CELT document G402104

Do bháidh teine Tír Chonuill

Fearghal Óg Mac an Bhaird

Whole text

    Do bháidh teine Tír Chonuill

     p.257

    FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.

  1. Do bháidh teine Tír Chonuill;
    táinig díoth don déathoruinn;
    gríos beo do bháidh ar dtreise
    do-cháidh tre bheo ar mbaitheise.
  2. Cia do shluagh Bearnais nar bháidh
    lasair innighthe anbháil?
    do loisg thall seanróimh ar sean;
    ar neamhghlóir ann do hoirneadh.
  3. Árus diadha Dhúin na nGall
    lá a dheargtha—doirbh an fulang—
    táinig thoruinn tuile bróin
    do robhuing uile ar n-onóir.
  4. Doire Choluim Chille cian ó shoin
    do loisg teine é amhlaidh;
    do bháidh grísneimh dá uair inn;
    suail nar ísligh ar n-uirrim.
  5. Rí Éireann—anba an t-eineach—
    do bhronn Aodhmhac Ainmhireach
    naomhDhoire na bhféarmhagh bhfionn
    d'éarlamh raonmhoighe Raoileann.
  6. Re mac Ainmhireach ann soin
    rug buidheachas a bhronnaidh
    Colum cráibhtheach craobh shéanta
    naomh na bhfáithbhreath bhfíréanta.
  7. An lá-sain féin—fíor an dáil—
    do éirigh—anba an diombáigh—
    lasair bhras teinntrighe te
    dar las deirgtheine Doire.
  8. Tre losgadh longphuirt Choluim
    do ghabh brón síol saorChonuill;
    brón a ionnshamhla re headh
    ar shlógh lionnadhbha Lighean.
  9. Doire d'éirghe an dara huair
    táinig d'fhuil Chonuill chrannruaidh
    d'árus séimh na sreabh leisggeal
    badh-éin is eadh innisdear.
  10.  p.258
  11. Córaide a uaim amhlaidh sin;
    an rath céadna ar chath leithbhir
    fo ríor ní raibhe dá n-éis
    a mbíodh i mbaile Bhroinséis.
  12. Róimh chrábhaidh catha Éirne
    cóir do Dhia í d'aithéirghe;
    nír bh'é tol a mbráthar mbocht
    báthadh do dhol san diadhacht.
  13. Dá ndíoghbháil táinig thoruinn
    uile i n-ar síol saorChonuill
    tonn bháidhte—is béad lem chridhe—
    tréad na háite hainglidhe.
  14. Móide as díoth a ndul seacha,
    fa crábhadh a gcéidbheatha
    —dóibh do b'aithbheatha a n-umhla—
    aithreacha na healadhna.
  15. Budh tréad gan bhuachaill crú Cuinn
    nó go gcruinnighid chuguinn
    tre annsa i gceann a chéile
    dream ler bh'annsa an aithmhéile.
  16. Gér bhocht nír bhocht a gcridhe
    ord na háite hainglidhe;
    ní bhíodh a lógh orra ar-ís
    gidh mór dtonna do thráighdís.
  17. Ní d'iarraidh chlú ar chathaibh Breagh
    do cheannchaidis fíon fuairmhear
    's ní do ghrádh comhóil cheana
    acht d'onóir an fhoirghneamha.
  18. Teach aoigheadh coitcheann do chách,
    moladh Íosa i ngach éantráth,
    fa gnáth aca ucht re hucht,
    slata dar bhláth an bhochtacht.
  19. Tréad báidh dar bheatha an bhochta
    fuair do dhruim a dhaonnachta
    glóir shaoghalta mar nar shir
    i róimh chaomhanta an chreidimh.
  20. San eaglais bhoicht nar bhocht céim
    go bhfaiceam ar-ís iaid-séin
    ar éinshlighidh sonn fa seach
    an drong chéimrighin chráibhtheach.
  21.  p.259
  22. Smuain mar tá Éire dá n-éis
    cuir tre sheirc, a Shan Phroinséis,
    ar Impire na n-aingeal
    impidhe nach éadaingean.
  23. An coimhthionól nar chleacht sgís
    togbháil an bhaile i mbídís
    sir ó chroidhe ar Cheard na ndúl
    danab goire a fhearg d'iompúdh.
  24. A Shan Phroinséis nar mhuidh mhóid,
    guidh fa leith thuas an Tríonóid;
    sul thuga sí éara ort
    fa thrí déana do dhúthrocht.
  25. Fa fhurtocht ar th'árus féin
    nocht ar a aghaidh iaid-séin
    a chóig chomhartha ar do churp
    róid nach doghabhtha ó dhúthrocht.
  26. Ar deis Dé go ndeachaidh sibh
    dot ísliughadh dar-íribh
    do shíor do chráidhis do chorp;
    ní gníomh áinis an umhlocht.
  27. Do thréig tu-sa do thír ghnáth
    agus innile is órshnáth
    is leabtha suain ar bheith bocht
    go breith buaidh ar an mbochtacht.
  28. Do thréigis fós—foirbhthe an ghlóir—
    beirt órdha ar éadach ndeargóir,
    is fíon ar an uisge fhuar;
    a bhríogh dhuid-se ní diombuan.
