
    dá gach aoinneach do b'fháth bróin;
    do sheich sna croidhibh ro chráidh
    gráin gach neith badh doiligh dhóibh.
  20. Ní hiongnadh go gcaoinfeadh cách
    fraoichneimh na bhfionghal 's na bhfuath,
    fearg na síon, catha na gcríoch,
    fíoch na ríogh, tacha na dtuath.
  21. Gár mheisde don mhac-sain Briain
    a sgarad re a mbeirtibh bróin
    mar shompla cobhartha cháigh;
    nochttha dháibh comhartha cóir.
  22. Is iad caointear ceann i gceann
    gion go saoiltear gan iad ann,
    súgh talmhan, tromthoirthe coll,
    torchairthe tonn marbhghlan mall.
  23. 'N-a othraisbheirt faghthar faill,
    ná hadmhadh othairchneidh dtruim;
    sgiamh aithmhéile ní háil linn
    ar rinn áigh caithfhréimhe Ó gCuinn.
  24. Éirgheadh sunna ar chomhair cháigh
    i gcosmhaile a chrotha féin;
    sgaradh sé a dhíchealtair ndúir
    re a ghné mbúidh síthshearcaigh séimh.
  25. Ní hoircheas a bheith—ní bhia—
    mar sein san troimcheas i dtá;
    cuirthe do ghríbh ghroighigh Chua
    brígh nua sna croidhibh do chná.
  26. Gan dulann re dathadh colg,
    fulang gan amharc na n-ard,
    gan fhaghla, gan iomramh sealg—
    iongnadh an cheard tharla ar Thadhg.
  27. Ní sgíos comhnuidhe do chleacht,
    ní sníomh tromthuirse, ní tocht,
    oigheadh cnámhtha cruaidhe cniocht
    —gé thárta riocht nuaidhe a-nocht.
  28.  p.252
  29. Meince a aghadh ar fhál reann
    go dtrásd iná i dtathamh throm
    bas daithgheal le ndeargthair lann
    bann tre cheardchaibh caithshleagh gcorr.
  30. A chos chuinge catha Ó mBriuin,
    do luighe is tacha dar dtreoir,
    a chisde na gcianbhann lúidh
    nach brisde fúibh fiarbharr feoir.
  31. Táirtheabhar—gá truaighe treas—
    táithcheangal go nuaidhe a-nos;
    cúis tuirse mar táithe i nglas
    fa gnáithe i n-as cuisne an chos.
  32. Mac Máire ar n-annsacht—liach linn—
    Tadhgmhac Briain, ar mbráighe ghill,
    ar gclár tilte, ar dtuir gan bhuing,
    ar nguin buinn, ar dticne tinn.
  33. Ar ndá Aoidh-ne an Eanaigh bhí
    a n-imtheacht do mhearaigh mé;
    deacar meas m'inshníomha ar aoi
    rom chnaoi i gceas dimbhríogha a Dhé.
    Dealg.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Dealg athálaidh othras Taidhg

Author: Eochaidh Ó hEoghusa

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1505 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Date: 2016

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402102

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 3, 109 (alias 23 L 17: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1, 19).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 2, 4 (alias 23 F 16: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1, 6).
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 90, 144 (alias 24 P 12: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 3, 267).
  4. Dublin, Royal Irish Academy, MS 703, 110 (alias 23 H 8: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 17, 2134).

The edition used in the digital edition

‘Dealg athálaidh othras Taidhg’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 249–252.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402102,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Dealg athálaidh othras Taidhg},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {249–252}
}

 G402102.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Eochaidh Ó hEoghusa, an Irish bardic poet (1567–1617) c.1600–1617

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic poetry; eulogy; eulogy; praise of patron; sickness; grief over patron's death; Eochaidh Ó hEoghusa; 16c; 17c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-06-30: Queries resolved using information from the Irish Bardic Poetry Database. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-10: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-10: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:08:53+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1997-05-26: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402102.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top