  29. Dar ndóigh ní dhiongna an Coimdhe
    th'oba ar aoi na connailbhe;
    do-rala Rí an bheatha bocht
    's do bh'í do bheatha an bhochtacht.
  30. Ná léig feasd ní as sia ná so
    ó tá th'impidhe ar Íosa
    san Bhanbha fa ealta éan
    leabtha falmha na bhfíréan.
  31. Córaide a chur 'n-a chruth féin
    dá snadhmthar ar-ís ei-séin
    teach suidhe na mbráthar mbocht;
    báthadh ní fhuighe a n-umhlocht.
  32.  p.260
  33. Go gcluine sinne sonna
    san mhainisdir mhíorbhalda
    faoidh bróin mar do bhí reimhe;
    fa róimh hí don aithrighe;
  34. Ag moladh Dé leath ar leath
    go gcluineam ceol a haithreach,
    is ceol abaigh a héan mbinn;
    ní cagail déar do dhlighfinn.
  35. Go bhfaiceam a hiobhra ar-ís
    fa bhláth mbuan mar do bhídís
    's a habhla feactha fanna;
    balbha a n-ealta eatorra.
  36. Do b'iongnadh Ultaigh dá héis
    treabh shuaitheanta Shan Phroinséis;
    gnáth éagnach ar ar gan fhál;
    do ghabh ar gcéadrath claochládh.
  37. Samhail dúinn iar n-a dol síos
    ceardcha gabhann gan ghuailghríos;
    beich gan mhil, teach gan tughaidh,
    nó each gan idh n-urchumhail.
  38. Guidh ar a son san tigh thuas,
    a Phroinséis fa cruaidh coguas,
    na guaisbheithre ó Ghurt Eine
    lucht uaislighthe th'aitreibhe.
  39. Conallaigh dá ngarmthaoi Glais
    fiallach uaislighthe th'árais,
    guidh go síordhuidhe ar a son,
    cuir th'fhíorghuidhe let fhocal.
  40. Guidh le laochraidh Fhóid Eine,
    guidh leam i n-am d'áiridhe,
    a chraobh dhíona an duille ghloin,
    a Mhuire mhíolla mhiochuir.
  41. A úir as airde ná neamh,
    a bhean rúin Ríogh na n-aingeal,
    a ghlór nachar ghnáthuigh coir,
    a mháthair, a ógh ionmhuin.
  42. A ghéag fhíthe as uaisle bpóir,
    lá na breithe ar Sléibh Si-óin
    ag toigheacht dún i gcionn cáigh
    nach liom do rún tre robháidh.
  43.  p.261
  44. A Easbal dan hainm Peadar,
    a dhoirseoir an Dúileamhan,
    uch gan sinn-ne id ghar do ghnáth;
    rinn-ne go rabh do robhádh.
    Do bháidh.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Do bháidh teine Tír Chonuill

Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof corrections by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft

Extent: 1717 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland— http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402104

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  • Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, 209.

Secondary Literature

  1. Pádraig Ó Macháin, Poems by Fearghal Óg Mac an Bhaird, Celtica 24 (2003) 252-263. [Survey article about Mac an Bhaird's oeuvre with further literature.]
  2. Lambert McKenna, 'On the ruins of Dún na nGall Monastery', Irish Monthly 49 (1921) 372-377.

The edition used in the digital edition

‘Do bháidh teine Tír Chonuill’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 257–261.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402104,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Do bháidh teine Tír Chonuill},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {257–261}
}

 G402104.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the poem. Pagebreaks are marked pb n="". Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Fearghal Óg Mac an Bhaird, an Irish bardic poet

Date: 1601 (see P. Ó Macháin)

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; lament; 16c; 17c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2010-11-10: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-10-13: Header updated; keywords added. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  4. 2005-08-04T16:09:02+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  5. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  6. 1997-05-26: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402104.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top